An Bhruiséil,24.9.2025

COM(2025) 513 final

2025/0289(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1755 a mhéid a bhaineann leis na méideanna a leithdháiltear ar na Ballstáit faoin gCúlchiste Coigeartaithe Brexit


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Mar chuid den phacáiste maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) reatha 2021-2027, bhunaigh reachtóir an Aontais Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (CCB) 1 le leithdháileadh EUR 5 bhilliún (i bpraghsanna 2018; EUR 5,5 billiún i bpraghsanna reatha). Is ionstraim shealadach spriocdhírithe é CCB, atá bunaithe ar Airteagal 175 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), arb é is aidhm di tacaíocht thapa a thabhairt do na Ballstáit chun cur i gcoinne na niarmhairtí díobhálacha eacnamaíocha, sóisialta, críochacha agus, i gcás inarb iomchuí, comhshaoil a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas sna Ballstáit, lena náirítear a réigiúin agus a bpobail áitiúla, agus earnálacha, go háirithe sna hearnálacha sin is mó a ndearna an tarraingt siar dochar dóibh, agus chun an tionchar diúltach gaolmhar ar an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a mhaolú. Is féidir tacaíocht ón gcúlchiste a úsáid le haghaidh bearta náisiúnta a rinneadh go sonrach idir mí Eanáir 2020 agus mí na Nollag 2023 agus a bhfuil nasc díreach acu le hiarmhairtí díobhálacha tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas. Tháinig an Rialachán maidir le CCB i bhfeidhm an 9 Deireadh Fómhair 2021.

Bunaíodh agus ceapadh CCB nuair a bhí éiginnteacht ann maidir le scála agus luas Brexit, agus maidir le tromchúis an tionchair a bhí aige ar na Ballstáit. I bhfianaise géarchéimeanna práinneacha eile, thug comhreachtóirí an Aontais an fhéidearthacht aistrithe ó CCB chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta 2 (STA) isteach i Rialachán REPowerEU 3 lena leasaítear inter alia Rialacháin STA agus CCB. I gcomhréir leis an leasú sin ar CCB, bhí na Ballstáit le fógra a thabhairt don Choimisiún faoin 1 Márta 2023 má bhí sé beartaithe acu cuid den leithdháileadh sealadach nó an leithdháileadh sealadach ar fad a aistriú ó CCB chuig caibidil REPowerEU dá bplean STA. Chuir an fhéidearthacht sin ar a gcumas do na Ballstáit na cistí a dhaingniú i bhfuinneog infheistíochta ghaolmhar STA.

Chuir 23 as 27 mBallstát iarraidh réasúnaithe isteach ar aistriú acmhainní ó CCB chuig a bplean STA, agus d’iarr 10 mBallstát aistriú iomlán a dhéanamh. EUR 2,1 billiún a bhí sa mhéid iomlán na n‑iarrataí ar aistriú, arb ionann é agus 38 % den imchlúdach airgeadais iomlán. EUR 3,4 billiún a bhí i leithdháileadh CCB a bhí fágtha, ar méid é a raibh sé beartaithe EUR 584 mhilliún de (i bpraghsanna reatha) a íoc in 2025 ar dhoiciméadacht a fháil lena bhfianaítear caiteachas incháilithe leordhóthanach.

An 20 Meitheamh 2023, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh athbhreithniú meántéarma ar CAI 4 arb é is aidhm don togra sin buiséad fadtéarmach an Aontais a threisiú chun athléimneacht agus ceannaireacht an Aontais a mhéadú sna tosaíochtaí agus sna riachtanais is práinní, go háirithe tacaíocht an Aontais don Úcráin a neartú.

An 29 Feabhra 2024, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 5 le toiliú ó Pharlaimint na hEorpa don athbhreithniú meántéarma ar CAI.

De réir Airteagal 1(5) den leasú sin ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, rinneadh laghdú EUR 584 264 090 ar na hacmhainní uasta a leithdháileadh go sealadach ar CCB dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/1755. Comhfhreagraíonn an méid sin do leithdháileadh CCB gan íoc tar éis an réamh-mhaoinithe a íocadh leis na Ballstáit agus na n‑aistrithe chuig REPowerEU arna gcinneadh ag na Ballstáit.

Dá bhrí sin, ba cheart acmhainní uasta an Chúlchiste Coigeartaithe Brexit dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/1755 a laghdú. Chun úsáid éifeachtach na n‑acmhainní a íocadh cheana leis na Ballstáit faoi CCB a áirithiú agus ionas nach gcuirfear cur chun feidhme STA sna Ballstáit i mbaol, níor cheart go ndéanfadh an laghdú difear do na hacmhainní a íocadh cheana leis na Ballstáit mar réamh-mhaoiniú agus do na hacmhainní a d’iarr na Ballstáit a aistriú chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

An bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 175 CFAE, arb é an bunús dlí ábhartha é d’fhorálacha sonracha na Rialachán atá le leasú laistigh de bheartas comhtháthaithe an Aontais.

Cé go bhfuil Rialachán (AE) 2021/1755 bunaithe freisin ar Airteagal 322(1) CFAE, ní mhaolaíonn an togra seo ar phrionsabal na bliantúlachta ná ar na rialacha maidir le tabhairt anonn, a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 agus, dá bhrí sin, ní gá tagairt a dhéanamh don fhoráil sin den Chonradh mar bhunús dlí breise leis an togra.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tá an togra seo i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, toisc nach ndéanann sé difear ach amháin d’fhorálacha buiséadacha an Rialacháin atá le leasú, seachas dá raon feidhme, dá chuspóir ná dá mhodh seachadta.

Comhréireacht

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach in Airteagal 5(4) CAE, níor cheart d’inneachar agus foirm ghníomhaíocht an Aontais dul thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a ghnóthú. Urramaítear leis an togra seo prionsabal na comhréireachta, ós rud é go bhfuil sé teoranta d’athruithe a bhfuil géarghá leo chun éifeacht a thabhairt don leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 sa bhunghníomh lena rialaítear an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit.

An rogha ionstraime

Tá Rialachán CCB thuasluaite le leasú trí bhíthin Rialachán chun é a ailíniú leis an leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093.

3.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Is é is aidhm don togra maidir le CCB a mhodhnú na hacmhainní a leithdháiltear go sealadach ar CCB a laghdú faoi EUR 584 264 090, ar méid é a athshannadh chun críoch eile. Is i bpraghsanna reatha atá an laghdú thuas.

4.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe éifeacht a thabhairt don athbhreithniú meántéarma ar CAI mar a léirítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 agus níl sé d’aidhm acu modhnú a dhéanamh ar oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe an Rialacháin a bheartaítear a leasú.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá an togra teoranta do leasuithe spriocdhírithe ar Rialachán atá ann cheana a thabhairt isteach. Ós rud é nach bhfuil sé d’aidhm aige ach éifeacht a thabhairt don athbhreithniú meántéarma ar an Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, go háirithe d’Airteagal 10(2) de, ní mholtar ach na hathruithe seo a leanas:

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1755 chun laghdú EUR 584 264 090 a dhéanamh ar an leithdháileadh sealadach a bheidh fós ann agus a bheidh ar fáil in 2025 i bpraghsanna reatha agus go háirithe: 

In Airteagal 4, mír 3:

leasaítear pointe (b) chun an laghdú ar an méid a leithdháileadh go sealadach atá fós le déanamh in 2025 a chur san áireamh;

cuirtear fomhír nua isteach i ndiaidh phointe (b) chun iarmhairtí an laghdaithe sin a léiriú.

2025/0289 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1755 a mhéid a bhaineann leis na méideanna a leithdháiltear ar na Ballstáit faoin gCúlchiste Coigeartaithe Brexit

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 175 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 7 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 8 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Ó glacadh Rialachán (AE) 2021/1755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 , tharla imeachtaí geopholaitiúla nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo mar gheall ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, an ghéarchéim fuinnimh ina dhiaidh sin agus an méadú tobann gaolmhar ar bhoilsciú agus ar rátaí úis. Leis na forbairtí geopholaitiúla agus eacnamaíocha sin, tá éigeandálaí nua ann ar cheart aghaidh a thabhairt orthu chun tosaíochtaí agus riachtanais chomhroinnte an Aontais a bhaint amach. Agus na solúbthachtaí buiséadacha teoranta agus na teorainneacha a baineadh amach le féidearthachtaí athshannta á gcur san áireamh, níor mhór an creat airgeadais ilbhliantúil a bunaíodh le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 10 ón gComhairle a threisiú do na blianta 2024 go 2027 chun foráil a dhéanamh maidir leis an gcistiú is mó a bhfuil gá leis go bunúsach chun freagairt do dhúshláin phráinneacha choiteanna.

(2)I bhfianaise an mhéid sin, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 11 , lenar leasaíodh Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 trí na hacmhainní uasta a leagtar síos sa Rialachán sin le haghaidh an Chúlchiste Coigeartaithe Brexit a laghdú, rud a fhágann gur féidir iad a athshannadh chun críoch eile.

(3)Dá bhrí sin, ba cheart acmhainní uasta an Chúlchiste Coigeartaithe Brexit dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/1755 a laghdú. Chun úsáid éifeachtach na nacmhainní a íocadh cheana leis na Ballstáit faoin gCúlchiste Coigeartaithe Brexit a áirithiú agus ionas nach gcuirfear cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 i mbaol sna Ballstáit, níor cheart go ndéanfadh an laghdú difear do na hacmhainní a íocadh cheana leis na Ballstáit mar réamh-mhaoiniú ná do na hacmhainní a d’iarr na Ballstáit a aistriú chuig a Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

(4)Níor cheart, dá bhrí sin, an méid EUR 584 264 090 a bheadh le híoc in 2025 i gcomhréir le hAirteagal 12(3) den Rialachán sin a íoc, agus ba cheart an méid sin a bhaint d’imchlúdach foriomlán an chúlchiste.

(5)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2021/1755 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2021/1755, leasaítear mír 3 mar a leanas:

1.sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b) cuirfear aon mhéid a bheidh fágtha arna leithdháileadh go sealadach ar fáil in 2025 i gcomhréir le hAirteagal 12.’;

2.cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, maidir leis na méideanna nach n‑aistrítear chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta i gcomhréir le hAirteagal 4a a bheadh le híoc ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 12(3), ní íocfar iad agus bainfear iad den mhéid dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS REACHTACH AIRGEADAIS AGUS DIGITEACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH3

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh3

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann3

1.3.Cuspóirí3

1.3.1.Cuspóirí ginearálta3

1.3.2.Cuspóirí sonracha3

1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann3

1.3.4.Táscairí feidhmíochta3

1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:4

1.5.Foras an togra/tionscnaimh4

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh4

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.4

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart4

1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile5

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh5

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige6

1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme6

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA8

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe8

2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe8

2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe8

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú8

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)8

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc9

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH10

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a nimreofar tionchar10

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe12

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí12

3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar12

3.2.1.2.Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha17

3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí22

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe riaracháin24

3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar24

3.2.3.2.Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha24

3.2.3.3.Iomlán na leithreasuithe24

3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach25

3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar25

3.2.4.2.Nithe arna maoiniú ó ioncaim shannta sheachtracha26

3.2.4.3.Iomlán na nacmhainní daonna a bheidh riachtanach26

3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha28

3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha28

3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe28

3.3.An tionchar a mheastar a imreofar ar ioncam29

4.Gnéithe digiteacha29

4.1.Ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha30

4.2.Sonraí30

4.3.Réitigh dhigiteacha31

4.4.Measúnú idir-inoibritheachta31

4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach32

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1755 a mhéid a bhaineann leis na méideanna a leithdháiltear ar na Ballstáit faoin gCúlchiste Coigeartaithe Brexit

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

16 Caiteachas lasmuigh d’uasteorainneacha bliantúla a leagtar amach sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (Airteagal 16 02 03 Cúlchiste Coigeartaithe Brexit)

30 Cúlchistí (Airteagal 30 04 03 Cúlchiste Coigeartaithe Brexit)

1.3.Cuspóirí

1.3.1.Cuspóirí ginearálta

1.3.2.Cuspóirí sonracha

Cuspóir sonrach Uimh.

1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

1.3.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

1.4.Baineann an togra/tionscnamh le: 

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal / réamhbheart 13  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua

1.5.Foras an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

An 29 Feabhra 2024, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 le toiliú ó Pharlaimint na hEorpa don athbhreithniú meántéarma ar CAI.

De réir Airteagal 1(5) den leasú sin ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, rinneadh laghdú EUR 584 264 090 ar na hacmhainní uasta a leithdháileadh go sealadach ar CCB dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/1755. Comhfhreagraíonn an méid sin do leithdháileadh CCB gan íoc tar éis an réamh-mhaoinithe a íocadh leis na Ballstáit agus na n‑aistrithe chuig REPowerEU arna gcinneadh ag na Ballstáit.

Dá bhrí sin, ba cheart acmhainní uasta an Chúlchiste Coigeartaithe Brexit dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/1755 a laghdú.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.

Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante)

Breisluach AE a mheastar a ghinfear (ex post) [...]

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh


1.6.    Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2025

   tionchar airgeadais ó 2021 go 2024 maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2021 go 2024 maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí)

an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais

comhlachtaí dlí poiblí

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha

comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha de chuid an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha

comhlachtaí arna mbunú i mBallstát, arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit nó ag dlí an Aontais agus atá incháilithe le go gcuirfear de chúram orthu, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, cistí an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme, a mhéid a bhíonn na comhlachtaí sin á rialú ag comhlachtaí dlí poiblí nó ag comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, agus a mhéid a sholáthraíonn na comhlachtaí rialúcháin ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh i bhfoirm dliteanas comhpháirteach agus leithleach nó ráthaíochtaí airgeadais coibhéiseacha, agus ar ráthaíochtaí iad a d’fhéadfadh, le haghaidh gach birt, a bheith teoranta d’uasmhéid thacaíocht an Aontais.

Nótaí

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe éifeacht a thabhairt don athbhreithniú meántéarma ar CAI mar a léirítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 agus níl sé d’aidhm acu modhnú a dhéanamh ar oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe na Rialachán a bheartaítear a leasú.

2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár) 

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a nimreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN 14

ó thíortha de chuid CSTE 15

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha 16

Ó thríú tíortha eile

ioncam sannta eile

Teideal 16:
Caiteachas lasmuigh de na huasteorainneacha bliantúla a leagtar amach sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil

16 02 03 Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (CCB)

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

Teideal 30: Cúlchistí

30 04 03 Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (CCB)

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos

3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil

Uimhir

16 02 03 Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (CCB)/30 04 03 Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (CCB)

Ard-Stiúrthóireacht: REGIO

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021‑2027

2024

2025

2026

2027

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Líne bhuiséid 16 02 03/30 04 03

Gealltanais

(1a)

 

-584 264 090* 

 

 

-584 264 090*

Íocaíochtaí

(2a)

 

-584 264 090* 

 

 

-584 264 090*

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 

Líne bhuiséid

 

(3)

 

 

 

 

0,000

IOMLÁN leithreasuithe

le haghaidh AS REGIO

Gealltanais

=1a+1b+3

0,000

-584 264 090

0,000

0,000

-584 264 090

Íocaíochtaí

=2a+2b+3

0,000

-584 264 090

0,000

0,000

-584 264 090

*Laghdú a cuireadh chun feidhme cheana i gcomhthéacs an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil le haghaidh 2025.

 

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021‑2027

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

0,000

-584 264 090

0,000

0,000

-584 264 090

Íocaíochtaí

(5)

0,000

-584 264 090

0,000

0,000

-584 264 090

IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

(6)

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL

Gealltanais

=4+6

0,000

-584 264 090

0,000

0,000

-584 264 090

den chreat airgeadais ilbhliantúil

Íocaíochtaí

=5+6

0,000

-584 264 090

0,000

0,000

-584 264 090



Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’ 

Ard-Stiúrthóireacht: REGIO

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021‑2027

2024

2025

2026

2027

 Acmhainní daonna

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

 Caiteachas riaracháin eile

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

IOMLÁN AS REGIO

Leithreasuithe

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

 

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021‑2027

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7

Gealltanais

0,000

-584 264 090

0,000

0,000

-584 264 090

den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Íocaíochtaí

0,000

-584 264 090

0,000

0,000

-584 264 090

 

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021‑2027

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

0,000

-584 264 090

0,000

0,000

-584 264 090

Íocaíochtaí

(5)

0,000

-584 264 090

0,000

0,000

-584 264 090

IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

(6)

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL

Gealltanais

=4+6

0,000

-584 264 090

0,000

0,000

-584 264 090

den chreat airgeadais ilbhliantúil

Íocaíochtaí

=5+6

0,000

-584 264 090

0,000

0,000

-584 264 090

 

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021‑2027

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

0,000

-584 264 090

0,000

0,000

-584 264 090

Íocaíochtaí

(5)

0,000

-584 264 090

0,000

0,000

-584 264 090

IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

(6)

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL <….>

Gealltanais

=4+6

0,000

-584 264 090

0,000

0,000

-584 264 090

den chreat airgeadais ilbhliantúil

Íocaíochtaí

=5+6

0,000

-584 264 090

0,000

0,000

-584 264 090

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021‑2027

2024

2025

2026

2027

• IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)

Gealltanais

(4)

0,000

-584 264 090

0,000

0,000

-584 264 090

Íocaíochtaí

(5)

0,000

-584 264 090

0,000

0,000

-584 264 090

• IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)

(6)

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

IOMLÁN na leithreasuithe faoi Cheannteidil 1 go 6

Gealltanais

=4+6

0,000

-584 264 090

0,000

0,000

-584 264 090

den chreat airgeadais ilbhliantúil (Méid tagartha)

Íocaíochtaí

=5+6

0,000

-584 264 090

0,000

0,000

-584 264 090





Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’ 

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ard-Stiúrthóireacht: REGIO

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021‑2027

2024

2025

2026

2027

 Acmhainní daonna

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

 Caiteachas riaracháin eile

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

IOMLÁN AS REGIO

Leithreasuithe

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

 

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021‑2027

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7

Gealltanais

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Íocaíochtaí

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000



3.2.2.

An t‑aschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (níl sé seo le líonadh isteach i gcás gníomhaireachtaí díláraithe)

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain
2024

Bliain
2025

Bliain
2026

Bliain
2027

Iontráil na blianta ar fad is gá chun a léiriú cé chomh fada agus a mhairfidh an tionchar (féach Roinn 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Cineál 17

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 18

- Aschur

- Aschur

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

IOMLÁIN

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe riaracháin 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos

3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN 2021 - 2027

2024

2025

2026

2027

CEANNTEIDEAL 7

Acmhainní daonna

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Caiteachas riaracháin eile

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7

Acmhainní daonna

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Caiteachas eile de chineál riaracháin

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

 

IOMLÁN

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Cumhdófar na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos

3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

2024

2025

2026

2027

 Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

0

0

0

0

20 01 02 03 (Toscaireachtaí an Aontais)

0

0

0

0

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

0

0

0

0

01 01 01 11 (Taighde díreach)

0

0

0

0

Línte buiséid eile (sonraigh)

0

0

0

0

• Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha)

20 02 01 (AC, END ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

0

0

0

0

20 02 03 (AC, AL, END, agus JPD i dToscaireachtaí an Aontais)

0

0

0

0

Riarachán Líne thacaíochta
[XX.01.YY.YY]

- sa cheanncheathrú

0

0

0

0

- i dToscaireachtaí an Aontais

0

0

0

0

01 01 01 02 (AC, END - Taighde indíreach)

0

0

0

0

01 01 01 12 (AC, END – Taighde díreach)

0

0

0

0

Línte buiséid eile (sonraigh) - Ceannteideal 7

0

0

0

0

Línte buiséid eile (sonraigh) - Lasmuigh de Cheannteideal 7

0

0

0

0

IOMLÁN

0

0

0

0

An fhoireann is gá chun an togra a chur chun feidhme (in aonaid de choibhéis lánaimseartha):

Le cumhdach ag baill foirne reatha atá ar fáil i seirbhísí an Choimisiúin

Foireann bhreise eisceachtúil*

Le maoiniú faoi Cheannteideal 7 nó Taighde

Le maoiniú ó líne BA

Le maoiniú ó tháillí

Poist sa phlean bunaíochta

Ní bhaineann le hábhar

Foireann sheachtrach (CA, SNEnna, INT)

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh ag:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha

IOMLÁN Na leithreasuithe digiteacha agus TF

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021 ‑ 2027

2024

2025

2026

2027

CEANNTEIDEAL 7

Caiteachas TF (corparáideach) 

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7

Caiteachas beartais ar uirlisí TF i dtaca le cláir oibríochtúla

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

 

IOMLÁN

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI)

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid

   is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI

3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2024

Bliain
2025

Bliain
2026

Bliain
2027

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe


3.3.    An tionchar a mheastar a imreofar ar ioncam 

   Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

   má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 19

Bliain 2024

Bliain 2025

Bliain 2026

Bliain 2027

Airteagal ………….

I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid caiteachais a ndéantar difear dóibh.

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

4.Gnéithe digiteacha

4.1.Ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha

Cuireadh an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit san áireamh cheana i bpleanáil chóras faisnéise SFC2021. Ní mholtar sa leasú sin aon athrú a dhéanann difear do na gnéithe atá curtha chun feidhme cheana nó do na gnéithe sin atá beartaithe chun SFC2021 a eisiúint amach anseo.

4.2.Sonraí

4.3.Réitigh dhigiteacha

4.4.Measúnú idir-inoibritheachta

4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach

(1)    Rialachán (AE) 2021/1755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2021 lena mbunaítear an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (IO L 357, 8.10.2021, lch. 1)
(2)    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
(3)    Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755 agus Treoir 2003/87/CE (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1).
(4)    COM(2023) 337 final, 20.6.2023.
(5)    Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024).
(6)    Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024).
(7)    IO C , , lch. .
(8)    IO C , , lch. .
(9)    Rialachán (AE) 2021/1755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2021 lena mbunaítear an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (IO L 357, 8.10.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1755/oj ).
(10)    Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj ).
(11)    Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj ).
(12)    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/oj ).
(13)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2), pointe (a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(14)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(15)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(16)    Tíortha is iarrthóirí agus, i gcás inarb infheidhme, tíortha ó na Balcáin Thiar arb iarrthóirí ionchasacha iad.
(17)    Is éard atá in aschuir táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g. an líon malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, an líon iomlán km de bhóithre a tógadh, etc.).
(18)    Mar a thuairiscítear i Roinn 1.3.2. ‘Cuspóirí sonracha’
(19)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.