An Bhruiséil,13.6.2025

COM(2025) 311 final

2025/0165(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE i dtaca le leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE

(An Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE i dtaca leis an gCinneadh ó Chomhchoiste LEE a bhfuil sé beartaithe a ghlacadh agus a bhaineann le leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE

2.Comhthéacs an togra

2.1.Comhaontú LEE

Leis an gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’) ráthaítear cearta agus oibleagáidí comhionanna laistigh den Mhargadh Inmheánach le haghaidh saoránaigh agus oibreoirí eacnamaíocha in LEE. Déantar foráil ann maidir le cuimsiú reachtaíochta de chuid an Aontais lena gcumhdaítear na ceithre shaoirse ar fud na 30 Stát in LEE, mar atá na Ballstáit den Aontas, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin. Ina theannta sin, cumhdaítear le Comhaontú LEE comhar i réimsí tábhachtacha eile amhail taighde agus forbairt, oideachas, beartas sóisialta, an comhshaol, cosaint tomhaltóirí, turasóireacht agus cultúr, réimsí a dtugtar beartais ‘tionlacain agus chothrománacha’ orthu i dteannta a chéile. Tháinig Comhaontú LEE i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994. Is páirtí i gComhaontú LEE é an tAontas in éineacht lena Bhallstáit.

2.2.Comhchoiste LEE

Tá Comhchoiste LEE freagrach as Comhaontú LEE a bhainistiú. Is fóram é chun tuairimí a bhaineann le feidhmiú Chomhaontú LEE a mhalartú. Is de chomhthoil a dhéanann sé a chuid cinntí agus bíonn na cinntí sin ina gceangal ar na Páirtithe. Is í Ardrúnaíocht an Choimisiúin Eorpaigh atá freagrach as ábhair LEE a chomhordú ar thaobh an Aontais. 

2.3.An gníomh ó Comhchoiste LEE atá beartaithe

Táthar ag súil go nglacfaidh Comhchoiste LEE Cinneadh ó Chomhchoiste LEE (‘an gníomh atá beartaithe’) i dtaca le leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE.

Maidir le Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh 1 , is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe an Treoir sin a ionchorprú i gComhaontú LEE.

Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Cuireann an Coimisiún an dréacht‑Chinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis seo faoi bhráid na Comhairle lena ghlacadh mar sheasamh an Aontais. Nuair a bheidh an seasamh glactha, ba cheart é a chur i láthair a luaithe is féidir i gComhchoiste LEE.

Sa dréacht-Chinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis seo áirítear oiriúnuithe le haghaidh Stáit CSTE LEE, lena n‑áirítear díolúine shealadach agus choinníollach le haghaidh na hÍoslainne mar a leagtar amach i dtéacs na n‑aithrisí agus na n‑oiriúnuithe sa dréacht-Chinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis seo, oiriúnuithe a théann thar an méid ar féidir a mheas mar oiriúnuithe teicniúla de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle 2 . Dá bhrí sin, is í an Chomhairle a leagfaidh síos seasamh an Aontais.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’ 3 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é Comhchoiste LEE a cuireadh ar bun le comhaontú, is é sin, Comhaontú LEE. An gníomh a iarrtar ar Chomhchoiste LEE a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.

Leis an ngníomh atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE i gcomhar le hAirteagal 1(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an bunús dlí don nós imeachta leis an gcinneadh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach maidir le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE i gcomhar le hAirteagal 1(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle, braitheann sé go príomha ar bhunús dlí substainteach an ghnímh dlí de chuid an Aontais atá le hionchorprú i gComhaontú LEE.

Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile a shainaithint mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Ós rud é go ndéantar Treoir (AE) 2018/844 a ionchorprú i gComhaontú LEE leis an gCinneadh ón gComhchoiste, is iomchuí an cinneadh seo ón gComhairle a bhunú ar an mbunús dlí substainteach céanna agus atá ag an ngníomh atá á ionchorprú. Dá bhrí sin, is é Airteagal 194(2) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Airteagal 194(2) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE agus Airteagal 1(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle, sin iad ba cheart a bheith ina mbunús dlí leis an gcinneadh atá beartaithe.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é go leasófar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE leis an ngníomh ó Chomhchoiste LEE, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2025/0165 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE i dtaca le leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE

(An Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh)


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch 4 , agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch 5 (‘Comhaontú LEE’) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE, inter alia, a leasú.

(3)Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh 6 , ba cheart é a ionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)Tá na coinníollacha maidir le díolúine shealadach agus choinníollach le haghaidh na hÍoslainne ó Threoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a chur i bhfeidhm fós i bhfeidhm, mar gheall ar stoc foirgneamh réasúnta nua agus aonfhoirmeach na hÍoslainne. Ba cheart an díolúine a bheith teoranta go docht ó thaobh ama de agus níor cheart feidhm a bheith aici ach go dtí go ndéanfar Treoir (AE) 2024/127IO L 5024 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú) a ionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)Ba cheart Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir.

(6)Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréacht-Chinneadh atá i gceangal,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, IO L 156, 19.6.2018, lch. 75.
(2)    Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.
(3)    Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(4)    IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.
(5)    IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.
(6)    Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (IO L 156, 19.6.2018, lch. 75).

An Bhruiséil,13.6.2025

COM(2025) 311 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann le

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE i dtaca le leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE

(An Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh)


IARSCRÍBHINN

DRÉACHTCHINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE

Uimh. […]

an […]

lena leasaítear Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh 1 , tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)Ní áirítear Stáit CSTE i bpríomhsprioc an Aontais do 2030 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh i gcomhréir le Treoir 2012/27/AE arna leasú le Treoir (AE) 2018/2001. Dá bhrí sin, ní shonróidh Stáit CSTE conas a rannchuidíonn siad le sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bhaint amach ina straitéisí fadtéarmacha faoi seach in Airteagal 2a(2).

(3)I ngeall ar shainiúlachtaí stoc foirgneamh réasúnta nua agus aonfhoirmeach na hÍoslainne, comhaontaítear díolúine shealadach agus choinníollach ó Threoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a chur i bhfeidhm. Ba cheart feidhm a bheith ag an díolúine sin maidir le Treoir 2010/31/AE arna leasú le Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018. Ba cheart an díolúine a bheith teoranta go docht ó thaobh ama de agus níor cheart feidhm a bheith aici ach go dtí go ndéanfar Treoir (AE) 2024/1275 2024 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú) a ionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)Ba cheart Iarscríbhinn IV a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Comhaontú LEE mar a leanas:

1.Leasaítear Pointe 17 (Treoir 2010/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) mar a leanas:

(i)cuirtear an méid seo a leanas isteach:

‘, arna leasú le:

-32018 L 0844: Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 75).’;

(ii)athuimhreofar oiriúnú (d) mar oiriúnú (g); athuimhrítear oiriúnú (c) mar oiriúnú (e); athuimhreofar oiriúnú (b) mar oiriúnú (c);

(iii)cuirfear an t‑oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (a):

‘(b)In Airteagal 2a(2), maidir leis na focail ‘, agus sonrófar ann an bealach a gcuideoidh siad chun spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bhaint amach i gcomhréir le Treoir 2012/27/AE’, ní bheidh feidhm acu maidir le Stáit CSTE.

(iv)cuirfear an t‑oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (a):

‘(d)In Airteagal 8:

(i) i mír 3, cuirfear na focail ‘, nó, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, faoin [5 bliana] tar éis theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh..../... ó Chomhchoiste LEE an... [an Cinneadh seo]’ isteach tar éis na bhfocal ‘1 Eanáir 2025’;

(ii)i mír 6, cuirfear na focail ‘nó, nó a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh..../... ó Chomhchoiste LEE an... [an Cinneadh seo]’ isteach tar éis na bhfocal ‘10 Márta 2021’.’;

(v)cuirtear an t‑oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (e):

‘(f)In Airteagal 14(4) agus in Airteagal 15(4), cuirfear na focail ‘, nó, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh..../... ó Chomhchoiste LEE an... [an Cinneadh seo]’ isteach tar éis an fhocail ‘2025’;

2.Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 24 (Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘-32018 L 0844: Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 75).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Threoir (AE) 2018/844 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an […], ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha 2 *, nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. .../... ó Chomhchoiste LEE an […] 3 [lena n‑ionchorpraítear Treoir (AE) 2012/1149 (Treoir EU) i gComhaontú LEE], cibé acu is déanaí.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, [...].

   Thar ceann Chomhchoiste LEE

   An tUachtarán

   [...]

   Rúnaithe

   Chomhchoiste LEE

   [...]



Dearbhú ó Rialtas na hÍoslainne

a ghabhann le Cinneadh Uimh. […] lena n‑ionchorpraítear sa Chomhaontú Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

[lena ghlacadh leis an gCinneadh agus lena fhoilsiú san Iris Oifigiúil]

Cuireann an Íoslainn in iúl go bhfuil sí tiomanta oibriú i dtreo measúnú a dhéanamh ar ionchorprú Threoir (AE) 2024/1275 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú) i gComhaontú LEE.

Níor chuir an Íoslainn aon leagan roimhe seo d’acquis an Aontais maidir le feidhmíocht fuinnimh i bhfoirgnimh chun feidhme. Mar gheall ar shaintréithe uathúla na hÍoslainne, amhail stoc foirgneamh atá sách nua agus aonfhoirmeach, úsáid fhorleathan téimh in-athnuaite, agus dálaí aeráide atá an-éagsúil le go leor Ballstát de chuid an Aontais, éilítear measúnú críochnúil ar an tionchar a bhaineann leis an Treoir a ionchorprú agus ar aon oiriúnuithe is gá chun í a chur chun feidhme san Íoslainn. Ina theannta sin, chun an Treoir a chur chun feidhme, beidh gá le creat reachtach iomlán nua a fhorbairt san Íoslainn.

(1)    IO L 156, 19.6.2018, Lch. 75.
(2)    *    [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]
(3)    IO L …