An Bhruiséil,15.7.2025

COM(2025) 413 final

2025/0228(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena gcuirtear ar fionraí cur i bhfeidhm forálacha áirithe de Rialachán (CE) 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an nGuine


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

I gcomhréir le hAirteagal 25a(2) den Chód Víosaí 1 , ní mór don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcomhar ó thríú tíortha maidir le hathligean isteach agus tuarascáil a chur faoi bhráid na Comhairle uair sa bhliain ar a laghad.

Ar bhonn na measúnuithe sin, agus na céimeanna a ghlac an Coimisiún chun feabhas a chur ar leibhéal an chomhair i réimse an athligean isteach agus ar chaidreamh foriomlán an Aontais leis an tríú tír lena mbaineann á gcur san áireamh, lena n‑áirítear i réimse na himirce, féadfaidh an Coimisiún teacht ar an gconclúid nach bhfuil an tríú tír sin ag comhoibriú go leormhaith, agus go bhfuil gá le gníomhaíocht dá bhrí sin. Más amhlaidh atá, cuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 25a(5), pointe (a) den Chód Víosaí, le haghaidh cinneadh cur chun feidhme lena gcuirfear ar fionraí cur i bhfeidhm forálacha áirithe den Chód Víosaí maidir le náisiúnaigh an tríú tír sin. Tá an Coimisiún le leanúint dá iarrachtaí i gcónaí chun feabhas a chur ar an gcomhar leis an tríú tír lena mbaineann.

   Cás na Guine

I mí Iúil 2017, thug an tAontas socrú um athligean isteach i gcrích leis an nGuine (‘Dea‑chleachtais maidir le hoibriú éifeachtúil an nós imeachta um fhilleadh’). Ó shin i leith, tionóladh seacht gcruinniú den Mheitheal Chomhpháirteach chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an tsocraithe agus tionóladh an ceann deireanach díobh an 19 Nollaig 2024. Mar gheall ar an staid pholaitiúil sa tír sin, cuireadh an plé ar feitheamh i mí Mheán Fómhair 2021 agus cuireadh tús leis arís i mí na Nollag 2023. Cé gur athdhearbhaigh údaráis Ghuine an rún atá acu comhoibriú maidir le hathligean isteach, ní raibh siad réidh chun gealltanas a thabhairt maidir leis an gcuid is mó de na gníomhaíochtaí nithiúla a mhol an tAontas chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an gcomhar oibríochtúil. Tugadh aghaidh ar shaincheist an chomhair maidir le hathligean isteach ar an leibhéal polaitiúil in Conakry le linn cruinniú idir Ambasadóir an Aontais chun na Guine, an tAire Gnóthaí Eachtracha, an tAire Gnóthaí Baile agus an Príomh‑Aire an 15 Deireadh Fómhair 2024 agus sa Bhruiséil le linn roinnt cruinnithe ardleibhéil, amhail cuairt Aire Gnóthaí Eachtracha na Guine an 23 Deireadh Fómhair 2023, cruinnithe de chuid an Choimisiúin/SEGS le hAmbasadóir na Guine agus leis an Aire Gnóthaí Eachtracha an 31 Bealtaine agus an 26 Meitheamh 2024, faoi seach.

D’ainneoin an tsocraithe um athligean isteach atá ann cheana agus na n‑iarrachtaí chun an plé maidir le hathligean isteach a threisiú, níor leor an comhar i gcás fhormhór na mBallstát agus tháinig meath suntasach air ó dheireadh 2023 agus le linn na tréimhse measúnaithe 2024. Ag an 6ú agus an 7ú Cruinniú den Mheitheal Chomhpháirteach i mí Iúil agus i mí na Nollag 2024, chuir an tAontas Eorpach teachtaireachtaí soiléire in iúl don Ghuine maidir leis an ngá feabhas a chur ar an gcomhar agus an socrú um athligean isteach a chur chun feidhme ina iomláine, chun na nósanna imeachta comhaontaithe a chur chun feidhme go héifeachtach chun Guinigh nach bhfuil aon cheart acu fanacht san Aontas a shainaithint agus, nuair a dhéantar sainaithint dheimhneach, chun doiciméid taistil éigeandála a eisiúint go pras le haghaidh fillteacha deonacha agus éigeantacha araon laistigh de sprioc‑amanna an tsocraithe um athligean isteach. Tugadh liosta d’iarrataí ar athligean isteach a bhí ar feitheamh ó 13 Bhallstát agus ó thír amháin atá comhlachaithe le Schengen d’údaráis na Guine. Níor tháinig feabhas ar an gcomhar le linn na tréimhse tuairiscithe mar thoradh ar na céimeanna sin.

Ní leor an comhar ón nGuine maidir le hathligean isteach a náisiúnach a chinntear a bheith ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch na mBallstát, agus is fianaise air sin an ráta fillte 2 3 % in 2024, ar laghdú é ó 5 % in 2023, le cáilíocht an chomhair sa nós imeachta um shainaithint atá ag laghdú go mór, leis an ráta eisiúna doiciméad taistil éigeandála 3 atá ag laghdú go mór agus le meath soiléir ar an gcomhar maidir le hoibríochtaí um fhilleadh. Le linn na tréimhse tuairiscithe, bhí dúshláin leanúnacha a bhí ag méadú roimh na Ballstáit maidir leis an socrú um athligean isteach leis an nGuine a chur chun feidhme go héifeachtach, go háirithe a mhéid a bhaineann le cásanna gan doiciméid. Is minic a sháraíonn leibhéal neamhleor an chomhair ón nGuine forálacha Chomhaontú Shamó 4 a bhaineann le hathligean isteach, ar forálacha iad atá infheidhme go sealadach ón 1 Eanáir 2024, lena náirítear maidir leis an nGuine, go háirithe maidir leis an tréimhse ama chun doiciméid taistil éigeandála a eisiúint tar éis iarraidh ar shainaithint a thíolacadh.

Faoi chuimsiú measúnuithe leanúnacha a rinne an Coimisiún ó bhí 2020 ann agus ar bhonn sonraí agus faisnéis a chuir na Ballstáit ar fáil, plé le linn cruinnithe de Mheithleacha ábhartha na Comhairle agus de ghrúpaí saineolaithe, chomh maith le measúnuithe ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, thuairiscigh na Ballstáit roinnt fadhbanna leanúnacha a chuireann bac ar chéimeanna éagsúla den phróisis um athligean isteach, lena n‑áirítear sainaithint náisiúnach den Ghuine, eisiúint doiciméad taistil agus oibríochtaí um fhilleadh. Mar thoradh air sin, tá riaráiste cásanna an‑suntasach ann do na Ballstáit.

Ar bhonn an mhéid thuas, an easpa feabhais, d’ainneoin na mbeart a rinne an tAontas agus na Ballstáit go dtí seo chun feabhas a chur ar an gcomhar um athligean isteach, meastar nach leor an comhar ón nGuine leis an Aontas maidir le hathligean isteach.

   Caidreamh foriomlán an Aontais leis an nGuine

Tá an Ghuine ar cheann de na príomhthíortha as a n‑imíonn imircigh neamhrialta go dtí an Aontas. Cé gur tháinig laghdú suntasach ar an líon imirceach neamhrialta a tháinig isteach san Aontas i gcomparáid le 2023, in 2024 bhí Guinigh fós ar an ochtú náisiúntacht is mó a sainaithníodh i measc na dtíortha a ndearnadh measúnú orthu, agus 8388 n‑imirceach neamhrialta ag teacht isteach san Aontas uaithi.

Coinníonn an tAontas agus an Ghuine caidreamh ar bun i réimsí na polaitíochta, an gheilleagair, na trádála agus an chomhair. Tá an caidreamh sin bunaithe anois ar Chomhaontú Shamó idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin.

Is é an tAontas an margadh agus an soláthróir is mó atá ag an nGuine agus tá sé fós ina phríomh‑chomhpháirtí eacnamaíoch aici.

I réimse na trádála, rialaítear an comhar idir an Ghuine agus an tAontas le Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Taraife de chuid an Aontais 5 . Tabhair faoi deara nach bhfuil an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche a glacadh le tíortha san Afraic Thiar i mí Iúil 2014, tagtha i bhfeidhm go fóill.

Ba cheart treoshuíomhanna geopholaitiúla na Guine a mheas freisin i ndáil leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar shaincheisteanna imirce.

Ar bhonn an mhéid thuas, i bhfianaise an easpa feabhais in ainneoin na gcéimeanna leanúnacha a ghlac an Coimisiún chun feabhas a chur ar an gcomhar, agus caidreamh foriomlán an Aontais leis an nGuine á chur san áireamh, meastar nach leor an comhar ón nGuine leis an Aontas maidir le hathligean isteach agus gur gá gníomhaíocht a dhéanamh.

   Na bearta maidir le víosaí

Raon feidhme na mbeart

Leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle ba cheart cur i bhfeidhm forálacha áirithe den Chód Víosaí a chur ar fionraí go sealadach maidir le náisiúnaigh den Ghuine. Níor cheart, áfach, feidhm a bheith ag an bhfionraíocht sin maidir le baill teaghlaigh Ghuineacha le saoránaigh (shoghluaiste) den Aontas a chumhdaítear le Treoir 2004/38/CE 6 ná le baill teaghlaigh Ghuineacha le náisiúnaigh tríú tír a bhfuil ceart saorghluaiseachta acu atá coibhéiseach le ceart shaoránaigh an Aontais faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an tríú tír lena mbaineann, den pháirt eile.

Inneachar na mbeart maidir le víosaí

Toisc nach bhfuil an Ghuine ag comhoibriú go leormhaith maidir leis an athligean isteach, tá údar maith ann leis na hairteagail uile dá dtagraítear in Airteagal 25a(5), pointe (a), den Chód Víosaí a chur ar fionraí go sealadach, mar atá: an fhéidearthacht a chur ar fionraí maidir le ceanglais a tharscaoileadh i ndáil leis an bhfianaise dhoiciméadach dá dtagraítear in Airteagal 14(6) a bhíonn le cur isteach ag iarratasóirí ar víosa; an ghnáth‑tréimhse próiseála 15 lá féilire dá dtagraítear in Airteagal 23(1) a chur ar fionraí (lena n‑eisiatar, mar thoradh air sin, cur i bhfeidhm na rialach lena gceadaítear síneadh suas le 45 lá ar a mhéad ar an tréimhse sin i gcásanna aonair amháin, agus dá réir sin gur thréimhse 45 lá a bheidh sa tréimhse phróiseála chaighdeánach); eisiúint víosaí dul isteach iolrach i gcomhréir le hAirteagal 24(2) agus (2c) den Chód Víosaí a chur ar fionraí; agus tarscaoileadh roghnach na táille víosa i gcás sealbhóirí pasanna taidhleoireachta agus pasanna seirbhíse i gcomhréir le hAirteagal 16(5), pointe (b) a chur ar fionraí.

Tréimhse chur i bhfeidhm na mbeart maidir le víosaí

Foráiltear leis an gCód Víosaí go mbeidh feidhm ag na bearta maidir le víosaí go sealadach ach níl aon oibleagáid ann tréimhse cur i bhfeidhm shonrach maidir leis na bearta sin a chur in iúl sa chinneadh cur chun feidhme. I gcomhréir le hAirteagal 25a(6) den Chód Víosaí, áfach, ní mór don Choimisiún an dul chun cinn sa chomhar maidir leis an athligean isteach a mheasúnú go leanúnach ar bhonn na dtáscairí a leagtar amach in Airteagal 25a(2) den Chód Víosaí, lena n‑áirítear an dul chun cinn sa chúnamh a sholáthraítear chun daoine atá ag fanacht go mídhleathach ar chríoch na mBallstát a shainaithint, eisiúint thráthúil na ndoiciméad taistil, agus eagrú na n‑oibríochtaí um fhilleadh. Tuairisceoidh an Coimisiún an bhfuil feabhas substaintiúil agus leanúnach tagtha ar an gcomhar leis an tríú tír lena mbaineann maidir le hathligean isteach agus féadfaidh sé, tar éis caidreamh foriomlán an Aontais leis an tríú tír sin a chur san áireamh, tograí nár ghlac an Chomhairle a tharraingt siar nó togra a chur faoi bhráid na Comhairle chun an cinneadh cur chun feidhme a aisghairm nó a leasú. Más rud é, i gcodarsnacht leis sin, nach leor an comhar maidir le hathligean isteach fós, breithneoidh an Coimisiún an dara céim den sásra a ghníomhachtú, dá bhforáiltear le hAirteagal 25a(5), pointe (b), den Chód Víosaí.

De bhun Airteagal 25a(7) den Chód Víosa, tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil leis an gcomhar ón tríú tír sin maidir le hathligean isteach agus déanfaidh sé amhlaidh 6 mhí ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh cur chun feidhme.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an cinneadh atá beartaithe comhsheasmhach leis an gCód Víosaí lena socraítear rialacha comhchuibhithe an chomhbheartais víosaí lena rialaítear na nósanna imeachta agus na coinníollacha maidir le víosaí a eisiúint le haghaidh tréimhsí fanachta atá beartaithe ar chríoch na mBallstát nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá.

Cuireann an tAontas cur chuige cuimsitheach chun cinn maidir leis an imirce agus an t‑easáitiú éigeantach, cur chuige atá bunaithe ar luachanna agus freagrachtaí comhroinnte. Leis an gComhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann a glacadh i mí na Bealtaine 2024, cuirtear cur chuige cuimsitheach ar fáil arb é is aidhm dó príomhbheartais an Aontais maidir le himirce, tearmann, bainistiú teorainneacha agus imeascadh a neartú agus a chomhtháthú, agus ceann dá cholúin is ea an imirce a leabú i gcomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta chun imeachtaí neamhrialta a chosc, smuigleáil imirceach a chomhrac, comhoibriú a dhéanamh maidir le hathligean isteach agus bealaí dlíthiúla a chur chun cinn.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Is gné thábhachtach de chaidreamh seachtrach an Aontais é an comhar idir na Ballstáit agus tríú tíortha maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a athligean isteach. Chun comhpháirtíochtaí cuimsitheacha den chineál sin a neartú agus chun lánchomhar ó thríú tíortha a áirithiú, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an Aontas leas a bhaint as gach uirlis atá ar fáil, lena náirítear an comhar um fhorbairt, an trádáil, nó bearta maidir le víosaí 7 . Agus bearta sriantacha maidir le víosaí a d’fhéadfadh a bheith ann á mbreithniú, ceanglaítear ar an gCoimisiún le hAirteagal 25a den Chód Víosaí caidreamh foriomlán an Aontais leis an tríú tír lena mbaineann a chur san áireamh, lena náirítear i réimse na himirce.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí), Airteagal 25a(5), pointe (a).

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Neamhbhainteach

Comhréireacht

Na bearta atá beartaithe, arb é is aidhm dóibh an Ghuine a spreagadh chun feabhas a chur ar an gcomhar uaithi maidir le hathligean isteach náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach, tá siad i gcomhréir leis an gcuspóir atá á shaothrú. Ní dhéanann na bearta seo difear iontu féin don fhéidearthacht atá ag iarratasóirí iarratas a dhéanamh ar víosaí ná don fhéidearthacht go ndeonófar víosaí dóibh ach cumhdaítear leo gnéithe áirithe den nós imeachta trína n‑eisítear an víosa. Maille leis sin, eisiatar catagóirí áirithe daoine ó raon feidhme an chinnidh seo.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Neamhbhainteach

Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach

Measúnú tionchair

Neamhbhainteach

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach

Cearta bunúsacha

Ní dhéanann na bearta atá beartaithe difear don fhéidearthacht iarratas a dhéanamh ar víosaí ná víosaí a dheonú d’iarratasóirí, agus urramaítear leo cearta bunúsacha uile na n‑iarratasóirí, go háirithe an meas ar shaol an teaghlaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Neamhbhainteach

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Neamhbhainteach

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Neamhbhainteach

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

In Airteagal 1 sainítear raon feidhme an chinnidh cur chun feidhme atá beartaithe.

Sonraítear i míreanna 1 agus 2 nach bhfuil feidhm aige ach maidir le náisiúnaigh den Ghuine atá faoi réir an cheanglais víosa agus nach bhfuil feidhm aige maidir leo siúd atá díolmhaithe ón gceanglas sin ar bhonn Airteagal 4 nó 6 de Rialachán (AE) 2018/1806.

Le mír 3 díolmhaítear ó raon feidhme an chinnidh atá beartaithe iarratasóirí ar víosa ar baill teaghlaigh iad le saoránach den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leo, mar aon le baill teaghlaigh le náisiúnach tríú tír a bhfuil ceart saorghluaiseachta aige atá coibhéiseach le ceart shaoránaigh an Aontais faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an tríú tír lena mbaineann, den pháirt eile.

Sonraítear i mír 4 go bhfuil an cinneadh atá beartaithe gan dochar d’oibleagáidí idirnáisiúnta na mBallstát.

Leagtar amach in Airteagal 2 go gcuirfear cur i bhfeidhm na bhforálacha seo a leanas den Chód Víosaí ar fionraí go sealadach maidir le náisiúnaigh den Ghuine a thagann faoi raon feidhme an chinnidh atá beartaithe:

An rogha atá ag na Ballstáit an ceanglas tacar iomlán de dhoiciméid tacaíochta a chur i láthair a tharscaoileadh. Fágann sin go mbeidh ar gach iarratasóir, gach uair a dhéanfaidh sé iarratas, tacar iomlán de dhoiciméid tacaíochta a chur isteach lena gcruthaítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le dul isteach mar a leagtar amach i gCód Teorainneacha Schengen.

An rogha atá ag na Ballstáit an táille víosa a tharscaoileadh i gcás sealbhóirí pasanna taidhleoireachta agus pasanna seirbhíse. Beidh feidhm ag an táille víosa chaighdeánach EUR 90 maidir le hiarratasóirí den chatagóir sin.

An tréimhse phróiseála chaighdeánach 15 lá féilire chun cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas. Fágann sin go mbeidh 45 lá ag na Ballstáit chun cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratais.

Na rialacha maidir le víosa dul isteach iolrach a eisiúint. Fágann sin nach neiseofar, i bprionsabal, ach víosaí dul isteach aonuaire.

In Airteagal 3 liostaítear iad siúd a ndírítear an cinneadh atá beartaithe chucu, i.e. na Ballstáit ábhartha.

2025/0228 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena gcuirtear ar fionraí cur i bhfeidhm forálacha áirithe de Rialachán (CE) 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an nGuine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) 8 , agus go háirithe Airteagal 25a(5), pointe (a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Rinneadh measúnú ar an leibhéal comhair ón nGuine leis na Ballstáit maidir le hathligean isteach imirceach neamhrialta faoi Airteagal 25a(2) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, agus measadh nach raibh an Ghuine ag comhoibriú go leormhaith. Tá gá le feabhsuithe móra ar an gcomhar maidir le gach céim den phróiseas um athligean isteach, lena náirítear chun a áirithiú go gcomhoibreoidh an Ghuine go héifeachtach maidir le sainaithint, le heisiúint doiciméad taistil éigeandála agus le hoibríochtaí um fhilleadh ar bhealach tráthúil intuartha, i gcomhréir leis an socrú um athligean isteach.

(2)Tá dúshláin leanúnacha ann a mhéid a bhaineann le náisiúnaigh den Ghuine atá ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch na mBallstát a shainaithint agus a fhilleadh, mar gheall ar easpa freagartha agus easpa obair leantach ó údaráis na Guine ar iarrataí ar athligean isteach le haghaidh cásanna doiciméadaithe agus neamhdhoiciméadaithe chomh maith le deacrachtaí maidir le doiciméid taistil éigeandála a eisiúint, doiciméid nach gcuirtear ar fáil go minic fiú i gcásanna inar deimhníodh an náisiúntacht roimhe sin, agus le heagrú na noibríochtaí um fhilleadh ar eitiltí sceidealaithe agus cairtfhostaithe. Maidir leis na dúshláin sin, ba cheart a chur san áireamh freisin gurb iad Guinigh an tochtú náisiúntacht shainaitheanta is mó ó thaobh teacht isteach neamhrialta chuig an Aontas i measc na dtíortha a ndéantar measúnú orthu faoi Airteagal 25a(2) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, agus gur cruthaíodh riaráiste nach beag de chásanna um athligean isteach ina leith.

(3)Agus na céimeanna éagsúla a ghlac an Coimisiún go dtí seo chun feabhas a chur ar an leibhéal comhair ón nGuine i réimse an athligean isteach agus ar chaidreamh foriomlán an Aontais leis an tríú tír sin á gcur san áireamh, measann an Coimisiún nach bhfuil an Ghuine ag comhoibriú go leormhaith agus go bhfuil gá le gníomhaíocht dá bhrí sin.

(4)Dá bhrí sin, ba cheart cur i bhfeidhm forálacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 a chur ar fionraí maidir le náisiúnaigh den Ghuine atá faoi réir an cheanglais víosa de bhun Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 . Is é is cuspóir dó sin an Ghuine a spreagadh chun tabhairt faoi na gníomhaíochtaí is gá chun feabhas a chur ar an gcomhar maidir le cúrsaí athligean isteach.

(5)I gcomhréir le hAirteagal 25a(5), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, is iomchuí fionraíocht a leagan síos maidir leis an bhféidearthacht na ceanglais a tharscaoileadh i ndáil leis an bhfianaise dhoiciméadach atá le cur isteach ag iarratasóirí ar víosa dá dtagraítear in Airteagal 14(6), leis an tréimhse phróiseála ghinearálta 15 lá féilire dá dtagraítear in Airteagal 23(1) (lena neisiatar, mar thoradh air sin, cur i bhfeidhm na rialach lena gceadaítear síneadh suas le 45 lá ar a mhéad a chur leis an tréimhse sin i gcásanna aonair amháin, rud a chiallaíonn gur cheart 45 lá a bheith ina tréimhse chaighdeánach phróiseála), le heisiúint víosaí dul isteach iolrach i gcomhréir le hAirteagal 24(2) agus (2c), agus i ndáil le tarscaoileadh roghnach na táille víosa le haghaidh sealbhóirí pasanna taidhleoireachta agus seirbhíse i gcomhréir le hAirteagal 16(5), pointe (b).

(6)Níor cheart aon difear a dhéanamh leis an gCinneadh seo do chur i bhfeidhm Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 , lena leathnaítear an ceart chun saorghluaiseachta chuig baill teaghlaigh, gan beann ar a náisiúntacht, nuair a bhíonn siad ag taisteal chun dul chomh fada leis an saoránach den Aontas nó ag taisteal in éineacht leis. Níor cheart, dá réir sin, feidhm a bheith ag an gCinneadh seo maidir le baill teaghlaigh le saoránach den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leo ná le baill teaghlaigh le náisiúnach tríú tír a bhfuil ceart saorghluaiseachta aige atá coibhéiseach le ceart shaoránaigh an Aontais faoi chomhaontú idir an tAontas agus tríú tír.

(7)Ba cheart na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a bheith gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoin dlí idirnáisiúnta, lena náirítear a noibleagáidí mar thíortha óstacha d’eagraíochtaí idirrialtasacha idirnáisiúnta nó do chomhdhálacha idirnáisiúnta arna dtionól ag na Náisiúin Aontaithe nó ag eagraíochtaí idirrialtasacha idirnáisiúnta eile atá á nóstáil ag na Ballstáit. Dá réir sin, níor cheart feidhm a bheith ag an bhfionraíocht maidir le náisiúnaigh den Ghuine a dhéanann iarratas ar víosa a mhéid is gá sin chun go gcomhlíonfaidh Ballstáit a noibleagáidí mar thíortha óstacha d’eagraíochtaí den chineál sin nó do chomhdhálacha den chineál sin.

(8)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Cinneadh seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an gCinneadh seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(9)Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 11 ; Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(10)Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen 12 a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle 13 .

(11)Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen 14 a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle 15 .

(12)Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen 16 a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 17 .

(13)Maidir leis an gCipir, is gníomh atá sa Chinneadh seo lena gcuirtear le acquis Schengen nó a bhfuil baint ar shlí eile aige le acquis Schengen de réir bhrí Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.Beidh feidhm ag an gCinneadh seo maidir le náisiúnaigh den Ghuine atá faoi réir an cheanglais víosa de bhun Rialachán (AE) 2018/1806.

2.Ní bheidh feidhm ag an gCinneadh seo maidir le náisiúnaigh den Ghuine atá díolmhaithe ón gceanglas víosa faoi Airteagal 4 nó faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2018/1806.

3.Ní bheidh feidhm ag an gCinneadh seo maidir le náisiúnaigh den Ghuine a dhéanann iarratas ar víosa agus ar baill teaghlaigh iad le saoránach den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leo, nó ar baill teaghlaigh iad le náisiúnach tríú tír a bhfuil ceart saorghluaiseachta aige atá coibhéiseach le ceart shaoránaigh an Aontais faoi chomhaontú idir an tAontas agus tríú tír.

4.Beidh an Cinneadh seo gan dochar do na cásanna ina mbeidh Ballstát faoi cheangal ag oibleagáid faoin dlí idirnáisiúnta, is iad sin:

(a)mar thír óstach d’eagraíocht idirrialtasach idirnáisiúnta;

(b)mar thír óstach do chomhdháil idirnáisiúnta arna tionól ag na Náisiúin Aontaithe nó faoina gcoimirce nó ag eagraíochtaí idirrialtasacha idirnáisiúnta eile atá á nóstáil ag Ballstát nó faoina gcoimirce sin;

(c)faoi chomhaontú iltaobhach lena dtugtar pribhléidí agus díolúintí;

(d)de bhun Chonradh IdirRéitigh 1929 (Comhaontú na Lataráine) a tugadh i gcrích idir an Suí Naofa (Stát Chathair na Vatacáine) agus an Iodáil, arna leasú go deireanach.

Airteagal 2

Cuirfear cur i bhfeidhm na bhforálacha seo a leanas de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ar fionraí go sealadach:

(a)    Airteagal 14(6);

(b)    Airteagal 16(5), pointe (b);

(c)    Airteagal 23(1);

(d)    Airteagal 24(2) agus (2c).

Airteagal 3

Is chuig Ríocht na Beilge, Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cróite, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard‑Diúcacht Lucsamburg, an Ungáir, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne, agus Ríocht na Sualainne a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí), IO L 243, 15.9.2009, lch. 1.
(2)    Is éard atá sa ráta fillidh an líon náisiúnach tríú tír arna chur ar ais go héifeachtach tar éis ordú an tAontas a fhágáil, mar chéatadán den líon náisiúnach tríú tír ar eisíodh cinneadh um fhilleadh dóibh.
(3)    Is éard atá sa ráta eisiúna doiciméad taistil éigeandála an líon doiciméad taistil arna eisiúint ag tríú tíortha, mar chéatadán den líon iarrataí ar athligean isteach arna gcur isteach ag na Ballstáit.
(4)    Comhaontú Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, den pháirt eile, IO L 2023/2862, 28.12.2023.
(5)    Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle, IO L 303, 31.10.2012, lch. 1.
(6)    Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh an Aontais agus ag baill dá dteaghlaigh chun gluaiseacht agus cónaí a dhéanamh faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n‑aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).
(7)    EUCO 22/21 (17)
(8)    IO L 243, 15.9.2009, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2009/810/oj .
(9)    Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (códú) (IO L 303, 28.11.2018, lch. 39), ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1806/oj .
(10)    Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh an Aontais agus ag baill dá dteaghlaigh chun gluaiseacht agus cónaí a dhéanamh faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n‑aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2004/38/oj ).
(11)    Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec/2002/192/oj ).
(12)    IO L 176, 10.7.1999, lch. 36, ELI:  https://eur‑lex.europa.eu/legal‑content/GA/TXT/?uri=CELEX:21999A0710(02) .
(13)    Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec/1999/437/oj ).
(14)    IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(15)    Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec/2008/146/oj ).
(16)    IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(17)    Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a mhéid a bhaineann le deireadh a chur le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec/2011/350/oj ).