AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,29.7.2025
COM(2025) 427 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le Comhaontú lena n-Éascaítear Infheistíocht Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Eacuadór
IARSCRÍBHINN
Treoracha caibidlíochta le haghaidh caibidlíochta maidir le Comhaontú lena n‑Éascaítear Infheistíocht Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Eacuadór
I.CUSPÓIRÍ, RAON FEIDHME AGUS PRÍOMHPHRIONSABAIL
1.Ba cheart é a bheith d’aidhm ag Comhaontú lena n‑Éascaítear Infheistíocht Inbhuanaithe (dá ngairtear ‘Comhaontú’ anseo feasta) le Poblacht Eacuadór timpeallacht infheistíochta níos tarraingtí, níos trédhearcaí agus níos intuartha a chruthú chun infheistíochtaí inbhuanaithe a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh a éascú, a fheabhsú agus a spreagadh.
2.Ba cheart é a bheith de chuspóir foriomlán ag an gComhaontú sin feabhas a chur ar infheistíocht dhíreach choigríche idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Eacuadór a shlógadh, a mhealladh, a leathnú agus a choinneáil, go háirithe i gcás micrifhiontar, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide, ar bhonn rialacha, bearta agus nósanna imeachta nua-aimseartha simplithe atá bunaithe ar phrionsabail na neamhchlaontachta, na hoscailteachta, na trédhearcachta agus na cobhsaíochta.
3.Ba cheart an Comhaontú sin a bheith cuimsitheach agus uaillmhianach, agus ba cheart toradh chaibidlíocht EDT maidir leis an gComhaontú lena n‑Éascaítear Infheistíocht Inbhuanaithe le haghaidh Forbartha agus na dúshláin shonracha forbartha atá roimh Phoblacht Eacuadór a chur san áireamh ann. Ba cheart feidhm a bheith ag an gComhaontú sin, i bprionsabal, maidir le gach earnáil eacnamaíoch agus ba cheart saolré iomlán na n‑infheistíochtaí a chuimsiú ann, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí roimh an mbunú, lena linn agus ina dhiaidh.
4.Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gComhaontú sin na dálaí cearta a áirithiú chun go mbeidh infheistíocht dhíreach choigríche fabhrach don fhorbairt inbhuanaithe, agus cumas na bPáirtithe rialáil a dhéanamh ar ghníomhaíocht infheisteoirí ina gcríocha féin á chaomhnú an tráth céanna.
5.Ba cheart an Comhaontú sin a dhíriú ar infheistíocht dhíreach choigríche agus ar chineálacha eile infheistíochta, amhail gluaiseachtaí caipitil gearrthéarmacha nó infheistíochtaí punainne, a chur as an áireamh. Leis an gComhaontú sin, níor cheart oibleagáidí nua a chruthú, ná oibleagáidí atá ann cheana a mhodhnú, maidir le hinfheistíochtaí a chosaint, maidir le réiteach díospóidí idir infheisteoir agus stát nó maidir le coinníollacha fabhracha i ndáil le rochtain ar an margadh, agus níor cheart ceanglais nós imeachta maidir le teacht isteach agus fanacht sealadach daoine nádúrtha chun críocha gnó a chumhdach leo.
II. ÁBHAR BEARTAITHE NA RIALACHA AGUS NA nGEALLTANAS
6.Ba cheart forálacha sonracha a chuimsiú sa Comhaontú sin maidir le hábhair amhail:
–Trédhearcacht, intuarthacht agus comhleanúnachas na mbeart a bhaineann le hinfheistíocht a fheabhsú (lena n‑áirítear, inter alia, foilsiú agus infhaighteacht leictreonach beart a bhfuil feidhm ghinearálta leo agus an chreata dlí is infheidhme maidir le hinfheistíocht; an deis trácht a dhéanamh ar dhréachtbhearta rialála, faisnéis maidir le dreasachtaí infheistíochta);
–Nósanna imeachta agus ceanglais riaracháin a chuíchóiriú agus a bhrostú, chomh maith le dea-rialachas a áirithiú i nósanna imeachta údarúcháin (lena n‑áirítear, inter alia, nósanna imeachta riaracháin agus ceanglais doiciméadachta; úsáid iarratas i bhformáid leictreonach; tráthchláir agus tréimhsí ama chun iarratais a chur isteach agus a riar; caighdeáin dea-rialachais maidir le hiarratais a phróiseáil; trédhearcacht maidir le táillí a íoc; cineálacha sásraí amhail ionaid ilfhreastail le haghaidh iarratais ar údarú);
–Rannpháirtíocht páirtithe leasmhara a fheabhsú (lena n‑áirítear, inter alia, pointí fócasacha a fheidhmeoidh mar chéad phointí teagmhála d’fhiosrúcháin infheisteoirí; caidreamh le páirtithe leasmhara; sásraí chun díospóidí a chosc agus fadhbanna a réiteach; measúnuithe tionchair; comhordú idirghníomhaireachta intíre; naisc idir infheisteoirí coigríche agus an geilleagar óstach);
–Rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe agus le hinfheistíocht fhreagrach (lena n‑áirítear, inter alia, caighdeáin, rialacha agus gealltanais ábhartha arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta maidir le saothar, an comhshaol agus an aeráid a chur chun cinn agus a fhorfheidhmiú; tiomantas d’ionstraimí ábhartha a aithnítear go hidirnáisiúnta maidir le hiompar freagrach gnó; idirphlé agus comhar maidir le saincheisteanna leasa choitinn i ndáil le saothar, an comhshaol agus an aeráid a bhaineann le hinfheistíocht; príomhchoinbhinsiúin agus príomhphrionsabail idirnáisiúnta chun sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, calaois chánach agus imghabháil cánach a chosc agus a chomhrac a chur chun feidhme);
–Inbhuanaitheacht infheistíochtaí i slabhraí luacha agus in earnálacha leasa choitinn a éascú;
–Comhar déthaobhach a threisiú maidir le bealaí chun infheistíocht a éascú agus cur chun feidhme an Chomhaontaithe sin a áirithiú (lena n‑áirítear, inter alia, fothú acmhainneachta arb é is aidhm dó feabhas a chur ar an timpeallacht infheistíochta agus cúnamh a thabhairt chun an Comhaontú sin a chur chun feidhme, lena n‑áirítear na forálacha maidir le forbairt inbhuanaithe; socruithe institiúideacha chun maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme agus chun faisnéis agus dea-chleachtais a chomhroinnt; idirghabháil agus sásraí um réiteach díospóidí idir Stáit).