An Bhruiséil,9.7.2025

COM(2025) 371 final

2025/0203(NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

maidir le leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le cur chun feidhme (2025-2029) an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht Dhaonlathach São Tomé agus Príncipe agus an Comhphobal Eorpach


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Ar bhonn an Chinnidh ón gComhairle an 10 Meán Fómhair lena núdaraítear tús a chur le caibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh i dtaca le Prótacal nua maidir le Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh le Poblacht Dhaonlathach São Tomé agus Príncipe 1 , agus ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta atá ann, rinne an Coimisiún caibidlíocht le Rialtas Phoblacht Dhaonlathach São Tomé agus Príncipe (São Tomé agus Príncipe) Tugadh an chaibidlíocht sin i gcrích agus chuir na hidirbheartaithe inisealacha le Prótacal an 9 Aibreán 2025. Leis an bPrótacal nua, cumhdaítear tréimhse 4 bliana ó dháta an chur i bhfeidhm shealadaigh a leagtar síos in Airteagal 19 de, is é sin an dáta a shíníonn na Páirtithe é.

Leis an bPrótacal nua, déanfar foráil maidir le deiseanna iascaireachta sna catagóirí seo a leanas:

-    26 bhád saighne tuinníní;

-    9 mbád spiléireachta dromchla;

-    soithí tacaíochta i gcomhréir le rúin ábhartha CICTA agus leis na teorainneacha a leagtar amach i reachtaíocht São Tomé agus Príncipe;

Is é is cuspóir don togra seo na deiseanna iascaireachta sin a leithdháileadh ar na Ballstáit.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Is é príomhaidhm an Phrótacail nua creat nuashonraithe a sholáthar agus tosaíochtaí an Chomhbheartais Iascaigh athchóirithe agus a ghné sheachtrach á gcur san áireamh, d’fhonn leanúint leis an gcomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas Eorpach agus São Tomé agus Príncipe i réimse na n‑iascach agus í a threisiú.

Tugann an Prótacal deiseanna iascaireachta do shoithí de chuid an Aontais Eorpaigh i limistéar iascaireachta São Tomé agus Príncipe, i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus le rúin agus moltaí an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú na dTuinníní Atlantacha (CICTA), laistigh de theorainneacha an bharrachais atá ar fáil. Bhunaigh an Coimisiún a sheasamh i bpáirt ar thorthaí meastóireachta a rinneadh ar an bPrótacal roimhe seo (2019-2024), agus ar mheastóireacht réamhbhreathnaitheach maidir le cé acu ar cheart nó nár cheart Prótacal nua a thabhairt i gcrích. Is saineolaithe seachtracha a thug faoi na measúnuithe sin. Ina theannta sin, is é is aidhm dó, feabhas a chur ar an gcomhar idir an tAontas Eorpach agus São Tomé agus Príncipe chun beartas iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn agus chun acmhainn iascaigh a shaothrú ar bhealach freagrach i limistéar iascaireachta São Tomé agus Príncipe agus san Aigéan Atlantach, ar mhaithe leis na Páirtithe. Ina theannta sin, leis an gcomhar sin, cuideofar le dálaí oibre cuibhiúla a chur chun cinn le linn gníomhaíochtaí iascaireachta.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá caibidliú Prótacail nua maidir le Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta in Earnáil an Iascaigh le São Tomé agus Príncipe ina chuid de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais i leith thíortha Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ESACC), agus cuirtear san áireamh ann go háirithe cuspóirí an Aontais maidir le fás eacnamaíoch inbhuanaithe, forbairt dhaonna agus shóisialta, an t~athrú aeráide a chomhrac, bainistiú inbhuanaithe acmhainní nádúrtha agus urraim do phrionsabail dhaonlathacha agus do chearta an duine.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús Dlí

Is é an bunús dlí Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena mbunaítear go nglacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, bearta maidir le leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tá an togra faoi chuimsiú inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh.

Comhréireacht

Tá an togra comhréireach leis an gcuspóir creat rialachais dlíthiúil, comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí de chuid an Aontais in uiscí tríú tír, mar a leagtar amach in Airteagal 31 den Rialachán lena mbunaítear an Comhbheartas Iascaigh 2 . Comhlíontar na forálacha sin chomh maith leis na forálacha sin maidir le cúnamh airgeadais do thríú tíortha a leagtar síos in Airteagal 32 den Rialachán sin.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

In 2024, rinne an Coimisiún meastóireacht ex post ar Phrótacal 2019-2024 a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta in Earnáil an Iascaigh a tugadh i gcrích le São Tomé agus Príncipe chomh maith le meastóireacht ex ante ar Phrótacal nua dfhéadfaí a bheith ann 3 . Leagtar amach conclúidí na meastóireachtaí ex post agus ex ante sin i nDoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin  4 .

Thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht go bhfuil suim mhór ag earnáil iascaigh an Aontais in iascaireacht a dhéanamh in São Tomé agus Príncipe agus go bhfuil Prótacal nua chun leasa an dá Pháirtí. Ina theannta sin, leis an bPrótacal nua, chuideofaí le faireachán, rialú agus faireachas a neartú agus chuideofaí le rialachas ar ghníomhaíochtaí iascaireachta sa réigiún a fheabhsú.

Maidir leis an Aontas, tá sé tábhachtach go gcoinneofaí ionstraim ar bun lena gceadófaí dlúthchomhar earnála le himreoir mór a bhfuil tionchar mór aige i rialachas aigéan ar an leibhéal fo-réigiúnach mar gheall ar mhéid an limistéir iascaireachta atá faoina dhlínse. Le neartú an chaidrimh le São Tomé agus Príncipe, beifear in ann comhghuaillíochtaí a thógáil faoi chuimsiú CICTA freisin. Ina theannta sin, i gcás chabhlach an Aontais Eorpaigh, ciallaíonn sé sin go gcoinneofar rochtain ar limistéar tábhachtach iascaireachta chun straitéisí saothraithe a chur i bhfeidhm faoi chreat dlí idirnáisiúnta ilbhliantúil. I gcás údaráis São Tomé agus Príncipe, is é an aidhm atá ann leanúint den chaidreamh leis an Aontas Eorpach chun rialachas na n‑aigéan a neartú, tairbhe a bhaint as tacaíocht earnála thiomnaithe lena gcuirtear deiseanna maoinithe ilbhliantúla ar fáil, agus tionsclú earnáil an athchóirithe a chur ar bun trí bhíthin ghníomhaíocht na soithí, mar chuid d’éagsúlú a gheilleagair.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit, le hionadaithe tionscail, le heagraíochtaí idirnáisiúnta na sochaí sibhialta agus le lucht riaracháin iascaigh agus le hionadaithe na sochaí sibhialta ó São Tomé agus Príncipe mar chuid den mheastóireacht. Eagraíodh comhairliúcháin freisin i gcomhthéacs na Comhairle Comhairlí um an Iascaireacht Fadraoin.

Bailiú agus úsáid saineolais

D’úsáid an Coimisiún comhairleoir neamhspleách le haghaidh na meastóireachtaí ex post agus ex ante, i gcomhréir le forálacha Airteagal 31(10) den Rialachán lena mbunaítear an Comhbheartas Iascaigh.

Measúnú tionchair

Neamhbhainteach.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach.

Cearta bunúsacha

Leis an gcomhaontú a caibidlíodh, foráiltear maidir le clásal a bhaineann le hiarmhairtí na sáruithe ar na heilimintí fíor-riachtanacha dAirteagal 9 de Chomhaontú Shamó 5 , eilimintí a bhaineann le cearta daonna.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon tionchar ag an Dréachtrialachán ar bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tá an nós imeachta seo á thionscnamh i gcomhthráth leis na nósanna imeachta a bhaineann leis an gCinneadh ón gComhairle maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhfaidh leis an gComhaontú Comhpháirtíochta in Earnáil an Iascaigh idir Poblacht Dhaonlathach São Tomé agus Príncipe agus an Comhphobal Eorpach, agus leis an gCinneadh ón gComhairle, ar a thabhairt i gcrích. Beidh feidhm ag an Rialachán seo a luaithe a bheidh deis ann gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh, i.e. ar dháta chur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail.

2025/0203 (NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

maidir le leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le cur chun feidhme (2025-2029) an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht Dhaonlathach São Tomé agus Príncipe agus an Comhphobal Eorpach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An 23 Iúil 2007, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 894/2007 6 maidir le Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht Dhaonlathach São Tomé agus Príncipe agus an Comhphobal Eorpach a thabhairt i gcrích 7 (dá ngairtear an Comhaontú anseo feasta). Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 29 Lúnasa 2011.

(2)Chuaigh an Prótacal roimhe seo maidir le Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe in éag an 18 Nollaig 2024.

(3)Thar ceann an Aontais Eorpaigh, tá Prótacal nua 4 bliana maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta in Earnáil an Iascaigh idir Poblacht Dhaonlathach São Tomé agus Príncipe agus an Comhphobal Eorpach (dá ngairtear an Prótacal anseo feasta) caibidlithe ag an gCoimisiún.

(4)De thoradh na caibidlíochta sin, cuireadh inisealacha leis an bPrótacal an 9 Aibreán 2025.

(5)An […], ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) […] 8 , maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail nua, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

(6)Na deiseanna iascaireachta dá bhforáiltear sa Phrótacal, ba cheart iad a leithdháileadh ar na Ballstáit ar feadh na tréimhse iomláine a chuirfear an Prótacal i bhfeidhm.

(7)Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo a luaithe is féidir i bhfianaise na tábhachta eacnamaíche a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais i limistéar iascaireachta São Tomé agus Príncipe agus an ghá atá ann fad an chur isteach ar ghníomhaíochtaí den sórt sin a laghdú a oiread is féidir.

(8)Is ar bhonn sealadach a bheidh feidhm ag an bPrótacal ó dháta a shínithe chun go bhféadfaidh soithí de chuid an Aontais a ngníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na deiseanna iascaireachta a bhunaítear faoin bPrótacal (2025-2029) déanfar iad a leithdháileadh ar na Ballstáit mar seo a leanas:

(a)26 bhád saighne tuinníní

An Spáinn:    [15]    shoitheach

An Fhrainc:    [11]    shoitheach;

(b)9 mbád spiléireachta dromchla

An Spáinn:    [7]    soitheach

An Phortaingéil:    [2]    shoitheach.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón dáta a chuirfear i bhfeidhm an Prótacal go sealadach.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle.
(3)    An Coimisiún Eorpach: Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta, F&S, POSEIDON, Defaux, V. agus Caillart, B., Évaluation rétrospective du Protocole de mise en œuvre de l’accord de partenariat dans le domaine de la pêche entre l’Union européenne et la République de Sao Tomé-et-Principe et prospective d’un éventuel futur protocole – Rapport final, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024, ( https://data.europa.eu/doi/10.2771/264668 ).
(4)    DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN a ghabhann leis an doiciméad: Moladh le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE lena núdaraítear tús a chur le caibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh i dtaca le Prótacal nua maidir le Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh le Poblacht Dhaonlathach São Tomé agus Príncipe, agus i dtaca le leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh nó ar théacs nua de Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe ( https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52024SC0177&qid=1424957307348 ).
(5)    Comhaontú Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, den pháirt eile, IO L, 2023/2862, 28.12.2023 ( http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2023/2862/oj ).
(6)    IO L 205, 7.8.2007, lch. 35; ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2007/894/oj .
(7)    IO L 205, 7.8.2007, lch. 36; ELI . http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2007/894/oj
(8)    [tagairt agus IO le cur isteach]