An Bhruiséil,8.9.2025

COM(2025) 465 final

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh i dtaca le comhaontú comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe agus prótacal maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe le Poblacht na Gabúine

{SWD(2025) 251 final} - {SWD(2025) 252 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún comhaontú comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe (CCII) nua le Poblacht na Gabúine 1 a chaibidliú, mar aon le prótacal cur chun feidhme, comhaontú agus prótacal a chomhlíonann riachtanais chabhlach an Aontais agus atá i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 2 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (CBI).

Dá gcuirfí CCII in ionad an chomhaontaithe comhpháirtíochta iascaigh (CCI) atá ann cheana idir an tAontas agus an Ghabúin, bheifí in ann na hathruithe a d’eascair as athchóiriú CBI in 2013 a léiriú ar bhealach níos fearr agus go háirithe an inbhuanaitheacht a chomhtháthú ar bhealach níos fearr.

An 10 Meitheamh 2025, thug Aire Gnóthaí Eachtracha Phoblacht na Gabúine 3 fógra foirmiúil don Aontas Eorpach go raibh rún aici an CCI idir an tAontas agus an Ghabúin a fhoirceannadh. Mar sin féin, chuir údaráis Phoblacht na Gabúine in iúl freisin go bhfuil siad toilteanach comhaontú iascaigh nua a chaibidliú. Cé go bhfuil an comhaontú atá ann faoi láthair fós i bhfeidhm, measann an tAontas Eorpach gur cheart comhaontú comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe (CCII) nua a chaibidliú chun an Chomhpháirtíocht Iascaigh idir an tAontas agus an Ghabúin a thabhairt cothrom le dáta.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

An CCI atá ann faoi láthair idir an tAontas Eorpach agus an Ghabúin, síníodh é an 6 Meitheamh 2007 agus tháinig sé i bhfeidhm an 11 Meitheamh 2007. Tháinig Prótacal 5 bliana maidir le Cur Chun Feidhme an CCI atá ann faoi láthair 4 i bhfeidhm an 29 Meitheamh 2021 agus rachaidh sé in éag an 28 Meitheamh 2026. Socraítear leis na deiseanna iascaireachta a chuirtear ar fáil do chabhlach an Aontais agus an ranníocaíocht airgeadais chomhfhreagrach a íocann an tAontas agus na longúinéirí. Is é EUR 2 600 000 ranníocaíocht airgeadais phoiblí bhliantúil an Aontais a íoctar leis an nGabúin le haghaidh na bliana deireanaí den chur i bhfeidhm, agus tá EUR 1 000 000 de sin curtha i leataobh le haghaidh na tacaíochta earnála.

Le Prótacal 2021-2026 a ghabhann leis an CCI leis an nGabúin, cuirtear deiseanna iascaireachta lena ndírítear ar thuinníní agus speicis mhórimirceacha ar fáil do shoithí de chuid an Aontais ó dhá Bhallstát (an Spáinn agus an Fhrainc). Ina theannta sin, le Prótacal 2021-2026 a ghabhann leis an CCI leis an nGabúin, foráiltear go bhféadfadh trálaeir turais iascaireachta taiscéalaíocha a dhéanamh a dhíríonn ar chrústaigh dhomhainmhara, suas le ceithre shoitheach.

Tá líonra dea-fhorbartha ag an Aontas Eorpach cheana féin de chomhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe (CCIInna) déthaobhacha gníomhacha san Afraic Thiar agus san Afraic Láir, mar atá leis an Máratáin, le Cabo Verde, leis an nGaimbia, le Guine Bissau, leis an gCósta Eabhair agus le São Tomé agus Príncipe. Cuidíonn CCIInna le cuspóirí CBI a chur chun cinn go hidirnáisiúnta, is é sin go n‑áirithítear leo go bhfuil gníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais lasmuigh d’uiscí an Aontais bunaithe ar na prionsabail agus na caighdeáin chéanna is infheidhme faoi dhlí an Aontais. Ina theannta sin, neartaíonn CCIInna seasamh an Aontais Eorpaigh in eagraíochtaí iascaireachta idirnáisiúnta agus réigiúnacha, go háirithe sa Choimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú na dTuinníní Atlantacha (CICTA), comhlacht a bunaíodh faoin dlí idirnáisiúnta chun speicis mhórimirceacha a chaomhnú agus a bhainistiú sa réigiún. Ar deireadh, tá CCIInna bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus cuidíonn siad le feabhas a chur ar chomhlíonadh na mbeart idirnáisiúnta, lena n‑áirítear an comhrac in aghaidh na hiascaireachta neamhdhleathaí, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN).

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an chaibidlíocht maidir le CCII agus prótacal leis an nGabúin i gcomhréir le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais i leith Stáit ACC (an Afraic, Muir Chairib agus an tAigéan Ciúin), agus go háirithe le cuspóirí an Aontais i dtaca le prionsabail dhaonlathacha agus prionsabail maidir le cearta an duine a urramú. Ina theannta sin, is é is aidhm do straitéis infheistíochta Global Gateway an Aontais cuidiú leis na comhpháirtithe inti a ngeilleagair a athrú ó bhonn trí oibriú ar luachshlabhraí agus ar chruthú post chun athléimneacht earnálacha amhail an t‑iascach a neartú.

Áirithítear cur chun cinn na hoibre cuibhiúla leis an gcaibidlíocht lena bhfuil coinne maidir le clásal sóisialta i gcomhréir le Coinbhinsiún C188 EIS le haghaidh oibrithe ón tír chomhpháirtíochta a mhealltar le bheith fostaithe ag soithí de chuid an Aontais.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús Dlí

CFAE, Cuid V, ‘Gníomhaíocht Sheachtrach an Aontais’, Teideal V ‘Comhaontuithe Idirnáisiúnta’, Airteagal 218, ina leagtar amach an nós imeachta atá le leanúint chun comhaontuithe idir an tAontas agus tríú tíortha a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích, is é sin an bunús dlí.

Is é Airteagal 43(2) CFAE an bunús dlí substainteach maidir le cuspóirí an Chomhbheartais Talmhaíochta agus Iascaigh a shaothrú.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Neamhbhainteach; inniúlacht eisiach.

Comhréireacht

Tá an togra comhréireach leis an gcuspóir creat rialachais dlíthiúil, comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí de chuid an Aontais in uiscí tríú tíortha, i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 lena mbunaítear an Comhbheartas Iascaigh.

An rogha ionstraime

Eascraíonn an rogha ionstraime as Airteagal 218(3) agus (4) CFAE.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Rinne an Coimisiún meastóireacht ex post ar an bprótacal atá ann faoi láthair a ghabhann leis an CCI leis an nGabúin agus rinne sé meastóireacht ex ante ar phrótacal nua a d’fhéadfadh a bheith ann. Foilsíodh an tuarascáil ar an meastóireacht sin 5 .

Ba é conclúid na meastóireachta go bhfuil suim mhór ag earnáil iascaireachta tuinníní an Aontais leanúint dá gníomhaíochtaí iascaireachta sa Ghabúin. Mar sin féin, léirítear sa tuarascáil mheastóireachta freisin go bhfuil neamhréir idir líon na ndeiseanna a chuirtear ar fáil agus an úsáid a bhaintear astu sa phrótacal deireanach. Le haon phrótacal a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, ba cheart líon na ndeiseanna a chuirtear ar fáil a laghdú, rud ba cheart a bheith ina chúis le laghdú ranníocaíocht airgeadais an Phrótacail.

I bhfianaise na suime a chuir cabhlach an Aontais in iúl, d’fhéadfaí a áireamh sa Phrótacal nua catagóir tráchtála nua chun iascaireacht a dhéanamh ar chrústaigh dhomhainmhara má tá sé sin i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus leis an bhfaisnéis ábhartha, lena n‑áirítear conclúidí na gcruinnithe eolaíocha comhpháirteacha arna reáchtáil idir an tAontas agus údaráis na Gabúine le linn Phrótacal 2021-2026. Ina theannta sin, le hathnuachan an Phrótacail cuideofar le faireachán, rialú agus faireachas a neartú agus cuirfear feabhas ar rialachas na n‑iascach sa réigiún. Léirítear sa mheastóireacht go rachadh athnuachan an Phrótacail chun tairbhe don Ghabúin freisin i bhfianaise mhéid na ranníocaíochta airgeadais arna híoc faoin bPrótacal ar mhaithe le forbairt earnáil an iascaigh. Chun an tairbhe a bhainfidh an Ghabúin as a uasmhéadú, ba cheart go spreagfadh comhaontú nua idirghníomhaíochtaí idir cabhlach an Aontais agus comhpháirtithe áitiúla agus d’fhéadfaí an tacaíocht earnála a dhíriú ar ghníomhaíochtaí lena dtacaítear ar bhealach níos fearr le forbairt inbhuanaithe na hearnála iascaigh ar an leibhéal náisiúnta.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit, le hionadaithe na hearnála, le heagraíochtaí idirnáisiúnta na sochaí sibhialta agus le lucht riaracháin iascaigh agus le hionadaithe na sochaí sibhialta ón Aontas agus ón nGabúin mar chuid den mheastóireacht. Eagraíodh comhairliúcháin freisin i gcomhthéacs na Comhairle Comhairlí um an Iascaireacht Fadraoin.

Bailiú agus úsáid saineolais

I gcomhthéacs na meastóireachtaí a rinneadh, chuathas i gcomhairle le saineolaithe neamhspleácha sa réimse.

Measúnú tionchair

Neamhbhainteach.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach.

Cearta bunúsacha

Na treoracha caibidlíochta a leagtar amach san iarscríbhinn a ghabhann leis an togra le haghaidh cinnidh, moltar iontu clásal a áireamh maidir le hiarmhairtí sáruithe ar chearta an duine agus ar phrionsabail dhaonlathacha.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Eascróidh impleachtaí buiséadacha Prótacail nua as ranníocaíocht airgeadais a íoc leis an nGabúin. Na méideanna bliantúla a bhfuil coinne leo le haghaidh gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, cinntear iad de réir an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil ar bhealach atá i gcomhréir le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, agus áirítear leo líne chúltaca 30.020200 le haghaidh tograí nár tháinig i bhfeidhm ag tús na bliana 6 .

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ba cheart tús a chur leis an gcaibidlíocht sa tríú ráithe de 2025 chun teorainn a chur leis an gcur isteach ar ghníomhaíochtaí iascaireachta ar dhul in éag don phrótacal atá ann faoi láthair, lena gcuirtear chun feidhme an CCI, an 28 Meitheamh 2026.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Molann an Coimisiún:

- go n‑údaróidh an Chomhairle dó tús a chur leis an gcaibidlíocht agus an chaibidlíocht a dhéanamh d’fhonn comhaontú comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe nua leis an nGabúin agus prótacal cur chun feidhme a thabhairt i gcrích;

- go n‑ainmneofar é mar idirbheartaí an Aontais chuige sin;

- go ndéanfaidh sé an chaibidlíocht i gcomhairle leis an gcoiste speisialta, mar a leagtar amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

- go bhformheasfaidh an Chomhairle na treoracha caibidlíochta atá i gceangal leis an Moladh seo.

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh i dtaca le comhaontú comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe agus prótacal maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe le Poblacht na Gabúine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4), 

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Ba cheart tús a chur leis an gcaibidlíocht d’fhonn comhaontú comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe agus prótacal maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe leis an nGabúin a thabhairt i gcrích.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear don Choimisiún comhaontú comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe nua le Poblacht na Gabúine agus an prótacal cur chun feidhme a ghabhann leis a chaibidliú thar ceann an Aontais.

Airteagal 2

Leagtar amach na treoracha caibidlíochta san Iarscríbhinn.

Airteagal 3

Déanfar an chaibidlíocht i gcomhairle le Meitheal na Comhairle um an mBeartas Iascaigh.

Airteagal 4

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    An Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh atá ann faoi láthair, IO L 109, 26.4.2007, lgh. 1–2
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(3)    Ares(2025)4635613
(4)    IO L 242, 8.7.2021, lgh. 5–51
(5)

   https://op.europa.eu/fr/search-results?p_p_id=eu_europa_publications_portlet_search_executor_SearchExecutorPortlet_INSTANCE_q8EzsBteHybf&p_p_lifecycle=1&p_p_state=normal&facet.author=MARE&facet.studies=evaluation&facet.eurovoc.domain=08%2C56%2C20&facet.collection=EUPub&language=fr&startRow=1&resultsPerPage=10&selectedSubjectId=08&elementType=0&keywordOptions=ALL&SEARCH_TYPE=ADVANCED#undefined

(6)    Féach Airteagal 20 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n‑áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 28).

An Bhruiséil,8.9.2025

COM(2025) 465 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh i dtaca le comhaontú comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe agus prótacal maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe le Poblacht na Gabúine

{SWD(2025) 251 final} - {SWD(2025) 252 final}


IARSCRÍBHINN

Treoracha caibidlíochta

Is é is cuspóir don chaibidlíocht Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe (CCII) agus Prótacal maidir le Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Gabúine a thabhairt i gcrích, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh.

Ba cheart a leagan síos leis an CCII sin agus leis an bprótacal cur chun feidhme a ghabhann leis an creat ginearálta maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta soithí de chuid an Aontais in uiscí na Gabúine agus maidir le comhar an Aontais leis an nGabúin i réimse an iascaigh.

Chun an iascaireacht inbhuanaithe fhreagrach a chur chun cinn agus, an tráth céanna, tairbhí frithpháirteacha a áirithiú don Aontas agus don Ghabúin, ba cheart cuspóirí caibidlíochta an Choimisiúin a bheith bunaithe ar na nithe seo a leanas:

·creat comhair dhéthaobhaigh chobhsaí a bhunú i réimse an iascaigh inbhuanaithe;

·rochtain ar limistéar iascaireachta na Gabúine agus na húdaruithe is gá a áirithiú do shoithí de chuid an Aontais ionas gur féidir leo iascaireacht a dhéanamh sa limistéar sin, agus ar an gcaoi sin, forbairt a dhéanamh, inter alia, ar an líonra de chomhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe atá ar fáil d’oibreoirí an Aontais san Aigéan Atlantach;

·na pleananna bainistíochta ábhartha a ghlac eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna) a chur chun feidhme go hiomlán ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr atá ar fáil, chun inbhuanaitheacht chomhshaoil na ngníomhaíochtaí iascaireachta a áirithiú agus rialachas na naigéan a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta. Le gníomhaíochtaí iascaireachta soithí de chuid an Aontais, ba cheart díriú go heisiach ar an mbarrachas acmhainní atá ar fáil, agus acmhainneacht iascaireachta an chabhlaigh áitiúil á cur san áireamh, agus aird ar leith á tabhairt an tráth céanna ar chineál mórimirceach na stoc lena mbaineann. Le bheith sonrach, i gcás na speiceas mórimirceach, déantar an barrachas de speicis mhórimirceacha atá ar fáil in uiscí na Gabúine a chumhdaítear leis an gcomhaontú comhpháirtíochta iascaigh a shainiú trí na bearta caomhnaithe agus bainistíochta le haghaidh speicis mhórimirceacha san Aigéan Atlantach a ghlac an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú na dTuinníní Atlantacha (CICTA). I gcás speicis crústach domhainmhara, d’fhéadfaí barrachas acmhainní atá ar fáil a shainaithint agus an chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus an fhaisnéis ábhartha á gcur san áireamh;

·féachaint le sciar iomchuí den acmhainn iascaigh a fháil, a chomhfhreagraíonn do leasanna chabhlach an Aontais,

·féachaint le cur i bhfeidhm na gcoinníollacha teicniúla céanna a bhaint amach i gcás gach cabhlach eachtrach i limistéar iascaireachta na Gabúine, trí chlásal a chur isteach maidir le neamh-idirdhealú idir cabhlaigh agus maidir le trédhearcacht i dtaca le gníomhaíochtaí iascaireachta údaraithe sa Ghabúin.

·a áirithiú go bhfuil an rochtain ar an limistéar iascaigh bunaithe ar ghníomhaíocht stairiúil chabhlach an Aontais agus ar ghníomhaíocht chabhlach an Aontais lena bhfuil coinne amach anseo sa réigiún, agus na meastóireachtaí eolaíocha is déanaí agus is fearr atá ar fáil mar aon le leasanna na réigiún is forimeallaí san Aontas á gcur san áireamh;

·idirphlé a bhunú chun an beartas earnálach a threisiú d’fhonn cur chun feidhme beartais iascaireachta freagraí a spreagadh, i ndáil le cuspóirí forbartha na Gabúine, go háirithe a mhéid a bhaineann le rialachas iascaigh, an comhrac in aghaidh na hiascaireachta neamhdhleathaí, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte, rialú, faireachán agus faireachas ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, comhairle eolaíoch a chur ar fáil, cearta sóisialta na niascairí agus, ina theannta sin, tacú leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch;

·foráil a dhéanamh maidir le clásal i dtaca le hiarmhairtí sáruithe ar chearta an duine (lena náirítear cearta sóisialta) agus ar phrionsabail dhaonlathacha;

·a áirithiú go rannchuideoidh an prótacal le fás inbhuanaithe agus obair chuibhiúil a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta a chur chun cinn, agus Coinbhinsiúin ábhartha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) á gcur san áireamh;

Go háirithe, ba cheart a nithe seo a leanas a bhunú sa phrótacal:

·na deiseanna iascaireachta atá le deonú do shoithí de chuid an Aontais;

·an cúiteamh airgeadais agus na coinníollacha maidir le híoc an chúitimh sin;

·na sásraí chun an tacaíocht earnála a chur chun feidhme.