An Bhruiséil,13.6.2025

COM(2025) 312 final

2025/0164(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE i dtaca le leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE

(An Treoir maidir le fuinneamh in‑athnuaite)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE i dtaca leis an gCinneadh ó Chomhchoiste LEE a bhfuil sé beartaithe a ghlacadh agus a bhaineann le leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE

2.Comhthéacs an togra

2.1.Comhaontú LEE

Leis an gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’) ráthaítear cearta agus oibleagáidí comhionanna laistigh den Mhargadh Inmheánach le haghaidh saoránaigh agus oibreoirí eacnamaíocha in LEE. Déantar foráil ann maidir le cuimsiú reachtaíochta de chuid an Aontais lena gcumhdaítear na ceithre shaoirse ar fud an 30 Stát in LEE, mar atá na Ballstáit den Aontas, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin. Ina theannta sin, cumhdaítear le Comhaontú LEE comhar i réimsí tábhachtacha eile amhail taighde agus forbairt, oideachas, beartas sóisialta, an comhshaol, cosaint tomhaltóirí, turasóireacht agus cultúr, réimsí a dtugtar beartais ‘tionlacain agus chothrománacha’ orthu i dteannta a chéile. Tháinig Comhaontú LEE i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994. Is páirtí i gComhaontú LEE é an tAontas in éineacht lena Bhallstáit.

2.2.Comhchoiste LEE

Tá Comhchoiste LEE freagrach as Comhaontú LEE a bhainistiú. Is fóram é chun tuairimí a bhaineann le feidhmiú Chomhaontú LEE a mhalartú. Is de chomhthoil a dhéantar cinntí ón gComhchoiste agus tá na cinntí sin ina gceangal ar na Páirtithe. Is í Ardrúnaíocht an Choimisiúin Eorpaigh atá freagrach as ceisteanna a bhaineann le LEE a chomhordú ar thaobh an Aontais. 

2.3.An gníomh ó Chomhchoiste EEA atá beartaithe

Táthar ag súil go nglacfaidh Comhchoiste LEE Cinneadh ó Chomhchoiste LEE (‘an gníomh atá beartaithe’) i dtaca le leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE.

Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/759 ón gCoimisiún a ionchorprú i gComhaontú LEE a mhéid a bhaineann le modheolaíocht chun méid an fhuinnimh inathnuaite a úsáidtear le haghaidh an fhuaraithe agus fuarú ceantair a ríomh 1 agus Treoir (AE) 2018/2001 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn 2 .

Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Cuireann an Coimisiún an dréacht‑Chinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis seo faoi bhráid na Comhairle lena ghlacadh ionas gurb é seasamh an Aontais a bheidh ann. Nuair a ghlacfar é, ba cheart an seasamh a chur i láthair a luaithe is féidir i gComhchoiste LEE.

Sa dréachtChinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis seo áirítear oiriúnuithe le haghaidh Stáit CSTE LEE mar a leagtar amach i dtéacs na naithrisí agus na noiriúnuithe sa dréachtChinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis seo, oiriúnuithe a théann thar an méid ar féidir a mheas mar oiriúnuithe teicniúla de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle 3 . Dá bhrí sin, is í an Chomhairle a bhunóidh seasamh an Aontais.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 4 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é Comhchoiste LEE a cuireadh ar bun le comhaontú, is é sin, Comhaontú LEE. An gníomh a iarrtar ar Chomhchoiste LEE a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.

Ní fhorlíonann ná ní leasaíonn an gníomh atá beartaithe creat institiúideach an Chomhaontaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE i gcomhar le hAirteagal 1(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an bunús dlí don nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach maidir le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE i gcomhar le hAirteagal 1(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle, braitheann sé go príomha ar bhunús dlí substainteach an ghnímh dlí de chuid an Aontais atá le hionchorprú i gComhaontú LEE.

Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh‑chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh‑chomhpháirt.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Ós rud é go ndéantar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/759 ón gCoimisiún agus Treoir (AE) 2018/2001 a ionchorprú i gComhaontú LEE leis an gCinneadh ón gComhchoiste, is iomchuí an cinneadh seo ón gComhairle a bhunú ar an mbunús dlí substainteach céanna agus atá ag na gníomh atá á ionchorprú. Dá bhrí sin, is é Airteagal 194(2) CFAE an bunús dlí substainteach maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Airteagal 194(2) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE agus Airteagal 1(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle, sin iad ba cheart a bheith ina mbunús dlí maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é go leasófar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE leis an ngníomh ó Chomhchoiste LEE , is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2025/0164 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE i dtaca le leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE

(An Treoir maidir le fuinneamh in
‑athnuaite)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch 5 , agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tháinig an Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch 6 (‘Comhaontú LEE’) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE, inter alia, a leasú.

(3)Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/759 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le modheolaíocht chun méid an fhuinnimh inathnuaite a úsáidtear le haghaidh an fhuaraithe agus fuarú ceantair a ríomh 7 agus Treoir (AE) 2018/2001 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn 8 , ba cheart iad a ionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)Tá roinnt forálacha ann i dTreoir (AE) 2018/2001 gur ghá oiriúnuithe substainteacha a dhéanamh orthu chun sainghnéithe Chomhaontú LEE agus Stáit CSTE a léiriú.

(5)Sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh inathnuaite, níl feidhm aici maidir le Stáit CSTE, agus mar sin níor cheart feidhm a bheith ag sprioc an Aontais a leagtar amach in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001 i ndáil le Stáit CSTE. Dá bhrí sin, rinneadh an tAirteagal sin a oiriúnú dá réir. Mar sin féin, leag Stáit CSTE amach ar bhonn deonach a spriocanna náisiúnta táscacha maidir le fuinneamh inathnuaite, mar a leagtar amach i nDearbhú Stáit CSTE atá i gceangal leis an gCinneadh ó Chomhchoiste LEE. Dá bhrí sin, níor cheart Stáit CSTE a bheith mar chuid d’ardán an Aontais um fhorbairt inathnuaite ná a bheith páirteach in aistrithe staidreamhacha leis na Ballstáit. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag Airteagal 8 de Threoir (AE) 2018/2001 maidir le Stáit CSTE.

(6)I bhfianaise shuíomh geografach iargúlta na hÍoslainne agus na ndúshlán gaolmhar a bhaineann le holltomhaltas deiridh fuinnimh a ríomh i ndáil leis an méid fuinnimh arna thomhailt in earnáil an aeriompair, ba cheart an tairseach chéanna a dheonaítear don Chipir agus do Mhálta in Airteagal 7 de Threoir (AE) 2018/2001 a bheith infheidhme maidir leis an Íoslainn.

(7)Maidir leis na nósanna imeachta um dheonú ceadanna a leagtar amach in Airteagal 16 de Threoir (AE) 2018/2001, cuirtear san áireamh sa Chinneadh ón gComhchoiste oibleagáidí ar leith na hIorua dul i gcomhairle leis na daoine den phobal Sámach, chun a áirithiú go bhféadfar síneadh suas le bliain amháin a chur leis na tréimhsí ama le haghaidh an phróisis deonaithe ceadanna dá dtagraítear in Airteagal 16(4), Airteagal 16(5) agus Airteagal 16(6) de Threoir (AE) 2018/2001.

(8)Maidir le haitheantas frithpháirteach ráthaíochtaí tionscnaimh le tríú tíortha, ba cheart do Stáit CSTE beartas an Aontais a leagtar amach in Airteagal 19(11) de Threoir (AE) 2018/2001 a leanúint. Dá réir sin, níor cheart dóibh ráthaíochtaí tionscnaimh arna neisiúint ag tríú tír a aithint ach amháin má tá comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas leis an tríú tír sin, agus má chomhlíontar na critéir a leagtar amach san Airteagal sin. Dá bhrí sin, rinneadh Airteagal 19(11) de Threoir (AE) 2018/2001 a oiriúnú dá réir.

(9)Ós rud é go bhfuil sciartha arda leictreachais inathnuaite ag an Iorua agus ag an Íoslainn agus go núsáideann an Iorua an leictreachas sin chun críoch téimh den chuid is mó agus go gcumhdaíonn an Íoslainn a héileamh téimh ó fhoinsí geoiteirmeacha inathnuaite nó ó leictreachas inathnuaite, is iomchuí oiriúnú a dhéanamh ar na modhanna ríofa a bhaineann le príomhshruthú téimh agus fuaraithe a leagtar amach in Airteagal 23 de Threoir (AE) 2018/2001.

(10) Thairis sin, ní féidir le Lichtinstéin Airteagail 25 go 31 de Threoir (AE) 2018/2001 a chur i bhfeidhm faoi láthair, Airteagail a bhaineann le fuinneamh inathnuaite in earnáil an iompair agus ceanglais inbhuanaitheachta le haghaidh breoslaí inathnuaite, toisc go bhfuil an beartas maidir le breoslaí inathnuaite á rialú in aontas réigiúnach Lichtinstéin leis an Eilvéis. Dá bhrí sin, ba cheart maolú sealadach a dheonú do Lichtinstéin, agus é á chur san áireamh go gcuireann Lichtinstéin córas i bhfeidhm laistigh den aontas réigiúnach sin chun úsáid bhithbhreoslaí a chur chun cinn bunaithe ar shásra cúitimh CO2 a bhfuil sprioc 23 % aige atá infheidhme ó 2024 i leith. Ní bheidh feidhm ag an maolú ach go dtí go ndéanfar Treoir (AE) 2018/2001 arna leasú le Treoir (AE) 2023/2413 a ionchorprú i gComhaontú LEE.

(11)Ba cheart Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir.

(12)Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréacht‑Chinneadh atá i gceangal leis seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréacht‑Chinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/759 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le modheolaíocht chun méid an fhuinnimh inathnuaite a úsáidtear le haghaidh an fhuaraithe agus fuarú ceantair a ríomh, IO L 139, 18.5.2022, lch. 1.
(2)    Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn, IO L 328, 21.12.2018, lch. 82, arna ceartú le IO L 311, 25.9.2020, lch. 11 agus IO L 41, 22.2.2022, lch. 37.
(3)    Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.
(4)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(5)    IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.
(6)    IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.
(7)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/759 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le modheolaíocht chun méid an fhuinnimh inathnuaite a úsáidtear le haghaidh an fhuaraithe agus fuarú ceantair a ríomh (IO L 139, 18.5.2022, lch. 1).
(8)    Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82), arna ceartú le IO L 311, 25.9.2020, lch. 11 agus IO L 41, 22.2.2022, lch. 37.