An Bhruiséil,26.8.2025

COM(2025) 458 final

2025/0253(NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena socraítear le haghaidh 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2025/202 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (‘Bunrialachán CBI’) 1 , ní mór acmhainní bitheolaíocha na mara a shaothrú ar bhealach lena ndéantar pobail na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a choinneáil ar bun os cionn leibhéil ar ar féidir an uastáirgeacht inbhuanaithe (‘MSY’) a tháirgeadh. Tá socrú bliantúil na ndeiseanna iascaireachta i bhfoirm gabhálacha iomlána incheadaithe (‘TACanna’) agus cuótaí ina uirlis thábhachtach chun an méid sin a áirithiú.

Le Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an plean ilbhliantúil le haghaidh Mhuir Bhailt 2 , sonraítear a thuilleadh na spriocraonta básmhaireachta iascaigh. Úsáidtear na raonta sin sa togra seo chun cuspóirí an chomhbheartais iascaigh (‘CBI’) a bhaint amach agus go háirithe chun an uastáirgeacht inbhuanaithe a athbhunú agus a choinneáil ar bun.

Tá sé d’aidhm ag an togra seo deiseanna iascaireachta le haghaidh 2026 a shocrú le haghaidh na stoc éisc is suntasaí ó thaobh na tráchtála de i Muir Bhailt. Tá sé d’aidhm aige freisin iascaigh áineasa mhuirí a rialáil a mhéid is gá chun na stoic éisc a chumhdaítear leis an Rialachán seo a chaomhnú. Chun na cinntí bliantúla maidir le TACanna agus cuótaí a shimpliú agus a shoiléiriú, tá na deiseanna iascaireachta i Muir Bhailt á socrú le rialachán ar leith ó bhí 2006 ann.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Socraítear leis an togra TACanna agus cuótaí ar leibhéil atá comhsheasmhach le cuspóirí Bhunrialachán CBI agus an Phlean Ilbhliantúil.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais, go háirithe leis na beartais i réimse an chomhshaoil.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) an bunús dlí atá leis an togra.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(d) CFAE. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

Comhréireacht

Leis an togra, déantar deiseanna iascaireachta a chionroinnt ar na Ballstáit de réir chuspóirí Bhunrialachán CBI agus an Phlean Ilbhliantúil. Faoi Airteagail 16(6), 16(7) agus 17 de Bhunrialachán CBI, tá na Ballstáit le cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcaoi a ndéanfar na deiseanna iascaireachta a cionroinneadh orthu a chionroinnt ar na soithí iascaireachta faoina mbratach de réir critéir áirithe a leagtar amach sna hAirteagail sin. Dá bhrí sin, agus na TACanna cionroinnte á gcionroinnt ag na Ballstáit, is féidir leo an corrlach lánroghnach is gá a fheidhmiú, i gcomhréir leis an tsamhail shóisialta/eacnamaíoch is fearr leo chun leas a bhaint as na deiseanna iascaireachta a cionroinneadh orthu leis an togra.

An rogha ionstraime

Meastar gur rialachán an ionstraim is iomchuí mar gur féidir ceanglais a leagan síos leis a bhaineann go díreach leis na Ballstáit agus le gnólachtaí ábhartha. Leis sin, cuideofar lena áirithiú go gcuirfear na ceanglais chun feidhme ar bhealach tráthúil agus comhchuibhithe, rud a fhágann go mbeidh níos mó deimhneachta dlíthiúla mar thoradh air.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara (go háirithe trí Chomhairle Chomhairleach Mhuir Bhailt) ar bhonn na Teachtaireachta uaidh ‘Iascaireacht inbhuanaithe san Aontas Eorpach: staid na himeartha agus treoshuíomhanna le haghaidh 2026’ (COM(2025) 296 final). Sholáthair an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) an bunús eolaíoch atá leis an togra. Na tuairimí a rinne na páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo a chur in iúl maidir leis na stoic éisc uile lena mbaineann, cuireadh san áireamh iad a mhéid ab fhéidir ach gan bheith ag teacht salach ar na beartais atá ann faoi láthair ná aon mheath ar staid na n‑acmhainní leochaileacha a chruthú.

Pléadh an chomhairle eolaíoch maidir le teorainneacha ar ghabhálacha agus maidir le stádas na stoc freisin leis na Ballstáit san fhóram réigiúnach BALTFISH i mí an Mheithimh 2025.

Bailiú agus úsáid saineolais

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le ICES, a bhfuil a chomhairle eolaíoch bunaithe ar chreat comhairle arna fhorbairt ag a chuid grúpaí saineolaithe agus comhlachtaí cinnteoireachta, agus a eisítear i gcomhréir lena chreatchomhaontú comhpháirtíochta leis an gCoimisiún.

Bíonn comhairle eolaíoch á lorg ag an Aontas ó ICES gach bliain maidir leis an staid ina bhfuil stoic éisc thábhachtacha. Cumhdaítear na stoic uile i Muir Bhailt leis an gcomhairle a fhaightear agus moltar TACanna do na stoic is suntasaí ó thaobh na tráchtála de 3 .

Measúnú tionchair

Tá an togra ina chuid de chur chuige fadtéarmach ina ndéantar an iascaireacht a choigeartú d’fhonn rannchuidiú le leibhéil fhadtéarmacha inbhuanaithe a bhaint amach agus a choinneáil ar bun. Le himeacht ama, meastar go mbeidh na nithe seo a leanas ann de thoradh an chur chuige sin (i) brú iascaireachta cobhsaí; (ii) cuótaí níos airde; agus, dá bhrí sin, (iii) ioncam níos fearr le haghaidh iascairí agus teaghlaigh iascairí. Meastar go rachaidh an méadú ar an líon gabhálacha chun tairbhe (i) do thionscal na hiascaireachta; (ii) do thomhaltóirí; (iii) don tionscal próiseála agus miondíola; agus (iv) don chuid eile den tionscal a bhaineann le hiascaireacht tráchtála agus áineasa. Sa chomhthéacs sin, ní mór béim a leagan ar an nasc idir an tiascach inbhuanaithe agus timpeallacht shláintiúil mhuirí i Muir Bhailt, i gcomhréir leis an straitéis bhithéagsúlachta agus le tionscnaimh ghaolmhara eile, go háirithe plean gníomhaíochta an Aontais maidir le héiceachórais mhuirí agus le hiascach 4 and the European Ocean Pact agus an Comhshocrú Eorpach um an Aigéan 5 .

Leis an togra seo féachtar le cur chuige gearrthéarmach a sheachaint ar mhaithe leis an inbhuanaitheacht fhadtéarmach. Dá bhrí sin, cuirtear tionscnaimh ó na páirtithe leasmhara agus ó na comhairlí comhairleacha san áireamh ann más rud é go ndearna ICES agus/nó an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (‘CETEI’) athbhreithniú dearfach orthu. Bhí an togra ón gCoimisiún (SEC(2011)891) as ar eascair Bunrialachán CBI bunaithe ar mheasúnú tionchair inar measadh, cé gur choinníoll riachtanach é an cuspóir maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach chun inbhuanaitheacht comhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta a áirithiú, nach féidir na trí chuspóir sin a bhaint amach astu féin.

Go dtí 2019, d’éirigh le cinntí maidir le deiseanna iascaireachta i Muir Bhailt TACanna na stoc uile lenar ghabh comhairle maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe a thabhairt i gcomhréir le raonta na huastáirgeachta inbhuanaithe tráth a socraíodh TAC, cé is moite de scadáin Mhuir Bhailt Thiar. Rannchuidigh na cinntí sin freisin le stoic a athshlánú agus an acmhainneacht iascaireachta agus na deiseanna iascaireachta a athchothromú. In 2019, mar sin féin, ba léir go raibh troisc Mhuir Bhailt Thoir faoi bhrú mór. Tá sé tugtha le fios i meastacháin ó ICES ó shin gur dócha go bhfanfaidh an stoc sin faoi bhun an phointe tagartha um chaomhnú Blim sna blianta amach romhainn. In 2021 ba léir go raibh stoc throisc Mhuir Bhailt Thiar faoi bhun Blim le blianta fada anuas freisin, agus chuir ICES i dtábhacht freisin nach raibh dea-bhail ar roinnt pobal bradán. Go dtí 2020, mheas ICES go raibh bithmhais scadáin Mhuir Bhailt Láir faoi bhun an phointe tagartha um chaomhnú MSY Btrigger. Ó 2023 i leith, tá sé measta ag ICES go raibh an bhithmhais ag luainiú timpeall Blim ó bhí na 1990í ann. Tá méadú tagtha ar an mbithmhais sin ó bhí 2021 ann agus meastar go bhfuil sí os cionn Blim ach go bhfuil sí fós i bhfad faoi bhun MSY Btrigger. Tá bithmhais scadáin na Boitnia ag laghdú go leanúnach ó bhí an buaicphointe ann in 1994. Tar éis tagarmharc in 2024, meastar go bhfuil an bhithmhais sin faoi bhun MSY Btrigger ó bhí 2019 ann agus go bhfuil laghdú breise tagtha uirthi go dtí ceann de na leibhéil is ísle riamh, leath bealaigh idir MSY Btrigger agus Blim. Tá laghdú mór tagtha ar bhithmhais salán le blianta beaga anuas go dtí an leibhéal is ísle ó bhí 1990 ann agus tá sí gar do MSY Btrigger. Dá bhrí sin, tá gá le tuilleadh dul chun cinn go fóill chun an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach agus a choinneáil ar bun i gcás na stoc uile i Muir Bhailt.

An 28 Bealtaine 2025, d’fhoilsigh ICES a chomhairle eolaíoch maidir le stoic éagsúla Mhuir Bhailt le haghaidh 2026 a bhí, i gcás throisc Mhuir Bhailt Thoir, ina hatheisiúint ar an gcomhairle a tugadh le haghaidh 2025 mar gheall ar staid (chriticiúil) an stoic a bhí gan athrú. Tá an chomhairle maidir le troisc Mhuir Bhailt Thoir (ó 2024), troisc Mhuir Bhailt Thiar agus bradáin i Murascaill na Fionlainne bunaithe ar chur chuige an réamhchúraim. Tá bithmhais an dá stoc trosc fós faoi bhun Blim. Fuair na seacht stoc eile comhairle maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe lena ngabhann na meastacháin bhithmhaise seo a leanas:

·meastar go bhfuil saláin, scadáin i Murascaill Ríge, agus leathóga os cionn MSY Btrigger;

·meastar go bhfuil scadáin Mhuir Bhailt Láir agus scadáin na Boitnia faoi bhun MSY Btrigger;

·meastar go bhfuil scadáin Mhuir Bhailt Thiar faoi bhun Blim; agus

·meastar go bhfuil na pobail éagsúla bradán sa phríomh-imchuach i ndálaí an-éagsúil go fóill (idir bheith faoi bhun Rlim agus os cionn RMSY).

Dá bhrí sin, tá sé beartaithe an cur chuige a glacadh in 2025 a choinneáil ar bun maidir le bradáin sa phríomh-imchuach, agus laghdú -27 % á dhéanamh ar an TAC an tráth céanna. Tá sé beartaithe freisin laghdú -62 % a dhéanamh ar na deiseanna iascaireachta i gcomparáid le 2025 i gcás scadáin na Boitnia, laghdú -17 % a dhéanamh i gcás scadán i Murascaill Ríge agus laghdú -3 % a dhéanamh i gcás leathóg. Ina theannta sin, tá sé beartaithe na deiseanna iascaireachta le haghaidh bradán i Murascaill na Fionlainne a mhéadú + 1 % i gcomparáid le 2025 agus gan athrú a dhéanamh ar na deiseanna iascaireachta le haghaidh scadáin Mhuir Bhailt Láir agus salán. Thiocfadh laghdú -63 %, -84 % agus -50 % faoi seach ar chionrannta foghabhála le haghaidh throisc Mhuir Bhailt Thoir agus Thiar agus le haghaidh scadáin Mhuir Bhailt Thiar i gcomparáid le 2025.

Dá bhrí sin, is é tionchar eacnamaíoch an togra le haghaidh 2026, ar an iomlán, go dtiocfaidh laghdú ar na deiseanna iascaireachta i gcás sé Bhallstát agus go mbeidh siad cobhsaí i gcás dhá Bhallstát. Tríd is tríd, beidh thart ar 295 000 tona ann mar thoradh ar an togra, arb é a bheidh ann laghdú 14,3 % i gcomparáid leis na deiseanna iascaireachta le haghaidh 2025.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Leanann an togra de bheith solúbtha ó thaobh cur i bhfeidhm sásraí um malartuithe cuótaí a leagadh síos cheana sna rialacháin maidir le deiseanna iascaireachta i Muir Bhailt sna blianta roimhe sin. Níor beartaíodh aon riail nua ná nós imeachta riaracháin nua, a d’fhéadfadh an t‑ualach riaracháin a mhéadú, d’údaráis phoiblí an Aontais nó údaráis phoiblí náisiúnta.

Baineann an togra le rialachán bliantúil a bhfuil feidhm aige in 2026. Dá bhrí sin, ní áirítear clásal athbhreithnithe ann.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht ag an togra maidir le buiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfar faireachán agus comhlíonadh a áirithiú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle 6 .

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leis an togra, socraítear le haghaidh 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe nó grúpaí stoc i ndáil le hiascaireacht i Muir Bhailt.

Chun cuótaí an Aontais a shocrú le haghaidh na stoc a chomhroinntear le Cónaidhm na Rúise, rinneadh na cainníochtaí faoi leith a chomhfhreagraíonn do sciar stairiúil Chónaidhm na Rúise sna stoic sin a asbhaint ó na gabhálacha a mhol ICES. Leagtar amach na deiseanna iascaireachta arna gcionroinnt ar na Ballstáit san Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra.

Maidir le troisc Mhuir Bhailt Thoir, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, d’atheisigh ICES, le haghaidh 2026, a chomhairle a tugadh le haghaidh 2025 toisc go bhfuil an stoc fós sa staid chriticiúil chéanna a bhí ann in 2025. Rinne ICES a chomhairle le haghaidh 2025 a íosghrádú go dtí comhairle réamhchúraim chatagóir 3 agus bhí gabhálacha nialasacha ann don 6ú bliain as a chéile 7 . I bhfianaise staid laghdaithe an stoic, chinn an Chomhairle, ó bhí 2019 ann, an tiascach spriocdhírithe a dhúnadh agus bearta ceartaitheacha a ghlacadh atá nasctha go feidhmiúil leis na deiseanna iascaireachta (tréimhse choiscthe le linn an tséasúir sceite agus toirmeasc ar iascaigh áineasa, a leathnaíodh in 2025 chun an limistéar bainistíochta ina iomláine a chumhdach). Níor caitheadh go leor ama go fóill chun go mbeadh feabhas ar stádas an stoic de bharr na mbeart ceartaitheach sin agus dá bhrí sin, is é is aidhm don togra iad a choinneáil ar bun, i gcomhréir le hAirteagal 3(1) den Phlean Ilbhliantúil agus le hAirteagal 16(4) de Bhunrialachán CBI, i gcomhar le hAirteagal 2(1) agus le hAirteagal 2(5)(c) agus (f) den Rialachán sin. Maidir le leibhéal an TAC, ní raibh ICES in ann leibhéal fhoghabhálacha throisc Mhuir Bhailt Thoir in iascaigh eile a chainníochtú go dtí seo, ach tá foghabhálacha throisc Mhuir Bhailt Thoirr sna hiascaigh uile eile 8 . Gan cionroinnt foghabhála a dhéanamh ar throisc Mhuir Bhailt Thoir, níor mhór na hiascaigh uile i limistéar bainistíochta throisc Mhuir Bhailt Thoir a dhúnadh. Chun na hiarmhairtí socheacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith tromchúiseach a eascraíonn as dúnadh iomlán den sórt sin a sheachaint agus in éagmais faisnéis bhreise, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún, cosúil le 2025, an TAC foghabhála le haghaidh throisc Mhuir Bhailt Thoir a shocrú ag leibhéal na ngabhálacha a tuairiscíodh i limistéar bainistíochta throisc Mhuir Bhailt Thoir in 2024, arb é atá ann 159 dtona. Ba cheart a áirithiú leis sin nach dtiocfaidh méadú ar an mbrú iascaireachta ar an stoc sin. Thairis sin, is foghabháil dhosheachanta iad troisc in iascaigh ghrinnill leathóg agus rinneadh trealaimh iascaireachta níos roghnaithí, a mheastar go ndéanfaidh siad na foghabhálacha trosc sin a laghdú go mór, éigeantach i mí Aibreáin 2025 i bpríomhlimistéar dáileacháin throisc Mhuir Bhailt Thoir 9 .

Maidir le troisc Mhuir Bhailt Thiar, rinne ICES a mheasúnú a íosghrádú in 2023 go dtí comhairle réamhchúraim chatagóir 3. In 2025, thug ICES comhairle maidir le gabhálacha nialasacha le haghaidh 2026 agus 2027 10 . Tá bithmhais an stoic faoi bhun Blim formhór an ama le 15 bliana anuas. Mar thoradh air sin, ó bhí 2021 ann, chinn an Chomhairle an tiascach spriocdhírithe a dhúnadh agus bearta ceartaitheacha atá nasctha go feidhmiúil leis na deiseanna iascaireachta a ghlacadh (tréimhse choiscthe le linn an tséasúir sceite agus toirmeasc ar iascaigh áineasa). Níl feabhas tagtha ar stádas an stoic go fóill de bharr na mbeart ceartaitheach sin agus dá bhrí sin, is é is aidhm don togra iad a choinneáil ar bun, i gcomhréir le hAirteagal 3(1) den Phlean Ilbhliantúil agus le hAirteagal 16(4) de Bhunrialachán CBI, i gcomhar le hAirteagail 2(1) agus le hAirteagal 2(5)(c) agus (f) den Rialachán sin. Maidir le leibhéal an TAC, ní raibh ICES in ann leibhéal fhoghabhálacha throisc Mhuir Bhailt Thiar in iascaigh eile a chainníochtú go dtí seo, ach tá foghabhálacha throisc Mhuir Bhailt Thiar sna hiascaigh uile eile 11 . Gan cionroinnt foghabhála a dhéanamh ar throisc Mhuir Bhailt Thiar, níor mhór na hiascaigh uile i limistéar bainistíochta throisc Mhuir Bhailt Thiar a dhúnadh. Chun na hiarmhairtí socheacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith tromchúiseach a eascraíonn as dúnadh iomlán den sórt sin a sheachaint agus in éagmais faisnéis bhreise, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún, cosúil le 2025, an TAC foghabhála le haghaidh throisc Mhuir Bhailt Thiar a shocrú ag leibhéal na ngabhálacha a tuairiscíodh i limistéar bainistíochta throisc Mhuir Bhailt Thiar in 2024, arb é atá ann 42 thona. Ba cheart a áirithiú leis sin nach dtiocfaidh méadú ar an mbrú iascaireachta ar an stoc sin. Thairis sin, is foghabháil dhosheachanta iad troisc in iascaigh ghrinnill leathóg agus rinneadh trealaimh iascaireachta níos roghnaithí, a mheastar go ndéanfaidh siad na foghabhálacha trosc sin a laghdú go mór, éigeantach i mí Aibreáin 2025 i limistéar bainistíochta throisc Mhuir Bhailt Thiar 12 .

Maidir le leathóga, thug ICES comhairle ar leith roimhe seo le haghaidh fhoranna 21 go 23 ICES agus le haghaidh fhoranna 24 go 32 ICES. Ó bhí tagarmharc ann in 2025, thug ICES píosa comhairle amháin maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe lena gcumhdaítear foranna 21 go 32 ICES 13 . De réir na comhairle sin, tá bithmhais an stoic níos airde ná riamh cé go bhfuil meath tagtha ar staid na niasc aonair le 5 bliana anuas. Thairis sin, leis an tagarmharc athraíodh braistint an stoic, rud a d’fhág gur mhol ICES laghdú -35 % ar ghabhálacha le haghaidh 2026 i gcomparáid leis an gcomhairle le haghaidh 2025. Molann an Coimisiún an TAC a shocrú ag luach phointe FMSY, i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Phlean Ilbhliantúil.

Maidir le scadáin Mhuir Bhailt Thiar, molann ICES gabhálacha nialasacha a cheadú don 8ú bliain as a chéile. Mar a tharla in 2025, rinne ICES méid an stoic a laghdú go mór agus measann sé, cé go bhfuil méadú tagtha air ó bhí 2024 ann, nach bhfuil ann ach 52 % de Blim in 2025 14 . Measann ICES fós go bhfanfaidh an bhithmhais faoi bhun Blim go dtí 2027 ar a laghad, fiú gan aon iascaireacht a dhéanamh in aon chor. Le thart ar 10 mbliana anuas, tá an earcaíocht ar leibhéal níos ísle ná riamh. Mar thoradh air sin, ó bhí 2021 ann, chinn an Chomhairle an tiascach spriocdhírithe a dhúnadh, cé is moite d’iascaigh eolaíocha agus d’iascaigh chósta ar mionscála, agus TAC a shocrú le haghaidh foghabhálacha dosheachanta i dtreo nach dtachtfaí iascaigh eile. Níl feabhas tagtha ar stádas an stoic go fóill de bharr na mbeart ceartaitheach sin. Dá bhrí sin, molann an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 4(6) agus le hAirteagal 5(2) den Phlean Ilbhliantúil, an tiascach spriocdhírithe a choinneáil dúnta agus deireadh a chur leis an díolúine le haghaidh iascaigh chósta ar mionscála. Maidir le leibhéal an TAC, ní raibh ICES in ann leibhéal fhoghabhálacha scadáin Mhuir Bhailt Thiar in iascaigh eile a chainníochtú go dtí seo, ach tá foghabhálacha scadáin Mhuir Bhailt Thiar sna hiascaigh spriocdhírithe salán 15 . Chun na hiarmhairtí socheacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith tromchúiseach a eascraíonn as dúnadh na niascach spriocdhírithe salán i limistéar bainistíochta scadáin Mhuir Bhailt Thiar a sheachaint agus in éagmais faisnéis bhreise, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an TAC foghabhála le haghaidh scadáin Mhuir Bhailt Thiar a shocrú ag 394 thona.

Maidir le scadáin na Boitnia, measann ICES gur lean an bhithmhais de bheith ag laghdú agus gur bhain sí ceann de na leibhéil is ísle riamh amach in 2025, leath bealaigh idir MSY Btrigger agus Blim 16 . Is éard atá sa chomhairle faoi ghabhálacha ag luach phointe FMSY laghdú -16 % i gcomparáid leis an gcomhairle le haghaidh 2025. Thairis sin, measann ICES, fiú gan aon iascaireacht a dhéanamh in aon chor, nach bhfuil ach 30 % de dhóchúlacht ann go nathbhunóidh an stoc os cionn MSY Btrigger in 2027. I gcás TAC ag MSY Flower, luann ICES freisin gurb é 9 % an dóchúlacht go dtitfidh an bhithmhais faoi bhun Blim in 2027. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an TAC a shocrú ag 25 560 tona i gcomhréir le hAirteagal 4(6) agus le hAirteagal 5(1) den Phlean Ilbhliantúil, agus cosc 3 mhí le linn an tséasúir sceite a bhunú mar bheart ceartaitheach bunaithe ar chosúlacht na bpatrún sceite i gcomparáid le scadáin Mhuir Bhailt Láir ar thug ICES comhairle speisialta ina leith 17 .

Maidir le scadáin Mhuir Bhailt Láir, thug ICES faoi staidéar tagarmharcála in 2023 agus measann sé go bhfuil an bhithmhais faoi bhun Blim le 30 bliain anuas, ach go bhfuil sí ag méadú ó bhí 2022 ann agus go bhfuil sí os cionn Blim ó bhí 2024 ann 18 . Mar gheall ar bhithmhais mhéadaithe agus aicmí aoise 2024 agus 2025 a d’fhéadfadh a bheith láidir, tá an chomhairle faoi ghabhálacha ag luach phointe FMSY 26 % níos airde ná mar a bhí in 2025. Mar sin féin, luann ICES go bhfuil an réamhaisnéis earcaíochta éiginnte agus cuireann sí i dtábhacht arís saincheist an mhíthuairiscithe, rud a mhéadaíonn an éiginnteacht. Thairis sin, tá aicme aoise 2023 lag agus tá an stoc leochaileach toisc go bhfuil fophobail éagsúla atá difriúil go géiniteach ann. Thairis sin, measann ICES, fiú gan aon iascaireacht a dhéanamh in aon chor, nach bhfuil ach 52 % de dhóchúlacht ann go nathbhunóidh an stoc os cionn MSY Btrigger in 2027. I gcás TAC ag MSY Flower, luann ICES freisin gurb é 6 % an dóchúlacht in 2027 go dtitfidh an bhithmhais faoi bhun Blim dá dtagraítear in Airteagal 4(6) den Phlean Ilbhliantúil. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 4(4) agus le hAirteagal 5(1) den Phlean Ilbhliantúil, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an TAC a socraíodh le haghaidh 2025 (83 881 thona) a choinneáil ar bun in 2026 agus cosc 3 mhí le linn an tséasúir sceite a bhunú mar bheart ceartaitheach bunaithe ar chomhairle speisialta ICES 19 .

Maidir le scadáin i Murascaill Ríge, measann ICES go bhfuil an bhithmhais fós os cionn MSY Btrigger agus go bhfuil sí ar leibhéil níos airde ná riamh 20 , cé go bhfuil laghdú beag tagtha uirthi. Dá bhrí sin, molann an Coimisiún an TAC a shocrú ag luach phointe FMSY, i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Phlean Ilbhliantúil.

Maidir le saláin, measann ICES gur lean bithmhais an stoic de bheith ag laghdú mar gheall ar earcaíocht a bhí níos ísle ná riamh ó 2021 go 2023. Cé go bhfuil an bhithmhais fós os cionn MSY Btrigger, bhain sí an leibhéal is ísle amach in 2025 ó bhí 1990 ann 21 . Ar bhonn na réamhaisnéise go bhfuil an earcaíocht in 2024 ar an earcaíocht is airde riamh, tá an chomhairle faoi ghabhálacha ag luach phointe FMSY 36 % níos airde ná mar a bhí in 2025. Cuireann ICES i dtábhacht, áfach, go bhfuil an réamhaisnéis bunaithe ar shuirbhé aonair agus, dá bhrí sin, go bhfuil sí éiginnte agus go bhféadfaí gannmheastachán a dhéanamh ar an dóchúlacht go mbeadh an stoc faoi bhun na bpointí tagartha um chaomhnú. Ina theannta sin, cuireann ICES i dtábhacht saincheist an mhíthuairiscithe, rud a mhéadaíonn an éiginnteacht. Tugann an Coimisiún dá aire freisin go ngabhtar saláin in éineacht le scadáin in go leor iascach. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an TAC a socraíodh le haghaidh 2025 (139 500 tona) a choinneáil ar bun in 2026 agus, dá bhrí sin, an TAC a shocrú faoi bhun MSY Flower, i gcomhréir le hAirteagal 4(4) den Phlean Ilbhliantúil. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin an cosc le linn an tséasúir sceite arna bhunú ag an gComhairle le haghaidh 2025 a choinneáil ar bun.

Maidir le stoic bradán sna haibhneacha, tá sé luaite ag ICES ó bhí na 1990idí ann ar a laghad go bhfuil stádas ilchineálach ag na stoic sin i limistéar Mhuir Bhailt, agus go bhfuil dea-bhail ar roinnt stoic bradán in aibhneacha, ach nach bhfuil dea-bhail ar stoic eile. Ó bhí 2022 ann, tá comhairle tugtha ag ICES gur cheart deireadh a chur le gabhálacha uile tráchtála agus áineasa bradán sa phríomh-imchuach, toisc gur iascaigh mheasctha iad ina ngabhtar bradáin ó na stoic uile sna haibhneacha. An tráth céanna, mheas ICES go bhféadfaí leanúint den iascach spriocdhírithe atá ann cheana i roinnt limistéir chósta thuaidh le linn imirce shamhraidh na mbradán. Dá bhrí sin, ó bhí 2021 ann, chinn an Chomhairle an tiascach spriocdhírithe ar bhradáin sa phríomh-imchuach a dhúnadh agus TAC foghabhála a shocrú le haghaidh foghabhálacha dosheachanta, agus díolúine a bheith ann d’iascaigh eolaíocha, agus an tiascach spriocdhírithe ar bhradáin a choinneáil ar oscailt go fóill le linn an tsamhraidh sna limistéir chósta thuaidh ábhartha sin. Ó bhí 2021 ann, ghlac an Chomhairle bearta ceartaitheacha atá nasctha go feidhmiúil leis na deiseanna iascaireachta (toirmeasc ar spiléir a úsáid agus iascaireacht a dhéanamh ar bhric gheala lasmuigh de limistéir chósta; teorainn laethúil ghabhála de bhradán amháin a bhfuil a eite shaille gearrtha in aghaidh an iascaire i bhformhór na limistéar). Leanann comhairle ICES le haghaidh 2026 an cur chuige céanna a bhí ann sna blianta roimhe seo ach moltar léi gur cheart leibhéal na ngabhálacha uasta a mholtar a laghdú a thuilleadh mar gheall ar éiginnteachtaí breise maidir le flúirse bradán san abhainn bradán is tábhachtaí 22 . Luann ICES freisin an laghdú suntasach atá tagtha ar phobal abhann ar leith agus dá bhrí sin, molann sé moill a chur ar thús an tséasúir iascaireachta ó mhí na Bealtaine go mí an Mheithimh i Muir Åland agus thart ar bhéal na habhann sin. Measann ICES fós go bhfaigheann 24 % de bhradáin fhiáine bás i ndiaidh an scaoilte in iascaigh trollála áineasa i gcás bradáin a bhfuil a neití saille gearrtha (i.e. tógtha) agus go bhfuil thart ar 2 500 bradán fiáin marbh mar thoradh air sin (agus tugann sé dá aire freisin go léiríonn réamhthorthaí staidéir nua go bhféadfadh an bhásmhaireacht a bheith i bhfad níos ísle). Dá bhrí sin, molann an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Bhunrialachán CBI, i gcomhar le hAirteagal 2(1) agus le hAirteagal 2(5)(c) agus (f) den Rialachán sin (i) teorainn a chur leis an TAC d’fhoghabhálacha dosheachanta, i bprionsabal; (ii) maolú a cheadú maidir le hiascaigh spriocdhírithe shamhraidh chósta thráchtála bradán i bhforanna 29 Thuaidh go 31 ICES, agus é á chur san áireamh gur moladh tús níos déanaí a chur leis an séasúr iascaireachta i bhforoinn 29 Thuaidh ICES agus thart ar bhéal abhann amháin i bhforoinn 31 ICES; (ii) an TAC a shocrú ag an leibhéal a mholann ICES; (iv) na bearta ceartaitheacha céanna a bhí ann in 2025 a choinneáil ar bun; (v) an tsolúbthacht theoranta idirlimistéir a choinneáil ar bun le haghaidh 2026 chun a áirithiú go mbainfear leas iomlán as deiseanna iascaireachta cósta i bhforoinn 32 ICES; agus (vi) deireadh a chur leis an bhféidearthacht go mbeadh iascaigh áineasa bradán ann seachas sna limistéir chósta i bhforanna 29 Thuaidh go 31 ICES le linn na dtréimhsí céanna le hiascaireacht tráchtála.

Maidir le bradáin i Murascaill na Fionlainne, d’eisigh ICES comhairle réamhchúraim le haghaidh 2026 23 . Dá bhrí sin, molann an Coimisiún TAC ar leibhéal na comhairle réamhchúraim i gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Bhunrialachán CBI. Ar bhonn thomhaltas na gcuótaí roimhe seo, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an tsolúbthacht theoranta idirlimistéir a choinneáil ar bun freisin idir an dá TAC bradán le haghaidh na hEastóine chun an riosca a bhaineann le tachtadh na niascach cósta i gcás speicis eile a sheachaint.

Le Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle, leagtar síos coinníollacha breise maidir le TACanna a bhainistiú ó bhliain go bliain, lena n‑áirítear, faoi Airteagail 3 agus 4 dá chuid, forálacha solúbthachta le haghaidh stoic atá faoi réir TACanna réamhchúraim agus anailíseacha, faoi seach. In Airteagal 2, luaitear go mbíonn sé le cinneadh ag an gComhairle, agus na TACanna á socrú aici, cé na stoic nár cheart feidhm a bheith ag Airteagail 3 ná 4 maidir leo, go háirithe bunaithe ar stádas bitheolaíoch na stoc. I bhfianaise staid an-leochaileach éiceachóras Mhuir Bhailt agus roinnt stoc éisc, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún solúbthacht ó bhliain go bliain a eisiamh de bhun Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 maidir le stoic a bhfuil bithmhais faoi bhun MSY Btrigger acu agus stoic a molann ICES gabhálacha nialasacha ina leith nó an t‑iascach spriocdhírithe a chur ar fionraí. Le hAirteagal 15(9) de Bhunrialachán CBI leagtar síos freisin an sásra solúbthachta ó bhliain go bliain le haghaidh na stoc uile atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír. Chun solúbthacht iomarcach a sheachaint a bhainfeadh an bonn de phrionsabal shaothrú céillí freagrach acmhainní bitheolaíocha na mara agus a d’fhágfadh go mbeadh sé deacair cuspóirí CBI a bhaint amach, molann an Coimisiún freisin mbeidh feidhm ag Airteagail 3 ná 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ach amháin i gcás nach mbaineann na Ballstáit leas as an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Bhunrialachán CBI. Thairis sin, ba cheart solúbthacht ó bhliain go bliain le haghaidh cuótaí faoi Airteagal 15(9) de Bhunrialachán CBI a eisiamh freisin i gcás ina mbainfeadh an tsolúbthacht sin an bonn de bhaint amach chuspóirí CBI, go háirithe maidir le stoic a bhfuil bithmhais faoi bhun MSY Btrigger acu agus maidir le stoic nach gceadófar ach iascaigh foghabhála nó eolaíocha ina leith.

Molann an Coimisiún freisin Rialachán (AE) 2025/202 ón gComhairle a leasú chun TAC a shocrú le haghaidh troisc Ioruacha, a gcuirfear tús leis an mbliain iascaireachta ina leith an 1 Samhain 2025. Is le ‘pm’ (pro memoria) a mharcáiltear leibhéal an TAC go dtí go bhfoilseofar comhairle ICES a bhfuil coinne léi an 10 Deireadh Fómhair 2025 agus toradh na gcomhairliúchán leis an Ríocht Aontaithe.

2025/0253 (NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena socraítear le haghaidh 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2025/202 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá an Chomhairle le bearta a ghlacadh maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt, lena náirítear coinníollacha áirithe atá nasctha go feidhmiúil leis na deiseanna iascaireachta sin. Faoi Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 , tá deiseanna iascaireachta le socrú i gcomhréir le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) de réir mar a leagtar amach in Airteagal 2(2) den Rialachán sin. Faoi Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, tá deiseanna iascaireachta le cionroinnt idir na Ballstáit ar bhealach lena náirithítear cobhsaíocht choibhneasta ghníomhaíochtaí iascaireachta gach Ballstáit le haghaidh gach stoic nó iascaigh.

(2)Ba cheart na gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) a bhunú, dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ar bhonn na comhairle eolaíche atá ar fáil, agus gnéithe bitheolaíocha agus socheacnamaíocha á gcur san áireamh, agus cóir chothrom idir earnálacha iascaireachta á háirithiú freisin, agus i bhfianaise na dtuairimí a cuireadh in iúl le linn an chomhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara.

(3)Bunaítear le Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 plean ilbhliantúil do na stoic trosc, scadán agus salán i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin. I gcomhréir le hAirteagal 3(1) den Rialachán sin, is é is aidhm don phlean sin rannchuidiú le cuspóirí CBI a liostaítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bhaint amach. Is é is aidhm don phlean freisin a áirithiú go ndéanfaidh saothrú acmhainní bitheolaíocha na mara pobail na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a chothabháil os cionn leibhéil ar ar féidir an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. Tá sé d’aidhm ag an bplean freisin rannchuidiú lena áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de agus go mbainisteofar iad ar bhealach a bheidh comhsheasmhach leis na cuspóirí arb éard atá iontu tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus cur le hinfhaighteacht soláthairtí bia. Áirítear ar na cuspóirí sin, mar a shonraítear a thuilleadh in Airteagal 2(5), pointí (c) agus (f), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, coinníollacha a sholáthar le haghaidh tionscal iascaireachta, gabhála agus próiseála agus gníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht ar talamh atá inmharthana agus iomaíoch. Thairis sin, tá sé d’aidhm acu caighdeán cóir maireachtála a áirithiú dóibh siúd a bhíonn ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, go háirithe agus iascaigh chósta agus gnéithe socheacnamaíocha á gcur san áireamh.

(4)An 28 Bealtaine 2025, d’fhoilsigh an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) a comhairle bhliantúil stoic maidir le stoic Mhuir Bhailt le haghaidh 2026, ach d’atheisigh ICES an chomhairle a thug sé le haghaidh 2025 i gcás throisc Mhuir Bhailt Thoir. De réir ICES, bíonn stoic á meascadh go pointe áirithe ar a laghad i gcás fhormhór mór na niascach i Muir Bhailt. Baineann an meascadh sin le stoic a bhainistítear le TAC agus le stoic eile nach mbainistítear le TAC araon. I measc speicis pheiligeacha agus speicis ghrinnill araon a tharlaíonn an méid is tábhachtaí den mheascadh.

(5)Molann ICES gabhálacha nialasacha i leith scadáin Mhuir Bhailt Thiar, throisc Mhuir Bhailt Thoir agus Thiar, agus bradán i bhforanna 22 go 31 ICES le haghaidh 2026. Dá bhrí sin, dá leagfaí na TACanna síos le haghaidh na stoc sin ar na leibhéil a mhol ICES, thiocfadh feiniméan an ‘tachtspeicis’ chun cinn de thoradh na hoibleagáide na gabhálacha uile a thabhairt i dtír, lena náirítear foghabhálacha na stoc sin in iascaigh mheasctha. Déantar troisc a fhoghabháil sna hiascaigh uile, déantar scadáin Mhuir Bhailt Thiar a fhoghabháil sna hiascaigh spriocdhírithe salán, agus is féidir bradáin a fhoghabháil in go leor iascach. Bheadh tionchar ar leith ag tachtadh iascaigh ar shoithí a dhéanann iascaireacht ar leathóga agus ar speicis pheiligeacha, rud a d’fhéadfadh iallach a chur orthu scor d’oibríochtaí iascaireachta in 2026 agus a d’fhágfadh go ndúnfaí na hiascaigh sin roimh am. Ar bhonn sonraí ó Fhaireachlann an Mhargaidh Eorpaigh um Iascach agus um Tháirgí Dobharshaothraithe, meastar gurb é EUR 25 300 000 milliún, EUR 55 700 000 agus EUR 43 400 000 faoi seach luach céad-díola na niascach leathóg, salán agus scadán ábhartha a cheadaítear a ghabháil laistigh de theorainneacha na TACanna agus a mheastar a ghabhfar sa limistéar ábhartha ar leith. Bheadh ar go leor iascach, go háirithe iascaigh chósta ar mionscála le haghaidh speicis nach mbainistítear le TAC, scor d’oibríochtaí iascaireachta in 2026. Chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir an tiascach a choinneáil ar bun, i bhfianaise na nimpleachtaí tromchúiseacha socheacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann mura ndéanfar amhlaidh, agus an gá atá le stádas maith bitheolaíoch a bhaint amach le haghaidh na stoc sin, agus aird á tabhairt ar an deacracht a bhaineann le hiascaireacht a dhéanamh ar na stoic uile in iascach measctha ag an uastáirgeacht inbhuanaithe, is iomchuí na TACanna a choinneáil ar bun go heisiach le haghaidh foghabhálacha dosheachanta scadáin Mhuir Bhailt Thiar, throisc Mhuir Bhailt Thoir, throisc Mhuir Bhailt Thiar agus bradán sa phríomh-imchuach.

(6)A mhéid a bhaineann le stoc throisc Mhuir Bhailt Thoir, tá gabhálacha nialasacha á moladh ag ICES i leith an stoic sin ó bhí 2019 ann. Ós rud é go bhfuil an stoc fós sa staid chriticiúil chéanna, d’atheisigh ICES, le haghaidh 2026, an chomhairle a thug sé le haghaidh 2025 ina raibh ICES muiníneach as treochtaí bithmhaise an stoic agus go raibh an bhithmhais i bhfad faoi bhun an phointe tagartha um chaomhnú (Blim), ar faoina bhun a d’fhéadfadh acmhainneacht atáirgthe laghdaithe a bheith ann. I gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2016/1139 agus le hAirteagal 16(4) de Bhunrialachán CBI, is iomchuí, dá bhrí sin, an tiascach spriocdhírithe a chur ar fionraí agus bearta ceartaitheacha atá nasctha go feidhmiúil a ghlacadh. I gcomhréir le hAirteagal 2(1) agus le hAirteagal 2(5), pointí (c) agus (f), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ba cheart na deiseanna iascaireachta le haghaidh foghabhálacha dosheachanta a shocrú ar leibhéal íseal freisin chun na hiarmhairtí socheacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith tromchúiseach a sheachaint, ar iarmhairtí iad a bheadh ann mar thoradh ar na deiseanna iascaireachta a shocrú ag nialas.

(7)A mhéid a bhaineann le stoc throisc Mhuir Bhailt Thiar, tar éis leibhéal íseal gabhálacha a mholadh ar feadh roinnt blianta, molann ICES gabhálacha nialasacha le haghaidh 2026 toisc go meastar go bhfuil bithmhais an stoic faoi bhun Blim in 2025 agus nach nathbhunóidh sí os cionn Blim in 2027. I gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2016/1139 agus le hAirteagal 16(4) de Bhunrialachán CBI, is iomchuí, dá bhrí sin, an tiascach spriocdhírithe a chur ar fionraí agus bearta ceartaitheacha atá nasctha go feidhmiúil a ghlacadh. I gcomhréir le hAirteagal 2(1) agus le hAirteagal 2(5), pointí (c) agus (f), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ba cheart na deiseanna iascaireachta le haghaidh foghabhálacha dosheachanta a shocrú ar leibhéal íseal freisin chun na hiarmhairtí socheacnamaíocha a bheadh ann mar thoradh ar na deiseanna iascaireachta a shocrú ag nialas a sheachaint.

(8)A mhéid a bhaineann le bradáin i bhforanna 22 go 31 ICES, choinnigh ICES ar bun a chomhairle maidir le gabhálacha nialasacha, agus bhreithnigh sé an fhéidearthacht le haghaidh 2026 leanúint d’iascaigh spriocdhírithe shamhraidh chósta thráchtála agus áineasa sa limistéar atá lastuaidh de dhomhanleithead 59° 30′ T (foranna 29 Thuaidh go 31 ICES). Laghdaigh ICES a chomhairle faoi ghabhálacha a thuilleadh i gcomparáid le 2025 freisin mar gheall ar éiginnteachtaí breise maidir le flúirse bradán san abhainn bradán is tábhachtaí. Thairis sin, luann ICES go gcuirfeadh tosú na hiascaireachta i mí an Mheithimh i bhforoinn 29 ICES Thuaidh agus lasmuigh de bhéal abhainn Råneälven le cosaint bhreise a thabhairt don phobal bradán fiáin sin atá an-leochaileach agus do phobail bradán fiáin eile a dhéanann imirce níos luaithe. Ina theannta sin, tarlaíonn básmhaireacht bradán fiáin i ndiaidh an scaoilte in iascaigh áineasa le haghaidh bradáin a bhfuil neití saille gearrtha. I gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Bhunrialachán CBI, is iomchuí, dá bhrí sin, leibhéal na ndeiseanna iascaireachta agus an limistéar iascaireachta agus an tréimhse iascaireachta a shocrú i gcomhréir le comhairle ICES, agus bearta ceartaitheacha atá nasctha go feidhmiúil a ghlacadh (toirmeasc ar spiléir a úsáid agus ar iascaireacht a dhéanamh ar bhric gheala lasmuigh de limistéir chósta; iascaigh áineasa a cheadú i gcás ina gceadaítear iascaigh spriocdhírithe thráchtála, agus sa chás sin amháin).

(9)Chun leas iomlán na ndeiseanna iascaireachta cósta le haghaidh bradán i bhforoinn 32 ICES a áirithiú, is iomchuí an tsolúbthacht theoranta idirlimistéir le haghaidh bradán idir foranna 22 go 31 ICES agus foroinn 32 ICES a cheadú.

(10)Chun laghdú a dhéanamh ar an riosca go ndéanfaí bradáin a mhíthuairisciú mar bhric gheala sna hiascaigh bradán, is iomchuí toirmeasc a chur ar iascaireacht a dhéanamh ar bhric gheala thar cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte agus foghabhálacha breac geal a theorannú go 3 % den chomhghabháil breac geal agus bradán.

(11)Ba cheart bearta maidir le hiascaigh áineasa trosc agus bradán, agus bearta chun na stoic breac geal agus bradán a chaomhnú, a bheith gan dochar do bhearta náisiúnta níos déine faoi Airteagail 19 agus 20 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(12)A mhéid a bhaineann le scadáin i Murascaill na Boitnia, measann ICES gur lean an bhithmhais de bheith ag laghdú agus go bhfuil sí leath bealaigh idir Blim agus an pointe tagartha um chaomhnú (MSY Btrigger) anois, ar faoina bhun atá bearta ceartaitheacha iomchuí le déanamh chun a áirithiú go ndéanfar an stoc a athbhunú go tapa ar leibhéil atá os cionn na leibhéal atá in ann an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. Luann ICES freisin éiginnteachtaí maidir leis an meastachán ar na haoisghrúpaí óga agus ar an meáchan ag aois ar leith. Thairis sin, tugann ICES dá aire go fóill nach dócha go dtiocfaidh méadú ar chion na niasc is sine sa daonra dá socrófaí na deiseanna iascaireachta ag luach phointe FMSY. Thairis sin, tugann ICES dá aire gur dócha go mbeidh an stoc i mbaol éagsúlacht ghéiniteach a chailliúint. Ní áirithítear le haon cheann de na cásanna gabhála laistigh de raonta FMSY gur lú ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an bhithmhais stoic faoi bhun Blim in 2027. Thairis sin, fiú gan aon iascaireacht a dhéanamh in aon chor, meastar go nathbhunóidh an stoc os cionn MSY Btrigger in 2027 agus dóchúlacht 30 % amháin ann. I gcomhréir le hAirteagal 4(6) agus le hAirteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2016/1139, is iomchuí, dá bhrí sin, na deiseanna iascaireachta a shocrú dá réir sin agus tréimhse choiscthe 3 mhí le linn an tséasúir sceite a bhunú mar bheart ceartaitheach atá nasctha go feidhmiúil.

(13)A mhéid a bhaineann le scadáin Mhuir Bhailt Thiar, molann ICES gabhálacha nialasacha i leith an stoic sin don 8ú bliain as a chéile. Mar a tharla in 2024, rinne ICES athbhreithniú anuas ar na meastacháin ar bhithmhais le haghaidh na mblianta roimhe sin agus measann sé nach mbeidh sa bhithmhais ach 52 % de Blim fós in 2025, fiú má tá méadú leanúnach tagtha uirthi ó bhí 2021 ann. Thairis sin, tá an earcaíocht ar leibhéil níos ísle ná riamh go fóill agus meastar nach nathbhunóidh an bhithmhais os cionn Blim in 2027. I gcomhréir le hAirteagal 4(6) agus le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2016/1139, is iomchuí, dá bhrí sin, na hiascaigh spriocdhírithe a chur ar fionraí agus deireadh a chur leis an eisceacht i gcás iascairí ar mionscála. I gcomhréir le hAirteagal 2(1) agus le hAirteagal 2(5), pointí (c) agus (f), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ba cheart na deiseanna iascaireachta le haghaidh foghabhálacha dosheachanta a shocrú ar leibhéal íseal freisin chun na hiarmhairtí socheacnamaíocha a bheadh ann mar thoradh ar na deiseanna iascaireachta a shocrú ag nialas a sheachaint.

(14)Maidir le scadáin Mhuir Bhailt Láir, measann ICES go bhfuil an stoc faoi bhun Blim formhór an ama le 30 bliain anuas. Measann ICES, mar gheall ar mheáchan ag aois ar leith méadaithe agus earcaíocht láidir in 2022, go bhfuil an stoc os cionn Blim ó bhí 2024 ann ach go bhfuil sé i bhfad faoi bhun MSY Btrigger go fóill. Measann ICES go bhféadfadh an earcaíocht in 2024 agus 2025 a bheith láidir ach cuireann sé i dtábhacht go bhfuil na meastacháin sin éiginnte. Tá an earcaíocht in 2023 faoi bhun an mheáin. Thairis sin, meabhraíonn ICES go bhfuil míthuairisciú leanúnach ar speicis ag cur le héiginnteacht na comhairle. Ní áirithítear le haon cheann de na cásanna gabhála laistigh de raonta FMSY gur lú ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an bhithmhais stoic faoi bhun Blim in 2027. Thairis sin, is é 52 % go fóill an dóchúlacht go bhfanfaidh an stoc faoi bhun MSY Btrigger in 2027 fiú gan aon iascaireacht a dhéanamh in aon chor agus d’ainneoin na réamhaisnéise dearfaí a mheastar a bheidh ann. I gcomhréir le hAirteagal 4(4) agus le hAirteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2016/1139, is iomchuí, dá bhrí sin, na deiseanna iascaireachta a shocrú dá réir sin agus tréimhse choiscthe 3 mhí le linn an tséasúir sceite a bhunú mar bheart ceartaitheach atá nasctha go feidhmiúil.

(15)A mhéid a bhaineann le scadáin i Murascaill Ríge agus leathóga, measann ICES go bhfuil an bhithmhais os cionn MSY Btrigger agus go bhfuil an brú iascaireachta faoi bhun FMSY. I gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2016/1139, is iomchuí, dá bhrí sin, na deiseanna iascaireachta a shocrú dá réir sin.

(16)A mhéid a bhaineann le saláin, measann ICES, cé go bhfuil an bhithmhais os cionn Btrigger go fóill, gur lean an bhithmhais de bheith ag laghdú mar gheall ar earcaíocht a bhí níos ísle ná riamh ó 2021 go 2023. Meastar go bhfuil an bhithmhais in 2025 ar an leibhéal is ísle ó bhí 1990 ann agus go bhfuil sí gar do MSY Btrigger. Measann ICES go bhféadfadh an earcaíocht in 2024 a bheith thar a bheith ard, ach cuireann sé i dtábhacht go láidir go bhfuil an meastachán éiginnte agus go bhféadfaí gannmheastachán a dhéanamh ar an dóchúlacht go mbeadh an bhithmhais faoi bhun na bpointí tagartha um chaomhnú. Thairis sin, meabhraíonn ICES go bhfuil míthuairisciú leanúnach ar speicis ag cur le héiginnteacht na comhairle. I gcomhréir le hAirteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2016/1139, is iomchuí, dá bhrí sin, na deiseanna iascaireachta a shocrú dá réir sin. I gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) 1380/2013, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin an tréimhse choiscthe 3 mhí le linn an tséasúir sceite atá ann cheana a choinneáil ar bun.

(17)Déanfar faireachán ar úsáid na ndeiseanna iascaireachta a leagtar amach sa Rialachán seo agus déanfar iad a rialú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle 26 , go háirithe Airteagail 33 agus 34 den Rialachán sin, maidir le gabhálacha agus iarracht iascaireachta a thaifeadadh, agus maidir le fógra a thabhairt don Choimisiún faoi shonraí i ndáil le hídiú deiseanna iascaireachta. Is gá, dá bhrí sin, sonrú a dhéanamh ar na cóid a úsáideann na Ballstáit agus sonraí á gcur chuig an gCoimisiún maidir le stoic éisc a thabhairt i dtír a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

(18)Déantar foráil le hAirteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle 27 maidir le solúbthacht ó bhliain go bliain i dtaca le cuótaí le haghaidh stoic atá faoi réir TACanna réamhchúraim agus anailíseacha araon. Faoi Airteagal 2 den Rialachán sin, tá an Chomhairle le cinneadh a dhéanamh, agus TACanna á socrú aici, maidir leis na stoic nach mbeidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 maidir leo, go háirithe ar bhonn a stádais bhitheolaíoch ós rud é go bhfágann an sásra sin go mbíonn leibhéil na gcuótaí a bhíonn ar fáil i mbliain ar leith os cionn na gcuótaí a socraíodh ar dtús le haghaidh na bliana sin. Go dtí seo, níor cuireadh na hAirteagail sin i bhfeidhm maidir le stoic a bhfuil bithmhais faoi bhun Blim acu. I bhfianaise staid leochaileach éiceachóras Mhuir Bhailt agus a stoc éisc, is iomchuí gan na hAirteagail sin a chur i bhfeidhm maidir le stoic a bhfuil bithmhais idir Blim agus MSY Btrigger acu. Thairis sin, le hAirteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 rinneadh foráil maidir le solúbthacht bhreise ó bhliain go bliain le haghaidh na stoc uile atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír. Chun solúbthacht iomarcach a sheachaint a bhainfeadh an bonn de bhaint amach chuspóirí CBI, níor cheart feidhm charnach a bheith ag solúbthacht ó bhliain go bliain le haghaidh cuótaí de bhun Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 agus Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) 1380/2013. Ba cheart solúbthacht ó bhliain go bliain faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh 1380/2013 a eisiamh, i gcás inarb ábhartha, ar bhonn stádas bitheolaíoch na stoc.

(19)Tá bithmhais stoc throisc Mhuir Bhailt Thoir, stoc throisc Mhuir Bhailt Thiar agus stoc scadáin Mhuir Bhailt Thiar faoi bhun Blim. Ní cheadaítear ach iascaigh foghabhála agus iascaigh eolaíocha i gcás na stoc sin uile in 2026. Tá bithmhais scadáin na Boitnia agus scadáin Mhuir Bhailt Láir i bhfad faoi bhun MSY Btrigger. Dá bhrí sin, agus i bhfianaise athléimneacht réasúnta íseal éiceachóras Mhuir Bhailt, tá gealltanas tugtha ag na Ballstáit a bhfuil sciar cuóta de na TACanna ábhartha acu gan an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a chur i bhfeidhm maidir leis na stoic sin in 2026, ionas nach rachaidh gabhálacha in 2026 thar na TACanna ábhartha. Thairis sin, laisteas de dhomhanleithead 59° 30′ T, tá an bhithmhais atá ag beagnach gach stoc bradáin sna haibhneacha faoi bhun an phointe tagartha teorann do tháirgeadh brainlíní (Rlim) agus ní cheadaítear ach iascaigh foghabhála agus eolaíocha in 2026. Dá bhrí sin, thug na Ballstáit ábhartha gealltanas comhchosúil maidir le solúbthacht ó bhliain go bliain i ndáil le gabhálacha bradán sa phríomh-imchuach in 2026.

(20)[ionadchoinneálaí le haghaidh troisc Ioruacha: Chuaigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i mbun comhairliúcháin dhéthaobhacha an [XX] Deireadh Fómhair 2025 maidir leis an TAC le haghaidh troisc Ioruacha i roinn 3a ICES (Skagerrak-Kattegat), in uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES agus in uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a ICES (an Mhuir Thuaidh) le haghaidh na tréimhse ón 1 Samhain 2025 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026. Tionóladh na comhairliúcháin sin de bhun Airteagal 498(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (an Comhaontú Trádála agus Comhair) 28 . Ghlac an tAontas páirt sna comhairliúcháin sin ar bhonn sonraíochtaí maidir leis an seasamh ón Aontas a d’fhormhuinigh an Chomhairle an [XX] Deireadh Fómhair 2025, de bhun Airteagal 2 de Chinneadh (AE) 2021/1875 ón gComhairle 29 . Tháinig an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ar chomhaontú maidir le TAC bunaithe ar chomhairle ICES le haghaidh troisc Ioruacha i bhfolimistéar 4 agus i roinn 3a ICES le haghaidh na tréimhse sin a foilsíodh an [XX] Deireadh Fómhair 2025. Rinneadh toradh an chomhairliúcháin a dhoiciméadú sa Taifead i Scríbhinn, a shínigh Cinn Toscaireachta an Aontais agus na Ríochta Aontaithe an [XX] Deireadh Fómhair 2025. Ba cheart, dá bhrí sin, an TAC le haghaidh na tréimhse ón 1 Samhain 2025 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026 a shocrú ar an leibhéal a leagtar amach sa Taifead sin i Scríbhinn.]

(21)[ionadchoinneálaí le haghaidh modhnuithe féideartha eile ar Rialachán (AE) 2025/202 ón gComhairle].

(22)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2025/202 30 a leasú dá réir sin.

(23)Chun briseadh i ngníomhaíochtaí iascaireachta a sheachaint agus chun slí bheatha iascairí a chosaint, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo a bhaineann le Muir Bhailt ón 1 Eanáir 2026. Mar sin féin, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag na forálacha a bhaineann le troisc Ioruacha in Skagerrak-Kattegat agus sa Mhuir Thuaidh ón 1 Samhain 2025 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026 toisc gurb é sin an séasúr iascaireachta le haghaidh troisc Ioruacha. Ar chúiseanna práinne, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm láithreach tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1
Ábhar

Leis an Rialachán seo, socraítear na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc i Muir Bhailt le haghaidh 2026 agus leasaítear deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile arna socrú le Rialachán (AE) 2025/202.

Airteagal 2
Raon feidhme

1.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais a oibríonn i Muir Bhailt.

Tá feidhm aige freisin maidir le hiascaigh áineasa i gcás ina dtagraítear go sainráite dóibh sna forálacha ábhartha.

Airteagal 3
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Ina theannta sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘foroinn’ foroinn de chuid na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) de Mhuir Bhailt mar a shainítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 31 ;

(2)ciallaíonn ‘gabháil iomlán incheadaithe (TAC)’:

(a)in iascaigh atá faoi réir na díolúine ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear in Airteagal 15(4) go (7) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, an chainníocht éisc a fhéadfar a thabhairt i dtír maidir le gach stoc gach bliain;

(b)i ngach iascach eile, an chainníocht éisc a fhéadfar a ghabháil as gach stoc gach bliain;

(3)ciallaíonn ‘cuóta’ an cion den TAC a chionroinntear ar an Aontas, ar Bhallstát nó ar thríú tír;

(4)ciallaíonn ‘iascach áineasa’ gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála lena saothraítear acmhainní bitheolaíocha na mara chun críoch áineasa, turasóireachta nó spóirt;

(5)ciallaíonn ‘measúnú anailíseach’ meastóireacht chainníochtúil ar threochtaí i gcás stoc ar leith, bunaithe ar shonraí maidir le bitheolaíocht agus saothrú an stoic sin, lena náirítear meastóireacht atá bunaithe ar athróga, ar sonraíodh le hathbhreithniú eolaíoch na sonraí sin go raibh siad de cháilíocht leordhóthanach chun comhairle eolaíoch a sholáthar;

(6)ciallaíonn ‘TAC anailíseach’ TAC a bhfuil measúnú anailíseach ar fáil ina leith;

(7)ciallaíonn ‘TAC réamhchúraim’ TAC nach bhfuil measúnú anailíseach ar fáil ina leith, agus a bhfuil measúnú bunaithe ar chur chuige an réamhchúraim ar fáil ina leith ina ionad sin nó nach bhfuil aon mheasúnú ar fáil ina leith.

CAIBIDIL II
DEISEANNA IASCAIREACHTA

Airteagal 4
TACanna agus cionrannta

Leagtar amach san Iarscríbhinn na TACanna, na cuótaí agus, i gcás inarb iomchuí, na bearta atá nasctha go feidhmiúil leo.

Airteagal 5
Forálacha speisialta maidir le cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta

1.Beidh cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta i measc na mBallstát a leagtar amach sa Rialachán seo gan dochar do na nithe seo a leanas:

(a)malartuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b)asbhaintí agus ath-chionrannta arna ndéanamh de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(c)gabhálacha breise arna gceadú faoi Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 agus faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(d)cainníochtaí arna gcoinneáil siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 agus a aistríodh faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(e)asbhaintí arna ndéanamh de bhun Airteagail 105, 106 agus 107 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

2.Déantar na stoic atá faoi réir TACanna réamhchúraim nó anailíseacha chun na TACanna agus na cuótaí a bhainistiú ó bhliain go bliain dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 847/96 a shainaithint san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

3.Seachas i gcás ina sonraítear a mhalairt san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 maidir le stoic atá faoi réir TAC réamhchúraim, agus beidh feidhm ag Airteagail 3(2) agus (3) agus 4 den Rialachán sin maidir le stoic atá faoi réir TAC anailíseach.

4.Ní bheidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 i gcás ina núsáideann Ballstát an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 6
Coinníollacha maidir le gabhálacha agus foghabhálacha a thabhairt i dtír

Sainaithnítear sna táblaí TAC ábhartha san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo stoic na speiceas nach spriocspeicis iad laistigh de theorainneacha bitheolaíocha sábháilte dá dtagraítear in Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bhfuil feidhm ag an maolú ar an oibleagáid gabhálacha a chomhaireamh in aghaidh na gcuótaí ábhartha maidir leo.

Airteagal 7
Dúnadh chun sceitheadh trosc a chosaint

1.Beidh toirmeasc ar iascaireacht le haon chineál trealaimh iascaireachta i bhforanna 25 agus 26 ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa.

2.Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar síos i mír 1 sna cásanna seo a leanas:

(a)oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéantar na himscrúduithe sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 ;

(b)soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar agus a bhíonn ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó traimlí, doruithe grinneallsocraithe, spiléir, sruthdhoruithe, doruithe láimhe agus trealamh díreoige, nó gléasanna comhchosúla éighníomhacha i limistéir inar lú ná 20 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an muirchairt oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla;

(c)gan dochar do na tréimhsí coiscthe a leagtar amach in Airteagal 8(1)(a) agus in Airteagal 9(1), soithí iascaireachta de chuid an Aontais a dhéanann iascaireacht i bhforoinn 25 ar stoic pheiligeacha lena gcaitheamh go díreach ag an duine, a bhfuil trealaimh á núsáid acu arb ionann méid a mogaill agus 45 mm nó ar lú é ná sin, i limistéir inar lú ná 50 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an muirchairt oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla, agus a ndéantar sórtáil ar na gabhálacha dá gcuid arna dtabhairt i dtír.

3.Beidh toirmeasc ar iascaireacht le haon chineál trealaimh iascaireachta i bhforanna 22 agus 23 ón 15 Eanáir go dtí an 31 Márta, agus i bhforoinn 24 ón 15 Bealtaine go dtí an 15 Lúnasa.

4.Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar síos i mír 3 sna cásanna seo a leanas:

(a)oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéantar na himscrúduithe sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241;

(b)soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar agus a bhíonn ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó traimlí, doruithe grinneallsocraithe, spiléir, sruthdhoruithe, doruithe láimhe agus trealamh díreoige, nó gléasanna comhchosúla éighníomhacha i limistéir inar lú ná 20 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an muirchairt oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla;

(c)soithí iascaireachta de chuid an Aontais a dhéanann iascaireacht i bhforoinn 24 ar stoic pheiligeacha lena gcaitheamh go díreach ag an duine, a bhfuil trealaimh á núsáid acu arb ionann méid a mogaill agus 45 mm nó ar lú é ná sin, i limistéir inar lú ná 40 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an muirchairt oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla, agus a ndéantar sórtáil ar na gabhálacha dá gcuid arna dtabhairt i dtír;

(d)soithí iascaireachta de chuid an Aontais a bhíonn ag iascaireacht le dreidirí ar mhoilisc dhébhlaoscacha i bhforoinn 22 i limistéir ar lú doimhneacht an uisce ná 20 méadar de réir na gcomhordanáidí ar an muirchairt oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla.

5.Áiritheoidh máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais dá dtagraítear i mír 2, pointí (b) nó (c), agus mír 4, pointí (b), (c) nó (d), go bhféadfaidh údaráis rialúcháin an Bhallstáit inniúil faireachán a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí iascaireachta tráth ar bith.

Airteagal 8
Dúnadh chun sceitheadh scadán a chosaint i bhforanna 25, 26, 27, 28.2, 29, 30, 31 agus 32

1.Cuirfear toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh ar speicis pheiligeacha trí úsáid a bhaint as trál peiligeach i limistéir chósta suas le ceithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte agus i limistéir inar lú ná 20 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an muirchairt oifigiúil arna heisiúint ag an údarás náisiúnta inniúil le linn na dtréimhsí seo a leanas agus sna limistéir seo a leanas:

(a)ón 16 Márta go dtí an 15 Meitheamh i bhforanna 25 agus 26;

(b)ón 1 Aibreán go dtí an 30 Meitheamh i bhforanna 27 agus 28.2;

(c)ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Iúil i bhforanna 29 go 32.

2.Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar síos i mír 1 maidir le hoibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241. Beidh úsáid an mhaolaithe seo teoranta do chionroinnt cuótaí tosaigh gach Ballstáit.

Airteagal 9
Dúnadh chun sceitheadh salán a chosaint i bhforanna 25, 26, 27, 28.2, 29 agus 32

1.Ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Iúil beidh toirmeasc ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais iascaireacht a dhéanamh i gcomhair stoic pheiligeacha le trealamh gníomhach i limistéir thar 12 mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte i bhforanna 25, 26, 27, 28.2, 29 agus siar ó 24° 00’ O i bhforoinn 32.

2.Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar síos i mír 1 sna cásanna seo a leanas:

(a)oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéantar na himscrúduithe sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241; beidh úsáid an mhaolaithe seo teoranta do chionroinnt cuótaí tosaigh gach Ballstáit;

(b)soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar agus a bhíonn ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó traimlí, le doruithe grinneallsocraithe, spiléir, sruthdhoruithe, doruithe láimhe agus trealamh díreoige, nó gléasanna comhchosúla éighníomhach.

Airteagal 10
Bearta maidir le hiascaigh áineasa trosc i bhforanna 22 go 32

1.Beidh toirmeasc ar iascaigh áineasa trosc i bhforanna 22 go 32. Aon eiseamal trosc a ghabhtar de thaisme, cuirfear ar ais san fharraige láithreach bonn é.

2.D’ainneoin mhír 1, féadfar foghabhálacha de thaisme trosc in iascaigh áineasa le haghaidh speicis eile i bhforanna 27 go 32 a choinneáil.

Airteagal 11
Bearta maidir le hiascaigh áineasa bradán i bhforanna 22 go 31

1.Beidh toirmeasc ar iascaigh áineasa bradán i bhforanna 22-31. Aon eiseamal bradáin a ghabhtar de thaisme, cuirfear ar ais san fharraige láithreach bonn é.

2.De mhaolú ar mhír 1, ceadófar iascaigh áineasa bradán i limistéir laistigh de cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte le linn na dtréimhsí seo a leanas agus sna limistéir seo a leanas:

(a)ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Lúnasa i bhforoinn 29 ICES lastuaidh de dhomhanleithead 59° 30′ T;

(b)ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa i bhforanna 30 agus 31 ICES, cé is moite de mhí na Bealtaine sa limistéar laistigh de cheithre mhuirmhíle arna thomhas ó bhéal abhainn Råneälven.

3.Tá an tAirteagal seo gan dochar do bhearta náisiúnta níos déine faoi Airteagail 19 agus 20 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 12
Bearta maidir leis an stoic breac geal agus bradán i bhforanna 22 go 32 a chaomhnú

1.Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais bric gheala a iascach thar cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte i bhforanna 22 go 32. Nuair a bheifear ag iascaireacht bradán thar cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte i bhforoinn 32, ní rachaidh foghabhálacha breac geal thar 3 % den ghabháil iomlán bradán agus breac geal a bheidh ar bord tráth ar bith nó a tugadh i dtír tar éis gach turais iascaireachta.

2.Beidh toirmeasc ar iascaireacht le spiléir ar bhric gheala nó bradáin thar cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte i bhforanna 22 go 31.

3.Tá an tAirteagal seo gan dochar do bhearta náisiúnta níos déine faoi Airteagail 19 agus 20 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 13
Tarchur sonraí

Nuair a sheolfaidh na Ballstáit sonraí a bhaineann le cainníochtaí stoc arna ngabháil nó arna dtabhairt i dtír chuig an gCoimisiún de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

CAIBIDIL III
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 14
Leasú ar Rialachán (AE) 2025/202

Leasaítear Rialachán (AE) 2025/202 mar a leanas:

(1)In Iarscríbhinn IA, Cuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 122:

Tábla 122

Speiceas:

An trosc Ioruach agus foghabhálacha gaolmhara

Limistéar:

3a; uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 4; uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a

Trisopterus esmarkii

(NOP/2A3A4.)

Bliain

2025

2026

TAC Anailíseach

An Danmhairg

299,722

(1)(2)

pro memoria (pm)

(4)

Níl feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

An Ghearmáin

0,057

(1)(2)(3)

pm

(4)

Níl feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

An Ísiltír

0,221

(1)(2)(3)

pm

(4)

An tAontas

300

(1)(2)(3)

pm

(4)

An Ríocht Aontaithe

100

(1)

pm

(4)

TAC

400

(1)

pm

(4)

(1)

Ní fhéadfar é a iascach ach ón 1 Samhain 2024 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2025.

(2)

Go heisiach le haghaidh foghabhálacha. Ní cheadaítear iascaireacht spriocdhírithe ar an trosc Ioruach faoin gcuóta seo.

(3)

Ní fhéadfar an cuóta foghabhála a iascach ach in uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i limistéir 2a, 3a agus 4 ICES.

(4)

Ní fhéadfar é a iascach ach ón 1 Samhain 2025 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026.

(2)[ionadchoinneálaí le haghaidh modhnuithe eile ar Rialachán (AE) 2025/202 ón gComhairle].

Airteagal 15
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2026.

De mhaolú ar an dara fomhír:

(a)Beidh feidhm ag Airteagal 14, pointe (1), ón 1 Samhain 2025 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026;

(b)[ionadchoinneálaí le haghaidh modhnuithe eile ar Rialachán (AE) 2025/202 ón gComhairle].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1380/2023-01-01 ).
(2)    Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle (IO L 191, 15.7.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1139/oj ).
(3)     http://www.ices.dk/advice/Pages/Latest-Advice.aspx
(4)    Teachtaireacht ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2023 chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Plean Gníomhaíochta an Aontais: Éiceachórais mhuirí a chosaint agus a athbhunú ar mhaithe le hiascach inbhuanaithe athléimneach (COM(2023) 102 final).
(5)    Teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2025 chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, An Comhshocrú Eorpach um an Aigéan (COM(2025) 281 final).
(6)    Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008 agus (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1224/oj ).
(7)     https://doi.org/10.17895/ices.advice.27202563  
(8)     https://doi.org/10.17895/ices.advice.5276 ; https://doi.org/10.17895/ices.advice.5649 ; https://doi.org/10.17895/ices.advice.24799266
(9)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/3093 ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta teicniúla sonracha chun foghabhálacha trosc i Muir Bhailt a laghdú (IO L 2024/3093, 10.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/3093/oj ).
(10)     https://doi.org/10.17895/ices.advice.27202560  
(11)    Féach fonóta 8.
(12)    Féach fonóta 9.
(13)     https://doi.org/10.17895/ices.advice.27202773  
(14)     https://doi.org/10.17895/ices.advice.27202614  
(15)    Féach fonóta 8.
(16)     https://doi.org/10.17895/ices.advice.27202623  
(17)     https://doi.org/10.17895/ices.advice.28512521  
(18)     https://doi.org/10.17895/ices.advice.27202617  
(19)    Féach fonóta 17.
(20)     https://doi.org/10.17895/ices.advice.27202620
(21)     https://doi.org/10.17895/ices.advice.27202893  
(22)     https://doi.org/10.17895/ices.advice.27202839    
(23)     https://doi.org/10.17895/ices.advice.27202842    
(24)    Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1380/oj ).
(25)    Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle (IO L 191, 15.7.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1139/oj ).
(26)    Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008 agus (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 ( IO L 343, 22.12.2009, lch. 1 , ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1224/oj ).
(27)    Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle an 6 Bealtaine 1996 lena dtugtar isteach coinníollacha breise maidir le TACanna agus cuótaí a bhainistiú ó bhliain go bliain (IO L 115, 9.5.1996, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1996/847/oj ).
(28)    IO L 149, 30.4.2021, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2021/689(1)/oj .
(29)    Cinneadh (AE) 2021/1875 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sna comhairliúcháin bhliantúla leis an Ríocht Aontaithe chun teacht ar chomhaontú maidir leis na gabhálacha iomlána incheadaithe (IO L 378, 26.10.2021, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1875/oj ).
(30)    Rialachán (AE) 2025/202 ón gComhairle an 30 Eanáir 2025 lena socraítear le haghaidh 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/257 a mhéid a bhaineann le deiseanna áirithe iascaireachta le haghaidh 2025 (IO L, 2025/202, 31.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/202/oj ).
(31)    Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach Thoir Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch. 70, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/218/oj).
(32)    Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 105, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1241/oj ).

An Bhruiséil,26.8.2025

COM(2025) 458 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena socraítear le haghaidh 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2025/202 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile












IARSCRÍBHINN

NA TACanna IS INFHEIDHME MAIDIR LE SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I LIMISTÉIR ARB ANN DO TACanna INA LEITH DE RÉIR SPEICIS AGUS DE RÉIR LIMISTÉIR

Leagtar amach sna táblaí seo a leanas na TACanna agus na cuótaí (ina dtonaí beomheáchain, seachas i gcás ina sonraítear a mhalairt) de réir stoic, agus na bearta atá nasctha go feidhmiúil leo.

Is tagairtí do limistéir ICES iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Tagraítear do stoic éisc de réir ord aibítre ainmneacha eolaíocha an speicis.

Chun críocha an Rialacháin seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas, ina gcuimsítear ainmneacha eolaíocha agus gnáthainmneacha, ar fáil:

Ainm eolaíoch

Cód Alfa-3

Gnáthainm

Clupea harengus

HER

An scadán

Gadus morhua

COD

An trosc

Pleuronectes platessa

PLE

An leathóg

Salmo salar

SAL

An bradán Atlantach

Sprattus sprattus

SPR

An salán

Tábla

1

Speiceas:

An scadán

 

 

Limistéar:

Foranna 30-31

 

 

Clupea harengus

 

 

(HER/30/31.)

 

An Fhionlainn

 

20 956

TAC Anailíseach

 

 

An tSualainn

4 604

Níl feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An tAontas

25 560

Níl feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

TAC

 

25 560

 

 

 

 

 

Tábla

2

 

 

 

 

 

 

 

 

Speiceas:

An scadán

 

 

Limistéar:

Foranna 22-24

 

 

Clupea harengus

 

 

(HER/3BC+24)

 

An Danmhairg

 

55

(1)

TAC Anailíseach

 

 

An Ghearmáin

218

(1)

Níl feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Fhionlainn

0

(1)

Níl feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Pholainn

51

(1)

An tSualainn

70

(1)

An tAontas

394

(1)

TAC

 

394

(1)

(1)

Go heisiach le haghaidh foghabhálacha. Ní cheadaítear iascaireacht spriocdhírithe faoin gcuóta seo.

 

De mhaolú ar an gcéad mhír, féadfar oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, a dhíriú ar scadáin ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe sin i gcomhréir iomlán leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.

Tábla

3

Speiceas:

An scadán

 

 

Limistéar:

Uiscí an Aontais i bhforanna 25-27, 28.2, 29 agus 32

 

Clupea harengus

 

 

(HER/3D-R30)

 

An Danmhairg

 

1 845

TAC Anailíseach

 

 

An Ghearmáin

489

Níl feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Eastóin

9 424

Níl feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Fhionlainn

18 395

An Laitvia

2 326

An Liotuáin

2 449

An Pholainn

20 898

An tSualainn

28 055

An tAontas

83 881

TAC

 

Ní bhaineann le hábhar

 

 

 

 

 

Tábla

4

Speiceas:

An scadán

 

 

Limistéar:

Foroinn 28.1

 

 

Clupea harengus

 

 

(HER/03D.RG)

 

An Eastóin

 

15 870

TAC Anailíseach

 

 

An Laitvia

18 497

Tá feidhm ag Airteagal 6 den Rialachán seo.

An tAontas

34 367

TAC

 

34 367

 

 

 

 

 

Tábla

5

Speiceas:

An trosc

 

 

Limistéar:

Uiscí an Aontais i bhforanna 25-32

 

Gadus morhua

 

 

(COD/3DX32.)

 

An Danmhairg

 

37

(1)

TAC réamhchúraim

 

 

An Ghearmáin

15

(1)

Níl feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Eastóin

4

(1)

An Fhionlainn

3

(1)

An Laitvia

14

(1)

An Liotuáin

9

(1)

An Pholainn

40

(1)

An tSualainn

37

(1)

An tAontas

159

(1)

TAC

Ní bhaineann le hábhar

(1)

Go heisiach le haghaidh foghabhálacha. Ní cheadaítear iascaireacht spriocdhírithe faoin gcuóta seo.

 

De mhaolú ar an gcéad mhír, féadfar oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, a spriocdhíriú ar throisc ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe sin i gcomhréir iomlán leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.

Tábla

6

Speiceas:

An trosc

 

 

Limistéar:

Foranna 22-24

 

 

Gadus morhua

 

 

(COD/3BC+24)

 

An Danmhairg

 

18

(1)

TAC réamhchúraim

 

 

An Ghearmáin

9

(1)

Níl feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Eastóin

0

(1)

An Fhionlainn

0

(1)

An Laitvia

2

(1)

An Liotuáin

1

(1)

An Pholainn

5

(1)

An tSualainn

7

(1)

An tAontas

42

(1)

TAC

42

(1)

(1)

Go heisiach le haghaidh foghabhálacha. Ní cheadaítear iascaireacht spriocdhírithe faoin gcuóta seo.

 

De mhaolú ar an gcéad mhír, féadfar oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, a spriocdhíriú ar throisc ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe sin i gcomhréir iomlán leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.

Tábla

7

Speiceas:

An leathóg

 

 

Limistéar:

Uiscí an Aontais i bhforanna 22-32

 

Pleuronectes platessa

 

 

(PLE/3BCD-C)

 

An Danmhairg

 

7 861

TAC Anailíseach

 

 

An Ghearmáin

873

Tá feidhm ag Airteagal 6 den Rialachán seo.

An Pholainn

1 646

An tSualainn

593

An tAontas

10 973

TAC

 

10 973

 

 

 

 

 

Tábla

8

Speiceas:

An bradán Atlantach

 

Limistéar:

Uiscí an Aontais i bhforanna 22-31

 

Salmo salar

 

 

(SAL/3BCD-F)

 

An Danmhairg

 

5 282

(1)(2)

TAC Anailíseach

 

 

An Ghearmáin

588

(1)(2)

Níl feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Eastóin

537

(1)(2)(3)

Níl feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Fhionlainn

6 586

(1)(2)

An Laitvia

3 359

(1)(2)

An Liotuáin

395

(1)(2)

An Pholainn

1 602

(1)(2)

An tSualainn

7 138

(1)(2)

An tAontas

25 487

(1)(2)

TAC

Ní bhaineann le hábhar

(1)

Arna shloinneadh de réir líon na n‑iasc aonair.

 

 

 

(2)

Go heisiach le haghaidh foghabhálacha. Ní cheadaítear iascaireacht spriocdhírithe faoin gcuóta seo.

De mhaolú ar an gcéad mhír, féadfar oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, a dhíriú ar bhradáin ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe sin i gcomhréir iomlán leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.

De mhaolú ar an gcéad mhír, ceadaítear iascaireacht a dhéanamh ar an gcuóta sin i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais i limistéir laistigh de cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte le linn na dtréimhsí seo a leanas agus sna limistéir seo a leanas:

ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Lúnasa i bhforoinn 29 lastuaidh de dhomhanleithead 59° 30′ T;

ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa i bhforanna 30 agus 31, cé is moite de mhí na Bealtaine sa limistéar laistigh de cheithre mhuirmhíle arna thomhas ó bhéal abhainn Råneälven.

(3)

Coinníoll speisialta: ní fhéadfar níos mó ná 450 eiseamal den chuóta seo a iascach in uiscí an Aontais i bhforoinn 32 (SAL/*3D32).

Tábla

9

Speiceas:

An bradán Atlantach

 

Limistéar:

Uiscí an Aontais i bhforoinn 32

 

Salmo salar

 

 

(SAL/3D32.)

 

An Eastóin

 

1 049

(1)

TAC réamhchúraim

 

 

An Fhionlainn

9 183

(1)

An tAontas

10 232

(1)

TAC

Ní bhaineann le hábhar

(1)

Arna shloinneadh de réir líon na n‑iasc aonair. 

 

 

 

 

 

 

 

 

Tábla

10

Speiceas:

An salán

 

 

Limistéar:

Uiscí an Aontais i bhforanna 22-32

 

Sprattus sprattus

 

 

(SPR/3BCD-C)

 

An Danmhairg

 

13 761

TAC Anailíseach

 

 

An Ghearmáin

8 718

Tá feidhm ag Airteagal 6 den Rialachán seo.

An Eastóin

15 979

An Fhionlainn

7 203

An Laitvia

19 299

An Liotuáin

6 981

An Pholainn

40 957

An tSualainn

26 602

An tAontas

139 500

TAC

 

Ní bhaineann le hábhar