An Bhruiséil,28.8.2025

COM(2025) 460 final

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht, chun leas an Aontais Eorpaigh, maidir le hathbhreithniú ar an gComhaontú Idirnáisiúnta agus Reachtanna Orgánacha, na Rialacha Orgánacha, na Rialacha Airgeadais agus na Rialacha Ginearálta agus téacsanna eile de chuid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

De thoradh Rúin in 2024 ó Chomhthionól Domhanda Thoscairí na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH), ó 2025 go 2027 déanfaidh Coiste Athbhreithnithe Rialachais athbhreithniú ar an gComhaontú Idirnáisiúnta agus Reachtanna Orgánacha, na Rialacha Orgánacha, na Rialacha Airgeadais agus na Rialacha Ginearálta agus téacsanna eile de chuid WOAH, dá ngairtear le chéile Buntéacsanna WOAH, d’fhonn tograí a chur faoi bhráid Chomhthionól Domhanda na dToscairí chun athbhreithniú a dhéanamh ar rialachas institiúideach, teicniúil agus airgeadais WOAH ar mhaithe le creat dlíthiúil láidir, é sin agus cumas WOAH a shainordú a chur i gcrích go héifeachtúil, go héifeachtach agus go hinbhuanaithe amach anseo a dhaingniú.

Níl an tAontas ina pháirtí in WOAH, ach tá na Ballstáit uile ina bpáirtithe ann. Is comhaltaí den Choiste Athbhreithnithe Rialachais iad ionadaithe ó thrí Bhallstát (an Ostair, Éire, an Chipir) faoi láthair, agus feidhmíonn saineolaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún mar chomhairleoirí do na comhaltaí sin.

Dá bhrí sin, leis an gcinneadh seo ba cheart a údarú do na Ballstáit atá ina gComhaltaí den Choiste Athbhreithnithe Rialachais, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, na hathruithe ar Bhuntéacsanna WOAH a chaibidliú. Ba cheart na treoracha caibidlíochta do na Ballstáit sin a leagan amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo ón gComhairle. Áirítear orthu sin, inter alia, Buntéacsanna WOAH a leasú ar bhealach a chuirfidh ar chumas Eagraíochtaí Réigiúnacha um Chomhtháthú Eacnamaíochta amhail an tAontas a bheith ina bpáirtithe in WOAH.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an moladh atá beartaithe i gcomhréir le creat dlíthiúil an Aontais atá ann cheana maidir le sláinte ainmhithe, mar a leagtar amach faoi láthair faoi Rialachán (AE) 2016/429 maidir le galair intarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena naisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) 1 , maidir le zónóisí mar a leagtar amach i dTreoir 2003/99/CE 2 maidir le faireachán ar zónóisí agus ar oibreáin zónóisí, lena leasaítear Cinneadh 90/424/CEE ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 92/117/CEE ón gComhairle, chomh maith le píosaí ábhartha eile reachtaíochta sa réimse beartais sin (Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 3 , Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 4 .

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an moladh atá beartaithe i gcomhréir freisin le beartais sláinte an Aontais a mhéid a bhaineann le galair zónóiseacha a chosc agus a bhainistiú mar chuid de chur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 218(3) agus (4) CFAE an bunús dlí nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

Foráiltear le hAirteagal 218(3) CFAE go gcuirfidh an Coimisiún moltaí faoi bhráid na Comhairle, agus glacfaidh an Chomhairle cinneadh lena n‑údarófar tús a chur leis an gcaibidlíocht agus lena n‑ainmneofar idirbheartaí an Aontais. De réir Airteagal 218(4) CFAE, féadfaidh an Chomhairle treoracha a dhíriú chuig an idirbheartaí agus coiste speisialta a ainmniú nach mór an chaibidlíocht a thabhairt i gcrích i gcomhairle leis.

Roghnaíodh an bunús dlí substainteach chun príomhchúram WOAH a chumhdach, is é sin sláinte ainmhithe agus zónóisí, agus trádáil idirnáisiúnta shábháilte in ainmhithe agus i dtáirgí ainmhithe. Maidir leis na gnéithe sin, ghlac an tAontas bearta comhchuibhithe agus bhunaigh sé comheagrú na margaí talmhaíochta i gcás táirgí áirithe ar bhonn Airteagal 43(2) CFAE. Is éard atá i gceist leis sin coimeád ainmhithe i dtáirgeadh talmhaíochta. Is gné intreach di í sláinte ainmhithe agus cumhdaítear na gnéithe sin le reachtaíocht an Aontais. I gcás sláinte le Rialachán (AE) 2016/429 maidir le galair in‑tarchurtha ainmhithe, déantar foráil maidir le ceanglais sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí ainmhithe agus a dtáirgí idir na Ballstáit laistigh den Aontas lena n‑áirítear a dteacht isteach san Aontas. Rud nach beag a thábhacht, i gcomhréir le hAirteagal 168(4)(b) CFAE, is féidir leis an Aontas bearta a leagan síos i réimse na tréidliachta a bhfuil sé mar chuspóir díreach acu sláinte phoiblí a chosaint san Aontas chun déileáil le gnáthcheisteanna sábháilteachta san Aontas. Le reachtaíocht an Aontais lena rialaítear sláinte ainmhithe agus zónóisí, cumhdaítear inter alia bearta i leith galair in‑tarchurtha ainmhithe a dhéanann difear d’ainmhithe agus do dhaoine, lena n‑áirítear gnéithe de chosaint na sláinte poiblí mar a shaothraítear i gcomhréir le hAirteagal 168 CFAE.

Inniúlacht an Aontais

Is leasuithe iad sin ar chomhaontuithe idirnáisiúnta lena leasaítear creat institiúideach an chomhaontaithe idirnáisiúnta ábhartha, comhaontuithe a thagann faoi inniúlacht an Aontais, agus a éilíonn, dá bhrí sin, cinneadh ón gComhairle faoi Airteagal 218(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

De bhua Rialachán (AE) 2016/429 agus Threoir 2003/99/CE, tá rialacha comhchuibhithe curtha i bhfeidhm ag an Aontas lena rialaítear sláinte ainmhithe agus zónóisí. Áirítear sa reachtaíocht sin rialacha maidir le galair ainmhithe a liostú le haghaidh idirghabháil an Aontais, bearta maidir le galair a chosc, galair a rialú agus a dhíothú, gluaiseachtaí ainmhithe agus a dtáirgí idir na Ballstáit laistigh den Aontas chomh maith lena dteacht isteach san Aontas, agus faireachán ar zónóisí. Fiú más féidir leis na Ballstáit bearta áirithe rialaithe galar a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta, meastar go bhfuil an réimse sin comhchuibhithe go hiomlán le dlí an Aontais. Go háirithe, tá inniúlacht eisiach ag an Aontas i réimse na ngluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí idir na Ballstáit laistigh den Aontas agus na rialacha maidir le teacht isteach san Aontas, na gnéithe ‘trádáil’ mar a thugtar orthu. Cumhdaíonn sainchúram WOAH na réimsí agus na réimsí beartais sin. Mar fhocal scoir, na réimsí thuas ina bhfuil comhpháirteanna a bhaineann le sláinte ainmhithe agus sláinte an duine agus reachtaíocht an Aontais atá comhchuibhithe go hiomlán sna réimsí thuasluaite, tagann siad faoi inniúlacht an Aontais.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tá beartais sláinte ainmhithe comhchuibhithe den chuid is mó ar leibhéal an Aontais. Aithnítear caighdeáin WOAH maidir le sláinte ainmhithe agus zónóisí mar chaighdeán idirnáisiúnta sa réimse sin faoi Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Bearta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta. Dá bhrí sin, ní mór caighdeáin WOAH a bhaineann le coinníollacha sláinte ainmhithe le haghaidh trádáil idirnáisiúnta a chur san áireamh i reachtaíocht an Aontais. Chun riosca suaitheadh trádála a laghdú, le bearta sláinte ainmhithe an Aontais a leagtar síos i nDlí an Aontais maidir le Sláinte Ainmhithe (Rialachán (AE) 2016/429), díreofar ar leibhéal iomchuí cóineasaithe le caighdeáin WOAH a bhaint amach. Dá bhrí sin, is chun leas an Aontais agus a Bhallstát é tionchar a imirt ar chaighdeáin WOAH chun beartais an Aontais a léiriú a mhéid is féidir, agus is fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais toisc gur bhfágann sin gur féidir acmhainní agus saineolas a chomhroinnt.

Comhréireacht

Is tosaíocht don Aontas é athbhreithniú a dhéanamh ar rialachas WOAH chun a áirithiú go bhfuil sé oiriúnach dá fheidhm agus go bhfuil sé in ann tacú le heagraíocht éifeachtúil, éifeachtach agus inbhuanaithe amach anseo agus is léir go bhfuil sé chun leas an Aontais.

Tá gá le Cinneadh ón gComhairle chun údarú a thabhairt do na Ballstáit tús a chur le caibidlíocht, ag gníomhú dóibh chun leas an Aontais, maidir le hathbhreithniú ar Bhuntéacsanna WOAH agus chun treoracha caibidlíochta a sholáthar.

Ní théann an moladh atá beartaithe thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí arna saothrú a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

An rogha ionstraime

Sonraítear an rogha ionstraime in Airteagal 218(3) agus Airteagal 218(4) CFAE.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Neamhbhainteach.

Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach.

Measúnú tionchair

Neamhbhainteach.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach.

Cearta bunúsacha

Neamhbhainteach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Beidh na himpleachtaí buiséadacha do chomhaltaí WOAH ag brath ar leibhéal uaillmhéine thoradh na caibidlíochta maidir leis an leasú ar Bhuntéacsanna WOAH, mar shampla i dtéarmaí raon feidhme shainordú na heagraíochta agus, dá bhrí sin, na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh sí amach anseo. Ní féidir é sin a chainníochtú ag an gcéim seo, áfach.

Beidh impleachtaí do bhuiséad an Aontais ag brath freisin ar cé acu a bheidh nó nach mbeidh an tAontas ina pháirtí i WOAH mar thoradh ar an gcaibidlíocht maidir le hathbhreithniú ar Bhuntéacsanna WOAH, agus ar na coinníollacha faoina ndéanfar amhlaidh. Níl sé intuartha an tráth seo, áfach, an ndéanfaidh idirbheartaithe an Aontais leasú ar Bhuntéacsanna WOAH a bhaint amach lena gceadófaí ballraíocht in Eagraíochtaí Réigiúnacha um Chomhtháthú Eacnamaíochta.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Leanfaidh cur chun feidhme an mholta seo clár oibre Choiste Athbhreithnithe Rialachais WOAH, lena n‑áireofar treochlár don chaibidlíocht. Tá an clár oibre sin á thabhairt chun críche faoi láthair mar chuid den obair ullmhúcháin leanúnach agus cuirfear faoi bhráid Chomhthionól Domhanda Thoscairí WOAH é i mí na Bealtaine 2025 lena bhreithniú agus lena ghlacadh. Táthar ag súil go gcuirfear tús leis an gcaibidlíocht go luath ina dhiaidh sin.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Neamhbhainteach.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Molann an Coimisiún an méid seo a leanas:

Údaróidh an Chomhairle do na Ballstáit atá ina gComhaltaí den Choiste Athbhreithnithe Rialachais agus a dhéanann ionadaíocht ar Réigiún WOAH na hEorpa tús a chur le caibidlíocht agus caibidlíocht a dhéanamh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gComhaontú Idirnáisiúnta agus Reachtanna Orgánacha, na Rialacha Orgánacha, na Rialacha Airgeadais agus na Rialacha Ginearálta agus téacsanna eile de chuid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe, dá ngairtear le chéile Téacsanna Bunúsacha WOAH;

Déanfar ionadaithe na mBallstát sin atá ina gComhaltaí den Choiste Athbhreithnithe Rialachais a ainmniú mar idirbheartaí an Aontais, ag gníomhú dóibh chun leas an Aontais;

Na Ballstáit ar Comhaltaí iad den Choiste Athbhreithnithe Rialachais agus a dhéanann ionadaíocht ar Réigiún WOAH na hEorpa, déanfaidh siad an chaibidlíocht i gcomhairle leis an gcoiste speisialta más rud é go nainmneoidh an Chomhairle iad i gcomhréir le hAirteagal 218(4) CFAE;

Formheasfaidh an Chomhairle na treoracha caibidlíochta atá i gceangal leis an moladh seo.

An rogha idirbheartaí

Níl an tAontas ina pháirtí in WOAH, ach tá na Ballstáit uile ina bpáirtithe ann. Ós rud é nár iarr WOAH ach ar Chomhaltaí páirt a ghlacadh sa Choiste Athbhreithnithe Rialachais, an comhlacht ina mbeidh an chaibidlíocht ar siúl, is iad ionadaithe na mBallstát sin atá ina gComhaltaí den Choiste Athbhreithnithe Rialachais a dhéanann ionadaíocht ar Réigiún WOAH na hEorpa ba cheart a ainmniú mar idirbheartaí an Aontais, ag gníomhú dóibh chun leas an Aontais.

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht, chun leas an Aontais Eorpaigh, maidir le hathbhreithniú ar an gComhaontú Idirnáisiúnta agus Reachtanna Orgánacha, na Rialacha Orgánacha, na Rialacha Airgeadais agus na Rialacha Ginearálta agus téacsanna eile de chuid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) agus Airteagal 168(4)(b), i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is eagraíocht idir-rialtasach í an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH) a bunaíodh in 1924 mar Office International des Epizooties. Áirítear ina téacsanna dlíthiúla an Comhaontú Idirnáisiúnta maidir le Office International des Epizooties a chruthú agus Reachtanna Orgánacha Office International des Epizooties (1924), Rialacha Orgánacha Office International des Epizooties (1973), Rialacha Airgeadais (1987) agus Rialacha Ginearálta na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE) agus téacsanna eile (2011), dá ngairtear le chéile Buntéacsanna WOAH 5 . Aithnítear caighdeáin WOAH maidir le sláinte ainmhithe agus zónóisí mar chaighdeán idirnáisiúnta sa réimse sin faoi Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Bearta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta. Ó 2025 ar aghaidh, tá 183 Fheisire ina bpáirtithe san eagraíocht, lena náirítear Ballstáit uile an Aontais. Tá stádas breathnóra ag an gCoimisiún Eorpach.

(2)In 2023, ag tús chomóradh céad bliain WOAH, choimisiúnaigh sé athbhreithniú seachtrach neamhspleách ar a rialachas chun a áirithiú go bhfuil sé oiriúnach dá fheidhm agus go bhfuil sé in ann tacú le heagraíocht éifeachtúil, éifeachtach agus inbhuanaithe amach anseo. ‘Report on the Analysis and evaluation of the institutional, technical, and financial governance of the World Organisation for Animal Health’ [Tuarascáil ar an Anailís agus ar an meastóireacht ar rialachas institiúideach, teicniúil agus airgeadais na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe] 6 , cuireadh i láthair í ag Comhthionól Domhanda Thoscairí WOAH i mí na Bealtaine 2024 agus pléadh í le linn an imeachta sin i bhfóram dar teideal ‘Is WOAH ready for the future?’ [An bhfuil WOAH réidh don todhchaí?] 7 .

(3)An 30 Bealtaine 2024, ghlac Comhthionól Domhanda na dToscairí Rún Uimh. 12 ‘Revision of the WOAH Basic Texts’ [Athbhreithniú ar Bhuntéacsanna WOAH] 8 lenar chinn an Comhthionól Domhanda go mbunódh an tArdStiúrthóir grúpa tiomnaithe um rialachas, lena náirítear Comhaltas WOAH le hionadaithe ó gach réigiún, chun tuilleadh oibre a dhéanamh ar athbhreithniú ar bhuntéacsanna WOAH.

(4)Bunaíodh Coiste Athbhreithnithe Rialachais i mí na Nollag 2024 agus de réir a Théarmaí Tagartha, tá 16 Chomhalta ann ó Réigiúin uile WOAH. Is Ballstáit den Aontas iad trí cinn de Chomhaltaí reatha an Choiste Athbhreithnithe Rialachais: Tá an Ostair agus Éire i measc na gComhaltaí sin a dhéanann ionadaíocht ar Réigiún WOAH na hEorpa, agus tá an Chipir i measc na gComhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar Réigiún WOAH an Mheánoirthir. I measc Chomhairleoirí na gComhaltaí sin tá saineolaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún. Tionóladh an chéad chruinniú den Choiste Athbhreithnithe Rialachais i mí Eanáir 2025.

(5)D’ullmhaigh an Coiste Athbhreithnithe Rialachais clár oibre iomlánaíoch maidir le gníomhaíochtaí ilbhliantúla agus moltaí tosaigh chun tacú le hathbhreithnithe ar Bhuntéacsanna WOAH, athbhreithnithe a cuireadh faoi bhráid Chomhthionól Domhanda na dToscairí tar éis do Chomhairle WOAH iad a bhailíochtú 9 , agus an 29 Bealtaine 2025, le tacaíocht ón Aontas 10 , ghlac Comhthionól Domhanda na dToscairí Rún Uimh. 5 ‘Work Programme of the WOAH Governance Review Committee and Initial Adjustments to Support Revisions to the WOAH Basic Texts’ [Clár Oibre Choiste Athbhreithnithe Rialachais WOAH agus Coigeartuithe Tosaigh chun Tacú le hAthbhreithnithe ar BhunTéacsanna WOAH] 11 . Ag deireadh mhí na Bealtaine 2025, i gcomhréir lena chlár oibre, thug Coiste Athbhreithnithe Rialachais faoin gcéad chéim shubstainteach dá chuid oibre (céim an mheasúnaithe).

(6)Ghlac an tAontas bearta comhchuibhithe agus bhunaigh sé comheagraíocht na margaí talmhaíochta le haghaidh táirgí áirithe i gcomhréir le hAirteagal 43(2) CFAE. Is éard atá i gceist leis sin coimeád ainmhithe i dtáirgeadh talmhaíochta. Is gné intreach den reachtaíocht sin de chuid an Aontais í sláinte ainmhithe. A mhéid a bhaineann le sláinte ainmhithe, le Rialachán (AE) 2016/429 maidir le galair intarchurtha ainmhithe, déantar foráil i ndáil le ceanglais sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí ainmhithe agus a dtáirgí idir na Ballstáit laistigh den Aontas agus a dteacht isteach san Aontas. Rud nach beag a thábhacht, i gcomhréir le hAirteagal 168(4)(b) CFAE, is féidir leis an Aontas bearta a leagan síos i réimse na tréidliachta a bhfuil sé mar chuspóir díreach acu sláinte phoiblí a chosaint san Aontas chun déileáil le gnáthcheisteanna sábháilteachta san Aontas. Le reachtaíocht an Aontais lena rialaítear sláinte ainmhithe agus zónóisí, cumhdaítear inter alia bearta i leith galair intarchurtha ainmhithe a dhéanann difear d’ainmhithe agus do dhaoine, lena náirítear gnéithe de chosaint na sláinte poiblí. Mar fhocal scoir, na réimsí thuas ina bhfuil comhpháirteanna a bhaineann le sláinte ainmhithe agus sláinte an duine agus reachtaíocht an Aontais atá comhchuibhithe go hiomlán sna réimsí thuasluaite, tagann siad faoi inniúlacht an Aontais seachas inniúlacht na mBallstát.

(7)I bhfianaise a bhfuil thuas, agus de bhua Rialachán (AE) 2016/429 agus Threoir 2003/99/CE, tá rialacha comhchuibhithe curtha i bhfeidhm ag an Aontas lena rialaítear sláinte ainmhithe agus zónóisí. Áirítear sa reachtaíocht sin rialacha maidir le galair ainmhithe a liostú le haghaidh idirghabháil an Aontais, bearta maidir le galair a chosc, galair a rialú agus a dhíothú, gluaiseachtaí ainmhithe agus a dtáirgí idir na Ballstáit laistigh den Aontas chomh maith lena dteacht isteach san Aontas, agus faireachán ar zónóisí.

(8)Is chun leas an Aontais é ról éifeachtach a bheith aige in oibreacha WOAH. Cuirfidh sé sin comhsheasmhacht chun cinn i gcur chuige an Aontais maidir le beartais a thagann faoi shainchúram WOAH, agus treiseoidh sé a thiomantas d’fhorbairt fhadtéarmach dhomhanda i réimsí sláinte ainmhithe agus rialú zónóisí, leas ainmhithe, táirgeadh ainmhithe, sábháilteacht bia, trádáil idirnáisiúnta shábháilte ainmhithe agus táirgí ainmhithe, agus slándáil bia.

(9)Faoi láthair, le Buntéacsanna WOAH ní cheadaítear d’Eagraíochtaí Réigiúnacha um Chomhtháthú Eacnamaíochta, amhail an tAontas, a bheith rannpháirteach mar Pháirtí Conarthach i gComhaontú Idirnáisiúnta WOAH. Dá bhrí sin, is iomchuí ionadaithe na mBallstát atá ina gComhaltaí den Choiste Athbhreithnithe Rialachais a údarú chun leasú ar Bhuntéacsanna WOAH a chaibidliú, chun leas an Aontais, d’fhonn an tAontas a bheith ina pháirtí conarthach iomlán in WOAH, i dteannta a Bhallstáit.

(10)Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún oibriú i ndlúthchomhar le linn an phróisis caibidlíochta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.Leis seo, ionadaithe Bhallstáit an Aontais ar comhaltaí iad de Choiste Athbhreithnithe na hEagraíochta Domhanda um Rialachas Sláinte Ainmhithe a dhéanann ionadaíocht ar Réigiún WOAH na hEorpa (‘na hionadaithe’), údaraítear dóibh caibidlíocht a dhéanamh, chun leas an Aontais, maidir le hathbhreithniú ar an gComhaontú Idirnáisiúnta agus Reachtanna Orgánacha, na Rialacha Orgánacha, na Rialacha Airgeadais agus na Rialacha Ginearálta agus téacsanna eile de chuid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (dá ngairtear le chéile Buntéacsanna WOAH), laistigh den Choiste Athbhreithnithe Rialachais.

2.Mar chuid den chaibidlíocht laistigh den Choiste Athbhreithniú Rialachais, molfaidh na hionadaithe leasú ar Bhuntéacsanna WOAH chun go bhféadfaidh Eagraíochtaí Réigiúnacha um Chomhtháthú Eacnamaíoch a bheith rannpháirteach in WOAH, agus déanfaidh siad na bearta is gá chun glacadh an leasaithe sin a chur chun cinn.

Airteagal 2

Leagtar amach na treoracha caibidlíochta san Iarscríbhinn.

Airteagal 3

Déanfar an chaibidlíocht i gcomhar leis an Meitheal um Ainmhithe agus Ceisteanna Tréidliachta (Príomhoifigigh Thréidliachta), a ainmnítear leis seo mar choiste speisialta de réir bhrí Airteagal 218(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2)    IO L 325, 12.12.2003, lch. 31.
(3)    IO L 300, 14.11.2009, lch. 1.
(4)    IO L 147, 31.5.2001, lch. 1.
(5)     https://www.woah.org/en/who-we-are/structure/framework/  
(6)     https://www.woah.org/app/uploads/2024/03/91gs‑2024-wd‑adm-13-basic-texts‑en‑1.pdf  
(7)     https://www.woah.org/app/uploads/2024/07/91gs‑2024-final-report‑en‑1.pdf  
(8)     https://www.woah.org/app/uploads/2024/03/91gs‑2024-res‑12-adm-basic-texts‑en.pdf  
(9)    https://www.woah.org/app/uploads/2025/03/92gsadm-06-enreportof-the-woahgovernance-review-committee.pdf
(10)    https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-9171-2025-INIT/en/pdf
(11)    https://www.woah.org/app/uploads/2025/06/2025-92gsresolutionsfinal-en.pdf

An Bhruiséil,28.8.2025

COM(2025) 460 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht, chun leas an Aontais Eorpaigh, maidir le hathbhreithniú ar an gComhaontú Idirnáisiúnta agus Reachtanna Orgánacha, na Rialacha Orgánacha, na Rialacha Airgeadais agus na Rialacha Ginearálta agus téacsanna eile de chuid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe


IARSCRÍBHINN

Treoracha maidir le caibidlíocht a dhéanamh ar athbhreithniú ar Bhuntéacsanna na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH)

1.Faoi chuimsiú an Choiste Athbhreithnithe Rialachais a bunaíodh de bhun Rún Uimh. 12 a ghlac Comhthionól Domhanda Thoscairí na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH) an 30 Bealtaine 2024, lena gcuirtear fóram caibidlíochta ar fáil a chuimsíonn Comhaltas WOAH le hionadaithe ó gach réigiún, ionadaithe na mBallstát atá ina gComhaltaí den Choiste Athbhreithnithe Rialachais a dhéanann ionadaíocht ar Réigiún WOAH na hEorpa, déanfaidh siad ionadaíocht thar ceann an Aontais mar idirbheartaí agus díreoidh siad ar leasuithe ar bhuntéacsanna WOAH lena náirithítear solúbthacht agus inoiriúnaitheacht na socruithe rialachais is gá chun dul i ngleic go héifeachtach le cásanna atá ag teacht chun cinn.

2.Féachfaidh an tidirbheartaí le toradh caibidlithe cuimsitheach a bhaint amach, lena gcuimsítear na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach thíos, i bhfianaise Bhuntéacsanna athbhreithnithe WOAH atá oiriúnach dá bhfeidhm agus atá in ann tacú le hEagraíocht éifeachtúil, éifeachtach agus inbhuanaithe amach anseo. I gcaitheamh an phróisis sin, ionadaithe na mBallstát sin atá ina gComhaltaí den Choiste Athbhreithnithe Rialachais a údaraítear caibidlíocht a dhéanamh thar ceann an Aontais, déanfaidh siad comhordú, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, le Meitheal ábhartha na Comhairle.

3.Maidir le toradh inmhianaithe na caibidlíochta, le Buntéacsanna athbhreithnithe WOAH ba cheart féachaint leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

a.sainordú WOAH a chomhdhlúthú agus a ról in ábhair a thagann faoina shainordú a neartú ar an leibhéal domhanda agus ar an leibhéal réigiúnach, agus socruithe sonracha á leagan amach an tráth céanna le haghaidh comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha agus le páirtí leasmhara neamhrialtasacha, lena náirítear trí chur chuige an Aontais ‘Aon Sláinte Amháin’ a chur san áireamh;

b.róil agus freagrachtaí Rúnaíocht WOAH a shoiléiriú, lena náirítear a hIonadaithe Réigiúnacha agus Foréigiúnacha agus róil agus freagrachtaí Thoscairí a Chomhaltaí, chomh maith le comhlachtaí rialachais WOAH amhail Comhthionól Domhanda na dToscairí, Comhairle WOAH agus Coimisiúin Réigiúnacha WOAH;

c.cead a thabhairt d’eagraíochtaí réigiúnacha um chomhtháthú eacnamaíoch ar aistrigh a Bhallstáit inniúlachtaí chucu i dtaca le hábhair a bhaineann le sainordú WOAH a bheith ina bpáirtithe i WOAH, agus páirt iomlán a ghlacadh in obair na heagraíochta;

d.córas eolaíochta WOAH a neartú trí chomhlachtaí saineolaithe atá ann cheana a athchóiriú, trí trédhearcacht agus éifeachtacht méadaithe sa chinnteoireacht a áirithiú, lena náirítear i ndáil le caighdeáin idirnáisiúnta a leagan síos;

e.rannpháirtíocht ghníomhach na gComhaltaí in obair WOAH a bhaint amach agus cur chun feidhme éifeachtach chaighdeáin idirnáisiúnta WOAH ag na Comhaltaí a mhéadú;

f.sásraí fónta airgeadais a bhunú atá bunaithe ar thrédhearcacht, ar chothroime agus ar dhlúthpháirtíocht, arb é is aidhm dóibh úsáid éifeachtúil a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil;

g.an próiseas a éascú maidir le Buntéacsanna WOAH a leasú a thuilleadh chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais athraitheacha.

4.Ba cheart do na hionadaithe féachaint lena áirithiú go bhfuil Buntéacsanna WOAH comhsheasmhach le reachtaíocht ábhartha agus le beartais ábhartha an Aontais, agus le gealltanais an Aontais faoi chomhaontuithe iltaobhacha ábhartha eile freisin.