AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,9.9.2025
COM(2025) 475 final
2025/0283(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le leasuithe ar an gComhaontú Idirnáisiúnta Cócó a fhormheas
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,9.9.2025
COM(2025) 475 final
2025/0283(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le leasuithe ar an gComhaontú Idirnáisiúnta Cócó a fhormheas
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Baineann an togra seo le formheas leasuithe 2022 ar Chomhaontú Idirnáisiúnta Cócó 2010 thar ceann an Aontais Eorpaigh.
Is é is aidhm don Chomhaontú Idirnáisiúnta Cócó earnáil dhomhanda an chócó a neartú agus a forbairt atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair, na sochaí agus an chomhshaoil de a chur chun cinn.
Tá an tAontas Eorpach ina pháirtí i gComhaontú Idirnáisiúnta Cócó 2010 1 agus ina Chomhalta den Eagraíocht Idirnáisiúnta Cócó. Tháinig Comhaontú Idirnáisiúnta Cócó 2010 i bhfeidhm go sealadach an 1 Deireadh Fómhair 2012 ar feadh tréimhse 10 mbliana go dtí an 30 Meán Fómhair 2022. Ag an 108ú seisiún rialta a bhí aici, a bhí ar siúl idir an 2 agus an 6 Deireadh Fómhair 2023, chinn an Chomhairle Idirnáisiúnta Cócó, agus í ag feidhmiú na cumhachta a thugtar di le hAirteagal 62(4) de Chomhaontú Idirnáisiúnta Cócó 2010, síneadh a chur leis an gcomhaontú ar feadh tréimhse 2 bhliain chócó go dtí an 30 Meán Fómhair 2026 2 .
Bhí gá le hathbhreithniú i bpáirt chun an Comhaontú Idirnáisiúnta Cócó a athchóiriú, 2010 agus ba léir gur chun leasa an Aontais é chun é a ailíniú a thuilleadh leis na cleachtais a chothaíonn an tAontas i mboird idirnáisiúnta tráchtearraí eile, agus chun forbairtí sa mhargadh domhanda cócó ó 2010 i leith a chur san áireamh. Is toradh é an Comhaontú Idirnáisiúnta Cócó, 2010 arna leasú, 2022 ar an athbhreithniú ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta Cócó, 2010 agus ar an ngá atá ann go mbeadh sé níos réamhbhreathnaithí agus níos oiriúnaí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh gheilleagar cócó an domhain faoi láthair. Tá roinnt athruithe móra ann: 1. Fad ama éiginnte a bheith ag an gComhaontú (faoi réir athbhreithniú gach 5 bliana), chun níos mó cobhsaíochta agus inbhuanaitheachta a thabhairt do thionscnaimh a chuirtear chun feidhme faoin gComhaontú 2. Forálacha an Chomhaontaithe a athailíniú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) chun forbairt luathaithe gheilleagar cócó an domhain a áirithiú 3. Príomhchuspóir a thabhairt isteach sa Chomhaontú maidir le hioncam maireachtála a bhaint amach d’fheirmeoirí cócó agus tagairt do phraghsanna luach saothair chun inbhuanaitheacht eacnamaíoch a bhaint amach 4. Trí airteagal nua ina leagtar amach bearta sonracha atá le déanamh faoi cholúin eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil na hinbhuanaitheachta 5. Dlús a chur an athuair le haird ar bhreisiú luacha, ar cháilíocht phréimhe, agus ar shábháilteacht bia 6. Tacú le taighde agus nuálaíocht i slabhra luacha an chócó agus comhar a leathnú le níos mó gníomhaireachtaí deontóra chun tionscadail forbartha cócó a mhaoiniú.
Rinne an Coimisiún na leasuithe ar Chomhaontú Cócó 2010 a chaibidliú thar ceann an Aontais 3 .
I bhfianaise an phlé agus ábhar na hionstraime nua, measann an Coimisiún gur cheart an Comhaontú leasaithe a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais agus an fógra faoi ghlacadh an leasaithe a thaisceadh, de réir Airteagal 63(1) de Chomhaontú Cócó 2010, le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, atá ainmnithe mar Thaiscí de réir Airteagal 52 de Chomhaontú Idirnáisiúnta Cócó 2010.
De bhun Airteagal 63(1) de Chomhaontú Cócó 2010, tiocfaidh an leasú in éifeacht 100 lá tar éis don Taiscí fógraí glactha a fháil ó Pháirtithe Conarthacha a dhéanann ionadaíocht ar 75 faoin gcéad ar a laghad de na Comhaltaí is onnmhaireoirí ag a bhfuil 85 faoin gcéad ar a laghad de vótaí na gComhaltaí is onnmhaireoirí, agus ó Pháirtithe Conarthacha a dhéanann ionadaíocht ar 75 faoin gcéad ar a laghad de na Comhaltaí is allmhaireoirí ag a bhfuil 85 faoin gcéad ar a laghad de vótaí na gComhaltaí is allmhaireoirí, nó cibé dáta níos déanaí a d’fhéadfadh a bheith socraithe ag an gComhairle.
Le linn an 111ú seisiún rialta a tionóladh an 8-10 Aibreán 2025, chinn an Chomhairle Idirnáisiúnta Cócó síneadh a chur go dtí an 22 Meitheamh 2026 leis an sprioc-am faoina ndéanfaidh na páirtithe conarthacha a litreacha maidir le glacadh leis na leasuithe a thaisceadh.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Rinneadh an leasú a chaibidliú i gcomhréir leis na treoracha caibidlíochta cuimsitheacha a ghlac an Chomhairle an 20 Aibreán 2021 ar mholadh ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht chun an Comhaontú Idirnáisiúnta Cócó, 2010 idir an tAontas Eorpach agus Comhaltaí eile na hEagraíochta Idirnáisiúnta Cócó a leasú.
Tá an Comhaontú leasaithe i gcomhréir go hiomlán leis an gComhaontú Glas don Eoraip freisin 4 .
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an Comhaontú leasaithe i gcomhréir go hiomlán leis an straitéis Global Gateway 5 . Go deimhin, seasann Global Gateway do naisc inbhuanaithe iontaofa a oibríonn do dhaoine agus don phláinéad. Cabhraíonn sé chun dul i ngleic leis na dúshláin dhomhanda is práinní, lena n‑áirítear an t‑athrú aeráide a chomhrac, córais sláinte a fheabhsú, agus borradh a chur faoi iomaíochas agus faoi shlándáil na slabhraí soláthair domhanda.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is iad Airteagal 207(3) agus Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí atá beartaithe.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Neamhbhainteach
•Comhréireacht
Ní théann tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta Cócó leasaithe thar a bhfuil riachtanach chun a aidhmeanna a bhaint amach.
•An rogha ionstraime
Tá an togra seo i gcomhréir le hAirteagal 218(6) CFAE, lena mbeartaítear go nglacfaidh an Chomhairle Cinntí ar a bhaineann le comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Neamhbhainteach
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Neamhbhainteach
•Bailiú agus úsáid saineolais
Neamhbhainteach
•Measúnú tionchair
Neamhbhainteach
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Neamhbhainteach
•Cearta bunúsacha
Neamhbhainteach
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Íocfar ranníocaíocht an Aontais le buiséad riaracháin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Cócó le haghaidh gach bliana airgeadais ó ionstraim ICFCI-an Eoraip Dhomhanda.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Neamhbhainteach
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Neamhbhainteach
2025/0283 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le leasuithe ar an gComhaontú Idirnáisiúnta Cócó a fhormheas
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(3) agus (4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa 6 ,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tá an tAontas Eorpach ina pháirtí i gComhaontú Idirnáisiúnta Cócó 2010 7 agus ina Chomhalta den Eagraíocht Idirnáisiúnta Cócó.
(2)Rinne an Coimisiún na leasuithe a chaibidliú ar bhonn an tsainordaithe caibidlíochta agus na dtreoracha a mhol an Coimisiún 8 agus a d’fhormheas an Chomhairle an 20 Aibreán 2021 9 .
(3)D’fhormheas an Chomhairle Idirnáisiúnta Cócó téacs an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta Cócó, arna leasú (‘an Comhaontú leasaithe’) ag an 106ú seisiún rialta a bhí aici ón 27-29 Meán Fómhair 2022. Rinneadh an leasú a chaibidliú chun Comhaontú Idirnáisiúnta Cócó 2010 (‘Comhaontú 2010’) a mhodhnú, ar cuireadh síneadh leis go dtí an 30 Meán Fómhair 2026.
(4)Tagann aidhmeanna an Chomhaontaithe leasaithe faoin gcomhbheartas tráchtála.
(5)Ba cheart na leasuithe ar an gComhaontú Idirnáisiúnta Cócó a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar na leasuithe ar an gComhaontú Idirnáisiúnta Cócó a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh 10 .
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh i bhfeidhm lá a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
[...]
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,9.9.2025
COM(2025) 475 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir le formheas leasuithe ar an gComhaontú Idináisiúnta Cócó
|
Na Náisiúin Aontaithe |
TD/COCOA.10/5/Amend.1 1 |
||
|
|
Comhdháil na Náisiún Aontaithe
|
Dáileachán: Ginearálta An 8 Iúil 2022 Bunleagan: Béarla |
|
Comhaontú Idirnáisiúnta Cócó, 2010
Arna leasú, 2022 2 ***
Clár
Leathanach
Réamhrá 5
Clár Oibre Chomhdháil Cócó na Náisiún Aontaithe, 2010 6
Rún a ghlac Comhdháil Chócó na Náisiún Aontaithe, 2010 7
Liosta na Stát agus na n‑eagraíochtaí a ndearnadh ionadaíocht orthu ag an gComhdháil 8
Comhaontú Idirnáisiúnta Cócó, 2010, arna leasú, 2022
Brollach 9
Caibidil I – Cuspóirí 10
Airteagal 1 – Cuspóirí 10
Caibidil II – Sainmhínithe 11
Airteagal 2 — Sainmhínithe 11
Caibidil III – An Eagraíocht Idirnáisiúnta Cócó (ICCO) 13
Airteagal 3 – Ceanncheathrú agus struchtúr na hEagraíochta Idirnáisiúnta Cócó 13
Airteagal 4 – Ballraíocht san Eagraíocht 13
Airteagal 5 – Pribhléidí agus díolúintí 14
Caibidil IV – An Chomhairle Idirnáisiúnta Cócó 15
Airteagal 6 – Comhdhéanamh na Comhairle Idirnáisiúnta Cócó 15
Airteagal 7 – Cumhachtaí agus feidhmeanna na Comhairle 15
Airteagal 8 – Cathaoirleach agus Leaschathaoirleach na Comhairle 15
Airteagal 9 – Seisiúin na Comhairle 16
Airteagal 10 – Vótaí 16
Airteagal 11 – Nós imeachta vótála na Comhairle 17
Airteagal 12 – Cinntí ón gComhairle 17
Airteagal 13 – Comhar le heagraíochtaí eile 17
Airteagal 14 – Cuireadh agus cead isteach a thabhairt do bhreathnóirí 18
Airteagal 15 – Córam 18
Caibidil V – Rúnaíocht na hEagraíochta 19
Airteagal 16 – An Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus foireann na hEagraíochta 19
Airteagal 17 – Clár oibre 19
Airteagal 18 – Tuarascáil Bhliantúil 20
Caibidil VI – An Coiste Riaracháin agus Airgeadais 21
Airteagal 19 – An Coiste Riaracháin agus Airgeadais a bhunú 21
Airteagal 20 – Comhdhéanamh an Choiste Riaracháin agus Airgeadais 21
Airteagal 21 – Cruinnithe an Choiste Riaracháin agus Airgeadais 21
Caibidil VII – Maoiniú 22
Airteagal 22 – Maoiniú 22
Airteagal 23 – Dliteanais na gComhaltaí 22
Airteagal 24 – An buiséad riaracháin a fhormheas agus measúnú a dhéanamh ar ranníocaíochtaí 22
Airteagal 25 – Ranníocaíochtaí a íoc leis an mbuiséad riaracháin 23
Airteagal 26 – Cuntais a iniúchadh agus a fhoilsiú 23
Caibidil VIII – An Coiste Eacnamaíochta 24
Airteagal 27 – An Coiste Eacnamaíochta a bhunú 24
Airteagal 28 – Comhdhéanamh an Choiste Eacnamaíochta 24
Airteagal 29 – Cruinnithe den Choiste Eacnamaíochta 24
Caibidil IX – Trédhearcacht margaidh 26
Airteagal 30 – Faisnéis agus trédhearcacht margaidh 26
Airteagal 31 – Stoic 26
Airteagal 32 – Ionadaigh chócó 26
Airteagal 33 – Praghas táscach 27
Airteagal 34 – Fachtóirí coinbhéartachta 27
Airteagal 35 – Taighde eolaíoch agus forbairt 27
Caibidil X – Forbairt margaidh 28
Airteagal 36 – Anailísí margaidh 28
Airteagal 37 – Próiseáil ag an áit tionscnaimh agus tomhaltas a chur chun cinn 28
Airteagal 38 – Staidéir, suirbhéanna agus tuarascálacha 28
Caibidil XI – Cócó ardcháilíochta 30
Airteagal 39 – Cócó ardcháilíochta 30
Caibidil XII – Tionscadail 31
Airteagal 40 – Tionscadail 31
Airteagal 41 – Caidreamh le deontóirí iltaobhacha agus déthaobhacha 31
Caibidil XIII – Forbairt inbhuanaithe 32
Airteagal 42 – Geilleagar inbhuanaithe cócó 32
Airteagal 43 – Inbhuanaitheacht eacnamaíoch 32
Airteagal 44 – Inbhuanaitheacht shóisialta 32
Airteagal 45 – Inbhuanaitheacht chomhshaoil 33
Caibidil XIV – An Bord Comhairleach um Gheilleagar Cócó an Domhain 34
Airteagal 46 – An Bord Comhairleach um Gheilleagar Cócó an Domhain a bhunú 34
Airteagal 47 – Comhaltas agus cruinnithe an Bhoird Chomhairligh um
Gheilleagar Cócó an Domhain
34
Caibidil XV – Scaoileadh ó oibleagáidí agus ó bhearta difreálacha agus feabhais 36
Airteagal 48 – Scaoileadh ó oibleagáidí in imthosca eisceachtúla 36
Airteagal 49 – Bearta difreálacha agus feabhais 36
Caibidil XVI – Comhairliúcháin, díospóidí agus gearáin 37
Airteagal 50 - Comhairliúchán 37
Airteagal 51 – Díospóidí 37
Airteagal 52 – Gearáin agus gníomhaíocht ón gComhairle 37
Caibidil XVII – Forálacha críochnaitheacha 39
Airteagal 53 – Taiscí 39
Airteagal 54 – Síniú 39
Airteagal 55 – Daingniú, glacadh, formheas 39
Airteagal 56 — Aontachas 39
Airteagal 57 – Fógra a thabhairt faoi chur i bhfeidhm sealadach 39
Airteagal 58 – Teacht i bhfeidhm 40
Airteagal 59 — Forchoimeádais 40
Airteagal 60 – Tarraingt siar 40
Airteagal 61 – Eisiamh 41
Airteagal 62 – Lánghlanadh na gcuntas le Comhaltaí a tharraingeoidh siar nó a eiseofar 41
Airteagal 63 – Ré, síneadh agus foirceannadh 41
Airteagal 64 — Leasuithe 41
Caibidil XVIII – Forálacha forlíontacha agus idirthréimhseacha 43
Airteagal 65 – Cúlchiste Farasbairr 43
Airteagal 66 – Forálacha forlíontacha agus idirthréimhseacha eile 43
Iarscríbhinní
Iarscríbhinn A – Onnmhairí cócó arna ríomh chun críocha Airteagal 58 (Teacht i bhfeidhm) 44
Iarscríbhinn B – Allmhairí cócó arna ríomh chun críocha Airteagal 58 (Teacht i bhfeidhm) 46
Iarscríbhinn C – Tíortha is táirgeoirí a onnmhairíonn cócó ardcháilíochta ar cócó ardcháilíochta amháin nó go páirteach atá ann 49
Iarscríbhinn D – Ballraíocht agus dáileadh na vótaí ón 1 Deireadh Fómhair 2021
chun críocha Airteagal 64
50
Dearbhuithe
Dearbhú ó na Páirtithe Conarthacha maidir le hAirteagal 16 51
Réamhrá
Tionóladh Comhdháil Chócó na Náisiún Aontaithe, 2010, ag Palais des Nations, an Ghinéiv, an 19 Aibreán 2010 agus ón 21 go dtí an 25 Meitheamh 2010. Iarradh ar na Páirtithe sa Chomhaontú atá ann cheana agus ar na Stáit uile is comhaltaí de UNCTAD, chomh maith le gníomhaireachtaí speisialaithe na Náisiún Aontaithe, a bheith rannpháirteach sa Chomhdháil.
Bhí an dréacht-téacs de Chomhaontú Idirnáisiúnta nua Cócó os comhair na Comhdhála, arbh é toradh na bpléití a thionóil Meitheal arna bunú ag an gComhairle Idirnáisiúnta Cócó.
Chuir Kwabena Baah-Duodu, Oifigeach i gCeannas an Aonaid Ar Leith um Thráchtearraí, UNCTAD, tús leis an gComhdháil an 19 Aibreán 2010, agus thogh sé a Shoilse Guy-Alain Emmanuel Gauze, Ambasadóir, (an Cósta Eabhair) mar Uachtarán na Comhdhála agus Max Schnellmann (an Eilvéis) mar Leas-Uachtarán na Comhdhála. Ghlac an Chomhdháil an clár oibre mar atá in TD/COCOA.10/1 freisin. Chinn an Chomhdháil an chuid eile den chruinniú a chur siar go dtí an 21–25 Meitheamh 2010 toisc nach raibh roinnt mhaith ionadaithe rialtais ó thíortha táirgthe agus tomhaltais an chócó in ann freastal uirthi toisc gur cealaíodh eitiltí isteach sa Ghinéiv mar gheall ar an mbrúchtadh bolcánach san Íoslainn. Tugadh aghaidh ar na míreanna eile uile a bhí ar an gclár oibre nuair a cuireadh tús leis an gComhdháil an athuair i mí an Mheithimh. Bhí Lisanne Losier, ina Rúnaí don Chomhdháil agus ghníomhaigh Carlos Moreno, mar Chomhairleoir Dlí don Chomhdháil.
Ag a seisiún iomlánach an 21 Meitheamh 2010, thug Petko Draganov, Leas-Ardrúnaí UNCTAD, agus Jan Vingerhoets, Rúnaí Feidhmiúcháin ICCO, ráitis na fáilte uathu agus sholáthair siad forbhreathnú stairiúil agus achoimre ar an ullmhúchán le haghaidh an chomhaontaithe comharba maidir le Cócó. Ghlac an Chomhdháil a rialacha nós imeachta (TD/COCOA.10/2) agus bhunaigh Coiste Caibidlíochta chun Airteagail an chomhaontaithe a mheas i seisiún iata. Toghadh Hagen Streichert (an Ghearmáin) mar Chathaoirleach ar an gCoiste Caibidlíochta freisin agus a Shoilse Jean Kekedo (Nua-Ghuine Phapua) mar Leas-Chathaoirleach air. Tugadh obair na Comhdhála i gcrích an 25 Meitheamh 2010 nuair a glacadh, ag a seisiún iomlánach deiridh, aon rún amháin (TD/COCOA.10/4) agus bunaíodh téacs an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta Cócó, 2010.
An 14 Nollaig 2010, d’eisigh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, ag gníomhú dó ina cháil mar thaiscí, fógra taisclainne (C.N.810.2010.TREATIES-2) lenar tarraingíodh aird na bpáirtithe uile ar earráid in Airteagal 62(3) de théacs barántúil an Chomhaontaithe chomh maith leis na cóipeanna dílse deimhnithe a scaipeadh trí fhógra taisclainne C.N.497.2010.TREATIES-2 an 30 Meán Fómhair 2010, inar cheart an téarma ‘an deichiú bliain chócó’ a bheith sa téacs in ionad ‘an cúigiú bliain chócó’. I gcomhréir leis an gcleachtas taiscíochta bunaithe, socraíodh tréimhse 90 lá ó dháta an fhógra chun aon agóid a chur in iúl don Ard-Rúnaí. Ní bhfuarthas aon agóid agus rinneadh an ceartú a moladh ar théacs an chomhaontaithe.
Clár Oibre Chomhdháil Chócó na Náisiún Aontaithe, 2010
1. Oscailt na Comhdhála.
2. Glacadh an chláir oibre.
3. Na rialacha nós imeachta a ghlacadh.
4. Oifigigh a thoghadh
5. Dintiúir na n‑ionadaithe:
(a) Coiste um Dhintiúir a cheapadh;
(b)Tuarascáil ón gCoiste um Dhintiúir
6. An Coiste Caibidlíochta agus coistí eile a bhunú de réir mar is gá.
7. Comhaontú comharba ar an gComhaontú Idirnáisiúnta Cócó, 2001, a ullmhú.
8. Rúin chríochnaitheacha a mheas agus a ghlacadh.
9. Gnó eile.
Rún a ghlac Comhdháil Chócó na Náisiún Aontaithe, 2010
Rún críochnaitheach
Comhdháil Chócó na Náisiún Aontaithe chun Comhaontú Comharba a ghabhfaidh le Comhaontú Idirnáisiúnta Cócó a Chaibidliú, 2001,
Ar dóibh teacht le chéile sa Ghinéiv an 19 Aibreán 2010 agus ón 21 go dtí an 25 Meitheamh 2010,
Ar dóibh a mbuíochas a chur in iúl as na saoráidí agus as na seirbhísí a sholáthair Ard-Rúnaí UNCTAD,
Á thaifeadadh gur mór acu an rannchuidiú a thug Uachtarán na Comhdhála agus na hoifigigh eile dá cuid, chomh maith leis an rúnaíocht,
Tar éis téacs a leagan síos le haghaidh an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta Cócó, 2010 san Araibis, sa tSínis, sa Bhéarla, sa Fhraincis, sa Rúisis agus sa Spáinnis,
1. Á iarraidh ar Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe cóipeanna de théacs an Chomhaontaithe a chur ar aghaidh chuig na Rialtais uile agus chuig na heagraíochtaí idir-rialtasacha uile ar tugadh cuireadh dóibh teacht chuig an gComhdháil, lena meas;
2. Á iarraidh ar Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe socrú a dhéanamh chun go mbeidh an Comhaontú ar oscailt lena shíniú ag Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac le linn na tréimhse a leagtar síos in Airteagal 53 den Chomhaontú;
3. Ag tarraingt aird ar na nósanna imeachta atá ar fáil do na Stáit agus d’eagraíochtaí idir-rialtasacha dá dtagraítear in Airteagal 4 den Chomhaontú chun bheith ina bpáirtithe i gComhaontú Idirnáisiúnta Cócó, 2010 agus á iarraidh orthu na hionstraimí iomchuí a thaisceadh chun na críche sin.
An 4ú cruinniú iomlánach
An 25 Meitheamh 2010
Liosta na Stát agus na n‑eagraíochtaí a ndearnadh ionadaíocht orthu ag an gComhdháil 3 **
Na Ballstáit
|
an Ailgéir |
Lucsamburg |
|
an Ostair |
an Mhalaeisia |
|
Bairéin |
Mailí |
|
an Bheilg |
Meicsiceo |
|
an Bholaiv (Stát Ilnáisiúnach na Bolaive) |
Maracó |
|
an Bhrasaíl |
Neipeal |
|
Camarún |
an Ísiltír |
|
an tSín |
Nicearagua |
|
an Cósta Eabhair |
an Nigéir |
|
Cúba |
Nua-Ghuine Phapua |
|
an Chipir |
an Pholainn |
|
Poblacht na Seice |
an Phortaingéil |
|
an Phoblacht Dhoiminiceach |
an Rómáin |
|
Eacuadór |
Cónaidhm na Rúise |
|
an Fhrainc |
Saint Lucia |
|
an Ghabúin |
Siarra Leon |
|
an Ghearmáin |
an tSlóvaic |
|
Gána |
an Afraic Theas |
|
an Ghréig |
an Spáinn |
|
an Ghuine |
an tSualainn |
|
an Suí Naofa |
an Eilvéis |
|
an Ungáir |
an Téalainn |
|
an Indinéis |
Tóga |
|
an Iaráic |
Oileán na Tríonóide agus Tobága |
|
Éire |
Veiniséala (Poblacht Bholavarach) |
|
an Iodáil |
an tSaimbia |
|
Iamáice |
Breathnóir
an Phalaistín
Eagraíochtaí idir‑rialtasacha
Grúpa na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (Grúpa ACP)
Aontas na hAfraice
Comhghuaillíocht na dTáirgeoirí Cócó (CPA)
an tAontas Eorpach
An Eagraíocht Idirnáisiúnta Cócó (ICCO)
An Grúpa Idirnáisiúnta um Staidéar ar Shiúit (IJSG)
Organisation Internationale de la francophonie (OIF)
Gníomhaireachtaí speisialaithe agus eagraíochtaí gaolmhara na Náisiún Aontaithe
An Lárionad Trádála Idirnáisiúnta (ITC)
Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO)
Eagraíocht Forbartha Tionscail na Náisiún Aontaithe (UNIDO)
Eagraíochtaí neamhrialtasacha
Ocaproce Internationale
Oxfam International
Brollach
Tá na Páirtithe sa Chomhaontú,
(a) Ag aithint dóibh go rannchuidíonn earnáil an chócó leis an mbochtaineacht a mhaolú agus leis na spriocanna forbartha arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta a bhaint amach, lena n‑áirítear na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ábhartha;
(b)Ag aithint dóibh tábhacht an chócó agus thrádáil an chócó do gheilleagair na dtíortha atá i mbéal forbartha, mar fhoinse ioncaim maireachtála dá bpobail, agus ag aithint dóibh go rannchuidíonn trádáil an chócó go mór lena dtuilleamh onnmhairiúcháin agus le cláir forbartha sóisialta agus eacnamaíocha a fhoirmliú;
(c)Ag aithint dóibh tábhacht na hearnála caife do shlite beatha na milliún daoine, go háirithe i dtíortha i mbéal forbartha ina mbraitheann feirmeoirí ar mionscála ar tháirgeadh an chócó mar fhoinse dhíreach as a dtagann poist ghlasa agus ioncam maireachtála;
(d)Ag aithint dóibh go bhféadfadh dlúthchomhar idirnáisiúnta maidir le hábhair chócó agus idirphlé leanúnach idir na páirtithe leasmhara uile i slabhra luacha an chócó rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe gheilleagar cócó an domhain;
(e) Ag aithint dóibh tábhacht na gcomhpháirtíochtaí straitéiseacha idir Comhaltaí is onnmhaireoirí agus Comhaltaí is allmhaireoirí chun a áirithiú go mbainfear amach geilleagar inbhuanaithe cócó;
(f) Ag aithint dóibh gur gá trédhearcacht mhargadh idirnáisiúnta an chócó a áirithiú, ar mhaithe le táirgeoirí agus tomhaltóirí araon;
(g) Ag aithint dóibh rannchuidiú na gComhaontuithe Idirnáisiúnta Cócó a bhí ann roimhe seo, in 1972, 1975, 1980, 1986, 1993, agus 2001, le geilleagar cócó an domhain a fhorbairt;
Ag comhaontú, leis seo, an mhéid seo a leanas;
Comhaontú Idirnáisiúnta Cócó, 2010, arna leasú, 2022
Caibidil I
Cuspóirí
Airteagal 1
Cuspóirí
D’fhonn earnáil cócó an domhain a neartú, tacú lena forbairt inbhuanaithe agus na tairbhí do na páirtithe leasmhara uile a mhéadú, is iad seo a leanas cuspóirí an Seachtú Comhaontú Idirnáisiúnta Cócó:
(a) An comhar idirnáisiúnta a chur chun cinn i ngeilleagar cócó an domhain;
(b)Creat iomchuí a sholáthar le haghaidh plé maidir leis na hábhair chócó uile i measc rialtas, agus leis an earnáil phríobháideach;
(c)Rannchuidiú le geilleagair náisiúnta cócó na mBallstát a neartú, trí thionscadail iomchuí a ullmhú, a fhorbairt agus meastóireacht a dhéanamh orthu, ar tionscadail iad a bheidh le cur faoi bhráid na n‑institiúidí ábhartha lena maoiniú agus lena gcur chun feidhme agus maoiniú a lorg do thionscadail dá dtairbhíonn na Comhaltaí agus geilleagar cócó an domhain;
(d)Praghsanna córa a fháil as a dtiocfaidh torthaí eacnamaíocha cothroma do tháirgeoirí agus do thomhaltóirí araon i slabhra luacha an chócó, agus rannchuidiú le forbairt chothromaithe gheilleagar cócó an domhain chun leas na gComhaltaí uile;
(e) Ioncam maireachtála a bhaint amach do tháirgeoirí cócó;
(f) Geilleagar inbhuanaithe cócó a chur chun cinn i dtéarmaí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil;
(g) Taighde agus cur chun feidhme a thorthaí a spreagadh trí chláir oiliúna agus faisnéise a chur chun cinn lena bhfágfar go n‑aistreofar teicneolaíochtaí chuig Comhaltaí a bheidh oiriúnach don chócó;
(h) An trédhearcacht a chur chun cinn i ngeilleagar cócó an domhain, agus go háirithe i dtrádáil an chócó, trí staitisticí ábhartha a bhailiú, a anailísiú agus a scaipeadh agus trí staidéir iomchuí a dhéanamh, chomh maith le díchur na mbacainní trádála a chur chun cinn, gan dochar do rialacháin náisiúnta maidir le caighdeáin sláintíochta agus fíteashláintíochta;
(i) Tomhaltas na seacláide agus na dtáirgí atá bunaithe ar chócó a chur chun cinn agus a spreagadh chun an t‑éileamh ar chócó a mhéadú, inter alia trí airíonna dearfacha an chócó a chur chun cinn, lena n‑áirítear sochair sláinte, i ndlúthchomhar leis an earnáil phríobháideach;
(j) Comhaltaí a spreagadh chun cáilíocht agus sábháilteacht an chócó a chur chun cinn, lena n‑áirítear a bheith ag díriú ar shaintréithe sonracha blais agus ar shláine na bpónairí, agus chun nósanna imeachta iomchuí um shábháilteacht bia a fhorbairt in earnáil an chócó;
(k) Comhaltaí a spreagadh chun straitéisí a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun acmhainneacht na bpobal áitiúil agus na bhfeirmeoirí ar mionscála a fheabhsú chun tairbhiú d’ioncaim mhaireachtála chun cáilíocht saoil chuibhiúil a sholáthar dá dteaghlaigh agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú le deireadh a chur leis an mbochtaineacht;
(l) Feabhas a chur ar infhaighteacht faisnéise maidir le huirlisí agus seirbhísí airgeadais lenar féidir cúnamh a thabhairt do tháirgeoirí cócó, lena n‑áirítear creidmheas a rochtain agus straitéisí um bainistiú riosca;
(m) Breisiú luacha a spreagadh trí phónairí cócó a phróiseáil i dtíortha tionscnaimh agus úsáid an chócó a chur chun cinn i dtionscail an bhia, na gcosmaidí agus na cógaisíochta;
(n) Comhaltaí a spreagadh chun deireadh a chur le bacainní ar theacht isteach infheisteoirí nua i ngeilleagar an chócó;
(o) Trádáil i dtáirgí díorthaithe an chócó a chur chun cinn.
Caibidil II
Sainmhínithe
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Chomhaontaithe seo:
1. Ciallaíonn cócó pónairí cócó agus táirgí cócó mura sonraítear iad mar ‘pónairí cócó’;
2. Is éard is cócó ardcháilíochta ann cócó arb é is saintréith dó próifíl chasta ó thaobh na gcéadfaí de, atá comhdhéanta d’airíonna bunúsacha atá cothrom go maith agus lena ngabhann gnéithe aramatacha agus blais; is féidir na tréithe comhlántacha a bhrath agus a shainaithint go soiléir agus a dhea-bholaithe agus a bhlasanna á léiriú; is amhlaidh sin de thoradh na hidirghníomhaíochta idir (a) comhdhéanamh géiniteach áirithe, (b) dálaí fáis fabhracha i dtimpeallacht/réigiún ar leith, (c) teicnící sonracha um bainistiú plandála, (d) cleachtais shonracha buainte agus iarbhuainte agus (e) comhdhéanamh ceimiceach agus fisiceach cobhsaí, agus sláine an phónaire;
3. Ciallaíonn táirgí cócó táirgí a dhéantar as pónairí cócó go heisiach, amhail taos/licéar cócó, im cócó, púdar cócó neamh-mhilsithe, cáca cócó agus goba cacó mar a shainmhínítear in Codex Alimentarius;
4. Is táirgí iad seacláid agus táirgí seacláide a dhéantar as pónairí cócó a chomhlíonann caighdeán Codex Alimentarius um sheacláid agus táirgí seacláide;
5. Ciallaíonn stoic pónairí cócó na pónairí cócó tirime uile is féidir a shainaithint an lá deireanach den bhliain chócó (an 30 Meán Fómhair), gan beann ar shuíomh, úinéireacht ná úsáid bheartaithe;
6. Ciallaíonn bliain chócó an tréimhse 12 mhí ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 30 Meán Fómhair, agus an dá lá sin san áireamh;
7. Ciallaíonn Eagraíocht an Eagraíocht Idirnáisiúnta Cócó dá dtagraítear in Airteagal 3;
8. Ciallaíonn an Chomhairle an Chomhairle Idirnáisiúnta Cócó dá dtagraítear in Airteagal 6;
9. Ciallaíonn Páirtí Conarthach Rialtas, an tAontas Eorpach nó eagraíocht idir-rialtasach dá bhforáiltear in Airteagal 4, a thoiligh a bheith faoi cheangal ag an gComhaontú seo go sealadach nó go cinntitheach;
10. Ciallaíonn Comhalta Páirtí Conarthach mar a shainmhínítear i bpointe 9 thuas;
11. Ciallaíonn tír is allmhaireoir nó Comhalta is allmhaireoir tír nó Comhalta, faoi seach, ar mó a allmhairí cócó nó a hallmhairí cócó, arna shloinneadh i dtéarmaí pónairí, ná a onnmhairí cócó nó a honnmhairí cócó;
12. Ciallaíonn tír is onnmhaireoir nó Comhalta is onnmhaireoir tír nó Comhalta, faoi seach, ar mó a onnmhairí cócó nó a honnmhairí cócó, arna shloinneadh i dtéarmaí pónairí, ná a allmhairí cócó nó a hallmhairí cócó; Mar sin féin, maidir le tír táirgthe cócó ar mó a hallmhairí cócó, arna sloinneadh i dtéarmaí coibhéise pónairí, ná a honnmhairí ach ar mó a táirgeacht pónairí cócó ná a hallmhairí nó ar mó a táirgeacht ná a tomhaltas cócó intíre de réir cosúlachta 4 , d’fhéadfadh sí, má roghnaíonn sí amhlaidh, a bheith ina Comhalta is onnmhaireoir;
13. Ciallaíonn onnmhaire cócó aon chócó a fhágann críoch chustaim aon tíre agus ciallaíonn allmhaire cócó aon chócó a théann isteach i gcríoch chustaim aon tíre, ar choinníoll, chun críocha na sainmhínithe seo, go measfar maidir le críoch chustaim, i gcás Comhalta ina bhfuil níos mó ná aon chríoch chustaim amháin, go dtagraítear leis sin do chríocha custaim an Chomhalta sin in éineacht le chéile;
14. Ciallaíonn críoch chustaim an chríoch ina bhfuil feidhm iomlán ag dlíthe custaim Stáit;
15. Ciallaíonn geilleagar inbhuanaithe cócó slabhra luacha comhtháite ina dtéann na páirtithe leasmhara uile, lena n‑áirítear táirgeoirí ar feirmeoirí beaga iad, i gcomhar chun beartais iomchuí a fhorbairt agus a chur chun cinn chun go mbainfear amach leibhéil táirgthe, próiseála agus tomhaltais atá inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de, sláintiúil ó thaobh an chothaithe de, fónta ó thaobh na hagra-éiceolaíochta de agus freagrach ó thaobh na sochaí de ar mhaithe leis na glúine atá ann anois agus na glúine atá le teacht, go háirithe le haghaidh na dtáirgeoirí ar feirmeoirí beaga iad;
16. Ciallaíonn cócó eiticiúil cócó a tháirgtear trí ghníomhaíocht fhreagrach, gan aon éifeacht dhochrach ar an gcomhshaol, ar an mbithéagsúlacht ná ar phobail ná ar a gcultúir;
17. Cuimsíonn an earnáil phríobháideach na heintitis phríobháideacha uile a bhfuil na príomhghníomhaíochtaí acu in earnáil an chócó, lena n‑áirítear feirmeoirí, trádálaithe, próiseálaithe, monaróirí agus institiúidí taighde. Faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo, cuimsítear freisin leis an earnáil phríobháideach na fiontair, gníomhaireachtaí agus institiúidí poiblí a chomhlíonann, i dtíortha áirithe, róil a fheidhmíonn eintitis phríobháideacha i dtíortha eile;
18. Is éard is praghas táscach ann táscaire ionadaíoch phraghas idirnáisiúnta an chócó a úsáidtear chun críocha an Chomhaontaithe seo agus a ríomhtar i gcomhréir le forálacha Airteagal 33;
19. Ciallaíonn tona mais 1 000 cileagram nó 2 204,6 punt agus ciallaíonn punt 453,597 gram;
20. Ciallaíonn tromlach simplí de na vótaí dáilte tromlach na vótaí arna gcaitheamh ag na Comhaltaí is onnmhaireoirí agus tromlach na vótaí arna gcaitheamh ag na Comhaltaí is allmhaireoirí, arna gcomhaireamh ar leithligh;
21. Ciallaíonn vóta ar leith dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh ag Comhaltaí is onnmhaireoirí agus dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh ag Comhaltaí is allmhaireoirí, arna gcomhaireamh ar leithligh, ar choinníoll go mbeidh cúigear Comhaltaí is onnmhaireoirí ar a laghad agus tromlach na gComhaltaí is allmhaireoirí i láthair;
22. Ciallaíonn teacht i bhfeidhm , ach amháin i gcás inar teacht i bhfeidhm coinníollach atá i gceist, an dáta a thiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm den chéad uair, bíodh sé go sealadach nó go cinntitheach.
23. Ciallaíonn ioncam maireachtála glanioncam leordhóthanach arna ghiniúint ag teaghlach chun caighdeán maireachtála cuibhiúil a áirithiú do na daoine uile sa teaghlach sin, i gcomhréir le caighdeáin náisiúnta.
Caibidil III
An Eagraíocht Idirnáisiúnta Cócó (ICCO)
Airteagal 3Ceanncheathrú agus struchtúr na hEagraíochta Idirnáisiúnta Cócó
1. Bunaíodh an Eagraíocht Idirnáisiúnta Cócó le Comhaontú Idirnáisiúnta Cócó, 1972, agus leanfaidh sí ar marthain chun forálacha an Chomhaontaithe seo a riar agus oibriú an Chomhaontaithe a mhaoirsiú.
2. Is i gcríoch Chomhalta a bheidh ceanncheathrú na hEagraíochta lonnaithe i gcónaí.
3. Beidh ceanncheathrú na hEagraíochta in Abidjan, an Cósta Eabhair, mura gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt.
4. Feidhmeoidh an Eagraíocht trí na heintitis seo a leanas:
(a) An Chomhairle Idirnáisiúnta Cócó, arb í an t‑údarás is airde san Eagraíocht í;
(b)Fochomhlachtaí na Comhairle, lena gcuimsítear an Coiste Riaracháin agus Airgeadais, an Coiste Eacnamaíochta, an Bord Comhairleach um Gheilleagar Cócó an Domhain, agus aon choiste eile arna bhunú ag an gComhairle; agus
(c)An Rúnaíocht ag ceanncheathrú na hEagraíochta;
(d)Oifigí réigiúnacha a d’fhéadfadh an Chomhairle a bhunú.
Airteagal 4Ballraíocht san Eagraíocht
1. Beidh gach Páirtí Conarthach ina Chomhalta den Eagraíocht.
2. Beidh dhá chatagóir Comhaltaí den Eagraíocht ann, mar atá:
(a) Comhaltaí is onnmhaireoirí; agus
(b)Comhaltaí is allmhaireoirí.
3. Féadfaidh Comhalta a chatagóir a athrú ar cibé coinníollacha a fhéadfaidh an Chomhairle a bhunú.
4. Féadfaidh dhá Pháirtí Chonarthacha nó níos mó, trí fhógra iomchuí a thabhairt don Chomhairle agus don Taiscí, rud a thiocfaidh i bhfeidhm an dáta a shonróidh na Páirtithe Conarthacha lena mbaineann agus ar choinníollacha a chomhaontóidh an Chomhairle, a dhearbhú go rannpháirtíonn siad san Eagraíocht mar Ghrúpa Comhaltaí.
5. Aon tagairt sa Chomhaontú seo do ‘Rialtas’ nó do ‘Rialtais’, forléireofar í mar thagairt a fholaíonn an tAontas Eorpach agus aon eagraíocht idir-rialtasach ag a bhfuil freagrachtaí inchomparáide i leith comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidliú, a thabhairt i gcrích agus a chur chun feidhme, go háirithe comhaontuithe tráchtearraí. Dá réir sin, aon tagairt sa Chomhaontú seo do shíniú, do dhaingniú, do ghlacadh nó d’fhormheas, nó d’fhógra um chur i bhfeidhm sealadach nó d’aontachas, i gcás eagraíochtaí idir-rialtasacha den sórt sin, forléireofar í mar thagairt a fholaíonn tagairt do shíniú, do dhaingniú, do ghlacadh nó d’fhormheas, nó d’fhógra um chur i bhfeidhm sealadach, nó d’aontachas, arna déanamh ag na heagraíochtaí idir-rialtasacha sin.
6. I gcás na vótála ar ábhair laistigh dá raon inniúlachta, vótálfaidh na heagraíochtaí idir-rialtasacha sin le líon vótaí a bheidh cothrom leis an líon iomlán vótaí is inchurtha i leith a mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 10. I gcásanna den sórt sin, ní fheidhmeoidh Ballstáit na n‑eagraíochtaí idir-rialtasacha sin a gcearta vótála aonair.
Airteagal 5
Pribhléidí agus díolúintí
1. Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an Eagraíocht. Beidh inniúlacht chonarthach go háirithe aici maidir le maoin inchorraithe agus le maoin dhochorraithe, chun maoin den sórt sin a fháil agus a dhiúscairt agus chun imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh.
2. Beidh stádas, pribhléidí agus díolúintí na hEagraíochta, a Stiúrthóra Feidhmiúcháin, a foirne, a saineolaithe agus ionadaithe na gComhaltaí, agus iad i gcríoch an stáit óstaigh chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú, faoi rialú an Chomhaontaithe Ceanncheathrún a tugadh i gcrích idir an tír óstach agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta Cócó.
3. Beidh an Comhaontú Ceanncheathrún dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo neamhspleách ar an gComhaontú seo. Mar sin féin, foirceannfar an Comhaontú sin:
(a) De bhun fhorálacha an Chomhaontaithe Ceanncheathrún réamhráite;
(b)I gcás ina n‑aistreofar ceanncheathrú na hEagraíochta ó chríoch an Rialtais óstaigh; nó
(c)I gcás ina scoirfidh an Eagraíocht de bheith ann.
4. Féadfaidh an Eagraíocht comhaontuithe a thabhairt i gcrích le haon Chomhalta amháin eile nó níos mó, ar comhaontuithe iad a bheidh le formheas ag an gComhairle agus a bhainfidh le cibé pribhléidí agus díolúintí a bhféadfaidh gá a bheith leo chun go bhfeidhmeoidh an Comhaontú seo go cuí.
Caibidil IV
An Chomhairle Idirnáisiúnta Cócó
Airteagal 6
Comhdhéanamh na Comhairle Idirnáisiúnta Cócó
1. Beidh an Chomhairle Idirnáisiúnta Cócó comhdhéanta de Chomhaltaí uile na hEagraíochta.
2. Ag cruinnithe na Comhairle, déanfaidh toscairí atá creidiúnaithe go cuí ionadaíocht ar na Comhaltaí.
Airteagal 7Cumhachtaí agus feidhmeanna na Comhairle
1. Feidhmeoidh an Chomhairle na cumhachtaí sin uile agus comhlíonfaidh sí, nó socróidh sí go gcomhlíonfar na feidhmeanna sin uile is gá chun forálacha sainráite an Chomhaontaithe seo a chomhlíonadh.
2. Ní bheidh sé de chumhacht ag an gComhairle, ná ní mheasfar í a bheith údaraithe ag na Comhaltaí, aon oibleagáid lasmuigh de raon feidhme an Chomhaontaithe seo a thabhú; go háirithe, ní bheidh an inniúlacht ag an Eagraíocht airgead a fháil ar iasacht. I bhfeidhmiú a hinniúlachta conarthaí di, déanfaidh an Chomhairle téarmaí na forála seo agus d’Airteagal 23 a chorprú ina conarthaí ar shlí a gcuirfear ar a súile iad do na páirtithe eile a bheidh ag déanamh conarthaí leis an gComhairle, ach ní dhéanfar conradh den sórt sin neamhbhailí ná ní fhágfar gur conradh ultra vires atá ann de dheasca aon mhainneachtain téarmaí den sórt sin a chorprú.
3. Glacfaidh an Chomhairle cibé rialacha agus rialacháin is gá chun forálacha an Chomhaontaithe seo a chomhlíonadh agus beidh siad comhsheasmhach leis na forálacha sin, lena n‑áirítear a rialacha nós imeachta agus rialacha nós imeachta a cuid coistí, agus rialacháin airgeadais agus foirne na hEagraíochta. Féadfaidh an Chomhairle, ina rialacha nós imeachta, foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta ar dá réir a fhéadfaidh sí, gan chruinniú, ceisteanna sonracha a chinneadh.
4. Coimeádfaidh an Chomhairle cibé taifid is gá chun a feidhmeanna faoin gComhaontú seo a chomhlíonadh, agus cibé taifid eile is cuí dar léi.
5. Féadfaidh an Chomhairle aon mheitheal nó meithleacha a chur ar bun de réir mar is iomchuí chun cúnamh a thabhairt di a cúram a chomhlíonadh.
Airteagal 8
Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach na Comhairle
1. Toghfaidh an Chomhairle Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach le haghaidh gach bliana cócó, nach mbeidh á n‑íoc ag an Eagraíocht.
2. I gcás ina dtoghfar an Cathaoirleach as measc ionadaithe na gComhaltaí is onnmhaireoirí, toghfar an Leas-Chathaoirleach ó ionadaithe na gComhaltaí is allmhaireoirí, agus vice versa. Malartófar na poist sin gach bliain chócó idir an dá chatagóir.
3. Más rud é go mbeidh an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach araon as láthair go sealadach nó má bhíonn duine amháin nó an bheirt acu as láthair go buan, féadfaidh an Chomhairle oifigigh nua a thoghadh as measc ionadaithe na gComhaltaí is onnmhaireoirí nó as measc ionadaithe na gComhaltaí is allmhaireoirí, de réir mar is iomchuí, ar bhonn sealadach nó buan de réir mar ba ghá.
4. Ní vótálfaidh an Cathaoirleach ná aon oifigeach eile a bheidh i gceannas ag cruinnithe na Comhairle. Féadfaidh comhalta dá dtoscaireacht cearta vótála an Chomhalta ar a ndéanann sé ionadaíocht a fheidhmiú.
Airteagal 9Seisiúin na Comhairle
1. Mar riail ghinearálta, tionólfaidh an Chomhairle aon seisiún tráthrialta amháin i ngach leath den bhliain chócó.
2. Tiocfaidh an Chomhairle le chéile i seisiún ar leith aon uair a chinnfidh sí déanamh amhlaidh nó arna iarraidh sin:
(a) D’aon chúigear Comhaltaí;
(b)Do bheirt Chomhaltaí a bhfuil 200 vóta an duine ar a laghad acu;
(c)Don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, chun críocha Airteagail 22 agus 60.
3. Tabharfar fógra faoi sheisiúin 30 lá féilire ar a laghad roimh ré, seachas i gcás éigeandála, agus is é 15 lá ar a laghad a thabharfar mar fhógra.
4. Tionólfar seisiúin i gceanncheathrú na hEagraíochta mura gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt. Más rud é, arna iarraidh sin d’aon Chomhalta, go gcinneann an Chomhairle teacht le chéile in áit eile seachas ag an gceanncheathrú, íocfaidh an Comhalta sin as na costais bhreise a bheidh i gceist, i gcomparáid leis an gcaiteachas a sheasann an Rúnaíocht de ghnáth.
5. Is féidir leis an gComhairle teacht le chéile i seisiúin fhíorúla nó hibrideacha cibé uair a chinnfidh sí amhlaidh nó arna iarraidh sin do bheirt Chomhaltaí ar a laghad a bhfuil 200 vóta an duine ar a laghad acu.
Airteagal 10
Vótaí
1. Beidh 1 000 vóta ag na Comhaltaí is onnmhaireoirí in éineacht le chéile agus beidh 1 000 vóta ag na Comhaltaí is allmhaireoirí in éineacht le chéile, arna ndáileadh laistigh de gach catagóir Comhaltaí – is é sin, Comhaltaí is onnmhaireoirí agus Comhaltaí is allmhaireoirí, faoi seach – i gcomhréir leis na míreanna seo a leanas den Airteagal seo.
2. Le haghaidh gach bliana cócó, dáilfear vótaí na gComhaltaí is onnmhaireoirí mar a leanas: beidh cúig bhunvóta ag gach Comhalta is onnmhaireoir. Déanfar na vótaí a bheidh fágtha a roinnt i measc na gComhaltaí uile is onnmhaireoirí i gcomhréir le meánmhéid a n‑onnmhairí cócó féin sna 3 bliana cócó roimhe sin ar fhoilsigh an Eagraíocht sonraí ina leith san eagrán is déanaí uaithi de Fheasachán Ráithiúil na Staitisticí Cócó. Chun na críche sin, ríomhfar onnmhairí mar ghlan-onnmhairí pónairí cócó móide glan-onnmhairí táirgí cócó, arna gcomhshó ina gcoibhéis pónairí agus úsáid á baint as na fachtóirí coinbhéartachta mar a shonraítear in Airteagal 34.
3. Le haghaidh gach bliana cócó, dáilfear vótaí na gComhaltaí is allmhaireoirí i measc na gComhaltaí uile is allmhaireoirí i gcomhréir le meánmhéid a n‑allmhairí cócó féin sna 3 bliana cócó roimhe sin ar fhoilsigh an Eagraíocht sonraí ina leith san eagrán is déanaí uaithi d’Fheasachán Ráithiúil na Staitisticí Cócó. Chun na críche sin, ríomhfar allmhairí mar ghlan-allmhairí pónairí cócó móide glan-allmhairí táirgí cócó, arna gcomhshó ina gcoibhéis pónairí agus úsáid á baint as na fachtóirí coinbhéartachta mar a shonraítear in Airteagal 34. Ní bheidh níos lú ná cúig vóta ag aon Bhallstát ar bith. Dá bhrí sin, déanfar cearta vótála na mBallstát a bhfuil níos mó ná an líon íosta vótaí acu a athdháileadh i measc na gComhaltaí a bhfuil níos lú ná an líon íosta vótaí acu.
4. Más rud é, ar chúis ar bith, go mbeadh deacrachtaí ann agus an bonn staidrimh chun vótaí a ríomh i gcomhréir le forálacha mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo á chinneadh nó á thabhairt cothrom le dáta, féadfaidh an Chomhairle bonn staidrimh difriúil a chinneadh chun vótaí a ríomh.
5. Ní bheidh níos mó ná 400 vóta ag aon Chomhalta ar bith seachas acu siúd a luaitear i míreanna 4 agus 5 d’Airteagal 4. Aon líon vótaí os cionn an fhigiúir sin a bheidh ann de thoradh na ríomhanna i míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo, athdháilfear iad i measc na gComhaltaí eile ar bhonn na míreanna sin.
6. I gcás ina dtiocfaidh athrú ar an mballraíocht san Eagraíocht nó i gcás ina ndéanfar cearta vótála Comhalta a chur ar fionraí nó a thabhairt ar ais faoi aon fhoráil den Chomhaontú seo, déanfaidh an Chomhairle foráil maidir leis na vótaí a athdháileadh i gcomhréir leis an Airteagal seo. Beidh vótaí ag an Aontas Eorpach nó ag aon Eagraíocht idir-rialtasach mar a shainmhínítear in Airteagal 4 mar Chomhalta aonair de réir an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 2 nó 3 den Airteagal seo.
7. Ní bheidh aon vóta codánach ann.
Airteagal 11Nós imeachta vótála na Comhairle
1. Beidh gach Comhalta i dteideal an líon vótaí atá aige a chaitheamh agus ní bheidh aon Chomhalta ar bith i dteideal a vótaí a roinnt. Féadfaidh Comhalta, áfach, aon vóta a údaraítear dó a chaitheamh faoi mhír 2 den Airteagal seo a chaitheamh ar shlí a bheidh difriúil leis na vótaí sin.
2. Trí fhógra i scríbhinn a thabhairt do Chathaoirleach na Comhairle, d’fhéadfadh aon Chomhalta is onnmhaireoir aon Chomhalta eile is onnmhaireoir a údarú, agus d’fhéadfadh aon Chomhalta is allmhaireoir aon Chomhalta eile is allmhaireoir a údarú, chun ionadaíocht a dhéanamh ar a leasanna agus a vótaí a chaitheamh ag aon chruinniú den Chomhairle. Sa chás sin ní bheidh feidhm ag an teorainn dá bhforáiltear i mír 5 d’Airteagal 10.
3. Comhalta atá údaraithe ag Comhalta eile chun na vótaí a chaitheamh atá i seilbh an Chomhalta údarúcháin faoi Airteagal 10, caithfidh sé na vótaí sin i gcomhréir le treoracha an Chomhalta údarúcháin.
Airteagal 12Cinntí ón gComhairle
1. Féachfaidh an Chomhairle leis na cinntí uile a dhéanamh agus na moltaí uile a dhéanamh de chomhthoil. Mura féidir comhthoil a bhaint amach, déanfaidh an Chomhairle cinntí agus moltaí trí vóta ar leith, de réir na nósanna imeachta seo a leanas:
(a) Mura bhfaighfear an tromlach lena bhfuil gá tríd an vótáil ar leith mar gheall ar an vóta diúltach ó níos mó ná triúr Comhaltaí is onnmhaireoirí nó ó níos mó ná triúr Comhaltaí is allmhaireoirí, measfar gur diúltaíodh an togra;
(b)Mura bhfaighfear an tromlach lena bhfuil gá tríd an vótáil ar leith mar gheall ar an vóta diúltach ó thriúr Comhaltaí is onnmhaireoirí nó níos lú nó ó thriúr Comhaltaí is allmhaireoirí nó níos lú, déanfar vótáil ar an togra arís laistigh de 48 n‑uair an chloig; agus
(c)Mura bhfaighfear an tromlach lena bhfuil gá tríd an vótáil ar leith arís, measfar gur diúltaíodh an togra;
2. Nuair a bheifear ag teacht ar an líon vótaí is gá le haghaidh aon cheann de chinntí nó de mholtaí na Comhairle, ní chuirfear san áireamh vótaí na gcomhaltaí a staonfaidh ón vótáil.
3. Tá na Comhaltaí tiomanta do ghlacadh le cinntí uile na Comhairle mar chinntí ceangailteacha faoi fhorálacha an Chomhaontaithe seo.
Airteagal 13Comhar le heagraíochtaí eile
1. Déanfaidh an Chomhairle cibé socruithe is iomchuí le haghaidh comhairliúcháin nó comhair leis na Náisiúin Aontaithe agus lena n‑orgáin, go háirithe Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt, agus le hEagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe agus leis na gníomhaireachtaí speisialaithe eile den sórt sin de chuid na Náisiún Aontaithe, na hEagraíochta Domhanda Trádála agus eagraíochtaí idir-rialtasacha de réir mar ab iomchuí.
2. Déanfaidh an Chomhairle, agus ról ar leith Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt sa trádáil idirnáisiúnta tráchtearraí á chur san áireamh, de réir mar is iomchuí, an eagraíocht sin a choimeád ar an eolas faoina gníomhaíochtaí agus faoina cláir oibre.
3. Féadfaidh an Chomhairle nó an Rúnaíocht cibé socruithe is iomchuí a dhéanamh freisin chun teagmháil éifeachtach a choinneáil ar bun le heagraíochtaí náisiúnta feirmeoirí trí struchtúir náisiúnta bainistíochta na hearnála, agus le trádálaithe agus le monaróirí chomh maith.
4. Féachfaidh an Chomhairle leis na gníomhaireachtaí idirnáisiúnta airgeadais agus páirtithe eile a bhfuil leas acu i ngeilleagar cócó an domhain a rannpháirtiú ina cuid oibre maidir le beartas táirgthe agus tomhaltais an chócó.
5. Féadfaidh an Chomhairle féachaint le dul i gcomhar le saineolaithe ábhartha eile in ábhair chócó.
6. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, thar ceann na hEagraíochta, meabhrán tuisceana a dhéanamh maidir le hábhair a bhaineann le comhoibriú le heagraíochtaí eile, ach formheas a fháil roimh ré ón gComhairle.
Airteagal 14Cuireadh agus cead isteach a thabhairt do bhreathnóirí
1. Féadfaidh an Chomhairle cuireadh a thabhairt d’aon Stát nach Ballstát é freastal ar aon cheann dá cruinnithe mar bhreathnóir.
2. Féadfaidh an Chomhairle cuireadh a thabhairt d’aon cheann de na heagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 13 freastal ar aon cheann dá cruinnithe mar bhreathnóir freisin.
3. Féadfaidh an Chomhairle cuireadh a thabhairt d’eagraíochtaí neamhrialtasacha freisin a bhfuil saineolas ábhartha acu ar ghnéithe d’earnáil an chócó, mar bhreathnóirí.
4. Le haghaidh gach ceann dá seisiúin, déanfaidh an Chomhairle cinneadh maidir le breathnóirí a bheith ag freastal air, lena n‑áirítear, ar bhonn ad hoc, eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhfuil saineolas ábhartha acu ar ghnéithe d’earnáil an chócó, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i rialacha riaracháin na hEagraíochta.
Airteagal 15Córam
1. Is éard a bheidh sa chóram don chruinniú tosaigh d’aon seisiún den Chomhairle cúigear Comhaltaí is onnmhaireoirí ar a laghad agus tromlach de Chomhaltaí is allmhaireoirí a bheith i láthair, ar choinníoll go mbeidh ag na Comhaltaí sin in éineacht le chéile i ngach catagóir dhá thrian ar a laghad de vótaí iomlána na gComhaltaí sa chatagóir sin.
2. Mura mbeidh córam ann i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo an lá a cheapfar don chruinniú tosaigh d’aon seisiún, an dara lá, agus ar feadh a mbeidh fágtha den seisiún, is éard a bheidh sa chóram don seisiún tosaigh Comhaltaí is onnmhaireoirí agus is allmhaireoirí, ag a bhfuil tromlach simplí de na vótaí i ngach catagóir, a bheith i láthair.
3. Is éard a bheidh sa chóram do chruinnithe tar éis an chruinnithe tosaigh d’aon seisiún de bhun mhír 1 den Airteagal seo an córam a fhorordaítear i mír 2 den Airteagal seo.
4. Is i gcomhréir le mír 2 d’Airteagal 11 a mheasfar an ionadaíocht mar láithreacht Comhalta.
Caibidil V
Rúnaíocht na hEagraíochta
Airteagal 16An Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus foireann na hEagraíochta
1. Is éard a bheidh sa Rúnaíocht an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an fhoireann.
2. Ceapfaidh an Chomhairle an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar feadh tréimhse 5 bliana, ar tréimhse í nach bhféadfar a athnuachan ach uair amháin ar feadh téarma 5 bliana eile.
3. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheidh ina phríomhoifigeach riaracháin ar an Eagraíocht agus beidh sé freagrach don Chomhairle as an gComhaontú seo a riar agus a oibriú i gcomhréir le cinntí na Comhairle. I gcás folúntais nó i gcás nach mbeidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i láthair ar feadh tréimhse is faide ná 6 mhí, ceapfaidh an Chomhairle Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach ar an Eagraíocht.
4. Beidh foireann na hEagraíochta freagrach don Stiúrthóir Feidhmiúcháin.
5. Ceapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an fhoireann i gcomhréir le rialacháin a leagfaidh an Chomhairle síos. Agus na rialacháin sin á dtarraingt suas aici, tabharfaidh an Chomhairle aird ar na rialacháin sin a bhaineann le hoifigigh eagraíochtaí idir-rialtasacha comhchosúla. Is ó Chomhaltaí is onnmhaireoirí agus ó Chomhaltaí is allmhaireoirí a dhéanfar ceapacháin foirne, a mhéid is indéanta.
6. Ní bheidh aon leas airgeadais ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ná ag an bhfoireann i dtionscal an chócó, i dtrádáil an chócó, in iompar an chócó ná i bpoiblíocht an chócó.
7. Agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, ní iarrfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ná an fhoireann treoracha ó aon Chomhalta ná ó aon údarás eile lasmuigh den Eagraíocht ná ní bhfaighidh siad treoracha uathu. Staonfaidh siad ó aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith ina léiriú ar a bpost mar oifigigh idirnáisiúnta atá freagrach don Eagraíocht agus di sin amháin. Geallann gach Comhalta go urramóidh sé idirnáisiúnachas na bhfreagrachtaí atá ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus ar an bhfoireann, gur freagrachtaí idirnáisiúnta agus é sin amháin atá iontu, agus nach bhféachfaidh sé le tionchar a oibriú orthu sin i gcomhlíonadh a bhfreagrachtaí acu.
8. Ní nochtfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ná foireann na hEagraíochta aon fhaisnéis a bhaineann le hoibriú nó riar an Chomhaontaithe seo, ach amháin de réir mar a d’fhéadfadh an Chomhairle údarú a thabhairt ina leith nó de réir mar is gá chun a ndualgais a chomhlíonadh go cuí faoin gComhaontú seo.
Airteagal 17Clár oibre
1. Ag an gcéad seisiún den Chomhairle, tar éis theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe seo, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin plean straitéiseach 5 bliana faoi bhráid na Comhairle lena athbhreithniú agus lena fhormheas. Aon bhliain amháin sula rachaidh an plean straitéiseach 5 bliana in éag, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréacht nua den phlean straitéiseach 5 bliana faoi bhráid na Comhairle.
2. Ag a seisiún deiridh de gach bliain chócó, agus arna mholadh sin don Choiste Eacnamaíochta, glacfaidh an Chomhairle clár oibre don Eagraíocht don bhliain atá le teacht arna ullmhú ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Áireofar sa chlár oibre tionscadail, tionscnaimh agus gníomhaíochtaí a ghabhfaidh an Eagraíocht de láimh. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chuirfidh an clár oibre chun feidhme.
3. Le linn a chruinnithe deiridh de gach bliain chócó, déanfaidh an Coiste Eacnamaíochta meastóireacht ar chur chun feidhme an chláir oibre don bhliain reatha ar bhonn tuarascála ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Tuairisceoidh an Coiste Eacnamaíochta a thorthaí don Chomhairle.
Airteagal 18Tuarascáil bhliantúil
Foilseoidh an Chomhairle tuarascáil bhliantúil.
Caibidil VI
An Coiste Riaracháin agus Airgeadais
Airteagal 19An Coiste Riaracháin agus Airgeadais a Bhunú
1. Bunaítear Coiste Riaracháin agus Airgeadais leis seo. Déanfaidh an Coiste an méid seo a leanas:
(a) Maoirseacht, ar bhonn togra buiséid arna chur i láthair ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar ullmhú an dréachtbhuiséid riaracháin a bheidh le cur faoi bhráid na Comhairle;
(b)Aon chúram riaracháin agus airgeadais eile a shannfaidh an Chomhairle dó a dhéanamh, lena n‑áirítear faireachán a dhéanamh ar ioncam agus ar chaiteachas agus ar ábhair a bhaineann le riar na hEagraíochta.
2. Cuirfidh an Coiste Riaracháin agus Airgeadais moltaí faoi bhráid na Comhairle maidir leis na hábhair thuasluaite.
3. Leagfaidh an Chomhairle síos rialacha agus rialacháin an Choiste Riaracháin agus Airgeadais.
Airteagal 20Comhdhéanamh an Choiste Riaracháin agus Airgeadais
1. Seisear Comhaltaí is onnmhaireoirí agus seisear Comhaltaí is allmhaireoirí a bheidh sa Choiste Riaracháin agus Airgeadais.
2. Ceapfaidh gach Comhalta den Choiste Riaracháin agus Airgeadais ionadaí amháin ar an gComhairle agus más mian leis é, ionadaí malartach amháin nó níos mó. Is í an Chomhairle a thoghfaidh na Comhaltaí i ngach catagóir. Mairfidh an bhallraíocht ar feadh tréimhse 2 bhliain, ar bhonn in-athnuaite.
3. Toghfaidh an Chomhairle an Cathaoirleach agus an Leaschathaoirleach as measc ionadaithe an Choiste Riaracháin agus Airgeadais, ar feadh tréimhse 2 bhliain. Malartófar poist an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh idir Comhaltaí is onnmhaireoirí agus Comhaltaí is allmhaireoirí. Ní íocfar an Cathaoirleach ná an Leaschathaoirleach.
Airteagal 21Cruinnithe an Choiste Riaracháin agus Airgeadais
1. Beidh cruinnithe an Choiste Riaracháin agus Airgeadais ar oscailt do na Comhaltaí eile uile den Eagraíocht mar bhreathnóirí.
2. Tiocfaidh an Coiste Riaracháin agus Airgeadais le chéile ag ceanncheathrú na hEagraíochta de ghnáth, mura gcinnfidh sé a mhalairt. Más rud é, arna iarraidh sin d’aon Chomhalta, go gcinneann an Coiste Riaracháin agus Airgeadais teacht le chéile in áit eile seachas ag ceanncheathrú na hEagraíochta, íocfaidh an Comhalta sin as na costais bhreise a bheidh i gceist, mar a shainítear i rialacha riaracháin na hEagraíochta.
3. Tiocfaidh an Coiste Riaracháin agus Airgeadais le chéile faoi dhó sa bhliain de ghnáth agus tuairisceoidh sé ar a chuid imeachtaí don Chomhairle.
4. Is féidir leis an gCoiste Riaracháin agus Airgeadais teacht le chéile i seisiúin fhíorúla nó hibrideacha cibé uair a chinnfidh sé amhlaidh nó arna iarraidh sin do bheirt Chomhaltaí ar a laghad a bhfuil 200 vóta an duine ar a laghad acu.
Caibidil VII
Airgeadas
Airteagal 22
Airgeadas
1. Coimeádfar cuntas riaracháin chun an Comhaontú seo a riar. Na speansais is gá chun an Comhaontú seo a riar, tabharfar isteach sa chuntas riaracháin iad agus íocfar astu trí ranníocaíochtaí bliantúla ó Chomhaltaí a ndéanfar measúnú orthu i gcomhréir le forálacha Airteagal 24. Más rud é, áfach, go n‑iarrfaidh Comhalta seirbhísí ar leith, féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go n‑aontóidh sí don iarraidh agus cuirfidh sí de cheangal ar an gComhalta sin íoc astu.
2. Féadfaidh an Chomhairle a údarú a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntais a oscailt ar leithligh chun críoch shonrach i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe seo. Maoineofar na cuntais sin trí ranníocaíochtaí deonacha ó Chomhaltaí agus ó chomhlachtaí eile.
3. Beidh bliain airgeadais na hEagraíochta mar an gcéanna leis an mbliain chócó.
4. Speansais na dtoscaireachtaí chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Riaracháin agus Airgeadais, chuig an gCoiste Eacnamaíochta agus chuig aon cheann de Choistí nó de Mheithleacha na Comhairle, is iad na Comhaltaí lena mbaineann a sheasfaidh na speansais sin.
5. Más rud é nach leormhaith staid airgeadais na hEagraíochta, nó más cosúil nach leormhaith í chun an chuid atá fágtha den bhliain chócó a mhaoiniú, glaofaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin seisiún ar leith den Chomhairle laistigh de 15 lá mura bhfuil sé sceidealaithe go dtiocfaidh an Chomhairle le chéile ar shlí eile laistigh de 30 lá féilire.
Airteagal 23Dliteanais na gComhaltaí
Tá dliteanas Comhalta i leith na Comhairle agus Comhaltaí eile teoranta do mhéid a oibleagáidí maidir le ranníocaíochtaí dá bhforáiltear go sonrach sa Chomhaontú seo. Maidir le tríú páirtithe a bheidh ag déileáil leis an gComhairle, measfar fógra a bheith tugtha dóibh faoi fhorálacha an Chomhaontaithe seo maidir le cumhachtaí na Comhairle agus le hoibleagáidí na gComhaltaí, go háirithe, mír 2 d’Airteagal 7 agus an chéad abairt den Airteagal seo.
Airteagal 24
An buiséad riaracháin a fhormheas agus measúnú a dhéanamh ar ranníocaíochtaí
1. Formheasfaidh an Chomhairle formáid an bhuiséid riaracháin.
2. Le linn an dara leath de gach bliain airgeadais, formheasfaidh an Chomhairle buiséad riaracháin na hEagraíochta le haghaidh na bliana airgeadais ina dhiaidh sin, agus déanfaidh sí measúnú ar ranníocaíocht gach Comhalta leis an mBuiséad sin.
3. Beidh ranníocaíocht gach Comhalta leis an mbuiséad riaracháin le haghaidh gach bliain airgeadais i gcomhréir leis an gcoibhneas, idir a líon vótaí tráth formheasta an bhuiséid riaracháin don bhliain airgeadais sin, agus vótaí iomlána na gComhaltaí uile. Chun measúnú a dhéanamh ar ranníocaíochtaí, ríomhfar vótaí gach Comhalta gan beann ar fhionraí na gceart vótála ag aon Chomhalta ná ar aon athdháileadh vótaí dá thoradh sin.
4. An ranníocaíocht tosaigh ó aon Chomhalta a thiocfaidh isteach san Eagraíocht tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, déanfaidh an Chomhairle measúnú uirthi ar bhonn an lín vótaí atá le bheith i seilbh an Chomhalta sin agus thréimhse iomlán na bliana airgeadais reatha, ach ní athrófar an measúnú a rinneadh ar Chomhaltaí eile le haghaidh na bliana airgeadais reatha.
5. Má thagann an Comhaontú seo i bhfeidhm roimh thús na chéad bhliana airgeadais iomláine, formheasfaidh an Chomhairle, ag an chéad seisiún dá cuid, buiséad riaracháin lena gcumhdófar an tréimhse suas le tús na chéad bhliana airgeadais iomláine.
Airteagal 25Ranníocaíochtaí a íoc leis an mbuiséad riaracháin
1. Beidh ranníocaíochtaí leis an mbuiséad riaracháin le haghaidh gach bliain airgeadais dlite ar an gcéad lá den bhliain airgeadais sin, beidh siad iníoctha in airgeadraí atá inmhalartaithe go héasca agus beidh siad díolmhaithe ó shrianta malairte eachtraí. Ranníocaíochtaí ó Chomhaltaí i leith na bliana airgeadais ina dtagann siad isteach san Eagraíocht, beidh siad dlite an dáta a bheidh siad ina gComhaltaí.
2. Beidh ranníocaíochtaí leis an mbuiséad riaracháin arna fhormheas faoi mhír 4 d’Airteagal 24 iníoctha laistigh de 3 mhí ó dháta an mheasúnaithe.
3. Más rud é, ag deireadh 2 mhí tar éis thús na bliana airgeadais nó, i gcás Comhalta nua, 1 mhí amháin tar éis don Chomhairle measúnú a dhéanamh ar a ranníocaíocht, nach mbeidh a ranníocaíocht iomlán leis an mbuiséad riaracháin íoctha ag Comhalta, iarrfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an gComhalta sin íocaíocht a dhéanamh chomh tapa agus is féidir. Más rud é, ag deireadh míosa tar éis an iarraidh a fháil ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, nach mbeidh a ranníocaíocht íoctha ag an gComhalta sin fós, déanfar cearta vótála an Chomhalta sin sa Chomhairle, sa Choiste Riaracháin agus Airgeadais agus sa Choiste Eacnamaíochta a chur ar fionraí go dtí go mbeidh íocaíocht iomlán na ranníocaíochta déanta aige.
4. Comhalta ar cuireadh a chearta vótála ar fionraí faoi mhír 3 den Airteagal seo, ní bhainfear aon cheann dá chearta eile de ná ní scaoilfear ó aon cheann dá oibleagáidí faoin gComhaontú seo é mura gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt. Leanfaidh sé de bheith faoi dhliteanas a ranníocaíocht a íoc agus aon oibleagáid airgeadais eile faoin gComhaontú seo a chomhlíonadh.
5. Measfaidh an Chomhairle ceist na ballraíochta maidir le haon Chomhalta a bhfuil ranníocaíochtaí 2 bhliain gan íoc aige, agus féadfaidh sí a chinneadh go scoirfidh an Comhalta sin de bheith ag tairbhiú de na cearta ballraíochta agus/nó go scoirfear de mheasúnú a dhéanamh air chun críoch bhuiséadach. Leanfaidh sé de bheith faoi dhliteanas aon cheann eile dá oibleagáidí airgeadais faoin gComhaontú seo a chomhlíonadh. Trí na riaráistí a íoc, gheobhaidh an Feisire na cearta ballraíochta ar ais. Aon íocaíocht a dhéanann Comhaltaí atá i riaráiste, cuirfear chun sochair na riaráistí sin ar dtús í, seachas chun sochair ranníocaíochtaí reatha.
Airteagal 26Cuntais a iniúchadh agus a fhoilsiú
1. A luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dheireadh gach bliana airgeadais, déanfar iniúchadh ar ráiteas cuntas na hEagraíochta don bhliain airgeadais sin agus ar an gclár comhardaithe i ndeireadh na bliana airgeadais sin faoi na cuntais dá dtagraítear in Airteagal 22. Is é iniúchóir neamhspleách a bhfuil gradam aitheanta aige a dhéanfaidh an t‑iniúchadh, agus toghfaidh an Chomhairle é le haghaidh gach bliana airgeadais.
2. Leagfar síos i rialacháin airgeadais na hEagraíochta téarmaí ceapacháin an iniúchóra neamhspleách a bhfuil gradam aitheanta aige, chomh maith le hintinn agus cuspóirí an iniúchta. Cuirfear an ráiteas iniúchta ar chuntais na hEagraíochta agus an clár comhardaithe iniúchta faoi bhráid na Comhairle ag an gcéad seisiún tráthrialta eile dá cuid lena bhformheas.
3. Déanfar an ráiteas iniúchta arna fhormheas ag an gComhairle a fhoilsiú laistigh d’aon mhí amháin ón gcruinniú ar formheasadh lena linn é.
Caibidil VIII
An Coiste Eacnamaíochta
Airteagal 27An Coiste Eacnamaíochta a bhunú
1. Bunaítear Coiste Eacnamaíochta leis seo. Déanfaidh an Coiste Eacnamaíochta an méid seo a leanas:
(a) Athbhreithniú ar staitisticí cócó agus anailísí staitistiúla ar tháirgeadh agus ar thomhaltas cócó, ar stoic agus ábhair mheilte, trádáil idirnáisiúnta agus praghsanna cócó;
(b)Scrúdú ar anailísí ar threochtaí margaidh agus ar thosca eile a bhfuil tionchar acu ar threochtaí den sórt sin, ag féachaint go háirithe do sholáthar an chócó agus don éileamh air, lena n‑áirítear éifeacht úsáid na n‑ionadach d’im cócó ar thomhaltas agus ar thrádáil idirnáisiúnta an chócó;
(c)Anailís ar fhaisnéis maidir le rochtain ar an margadh don chócó agus do tháirgí cócó i dtíortha is táirgeoirí agus i dtíortha tomhaltais lena n‑áirítear faisnéis maidir le bacainní taraife agus neamhtharaifí chomh maith leis na gníomhaíochtaí a ghabhann na Comhaltaí de láimh d’fhonn díchur na mbacainní trádála a chur chun cinn;
(d)Scrúdú ar thionscadail lena maoiniú ag deontóirí iltaobhacha agus déthaobhacha agus iad a mholadh don Chomhairle;
(e) Aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna maidir le gné eacnamaíoch na forbartha inbhuanaithe i ngeilleagar an chócó;;
(f) Athbhreithniú ar dhréachtchlár oibre bliantúil na hEagraíochta i gcomhar leis an gCoiste Riaracháin agus Airgeadais de réir mar is iomchuí;
(g) Comhdhálacha agus seimineáir idirnáisiúnta cócó a ullmhú, arna iarraidh sin don Chomhairle;
(h) Athbhreithniú ar Fheasacháin Ráithiúla na Staitisticí Cócó arna n‑ullmhú ag an Rúnaíocht;
(i) Déileáil le haon ábhar eile de réir mar a fhormheasfaidh an Chomhairle.
2. Cuirfidh an Coiste Eacnamaíochta moltaí faoi bhráid na Comhairle i dtaobh na n‑ábhar thuasluaite.
3. Leagfaidh an Chomhairle síos rialacha agus rialacháin an Choiste Eacnamaíochta.
Airteagal 28Comhdhéanamh an Choiste Eacnamaíochta
1. Beidh an Coiste Eacnamaíochta oscailte do na Comhaltaí uile den Eagraíocht.
2. Toghfar Cathaoirleach agus Leaschathaoirleach an Choiste Eacnamaíochta agus Shóisialta as measc na gComhaltaí ar feadh tréimhse neamh-inathnuaite 2 bhliain. Malartófar poist an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh idir Comhaltaí is onnmhaireoirí agus Comhaltaí is allmhaireoirí. Ní íocfar an Cathaoirleach ná an Leaschathaoirleach.
Airteagal 29Cruinnithe an Choiste Eacnamaíochta
1. Tiocfaidh an Coiste Eacnamaíochta le chéile ag ceanncheathrú na hEagraíochta de ghnáth, mura gcinnfidh sé a mhalairt. Más rud é, arna iarraidh sin d’aon Chomhalta, go gcinneann an Coiste Eacnamaíochta teacht le chéile in áit eile seachas ag ceanncheathrú na hEagraíochta, íocfaidh an Comhalta sin as na costais bhreise a bheidh i gceist, mar a shainítear i rialacha riaracháin na hEagraíochta.
2. Tiocfaidh an Coiste Eacnamaíochta le chéile faoi dhó sa bhliain de ghnáth i gcomhthráth le seisiúin na Comhairle. Tuairisceoidh an Coiste Eacnamaíochta ar a chuid imeachtaí don Chomhairle.
3. Is féidir leis an gCoiste Eacnamaíochta teacht le chéile i seisiúin fhíorúla nó hibrideacha cibé uair a chinnfidh sé amhlaidh nó arna iarraidh sin do bheirt Chomhaltaí ar a laghad a bhfuil 200 vóta an duine ar a laghad acu.
Caibidil IX
Trédhearcacht margaidh
Airteagal 30Faisnéis agus trédhearcacht margaidh
1. Gníomhóidh an Eagraíocht mar lárionad faisnéise domhanda chun faisnéis agus staidéir staitistiúla ar na hábhair uile a bhaineann le cócó agus táirgí cócó a bhailiú, a chomhthiomsú, a mhalartú agus a scaipeadh go héifeachtúil. Chuige sin, déanfaidh an Eagraíocht an méid seo a leanas:
(a) Faisnéis staidrimh cothrom le dáta a choinneáil ar bun maidir le táirgeadh domhanda, ábhair mheilte, tomhaltas, onnmhairí, ath-onnmhairí, allmhairí, praghsanna agus stoic chócó agus táirgí cócó;
(b)Faisnéis theicniúil a iarraidh, de réir mar is iomchuí, maidir le saothrú, margú, iompar, próiseáil, úsáid agus tomhaltas an chócó.
2. Féadfaidh an Chomhairle a iarraidh ar Chomhaltaí an fhaisnéis a bhaineann le cócó atá riachtanach dá fheidhmiú dar léi a sholáthar, lena n‑áirítear faisnéis maidir le beartais rialtais, cánachas, caighdeáin, rialacháin agus reachtaíocht náisiúnta a bhaineann le cócó.
3. Chun trédhearcacht margaidh a chur chun cinn, déanfaidh na Comhaltaí, a mhéid is féidir, na staitisticí ábhartha a sholáthar don Stiúrthóir Feidhmiúcháin laistigh de thréimhse réasúnach agus ar mhodh lena ngabhfaidh an oiread mionsonraí agus a bheidh chomh cruinn agus is indéanta.
4. Má mhainníonn Comhalta faisnéis staidrimh a sholáthar, nó más deacair leis í a sholáthar laistigh de thréimhse réasúnach, ar faisnéis í atá de dhíth ar an gComhairle chun go bhfeidhmeoidh an Eagraíocht go cuí, iarrfaidh an Chomhairle ar an gComhalta lena mbaineann míniú a thabhairt ar na cúiseanna atá leis an neamhchomhlíonadh. Má chinntear go bhfuil gá le cúnamh sa cheist, féadfaidh an Chomhairle na bearta tacaíochta lena bhfuil gá a thairiscint chun na deacrachtaí atá ann cheana a shárú.
5. Foilseoidh an Rúnaíocht ar dháta iomchuí, ach faoi dhó ar a laghad i ngach bliain chócó, réamh-mheastacháin maidir le táirgeadh an chócó agus ábhair mheilte chócó agus stoic chócó. Ní ceadmhach don Rúnaíocht aon fhaisnéis a fhoilsiú lenar dócha go nochtfaí oibriú daoine aonair nó eintiteas tráchtála a tháirgeann, a stocálann, a phróiseálann nó a dháileann cócó. Is ceadmhach don Rúnaíocht faisnéis ábhartha ó fhoinsí oifigiúla eile a úsáid chun éabhlóid an mhargaidh a leanúint chomh maith le measúnú nó meastóireacht a dhéanamh ar na leibhéil táirgthe agus tomhaltais cócó atá ann faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.
Airteagal 31Stoic
1. Chun measúnú ar stoic cócó an domhain a éascú d’fhonn trédhearcacht níos fearr sa mhargadh a áirithiú, soláthróidh gach Comhalta faisnéis don Rúnaíocht maidir le stoic pónairí cócó agus táirgí cócó atá ina sheilbh ina thír.
2. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na bearta is gá chun comhar iomlán na hearnála príobháidí a fháil sa chleachtadh sin, agus na saincheisteanna rúndachta a bhaineann leis an bhfaisnéis sin á n‑urramú go hiomlán aige. Rachaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i gcomhar leis an Rialtas ábhartha chun na sonraí a fháil.
3. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuarascáil bhliantúil don Choiste Eacnamaíochta maidir leis an bhfaisnéis a fhaightear ar leibhéil stoc na bpónairí cócó agus na dtáirgí cócó ar fud an domhain.
Airteagal 32Ionadaigh chócó
1. Aithníonn na Comhaltaí go bhféadfadh éifeachtaí diúltacha a bheith ag úsáid na n‑ionadach ó thaobh tomhaltas an chócó a leathnú agus geilleagar inbhuanaithe cócó a fhorbairt de. Maidir leis sin, tabharfaidh na Comhaltaí lánaird ar mholtaí agus ar chinntí na gcomhlachtaí inniúla idirnáisiúnta, amhail forálacha Codex Alimentarius.
2. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuarascálacha bliantúla don Choiste Eacnamaíochta maidir le forbairt na staide. Ar bhonn na dtuarascálacha sin, déanfaidh an Coiste Eacnamaíochta measúnú ar an staid agus, más gá, moltaí a chur faoi bhráid na Comhairle le haghaidh cinntí iomchuí.
Airteagal 33Praghas táscach
1. Chun críocha an Chomhaontaithe seo agus, go háirithe, chun faireachán a dhéanamh ar éabhlóid mhargadh an chócó, ríomhfaidh agus foilseoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin praghas táscach laethúil na hEagraíochta Idirnáisiúnta Cócó ar phónairí cócó. Sloinnfear an praghas sin i ndollair na Stát Aontaithe in aghaidh an tona agus in Euro agus i bPuint Steirling in aghaidh an tona chomh maith.
2. Is éard a bheidh i bpraghas táscach ICCO meán na luachana laethúla le haghaidh pónairí cócó sna 3 mhí is cóngaraí den trádáil ghníomhach i dtodhchaíochtaí ar mhargadh Londan (ICE Futures Europe) agus ar mhargadh Nua-Eabhrac (ICE Futures US) tráth dhúnadh mhargadh Londan. Déanfar praghsanna Londan a chomhshó i ndollair na Stát Aontaithe in aghaidh an tona trí úsáid a bhaint as an ráta réamh-mhalairte reatha 6 mhí i Londain ag an am dúnta. Déanfar meán phraghsanna Londan agus Nua-Eabhrac arna n‑ainmniú i ndollair na Stát Aontaithe a chomhshó ina choibhéisí Euro agus Puint Sterling trí úsáid a bhaint as na spotrátaí malairte i Londain ag an am dúnta. Cinnfidh an Chomhairle modh an ríomha a bheidh le húsáid i gcás nach mbeidh na luachana ar fáil ach ar cheann amháin den dá mhargadh cócó sin nó i gcás ina mbeidh a bheidh margadh Mhalartán Eachtrach Londan dúnta. An t‑am a bheidh i gceist chun aistriú chuig an gcéad tréimhse 3 mhí eile, sin é an 15ú lá den mhí díreach roimh an mí aibíochta ghníomhach is cóngaraí.
3. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go mbainfear úsáid as aon mhodh eile chun praghas táscach ICCO a ríomh más sásúla an modh eile sin dar léi ná an modh a fhorordaítear san Airteagal seo.
Airteagal 34Fachtóirí coinbhéartachta
1. Chun coibhéis na bpónairí cócó a chinneadh i leith táirgí cócó, is iad seo a leanas na fachtóirí coinbhéartachta a bheidh ann: im cócó 1,33; cáca cócó agus púdar 1,18; taos/licéar cócó agus goba cócó 1,25. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh, más gá, gur táirgí cócó atá i dtáirgí eile ina bhfuil cócó. Na fachtóirí coinbhéartachta le haghaidh táirgí cócó eile nach bhfuil fachtóirí coinbhéartachta leagtha amach ina leith sa mhír seo, is í an Chomhairle a shocróidh iad.
2. Déanfaidh an Chomhairle, cibé uair is gá agus gach 3 bliana ar a laghad, athbhreithniú ar na fachtóirí coinbhéartachta i mír 1 den Airteagal seo.
Airteagal 35Taighde eolaíoch agus forbairt eolaíoch
Déanfaidh an Chomhairle taighde eolaíoch agus forbairt eolaíoch a spreagadh agus a chur chun cinn sna réimsí a bhaineann le táirgeadh cócó, slí bheatha na bhfeirmeoirí, sábháilteacht bia, cáilíocht bia, cothú, inrianaitheacht, athrú aeráide, iompar, stóráil, próiseáil, margaíocht agus tomhaltas chomh maith leis na torthaí a fhaightear sa réimse sin a scaipeadh agus a chur i bhfeidhm go praiticiúil. Chuige sin, féadfaidh an Eagraíocht dul i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta, le hinstitiúidí taighde agus leis an earnáil phríobháideach.
Caibidil X
Forbairt margaidh
Airteagal 36Anailísí ar an margadh
1. Déanfaidh an Coiste Eacnamaíochta anailís ar threochtaí agus ar ionchais i leith na forbartha in earnálacha táirgthe agus tomhaltais an chócó, agus ar aistriú na stoc agus gluaiseacht na bpraghsanna chomh maith, agus sainaithneoidh sé aon mhíchothromaíocht ar an margadh ag céim luath.
2. Ag a chéad seisiún tar éis tús bliana nua cócó, déanfaidh an Coiste Eacnamaíochta scrúdú ar réamhaisnéisí bliantúla maidir le táirgeadh agus tomhaltas domhanda le haghaidh na chéad 5 bliana cócó ina dhiaidh sin. Déanfar athscrúdú agus athbhreithniú ar na réamhaisnéisí a sholáthrófar, más gá, gach bliain.
3. Cuirfidh an Coiste Eacnamaíochta tuarascálacha mionsonraithe faoi bhráid gach seisiúin thráthrialta den Chomhairle. I gcás ina mbeidh coinne le míchothromaíocht, glacfaidh an Chomhairle moltaí arb é is aidhm dóibh cothromaíocht mhargaidh a thabhairt ar ais. Ní ceadmhach, áfach, go gcuirfí deireadh leis an iomaíocht de dheasca na mbeart.
Airteagal 37Próiseáil ag an áit tionscnaimh agus tomhaltas a chur chun cinn
1. Spreagfaidh na Comhaltaí próiseáil áitiúil an chócó ag an áit tionscnaimh, lena n‑áirítear táirgí deiridh, agus cuirfidh siad margaí áitiúla, foréigiúnacha agus réigiúnacha na dtáirgí sin chun cinn.
2. Geallann na Comhaltaí tomhaltas na seacláide agus na dtáirgí cócó a spreagadh agus margaí a fhorbairt le haghaidh an chócó, sna Ballstáit is onnmhaireoirí san áireamh. Beidh gach Comhalta freagrach as na meáin agus na modhanna a úsáideann sé chun na críche sin.
3. Geallann comhaltaí go gcuirfidh siad feabhas ar cháilíocht agus ar shábháilteacht an chócó, agus go n‑áiritheoidh siad an tráth céanna go mbeidh na bearta a dhéantar chuige sin comhsheasmhach le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Caighdeáin Sláintíochta agus Fíteashláintíochta a Chur i bhFeidhm agus leis an gComhaontú maidir le Bacainní Teicniúla ar an Trádáil.
4. Féachfaidh na Comhaltaí uile le deireadh a chur le bacainní intíre ar leathnú thomhaltas an chócó nó chun iad a laghdú go substaintiúil. Maidir leis sin, tabharfaidh na Comhaltaí fógra don Chomhairle faoi na rialacha agus na bearta ábhartha uile.
5. Bunóidh an Coiste Eacnamaíochta clár um ghníomhaíochtaí cur chun cinn na hEagraíochta, ar clár é lena bhféadfaí na nithe seo a leanas a chuimsiú: feachtais faisnéise, duaiseanna, comórtais ealaíne, taighde, fothú acmhainneachta, cúnamh teicniúil agus staidéir a bhaineann le táirgeadh agus tomhaltas an chócó. Féachfaidh an Eagraíocht le comhoibriú na hearnála príobháidí a fháil chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme.
6. Áireofar na gníomhaíochtaí cur chun cinn i gclár oibre bliantúil na hEagraíochta agus d’fhéadfaí iad a mhaoiniú le hacmhainní arna ngealladh ag Comhaltaí, eintitis nach Comhaltaí iad, eagraíochtaí eile agus an earnáil phríobháideach.
7. Geallann na Comhaltaí straitéisí a chur chun feidhme chun inrianaitheacht na bpónairí cócó a áirithiú chomh maith le straitéisí chun cáilíocht an chócó a ráthú.
8. Geallann na comhaltaí ionstraimí a fhorbairt lena ndíreofar ar an tomhaltas a chur chun cinn agus ar luach díola a ghabháil, trí ghnéithe difreálacha a chur i dtábhacht amhail próifílí dea-bholaidh, inbhuanaitheacht agus tionscnamh, i measc nithe eile.
Airteagal 38Staidéir, suirbhéanna agus tuarascálacha
1. Chun cúnamh a thabhairt do na Comhaltaí, spreagfaidh an Chomhairle ullmhú na staidéar, na suirbhéanna, na dtuarascálacha teicniúla agus na ndoiciméad eile maidir le heacnamaíocht tháirgeadh agus dháileadh an chócó, lena n‑áirítear treochtaí agus réamh-mheastacháin, tionchar na mbeart rialtais i dtíortha is onnmhaireoirí agus is allmhaireoirí ar tháirgeadh agus ar thomhaltas an chócó, anailís ar shlabhra luacha an chócó, cuir chuige i leith rioscaí airgeadais agus rioscaí eile a bhainistiú, modhanna chun an nuálaíocht a chur chun cinn trí ionstraimí airgeadais, réitigh dhigiteacha agus teicneolaíocht a aistriú, gnéithe inbhuanaitheachta earnáil an chócó, anailís tionchair ar nós imeachta deimhniúcháin ar fheirmeoirí beaga, deiseanna chun tomhaltas an chócó a leathnú le haghaidh úsáidí agus margaí traidisiúnta agus úsáidí agus margaí nua a d’fhéadfadh a bheith ann, naisc idir cócó agus an tsláinte agus éifeachtaí fheidhmiú an Chomhaontaithe seo ar onnmhaireoirí agus ar allmhaireoirí cócó, agus ar a dtéarmaí trádála chomh maith.
2. Féadfaidh sí staidéir a chur chun cinn freisin ar dócha go rannchuideoidh siad le trédhearcacht níos fearr sa mhargadh agus go n‑éascóidh siad forbairt gheilleagar domhanda cócó a bheidh cothrom agus inbhuanaithe.
3. Chun forálacha mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a chomhlíonadh, glacfaidh an Chomhairle, arna mholadh sin don Choiste Eacnamaíochta, liosta na staidéar, na suirbhéanna agus na dtuarascálacha a áireofar sa chlár oibre bliantúil i gcomhréir le forálacha Airteagal 17 den Chomhaontú seo. D’fhéadfaí na gníomhaíochtaí sin a mhaoiniú ó sholáthairtí laistigh den bhuiséad riaracháin nó ó fhoinsí eile.
Caibidil XI
Cócó ardcháilíochta
Airteagal 39Cócó ardcháilíochta
1. Déanfaidh an Chomhairle, ag an gcéad seisiún a bheidh aici tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, athbhreithniú ar Iarscríbhinn C a ghabhann leis an gComhaontú seo agus, más gá, déanfaidh sí athbhreithniú uirthi trí chion onnmhairí na bpónairí cócó ardcháilíochta a chinneadh, agus an cion sin ina fheidhm d’onnmhairí iomlána na bpónairí cócó, ina n‑onnmhairíonn na tíortha is onnmhaireoirí a liostaítear san Iarscríbhinn pónairí cócó ar pónairí cócó ardcháilíochta amháin nó go páirteach atá iontu Ina dhiaidh sin, féadfaidh an Chomhairle, tráth ar bith le linn shaolré an Chomhaontaithe seo, athscrúdú a dhéanamh ar Iarscríbhinn C agus, más gá, athbhreithniú a dhéanamh uirthi. Lorgóidh an Chomhairle sainchomhairle ar an ábhar sin, de réir mar is iomchuí. Sna cásanna sin, ba cheart a áirithiú, a mhéid is féidir, le comhdhéanamh Phainéal na Saineolaithe go mbeidh cothromaíocht ann idir saineolaithe ó thíortha is allmhaireoirí agus saineolaithe ó thíortha is onnmhaireoirí. Cinnfidh an Chomhairle comhdhéanamh Phainéal na Saineolaithe agus na nósanna imeachta a bheidh le leanúint aige.
2. Féadfaidh an Coiste Eacnamaíochta tograí a dhéanamh go gceapfaidh agus go gcuirfidh an Eagraíocht córas staitisticí chun feidhme maidir le táirgeadh agus trádáil an chócó ardcháilíochta.
3. Agus aird chuí á tabhairt ar an tábhacht a bhaineann le cócó ardcháilíochta, déanfaidh na Comhaltaí tionscadail a bhaineann le cócó ardcháilíochta a scrúdú agus a ghlacadh, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir le forálacha Airteagail 35, 37, 40, 42, 43, 44 agus 45.
Caibidil XII
Tionscadail
Airteagal 40
Tionscadail
1. Féadfaidh na Comhaltaí tograí tionscadail a chur isteach a rannchuidíonn le cuspóirí an Chomhaontaithe seo a bhaint amach mar aon le cuspóirí na réimsí tosaíochta, le haghaidh oibre a shainaithnítear sa phlean straitéiseach 5 bliana dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 17, a bhaint amach.
2. Déanfaidh an Coiste Eacnamaíochta tograí tionscadail a scrúdú agus cuirfidh sé moltaí faoi bhráid na Comhairle, de réir na sásraí agus na nósanna imeachta um thionscadail a chur isteach, a bhreithmheas, a fhormheas, a chur in ord tosaíochta agus a chistiú, mar atá leagtha síos ag an gComhairle. Féadfaidh an Chomhairle, de réir mar is iomchuí, sásraí agus nósanna imeachta a leagan síos maidir le tionscadail a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu, chomh maith lena dtorthaí a scaipeadh go forleathan.
3. Ag gach seisiún den Choiste Eacnamaíochta, tuairisceoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar stádas na dtionscadal uile arna bhformheas ag an gComhairle, lena n‑áirítear na tionscadail sin atá ag feitheamh le maoiniú, atá á gcur chun feidhme, nó atá tugtha i gcrích. Cuirfear achoimre faoi bhráid na Comhairle de bhun mhír 2 d’Airteagal 27.
4. Mar riail ghinearálta, gníomhóidh an Eagraíocht mar chomhlacht maoirseachta le linn fhorghníomhú an tionscadail. Maidir leis na forchostais arna dtabhú ag an Eagraíocht chun tionscadail a ullmhú, a bhainistiú, a mhaoirsiú agus a mheas, áireofar iad i gcostais iomlána na dtionscadal. Ní bheidh na forchostais sin níos mó ná 10 faoin gcéad de chostais iomlána aon tionscadail.
Airteagal 41Caidreamh le deontóirí iltaobhacha agus déthaobhacha
1. Féachfaidh an Eagraíocht le dul i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta, chomh maith le gníomhaireachtaí iltaobhacha agus déthaobhacha ar deontóirí iad, chun maoiniú a fháil do chláir agus do thionscadail ar mhaithe le geilleagar an chócó de réir mar is iomchuí.
2. Ní ghabhfaidh an Eagraíocht de láimh, i gcás ar bith, aon oibleagáid airgeadais a bhaineann le tionscadail, thar a ceann féin ná in ainm na gComhaltaí. Ní bheidh aon Chomhalta ar bith freagrach, mar gheall ar a bhallraíocht san Eagraíocht, as aon dliteanas a bheidh ann de thoradh iasachtaí arna bhfáil nó arna dtabhairt ag aon Chomhalta nó eintiteas eile i dtaca le tionscadail den sórt sin.
Caibidil XIII
Forbairt inbhuanaithe
Airteagal 42Geilleagar inbhuanaithe cócó
1. Déanfaidh na comhaltaí na hiarrachtaí uile is gá chun geilleagar inbhuanaithe cócó a chur i gcrích, agus aird á tabhairt ar phrionsabail agus ar chuspóirí na forbartha inbhuanaithe atá, inter alia, sna comhaontuithe, cláir nó dearbhuithe idirnáisiúnta ábhartha uile a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu.
2. Tabharfaidh an Eagraíocht, arna iarraidh sin, cúnamh do na Comhaltaí chun a spriocanna a chomhlíonadh maidir le geilleagar inbhuanaithe cócó a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 1, mír (f) agus le hAirteagal 2, mír 15, chomh maith le hAirteagail 43, 44 agus 45.
3. Beidh an Eagraíocht ina pointe fócasach le haghaidh idirphlé buan i measc páirtithe leasmhara de réir mar is iomchuí chun forbairt geilleagair inbhuanaithe cócó a chothú.
4. Glacfaidh an Chomhairle cláir agus tionscadail a bhaineann le geilleagar inbhuanaithe cócó agus déanfaidh athbhreithniú go tréimhsiúil orthu, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.
5. Lorgóidh an Eagraíocht cúnamh agus tacaíocht go gníomhach ó dheontóirí iltaobhacha agus déthaobhacha chun cláir, tionscadail agus gníomhaíochtaí a fhorghníomhú arb é is aidhm dóibh geilleagar inbhuanaithe cócó a bhaint amach.
6. Ní dhéanfaidh aon ní sa Chomhaontú seo dochar do chearta ná d’oibleagáidí Chomhaltaí na hEagraíochta Domhanda Trádála faoi Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála.
Airteagal 43Inbhuanaitheacht eacnamaíoch
1. Forbróidh na Comhaltaí beartais agus cláir éifeachtacha chun feabhas a chur ar an táirgiúlacht, an rochtain ar an margadh a fheabhsú agus feabhas a chur ar an trédhearcacht margaidh chun ioncam maireachtála a bhaint amach d’fheirmeoirí cócó.
2. Áiritheoidh na Comhaltaí, trí na beartais agus na cláir sin, go bhfaighidh feirmeoirí cócó praghsanna sochracha ar a gcócó ar mhargaí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta cócó.
3. I gcás meatha shuntasaigh ar phraghsanna cócó, tá na Comhaltaí tiomanta do bheith ag oibriú le chéile chun cúis an mheatha a leigheas, i gcomhréir le hAirteagal 36.
4. Déanfaidh na Comhaltaí creat institiúideach um fhothú acmhainneachta an duine a fhorbairt agus tacú leis an gcreat sin, ar creat é a bheidh ina thacaíocht leis an éagsúlú i measc na dtáirgeoirí cócó, ar an bhfeirm agus lasmuigh den fheirm, chun feabhas a chur ar a n‑athléimneacht airgeadais agus ar a n‑ioncam.
5. Spreagfaidh na Comhaltaí feirmeoirí cócó agus tacóidh siad leo chun eagraíochtaí láidre agus éifeachtúla feirmeoirí a bhunú chun feabhas a chur ar a gcumhachtaí margála ar an margadh chomh maith le margaí nideoige a fhorbairt le haghaidh cócó ar ardchaighdeán chun iad féin a chumhachtú d’fhonn an luach is airde dá gcócó a thuilleamh.
Airteagal 44Inbhuanaitheacht shóisialta
1. Tá na comhaltaí tiomanta d’fheabhas a chur ar chaighdeáin mhaireachtála na dtáirgeoirí cócó, go háirithe ioncam maireachtála agus dálaí oibre na bpobal atá ag gabháil d’earnáil an chócó.
2. Tá na Comhaltaí tiomanta d’fhostú leanaí a chomhrac, agus prionsabail aitheanta agus caighdeáin saothair idirnáisiúnta is infheidhme á gcur san áireamh. Áirítear leis sin gealltanas a thabhairt deireadh a chur leis na cineálacha is measa d’fhostú leanaí.
3. Tá na Comhaltaí tiomanta don rannchuidiú le comhionannas inscne agus cuimsitheacht na hóige a bhaint amach trí rannpháirtíocht na mban agus na nglúnta óga feirmeoirí i dtáirgeadh agus trádáil an chócó a spreagadh agus trí thacú leis an rannpháirtíocht sin.
Airteagal 45Inbhuanaitheacht comhshaoil
1. Tá na Comhaltaí tiomanta don dífhoraoisiú a chomhrac laistigh de chur chuige tírdhreacha lena measctar bainistiú acmhainní nádúrtha agus an comhshaol agus slite beatha daoine á gcur san áireamh.
2. Ag aithint dóibh an ról atá ag an gcócó maidir le héiceachórais a fhorbairt agus a chaomhnú, tacóidh an Eagraíocht leis an athfhoraoisiú, leis an bhforaoisiú agus leis an agrafhoraoiseacht, chun stoic agus aistrithe carbóin foraoise a fheabhsú, agus chun an fhreagairt dhomhanda ar an athrú aeráide a neartú, agus an deis a thabhairt d’fheirmeoirí an tráth céanna seirbhísí éiceolaíocha a sholáthar agus cúitimh chomhfhreagracha a fháil, go háirithe creidmheasanna carbóin in-chomhthomhaiste.
Caibidil XIV
An Bord Comhairleach maidir le Geilleagar Cócó an Domhain
Airteagal 46
An Bord Comhairleach um Gheilleagar Cócó an Domhain a bhunú
1. Bunaítear leis seo Bord Comhairleach um Gheilleagar Cócó an Domhain (dá ngairtear an Bord anseo feasta) chun rannpháirtíocht ghníomhach na saineolaithe ón earnáil phríobháideach agus ón tsochaí shibhialta in obair na hEagraíochta a spreagadh agus chun idirphlé leanúnach a chur chun cinn i measc saineolaithe ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach.
2. Beidh an Bord ina chomhlacht comhairleach a chuireann comhairle ar an gComhairle maidir le saincheisteanna leasa ghinearálta agus straitéisigh d’earnáil an chócó, lena n‑áirítear:
(a) Na forbairtí struchtúracha fadtéarmacha sa soláthar agus san éileamh;
(b)Na bealaí agus na modhanna chun seasamh feirmeoirí cócó a neartú, d’fhonn feabhas a chur ar a slite beatha;
(c)Tograí chun táirgeadh, trádáil agus úsáid inbhuanaithe an chócó a spreagadh;
(d)Geilleagar inbhuanaithe cócó a fhorbairt;
(e) Na módúlachtaí agus na creataí i leith chur chun cinn an tomhaltais a mhionsaothrú;
(f) Sábháilteacht an chócó indíolta a fheabhsú; agus
(g) Aon ábhar eile a bhaineann le cócó atá faoi raon feidhme an Chomhaontaithe.
3. Tabharfaidh an Bord cúnamh don Chomhairle faisnéis a bhailiú maidir le táirgeadh, tomhaltas agus stoic.
4. Cuirfidh an Bord a mholtaí maidir leis na hábhair thuas faoi bhráid na Comhairle lena meas.
5. Féadfaidh an Bord meithleacha ad hoc a chur ar bun chun cúnamh a thabhairt a shainordú a chomhlíonadh ar choinníoll nach mbeidh aon impleacht buiséadach ag a gcostais oibriúcháin don Eagraíocht.
6. Tráth bunaithe an Bhoird, tarraingeoidh sé suas a rialacha inmheánacha agus a chlár oibre féin agus molfaidh sé don Chomhairle iad a ghlacadh.
Airteagal 47
Ballraíocht agus cruinnithe an Bhoird Chomhairligh maidir le Geilleagar Cócó an Domhain
1. Beidh an Bord Comhairleach maidir le Geilleagar Cócó an Domhain comhdhéanta de shaineolaithe ó earnálacha uile gheilleagar an chócó, arna roghnú as measc na mBallstát is onnmhaireoirí agus is allmhaireoirí de chuid na hEagraíochta.
2. Ceapfaidh an Chomhairle na saineolaithe sin gach 2 bhliain. Beidh an Bord, a mhéid is féidir, comhdhéanta de bhallraíocht chothrom de shaineolaithe: triúr ionadaithe ar a laghad ó Chomhaltaí difriúla is onnmhaireoirí agus triúr ionadaithe ar a laghad ó Chomhaltaí difriúla is allmhaireoirí de chuid na hEagraíochta. Féadfaidh gach comhalta den Bhord ionadaí malartach amháin a ainmniú.
3. Roghnóidh comhaltaí an Bhoird Cathaoirleach agus Leaschathaoirleach ar an mBord. Malartófar an chathaoirleacht idir Comhaltaí is onnmhaireoirí agus Comhaltaí is allmhaireoirí gach 2 bhliain cócó.
4. Tiocfaidh an Bord Comhairleach um Gheilleagar Cócó an Domhain le chéile ag ceanncheathrú na hEagraíochta de ghnáth, mura gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt. Más rud é, arna iarraidh sin d’aon Chomhalta, go gcinneann an Bord Comhairleach teacht le chéile in áit eile seachas ag ceanncheathrú na hEagraíochta, íocfaidh an Comhalta sin as na costais bhreise a bheidh i gceist, mar a shainítear i rialacha riaracháin na hEagraíochta.
5. Tiocfaidh an Bord le chéile faoi dhó sa bhliain de ghnáth i dteannta sheisiúin thráthrialta na Comhairle. Tuairisceoidh an Bord go tráthrialta don Choiste Eacnamaíochta agus/nó don Chomhairle, de réir mar is iomchuí, ar a chuid imeachtaí.
6. Beidh cruinnithe an Bhoird Chomhairligh um Gheilleagar Cócó an Domhain oscailte do Chomhaltaí uile na Comhairle mar bhreathnóirí.
7. Féadfaidh an Bord cuireadh a thabhairt freisin do shaineolaithe oirirce nó do phearsana mór le rá i réimse sonrach, ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach, a bhfuil saineolas ábhartha acu ar ghnéithe d’earnáil an chócó, chun bheith rannpháirteach i gcruinniú sonrach.
8. Tiocfaidh an Bord le chéile i dteannta chruinnithe Chomhairle ICCO de ghnáth, lena n‑áirítear nuair a chinnfidh an Chomhairle teacht le chéile i seisiún fíorúil nó hibrideach.
Caibidil XV
Scaoileadh ó oibleagáidí agus ó bhearta difreálacha agus feabhais
Airteagal 48
Scaoileadh ó oibleagáidí in imthosca eisceachtúla
1. Féadfaidh an Chomhairle Comhalta a scaoileadh óna oibleagáid mar gheall ar imthosca eisceachtúla nó éigeandála, force majeure nó oibleagáidí idirnáisiúnta faoi Chairt na Náisiún Aontaithe um chríocha a riartar faoin gcóras iontaobhaíochta.
2. Sonróidh an Chomhairle, agus í ag deonú faoisimh do Comhalta faoi mhír 1 den Airteagal seo, go sainráite na téarmaí agus na coinníollacha faoina scaoilfear an Comhalta ón oibleagáid, agus an tréimhse ar lena linn a bhainfear an oibleagáid, agus na cúiseanna ar dá réir a dheonaítear faoiseamh amhlaidh.
3. D’ainneoin na bhforálacha roimhe seo den Airteagal seo, ní dheonóidh an Chomhairle faoiseamh do Chomhalta i leith na hoibleagáide faoi Airteagal 25 ranníocaíochtaí a íoc, ná i leith na n‑iarmhairtí a bhainfeadh le mainneachtain iad a íoc.
4. An bonn ar dá réir a ríomhfar dáileadh na vótaí de chuid Comhalta is onnmhaireoir dá bhfuil cás force majeure aitheanta ag an gComhairle, sin é méid éifeachtach a chuid onnmhairí don bhliain inar tharla an force majeure agus ina dhiaidh sin ar feadh na 3 bliana tar éis an force majeure.
Airteagal 49
Bearta difreálacha agus feabhais
Féadfaidh tíortha i mbéal forbartha agus tíortha is lú forbairt ar Comhaltaí iad, a ndéantar dochar dá leasanna le bearta arna ndéanamh faoin gComhaontú seo, iarratas a chur faoi bhráid na Comhairle go ndéanfar bearta iomchuí difreálacha agus feabhais. Cuimhneoidh an Chomhairle ar na bearta iomchuí sin a dhéanamh i bhfianaise fhorálacha rún 93 (IV) arna ghlacadh ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt.
Caibidil XVI
Comhairliúcháin, díospóidí agus gearáin
Airteagal 50
Comhairliúcháin
Tabharfaidh gach comhalta lánaird chuí ar aon uiríoll a dhéanfaidh comhalta eile chuige maidir le léirmhíniú nó feidhmiú an Chomhaontaithe seo agus tabharfaidh sé deis leormhaith dó dul i gcomhairle leis. Le linn na gcomhairliúchán sin, arna iarraidh sin do cheachtar páirtí agus le toiliú an pháirtí eile, bunóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin nós imeachta iomchuí idir-réitigh. Ní bheidh costais nós imeachta den sórt sin inmhuirearaithe i leith na hEagraíochta. Má bhíonn réiteach ann de thoradh nós imeachta den sórt sin, tuairisceofar é sin don Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Mura dtiocfar ar aon réiteach ar bith, féadfar an t‑ábhar, arna iarraidh sin do cheachtar páirtí, a chur os comhair na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 51.
Airteagal 51
Díospóidí
1. Aon díospóid a bhaineann le léirmhíniú nó le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nach socróidh na páirtithe sa díospóid, arna iarraidh sin do cheachtar páirtí sa díospóid, cuirfear an díospóid os comhair na Comhairle lena cinneadh.
2. I gcás ina mbeidh díospóid curtha os comhair na Comhairle faoi mhír 1 den Airteagal seo agus í pléite, féadfaidh Comhaltaí a bhfuil líon nach lú ná trian d’iomlán na vótaí acu, nó aon chúigear Comhaltaí, é a chur de cheangal ar an gComhairle, sula dtabharfaidh sí a cinneadh, an tuairim ó phainéal comhairleach ad hoc a lorg i leith na saincheisteanna atá faoi dhíospóid, ar painéal é a mbeidh a chomhdhéanamh mar a shonraítear i mír 3 den Airteagal seo.
3. (a) Mura gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt, beidh an painéal comhairleach ad hoc comhdhéanta de na daoine seo a leanas:
(i) Beirt, duine amháin ag a bhfuil taithí fhairsing ar ábhair den chineál atá faoi dhíospóid agus duine eile ag a bhfuil seasamh dlíthiúil agus taithí sa dlí, arna n‑ainmniú ag na Comhaltaí is onnmhaireoirí;
(ii) Beirt, duine amháin a bhfuil taithí leathan acu ar ábhair den chineál atá faoi dhíospóid agus duine eile ag a bhfuil seasamh dlíthiúil agus taithí sa dlí, arna n‑ainmniú ag na Comhaltaí is allmhaireoirí; agus
(iii) Cathaoirleach arna roghnú d’aon toil ag an gceathrar a ainmneofar faoi (i) agus (ii) thuas nó, má mhainníonn siad teacht ar chomhaontú, ag Cathaoirleach na Comhairle.
(b) Ní bheidh náisiúnaigh na gComhaltaí neamh-incháilithe chun fónamh ar an bpainéal comhairleach ad hoc.
(c) Is i gcáil phearsanta a ghníomhóidh daoine a cheapfar ar an bpainéal comhairleach ad hoc, agus gan treoracha ó aon Rialtas.
(d) Is í an Eagraíocht a íocfaidh as costais an phainéil chomhairligh ad hoc.
4. Cuirfear tuairim an phainéil chomhairligh ad hoc agus na cúiseanna leis an tuairim faoi bhráid na Comhairle agus, tar éis di an fhaisnéis ábhartha uile a mheas, tabharfaidh an Chomhairle cinneadh i leith na díospóide, i gcomhréir le forálacha Airteagal 12.
Airteagal 52
Gearáin agus gníomhaíocht ón gComhairle
1. I gcás ina dtabharfaidh an Chomhairle neamhchomhlíonadh dá haire i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, féadfaidh an Chomhairle gníomhú ex officio agus cinneadh a dhéanamh maidir leis na heasnaimh sin.
2. Aon ghearán gur mhainnigh aon Chomhalta a oibleagáidí faoin gComhaontú seo a chomhlíonadh, déanfar, arna iarraidh sin don Chomhalta a dhéanann an gearán, a chur os comhair na Comhairle, a mheasfaidh an gearán agus a dhéanfaidh cinneadh ar an ábhar.
3. Aon chinneadh ón gComhairle go bhfuil Comhalta ag sárú a oibleagáidí faoin gComhaontú seo, déanfar é trí thromlach simplí de na vótaí dáilte agus sonrófar leis an gcinneadh an cineál sáraithe atá i gceist.
4. Aon uair a chinnfidh an Chomhairle, bíodh sé de thoradh gearáin nó ar shlí eile, go bhfuil Comhalta ag sárú a oibleagáidí faoin gComhaontú seo, féadfaidh sí, gan dochar do na bearta eile sin dá bhforáiltear go sonrach in Airteagail eile den Chomhaontú seo, lena n‑áirítear Airteagal 61:
(a) Cearta vótála an Chomhalta sin sa Chomhairle a chur ar fionraí; agus
(b)Má mheasann sé gur gá sin, cearta breise an Chomhalta sin a chur ar fionraí, lena n‑áirítear an ceart chun bheith cáilithe d’oifig sa Chomhairle nó in aon cheann dá coistí, nó a bheith i seilbh oifige sa Chomhairle nó in aon cheann dá coistí, go dtí go mbeidh a oibleagáidí comhlíonta aige.
5. Comhalta a gcuirtear a chearta vótála ar fionraí faoi mhír 3 den Airteagal seo, leanfaidh sé de bheith faoi dhliteanas i leith a oibleagáidí airgeadais agus oibleagáidí eile faoin gComhaontú seo.
Caibidil XVII
Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 53
Taiscí
Ainmnítear leis seo Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe mar Thaiscí an Chomhaontaithe seo.
Airteagal 54
Síniú
Beidh an Comhaontú seo ar oscailt lena shíniú ag Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe ón 1 Deireadh Fómhair 2010 go dtí an 30 Meán Fómhair 2012 agus an dáta sin san áireamh ag páirtithe sa Chomhaontú Idirnáisiúnta Cócó, 2001, agus ag Rialtais ar tugadh cuireadh dóibh teacht chuig Comhdháil Chócó na Náisiún Aontaithe, 2010. Féadfaidh an Chomhairle faoin gComhaontú Idirnáisiúnta Cócó, 2001, nó an Chomhairle faoin gComhaontú seo, áfach, síneadh a chur le tréimhse sínithe an Chomhaontaithe seo uair amháin. Tabharfaidh an Chomhairle fógra láithreach don Taiscí faoin síneadh sin.
Airteagal 55
Daingniú, glacadh, formheas
1. Beidh an Comhaontú seo faoi réir a dhaingnithe, a ghlactha nó a fhormheasta ag na Rialtais is sínitheoirí i gcomhréir lena nósanna imeachta bunreachtúla féin. Déanfar ionstraimí daingniúcháin, glactha nó formheasta a thaisceadh leis an Taiscí.
2. Tabharfaidh gach Páirtí Conarthach fógra d’Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe cibé acu is Comhalta is onnmhaireoir nó Comhalta is allmhaireoir é tráth taiscthe a ionstraime daingniúcháin, glactha nó formheasta nó a luaithe is féidir dá éis sin.
Airteagal 56
Aontachas
1. Beidh aontachas leis an gComhaontú seo ar oscailt do Rialtas aon Stáit a bheidh i dteideal é a shíniú.
2. Cinnfidh an Chomhairle cé acu de na hiarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú seo faoina measfar an Stát aontach a bheith liostaithe, mura liostaítear an Stát sin in aon cheann de na hiarscríbhinní sin.
3. Déanfar an t‑aontachas trí ionstraim aontachais a thaisceadh leis an Taiscí.
Airteagal 57
Fógra a thabhairt faoi chur i bhfeidhm sealadach
1. Rialtas is sínitheoir a bhfuil sé beartaithe aige an Comhaontú seo a dhaingniú, a ghlacadh nó a fhormheas, nó Rialtas a bhfuil sé beartaithe aige aontú don Chomhaontú, ach nach raibh in ann a ionstraim a thaisceadh fós, féadfaidh sé fógra a thabhairt tráth ar bith don Taiscí go gcuirfidh sé an Comhaontú seo i bhfeidhm go sealadach, i gcomhréir lena nósanna imeachta bunreachtúla agus/nó lena dhlíthe agus lena rialacháin náisiúnta, ar theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe i gcomhréir le hAirteagal 58 nó, má tá sé i bhfeidhm cheana féin, ar dháta sonraithe. Gach Rialtas a thabharfaidh fógra den sórt sin, cuirfidh sé Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe ar an eolas cibé acu is Comhalta is onnmhaireoir nó Comhalta is allmhaireoir é an tráth a thabharfar an fógra sin nó a luaithe is féidir dá éis sin.
2. Rialtas a mbeidh fógra tugtha aige faoi mhír 1 den Airteagal seo go gcuirfidh sé an Comhaontú seo i bhfeidhm ar theacht i bhfeidhm dó nó ar dháta sonraithe, beidh sé, ón tráth sin, ina Chomhalta sealadach. Beidh sé ina Chomhalta sealadach fós go dtí an dáta a thaiscfear a ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha, fhormheasta nó aontachais.
Airteagal 58
Teacht i bhfeidhm
1. Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm go cinntitheach an 1 Deireadh Fómhair 2012, nó aon tráth dá éis sin, más rud é faoin dáta sin, i gcás na Rialtas a dhéanann ionadaíocht ar 5 thír is onnmhaireoirí ar a laghad óna dtagann 80 faoin gcéad ar a laghad d’onnmhairí iomlána na dtíortha a liostaítear in Iarscríbhinn A agus i gcás na Rialtas a dhéanann ionadaíocht ar thíortha is allmhaireoirí a fhaigheann 60 faoin gcéad ar a laghad d’iomlán na n‑allmhairí mar a leagtar amach in Iarscríbhinn B, go mbeidh a n‑ionstraimí daingniúcháin, glactha, formheasta nó aontachais taiscthe acu leis an Taiscí. Tiocfaidh sé i bhfeidhm go cinntitheach freisin a luaithe a thiocfaidh sé i bhfeidhm go sealadach agus a chomhlíonfar na ceanglais sin maidir leis na céatadáin sin trí ionstraimí daingniúcháin, glactha, formheasa nó aontachais a thaisceadh.
2. Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm go cinntitheach an 1 Eanáir 2011, más rud é faoin dáta sin, i gcás na Rialtas a dhéanann ionadaíocht ar 5 thír is onnmhaireoirí ar a laghad óna dtagann 80 faoin gcéad ar a laghad d’onnmhairí iomlána na dtíortha a liostaítear in Iarscríbhinn A agus i gcás na Rialtas a dhéanann ionadaíocht ar thíortha is allmhaireoirí a fhaigheann 60 faoin gcéad ar a laghad d’iomlán na n‑allmhairí mar a leagtar amach in Iarscríbhinn B, go mbeidh a n‑ionstraimí daingniúcháin, glactha, formheasta nó aontachais taiscthe acu leis an Taiscí, nó má bhíonn fógra tugtha acu don Taiscí go gcuirfidh siad an Comhaontú seo i bhfeidhm go sealadach ar theacht i bhfeidhm dó. Beidh na Rialtais sin ina gComhaltaí sealadacha.
3. Mura mbeidh na ceanglais maidir le teacht i bhfeidhm faoi mhír 1 nó faoi mhír 2 den Airteagal seo comhlíonta faoin 1 Meán Fómhair 2011, comórfaidh Ard-Rúnaí Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt, a luaithe is indéanta, cruinniú de na Rialtais sin a thaisc ionstraimí daingniúcháin, glactha, formheasta nó aontachais taiscthe, nó a thug fógra don Taiscí go gcuirfidh siad an Comhaontú seo i bhfeidhm go sealadach. Féadfaidh na Rialtais sin a chinneadh an gcuirfidh siad an Comhaontú seo i bhfeidhm go cinntitheach nó go sealadach eatarthu féin, go hiomlán nó go páirteach, cibé dáta a fhéadfaidh siad a chinneadh nó chun aon socrú eile lena bhfuil gá dar leo a ghlacadh.
4. Maidir le Rialtas a ndéanfar ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha, fhormheasa nó aontachais nó fógra faoi chur i bhfeidhm sealadach a thaisceadh thar a cheann tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo i gcomhréir le mír 1, mír 2 nó mír 3 den Airteagal seo, gabhfaidh éifeacht leis an ionstraim nó leis an bhfógra sin dáta an taiscthe sin agus, maidir le fógra faoi chur i bhfeidhm sealadach, i gcomhréir le forálacha mhír 1 d’Airteagal 57.
Airteagal 59
Forchoimeádais
Ní fhéadfar forchoimeádais a dhéanamh i ndáil le haon cheann d’fhorálacha an Chomhaontaithe seo.
Airteagal 60
Tarraingt siar
1. Tráth ar bith tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, féadfaidh aon Chomhalta tarraingt siar as an gComhaontú seo trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Taiscí maidir le tarraingt siar. Cuirfidh an Comhalta an Chomhairle ar an eolas láithreach faoin ngníomh atá déanta aige.
2. Tiocfaidh an tarraingt siar in éifeacht 90 lá tar éis don Taiscí an fógra a fháil ón gComhalta lena mbaineann. Más rud é, de thoradh na tarraingthe siar, go dtitfidh an bhallraíocht sa Chomhaontú seo faoi bhun na gceanglas dá bhforáiltear i mír 1 d’Airteagal 58 chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, tiocfaidh an Chomhairle le chéile i seisiún ar leith chun athbhreithniú a dhéanamh ar an staid agus chun na cinntí iomchuí a dhéanamh.
Airteagal 61
Eisiamh
Má chinneann an Chomhairle, faoi mhír 3 d’Airteagal 52, go bhfuil aon Chomhalta ag sárú a oibleagáidí faoin gComhaontú seo agus má chinneann sí thairis sin go gcuireann an sárú sin isteach go mór ar oibriú an Chomhaontaithe seo, féadfaidh sí an Comhalta sin a eisiamh ón Eagraíocht. 90 lá tar éis dháta an chinnidh ón gComhairle, scoirfidh an Comhalta sin de bheith ina Chomhalta den Eagraíocht. Tabharfaidh an Chomhairle fógra don Chomhalta lena mbaineann agus don Taiscí láithreach faoi aon eisiamh den sórt sin.
Airteagal 62Lánghlanadh na gcuntas le Comhaltaí a tharraingeoidh siar nó a eiseofar
Cinnfidh an Chomhairle aon lánghlanadh cuntas le Comhalta a tharraingeoidh siar nó a eiseofar. Coinneoidh an Eagraíocht aon mhéid a bheidh íoctha cheana féin ag Comhalta a tharraingeoidh siar nó a eiseofar, agus leanfaidh an Comhalta sin de bheith faoi cheangal aon mhéid a bheidh dlite uaidh a íoc leis an Eagraíocht tráth a thiocfaidh an tarraingt siar nó an t‑eisiamh in éifeacht, ach amháin, i gcás Páirtí Conarthach nach mbeidh in ann glacadh le leasú agus a scoirfidh dá dhroim sin de bheith rannpháirteach sa Chomhaontú seo faoi fhorálacha mhír 2 d’Airteagal 64, go gcinnfidh an Chomhairle aon lánghlanadh cuntas a bheidh cothromasach dar léi.
Airteagal 63
Ré agus foirceannadh
1. Leanfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm ar feadh tréimhse éiginnte, faoi réir mhír 4 den Airteagal seo.
2. Déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar an gComhaontú gach 5 bliana agus déanfaidh sí cinntí de réir mar is iomchuí.
3. Arna iarraidh sin do Chomhalta amháin nó níos mó, féadfaidh an Chomhairle athbhreithniú a dhéanamh ar an gComhaontú seo tráth ar bith.
4. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh an Comhaontú seo a fhoirceannadh tráth ar bith. Gabhfaidh éifeacht leis an bhfoirceannadh sin cibé dáta a chinnfidh an Chomhairle ar choinníoll go leanfaidh oibleagáidí na gComhaltaí faoi Airteagal 25 go dtí go n‑urscaoilfear na dliteanais airgeadais a bhaineann le hoibriú an Chomhaontaithe seo. Tabharfaidh an Chomhairle fógra don Taiscí faoi aon chinneadh den sórt sin.
5. D’ainneoin fhoirceannadh an Chomhaontaithe seo ar aon mhodh ar bith, leanfaidh an Chomhairle ar marthain a fhad is gá chun leachtú na hEagraíochta a dhéanamh, a cuntais a lánghlanadh agus a sócmhainní a dhiúscairt. Beidh ag an gComhairle i rith na tréimhse sin na cumhachtaí is gá chun na hábhair riaracháin agus airgeadais uile a thabhairt i gcrích.
Airteagal 64
Leasuithe
1. Féadfaidh an Chomhairle leasú ar an gComhaontú seo a mholadh do na Páirtithe Conarthacha. Tiocfaidh an leasú in éifeacht 100 lá tar éis don Taiscí fógraí glactha a fháil ó Pháirtithe Conarthacha a dhéanann ionadaíocht ar 75 faoin gcéad ar a laghad de na Comhaltaí is onnmhaireoirí ag a bhfuil 85 faoin gcéad ar a laghad de vótaí na gComhaltaí is onnmhaireoirí, agus ó Pháirtithe Conarthacha a dhéanann ionadaíocht ar 75 faoin gcéad ar a laghad de na Comhaltaí is allmhaireoirí ag a bhfuil 85 faoin gcéad ar a laghad de vótaí na gComhaltaí is allmhaireoirí, nó cibé dáta níos déanaí a d’fhéadfadh a bheith socraithe ag an gComhairle. Féadfaidh an Chomhairle tréimhse a shocrú a dtabharfaidh na Páirtithe Conarthacha fógra don Taiscí lena linn go nglacann siad leis an leasú, agus, mura mbeidh éifeacht leis an leasú faoin tréimhse sin, measfar é a bheith tarraingthe siar.
2. Aon Chomhalta nach mbeidh fógra glactha maidir le leasú déanta thar a cheann faoin dáta a dtiocfaidh an leasú sin in éifeacht, scoirfidh sé, ón dáta sin amach, de bheith rannpháirteach sa Chomhaontú seo, mura rud é go gcinnfidh an Chomhairle síneadh a chur leis an tréimhse a socraíodh don Chomhalta sin chun glacadh leis an leasú chun go mbeadh sé in ann a nósanna imeachta inmheánacha a thabhairt i gcrích. Ní bheidh an Comhalta sin faoi cheangal ag an leasú sula mbeidh fógra tugtha aige go nglacann sé leis.
3. Díreach tar éis di moladh maidir le leasú a ghlacadh, cuirfidh an Chomhairle cóipeanna de théacs an leasaithe chuig an Taiscí. Soláthróidh an Chomhairle don Taisclann an fhaisnéis is gá lena chinneadh an leordhóthanach na fógraí i dtaobh glacadh leis an leasú chun go mbeidh sé éifeachtach.
Caibidil XVIII
Forálacha forlíontacha agus idirthréimhseacha
Airteagal 65
Cúlchiste Farasbairr
1. Coinneofar Cúlchiste Farasbairr ar bun d’aontoisc chun íoc as speansais a bheidh ann faoi dheireadh chun an Eagraíocht a leachtú. Cinnfidh an Chomhairle conas a úsáidfear an t‑ús a thuillfear ar an gCiste sin.
2. Déanfar an Cúlchiste Farasbairr a bhunaigh an Chomhairle faoin gComhaontú Idirnáisiúnta Cócó, 1993, a aistriú chuig an gComhaontú seo chun na críche a leagtar amach faoi mhír 1.
3. Aon eintiteas nach Comhalta de na Comhaontuithe Idirnáisiúnta Cócó, 1993 agus 2001, a bheidh ina Chomhalta den Chomhaontú seo, cuirfear de cheangal air ranníocaíocht a dhéanamh leis an gCúlchiste Farasbairr. Déanfaidh an Chomhairle measúnú ar ranníocaíocht an Chomhalta sin ar bhonn an lín vótaí atá le bheith i seilbh an Chomhalta.
Airteagal 66Forálacha forlíontacha agus idirthréimhseacha eile
1. Measfar go dtiocfaidh an Comhaontú seo in ionad Chomhaontú Idirnáisiúnta Cócó, 2001.
2. Na gníomhartha uile arna ndéanamh ag an Eagraíocht nó ag aon cheann dá cuid orgán nó thar a ceann nó thar a cheann faoin gComhaontú Idirnáisiúnta Caife, 2001, agus a mbeidh éifeacht acu dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus nach bhforáiltear lena dtéarmaí go rachaidh siad in éag an dáta sin, leanfaidh siad d’éifeacht a bheith acu mura n‑athrófar iad faoi fhorálacha an Chomhaontaithe seo.
3. ARNA DHÉANAMH sa Ghinéiv an 25 Meitheamh 2010, agus comhúdarás ag téacsanna an Chomhaontaithe seo san Araibis, sa Bhéarla, sa Fhraincis, sa Rúisis, sa tSínis agus sa Spáinnis.
Iarscríbhinní
Iarscríbhinn A
Onnmhairí cócó a/ arna ríomh chun críoch Airteagal 58 (Teacht i bhfeidhm)
|
Tír |
b/ |
2005/06 |
2006/07 |
2007/08 |
Meánmhéid
|
|
|
(tonaí) |
(Sciar) |
|||||
|
an Cósta Eabhair |
m |
1 349 639 |
1 200 154 |
1 191 377 |
1 247 057 |
38,75 % |
|
Gána |
m |
648 687 |
702 784 |
673 403 |
674 958 |
20,98 % |
|
an Indinéis |
|
592 960 |
520 479 |
465 863 |
526 434 |
16,36 % |
|
an Nigéir |
m |
207 215 |
207 075 |
232 715 |
215 668 |
6,70 % |
|
Camarún |
m |
169 214 |
162 770 |
178 844 |
170 276 |
5,29 % |
|
Eacuadór |
m |
108 678 |
110 308 |
115 264 |
111 417 |
3,46 % |
|
Tóga |
m |
73 064 |
77 764 |
110 952 |
87 260 |
2,71 % |
|
Nua-Ghuine Phapua |
m |
50 840 |
47 285 |
51 588 |
49 904 |
1,55 % |
|
an Phoblacht Dhoiminiceach |
m |
31 629 |
42 999 |
34 106 |
36 245 |
1,13 % |
|
an Ghuine |
|
18 880 |
17 620 |
17 070 |
17 857 |
0,55 % |
|
Peiriú |
|
15 414 |
11 931 |
11 178 |
12 841 |
0,40 % |
|
an Bhrasaíl |
m |
57 518 |
10 558 |
32 512 |
11 855 |
0,37 % |
|
Veiniséala (Poblacht Bholavarach) |
m |
11 488 |
12 540 |
4 688 |
9 572 |
0,30 % |
|
Siarra Leon |
|
4 736 |
8 910 |
14 838 |
9 495 |
0,30 % |
|
Uganda |
|
8 270 |
8 880 |
8 450 |
8 533 |
0,27 % |
|
Poblacht Aontaithe na Tansáine |
|
6 930 |
4 370 |
3 210 |
4 837 |
0,15 % |
|
Oileáin Sholomón |
|
4 378 |
4 075 |
4 426 |
4 293 |
0,13 % |
|
Háítí |
|
3 460 |
3 900 |
4 660 |
4 007 |
0,12 % |
|
Madagascar |
|
2 960 |
3 593 |
3 609 |
3 387 |
0,11 % |
|
São Tomé agus Príncipe |
|
2 250 |
2 650 |
1 500 |
2 133 |
0,07 % |
|
an Libéir |
|
650 |
1 640 |
3 930 |
2 073 |
0,06 % |
|
an Ghuine Mheánchiorclach |
|
1 870 |
2 260 |
1 990 |
2 040 |
0,06 % |
|
Vanuatú |
|
1 790 |
1 450 |
1 260 |
1 500 |
0,05 % |
|
Nicearagua |
|
892 |
750 |
1 128 |
923 |
0,03 % |
|
Poblacht Dhaonlathach an Chongó |
|
900 |
870 |
930 |
900 |
0,03 % |
|
Hondúras |
|
1 230 |
806 |
- 100 |
645 |
0,02 % |
|
an Congó |
|
90 |
300 |
1 400 |
597 |
0,02 % |
|
Panama |
|
391 |
280 |
193 |
288 |
0,01 % |
|
Vítneam |
|
240 |
70 |
460 |
257 |
0,01 % |
|
Greanáda |
|
80 |
218 |
343 |
214 |
0,01 % |
|
an Ghabúin |
m |
160 |
99 |
160 |
140 |
- |
|
Oileán na Tríonóide agus Tobága |
m |
193 |
195 |
- 15 |
124 |
- |
|
an Bheilís |
|
60 |
30 |
20 |
37 |
- |
|
Doiminice |
|
60 |
20 |
0 |
27 |
- |
|
Fidsí |
|
20 |
10 |
10 |
13 |
- |
|
Iomlán |
c/ |
3 376 836 |
3 169 643 |
3 106 938 |
3 217 806 |
100,00 % |
Nótaí:
a/ Meán 3 bliana, 2005/06-2007/08 de ghlan-onnmhairí pónairí cócó móide glan-onnmhairí táirgí cócó arna gcomhshó ina gcoibhéis pónairí agus úsáid á baint as na fachtóirí coinbhéartachta seo a leanas: im cócó 1.33; púdar agus cáca cócó 1.18; taos/licéar cócó 1.25.
b/ Tá an liosta teoranta do thíortha a d’onnmhairigh cócó ar bhonn aonair sa tréimhse 3 bliana 2005/06 go 2007/08, bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil do Rúnaíocht ICCO.
c/ D’fhéadfadh sé nach ionann na hiomláin agus suim na gcomhábhar de bharr slánú.
m Comhalta den Chomhaontú Idirnáisiúnta Cócó, 2001 an 9 Samhain 2009.
- nialas, diomaibhseach nó níos lú ná an t‑aonad a úsáidtear
Foinse: An Eagraíocht Idirnáisiúnta Cócó, Feasachán Ráithiúil na Staitisticí Cócó, Imleabhar XXXV, Uimh. 3, Bliain Chócó 2008/09.
Iarscríbhinn B
Allmhairí cócóa/ arna ríomh chun críoch Airteagal 58 (Teacht i bhfeidhm)
|
Tír |
|
b/ |
2005/06 |
2006/07 |
2007/08 |
Meánmhéid
|
|
|
(tonaí) |
(Sciar) |
||||||
|
an tAontas Eorpach: |
m |
2 484 235 |
2 698 016 |
2 686 041 |
2 622 764 |
53,24 % |
|
|
an Ostair |
20 119 |
26 576 |
24 609 |
23 768 |
0,48 % |
||
|
an Bheilg/Lucsamburg |
199 058 |
224 761 |
218 852 |
214 224 |
4,35 % |
||
|
an Bhulgáir |
12 770 |
14 968 |
12 474 |
13 404 |
0,27 % |
||
|
an Chipir |
282 |
257 |
277 |
272 |
0,01 % |
||
|
an tSeicia |
12 762 |
14 880 |
16 907 |
14 850 |
0,30 % |
||
|
an Danmhairg |
15 232 |
15 493 |
17 033 |
15 919 |
0,32 % |
||
|
an Eastóin |
37 141 |
14 986 |
- 1 880 |
16 749 |
0,34 % |
||
|
an Fhionlainn |
10 954 |
10 609 |
11 311 |
10 958 |
0,22 % |
||
|
an Fhrainc |
388 153 |
421 822 |
379 239 |
396 405 |
8,05 % |
||
|
an Ghearmáin |
487 696 |
558 357 |
548 279 |
531 444 |
10,79 % |
||
|
an Ghréig |
16 451 |
17 012 |
17 014 |
16 826 |
0,34 % |
||
|
an Ungáir |
10 564 |
10 814 |
10 496 |
10 625 |
0,22 % |
||
|
Éire |
22 172 |
19 383 |
17 218 |
19 591 |
0,40 % |
||
|
an Iodáil |
126 949 |
142 128 |
156 277 |
141 785 |
2,88 % |
||
|
an Laitvia |
2 286 |
2 540 |
2 434 |
2 420 |
0,05 % |
||
|
an Liotuáin |
5 396 |
4 326 |
4 522 |
4 748 |
0,10 % |
||
|
Málta |
34 |
46 |
81 |
54 |
- |
||
|
an Ísiltír |
581 459 |
653 451 |
681 693 |
638 868 |
12,97 % |
||
|
an Pholainn |
103 382 |
108 275 |
113 175 |
108 277 |
2,20 % |
||
|
an Phortaingéil |
3 643 |
4 179 |
3 926 |
3 916 |
0,08 % |
||
|
an Rómáin |
11 791 |
13 337 |
12 494 |
12 541 |
0,25 % |
||
|
an tSlóvaic |
15 282 |
16 200 |
13 592 |
15 025 |
0,30 % |
||
|
an tSlóivéin |
1 802 |
2 353 |
2 185 |
2 113 |
0,04 % |
||
|
an Spáinn |
150 239 |
153 367 |
172 619 |
158 742 |
3,22 % |
||
|
an tSualainn |
15 761 |
13 517 |
14 579 |
14 619 |
0,30 % |
||
|
an Ríocht Aontaithe |
232 857 |
234 379 |
236 635 |
234 624 |
4,76 % |
||
|
|
|
|
|
||||
|
na Stáit Aontaithe |
822 314 |
686 939 |
648 711 |
719 321 |
14,60 % |
||
|
an Mhalaeisia |
c/ |
m |
290 623 |
327 825 |
341 462 |
319 970 |
6,49 % |
|
Cónaidhm na Rúise |
m |
163 637 |
176 700 |
197 720 |
179 352 |
3,64 % |
|
|
Ceanada |
159 783 |
135 164 |
136 967 |
143 971 |
2,92 % |
||
|
an tSeapáin |
112 823 |
145 512 |
88 403 |
115 579 |
2,35 % |
||
|
Singeapór |
88 536 |
110 130 |
113 145 |
103 937 |
2,11 % |
||
|
an tSín |
77 942 |
72 532 |
101 671 |
84 048 |
1,71 % |
||
|
an Eilvéis |
m |
74 272 |
81 135 |
90 411 |
81 939 |
1,66 % |
|
|
an Tuirc |
73 112 |
84 262 |
87 921 |
81 765 |
1,66 % |
||
|
an Úcráin |
63 408 |
74 344 |
86 741 |
74 831 |
1,52 % |
||
|
an Astráil |
52 950 |
55 133 |
52 202 |
53 428 |
1,08 % |
||
|
an Airgintín |
33 793 |
38 793 |
39 531 |
37 372 |
0,76 % |
||
|
an Téalainn |
26 737 |
31 246 |
29 432 |
29 138 |
0,59 % |
||
|
na hOileáin Fhilipíneacha |
18 549 |
21 260 |
21 906 |
20 572 |
0,42 % |
||
|
Meicsiceo |
c/ |
19 229 |
15 434 |
25 049 |
19 904 |
0,40 % |
|
|
Poblacht na Cóiré |
17 079 |
24 454 |
15 972 |
19 168 |
0,39 % |
||
|
an Afraic Theas |
15 056 |
17 605 |
16 651 |
16 437 |
0,33 % |
||
|
an Iaráin (Poblacht Ioslamach na hIaráine) |
10 666 |
14 920 |
22 056 |
15 881 |
0,32 % |
||
|
an Cholóim |
c/ |
16 828 |
19 306 |
9 806 |
15 313 |
0,31 % |
|
|
an tSile |
13 518 |
15 287 |
15 338 |
14 714 |
0,30 % |
||
|
an India |
9 410 |
10 632 |
17 475 |
12 506 |
0,25 % |
||
|
Iosrael |
11 437 |
11 908 |
13 721 |
12 355 |
0,25 % |
||
|
an Nua-Shéalainn |
11 372 |
12 388 |
11 821 |
11 860 |
0,24 % |
||
|
an tSeirbia |
10 864 |
11 640 |
12 505 |
11 670 |
0,24 % |
||
|
an Iorua |
10 694 |
11 512 |
12 238 |
11 481 |
0,23 % |
||
|
an Éigipt |
6 026 |
10 085 |
14 036 |
10 049 |
0,20 % |
||
|
an Ailgéir |
9 062 |
7 475 |
12 631 |
9 723 |
0,20 % |
||
|
an Chróit |
8 846 |
8 904 |
8 974 |
8 908 |
0,18 % |
||
|
Poblacht Arabach na Siria |
7 334 |
7 229 |
8 056 |
7 540 |
0,15 % |
||
|
an Túinéis |
6 019 |
7 596 |
8 167 |
7 261 |
0,15 % |
||
|
an Chasacstáin |
6 653 |
7 848 |
7 154 |
7 218 |
0,15 % |
||
|
an Araib Shádach |
6 680 |
6 259 |
6 772 |
6 570 |
0,13 % |
||
|
an Bhealarúis |
8 343 |
3 867 |
5 961 |
6 057 |
0,12 % |
||
|
Maracó |
4 407 |
4 699 |
5 071 |
4 726 |
0,10 % |
||
|
an Phacastáin |
2 123 |
2 974 |
2 501 |
2 533 |
0,05 % |
||
|
Cósta Ríce |
1 965 |
3 948 |
1 644 |
2 519 |
0,05 % |
||
|
Uragua |
2 367 |
2 206 |
2 737 |
2 437 |
0,05 % |
||
|
an Liobáin |
2 059 |
2 905 |
2 028 |
2 331 |
0,05 % |
||
|
Guatamala |
1 251 |
2 207 |
1 995 |
1 818 |
0,04 % |
||
|
an Bholaiv (Stát Ilnáisiúnach na Bolaive) |
c/ |
1 282 |
1 624 |
1 927 |
1 611 |
0,03 % |
|
|
Srí Lanca |
1 472 |
1 648 |
1 706 |
1 609 |
0,03 % |
||
|
an tSalvadóir |
1 248 |
1 357 |
1 422 |
1 342 |
0,03 % |
||
|
an Asarbaiseáin |
569 |
2 068 |
1 376 |
1 338 |
0,03 % |
||
|
an Iordáin |
1 263 |
1 203 |
1 339 |
1 268 |
0,03 % |
||
|
an Chéinia |
1 073 |
1 254 |
1 385 |
1 237 |
0,03 % |
||
|
an Úisbéiceastáin |
684 |
1 228 |
1 605 |
1 172 |
0,02 % |
||
|
Hong Cong, an tSín |
2 018 |
870 |
613 |
1 167 |
0,02 % |
||
|
Poblacht na Moldóive |
700 |
1 043 |
1 298 |
1 014 |
0,02 % |
||
|
an Íoslainn |
|
863 |
1 045 |
1 061 |
990 |
0,02 % |
|
|
an Mhacadóin Thuaidh |
|
628 |
961 |
1 065 |
885 |
0,02 % |
|
|
an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin |
|
841 |
832 |
947 |
873 |
0,02 % |
|
|
Cúba |
c/ |
|
2 162 |
- 170 |
107 |
700 |
0,01 % |
|
Cuáit |
|
427 |
684 |
631 |
581 |
0,01 % |
|
|
an tSeineagáil |
|
248 |
685 |
767 |
567 |
0,01 % |
|
|
an Libia |
|
224 |
814 |
248 |
429 |
0,01 % |
|
|
Paragua |
|
128 |
214 |
248 |
197 |
- |
|
|
an Albáin |
|
170 |
217 |
196 |
194 |
- |
|
|
Iamáice |
c/ |
|
479 |
- 67 |
89 |
167 |
- |
|
Óman |
|
176 |
118 |
118 |
137 |
- |
|
|
an tSaimbia |
|
95 |
60 |
118 |
91 |
- |
|
|
an tSiombáib |
|
111 |
86 |
62 |
86 |
- |
|
|
Saint Lucia |
c/ |
|
26 |
20 |
25 |
24 |
- |
|
Samó |
|
48 |
15 |
0 |
21 |
- |
|
|
San Uinseann agus na Greanáidíní |
|
|
6 |
0 |
0 |
2 |
- |
|
Iomlán |
|
d/ |
4 778 943 |
5 000 088 |
5 000 976 |
4 926 669 |
100,00 % |
Nótaí:
a/ Meán 3 bliana, 2005/06-2007/08 de ghlan-allmhairí pónairí cócó móide oll-allmhairí táirgí cócó arna gcomhshó ina gcoibhéis pónairí agus úsáid á baint as na fachtóirí coinbhéartachta seo a leanas: im cócó 1.33; púdar agus cáca cócó 1.18; taos/licéar cócó 1.25.
b/ Tá an liosta teoranta do thíortha a d’allmhairigh cócó ar bhonn aonair sa tréimhse 3 bliana 2005/06 go 2007/08, bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil do Rúnaíocht ICCO.
c/ Féadfar tír a cháiliú mar thír is onnmhaireoir freisin.
d/ D’fhéadfadh sé nach ionann na hiomláin agus suim na gcomhábhar de bharr slánú.
m Comhalta den Chomhaontú Idirnáisiúnta Cócó, 2001 an 9 Samhain 2009.
- nialas, diomaibhseach nó níos lú ná an t‑aonad a úsáidtear
Foinse: An Eagraíocht Idirnáisiúnta Cócó, Feasachán Ráithiúil na Staitisticí Cócó, Imleabhar XXXV, Uimh. 3, Bliain Chócó 2008/09.
Iarscríbhinn C
Tíortha is táirgeoirí a onnmhairíonn cócó ar cócó ardcháilíochta amháin nó go páirteach atá ann
|
Tíortha |
Cinneadh ón gComhairle Mí na Nollag 2020 (% d’onnmhairí iomlána pónairí cócó) |
|
an Bheilís |
a/ |
|
an Bholaiv (Stát Ilnáisiúnach na Bolaive) |
a/ |
|
an Bhrasaíl |
100 |
|
an Cholóim |
95 |
|
Cósta Ríce |
100 |
|
Doiminice |
100 |
|
an Phoblacht Dhoiminiceach |
60 |
|
Eacuadór |
75 |
|
Greanáda |
100 |
|
Guatamala |
75 |
|
Háítí |
4 |
|
Hondúras |
a/ |
|
an Indinéis |
10 |
|
Iamáice |
100 |
|
Madagascar |
100 |
|
Meicsiceo |
a/ |
|
Nicearagua |
80 |
|
Panama |
50 |
|
Nua-Ghuine Phapua |
70 |
|
Peiriú |
75 |
|
Saint Lucia |
100 |
|
São Tomé agus Príncipe |
a/ |
|
Oileán na Tríonóide agus Tobága |
100 |
|
Veiniséala (Poblacht Bholavarach) |
a/ |
|
Vítneam |
a/ |
a/ Tá onnmhairí pónairí cócó ardcháilíochta ann, ach níl Painéal na Saineolaithe in ann meastóireacht a dhéanamh ar chéatadán agus é a chinneadh faoi láthair.
Iarscríbhinn D
Ballraíocht agus Dáileadh na Vótaí ón 1 Deireadh Fómhair 2021 chun críoch Airteagal 64
|
Comhaltaí is onnmhaireoirí |
Dáileadh na vótaí faoi Airteagal 10 (1), (2), (5) |
Comhaltaí is allmhaireoirí |
Dáileadh na vótaí faoi Airteagal 10 (1), (2), (5) |
|
|
an Bhrasaíl Camarún
Daonlathach
Cósta Ríce an Cósta Eabhair an Phoblacht Dhoiminiceach Eacuadór an Ghabúin Gána an Ghuine an Indinéis an Libéir Madagascar an Mhalaeisia Nicearagua an Nigéir Nua-Ghuine Phapua Peiriú Siarra Leon Tóga Oileán na Tríonóide agus Tobága
Veiniséala (Poblacht Bholavarach)
|
5 75
8
5 400 22 79 5 202 7 37 7 8 5 6 68 12 23 8 6 5 7 |
an tAontas Eorpach an Ostair an Bheilg an Bhulgáir an Chróit an Chipir an tSeicia an Danmhairg an Eastóin an Fhionlainn an Fhrainc an Ghearmáin an Ghréig an Ungáir Éire an Iodáil an Laitvia an Liotuáin Lucsamburg Málta an Ísiltír an Pholainn an Phortaingéil an Rómáin an tSlóvaic an tSlóivéin an Spáinn an tSualainn Cónaidhm na Rúise an Eilvéis |
929 10 86 9 5 5 5 5 20 5 95 189 5 5 5 51 5 5 5 5 290 39 5 5 5 5 55 5 47 24 |
|
|
IOMLÁN |
1,000 |
IOMLÁN |
1,000 |
Dearbhuithe
Dearbhú ó na Páirtithe Conarthacha maidir le hAirteagal 16
Ba cheart an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a roghnú de bhua tuillteanais go príomha. As measc iarrthóirí ag a bhfuil an tuillteanas céanna, socrófar post an Stiúrthóra Feidhmiúcháin ar bhonn uainíochta idir iarrthóir ó Chomhalta is onnmhaireoir agus iarrthóir ó Chomhalta is allmhaireoir, agus prionsabal an chomhionannais inscne á chur san áireamh.