An Bhruiséil,25.6.2025

COM(2025) 332 final

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua i réimse an chomhair riaracháin i gcúrsaí cánach dírí


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN MHOLTA

Forais agus cuspóirí an Mholta

In 2024, léirigh Ríocht na hIorua (an Iorua) spéis i ndul i mbun caibidlíochta leis an Aontas chun Comhaontú a thabhairt i gcrích chun feabhas a chur ar an gcomhar riaracháin i gcúrsaí cánach dírí leis na Ballstáit. Sholáthrófaí leis an gComhaontú bunús dlí chun Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 1 (an Treoir maidir le Comhar Riaracháin i réimse an chánachais - TCR), lena náirítear na leasuithe a rinneadh air ina dhiaidh sin, a leathnú go páirteach chun an Iorua a chumhdach.

Bunaítear creat cuimsitheach leis an TCR maidir le comhar riaracháin idir údaráis chánach na mBallstáit i réimse an chánachais dhírigh. Déantar foráil leis maidir le trí chineál malartuithe faisnéise (uathoibríoch, ar iarratas agus spontáineach) agus maidir le harduirlisí chun éascaíocht a dhéanamh ar chomhar idir údaráis chánach na mBallstát (rialuithe comhuaineacha, iniúchtaí comhpháirteacha, láithreacht san oifig riaracháin agus fiosruithe) d’fhonn calaois cánach, imghabháil cánach, agus seachaint cánach a chomhrac.

Is comhalta den Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus de Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis (BEPS) í an Iorua agus is sínitheoir í le roinnt ionstraimí idirnáisiúnta maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais dhírigh chomh maith leis an ráiteas Two-Pillar Solution to Address the Tax Challenges Arising from the Digitalisation of the Economy [Réiteach Dhá Cholún chun aghaidh a thabhairt ar na Dúshláin Chánach a eascraíonn as Digitiú an Gheilleagair] 2 . An creat comhair riaracháin atá ann faoi láthair chun críoch cánach dírí agus atá i bhfeidhm idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an Iorua, tá sé ag brath ar dhá phríomhcholún, mar atá, comhaontuithe cánach déthaobhacha a tugadh i gcrích idir an Iorua agus Ballstáit aonair agus ionstraimí comhair iltaobhacha a comhaontaíodh i gcomhthéacs ECFE. Leis an gComhaontú leis an Aontas, bhunófaí creat comhair níos doimhne agus níos comhtháite chun críoch cánach dírí idir na páirtithe, rud a bheadh ag teacht leis an méid atá i bhfeidhm cheana féin idir na Ballstáit.

Go sonrach, is é an cuspóir atá ann foráil a dhéanamh maidir le malartú uathoibríoch cómhalartach faisnéise cánach idir na Ballstáit agus an Iorua sa trí phríomhréimse den TCR: (i) maidir le socruithe trasteorann a d'fhéadfadh a bheith díobhálach ó thaobh cánach de, i gcomhréir le Treoir 2018/822 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2018 3 (TCR6); (ii) maidir leis na catagóirí ioncaim agus sócmhainní a liostaítear in airteagal 8 4 den TCR, arna leasú le Treoir 2021/514 ón gComhairle an 22 Márta 2021 5 (TCR7) agus Treoir 2023/2226 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2023 6 (TCR8); agus (iii) maidir le rialuithe cánach agus réamh-chomhaontuithe cánach, i gcomhréir le Treoir 2015/2376 ón gComhairle an 8 Nollaig 2015 7 (TCR3).

D’fhéadfaí cineálacha comhair riaracháin eile a chumhdaítear leis an TCR, seachas malartú faisnéise uathoibríoch, a chur san áireamh má mheastar iad a bheith úsáideach chun deiseanna níos fearr a thabhairt chun dul i ngleic le himghabháil cánach agus le seachaint cánach agus an cothrom iomaíochta a áirithiú.

Chun a áirithiú go mbíonn an Comhaontú ailínithe go hiomlán i gcónaí le forálacha comhfhreagracha na Treorach, ba cheart sásra athbhreithniúcháin a bheith sa Chomhaontú lena gceanglófar ar na páirtithe é a leasú chun aon leasú a dhéanfar ar an Treoir amach anseo maidir le réimsí a chumhdaítear leis an gComhaontú a léiriú.

Toisc gur sínitheoir í an Iorua cheana féin le roinnt ionstraimí idirnáisiúnta maidir le comhar riaracháin, meastar nach bhfuil roinnt forálacha TCR ábhartha láithreach chun feabhas a chur ar chomhar i dtaca le cúrsaí cánach dírí idir an tAontas agus an Iorua agus dá bhrí sin, níor cumhdaíodh sa togra seo iad. I ndáil leis sin, meastar nach gá Treoir 2014/107/AE ón gComhairle an 9 Nollaig 2014 8 (TCR2) a leathnú toisc gur mhalartaigh na Ballstáit agus an Iorua faisnéis choibhéiseach cheana féin faoi Chomhaontú Iltaobhach na nÚdarás Inniúil maidir le Malartú uathoibríoch faisnéise faoi chuntais airgeadais (‘CRS MCAA’) 9 . Ar an gcaoi chéanna, níor scrúdaíodh leathnú TCR7 ná TCR8 toisc go spreagfaí ceanglais tuairiscithe dhúblálacha le haghaidh páirtithe leasmhara dá ndéanfaí é sin. Déanta na fírinne, is féidir le Ballstáit an Aontais agus leis an Iorua faisnéis ábhartha a mhalartú cheana féin faoi Rialacha Samhla maidir le hOibreoirí Ardán Digiteach agus faoin gCreat Tuairiscithe Cripteashócmhainní ECFE (‘CTCS’) 10 .

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an Moladh seo go hiomlán i gcomhréir le cuspóir an Choimisiúin an trédhearcacht cánach agus an malartú faisnéise a mhéadú, ní hamháin laistigh den Aontas ach i dtríú tíortha freisin, d’fhonn calaois cánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac. Feictear an gealltanas sin go sonrach sa Teachtaireacht maidir le plean gníomhaíochta le haghaidh cánachas cothrom agus simplí a thacaíonn leis an straitéis téarnaimh an 15 Iúil 2020 11 , lenar spreagadh comhar éifeachtach le tríú tíortha agus idirphlé níos dlúithe le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun éifeachtacht bheartas cánach an Aontais a áirithiú.

Tá cur chuige leanúnach léirithe ag an gCoimisiún i dtaca leis sin, mar a chruthaíonn tabhairt i gcrích comhaontuithe idir an tAontas Eorpach agus cúig thír neamh-AE 12 i réimse an mhalartaithe uathoibríoch faisnéise faoi chuntais airgeadais idir 2015 agus 2016 chun feabhas a chur ar chomhlíonadh cánach idirnáisiúnta. Tá athchaibidlíocht á déanamh faoi láthair ar na comhaontuithe sin ar mhaithe le hailíniú le forbairtí an TCR agus na gcaighdeán idirnáisiúnta comhfhreagracha.

Tá an Moladh seo go hiomlán comhsheasmhach leis an ngníomhaíocht a rinne an tAontas freisin chun creat láidir a thógáil don chomhar cánach leis an Iorua i réimse na Cánach Breisluacha (CBL). Thug an tAontas comhaontú i gcrích leis an Iorua in 2018, a tugadh cothrom le dáta in 2024 13 . Sa chomhthéacs sin, d’fhorbair na Ballstáit agus an Iorua cleachtas sásraí comhair chánach ábhartha, lena gcuirfear bunús láidir ar fáil do chreat comhair i gcúrsaí cánach dírí.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Cuirtear beartais an Aontais san áireamh sa Mholadh seo, i réimse an chomhraic in aghaidh an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, a bhfuil níos mó ná idirnascadh amháin acu leis an TCR. Faoi TCR6, bíonn dearadh saintréithe lena spreagtar oibleagáid tuairiscithe le haghaidh socruithe trasteorann ag brath go pointe áirithe ar chreat dlíthiúil an Aontais maidir leis an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc. Baineann sé sin go háirithe le saintréithe lena mbaineann malartú faisnéise uathoibríoch maidir le húinéireacht thairbhiúil 14 .

Cuirtear beartais an Aontais san áireamh sa Mholadh seo freisin, i réimse an mheasa ar chearta bunúsacha, go háirithe cosaint sonraí pearsanta. I ndáil leis an méid sin, ailíneofar an Comhaontú molta le ceanglais Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 15 (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí).

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí 

Cuirtear an Moladh seo faoi bhráid na Comhairle de bhun Airteagal 218(3) agus (4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Baineann an Moladh seo le glacadh na mbeart ag an Iorua, atá coibhéiseach leis an gcóras bunaithe laistigh de reachtaíocht an Aontais sa réimse céanna, go háirithe faoin TCR.

Foráiltear le hAirteagal 3(2) CFAE go mbeidh, mar aon leis na réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas a liostaítear in Airteagal 3(1) CFAE, ‘inniúlacht eisiach freisin ag an Aontas comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích nuair a fhorálfar dá thabhairt i gcrích i ngníomh reachtach de chuid an Aontais, nó nuair atá sé riachtanach chun a chumasú don Aontas a inniúlacht inmheánach a fheidhmiú, nó a mhéid ar dóigh dá thabhairt i gcrích difear a dhéanamh do na comhrialacha nó a raon feidhme a athrú’.

Faoi chásdlí comhsheasmhach na Cúirte Breithiúnais 16 , d’fhéadfadh comhaontú difear a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna nó a raon feidhme a athrú i gcás ina gcumhdaítear réimsí ina bhfuil bearta comhchuibhithe leis. Dá bhrí sin, tagann ábhar an Chomhaontuithe mholta, a bhaineann le forálacha an TCR atá ann cheana a leathnú chun an Iorua a chumhdach, faoi inniúlacht eisiach an Aontais.

Comhréireacht

Tá an Moladh seo ón gCoimisiún i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach, is é sin creat aonfhoirmeach comhtháite a bhunú le haghaidh comhar riaracháin idir Ballstáit an Aontais agus an Iorua chun críoch cánach dírí. Tá sé sin i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Leis an gComhaontú molta, cuirfear ar a gcumas d’Údaráis Inniúla na mBallstát oibriú i gcomhar le húdaráis chánach na hIorua ar an gcaoi chéanna agus a oibríonn siad i gcomhar le chéile agus an creat TCR atá ann faoi láthair á chur i bhfeidhm acu.

An rogha ionstraimí

Tá Moladh ón gCoimisiún le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena n‑údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht i gcomhréir le hAirteagal 218(3) CFAE, lena bhforáiltear go gcuirfidh an Coimisiún moltaí faoi bhráid na Comhairle, agus glacfaidh an Chomhairle cinneadh lena n‑údarófar tús a chur leis an gcaibidlíocht.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Tionóladh comhairliúcháin neamhfhoirmiúla idir seirbhísí an Choimisiúin agus údaráis ábhartha na hIorua le linn an dara seimeastar de 2024. Cuireadh Ballstáit ar an eolas faoi thorthaí na gcomhairliúchán neamhfhoirmiúil sin ag an Meitheal Ardleibhéil an 26 Feabhra 2025 agus comhaontaíodh i bprionsabal tús a chur leis an gcaibidlíocht.

Measúnú tionchair

De réir uirlis 7 den Bhosca Uirlisí um Rialáil Níos Fearr 17 , níl gá le measúnú tionchair i gcás ina sainaithnítear tionchair bheaga, nach féidir iad a shainaithint go soiléir ex-ante, nó nach bhfuil mórán nó aon rogha ag an gCoimisiún.

Ní cheanglaítear ar an gCoimisiún leis an Moladh seo seasamh ar leith a ghlacadh ag an gcéim seo. Ní áireofar sa Mholadh ach ‘údarú’ ón gComhairle chun dul i mbun caibidlíochta leis an Iorua. Toisc go dtugtar méid leathan solúbthachta leis an Moladh seo maidir le raon feidhme na caibidlíochta, tá an dara coinníoll luaite in uirlis 7 den Bhosca Uirlisí um Rialáil níos fearr comhlíonta.

Thairis sin, díreofar sa chaibidlíocht ar chur i bhfeidhm uirlisí comhair riaracháin a leathnú chun an Iorua a chumhdach, uirlisí ar ann dóibh cheana san Aontas agus a bhfuil cleachtas seanbhunaithe ag na Ballstáit leo.

Cearta bunúsacha

Sa chás ina n‑údaraíonn an Chomhairle don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht agus an chaibidlíocht sin a dhéanamh, beidh sé airdeallach chun a áirithiú go n‑urramófar le haon chomhaontú leasaithe príomhluachanna an Aontais Eorpaigh mar a bhunaítear iad in Airteagal 2 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht ag an togra ar bhuiséad an Aontais, go háirithe mar gheall nach bhfuil, agus nach mbeidh, aon ról ag an gCoimisiún maidir leis an malartú faisnéise. Thairis sin, toisc go bhfuil bonneagair TF le haghaidh malartuithe faoin TCR difriúil i bhfeidhm cheana féin, níor cheart aon éifeacht eacnamaíoch intomhaiste a bheith ag an gComhaontú seo ar na Ballstáit ná ar pháirtithe leasmhara eile an Aontais.

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua i réimse an chomhair riaracháin i gcúrsaí cánach dírí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Baineann Ballstáit den Aontas Eorpach tairbhe as creat láidir dea-chomhtháite an chomhair riaracháin chun críoch cánach dírí a leagtar síos i dTreoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 (‘an Treoir’). Is é is aidhm don chreat sin comhlíonadh cánach a áirithiú laistigh den Aontas agus cúnamh a thabhairt d’údaráis chánach calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chosc agus dul i ngleic leo.

(2)Is príomh-chomhpháirtí trádála de chuid an Aontais í ríocht na hIorua (‘an Iorua’) agus páirtí conarthach de Chomhaontú LEE í freisin. Is chun leasa na mBallstát é cur leis an gcreat comhair chun críoch cánach idir an tAontas agus an Iorua, atá teorannaithe faoi láthair don cháin indíreach.

(3)Chun na críche sin, ba cheart comhaontú a shocrú lena gceadófar páirteanna áirithe den Treoir a leathnú chun an Iorua a chumhdach, d’fhonn raon feidhme an mhalartaithe uathoibríoch chómhalartaigh faisnéise idir na Ballstáit agus an Iorua a leathnú. Ba cheart go gcumhdófaí forálacha ó Threoir 2011/16/AE ón gComhairle sa leathnú sin go príomha, chomh maith le forálacha ó Threoracha 2015/2376/AE agus 2018/822/AE ón gComhairle.

(4)Ba cheart freisin an deis a thabhairt do na páirtithe teacht ar chomhaontú maidir le raon feidhme an chomhaontuithe a leathnú chun forálacha eile na Treorach a chumhdach le linn an phróisis chaibidlíochta, má mheastar go bhfuil gá leis chun deiseanna níos fearr a thabhairt chun dul i ngleic le himghabháil cánach agus le seachaint cánach agus cothrom iomaíochta a áirithiú.

(5)Chuige sin, ba cheart tús a chur le caibidlíocht d’fhonn Comhaontú a thabhairt i gcrích i réimse an chomhair chun críoch cánach i gcúrsaí cánach dírí idir an tAontas agus an Iorua.

(6)Chun a áirithiú go mbíonn an Comhaontú ailínithe go hiomlán i gcónaí le forálacha comhfhreagracha na Treorach, ba cheart sásra athbhreithniúcháin a bheith sa Chomhaontú lena gceanglófar ar na páirtithe é a leasú chun aon leasú a dhéanfar ar an Treoir amach anseo maidir le réimsí a chumhdaítear leis an gComhaontú a léiriú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear leis seo don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht, thar ceann an Aontais, maidir le comhaontú i réimse an chomhair riaracháin i gcúrsaí cánach dírí idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua.

Airteagal 2

Leagtar amach na treoracha caibidlíochta san Iarscríbhinn.

Airteagal 3

Déanfar an chaibidlíocht i gcomhairle leis an gcoiste speisialta atá ainmnithe ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 218(4) CFAE.

Airteagal 4

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 64, 11.3.2011, lch. 1-12
(2)     https://www.oecd.org/content/dam/oecd/en/topics/policy-issues/beps/statement-on-a-two-pillar-solution-to-address-the-tax-challenges-arising-from-the-digitalisation-of-the-economy-october-2021.pdf
(3)    IO L 139, 5.6.2018, lch. 1-13
(4)

   Ioncam ó fhostaíocht; táillí stiúrthóra; táirgí árachais saoil nach gcumhdaítear in ionstraimí dlí eile de chuid an Aontais maidir le malartú faisnéise agus bearta eile den chineál céanna; pinsin; úinéireacht maoine dochorraithe agus ioncam ón maoin sin; dleachtanna, ioncam ó dhíbhinní neamhchoinneála seachas ioncam ó dhíbhinní atá díolmhaithe ó cháin ioncaim chorparáide de bhun Airteagail 4, 5 nó 6 de Threoir 2011/96/AE ón gComhairle.

(5)    IO L 104, 25.3.2021, lch. 1-26
(6)    IO L, 2023/2226, 24.10.2023
(7)    IO L 332, 18.12.2015, lch. 1-10
(8)    IO L 359, 16.12.2014, lch. 1-29
(9)    ECFE (2017), Caighdeán maidir le Malartú Uathoibríoch Faisnéise faoi Chuntais Airgeadais i gCúrsaí Cánach , an Dara Leagan, Foilsitheoireacht ECFE, Páras
(10)    ECFE (2023),  Caighdeáin Idirnáisiúnta maidir le Malartú Faisnéise Uathoibríoch i gCúrsaí Cánach: Creat Tuairiscithe Cripteashócmhainní agus nuashonrú 2023 ar an gComhchaighdeán Tuairiscithe , Foilsitheoireacht ECFE, Páras
(11)     Teachtaireacht maidir le plean gníomhaíochta le haghaidh cánachas cothrom agus simplí a thacaíonn leis an straitéis téarnaimh , 15.7.2020.
(12)    Comhaontuithe le Prionsacht Lichtinstéin, IO L339 an 24 Nollaig 2015, lch 1-35; Poblacht San Mairíne, IO L140 an 27 Bealtaine 2016, lch. 1-2; Prionsacht Andóra IO L268 an 1 Deireadh Fómhair 2016, lch. 38-76; Cónaidhm na hEilvéise IO L333 an 19 Nollaig 2015, lch. 10-49; Prionsacht Mhonacó IO L280 an 18 Deireadh Fómhair 2016, lch. 1-2
(13)

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le comhar riaracháin, comhrac na calaoise agus aisghabháil éileamh i réimse na cánach breisluacha  IO L 195, 1.8.2018, lch. 1-22, arna leasú le Cinneadh (AE) 2024/2888 ón gComhairle an 5 Samhain 2024 IO L, 2025/2888, 19.11.2024.

(14)    Treoir 2018/822 (AE) ón gComhairle an 25 Bealtaine 2018, Iarscríbhinn IV, Cuid II. D
(15)    IO L 119, 4.5.2016, lch. 1–88
(16)    Tuairim 3/15 ón gCúirt, ECLI:EU:C:2017:114, mír 118 agus an cásdlí a luaitear ann.
(17)     Bosca uirlisí um rialáil níos fearr 2023  

An Bhruiséil,25.6.2025

COM(2025) 332 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua i réimse an chomhair riaracháin i gcúrsaí cánach dírí


IARSCRÍBHINN

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an Aontas comhaontú le Ríocht na hIorua (‘an Iorua’) a thabhairt i gcrích, lena gcumhdófar comhar riaracháin i gcúrsaí cánach dírí.

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gcaibidlíocht bunús dlí a sholáthar chun codanna de Threoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 1 (an Treoir maidir le Comhar Riaracháin i réimse an chánachais - TCR), lena náirítear na leasuithe a rinneadh air ina dhiaidh sin, a leathnú chun an Iorua a chumhdach.

Go háirithe, ba cheart na réimsí seo a leanas a chumhdach sa chaibidlíocht:

Malartú faisnéise uathoibríoch maidir le socruithe trasteorann cánach díobhálacha féideartha, i gcomhréir le Treoir 2018/822 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2018 2 (TCR6).

Malartú faisnéise uathoibríoch maidir leis na catagóirí ioncaim agus sócmhainní a liostaítear in airteagal 8 den TCR, arna leasú le Treoir 2021/514 ón gComhairle an 22 Márta 2021 3 (TCR7) agus Treoir 2023/2226 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2023 4 (TCR8).

Malartú faisnéise uathoibríoch maidir le rialuithe cánach agus réamh-chomhaontuithe cánach, i gcomhréir le Treoir 2015/2376 ón gComhairle an 8 Nollaig 2015 5 (TCR3).

D’fhéadfaí cineálacha comhair riaracháin eile a chumhdaítear leis an TCR a chur san áireamh má mheastar iad a bheith úsáideach chun deiseanna níos fearr a thabhairt chun dul i ngleic le himghabháil cánach agus le seachaint cánach agus an cothrom iomaíochta a áirithiú.

Ba cheart a áirithiú sa chaibidlíocht go mbeidh sásra athbhreithniúcháin sa Chomhaontú lena gceanglófar ar na páirtithe é a leasú chun aon leasú a dhéanfar ar an TCR amach anseo maidir le réimsí a chumhdaítear leis an gComhaontú a léiriú.

Ba cheart toradh na caibidlíochta a bheith go hiomlán i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí - RGCS) 6 .

(1)    IO L 64, 11.3.2011, lch. 1-12
(2)    IO L 139, 5.6.2018, lch. 1-13
(3)    IO L 104, 25.3.2021, lch. 1-26
(4)    IO L, 2023/2226, 24.10.2023
(5)    IO L 332, 18.12.2015, lch. 1-10
(6)    IO L 119, an 4 Bealtaine 2016, leathanaigh 1-88