An Bhruiséil,10.7.2025

COM(2025) 377 final

2025/0200(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail Leasaithigh a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise (an Eilvéis) maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Baineann an togra seo le síniú an Phrótacail Leasaithigh a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise (an Eilvéis) maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta 1 (an Comhaontú).

Foráiltear leis an gComhaontú an bunús dlí chun faisnéis i dtaca le cuntais airgeadais a uathmhalartú go cómhalartach idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an Eilvéis, i gcomhréir leis an gComhchaighdeán Tuairiscithe (CRS) arna fhorbairt ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE). Cuirtear an caighdeán céanna chun feidhme laistigh den Aontas Eorpach faoi Threoir 2014/107/AE ón gComhairle 2 (DAC 2 – an chéad leasú ar Threoir 2011/16/AE 3 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais – DAC) 4 .

Formheasadh athruithe tábhachtacha ar CRS ar an leibhéal idirnáisiúnta an 26 Lúnasa 2022 5 agus cuirfear i bhfeidhm iad ón 1 Eanáir 2026. Le Treoir (AE) 2023/2226 ón gComhairle 6  (DAC8), cuireadh na hathruithe sin chun feidhme cheana laistigh den Aontas Eorpach agus beidh feidhm aici freisin ón 1 Eanáir 2026.

Leis na hathruithe, leathnaítear raon feidhme CRS chun a áirithiú go gcumhdaítear táirgí ríomh-airgid agus airgeadraí digiteacha bainc ceannais. Cuireann siad tuilleadh feabhais freisin ar na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus ar na torthaí tuairiscithe, d’fhonn inúsáidteacht faisnéise CRS a mhéadú le haghaidh riaracháin chánach agus na hualaigh ar institiúidí airgeadais a laghdú i gcás inar féidir sin.

Chun a áirithiú go ndéanfar an t‑uathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an Eilvéis a ailíniú leis an leagan den CRS a tugadh cothrom le dáta ón 1 Eanáir 2026, agus go leanfar den uathmhalartú sin dá réir, ba ghá leasuithe comhfhreagracha ar an gComhaontú a chaibidliú agus a chomhaontú.

I mí na Bealtaine 2018, cuireadh tús le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí ‘RGCS’) 7 .

Chun a áirithiú go léireofaí na nuashonruithe sin sa Chomhaontú, ba ghá na tagairtí do Threoir aisghairthe 95/46/CE a bhaint agus tagairtí do Rialachán (AE) 2016/679 a chur in ionad na dtagairtí sin. Tugadh na tagairtí do reachtaíocht náisiúnta na hEilvéise maidir le cosaint sonraí cothrom le dáta freisin an tráth céanna. Ina theannta sin, léiríonn na leasuithe sin cur i bhfeidhm leanúnach Chinneadh Leordhóthanachta an Aontais Eorpaigh maidir leis an Eilvéis 8 agus an Tuairim a eisíodh an 8 Iúil 2015 maidir le comhaontú an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (MECS) 9 .

Ar deireadh, in éagmais creat dlíthiúil a bheith ann cheana lena ndéantar foráil maidir le cúnamh frithpháirteach i mbailiú cánacha díreacha agus indíreacha idir an tAontas Eorpach agus an Eilvéis, d’iarr na Ballstáit go n‑áireofaí forálacha den sórt sin trí bhíthin leasuithe comhfhreagracha ar an gComhaontú.

Áirithítear aisghabháil éileamh CBL leis na forálacha a caibidlíodh, chun neamhchánachas a sheachaint agus calaois chánach a chomhrac ar bhealach atá ailínithe go dlúth le forálacha gaolmhara an chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Iorua maidir le comhar riaracháin, calaois a chomhrac agus éilimh a aisghabháil i réimse CBL 10 (an comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Iorua). Tá an comhaontú deireanach sin bunaithe ar Threoir 2010/24/AE 11 i ndáil le cúnamh maidir le haisghabháil idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (Treoir an Aontais Eorpaigh i ndáil le cúnamh maidir le haisghabháil). An tráth céanna, tá gealltanas sa chomhaontú a caibidlíodh féachaint ar chúnamh frithpháirteach maidir le héilimh chánach eile a aisghabháil laistigh de thréimhse 4 bliana i ndiaidh an chéad lá de mhí Eanáir tar éis an Prótacal Leasaitheach seo a shíniú.

Glacadh cinneadh ón gComhairle an 21 Bealtaine 2024 lena núdaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht lena leasaítear an Comhaontú a bhaineann le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise 12 .

Tionóladh roinnt babhtaí caibidlíochta agus thángthas ar chomhaontú sealadach i mí na Nollag 2024. Ina dhiaidh sin, rinne na Príomh-idirbheartaithe dréacht-téacs an Phrótacail Leasaithigh a inisiliú an 1 Aibreán 2025.

Cuireadh an Chomhairle ar an eolas ar bhonn leanúnach faoin dul chun cinn a rinneadh sna caibidlíochtaí sa Mheitheal um Cheisteanna Cánach agus sa Mheitheal Ardleibhéil. Go háirithe, roinneadh téacs an dréacht-Phrótacail Leasaithigh agus pléadh é leis na Ballstáit sular cuireadh inisealacha leis. Roinneadh an téacs ar cuireadh inisealacha leis le Parlaimint na hEorpa, mar aon le faisnéis faoin gcur i bhfeidhm sealadach a bhí beartaithe.

Measann an Coimisiún gur baineadh amach na cuspóirí a shocraigh an Chomhairle ina treoracha caibidlíochta agus go bhfuil an téacs a caibidlíodh inghlactha ag an Aontas.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais

Rinneadh leasú an Chomhaontaithe a chaibidliú i gcomhréir leis na treoracha cuimsitheacha caibidlíochta a ghlac an Chomhairle an 21 Bealtaine 2024.

Áirithítear leis an bPrótacal Leasaitheach a caibidlíodh go leanfaidh an comhaontú atá ann cheana idir an tAontas Eorpach agus an Eilvéis de bheith ailínithe le reachtaíocht an Aontais sa réimse céanna, go háirithe DAC arna leasú le DAC8.

I measc leasuithe eile, áirítear le DAC8 na hathruithe is déanaí ar CRS ECFE. I bhfianaise an dlúthchaidrimh sa réimse seo idir an tAontas Eorpach agus an Eilvéis, tá sé tábhachtach an comhar riaracháin lena n‑údaráis chánach i réimse an uathmhalartaithe faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais a neartú ar an gcaoi chéanna. Áirithítear leis an gComhaontú a thabhairt cothrom le dáta go tráthúil go leanfar leis an gcomhar riaracháin seo go réidh agus go héifeachtach tar éis an 1 Eanáir 2026.

Le leasuithe ar an gComhaontú cuirtear san áireamh beartais an Aontais i réimse an chomhraic i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, ós rud é go ndéanfar na gníomhaíochtaí maidir le Dícheall Cuí don Chustaiméir, a bheidh le déanamh ag na hInstitiúidí Airgeadais, d’fhonn an fhaisnéis i dtaca le cuntais airgeadais a bhailiú lena malartú faoin gComhaontú sin a ailíniú ar bhealach substaintiúil leo siúd atá le cur i bhfeidhm ag na hInstitiúidí Airgeadais céanna mar eintitis faoi oibleagáid de réir chreat dlíthiúil an Aontais Eorpaigh chun comhrac i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta.

Leis an bPrótacal Leasaitheach a caibidlíodh, cuirtear creat reachtach ar fáil le haghaidh cúnamh frithpháirteach idir an tAontas Eorpach agus an Eilvéis chun éilimh CBL a aisghabháil. Tá an creat sin ailínithe go dlúth leis an gcomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Iorua, comhaontú atá cosúil ina dhiaidh sin le Treoir an Aontais Eorpaigh maidir le hAisghabháil. Dá bhrí sin, leis an tionscnamh seo déantar comhar na mBallstát leis an Eilvéis a neartú i gcomhréir le acquis an Aontais Eorpaigh.

Cuirtear san áireamh sa Phrótacal Leasaitheach freisin beartais an Aontais i réimse urraim na gceart bunúsach, go háirithe maidir le cosaint sonraí pearsanta i gcás eis-sreabhadh na sonraí sin chuig tíortha nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad agus chuig tíortha nach tíortha LEE iad.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Cuirtear an togra seo faoi bhráid na Comhairle de bhun Airteagail 113 agus 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), i gcomhar le hAirteagal 218(5) CFAE agus an dara fomhír d’Airteagal 218(8) CFAE.

Maidir leis an bPrótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar chomhlíontacht cánach, ós rud é gurb iad príomhchuspóirí agus comhpháirteanna an phrótacail leasaithigh sin feabhas a chur ar an gcomhar riaracháin i réimse an chánachais dhírigh agus indírigh, lena n‑áirítear éilimh CBL a aisghabháil, is iad Airteagail 113 agus 115 CFAE an bunús dlí substainteach.

Foráiltear le hAirteagal 3(2) CFAE, mar aon leis na réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas a liostaítear in Airteagal 3(1) CFAE, go mbeidh ‘inniúlacht eisiach freisin ag an Aontas comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích nuair a fhorálfar dá thabhairt i gcrích i ngníomh reachtach de chuid an Aontais, nó nuair atá sé riachtanach chun a chumasú don Aontas a inniúlacht inmheánach a fheidhmiú, nó a mhéid ar dóigh dá thabhairt i gcrích difear a dhéanamh do na comhrialacha nó a raon feidhme a athrú’.

Faoi chásdlí na Cúirte Breithiúnais, féadfaidh comhaontú difear a dhéanamh do chomhrialacha nó a raon feidhme a athrú nuair a thagann sé faoi réimse a chumhdaítear den chuid is mó leis na rialacha sin cheana féin 13 .

A mhéid a bhaineann leis na codanna a bhaineann le CRS, áirítear sa Chomhaontú féin, in Airteagal 8, foráil lena gceanglaítear ar na Páirtithe Conarthacha dul i gcomhairle le chéile gach uair a ghlactar athrú tábhachtach ar leibhéal ECFE ar aon cheann d’eilimintí CRS. Foráiltear leis an Airteagal freisin go bhféadfar an Comhaontú a leasú trí phrótacal idir na Páirtithe Conarthacha tar éis na gcomhairliúchán sin. Ós rud é gur formheasadh athruithe tábhachtacha ar CRS laistigh de ECFE an 26 Lúnasa 2022, agus i gcomhréir le hinniúlacht eisiach an Aontais a eascraíonn as an gComhaontú atá ann cheana, cuireann an Prótacal Leasaitheach chun feidhme na hathruithe uile is gá chun na hathruithe comhfhreagracha ar CRS a léiriú. Foráiltear cur chun feidhme na n‑athruithe sin laistigh den Aontas trí bhíthin Threoir (AE) 2023/2226 ón gComhairle.

Cuimsiú forálacha maidir le cúnamh frithpháirteach lena n‑áirithítear éileamh CBL a aisghabháil, chun neamhchánachas a sheachaint agus calaois chánach a chomhrac, tagann sé faoi inniúlacht eisiach an Aontais chomh maith, rud atá bunaithe ar Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le hAisghabháil.

Comhréireacht

Urramaíonn an prótacal leasaitheach prionsabal na comhréireachta agus ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a chomhlíonadh maidir leis an gComhaontú a thabhairt cothrom le dáta, eadhon na hathruithe ar an gComhchaighdeán Tuairiscithe a thiocfaidh i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2026 a ionchorprú. Cuirfidh na leasuithe sin ar chumas na mBallstát leanúint d’uathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais leis an Eilvéis ar bhealach neamhbhriste, agus ar bhealach atá ailínithe le ceanglais nua CRS, mar atá ionchorpraithe cheana féin in DAC8.

San am céanna, ní théann na leasuithe ar an gComhaontú thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach i ndáil le creat comhchoiteann a sholáthar le haghaidh cúnamh frithpháirteach maidir le héilimh CBL idir an tAontas Eorpach agus an Eilvéis a aisghabháil. Cuirfidh na leasuithe sin ar chumas údaráis na mBallstát atá freagrach as éilimh CBL a bhailiú comhoibriú a dhéanamh le húdaráis chánach na hEilvéise ar an gcaoi chéanna agus a chomhoibríonn siad eatarthu féin san Aontas Eorpach bunaithe ar acquis an Aontais Eorpaigh.

An rogha ionstraime

Foráiltear le hAirteagal 218(5) CFAE go gcuirfidh an Coimisiún nó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála tograí faoi bhráid na Comhairle, a ghlacfaidh cinneadh lena n‑údarófar comhaontú idirnáisiúnta a shíniú agus a chur i bhfeidhm go sealadach. I bhfianaise ábhar an chomhaontaithe atá beartaithe, is iomchuí don Choimisiún togra a thíolacadh chuige sin.

3.TORTHAÍ Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Measúnú tionchair

I gcomhréir le huirlis 7 den Bhosca Uirlisí um Rialáil Níos Fearr 14 , níl gá le measúnú tionchair, inter alia, nuair nach mbíonn mórán rogha ná aon rogha ar bith ag an gCoimisiún sa chás lena mbaineann.

Comhlíontar an coinníoll sin sa chás seo toisc go bhfuil na leasuithe ar na Comhaontuithe atá ann cheana maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais ailínithe go hiomlán leis na hathruithe ar CRS a comhaontaíodh ar leibhéal ECFE agus atá ionchorpraithe cheana féin i ndlí an Aontais Eorpaigh trí bhíthin DAC8. A mhéid a bhaineann leis na leasuithe i ndáil le cúnamh frithpháirteach chun éilimh CBL a aisghabháil, tá siad ag ailíniú, a mhéid is féidir, le forálacha ábhartha an chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Iorua, lena ndéantar macasamhlú dá réir sin ar Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le hAisghabháil. Ar deireadh, níl i gceist leis na hathruithe ar chosaint sonraí ach tagairtí do reachtaíocht an Aontais Eorpaigh agus na hEilvéise maidir le cosaint sonraí a thabhairt cothrom le dáta.

Cearta bunúsacha

Leis an bPrótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú atá beartaithe, urramófar príomhluachanna an Aontais Eorpaigh mar a bhunaítear iad in Airteagal 2 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht ag an togra maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh.

5.EILIMINTÍ EILE

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Cumhdaítear na pointí seo a leanas leis na leasuithe atá beartaithe:

1. Leasuithe chun a áirithiú go ndéanfar an tuathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais idir Ballstáit agus an Eilvéis faoin gcomhaontú atá ann cheana a ailíniú leis an CRS a tugadh cothrom le dáta ón 1 Eanáir 2026 agus go leanfar den uathmhalartú sin dá réir

Leis na leasuithe atá beartaithe, leathnaítear raon feidhme an tuairiscithe chun táirgí airgeadais digiteacha nua a chur san áireamh, amhail Táirgí Ríomh-Airgid Sonraithe agus Airgeadraí Digiteacha Bainc Ceannais. San am céanna, d’fhonn feabhas a chur ar iontaofacht agus úsáid na faisnéise malartaithe, tugtar isteach leis na leasuithe ceanglais tuairiscithe níos mionsonraithe agus nósanna imeachta díchill chuí neartaithe.

Tá forálacha sna leasuithe freisin chun idirghníomhaíocht éifeachtúil a áirithiú idir CRS agus an Creat Tuairiscithe Cripteashócmhainní (CARF) ar leithligh a d’fhorbair ECFE 15 . Leis na forálacha sin, is féidir cásanna tuairiscithe dúblaigh a theorannú, agus uasmhéid solúbthachta oibríochta na nInstitiúidí Airgeadais Tuairiscithe atá faoi réir oibleagáidí faoin gCreat Tuairiscithe Cripteashócmhainní á choinneáil ar bun san am céanna.

Ar deireadh, léiríonn na leasuithe catagóir roghnach nua d’Institiúidí Airgeadais Neamh-Thuairiscithe le haghaidh fíor-eintitis neamhbhrabúis a oibríonn ar mhaithe le leas an phobail (Eintiteas Neamhbhrabúis Cáilithe), a sholáthraítear sna Tráchtaireachtaí a ghabhann leis an nuashonrú ar CRS. D’fheidhmigh an Eilvéis an rogha sin agus tá sí i mbun na sásraí dlíthiúla agus riaracháin a chur ar bun chun a áirithiú go ndeimhneofar go gcomhlíonann aon Eintiteas a éilíonn stádas Eintitis Neamhbhrabúis Cháilithe na coinníollacha ábhartha a leagtar síos sna Tráchtaireachtaí thuasluaite. Os a choinne sin, níor fheidhmigh Ballstáit an Aontais Eorpaigh an rogha sin, i gcomhréir le Treoir (AE) 2023/2226 ón gComhairle.

Déantar foráil maidir leis na ceanglais leasaithe sin maidir le tuairisciú agus uathmhalartú faisnéise laistigh de Theideal 1 agus Teideal 4. Beidh feidhm shealadach acu ón 1 Eanáir 2026.

2. Leasuithe chun forálacha dlíthiúla a chur san áireamh lena ndéantar foráil maidir le cúnamh chun éilimh CBL a aisghabháil

Leis na leasuithe atá beartaithe, bunaítear creat dlíthiúil nua maidir le cúnamh frithpháirteach lena n‑áiritheofar éileamh CBL idir na Ballstáit agus an Eilvéis a aisghabháil. San am céanna, gealltar in Airteagal 4s go bhfiosróidh na páirtithe leathnú an chúnaimh fhrithpháirtigh seo chuig éilimh chánach eile laistigh de thréimhse 4 bliana i ndiaidh an chéad lá de mhí Eanáir tar éis an Prótacal Leasaitheach seo a shíniú.

Mar a luadh, tá an creat caibidlithe fós ailínithe go dlúth le forálacha gaolmhara an chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Iorua, atá bunaithe ina dhiaidh sin ar Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le hAisghabháil. Áirítear ann, inter alia, forálacha maidir le fógra a thabhairt faoi dhoiciméid, bearta aisghabhála agus réamhchúraim, malartú faisnéise. Thairis sin, bunaítear le hAirteagal 4p Comhchoiste atá comhdhéanta d’ionadaithe ó na páirtithe conarthacha, a áiritheoidh feidhmiú agus cur chun feidhme cuí an Teidil a bhaineann le haisghabháil cánach. Níl ach cúpla athrú ann ón gcomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Iorua, go háirithe in Airteagal 4g (coinníollacha lena rialaítear iarraidh ar aisghabháil), in Airteagal 4m (teorainneacha le hoibleagáidí an údaráis iarrtha) agus in Airteagal 4o (costais).

Déantar foráil maidir leis na leasuithe sin laistigh de Theideal 2 nua. Beidh feidhm ag an gcreat tionscnaimh idir na Ballstáit agus an Eilvéis maidir le héilimh CBL a aisghabháil ón gcéad lá de mhí Eanáir den chéad bhliain, tar éis theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh maidir le héilimh chánach a thiocfaidh chun cinn tar éis an chéad lá de mhí Eanáir tar éis an Prótacal Leasaitheach a shíniú. Beidh feidhm shealadach ag an bhforáil a bhaineann le bunú an Chomhchoiste (Airteagal 4p) ón 1 Eanáir 2026.

3. Nuashonrú ar an tagairt dlí maidir le reachtaíocht um chosaint sonraí

Cuireadh tagairtí do RGCS in ionad na dtagairtí uile do Threoir 95/46/CE.

Sam céanna, tugadh an tagairt dhlíthiúil do reachtaíocht náisiúnta na hEilvéise maidir le cosaint sonraí cothrom le dáta leis an Acht Feidearálach um Chosaint Sonraí an 25 Meán Fómhair 2020 agus a reacht an 31 Lúnasa 2022.

Síniú agus téacs an Chomhaontaithe

Cuirtear téacs an Phrótacail Leasaithigh a ghabhann leis an gComhaontú faoi bhráid na Comhairle in éineacht leis an togra seo.

I gcomhréir leis na Conarthaí, is faoin gCoimisiún atá sé a áirithiú go síneofar an Prótacal Leasaitheach, faoi réir a thabhairt i gcrích tráth níos déanaí.

I gcomhréir leis na Conarthaí, is faoin gCoimisiún atá sé chomh maith fógra a thabhairt don Eilvéis go bhfuil sé ar intinn ag an Aontas na leasuithe a bhaineann leis na hairteagail seo a leanas den Chomhaontú, na hiarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú agus na dearbhuithe seo a leanas a chur i bhfeidhm go sealadach: Airteagal 1(1), fomhíreanna (m) agus (u); Airteagal 2; Airteagal 3; Airteagal 4p; Iarscríbhinn I; Iarscríbhinn III; agus Dearbhuithe Comhpháirteacha na bPáirtithe Conarthacha sa Chomhaontú.

2025/0200 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail Leasaithigh a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise (an Eilvéis) maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 113 agus 115, i gcomhar le hAirteagal 218(5) agus an dara fomhír d’Airteagal 218(8) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta 16 (‘an Comhaontú’), feabhsaíodh cúnamh frithpháirteach i gcúrsaí cánach idir na Páirtithe Conarthacha agus feabhsaíodh comhlíontacht cánach idirnáisiúnta.

(2)Formheasadh athruithe tábhachtacha ar an gComhchaighdeán Tuairiscithe (CRS) ar an leibhéal idirnáisiúnta an 26 Lúnasa 2022 17 agus tugadh isteach iad i reachtaíocht an Aontais leis an leasú ar Threoir 2011/16/AE ón gComhairle le Treoir (AE) 2023/2226 ón gComhairle 18 .

(3)An 21 Bealtaine 2024, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an Eilvéis chun an Comhaontú a leasú chun na hathruithe ar an gComhchaighdeán Tuairiscithe a formheasadh ar an leibhéal idirnáisiúnta a léiriú. Tugadh an chaibidlíocht i gcrích trí inisealacha a chur le Prótacal Leasaitheach.

(4)Leis an bPrótacal Leasaitheach, leathnaítear raon feidhme an tuairiscithe le haghaidh CRS chun táirgí airgeadais digiteacha nua a áireamh, amhail Táirgí Ríomh-Airgeadais Sonraithe agus Airgeadraí Digiteacha Bainc Ceannais agus, an tráth céanna, tugtar isteach ceanglais tuairiscithe níos mionsonraithe agus nósanna imeachta díchill chuí neartaithe. Tugtar isteach leis freisin forálacha maidir le cúnamh frithpháirteach i mbailiú cánacha díreacha agus indíreacha idir an tAontas Eorpach agus an Eilvéis agus tugtar cothrom le dáta na tagairtí dlíthiúla do reachtaíocht na bPáirtithe Conarthacha maidir le cosaint sonraí.

(5)Dá bhrí sin, ba cheart an Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú a shíniú thar ceann an Aontais.

(6)Ba cheart forálacha áirithe den Phrótacal Leasaitheach a chur i bhfeidhm go sealadach, go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

(7)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (CE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear síniú, thar ceann an Aontais, an Phrótacail Leasaithigh a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise (an Eilvéis) maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta, faoi réir thabhairt i gcrích an Phrótacail Leasaithigh 19 .

Airteagal 2

Na leasuithe a leagtar amach in Airteagal 1 den Phrótacal Leasaitheach a bhaineann leis na hairteagail seo a leanas den Chomhaontú, na hiarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú agus na dearbhuithe, cuirfear i bhfeidhm go sealadach iad, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den Phrótacal Leasaitheach, go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm:

Airteagal 1(1), fomhíreanna (m) agus (u);

Airteagal 2;

Airteagal 3;

Airteagal 4p;

Iarscríbhinn I;

Iarscríbhinn III;

Dearbhuithe Comhpháirteacha na bPáirtithe Conarthacha 20 .

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 385, 29.12.2004, lgh. 30 go 42. IO L 333, 19.12.2015, lgh. 12 go 49.
(2)    IO L 359 as 16. 12. 2014, lgh. 1-29.
(3)    IO L 64 as 11. 3, 2011, lgh. 1-12.
(4)    IO L 359, 16.12.2014, lch. 1-29.
(5)     https://www.oecd.org/en/publications/international-standards-for-automatic-exchange-of-information-in-tax-matters_896d79d1-en.html , leathanaigh 62 go 102.
(6)    Treoir (AE) 2023/2226 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (IO L, 24.10.2023)
(7)    IO L 119 as 4.5. 2016, lgh. 1-88.
(8)    Cinneadh 2000/518/CE an 26 Iúil 2000 de bhun Threoir 95/46/CE maidir le cosaint leordhóthanach sonraí pearsanta a sholáthraítear san Eilvéis.
(9)    https://edps.europa.eu/sites/edp/files/publication/15-07-08_eu_switzerland_en.pdf
(10)    IO L 195, 1.8.2018, lgh. 3-22
(11)    IO L 84, 31.3.2010, lgh. 1–12
(12)    Cinneadh (AE) 2024/1489 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2024 lena núdaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht lena leasaítear na Comhaontuithe a bhaineann le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise, Prionsacht Lichtinstéin, Prionsacht Andóra, Prionsacht Mhonacó agus Poblacht San Mairíne, faoi seach
(13)    Breithiúnas na Cúirte an 4 Meán Fómhair 2014, C-114/12, ECLI:AE:C:2014:2151, míreanna 69 agus 70.
(14)    https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/br_toolbox-nov_2021_en_0.pdf
(15)     https://www.oecd.org/en/publications/international-standards-for-automatic-exchange-of-information-in-tax-matters_896d79d1-en.html , lgh. 8 go 61.
(16)    IO L 385, 29.12.2004, lgh. 30 go 42. IO L 333, 19.12.2015, lgh. 12 go 49.
(17)     https://www.oecd.org/en/publications/international-standards-for-automatic-exchange-of-information-in-tax-matters_896d79d1-en.html , leathanaigh 62 go 102.
(18)    IO L, 24.10.2023 [ http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2226/oj ]
(19)    Foilsítear téacs an Phrótacail Leasaithigh a ghabhann leis an gComhaontú in IO L, [...].
(20)    An dáta óna gcuirfear na codanna den Phrótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú i bhfeidhm go sealadach, déanfar an dáta sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

An Bhruiséil,10.7.2025

COM(2025) 377 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an Togra le haghaidh

Cinneadh ón gComhairle































Cinneadh ón gComhairle

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail Leasaithigh a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise (an Eilvéis) maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta


PRÓTACAL LEASAITHEACH

a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta

TÁ AN tAONTAS EORPACH

agus

CÓNAIDHM NA hEILVÉISE, dár ngairtear ‘an Eilvéis’ anseo feasta,

dá ngairtear anseo feasta, ‘Páirtí Conarthach’, ina n‑aonar, agus ‘Páirtithe Conarthacha’, i gcomhpháirt,

DE BHRÍ go bhfuil dlúthchaidreamh seanbhunaithe ag na Páirtithe Conarthacha maidir le cúnamh frithpháirteach i gcúrsaí cánach, arb é a bhí ann, ar dtús, bearta atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos i dTreoir 2003/48/CE ón gComhairle 1 a chur i bhfeidhm, agus a forbraíodh ina dhiaidh sin sa Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta 2 (‘an Comhaontú’), arna leasú leis an bPrótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise lena bhforáiltear do bhearta atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos i dTreoir 2003/48/CE ón gComhairle maidir le cánachas ar ioncam ó choigiltis i bhfoirm íocaíochtaí úis 3 , bunaithe ar uathmhalartú faisnéise cómhalartach trí bhíthin Caighdeán um Malartú Uathoibríoch Faisnéise i dtaca le Cuntais Airgeadais i gCúrsaí Cánach (‘an Caighdeán Domhanda’) de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) a chur chun feidhme,

DE BHRÍ, tar éis chéad athbhreithniú cuimsitheach ECFE ar an gCaighdeán Domhanda, gur fhormheas Coiste ECFE um Ghnóthaí Fioscacha leasuithe ar an gCaighdeán Domhanda i mí Lúnasa 2022 agus gur ghlac Comhairle ECFE iad an 8 Meitheamh 2023 trína Moladh athbhreithnithe maidir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Malartú Uathoibríoch Faisnéise i gCúrsaí Cánach (‘an nuashonrú ar an gCaighdeán Domhanda’),

DE BHRÍ gur sainaithníodh in athbhreithniú cuimsitheach ECFE castacht mhéadaitheach na n‑ionstraimí airgeadais agus teacht chun cinn agus úsáid cineálacha nua sócmhainní digiteacha agus gur aithníodh an gá atá leis an gCaighdeán Domhanda a oiriúnú chun comhlíontacht cánach chuimsitheach agus éifeachtach a áirithiú,

DE BHRÍ gur leathnaíodh raon feidhme an tuairiscithe leis an nuashonrú ar an gCaighdeán Domhanda chun táirgí airgeadais digiteacha nua a chur san áireamh, amhail Táirgí Ríomh-Airgid Sonraithe agus Airgeadraí Digiteacha Bainc Ceannais, lena dtairgtear roghanna malartacha iontaofa ar Chuntais Airgeadais thraidisiúnta, atá faoi réir tuairisciú cheana féin faoin gCaighdeán Domhanda,

DE BHRÍ go bhfeidhmíonn Creat Tuairiscithe Cripteashócmhainní (‘CARF’) nua ECFE, a tugadh isteach i gcomhthráth leis an nuashonrú ar an gCaighdeán Domhanda, mar shásra comhlántach ar an leibhéal domhanda agus go bhfuil sé deartha go sonrach chun aghaidh a thabhairt ar fhorbairt agus fás tapa an mhargaidh Cripteashócmhainní,

DE BHRÍ gur measadh go raibh sé ríthábhachtach idirghníomhaíocht éifeachtúil a áirithiú idir an dá chreat sin, go háirithe chun teorainn a chur le cásanna tuairiscithe dúblaigh, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) Táirgí Ríomh-Airgid Sonraithe agus Airgeadraí Digiteacha Bainc Ceannais a eisiamh ó raon feidhme CARF, i bhfianaise a gcumhdaigh faoin gCaighdeán Domhanda a tugadh cothrom le dáta; (ii) breithniú a dhéanamh i dtaobh Cripteashócmhainní a thagann faoi raon feidhme an Chaighdeáin Dhomhanda a tugadh cothrom le dáta a bheith ina Sócmhainní Airgeadais chun Cuntais Chumhdaigh, Cothromas nó Leasanna Fiachais in Eintitis Infheistíochta a thuairisciú (ach amháin i gcásanna ina soláthraítear seirbhísí lena ndéantar idirbhearta malairte do chustaiméirí nó thar a gceann, a chumhdaítear faoi CARF, infheistíochtaí indíreacha i gCripteashócmhainní trí tháirgí airgeadais traidisiúnta eile nó táirgí airgeadais traidisiúnta a eisítear i gcripteafhoirm; agus (iii) foráil a dhéanamh maidir le foráil roghnach d’Institiúidí Airgeadais Tuairiscithe tuairisciú ollfháltais a mhúchadh le haghaidh sócmhainní a aicmítear mar Chripteashócmhainní faoin dá chreat, nuair a thuairiscítear faisnéis den sórt sin faoi CARF, agus leanúint san am céanna de gach faisnéis eile a thuairisciú faoin gCaighdeán Domhanda, amhail iarmhéid cuntais,

DE BHRÍ gur cuireadh CARF chun feidhme laistigh den Aontas Eorpach trí bhíthin Threoir (AE) 2023/2226 ón gComhairle 4 , lenar leasaíodh Treoir 2011/16/AE ón gComhairle 5 , agus na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2026, agus go bhfuil an Eilvéis tiomanta do CARF a chur chun feidhme ina reachtaíocht intíre agus do na forálacha sin a chur i bhfeidhm ón dáta céanna,

DE BHRÍ, d’fhonn teorainn a chur le cásanna tuairiscithe dúblaigh, gur cheart do na Páirtithe Conarthacha an dealú idir an Comhaontú, CARF agus Treoir (AE) 2023/2226 a chur i bhfeidhm ar bhealach atá comhsheasmhach leis an dealú idir an Caighdeán Domhanda a tugadh cothrom le dáta agus CARF,

DE BHRÍ, d’fhonn feabhas a chur ar iontaofacht agus úsáid na faisnéise malartaithe, go dtugtar isteach leis an nuashonrú ar an gCaighdeán Domhanda ceanglais tuairiscithe níos mionsonraithe agus nósanna imeachta díchill chuí neartaithe,

DE BHRÍ go gcuireann an nuashonrú ar an gCaighdeán Domhanda catagóir nua ‘Cuntas Eisiata’ le haghaidh Cuntais Ranníocaíochta Caipitil agus tairseach de minimis chun Cuntais Taisclainne ina bhfuil Táirgí Ríomh-Airgid Sonraithe a thuairisciú,

DE BHRÍ go n‑áirítear sna Tráchtairí ar an nuashonrú ar an gCaighdeán Domhanda catagóir roghnach nua ‘Institiúid Airgeadais Neamh-Thuairiscithe’ le haghaidh fíor-eintitis neamhbhrabúis a oibríonn ar mhaithe le leas an phobail (‘Eintiteas Neamhbhrabúis Cáilithe’) agus go dtugann siad sainordú, chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le himchéimniú féideartha ar thuairisciú, gur cheart cur i bhfeidhm na rogha sin a bheith faoi réir nósanna imeachta fíorúcháin leordhóthanacha le haghaidh gach Eintitis ag údarás de chuid na dlínse ina bhfuil an tEintiteas sin faoi réir tuairiscithe ar shlí eile,

DE BHRÍ gur mhaith leis an Eilvéis an rogha a fheidhmiú chun an chatagóir nua ‘Eintiteas Neamhbhrabúis Cáilithe’ a chur san áireamh agus go bhfuil sí i mbun na sásraí dlíthiúla agus riaracháin a chur ar bun chun a áirithiú go ndeimhneofar go gcomhlíonann aon Eintiteas a éilíonn stádas ‘Eintiteas Neamhbhrabúis Cáilithe’ na coinníollacha ábhartha sula gcaitear leis an Eintiteas sin mar Institiúid Airgeadais Neamh-Thuairiscithe san Eilvéis,

DE BHRÍ nach bhfeidhmeoidh na Ballstáit, i gcomhréir le Treoir (AE) 2023/2226, an rogha an chatagóir nua ‘Eintiteas Neamhbhrabúis Cáilithe’ a áireamh, agus nach ndéanfaidh stádas Eintitis mar ‘Eintiteas Neamhbhrabúis Cáilithe’ san Eilvéis difear do stádas na nEintiteas sin sna Ballstáit, má mheastar ansin gur Institiúidí Airgeadais Tuairiscithe iad na hEintitis sin,

DE BHRÍ gur mian leis na Ballstáit agus leis an Eilvéis a áirithiú go mbaileofar cáin bhreisluacha (CBL) agus go n‑aisghabhfar éilimh CBL chun neamhchánachas a sheachaint agus chun calaois CBL a chomhrac,

DE BHRÍ go gcuirfidh na Páirtithe Conarthacha a ndlíthe agus a gcleachtais cosanta sonraí féin i bhfeidhm – go háirithe i gcás na hEilvéise, an tAcht Feidearálach um Chosaint Sonraí an 25 Meán Fómhair 2020 6 agus a reacht an 31 Lúnasa 2022 7 agus, i gcás an Aontais Eorpaigh, Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 – maidir le próiseáil sonraí pearsanta a mhalartaítear i gcomhréir leis an gComhaontú agus go ngeallfaidh siad fógra a thabhairt dá chéile gan aon mhoill mhíchuí i gcás aon athrú ar shubstaint na ndlíthe agus na gcleachtas sin,

DE BHRÍ go luaitear i gCinneadh 2000/518/CE 9 ón gCoimisiún, maidir leis na gníomhaíochtaí uile a thagann faoi raon feidhme Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 , go meastar go gcuireann an Eilvéis leibhéal leordhóthanach cosanta ar fáil do shonraí pearsanta a aistrítear ón Aontas Eorpach,

DE BHRÍ go ndeimhnítear sa tuarascáil ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2024 chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an gcéad athbhreithniú ar fheidhmiú na gcinntí leordhóthanachta arna nglacadh de bhun Airteagal 25(6) de Threoir 95/46/CE 11 go leanann an Eilvéis de leibhéal leordhóthanach cosanta a sholáthar do shonraí pearsanta a aistrítear ón Aontas Eorpach,

DE BHRÍ go bhfuil an méid seo a leanas i bhfeidhm ag na Ballstáit agus ag an Eilvéis: (i) coimircí iomchuí chun a áirithiú go bhfanfaidh an fhaisnéis a gheofar de bhun an Chomhaontaithe faoi rún agus nach n‑úsáidfear í ach amháin ag na daoine nó ag na húdaráis lena mbaineann agus chun críocha measúnachta, bailithe nó aisghabhála, forfheidhmithe nó ionchúisimh, nó chun achomhairc a chinneadh maidir le cánacha, nó formhaoirsiú ar na nithe sin, agus chun críocha údaraithe eile chomh maith; agus (ii) an bonneagar le haghaidh caidreamh malartaithe éifeachtach (lena n‑áirítear próisis bhunaithe chun malartuithe faisnéise tráthúla, cruinne, slána agus rúnda, cumarsáid éifeachtach iontaofa, agus cumais chun ceisteanna agus ábhair imní maidir le malartuithe nó iarrataí ar mhalartuithe a réiteach go pras a áirithiú agus forálacha Airteagal 4 den Chomhaontú a riar),

DE BHRÍ go bhfuil próiseáil faisnéise faoin gComhaontú riachtanach agus comhréireach chun a chur ar chumas riaracháin chánach na mBallstát agus na hEilvéise na cáiníocóirí lena mbaineann a shainaithint i gceart agus go haonchiallach, a ndlíthe cánach a riar agus a fhorfheidhmiú i gcásanna trasteorann, measúnú a dhéanamh ar an dóchúlacht go ndéanfar imghabháil cánach agus tuilleadh imscrúduithe nach bhfuil gá leo a sheachaint,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Leasaítear an Comhaontú mar a leanas:

(1)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais agus cúnamh frithpháirteach chun éilimh a aisghabháil chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta’;

(2)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh idir an teideal agus an fhoclaíocht ‘TAR ÉIS AONTÚ AN COMHAONTÚ SEO A LEANAS A THABHAIRT I gCRÍCH:’:

‘TÁ AN tAONTAS EORPACH,

agus

CÓNAIDHM NA hEILVÉISE, dár ngairtear ‘an Eilvéis’ anseo feasta,

dá ngairtear anseo feasta, ‘Páirtí Conarthach’, ina n‑aonar, agus ‘Páirtithe Conarthacha’, i gcomhpháirt,’;

(3)    cuirtear an brollach seo a leanas isteach roimh an bhfoclaíocht ‘TAR ÉIS AONTÚ AN COMHAONTÚ SEO A LEANAS A THABHAIRT I gCRÍCH:’:

‘D’FHONN an Caighdeán ECFE maidir le hUathmhalartú Faisnéise i dtaca le Cuntais Airgeadais (‘an Caighdeán Domhanda’) a chur chun feidhme, faoi chuimsiú comhair lena gcuirtear leasanna dlisteanacha an dá Pháirtí Chonarthacha san áireamh,

DE BHRÍ go bhfuil dlúthchaidreamh seanbhunaithe ag na Páirtithe Conarthacha maidir le cúnamh frithpháirteach i gcúrsaí cánach, arb é a bhí ann, ar dtús, an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise lena bhforáiltear do bhearta atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos i dTreoir 2003/48/CE ón gComhairle maidir le cánachas ar ioncam ó choigilteas i bhfoirm íocaíochtaí úis, arna dhéanamh i Lucsamburg an 26 Deireadh Fómhair 2004* (‘an Comhaontú maidir le Coigiltis’),

DE BHRÍ gur chuir na Páirtithe Conarthacha leis an gcaidreamh sin tríd an bPrótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise a thabhairt i gcrích lena bhforáiltear do bhearta atá coibhéiseach leis na bearta a leagtar síos i dTreoir 2003/48/CE ón gComhairle maidir le cánachas ar ioncam ó choigilteas i bhfoirm íocaíochtaí úis, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 27 Bealtaine 2015** (‘Prótacal Leasaitheach an 27 Bealtaine 2015’), lenar cruthaíodh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta (‘an Comhaontú maidir leis an gCaighdeán Domhanda’), bunaithe ar uathmhalartú faisnéise cómhalartach faoi réir rúndachta agus cosaintí áirithe eile, lena n‑áirítear forálacha lena dteorannaítear úsáid na faisnéise a mhalartaítear,

DE BHRÍ gur cuireadh Prótacal Leasaitheach an 27 Bealtaine 2015 in ionad fhorálacha an Chomhaontaithe maidir le Coigiltis agus, san am céanna, ag coinneáil forálacha Airteagal 15 de maidir le híocaíochtaí díbhinní, úis agus ríchíosa idir cuideachtaí, agus iad á n‑athuimhriú mar Airteagal 9 den Chomhaontú maidir leis an gCaighdeán Domhanda,

DE BHRÍ, tar éis chéad athbhreithniú cuimsitheach ECFE ar an gCaighdeán Domhanda, gur tugadh an Caighdeán Domhanda cothrom le dáta leis an Moladh athbhreithnithe ó Chomhairle ECFE maidir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Malartú Uathoibríoch Faisnéise i gCúrsaí Cánach an 8 Meitheamh 2023 (‘an nuashonrú ar an gCaighdeán Domhanda’) trí, inter alia, táirgí áirithe ríomh-airgid agus airgeadraí digiteacha bainc ceannais a chomhtháthú i raon feidhme an tuairiscithe faoin gCaighdeán Domhanda, cripteashócmhainní a mheas mar shócmhainní airgeadais, agus san am céanna, tuairisciú dúblach leis an gCreat Tuairiscithe Cripteashócmhainní á sheachaint, agus ceanglais tuairiscithe níos mionsonraithe agus nósanna imeachta díchill chuí neartaithe á dtabhairt isteach,

DE BHRÍ, tar éis nuashonrú a dhéanamh ar an gCaighdeán Domhanda, gur leasaíodh an Comhaontú maidir leis an gCaighdeán Domhanda trí bhíthin an Phrótacail Leasaithigh a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta, arna dhéanamh in … [áit an tsínithe] an … [dáta an tsínithe] (‘Prótacal Leasaitheach an … [dáta an tsínithe]’), a raibh feidhm shealadach ag forálacha áirithe de ón 1 Eanáir 2026 agus lenar athraíodh teideal an Chomhaontaithe maidir leis an gCaighdeán Domhanda go ‘Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais agus cúnamh frithpháirteach chun éilimh a aisghabháil chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta’ (‘an Comhaontú’),

DE BHRÍ gur mhian leis an Aontas Eorpach agus leis an Eilvéis, trí bhíthin Phrótacal Leasaitheach an … [dáta an tsínithe], a gcomhar a threisiú i réimse bhailiú na cánach breisluacha (CBL) agus aisghabháil éileamh CBL chun neamhchánachas a sheachaint agus chun calaois CBL a chomhrac,

DE BHRÍ go gcuirfidh na Páirtithe Conarthacha a ndlíthe agus a gcleachtais cosanta sonraí féin i bhfeidhm – go háirithe i gcás na hEilvéise, an tAcht Feidearálach um Chosaint Sonraí an 25 Meán Fómhair 2020*** agus a reacht an 31 Lúnasa 2022**** agus, i gcás an Aontais Eorpaigh, Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***** – maidir le próiseáil sonraí pearsanta a mhalartaítear i gcomhréir leis an gComhaontú agus go ngeallfaidh siad fógra a thabhairt dá chéile gan aon mhoill mhíchuí i gcás aon athrú ar shubstaint na ndlíthe agus na gcleachtas sin,

DE BHRÍ go luaitear i gCinneadh 2000/518/CE****** ón gCoimisiún, maidir leis na gníomhaíochtaí uile a thagann faoi raon feidhme Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*******, go meastar go gcuireann an Eilvéis leibhéal leordhóthanach cosanta ar fáil do shonraí pearsanta a aistrítear ón Aontas Eorpach,

DE BHRÍ go ndeimhnítear sa tuarascáil ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2024 chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an gcéad athbhreithniú ar fheidhmiú na gcinntí leordhóthanachta arna nglacadh de bhun Airteagal 25(6) de Threoir 95/46/CE******** go leanann an Eilvéis de leibhéal leordhóthanach cosanta a chur ar fáil do shonraí pearsanta a aistrítear ón Aontas Eorpach,

DE BHRÍ go bhfuil an méid seo a leanas i bhfeidhm ag na Ballstáit agus ag an Eilvéis: (i) coimircí iomchuí chun a áirithiú go bhfanfaidh an fhaisnéis a gheofar de bhun an Chomhaontaithe faoi rún agus nach n‑úsáidfear í ach amháin ag na daoine nó ag na húdaráis lena mbaineann agus chun críocha measúnachta, bailithe nó aisghabhála, forfheidhmithe nó ionchúisimh, nó chun achomhairc a chinneadh maidir le cánacha, nó formhaoirsiú ar na nithe sin, agus chun críocha údaraithe eile chomh maith; agus (ii) an bonneagar le haghaidh caidreamh malartaithe éifeachtach (lena n‑áirítear próisis bhunaithe chun malartuithe faisnéise tráthúla, cruinne, slána agus rúnda, cumarsáid éifeachtach iontaofa, agus cumais chun ceisteanna agus ábhair imní maidir le malartuithe nó iarrataí ar mhalartuithe a réiteach go pras a áirithiú agus forálacha Airteagal 4 den Chomhaontú a riar),

DE BHRÍ go bhfuil catagóirí na nInstitiúidí Airgeadais Tuairiscithe agus an Chuntais Intuairiscithe a chumhdaítear leis an gComhaontú ceaptha teorainn a chur leis na deiseanna atá ag cáiníocóirí a sheachaint go ndéanfar tuairisciú orthu trí shócmhainní a aistriú chuig Institiúidí Airgeadais nó trí infheistíocht a dhéanamh i dtáirgí airgeadais atá lasmuigh de raon feidhme an Chomhaontaithe,

DE BHRÍ gur cheart Institiúidí Airgeadais agus cuntais áirithe, a mbaineann riosca íseal leo go n‑úsáidfear iad chun cáin a imghabháil, gur cheart iad a eisiamh ó raon feidhme chatagóirí na hInstitiúide Airgeadais Tuairiscithe agus an Chuntais Intuairiscithe a chumhdaítear leis an gComhaontú,

DE BHRÍ gur cheart go mbainfeadh an fhaisnéis airgeadais a cheanglaítear a thuairisciú agus a mhalartú ní hamháin leis an ioncam ábhartha uile (úis, díbhinní agus cineálacha comhchosúla ioncaim) ach le hiarmhéideanna cuntais agus fáltais díola ó Shócmhainní Airgeadais freisin, chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina bhféachann cáiníocóir le caipiteal a cheilt arb ionann é ann féin agus ioncam nó sócmhainní a ndearnadh imghabháil cánach ina leith,

DE BHRÍ go bhfuil próiseáil faisnéise faoin gComhaontú mar sin riachtanach agus comhréireach chun a chur ar chumas riaracháin chánach na mBallstát agus na hEilvéise na cáiníocóirí lena mbaineann a shainaithint i gceart agus go haonchiallach, a ndlíthe cánach a riar agus a fhorfheidhmiú i gcásanna trasteorann, measúnú a dhéanamh ar an dóchúlacht go ndéanfar imghabháil cánach agus tuilleadh imscrúduithe nach bhfuil gá leo a sheachaint,

__________

*    IO L 385, 29.12.2004, lch. 30.

**    IO L 333, 19.12.2015, lch. 12.

***    RS 235.1.

****    RS 235.11.

*****    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

******    Cinneadh 2000/518/CE ón gCoimisiún an 26 Iúil 2000 de bhun Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint leordhóthanach sonraí pearsanta arna soláthar san Eilvéis (IO AE L 215, 25.8.2000, lch. 1).

*******    Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO AE L 281, 28.11.1995, lch. 31).

********    COM(2024) 7 final.’;

(4)    in Airteagal 1(1), cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

‘(m)    ciallaíonn an téarma ‘Creat Tuairiscithe Cripteashócmhainní’ an creat idirnáisiúnta le haghaidh uathmhalartú faisnéise i ndáil le Cripteashócmhainní (lena náirítear na Tráchtaireachtaí) a d’fhorbair ECFE le tíortha G20 agus a d’fhormheas ECFE an 26 Lúnasa 2022.

(n)    ciallaíonn ‘CBL’, i gcás an Aontais Eorpaigh, cáin bhreisluacha de réir bhrí Threoir 2006/112/CE ón gComhairle* nó, i gcás na hEilvéise, cáin bhreisluacha de réir bhrí Acht Feidearálach an 12 Meitheamh 2009 maidir le Cáin Bhreisluacha**.

(o)    ciallaíonn ‘Stát’ Ballstát nó an Eilvéis.

(p)    ciallaíonn ‘Stáit’ na Ballstáit agus an Eilvéis.

(q)    ciallaíonn ‘lároifig idirchaidrimh’ an oifig arna hainmniú de bhun Airteagal 4c(1) atá freagrach as teagmhálacha chun Teideal 2 a chur i bhfeidhm.

(r)    ciallaíonn ‘údarás is iarratasóir’ an lároifig idirchaidrimh a dhéanann iarraidh faoi Theideal 2.

(s)    ciallaíonn ‘údarás iarrtha’ an lároifig idirchaidrimh a fhaigheann iarraidh faoi Theideal 2.

(t)     ciallaíonn ‘duine’, chun críocha Theideal 2 a chur i bhfeidhm:

(i)    duine nádúrtha;

(ii)    duine dlítheanach;

(iii)    i gcás ina bhforáiltear leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm, do chomhlachas daoine a aithníodh go bhfuil sé de chumas acu gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh ach nach bhfuil an stádas dlíthiúil de dhuine dlítheanach acu; nó

(iv)    aon socrú dlíthiúil eile, cibé cineál agus foirm atá i gceist, a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige nó nach bhfuil, atá faoi réir CBL nó atá faoi dhliteanas na néileamh dá dtagraítear in Airteagal 4b a íoc;

(u)    ciallaíonn ‘Comhchoiste’ an coiste atá freagrach as feidhmiú agus cur chun feidhme cuí Theideal 2 a áirithiú de bhun Airteagal 4p;

(v)    ciallaíonn ‘trí mheán leictreonach’ úsáid a bhaint as trealamh leictreonach le haghaidh próiseáil sonraí (lena náirítear comhbhrú digiteach) agus stóráil sonraí, agus úsáid a bhaint as sreanga, tarchur raidió, teicneolaíochtaí optúla nó aon mheán leictreamaighnéadach eile.

__________

*    Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir le comhchóras cánach breisluacha (IO AE L 347, 11.12.2006, lch. 1).’;

**    RS 641.20.

(5)    cuirtear an ceannteideal seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 1:

‘TEIDEAL 1

UATHMHALARTÚ FAISNÉISE’;

(6)    Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)    leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhíreanna (a) agus (b):

‘(a)    na nithe seo a leanas:

(i)    ainm, seoladh, UAC(anna) agus dáta breithe agus áit bhreithe (i gcás duine aonair) gach Duine Intuairiscithe ar Sealbhóir Cuntais an chuntais é agus cibé acu atá nó nach bhfuil féindeimhniúchán bailí soláthartha ag an Sealbhóir Cuntais;

(ii)    maidir le haon Eintiteas ar Sealbhóir Cuntais é agus, tar éis na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí i gcomhréir le Iarscríbhinní I agus II a chur i bhfeidhm, go sainaithnítear go bhfuil Duine Rialaithe amháin nó níos mó aige ar Duine Intuairiscithe é, ainm, seoladh agus UAC(anna) an Eintitis agus ainm, seoladh, UAC(anna) agus dáta breithe agus áit bhreithe gach Duine Intuairiscithe, chomh maith leis an ról/na róil atá acu ar dá bhua/dá mbua is Duine Rialaithe de chuid an Eintitis gach Duine Intuairiscithe agus cibé acu a soláthraíodh nó nár soláthraíodh féindeimhniúchán bailí do gach Duine Intuairiscithe; agus

(iii)    cibé acu is comhchuntas é an cuntas nó nach ea, lena náirítear líon na gComhshealbhóirí Cuntais.

(b)    uimhir an chuntais (nó a coibhéis fheidhmiúil in éagmais uimhir chuntais), an cineál cuntais agus cibé acu is Cuntas atá ann cheana é an cuntas nó Cuntas Nua;’;

(ii)    scriostar an téarma ‘agus’ ag deireadh fhomhír (f);

(iii)    cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh fhomhír (f):

‘(fa)    i gcás aon Leas Cothromais arna shealbhú in Eintiteas Infheistíochta ar socrú dlíthiúil é, an ról ar dá bhua sin is sealbhóir Leasa Cothromais é an Duine Intuairiscithe; agus’;

(b)    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘3.    D’ainneoin mhír 2, fomhír (e), pointe (ii), agus mura rud é gur roghnaigh an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe a mhalairt faoi Roinn I(F) d’Iarscríbhinn I maidir le haon ghrúpa cuntas a shainaithnítear go soiléir, na hollfháltais ó Shócmhainn Airgeadais a dhíol nó a fhuascailt, ní cheanglaítear iad a mhalartú a mhéid a dhéanann Údarás Inniúil na hEilvéise na hollfháltais sin ó dhíol nó ó fhuascailt na Sócmhainní Airgeadais sin a mhalartú le hÚdarás Inniúil Ballstáit nó ag Údarás Inniúil Ballstáit le hÚdarás Inniúil na hEilvéise faoin gCreat Tuairiscithe Cripteashócmhainní.’;

(7)    Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)    cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

‘3a.    D’ainneoin mhír 3, maidir le cuntais a ndéileáiltear leo mar Chuntas Intuairiscithe de bhua na leasuithe ar an gComhaontú seo arna ndéanamh le Prótacal Leasaitheach an … [dáta an tsínithe], agus dá bhua sin amháin, agus, maidir leis na Cuntais Intuairiscithe go léir, i dtaca leis an bhfaisnéis bhreise atá le malartú de bhun na nathruithe a rinneadh ar Airteagal 2(2) faoin bPrótacal Leasaitheach sin, tá faisnéis le malartú i leith na chéad bhliana amhail ó dháta chur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail Leasaithigh sin agus gach bliain ina dhiaidh sin.

3b.    D’ainneoin mhíreanna 3 agus 3a, maidir le gach Cuntas Intuairiscithe a choimeádann Institiúid Airgeadais Tuairiscithe ón 31 Nollaig roimh dháta chur i bhfeidhm sealadach Phrótacal Leasaitheach an … [dáta an tsínithe] agus le haghaidh tréimhsí tuairiscithe dar críoch an dara bliain féilire tar éis an dáta sin, tá faisnéis maidir leis an ról/na róil ar dá bhua/dá mbua a bhfuil gach Duine Intuairiscithe ina Dhuine Rialaithe nó ina shealbhóir Leasa Chothromais de chuid an Eintitis le malartú i gcás ina dtuairisceoidh an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe í i gcomhréir le Roinn I, fomhíreanna A(1)(b) agus A(6a), d’Iarscríbhinn I.’;

(b)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.    Déanfaidh na hÚdaráis Inniúla an fhaisnéis a thuairiscítear in Airteagal 2 a mhalartú go huathoibríoch i scéimre comhchaighdeáin tuairiscithe i dTeanga Mharcála Inbhreisithe trí úsáid a bhaint as an gComhchóras Tarchurtha arna fhormheas ag ECFE nó as aon chóras iomchuí eile do tharchur sonraí a d’fhéadfaí a chomhaontú amach anseo.’;

(c)    scriostar mír 5;

(8)    cuirtear an teideal seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 4:

‘TEIDEAL 2

CÚNAMH MAIDIR LE hAISGHABHÁIL

Caibidil 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 4a

Cuspóir

Is é is cuspóir don Teideal seo creat a bhunú le haghaidh cúnamh maidir le haisghabháil idir na Ballstáit agus an Eilvéis, chun a chur ar chumas na n‑údarás atá freagrach as reachtaíocht CBL a chur i bhfeidhm cúnamh a thabhairt dá chéile chun comhlíonadh na reachtaíochta sin a áirithiú agus chun ioncam CBL a chosaint.

Airteagal 4b

Raon feidhme

1.    Leagtar síos leis an Teideal seo rialacha agus nósanna imeachta maidir le comhar chun na héilimh seo a leanas a aisghabháil:

(a)    éilimh a bhaineann le CBL;

(b)    pionóis riaracháin, lena náirítear fíneálacha, táillí agus formhuirir, a bhaineann leis na héilimh dá dtagraítear i bhfomhír (a) pionóis riaracháin arna bhforchur ag na húdaráis riaracháin atá inniúil CBL a thobhach nó fiosrúcháin riaracháin a dhéanamh ina leith, nó pionóis riaracháin arna ndearbhú ag comhlachtaí riaracháin nó breithiúnacha arna iarraidh sin do na húdaráis riaracháin sin; agus

(c)    ús agus costais a bhaineann leis na héilimh dá dtagraítear i bhfomhíreanna (a) agus (b).

2.    Ní dhéanfaidh an Teideal seo difear do chur i bhfeidhm na rialacha maidir le cúnamh chun éilimh a aisghabháil i réimse CBL idir na Ballstáit.

Airteagal 4c

Eagraíocht

1.    Ainmneoidh gach Stát lároifig idirchaidrimh amháin a bheidh freagrach as an Teideal seo den Chomhaontú a chur i bhfeidhm. Go dtí go bhfógrófar a mhalairt, is iad lároifigí idirchaidrimh na mBallstát na lároifigí idirchaidrimh arna nainmniú le haghaidh cúnamh maidir le haisghabháil idir na Ballstáit. Cuirfidh an Eilvéis a lároifig idirchaidrimh in iúl don Chomhchoiste.

2.    Cuirfidh gach Stát an Comhchoiste ar an eolas faoi aon athrú ábhartha a bhaineann leis an lároifig idirchaidrimh ainmnithe. Cuirfidh an Comhchoiste an fhaisnéis a fhaightear in iúl do na Ballstáit agus don Eilvéis.

Caibidil 2

Malartú faisnéise

Airteagal 4d

Iarraidh ar fhaisnéis

1.    Tá feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 5(1), (2), (3) agus (4) chun críocha an Teidil seo.

2.    Déanfar iarraidh ar fhaisnéis trí úsáid a bhaint as an gComhchóras Tarchurtha arna fhormheas ag ECFE nó as aon chóras iomchuí eile do tharchur sonraí a d’fhéadfaí a chomhaontú amach anseo.

Caibidil 3

Fógra a thabhairt faoi dhoiciméid

Airteagal 4e

Modhanna chun fógra a thabhairt

Féadfaidh údarás inniúil atá bunaithe i Stát fógra a thabhairt faoi aon doiciméad, a bhaineann le héileamh dá dtagraítear in Airteagal 4b nó a bhaineann lena aisghabháil, go díreach tríd an bpost, tríd an bpost cláraithe nó trí mhodhanna leictreonacha, do dhuine i Stát eile a bhfuil feidhm ag an Teideal seo ina chríoch.

Caibidil 4

Bearta aisghabhála nó bearta réamhchúraim

Airteagal 4f

Iarraidh ar aisghabháil

1.    Arna iarraidh sin don údarás is iarratasóir, aisghabhfaidh an túdarás iarrtha éilimh dá dtagraítear in Airteagal 4b atá faoi réir ionstraim lena gceadaítear forghníomhú i Stát an údaráis is iarratasóir. Déanfar iarraidh ar aisghabháil trí úsáid a bhaint as an gComhchóras Tarchurtha arna fhormheas ag ECFE nó as aon chóras iomchuí eile do tharchur sonraí a d’fhéadfaí a chomhaontú amach anseo.

2.    A luaithe a bheidh eolas ag an údarás is iarratasóir maidir le haon fhaisnéise ábhartha a bhaineann leis an ábhar ba chúis leis an iarraidh ar aisghabháil, cuirfidh sé ar aghaidh chuig an údarás iarrtha í.

Airteagal 4g

Coinníollacha lena rialaítear iarraidh ar aisghabháil

1.    Ní fhéadfaidh an túdarás is iarratasóir iarraidh ar aisghabháil a dhéanamh má chonspóidtear, agus fad a chonspóidtear, an téileamh nó an ionstraim lena gceadaítear a fhorghníomhú i Stát an údaráis is iarratasóir, cé is moite de na cásanna ina bhfuil feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 4j(4).

2.    Sula ndéanfaidh an túdarás is iarratasóir iarraidh ar aisghabháil,

(a)    cuirfear i bhfeidhm nósanna imeachta iomchuí um aisghabháil atá ar fáil i Stát an údaráis is iarratasóir, ach amháin i gcás inar léir nach bhfuil aon sócmhainn le haisghabháil sa Stát sin nó nach mbeidh íocaíocht an éilimh ina iomláine mar thoradh ar nósanna imeachta den sórt sin, agus go bhfuil faisnéis ag an údarás is iarratasóir a thugann le fios go bhfuil sócmhainní ag an duine lena mbaineann i Stát an údaráis iarrtha; agus

(b)    déanfar cúnamh iomchuí maidir le haisghabháil atá ar fáil i Stát an údaráis is iarratasóir a lorg ó dhlínsí a bhfuil sé d’oibleagáid orthu cúnamh maidir le haisghabháil atá comhchosúil leis an Teideal seo a sholáthar, má tá tásc soiléir ann maidir leis na sócmhainní atá ar fáil sa dlínse sin agus más dócha go níocfar an téileamh ina iomláine mar thoradh ar chúnamh maidir le haisghabháil.

Ní gá dul i muinín nósanna imeachta um aisghabháil agus cúnamh den sórt sin atá ar fáil i Stát an údaráis is iarratasóir a mhéid a d’eascródh deacracht dhíréireach as.

Airteagal 4h

Ionstraim lena gceadaítear forghníomhú i Stát an údaráis iarrtha agus doiciméid eile a ghabhann léi

1.    Beidh ag gabháil le gach iarraidh ar aisghabháil ionstraim aonfhoirmeach lena gceadaítear forghníomhú i Stát an pháirtí iarrtha. Is é sin an taon bhonn amháin a bheidh le bearta aisghabhála i Stát an údaráis iarrtha, agus ní cheanglófar aon ghníomh a aithint, a fhorlíonadh ná a athsholáthar sa Stát sin.

Cinnfidh an Comhchoiste an fhaisnéis atá le soláthar san ionstraim aonfhoirmeach lena gceadaítear forghníomhú i Stát an údaráis iarrtha.

2.    Beidh scanadh nó cóip den ionstraim thosaigh lena gceadaítear forghníomhú sa Stát is iarratasóir ag gabháil leis an iarraidh ar éileamh a aisghabháil. Féadfaidh doiciméid eile a bheith ag gabháil leis.

Airteagal 4i

Forghníomhú na hiarrata ar aisghabháil

1.      Chun críocha na haisghabhála i Stát an údaráis iarrtha, déileálfar le haon éileamh a bhfuil iarraidh ar aisghabháil déanta ina leith amhail is dá mba éileamh de chuid an Stáit sin é, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Teideal seo. Bainfidh an túdarás iarrtha úsáid as na cumhachtaí agus na nósanna imeachta dá bhforáiltear faoi dhlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin an Stáit sin, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Teideal seo.

2.    Ní bheidh oibleagáid ar Stát an údaráis iarrtha fabhair a dheonú d’éilimh a niarrtar a naisghabháil, ar fabhair iad a thugtar d’éilimh chomhchosúla a thagann chun cinn i Stát an údaráis iarrtha, ach amháin má chomhaontaítear a mhalairt nó má fhoráiltear a mhalairt faoi dhlí an Stáit sin. Maidir le Stát a dheonaíonn, agus an Teideal seo á fhorghníomhú aige, fabhair d’éilimh a thagann chun cinn i Stát eile, ní fhéadfaidh sé diúltú na fabhair chéanna a dheonú d’éilimh chéanna nó d’éilimh chomhchosúla de chuid Ballstát eile faoi na coinníollacha céanna.

3.    Déanfaidh Stát an údaráis iarrtha an téileamh a aisghabháil ina airgeadra féin.

Airteagal 4j

Díospóidí

1.    Maidir le díospóidí a bhaineann leis an éileamh, an ionstraim tosaigh lena gceadaítear forghníomhú i Stát an údaráis is iarratasóir nó an ionstraim aonfhoirmeach lena gceadaítear forghníomhú i Stát an údaráis iarrtha agus díospóidí a bhaineann le bailíocht fógra arna thabhairt ag údarás is iarratasóir, tiocfaidh siad faoi inniúlacht chomhlachtaí inniúla Stát an údaráis is iarratasóir. Más rud é, le linn an nós imeachta um aisghabháil, go ndéanann páirtí leasmhar díospóid i gcoinne an éilimh, na hionstraime tosaigh lena gceadaítear forghníomhú i Stát an údaráis is iarratasóir nó na hionstraime aonfhoirmí lena gceadaítear forghníomhú i Stát an údaráis iarrtha, cuirfidh an túdarás iarrtha in iúl don pháirtí sin nach mór don pháirtí sin an chaingean sin a thabhairt os comhair chomhlacht inniúil Stát an údaráis is iarratasóir i gcomhréir leis na dlíthe atá i bhfeidhm ann.

2.    Maidir le haon díospóid a bhaineann le bearta forfheidhmiúcháin arna ndéanamh i Stát an údaráis iarrtha, lena náirítear coinníollacha chun iarraidh ar aisghabháil faoin gComhaontú seo a chomhlíonadh, tabharfar os comhair chomhlacht inniúil an Stáit sin iad i gcomhréir lena dhlíthe agus lena rialacháin.

3.    I gcás ina ndéantar caingean dá dtagraítear i mír 1 a thionscnamh, cuirfidh an túdarás is iarratasóir an túdarás iarrtha ar an eolas faoi sin agus sonróidh sé a mhéid nach bhfuil díospóid á déanamh i gcoinne an éilimh.

4.    A luaithe a gheobhaidh an túdarás iarrtha fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3, ón bpáirtí is iarratasóir nó ón bpáirtí leasmhar, cuirfidh sé an nós imeachta um fhorghníomhú ar fionraí a mhéid a bhaineann sé leis an gcuid de a bhfuil díospóid á déanamh ina coinne, go dtí go ndéanfaidh an túdarás inniúil san ábhar cinneadh, ach amháin má iarann an páirtí is iarratasóir a mhalairt i gcomhréir leis an tríú fomhír den mhír seo.

Arna iarraidh sin don údarás is iarratasóir, nó go measann an t‑údarás iarrtha é a bheith riachtanach, agus gan dochar d’Airteagal 41, féadfaidh an t‑údarás iarrtha bearta réamhchúraim a ghlacadh chun aisghabháil a ráthú a mhéid is féidir leis na dlíthe nó na rialacháin is infheidhme.

Féadfaidh an t‑údarás is iarratasóir, i gcomhréir leis na dlíthe, na rialacháin agus na cleachtais riaracháin atá i bhfeidhm ina Stát féin, iarraidh ar an údarás iarrtha éileamh a bhfuil díospóid á déanamh ina coinne nó an chuid sin den éileamh a bhfuil díospóid á déanamh ina coinne a aisghabháil a mhéid a cheadaítear leis na dlíthe, na rialacháin agus na cleachtais riaracháin atá i bhfeidhm i Stát an údaráis iarrtha. Beidh gach iarraidh den chineál sin ina hiarraidh réasúnaithe. Má shocraítear an díospóid i bhfabhar an fhéichiúnaí, dlífear ar an t‑údarás is iarratasóir aon suimeanna a aisghabhadh a aisíoc, mar aon le haon chúiteamh a bheidh dlite, i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm i Stát an údarás iarrtha.

Má thionscnaítear nós imeachta um chomhaontú frithpháirteach idir Stát an údaráis is iarratasóir agus Stát an údaráis iarrtha, agus más amhlaidh go bhféadfadh toradh an nós imeachta difear a dhéanamh don éileamh ar iarradh cúnamh ina leith, cuirfear na bearta aisghabhála ar fionraí nó cuirfear stop leo go dtí go gcuirfear deireadh leis an nós imeachta sin, ach amháin má bhaineann sé le cás práinne láithreach de dheasca calaoise nó dócmhainneachta. Má chuirtear na bearta aisghabhála ar fionraí nó má chuirtear stop leo, beidh feidhm ag an dara fomhír.

Airteagal 4k

Leasú nó tarraingt siar na hiarrata ar chúnamh maidir le haisghabháil

1.    Cuirfidh an túdarás is iarratasóir an túdarás iarrtha ar an eolas faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar a iarraidh ar aisghabháil nó faoi tharraingt siar a iarratais, agus luafaidh sé na cúiseanna atá leis an leasú nó an tarraingt siar.

2.    Más cinneadh a rinne an túdarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 4j(1) is cúis le leasú na hiarrata, déanfaidh an túdarás is iarratasóir sin an cinneadh sin, mar aon le hionstraim aonfhoirmeach leasaithe lena gceadaítear gnóthú i Stát an údaráis iarrtha, a chur in iúl. Ansin déanfaidh an túdarás iarrtha tuilleadh beart aisghabhála ar bhonn na hionstraime aonfhoirmí leasaithe.

Maidir le bearta aisghabhála nó bearta réamhchúraim a rinneadh cheana ar bhonn na hionstraime aonfhoirmí bunaidh lena gceadaítear haisghabháil i Stát an pháirtí iarrtha, féadfar leanúint díobh ar bhonn na hionstraime aonfhoirmí leasaithe, ach amháin más é is cúis le leasú na hiarrata neamhbhailíocht na hionstraime tosaigh lena gceadaítear haisghabháil i Stát an údaráis is iarratasóir nó neamhbhailíocht na hionstraime aonfhoirmí bunaidh lena gceadaítear haisghabháil i Stát an údaráis iarrtha.

Beidh feidhm ag Airteagail 4h agus 4j maidir leis an ionstraim aonfhoirmeach leasaithe.

Airteagal 4l

Iarraidh ar bhearta réamhchúraim

Arna iarraidh sin don údarás is iarratasóir, déanfaidh an t‑údarás iarrtha bearta réamhchúraim, más ceadmhach sin faoina dhlí náisiúnta agus má bhíonn sé i gcomhréir lena chleachtais riaracháin, chun aisghabháil a áirithiú i gcás ina gconspóidtear éileamh nó an ionstraim tosaigh lena gceadaítear forghníomhú i Stát an údaráis is iarratasóir tráth a dhéantar an iarraidh, nó i gcás nach bhfuil an t‑éileamh fós faoi réir ionstraim lena gceadaítear forghníomhú i Stát an údaráis is iarratasóir, a mhéid is féidir bearta réamhchúraim a dhéanamh i gcás comhchosúil faoi dhlí agus cleachtais riaracháin Stát an údaráis is iarratasóir.

Chun éifeacht a thabhairt don Airteagal seo, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 4f(2) agus ag Airteagail 4i, 4j agus 4k.

Airteagal 4m

Teorainneacha le hoibleagáidí an údaráis iarrtha

1.    Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an údarás iarrtha an cúnamh dá bhforáiltear in Airteagail 4f go 4l a dheonú má dhéantar an iarraidh thosaigh ar chúnamh de bhun Airteagail 4d, 4f nó 4l i leith éilimh atá níos sine ná 5 bliana, ón dáta nach féidir an téileamh lena mbaineann a chonspóid a thuilleadh i Stát an údaráis is iarratasóir. I gcás éilimh a chonspóidtear, déanfar an tréimhse sin a ríomh ón dáta a chinnfear an díospóid leis an gcinneadh críochnaitheach.

Ina theannta sin, i gcásanna inar dheonaigh Stát an údaráis is iarratasóir an íocaíocht nó an plean tráthchoda a chur siar, measfar nach dtosóidh an tréimhse 5 bliana roimh an nóiméad a thiocfaidh deireadh leis an tréimhse íocaíochta ina hiomláine. Mar sin féin, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an údarás iarrtha cúnamh a dheonú sna cásanna sin maidir le héilimh is sine ná 10 mbliana, ón dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

2.    Ní bheidh sé d’oibleagáid ar Stát cúnamh a dheonú más lú méid iomlán na néileamh a chumhdaítear leis an Teideal seo, a niarrtar cúnamh aisghabhála ina leith, ná méid atá le cinneadh in EUR ag an gComhchoiste.

3.    Fad nach mbeidh aon tairseach den sórt sin glactha ná leasaithe ag an gComhchoiste, socrófar an méid dá dtagraítear i mír 2 ag:

(a)    EUR 10 000, ag tosú ó dháta theacht i bhfeidhm an Teidil seo;

(b)    EUR 5 000, ar choinníoll, ar mheán bliantúil de thréimhse 5 bliana dar tús an 1 Eanáir gach bliain féilire, nach bhfuair aon Stát níos mó ná 200 iarraidh ar aisghabháil de bhun Airteagal 4f(1); mura ndéantar amhlaidh, fanann an tairseach ag EUR 10 000.

Athshocrófar an tairseach EUR 5 000 go EUR 10 000 más rud é, ar mheán bliantúil de thréimhse 5 bliana dar tús an 1 Eanáir gach bliain féilire, go bhfuair Stát níos mó ná 250 iarraidh ar aisghabháil de bhun Airteagal 4f(1). Féadfar fomhír (b) den mhír seo a chur i bhfeidhm as an nua ina dhiaidh sin.

Cuirfidh an Comhchoiste na Ballstáit agus an Eilvéis ar an eolas faoi aon athrú ar an tairseach bhliantúil is infheidhme.

4.    Cuirfidh an túdarás iarrtha an túdarás is iarratasóir ar an eolas faoi na forais a bheidh le haon diúltú d’iarraidh ar chúnamh.

Airteagal 4n

Ceisteanna maidir le teorannú

1.    Is leis na dlíthe atá i bhfeidhm i Stát an údaráis is iarratasóir, agus leo sin amháin, a rialófar ceisteanna a bhaineann le tréimhsí teorann.

2.    Beidh sé d’éifeacht ag aon iarraidh ar bhearta aisghabhála nó ar bhearta réamhchúraim de bhun an Teidil seo an tréimhse teorann le haghaidh na néileamh lena mbaineann a chur ar fionraí go dtí go mbeidh an iarraidh forghníomhaithe ag an údarás iarrtha. 

Ní mhairfidh an fhionraíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír níos faide ná 5 bliana ón dáta a sheolfar an iarraidh ar bhearta aisghabhála nó ar bhearta réamhchúraim.

3.    Ní dhéanfaidh mír 2 difear do cheart Stát an údaráis is iarratasóir bearta a dhéanamh a mbeidh d’éifeacht acu an tréimhse teorann a chur ar fionraí, a bhriseadh nó a fhadú i gcomhréir leis na dlíthe atá i bhfeidhm sa Stát sin.  

Airteagal 4o

Costas

1.    Féachfaidh an túdarás iarrtha na costais a bhaineann leis an aisghabháil a tabhaíodh i gcomhréir le dlíthe agus rialáil a Stáit a aisghabháil ón duine lena mbaineann agus a choinneáil.

Ina theannta sin, féadfaidh an t‑údarás iarrtha 5 % den mhéid aisghafa a choinneáil, ach gan é a bheith níos lú ná EUR 500 agus gan é a bheith níos mó ná EUR 5 000.

2.    Tréigfidh na Stáit éilimh eile ar a chéile maidir le haisíoc costas a eascraíonn as aon chúnamh frithpháirteach a thugann siad dá chéile de bhun an Teidil seo.

I gcás ina gcothóidh aisghabháil fadhb shonrach nó ina mbainfidh sé le méid mór i gcostais, nó ina mbaineann sé le coireacht eagraithe, féadfaidh na húdaráis is iarratasóir agus na húdaráis iarrtha socruithe maidir le haisíoc a chomhaontú a bhaineann go sonrach leis na cásanna a bheidh i gceist.

3.    D’ainneoin mhír 1 agus mhír 2, beidh Stát an údaráis is iarratasóir faoi dhliteanas Stát an údaráis iarrtha i leith aon chostas agus aon chaillteanais arna dtabhú mar thoradh ar ghníomhaíochtaí a measadh a bheith gan bhunús, a mhéid a bhaineann le substaint an éilimh nó le bailíocht na hionstraime lena gceadaítear forfheidhmiú agus/nó bearta réamhchúraim arna neisiúint ag an údarás is iarratasóir.

Caibidil 5

Cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm

Airteagal 4p

Comhchoiste

1.    Bunaíonn na Páirtithe Conarthacha leis seo Comhchoiste, ar a mbeidh ionadaithe de na Páirtithe Conarthacha. Áiritheoidh an Comhchoiste feidhmiú agus cur chun feidhme cuí an Teidil seo.

2.    Déanfaidh an Comhchoiste moltaí chun aidhmeanna an Teidil seo a chur chun cinn agus glacfaidh sé cinntí:

(a)    chun foirmeacha caighdeánacha a ghlacadh don chumarsáid maidir le hiarrataí faoin Teideal seo agus maidir leis na hionstraimí aonfhoirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 4h(1) agus in Airteagal 4k(2);

(b)    maidir le húsáid teangacha sna hiarrataí, sna hionstraimí aonfhoirmeacha agus i bhfoirmeacha caighdeánacha eile a úsáidtear le haghaidh cúnaimh faoin Teideal seo agus i ndoiciméid tionlacain eile dá dtagraítear in Airteagail 4h agus 4k(2);

(c)    an modh tarchuir le haghaidh iarrataí agus cumarsáide a bhunú, má mheasann an Comhchoiste nár cheart an Comhchóras Tarchurtha arna fhormheas ag ECFE a úsáid a thuilleadh le haghaidh na cumarsáide a bhaineann le hiarrataí faoin Teideal seo;

(d)    rialacha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na socruithe praiticiúla agus na nósanna imeachta riaracháin i ndáil le heagrú na dteagmhálacha dá dtagraítear in Airteagal 4c;

(e)    rialacha a ghlacadh maidir leis na suimeanna atá le haisghabháil a chomhshó agus na suimeanna arna naisghabháil a aistriú;

(f)    chun na tagairtí do ghníomhartha dlí an Aontais Eorpaigh agus na hEilvéise a áirítear sa Teideal seo a leasú;

(g)    rialacha cur chun feidhme a chinneadh agus a ghlacadh maidir leis an méid nach mbeidh oibleagáid ar Stát cúnamh a dheonú ina leith dá dtagraítear in Airteagal 4m(2);

(h)    rialacha a chinneadh agus a ghlacadh maidir leis na sonraí staidrimh a bheidh le bailiú ag na Stáit i ndáil le cur i bhfeidhm an Teidil seo agus ar an dáta faoina mbeidh ar na Páirtithe Conarthacha liosta de na sonraí staidrimh sin a chur in iúl don Chomhchoiste trí mheán leictreonach;

(i)    rialacha cur chun feidhme a chinneadh agus a ghlacadh maidir leis na socruithe praiticiúla agus na nósanna imeachta riaracháin i ndáil leis an iarraidh ar aisghabháil a fhorghníomhú lena náirítear forálacha maidir le muirir úis ar íocaíochtaí déanacha agus socruithe tráthchodanna d’fhéichiúnaithe;

(j)    rialacha cur chun feidhme a chinneadh agus a ghlacadh maidir leis na socruithe praiticiúla agus na nósanna imeachta riaracháin le haghaidh díospóidí dá dtagraítear in Airteagal 4j;

(k)    rialacha cur chun feidhme a chinneadh agus a ghlacadh maidir leis na socruithe praiticiúla agus na nósanna imeachta riaracháin i ndáil le hiarrataí ar chúnamh maidir le haisghabháil a leasú nó a tharraingt siar;

(l)    nós imeachta a bhunú chun comhaontú ar leibhéal seirbhíse a thabhairt i gcrích, lena náiritheofar cáilíocht theicniúil agus cainníocht na seirbhísí le haghaidh fheidhmiú na gcóras cumarsáide agus malartaithe faisnéise, agus comhaontú ar leibhéal seirbhíse a thabhairt i gcrích más gá.

3.    Feidhmeoidh an Comhchoiste d’aon toil na bPáirtithe Conarthacha. Beidh cinntí ón gComhchoiste ina gceangal ar na Páirtithe Conarthacha. Glacfaidh an Comhchoiste a rialacha nós imeachta.

Gabhann na Páirtithe Conarthacha orthu féin go nglacfaidh an Comhchoiste na cinntí dá dtagraítear i mír 2 laistigh de thréimhse 12 mhí ó theacht i bhfeidhm an Teidil seo.

I gcás nach dtiocfaidh na Páirtithe Conarthacha ar chomhaontú chun na cinntí dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh, ainmneoidh gach Páirtí ionadaí agus rachaidh sé i mbun pléití déthaobhacha chun na hábhair atá fós gan réiteach a réiteach go cairdiúil laistigh de 12 mhí.

4.    Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile uair sa bhliain ar a laghad agus déanfaidh sé athbhreithniú ar oibriú agus ar éifeachtacht an Teidil seo gach 5 bliana. Féadfaidh ceachtar Páirtí Conarthach a iarraidh go dtionólfar cruinniú. Déanfaidh gach ceann de na Páirtithe Conarthacha cathaoirleacht ar an gComhchoiste gach re seal. Cinnfear dáta agus áit gach cruinnithe, chomh maith leis an gclár oibre, trí chomhaontú idir na Páirtithe Conarthacha.

5.    Más mian le Páirtí Conarthach go ndéanfaí athbhreithniú ar an Teideal seo, cuirfidh sé an Comhchoiste ar an eolas faoi sin. Tiocfaidh leasuithe ar an Teideal seo i bhfeidhm tar éis na nósanna imeachta inmheánacha faoi seach a bheith curtha i gcrích. 

Airteagal 4q

Úsáid na bhfoirmeacha caighdeánacha le haghaidh cúnamh maidir le haisghabháil faoi chomhaontuithe eile

Féadfar na foirmeacha caighdeánacha le haghaidh iarrataí faoin Teideal seo agus le haghaidh na ndoiciméad tionlacain dá dtagraítear in Airteagal 4h agus Airteagal 4k(2), arna nglacadh ag an gComhchoiste, a úsáid freisin le haghaidh cúnamh maidir le haisghabháil idir Ballstát agus an Eilvéis i ndáil le héilimh eile ar féidir cúnamh maidir le haisghabháil a thabhairt ina leith faoin gComhaontú Comhair idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, chun calaois agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chomhrac chun dochair dá leasanna airgeadais, arna dhéanamh i Lucsamburg an 26 Deireadh Fómhair 2004*, agus le haghaidh cúnamh maidir le haisghabháil idir Ballstát agus an Eilvéis i ndáil le héilimh eile seachas na héilimh dá dtagraítear in Airteagal 4b más féidir cúnamh maidir le aisghabháil den sórt sin a fháil faoi ionstraimí eile atá ceangailteach ó thaobh dlí de i ndáil le cúnamh maidir le haisghabháil. Ní bhraitheann úsáid ná glacadh foirmeacha caighdeánacha den sórt sin le haghaidh cúnamh maidir le haisghabháil a bhaineann le héilimh eile, mar a shonraítear sa mhír seo, ar dheimhniú na féidearthachta sin sna comhaontuithe eile lena mbaineann.

Airteagal 4r

Faisnéis a mhalartú gan réamhiarraidh

I gcás ina mbaineann aisíoc cánacha nó dleachtanna le duine atá bunaithe nó ina chónaí i Stát eile a bhfuil feidhm ag an Teideal seo ina chríoch, féadfaidh an Stát óna bhfuil an aisíocaíocht le déanamh an t‑aisíoc atá ar feitheamh a chur in iúl don Stát bunaíochta nó cónaithe.

Airteagal 4s

Comhar maidir le hábhair eile

Féachfaidh na Páirtithe Conarthacha ar chúnamh frithpháirteach chun éilimh chánach eile a aisghabháil laistigh de thréimhse 4 bliana tar éis an chéad lá de mhí Eanáir tar éis shíniú Phrótacal Leasaitheach an … [dáta an tsínithe].

__________

*    IO AE L 46, 17.2.2009, lch. 8’;

(9)    déantar an ceannteideal seo a leanas a chur isteach roimh Airteagal 5:

‘TEIDEAL 3

FORÁLACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE TEIDEAL 1 AGUS TEIDEAL 2’;

(10)    cuirtear an ceannteideal seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 6:

‘TEIDEAL 4

FORÁLACHA EILE’;

(11)    Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)    i Roinn I, leasaítear mír A mar a leanas:

(i)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh agus fhomhíreanna 1 agus 2:

‘Faoi réir mhíreanna C go F, tuairisceoidh gach Institiúid Airgeadais Tuairiscithe d’Údarás Inniúil a dlínse (is é sin Ballstát nó an Eilvéis) i ndáil le gach Cuntas Intuairiscithe de chuid na hInstitiúide Airgeadais Tuairiscithe sin:

1.    an fhaisnéis seo a leanas:

(a)    ainm, seoladh, dlínse chónaithe/dlínsí cónaithe (is é sin Ballstát nó an Eilvéis), UAC(anna) agus dáta breithe agus áit bhreithe (i gcás duine aonair) gach Duine Intuairiscithe ar Sealbhóir Cuntais an chuntais é agus cibé acu atá nó nach bhfuil féindeimhniúchán bailí soláthartha ag an Sealbhóir Cuntais;

(b)    maidir le haon Eintiteas ar Sealbhóir Cuntais é agus, tar éis na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí i gcomhréir le Ranna V, VI agus VII a chur i bhfeidhm, go sainaithnítear go bhfuil Duine Rialaithe amháin nó níos mó aige ar Duine Intuairiscithe é, ainm, seoladh, dlínse chónaithe/dlínsí cónaithe (is é sin Ballstát nó an Eilvéis) agus UAC(anna) an Eintitis agus ainm, seoladh, dlínse chónaithe/dlínsí cónaithe (is é sin Ballstát nó an Eilvéis), UAC(anna) agus dáta breithe agus áit bhreithe gach Duine Intuairiscithe, chomh maith leis an ról/na róil atá acu ar dá bhua/dá mbua is Duine Rialaithe de chuid an Eintitis gach Duine Intuairiscithe agus cibé acu a soláthraíodh nó nár soláthraíodh féindeimhniúchán bailí do gach Duine Intuairiscithe; agus

(c)    cibé acu is comhchuntas é an cuntas nó nach ea, lena náirítear líon na gComhshealbhóirí Cuntais;

2.    uimhir an chuntais (nó a coibhéis fheidhmiúil in éagmais uimhir chuntais), an cineál cuntais agus cibé acu is Cuntas atá ann cheana é an cuntas nó Cuntas Nua;’

(ii)    scriostar an téarma ‘agus’ ag deireadh fhomhír (6);

(iii)    cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh fhomhír 6:

‘6a.    i gcás aon Leas Cothromais arna shealbhú in Eintiteas Infheistíochta ar socrú dlíthiúil é, an ról ar dá bhua sin is sealbhóir Leasa Cothromais é an Duine Intuairiscithe; agus’;

(b)    i Roinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír C:

‘C.    D’ainneoin fhomhír A(1), i ndáil le gach Cuntas Intuairiscithe ar Cuntas é atá ann cheana, ní gá UAC(anna) ná dáta breithe a thuairisciú mura bhfuil UAC(anna) sin ná an dáta breithe sin i dtaifid na hInstitiúide Airgeadais Tuairiscithe agus mura gceanglaítear ar aon bhealach eile ar an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe iad a bhailiú faoin dlí náisiúnta nó faoi aon ionstraim dlí de chuid an Aontais Eorpaigh (más infheidhme). Mar sin féin, cuirtear de cheangal ar Institiúid Airgeadais Tuairiscithe iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh chun UAC(anna) agus dáta breithe a fháil i ndáil le Cuntais atá ann cheana faoi dheireadh an dara bliain féilire tar éis na bliana inar sainaithníodh na Cuntais atá ann cheana mar Chuntais Intuairiscithe agus cibé uair a chuirtear de cheangal uirthi an fhaisnéis a bhaineann leis an gCuntas atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta de bhun Nósanna Imeachta náisiúnta CSA/BAC.’;

(c)    i Roinn I, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘F.    D’ainneoin fhomhír A(5)(b), agus mura roghnaíonn an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe a mhalairt i ndáil le haon ghrúpa cuntas a shainaithnítear go soiléir, na hollfháltais a fuarthas ó Shócmhainn Airgeadais a dhíol nó a fhuascailt, ní cheanglaítear iad a thuairisciú a mhéid a dhéanann an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe na hollfháltais sin a fuarthas ó Shócmhainn Airgeadais den sórt sin a dhíol nó a fhuascailt a thuairisciú faoin gCreat Tuairiscithe Cripteashócmhainní..’;

(d)    i Roinn VI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír A(2)(b):

‘(b)    Daoine Rialaithe atá ag Sealbhóir Cuntais a chinneadh. Chun Daoine Rialaithe atá ag Sealbhóir Cuntais a chinneadh, féadfaidh Institiúid Airgeadais Tuairiscithe brath ar fhaisnéis a bhailítear agus a choimeádtar de bhun Nósanna Imeachta CSA/BAC, ar choinníoll go bhfuil na nósanna imeachta sin comhsheasmhach le Moltaí TFGA 2012. Mura bhfuil ceangal dlíthiúil ar an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe Nósanna Imeachta CSA/BAC a chur i bhfeidhm atá comhsheasmhach le Moltaí TFGA 2012, ní mór di nósanna imeachta atá cosúil go substaintiúil leo a chur i bhfeidhm chun na Daoine Rialaithe a chinneadh.’;

(e)    i Roinn VII, cuirtear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh fhomhír A:

‘Aa.    Easpa shealadach féindeimhniúcháin. Sna himthosca eisceachtúla nach féidir le hInstitiúid Airgeadais Tuairiscithe féindeimhniúchán a fháil i ndáil le Cuntas Nua in am chun a hoibleagáidí díchill chuí agus tuairiscithe a chomhlíonadh i ndáil leis an tréimhse tuairiscithe inar osclaíodh an cuntas, ní mór don Institiúid Airgeadais Tuairiscithe na nósanna imeachta díchill chuí a chur i bhfeidhm maidir le Cuntais atá ann cheana, go dtí go bhfaighfear agus go mbailíochtófar an féindeimhniúchán sin.’;

(f)    i Roinn VIII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhíreanna A(5) go (7):

‘5.    Ciallaíonn an téarma ‘Institiúid Taisclainne’ aon Eintiteas:

(a)    a ghlacann taiscí i ngnáthchúrsa gnó baincéireachta nó gnó dá shamhail; nó

(b)    ag a bhfuil Táirgí Ríomh-Airgid Sonraithe nó Airgeadraí Digiteacha Bainc Ceannais chun tairbhe custaiméirí.

6.    Ciallaíonn an téarma ‘Eintiteas Infheistíochta’ aon Eintiteas:

(a)    ag a mbíonn ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí nó na hoibríochtaí seo a leanas á ndéanamh mar ghnó do chustaiméir nó thar a cheann go príomha:

(i)    trádáil in ionstraimí margaidh airgid (seiceanna, billí, deimhnithe taisce, díorthaigh, etc.); malairt eachtrach; malartú, ráta úis agus ionstraimí innéacs; urrúis inaistrithe; nó trádáil i dtodhchaíochtaí tráchtearraí;

(ii)    bainistíocht punainne aonair agus coiteann; nó

(iii)    Sócmhainní Airgeadais, airgead, nó Cripteashócmhainní Ábhartha a infheistiú, a riar, nó a bhainistiú ar aon slí eile thar ceann daoine eile; nó

(b)    an tollioncam atá inchurtha go príomha i leith infheistiú, ath-infheistiú, nó trádáil i Sócmhainní Airgeadais nó i gCripteashócmhainní Ábhartha, más rud é go bhfuil an tEintiteas á bhainistiú ag Eintiteas eile ar Institiúid Taisclainne, Institiúid Cumhdaigh, Cuideachta Árachais Shonraithe, nó Eintiteas Infheistíochta é a thuairiscítear i bhfomhír A(6)(a).

Caitear le hEintiteas a bhfuil ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a thuairiscítear i bhfomhír A(6)(a) á ndéanamh aige go príomha, nó tá ollioncam Eintitis inchurtha go príomha i leith infheistiú, ath-infheistiú, nó trádáil i Sócmhainní Airgeadais nó i gCripteashócmhainní Ábhartha chun críocha fhomhír A(6)(b), más rud é go bhfuil ollioncam an Eintitis atá inchurtha i leith na ngníomhaíochtaí ábhartha cothrom le 50 % d’ollioncam an Eintitis nó os a chionn sin le linn cibé tréimhse is giorra de na tréimhsí seo a leanas: (i) an tréimhse 3 bliana dar críoch an 31 Nollaig den bhliain roimh an mbliain ina ndéantar an cinneadh; nó (ii) an tréimhse ar lena linn a bhí an tEintiteas ar marthain. Chun críocha fhomhír A(6)(a)(iii), ní áirítear leis an téarma ‘Sócmhainní Airgeadais, airgead, nó Cripteashócmhainní Ábhartha a infheistiú, a riar, nó a bhainistiú ar aon slí eile thar ceann daoine eilesoláthar seirbhísí lena ndéantar Idirbhearta Malairte do chustaiméirí nó thar a gceann. Ní áirítear leis an téarma ‘Eintiteas Infheistíochta’ Eintiteas ar Eintiteas Neamh-Airgeadais Gníomhach é toisc go gcomhlíonann an tEintiteas sin aon cheann de na critéir i bhfomhíreanna D(9)(d) go (g).

Léirmhíneofar an mhír seo ar bhealach atá comhsheasmhach le teanga chomhchosúil a leagtar amach sa sainmhíniú ar ‘institiúid airgeadais’ sna Moltaí ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais.

7.    Áirítear leis an téarma ‘Sócmhainn Airgeadais’ urrús (mar shampla scair stoic i gcorparáid; comhpháirtíocht nó leas úinéireachta tairbhiúla i gcomhpháirtíocht nó in iontaobhas atá i seilbh fhorleathan nó atá á trádáil go poiblí; nóta, banna, banna neamhurraithe, nó fianaise eile ar fhiachas), leas comhpháirtíochta, tráchtearra, babhtáil (mar shampla babhtálacha rátaí úis, babhtálacha airgeadraí, bonnbhabhtálacha, caidhpeanna rátaí úis, íosrátaí úis, babhtálacha tráchtearraí, babhtálacha cothromais, babhtálacha innéacs cothromais, agus comhaontuithe comhchosúla), Conradh Árachais nó Conradh Blianachta, nó aon leas (lena náirítear conradh todhchaíochtaí nó conradh réamhcheaptha nó rogha) in urrús, Cripteashócmhainn Ábhartha, leas comhpháirtíochta, tráchtearra, babhtáil, Conradh Árachais, nó Conradh Blianachta. Ní áirítear leis an téarma ‘Sócmhainn Airgeadais’ leas díreach neamhfhiachais i réadmhaoin.’;

(g)    i Roinn VIII, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas isteach i ndiaidh fhomhír A(8):

‘9.    Ciallaíonn an téarma ‘Táirge Ríomh-Airgid Sonraithe’ aon táirge:

(a)    is léiriú digiteach é ar Airgeadra Fiat amháin;

(b)    eisítear é ar chistí a fháil chun idirbhearta íocaíochta a dhéanamh;

(c)    léirítear le héileamh ar an eisitheoir atá ainmnithe san Airgeadra Fiat céanna;

(d)    glacann duine nádúrtha nó dlítheanach eile seachas an teisitheoir leis mar íocaíocht; agus

(e)    de bhua ceanglais rialála a bhfuil an teisitheoir faoina réir, tá sé infhuascailte ag am ar bith agus ag parluach don Airgeadra Fiat céanna arna iarraidh sin do shealbhóir an táirge.

Ní áirítear leis an téarma ‘Táirge Ríomh-Airgid Sonraithe’ táirge a chruthaítear chun aistriú cistí ó chustaiméir chuig duine eile a éascú, agus chun na críche sin amháin, de bhun threoracha an chustaiméara. Ní chruthaítear táirge chun aistriú cistí a éascú, agus chun na críche sin amháin, más rud é, i ngnáthchúrsa gnó an Eintitis is aistritheoir, go bhfuil na cistí a bhaineann leis an táirge sin i seilbh níos faide ná 60 lá tar éis treoracha a fháil chun an t‑aistriú a éascú, nó, mura bhfaightear aon treoir, go gcoimeádtar na cistí a bhaineann leis an táirge sin níos faide ná 60 lá tar éis na cistí a fháil.

10.    Ciallaíonn an téarma ‘Airgeadra Digiteacha Bainc Ceannais’ aon Airgeadra Fiat digiteach arna eisiúint ag Banc Ceannais nó ag údarás airgeadaíochta eile.

11.    Ciallaíonn an téarma ‘Airgeadra Fiat’ airgeadra oifigiúil dlínse, arna eisiúint ag dlínse nó ag Banc Ceannais nó údarás airgeadaíochta ainmnithe dlínse, mar a léirítear le nótaí bainc nó boinn nó airgead i bhfoirmeacha digiteacha éagsúla, lena náirítear cúlchistí bainc, agus Airgeadraí Digiteacha Bainc Ceannais. Áirítear leis an téarma freisin airgead bainc thráchtála agus táirgí ríomh-airgid (lena náirítear Táirgí Ríomh-Airgid Sonraithe).

12.    Ciallaíonn an téarma ‘Cripteashócmhainn’ léiriú digiteach ar luach a bhraitheann ar mhórleabhar dáilte atá urraithe go cripteagrafach nó ar theicneolaíocht chomhchosúil chun idirbhearta a bhailíochtú agus a urrú.

13.    Ciallaíonn an téarma ‘Cripteashócmhainn Ábhartha’ aon Chripteashócmhainn seachas Airgeadra Digiteach Bainc Ceannais, Táirge Ríomh-Airgid Sonraithe nó aon Chripteashócmhainn a bhfuil cinneadh leordhóthanach déanta ag an Soláthraí Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe ina leith nach féidir í a úsáid chun críocha íocaíochta ná infheistíochta.

14.    Ciallaíonn an téarma ‘Idirbheart Malairte’:

(a)    aon mhalartú idir Cripteashócmhainní Ábhartha agus Airgeadraí Fiat; agus

(b)    aon mhalartú idir foirm amháin nó níos mó de Chripteashócmhainní Ábhartha.’;

(h)    i Roinn VIII cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír B(1)(a):

‘(a)    Eintiteas Rialtais, Eagraíocht Idirnáisiúnta nó Banc Ceannais, seachas:

(i)    i ndáil le híocaíocht atá díorthaithe ó oibleagáid arna sealbhú i dtaca le gníomhaíocht airgeadais tráchtála de chineál a mbíonn Cuideachta Árachais Shonraithe, Institiúid Cumhdaigh nó Institiúid Taisclainne ag gabháil di;

(ii)    i ndáil le hAirgeadraí Digiteacha Bainc Ceannais a choimeád do Shealbhóirí Cuntais nach Institiúidí Airgeadais, Eintitis Rialtais, Eagraíochtaí Idirnáisiúnta ná Bainc Cheannais iad.’;

(i)    i Roinn VIII, scriostar  an téarma ‘nó’ ag deireadh fhomhírB(1)(d); 

(j)    i Roinn VIII, cuirtear leathstad in ionad an lánstad ag deireadh fhomhír B(1)(e), agus cuirtear an téarma ‘nó’ isteach ina dhiaidh sin;

(k)    i Roinn VIII, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh fhomhír B(1)(e):

‘(f)    Eintiteas Neamhbhrabúis Cáilithe de chuid na hEilvéise.’;

(l)    i Roinn VIII, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh fhomhír B(9):

‘10.    Ciallaíonn an téarma ‘Eintiteas Neamhbhrabúis Cáilithe de chuid na hEilvéise’ Eintiteas a bhfuil cónaí air san Eilvéis a bhfuil deimhniú faighte aige ó údarás inniúil na hEilvéise go gcomhlíonann an tEintiteas sin na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)    tá sé bunaithe agus á fheidhmiú san Eilvéis chun críoch creidimh, carthanais, eolaíochta, ealaíne, cultúir, lúthchleasaíochta, nó oideachais, agus chun na gcríoch sin amháin; nó tá sé bunaithe agus á fheidhmiú san Eilvéis agus tá sé ina eagraíocht ghairmiúil, ina chumann gnó, ina chomhlachas tráchtála, ina eagraíocht saothair, ina eagraíocht talmhaíochta nó ghairneoireachta, ina chumann sibhialta, nó ina eagraíocht atá á feidhmiú go heisiach chun an leas sóisialta a chur chun cinn;

(b)    tá sé díolmhaithe ó cháin ioncaim san Eilvéis;

(c)    níl aon scairshealbhóirí ná comhaltaí aige ag a bhfuil leas dílsithe nó tairbhiúil ina ioncam ná ina shócmhainní;

(d)    ní cheadaítear leis na dlíthe is infheidhme san Eilvéis ná le doiciméid chruthaithe an Eintitis ioncam nó sócmhainní ar bith de chuid an Eintitis a dháileadh ar dhuine príobháideach ná ar Eintiteas neamhcharthanúil, ná a chur i bhfeidhm chun a leasa siúd, seachas chun gníomhaíochtaí carthanúla an Eintitis a sheoladh, nó mar íocaíocht as cúiteamh réasúnach i leith seirbhísí arna soláthar, nó mar íocaíocht lena léirítear margadhluach cothrom maoine atá ceannaithe ag an Eintiteas; agus

(e)    ceanglaítear leis na dlíthe is infheidhme san Eilvéis nó le doiciméid chruthaithe an Eintitis, ar leachtú nó ar dhíscaoileadh an Eintitis, go ndéanfar a shócmhainní uile a dháileadh ar Eintiteas Rialtais nó ar Eintiteas eile a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in i) go v), nó go neiséatfaidh siad chun rialtas na hEilvéise nó chun aon fhoroinne polaitiúla de sin.’;

(m)    i Roinn VIII cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír C(2):

‘2.    Áirítear leis an téarma ‘Cuntas Taisclainne’ aon chuntas tráchtála, reatha, coigiltis, ama, nó taisce coigiltis, nó cuntas atá fianaithe le deimhniú taisce, deimhniú taisce coigiltis, deimhniú infheistíochta, deimhniú féichiúnais, nó ionstraim chomhchosúil eile a choimeádann Institiúid Taisclainne. Áirítear an méid seo a leanas le Cuntas Taisclainne chomh maith:

(a)    méid atá ina sheilbh ag cuideachta árachais de bhun conradh maidir le hinfheistíocht ráthaithe nó comhaontú comhchosúil chun ús ar an méid sin a íoc nó a chur chun sochair;

(b)    cuntas nó cuntas barúlach arb ionann é agus na Táirgí Ríomh-Airgid Sonraithe ar fad atá á sealbhú chun tairbhe custaiméara; agus

(c)    cuntas ina bhfuil Airgeadra Digiteach amháin nó níos mó de chuid an Bhainc Ceannais chun tairbhe custaiméara.’;

(n)    i Roinn VIII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír C(9)(a):

‘(a)    Cuntas Airgeadais atá á choimeád ag Institiúid Airgeadais Tuairiscithe ón 31 Nollaig roimh theacht i bhfeidhm Phrótacal Leasaitheach an 27 Bealtaine 2015 nó, má chaitear leis an gcuntas mar Chuntas Airgeadais de bhua na leasuithe ar an gComhaontú seo arna ndéanamh le Prótacal Leasaitheach an … [dáta an tsínithe] agus dá bhua sin amháin ón 31 Nollaig roimh dháta chur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail Leasaithigh sin.’;

(o)    i Roinn VIII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír C(10):

‘10.    Ciallaíonn an téarma ‘Cuntas Nua’ Cuntas Airgeadais atá á choimeád ag Institiúid Airgeadais Tuairiscithe a osclaíodh ar theacht i bhfeidhm Phrótacal Leasaitheach an 27 Bealtaine 2015 nó ina dhiaidh sin, nó, má chaitear leis an gcuntas mar Chuntas Airgeadais de bhua na leasuithe ar an gComhaontú seo arna ndéanamh le Prótacal Leasaitheach an … [dáta an tsínithe] agus dá bhua sin amháin, ar dháta chur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail Leasaithigh deiridh sin nó ina dhiaidh sin, mura gcaitear leis mar Chuntas atá ann cheana faoin sainmhíniú leathnaithe ar Chuntas atá ann cheana i bhfomhír C(9).’;

(p)    i Roinn VIII, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh fhomhír C(17)(e)(iv):

‘(v)    fondúireacht nó méadú caipitil cuideachta ar choinníoll go gcomhlíonann an cuntas na ceanglais seo a leanas:

   go núsáidtear an cuntas go heisiach chun caipiteal a thaisceadh atá le húsáid chun críocha na fondúireachta nó chun críocha caipitil cuideachta a mhéadú, mar a fhorordaítear le dlí;

   déantar aon mhéid atá sa chuntas a bhlocáil go dtí go bhfaighidh an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe deimhniú neamhspleách maidir leis an bhfondúireacht nó an méadú caipitil;

   déantar an cuntas a dhúnadh nó a chlaochlú ina chuntas atá faoi ainm na cuideachta tar éis na fondúireachta nó an mhéadaithe caipitil;

   aon aisíocaíocht a eascraíonn as fondúireacht teipthe nó méadú caipitil, glanmhéid an tsoláthraí seirbhísí agus táillí comhchosúla, ní dhéantar iad ach leis na daoine a ranníoc na méideanna; agus

   níor bunaíodh an cuntas níos mó ná 12 mhí ó shin.’;

(q)    i Roinn VIII, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh fhomhír C(17)(e):

‘(ea)    Cuntas Taisclainne lena léirítear na Táirgí Ríomh-Airgid Sonraithe ar fad atá á gcoinneáil chun tairbhe custaiméara, i gcás nár mhó ná USD 10 000 nó méid coibhéiseach atá ainmnithe in airgeadra intíre gach Ballstáit nó na hEilvéise aon lá le linn na bliana féilire nó le linn tréimhse tuairiscithe iomchuí eile an meánluach rollach 90 lá ag deireadh an lae le linn aon tréimhse 90 lá as a chéile.’;

(r)    i Roinn VIII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír D(2):

‘2.    Ciallaíonn an téarma ‘Duine Intuairiscithe’ Duine Dlínse Intuairiscithe seachas: (i) Eintiteas a dtrádáiltear a stoc go tráthrialta ar mhargadh urrús bunaithe amháin nó níos mó; (ii) aon Eintiteas arb Eintiteas Gaolmhar é d’Eintiteas a dtugtar tuairisc air i gclásal (i); (iii) Eintiteas Rialtais; (iv) Eagraíocht Idirnáisiúnta; (v) Banc Ceannais; nó (vi) Institiúid Airgeadais.’;

(s)    i Roinn VIII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír D(5)(c):

‘(c)    aon dlínse eile: (i) lena bhfuil comhaontú i bhfeidhm ag an mBallstát ábhartha nó ag an Eilvéis, de réir mar a éilíonn an comhthéacs, ar dá bhun a sholáthróidh an dlínse eile sin an fhaisnéis a shonraítear i Roinn I; agus (ii) a shainaithnítear i liosta a d’fhoilsigh an Ballstát sin nó an Eilvéis.’;

(t)    i Roinn VIII, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh fhomhír E(6):

‘7.    Is próiseas leictreonach é an téarma ‘Seirbhís Fíorúcháin Rialtais’ a chuireann Dlínse Intuairiscithe ar fáil d’Institiúid Airgeadais Tuairiscithe chun céannacht agus cónaí chun críoch cánach Sealbhóra Cuntais nó Duine Rialaithe a fhionnadh.’;

(u)    cuirtear an roinn seo a leanas isteach i ndiaidh Roinn IX:

‘Roinn X

BEARTA IDIRTHRÉIMHSEACHA

D’ainneoin fhomhír A(1)(b) agus A(6a) de Roinn I, maidir le gach Cuntas Intuairiscithe atá á choimeád ag Institiúid Airgeadais Tuairiscithe ón 31 Nollaig roimh dháta chur i bhfeidhm sealadach Phrótacal Leasaitheach an … [dáta an tsínithe] agus le haghaidh tréimhsí tuairiscithe dar críoch an dara bliain féilire tar éis an dáta sin, ní gá faisnéis a thuairisciú maidir leis an ról/na róil ar dá bhua/dá mbua is Duine Rialaithe nó sealbhóir Leasa Chothromais de chuid an Eintitis é gach Duine Intuairiscithe ach amháin má tá an fhaisnéis sin ar fáil sna sonraí atá inchuardaithe go leictreonach arna gcothabháil ag an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe.’;

(12)    In Iarscríbhinn III, scriostar fomhír (ac);

(13)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Dhearbhú Comhpháirteach na bPáirtithe Conarthacha maidir leis an gComhaontú agus na hIarscríbhinní:

‘DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH NA bPÁIRTITHE CONARTHACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHAONTÚ AGUS NA hIARSCRÍBHINNÍ

Comhaontaíonn na Páirtithe Conarthacha, maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe agus na nIarscríbhinní arna leasú le Prótacal Leasaitheach an … [dáta an tsínithe], gur cheart na Tráchtaireachtaí ar an Samhail-chomhaontú ECFE idir Údaráis Inniúla agus ar an gComhchaighdeán Tuairiscithe chomh maith leis na Tráchtaireachtaí ar Aguisín 2023 a ghabhann le Samhail-chomhaontú ECFE idir Údaráis Inniúla agus le nuashonrú 2023 ar an gComhchaighdeán Tuairiscithe a bheith ina bhfoinse léirithe nó léirmhínithe chun comhsheasmhacht i gcur i bhfeidhm a áirithiú.’;

(14)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Dhearbhú Comhpháirteach na bPáirtithe Conarthacha maidir le hAirteagal 5 den Chomhaontú:

‘DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH NA bPÁIRTITHE CONARTHACHA MAIDIR LE hAIRTEAGAL 5 DEN CHOMHAONTÚ

Comhaontaíonn na Páirtithe Conarthacha go bhfuil Airteagal 5 den Chomhaontú ailínithe leis an gcaighdeán ECFE is déanaí maidir le trédhearcacht agus malartú faisnéise i gcúrsaí cánach a chumhdaítear in Airteagal 26 de Shamhailchoinbhinsiún Cánach ECFE. Dá bhrí sin, comhaontaíonn na Páirtithe Conarthacha, maidir le cur chun feidhme Airteagal 5, gur cheart an tráchtaireacht ar Airteagal 26 de Shamhailchoinbhinsiún Cánach ECFE ar Ioncam agus ar Chaipiteal a bheith ina foinse léirmhínithe.’.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.    Tiocfaidh an Prótacal Leasaitheach seo i bhfeidhm an chéad lá den chéad mhí tar éis do na Páirtithe Conarthacha fógra a thabhairt go bhfuil a nósanna imeachta faoi seach curtha i gcrích.

2.    D’ainneoin mhír 1, go sealadach ón 1 Eanáir 2026, agus faoi réir fógra a fháil ó gach ceann de na Páirtithe Conarthacha dá chéile faoin 31 Nollaig 2025 faoi thabhairt chun críche a nósanna imeachta inmheánacha faoi seach is gá don chur i bhfeidhm sealadach sin, cuirfidh na Páirtithe Conarthacha na leasuithe a leagtar amach in Airteagal 1 den Phrótacal Leasaitheach seo a bhaineann leis na hairteagail seo a leanas den Chomhaontú, leis na hiarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú agus leis na dearbhuithe i bhfeidhm, go dtí go dtiocfaidh an Prótacal Leasaitheach seo i bhfeidhm:

   Airteagal 1(1), fomhíreanna (m) agus (u);

   Airteagal 2;

   Airteagal 3;

   Airteagal 4p;

   Iarscríbhinn I;

   Iarscríbhinn III;

   Dearbhuithe Comhpháirteacha na bPáirtithe Conarthacha.

3.    D’ainneoin mhír 1, beidh feidhm ag Teideal 2, seachas Airteagal 4p, den Chomhaontú arna leasú leis an bPrótacal Leasaitheach seo ón gcéad lá de mhí Eanáir den chéad bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh seo maidir le héilimh chánach a thiocfaidh chun cinn tar éis an chéad lá de mhí Eanáir tar éis an Prótacal Leasaitheach seo a shíniú.

Airteagal 3

Teangacha

Déantar an Prótacal Leasaitheach seo a tharraingt suas i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis, san Ungáiris, agus comhúdarás ag an téacs i ngach ceann de na teangacha sin.

DÁ FHIANÚ SIN, shínigh na daoine thíos-sínithe, agus iad údaraithe go cuí chuige sin, an Prótacal Leasaitheach seo.

Arna dhéanamh i/sa... sa bhliain dhá mhíle fiche is a cúig.

Thar ceann an Aontais Eorpaigh

Thar cheann Chónaidhm na hEilvéise

(1)

   Treoir 2003/48/CE ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir le cánachas ar ioncam ó choigiltis i bhfoirm íocaíochtaí úis (IO L 157, 26.6.2003, lch. 38).

(2)

   IO L 385, 29.12.2004, lch. 30.

(3)

     IO L 333, 19.12.2015, lch. 12

(4)

   Treoir (AE) 2023/2226 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (IO AE L, 24.10.2023).

(5)

   Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO AE L 64, 11.3.2011, lch. 1).

(6)

   RS 235.1.

(7)

   RS 235.11.

(8)

   Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO AE L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(9)

   Cinneadh 2000/518/CE ón gCoimisiún an 26 Iúil 2000 de bhun Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint leordhóthanach sonraí pearsanta arna soláthar san Eilvéis (IO AE L 215, 25.8.2000, lch. 1).

(10)

     Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO AE L 281, 28.11.1995, lch. 31).

(11)

     COM(2024) 7 final.