An Bhruiséil,9.9.2025

COM(2025) 469 final

2025/0263(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síniú Chomhaontú Idirnáisiúnta Caife 2022 thar ceann an Aontais Eorpaigh


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Baineann an togra seo le síniú an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta Caife 2022.

Is é is aidhm do Chomhaontú Idirnáisiúnta Caife 2022 (‘ICA’ nó ‘an Comhaontú’) earnáil dhomhanda an chaife a neartú agus forbairt uirthi atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair, na sochaí agus an chomhshaoil de a chur chun cinn.

Tá an tAontas Eorpach ina pháirtí i gComhaontú Idirnáisiúnta Caife 2007 1 agus ina Chomhalta den Eagraíocht Idirnáisiúnta Caife.

Ag an 133ú Seisiún a bhí aici an 9 Meitheamh 2022, ghlac an Chomhairle Idirnáisiúnta Caife an téacs de Chomhaontú nua 2022 a cuireadh in ionad Chomhaontú Idirnáisiúnta Caife 2007.

Sa phlé ar an gComhaontú, rinne an Coimisiún caibidlíocht ar bhonn an tsainordaithe caibidlíochta agus na dtreoracha a mhol an Coimisiún 2 agus a d’fhormheas an Chomhairle an 28 Iúil 2021 3 .

Bhí gá le páirt-athbhreithniú chun ICA 2007 a athchóiriú agus ba léir gur chun leasa an Aontais é sin an Comhaontú a ailíniú a thuilleadh leis na cleachtais a chothaíonn an tAontas i mboird idirnáisiúnta tráchtearraí eile, agus chun forbairtí sa mhargadh domhanda caife ó bhí 2007 ann a chur san áireamh. Le Comhaontú nua 2022, nuashonraítear cothromaíocht na gcóras vótála agus rannchuidithe agus tugtar aghaidh ar chomhtháthú na hearnála príobháidí agus na sochaí sibhialta in obair ICO. Cuirtear san áireamh sa Chomhaontú nua cuspóirí an tsimplithe agus an chuíchóirithe agus gné idir-rialtasach ICO á coinneáil an tráth céanna.

I bhfianaise an phlé agus ábhar na hionstraime nua, measann an Coimisiún gur cheart Comhaontú Idirnáisiúnta Caife 2022 a shíniú.

An 27 Márta 2025, d’fhormheas an Chomhairle Idirnáisiúnta Caife síneadh a chur le ICA 2007 go dtí an 1 Feabhra 2028. Tiocfaidh ICA 2022 i bhfeidhm a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha maidir lena theacht i bhfeidhm sealadach nó cinntitheach, áfach, rud a chuirfear deireadh le tréimhse an tsínidh le ICA 2007 dá bharr.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Rinneadh an Comhaontú a chaibidliú i gcomhréir leis na treoracha caibidlíochta cuimsitheacha a ghlac an Chomhairle an 28 Iúil 2021 ar mholadh ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena n‑údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le Comhaontú Idirnáisiúnta Caife nua idir an tAontas Eorpach agus Comhaltaí eile na hEagraíochta Idirnáisiúnta Caife.

Tá an Comhaontú i gcomhréir go hiomlán leis an gComhaontú Glas don Eoraip 4 freisin.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an Comhaontú i gcomhréir go hiomlán leis an straitéis Global Gateway 5 . Go deimhin, seasann Global Gateway do naisc inbhuanaithe iontaofa a oibríonn do dhaoine agus don phláinéad. Cuidíonn sé chun dul i ngleic leis na dúshláin dhomhanda is práinní, lena náirítear an tathrú aeráide a chomhrac, córais sláinte a fheabhsú, agus borradh a chur faoi iomaíochas agus faoi shlándáil na slabhraí soláthair domhanda.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is iad Airteagal 207(3) agus Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí atá beartaithe.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Neamhbhainteach

Comhréireacht

Ní théann síniú an Chomhaontaithe thar a bhfuil riachtanach chun a aidhmeanna a bhaint amach.

An rogha ionstraime

Tá an togra seo i gcomhréir le hAirteagal 218(5)(a)(v) CFAE, lena mbeartaítear go nglacfaidh an Chomhairle cinntí lena n‑údarófar síniú comhaontuithe idirnáisiúnta.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Neamhbhainteach

Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach

Measúnú tionchair

Neamhbhainteach

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach

Cearta bunúsacha

Neamhbhainteach

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Íocfar ranníocaíocht an Aontais le buiséad riaracháin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Caife le haghaidh gach bliana airgeadais ón ionstraim ICFCI-an Eoraip Dhomhanda.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Neamhbhainteach

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

I gcomhréir leis na Conarthaí, is faoin gCoimisiún atá sé a áirithiú go síneofar an Comhaontú, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

2025/0263 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síniú Chomhaontú Idirnáisiúnta Caife 2022 thar ceann an Aontais Eorpaigh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(3) agus (4) i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Rinne an Coimisiún an Comhaontú nua a chaibidliú ar bhonn an tsainordaithe caibidlíochta agus na dtreoracha a mhol an Coimisiún 6 agus a d’fhormheas an Chomhairle an 28 Iúil 2021 7 .

(2)D’fhormheas an Chomhairle Idirnáisiúnta Caife téacs Chomhaontú Idirnáisiúnta Caife 2022 (‘an Comhaontú’) ag an 133ú Seisiún Speisialta dá cuid an 9 Meitheamh 2022.

(3)Rinneadh an Comhaontú a chaibidliú chun teacht in ionad Chomhaontú Idirnáisiúnta Caife 2007 (‘Comhaontú 2007’) ar cuireadh síneadh leis go dtí an 1 Feabhra 2028. Is páirtí é an tAontas i gComhaontú 2007 8 agus, dá bhrí sin, is chun a leasa é an Comhaontú a ghabhann a ionad a shíniú agus a thabhairt i gcrích. Le Comhaontú nua 2022, nuashonraítear cothromaíocht na gcóras vótála agus rannchuidithe agus tugtar aghaidh ar chomhtháthú na hearnála príobháidí agus na sochaí sibhialta in obair ICO. Cuirtear san áireamh sa Chomhaontú nua cuspóirí an tsimplithe agus an chuíchóirithe agus gné idir-rialtasach ICO á coinneáil an tráth céanna.

(4)Dá bhrí sin, ba cheart an Comhaontú a shíniú, go dtí go gcríochnófar na nósanna imeachta chun é a thabhairt i gcrích,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear leis seo síniú Chomhaontú Idirnáisiúnta Caife 2022 (‘an Comhaontú’) thar ceann an Aontais Eorpaigh, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin 9 .

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

(1)    2008/579/CE: Cinneadh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2008 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích Chomhaontú Idirnáisiúnta Caife 2007 thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, IO L 186, 15.7.2008, lch. 12.    
(2)    COM(2021) 374 final.    
(3)    CM 4170/21.    
(4)     https://commission.europa.eu/strategy-and-policy/priorities-2019-2024/european-green-deal_ga .    
(5)     https://commission.europa.eu/strategy-and-policy/priorities-2019-2024/stronger-europe-world/global-gateway_ga .    
(6)    COM(2021) 374 final.    
(7)    CM 4170/21.    
(8)    2008/579/CE: Cinneadh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2008 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích Chomhaontú Idirnáisiúnta Caife 2007 thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, IO L 186, 15.7.2008, lch. 12.    
(9)    Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.

An Bhruiséil,9.9.2025

COM(2025) 469 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir le Síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chomhaontú Idirnáisiúnta Caife 2022


E

 

Cóip de théacs fíordheimhnithe

   IDIRNÁISIÚNTA

   CAIFE

   COMHAONTÚ 2022

   

   Meitheamh 2022

   Londain, an Ríocht Aontaithe

Le Rún 476, d’fhormheas an Chomhairle Idirnáisiúnta Caife, an 9 Meitheamh 2022, téacs Chomhaontú Idirnáisiúnta Caife 2022, atá i ndoiciméad ICC-133-7. Leis an Rún céanna, d’iarr an Chomhairle ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin téacs cinntitheach an Chomhaontaithe a ullmhú, agus an téacs sin a fhíordheimhniú lena tharchur chuig an Taiscí. An 9 Meitheamh 2022, d’fhormheas an Chomhairle Rún 477, lenar ainmníodh an Eagraíocht Idirnáisiúnta Chaife mar Thaiscí le haghaidh Chomhaontú Idirnáisiúnta Caife 2022.

Tá cóip sa doiciméad seo de théacs Chomhaontú Idirnáisiúnta Caife 2022 a taisceadh leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta Chaife lena shíniú faoi fhorálacha Airteagal 44 den Chomhaontú sin.

222 Gray’s Inn Road

Londain WC1X 8HB, an Ríocht Aontaithe

CLÁR

Airteagal    Leathanach

       Brollach    1

CAIBIDIL I — CUSPÓIRÍ

   1    Cuspóirí    3

CAIBIDIL II — SAINMHÍNITHE

   2    Sainmhínithe    5

CAIBIDIL III – GEALLTANAIS GHINEARÁLTA Ó CHOMHALTAÍ

   3    Gealltanais ghinearálta ó Chomhaltaí    8

CAIBIDIL IV – BALLRAÍOCHT AGUS CLEAMHNACHT

   4    Ballraíocht na hEagraíochta    9

   5    Ballraíocht an ghrúpa    9

6    Cleamhnacht    9

CAIBIDIL V ─ AN EAGRAÍOCHT IDIRNÁISIÚNTA CHAIFE

   7    Suíomh agus struchtúr na hEagraíochta Idirnáisiúnta Caife    11

   8    Pribhléidí agus díolúintí    11

CAIBIDIL VI ─ AN CHOMHAIRLE IDIRNÁISIÚNTA CAIFE

   9    Comhdhéanamh na Comhairle Idirnáisiúnta Caife    13

   10    Cumhachtaí agus feidhmeanna na Comhairle13

   11    Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach na Comhairle    14

   12    Seisiúin na Comhairle    14

   13    Vótaí    15

   14    Nós imeachta vótála na Comhairle    16

   15    Cinntí ón gComhairle    16

   16    Comhar le heagraíochtaí eile    18

   17    Comhar le heagraíochtaí neamhrialtasacha    18

CAIBIDIL VII ─ AN STIÚRTHÓIR FEIDHMIÚCHÁIN AGUS AN FHOIREANN

   18    An Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an fhoireann    19


CAIBIDIL VIII — AIRGEADAS AGUS RIARACHÁN

   19    An Coiste Airgeadais agus Riaracháin    20

   20    Airgeadas    20

   21    An Buiséad Riaracháin a chinneadh agus measúnú a dhéanamh ar ranníocaíochtaí    20

   22    Ranníocaíochtaí a íoc    22

   23    Dliteanais    22

   24    Cuntais a iniúchadh agus a fhoilsiú    23

CAIBIDIL IX – EACNAMAÍOCHT

   25    An Coiste Eacnamaíochta    24

   26    Deireadh a chur le bacainní trádála agus tomhaltais    24

   27    Cur chun cinn agus forbairt an mhargaidh    25

   28    Bearta a bhaineann le caife próiseáilte    26

   29    Meascáin agus ionadaigh    26

   30    Faisnéis staidrimh    26

   31    Deimhnithe Tionscnaimh    27

   32    Staidéir, suirbhéanna agus tuarascálacha    28

CAIBIDIL X – GNÍOMHAÍOCHTAÍ TIONSCADAIL NA hEAGRAÍOCHTA

   33    Tionscadail a fhorbairt agus a chistiú    30

CAIBIDIL XI ─ EARNÁIL PHRÍOBHÁIDEACH AN CHAIFE

   34    Bord na gComhaltaí Cleamhnachta    31

   35    Meitheal Phríobháideach-Phoiblí an Chaife – CPPWP    32

   36    Rannpháirteachas, comhtháthú agus cuimsitheacht    33

   37    Comhdháil Chaife an Domhain    34

   38    Maoiniú na hEarnála Caife    34

CAIBIDIL XII ─ FORÁLACHA GINEARÁLTA

   39    Ullmhúcháin le haghaidh Comhaontú nua    35

CAIBIDIL XIII ─ FORBAIRT INBHUANAITHE

   40    Earnáil inbhuanaithe caife    36

   41    Caighdeán maireachtála agus dálaí oibre    36

CAIBIDIL XIV ─ COMHAIRLIÚCHÁIN, DÍOSPÓIDÍ AGUS GEARÁIN

   42    Comhairliúcháin    37

   43    Díospóidí agus gearáin    37

CAIBIDIL XV ─ FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

   44    Síniú agus daingniú, glacadh nó formheas38

   45    Cur i bhfeidhm sealadach    38

   46    Teacht i bhfeidhm    38

   47    Aontachas    39

   48    Forchoimeádais    40

   49    Tarraingt siar dheonach    40

   50    Eisiamh    40

   51    Lánghlanadh na gcuntas le Comhaltaí a tharraingeoidh siar nó a eiseofar    40

   52    Ré agus foirceannadh    41

   53    Leasú    41

   54    Foráil fhorlíontach agus idirthréimhseach    42

   55    Téacsanna barántúla an Chomhaontaithe43

COMHAONTÚ IDIRNÁISIÚNTA CAIFE 2022

Brollach

   Tá na Rialtais atá ina bPáirtithe sa Chomhaontú seo,

   Ag aithint dóibh ríthábhacht an chaifé do gheilleagair tíortha iomadúla a bhraitheann ar an gcaife go mór ar mhaithe lena dtuilleamh onnmhairiúcháin agus a spriocanna forbartha sóisialta agus eacnamaíocha a bhaint amach, agus do thíortha iomadúla ina bhfuil príomhról ag allmhairí caife;

   Ag aithint dóibh tábhacht na hearnála caife do shlite beatha na milliún daoine, go háirithe i dtíortha i mbéal forbartha, agus é á chur san áireamh gur ar fheirmeacha teaghlaigh ar mionscála a tháirgtear an caife i roinnt mhaith de na tíortha sin;

De bhrí go bhfuil gá leis an gcomhoibriú i measc chomhaltaí an tslabhra luacha chun oibriú in éineacht le chéile chun na dálaí struchtúracha a chruthú lena bhfágfar ní hamháin gur féidir le feirmeoirí caife fíor-rathúnas a bhaint amach agus feabhas a chur ar a slí bheatha go leanúnach, ach lena ndaingneofar an todhchaí don chéad ghlúin eile de shaothróirí caife agus do thionscal domhanda an chaife freisin;

   Ag aithint dóibh go rannchuidíonn earnáil inbhuanaithe caife leis na spriocanna forbartha arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta a bhaint amach, lena náirítear na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) ábhartha;

   Ag aithint dóibh gur gá forbairt inbhuanaithe earnáil an chaife a chothú, lena bhfágfar go mbeidh fostaíocht agus ioncam feabhsaithe, agus caighdeáin mhaireachtála agus dálaí oibre níos fearr ann sna Ballstáit;

   De bhrí, de thoradh dlúthchomhar idirnáisiúnta maidir le hábhair chaife, agus an trádáil idirnáisiúnta san áireamh, gur féidir earnáil dhomhanda caife a chothú, a bheidh éagsúlaithe go heacnamaíoch, forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na dtíortha is táirgeoirí a chothú, chomh maith le forbairt tháirgeadh agus thomhaltas an chaife, agus caidreamh feabhsaithe idir tíortha onnmhairithe agus allmhairithe an chaife;

   De bhrí gur féidir leis an gcomhoibriú idir Comhaltaí, eagraíochtaí idirnáisiúnta, an Earnáil Phríobháideach agus na páirtithe leasmhara eile uile rannchuidiú le forbairt earnáil an chaife;

   Ag aithint dóibh gur féidir cuidiú le haon saobhadh margaidh lenar féidir díobháil a dhéanamh do tháirgeoirí agus do thomhaltóirí araon a sheachaint trí mhéadú a dhéanamh ar an rochtain ar fhaisnéis a bhaineann le caife agus ar straitéisí margadhbhunaithe um bainistiú riosca, dá bhfuil trédhearcacht margaidh sa slabhra soláthair agus maolú na luaineachta praghsanna fíor-riachtanach, chomh maith le glacadh rialachán iomchuí a éascú; agus

Ag tabhairt dá n‑aire dóibh na buntáistí a fhaightear ón gcomhar idirnáisiúnta de thoradh oibriú Chomhaontuithe Idirnáisiúnta Caife 1962, 1968, 1976, 1983, 1994, 2001 agus 2007,

   Tar éis comhaontú mar a leanas:

CAIBIDIL I – CUSPÓIRÍ

Airteagal 1

Cuspóirí

Is é is cuspóir don Chomhaontú seo earnáil dhomhanda an chaife a neartú agus a forbairt a chur chun cinn ar bhealach a bheidh inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair, na sochaí agus an chomhshaoil de i dtimpeallacht mhargadhbhunaithe chun sochair na rannpháirtithe uile san earnáil, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(1)    An comhar idirnáisiúnta maidir le hábhair chaife a chur chun cinn ar mhaithe leis na limistéar uile ina bhfástar caife a fhorbairt agus laghdú a dhéanamh ar na bearnaí sóisialta, eacnamaíocha agus teicneolaíocha i measc tíortha, agus riachtanais agus tosaíochtaí na gComhaltaí á gcur san áireamh an tráth céanna;

(2)Rannpháirtíocht na gComhaltaí agus na bpáirtithe leasmhara i slabhra luacha an chaife a éascú ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus domhanda maidir le hábhair chaife;

(3)Na Comhaltaí a spreagadh chun earnáil inbhuanaithe caife a fhorbairt i dtéarmaí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil;

(4)    Fóram le haghaidh comhairliúchán a sholáthar chun tuiscint a lorg ar na dálaí struchtúracha i margaí idirnáisiúnta agus ar threochtaí fadtéarmacha sa táirgeadh agus sa tomhaltas lena ndéantar an soláthar agus an téileamh a chothromú, chomh maith le rialáil leormhaith a dhéanamh ar na spotmhargaí, na margaí fisiceacha agus na margaí airgeadais don chaife chun aghaidh a thabhairt ar an luaineacht agus ar an amhantraíocht iomarcach lenar féidir praghsanna a shaobhadh, rud lena ngabhann éifeachtaí diúltacha ar tháirgeoirí agus ar thomhaltóirí araon;

(5)    Leathnú agus trédhearcacht na trádála idirnáisiúnta a éascú i gcineálacha agus i bhfoirmeacha uile an chaife, agus díchur na mbacainní trádála a chur chun cinn;

(6)    Faisnéis, staitisticí agus staidéir eacnamaíocha, theicniúla agus eolaíocha a bhailiú, a scaipeadh agus a fhoilsiú, chomh maith le torthaí taighde agus forbartha in ábhair chaife;

(7)    Forbairt an tomhaltais agus na margaí a chur chun cinn le haghaidh chineálacha agus fhoirmeacha uile an chaife, i dtíortha táirgthe an chaife agus i geilleagair margaidh i mbéal forbartha;

(8)    Tionscadail a fhorbairt, tacú le bainistiú acmhainní airgeadais le haghaidh tionscnamh agus, i gcás inar féidir agus inar iomchuí, cur chun feidhme na dtionscadal, dá dtairbhíonn Comhaltaí agus geilleagar caife an domhain, a bhainistiú;

(9)    Cáilíocht an chaife a chur chun cinn dfhonn sásamh na dtomhaltóirí agus na tairbhí do tháirgeoirí a fheabhsú;

(10)Forbairt agus cur chun feidhme na nósanna imeachta iomchuí um shábháilteacht bia a spreagadh in earnáil an chaife sna Ballstáit;

(11)    Cláir oiliúna agus faisnéise a chur chun cinn, ar cláir iad a ceapadh chun cúnamh a thabhairt le cleachtais nuálacha agus teicneolaíocht nuálach atá ábhartha don chaife a aistriú chuig na Comhaltaí;

(12)    Comhaltaí a spreagadh agus tacú leo straitéisí a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun méadú a dhéanamh ar athléimneacht na bpobal áitiúil agus na bhfeirmeoirí caife, go háirithe feirmeoirí beaga, chun é a chur ar a gcumas dóibh tairbhiú de tháirgeadh agus de thrádáil an chaife, rud lenar féidir rannchuidiú le deireadh a chur leis an mbochtaineacht trí ioncam maireachtála do theaghlaigh;

(13)Infhaighteacht na faisnéise a éascú, go háirithe maidir le huirlisí agus seirbhísí airgeadais lenar féidir cúnamh a thabhairt do tháirgeoirí an chaife sna Ballstáit ionstraimí creidmheasa agus bainistithe riosca a rochtain, rud a fhágfaidh gur mó an chuimsitheacht airgeadais agus an bainistiú riosca a bheidh ann, agus an tathrú aeráide á chur san áireamh freisin. 

(14)Aghaidh a thabhairt, trí thaighde i gcás inarb iomchuí, ar na dúshláin atá roimh earnáil dhomhanda an chaife, lena náirítear an luaineacht praghsanna, costais arda táirgthe, lotnaidí agus galair, an tathrú aeráide agus inrianaitheacht an chaife, ach gan a bheith teoranta dóibh sin; agus

(15)Réitigh mhargadhbhunaithe a chur chun cinn lena gcuirfear ar a gcumas do tháirgeoirí breisiú luacha níos mó a ghiniúint.



CAIBIDIL II ─ SAINMHÍNITHE

Airteagal 2

Sainmhínithe

   Chun críocha an Chomhaontaithe seo:

(1)    Ciallaíonn caife pónairí agus caora an chrainn caife, bídís sin ina bpratainn, ina bpónairí nó ina silíní amha nó rósta, agus áirítear orthu an caife meilte, díchaiféinithe, leachtach, intuaslagtha agus réamh-mheasctha. Déanfaidh an Chomhairle, a luaithe is féidir tar éis don Chomhaontú seo teacht i bhfeidhm, agus arís ag eatraimh 3 bliana, athbhreithniú ar na fachtóirí coinbhéartachta i gcás na gcineálacha caife a liostaítear i bhfomhíreanna (d), (e), (f), (g) agus (h) thíos. Tar éis na nathbhreithnithe sin, cinnfidh agus foilseoidh an Chomhairle na fachtóirí coinbhéartachta iomchuí. Roimh an athbhreithniú tosaigh, agus mura mbeidh an Chomhairle in ann teacht ar chinneadh maidir leis an ábhar sin, is iad na fachtóirí coinbhéartachta a bheidh ann na fachtóirí coinbhéartachta sin a úsáidtear i gComhaontú Idirnáisiúnta Caife 2007, a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú seo. Faoi réir na bhforálacha sin, beidh an chiall seo a leanas leis na téarmaí a liostaítear thíos:

   (a)    Ciallaíonn caife amh an caife uile i bhfoirm pónairí amha, neamhrósta;

(b)Ciallaíonn caor caife triomaithe torthaí triomaithe an chrainn caife; chun coibhéis na gcaor caife triomaithe le caife amh a ríomh, iolraigh glanmheáchan na gcaor caife triomaithe faoi 0,50;

(c)Ciallaíonn caife pratainne pónaire amh an chaife atá i gcraiceann na pratainne; chun coibhéis an chaife pratainne le caife amh a ríomh, iolraigh glanmheáchan phratainn an chaife faoi 0,80;

(d)Ciallaíonn caife rósta caife amh agus aon mhéid de róstadh a bheith déanta air, agus áirítear caife meilte leis;

(e)    Ciallaíonn caife díchaiféinithe caife amh, rósta nó intuaslagtha as ar eastóscadh caiféin;

(f)    Ciallaíonn caife leachtach na solaid uiscethuaslagtha a dhíorthaítear ó chaife rósta agus a chuirtear i bhfoirm leachtach; 

(g)    Ciallaíonn caife intuaslagtha na solaid uiscethuaslagtha thriomaithe a dhíorthaítear ó chaife rósta; agus

(h)    Ciallaíonn caife réamh-mheasctha meascáin de chaife intuaslagtha nó de chaife rósta agus meilte in éineacht le comhábhair bia eile, siúcra agus/nó uachtar bréige de ghnáth, agus bfhéidir comhábhair áirithe eile.

(2)    Ciallaíonn mála 60 cileagram nó 132,276 punt caife aimh; Ciallaíonn tona mais 1 000 cileagram nó 2 204,6 punt; agus ciallaíonn punt 453,597 gram.

(3)    Ciallaíonn bliain chaife tréimhse bliana, ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 30 Meán Fómhair.

(4)    Ciallaíonn Eagraíocht agus Comhairle, faoi seach, an Eagraíocht Idirnáisiúnta Chaife agus an Chomhairle Idirnáisiúnta Caife.

(5)    Ciallaíonn Páirtí Conarthach Rialtas, an tAontas Eorpach nó aon eagraíocht idir-rialtasach dá dtagraítear i mír (3) dAirteagal 4 a thaisc ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha, formheasta nó fógra um chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe seo i gcomhréir le forálacha Airteagail 44, 45 agus 46 nó a daontaigh dó i gcomhréir le forálacha Airteagal 47.

(6)    Ciallaíonn Comhalta Páirtí Conarthach.

(7)    Ciallaíonn Comhalta is onnmhaireoirtír is onnmhaireoir Comhalta nó tír, faoi seach, ar glan-onnmhaireoir caife é; is é sin, Comhalta nó tír ar mó a onnmhairí nó a honnmhairí ná a allmhairí nó a hallmhairí.

(8)    Ciallaíonn Comhalta is allmhaireoirtír is allmhaireoir Comhalta nó tír, faoi seach, ar glan-allmhaireoir caife é; is é sin, Comhalta nó tír ar mó a allmhairí nó a hallmhairí ná a onnmhairí nó a honnmhairí.

(9)    Ciallaíonn tromlach de na vótaí dáilte vótáil lena ngabhann an ceanglas 70 faoin gcéad nó níos mó a fháil de vótaí na gComhaltaí is onnmhaireoirí atá i láthair agus ag vótáil, agus ceanglas 70 faoin gcéad nó níos mó a fháil de vótaí na gComhaltaí is allmhaireoirí atá i láthair agus ag vótáil, arna gcomhaireamh ar leithligh.

(10)    Ciallaíonn Taiscí an eagraíocht idir-rialtasach nó an Páirtí Conarthach i gComhaontú Idirnáisiúnta Caife 2007, arna hainmniú nó arna ainmniú le cinneadh ón gComhairle faoi Chomhaontú Idirnáisiúnta Caife 2007, a bhí le déanamh de chomhthoil roimh an 6 Deireadh Fómhair 2022. Beidh an cinneadh sin ina chuid dhílis den Chomhaontú seo.

(11)    Ciallaíonn an Earnáil Phríobháideach an deighleog den gheilleagar atá faoi úinéireacht, faoi rialú agus faoi bhainistiú daoine aonair príobháideacha nó fiontar príobháideach, nó fiontar faoi úinéireacht stáit, a bhfuil a bpríomhghníomhaíochtaí in earnáil an chaife nó a mbaineann a bpríomhghníomhaíochtaí léi agus a oibríonn ar bhealach comhchosúil mar chuid de chóras oscailte margadhbhunaithe, lena náirítear an méid seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dó:

(a)    Feirmeoirí, eagraíochtaí agus comharchumainn feirmeoirí, agus táirgeoirí eile;

(b)Micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (MFBManna);

(c)Fiontair shóisialta;

(d)Cuideachtaí móra náisiúnta agus ilnáisiúnta;

(e)    Institiúidí airgeadais; agus

(f)    Comhlachais tionscail agus trádála.

(12)    Ciallaíonn an tSochaí Shibhialta an réimse leathan eagraíochtaí neamhrialtasacha agus seachbhrabúsacha a bhfuil láithreacht sa saol poiblí acu, a chuireann leasanna agus luachanna a gcomhaltaí agus daoine nó eintitis eile in iúl, bunaithe ar bhreithnithe eiticiúla, cultúrtha, polaitiúla, eolaíocha, acadúla nó daonchairdiúla.

(13)    Ciallaíonn Comhalta Cleamhnachta eintiteas de chuid na hEarnála Príobháidí nó na Sochaí Sibhialta a bhfuil baint aige le hobair na hEagraíochta nó a ghabhann don obair sin.

(14)    Is fóram é an CEO and Global Leaders Forum (CGLF) [Fóram na bPríomhfheidhmeannach agus na gCeannairí Domhanda] dfheidhmeannaigh shinsearacha ó eintitis san Earnáil Phríobháideach ar sínitheoirí iad le Dearbhú Londain 2019 maidir le praghasleibhéil, luaineacht praghsanna agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach earnáil an chaife agus a leagadh síos mar fhreagairt na hEarnála Príobháidí ar Rún 465 ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a eisíodh an 20 Meán Fómhair 2018. Tagann an Fóram le chéile gach bliain le Comhaltaí na hEagraíochta Idirnáisiúnta Caife (ICO), le páirtithe leasmhara ábhartha caife agus le comhpháirtithe forbraíochta chun torthaí Mheitheal Phríobháideach-Phoiblí an Chaife (CPPWP), arna sainmhíniú in Airteagal 35, a mheas.



CAIBIDIL III ─ GEALLTANAIS GHINEARÁLTA Ó CHOMHALTAÍ

Airteagal 3

Gealltanais ghinearálta ó Chomhaltaí

(1)    Geallann na Comhaltaí cibé bearta a ghlacadh ar gá iad chun é a chur ar a gcumas dóibh a noibleagáidí faoin gComhaontú seo a chomhlíonadh agus dul i gcomhar iomlán le chéile chun a dhaingniú go mbainfear amach cuspóirí an Chomhaontaithe seo; go háirithe, geallann na Comhaltaí freisin go soláthróidh siad, i gcás inar féidir, an fhaisnéis lena bhfuil gá chun feidhmiú an Chomhaontaithe seo a éascú, ar choinníoll nach sárófar an rúndacht leis an bhfaisnéis sin.

(2)    Aithníonn na Comhaltaí gur foinsí tábhachtacha faisnéise staidrimh maidir leis an trádáil sa chaife iad Deimhnithe Tionscnaimh. Dá bhrí sin, gabhann na Comhaltaí is onnmhaireoirí freagracht chucu féin as eisiúint cheart na nDeimhnithe Tionscnaimh a áirithiú.

(3)    Aithníonn na Comhaltaí thairis sin go bhfuil faisnéis faoi ath-‑onnmhairí tábhachtach freisin ar mhaithe le hanailís cheart ar gheilleagar caife an domhain. Geallann na Comhaltaí is allmhaireoirí, dá bhrí sin, faisnéis thráthrialta chruinn a sholáthar maidir le hath-onnmhairí, san fhoirm agus ar an mbealach a chinnfidh an Chomhairle.


CAIBIDIL IV – BALLRAÍOCHT AGUS CLEAMHNACHT

Airteagal 4

Ballraíocht na hEagraíochta

(1)    Beidh gach Páirtí Conarthach ina Chomhalta aonair den Eagraíocht.

(2)    Féadfaidh Comhalta catagóir a bhallraíocht a athrú ar cibé coinníollacha a fhéadfaidh an Chomhairle a aontú.

(3)    Aon tagairt sa Chomhaontú seo do Rialtas, forléireofar í mar thagairt a fholaíonn an tAontas Eorpach agus aon eagraíocht idir-rialtasach ag a bhfuil inniúlacht eisiach i leith chaibidlíocht, thabhairt i gcrích agus chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

Airteagal 5

Ballraíocht an ghrúpa

   Féadfaidh dhá Pháirtí Chonarthacha nó níos mó a bheith rannpháirteach san Eagraíocht mar Ghrúpa Comhaltaí, trí fhógra iomchuí a thabhairt don Chomhairle agus don Taiscí, rud lena ngabhfaidh éifeacht an dáta a shonróidh na Páirtithe Conarthacha lena mbaineann agus ar choinníollacha a chomhaontóidh an Chomhairle, lena náirítear oibleagáidí airgeadais.

Airteagal 6

Cleamhnacht

(1)    Tá eintiteas de chuid na hEarnála Príobháidí nó na Sochaí Sibhialta incháilithe lena mheas le haghaidh ballraíocht chleamhnachta le cinneadh ón gComhairle.

(2)    Eintitis ar mian leo go naithneofaí mar Chomhalta Cleamhnachta den Eagraíocht iad, ba cheart dóibh iarratas a a chur faoi bhráid Chathaoirleach na Comhairle, nach mór formhuiniú a fháil ina leith ó Chomhalta sula gcuirfear faoi bhráid an Chathaoirligh é.

(3)    Glacfaidh an Chomhairle le hiarratais ar stádas mar Chomhalta Cleamhnachta nó diúltóidh sí iad.

(4)    Déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar stádas na gComhaltaí Cleamhnachta gach bliain chaife.

(5)    Leagfaidh an Chomhairle síos nósanna imeachta chun breithmheas a dhéanamh ar iarratais ar stádas mar Chomhalta Cleamhnachta, rud lena gcuirfear san áireamh conas a bhaineann obair an iarratasóra le hobair na hEagraíochta nó conas a ghabhann an obair sin dobair na hEagraíochta, mar aon le hábharthacht dhíreach na hoibre sin do chuspóirí an Chomhaontaithe seo.

(6)    Bíonn an deis ag an Eagraíocht leas a bhaint as sainchomhairle ó Chomhaltaí Cleamhnachta, agus bíonn an deis ag na Comhaltaí Cleamhnachta, dá réir sin, a dtuairimí a chur in iúl agus gabháil dobair na hEagraíochta.

(7)    Leagfaidh an Chomhairle síos sceideal de na ranníocaíochtaí bliantúla atá le híoc ag Comhaltaí Cleamhnachta. Beidh sásra agus bainistiú na ranníocaíochtaí a íocfar i gcomhréir le Rialacha Airgeadais agus Rialacháin Airgeadais na hEagraíochta.



CAIBIDIL V ─ AN EAGRAÍOCHT IDIRNÁISIÚNTA CHAIFE

Airteagal 7

Suíomh agus struchtúr na

hEagraíochta Idirnáisiúnta Caife

(1)    Bunaíodh an Eagraíocht Idirnáisiúnta Chaife faoi Chomhaontú Idirnáisiúnta Caife 1962 agus leanfaidh sí ar marthain chun forálacha an Chomhaontaithe seo a riar agus oibriú an Chomhaontaithe a mhaoirsiú.

(2)    Is i Londain, an Ríocht Aontaithe, a bheidh suíomh na hEagraíochta, mura gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt.

(3)    Is í an Chomhairle an túdarás is airde atá ag an Eagraíocht. Tabharfaidh an Coiste Airgeadais agus Riaracháin agus an Coiste Eacnamaíochta cúnamh don Chomhairle, de réir mar is iomchuí. Cuirfidh Bord na gComhaltaí Cleamhnachta, Comhdháil Chaife an Domhain agus Meitheal Phríobháideach-Phoiblí an Chaife comhairle ar an gComhairle freisin.

(4)    Tacóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus foireann na hEagraíochta leis an gComhairle.

Airteagal 8

Pribhléidí agus díolúintí

(1)    Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an Eagraíocht. Beidh inniúlacht chonarthach go háirithe aici maidir le maoin inchorraithe agus le maoin dhochorraithe, chun maoin den sórt sin a fháil agus a dhiúscairt agus chun imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh.

(2)    Beidh stádas, pribhléidí agus díolúintí na hEagraíochta, a Stiúrthóra Feidhmiúcháin, a foirne agus a saineolaithe, agus ionadaithe na gComhaltaí, agus iad i gcríoch an stáit óstaigh chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú, faoi rialú Comhaontaithe Ceanncheathrún atá tugtha i gcrích idir an Rialtas óstach agus an Eagraíocht.

(3)    Beidh an Comhaontú Ceanncheathrún dá dtagraítear i mír (2) den Airteagal seo neamhspleách ar an gComhaontú seo. Mar sin féin, foirceannfar an Comhaontú sin:

(a)    Trí chomhaontú idir an Rialtas óstach agus an Eagraíocht;

(b)I gcás ina n‑aistreofar ceanncheathrú na hEagraíochta ó chríoch an Rialtais óstaigh; nó

(c)I gcás ina scoirfidh an Eagraíocht de bheith ann.

(4)    Féadfaidh an Eagraíocht comhaontuithe a thabhairt i gcrích le haon Chomhalta amháin eile nó níos mó, ar comhaontuithe iad a bheidh le formheas ag an gComhairle agus a bhainfidh le cibé pribhléidí agus díolúintí a bhféadfaidh gá a bheith leo chun go bhfeidhmeoidh an Comhaontú seo go cuí.

(5)    Déanfaidh Rialtais na mBallstát nach iad na Rialtais óstacha iad na saoráidí céanna a dheonú don Eagraíocht i leith srianta airgeadra nó malairte, cuntais bhainc a choinneáil ar bun agus airgead a aistriú, a thugtar do ghníomhaireachtaí speisialaithe na Náisiún Aontaithe.



CAIBIDIL VI – AN CHOMHAIRLE IDIRNÁISIÚNTA CAIFE

Airteagal 9

Comhdhéanamh na Comhairle Idirnáisiúnta Caife

(1)    Is iad Comhaltaí uile na hEagraíochta a bheidh sa Chomhairle.

(2)    Ceapfaidh gach Comhalta ionadaí amháin ar an gComhairle agus, más mian leis é, ionadaí malartach amháin nó níos mó. Féadfaidh Comhalta comhairleoir amháin nó níos mó a ainmniú dá ionadaí nó dá ionadaithe malartacha freisin.

Airteagal 10

Cumhachtaí agus feidhmeanna na Comhairle

(1)    Déanfar na cumhachtaí uile a thugtar go sonrach leis an gComhaontú seo a dhílsiú don Chomhairle, a fheidhmeoidh na feidhmeanna is gá chun forálacha an Chomhaontaithe seo a chomhlíonadh.

(2)    Féadfaidh an Chomhairle Coistí agus fochomhlachtaí, de réir mar is cuí, a bhunú agus a dhíscaoileadh, seachas na Coistí agus fochomhlachtaí sin dá bhforáiltear i mír (3) dAirteagal 7.

(3)    Leagfaidh an Chomhairle síos cibé rialacha agus rialacháin, lena náirítear a rialacha nós imeachta féin agus rialacháin airgeadais agus foirne na hEagraíochta, lena bhfuil gá chun forálacha an Chomhaontaithe seo a chomhlíonadh agus a bheidh comhsheasmhach leis na forálacha sin. Féadfaidh an Chomhairle, ina rialacha nós imeachta, foráil a dhéanamh maidir leis na modhanna lena bhféadfaidh sí ceisteanna sonracha a chinneadh, gan teacht le chéile.

(4)    Leagfaidh an Chomhairle plean gníomhaíochta straitéiseach síos go tráthrialta chun a cuid oibre a threorú agus tosaíochtaí a shainaithint, lena náirítear na tosaíochtaí sin a bhaineann le gníomhaíochtaí tionscadail arna ngabháil de láimh de bhun Airteagal 33 agus le staidéir, suirbhéanna agus tuarascálacha arna gabháil de láimh de bhun Airteagal 32. Léireofar na tosaíochtaí a shainaithneofar sa phlean gníomhaíochta i gclár na ngníomhaíochtaí agus sa Bhuiséad Riaracháin a bheidh formheasta ag an gComhairle.

(5)    Coimeádfaidh an Chomhairle freisin cibé taifid lena bhfuil gá chun a feidhmeanna a chomhlíonadh faoin gComhaontú seo agus cibé taifid eile is inmhianaithe dar léi.



Airteagal 11

Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach na Comhairle

(1)    Toghfaidh an Chomhairle, le haghaidh gach bliana caife, Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach nach mbeidh á níoc ag an Eagraíocht.

(2)    Toghfar an Cathaoirleach as measc ionadaithe na gComhaltaí is onnmhaireoirí nó as measc ionadaithe na gComhaltaí is allmhaireoirí agus toghfar an Leas-Chathaoirleach as measc ionadaithe na catagóire eile Comhalta. Malartófar na poist sin gach bliain caife idir an dá chatagóir Comhalta.

(3)    Ní bheidh ceart vótála ag an gCathaoirleach ná ag an Leas-Chathaoirleach i gcáil Cathaoirligh dóibh. Déanfaidh a ionadaí nó a hionadaí malartach cearta vótála an Chomhalta a fheidhmiú sa chás sin.

Airteagal 12

Seisiúin na Comhairle

(1)    Tionólfaidh an Chomhairle dhá sheisiún thráthrialta in aghaidh na bliana agus seisiúin ar leith má chinneann sí amhlaidh. Féadfaidh sí seisiúin ar leith a thionól arna iarraidh sin daon deichniúr Comhaltaí. Tabharfar fógra faoi sheisiúin 30 lá roimh ré ar a laghad ach amháin i gcásanna éigeandála nuair a thabharfar an fógra sin 10 lá roimh ré ar a laghad.

(2)    Tionólfar seisiúin ag suíomh na hEagraíochta, mura gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt. Má iarrann Comhalta ar an gComhairle teacht le chéile ina chríoch, agus má chomhaontaíonn an Chomhairle leis, is é an Comhalta sin a sheasfaidh na costais bhreise a bheidh i gceist don Eagraíocht, ar costais bhreise iad ar na costais a thabhaítear agus an seisiún á thionól ag suíomh na hEagraíochta.

(3)    Féadfaidh an Chomhairle cuireadh a thabhairt daon tír nach Ballstát í nó daon cheann de na heagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 16 agus 17 freastal ar aon cheann dá seisiúin mar bhreathnóir. Ag gach seisiún, cinnfidh an Chomhairle an dtabharfar cead isteach do bhreathnóirí.

(4)    An córam a bheidh de dhíth chun go ndéanfar cinntí le linn seisiún Comhairle, sin é líon níos mó ná leath na gComhaltaí is onnmhaireoirí agus is allmhaireoirí a bheith i láthair, ar Comhaltaí iad a bhfuil ar a laghad dhá thrian de na vótaí acu le haghaidh gach catagóire faoi seach. Más rud é nach mbeidh aon chóram ann ar oscailt seisiúin den Chomhairle nó ar oscailt aon chruinniú iomlánach, déanfaidh an Cathaoirleach oscailt an tseisiúin nó an chruinnithe iomlánaigh a chur siar ar feadh 2 uair an chloig ar a laghad. Mura mbeidh aon chóram ann fós ag an tréimhse nua arna socrú, féadfaidh an Cathaoirleach oscailt an tseisiúin nó an chruinnithe iomlánaigh a chur siar arís ar feadh 2 uair an chloig eile ar a laghad. Mura mbeidh aon chóram ann fós ag deireadh na tréimhse nua sin ar cuireadh an oscailt siar lena linn, cuirfear an tábhar ar gá cinntí a dhéanamh ina leith siar go dtí an chéad seisiún eile den Chomhairle.



Airteagal 13

Vótaí

(1)    Beidh 1 000 vóta ag na Comhaltaí is onnmhaireoirí in éineacht le chéile agus beidh 1 000 vóta ag na Comhaltaí is allmhaireoirí in éineacht le chéile, arna ndáileadh laistigh de gach catagóir Comhaltaí mar a fhoráiltear sna míreanna seo a leanas den Airteagal seo.

(2)    Beidh cúig bhunvóta ag gach Comhalta.

(3)    Déanfar na vótaí a bheidh fágtha de vótaí na gComhaltaí is onnmhaireoirí a roinnt i measc na gComhaltaí sin mar a leanas: 50 faoin gcéad i gcomhréir le meánmhéid a nonnmhairí caife faoi seach; agus 50 faoin gcéad i gcomhréir le meánluach a nonnmhairí caife faoi seach.

(4)    Déanfar na vótaí a bheidh fágtha de vótaí na gComhaltaí is allmhaireoirí a roinnt i measc na gComhaltaí sin mar a leanas: 50 faoin gcéad i gcomhréir le meánmhéid a nallmhairí caife faoi seach; agus 50 faoin gcéad i gcomhréir le meánluach a nallmhairí caife faoi seach.

(5)    Is mar Chomhalta aonair a bheidh vótaí ag an Aontas Eorpach nó ag aon eagraíocht idir-rialtasach mar a shainmhínítear i mír (3) dAirteagal 4. Beidh cúig bhunvóta agus vóta breise aige nó aici de réir mheánmhéid agus mheánluach a allmhairí nó a onnmhairí caife. Má dhéantar é a chatagóiriú mar Chomhalta is onnmhaireoir, i gcomhréir le mír (7) dAirteagal 2, ríomhfar a vótaí i gcomhréir le mír (3) den Airteagal seo. Má dhéantar é a chatagóiriú mar Chomhalta is allmhaireoir, i gcomhréir le mír (8) dAirteagal 2, ríomhfar a vótaí i gcomhréir le mír (4) den Airteagal seo.

(6)    Chun críocha an Airteagail seo, forléireofar onnmhairí agus allmhairí caife mar thagairtí do loingsithe daon áit tionscnaimh agus chuig aon cheann scríbe, faoi seach, sna 4 bliana féilire roimhe sin.

(7)    Chun críocha an Airteagail seo, i gcás an Aontais Eorpaigh nó aon eagraíocht idir-rialtasach mar a shainmhínítear i mír (3) dAirteagal 4, forléireofar onnmhairí mar onnmhairí a fholaíonn suim na nonnmhairí chuig na cinn scríbe uile, lena náirítear laistigh den cheann scríbe féin, agus áireofar ar allmhairí suim na nallmhairí ó na háiteanna tionscnaimh uile, lena náirítear laistigh den cheann scríbe féin.

(8)    Cinnfidh an Chomhairle dáileadh na vótaí i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo ag tús gach bliana caife agus fanfaidh an dáileadh sin i bhfeidhm le linn na bliana sin, ach amháin mar a fhoráiltear i mír (9) den Airteagal seo.

(9)    Forálfaidh an Chomhairle maidir leis na vótaí a athdháileadh i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo cibé uair a thiocfaidh athrú ar bhallraíocht na hEagraíochta nó má chuirtear cearta vótála Comhalta ar fionraí nó má fhaightear ar ais iad faoi fhorálacha Airteagal 22.

(10)    Ní bheidh dhá thrian nó níos mó de na vótaí ina chatagóir ag aon Chomhalta.

(11)    Ní bheidh aon vóta codánach ann.

Airteagal 14

Nós imeachta vótála na Comhairle

(1)    Beidh gach Comhalta i dteideal an líon vótaí atá aige a chaitheamh agus ní bheidh sé i dteideal a vótaí a roinnt. Mar sin féin, is ceadmhach do Chomhalta aon vóta, a bheidh aige faoi fhorálacha mhír (2) den Airteagal seo, a chaitheamh ar dhóigh difriúil.

(2)    Is ceadmhach daon Chomhalta is onnmhaireoir údarú i scríbhinn a thabhairt daon Chomhalta eile is onnmhaireoir, agus is ceadmhach daon Chomhalta eile is allmhaireoir údarú i scríbhinn a thabhairt daon Chomhalta eile is allmhaireoir, ionadaíocht a dhéanamh ar a leasanna agus a cheart vótála a fheidhmiú ag aon chruinniú nó cruinnithe den Chomhairle.

Airteagal 15

Cinntí ón gComhairle

(1)    Féachfaidh an Chomhairle leis na cinntí uile a dhéanamh agus na moltaí uile a dhéanamh de chomhthoil. Mura féidir comhthoil a bhaint amach, déanfaidh an Chomhairle cinntí agus moltaí trí thromlach 70 faoin gcéad nó níos mó a fháil de vótaí dáilte na gComhaltaí is onnmhaireoirí, atá i láthair agus ag vótáil, agus 70 faoin gcéad nó níos mó de Chomhaltaí is allmhaireoirí, atá i láthair agus ag vótáil, arna gcomhaireamh ar leithligh.

(2)    Beidh feidhm ag an nós imeachta seo a leanas i ndáil le haon chinneadh ón gComhairle a dhéanfar trí tromlach de na vótaí dáilte:

(a)Mura bhfaighfear tromlach de na vótaí dáilte mar gheall ar an vóta diúltach ó thriúr comhaltaí is onnmhaireoirí nó níos lú nó ó thriúr Comhaltaí is allmhaireoirí nó níos lú, déanfar vótáil ar an togra arís laistigh de 48 nuair an chloig, má chinneann an Chomhairle amhlaidh trí thromlach na gComhaltaí a bheidh i láthair; agus

(b)Más amhlaidh arís nach bhfaightear tromlach de na vótaí dáilte, measfar nach bhfuil an togra formheasta.

(3)    Tá na Comhaltaí tiomanta do ghlacadh le cinntí uile na Comhairle mar chinntí ceangailteacha faoi fhorálacha an Chomhaontaithe seo.



Airteagal 16

Comhar le heagraíochtaí eile

(1)    Féadfaidh an Chomhairle socruithe a dhéanamh le haghaidh comhairliúcháin agus comhar leis na Náisiúin Aontaithe agus lena ghníomhaireachtaí speisialaithe; le heagraíochtaí idir-rialtasacha iomchuí eile; agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha ábhartha. Bainfidh sé leas iomlán as foinsí éagsúla cistiúcháin. Ar na socruithe sin dfhéadfaí socruithe airgeadais a áireamh ar iomchuí iad dar leis an gComhairle chun cuspóirí an Chomhaontaithe seo a bhaint amach. Mar sin féin, i leith chur chun feidhme aon tionscadail faoi shocruithe den sórt sin, ní thabhóidh an Eagraíocht aon oibleagáid airgeadais le haghaidh ráthaíochtaí a thabharfaidh Comhaltaí aonair nó eintitis eile. Ní bheidh aon Chomhalta ar bith freagrach, mar gheall ar a bhallraíocht den Eagraíocht, as aon dliteanas a bheidh ann de thoradh iasachtaí arna bhfáil nó arna dtabhairt ag aon Chomhalta nó eintiteas eile i dtaca le tionscadail den sórt sin.

(2)    I gcás inar féidir, féadfaidh an Eagraíocht faisnéis a bhailiú freisin ó Chomhaltaí, ó eintitis nach comhaltaí iad, agus ó ghníomhaireachtaí is deontóirí agus ó ghníomhaireachtaí eile, ar faisnéis í a bhaineann le tionscadail agus cláir forbartha lena ndírítear ar earnáil an chaife. I gcás inarb iomchuí, agus le comhaontú ó na páirtithe lena mbaineann, féadfaidh an Eagraíocht an fhaisnéis sin a chur ar fáil do na heagraíochtaí eile den sórt sin agus do na Comhaltaí chomh maith.

Airteagal 17

Comhar le

heagraíochtaí neamhrialtasacha

   Agus cuspóirí an Chomhaontaithe seo á saothrú aici, féadfaidh an Eagraíocht, gan dochar dfhorálacha Airteagail 16, 34, 35 agus 37, gníomhaíochtaí comhair a bhunú agus a neartú le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus seachbhrabúsacha iomchuí a bhfuil saineolas acu ar ghnéithe ábhartha dearnáil an chaife agus le saineolaithe eile in ábhair chaife.



CAIBIDIL VII – AN STIÚRTHÓIR FEIDHMIÚCHÁIN AGUS AN FHOIREANN

Airteagal 18

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an fhoireann

(1)    Ceapfaidh an Chomhairle an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Is í an Chomhairle a bhunóidh téarmaí ceapacháin an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus beidh siad inchomparáide leis na téarmaí sin a bhfuil feidhm acu maidir le hoifigigh chomhfhreagracha in eagraíochtaí idir-rialtasacha comhchosúla.

(2)    Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin príomhoifigeach riaracháin na hEagraíochta agus beidh sé freagrach as aon dualgas a thitfidh air nó uirthi i riar an Chomhaontaithe seo a chomhlíonadh.

(3)    Ceapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin foireann na hEagraíochta i gcomhréir le rialachán atá leagtha síos ag an gComhairle.

(4)    Ní bheidh aon leas airgeadais ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ná ag aon duine den fhoireann i dtionscal an chaife, i dtrádáil an chaife ná in iompar an chaife.

(5)Agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, ní iarrfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ná an fhoireann treoracha ó aon Chomhalta ná ó aon údarás eile lasmuigh den Eagraíocht ná ní bhfaighidh siad treoracha uathu. Staonfaidh siad ó aon ghníomhaíocht a dfhéadfadh a bheith ina léiriú ar a bpost mar oifigigh idirnáisiúnta atá freagrach don Eagraíocht agus di sin amháin. Geallann gach Comhalta go urramóidh sé idirnáisiúnachas na bhfreagrachtaí atá ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus ar an bhfoireann, gur freagrachtaí idirnáisiúnta agus é sin amháin atá iontu, agus nach bhféachfaidh sé le tionchar a oibriú orthu sin i gcomhlíonadh a bhfreagrachtaí acu.



CAIBIDIL VIII – AIRGEADAS AGUS RIARACHÁN

Airteagal 19

An Coiste Airgeadais agus Riaracháin

   Bunófar Coiste um Airgeadas agus um Riarachán. Cinnfidh an Chomhairle comhdhéanamh agus sainordú an Choiste. Beidh an Coiste sin freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ullmhú Bhuiséad Riaracháin na hEagraíochta a chuirfear faoi bhráid na Comhairle lena fhormheas, agus as aon chúram eile a shannfaidh an Chomhairle dó a chomhlíonadh, lena náireofar faireachán a dhéanamh ar ioncam agus ar chaiteachas agus ar ábhair a bhaineann le riar na hEagraíochta. Tuairisceoidh an Coiste Airgeadais agus Riaracháin ar a chuid imeachtaí don Chomhairle.

Airteagal 20

Airgeadas

(1)    Speansais na dtoscaireachtaí chuig an gComhairle agus na nionadaithe ar aon cheann de choistí na Comhairle, is iad a Rialtais féin a sheasfaidh na speansais sin.

(2)    Íocfar as na speansais eile is gá chun an Comhaontú seo a riar trí ranníocaíochtaí bliantúla ó Chomhaltaí a ndéanfar measúnú orthu i gcomhréir le forálacha Airteagal 21, mar aon le hioncam ó dhíolacháin seirbhísí sonracha le Comhaltaí agus ó dhíol na faisnéise agus na staidéar arna nginiúint faoi fhorálacha Airteagail 30 agus 32.

(3)    Beidh bliain airgeadais na hEagraíochta mar an gcéanna le bliain an chaife.

Airteagal 21

An Buiséad Riaracháin a chinneadh agus

measúnú a dhéanamh ar ranníocaíochtaí

(1)    Le linn an dara leath de gach bliain airgeadais, formheasfaidh an Chomhairle Buiséad Riaracháin na hEagraíochta le haghaidh na bliana airgeadais ina dhiaidh sin agus déanfaidh sí measúnú ar ranníocaíocht gach Comhalta leis an mBuiséad sin. Ullmhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin Dréachtbhuiséad Riaracháin faoi mhaoirseacht an Choiste Airgeadais agus Riaracháin i gcomhréir le forálacha Airteagal 19.



(2)    Déanfar ranníocaíocht gach Comhalta leis an mBuiséad Riaracháin le haghaidh gach bliain airgeadais a ríomh mar a leanas: i) 50 faoin gcéad bunaithe ar mheánluach na trádála iomláine agus ii) 50 faoin gcéad bunaithe ar mheánmhéid na trádála iomláine sna 4 bliana féilire roimhe sin. Chun críoch an Airteagail seo, tagraíonn trádáil iomlán anseo do shuim na nallmhairí agus na nonnmhairí iomlána tráth a fhormheastar an Buiséad Riaracháin le haghaidh na bliana airgeadais sin. Agus ranníocaíochtaí á gcinneadh, ríomhfar ranníocaíocht gach Comhalta gan beann ar fhionraí na gceart vótála ag aon Chomhalta ná ar aon athdháileadh vótaí dá thoradh sin. Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an ríomh réamhráite maidir le Comhaltaí ar cuireadh a mballraíocht ar fionraí i gcomhréir le mír (4) dAirteagal 22, agus athdháilfear a ranníocaíochtaí i measc na gComhaltaí eile le haghaidh na bliana airgeadais sin amháin.

(3)    An ranníocaíocht tosaigh ó aon Chomhalta a thiocfaidh isteach san Eagraíocht tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo mar a fhoráiltear in Airteagal 46, déanfaidh an Chomhairle measúnú uirthi de réir mhír (2) dAirteagal 21 ar bhonn na tréimhse a bheidh fágtha sa bhliain airgeadais reatha, ach ní athrófar na measúnuithe a rinneadh ar Chomhaltaí eile le haghaidh na bliana airgeadais reatha.

(4)    Déanfaidh gach Comhalta ranníocaíocht íosta 0,25 faoin gcéad den Bhuiséad Riaracháin iomlán le haghaidh gach bliana airgeadais.

(5)    Comhaltaí arb é atá ina meántrádáil iomlán caife sciar níos lú ná 0,25 faoin gcéad de shuim mheántrádáil iomlán na gComhaltaí uile ó thaobh méide agus luacha de, ní bheidh siad faoi réir ach na ranníocaíochta íosta dá dtagraítear i mír (4) thuas.

(6)    An chuid a bheidh fágtha de ranníocaíocht na gComhaltaí, roinnfear i measc na gComhaltaí uile í, cé is moite díobh siúd i mír (5) thuas, mar a leanas: 50 faoin gcéad i gcomhréir le meánmhéid a dtrádála iomláine caife; agus 50 faoin gcéad i gcomhréir le meánluach a gcuid trádála iomlán caife.

(7)    Chun críocha an Airteagail seo, forléireofar onnmhairí agus allmhairí caife mar thagairtí do loingsithe daon áit tionscnaimh agus chuig aon cheann scríbe, faoi seach, sna 4 bliana féilire roimhe sin.

(8)    Chun críocha an Airteagail seo, i gcás an Aontais Eorpaigh nó aon eagraíocht idir-rialtasach mar a shainmhínítear i mír (3) dAirteagal 4, forléireofar onnmhairí mar onnmhairí a fholaíonn suim na nonnmhairí chuig na cinn scríbe uile, lena náirítear laistigh den cheann scríbe féin, agus áireofar ar allmhairí suim na nallmhairí ó na háiteanna tionscnaimh uile, lena náirítear laistigh den cheann scríbe féin.



Airteagal 22

Ranníocaíochtaí a íoc

(1)    Beidh ranníocaíochtaí leis an mBuiséad Riaracháin le haghaidh gach bliain airgeadais iníoctha in airgeadra atá inmhalartaithe go héasca agus beidh siad dlite ar an gcéad lá den bhliain airgeadais sin.

(2)    Má mhainníonn aon Chomhalta a ranníocaíocht iomlán leis an mBuiséad Riaracháin a íoc laistigh de 6 mhí ón dáta a bheidh an ranníocaíocht dlite, cuirfear a chearta vótála agus a cheart chun bheith rannpháirteach i gcruinnithe coistí speisialaithe ar fionraí go dtí go mbeidh a ranníocaíocht íoctha go hiomlán. Mar sin féin, mura gcinnfidh an Chomhairle amhlaidh, ní bhainfear aon cheann dá chearta eile den Chomhalta sin ná ní scaoilfear ó aon cheann dá oibleagáidí faoin gComhaontú seo é.

(3)    Aon Chomhalta ar cuireadh a chearta vótála ar fionraí faoi fhorálacha mhír (2) den Airteagal seo, leanfaidh sé, dá ainneoin sin, de bheith freagrach as a ranníocaíocht a íoc.

(4)    Aon Chomhalta a mbeidh riaráistí leanúnacha aige ar feadh tréimhse níos faide ná 21 mhí agus a ranníocaíochtaí gan íoc, cuirfidh an Chomhairle a bhallraíocht ar fionraí go sealadach trí chinneadh. Maidir le Comhalta a cuireadh ar fionraí go sealadach, scaoilfear óna oibleagáidí ranníoc le Buiséad Riaracháin na hEagraíochta ach leanfaidh sé de bheith faoi dhliteanas aon cheann eile dá oibleagáidí airgeadais faoin gComhaontú seo a chomhlíonadh. Ar na ranníocaíochtaí a bhí gan íoc aige a bheith íoctha go hiomlán nó ar phlean aisíocaíochta a bheith formheasta ag an gComhairle, gheobhaidh an Comhalta sin an ceart ballraíochta ar ais. Déanfar íocaíochtaí arna ndéanamh ag Comhaltaí atá i riaráiste a chur chun sochair ar dtús don ranníocaíocht uathu atá gan íoc ar feadh na tréimhse is faide.

Airteagal 23

Dliteanais

(1)    Ní bheidh sé de chumhacht ag an Eagraíocht, ag feidhmiú di mar a shonraítear i mír (3) dAirteagal 7, aon oibleagáid a thabhú lasmuigh de raon feidhme an Chomhaontaithe seo, agus ní mheasfar í a bheith údaraithe ag na Comhaltaí déanamh amhlaidh; go háirithe, ní bheidh an inniúlacht ag an Eagraíocht airgead a fháil ar iasacht. I bhfeidhmiú a hinniúlachta conarthaí di, déanfaidh an Eagraíocht téarmaí an Airteagail seo a chorprú ina cuid conarthaí ar shlí a gcuirfear ar a súile iad do na páirtithe eile a dhéanfaidh conarthaí leis an Eagraíocht, ach ní dhéanfar conradh den sórt sin neamhbhailí ná ní fhágfar gur conradh ultra vires atá ann de dheasca aon mhainneachtain téarmaí den sórt sin a chorprú.

(2)    Tá dliteanas Comhalta teoranta do mhéid a oibleagáidí maidir le ranníocaíochtaí dá bhforáiltear go sonrach sa Chomhaontú seo. Maidir le tríú páirtithe a bheidh ag déileáil leis an Eagraíocht, measfar fógra a bheith tugtha dóibh faoi fhorálacha an Chomhaontaithe seo maidir le dliteanais na gComhaltaí.

Airteagal 24

Cuntais a iniúchadh agus a fhoilsiú

   A luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dheireadh gach bliana airgeadais, ullmhófar ráiteas iniúchta neamhspleách ar shócmhainní, dliteanais, ioncam agus caiteachas na hEagraíochta le linn na bliana airgeadais sin. Cuirfear an ráiteas sin faoi bhráid na Comhairle lena fhormheas ag an seisiún is túisce a bheidh ann ina dhiaidh sin.



CAIBIDIL IX – EACNAMAÍOCHT

Airteagal 25

An Coiste Eacnamaíochta

Bunófar Coiste Eacnamaíochta, a bheidh freagrach as ábhair a bhaineann leis na nithe seo a leanas: cur chun cinn agus forbairt an mhargaidh; trédhearcacht margaidh, faisnéis staidrimh, staidéir agus suirbhéanna; tionscadail; forbairt inbhuanaithe; agus maoiniú earnáil an chaife. Cinnfidh an Chomhairle comhdhéanamh agus sainordú an Choiste Eacnamaíochta, sa bhreis ar an méid a leagtar amach in Airteagail 33 agus 38. 

Airteagal 26

Deireadh a chur le bacainní trádála agus tomhaltais

(1)    Aithníonn na Comhaltaí gur gá an slabhra soláthair a dhéanamh níos éifeachtúla agus deireadh a chur leis na bacainní atá ann faoi láthair agus bacainní nua a sheachaint, a dfhéadfadh bac a chur ar tháirgeadh, ar thrádáil agus ar thomhaltas an chaife.

(2)    Ba cheart do Chomhalta a earnáil caife a rialáil chun cuspóirí beartais náisiúnta sláinte, comhshaoil agus um ioncam maireachtála a chomhlíonadh, i gcomhréir lena ghealltanais agus lena oibleagáidí faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta agus le SFInna na Náisiún Aontaithe, lena náirítear na Spriocanna siúd a bhaineann le trádáil idirnáisiúnta agus réigiúnach.

(3)    Aithníonn na Comhaltaí go bhfuil bearta ann faoi láthair a dfhéadfadh bac a chur, a bheag nó a mhór, ar an méadú ar thomhaltas an chaife, go háirithe:

(a)    Socruithe allmhairiúcháin is infheidhme maidir le caife, lena náirítear taraifí fabhracha agus taraifí eile, cuótaí, oibríochtaí monaplachtaí rialtais agus gníomhaireachtaí oifigiúla ceannacháin, agus rialacha riaracháin agus cleachtais tráchtála eile;

(b)Socruithe onnmhairiúcháin a mhéid a bhaineann le fóirdheontais dhíreacha nó indíreacha agus rialacha riaracháin agus cleachtais tráchtála eile;agus

(c)Coinníollacha trádála inmheánaí agus forálacha dlíthiúla agus riaracháin intíre agus réigiúnacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don tomhaltas nó a d’fhéadfadh an slabhra soláthair a dhéanamh neamhéifeachtúil.

(4)    Ag féachaint do na cuspóirí a shonraítear thuas agus dfhorálacha mhír (5) den Airteagal seo, féachfaidh na Comhaltaí le laghduithe taraife a shaothrú maidir le caife agus le gníomhaíocht eile a dhéanamh chun deireadh a chur le bacainní ar thomhaltas méadaithe.

(5)    Agus a leas frithpháirteach á chur san áireamh, geallann na Comhaltaí bealaí agus modhanna a lorg trína bhféadfar na bacainní ar thrádáil mhéadaithe agus ar thomhaltas méadaithe dá dtagraítear i mír (3) den Airteagal seo a laghdú go céimnitheach agus, ar deireadh, i ngach cás inar féidir é, iad a dhíchur, nó trína bhféadfar éifeachtaí na mbacainní sin a laghdú go substaintiúil.

(6)    Agus a leas frithpháirteach á chur san áireamh, geallann na Comhaltaí bealaí a lorg chun an luaineacht praghsanna a mhaolú trí rialacháin iomchuí.

(7)    Agus aon ghealltanas a gabhadh de láimh faoi fhorálacha mhír (5) den Airteagal seo á chur san áireamh, cuirfidh na Comhaltaí in iúl don Chomhairle go bliantúil na bearta uile a glacadh dfhonn forálacha an Airteagail seo a chur chun feidhme.

(8)    Ullmhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suirbhé go bliantúil, agus scaipfidh sé ar na Comhaltaí uile é, ar suirbhé é a dhéanfar ar bhacainní trádála agus tomhaltais a bhaineann le caife, agus ar an saobhadh margaidh chomh maith, ar cúis é leis an luaineacht praghsanna agus ag a bhfuil tionchar ar an ioncam maireachtála agus rathúil nó ar an dáileadh luacha, go háirithe i gcás feirmeoirí caife agus táirgeoirí eile, agus beidh an suirbhé sin le hathbhreithniú ag an gComhairle.

(9)    Féadfaidh an Chomhairle, chun cuspóirí an Airteagail seo a chur ar aghaidh, moltaí a chur faoi bhráid na gComhaltaí, agus tuairisceoidh na Comhaltaí don Chomhairle, a luaithe is féidir, ar na bearta a glacadh dfhonn na moltaí sin a chur chun feidhme.

Airteagal 27

Cur chun cinn agus forbairt an mhargaidh

(1)    Aithníonn Comhaltaí na buntáistí atá ann, do Chomhaltaí is onnmhaireoirí agus do Chomhaltaí is allmhaireoirí freisin, de thoradh iarrachtaí chun an tomhaltas a chur chun cinn, feabhas a chur ar cháilíocht an táirge, agus margaí le haghaidh caife a fhorbairt, lena náirítear i gComhaltaí is onnmhaireoirí.

(2)    Dfhéadfaí na nithe seo a leanas a áireamh ar ghníomhaíochtaí cur chun cinn agus forbartha margaidh: feachtais faisnéise agus cur chun cinn, taighde, fothú acmhainneachta agus staidéir a bhaineann le táirgeadh agus tomhaltas an chaife lena náirítear an Lá Idirnáisiúnta Caife.

(3)    Dfhéadfaí gníomhaíochtaí den sórt sin a áireamh sa chlár gníomhaíochtaí nó i measc ghníomhaíochtaí tionscadail na hEagraíochta dá dtagraítear in Airteagal 33 agus féadfar iad a mhaoiniú trí ranníocaíochtaí deonacha ó Chomhaltaí, ó eintitis nach comhaltaí iad, ó eagraíochtaí eile agus ón Earnáil Phríobháideach.

Airteagal 28

Bearta a bhaineann le caife próiseáilte

   Aithníonn na Comhaltaí gur gá do thíortha i mbéal forbartha bonn a ngeilleagar a leathnú tríd, inter alia, an tionsclú agus onnmhairiú na dtáirgí monaraithe, lena náirítear caife a phróiseáil agus caife próiseáilte a onnmhairiú, dá dtagraítear i bhfo‑mhíreanna (d), (e), (f), (g) agus (h) de mhír (1) dAirteagal 2. I dtaca leis sin, ba cheart do na Comhaltaí seachaint go nglacfar bearta rialtais a dfhéadfadh cur isteach ar earnáil caife na gComhaltaí eile.

Airteagal 29

Meascáin agus ionadaigh

(1)    Ní choinneoidh na Comhaltaí aon rialachán ar bun lena gceanglaítear táirgí eile a mheascadh, a phróiseáil nó a úsáid le caife lena nathdhíol ar bhonn tráchtála mar chaife. Féachfaidh na Comhaltaí le díolachán agus fógraíocht na dtáirgí faoin ainm caife a thoirmeasc más lú ná coibhéis 95 faoin gcéad de chaife amh atá sna táirgí sin mar an amhábhar bunúsach. Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an mír sin maidir le caife réamh-mheasctha dá bhforáiltear i bhfomhír (h) de mhír (1) dAirteagal 2.

(2)    Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuarascáil thréimhsiúil faoi bhráid na Comhairle maidir le comhlíonadh fhorálacha an Airteagail sin.

Airteagal 30

Faisnéis staidrimh

(1)    Feidhmíonn an eagraíocht mar lárionad chun na nithe seo a leanas a bhailiú, a mhalartú agus a fhoilsiú:

(a)    Faisnéis staidrimh maidir le táirgeadh, praghsanna, onnmhairí, allmhairí agus ath‑onnmhairí, dáileadh agus tomhaltas caife an domhain, lena náirítear faisnéis maidir le táirgeadh, tomhaltas, trádáil agus praghsanna le haghaidh caifí i gcatagóirí difriúla margaidh, i gcás inarb indéanta de réir an chineáil caife, agus táirgí ina bhfuil caife;agus

(b)Faisnéis theicniúil maidir le saothrú, costais táirgthe, próiseáil agus úsáid an chaife, a mhéid a mheastar a bheith iomchuí.

(2)    Féadfaidh an Chomhairle é a chur de cheangal ar Chomhaltaí cibé faisnéis a thabhairt lena bhfuil gá le haghaidh a hoibríochtaí dar léi, lena náirítear tuarascálacha tráthrialta staidrimh ar tháirgeadh an chaife, chomh maith le treochtaí táirgeachta, onnmhairí, allmhairí agus ath-onnmhairí, dáileadh, tomhaltas, stoic, praghsanna agus cánachas ina leith, ach ní fhoilseofar aon fhaisnéis lena bhféadfaí oibríochtaí daoine nó cuideachtaí a tháirgeann, a phróiseálann nó a mhargaíonn caife a shainaithint. Déanfaidh na Comhaltaí, a mhéid is féidir, faisnéis arna hiarraidh a thabhairt ar mhodh lena ngabhfaidh an oiread mionsonraí agus a bheidh chomh tráthúil agus chomh cruinn agus is indéanta.

(3)    Bunóidh an Chomhairle córas praghsanna táscacha agus déanfaidh sí foráil maidir le praghas táscach ilchodach laethúil a fhoilsiú ar cheart dó dálaí iarbhír an mhargaidh a léiriú.

(4)    Má mhainníonn Comhalta faisnéis staidrimh agus faisnéis eile a sholáthar nó más deacair leis í a sholáthar laistigh den tráthchlár atá leagtha síos ag an gComhairle, ar faisnéis í atá de dhíth ar an Eagraíocht chun go bhfeidhmeoidh sí mar is cuí, féadfaidh an Chomhairle é a chur de cheangal ar an gComhalta lena mbaineann míniú a thabhairt ar na cúiseanna atá leis an neamh‑chomhlíonadh. Féadfaidh an Comhalta an Chomhairle a chur ar an eolas freisin faoina dheacracht agus cúnamh teicniúil a iarraidh.

(5)    Má chinntear go bhfuil gá le cúnamh teicniúil sa cheist, nó murar thug Comhalta, ar feadh 2 bhliain as a chéile, an fhaisnéis staidrimh a cheanglaítear faoi mhír (2) den Airteagal seo agus murar iarr sé cúnamh ón gComhairle nó murar mhínigh sé na cúiseanna leis an neamhchomhlíonadh, féadfaidh an Chomhairle tionscnaimh a dhéanamh ar dócha go dtabharfadh siad ar an gComhalta sin an fhaisnéis is gá a thabhairt.

Airteagal 31

Deimhnithe Tionscnaimh

(1)    Chun bailiú staitisticí maidir le trádáil idirnáisiúnta an chaife a éascú agus chun na cainníochtaí caife atá onnmhairithe ag gach Comhalta is onnmhaireoir a fháil amach, bunóidh an Eagraíocht córas Deimhnithe Tionscnaimh, faoi rialú rialacha arna bhformheas ag an gComhairle.

(2)    Cumhdófar gach onnmhaire caife ó Chomhalta is onnmhaireoir le Deimhniú Tionscnaimh bailí. Is iad na gníomhaireachtaí cáilithe arna roghnú ag an gComhalta agus arna bhformheas ag an Eagraíocht a eiseoidh na Deimhnithe Tionscnaimh, i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos ag an gComhairle. Déanfaidh an Eagraíocht athbhreithniú tréimhsiúil freisin ar an bhfaisnéis atá sa Deimhniú Tionscnaimh i bhfianaise athruithe a thagann ar dhálaí tomhaltais agus trádála idirnáisiúnta.

(3)    Tabharfaidh gach Comhalta is onnmhaireoir fógra don Eagraíocht faoi na gníomhaireachtaí rialtais nó neamh‑rialtasacha atá freagrach as na feidhmeanna a shonraítear i mír (2) den Airteagal seo a chomhlíonadh. Déanfaidh an Eagraíocht gníomhaireacht neamhrialtasach a fhormheas go sonrach i gcomhréir leis na rialacha arna bhformheas ag an gComhairle.

(4)    Féadfaidh Comhalta is onnmhaireoir, ar bhonn eisceachtúil agus údar cuí leis, iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle lena formheas, ar chead a thabhairt sonraí a chuirtear in iúl i nDeimhnithe Tionscnaimh agus a bhaineann lena onnmhairí caife, a tharchur chuig an Eagraíocht trí mhodh malartach a úsáid.

Airteagal 32

Staidéir, suirbhéanna agus tuarascálacha

(1)Chun cúnamh a thabhairt do na Comhaltaí, cuirfidh an Eagraíocht chun cinn an tullmhú staidéar, suirbhéanna, tuarascálacha teicniúla agus doiciméad eile a bhaineann le gnéithe ábhartha dearnáil an chaife.

(2)Ar na nithe a dfhéadfaí a áireamh orthu sin tá sin obair ar eacnamaíocht tháirgeadh agus dháileadh an chaife, anailís ar shlabhra luacha an chaife, tionchar an athraithe aeráide, cuir chuige i leith rioscaí airgeadais agus cineálacha eile rioscaí a bhainistiú, tionchar na mbeartas rialtais ar tháirgeadh agus ar thomhaltas an chaife, gnéithe inbhuanaitheachta earnáil an chaife, naisc idir caife agus an tsláinte agus na deiseanna chun margaí caife a leathnú le haghaidh úsáidí traidisiúnta agus neamhthraidisiúnta chomh maith le topaicí eile a dfhéadfadh a bheith ábhartha dar leis an gComhairle.

(3)    Dfhéadfaí an méid seo a leanas a áireamh freisin ar an bhfaisnéis a bhailítear, a thiomsaítear, a ndéantar anailís uirthi agus a scaiptear, i gcás inar indéanta go teicniúil é:

(a)    Cainníochtaí agus praghsanna caife a bhaineann le tosca amhail limistéir gheografacha dhifriúla, teaghlaigh agus pobail áitiúla dhifriúla agus dálaí táirgthe difriúla;

(b)Faisnéis maidir le struchtúir mhargaidh, margaí nideoige agus treochtaí atá ag teacht chun cinn sa táirgeadh agus sa tomhaltas; agus

(c)Staidéir a bhaineann leis an dul chun cinn maidir le hioncam maireachtála agus rathúil.

(4)    Chun forálacha mhír (1) den Airteagal seo a chomhlíonadh, cuimhneoidh an Chomhairle ar na staidéir, na suirbhéanna agus na tuarascálacha sin a áireamh sa chlár bliantúil gníomhaíochtaí, in éineacht le meastacháin ar na riachtanais acmhainní a bheidh ann, agus aird ar leith á tabhairt ar fheirmeoirí ar mionscála agus ar meánscála agus ar tháirgeoirí eile. Maoineofar na gníomhaíochtaí sin ó sholáthairtí laistigh den Bhuiséad Riaracháin nó ó fhoinsí seachbhuiséadacha.

(5)    Leagfaidh an Eagraíocht béim ar leith ar an rochtain ar fhaisnéis a éascú dfheirmeoirí ar mionscála agus ar meánscála agus do tháirgeoirí eile chun cúnamh a thabhairt dóibh feabhas a chur ar a ninbhuanaitheacht, a dtáirgiúlacht agus a bhfeidhmíocht airgeadais, lena náirítear creidmheas agus rioscaí a bhainistiú.



CAIBIDIL X – GNÍOMHAÍOCHTAÍ TIONSCADAIL NA hEAGRAÍOCHTA

Airteagal 33

Tionscadail a fhorbairt agus a chistiú

(1)    Féadfaidh na Comhaltaí agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tograí tionscadail a chur faoi bhráid na Comhairle tríd an gCoiste Eacnamaíochta. Ba cheart na tograí sin a bheith ina rannchuidiú le cuspóirí an Chomhaontaithe seo a bhaint amach mar aon le ceann amháin nó níos mó de na réimsí tosaíochta le haghaidh oibre a shainaithnítear sa phlean gníomhaíochta straitéiseach agus sa chlár bliantúil gníomhaíochtaí arna bhformheas ag an gComhairle de bhun Airteagal 10.

(2)    Bunóidh an Chomhairle nósanna imeachta agus sásraí maidir le tionscadail a chur isteach, breithmheas a dhéanamh orthu, iad a fhormheas, a chur in ord tosaíochta agus a chistiú, agus maidir le tionscadail a chur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, agus le torthaí a scaipeadh go forleathan. Beidh an Coiste Eacnamaíochta freagrach as na nósanna imeachta agus na sásraí sin a chomhlíonadh agus as moltaí a chur faoi bhráid na Comhairle.

(3)Ag gach seisiún den Chomhairle, tuairisceoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar stádas na dtionscadal uile arna bhformheas ag an gComhairle, lena náirítear na tionscadail sin atá ag feitheamh ar mhaoiniú, atá á gcur chun feidhme, nó atá tugtha i gcrích ó bhí an seisiún deireanach den Chomhairle ann.

(4)    Féachfaidh an Eagraíocht le dul i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile, le hinstitiúidí airgeadais, le gníomhaireachtaí forbraíochta iltaobhacha agus déthaobhacha agus le deontóirí poiblí agus príobháideacha, chun cúnamh maoiniúcháin agus tacaíocht a fháil chun cláir, tionscadail agus gníomhaíochtaí is díol spéise don gheilleagar caife a fhorghníomhú de réir mar is iomchuí.



CAIBIDIL XI – EARNÁIL PHRÍOBHÁIDEACH AN CHAIFE

Airteagal 34

Bord na gComhaltaí Cleamhnachta

(1)    Is comhlacht comhairleach a bheidh i mBord na gComhaltaí Cleamhnachta (BAM), a fhéadfaidh moltaí a dhéanamh arna iarraidh sin don Chomhairle, chomh maith le hiarraidh ar an gComhairle agus ar a fochomhlachtaí ábhair a bhaineann leis an gComhaontú seo agus le staid earnáil caife an domhain a áireamh ina gClár Oibre agus cinneadh a dhéanamh ina leith.

(2)    Is de na Comhaltaí Cleamhnachta uile a bheidh BAM comhdhéanta.

(3)    Beidh Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach ag BAM, a thoghfar as measc a chomhaltaí, go ceann tréimhse bliana. Is ceadmhach na hoifigigh sin a atoghadh. Ní bheidh an Cathaoirleach ná an Leas-Chathaoirleach á níoc ag an Eagraíocht.

(4)    Iarrfaidh an Chomhairle ar Chathaoirleach agus ar Leas-Chathaoirleach BAM a bheith rannpháirteach i gcruinnithe na Comhairle agus beidh ceart labhartha acu.

(5)    Déanfaidh Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach BAM ionadaíocht ar an mBord i Meitheal Phríobháideach-Phoiblí an Chaife (CPPWP).

(6)    Tiocfaidh BAM le chéile ag suíomh na hEagraíochta de ghnáth, roimh sheisiúin thráthrialta na Comhairle agus ní thiocfaidh sceidealú sheisiúin BAM salach ar na seisiúin sin de chuid na Comhairle. I gcás ina nglacfaidh an Chomhairle le cuireadh ó Chomhalta cruinniú a thionól ina chríoch, tiocfaidh BAM le chéile sa chríoch sin freisin, agus sa chás sin is í an tír nó an eagraíocht de chuid na hEarnála Príobháidí a bheidh ina hóstach ar an gcruinniú a sheasfaidh na costais bhreise a bheidh i gceist don Eagraíocht, ar costais bhreise iad ar na costais a thabhaítear agus an cruinniú á thionól ag suíomh na hEagraíochta.

(7)    Is ceadmhach do BAM cruinnithe ar leith a thionól faoi réir a bhformheasta ag an gComhairle.

(8)    Bunóidh BAM a rialacha nós imeachta féin, i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo.



Airteagal 35

Meitheal Phríobháideach-Phoiblí an Chaife – CPPWP

(1)    Is sásra comhpháirtíochta príobháidí poiblí inpháirtithe leasmhara í Meitheal Phríobháideach-Phoiblí an Chaife (dá ngairtear CPPWP anseo feasta), arb é is cuspóir di gníomhaíochtaí praiticiúla atá faoi cheangal ama a shainaithint agus a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna maidir le praghasleibhéil, luaineacht praghsanna agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach earnáil an chaife.

(2)    Déanfaidh CPPWP an méid seo a leanas:

(a)    Comhdhearcadh a chothú maidir le saincheisteanna agus gníomhaíochtaí tosaíochta a chuirfear faoi bhráid na Comhairle lena meas agus a chomhroinnfear leis an bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin agus le Fóram na gCeannairí Domhanda (CGLF);

(b)An t‑idirphlé príobháideach-poiblí a stiúradh agus an dul chun cinn a rianú maidir le gealltanais i ndáil leis na saincheisteanna i dtaca le praghasleibhéil, luaineacht praghsanna agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach earnáil an chaife;

(c)Forbairt agus oibríochtú breise a spreagadh i leith na ngealltanas agus na dtionscnamh arna bhformheas ag an gComhairle maidir le saincheist na bpraghasleibhéal agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach earnáil an chaife; agus

(d)Comhfhís agus an clár oibre le haghaidh idirphlé príobháideach-poiblí a fhorbairt go leanúnach, lena dtabharfar aghaidh ar shaincheisteanna práinneacha a bhaineann le hearnáil an chaife, lena soiléireofar ionchais agus lena sainaithneofar deiseanna agus acmhainní le haghaidh comhghníomhaíochta.

(3)    Beidh CPPWP comhdhéanta de thoscairí arna nainmniú ag an gComhairle agus dionadaithe ón Earnáil Phríobháideach, agus iad ar aon líon le chéile. Is ceadmhach dionadaithe na Sochaí Sibhialta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta dul isteach in CPPWP faoi choinníollacha a leagfaidh an Chomhairle síos.

(4)    Gníomhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar rúnaí ex-officio CPPWP in éineacht le comhalta ainmnithe den fhoireann a bheidh ag fónamh mar rúnaí malartach agus a ghníomhóidh thar a cheann nó thar a ceann cibé uair is gá.

(5)    Leagfaidh CPPWP síos a rialacha nós imeachta féin, i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo agus leis na Téarmaí Tagartha arna bhformheas ag an gComhairle.

(6)    Bunóidh CPPWP a shásraí féin chun dul i mbun plé le páirtithe leasmhara príobháideacha agus poiblí in earnáil an chaife, le comhpháirtithe forbraíochta agus leis an tSochaí Shibhialta, agus measúnú á dhéanamh ag an Meitheal ar shaincheisteanna tosaíochta agus dea-chleachtais agus réitigh á sainaithint.

(7)    Cuirfidh CPPWP tuarascálacha tráthrialta agus a chuid pléití agus moltaí faoi bhráid na Comhairle lena meas.

Airteagal 36

Rannpháirteachas, comhtháthú agus cuimsitheacht

(1)    Cuirfidh an Chomhairle agus a fochomhlachtaí, lena náirítear CPPWP, ar a gcumas do Chomhaltaí Cleamhnachta agus deagraíochtaí idirnáisiúnta chomh maith, i gcás inarb iomchuí, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)    Anailís shaineolach ar shaincheisteanna óna thaithí sa réimse go díreach a sholáthar;

(b)Fónamh mar ghníomhaire luathrabhaidh;

(c)Cuidiú le feasacht an phobail ar shaincheisteanna ábhartha a mhúscailt;

(d)Rannchuidiú le cuspóirí an Chomhaontaithe seo a chur ar aghaidh; agus

(e)    Rannchuidiú trí fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil ag imeachtaí de chuid na hEagraíochta.

(2)    Ag aithint dóibh freisin go soláthraíonn an Eagraíocht deiseanna do Chomhaltaí Cleamhnachta éisteacht a fháil le lucht féachana leathan agus rannchuidiú lena clár oibre, is féidir le Comhaltaí Cleamhnachta an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)    A bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na hEagraíochta le formheas na Comhairle, nó sna gníomhaíochtaí sin atá sa chlár gníomhaíochtaí;

(b)Faisnéis, eolas agus dea-chleachtais a fháil agus a chomhroinnt le Comhaltaí agus le Comhaltaí Cleamhnachta eile trí na huirlisí comhoibríocha arna soláthar ag an Eagraíocht dóibh nó trí mhodhanna eile;

(c)Freastal ar chomhdhálacha agus ar imeachtaí idirnáisiúnta atá cleamhnaithe le ICO;

(d)Ráitis scríofa agus ráitis ó bhéal a dhéanamh ag na himeachtaí sin;

(e)    Imeachtaí ar an imeall a eagrú;

(f)    Faisnéis agus sonraí a rochtain; agus

(g)    Deiseanna a bheith acu líonrú agus brústocaireacht a dhéanamh chun a dteagmhálacha agus a mbonn eolais a leathnú chun comhpháirtíochtaí féideartha le páirtithe leasmhara éagsúla a fhiosrú.



Airteagal 37

Comhdháil Chaife an Domhain

(1)    Déanfaidh an Chomhairle socruithe chun Comhdháil Chaife an Domhain (dá ngairtear an Chomhdháil anseo feasta) a thionól, ag eatraimh iomchuí, a bheidh comhdhéanta de Chomhaltaí is onnmhaireoirí agus is allmhaireoirí, ionadaithe ón Earnáil Phríobháideach, agus rannpháirtithe leasmhara eile, lena náirítear rannpháirtithe ó thíortha nach ballstáit iad. Áiritheoidh an Chomhairle, i gcomhar le Cathaoirleach na Comhdhála, go rannchuideoidh an Chomhdháil le cuspóirí an Chomhaontaithe seo a chur ar aghaidh.

(2)    Beidh Cathaoirleach ag an gComhdháil nach mbeidh á níoc ag an Eagraíocht. Ceapfaidh an Chomhairle an Cathaoirleach ar feadh tréimhse iomchuí, agus iarrfar air a bheith rannpháirteach i gcruinnithe na Comhairle mar bhreathnóir.

(3)    Cinnfidh an Chomhairle foirm, teideal, ábhar agus uainiú na Comhdhála, agus coinneoidh sé Bord na gComhaltaí Cleamhnachta agus Meitheal Phríobháideach-Phoiblí an Chaife ar an eolas faoi sin. Tionólfar an Chomhdháil de ghnáth ag suíomh na hEagraíochta, le linn seisiúin den Chomhairle. Má chinneann an Chomhairle glacadh le cuireadh ó Chomhalta seisiún a thionól ina críoch, féadfar an Chomhdháil a thionól sa chríoch sin freisin, agus sa chás sin is í an tír a bheidh ina hóstach ar an seisiún a sheasfaidh na costais bhreise a bheidh i gceist don Eagraíocht, ar costais sa bhreis iad ar na costais a thabhaítear agus an cruinniú á thionól ag suíomh na hEagraíochta.

(4)    Mura gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt, beidh an Chomhdháil féinmhaoinitheach.

(5)    Tuairisceoidh an Cathaoirleach don Chomhairle ar chonclúidí na Comhdhála.

Airteagal 38

Maoiniú na hEarnála Caife

   Éascóidh an Coiste Eacnamaíochta comhairliúcháin maidir le topaicí a bhaineann le sásraí bainistithe maoiniúcháin agus riosca in earnáil an chaife, agus riachtanais na dtáirgeoirí ar mionscála agus ar meánscála, feirmeoirí agus pobail áitiúla i limistéir táirgthe caife á gcur i dtábhacht go háirithe.



CAIBIDIL XII – FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 39

Ullmhúcháin le haghaidh Comhaontú nua

(1)    Dfhéadfadh an Chomhairle an fhéidearthacht a scrúdú maidir le Comhaontú Idirnáisiúnta Caife nua a chaibidliú.

(2)    Chun an fhoráil sin a chomhlíonadh, scrúdóidh an Chomhairle an dul chun cinn atá déanta ag an Eagraíocht maidir le cuspóirí an Chomhaontaithe seo a bhaint amach mar a shonraítear in Airteagal 1.



CAIBIDIL XIII – FORBAIRT INBHUANAITHE

Airteagal 40

Earnáil inbhuanaithe caife

(1)    Tabharfaidh na Comhaltaí tosaíocht chuí do bhainistiú inbhuanaithe na nacmhainní caife agus na próiseála caife, agus trí ghné na bprionsabal agus na gcuspóirí maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe á gcur san áireamh, is iad sin – an ghné eacnamaíoch, an ghné shóisialta agus an ghné chomhshaoil – ar bhealach cothrom comhtháite, atá i Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus i dtionscnaimh dhomhanda ghaolmhara eile ar thacaigh na Comhaltaí leo.

(2)    Féadfaidh an Eagraíocht, arna iarraidh sin uirthi, cúnamh a thabhairt do na Comhaltaí a nearnáil caife a fhorbairt go hinbhuanaithe agus é daidhm aici rathúnas a chur chun cinn dfheirmeoirí caife agus do pháirtithe leasmhara uile an chaife, agus feabhas á chur ar tháirgiúlacht, cáilíocht, athléimneacht agus brabúsacht sa slabhra luacha caife an tráth céanna, go háirithe dfheirmeoirí ar mionscála agus do tháirgeoirí caife eile ar mionscála.

Airteagal 41

Caighdeán maireachtála agus dálaí oibre

Déanfaidh na comhaltaí machnamh ar fheabhas a chur ar chaighdeán maireachtála agus ar dhálaí oibre na bpobal atá ag gabháil d’earnáil an chaife, i gcomhréir le céim a bhforbartha, agus prionsabail a aithnítear go hidirnáisiúnta á gcur san áireamh mar aon leis na caighdeáin is infheidhme maidir leis na hábhair sin. Thairis sin, comhaontaíonn na Comhaltaí nach n‑úsáidfear caighdeáin saothair chun críoch caomhnaitheachta trádála.



CAIBIDIL XIV – COMHAIRLIÚCHÁIN, DÍOSPÓIDÍ AGUS GEARÁIN

Airteagal 42

Comhairliúcháin

   Déanfaidh gach Comhalta breithniú tuisceanach ar chomhairliúchán maidir le cibé uiríll a fhéadfaidh Comhalta eile a dhéanamh i ndáil le haon ábhar a bhaineann leis an gComhaontú seo agus tabharfaidh sé deis leormhaith le haghaidh an chomhairliúcháin sin. Le linn an chomhairliúcháin sin, arna iarraidh sin do cheachtar páirtí agus le toiliú an pháirtí eile, bunóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin painéal neamhspleách a úsáidfidh a chuidiú dfhonn idir-réiteach a bhaint amach leis na páirtithe. Ní bheidh costais an phainéil inmhuirir i leith na hEagraíochta. Mura gcomhaontóidh páirtí leis go mbunóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin painéal, nó mura dtiocfar ar réiteach de thoradh an chomhairliúcháin, féadfar an tábhar a chur os comhair na Comhairle i gcomhréir le forálacha Airteagal 43. Má bhíonn réiteach ann de thoradh an chomhairliúcháin, déanfar sin a thuairisciú don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus dáilfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an tuarascáil sin ar na Comhaltaí uile.

Airteagal 43

Díospóidí agus gearáin

(1)    Aon díospóid a bhaineann le léirmhíniú nó le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nach socrófar trí chaibidlíocht, arna iarraidh sin daon Chomhalta is páirtí sa díospóid, cuirfear an díospóid os comhair na Comhairle lena cinneadh.

(2)    Bunóidh an Chomhairle nós imeachta um réiteach díospóidí agus gearán.



CAIBIDIL XV – FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 44

Síniú agus daingniú, glacadh nó formheas

(1)    Mura bhforáiltear a mhalairt, beidh an Comhaontú seo ar oscailt lena shíniú ag ceanncheathrú an Taiscí ón 6 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 30 Aibreán 2023 agus an dáta sin san áireamh ag Páirtithe Conarthacha i gComhaontú Idirnáisiúnta Caife 2007 agus ag Rialtais ar tugadh cuireadh dóibh teacht chuig an seisiún den Chomhairle inar glacadh an Comhaontú seo.

(2)    Beidh an Comhaontú seo faoi réir a dhaingnithe, a ghlactha nó a fhormheasta ag na Rialtais is sínitheoirí i gcomhréir lena nósanna imeachta dlíthiúla féin.

(3)    Ach amháin mar a fhoráiltear in Airteagal 46, déanfar ionstraimí daingniúcháin, glactha nó formheasta a thaisceadh leis an Taiscí tráth nach déanaí ná an 31 Iúil 2023. Mar sin féin, dfhéadfadh an Chomhairle cinneadh a dhéanamh go ndeonóidh sí síneadh a chur leis an tréimhse do Rialtais is sínitheoirí nach bhfuil in ann a nionstraimí a thaisceadh faoin dáta sin. Is í an Chomhairle a tharchuirfidh na cinntí sin chuig an Taiscí.

(4)    Ar dó an Comhaontú a shíniú agus a dhaingniú, a ghlacadh nó a fhormheas, nó ar dó fógra a fháil um chur i bhfeidhm sealadach, taiscfidh an tAontas Eorpach dearbhú leis an Taiscí lena ndeimhneofar a inniúlacht eisiach maidir le hábhair a rialaítear leis an gComhaontú seo. Ní bheidh Ballstáit an Aontais Eorpaigh incháilithe chun bheith ina bPáirtithe Conarthacha sa Chomhaontú.

Airteagal 45

Cur i bhfeidhm sealadach

   Rialtas is sínitheoir a bhfuil sé beartaithe aige an Comhaontú seo a dhaingniú, a ghlacadh nó a fhormheas, féadfaidh sé, tráth ar bith, fógra a thabhairt don Taiscí go gcuirfidh sé an Comhaontú seo i bhfeidhm go sealadach i gcomhréir lena nósanna imeachta dlíthiúla.

Airteagal 46

Teacht i bhfeidhm

(1)    Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm go cinntitheach i gcás ina mbeidh ionstraimí daingniúcháin, glactha nó formheasta taiscthe ag Rialtais is sínitheoirí a bhfuil dhá thrian ar a laghad de vótaí na gComhaltaí is onnmhaireoirí acu agus ag Rialtais is sínitheoirí a bhfuil dhá thrian ar a laghad de vótaí na gComhaltaí is allmhaireoirí acu, arna ríomh an 6 Meitheamh 2022, gan tagairt dfhionraí féideartha faoi théarmaí Airteagal 22. De rogha air sin, tiocfaidh sé i bhfeidhm go cinntitheach tráth ar bith má tá sé i bhfeidhm go sealadach i gcomhréir le forálacha mhír (2) den Airteagal seo agus má chomhlíontar na ceanglais sin maidir leis na céatadáin trí ionstraimí daingniúcháin, glactha nó formheasa a thaisceadh.

(2)    Mura mbeidh an Comhaontú seo tagtha i bhfeidhm go cinntitheach faoin 31 Iúil 2023, tiocfaidh sé i bhfeidhm go sealadach an dáta sin, nó aon dáta laistigh de 12 mhí ina dhiaidh sin, má tá ionstraimí daingniúcháin, glactha nó formheasta taiscthe ag Rialtais is sínitheoirí a bhfuil vótaí acu mar a shonraítear i mír (1) den Airteagal seo, nó má tá fógra tugtha acu don Taiscí i gcomhréir le forálacha Airteagal 45.

(3)    Más rud é go mbeidh an Comhaontú seo tagtha i bhfeidhm go sealadach ach nach mbeidh sé tagtha i bhfeidhm go cinntitheach faoin 31 Iúil 2024, scoirfidh sé de bheith i bhfeidhm go sealadach mura rud é go ndéanfaidh na Rialtais sin is sínitheoirí a bhfuil ionstraimí daingniúcháin, glactha nó formheasta taiscthe acu, nó a bhfuil fógra tugtha acu don Taiscí i gcomhréir le forálacha Airteagal 45, a chinneadh de chomhthoil, go leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm go sealadach ar feadh tréimhse shonrach ama. Féadfaidh na Rialtais sin is sínitheoirí a chinneadh freisin, de chomhthoil, go dtiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm go cinntitheach eatarthu féin.

(4)    Mura mbeidh an Comhaontú seo tagtha i bhfeidhm go cinntitheach nó go sealadach faoin 31 Iúil 2024 faoi fhorálacha mhír (1) nó (2) den Airteagal seo, féadfaidh na Rialtais sin is sínitheoirí a mbeidh ionstraimí daingniúcháin, glactha nó formheasta taiscthe acu, i gcomhréir lena ndlíthe agus lena rialacháin, a chinneadh, de chomhthoil, go dtiocfaidh sé i bhfeidhm go cinntitheach eatarthu féin.

Airteagal 47

Aontachas

(1)    Mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, féadfaidh Rialtas aon bhallstáit de chuid na Náisiún Aontaithe nó aon cheann dá ghníomhaireachtaí speisialaithe nó aon eagraíocht idir-rialtasach ar a dtugtar tuairisc i mír (3) dAirteagal 4 aontú don Chomhaontú seo i gcomhréir le nósanna imeachta a bhunóidh an Chomhairle.

(2)    Taiscfear na hionstraimí aontachais leis an Taiscí. Gabhfaidh éifeacht leis an aontachas ar thaisceadh na hionstraime.

(3)    Ar di ionstraim aontachais a thaisceadh, déanfaidh aon eagraíocht idir-rialtasach dá dtagraítear i mír (3) dAirteagal 4 dearbhú a thaisceadh lena ndaingneofar a hinniúlacht eisiach ar ábhair atá faoi rialú ag an gComhaontú seo. Ní bheidh ballstáit na heagraíochta sin incháilithe le bheith ina bPáirtithe Conarthacha sa Chomhaontú seo.

Airteagal 48

Forchoimeádais

   Ní fhéadfar forchoimeádais a dhéanamh i ndáil le haon cheann dfhorálacha an Chomhaontaithe seo.

Airteagal 49

Tarraingt siar dheonach

   Is ceadmhach daon Pháirtí Conarthach tarraingt siar as an gComhaontú seo tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn maidir le tarraingt siar a thabhairt don Taiscí. Tiocfaidh an tarraingt siar in éifeacht 90 lá tar éis don Taiscí an fógra a fháil.

Airteagal 50

Eisiamh

   Má chinneann an Chomhairle go bhfuil aon Chomhalta ag sárú a oibleagáidí faoin gComhaontú seo agus má chinneann sí thairis sin go gcuireann an sárú sin isteach go mór ar oibriú an Chomhaontaithe seo, féadfaidh sí an Comhalta sin a eisiamh ón Eagraíocht. Tabharfaidh an Chomhairle fógra don Taiscí láithreach faoi aon chinneadh den sórt sin. 90 lá tar éis dháta an chinnidh ón gComhairle, scoirfidh an Comhalta sin de bheith ina Chomhalta den Eagraíocht agus ina Pháirtí sa Chomhaontú seo.

Airteagal 51

Lánghlanadh na gcuntas le Comhaltaí a tharraingeoidh siar nó a eiseofar

(1)    Cinnfidh an Chomhairle aon lánghlanadh cuntas le Comhalta a tharraingeoidh siar nó a eiseofar. Coinneoidh an Eagraíocht aon mhéid a bheidh íoctha cheana féin ag Comhalta a tharraingeoidh siar nó a eiseofar agus leanfaidh an Comhalta sin de bheith faoi cheangal aon mhéid a bheidh dlite uaidh a íoc leis an Eagraíocht tráth a thiocfaidh an tarraingt siar nó an teisiamh in éifeacht; ar choinníoll, áfach, i gcás Páirtí Conarthach nach mbeidh in ann glacadh le leasú agus a scoirfidh dá dhroim sin de bheith rannpháirteach sa Chomhaontú seo faoi fhorálacha mhír (2) dAirteagal 53, go bhféadfaidh an Chomhairle aon lánghlanadh cuntas a bheidh cothromasach dar léi a chinneadh.

(2)    Comhalta a scoir de bheith rannpháirteach sa Chomhaontú seo, ní bheidh sé i dteideal aon sciar de na fáltais de dheasca leachtú na hEagraíochta ná daon sciar de na sócmhainní eile dá cuid; ná ní bheidh sé faoi dhliteanas aon chuid deasnamh, más ann dó, de chuid na hEagraíochta a íoc ar dó an Comhaontú seo a fhoirceannadh.

Airteagal 52

Ré agus foirceannadh

(1)    Fanfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm go dtí go bhfoirceannfaidh an Chomhairle é faoi fhorálacha mhír (3) den Airteagal seo.

(2)    Déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar an gComhaontú seo gach 5 bliana, tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, más gá nó cibé uair is gá, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus ar dheiseanna nua agus chun freagairt dóibh, agus déanfaidh an Chomhairle cinntí de réir mar is iomchuí.

(3)    Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh an Comhaontú seo a fhoirceannadh tráth ar bith. Gabhfaidh éifeacht leis an bhfoirceannadh cibé dáta a chinnfidh an Chomhairle.

(4)    Dainneoin fhoirceannadh an Chomhaontaithe seo, leanfaidh an Chomhairle ar marthain a fhad is gá chun cibé cinntí a dhéanamh a mbeidh gá leo le linn na tréimhse a bheidh de dhíth chun an Eagraíocht a leachtú, a cuntais a lánghlanadh agus a sócmhainní a dhiúscairt.

(5)    Aon chinneadh a dhéanfar i ndáil le foirceannadh an Chomhaontaithe seo agus aon fhógra a gheobhaidh an Chomhairle de bhun an Airteagail seo, tarchuirfidh an Chomhairle chuig an Taiscí go cuí iad.

Airteagal 53

Leasú

(1)    Féadfaidh an Chomhairle leasú ar an gComhaontú a mholadh agus cuirfidh sí an togra sin in iúl do na Páirtithe Conarthacha uile. Tiocfaidh an leasú i bhfeidhm maidir le Comhaltaí uile na hEagraíochta 100 lá tar éis don Taiscí fógraí glactha a fháil ó Pháirtithe Conarthacha a bhfuil dhá thrian ar a laghad de vótaí na gComhaltaí is onnmhaireoirí acu, agus ó Pháirtithe Conarthacha a bhfuil dhá thrian ar a laghad de vótaí na gComhaltaí is allmhaireoirí acu. Ríomhfar céatadán an dá thriain dá dtagraítear anseo bunaithe ar an líon Páirtithe Conarthacha sa Chomhaontú tráth a scaipeadh togra an leasaithe ar na Páirtithe Conarthacha lena mbaineann lena ghlacadh. Socróidh an Chomhairle tréimhse a dtabharfaidh na Páirtithe Conarthacha fógra don Taiscí lena linn go nglacann siad leis an leasú, tréimhse a chuirfidh an Chomhairle in iúl do na Páirtithe Conarthacha uile agus don Taiscí. Más rud é, ar dhul in éag na teorann ama sin, nach mbeidh na ceanglais maidir leis na céatadáin i ndáil le teacht i bhfeidhm an leasaithe comhlíonta, measfar an leasú a bheith tarraingthe siar.

(2)    Mura gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt, aon Pháirtí Conarthach nach mbeidh fógra tugtha aige don Taiscí go nglacann sé le leasú i gcomhréir le forálacha mhír (1) den Airteagal seo laistigh den tréimhse arna socrú ag an gComhairle, scoirfidh sé de bheith ina Pháirtí Conarthach sa Chomhaontú seo ón dáta a thiocfaidh an leasú in éifeacht.

(3)    Tabharfaidh an Chomhairle fógra don Taiscí faoi aon leasú a dháilfear ar na Páirtithe Conarthacha faoin Airteagal seo.

Airteagal 54

Foráil fhorlíontach agus idirthréimhseach

   Na gníomhartha uile arna ndéanamh ag an Eagraíocht nó ag aon cheann dá cuid orgán nó thar a ceann nó thar a cheann faoi Chomhaontú Idirnáisiúnta Caife 2007, fanfaidh siad de bheith i bhfeidhm go dtí go dtiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm.



Airteagal 55

Téacsanna barántúla an Chomhaontaithe

   Beidh comhúdarás ag téacsanna an Chomhaontaithe seo sa Bhéarla, sa Fhraincis, sa Phortaingéilis agus sa Spáinnis. Déanfar na cóipeanna bunaidh a thaisceadh leis an Taiscí.

   Á FHIANÚ SIN tá na daoine a bhfuil a síniú anseo thíos, agus iad údaraithe go cuí chuige sin ag a Rialtas féin, tar éis an Comhaontú seo a shíniú na dátaí atá le feiceáil os comhair a sínithe.



IARSCRÍBHINN I

FACHTÓIRÍ COINBHÉARTACHTA LE hAGHAIDH CAIFE RÓSTA, DÍCHAIFÉINITHE

LEACHTACH AGUS INTUASLAGTHA MAR A SHAINMHÍNÍTEAR I

gCOMHAONTÚ IDIRNÁISIÚNTA CAIFE 2007

Caife rósta

Chun caife rósta a chomhshó ina choibhéis pónairí amha, iolraigh glanmheáchan caife rósta faoi 1,19.

Caife díchaiféinithe

Chun caife amh díchaiféinithe a chomhshó ina choibhéis pónairí glasa, iolraigh glanmheáchan an chaife aimh dhíchaiféinithe faoi 1,05. Chun caife rósta agus díchaiféinithe agus caife intuaslagtha díchaiféinithe a chomhshó ina choibhéis pónairí amha, iolraigh a nglanmheáchan faoi 1,25 nó 2,73, faoi seach.

Caife leachtach

Chun caife leachtach a chomhshó ina choibhéis pónairí amha, iolraigh glanmheáchan na solad caife triomaithe atá sa chaife leachtach faoi 2,6.

Caife intuaslagtha

Chun caife intuaslagtha a chomhshó ina choibhéis pónairí amha, iolraigh glanmheáchan an chaife intuaslagtha faoi 2,6.

Caife réamh-mheasctha

Lena chinneadh, de réir Rún 476 arna fhormheas ag an gComhairle Idirnáisiúnta Caife an 9 Meitheamh 2022.

ICC    Rún 477

An 9 Meitheamh 2022

Bunleagan: Béarla

E

An Chomhairle Idirnáisiúnta Caife

an 133ú Seisiún (Ar Leith)

Seisiún Fíorúil

an 8 agus an 9 Meitheamh 2022

Londain, an Ríocht Aontaithe

Rún Uimhir 477

Arna fhormheas ag an dara cruinniú iomlánach, an 9 Meitheamh 2022

Taiscí le haghaidh

Comhaontú Idirnáisiúnta Caife 2022

DE BHARR AN MHÉID SEO A LEANAS:

Foráiltear le mír (10) d’Airteagal 2 de Chomhaontú Idirnáisiúnta Caife 2022 go n‑ainmneoidh an Chomhairle an Taiscí trí chinneadh comhthola roimh an 6 Deireadh Fómhair 2022 agus go mbeidh an cinneadh sin ina chuid dhílis de Chomhaontú 2022,

AN CHOMHAIRLE IDIRNÁISIÚNTA CAIFE

BEARTAÍONN MAR A LEANAS:

1.An Eagraíocht Idirnáisiúnta Chaife a ainmniú mar an Taiscí le haghaidh Chomhaontú Idirnáisiúnta Caife 2022.

2.Iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ina cáil mar phríomhoifigeach riaracháin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Caife, na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an Eagraíocht feidhmeanna an Taiscí le haghaidh Chomhaontú 2022, ar bhealach a bheidh comhsheasmhach le Coinbhinsiún Vín 1969 maidir le Dlí na gConarthaí, lena náirítear an méid seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dó:

(a)    Téacs bunaidh an Chomhaontaithe agus aon Lánchumhacht a tugadh don Taiscí a choimeád.

(b)Cóipeanna dílse deimhnithe den Chomhaontú bunaidh a ullmhú agus a scaipeadh.

(c)Aon síniú leis an gComhaontú a fháil, agus aon ionstraim, aon fhógra agus aon chumarsáid a bhaineann leis a fháil agus a choimeád.

(d)Scrúdú a dhéanamh féachaint an bhfuil an síniú nó aon ionstraim, fógra nó cumarsáid a bhaineann leis an gComhaontú i bhfoirm chuí cheart.

(e)    Gníomhartha, fógraí agus teachtaireachtaí a bhaineann leis an gComhaontú a scaipeadh.

(f)    An tráth, a bheidh an líon ionstraimí daingniúcháin, glactha nó formheasta, nó fógraí um chur i bhfeidhm sealadach, taiscthe a chur in iúl, arb iad sin na hionstraimí nó na fógraí iad a cheanglaítear le haghaidh theacht i bhfeidhm nó theacht i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe mar a leagtar amach in Airteagal 46.

(g)    An Comhaontú a chlárú le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

(h)    I gcás aon cheist maidir le comhlíonadh fheidhmeanna an Taiscí, an tábhar a chur ar a súile do na sínitheoirí agus do na Páirtithe Conarthacha, nó, i gcás inarb iomchuí, don Chomhairle Idirnáisiúnta Chaife.

Deimhním leis seo gur cóip dhílis é an méid sin roimhe seo de Chomhaontú Idirnáisiúnta Caife 2022, a glacadh le Rún 476 ón gComhairle Idirnáisiúnta Chaife an 9 Meitheamh 2022 ag a 133ú Seisiún, a bhfuil an chóip bhunaidh de taiscthe leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta Caife.

Vanúsia Nogueira

Stiúrthóir Feidhmiúcháin

na hEagraíochta Idirnáisiúnta Caife

Londain, an Ríocht Aontaithe, an 29 Iúil 2022