An Bhruiséil,13.6.2025

COM(2025) 308 final

2025/0163(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, pacáiste leathain comhaontuithe chun an caidreamh déthaobhach le Cónaidhm na hEilvéise a chomhdhlúthú, a dhoimhniú agus a leathnú, agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

   Forais agus cuspóirí an togra

Tá an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise (dá ngairtear ‘an Eilvéis’ freisin anseo feasta) fite fuaite ina chéile ó thaobh na heacnamaíochta, na staire, an chultúir, na sochaí agus na polaitíochta de. Is é an tAontas an comhpháirtí trádála is mó atá ag an Eilvéis, agus is í an Eilvéis an ceathrú comhpháirtí trádála is mó atá ag an Aontas. Tá os cionn 1.5 milliún saoránach den Aontas Eorpach ina gcónaí san Eilvéis agus tá beagán faoi bhun 450 000 náisiúnach de chuid na hEilvéise ina gcónaí san Aontas. Téann cúpla céad míle oibrí teorann trasna na teorann idir an Aontas agus an Eilvéis sa dá threo gach lá.

Tá an tAontas agus an Eilvéis ceangailte le chéile trí roinnt comhaontuithe déthaobhacha. Trí chomhaontuithe maidir le saorghluaiseacht daoine, iompar talún, aeriompar, trádáil i dtáirgí talmhaíochta agus aitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta, glacann an Eilvéis páirt i margadh inmheánach an Aontais 1 . Ag féachaint don Chomhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, is tír í an Eilvéis atá comhlachaithe le Schengen. Le linn phaindéim COVID-19 tháinig méadú ar an gcomhar idir an tAontas agus an Eilvéis maidir le bagairtí sláinte trasteorann. Ba chomhpháirtí láidir riamh i dtaighde agus i nuálaíocht an Eilvéis. Chomhoibrigh an tír leis an Aontas ar go leor clár cistiúcháin de chuid an Aontais atá dírithe go háirithe ar thaighde, ar nuálaíocht agus ar oideachas.

Cé go bhfuil dlúthchaidreamh idir an tAontas agus an Eilvéis, tá bac curtha air freisin mar gheall ar roinnt fadhbanna struchtúracha atá ann le fada an lá. Chun na fadhbanna sin a réiteach, idir 2014 agus 2021, rinne an tAontas agus an Eilvéis caibidlíocht maidir le Creat-Chomhaontú Institiúideach. Leis an gCreat-Chomhaontú Institiúideach, sholáthrófaí an creat rialachais le haghaidh comhaontuithe breise i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis páirteach, lena n‑áirítear comhaontuithe a raibh caibidlíocht ina leith údaraithe ag an gComhairle, go háirithe maidir le sábháilteacht bia (2003 agus 2008) agus leictreachas (2006). Ina theannta sin, sholáthrófaí leis an creat rialachais le haghaidh an chomhaontaithe maidir leis an tsláinte, a raibh an chaibidlíocht ina leith údaraithe ag an gComhairle in 2008.

Tháinig caibidleoirí ar chomhaontú maidir le dréacht‑téacs Creat‑Chomhaontaithe Institiúidigh ar an leibhéal teicniúil i mí na Samhna 2018. Mar fhreagairt ar dhiúltú na Comhairle Cónaidhme an dréacht-téacs a fhormhuiniú, tháinig deireadh leis an gcaibidlíocht maidir leis na comhaontuithe eile toisc gur chuir an Chomhairle, ina conclúidí an 19 Feabhra 2019, agus Parlaimint na hEorpa, ina moladh an 26 Márta 2019, tabhairt i gcrích comhaontuithe nua maidir le rochtain ar an margadh inmheánach nó coinníollacha feabhsaithe faoi chomhaontuithe atá ann cheana faoi réir thabhairt i gcrích an Chreat-Chomhaontaithe Institiúidigh. An 26 Bealtaine 2021, d’ainneoin iarrachtaí breise teacht ar réitigh, chinn Comhairle Cónaidhme na hEilvéise deireadh a chur go haontaobhach leis an gcaibidlíocht maidir leis an gCreat‑Chomhaontú Institiúideach. Chuir cinneadh aontaobhach na hEilvéise stop sealadach leis an gcomhar déthaobhach i réimsí an taighde, na nuálaíochta agus an oideachais.

Nuair a theip ar an gcaibidlíocht maidir leis an gCreat-Chomhaontú Institiúideach, chuir an Coimisiún Eorpach agus an Eilvéis tús le cainteanna tosaigh i mí an Mhárta 2022 chun todhchaí an chaidrimh idir an tAontas agus an Eilvéis a phlé. Mar thoradh ar na cainteanna sin, thángthas ar Chomhthuiscint lenar taifeadadh tuiscint pholaitiúil an dá thaobh maidir leis an mbealach chun cinn le haghaidh na caibidlíochta amach anseo agus lenar sainaithníodh comhpháirteanna agus paraiméadair pacáiste caibidlíochta leathain, chomh maith le réimsí a bhfuil tuiscint ann maidir leo agus réitigh i ndáil le príomhphointí institiúideacha agus earnála.

D’fhormhuinigh Comhairle Cónaidhme na hEilvéise agus an Coimisiún Eorpach an Chomhthuiscint i mí na Samhna 2023. Gheall an dá thaobh go n‑úsáidfidís í mar bhonn chun a sainorduithe caibidlíochta a lorg agus thaifead siad a n‑uaillmhian an chaibidlíocht a thabhairt chun críche le linn 2024.

Dá bhrí sin, an 20 Nollaig 2023, ghlac an Coimisiún Moladh le haghaidh cinneadh ón gComhairle chun caibidlíocht a údarú maidir leis an bpacáiste leathan beart a sainaithníodh agus a sainíodh le linn na gcainteanna tosaigh 2 . Ba é cuspóir foriomlán na caibidlíochta sin an caidreamh déthaobhach idir an tAontas agus an Eilvéis a nuachóiriú agus a neartú, iomaíocht chóir a áirithiú idir cuideachtaí an Aontais agus na hEilvéise atá ag feidhmiú laistigh den mhargadh inmheánach, agus cearta na saoránach den Aontas Eorpach san Eilvéis a chosaint, lena n‑áirítear cosc a chur ar idirdhealú idir saoránaigh Ballstát éagsúil. Chuirfeadh sé sin ar a gcumas do na saoránaigh, na gnólachtaí agus na taighdeoirí ar an dá thaobh tairbhe iomlán a bhaint as an ngaireacht gheografach, as na luachanna comhroinnte agus as na naisc eacnamaíocha idir an tAontas agus an Eilvéis. An tráth céanna, thug an Chomhairle Cónaidhme faoin obair ullmhúcháin chomhfhreagrach ar thaobh na hEilvéise. Tar éis na próisis ábhartha san Eilvéis a thabhairt chun críche, ghlac an Chomhairle cinneadh an 12 Márta 2024, lenar údaraíodh don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir leis an bpacáiste leathan beart, mar aon le treoracha caibidlíochta mionsonraithe 3 .

Sheol Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, agus Uachtarán Chónaidhm na hEilvéise ag an am, Viola Amherd, an chaibidlíocht maidir leis an bpacáiste leathan an 18 Márta 2024. Rinne an Coimisiún an chaibidlíocht i gcomhairle leis an gComhairle, lena n‑áirítear an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, agus Meitheal CSTE mar an coiste speisialta arna ceapadh ag an gComhairle chun caibidlíocht a dhéanamh leis an Eilvéis. Tugadh aird chuí ar rún ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Deireadh Fómhair 2023 agus choinnigh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas go hiomlán i gcomhréir le hAirteagal 218(10) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Tar éis 9 mí de dhianchaibidlíocht, d’fhógair na hUachtaráin von der Leyen agus Amherd gur tugadh an plé maidir le gach gné den phacáiste leathan chun críche go rathúil an 20 Nollaig 2024. Áirítear sa phacáiste leathan cúig chomhaontú a tabhairt cothrom le dáta lena dtugtar rochtain faoi láthair don Eilvéis ar mhargadh inmheánach an Aontais; an sásra um réiteach díospóidí a thabhairt cothrom le dáta sa Chomhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta, ar aon dul leis an gcleachtas a bhunaítear i gcomhaontuithe trádála an Aontais agus na hEilvéise le comhpháirtithe eile; prótacal nua maidir le sábháilteacht bia lena mbunófar Comhlimistéar Sábháilteachta Bia lena gcumhdófar gach gné den bhiashlabhra agus a chuirfear in ionad na n‑iarscríbhinní sláintíochta agus fíteashláintíochta a ghabhann leis an gComhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta; comhaontú nua maidir le leictreachas lena gceadófar rannpháirtíocht na hEilvéise i margadh inmheánach leictreachais an Aontais; comhaontú nua maidir leis an tsláinte lena gceadófar don Eilvéis páirt a ghlacadh i sásraí agus i gcomhlachtaí an Aontais a thugann aghaidh ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, go háirithe an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus an Córas Luathrabhaidh agus Freagartha; comhaontú nua maidir le ranníocaíocht airgeadais bhuan chothrom na hEilvéise leis an gcomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta laistigh den Aontas, lena léirítear leibhéal na comhpháirtíochta agus an chomhair idir na páirtithe; agus comhaontú nua lena gceadófar don Eilvéis a bheith páirteach i roinnt clár de chuid an Aontais atá oscailte do chomhlachas tríú tíortha: Fís Eorpach, Clár Taighde agus Oiliúna Euratom, ITER/F4E (Fuinneamh Comhleá), an Eoraip Dhigiteach, Erasmus+, chomh maith le EU4Health, clár arb é is aidhm dó comhlánú a dhéanamh ar an gcomhar a bunaíodh sa chomhaontú idir an tAontas agus an Eilvéis maidir leis an tsláinte, a rinne an dá chomhpháirtí a chaibidliú mar chuid den phacáiste leathan céanna. Sa bhreis ar na gnéithe a liostaítear thuas, áirítear sa phacáiste leathan Prótacal ar leith maidir le comhar parlaiminteach.

Baineann an togra seo le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, na gcomhaontuithe agus na n‑ionstraimí seo a leanas laistigh den phacáiste leathan:

Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar

Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar;

Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar;

Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar;

Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

Prótacal institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta;

Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta lena mbunaítear Comhlimistéar Sábháilteachta Bia;

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le leictreachas;

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an tsláinte;

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú;

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis;

Prótacal idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar parlaiminteach.

Baineann an togra seo freisin le cur i bhfeidhm sealadach an chomhaontaithe maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis toisc go bhforáiltear leis an gcomhaontú sin go gcuirfear i bhfeidhm go sealadach é ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh nó ón 1 Eanáir den bhliain tar éis a shínithe, ag brath ar cé acu a dhéanfar an síniú sin roimh an 1 Iúil 2026 nó nach ndéanfar.

Ag gabháil leis na comhaontuithe agus na prótacail thuasluaite tá Dearbhú Comhpháirteach ón Aontas Eorpach agus ó Chónaidhm na hEilvéise maidir le hidirphlé ardleibhéil a bhunú i ndáil leis an bpacáiste déthaobhach leathan agus leis an bhforbairt bhreise a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gcaidreamh déthaobhach idir an tAontas Eorpach agus an Eilvéis, Dearbhú ar cheart é a fhormheas agus a shíniú thar ceann an Aontais.

Cé gur cuid dhílis den phacáiste níos leithne a caibidlíodh idir an dá chomhpháirtí in 2024 é an comhaontú maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise i gcláir an Aontais, chinn an Coimisiún dlús a chur leis an togra maidir lena shíniú agus é d’aidhm aige tús a chur lena chur i bhfeidhm sealadach ón 1 Eanáir 2025. Rinne an Coimisiún tograí ar leithligh chuige sin 4 .

Leis an gcur chuige a bheartaítear, beifear in ann éifeacht a thabhairt do na socruithe idirthréimhseacha a dheonaigh an Coimisiún don Eilvéis le linn chaibidliú an phacáiste leathain. An tráth céanna, ní dhéanann sé difear do chur chuige an phacáiste leathain arna bhunú leis an gComhthuiscint agus arna dhearbhú le sainordú na Comhairle.

Áirítear clásal éagtha sa chomhaontú a bhaineann le rannpháirtíocht na hEilvéise i gclár an Aontais, lena bhforáiltear go scoirfear de chur i bhfeidhm sealadach an chomhaontaithe mura dtabharfaidh an Eilvéis chun críche na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh an pacáiste i bhfeidhm faoi dheireadh 2028. Dá bhrí sin, déantar foráil leis an togra ón gCoimisiún i ndáil le síniú an chomhaontaithe maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise i gcláir an Aontais go dtabharfar i gcrích é mar chuid den phacáiste leathan comhaontuithe a bhí ina n‑ábhar don chaibidlíocht a rinneadh in 2024.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Trí fhorálacha institiúideacha a thabhairt isteach, áiritheofar go gcuirfear acquis an Aontais i bhfeidhm ar bhealach níos comhsheasmhaí agus níos aonfhoirmí sna codanna sin den mhargadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis páirteach nó i réimsí beartais ina bhfuil gealltanas tugtha ag an Eilvéis ailíniú dinimiciúil a dhéanamh, i leith phrionsabail an léirithe agus an chur i bhfeidhm chomhionainn, agus i leith réiteach díospóidí, agus go mbeidh ról ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le hábhair a bhaineann le dlí an Aontais. Tá prionsabail an neamh‑idirdhealaithe ar shaoránaigh den Aontas agus na cothroime iomaíochta idir cuideachtaí an Aontais agus cuideachtaí na hEilvéise i gcroílár na gcomhaontuithe éagsúla.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Leis an bpacáiste leathan comhaontuithe idir an tAontas agus an Eilvéis, urramaítear na Conarthaí go hiomlán agus caomhnaítear sláine agus neamhspleáchas dhlíchóras an Aontais. Cuirtear luachanna, cuspóirí, agus leasanna an Aontais chun cinn leis, agus áirithítear comhsheasmhacht, éifeachtacht agus leanúnachas a bheartas agus a ghníomhaíochtaí.

Na hathruithe institiúideacha agus na hathruithe substainteacha ar na comhaontuithe atá ann cheana, chomh maith le, i gcás inarb ábhartha, rialacha maidir le Státchabhair a thabhairt isteach, agus na comhaontuithe nua, cuideoidh siad le cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach sna réimsí beartais seo a leanas:

margadh inmheánach;

iomaíocht,

fostaíocht agus gnóthaí sóisialta,

saorghluaiseacht daoine,

iompar,

talmhaíocht,

sábháilteacht agus cáilíocht bia,

ainmhithe agus táirgí ainmhí,

plandaí agus táirgí plandaí,

cosaint tomhaltóirí;

fuinneamh,

an tsláinte,

trádáil.

Ina theannta sin, leis an gcomhaontú lena gcomhlachaítear an Eilvéis le cláir de chuid an Aontais agus leis an gcomhaontú maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis, rannchuideofar le cuspóirí beartais an Aontais a chur chun cinn sna réimsí beartais seo a leanas:

oideachas agus oiliúint,

taighde agus nuálaíocht,

an geilleagar digiteach agus an tsochaí dhigiteach,

an tsláinte,

spás.

Leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú, rannchuideofar le baint amach chuspóirí beartais an Aontais i ndáil lena chomhtháthú eacnamaíocht agus sóisialta.

Trína áirithiú go ndéanfaidh an Eilvéis ranníocaíocht airgeadais leordhóthanach le bainistiú agus le hoibriú na gclár agus na ngníomhaireachtaí ina bhfuil sí páirteach agus leis na córais faisnéise a bhfuil rochtain aici orthu, áiritheofar go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

Tá an fóram le haghaidh comhar agus idirphlé idir comhaltaí Pharlaimint na hEorpa agus comhaltaí Thionól Cónaidhme na hEilvéise, a bunaíodh le prótacal tiomnaithe, i gcomhréir leis an gcleachtas i gcomhaontuithe comhlachais agus comhpháirtíochta straitéisí a thugann an tAontas i gcrích le tríú tíortha.

Cé go mbítear ag brath ar na córais theicniúla agus dhigiteacha chun roinnt comhaontuithe agus prótacal a chumhdaítear leis an togra seo a chur chun feidhme, ní thugtar isteach leis an togra aon cheanglas lena sainordaítear athruithe maidir le húsáid ná struchtúr na gcóras sin. Ní dhéanann an togra difear don phrionsabal ‘digiteach mar réamhshocrú’.

2.BUNÚS DLÍ

I dteannta a chéile, tá dlúthnasc idir na comhaontuithe agus na prótacail is ábhar don chinneadh a bheartaítear agus is iomlán comhleanúnach iad agus leagtar síos leo struchtúr comhpháirtíochta treisithe, cuimsithí i raon leathan réimsí a chumhdaítear leis na Conarthaí, bunaithe ar chothromaíocht iomchuí idir cearta agus oibleagáidí. Dá bhrí sin, is é Airteagal 217 CFAE an bunús dlí substainteach iomchuí don Chinneadh ón gComhairle a bheartaítear maidir le síniú na gcomhaontuithe agus na bprótacal thuasluaite. Is é Airteagal 218(5) CFAE, arna léamh i gcomhar leis an dara fomhír d’Airteagal 218(8) CFAE, an bunús dlí nós imeachta. Dá bhrí sin, is é Airteagal 217 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 218(5) CFAE agus leis an dara fomhír d’Airteagal 218(8) CFAE, an bunús dlí don Chinneadh ón gComhairle atá beartaithe.

Measann an Coimisiún go bhfuil inniúlacht ag an Aontas i ngach réimse a chumhdaítear leis na comhaontuithe agus na prótacail is ábhar don togra seo agus, dá bhrí sin, gur cheart don Aontas amháin na comhaontuithe agus na prótacail a thabhairt i gcrích.

3.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Sna comhaontuithe i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis páirteach, sa chomhaontú maidir le sláinte agus sa chomhaontú maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis, chomhaontaigh an Eilvéis ranníocaíochtaí airgeadais a dhéanamh le buiséad an Aontais chun na gníomhaireachtaí agus na comhlachtaí ina bhfuil sí páirteach a bhainistiú agus a oibriú, agus i leith na gcóras faisnéise a bhfuil rochtain aici orthu, agus raon feidhme gach comhaontaithe á chur san áireamh.

I bhformhór na gcásanna, leagtar amach na módúlachtaí íocaíochta in iarscríbhinní tiomnaithe, a leanann an tsamhail chéanna. Ceanglaítear le sraith forálacha caighdeánacha is coiteann do na comhaontuithe agus na prótacail lena mbaineann go n‑íocfaidh an Eilvéis ranníocaíocht airgeadais bhliantúil a bheidh dlite ar na dátaí a shonraítear sna glaonna ar chistí arna n‑eisiúint ag an gCoimisiún Eorpach. Beidh an ranníocaíocht sin comhdhéanta de shuim ranníocaíochta oibríochtúla agus táille rannpháirtíochta.

I gcás ina bhfuil socruithe maoiniúcháin eile ann cheana i leith gníomhaireachtaí nó córais faisnéise, coinnítear ar bun iad.

Tugtar tuairisc ar na socruithe maoiniúcháin sonracha le haghaidh na ngníomhaireachtaí agus na gcóras faisnéise sa roinn ina sonraítear forálacha na gcomhaontuithe. Léirítear sa Ráiteas Airgeadais Reachtach a chuirtear i láthair leis an togra seo impleachtaí buiséadacha na socruithe sin amach anseo agus a módúlachtaí íocaíochta.

4.EILIMINTÍ EILE

Cur chun feidhme ag comhlachtaí a bhunaítear faoi na comhaontuithe agus na prótacail

An pacáiste comhaontuithe arna cheangal le chéile ag forálacha institiúideacha comhchosúla agus/nó idirnaisc eile. Na comhaontuithe uile a chumhdaítear leis an bpacáiste leathan, airítear leo Comhchoistí atá comhdhéanta d’ionadaithe an Aontais agus na hEilvéise, a leanann an tsamhail chéanna den chuid is mó. Leis na comhaontuithe uile i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach, leis an gcomhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta, leis an gcomhaontú maidir le sláinte agus leis an gcomhaontú maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise le comhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch an Aontais, is féidir meithleacha a bhunú. Tá sásraí um réiteach díospóidí i roinnt comhaontuithe, bunaithe ar an tsamhail chéanna, lena n‑áirithítear gur féidir aghaidh a thabhairt ar sháruithe a dhéanfadh ceann de na Páirtithe ar oibleagáidí faoin gcomhaontú lena mbaineann nó ar fud an phacáiste comhaontuithe. Ar deireadh, bunaítear leis an bprótacal maidir le comhar parlaiminteach Comhchoiste Parlaiminteach atá comhdhéanta d’ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Thionól Cónaidhme na hEilvéise.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Comhdhéanamh an phacáiste leathain agus cineál na gcomhaontuithe agus na bprótacal

Is éard atá sa phacáiste leathan roinnt comhaontuithe agus prótacal a bhfuil cuspóirí agus socruithe éagsúla acu, fiú má tá eilimintí coiteanna acu. Áirítear sa phacáiste go háirithe comhaontuithe agus prótacal i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis páirteach, comhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta, comhaontuithe comhair, agus prótacal maidir le comhar parlaiminteach. Tá dearbhuithe comhpháirteacha ag gabháil le roinnt de na comhaontuithe agus na prótacail sin. Comhlánaítear an pacáiste le dearbhú comhpháirteach maidir le hidirphlé ardleibhéil a bhunú idir an tAontas agus an Eilvéis.

Comhaontuithe i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis páirteach

Mar thoradh ar athruithe institiúideacha, measfar ceithre chomhaontú as cúig cinn atá ann cheana a bheith ina gcomhaontuithe i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis páirteach, rud a bhfuil impleachtaí aige go háirithe maidir lena n‑idirnascadh. Beidh an stádas sin ag comhaontú nua agus ag prótacal nua freisin.

Comhaontuithe atá ann cheana a mheasfar a bheith ina gcomhaontuithe i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le saorghluaiseacht daoine’ anseo feasta),

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le haeriompar’ anseo feasta),

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le hiompar de bhóthar’ anseo feasta),

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le haitheantas frithpháirteach’ anseo feasta).

Comhaontú agus prótacal nua a mheasfar a bheith ina gcomhaontuithe i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le leictreachas (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le leictreachas’ anseo feasta),

Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta lena mbunaítear Comhlimistéar Sábháilteachta Bia (dá ngairtear ‘an Prótacal maidir leis an gComhlimistéar Sábháilteachta Bia’ anseo feasta).

Comhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta’ anseo feasta). Ní mheasfar a thuilleadh gur comhaontú é an comhaontú leasaithe i réimse a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis páirteach.

Comhaontaithe comhair

Is féidir a mheas gur comhaontuithe comhair iad roinnt comhaontuithe agus dá bhrí sin ní comhaontuithe iad i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis páirteach. Leagan amach éagsúil atá orthu agus ábhar éagsúil atá iontu ag brath ar a gcuspóir. Is iad seo a leanas na comhaontuithe sin:

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an tsláinte (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir leis an tsláinte’ anseo feasta),

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le hAontacht’ anseo feasta),

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis’ anseo feasta),

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gcláir an Aontais (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le cláir an Aontais’ anseo feasta).

Ní thabharfar tuairisc mhionsonraithe ar an gComhaontú maidir le cláir an Aontais ós rud é go bhfuil a shíniú ina ábhar do thograí ar leithligh 5 .

Prótacal maidir le comhar parlaiminteach

Leis an bPrótacal idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar parlaiminteach (dá ngairtear ‘Prótacal maidir le comhar parlaiminteach’ anseo feasta), soláthraítear bunús dlí agus sásraí le haghaidh comhar polaitiúil idir Parlaimint na hEorpa agus Tionól Cónaidhme na hEilvéise.

Idirphlé ardleibhéil

Leis an ‘Dearbhú Comhpháirteach ón Aontas Eorpach agus ó Chónaidhm na hEilvéise maidir le hidirphlé ardleibhéil a bhunú i ndáil leis an bpacáiste leathan déthaobhach agus leis an bhforbairt bhreise fhéideartha ar an gcaidreamh déthaobhach idir an tAontas Eorpach agus an Eilvéis’, soláthrófar creat don phlé polaitiúil idir an Coimisinéir Eorpach agus Comhairleoir Cónaidhme na hEilvéise atá i gceannas ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an Eilvéis. Is uirlis choiteann é an t‑idirphlé ardleibhéil ar a mbraitheann an tAontas chun spreagthaí a chur ar fáil don chomhar le tríú tíortha i réimse ar leith.

Comhaontuithe i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis páirteach

Forálacha institiúideacha

Áiríodh forálacha institiúideacha comhionanna i ngach comhaontú i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis páirteach, faoi réir oiriúnuithe a bhfuil údar teicniúil leo, mar chuid de na comhaontuithe nua nó trí bhíthin prótacail institiúideacha. Cuirtear na réitigh institiúideacha chéanna i bhfeidhm de réir analaí sa Chomhaontú maidir leis an tsláinte. Cuimsítear sna forálacha institiúideacha na heilimintí seo a leanas:

(1)léiriú agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach: oibleagáid na comhaontuithe lena mbaineann a léiriú go comhionann agus a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach laistigh den mhargadh inmheánach, agus, a mhéid a áirítear leo coincheapa dhlí an Aontais, i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, roimh shíniú an chomhaontaithe chomhfhreagraigh agus ina dhiaidh sin;

(2)ailíniú dinimiciúil: oibleagáid, faoi réir eisceachtaí teoranta, ar na páirtithe gníomhartha dlí uile an Aontais a thagann faoina raon feidhme a chomhtháthú sna comhaontuithe lena mbaineann; mar gheall ar a dhlíchóras monasaí, tiocfaidh na gníomhartha sin chun bheith ina gcuid de dhlíchóras na hEilvéise trína gcomhtháthú sna comhaontuithe. Mar chúiteamh air sin, beidh an Eilvéis páirteach agus na gníomhartha atá le comhtháthú sna comhaontuithe lena mbaineann á nullmhú, mar shampla, beidh an Eilvéis páirteach sna coistí comhfhreagracha agus sna grúpaí saineolaithe comhfhreagracha gan ceart vótála acu. Ar chúiseanna stairiúla, i gcás na gcomhaontuithe maidir le haitheantas frithpháirteach agus iompar de thalamh, tá sé d’oibleagáid ar an Eilvéis forálacha den dlí náisiúnta a ghlacadh lena mbaintear amach an toradh atá le baint amach leis na gníomhartha sin;

(3)réiteach díospóidí: sásra éifeachtach chun díospóidí a réiteach bunaithe ar eadráin tríú páirtí; tá sé d’oibleagáid ar an mbinse eadrána ceisteanna maidir le forálacha na gcomhaontuithe a bhaineann le coincheapa de dhlí an Aontais a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a bhfuil a tuairimí ceangailteach ó thaobh dlí de ar an mbinse eadrána;

(4)idirnasc idir na comhaontuithe: an fhéidearthacht do na páirtithe bearta cúitimh comhréireacha, éifeachtacha a dhéanamh mar chuid de nós imeachta chun díospóidí a réiteach i gcás ina measfaidh páirtí nár chomhlíon an páirtí eile cinneadh ón mbinse eadrána; is féidir na bearta cúiteacha sin a dhéanamh sa chomhaontú lena mbaineann nó in aon chomhaontú eile a bhaineann leis an margadh inmheánach, lena náirítear an comhaontú nó na comhaontuithe sin a chur ar fionraí go páirteach nó go hiomlán.

Forálacha maidir le Státchabhair

Ina theannta sin, áirítear rialacha substainteacha agus rialacha nós imeachta, lena n‑áirítear sásraí faireachais agus forfheidhmithe, atá coibhéiseach leis na cinn a chuirtear i bhfeidhm laistigh den Aontas, sna comhaontuithe sin lenar gá cothroime iomaíochta a áirithiú ar an margadh inmheánach, go háirithe sna comhaontuithe maidir le haeriompar, iompar de thalamh agus leictreachas. Leagtar amach na rialacha sin maidir le Státchabhair i gcorp an chomhaontaithe, mar is amhlaidh i gcás an Chomhaontaithe maidir le leictreachas, nó i bprótacail thiomnaithe, mar is amhlaidh i gcás na gcomhaontuithe maidir le haeriompar agus iompar de thalamh. Sa dá chás, leagtar amach in iarscríbhinní tiomnaithe na rialacha ginearálta agus na rialacha earnála maidir le Státchabhair lena gcomhlánaítear an creat thuasluaite.

Rannpháirtíocht i ngníomhaireachtaí agus i gcórais faisnéise

Gheobhaidh an Eilvéis rochtain bhreise ar ghníomhaireachtaí agus/nó ar chórais faisnéise faoi na comhaontuithe seo a leanas i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis páirteach: an Comhaontú maidir le saorghluaiseacht daoine, an Comhaontú maidir le haitheantas frithpháirteach, an Prótacal maidir leis an gComhlimistéar Sábháilteachta Bia agus an Comhaontú maidir le leictreachas. Gheobhaidh an Eilvéis rochtain bhreise freisin ar ghníomhaireacht agus ar chórais faisnéise faoin gComhaontú maidir leis an tsláinte.

Beidh feidhm ag na forálacha caighdeánacha thuasluaite maidir leis na socruithe maoiniúcháin a ghabhann leis an rochtain bhreise ar ghníomhaireachtaí agus ar chórais faisnéise a gheobhaidh an Eilvéis tríd an bpacáiste leathan. I bprionsabal, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha caighdeánacha sin maidir leis na socruithe maoiniúcháin a bhaineann le haon rochtain bhreise ar ghníomhaireachtaí, comhlachtaí, córais faisnéise agus gníomhaíochtaí eile a fhéadfaidh an Eilvéis a fháil amach anseo faoi chomhaontuithe atá ina gcuid den phacáiste nó faoi chomhaontuithe breise a fhéadfaidh an tAontas agus an Eilvéis a thabhairt i gcrích.

Beidh an ranníocaíocht oibríochtúil a bheidh mar chuid de ranníocaíocht airgeadais bhliantúil na hEilvéise bunaithe ar threoir ranníoca arna sainiú mar an cóimheas idir Olltáirgeacht Intíre (OTI) na hEilvéise ag praghsanna an mhargaidh agus OTI an Aontais ag praghsanna an mhargaidh 6 . Cuirfear an treoir ranníoca i bhfeidhm maidir le buiséad bliantúil an Aontais ar vótáladh ina fhabhar, arna inscríobh ar líne/línte fóirdheontais buiséid ábhartha an Aontais den bhliain atá i gceist, faoi réir, i gcás inarb iomchuí, coigeartuithe lena gcuirtear san áireamh raon feidhme comhaontaithe. Déanfar an ranníocaíocht oibríochtúil le haghaidh na gcóras faisnéise agus na ngníomhaíochtaí eile a ríomh tríd an treoir ranníoca a chur i bhfeidhm ar bhuiséad ábhartha na bliana i gceist mar a leagtar amach i ndoiciméid lena gcuirtear an buiséad chun feidhme (amhail cláir oibre nó conarthaí). Is 4 % den ranníocaíocht oibríochtúil a bheidh sa táille rannpháirtíochta bhliantúil.

Beidh na méideanna tagartha uile bunaithe ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas.

Áirítear freisin sna comhaontuithe lena dtabharfar rochtain don Eilvéis ar ghníomhaireachtaí foscríbhinn maidir le cearta, pribhléidí agus díolúintí na ngníomhaireachtaí sin agus a bhfoirne, lena leantar samhail chaighdeánach agus lena léirítear forálacha Prótacail (Uimh. 7) ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh.

Comhaontú maidir le saorghluaiseacht daoine

Leis an gComhaontú arna thabhairt cothrom le dáta maidir le saorghluaiseacht daoine, déanfar foráil maidir le hailíniú dinimiciúil na hEilvéise le gníomhartha dlí an Aontais atá ann faoi láthair agus iad siúd a bheidh ann amach anseo i réimse na saorghluaiseachta daoine agus an phostaithe oibrithe.

Leis an bprótacal leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú maidir le saorghluaiseacht daoine, déantar athruithe ar a struchtúr. Sa leagan atá ann faoi láthair, áirítear leis an gcomhaontú líon mór forálacha substainteacha in Iarscríbhinn I a ghabhann leis. Cuirtear in ionad na hIarscríbhinne sin liosta de ghníomhartha dlí an Aontais a mbeidh an Eilvéis ailínithe go dinimiciúil leo agus lena gcumhdófar, den chuid is mó, substaint na bhforálacha sin.

Agus comhtháthú acquis an Aontais á chur in ionad fhorálacha substainteacha an chomhaontaithe, déanfar roinnt eisceachtaí ar ailíniú dinimiciúil sna réimsí seo a leanas: tréimhse agus rialuithe maidir le fógra roimh ré, ráthaíochtaí airgeadais agus smachtbhannaí ar sholáthraithe seirbhíse, cruthúnas ar fhéinfhostaíocht, buanchónaí a fháil, maoin dhochorraithe a cheannach, cártaí aitheantais, díbirtí agus ábhair áirithe dlí cantúin a bhaineann le comhordú scéimeanna slándála sóisialta. Tá roinnt de na heisceachtaí sin san áireamh cheana sa chomhaontú atá ann cheana. Déanfar athbhreithniú ar an bhforáil atá ann cheana maidir le cearta mac léinn, ionas nach féidir leis na Páirtithe a thuilleadh idirdhealú a dhéanamh in aghaidh mhic léinn an Pháirtí eile a mhéid a bhaineann le táillí teagaisc, chomh maith le sásraí tacaíochta poiblí gaolmhara, in ollscoileanna a chistítear go príomha le cistí poiblí. Ráthófar an leibhéal rochtana atá ann faoi láthair do mhic léinn an Aontais ar na hollscoileanna sin san Eilvéis.

Thairis sin, sonraítear i gclásal neamh-chúlchéimnithe nach mbeidh sé d’oibleagáid ar an Eilvéis acquis nua a chomhtháthú maidir le hoibrithe a phostú más é an éifeacht a bheadh aige leibhéal cosanta na n‑oibrithe ar postú a lagú nó a laghdú go hábhartha maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta.

Trí phrótacal atá i gceangal leis an gcomhaontú arna thabhairt cothrom le dáta, tabharfaidh na páirtithe gealltanas go déanfar rialacha an Aontais agus na hEilvéise maidir le ceadanna cónaithe fadtéarmacha a dheonú a chur i bhfeidhm ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, go háirithe maidir le híosfhad cúig bliana cónaithe roimhe sin.

Déanfar an clásal coimirce atá ann cheana a oiriúnú agus a ailíniú leis an bprótacal institiúideach. Is féidir é a ghníomhachtú i gcás deacrachtaí tromchúiseacha eacnamaíocha nó sóisialta a eascraíonn as cur i bhfeidhm an chomhaontaithe. Mura féidir leis na páirtithe teacht ar chomhaontú maidir le réiteach iomchuí, comhaontaithe chun an cás a leigheas, féadfaidh an páirtí a líomhnaíonn deacrachtaí tromchúiseacha eacnamaíocha an tsaincheist a thabhairt chuig an mbinse eadrána. Ní bheidh sé in ann bearta coimirce a dhéanamh ach amháin má mheasann an binse eadrána go bhfágann an cás go bhfuil údar leo.

Soiléirítear i roinnt dearbhuithe comhpháirteacha a ghabhann leis an gcomhaontú tuiscint chomhpháirteach na bpáirtithe’ ar fhorálacha a bhaineann, e.g., le mí-úsáid ceart faoin acquis maidir le saorghluaiseacht daoine a chosc agus gníomhú ina haghaidh, nósanna imeachta um fhógra a thabhairt i gcomhthéacs dul i mbun fostaíochta, nó córais rialaithe éifeachtacha, lena n‑áirítear córas dé-fhorfheidhmithe na hEilvéise maidir le seirbhísí a sholáthar.

Faoin gcomhaontú, beidh rochtain ag an Eilvéis ar na córais faisnéise seo a leanas agus déanfaidh sí ranníocaíocht airgeadais leo i gcomhréir leis na módúlachtaí airgeadais caighdeánacha:

an líonra Eorpach Seirbhísí Fostaíochta (EURES) a bhunaítear le Rialachán (AE) 2016/589 7 ,

Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI) a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004  agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 8 ,

modúil Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) a bhunaítear le Rialachán (AE) 1024/2012 9 a bhaineann le hoibrithe a phostú, seirbhísí, cáilíochtaí gairmiúla, an Cárta Eorpach Gairmiúil, Gairmeacha Rialaithe agus an Tairseach Aonair Dhigiteach.

Le rannpháirtíocht in ardán EURES, cuirfear soghluaisteacht an lucht saothair chun cinn, éascófar malartú folúntas agus próifílí cuardaitheoirí poist agus áiritheofar meaitseáil ardcháilíochta ar fud teangacha agus comhthéacsanna náisiúnta, lena n‑áirítear trí úsáid a bhaint as an Aicmiú Eorpach Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha (ESCO).

Leanfaidh na socruithe maoiniúcháin atá ann cheana d’fheidhm a bheith acu maidir le ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise leis an gCóras Faisnéise Frithpháirteach maidir le Cosaint Shóisialta (MISSOC), córas a bhfuil rochtain aici air cheana féin.

Comhaontú maidir le haeriompair

Leis an gComhaontú arna thabhairt cothrom le dáta maidir le haeriompair, déanfar foráil maidir le hailíniú dinimiciúil ag an Eilvéis ar ghníomhartha dlí de chuid an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo i réimse an aeriompair.

Leis an bprótacal leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú maidir le haeriompar, ní athraítear cuspóirí an chomhaontaithe agus déantar athruithe teoranta ar an bpríomhthéacs agus ar an iarscríbhinn a ghabhann leis an gcomhaontú. Is é an rud is mó an malartú frithpháirteach ceart cabatáiste (lena gcumasaítear do na haerlínte faoi seach eitilt idir dhá phointe i gcríoch Bhallstáit nó i gcríoch na hEilvéise) idir na Páirtithe.

Ní dhéantar foráil maidir le haon rochtain bhreise ar chórais faisnéise. Leanfaidh na módúlachtaí airgeadais atá ann cheana maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise i nGníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA), arna bunú le Rialachán (AE) 2018/1139 10 , d’fheidhm a bheith acu. Cuirfear an tsamhail thuasluaite in ionad na socruithe atá ann cheana maidir le cearta, pribhléidí agus díolúintí EASA agus a fhoirne.

Tá prótacal maidir le Státchabhair i gceangal leis an gcomhaontú agus beidh dearbhú comhpháirteach ag gabháil leis.

Comhaontú maidir le hiompar de thalamh

Faoin gcomhaontú arna thabhairt cothrom le dáta maidir le hiompar de thalamh, mar atá ina leagan bunaidh, beidh sé d’oibleagáid ar an Eilvéis forálacha dlí náisiúnta a ghlacadh lena mbainfear amach an toradh atá le baint amach leis na gníomhartha dlí de chuid an Aontais a liostaítear san iarscríbhinn a ghabhann leis an gcomhaontú.

Leis an gcomhaontú arna thabhairt cothrom le dáta, soiléireofar go bhféadfaidh gnóthais iarnróid seirbhísí iarnróid idirnáisiúnta do phaisinéirí a oibriú idir an tAontas agus an Eilvéis, lena n‑áirítear cabatáiste idirnáisiúnta, faoina bhfreagracht féin. Leis an bprótacal leasaitheach, déanfar acquis ábhartha an Aontais a chomhtháthú sa chomhaontú lena ráthaítear an ceart chun seirbhísí idirnáisiúnta lasta iarnróid a oibriú san Aontas agus san Eilvéis.

Tairbheoidh an Eilvéis d’eisceachtaí áirithe. Mar shampla, beidh an Eilvéis in ann tosaíocht a thabhairt do sheirbhísí iarnróid atá ina gcuid de thráthchlár seirbhíse eatraimh na hEilvéise. Os a choinne sin, féadfaidh an tAontas nó a Bhallstáit tosaíocht níos airde a thabhairt ar a gcríocha do chuideachtaí de chuid an Aontais a oibríonn seirbhísí iarnróid do phaisinéirí ná mar a thugann siad do sheirbhís iarnróid idirnáisiúnta do phaisinéirí de chuid na hEilvéise lena n‑oibrítear cuid den tseirbhís idirnáisiúnta faoi thráthchlár seirbhíse eatraimh na hEilvéise. Beidh sé de cheart ag an Eilvéis freisin ionstraimí bainistithe acmhainneachta a ghlacadh lena ndéanfar soláthar maidir le líon íosta bealaí traenach in aghaidh na huaire le haghaidh cineálacha sainithe tráchta, lena n‑áirítear lasta, trácht paisinéirí réigiúnach agus trácht paisinéirí fad-achair lena bhféadfaí cuspóir idirnáisiúnta a bhaint amach freisin. Beidh an fhéidearthacht aici freisin iallach a chur ar chuideachtaí iompair paisinéirí páirt a ghlacadh i gcóras comhtháthaithe ticéadaithe agus praghsanna na hEilvéise, agus saoirse praghsála á ráthú do na cuideachtaí an tráth céanna. Beidh údaráis inniúla na hEilvéise in ann conarthaí seirbhíse poiblí san iompar d’iarnród a dhámhachtain go díreach freisin, faoi réir coinníollacha sonracha lena ráthófar nach ndéanfar difear do mhargadh inmheánach an Aontais do chríoch an Aontais.

Cé go gcumhdaítear é le heisceacht ar ailíniú dinimiciúil, tabharfar córas muirear na hEilvéise atá ann cheana le haghaidh feithiclí earraí troma níos gaire do chóras muirearaithe an Aontais.

Déanfaidh an Eilvéis idirghníomhú le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh a bhunaítear le Rialachán (AE) 2016/796 11 mar thríú tír. I gcomhréir leis an reachtaíocht Aontais is infheidhme, agus tar éis dá Bord Bainistíochta iad a fhormheas, tiocfaidh an ghníomhaireacht ar chomhaontú maidir le socruithe le húdaráis ábhartha na hEilvéise ina sonrófar cineál agus méid rannpháirtíochta na núdarás sin in obair na gníomhaireachta.

Ní dhéantar foráil maidir le haon rochtain bhreise ar chórais faisnéise. Leanfaidh na módúlachtaí airgeadais atá ann cheana d’fheidhm a bheith acu maidir le rochtain na hEilvéise ar Tachonet, arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/68 ón gCoimisiún 12 .

Tá prótacal maidir le Státchabhair i gceangal leis an gcomhaontú agus beidh dearbhú comhpháirteach ag gabháil leis. Beidh dearbhú comhpháirteach ag gabháil leis an bprótacal leasaitheach freisin.

Comhaontú maidir le haitheantas frithpháirteach

Faoin gComhaontú arna thabhairt cothrom le dáta maidir le haitheantas frithpháirteach, beidh sé d’oibleagáid ar an Eilvéis forálacha dlí náisiúnta a ghlacadh lena mbainfear amach an toradh atá le baint amach leis na gníomhartha dlí de chuid an Aontais a liostaítear san iarscríbhinn a ghabhann leis an gcomhaontú. Má leathnaítear raon feidhme an chomhaontaithe amach anseo, beidh na réimsí breise faoi réir an chur chuige chéanna freisin.

Leis an bprótacal leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú maidir le haitheantas frithpháirteach, ní dhéantar ach athruithe teoranta ar an bpríomhthéacs agus ar an iarscríbhinn a ghabhann leis an gcomhaontú chun sainiú níos fearr a dhéanamh ar chuspóir agus raon feidhme an chomhaontaithe, ar na nósanna imeachta is infheidhme agus ar ról údaráis na bpáirtithe agus na n‑oibreoirí eacnamaíocha, chomh maith le comhar idir na páirtithe.

I ngach réimse a chumhdaítear le hIarscríbhinn 1 den chomhaontú, beidh sé d’oibleagáid ar an Eilvéis reachtaíocht a ghlacadh chun an toradh céanna a bhaint amach agus atá ar acquis an Aontais a liostaítear san iarscríbhinn sin. Ní liostófar a thuilleadh san iarscríbhinn na forálacha ábhartha faoi dhlí na hEilvéise. An taon eisceacht ar an riail sin, baineann sí le Caibidil 11 d’Iarscríbhinn 1, ina leanfar d’fhorálacha dhlí na hEilvéise a liostú. Is léiriú é sin ar eisceacht chomhaontaithe maidir le Treoir 2007/45/CE 13 .

I réimsí áirithe, rochtain theoranta a bheith ag an Eilvéis ar chinnteoireacht. De ghnáth, ní bheidh rochtain aici ar ghrúpaí saineolaithe ábhartha ná ar choistí coisteolaíochta ábhartha a bhíonn ag plé le táirgí íocshláinte. Ní bheidh rochtain aici ach oiread ar an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach. I réimse na bhfeistí leighis, beidh ról na hEilvéise i gcoistí agus i ngrúpaí saineolaithe teoranta do bheith ina breathnóir.

Faoin gcomhaontú arna thabhairt cothrom le dáta, beidh rochtain ag an Eilvéis ar chóras faisnéise EudraGMDP maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena núsáid ag an duine, arna bhunú le Treoir 2004/27/CE, agus déanfaidh sí ranníocaíocht airgeadais ina leith 14 .

Comhaontú maidir le leictreachas

Leis an gComhaontú maidir le leictreachas, déanfar foráil maidir le hailíniú dinimiciúil na hEilvéise le gníomhartha dlí an Aontais atá ann faoi láthair agus iad siúd a bheidh ann amach anseo i réimse an leictreachais.

Is é is cuspóir don Chomhaontú maidir le leictreachas rochtain na hEilvéise ar mhargadh inmheánach leictreachais an Aontais a cheadú. Tá sé d’aidhm aige, e.g., trádáil leictreachais trasteorann a chothú; sláine agus trédhearcacht an mhargaidh leictreachais, mar aon le cóir chomhionann na rannpháirtithe uile sa mhargadh, a ráthú; cobhsaíocht na líonraí leictreachais agus slándáil an tsoláthair a áirithiú; chomh maith le leictreachas a tháirgtear ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn. Sainítear sa chomhaontú na rialacha agus na coincheapa is infheidhme maidir leis na margaí inmheánacha leictreachais chomh maith leis na róil agus na freagrachtaí atá ag gníomhaithe amhail oibreoirí córais tarchurtha agus córais dáileacháin. Foráiltear leis freisin maidir le socrú idirthréimhseach le haghaidh forchoimeádais fhadtéarmacha acmhainneachta atá ann cheana ar idirnascairí ag teorainn na hEilvéise, nach bhfuil comhoiriúnach don acquis.

Maidir le caomhnú an chomhshaoil san earnáil leictreachais, tá sé d’oibleagáid ar an Eilvéis forálacha de dhlí na hEilvéise a ghlacadh nó a choinneáil ar bun lena leagtar síos ceanglais lena n‑áirithítear an leibhéal céanna cosanta ar a laghad agus a leagtar síos san acquis ábhartha. Ní fhéadfaidh forálacha den sórt sin a bheith ina mbacainn ar shaor-rochtain earraí agus seirbhísí ón Aontas ar mhargadh na hEilvéise, ar earraí agus seirbhísí iad a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos san acquis ábhartha. Foráiltear d’eisceacht ar an oibleagáid maidir le hailíniú dinimiciúil lena gcuirtear ar a cumas don Eilvéis bearta riachtanacha, comhréireacha agus neamhshaofa a dhéanamh chun slándáil an tsoláthair leictreachais a áirithiú, trí chúltaiscí leictreachais a bhunú agus a bheith i bhfeidhm, a mhéid atá siad comhoiriúnach don chomhaontú.

Faoin gcomhaontú, beidh an Eilvéis in ann páirt a ghlacadh i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Leictreachais (ACER), arna bunú le Rialachán (AE) 2019/942, agus beidh uirthi ranníocaíocht a dhéanamh i leith mhaoiniú na Gníomhaireachta sin 15 . Áirítear sa chomhaontú foscríbhinn chaighdeánach maidir le cearta, pribhléidí agus díolúintí ACER agus a fhoirne. Beidh rochtain ag an Eilvéis freisin ar Bhunachar Sonraí an Aontais, arna bhunú le Treoir (AE) 2018/2001, maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus déanfaidh sí ranníocaíocht airgeadais ina leith, i gcomhréir leis na módúlachtaí airgeadais caighdeánacha 16 .

Áirítear sa chomhaontú forálacha maidir le Státchabhair agus beidh dearbhú comhpháirteach ag gabháil leis.

Prótacal maidir leis an gComhlimistéar Sábháilteachta Bia

Leis an bPrótacal maidir leis an gComhlimistéar Sábháilteachta Bia, déanfar foráil maidir le hailíniú dinimiciúil na hEilvéise le hiomlán acquis an Aontais a bhaineann leis an mbiashlabhra agus go gcuirfidh an Eilvéis an acquis sin i bhfeidhm go comhuaineach.

Na hiarscríbhinní atá ann faoi láthair a bhaineann le SPS agus a ghabhann leis an gComhaontú atá ann cheana maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta, bainfear iad ón gComhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta agus déileálfar lena n‑ábhar sa Phrótacal maidir leis an gComhlimistéar Sábháilteachta Bia. Is ar bhonn na n‑iarscríbhinní sin a cháilíonn an Comhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta faoi láthair, san fhoirm ina bhfuil sé faoi láthair, mar chomhaontú i réimse a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis páirteach.

An Prótacal maidir leis an gComhlimistéar Sábháilteachta Bia lena bhforlíontar an Comhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta, leanfaidh sé de bheith nasctha leis an gComhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta sa mhéid go gcuirfear deireadh go huathoibríoch leis an ionstraim eile freisin má chuirtear deireadh leis an gcomhaontú nó leis an bprótacal.

Bunaítear leis an bprótacal Comhlimistéar Sábháilteachta Bia lena gcumhdaítear gach gné den bhiashlabhra. Is iad na cuspóirí atá leis e.g. sábháilteacht bia agus beatha a fheabhsú, ardleibhéal sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte plandaí a áirithiú, frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac, cosaint ainmhithe a fheabhsú agus ardchaighdeáin leasa ainmhithe a chur chun cinn.

Chomh maith le hailíniú dinimiciúil maidir leis na gníomhartha dlí uile in acquis an Aontais a bhaineann leis an mbiashlabhra ina iomláine, áirítear leis an bPrótacal maidir leis an gComhlimistéar Sábháilteachta Bia oibleagáid ar an Eilvéis aon ghníomh neamhreachtach atá bunaithe ar an reachtaíocht thánaisteach is infheidhme a chur i bhfeidhm go sealadach ón dáta a thiocfaidh na gníomhartha neamhreachtacha sin chun bheith infheidhme san Aontas, agus go dtí dáta chinneadh an Chomhchoiste maidir le hionchorprú an ghnímh, chun a gcur i bhfeidhm comhuaineach a ráthú ar fud an Chomhlimistéir Sábháilteachta Bia ina iomláine.

Le heisceachtaí ar an oibleagáid maidir le hailíniú dinimiciúil, cuirfear ar a cumas don Eilvéis, faoi choinníollacha áirithe, forálacha dlí náisiúnta maidir le horgánaigh ghéinmhodhnaithe agus leas ainmhithe a choinneáil ar bun. Ina theannta sin, beidh an Eilvéis in ann a bearta a choinneáil ar bun freisin maidir le hallmhairiú feola bó-ainmhithe ó eallach a d’fhéadfadh a bheith cóireáilte le tionscnóirí fáis hormónacha, ar choinníoll nach n‑aistrítear an fheoil bó-ainmhithe sin isteach san Aontas.

Beifear in ann bearta cúiteacha a dhéanamh i gcás nach gcomhlíonfaidh páirtí an cinneadh ó bhinse eadrána sa Phrótacal maidir leis an gComhlimistéar Sábháilteachta Bia nó in aon chomhaontú eile i réimse a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis páirteach, nó sa Chomhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta.

Chun go mbeidh an Eilvéis in ann ullmhú i gcomhair an athraithe ón gcóras atá ann faoi láthair, atá bunaithe ar choibhéis, go córas atá bunaithe ar an bprionsabal ar dá réir a chuirtear acquis an Aontais féin i bhfeidhm go comhuaineach ina críoch, foráiltear sa Phrótacal maidir leis an gComhlimistéar Sábháilteachta Bia go leanfaidh na hiarscríbhinní a bhaineann le SPS agus a ghabhann faoi láthair leis an gComhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta d’éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu ar feadh idirthréimhse 24 mhí ar a mhéad. Tar éis don tréimhse sin dul in éag, beidh feidhm iomlán ag forálacha uile an Phrótacail maidir leis an gComhlimistéar Sábháilteachta Bia.

Foráiltear leis an bprótacal rochtain na hEilvéise ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA), a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 17 , agus áirítear leis an fhoscríbhinn chaighdeánach maidir lena chearta, phribhléidí agus dhíolúintí mar aon le cearta, pribhléidí agus díolúintí a fhoirne. Foráiltear sa phrótacal freisin do ranníocaíocht airgeadais ón Eilvéis i gcomhréir leis na módúlachtaí caighdeánacha airgeadais thuasluaite i leith mhaoiniú EFSA chomh maith leis na córais faisnéise seo a leanas:

tairseach Europhyt, arna bunú le Treoir 94/3/CE ón gCoimisiún 18 ,

an Córas Mear-rabhaidh um Bia don Duine agus d’Ainmhithe (RASFF), a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 19 ,

an tardán le haghaidh deimhniú sláintíochta agus fíteashláintíochta (TRACES), arna bhunú le Rialachán (AE) 2017/625 20 , agus

an Córas Faisnéise um Ghalar Ainmhithe (ADIS), arna bhunú le Rialachán (AE) 2020/2002 21 .

Comhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta

A luaithe a thiocfaidh leasuithe ar an gComhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta a tugadh isteach leis an bprótacal leasaitheach sonrach i bhfeidhm, ní mheasfar a thuilleadh gur comhaontú i réimse a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis páirteach é an comhaontú sin.

Tar éis na hiarscríbhinní a bhaineann le SPS a ghabhann leis an gComhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta a scriosadh, beidh raon feidhme an chomhaontaithe leasaithe, lena n‑áirítear na hiarscríbhinní eile a ghabhann leis, teoranta do ghnéithe trádála. Dá réir sin, ní coincheapa ábhartha iad na coincheapa maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach acquis an Aontais, ról Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ailíniú dinimiciúil ná rialacha maidir le Státchabhair. Dá bhrí sin, ní hionann an creat institiúideach dá bhforáiltear sa chomhaontú seo agus an creat atá sa Phrótacal maidir leis an gComhlimistéar Sábháilteachta Bia.

Leis an bprótacal leasaitheach, tabharfar cothrom le dáta an sásra um réiteach díospóidí ar aon dul leis an gcleachtas bunaithe i gcomhaontuithe trádála an Aontais agus na hEilvéise. Beidh an nós imeachta is infheidhme um réiteach díospóidí bunaithe ar an nós imeachta a áirítear sna comhaontuithe i réimsí an mhargaidh inmheánaigh ina bhfuil an Eilvéis páirteach. Tá sraith forálacha coiteanna mar an gcéanna ag an gcomhaontú agus ag na comhaontuithe sin maidir leis an mbinse eadrána freisin. Ní dhéantar foráil maidir le ról do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndáil le réiteach díospóidí. Is féidir bearta cúitimh i gcás nach gcomhlíonfaidh páirtí cinneadh binse eadrána a dhéanamh sa Chomhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta nó sa Phrótacal maidir leis an gComhlimistéar Sábháilteachta Bia, ach ní féidir iad a dhéanamh i gcomhaontuithe eile i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis páirteach.

Comhaontuithe comhair i réimsí na sláinte, an chomhtháthaithe agus an spáis

Comhaontú maidir leis an tsláinte

Is é is aidhm don Chomhaontú maidir leis an tsláinte an comhar idir an tAontas agus an Eilvéis a neartú maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte tríd an Eilvéis a chomhtháthú sna sásraí agus sna comhlachtaí ábhartha.

Ní comhaontú é i réimse a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis páirteach. Cuirtear na forálacha institiúideacha comhionanna thuasluaite i bhfeidhm ann de réir analaí, áfach, agus áirítear ann oibleagáid maidir le hailíniú dinimiciúil le acquis ábhartha an Aontais.

Tá sraith forálacha coiteanna maidir leis an mbinse eadrána, lena n‑áirítear ról do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, sa chomhaontú agus sna comhaontuithe i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis páirteach. I gcás díospóidí, is féidir bearta cúitimh a dhéanamh sa chomhaontú maidir leis an tsláinte nó sa chomhpháirt sláinte (EU4Health) den Chomhaontú maidir le cláir an Aontais, chun éagothroime a d’fhéadfadh a bheith ann a leigheas.

Déantar foráil sa chomhaontú maidir le rochtain na hEilvéise ar an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC), arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 851/2004, agus maidir le ranníocaíocht airgeadais uaithi leis i gcomhréir leis na módúlachtaí airgeadais caighdeánacha 22 . Áirítear ann an fhoscríbhinn chaighdeánach maidir le cearta, díolúintí agus pribhléidí ECDC agus a fhoirne.

I gcás an Chórais Luathrabhaidh agus Freagartha (EWRS), arna bhunú le Rialachán (AE) 2022/2371 23 , beidh ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) atá ann faoi láthair ina cuid dá ranníocaíocht i leith mhaoiniú ECDC ar thaobh amháin agus i leith chlár EU4Health ar an taobh eile. Más trí fhoinsí eile a dhéantar EWRS a mhaoiniú faoin gcéad CAI eile, beidh feidhm ag na módúlachtaí thuasluaite maidir le ranníocaíocht na hEilvéise i leith EWRS.

Comhaontú maidir le comhtháthú

Ní comhaontú i réimse a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis páirteach é an Comhaontú maidir le comhtháthú.

Bunaítear leis an bonn le haghaidh ranníocaíocht thráthrialta airgeadais ón Eilvéis chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas a laghdú, mar chomhlánú ar bhearta an Aontais agus na mBallstát i réimse an chomhtháthaithe.

Leagtar síos sa chomhaontú na paraiméadair agus na rialacha maidir le ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise a chinneadh. Saineofar tréimhsí ranníocaíochta de réir an chreata airgeadais ilbhliantúil is infheidhme de chuid an Aontais. Foráiltear go mbeidh an chéad tréimhse ranníocaíochta i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2030 go dtí an 31 Nollaig 2036. Comhlánófar í le gealltanas airgeadais breise aonuaire lena gcumhdófar an tréimhse idir deireadh 2024 agus deireadh 2029.

Ag tús gach tréimhse ranníocaíochta, beidh ar na páirtithe Meabhrán Tuisceana (MT) a thabhairt i gcrích ina mbeidh tuairisc ar na réimsí téamacha ina bhféadfar ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise a úsáid le linn na tréimhse sin, e.g.: forbairt chuimsitheach dhaonna agus shóisialta, forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe, chuimsitheach, an t‑aistriú glas, daonlathas agus rannpháirtíocht, nó imirce.

Ba cheart méid na ranníocaíochta airgeadais a leagan amach go soiléir sa MT freisin, arna cinneadh ar bhonn na rialacha a leagtar amach sa chomhaontú. Ní aistreofar ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise chuig buiséad an Aontais.

Beidh an MT ina bhonn do chomhaontuithe cur chun feidhme i ndáil le tíortha sonracha, idir an Eilvéis agus na Ballstáit is tairbhithe. Sonrófar sna comhaontuithe sin leithdháileadh na gcistí a bhaineann go sonrach le tír faoi leith, chomh maith lena ndáileadh idir réimsí téamacha, bearta tacaíochta, na struchtúir bhainistíochta agus rialaithe agus na coinníollacha is infheidhme, agus údaráis inniúla sa Bhallstát atá i gceist.

Tá cosúlachtaí idir sásra um réiteach díospóidí an chomhaontaithe agus an ceann a áirítear sna comhaontuithe i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis páirteach, ach tá difríochtaí eatarthu freisin. Go háirithe, tá sraith forálacha coiteanna iontu araon maidir leis an mbinse eadrána. Ní dhéantar foráil ann maidir le ról do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, áfach. I gcás díospóidí, is féidir bearta cúitimh a dhéanamh chun éagothroime a d’fhéadfadh a bheith ann a leigheas sa Chomhaontú maidir le comhtháthú nó in aon cheann de na comhaontuithe a liostaítear sa Chomhaontú maidir le comhtháthú.

Comhaontú maidir leis an nGníomhaireacht um an gClár Spáis

Ní comhaontú i réimse a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis páirteach é an Comhaontú maidir leis an nGníomhaireacht um an gClár Spáis. Leagtar amach ann na coinníollacha faoina bhfuil sé de cheart ag an Eilvéis a bheith páirteach i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (EUSPA), arna bunú le Rialachán (AE) 2021/696 24 . Tá sé bunaithe ar chomhaontú 2014 idir an tAontas agus an Eilvéis maidir leis na Cláir Eorpacha um Loingseoireacht Satailíte 25 . Foráiltear sa Chomhaontú maidir leis an nGníomhaireacht um an gClár Spáis go gcuirfidh na Páirtithe i bhfeidhm go sealadach é tar éis a shínithe.

Bunaítear leis an gcomhaontú ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise le EUSPA, agus úsáid á baint as an treoir ranníoca chéanna chun na táillí oibriúcháin agus rannpháirtíochta a ríomh leis an gceann a bhunaítear sna comhaontuithe i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis páirteach ó 2028 ar aghaidh. Ag brath ar an dáta óna gcuirfear an comhaontú i bhfeidhm go sealadach, is é 2 % agus 3 % le haghaidh 2026 agus 2027 faoi seach a bheidh i gcéatadán na táille oibríochtúla ar ar a bonn a ríomhfar na táillí rannpháirtíochta. Ó 2028 ar aghaidh, is ionann an céatadán sin agus an céatadán a úsáidtear i gcomhaontuithe eile lena bhforáiltear maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise i ngníomhaireachtaí, i.e. 4 %.

Leis an gcomhaontú freisin, ceadaítear don Eilvéis a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí a bhaineann le comhpháirteanna eile den chlár spáis, lasmuigh de Galileo agus de Bhreis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS) mar a bhunaítear i gcomhaontú 2014, má fhoráiltear amhlaidh le prótacal a ghabhann leis an gComhaontú maidir le cláir an Aontais.

Áirítear sa chomhaontú an fhoscríbhinn chaighdeánach maidir le cearta, díolúintí agus pribhléidí EUSPA agus cearta, díolúintí agus pribhléidí a fhoirne.

Prótacal maidir le comhar parlaiminteach

Bunaítear leis an bPrótacal maidir le comhar parlaiminteach Comhchoiste Parlaiminteach mar fhóram le haghaidh idirphlé agus díospóireacht idir feisirí Pharlaimint na hEorpa agus feisirí Thionól Cónaidhme na hEilvéise. Is é is aidhm dó tuiscint fhrithpháirteach agus machnamh ar an gcaidreamh leathan idir an tAontas agus an Eilvéis a chur chun cinn, lena n‑áirítear tuilleadh forbartha a d’fhéadfaí a dhéanamh air. Cuirfear an Comhchoiste Parlaiminteach ar an eolas go tráthrialta faoi chinntí agus moltaí na gComhchoistí arna mbunú le haon cheann de na comhaontuithe a chuimsítear sa phacáiste leathan. Féadfaidh sé aon fhaisnéis ábhartha a iarraidh maidir le cur chun feidhme aon chomhaontaithe laistigh den phacáiste leathan agus féadfaidh sé moltaí a chur faoi bhráid na bPáirtithe.

Dearbhú comhpháirteach maidir le hidirphlé ardleibhéil a bhunú idir an tAontas agus an Eilvéis

Is iad seo a leanas aidhmeanna an idirphlé ardleibhéil atá le bunú:

comhthuiscint agus comhar a chur chun cinn maidir leis an bpacáiste leathan déthaobhach a caibidlíodh agus leis an bhforbairt bhreise a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gcaidreamh déthaobhach eatarthu;

saincheisteanna leasa fhrithpháirtigh a phlé, go háirithe rannpháirtíocht na hEilvéise sa mhargadh inmheánach agus féidearthachtaí chun a gcomhpháirtíocht a neartú; agus

meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an phacáiste leathain dhéthaobhaigh, ar obair na gComhchoistí agus ar an bhforbairt bhreise a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gcaidreamh déthaobhach eatarthu.

Síniú agus téacsanna na gcomhaontuithe

Cuirtear téacs an Chomhaontaithe faoi bhráid na Comhairle mar aon leis an moladh seo. Cuirtear téacsanna na ndearbhuithe comhpháirteacha a ghabhann le comhaontuithe nó prótacail éagsúla isteach in éineacht leis an togra seo, mar aon le dearbhú comhpháirteach maidir le hidirphlé ardleibhéil a bhunú idir an tAontas agus an Eilvéis agus dhá dhearbhú aontaobhacha ón Eilvéis maidir leis an gComhaontú maidir le saorghluaiseacht daoine agus an Comhaontú maidir leis an tsláinte faoi seach.

I gcomhréir leis na Conarthaí, is faoin gCoimisiún atá sé a áirithiú go síneofar an comhaontú agus na prótacail, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún Eorpach téacs an dearbhaithe chomhpháirtigh maidir leis an idirphlé ardleibhéil a shíniú thar ceann an Aontais.

Tábla 1: Forbhreathnú ar fhorálacha institiúideacha agus ar fhorálacha eile atá sna comhaontuithe i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis páirteach agus sa Chomhaontú maidir leis an tsláinte araon

Forálacha an chomhaontaithe

Forálacha comhionanna

Forálacha ginearálta

cuspóirí institiúideacha agus/nó cuspóir an chomhaontaithe

cineál an chomhaontaithe agus an gaol idir prótacail a ghabhann leis an gcomhaontú (i gcás comhaontú atá ann cheana)

Ailíniú an chomhaontaithe maidir le gníomhartha dlí an Aontais

oibleagáid ar an gComhchoiste gníomhartha nua a thagann faoi raon feidhme an chomhaontaithe a chomhtháthú sa chomhaontú

rannpháirtíocht i ndréachtú gnímh dlí (‘cinnteoireacht’) agus i gcomhtháthú gníomhartha dlí sa chomhaontú

oibleagáidí bunreachtúla á gcomhlíonadh ag an Eilvéis

Léiriú agus cur i bhfeidhm an chomhaontaithe

léiriú aonfhoirmeach, cur i bhfeidhm éifeachtach, comhchuí, agus prionsabail eisiachais

nós imeachta i gcás deacracht a bhaineann le léiriú nó cur i bhfeidhm, bearta cúitimh agus comhar idir dlínsí

Forálacha eile

Comhchoiste

Ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise i leith mhaoiniú na ngníomhaireachtaí agus na gcóras faisnéise a bhfuil rochtain aici orthu

láimhseáil faisnéise

tagairtí i ngníomhartha dlí an Aontais do na nithe seo a leanas: críocha agus náisiúnaigh na mBallstát, teacht i bhfeidhm agus cur chun feidhme gníomhartha dlí, seolaithe, cearta agus oibleagáidí na mBallstát

Forálacha críochnaitheacha

teacht i bhfeidhm agus cur chun feidhme

modhnuithe agus foirceannadh

Iarscríbhinn maidir le ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise a chur chun feidhme

liosta gníomhaíochtaí, comhlachtaí agus córas faisnéise

módúlachtaí íocaíochta

socruithe idirthréimhseacha (i gcás inarb ábhartha)

Iarscríbhinn / foscríbhinn maidir leis an mbinse eadrána

clárlann agus seirbhísí rúnaíochta an bhinse eadrána

réiteach díospóide a thionscnamh

comhdhéanamh an bhinse eadrána

imeachtaí eadrána

cinntí an bhinse eadrána

Foscríbhinn maidir le pribhléidí agus díolúintí gníomhaireachtaí

dosháraitheacht áitribh, fhoirgnimh agus chartlann na gníomhaireachta

díolúine ó cháin maidir le sócmhainní, ioncaim agus earraí agus seirbhísí le haghaidh úsáid oifigiúil

stádas taidhleoireachta comhfhreagrais agus cumarsáide

pribhléidí, díolúintí, cánachas agus cumhdach slándála sóisialta na noifigeach a chumhdaítear leis na Rialacháin Foirne

Tábla 2: Forálacha maidir le Státchabhair is coiteann don Chomhaontú maidir le leictreachas agus do na prótacail maidir le Státchabhair a ghabhann leis na Comhaontuithe maidir le haeriompar agus iompar de thalamh

Cuid/caibidil den phrótacal nó iarscríbhinní maidir le Státchabhair

Forálacha comhionanna

Príomhthéacs

Cuspóirí a bhaineann le Státchabhair

an gaol idir an prótacal agus an comhaontú atá ann cheana (i gcás comhaontú atá ann cheana)

Státchabhair nach bhfuil comhoiriúnach nó atá comhoiriúnach leis an gcomhaontú, agus cabhair atá ann cheana

faireachas, trédhearcacht, módúlachtaí comhair agus comhairliúcháin

gníomhartha dlí a chomhtháthú

daingniú agus teacht i bhfeidhm, modhnuithe agus foirceannadh

Iarscríbhinn maidir le díolúintí agus soiléirithe

bearta atá comhoiriúnach d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh

Iarscríbhinn maidir le gníomhartha ginearálta agus gníomhartha earnála is infheidhme san Aontas

gníomhartha ginearálta is infheidhme maidir le gach earnáil, arna gcomhlánú le rialacha earnála a bhaineann go sonrach leis an réimse a chumhdaítear leis an gcomhaontú i gceist

2025/0163 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, pacáiste leathain comhaontuithe chun an caidreamh déthaobhach le Cónaidhm na hEilvéise a chomhdhlúthú, a dhoimhniú agus a leathnú, agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’), agus go háirithe Airteagal 217 i gcomhar le hAirteagal 218(5) agus an dara fomhír d’Airteagal 218(8) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An 12 Márta 2024, d’údaraigh an Chomhairle don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le Cónaidhm na hEilvéise (dá ngairtear ‘an Eilvéis’ anseo feasta) maidir le pacáiste leathan beart a bhaineann leis an gcaidreamh déthaobhach leis an Eilvéis, ina bhfuil forálacha institiúideacha agus Státchabhrach i gcomhaontuithe idir an tAontas agus an Eilvéis i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach 26 , agus, i gcás inar gá, oiriúnuithe sonracha orthu, ina bhfuil comhaontú maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise i gcláir an Aontais agus comhaontú atá mar bhonn le rannchuidiú buan na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta idir réigiúin a laghdú 27 . D’údaraigh an Chomhairle don Choimisiún freisin tús a chur le caibidlíocht leis an Eilvéis maidir le comhaontuithe nua i ndáil le leictreachas, an tsláinte, sábháilteacht bia, rannpháirtíocht na hEilvéise i nGníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh do Chlár Spáis an Aontais agus d’Iarnróid, agus maidir leis an leasú ar an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar chun cabatáiste a cheadú.

(2)Rinne an Coimisiún, thar ceann an Aontais, pacáiste leathan comhaontuithe a chaibidliú lena náirítear prótacail maidir le forálacha institiúideacha, forálacha Státchabhrach agus forálacha leasaitheacha a ghabhann le comhaontuithe atá ann cheana idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis páirteach, Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú atá ann cheana idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta lena mbunaítear Comhlimistéar Sábháilteachta Bia, Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le leictreachas, Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an tsláinte, Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú, Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gcláir an Aontais, Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis, chomh maith le Prótacal idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar parlaiminte.

(3)Leagtar síos leis na prótacail institiúideacha oibleagáid ar an gComhchoiste gach gníomh de dhlí an Aontais a thagann faoi raon feidhme na gcomhaontuithe a chomhtháthú mar aon le forálacha chun a áirithiú go mbeidh an Eilvéis faoi cheangal ag na rialacha i gceist. Áirithítear leo léiriú agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na gcomhaontuithe uile i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis páirteach agus, i gcás ina bhfuil coincheapa de dhlí an Aontais i gceist le cur i bhfeidhm na gcomhaontuithe sin, gur i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a dhéanfar iad a léiriú agus a chur i bhfeidhm. Leis na prótacail institiúideacha, leagtar síos sásra éifeachtach chun díospóidí a réiteach bunaithe ar eadráin, lena náirítear gach ceist faoi dhlí an Aontais a eascraíonn as an gcás a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. I gcás neamhchomhlíonadh chinneadh an bhinse eadrána, féadfar bearta cúiteacha comhréireacha a ghlacadh sa chomhaontú lena mbaineann nó in aon cheann de na comhaontuithe i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis páirteach.

(4)Leis na prótacail leasaitheacha a ghabhann leis na comhaontuithe atá ann cheana, déantar na hathruithe substainteacha is gá i gcomhréir leis an gcreat institiúideach nua. Ina theannta sin, leis an bprótacal leasaitheach a ghabhann leis an gcomhaontú maidir le haeriompar déantar foráil maidir le malartú frithpháirteach ceart cabatáiste.

(5)Leis na prótacail Státchabhrach a ghabhann leis na comhaontuithe atá ann cheana maidir le haeriompar agus iompar de thalamh, ráthaítear cothrom iomaíochta do rannpháirtíocht na hEilvéise sa mhargadh inmheánach sna réimsí a chumhdaítear leis na comhaontuithe sin. Cuirfidh an Eilvéis rialacha substainteacha agus rialacha nós imeachta i bhfeidhm, lena náirítear sásraí faireachais agus forfheidhmithe, atá coibhéiseach leo siúd a bhfuil feidhm acu laistigh den Aontas.

(6)Leis an bprótacal leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta, tugtar cothrom le dáta an sásra um réiteach díospóidí atá sa chomhaontú, ar aon dul leis an gcleachtas bunaithe i gcomhaontuithe trádála an Aontais.

(7)Le prótacal ar leithligh a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta, bunaítear Comhlimistéar Sábháilteachta Bia lena gcumhdaítear gach gné den bhiashlabhra. Áirítear sa phrótacal sin na forálacha institiúideacha is coiteann do gach comhaontú i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis páirteach.

(8)Leis an gComhaontú nua idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le leictreachas, leagtar síos na rialacha agus na coinníollacha faoinar féidir leis an Eilvéis a bheith páirteach sa mhargadh inmheánach leictreachais. Áirítear sa chomhaontú na forálacha institiúideacha is coiteann do gach comhaontú i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis páirteach chomh maith le rialacha maidir le Státchabhair atá beagnach comhionann leo siúd a bhfuil feidhm acu i réimsí an aeriompair agus an iompair de thalamh.

(9)Is é is aidhm don Chomhaontú nua idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an tsláinte neartú a dhéanamh ar an gcomhar idir an tAontas agus an Eilvéis maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte agus cuirtear i bhfeidhm leis, de réir analaí, na forálacha institiúideacha is coiteann do na comhaontuithe sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis páirteach. Tá an comhaontú sin nasctha le rannpháirtíocht na hEilvéise sa Chlár do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte (‘Clár EU4Health’).

(10)Leis an gComhaontú nua idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú, bunaítear an bunús dlí agus leagtar síos na paraiméadair le haghaidh ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise, faoi chuimsiú an phacáiste leathain, le héagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas a laghdú. Áirítear sásra um réiteach díospóidí sa chomhaontú; i gcás neamhchomhlíonadh rialaithe eadrána, féadfar bearta cúiteacha comhréireacha a ghlacadh in aon cheann de na comhaontuithe lena mbaineann an pacáiste.

(11)Leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis, leagtar síos na coinníollacha faoinar féidir leis an Eilvéis a bheith páirteach in obair na Gníomhaireachta.

(12)Le forálacha comhionanna sna prótacail institiúideacha éagsúla agus sna comhaontuithe nua, áirithítear ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise i leith chostais na gcóras faisnéise agus na nGníomhaireachtaí ina bhfuil sí páirteach.

(13)Leis an bPrótacal idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar parlaiminteach, bunaítear Comhchoiste Parlaiminteach mar fhóram le haghaidh idirphlé agus díospóireacht idir comhaltaí Pharlaimint na hEorpa agus comhaltaí Thionól Cónaidhme na hEilvéise, d’fhonn an chomhthuiscint agus an machnamh ar an gcaidreamh leathan idir an tAontas agus an Eilvéis a chur chun cinn, lena náirítear tuilleadh forbartha a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gcaidreamh sin.

(14)Is iomlán comhleanúnach iad na comhaontuithe agus na prótacail is ábhar don chinneadh seo agus leagtar síos leo ailtireacht comhpháirtíochta treisithe agus cuimsithí i raon leathan réimsí a chumhdaítear leis na Conarthaí, bunaithe ar chothromaíocht iomchuí idir cearta agus oibleagáidí. Dá bhrí sin, ba cheart an cinneadh maidir le síniú na gcomhaontuithe agus na bprótacal sin a bheith bunaithe ar an mbunús dlí substainteach dá bhforáiltear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chun comhlachas a bhunú lena ngabhann cearta agus oibleagáidí cómhalartacha, comhghníomhaíocht agus nós imeachta speisialta.

(15)D’fhonn fairsinge a gcomhair a mhéadú, foráiltear leis an gComhaontú maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis go gcuirfidh na Páirtithe i bhfeidhm go sealadach é, i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha agus lena reachtaíocht inmheánach faoi seach, ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, más rud é go mbeidh dáta sínithe an Chomhaontaithe sin roimh an 1 Iúil 2026, nó ón 1 Eanáir den bhliain tar éis a shínithe, más tar éis an 30 Meitheamh 2026 a shíneofar an Comhaontú seo. Dá bhrí sin, ba cheart an comhaontú sin a chur i bhfeidhm go sealadach, go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

(16)Tá síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gcláir an Aontais, ina ábhar ag nósanna imeachta ar leithligh.

(17)Ba cheart a fhormheas go síneofar an Dearbhú Comhpháirteach idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hidirphlé ardleibhéil a bhunú i ndáil leis an bpacáiste déthaobhach leathan agus leis an bhforbairt bhreise a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gcaidreamh déthaobhach idir an tAontas Eorpach agus an Eilvéis thar ceann an Aontais Eorpaigh.

(18)Ba cheart na comhaontuithe agus na prótacail is ábhar don chinneadh seo a shíniú thar ceann an Aontais agus ba cheart na dearbhuithe comhpháirteacha a ghabhann leis na comhaontuithe agus na prótacail sin a fhormheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear na comhaontuithe agus na prótacail seo a leanas a shíniú, thar ceann an Aontais, faoi réir a dtabhairt i gcrích 28 :

(a)Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

(b)Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

(c)Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(d)Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(e)Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(f)Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar;

(g)Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar;

(h)Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar;

(i)Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(j)Prótacal institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(k)Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta;

(l)Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta lena mbunaítear Comhlimistéar Sábháilteachta Bia;

(m)Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le leictreachas;

(n)Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an tsláinte;

(o)Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú;

(p)Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis;

(q)Prótacal idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar parlaiminteach.

Airteagal 2

1.Formheastar leis seo síniú an Dearbhaithe Chomhpháirtigh idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hidirphlé ardleibhéil a bhunú i ndáil leis an bpacáiste déthaobhach leathan agus leis an bhforbairt bhreise a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gcaidreamh déthaobhach idir an tAontas Eorpach agus an Eilvéis 29 .

2.Formheastar leis seo na dearbhuithe comhpháirteacha seo a leanas a ghabhann leis na comhaontuithe agus na prótacail dá dtagraítear in Airteagal 1 den Chinneadh seo:

(a)na dearbhuithe comhpháirteacha seo a leanas a ghabhann leis an bprótacal leasaitheach dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a), den Chinneadh seo 30 :

Dearbhú Comhpháirteach maidir le saoránacht an Aontais;

Dearbhú Comhpháirteach maidir le mí-úsáid ceart a thugtar le Treoir 2004/38/CE a chosc agus gníomhú ina haghaidh;

Dearbhú Comhpháirteach maidir le cúnamh sóisialta a dhiúltú agus cónaí a fhoirceannadh sula bhfaightear buanchónaí;

Dearbhú Comhpháirteach maidir leis an bhfógra faoi dhul i mbun fostaíochta

Dearbhú Comhpháirteach maidir leis an gCoinbhinsiún um Cháilíochtaí a Aithint;

Dearbhú Comhpháirteach maidir le folúntais;

Dearbhú Comhpháirteach maidir le comhchuspóirí i ndáil leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar suas le 90 lá oibre agus cearta oibrithe ar postú a áirithiú

Dearbhú Comhpháirteach maidir le córais rialaithe éifeachtacha lena náirítear córas dé-fhorfheidhmiúcháin na hEilvéise;

Dearbhú Comhpháirteach maidir leis an bprionsabal ‘pá comhionainn as obair chomhionann san áit chéanna’ agus maidir le leibhéal comhréireach agus leordhóthanach cosanta d’oibrithe ar postú;

Dearbhú Comhpháirteach maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise i ngníomhaíochtaí an Údaráis Eorpaigh Saothair;

Dearbhú Comhpháirteach maidir leis an gcóras clárúcháin dearbhaitheach d’oibrithe teorann;

Dearbhú Comhpháirteach maidir le dhá ghníomh dlí de chuid an Aontais a áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú;

(b)an dearbhú comhpháirteach a ghabhann leis an bprótacal maidir le Státchabhair dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (e), den Chinneadh seo 31 ;

(c)an dearbhú comhpháirteach a ghabhann leis an bprótacal leasaitheach dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (f), den Chinneadh seo 32 ;

(d)an dearbhú comhpháirteach a ghabhann leis an bprótacal maidir le Státchabhair dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (h), den Chinneadh seo 33 ;

(e)an dearbhú comhpháirteach a ghabhann leis an gcomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (m), den Chinneadh seo 34 .

3.Tugann an Chomhairle dá haire na dearbhuithe seo a leanas ón Eilvéis:

(a)Dearbhú ón Eilvéis maidir le bearta atá le déanamh i leith daoine féinfhostaithe i gcomhthéacs an nós imeachta um fhógra a thabhairt maidir le tréimhsí gearrfhanachta a bhaineann leis an obair, a ghabhann leis an bprótacal leasaitheach dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a), den Chinneadh seo 35 ;

(b)Dearbhú ó Chónaidhm na hEilvéise maidir leis na heilimintí institiúideacha a áireamh de réir analaí sa Chomhaontú maidir leis an tSláinte a ghabhann leis an gcomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (n), den Chinneadh seo 36 .

Airteagal 3

Faoi réir na cómhalartachta, cuirfear an comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (p), den Chinneadh seo i bhfeidhm go sealadach i gcomhréir le hAirteagal 15(3) den chomhaontú sin. 37

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

RÁITEAS REACHTACH AIRGEADAIS AGUS DIGITEACH

‘IONCAM’- LE hAGHAIDH TOGRAÍ A BHFUIL TIONCHAR BUISÉADACH ACU AR THAOBH IONCAIM AN BHUISÉID 

CUID 1:

GNÍOMHAIREACHT AN AONTAIS EORPAIGH UM AN gCLÁR SPÁIS

1.AINM AN TOGRA:

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le siniú pacáiste leathain comhaontuithe chun an caidreamh déthaobhach le Cónaidhm na hEilvéise a chomhdhlúthú, a dhoimhniú agus a leathnú.

2.LÍNTE BUISÉID:

Tugtar mionsonraí le Cuid II ar thionchar airgeadais an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis’ anseo feasta). Tugtar mionsonraí le Cuid II ar thionchar airgeadais na gcomhaontuithe eile sa phacáiste leathan ina bhforáiltear maidir le ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise le gníomhaireachtaí agus córais faisnéise éagsúla.

Líne ioncaim (Caibidil/Airteagal/Ítim):

Airteagal 04 10 01 – Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (EUSPA) – ioncam sannta seachtrach

Sannfar an t‑ioncam do na línte caiteachais seo a leanas (Caibidil/Airteagal/Ítim):

Airteagal 04 10 01 – Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (EUSPA) – buiséad ar vótáladh ina fhabhar

3.TIONCHAR AIRGEADAIS 38

   Ní bheidh aon impleacht airgeadais ag an togra

   Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra seo ar chaiteachas ach beidh tionchar airgeadais aige ar ioncam

   Tá tionchar airgeadais ag an togra ar ioncam sannta



Is mar seo a leanas a bheidh an éifeacht:

(EUR milliúin go dtí an tríú deachúil)

Líne ioncaim

Tionchar ar ioncam

Tréimhse XX mí dar tús ll/mm/bbbb (más infheidhme)

Bliain N (2026)

04 10 01

4 098 115

24 mhí dar tús 01/1/2026

4 098 115

Líne ioncaim

2026

2027

04 10 01

4 098 115

4 185 977

Líne chaiteachais

2026

2027

04 10 01

4 098 115

4 185 977

4.BEARTA FRITHCHALAOISE

Le hAirteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) ceanglaítear ar an gCoimisiún calaois agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac. Dá bhrí sin, is oibleagáid ghinearálta ar Sheirbhísí uile an Choimisiúin, faoi chuimsiú a bhfreagrachtaí laethúla a bhaineann le húsáid acmhainní, an chalaois a chosc agus a bhrath.

Tá tionchar diúltach ar leith ag aon chalaois nó neamhréireacht a bhaineann le cistí an Aontais ar chlú an Choimisiúin agus ar chur chun feidhme bheartais an Aontais. Glacadh Straitéis Frithchalaoise an Choimisiúin (CAFS) atá ann faoi láthair (COM(2019)196) an 29 Aibreán 2019, chun Straitéis 2011 a ionadú. Is doiciméad beartais é lena leagtar amach tosaíochtaí an Choimisiúin sa chomhrac in aghaidh na calaoise i bhfianaise an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027. Is iad príomhchuspóirí Straitéis Frithchalaoise an Choimisiúin 2019 1) ‘tuilleadh feabhais a chur ar an tuiscint ar phatrúin chalaoise, ar phróifílí calaoiseoirí agus ar leochaileachtaí sistéamacha a bhaineann le calaois a dhéanann difear do bhuiséad an Aontais’ (bailiú agus anailísiú sonraí), agus 2) ‘barrfheabhas a chur ar an gcomhordú, ar an gcomhar agus ar na sreafaí oibre le haghaidh an chomhraic in aghaidh na calaoise, go háirithe i measc sheirbhísí agus ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin an Choimisiúin’ (comhordú, comhar agus próisis). Ag gabháil leis an straitéis tá Plean Gníomhaíochta a athbhreithníodh i mí Iúil 2023 agus a fhéachann, cosúil lena réamhtheachtaí, le gach cuid den timthriall frithchalaoise a neartú: cosc, brath, imscrúdú agus ceartú.

Is iad seo a leanas treoirphrionsabail agus sprioc-chaighdeáin Straitéis Frithchalaoise an Choimisiúin 2019:

neamhfhulaingt ar an gcalaois;

comhrac in aghaidh na calaoise mar chuid dhílis de rialú inmheánach;

cost-éifeachtúlacht na rialuithe;

ionracas agus inniúlacht ghairmiúil fhoireann an Aontais;

trédhearcacht maidir leis an mbealach a núsáidtear cistí ón Aontas;

cosc calaoise, go háirithe seiceálacha a dhéanamh ar chláir chaiteachais ó thaobh cosanta calaoise de;

acmhainneacht maidir le himscrúdú éifeachtach agus malartú tráthúil faisnéise;

ceartú pras (lena náirítear cistí a ndearnadh calaois orthu agus smachtbhannaí breithiúnacha nó riaracháin a aisghabháil);

dea-chomhar idir gníomhaithe inmheánacha agus seachtracha, go háirithe idir an tAontas Eorpach agus údaráis náisiúnta atá freagrach, agus i measc ranna institiúidí agus chomhlachtaí uile an Aontais lena mbaineann;

cumarsáid inmheánach agus sheachtrach atá éifeachtach maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise.

In Airteagal 11 den Chomhaontú maidir leis an nGníomhaireacht um an gClár Spáis agus in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gcomhaontú maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise in EUSPA, tá forálacha mionsonraithe maidir leis an airgeadas a mhéid a bhaineann le rannpháirtithe na hEilvéise i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta um an gClár Spáis, lena n‑áirítear bearta frithchalaoise freisin. Déantar foráil in Iarscríbhinn III maidir leis na mionsonraí agus na próisis is gá agus ceadaítear do na comhlachtaí cúraimí a fhorghníomhú gan locht chun leasanna airgeadais an Aontais (an Coimisiún Eorpach nó daoine eile ar thug an Coimisiún Eorpach sainordú dóibh, lena n‑áirítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa) a chosaint. Tá leasanna airgeadais an Aontais le cosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n‑áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n‑áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur.

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d’aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas oibriú i gcomhar go hiomlán maidir le leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtí a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha. Mar a fhoráiltear go sainráite in Airteagal 11(4) den Chomhaontú maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis, féadfar na hathbhreithnithe agus na hiniúchtaí a dhéanamh freisin tar éis chur i bhfeidhm an Phrótacail a chur ar fionraí, tar éis scor an chur i bhfeidhm nó tar éis fhoirceannadh an Chomhaontaithe.

Áirithíonn an Comhaontú maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis go bhféadfadh OLAF imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, ar chríoch Chónaidhm na hEilvéise ar eintiteas de chuid na hEilvéise atá ina pháirtí i gcomhaontú cistiúcháin ábhartha nó d’eintiteas de chuid na hEilvéise tríú páirtí a chuireann an comhaontú cistiúcháin chun feidhme faoi chonradh, i gcomhréir leis an gcomhaontú cistiúcháin ábhartha agus leis an gconradh eile is infheidhme, agus a mhéid a fhoráiltear maidir leis sin ann. Agus a ndualgais á bhfeidhmiú acu i gcríoch Chónaidhm na hEilvéise, gníomhóidh an Coimisiún Eorpach agus OLAF ar bhealach atá comhsheasmhach le dlí na hEilvéise.

Féadfaidh oifigigh de chuid an Aontais, go háirithe oifigigh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, nó daoine eile arna sainordú ag an gCoimisiún Eorpach, athbhreithnithe agus iniúchtaí a dhéanamh. Agus a ndualgais á bhfeidhmiú acu i gcríoch Chónaidhm na hEilvéise, gníomhóidh an Coimisiún Eorpach nó daoine eile arna sainordú ag an gCoimisiún Eorpach ar bhealach a bheidh i gcomhréir le dlí na hEilvéise.

I gcomhréir leis na hionstraimí comhair idirnáisiúnta is infheidhme, oibreoidh údaráis na hEilvéise i gcomhar le húdaráis an Aontais nó na mBallstát atá inniúil i gcionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh, lena n‑áirítear déantóirí agus comhchoirithe líomhnaithe na gcionta coiriúla sin a thabhairt chun breithiúnais. Maidir le hiarrataí arna dtíolacadh de bhun na n‑ionstraimí comhair idirnáisiúnta is infheidhme, féadfar a áireamh iontu, de réir mar is infheidhme, iarrataí arna ndéanamh i ndáil le himscrúduithe nó ionchúisimh OIPE. Tugtar leis sin deis dul i gcomhar le OIPE mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil.

Thairis sin, déantar foráil sa Chomhaontú maidir leis an nGníomhaireacht um an gClár Spáis i dtaca le sásra éifeachtach chun forfheidhmiú chinntí an Choimisiúin ar chríoch Chónaidhm na hEilvéise a áirithiú.

5.BARÚLACHA EILE

Is i bhfoirm suim ranníocaíochta oibríochtúla ar thaobh amháin, agus táille rannpháirtíochta ar an taobh eile, a bheidh ranníocaíocht airgeadais bhliantúil na hEilvéise i leith EUSPA a mhaoiniú, mar a shainmhínítear in Airteagal 4 den Chomhaontú maidir leis an nGníomhaireacht um an gClár Spáis agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gcomhaontú sin.

Beidh an ranníocaíocht oibríochtúil bunaithe ar threoir ranníoca arna sainiú mar an cóimheas idir Olltáirgeacht Intíre (OTI) na hEilvéise ag praghsanna an mhargaidh agus OTI an Aontais ag praghsanna an mhargaidh. Is iad na OTInna a bheidh le cur i bhfeidhm na cinn is déanaí ón 1 Eanáir den bhliain ina ndéanfar an íocaíocht bhliantúil mar a sholáthróidh Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh (EUROSTAT), agus aird chuí á tabhairt ar an gComhaontú maidir le comhar i réimse an staidrimh 39 . Má scoireann an comhaontú sin d’fheidhm a bheith aige, is é an figiúr a ghlacfar mar OTI na hEilvéise an figiúr a bhunófar ar bhonn na faisnéise arna cur ar fáil ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE).

Déanfar an ranníocaíocht oibríochtúil a ríomh tríd an treoir ranníoca a chur i bhfeidhm maidir le buiséad bliantúil an Aontais ar vótáladh ina fhabhar arna inscríobh ar líne/línte fóirdheontais buiséid ábhartha an Aontais den bhliain atá i gceist. Beidh na méideanna tagartha uile bunaithe ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas.

Céatadán den táille oibríochtúil bhliantúil a bheidh sa táille rannpháirtíochta bhliantúil. Beidh na luachanna seo a leanas ag an táille rannpháirtíochta bhliantúil:

   in 2026: 2 %

   in 2027: 3 %

   in 2028 agus sna blianta ina dhiaidh sin: 4 %.

Is in euro a dhéanfar ranníocaíochtaí airgeadais uile na hEilvéise nó na híocaíochtaí uile ón Aontas agus is in euro a ríomhfar na méideanna a bheidh dlite nó le fáil.

Eiseoidh an Coimisiún Eorpach glaonna ar chistí chuig an Eilvéis a chomhfhreagraíonn do ranníocaíocht na hEilvéise. Íocfaidh an Eilvéis an méid a shonrófar sa ghlao ar chistí 45 lá ar a dhéanaí tar éis an glao ar chistí a fháil.

Is é an toradh a bheidh ar aon mhoill ar íocaíocht na ranníocaíochta go n‑íocfaidh an Eilvéis ús mainneachtana ar an méid atá gan íoc ón dáta dlite. Is é an ráta úis ar mhéideanna is infhaighte nach n‑íoctar ar an dáta dlite an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, a bheidh i bhfeidhm ar an gcéad lá féilire den mhí ina mbeidh an dáta dlite, nó 0 %, cibé acu is airde, móide 3.5 pointe céatadáin.



CUID II

GNÍOMHAIREACHTAÍ AGUS CÓRAIS FAISNÉISE EILE

1.AINM AN TOGRA:

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le siniú pacáiste leathain comhaontuithe chun an caidreamh déthaobhach le Cónaidhm na hEilvéise a chomhdhlúthú, a dhoimhniú agus a leathnú.

2.LÍNTE BUISÉID:

Tugtar mionsonraí le Cuid II ar thionchar airgeadais na gcomhaontuithe eile sa phacáiste leathan ina bhforáiltear maidir le ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise le gníomhaireachtaí agus córais faisnéise éagsúla, cé is moite den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis. Tugtar mionsonraí le Cuid I ar thionchar airgeadais an chomhaontaithe sin.

Faoi na comhaontuithe i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis páirteach, tiocfaidh an Comhaontú maidir leis an tsláinte agus an Comhaontú maidir leis an nGníomhaireacht um an gClár Spáis i bhfeidhm, déanfaidh an Eilvéis ranníocaíocht airgeadais le buiséad an Aontais chun na gníomhaireachtaí agus na comhlachtaí, na córais faisnéise agus gníomhaíochtaí eile a bhfuil rochtain aici orthu faoi na comhaontuithe sin a bhainistiú agus a oibriú. Rinneadh sraith módúlachtaí airgeadais caighdeánacha a chaibidliú agus a chomhtháthú sna comhaontuithe sonracha. Ní bhaineann siad sin leis na comhaontuithe maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis ná i gcláir an Aontais faoi seach.

Tá tuairisc mhionsonraithe ar na módúlachtaí airgeadais i roinn 5 den doiciméad seo.

Is iad seo a leanas na córais faisnéise a mbeidh rochtain ag an Eilvéis orthu agus a mbeidh uirthi ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh ina leith i gcomhréir leis na módúlachtaí airgeadais a comhaontaíodh:

an líonra Eorpach Seirbhísí Fostaíochta (EURES) arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/589;

an Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI) arna bhunú le Rialachán (CE) 883/2004 agus Rialachán (CE) 987/2009; 

modúil Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) arna bhunú le Rialachán (AE) 1024/20127 a bhaineann le hoibrithe a phostú, seirbhísí, cáilíochtaí gairmiúla, an Cárta Eorpach Gairmiúil, Gairmeacha Rialáilte agus an Tairseach Aonair Dhigiteach;

córas faisnéise EudraGMDP maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena núsáid ag an duine, arna bhunú le Treoir 2004/27/CE;

Tairseach Europhyt, arna bunú le Treoir 94/3/CE ón gCoimisiún an 21 Eanáir 1994;

an Córas Mear-rabhaidh um Bia don Duine agus d’Ainmhithe (RASFF), arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

an tardán le haghaidh deimhniú sláintíochta agus fíteashláintíochta (TRACES), arna bhunú le Rialachán (AE) 2017/625;

an Córas Faisnéise um Ghalar Ainmhithe (ADIS), arna bhunú le Rialachán (AE) 2020/2002;

Bunachar Sonraí an Aontais, arna bhunú le Treoir (AE) 2018/2001, maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn.

Is iad seo a leanas na gníomhaireachtaí a mbeidh rochtain ag an Eilvéis orthu agus a mbeidh uirthi ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh leo i gcomhréir leis na módúlachtaí airgeadais a comhaontaíodh:

an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC), arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 851/2004;

an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA), arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER), arna bunú le Rialachán (AE) 2019/942;

I gcás ina bhfuil foinsí malartacha cistiúcháin ann faoi láthair, coinneofar na foinsí sin ar bun. Má thagann athrú ar an staid sin le linn shaolré na gcomhaontuithe, ba cheart feidhm a bheith ag na módúlachtaí airgeadais caighdeánacha. Tá na córais faisnéise agus na gníomhaireachtaí seo a leanas i gceist:

Tachonet, arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/68 ón gCoimisiún;

an Córas Luathrabhaidh agus Freagartha (EWRS), arna bhunú le Rialachán (AE) 2022/2371;

Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA), arna bunú le Rialachán (AE) 2018/1139;

an Córas Faisnéise Frithpháirteach maidir le Cosaint Shóisialta (MISSOC).

Chun a chur san áireamh nach mbeidh rochtain ag an Eilvéis ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) nach dtagann faoi raon feidhme an chomhaontaithe maidir le leictreachas, déanfar a ranníocaíocht oibríochtúil bhliantúil le ACER a ríomh ar bhonn méid tagartha bliantúil a chomhfhreagraíonn do 85 % de mhéid bhuiséad bliantúil an Aontais ar vótáladh ina fhabhar arna inscríobh i líne/línte fóirdheontais buiséid ábhartha an Aontais.

Faoin CAI atá ann faoi láthair (2021-2027) ní éileofar aon ranníocaíocht ón Eilvéis chun EWRS a mhaoiniú i gcomhréir leis na módúlachtaí airgeadais thuasluaite. Ina ionad sin, cumhdófar a ranníocaíocht lena ranníocaíochtaí i leith ECDC agus clár EU4Health a mhaoiniú toisc gurb iad sin an dá fhoinse chistiúcháin atá ag EWRS faoin CAI atá ann faoi láthair.

Ní féidir tionchar beacht ranníocaíochtaí na hEilvéise ar an mbuiséad a chinneadh tráth dréachtaithe an chomhaid seo toisc nach dtosóidh an Eilvéis ag ranníoc go dtí go mbeidh na comhaontuithe lena mbaineann tagtha i bhfeidhm agus braitheann a dteacht i bhfeidhm ar oibleagáidí bunreachtúla áirithe a bheith comhlíonta ag an Eilvéis. D’fhéadfadh sé go dtógfadh an próiseas sin roinnt blianta, rud a d’fhéadfadh a fhágáil nach dtiocfaidh na comhaontuithe i bhfeidhm le linn an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil atá ann faoi láthair.

Ós rud é go nginfidh na socruithe maoiniúcháin a comhaontaíodh sruth ioncaim athfhillteach do bhuiséad an Aontais agus go soláthrófar leis na forálacha caighdeánacha an tsamhail le haghaidh ranníocaíochtaí na hEilvéise i leith bainistíocht agus oibriú aon ghníomhaireachta nó córais faisnéise bhreise a bhfaighidh an Eilvéis rochtain orthu amach anseo, is ábhartha mar sin féin a léiriú conas a d’fhéadfadh na módúlachtaí airgeadais tionchar a imirt ar an mbuiséad. Leis na méideanna a luaitear, cuirtear i bhfeidhm na módúlachtaí airgeadais maidir le buiséad 2024, a bhí ina thagairt le linn na caibidlíochta maidir leis na socruithe maoiniúcháin agus na módúlachtaí íocaíochta.

·Córais faisnéise

Líonra Eorpach na seirbhísí fostaíochta (EURES)

Líne ioncaim (Caibidil/Airteagal/Ítim):

R6 1 2 0 – Ciste Sóisialta na hEorpa Plus – Ioncam sannta

Sannfar an t‑ioncam do na línte caiteachais seo a leanas (Caibidil/Airteagal/Ítim):

Airteagal 07 02 04 – CSE + – Snáithe Fostaíochta agus Nuálaíochta Sóisialta (EaSI), agus

Airteagal 07 10 09 – An tÚdarás Eorpach Saothair (ELA): caiteachas a bhaineann le hardán EURES

Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI)

Líne ioncaim (Caibidil/Airteagal/Ítim):

6 1 2 0 – Ciste Sóisialta na hEorpa Plus – Ioncam sannta

R 6 6 3 0 — Treoirthionscadail, gníomhaíochtaí ullmhúcháin, sainphribhléidí agus gníomhaíochtaí eile

Sannfar an t‑ioncam do na línte caiteachais seo a leanas (Caibidil/Airteagal/Ítim):

Airteagal 07 02 04 – CSE+ — sraith maidir le Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta;

Ítim 07 20 03 01 – Saorghluaiseacht oibrithe, comhordú scéimeanna slándála sóisialta agus bearta d’imircigh, lena náirítear imircigh ó thríú tíortha

Faisnéis faoin Margadh Inmheánach (IMI)

Líne ioncaim (Caibidil/Airteagal/Ítim):

6 00 03 00 – Clár an Mhargaidh Aonair – Ioncam sannta 

Sannfar an t‑ioncam don líne chaiteachais seo a leanas (Caibidil/Airteagal/Ítim):

Ítim 03 01 01 01 – Caiteachas tacaíochta le haghaidh Chlár an Mhargaidh Aonair (03 01 01 01 02) 

EudraGMDP

Líne ioncaim (Caibidil/Airteagal/Ítim):

6 6 2

Sannfar an t‑ioncam don líne chaiteachais seo a leanas (Caibidil/Airteagal/Ítim):

6 10 03 01 – Ranníocaíocht an Aontais leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach

Europhyt, iRASFF, TRACES, ADIS

Líne ioncaim (Caibidil/Airteagal/Ítim):

60 30

Sannfar an t‑ioncam don líne chaiteachais seo a leanas (Caibidil/Airteagal/Ítim):

Airteagal 03 02 06 – Rannchuidiú le hardleibhéal sláinte agus leasa do dhaoine, ainmhithe agus plandaí

Bunachar Sonraí an Aontais, a bhunaítear le Treoir (AE) 2018/2001

Líne ioncaim (Caibidil/Airteagal/Ítim):

6 06 08 – ranníocaíochtaí agus aisíocaíochtaí eile – Ioncam sannta 

Sannfar an t‑ioncam do na línte caiteachais seo a leanas (Caibidil/Airteagal/Ítim):

02 20 04 02 – Gníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh beartas Eorpach fuinnimh agus le haghaidh an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh

·Gníomhaireachtaí

Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA)

Líne ioncaim (Caibidil/Airteagal/Ítim):

6 6 2

Sannfar an t‑ioncam don líne chaiteachais seo a leanas (Caibidil/Airteagal/Ítim):

Airteagal 06 10 01 – An Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú

Airteagal 06 10 02 – An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia 

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER)

Líne ioncaim (Caibidil/Airteagal/Ítim):

6 06 08 – Gníomhaireachtaí díláraithe – Ioncam sannta 

Sannfar an t‑ioncam don líne chaiteachais seo a leanas (Caibidil/Airteagal/Ítim):

Airteagal 02 10 06 – Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER)

3.TIONCHAR AIRGEADAIS 

   Ní bheidh aon impleacht airgeadais ag an togra

   Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra seo ar chaiteachas ach beidh tionchar airgeadais aige ar ioncam

   Tá tionchar airgeadais ag an togra ar ioncam sannta



Is mar seo a leanas a bheidh an éifeacht:

·Córais faisnéise

Líonra Eorpach na seirbhísí fostaíochta (EURES)

Líne ioncaim

Tionchar ar ioncam bliantúil

(meastachán 2024)

R 6 1 2 0

999 897

Staid tar éis na gníomhaíochta

Líne ioncaim

Ioncam bliantúil measta

R 6 1 2 0

999 897

Líne chaiteachais

Caiteachas bliantúil measta

07 02 04

07 10 09

999 897

Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI)

Línte ioncaim

Tionchar ar ioncam bliantúil

(meastachán 2024)

R 6 1 2 0

R 6 6 3 0

227 136

Staid tar éis na gníomhaíochta

Líne ioncaim

Ioncam bliantúil measta

R6 1 2 0

R 6 6 3 0

227 136

Líne chaiteachais

Caiteachas bliantúil measta

07 02 04

07 20 03 01

227 136

Faisnéis faoin Margadh Inmheánach (IMI) 

Líne ioncaim

Tionchar ar ioncam bliantúil

(meastachán 2024)

6 00 03 00

96 346

Staid tar éis na gníomhaíochta

Líne ioncaim

Ioncam bliantúil measta

6 00 03 00

96 346

Líne chaiteachais

Caiteachas bliantúil measta

Ítim 03 01 01 01 (03 01 01 01 02)

96 346

EudraGMDP

Líne ioncaim

Tionchar ar ioncam bliantúil 

(meastachán 2024) 

6 6 2

6 525

Staid tar éis na gníomhaíochta

Líne ioncaim

Ioncam bliantúil measta

6 6 2

6 525

Líne chaiteachais

Caiteachas bliantúil measta

6 10 03 01

6 525

Europhyt, iRASFF, TRACES, ADIS

Líne ioncaim

Tionchar ar ioncam bliantúil

(meastachán 2024)

6 0 3 0

727 804

Staid tar éis na gníomhaíochta 

Líne ioncaim

Ioncam bliantúil measta

6 0 3 0

727 804

Líne chaiteachais

Caiteachas bliantúil measta

Airteagal 03 02 06

727 804

Bunachar Sonraí an Aontais, a bhunaítear le Treoir (AE) 2018/2001

Líne ioncaim

Tionchar ar ioncam bliantúil

(meastachán 2024)

6 06 08

875 000

Staid tar éis na gníomhaíochta

Líne ioncaim

Ioncam bliantúil measta

6 06 08

875 000

Líne chaiteachais

Caiteachas bliantúil measta

02 20 04 02

875 000

·Gníomhaireachtaí

an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC)

Líne ioncaim

Tionchar ar ioncam bliantúil

(meastachán 2024)

6 6 2

3 670 862



Staid tar éis na gníomhaíochta

Líne ioncaim

Ioncam bliantúil measta

6 6 2

3 670 862

Líne chaiteachais

Caiteachas bliantúil measta

Airteagal 06 10 01;

3 670 862

An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA)

Líne ioncaim

Tionchar ar ioncam bliantúil

(meastachán 2024)

6 6 2

7 755 340

Staid tar éis na gníomhaíochta

Líne ioncaim

Ioncam bliantúil measta

6 6 2

7 755 340

Líne chaiteachais

Caiteachas bliantúil measta

Airteagal 06 10 02

7 755 340

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) 40

Líne ioncaim

Tionchar ar ioncam bliantúil

(meastachán 2024)

06 06 08

981 805



Staid tar éis na gníomhaíochta

Líne ioncaim

Ioncam bliantúil measta

6 06 08

981 805

Líne chaiteachais

Caiteachas bliantúil measta

02 10 06

981 805

4.BEARTA FRITHCHALAOISE

Le hAirteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) ceanglaítear ar an gCoimisiún calaois agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac. Dá bhrí sin, is oibleagáid ghinearálta ar Sheirbhísí uile an Choimisiúin, faoi chuimsiú a bhfreagrachtaí laethúla a bhaineann le húsáid acmhainní, an chalaois a chosc agus a bhrath.

Tá tionchar diúltach ar leith ag aon chalaois nó neamhréireacht a bhaineann le cistí an Aontais ar chlú an Choimisiúin agus ar chur chun feidhme bheartais an Aontais. Glacadh Straitéis Frithchalaoise an Choimisiúin (CAFS) atá ann faoi láthair (COM(2019)196) an 29 Aibreán 2019, chun Straitéis 2011 a ionadú. Is doiciméad beartais é lena leagtar amach tosaíochtaí an Choimisiúin sa chomhrac in aghaidh na calaoise i bhfianaise an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027. Is iad príomhchuspóirí Straitéis Frithchalaoise an Choimisiúin 2019 1) ‘tuilleadh feabhais a chur ar an tuiscint ar phatrúin chalaoise, ar phróifílí calaoiseoirí agus ar leochaileachtaí sistéamacha a bhaineann le calaois a dhéanann difear do bhuiséad an Aontais’ (bailiú agus anailísiú sonraí), agus 2) ‘barrfheabhas a chur ar an gcomhordú, ar an gcomhar agus ar na sreafaí oibre le haghaidh an chomhraic in aghaidh na calaoise, go háirithe i measc sheirbhísí agus ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin an Choimisiúin’ (comhordú, comhar agus próisis). Ag gabháil leis an straitéis tá Plean Gníomhaíochta a athbhreithníodh i mí Iúil 2023 agus a fhéachann, cosúil lena réamhtheachtaí, le gach cuid den timthriall frithchalaoise a neartú: cosc, brath, imscrúdú agus ceartú.

Is iad seo a leanas treoirphrionsabail agus sprioc-chaighdeáin Straitéis Frithchalaoise an Choimisiúin 2019:

neamhfhulaingt ar an gcalaois;

comhrac in aghaidh na calaoise mar chuid dhílis de rialú inmheánach;

cost-éifeachtúlacht na rialuithe;

ionracas agus inniúlacht ghairmiúil fhoireann an Aontais;

trédhearcacht maidir leis an mbealach a núsáidtear cistí ón Aontas;

cosc calaoise, go háirithe seiceálacha a dhéanamh ar chláir chaiteachais ó thaobh cosanta calaoise de;

acmhainneacht maidir le himscrúdú éifeachtach agus malartú tráthúil faisnéise;

ceartú pras (lena náirítear cistí a ndearnadh calaois orthu agus smachtbhannaí breithiúnacha nó riaracháin a aisghabháil);

dea-chomhar idir gníomhaithe inmheánacha agus seachtracha, go háirithe idir an tAontas Eorpach agus údaráis náisiúnta atá freagrach, agus i measc ranna institiúidí agus chomhlachtaí uile an Aontais lena mbaineann;

cumarsáid inmheánach agus sheachtrach atá éifeachtach maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise.

5.BARÚLACHA EILE

Is i bhfoirm suim ranníocaíochta oibríochtúla ar thaobh amháin, agus táille rannpháirtíochta ar an taobh eile, a bheidh ranníocaíocht airgeadais bhliantúil na hEilvéise i leith córais agus gníomhaireachtaí faisnéise a mhaoiniú.

Beidh an ranníocaíocht oibríochtúil bunaithe ar threoir ranníoca arna sainiú mar an cóimheas idir Olltáirgeacht Intíre (OTI) na hEilvéise ag praghsanna an mhargaidh agus OTI an Aontais ag praghsanna an mhargaidh. Is iad na OTInna a bheidh le cur i bhfeidhm na cinn is déanaí ón 1 Eanáir den bhliain ina ndéanfar an íocaíocht bhliantúil mar a sholáthróidh Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh (EUROSTAT), agus aird chuí á tabhairt ar an gComhaontú maidir le comhar i réimse an staidrimh 41 . Má scoireann an comhaontú sin d’fheidhm a bheith aige, is é an figiúr a ghlacfar mar OTI na hEilvéise an figiúr a bhunófar ar bhonn na faisnéise arna cur ar fáil ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE).

Déanfar an ranníocaíocht oibríochtúil le haghaidh gníomhaireachtaí a ríomh tríd an treoir ranníoca a chur i bhfeidhm maidir le buiséad bliantúil an Aontais ar vótáladh ina fhabhar arna inscríobh ar líne/línte fóirdheontais buiséid ábhartha an Aontais den bhliain atá i gceist. Déanfar an ranníocaíocht oibríochtúil le haghaidh na gcóras faisnéise agus na ngníomhaíochtaí eile a ríomh tríd an treoir ranníoca a chur i bhfeidhm ar bhuiséad ábhartha na bliana i gceist mar a leagtar amach i ndoiciméid lena gcuirtear an buiséad chun feidhme (amhail cláir oibre nó conarthaí). Beidh na méideanna tagartha uile bunaithe ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas.

Is 4 % den ranníocaíocht oibríochtúil bhliantúil a bheidh sa táille rannpháirtíochta bhliantúil.

Is in euro a dhéanfar ranníocaíochtaí airgeadais uile na hEilvéise nó na híocaíochtaí uile ón Aontas agus is in euro a ríomhfar na méideanna a bheidh dlite nó le fáil.

Cuirfidh an Coimisiún Eorpach an fhaisnéis seo a leanas maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise in iúl don Eilvéis an 16 Aibreán den bhliain airgeadais ar a dhéanaí:

na méideanna i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas de bhuiséad bliantúil an Aontais arna ninscríobh ar líne nó línte buiséid ábhartha an Aontais maidir le fóirdheontais an Aontais don bhliain atá i gceist i leith gach gníomhaireachta agus na méideanna i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i ndáil le buiséad an Aontais ar vótáladh ina fhabhar don bhliain atá i gceist le haghaidh bhuiséad ábhartha na gcóras faisnéise;

méid na táille rannpháirtíochta;

a mhéid a bhaineann le gníomhaireachtaí, i mbliain N+1 na méideanna i ngealltanais bhuiséadacha arna ndéanamh maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a údaraíodh i mbliain N ar líne/línte fóirdheontais buiséid ábhartha an Aontais i ndáil le buiséad bliantúil an Aontais arna ninscríobh ar línte buiséid ábhartha an Aontais do bhliain N.

Ar bhonn a dhréachtbhuiséid, soláthróidh an Coimisiún meastachán ar an bhfaisnéis thuasluaite a luaithe is féidir, agus, ar a dhéanaí, faoin 1 Meán Fómhair den bhliain airgeadais.

Eiseoidh an Coimisiún Eorpach glaonna ar chistí chuig an Eilvéis a chomhfhreagraíonn do ranníocaíocht na hEilvéise i leith gach ceann de na gníomhaireachtaí, na córais faisnéise agus na gníomhaíochtaí eile ina bhfuil an Eilvéis páirteach. Íocfaidh an Eilvéis an méid a shonrófar sa ghlao ar chistí 60 lá ar a dhéanaí tar éis eisiúint an ghlao ar chistí.

I ngach glao ar chistí, féadfaidh an Eilvéis íocaíochtaí ar leithligh a dhéanamh i leith gach gníomhaireachta, córais faisnéise nó gníomhaíochta eile. 

Is é an toradh a bheidh ar aon mhoill ar íocaíocht na ranníocaíochta go n‑íocfaidh an Eilvéis ús mainneachtana ar an méid atá gan íoc ón dáta dlite.

Is é an ráta úis ar mhéideanna is infhaighte nach n‑íoctar ar an dáta dlite an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, a bheidh i bhfeidhm ar an gcéad lá féilire den mhí ina mbeidh an dáta dlite, nó 0 %, cibé acu is airde, móide 3,5 pointe céatadáin.

(1)    Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar, Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar, Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine, Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta, Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta, ar síníodh iad uile an 21 Meitheamh 1999 (IO L 114, 30.4.2002, lch. 1).
(2)    COM(2023) 798 final, 20.12.2023.
(3)    Cinneadh (AE, Euratrom) 2024/995 ón gComhairle an 12 Márta 2024 lena n‑údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le Cónaidhm na hEilvéise i ndáil le forálacha institiúideacha i gcomhaontuithe idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise a bhaineann leis an margadh inmheánach, i ndáil le comhaontú maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gcláir an Aontais agus i ndáil le comhaontú atá mar bhonn le rannchuidiú buan na hEilvéise le comhtháthú an Aontais (IO L, 2024/995, 26.3.2024).
(4)    COM(2025) 159 final agus SWD(2025) 160 final, 9.4.2025
(5)

   COM(2025) 159 final agus COM(2025) 160 final, 9.4.2025.

(6)    Is iad na OTInna faoi seach atá le cur i bhfeidhm iad siúd is déanaí atá ar fáil an 1 Eanáir den bhliain ina ndéantar an íocaíocht bhliantúil, arna soláthar ag Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh (EUROSTAT), agus aird chuí á tabhairt ar an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar i réimse an staidrimh (IO L 90, 28.3.2006, lch. 2).
(7)    Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 107, 22.4.2016, lch. 1).
(8)    Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta, (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1) agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO L 284, 30.10.2009, lch. 1).
(9)    Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1).
(10)    Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an Dé Céadaoin 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).
(11)    Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004, (IO L 138, 26.5.2016, lch. 1).
(12)    Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/68 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2016 maidir le nósanna imeachta comhchoiteanna agus na sonraíochtaí is gá chun cláir leictreonacha agus cártaí tiomána a nascadh le chéile (IO L 15, 22.1.2016, lch. 51), arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1503 ón gCoimisiún an 25 Lúnasa 2017 (IO L 221, 26.8.2017, lch. 10).
(13)    Treoir 2007/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena leagtar síos rialacha maidir le cainníochtaí ainmniúla táirgí réamhphacáilte, lena n‑aisghairtear Treoir 75/106/CEE ón gComhairle agus Treoir 80/232/CEE ón gComhairle, agus lena leasaítear Treoir 76/211/CEE ón gComhairle (IO L 247, 21.9.2007, lch. 17).
(14)    Treoir 2004/27/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leasaítear Treoir 2001/83/CE maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena núsáid ag an duine (IO L 136, 30.4.2004, lch. 34).
(15)    Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 158, 14.6.2019, lch. 22).
(16)    Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le cur chun cinn úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(17)    Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).
(18)    Treoir 94/3/CE ón gCoimisiún an 21 Eanáir 1994 lena mbunaítear nós imeachta chun fógra a thabhairt maidir le hidircheapadh coinsíneachta nó orgánaigh dhíobhálaigh ó thríú tíortha a bhfuil garchontúirt fíteashláintíochta ag baint leis (IO L 32, 5.2.1994, lch. 37).
(19)    Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).
(20)    Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1)
(21)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi ghalair liostaithe, maidir le formáidí agus nósanna imeachta chun cláir faireachais an Aontais agus cláir dhíothaithe a chur isteach agus a thuairisciú agus maidir le hiarratas ar stádas saor ó ghalar a aithint, agus maidir leis an gcóras faisnéise ríomhairithe (IO L 412, 8.12.2020, lch. 1).
(22)    Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreáin 2004 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (IO L 142, 30.4.2004).
(23)    Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (IO L 314, 6.12.2022, lch. 26).
(24)    Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena naisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69).
(25)    Comhaontú Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir leis na Cláir Eorpacha um Loingseoireacht Satailíte (IO L 15, 20.01.2014, lch. 3).
(26)    Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar, Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar, Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine, Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta, Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta, ar síníodh iad uile an 21 Meitheamh 1999 (IO L 114, 30.4.2002, lch. 1).
(27)    Cinneadh (AE, Euratrom) 2024/995 ón gComhairle an 12 Márta 2024 lena n‑údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le Cónaidhm na hEilvéise i ndáil le forálacha institiúideacha i gcomhaontuithe idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise a bhaineann leis an margadh inmheánach, i ndáil le comhaontú maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gcláir an Aontais agus i ndáil le comhaontú atá mar bhonn le rannchuidiú buan na hEilvéise le comhtháthú an Aontais (IO L, 2024/995, 26.3.2024).
(28)    Foilseofar téacsanna na gcomhaontuithe agus na bprótacal in éineacht leis an gcinneadh maidir lena dtabhairt i gcrích.
(29)    Foilsíodh an Dearbhú in IO L, [XXX].
(30)    Foilsíodh na Dearbhuithe in IO L, [XXX].
(31)    Foilsíodh an Dearbhú in IO L, [XXX].
(32)    Foilsíodh an Dearbhú in IO L, [XXX].
(33)    Foilsíodh an Dearbhú in IO L, [XXX].
(34)    Foilsíodh an Dearbhú in IO L, [XXX].
(35)    Foilsíodh an Dearbhú in IO L, [XXX].
(36)    Foilsíodh an Dearbhú in IO L, [XXX].
(37)    Foilseofar an dáta óna gcuirfear an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
(38)    Is figiúirí táscacha iad na figiúirí uile le haghaidh na mblianta 2026 agus 2027 a luaitear sa roinn seo, agus comhfhreagraíonn siad do na meastacháin is déanaí atá ar fáil.
(39)    Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar i réimse an staidrimh (IO L 90, 28.3.2006, lch. 2)
(40)    Bunaithe ar mhéid tagartha bliantúil arb ionann é agus 85 % de mhéid bhuiséad bliantúil an Aontais ar vótáladh ina fhabhar arna inscríobh i líne/línte fóirdheontais buiséid ábhartha an Aontais.
(41)    Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar i réimse an staidrimh (IO L 90, 28.3.2006, lch. 2)

An Bhruiséil,13.6.2025

COM(2025) 308 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, pacáiste leathain comhaontuithe chun an caidreamh déthaobhach le Cónaidhm na hEilvéise a chomhdhlúthú, a dhoimhniú agus a leathnú, agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis


PRÓTACAL LEASAITHEACH
A GHABHANN LEIS AN gCOMHAONTÚ

IDIR AN COMHPHOBAL EORPACH AGUS A BHALLSTÁIT,

DE PHÁIRT,

AGUS CÓNAIDHM NA hEILVÉISE, DEN PHÁIRT EILE,

MAIDIR LE SAORGHLUAISEACHT DAOINE

TÁ AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta,

agus

CÓNAIDHM NA hEILVÉISE, dár ngairtear ‘an Eilvéis’ anseo feasta;

AG FÉACHAINT don Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 21 Meitheamh 1999, (dá ngairtear an ‘Comhaontú’ anseo feasta), a tháinig i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2002;

AG FÉACHAINT don Phrótacal a ghabhann le Comhaontú an 21 Meitheamh 1999 idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine i ndáil le rannpháirtíocht, mar Pháirtithe Conarthacha, Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice de bhun a n‑aontachais leis an Aontas Eorpach, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 26 Deireadh Fómhair 2004, a tháinig i bhfeidhm an 1 Aibreán 2006;

AG FÉACHAINT don Phrótacal a ghabhann le Comhaontú an 21 Meitheamh 1999 idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine i ndáil le rannpháirtíocht, mar Pháirtithe Conarthacha, Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine de bhun a n‑aontachais don Aontas Eorpach, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 27 Bealtaine 2008, a tháinig i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2009;


AG FÉACHAINT don Phrótacal a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine, i ndáil le rannpháirtíocht Phoblacht na Cróite mar Pháirtí Conarthach, tar éis a haontachais don Aontas Eorpach, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 4 Márta 2016, a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2017;

DE BHRÍ GO BHFUIL comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas ina gceangal ar institiúidí an Aontais agus ar a Bhallstáit; dá bhrí sin, tá feidhm ag an bPrótacal seo maidir leis na Páirtithe Conarthacha mar a leagtar amach sa Chomhaontú;

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

AIRTEAGAL 1

Leasuithe ar an gComhaontú

Leasaítear an Comhaontú mar a leanas:

(1)    sa bhrollach, cuirtear na haithrisí seo a leanas isteach i ndiaidh an dara haithris:

‘AG AITHINT DÓIBH gur gné thábhachtach den mhargadh inmheánach í an tsaoirse gluaiseachta agus go neartaítear feidhmiú na gcodanna sin den mhargadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach trí cheart náisiúnaigh na bPáirtithe Conarthacha, chomh maith lena mbaill teaghlaigh, teacht isteach agus cónaí sna críocha lena mbaineann a áirithiú, saor ó shrianta gan údar agus lánurraim á tabhairt don cheart chun córa comhionainne;


ÓS FEASACH DÓIBH aonfhoirmeacht a áirithiú sna codanna den mhargadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach, ar an tuiscint go bhfuil an Comhaontú le léirmhíniú i gcomhréir le prionsabal an léirmhínithe aonfhoirmigh a leagtar amach in Airteagal 7 den Phrótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú seo. Caomhnaítear inniúlacht Chúirt Chónaidhme na hEilvéise agus gach cúirte eile de chuid na hEilvéise chomh maith le hinniúlacht chúirteanna Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an Comhaontú seo a léirmhíniú i gcásanna aonair;

AG MEABHRÚ DÓIBH go mbaineann an tsaoirse gluaiseachta agus an ceart chun córa comhionainne le náisiúnaigh Páirtí Chonarthaigh amháin a fheidhmíonn a gcearta saorghluaiseachta nó a fhéachann lena gcearta saorghluaiseachta a fheidhmiú gan bogadh nó gan bogadh chun cónaí i gcríoch Páirtí Chonarthaigh eile go fóill. Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh cearta áirithe a bhaineann le feidhmiú na saorghluaiseachta roimhe seo, lena n‑áirítear an ceart chun córa comhionainne, leanúint d’fheidhm a bheith acu tar éis don náisiúnach de Pháirtí Conarthach scor de bheith ina chónaí i gcríoch Páirtí Chonarthaigh eile;

AG MEABHRÚ DÓIBH THAIRIS SIN go gcuimsíonn saorghluaiseacht daoine oibrithe, daoine féinfhostaithe agus daoine atá neamhghníomhach go heacnamaíoch, ar choinníoll go gcomhlíonann na daoine sin na ceanglais maidir le cónaí dleathach a leagtar amach sa Chomhaontú seo, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, acmhainní leordhóthanacha a bheith acu agus árachas breoiteachta cuimsitheach a bheith acu, ionas nach mbeidh siad ina n‑ualach míréasúnta ar chórais cúnaimh shóisialta na bPáirtithe Conarthacha;

AGUS BÉIM Á LEAGAN ACU ar an gcuspóir comhpháirtíocht chuimsitheach an Aontais agus na hEilvéise a chomhdhlúthú agus a fhorbairt a mhéid is féidir,’;


(2)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

‘AIRTEAGAL 4

Ceart cónaithe agus rochtain ar ghníomhaíocht eacnamaíoch

Déanfar an ceart cónaithe agus rochtain ar ghníomhaíocht eacnamaíoch a ráthú i gcomhréir le hIarscríbhinn I.’;

(3)    cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:

‘AIRTEAGAL 4a

Ceart bunaíochta

1.    Beidh ceart bunaíochta ag náisiúnach de Pháirtí Conarthach i gcríoch Páirtí Chonarthaigh eile chun gníomhaíocht fhéinfhostaithe a shaothrú.

2.    Faoi chuimsiú fhorálacha an Chomhaontaithe seo, toirmiscfear srianta ar shaoirse bhunaíochta náisiúnach de chuid Páirtí Chonarthaigh i gcríoch Páirtí Chonarthaigh eile. Beidh feidhm ag an toirmeasc sin freisin maidir le srianta ar bhunú gníomhaireachtaí agus brainsí ag náisiúnaigh daon Pháirtí Conarthach atá bunaithe i gcríoch aon Pháirtí Chonarthaigh.


AIRTEAGAL 4b

Cóir chomhionann daoine féinfhostaithe

1.    Maidir le rochtain ar ghníomhaíocht fhéinfhostaithe agus an ghníomhaíocht sin a shaothrú, tabharfar cóir nach lú fabhar do dhuine féinfhostaithe sa tír óstach ná an chóir a thugtar dá náisiúnaigh féin.

2.    Beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha Airteagail 7 go 10 de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 1 maidir leis na daoine féinfhostaithe dá dtagraítear sa Chomhaontú seo.;

(4)    in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

4.    Déanfar na cearta dá dtagraítear san Airteagal seo a ráthú i gcomhréir le hIarscríbhinní I, II agus III.;

(5)    cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:

‘AIRTEAGAL 5a

Soláthar seirbhísí

Maidir le soláthar seirbhísí, toirmiscfear an méid seo a leanas faoi Airteagal 5 den Chomhaontú seo:

(a)    aon srian ar sholáthar trasteorann seirbhísí i gcríoch Páirtí Chonarthaigh nach faide ná 90 lá dobair iarbhír in aghaidh na bliana féilire;


(b)    aon srian ar an gceart iontrála agus cónaithe sna cásanna a chumhdaítear le hAirteagal 5(2) den Chomhaontú seo a bhaineann le fostaithe, nach bhfuil náisiúntacht ceann de na Páirtithe Conarthacha acu, le daoine a sholáthraíonn seirbhísí, ar daoine iad atá imeasctha i ngnáthmhargadh saothair Páirtí Chonarthaigh amháin agus atá ar postú chun seirbhís a sholáthar i gcríoch Páirtí Chonarthaigh eile gan dochar dAirteagal 7i.

AIRTEAGAL 5b

Cuideachtaí a sholáthraíonn seirbhísí

Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 5a maidir le cuideachtaí arna bhfoirmiú i gcomhréir le dlí na bPáirtithe Conarthacha agus a bhfuil a n‑oifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a bpríomháit ghnó acu i gcríoch Páirtí Chonarthaigh.

AIRTEAGAL 5c

Cóir chomhionann do dhaoine a sholáthraíonn seirbhísí

Duine a sholáthraíonn seirbhísí a bhfuil sé de cheart aige nó ar údaraíodh dó seirbhís a sholáthar, féadfaidh sé, chun críocha a soláthair, a ghníomhaíocht a shaothrú go sealadach sa stát ina soláthraítear an tseirbhís ar na téarmaí céanna leis na téarmaí a fhorchuireann an stát sin ar a náisiúnaigh féin, i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo agus Iarscríbhinní I, II agus III.


AIRTEAGAL 5d

Rialacha maidir le háit chónaithe daoine a sholáthraíonn seirbhísí

1.    Daoine a sholáthraíonn seirbhísí ar náisiúnaigh de Bhallstáit an Aontais nó den Eilvéis iad agus atá bunaithe i gcríoch Páirtí Chonarthaigh seachas críoch an duine a fhaigheann na seirbhísí agus fostaithe, gan beann ar a náisiúntacht, na ndaoine a sholáthraíonn seirbhísí, atá imeasctha i ngnáthmhargadh saothair Páirtí Chonarthaigh amháin agus atá ar postú chun seirbhís a sholáthar i gcríoch Páirtí Chonarthaigh eile agus a bhfuil sé de cheart acu, nó ar údaraíodh dóibh, seirbhís a sholáthar ar feadh tréimhse is faide ná 90 lá dobair iarbhír in aghaidh na bliana féilire, gheobhaidh siad, chun bunús a thabhairt leis an gceart sin, cead cónaithe ar feadh tréimhse atá comhionann leis an tréimhse soláthair seirbhísí is faide ná 90 lá oibre iarbhír in aghaidh na bliana féilire.

2.    Chun críocha ceadanna den sórt sin a eisiúint, ní fhéadfaidh na Páirtithe Conarthacha a cheangal ar na daoine dá dtagraítear i mír 1 níos mó ná:

(a)    cárta aitheantais nó pas bailí, gan dochar dAirteagal 7i;

(b)    fianaise go bhfuil seirbhís á cur ar fáil acu, nó gur mian leo seirbhís a sholáthar.

AIRTEAGAL 5e

Fad an tsoláthair seirbhísí

1.    Ní fhéadfaidh fad iomlán an tsoláthair seirbhísí faoi phointe (a) dAirteagal 5a, bíodh sé leanúnach nó comhdhéanta de thréimhsí leanúnacha soláthair, a bheith níos faide ná 90 lá dobair iarbhír in aghaidh na bliana féilire.


2.    Beidh forálacha mhír 1 gan dochar do chomhlíonadh a oibleagáidí dlíthiúla ag an duine a sholáthraíonn seirbhís faoin ráthaíocht a tugadh don duine a fhaigheann an tseirbhís nó do chúiseanna force majeure.

AIRTEAGAL 5f

Na rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí a sholáthar

1.    Ní bheidh feidhm ag forálacha Airteagail 5a agus 5c maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann, fiú ar bhonn ócáideach, feidhmiú údaráis phoiblí sa Pháirtí Conarthach lena mbaineann.

2.    Ní chuirfidh forálacha Airteagail 5a agus 5c agus bearta arna nglacadh dá mbua bac ar infheidhmeacht dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin lena bhforáiltear do choinníollacha oibre agus fostaíochta a chur i bhfeidhm maidir le daoine fostaithe ar postú chun seirbhís a sholáthar, i gcomhréir le gníomhartha dlí ábhartha an Aontais maidir le hoibrithe a phostú dá dtagraítear in Iarscríbhinn I.

3.    Beidh forálacha phointe (a) dAirteagal 5a agus Airteagal 5c gan dochar dinfheidhmeacht na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin a bhí i réim sna Páirtithe Conarthacha uile tráth theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo an 1 Meitheamh 2002 maidir leis an méid seo a leanas:

(i)    gníomhaíochtaí gníomhaireachtaí fostaíochta sealadaí agus eatramhaí. Go háirithe, ní bheidh de thoradh ar ailíniú dinimiciúil na hEilvéise le Rialachán (AE) 2016/589 2 nach mbeidh an Eilvéis in ann a dlíthe, a rialacháin agus a forálacha riaracháin náisiúnta a chur i bhfeidhm a thuilleadh maidir leis na gníomhaíochtaí sin;


(ii)    seirbhísí airgeadais i gcás ina mbeidh an soláthar faoi réir údarú roimh ré i gcríoch Páirtí Chonarthaigh agus ina mbeidh an soláthar faoi réir maoirseachta stuamachta ag údaráis an Pháirtí Chonarthaigh sin.

AIRTEAGAL 5g

Tréimhse réamhfhógra agus rialuithe

1.    Beidh an Eilvéis in ann tréimhse réamhfhógra 4 lá oibre ar a mhéad a chur i bhfeidhm in earnálacha sonracha roimh thús an tsoláthair seirbhíse le haghaidh soláthraithe seirbhíse atá féinfhostaithe agus a sholáthraíonn seirbhísí ina críoch agus roimh an bpostú do sholáthraithe seirbhíse a phostálann oibrithe ar a críoch chun rialuithe ar an láthair a dhéanamh.

2.    Saineoidh an Eilvéis go huathrialach cainníocht an rialaithe agus an dlús rialaithe, chomh maith leis na hearnálacha agus na limistéir atá le rialú, lena náirítear earnálacha agus limistéir nach gcumhdaítear leis an tréimhse réamhfhógra 4 lá oibre ar a mhéad, ar bhonn anailís riosca oibiachtúil, ar bhealach comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach, agus é á chur san áireamh go dteorannaíonn an Comhaontú an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar do 90 lá oibre iarbhír in aghaidh na bliana féilire.

3.    Déanfar cinneadh na nearnálacha a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go tréimhsiúil.


AIRTEAGAL 5h

Ráthaíochtaí airgeadais agus smachtbhannaí airgeadais

I gcás soláthraithe seirbhíse nár chomhlíon a n‑oibleagáidí airgeadais i leith údaráis agus comhlachtaí forfheidhmiúcháin dá dtagraítear sa Dearbhú Comhpháirteach maidir le córais rialaithe éifeachtacha lena n‑áirítear córas dé-fhorfheidhmiúcháin na hEilvéise maidir le soláthar seirbhísí roimhe sin, beidh an Eilvéis in ann a cheangal go ndéanfar ráthaíocht airgeadais chomhréireach a thaisceadh sula bhféadfaidh siad seirbhísí a sholáthar arís in earnálacha arna gcinneadh ar bhonn anailís riosca uathrialach agus oibiachtúil.

I gcás nach n‑íocfar an ráthaíocht airgeadais, beidh an Eilvéis in ann smachtbhannaí comhréireacha a fhorchur suas leis an toirmeasc ar sheirbhísí a sholáthar go dtí go n‑íocfar an ráthaíocht.

AIRTEAGAL 5i

Cruthúnas ar fhéinfhostaíocht

Chun feiniméan na féinfhostaíochta bréagaí a chomhrac trí rialuithe éifeachtúla rioscabhunaithe, beidh an Eilvéis in ann a cheangal ar sholáthraithe seirbhíse féinfhostaithe doiciméid a sholáthar lena bhféadfar rialuithe éifeachtacha a dhéanamh faoi chuimsiú rialuithe ex post (ar a mhéad: deimhniú clárúcháin, más infheidhme; cruthúnas ar chlárú leis na húdaráis slándála sóisialta mar dhuine féinfhostaithe sa tír chónaithe; cruthúnas ar an gcaidreamh conarthach).


AIRTEAGAL 5j

Neamh-cúlchéimniú

1.    Chun an leibhéal cosanta doibrithe ar postú a choinneáil mar a comhaontaíodh idir an Eilvéis agus an tAontas sa Chomhaontú seo tráth theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh, ní dhéanfar leasuithe ar Threoracha 96/71/CE 3 agus 2014/67/AE 4 nó gníomhartha dlí nua de chuid an Aontais maidir le postú oibrithe, dainneoin Airteagal 5 den Phrótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú seo, a chomhtháthú sa Chomhaontú seo a mhéid a bheadh sé déifeacht acu leibhéal cosanta na noibrithe ar postú a lagú nó a laghdú go fóinteach maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta, go háirithe luach saothair agus liúntais.

2.    Chun críocha mhír 1, déanfar aon athrú ar leibhéal cosanta na noibrithe ar postú a mheasúnú ina dhomhandacht, agus forálacha ábhartha uile an Chomhaontaithe seo á gcur san áireamh.

AIRTEAGAL 5k

Daoine a fhaigheann seirbhísí

Náisiúnaigh de Bhallstát den Aontas nó den Eilvéis a thagann isteach i gcríoch Páirtí Chonarthaigh chun seirbhísí a fháil, agus chuige sin amháin, féadfar a cheangal orthu clárú i gcomhréir leis na gníomhartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I.’;


(6)    cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:

‘AIRTEAGAL 7a

Oibrí teorann

Is náisiúnach de Pháirtí Conarthach é oibrí teorann a ghabhann do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe i bPáirtí Conarthach agus a bhfuil cónaí air sa Pháirtí Conarthach eile a bhfilleann sé chuige, de ghnáth, gach lá nó uair sa tseachtain ar a laghad.

Féadfaidh údaráis inniúla an Pháirtí Chonarthaigh ina ngabhfaidh an t‑oibrí teorann don ghníomhaíocht ar feadh tréimhsí oibre is faide ná 3 mhí in aghaidh na bliana féilire an t‑oibrí teorann a chlárú chun críocha dearbhaithe.

Eiseoidh na húdaráis inniúla deimhniú clárúcháin dearbhaitheach don oibrí teorann saor in aisce nó ar mhuirear nach mó ná an méid a fhorchuirtear ar náisiúnaigh as doiciméid chomhchosúla a eisiúint.

Beidh clárú de bhun an Airteagail seo gan dochar do chearta agus d’oibleagáidí na n‑oibrithe teorann lena mbaineann dá bhforáiltear sna gníomhartha dá dtagraítear sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú seo. Maidir le tréimhsí oibre atá níos giorra ná 3 mhí nó suas le 3 mhí, féadfaidh na Páirtithe Conarthacha an nós imeachta um fhógra a thabhairt a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an Dearbhú Comhpháirteach maidir leis an bhfógra faoi dhul i mbun fostaíochta.


AIRTEAGAL 7b

Mic léinn

Maidir le mac léinn nach bhfuil ceart cónaithe aige nó aici i gcríoch an Pháirtí Chonarthaigh eile ar bhonn aon fhorála eile den Chomhaontú seo, féadfar a cheangal air nó uirthi clárú de réir na ngníomhartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I. Ní rialaítear leis an gComhaontú seo rochtain ar ghairmoiliúint ná ar chúnamh cothabhála a thugtar do na mic léinn a chumhdaítear leis an Airteagal seo.

(a)    dainneoin na habairte roimhe seo, beidh feidhm ag Airteagal 2, gan beann ar áit chónaithe an mhic léinn, maidir le táillí teagaisc agus gach táille nó muirear eile a bhaineann le staidéir, chomh maith le gach sásra tacaíochta poiblí a bhaineann leis sin, is infheidhme maidir le mic léinn ag:

(i)    ollscoileanna, institiúidí ollscoile, ollscoileanna eolaíochtaí feidhmeacha, ollscoileanna institiúidí eolaíochtaí feidhmeacha agus institiúidí ardoideachais cleamhnaithe le haon cheann díobh sin san Eilvéis, arna maoiniú den chuid is mó le cistí poiblí, agus

(ii)    aon institiúid chomhfhreagrach san Aontas;

(b)    faoi réir chaomhnú cháilíocht agus shainiúlachtaí    na gcóras oideachais atá ann cheana i ngach Páirtí Conarthach, lena náirítear a córais iontrála agus eagrú    inniúlachtaí, ní laghdóidh gach Páirtí Conarthach leibhéal foriomlán na mac léinn ina    institiúidí a luaitear faoi phointe (a) ar náisiúnaigh de na Páirtithe Conarthacha eile iad agus nach raibh ceart cónaithe acu ina chríoch sular thug siad faoina gcuid staidéar, ó    dháta theacht i bhfeidhm na forála seo. Ar mhaithe le soiléireacht, ní thabharfar le tuiscint leis an abairt roimhe seo go bhfuil oibleagáid ar na Páirtithe Conarthacha a gcórais iontrála féin a mhodhnú nó an leibhéal thuasluaite mac léinn a mhéadú nó leibhéal íosta áiteanna a chur in áirithe do mhic léinn ó na Páirtithe Conarthacha eile;


(c)    ní dhéanfaidh na Páirtithe Conarthacha idirdhealú i measc náisiúnaigh na bPáirtithe    Conarthacha eile agus pointí (a) agus (b) á gcur i bhfeidhm acu.

AIRTEAGAL 7c

Údarás poiblí a fheidhmiú

1.    Féadfar an ceart chun dul i mbun fostaíochta sa tseirbhís phoiblí a dhiúltú do náisiúnach de chuid Páirtí Chonarthaigh a shaothraíonn gníomhaíocht mar dhuine fostaithe, ar fostaíocht í lena mbaineann cumhacht phoiblí a fheidhmiú agus lena mbeartaítear leasanna ginearálta an Stáit nó comhlachtaí poiblí eile a chosaint.

2.    Féadfar an ceart a dhiúltú do dhuine féinfhostaithe gníomhaíocht a shaothrú a bhaineann, fiú ar bhonn ócáideach, le feidhmiú údaráis phoiblí.

AIRTEAGAL 7d

Beartas poiblí

Ní fhéadfar na cearta a dheonaítear faoi fhorálacha an Chomhaontaithe seo a shrianadh ach amháin trí bhíthin bearta a bhfuil údar leo ar fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí.


AIRTEAGAL 7e

Buanchónaí

Féadfaidh an Eilvéis agus na Ballstáit a chinneadh an ceart buanchónaithe de bhun Airteagal 16 de Threoir 2004/38/CE 5 a dheonú do shaoránaigh den Aontas agus náisiúnaigh den Eilvéis a chónaigh go dlíthiúil sa Stát óstach ar feadh 5 bliana san iomlán mar oibrithe nó mar dhaoine féinfhostaithe, lena náirítear iad siúd a choinníonn an stádas sin i gcomhréir leis an Treoir sin, chomh maith le baill teaghlaigh na ndaoine sin. Ar choinníoll gur cuid de thréimhse cónaithe dhlíthiúil amháin sa Stát óstach iad, ní cheanglófar na tréimhsí atá le cur san áireamh a bheith leanúnach ach féadfar iad a bhriseadh le tréimhsí cónaithe dlíthiúla mar dhaoine atá neamhghníomhach go heacnamaíoch.

Le haghaidh na tréimhsí is gá a ríomh chun an ceart buanchónaithe a fháil i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, féadfaidh an Eilvéis agus na Ballstáit a chinneadh gan tréimhsí 6 mhí nó níos mó a chur san áireamh ina bhfuil an duine ag brath go hiomlán ar chúnamh sóisialta.

Faoi réir an Dearbhaithe Chomhpháirtigh maidir le cúnamh sóisialta a dhiúltú agus cónaí a fhoirceannadh sula bhfaightear buanchónaí agus i gcomhréir le hAirteagal 10(6) den Phrótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú seo, leanfaidh na rialacha maidir le cónaí in Airteagal 7 de Threoir 2004/38/CE 6 de bheith infheidhme maidir le daoine nach gcáilíonn don cheart buanchónaithe.


AIRTEAGAL 7f

Maoin dhochorraithe a cheannach

1.    Náisiúnaigh Páirtí Chonarthaigh a bhfuil ceart cónaithe agus a bpríomháit chónaithe sa stát óstach acu, beidh na cearta céanna acu agus atá ag náisiúnach maidir le maoin dhochorraithe a cheannach. Féadfaidh siad a bpríomháit chónaithe a bhunú sa stát óstach tráth ar bith i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta ábhartha gan beann ar fhad a bhfostaíochta. Ní bheidh aon oibleagáid chun maoin den sórt sin a dhiúscairt mar gheall ar an stát óstach a fhágáil.

2.    Náisiúnaigh Páirtí Chonarthaigh a bhfuil ceart cónaithe acu ach nach bhfuil a bpríomháit chónaithe sa stát óstach, beidh na cearta céanna acu agus atá ag náisiúnach maidir le maoin dhochorraithe a cheannach a bhfuil gá léi dá ngníomhaíocht eacnamaíoch. Ní bheidh aon oibleagáid chun maoin den sórt sin a dhiúscairt mar gheall ar an stát óstach a fhágáil. Féadfar iad a údarú freisin chun an dara háit chónaithe nó lóistín saoire a cheannach. Maidir leis an gcatagóir náisiúnach seo, ní dhéanfaidh an Comhaontú seo difear do na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le fíorinfheistíocht chaipitil nó gnó talún agus árasán neamhthógtha.

3.    Beidh na cearta céanna ag oibrithe teorann, náisiúnaigh Páirtí Chonarthaigh, agus atá ag náisiúnach maidir le maoin dhochorraithe a cheannach dá ngníomhaíocht eacnamaíoch agus mar áit chónaithe thánaisteach. Ní bheidh aon oibleagáid chun maoin den sórt sin a dhiúscairt mar gheall ar an stát óstach a fhágáil. Féadfar iad a údarú freisin chun cóiríocht saoire a cheannach. Maidir leis an gcatagóir náisiúnach seo, ní dhéanfaidh an Comhaontú seo difear do na rialacha a bhfuil feidhm acu sa stát óstach maidir le fíorinfheistíocht chaipitil nó gnó talún agus árasán neamhthógtha.


AIRTEAGAL 7g

Cártaí aitheantais

Féadfaidh an Eilvéis leanúint de chártaí aitheantais a eisiúint nach bhfuil meán stórála ina bhfuil méarloirg an tsealbhóra iontu. Beidh cártaí aitheantais den sórt sin inaitheanta ó amharc ó chártaí aitheantais a chomhlíonann ceanglais na ngníomhartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a bhaineann leis na doiciméid sin. Ní féidir le náisiúnaigh na hEilvéise aon chárta aitheantais den sórt sin a eisítear ó 1 bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh a úsáid chun saorghluaiseacht a fheidhmiú.

AIRTEAGAL 7h

Díbirt

A mhéid a bhaineann le srianta ar cheart iontrála agus ar cheart cónaithe ar fhorais an bheartais phoiblí nó na slándála poiblí atá ag náisiúnaigh a chéile, coinneofar ar bun oibleagáidí na hEilvéise agus na mBallstát faoin gComhaontú roimh theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh.

Dá bhrí sin, ní bheidh feidhm ag na forbairtí seo a leanas a tugadh isteach le Caibidil VI de Threoir 2004/38/CE 7 a théann thar na hoibleagáidí sin, mar atá cosaint fheabhsaithe ar dhíbirt dá bhforáiltear in Airteagal 28(2) agus (3), chomh maith le cásdlí na Cúirte Breithiúnais a bhaineann leis na forálacha sin. Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le díbirt dá dtagraítear in Airteagal 33(2) den Treoir, féadfaidh an Eilvéis agus na Ballstáit, in ionad na nósanna imeachta a leagtar síos san fhoráil sin a chur i bhfeidhm, a áirithiú go ndéanfar díbirt i gcomhréir leis na ceanglais faoin gComhaontú roimh theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh.


AIRTEAGAL 7i

Teacht isteach náisiúnach tríú tír

Ní fhéadfaidh na Páirtithe Conarthacha víosa iontrála ná ceanglais choibhéiseacha a cheangal ar oibrithe ar postú nach bhfuil náisiúntacht Páirtí Chonarthaigh acu agus a bhfuil ceart iontrála acu gan na ceanglais sin i gcomhréir le gníomhartha dlí an Aontais arna gcomhtháthú in Iarscríbhinn I nó le haon ionstraim eile atá i bhfeidhm idir na Páirtithe Conarthacha. Maidir leis na hoibrithe sin ar postú a dteastaíonn víosa iontrála uathu nó a mbaineann ceanglais choibhéiseacha leo, deonóidh an Páirtí Conarthach lena mbaineann gach deis do na daoine sin chun aon víosa is gá a fháil.’;

(7)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘AIRTEAGAL 10

Athruithe ar bhallraíocht san Aontas Eorpach

Aon síneadh a chuirfear leis an gComhaontú chuig Ballstáit nua, beidh sé faoi réir comhaontú idir na Páirtithe, i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha, trí bhíthin prótacail. Mura gcomhaontófar a mhalairt, áireofar sa phrótacal sin bearta idirthréimhseacha, agus aird á tabhairt ar an staid shonrach eacnamaíoch agus shóisialta san Aontas, go háirithe sna Ballstáit nua, agus san Eilvéis, ag féachaint don chleachtas seanbhunaithe maidir le síntí a cuireadh leis an gComhaontú seo roimhe seo.’;


(8)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

‘AIRTEAGAL 14

Comhchoiste

1.    Bunaítear Comhchoiste leis seo.

Is ionadaithe ó na Páirtithe Conarthacha a bheidh ar an gComhchoiste.

2.    Beidh ionadaí ón Aontas agus ionadaí ón Eilvéis ina gcomhchathaoirligh ar an gComhchoiste.

3.    Déanfaidh an Comhchoiste:

(a)    feidhmiú cuí agus riar agus cur i bhfeidhm éifeachtach an Chomhaontaithe seo a áirithiú;

(b)    fóram a sholáthar le haghaidh comhairliúchán frithpháirteach agus malartú leanúnach faisnéise idir na Páirtithe Conarthacha, go háirithe dfhonn teacht ar réiteach ar aon deacracht a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe nó gnímh dlí de chuid an Aontais dá ndéantar tagairt sa Chomhaontú i gcomhréir le hAirteagal 10 den Phrótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú seo;

(c)    moltaí a chur faoi bhráid na bPáirtithe Conarthacha maidir le hábhair a bhaineann leis an gComhaontú seo;


(d)    cinntí a ghlacadh i gcás ina bhforáiltear dó sin sa Chomhaontú seo; agus

(e)    aon inniúlacht eile a dheonaítear dó sa Chomhaontú seo a fheidhmiú.

4.    Gníomhóidh an Comhchoiste de chomhthoil.

Beidh na cinntí ina gceangal ar na Páirtithe Conarthacha, a dhéanfaidh na bearta uile is gá chun iad a chur chun feidhme.

5.    Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile uair sa bhliain ar a laghad, sa Bhruiséil agus i mBeirn gach re seach, mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt. Tiocfaidh sé le chéile freisin arna iarraidh sin do cheachtar de na Páirtithe Conarthacha. Féadfaidh na comhchathaoirligh a chomhaontú go dtionólfar cruinniú den Chomhchoiste trí fhíschomhdháil nó trí theileachomhdháil.

6.    Glacfaidh an Comhchoiste a rialacha nós imeachta agus tabharfaidh sé cothrom le dáta iad de réir mar is gá.

7.    Féadfaidh an Comhchoiste a chinneadh aon mheitheal nó aon ghrúpa saineolaithe a bhunú a bheidh in ann cúnamh a thabhairt dó chun a chuid dualgas a chomhlíonadh.;


(9)    cuirtear an tairteagal seo a leanas isteach:

‘AIRTEAGAL 14a

Clásail cosanta

1.    I gcás deacrachtaí tromchúiseacha eacnamaíocha nó sóisialta arb é cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo is cúis leo, tiocfaidh an Comhchoiste le chéile, arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí Conarthach, chun scrúdú a dhéanamh ar bhearta iomchuí chun an cás a leigheas. Féadfaidh an Comhchoiste a chinneadh cé na bearta atá le déanamh laistigh de 60 lá ó dháta na hiarrata. Féadfaidh an Comhchoiste síneadh a chur leis an tréimhse sin.

2.    Mura nglacfaidh an Comhchoiste cinneadh laistigh den sprioc-am a leagtar síos i mír 1 maidir le bearta iomchuí nó síneadh ama a chur leis an sprioc-am sin, féadfaidh an Páirtí Conarthach, tar éis dó an iarraidh a dhéanamh, an cás a thabhairt os comhair binse eadrána i gcás deacrachtaí tromchúiseacha eacnamaíocha. Tabharfaidh an binse eadrána a chinneadh críochnaitheach laistigh de 6 mhí tar éis a bhunaithe.

3.    Má chinneann an binse eadrána gur cruthaíodh na deacrachtaí líomhnaithe agus gurb é cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo is cúis leo, féadfaidh an Páirtí Conarthach a rinne an iarraidh bearta iomchuí a ghlacadh chun na deacrachtaí sin a leigheas. Má chruthaíonn na bearta arna nglacadh ag Páirtí Conarthach i gcomhréir leis an mír seo éagothroime idir na cearta agus na hoibleagáidí faoi seach faoin gComhaontú seo, féadfaidh an Páirtí Conarthach eile bearta athchothromúcháin iomchuí a dhéanamh chun an éagothroime sin a leigheas laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe seo.


4.    In imthosca eisceachtúla práinne i gcás ina mbeidh Páirtí Conarthach i mbaol díobháil eacnamaíoch an-tromchúiseach a dhéanamh de bharr chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, féadfaidh an Páirtí Conarthach sin an cás a thabhairt os comhair binse eadrána i gcomhréir leis an bhFoscríbhinn má mhainníonn an Comhchoiste cinneadh a ghlacadh laistigh de 30 lá ón iarraidh. Tabharfaidh an binse eadrána a chinneadh críochnaitheach laistigh de 6 mhí tar éis a bhunaithe.

5.    In imthosca dá dtagraítear i mír 4, má chinneann an binse eadrána, prima facie, go bhfuil na deacrachtaí líomhnaithe comhlíonta, féadfaidh na Páirtithe Conarthacha bearta eatramhacha agus, de réir mar a bheidh, bearta athchothromúcháin eatramhacha a ghlacadh. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal III.10 den Fhoscríbhinn, cé is moite de mhír 4(c).

6.    Glacfar na bearta agus na bearta athchothromúcháin dá dtagraítear i míreanna 2 go 5 laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe seo. Ní rachaidh a raon feidhme ná a bhfad thar a bhfuil fíor-riachtanach chun na deacrachtaí nó an éagothroime a dtugann siad aghaidh orthu a leigheas. Tabharfar tús áite do bhearta agus do bhearta athchothromaithe is lú a chuireann isteach ar fheidhmiú an Chomhaontaithe seo.

7.    Beidh na bearta agus na bearta athchothromúcháin faoi réir comhairliúchán sa Chomhchoiste gach 3 mhí ón dáta a nglacfar iad dfhonn iad a dhíothú roimh an dáta éaga atá beartaithe nó a raon feidhme a theorannú don fhíor-riachtanach. Féadfaidh gach Páirtí Conarthach a iarraidh ar an gComhchoiste, tráth ar bith, athbhreithniú a dhéanamh ar na bearta sin agus ar na bearta athchothromúcháin sin.;


(10)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

‘AIRTEAGAL 18

Athbhreithniú

Más mian le Páirtí Conarthach go ndéanfaí athbhreithniú ar an gComhaontú seo, cuirfidh sé togra chuige sin faoi bhráid an Chomhchoiste.

Tiocfaidh leasuithe ar an gComhaontú seo i bhfeidhm tar éis nósanna imeachta inmheánacha na bPáirtithe Conarthacha lena mbaineann a bheith curtha i gcrích.’;

(11)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

‘AIRTEAGAL 21

Caidreamh le comhaontuithe maidir le cánachas

1.    Ní dhéanfaidh forálacha an Chomhaontaithe seo difear dfhorálacha comhaontuithe déthaobhacha idir an Eilvéis agus Ballstáit an Aontais maidir le cánachas dúbailte. Go háirithe, ní dhéanfaidh forálacha an Chomhaontaithe seo difear do shainmhíniú na gcomhaontuithe um chánachas dúbailte ar oibrithe teorann.


2.    Ní fhéadfar aon fhoráil den Chomhaontú seo a léirmhíniú ar bhealach a chuirfidh cosc ar na Páirtithe Conarthacha idirdhealú a dhéanamh, agus forálacha ábhartha a reachtaíochta cánach á gcur i bhfeidhm acu, idir cáiníocóirí nach bhfuil a gcásanna inchomparáide, go háirithe maidir lena náit chónaithe. Mar sin féin, ní modh idirdhealaithe ná srianta ar chearta daoine mar a shainmhínítear faoin gComhaontú seo a bheidh sa mhéid sin.

3.    Ní chuirfidh aon fhoráil den Chomhaontú seo cosc ar na Páirtithe Conarthacha bearta a ghlacadh nó a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar cánacha a fhorchur, a íoc agus a aisghabháil go héifeachtach nó chun teacht roimh sheachaint nó imghabháil cánach faoina reachtaíocht chánach náisiúnta nó faoi aon chomhaontú nó socrú idirnáisiúnta nó déthaobhach eile a bhaineann go hiomlán nó go príomha le cánachas a bhfuil an Eilvéis, an tAontas nó aon Bhallstát ina bpáirtithe ann.;

(12)    cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:

‘AIRTEAGAL 23a

Bailíocht ceadanna cónaithe agus ceadanna speisialta eile

Maidir le ceadanna cónaithe agus ceadanna speisialta eile arna n‑eisiúint ag na Páirtithe Conarthacha roimh theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh, leanfaidh siad de bheith bailí agus cuirfear doiciméid dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo ina n‑ionad, ar dhul in éag dóibh, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha maidir leis na doiciméid sin a eisiúint.


AIRTEAGAL 23b

Socruithe idirthréimhseacha

1.    Maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme Threoir 2004/38/CE 8 , beidh feidhm ag na socruithe idirthréimhseacha a leagtar síos sa mhír seo:

(a)    Beidh idirthréimhse ann a thosóidh ar dháta theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh agus a chríochnóidh 24 mhí tar éis a theacht i bhfeidhm.

(b)    Beidh feidhm ag Airteagail 5k, 7a, 7d, 7e, 7h, 7i agus, chun críocha an Chomhaontaithe seo, ag Treoir 2004/38/CE 9 ón gcéad lá tar éis dheireadh na hidirthréimhse.

(c)    Déanfar éifeachtaí na bhforálacha seo a leanas den Chomhaontú sa leagan roimh theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh a choinneáil ar bun le linn na hidirthréimhse:

   Airteagail 1 go 7 agus Airteagal 16, agus

   Airteagail 1 go 9, 12 go 15, 17, 19, 20, 23 agus Airteagal 24, seachas an abairt dheireanach dAirteagal 24(4), dIarscríbhinn I.


Ní bheidh aon éifeacht ag na forálacha sin maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme gníomhartha eile dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, go háirithe Rialacháin (AE) Uimh. 492/2011 10 agus (AE) 2016/589 11 dá dtagraítear i Roinn 2 dIarscríbhinn I.

2.    Maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme Threoir 96/71/CE 12 agus Threoir 2014/67/AE 13 , beidh feidhm ag na socruithe idirthréimhseacha a leagtar síos sa mhír seo:

(a)    Beidh idirthréimhse ann a thosóidh ar dháta theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh agus a chríochnóidh 36 mhí tar éis a theacht i bhfeidhm.

(b)    Beidh Airteagal 5f(2), Airteagail 5g, 5h, 5i agus, chun críocha an Chomhaontaithe seo, Treoracha 96/71/CE 14 agus 2014/67/AE 15 infheidhme ón gcéad lá tar éis dheireadh na hidirthréimhse.

(c)    Déanfar éifeachtaí na bhforálacha seo a leanas den Chomhaontú sa leagan roimh theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh a choinneáil ar bun le linn na hidirthréimhse:

   Airteagal 5(4), agus Airteagal 16, agus

   Airteagal 22(2), dIarscríbhinn I.

Ní bheidh aon éifeacht ag na forálacha sin maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme gníomhartha eile dá dtagraítear i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I.’;


(13)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24:

‘AIRTEAGAL 24

Raon feidhme críochach

Beidh feidhm ag an gComhaontú seo maidir leis an gcríoch ina bhfuil feidhm ag an gConradh ar an Aontas Eorpach agus ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘CFAE’ anseo feasta) agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin, de pháirt, agus maidir le críoch na hEilvéise, den pháirt eile.’;

(14)    cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn I atá i gceangal leis an bPrótacal seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú;

(15)    cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II atá i gceangal leis an bPrótacal seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú;

(16)    cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn III atá i gceangal leis an bPrótacal seo in ionad Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú;

(17)    cuirtear an téacs sa Phrótacal maidir le háiteanna cónaithe tánaisteacha sa Danmhairg atá i gceangal leis an bPrótacal seo in ionad an Phrótacail maidir le háiteanna cónaithe tánaisteacha sa Danmhairg;

(18)    scriostar Iarscríbhinn I den Phrótacal a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine i ndáil le rannpháirtíocht, mar Pháirtithe Conarthacha, Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice de bhun a naontachais don Aontas Eorpach, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 26 Deireadh Fómhair 2004;


(19)    cuirtear téacs an Phrótacail maidir le maoin dhochorraithe a fháil i Málta, atá i gceangal leis an bPrótacal seo isteach mar cheangaltán leis an gComhaontú;

(20)    cuirtear téacs an Phrótacail maidir le Ceadanna Cónaithe Fadtéarmacha, atá i gceangal leis an bPrótacal seo, isteach mar cheangaltán leis an gComhaontú;

(21)    cuirtear na Dearbhuithe Comhpháirteacha agus an Dearbhú Aontaobhach, atá i gceangal leis an bPrótacal seo, leis na Dearbhuithe atá i gceangal leis an Ionstraim Chríochnaitheach a ghabhann leis an gComhaontú.

AIRTEAGAL 2

Teacht i bhfeidhm

1.    Déanfaidh an tAontas agus an Eilvéis an Prótacal seo a dhaingniú nó a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Tabharfaidh an tAontas agus an Eilvéis fógra dá chéile faoi chur i gcrích na nósanna imeachta inmheánacha is gá do theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo.

2.    Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an fhógra dheireanaigh maidir leis na hionstraimí seo a leanas:

(a)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

(b)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;


(c)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(d)    Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(e)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí diarnród agus de bhóthar;

(f)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí diarnród agus de bhóthar;

(g)    Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí diarnród agus de bhóthar;

(h)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta;

(i)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(j)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(k)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht tráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú;


(l)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gcláir de chuid an Aontais;

(m)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis.

Arna dhéanamh [i/in/sa/san …], an […], i ndúblach, sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus tá gach téacs díobh barántúil.

Á FHIANÚ SIN, chuir na daoine thíos-sínithe, agus údar cuí acu chuige sin, a lámh leis an bPrótacal seo.

(Bloc na sínithe, amhail an méid seo a leanas, i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais: ‘Thar ceann an Aontais Eorpaigh’ agus ‘Thar ceann Chónaidhm na hEilvéise’)

IARSCRÍBHINN I

LEASUITHE AR IARSCRÍBHINN I A GHABHANN LEIS AN gCOMHAONTÚ

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú:

IARSCRÍBHINN I

SAORGHLUAISEACHT DAOINE, CEART BUNAÍOCHTA
AGUS SOLÁTHAR SEIRBHÍSÍ

ROINN 1

Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagail 2 go 9 den Chomhaontú seo, beidh feidhm ag gníomhartha dlí an Aontais a liostaítear i Roinn 2 den Iarscríbhinn seo faoi réir phrionsabal an ailínithe dhinimiciúil dá dtagraítear in Airteagal 5 den Phrótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú seo, agus faoi réir na n‑eisceachtaí a liostaítear i mír 7 den Airteagal sin.

Mura bhforáiltear a mhalairt in oiriúnuithe teicniúla, na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear i ngníomhartha dlí an Aontais arna gcomhtháthú san Iarscríbhinn seo le haghaidh Bhallstáit an Aontais, tuigfear go ndéanfar foráil maidir leo don Eilvéis. Cuirfear an méid sin i bhfeidhm agus lánurraim á tabhairt don Phrótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú seo.


Gan dochar d’Airteagal 16 den Phrótacal Institiúideach, agus mura bhforáiltear a mhalairt in oiriúnuithe teicniúla, beidh forálacha na ngníomhartha a liostaítear i Roinn 2 infheidhme maidir leis an Eilvéis, lena gceanglaítear ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar do Bhallstáit eile nó don Choimisiún. I gcás ina mbaineann an fhaisnéis sin le faireachas nó le cur i bhfeidhm, cuirfidh an Eilvéis an fhaisnéis sin in iúl tríd an gComhchoiste.

ROINN 2

GNÍOMHARTHA DÁ dTAGRAÍTEAR:

1.    31977 L 0486: Treoir 77/486/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1977 maidir le hoideachas a chur ar leanaí oibrithe imirceacha (IO L 199, 6.8.1977, lch. 32).

2.    31996 L 0071: Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1), arna leasú le:

   32018 L 0957: Treoir (AE) 2018/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 lena leasaítear Treoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 173, 9.7.2018, lch. 16).


Léifear forálacha na Treorach, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a)    in Airteagal 1(-1a), cuirtear na focail feidhmiú na gceart bunúsach mar a aithnítear sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais in ionad na bhfocal feidhmiú na gceart bunúsach mar a aithnítear sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais agus san Eilvéis;

(b)    in Airteagal 1(3):

(i)    ní bheidh feidhm ag pointe (c) maidir leis an Eilvéis;

(ii)    ní bheidh feidhm ag an dara fomhír ná ag an tríú fomhír maidir leis an Eilvéis;

(c)    in Airteagal 3:

(i)    ní bheidh feidhm ag mír 1b maidir leis an Eilvéis;

(ii)    i mír 10, cuirtear na focail an Comhaontú in ionad na bhfocal na Conarthaí;

(d)    in Airteagal 4(2):

(i)    san abairt dheireanach den chéad fhomhír, cuirtear na focail cuirfear an Comhchoiste ar an eolas dfhonn teacht ar réiteach in ionad na bhfocal cuirfear an Coimisiún ar an eolas agus déanfaidh sé bearta iomchuí.;


(ii)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Comhoibreoidh an tAontas Eorpach agus an Eilvéis go dlúth laistigh den Chomhchoiste chun scrúdú a dhéanamh ar aon deacracht a d’fhéadfadh teacht chun cinn idir na Páirtithe Conarthacha maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 3(10)’;

(e)    chun críocha an Chomhaontaithe seo, beidh feidhm ag an Treoir ón gcéad lá tar éis dheireadh na hidirthréimhse a leagtar amach in Airteagal 23b(2) den Chomhaontú.

3.    32004 L 0038: Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena naisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77, a ceartaíodh le IO L 229, 29.6.2004, lch. 35, IO L 30, 3.2.2005, lch. 27 agus IO L 197, 28.7.2005, lch. 34).

Léifear forálacha na Treorach, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a)    tá feidhm ag an gComhaontú maidir le náisiúnaigh na bPáirtithe Conarthacha. Mar sin féin, beidh cearta áirithe ag dul do bhaill dá dteaghlach de réir bhrí na Treorach a bhfuil náisiúntacht tríú tír acu i gcomhréir leis an Treoir;


(b)    cuirtear na téarmaí náisiúnach Ballstáit nó na hEilvéise agus náisiúnaigh de chuid na mBallstát agus na hEilvéise in ionad na dtéarmaí saoránach den Aontas agus saoránaigh den Aontas faoi seach;

(c)    léifear Airteagal 16 mar a leanas:

1.    Náisiúnaigh de Bhallstáit agus den Eilvéis a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil ar bhonn Airteagal 7(1), pointe (a), nó (3) ar feadh 5 bliana san iomlán i gcríoch Páirtí Chonarthaigh eile, beidh ceart buanchónaithe acu ansin. Ní bheidh an ceart seo faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear i gCaibidil III.

2.    Ar choinníoll gur cuid de thréimhse aonair chónaithe dhlíthiúil sa Stát óstach iad, ní cheanglófar na tréimhsí atá le cur san áireamh chun éadáil buanchónaithe de bhun mhír 1 a ríomh a bheith leanúnach ach féadfar iad a bhriseadh le tréimhsí cónaithe dhlíthiúil nach bhfuil ar bhonn Airteagal 7(1), pointe (a), nó (3).

3.    Le haghaidh na tréimhsí is gá a ríomh chun an ceart buanchónaithe a fháil i gcomhréir le mír 1, féadfaidh an Eilvéis agus na Ballstáit a chinneadh gan tréimhsí 6 mhí nó níos mó a chur san áireamh ina bhfuil an duine ag brath go hiomlán ar chúnamh sóisialta.

4.    Baill teaghlaigh a bhfuil cónaí orthu go dleathach le náisiúnach Ballstáit nó leis an Eilvéis sa Stát óstach, gheobhaidh siad an ceart buanchónaithe freisin ar feadh tréimhse leanúnach 5 bliana.


5.    Ní dhéanfaidh neamhláithreachtaí sealadacha nach faide ná 6 mhí in aghaidh na bliana san iomlán, nó neamhláithreachtaí ar feadh tréimhse níos faide i gcás seirbhís mhíleata éigeantach, nó neamhláithreacht amháin nach faide ná 12 mhí as a chéile ar chúiseanna tábhachtacha amhail toircheas agus breith clainne, breoiteacht thromchúiseach, staidéar nó gairmoiliúint, nó postú i dtír eile, difear do leanúnachas cónaithe.

6.    Nuair a gheofar é, ní chaillfear an ceart buanchónaithe ach amháin trí neamhláithreacht ón Stát óstach ar feadh tréimhse níos faide ná 2 bhliain as a chéile.

7.    De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit agus an Eilvéis a chinneadh go bhfaighidh náisiúnaigh de chuid na mBallstát agus na hEilvéise a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil ar feadh tréimhse leanúnach 5 bliana i gcríoch Páirtí Chonarthaigh eile an ceart buanchónaithe.;

(d)    in Airteagal 24:

(i)    i mír 1, cuirfear na focail sa Chomhaontú in ionad na bhfocal sa Chonradh agus sa dlí tánaisteach;

(ii)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an Stát óstach teidlíocht ar chúnamh sóisialta a thabhairt le linn na chéad 3 mhí cónaithe nó, i gcás inarb iomchuí, le linn na tréimhse is faide dá bhforáiltear in Airteagal 14(4), pointe (b), ná ní bheidh sé d’oibleagáid air cabhair chothabhála a dheonú le haghaidh staidéir, lena n‑áirítear gairmoiliúint, arb é atá ann deontais do mhic léinn nó iasachtaí do mhic léinn do dhaoine seachas oibrithe, daoine féinfhostaithe, daoine a choimeádann an stádas sin agus baill dá dteaghlaigh.’;


(e)    ní bheidh feidhm ag mír 2 ná ag mír 3 dAirteagal 28;

(f)    in Airteagal 33, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘Féadfaidh an Eilvéis agus na Ballstáit, in ionad na nósanna imeachta a leagtar síos i mír 2 a chur i bhfeidhm, a áirithiú go ndéanfar orduithe díbeartha a fhorfheidhmiú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 64/221/CEE*

_______________

*    Treoir 64/221/CEE ón gComhairle an 25 Feabhra 1964 maidir le comhordú beart speisialta a bhaineann le gluaiseacht agus cónaí náisiúnach coigríche, ar bearta iad a bhfuil údar cuí leo ar fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí (IO 56, 4.4.1964, lch. 850), de réir mar is infheidhme tráth theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe an 1 Meitheamh 2002;

(g)    chun críocha an Chomhaontaithe seo, beidh feidhm ag an Treoir ón gcéad lá tar éis dheireadh na hidirthréimhse a leagtar amach in Airteagal 23b(1) den Chomhaontú seo.

4.    32006 R 0635: Rialachán (CE) Uimh. 635/2006 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2006 lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1251/70 maidir le ceart oibrithe fanacht i gcríoch Ballstáit tar éis dóibh a bheith fostaithe sa Stát sin (IO L 112, 26.4.2006, lch. 9).


5.    32011 R 0492: Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse ghluaiseachta doibrithe laistigh den Aontas (IO L 141, 27.5.2011, lch. 1), arna leasú le:

   32016 R 0589: Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 (IO L 107, 22.4.2016, lch. 1),

   32019 R 1149: Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 21).

Léifear forálacha an Rialacháin, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a)    Léifear Airteagal 9(1) mar a leanas: Gan dochar dAirteagal 7f den Chomhaontú, aon oibrí ar náisiúnach de Pháirtí Conarthach é agus atá fostaithe i gcríoch Páirtí Chonarthaigh eile, teachtfaidh sé na cearta agus na sochair uile a thugtar doibrithe náisiúnta i gcúrsaí tithíochta, lena náirítear úinéireacht ar an tithíocht atá de dhíth air.;

(b)    in Airteagal 36:

(i)    ní bheidh feidhm ag mír 1;

(ii)    i mír 2, léifear an tagairt do bearta arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 48 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh mar thagairt do ghníomhartha dlí an Aontais Eorpaigh i réimse na slándála sóisialta arna gcomhtháthú sa Chomhaontú seo.


6.    32012 R 1024: Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena naisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1), arna leasú le:

   32013 L 0055: Treoir 2013/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 132),

   32014 L 0060: Treoir 2014/60/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 (IO L 159, 28.5.2014, lch. 1), a ceartaíodh le IO L 147, 12.6.2015, lch. 24,

   32014 L 0067: Treoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 (IO L 159, 28.5.2014, lch. 11),

   32016 R 1191: Rialachán (AE) 2016/1191 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 (IO L 200, 26.7.2016, lch. 1),

   32016 R 1628: Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 (IO L 252, 16.9.2016, lch. 53), a ceartaíodh le IO L 231, 6.9.2019, lch. 29,

   32018 R 1724: Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1),

   32020 L 1057: Treoir (AE) 2020/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 (IO L 249, 31.7.2020, lch. 49),


   32020 R 1055: Rialachán (AE) 2020/1055 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 (IO L 249, 31.7.2020, lch. 17).

Úsáidfidh an Eilvéis Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) mar thríú tír le haghaidh malartuithe faisnéise, lena n‑áirítear sonraí pearsanta, le gníomhaithe IMI laistigh den Aontas chun nósanna imeachta um chomhar riaracháin a chur chun feidhme i gcás inarb infheidhme chun críocha an Chomhaontaithe seo.

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, leanann an Coimisiún de bheith den tuairim go dtugann an Eilvéis cosaint leordhóthanach ar shonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 23(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 fad a fhanfaidh Cinneadh 2000/518/CE 16 i bhfeidhm. Chun críocha na hIarscríbhinne seo agus mar a shainítear in Airteagal 4 de Threoir 96/71/CE agus in Airteagail 6, 7, Airteagal 10(3), agus Airteagail 14 go 18 de Threoir 2014/67/AE, úsáidfidh an Eilvéis IMI i gcomhréir le prionsabail agus módúlachtaí na malartuithe a leagtar amach sna hAirteagail sin.

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, measfar gur údaráis inniúla iad Commissions Paritaires na hEilvéise de réir bhrí Airteagal 5, an dara mír, pointe (f), de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 agus Airteagal 2, pointe (a), de Threoir 2014/67/AE. Úsáidfidh siad IMI chun comhar a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 96/71/CE agus in Airteagal 6, in Airteagal 7 agus in Airteagal 10(3) de Threoir 2014/67/AE nuair a dhéanfaidh siad, de réir mar a chuireann an Eilvéis de chúram orthu, comhaontuithe comhchoiteanna saothair na hEilvéise agus dlí na hEilvéise maidir le hoibrithe ar postú a fhorghníomhú, i gcomhréir le Treoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE.


Léifear forálacha Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, chun críocha an Chomhaontaithe, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a)    sa chéad abairt dAirteagal 5, tuigfear an tagairt do Threoir 95/46/CE, a mhéid a bhaineann sé leis an Eilvéis, mar thagairt don reachtaíocht náisiúnta ábhartha;

(b)    ní bheidh feidhm ag Airteagal 8(1), pointe (e), maidir leis an Eilvéis;

(c)    in Airteagal 9(5), a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, cuirtear dlí an Aontais arna chomhtháthú sa Chomhaontú seo in ionad na bhfocal dlí an Aontais;

(d)    in Airteagal 10(1), a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, cuirtear na focail i gcomhréir le reachtaíocht na hEilvéise in ionad na bhfocal i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta nó le reachtaíocht an Aontais;

(e)    in Airteagal 16(1) agus (2), tuigfear gur tagairtí don reachtaíocht náisiúnta ábhartha iad tagairtí do Threoir 95/46/CE, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis;

(f)    in Airteagal 17(4), tuigfear an tagairt do Threoir 95/46/CE, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, mar thagairt don reachtaíocht náisiúnta ábhartha;

(g)    in Airteagal 18(1), tuigfear an tagairt do Threoir 95/46/CE, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, mar thagairt don reachtaíocht náisiúnta ábhartha;

(h)    in Airteagal 20, tuigfear an tagairt do Threoir 95/46/CE, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, mar thagairt don reachtaíocht náisiúnta ábhartha;


(i)    in Airteagal 21:

(i)    i mír 1, tuigfear an tagairt do Threoir 95/46/CE, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, mar thagairt don reachtaíocht náisiúnta ábhartha;

(ii)    ní bheidh feidhm ag mír 3;

(j)    ní bheidh feidhm ag Airteagal 25;

(k)    léifear Airteagal 26(1) i gcomhréir le hAirteagal 13 den Phrótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú seo;

(l)    áireofar an Eilvéis in IMI ar an gcéad lá den seachtú mí is tríocha tar éis theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh.

7.    32014 L 0054: Treoir 2014/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le bearta lena néascaítear feidhmiú na gceart a thugtar doibrithe i gcomhthéacs na saorghluaiseachta doibrithe (IO L 128, 30.4.2014, lch. 8).

Léifear forálacha na Treorach, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a)    cuirtear an focal oibrithe in ionad na bhfocal oibrithe an Aontais;

(b)    in Airteagail 1 agus 3, cuirtear na focail an Comhaontú in ionad na bhfocal Airteagal 45 CFAE;


(c)    in Airteagal 4, cuirtear na focail na rialacha maidir le saorghluaiseacht oibrithe de bhun an Chomhaontaithe in ionad na bhfocal rialacha an Aontais maidir le saorghluaiseacht oibrithe agus ní bheidh feidhm ag an bhfocal SOLVIT;

(d)    in Airteagal 6, cuirtear na focail leis an gComhaontú in ionad na bhfocal le dlí an Aontais;

(e)    in Airteagal 7, cuirtear na focail leis an gComhaontú in ionad na bhfocal le hAirteagal 21 CFAE agus Treoir 2004/38/CE;

(f)    chun críocha an Chomhaontaithe seo, beidh feidhm ag an Treoir ón gcéad lá den chúigiú mí is fiche tar éis theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh.

8.    32014 L 0067: Treoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le forfheidhmiú Threoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (Rialachán IMI) (IO L 159, 28.5.2014, lch. 11).


Léifear forálacha na Treorach, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a)    in Airteagal 1:

(i)    i mír 1, an dara fomhír, in ionad na bhfocal agus feidhmiú na saoirse chun seirbhísí a sholáthar do sholáthraithe seirbhíse á éascú agus iomaíocht chóir á chur chun cinn idir soláthraithe seirbhíse, agus tacaíocht á tabhairt ar an gcaoi sin dfheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh is éard a bheidh ann agus feidhmiú na saoirse chun seirbhísí a sholáthar á éascú, a mhéid a fhoráiltear sa Chomhaontú, agus iomaíocht chóir á cur chun cinn idir soláthraithe seirbhíse, a mhéid a fhoráiltear sa Chomhaontú, agus tacaíocht á tabhairt ar an gcaoi sin dfheidhmiú na réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach;

(ii)    i mír 2, cuirtear na focail dfheidhmiú na gceart bunúsach mar a aithnítear iad sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais agus san Eilvéis in ionad na bhfocal dfheidhmiú na gceart bunúsach mar a aithnítear iad sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais;

(b)    in Airteagal 4(3), pointe (c), a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, cuirtear na focail de réir an Choinbhinsiúin maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, arna dhéanamh in Lugano an 30 Deireadh Fómhair 2007 in ionad na bhfocal de réir Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 (An Róimh I) agus/nó Coinbhinsiún na Róimhe;


(c)    in Airteagal 6:

(i)    sa dara fomhír de mhír 5, cuirtear na focail cuirfear an Comhchoiste ar an eolas dfhonn teacht ar réiteach in ionad glacfaidh an Coimisiún na bearta iomchuí ach é a bheith ar an eolas, i gcás inarb ábhartha trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh;

(ii)    i mír 10, cuirtear na focail dlí náisiúnta ábhartha agus leis an gComhaontú in ionad na bhfocal dlí náisiúnta ábhartha agus le dlí an Aontais.

(d)    in Airteagal 7(6), cuirtear na focail an Chomhaontaithe in ionad na bhfocal dhlí an Aontais.

(e)    in Airteagal 9:

(i)    i mír 1:

   sa chéad fhomhír, cuirtear na focail leis an gComhaontú in ionad na bhfocal dlí an Aontais;

   sa dara fomhír, pointe (a), i gcás na hEilvéise, in ionad na bhfocal nuair a thosaítear ag soláthar na seirbhíse ar a dhéanaí is éard a bheidh ann nuair a thosaítear ag soláthar na seirbhíse ar a dhéanaí, ceithre lá oibre ar a mhéad in earnálacha sonracha roimh an bpostú do sholáthraithe seirbhíse a phostálann oibrithe ar a críoch chun rialuithe ar an láthair a dhéanamh (Saineoidh an Eilvéis go huathrialach na hearnálacha agus na réimsí a chumhdaítear leis an tréimhse réamhfhógra ar bhonn anailís riosca oibiachtúil, ar bhealach comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach, agus é á chur san áireamh go dteorannaítear leis an gComhaontú an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar do 90 lá dobair iarbhír in aghaidh na bliana féilire):


(ii)    i mír 3, cuirtear na focail as an gComhaontú in ionad na bhfocal as reachtaíocht an Aontais;

(iii)    i mír 5, ní bheidh feidhm ag an dara fomhír ná ag an tríú fomhír maidir leis an Eilvéis;

(f)    in Airteagal 10(2), cuirtear an abairt seo a leanas leis:

‘Saineoidh an Eilvéis go huathrialach cainníocht an rialaithe agus an dlús rialaithe, chomh maith leis na hearnálacha agus na limistéir atá le rialú, ar bhonn anailís riosca oibiachtúil, ar bhealach comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach, agus é á chur san áireamh go dteorannaíonn an Comhaontú an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar do 90 lá oibre iarbhír in aghaidh na bliana féilire’;

(g)    in Airteagal 12:

(i)    i mír 4, cuirtear na focail leis an gComhaontú in ionad na bhfocal le dlí an Aontais;

(ii)    i mír 6, cuirtear na focail leis an gComhaontú agus leis an dlí agus/nó an cleachtas náisiúnta in ionad na bhfocal le dlí an Aontais agus dlí agus/nó cleachtas náisiúnta;

(iii)    ní bheidh feidhm ag mír 8 maidir leis an Eilvéis;


(h)    in Airteagal 20, cuirtear na habairtí seo a leanas leis:

‘I gcás soláthraithe seirbhíse nár chomhlíon a n‑oibleagáidí airgeadais i leith údaráis agus comhlachtaí forfheidhmiúcháin maidir le soláthar seirbhísí roimhe sin, beidh an Eilvéis in ann a cheangal go ndéanfar ráthaíocht airgeadais chomhréireach a thaisceadh sula bhféadfaidh siad seirbhísí a sholáthar arís in earnálacha arna gcinneadh ar bhonn anailís riosca uathrialach agus oibiachtúil. I gcás nach n‑íocfar an ráthaíocht airgeadais, beidh an Eilvéis in ann smachtbhannaí comhréireacha a fhorchur suas leis an toirmeasc ar sheirbhísí a sholáthar go dtí go n‑íocfar an ráthaíocht.’;

(i)    chun críocha an Chomhaontaithe seo, beidh feidhm ag an Treoir ón gcéad lá tar éis dheireadh na hidirthréimhse a leagtar amach in Airteagal 23b(2) den Chomhaontú.

9.    32016 R 0589: Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 107, 22.4.2016, lch. 1), arna leasú le:

   32019 R 1149: Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 21).


Léifear forálacha an Rialacháin, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a)    chun críocha an Chomhaontaithe, leanann an Coimisiún de bheith den tuairim go dtugann an Eilvéis cosaint leordhóthanach ar shonraí pearsanta dá dtagraítear faoi Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2016/589 fad a fhanfaidh Cinneadh 2000/518/CE 17 i bhfeidhm;

(b)    cuirtear na focail Airteagal 4 den Chomhaontú in ionad na bhfocal Airteagal 45 CFAE;

(c)    cuirtear na focail náisiúnaigh na mBallstát agus na hEilvéise in ionad na bhfocal saoránaigh an Aontais;

(d)    in Airteagal 6:

(i)    ní bheidh feidhm ag tagairtí dAirteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ná dAirteagal 145 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

(ii)    i bpointe (d), cuirtear na focail san Aontas agus san Eilvéis in ionad na bhfocal san Aontas agus cuirtear na focail i gcomhréir leis an gComhaontú agus leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta in ionad na bhfocal i gcomhréir le dlí agus cleachtas an Aontais agus an dlí náisiúnta;

(e)    in Airteagal 9(4), pointe (c), cuirtear na focail rialacha agus ionstraimí atá ann cheana is infheidhme de bhun an Chomhaontaithe in ionad na bhfocal rialacha agus ionstraimí de chuid an Aontais atá ann cheana;


(f)    in Airteagal 34, tuigfear an tagairt do Threoir 95/46/CE, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, mar thagairt don reachtaíocht náisiúnta ábhartha.

10.    32017 D 1255: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1255 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2017 maidir le teimpléad le haghaidh na tuairisce ar chórais agus nósanna imeachta náisiúnta chun eagraíochtaí a ligean isteach le bheith ina gComhaltaí agus ina gComhpháirtithe de chuid EURES (IO L 179, 12.7.2017, lch. 18).

11.    32017 D 1256: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1256 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2017 maidir le teimpléid agus nósanna imeachta chun faisnéis a mhalartú maidir le cláir oibre náisiúnta líonra EURES ar leibhéal an Aontais (IO L 179, 12.7.2017, lch. 24).

12.    32017 D 1257: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1257 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2017 maidir leis na caighdeáin theicniúla agus na formáidí is gá le haghaidh córas aonfhoirmeach chun gur féidir folúntais a mheaitseáil le hiarratais ar phoist agus le CVanna ar thairseach EURES (IO L 179, 12.7.2017, lch. 32).

13.    32018 D 0170: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/170 ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2018 maidir le mionsonraíochtaí aonfhoirmeacha i ndáil le sonraí a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú líonra EURES (IO L 31, 3.2.2018, lch. 104).

14.    32018 D 1020: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1020 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2018 maidir le liosta scileanna, inniúlachtaí agus gairmeacha an aicmithe Eorpaigh a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta chun críche meaitseáil uathoibrithe trí ardán coiteann TF EURES (IO L 183, 19.7.2018, lch. 17).


15.    32018 D 1021: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1021 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2018 maidir le glacadh na gcaighdeán teicniúil agus na bhformáidí teicniúla is gá chun an mheaitseáil uathoibrithe a oibriú tríd an ardán coiteann TF trí úsáid a bhaint as an aicmiú Eorpach agus as an idir-inoibritheacht idir na córais náisiúnta agus an taicmiú Eorpach (IO L 183, 19.7.2018, lch. 20).

16.    32018 R 1724: Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1), arna leasú le:

   32022 R 0868: Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 (IO L 152, 3.6.2022, lch. 1),

   32024 R 1252: Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 (IO L, 2024/1252, 3.5.2024),

   32024 R 1735: Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 (IO L, 2024/1735, 28.6.2024).

Tá roinnt de na réimsí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1724 agus cuid de na nósanna imeachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin lasmuigh de raon feidhme an Chomhaontaithe seo. Tá comhtháthú an Rialacháin sin sa Chomhaontú seo gan dochar do raon feidhme an Chomhaontaithe.


Léifear forálacha an Rialacháin, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a)    in Airteagal 1(1):

(i)    i bpointe (a), cuirtear na focail faoin gComhaontú in ionad na bhfocal faoi dhlí an Aontais i réimse an mhargaidh inmheánaigh, de réir bhrí Airteagal 26(2) CFAE;

(ii)    i bpointe (b), ní bheidh feidhm ag na tagairtí do Threoracha 2006/123/CE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE;

(b)    in Airteagal 13(2), pointe (c), tuigfear an tagairt do Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, mar thagairt don reachtaíocht náisiúnta ábhartha;

(c)    in Airteagal 14:

(i)    i mír 1, ní bheidh feidhm ag na tagairtí do Threoracha 2006/123/CE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE;

(ii)    i mír 5, tuigfear an tagairt do Rialachán (AE) 2016/679, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, mar thagairt don reachtaíocht náisiúnta ábhartha;

(d)    in Airteagal 30(1), pointe (b), tuigfear an tagairt do Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, mar thagairt don reachtaíocht náisiúnta ábhartha.


17.    32019 R 1157: Rialachán (AE) 2019/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le neartú a dhéanamh ar shlándáil cártaí aitheantais shaoránaigh an Aontais agus doiciméad cónaithe arna neisiúint do shaoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta (IO L 188, 12.7.2019, lch. 67).

Léifear forálacha an Rialacháin, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a)    cuirtear na téarmaí náisiúnach Ballstáit nó na hEilvéise agus náisiúnaigh de chuid na mBallstát agus na hEilvéise in ionad na dtéarmaí saoránach den Aontas agus saoránaigh den Aontas faoi seach;

(b)    in Airteagal 3:

(i)    i mír 4, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, ní bheidh feidhm ag na focail agus é clóite droim ar ais i ndronuilleog ghorm agus 12 cheann de réaltaí buí i gciorcal timpeall air;

(ii)    i mír 5, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás ina n‑eiseofar cártaí aitheantais gan meán stórála an-slán ina bhfuil dhá mhéarlorg an tsealbhóra, ní ghlacfar leis na cártaí aitheantais sin chun críocha iontrála agus cónaithe i bPáirtithe Conarthacha eile agus beidh siad inaitheanta ó amharc ó chártaí aitheantais a chomhlíonann ceanglais na chéad fhomhíre.’;


(c)    in Airteagal 5:

(i)    i mír 1, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, in ionad na bhfocal faoin 3 Lúnasa 2031 is éard a bheidh ann aon bhliain déag tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine (“an Prótacal Leasaitheach”);

(ii)    i mír 2, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, cuirfear na focail 6 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh in ionad na bhfocal faoin 3 Lúnasa 2026;

(d)    in Airteagal 6, pointe (h), a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, ní bheidh feidhm ag na focail clóite droim ar ais i ndronuilleog ghorm agus 12 cheann de réaltaí buí i gciorcal timpeall air;

(e)    in Airteagal 7(2), maidir leis na Ballstáit, cuirfear na focail Ball Teaghlaigh CH in ionad Ball Teaghlaigh AE;

(f)    in Airteagal 8:

(i)    i mír 1, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, cuirfear na focail 6 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh in ionad na bhfocal faoin 3 Lúnasa 2026;

(ii)    i mír 2, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, cuirfear na focail 3 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh in ionad na bhfocal faoin 3 Lúnasa 2023;

(g)    in Airteagal 10(2), a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, ní bheidh feidhm ag na focail an Chairt;


(h)    in Airteagal 11:

(i)    a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, tuigfear tagairtí do Rialachán (AE) 2016/679 mar tagairt don reachtaíocht náisiúnta ábhartha.

(ii)    i mír 4, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, in ionad na bhfocal faoi dhlí an Aontais, is éard a bheidh ann faoin gComhaontú;

(i)    in Airteagal 16, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, in ionad na bhfocal 2 Lúnasa 2021, is éard a bheidh ann 1 bhliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh;

18.    32020 R 1121: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1121 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2020 maidir le staidreamh agus aiseolas úsáideora i ndáil le seirbhísí na tairsí aonair digití a bhailiú agus a chomhroinnt i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 245, 30.7.2020, lch. 3)..

________________

IARSCRÍBHINN II

SCÉIMEANNA SLÁNDÁLA SÓISIALTA A CHOMHORDÚ

Leasuithe ar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú:

IARSCRÍBHINN II

SCÉIMEANNA SLÁNDÁLA SÓISIALTA A CHOMHORDÚ

I.    RÉAMHRÁ

Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagail 2 go 9 den Chomhaontú, beidh feidhm ag gníomhartha dlí an Aontais a liostaítear i Roinn II den Iarscríbhinn seo faoi réir phrionsabal an ailínithe dhinimiciúil dá dtagraítear in Airteagal 5 den Phrótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú seo, agus faoi réir na n‑eisceachtaí a liostaítear i mír 7 den Airteagal sin.

Mura bhforáiltear a mhalairt in oiriúnuithe teicniúla, na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear i ngníomhartha dlí an Aontais arna gcomhtháthú san Iarscríbhinn seo le haghaidh Bhallstáit an Aontais, tuigfear go ndéanfar foráil maidir leo don Eilvéis. Cuirfear an méid sin i bhfeidhm agus lánurraim á tabhairt don Phrótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú seo.


Gan dochar d’Airteagal 16 den Phrótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú seo, agus mura bhforáiltear a mhalairt in oiriúnuithe teicniúla, beidh forálacha na ngníomhartha a liostaítear i Roinn II, lena gceanglaítear ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar do Bhallstáit eile nó don Choimisiún, infheidhme maidir leis an Eilvéis. I gcás ina mbaineann an fhaisnéis sin le faireachas nó le cur i bhfeidhm, cuirfidh an Eilvéis an fhaisnéis sin in iúl tríd an gComhchoiste.

II.    OIRIÚNUITHE EARNÁLA

1.    Maidir leis na gníomhartha a liostaítear san Iarscríbhinn seo, beidh feidhm ag na heisceachtaí seo a leanas a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis:

(a)    déanfar reachtaíocht cantúin maidir le réamhíocaíochtaí cothabhála a eisiamh ó na rialacha comhordaithe maidir le slándáil shóisialta;

(b)    ní onnmhaireofar sochair fhorlíontacha agus sochair chomhchosúla dá bhforáiltear faoin reachtaíocht cantúin;

(c)    ní onnmhaireofar sochair mheasctha neamhranníocacha i gcás dífhostaíochta, dá bhforáiltear le reachtaíocht cantúin;

(d)    daoine a bhfuil feidhm ag an gComhaontú maidir leo agus a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Eilvéis agus den Aontas, féadfaidh siad dul isteach sa scéim árachais shaorálaigh tráth nach déanaí ná bliain amháin ón dáta a scoir siad de bheith faoi chumhdach árachas seanaoise, cleithiúnaithe marthanacha agus easláine agus tar éis tréimhse leanúnach árachais 5 bliana ar a laghad;


(e)    daoine atá ag obair lasmuigh den Eilvéis agus den Aontas dfhostóir san Eilvéis agus a scoireann de bheith árachaithe faoi árachas seanaoise, cleithiúnaithe marthanacha agus easláine na hEilvéise tar éis tréimhse leanúnach árachais 5 bliana ar a laghad, féadfaidh siad leanúint den árachas, le toiliú an fhostóra, má chuireann siad iarratas isteach laistigh de 6 mhí ón dáta a scoir siad de bheith árachaithe;

(f)    ní onnmhaireofar an liúntas anbhainne arna dheonú faoi Dhlí Cónaidhme an 19 Meitheamh 1959 maidir le hárachas easláine agus faoi Dlí Cónaidhme an 20 Nollaig 1946 maidir le hárachas seanaoise agus cleithiúnaithe marthanacha.

2.    Is iad seo a leanas na módúlachtaí le haghaidh rannpháirtíocht na hEilvéise sa Choimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta agus sa Choimisiún Teicniúil um Próiseáil Sonraí agus sa Bhord Iniúchóireachta, iad araon i gceangal leis an gCoimisiún Riaracháin:

Féadfaidh an Eilvéis ionadaí, a bheidh i láthair i gcáil chomhairleach (breathnóir), a chur chuig cruinnithe an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta, a bheidh i gceangal leis an gCoimisiún Eorpach, agus chuig cruinnithe an Choimisiúin Theicniúil um Próiseáil Sonraí agus chuig cruinnithe an Bhoird Iniúchóireachta.

3.    Leagtar amach i bPrótacal I, ar cuid dhílis den Iarscríbhinn seo é, forálacha speisialta maidir leis na socruithe idirthréimhseacha a bhaineann le hárachas dífhostaíochta do náisiúnaigh Ballstát áirithe a bhfuil cead cónaithe Eilvéiseach acu atá bailí ar feadh níos lú ná 1 bhliain amháin, maidir le liúntais na hEilvéise do dhaoine anbhanna agus maidir leis an idirthréimhse chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a chur i bhfeidhm maidir leis an scéim pinsin leathnaithe faoi na pleananna sochair ceirde.


4.    Leagtar amach i bPrótacal II, ar cuid dhílis den Iarscríbhinn seo é, na socruithe a bhaineann le cosaint na gceart arna bhfáil ag daoine aonair príobháideacha faoin gComhaontú seo mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas.

A.    COMHORDÚ SLÁNDÁLA SÓISIALTA GINEARÁLTA

A.1    GNÍOMHARTHA DÁ dTAGRAÍTEAR

1.    32004 R 0883: Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1), a ceartaíodh le IO L 200, 7.6.2004, lch. 1 agus IO L 204, 4.8.2007, lch. 30, arna leasú le:

   32009 R 0988: Rialachán (CE) Uimh. 988/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 (IO L 284, 30.10.2009, lch. 43),

   32010 R 1244: Rialachán (AE) Uimh. 1244/2010 ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2010 (IO L 338, 22.12.2010, lch. 35),

   32012 R 0465: Rialachán (AE) Uimh. 465/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 (IO L 149, 8.6.2012, lch. 4),

   32012 R 1224: Rialachán (AE) Uimh. 1224/2012 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2012 (IO L 349, 19.12.2012, lch. 45),

   32013 R 0517: Rialachán (AE) Uimh. 517/2013 ón gComhairle an 13 Bealtaine 2013 (IO L 158, 10.6.2013, lch. 1),


   32013 R 1372: Rialachán (AE) Uimh. 1372/2013 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2013 (IO L 346, 20.12.2013, lch. 27), arna leasú le:

   32014 R 1368: Rialachán (AE) Uimh. 1368/2014 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2014 (IO L 366, 20.12.2014, lch. 15), a ceartaíodh le IO L 288, 22.10.2016, lch. 58,

   32017 R 0492: Rialachán (AE) 2017/492 ón gCoimisiún an 21 Márta 2017 (IO L 76, 22.3.2017, lch. 13),

   32019 R 1149: Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 21).

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, déanfar Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a oiriúnú mar a leanas:

(a)    cuirtear an téacs seo a leanas le hIarscríbhinn I, Roinn I:

‘An Eilvéis

Reachtaíocht cantúin maidir le réamhíocaíochtaí cothabhála bunaithe ar mhír 1 d’Airteagal 131a agus mír 2 d’Airteagal 293 d’Acht Sibhialta na Cónaidhme an 10 Nollaig 1907.’;


(b)    cuirtear an téacs seo a leanas le hIarscríbhinn I, Roinn II:

‘An Eilvéis

Deontais bhreithe agus deontais uchtála de bhun na reachtaíochta cantúin ábhartha bunaithe ar mhír 2 d’Airteagal 3 de Dhlí Cónaidhme an 24 Márta 2006 maidir le Liúntais Teaghlaigh.’;

(c)    cuirtear an téacs seo a leanas le hIarscríbhinn II:

‘An Ghearmáin-an Eilvéis

(a)    Coinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 25 Feabhra 1964, arna leasú le Coinbhinsiúin Chomhlántacha Uimh. 1 an 9 Meán Fómhair 1975 agus Uimh. 2 an 2 Márta 1989:

(i)    pointe 9b, mír 1, Uimh. 1-4 den Phrótacal Críochnaitheach (reachtaíocht is infheidhme agus teidlíocht ar shochair bhreoiteachta chomhchineáil le haghaidh cónaitheoirí deisiach Gearmánach Büsingen);

(ii)    pointe 9e, mír 1(b), an chéad abairt, an dara habairt agus an ceathrú habairt, den Phrótacal Críochnaitheach (rochtain ar árachas breoiteachta saorálach sa Ghearmáin trí athlonnú sa Ghearmáin).


(b)    Coinbhinsiún maidir le hárachas dífhostaíochta an 20 Deireadh Fómhair 1982, arna leasú le Prótacal Breise an 22 Nollaig 1992:

Airteagal 8(5), ranníocfaidh an Ghearmáin (ceantar Büsingen) suim atá comhionann leis an ranníocaíocht cantúin faoi dhlí na hEilvéise le costas áiteanna iarbhír ar bhearta chun fostaíocht a chur chun cinn d’oibrithe faoi réir na forála seo.

An Spáinn-an Eilvéis

Pointe 17 de Phrótacal Críochnaitheach an 13 Deireadh Fómhair 1969, arna leasú le Coinbhinsiún Comhlántach an 11 Meitheamh 1982; daoine atá árachaithe faoi scéim na Spáinne de bhua na forála seo, tá siad díolmhaithe ón gceanglas dul isteach i scéim árachais breoiteachta na hEilvéise.

An Iodáil-an Eilvéis

Airteagal 9(1) de Choinbhinsiún an 14 Nollaig 1962 maidir le slándáil shóisialta, arna leasú le Coinbhinsiún Comhlántach Uimh. 1 an 18 Nollaig 1963, Comhaontú Comhlántach an 4 Iúil 1969, Prótacal Breise an 25 Feabhra 1974 agus Comhaontú Comhlántach Uimh. 2 an 2 Aibreán 1980.’;

(d)    cuirtear an téacs seo a leanas le hIarscríbhinn IV:

‘An Eilvéis’;


(e)    cuirtear an téacs seo a leanas le hIarscríbhinn VIII, cuid 1:

‘An Eilvéis

Gach éileamh ar phinsin seanaoise, cleithiúnaithe marthanacha agus easláine faoin mbunscéim (Dlí Cónaidhme an 20 Nollaig 1946 maidir le hárachas seanaoise agus cleithiúnaithe marthanacha agus Dlí Cónaidhme an 19 Meitheamh 1959 maidir le hárachas easláine) agus ar phinsin seanaoise ón scéim pinsin íosta agus ón scéim pinsin leathnaithe faoi na pleananna sochair ceirde reachtúla (Dlí Cónaidhme an 25 Meitheamh 1982 maidir le pleananna sochair ceirde le haghaidh árachas seanaoise, cleithiúnaithe marthanacha agus easláine).’;

(f)    cuirtear an téacs seo a leanas le hIarscríbhinn VIII, cuid 2:

‘An Eilvéis

Pinsin seanaoise, cleithiúnaithe marthanacha agus easláine ón scéim pinsin íosta agus ón scéim pinsin leathnaithe faoi na pleananna sochair ceirde reachtúla (Dlí Cónaidhme an 25 Meitheamh 1982 maidir le pleananna sochair ceirde le haghaidh árachas seanaoise, cleithiúnaithe marthanacha agus easláine).’;

(g)    cuirtear an téacs seo a leanas le hIarscríbhinn IX, cuid II:

‘An Eilvéis

Pinsin cleithiúnaithe marthanacha agus easláine ón scéim pinsin íosta agus ón scéim pinsin leathnaithe faoi na pleananna sochair ceirde reachtúla (Dlí Cónaidhme an 25 Meitheamh 1982 maidir le pleananna sochair ceirde le haghaidh árachas seanaoise, cleithiúnaithe marthanacha agus easláine).’;


(h)    cuirfear an téacs seo a leanas le hIarscríbhinn X:

‘An Eilvéis

1.    Sochair fhorlíontacha (Dlí Cónaidhme an 6 Deireadh Fómhair 2006 maidir le Sochair Fhorlíontacha) agus sochair chomhchosúla dá bhforáiltear faoi reachtaíocht cantúin.

2.    Pinsin i gcás cruatan faoi árachas easláine (Airteagal 28 fomhír 1a de Dhlí Cónaidhme an 19 Meitheamh 1959 maidir le hÁrachas Easláine, arna leasú an 7 Deireadh Fómhair 1994).

3.    Sochair mheasctha neamhranníocacha i gcás dífhostaíochta, dá bhforáiltear faoi reachtaíocht cantúin.

4.    Pinsin easláine urghnácha neamhranníocacha do dhaoine faoi mhíchumas (Airteagal 39 de Dhlí Cónaidhme an 19 Meitheamh 1959 maidir le hÁrachas Easláine) nach raibh, roimh a néagumas chun oibre, faoi réir reachtaíocht na hEilvéise ar bhonn gníomhaíochta mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe.;


(i)    cuirtear an téacs seo a leanas le hIarscríbhinn XI:

‘An Eilvéis

1.    Beidh feidhm ag Airteagal 2 de Dhlí Cónaidhme an 20 Nollaig 1946 maidir le hÁrachas Seanaoise agus Cleithiúnaithe Marthanacha agus ag Airteagal 1b de Dhlí Cónaidhme an 19 Meitheamh 1959 maidir le hÁrachas Easláine, lena rialaítear árachas saorálach sna brainsí árachais sin do náisiúnaigh Eilvéiseacha a bhfuil cónaí orthu i Stáit nach bhfuil faoi réir an Chomhaontaithe seo, maidir le daoine a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Eilvéis agus ar náisiúnaigh iad de na Stáit eile a bhfuil feidhm ag an gComhaontú seo maidir leo, agus maidir le dídeanaithe agus daoine gan stát a bhfuil cónaí orthu i gcríoch na Stát sin, i gcás ina dtéann na daoine sin isteach sa scéim árachais shaorálaigh tráth nach déanaí ná 1 bhliain amháin ón dáta ar scoir siad de bheith cumhdaithe ag árachas seanaoise, árachas cleithiúnaithe marthanacha agus árachas easláine tar éis tréimhse leanúnach árachais 5 bliana ar a laghad.

2.    I gcás ina scoirfidh duine de bheith árachaithe faoi árachas seanaoise, cleithiúnaithe marthanacha agus easláine na hEilvéise tar éis tréimhse leanúnach árachais 5 bliana ar a laghad, leanfaidh sé de bheith i dteideal árachas a fháil le comhaontú an fhostóra má oibríonn sé i Stát nach bhfuil feidhm ag an gComhaontú seo maidir leis dfhostóir san Eilvéis agus má chuireann sé iarratas chuige sin isteach laistigh de 6 mhí ón dáta a scoirfidh sé de bheith árachaithe.


3.    Árachas éigeantach faoi árachas breoiteachta na hEilvéise agus díolúintí féideartha

(a)    Beidh feidhm ag forálacha dlí na hEilvéise lena rialaítear árachas éigeantach breoiteachta maidir leis na daoine seo a leanas nach bhfuil cónaí orthu san Eilvéis:

(i)    daoine atá faoi réir fhorálacha dlí na hEilvéise faoi Theideal II den Rialachán;

(ii)    daoine a níocfaidh an Eilvéis costais na sochar ina leith de réir Airteagail 24, 25 agus 26 den Rialachán;

(iii)    daoine a fhaigheann sochair árachais dífhostaíochta ón Eilvéis;

(iv)    baill teaghlaigh le daoine dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii) nó le duine fostaithe nó féinfhostaithe a bhfuil cónaí air san Eilvéis agus atá árachaithe faoi scéim árachais breoiteachta na hEilvéise, ach amháin má tá cónaí ar na baill teaghlaigh sin i gceann de na Stáit seo a leanas: an Danmhairg, an Spáinn, an Ungáir, an Phortaingéil nó an tSualainn;

(v)    baill teaghlaigh le daoine dá dtagraítear i bpointe (ii) nó le pinsinéir a bhfuil cónaí air san Eilvéis agus atá árachaithe faoi scéim árachais breoiteachta na hEilvéise, ach amháin má tá cónaí ar na baill teaghlaigh sin i gceann de na Stáit seo a leanas: an Danmhairg, an Phortaingéil nó an tSualainn.


Ós rud é go meastar gur baill teaghlaigh iad na daoine sin a shainmhínítear mar bhaill teaghlaigh de réir reachtaíocht an Stáit chónaithe.

(b)    Féadfar daoine dá dtagraítear i bpointe (a), arna iarraidh sin, a dhíolmhú ó árachas éigeantach más rud é go bhfuil cónaí orthu i gceann de na Stáit seo a leanas, agus fad atá cónaí orthu i gceann acu, agus más féidir leo a chruthú go bhfuil siad incháilithe do chumhdach i gcás breoiteachta: an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, an Ostair, agus, a mhéid a bhaineann leis na daoine dá dtagraítear i bpointe (a)(iv) agus (v), an Fhionlainn, agus, maidir leis na daoine dá dtagraítear i bpointe (a)(ii), an Phortaingéil.

Maidir leis an iarraidh dá dtagraítear i bpointe (b):

(a)    cuirfear isteach í laistigh de 3 mhí ón dáta a ghabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid árachas a ghlacadh san Eilvéis; más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, go gcuirtear an iarraidh isteach tar éis an sprioc-ama sin, gabhfaidh éifeacht leis an díolúine ó thús na hoibleagáide árachais;

(b)    beidh feidhm aici maidir le gach ball teaghlaigh a chónaíonn sa Stát céanna.


4.    I gcás ina mbeidh duine atá faoi réir fhorálacha dlí na hEilvéise faoi Theideal II den Rialachán, agus pointe 3(b) á chur i bhfeidhm, faoi réir fhorálacha dlí Stáit eile a chumhdaítear leis an gComhaontú seo chun críoch árachais breoiteachta, roinnfear costais na sochar comhchineáil sin le haghaidh tionóiscí neamhcheirde go cothrom idir an tárachóir Eilvéiseach in aghaidh tionóiscí ceirde agus neamhcheirde agus galair cheirde agus an institiúid inniúil um árachas breoiteachta más ann do theidlíocht ar shochair chomhchineáil ón dá chomhlacht. Seasfaidh an tárachóir Eilvéiseach in aghaidh tionóiscí ceirde agus neamhcheirde agus galair cheirde na costais uile i gcás tionóiscí ceirde, timpistí ar an mbealach chun oibre nó galair cheirde, fiú i gcás ina bhfuil teidlíocht ar shochair ó chomhlacht árachais breoiteachta sa tír chónaithe.

5.    Daoine atá ag obair san Eilvéis ach nach bhfuil cónaí orthu san Eilvéis agus a bhfuil cumhdach árachais reachtúil acu ina Stát cónaithe i gcomhréir le pointe 3(b), chomh maith lena mbaill teaghlaigh, tairbheoidh siad dfhorálacha Airteagal 19 den Rialachán le linn dóibh fanacht san Eilvéis.

6.    Chun Airteagail 18, 19, 20 agus 27 den Rialachán a chur i bhfeidhm san Eilvéis, íocfaidh an tárachóir inniúil na costais shonrasctha uile.

7.    Tréimhsí árachais liúntais laethúil a chuirtear isteach faoi scéim árachais Stáit eile lena mbaineann an Comhaontú seo, cuirfear san áireamh iad chun cúlchiste féideartha in árachas liúntais laethúil a laghdú nó a chur i leataobh i gcás máithreachais nó breoiteachta ina bhfaigheann an duine árachas le hárachóir Eilvéiseach laistigh de 3 mhí tar éis di/dó scor de bheith cumhdaithe ag árachas i dtír eile.


8.    Maidir le duine a bhí fostaithe nó féinfhostaithe go sochrach san Eilvéis agus a chumhdaigh a riachtanais ríthábhachtacha, i gcás inar ghá dó scor dá ghníomhaíocht mar gheall ar thionóisc nó ar thinneas agus nach bhfuil sé faoi réir reachtaíocht na hEilvéise maidir le hárachas easláine a thuilleadh, measfar an duine sin a bheith cumhdaithe ag an árachas sin chun críoch incháilitheachta le haghaidh bearta athshlánúcháin go dtí go níocfar pinsean easláine agus le linn na tréimhse ar lena linn a thairbhíonn an duine de na bearta sin, ar choinníoll nach bhfuil gníomhaíocht nua á saothrú aige lasmuigh den Eilvéis..

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, léifear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 leis an oiriúnú seo a leanas:

In Airteagal 77(2) agus 78, an tagairt d’fhorálacha an Chomhphobail maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil agus saorghluaiseacht sonraí pearsanta, tuigfear í, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, mar thagairt don reachtaíocht náisiúnta ábhartha.

2.    32019 R 0500: Rialachán (AE) 2019/500 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019 lena mbunaítear bearta teagmhasacha i réimse chomhordú na slándála sóisialta tar éis tharraingt siar na Ríocht Aontaithe as an Aontas (IO L 85I, 27.3.2019, lch. 35).


3.    32009 R 0987: Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO L 284, 30.10.2009, lch. 1), arna leasú le:

   32010 R 1244: Rialachán (AE) Uimh. 1244/2010 ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2010 (IO L 338, 22.12.2010, lch. 35),

   32012 R 0465: Rialachán (AE) Uimh. 465/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 (IO L 149, 8.6.2012, lch. 4),

   32012 R 1224: Rialachán (AE) Uimh. 1224/2012 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2012 (IO L 349, 19.12.2012, lch. 45),

   32013 R 1372: Rialachán (AE) Uimh. 1372/2013 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2013 (IO L 346, 20.12.2013, lch. 27),

   32014 R 1368: Rialachán (AE) Uimh. 1368/2014 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2014 (IO L 366, 20.12.2014, lch. 15), a ceartaíodh le IO L 288, 22.10.2016, lch. 58,

   32017 R 0492: Rialachán (AE) 2017/492 ón gCoimisiún an 21 Márta 2017 (IO L 76, 22.3.2017, lch. 13).


Chun críocha an Chomhaontaithe seo, déanfar Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 a oiriúnú mar a leanas:

Cuirtear an téacs seo a leanas le hIarscríbhinn 1:

‘Comhaontú idir an Eilvéis agus an Phortaingéil an 25 Bealtaine 2016 maidir le héilimh a fhritháireamh

Comhaontú idir an Eilvéis agus an Ghréig an 15 Samhain 2017 maidir le fritháireamh éileamh a bhaineann le sochair chomhchineáil de réir Rialacháin (CEE) Uimh. 1408/71 agus (CEE) Uimh. 574/72 agus Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004 agus (CE) Uimh. 987/2009

Comhaontú idir an Eilvéis agus an Iodáil an 27 Feabhra 2023 maidir le héilimh a fhritháireamh.

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, léifear Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 leis an oiriúnú seo a leanas:

In Airteagal 3(3), an tagairt d’fhorálacha an Chomhphobail maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil agus saorghluaiseacht sonraí pearsanta, tuigfear í, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, mar thagairt don reachtaíocht náisiúnta ábhartha.


4.    31971 R 1408: Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 ón gComhairle an 14 Meitheamh 1971 maidir le cur i bhfeidhm na scéimeanna slándála sóisialta do dhaoine fostaithe, do dhaoine féinfhostaithe agus do na baill dá dteaghlaigh atá ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 149, 5.7.1971, lch. 2), arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 592/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 177, 4.7.2008, lch. 1), de réir mar is infheidhme idir an Eilvéis agus na Ballstáit roimh theacht i bhfeidhm Chinneadh 1/2012 ón gComhchoiste 18 an 31 Márta 2012 agus nuair a thagraítear dó sin i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 nó Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 nó nuair a bhaineann sé le cásanna a tharla san am a chuaigh thart.

5.    31972 R 0574: Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 ón gComhairle an 21 Márta 1972 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 a chur chun feidhme maidir le scéimeanna leasa shóisialta a chur i bhfeidhm do dhaoine fostaithe, do dhaoine féinfhostaithe agus do bhaill dá dteaghlaigh a bheidh ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 74, 27.3.1972, lch. 1), arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 120/2009 ón gCoimisiún (IO L 39, 10.2.2009, lch. 2), de réir mar is infheidhme idir an Eilvéis agus na Ballstáit roimh theacht i bhfeidhm Chinneadh 1/2012 ón gComhchoiste 19 an 31 Márta 2012 agus nuair a thagraítear dó sin i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 nó Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 nó nuair a bhaineann sé le cásanna a tharla san am a chuaigh thart.


A.2    GNÍOMHARTHA A THABHARFAIDH NA PÁIRTITHE CONARTHACHA DÁ nAIRE CHUÍ

1.    32010 D 0424(01): Cinneadh Uimh. A1 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta an 12 Meitheamh 2009 maidir le nós imeachta idirphlé agus idir-réitigh a bhunú i dtaca le bailíocht doiciméad, i dtaca leis an reachtaíocht is infheidhme a chinneadh agus i dtaca le sochair a sholáthar faoi Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO C 106, 24.4.2010, lch. 1).

2.    32010 D 0424(02): Cinneadh Uimh. A2 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta an 12 Meitheamh 2009 maidir le léirmhíniú Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca leis an reachtaíocht is infheidhme maidir le hoibrithe ar postú agus oibrithe féinfhostaithe atá ag obair go sealadach lasmuigh den Stát inniúil (IO C 106, 24.4.2010, lch. 5).

3.    32010 D 0608(01): Cinneadh Uimh. A3 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta an 17 Nollaig 2009 maidir le comhiomlánú na dtréimhsí ar postú gan bhriseadh arna gcur i gcrích faoi Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO C 149, 8.6.2010, lch. 3).

4.    32014 D 0520(03): Cinneadh Uimh. E4 an 13 Márta 2014 maidir leis an idirthréimhse mar a shainmhínítear í in Airteagal 95 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO C 152, 20.5.2014, lch. 21).


5.    32017 D 0719(01): Cinneadh Uimh. E5 an 16 Márta 2017 maidir leis na socruithe praiticiúla le haghaidh na hidirthréimhse i dtaca le malartú sonraí trí mheán leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO C 233, 19.7.2017, lch. 3).

6.    32018 D 1004 (02): Cinneadh Uimh. E6 an 19 Deireadh Fómhair 2017 maidir le cinneadh cathain a mheastar teachtaireacht leictreonach a bheith seachadta go dleathach sa chóras um Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI) (IO C 355, 4.10.2018, lch. 5).

7.    32020 D 0306 (01): Cinneadh Uimh. E7 an 27 Meitheamh 2019 a bhaineann leis na socruithe praiticiúla le haghaidh comhair agus malartú sonraí go dtí go gcuirfear an Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI) chun feidhme go hiomlán sna Ballstáit (IO C 73, 6.3.2020, lch. 5).

8.    32024 D 06842: Cinneadh Uimh. E8 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta an 14 Márta 2024 Maidir le nós imeachta um bainistiú athruithe a bhunú a bhfuil feidhm aige maidir le mionsonraí na gcomhlachtaí a shainítear in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a liostaítear san eolaire leictreonach ar dlúthchuid de EESSI é (IO C, C/2024/6842, 12.11.2024).

9.    32010 D 0424(04): Cinneadh Uimh. F1 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta an 12 Meitheamh 2009 maidir le léirmhíniú Airteagal 68 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha tosaíochta i gcás ina dtarlódh forluí idir sochair theaghlaigh (IO C 106, 24.4.2010, lch. 11).


10.    32016 D 0211(05): Cinneadh Uimh. F2 an 23 Meitheamh 2015 maidir le sonraí a mhalartú idir institiúidí chun críche sochair theaghlaigh a dheonú (IO C 52, 11.2.2016, lch. 11).

11.    32019 D 0626(01): Cinneadh Uimh. F3 an 19 Nollaig 2018 maidir le léirmhíniú Airteagal 68 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le modh ríofa an fhorlíonaidh dhifreálaigh (IO C 215, 26.6.2019, lch. 2).

12.    32010 D 0424(05): Cinneadh Uimh. H1 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta an 12 Meitheamh 2009 maidir leis an gcreat le haghaidh an aistrithe ó Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 ón gComhairle chuig Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus maidir le Cinntí agus Moltaí an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta a chur i bhfeidhm (IO C 106, 24.4.2010, lch. 13).

13.    32010 D 0608(02): Cinneadh Uimh. H 5 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta an 18 Márta 2010 maidir le comhar i dtaca le calaois agus earráid a chomhrac faoi chuimsiú Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO C 149, 8.6.2010, lch. 5).

14.    32011 D 0212(01): Cinneadh Uimh. H6 an 16 Nollaig 2010 maidir le cur i bhfeidhm prionsabal áirithe i dtaca le comhiomlánú tréimhsí faoi Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO C 45, 12.2.2011, lch. 5).


15.    32021 D 0506 (01): Cinneadh Uimh. H11 an 9 Nollaig 2020 maidir le spriocdhátaí a chur siar dá dtagraítear in Airteagal 67 agus Airteagal 70 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 agus i gCinneadh Uimh. S9 de dheasca Phaindéim COVID-19 (IO C 170, 6.5.2021, lch. 4).

16.    32022 D 0228 (01): Cinneadh Uimh. H12 an 19 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an dáta atá le cur san áireamh chun na rátaí comhshó dá dtagraítear in Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chinneadh (IO C 93, 28.2.2022, lch. 6).

17.    32022 D 0810(01): Cinneadh Uimh. H13 an 30 Márta 2022 maidir le comhdhéanamh agus modhanna oibre Bhord Iniúchóireachta an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE agus maidir le Comhaontú CE/na hEilvéise) 2022/C 305/03 (IO C 305, 10.8.2022, lch. 4).

18.    32024 D 00594: Cinneadh Uimh. H14 an 21 Meitheamh 2023 maidir le foilsiú an Nóta threoraigh maidir le paindéim COVID-19, an nóta maidir le léirmhíniú chur i bhfeidhm Theideal II de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Airteagail 67 agus 70 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 le linn phaindéim COVID-19, an Nóta threoraigh maidir le teilea-obair is infheidhme don tréimhse idir an 1 Iúil 2022 agus an 30 Meitheamh 2023 agus an Nóta threoraigh maidir le teilea-obair is infheidhme ón 1 Iúil 2023 (IO C/2024/594, 11.1.2024).

19.    32024 D 06845: Cinneadh Uimh. H15 an 27 Meitheamh 2024 maidir le modhanna oibríochta agus comhdhéanamh an Choimisiúin Theicniúil um Próiseáil Sonraí de chuid an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta (IO C, C/2024/6845, 14.11.2024).


20.    32010 D 0424(07): Cinneadh Uimh. P1 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta an 12 Meitheamh 2009 maidir le léirmhíniú Airteagal 50(4), Airteagal 58 agus Airteagal 87(5) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dámhachtain sochar i leith easláine, seanaoise nó cleithiúnaithe marthanacha (IO C 106, 24.4.2010, lch. 21).

21.    32013 D 0927(01): Cinneadh Uimh. R1 an 20 Meitheamh 2013 maidir le léirmhíniú Airteagal 85 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 (IO C 279, 27.9.2013, lch. 11).

22.    32010 D 0424(08): Cinneadh Uimh. S1 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta an 12 Meitheamh 2009 maidir leis an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte (IO C 106, 24.4.2010, lch. 23).

23.    32010 D 0424(09): Cinneadh Uimh. S2 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta an 12 Meitheamh 2009 maidir le sonraíochtaí teicniúla an Chárta Eorpaigh um Árachas Sláinte (IO C 106, 24.4.2010, lch. 26).

24.    32010 D 0424(10): Cinneadh Uimh. S3 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta an 12 Meitheamh 2009 lena sainmhínítear na sochair a chumhdaítear faoi Airteagal 19(1) agus Airteagal 27(1) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus faoi Airteagal 25(A) (3) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO C 106, 24.4.2010, lch. 40).


25.    32010 D 0424(15): Cinneadh Uimh. S5 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta an 2 Deireadh Fómhair 2009 maidir le léirmhíniú an choincheapa sochair chomhchineáil mar a shainmhínítear in Airteagal 1(va) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcás breoiteachta nó máithreachais de bhun Airteagail 17, 19, 20, 22, Airteagal 24(1), Airteagail 25, 26, Airteagal 27(1, 3, 4 agus 5), Airteagail 28, 34 agus Airteagal 36(1 agus 2) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus maidir le ríomh na méideanna atá le haisíoc faoi Airteagail 62, 63 agus 64 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO C 106, 24/04/2010, lch. 54 ).

26.    32010 D 0427(02): Cinneadh Uimh. S6 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta an 22 Nollaig 2009 maidir le clárú sa Bhallstát cónaithe faoi Airteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 agus maidir le tiomsú na bhfardal dá bhforáiltear in Airteagal 64(4) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 (IO C 107, 27/04/2010, lch. 6 ).

27.    32011 D 0906(01): Cinneadh Uimh. S8 an 15 Meitheamh 2011 maidir le próistéisí, príomhfhearais agus sochair chomhchineáil shubstaintiúla eile a dheonú dá bhforáiltear in Airteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO C 262, 6.9.2011, lch. 6).

28.    32014 D 0520(02): Cinneadh Uimh. S10 an 19 Nollaig 2013 maidir leis an aistriú ó Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 chuig Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 agus maidir le nósanna imeachta aisíocaíochta a chur i bhfeidhm (IO C 152, 20.5.2014, lch. 16).


29.    32021 D 0618(01): Cinneadh Uimh. S11 an 9 Nollaig 2020 maidir le nósanna imeachta aisíocaíochta ar mhaithe le hAirteagal 35 agus Airteagal 41 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a chur chun feidhme (IO C 236, 18.6.2021, lch. 4).

30.    32025 D 01598: Cinneadh Uimh. S12 an 16 Deireadh Fómhair 2024 a bhaineann le haisíoc cúraim sláinte maidir le haistriú othar go Ballstát eile i gcás líon mór taismeach tar éis tubaistí (IO C, C/2025/1598, 13.3.2025 ).

31.    32010 D 0424(11): Cinneadh Uimh. U1 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta an 12 Meitheamh 2009 maidir le hAirteagal 54(3) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le méaduithe ar shochar dífhostaíochta le haghaidh bhaill chleithiúnacha an teaghlaigh (IO C 106, 24.4.2010, lch. 26).

32.    32010 D 0424(12): Cinneadh Uimh. U2 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta an 12 Meitheamh 2009 maidir le raon feidhme Airteagal 65(2) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gceart chun sochar dífhostaíochta atá ag daoine atá go hiomlán dífhostaithe cé is moite doibrithe teorann a bhí ina gcónaí i gcríoch Ballstáit seachas an Ballstát inniúil le linn a dtréimhse fostaíochta nó féinfhostaíochta is déanaí (IO C 106, 24.4.2010, lch. 43).

33.    32010 D 0424(13): Cinneadh Uimh. U3 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta an 12 Meitheamh 2009 maidir le raon feidhme an choincheapa páirt-dífhostaíocht is infheidhme maidir le daoine dífhostaithe dá dtagraítear in Airteagal 65(1) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO C 106, 24.4.2010, lch. 45).


34.    32012 D 0225(01): Cinneadh Uimh. U4 an 13 Nollaig 2011 maidir leis na nósanna imeachta aisíocaíochta faoi Airteagal 65(6) agus Airteagal (7) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Airteagal 70 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 (IO C 57, 25.2.2012, lch. 4).

A.3    GNÍOMHARTHA A THABHARFAIDH NA PÁIRTITHE CONARTHACHA DÁ nAIRE

1.    32018 H 0529(01): Moladh Uimh. A1 an 18 Deireadh Fómhair 2017 i ndáil le heisiúint an fhianaithe dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO C 183, 29.5.2018, lch. 5).

2.    32013 H 0927(01): Moladh Uimh. H1 an 19 Meitheamh 2013 maidir le breithiúnas Gottardo, nach foláir, dá réir, na buntáistí atá ag náisiúnaigh Stáit faoi choinbhinsiún déthaobhach maidir le slándáil shóisialta le tríú tír a dheonú freisin doibrithe ar náisiúnaigh de Bhallstáit eile iad (IO C 279, 27.9.2013, lch. 13).

3.    32019 H 0429(01): Moladh Uimh. H2 an 10 Deireadh Fómhair 2018 maidir le gnéithe fíordheimhnithe a chur san áireamh i gcás Doiciméid Iniompartha arna neisiúint ag institiúid Ballstáit agus ina léirítear staid an duine chun críche Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm (IO C 147, 29.4.2019, lch. 6).

4.    32012H0810(01) Moladh Uimh. S1 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta an 15 Márta 2012 maidir le gnéithe airgeadais a bhaineann le deonacháin orgán beo trasna teorainneacha (IO C 240, 10.8.2012, lch. 3).


5.    32014 H 0218(01): Moladh S2 an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir leis an teidlíocht ar shochair chomhchineáil le haghaidh daoine árachaithe agus baill dá dteaghlaigh atá ag fanacht i dtríú tír faoi choinbhinsiún déthaobhach idir an Ballstát inniúil agus an tríú tír (IO C 46, 18.2.2014, lch. 8).

6.    32010 H 0424(02): Moladh Uimh. U1 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta an 12 Meitheamh 2009 maidir leis an reachtaíocht is infheidhme maidir le daoine dífhostaithe atá i mbun gníomhaíocht pháirtaimseartha phroifisiúnta nó trádála i mBallstát seachas an Stát cónaithe (IO C 106, 24.4.2010, lch. 49).

7.    32010 H 0424(03): Moladh Uimh. U2 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta an 12 Meitheamh 2009 maidir le hAirteagal 64(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm maidir le daoine dífhostaithe a thugann tionlacan dá gcéilí nó dá bpáirtnéirí agus iad ag tabhairt faoi ghníomhaíocht ghairmiúil nó trádála i mBallstát seachas an Stát inniúil (IO C 106, 24.4.2010, lch. 51).

B.    CEARTA PINSIN FHORLÍONTAIGH A CHOSAINT

GNÍOMHARTHA DÁ dTAGRAÍTEAR

1.    31998 L 0049: Treoir 98/49/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 1998 maidir le cearta pinsin fhorlíontaigh a chosaint do dhaoine fostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe atá ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 209, 25.7.1998, lch. 46).


2.    32014 L 0050: Treoir 2014/50/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais íosta i leith soghluaisteacht oibrithe idir na Ballstáit a fheabhsú trí fháil agus coimeád ceart pinsin fhorlíontaigh a fheabhsú (IO L 128, 30.4.2014, lch. 1).

Léifear forálacha na Treorach, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis an oiriúnú seo a leanas:

Airteagal 6(5): ní bheidh feidhm ag an tagairt d’Airteagal 11 de Threoir 2003/41/CE maidir leis an Eilvéis.

Déanfaidh an Eilvéis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 8 de Threoir 2014/50/AE faoin gcéad lá den naoú mí is ceathracha tar éis theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh.

________________

PRÓTACAL I

ar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú

I.    Árachas dífhostaíochta

Beidh feidhm ag na socruithe seo a leanas maidir le hoibrithe is náisiúnaigh de Phoblacht na Seice, de Phoblacht na hEastóine, de Phoblacht na Laitvia, de Phoblacht na Liotuáine, de Phoblacht na hUngáire, de Phoblacht na Polainne, de Phoblacht na Slóivéine agus de Phoblacht na Slóvaice go dtí an 30 Aibreán 2011 agus maidir le hoibrithe is náisiúnaigh de Phoblacht na Bulgáire agus den Rómáin go dtí an 31 Bealtaine 2016. Beidh feidhm aige maidir le hoibrithe ar náisiúnaigh iad de Phoblacht na Cróite go dtí deireadh an seachtú bliain tar éis theacht i bhfeidhm an Phrótacail maidir le rannpháirtíocht Phoblacht na Cróite.

1.    Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le hárachas dífhostaíochta doibrithe a shealbhaíonn cead cónaithe a bhfuil tréimhse bhailíochta níos lú ná 1 bhliain amháin aige.

1.1.    Ní bheidh ach oibrithe a díoc ranníocaíochtaí san Eilvéis don íostréimhse a cheanglaítear faoin Acht Cónaidhme um Árachas Dífhostaíochta agus Liúntais Dócmhainneachta(loi fédérale sur lassurance-chômage obligatoire et lindemnité en cas dinsolvabilité — LACI) 20 agus a chomhlíonann na coinníollacha eile incháilitheachta le haghaidh sochar dífhostaíochta freisin i dteideal an tsochair sin dá bhforáiltear leis an árachas dífhostaíochta faoi na coinníollacha a leagtar síos le dlí.


1.2.    Déanfar cuid de na ranníocaíochtaí arna dtobhach doibrithe a bhfuil a dtréimhse ranníocaíochta róghearr chun teidlíocht a thabhairt ar shochar dífhostaíochta san Eilvéis faoi 1.1 a aisíoc lena Stáit tionscnaimh i gcomhréir le forálacha 1.3. chun rannchuidiú le costas na sochar a sholáthraítear do na hoibrithe sin i gcás lán-dífhostaíochta; ní bheidh na hoibrithe sin i dteideal sochair ansin i gcás ina mbeidh siad dífhostaithe go hiomlán san Eilvéis. Beidh siad i dteideal, áfach, liúntais i leith drochaimsire agus i gcás ina dtiocfaidh an fostóir chun bheith dócmhainneach. Íocfaidh an Stát tionscnaimh sochair i gcás dífhostaíochta iomláine, ar choinníoll go gcuireann na hoibrithe lena mbaineann iad féin ar fáil don obair. Tréimhsí árachais a cuireadh isteach san Eilvéis, cuirfear san áireamh iad ar an mbealach céanna agus a chuirfí i gcrích iad sa Stát tionscnaimh.

1.3.    Déanfar an chuid de na ranníocaíochtaí arna dtobhach doibrithe dá dtagraítear in 1.2 a aisíoc ar bhonn bliantúil i gcomhréir leis na forálacha seo a leanas:

(a)    Ríomhfar ranníocaíochtaí iomlána na noibrithe sin, de réir tíre, ar bhonn líon bliantúil na noibrithe atá fostaithe agus na meánranníocaíochtaí bliantúla arna níoc le haghaidh gach oibrí (ranníocaíochtaí fostóirí agus fostaithe).

(b)    Den mhéid a ríomhtar ar an mbealach sin, déanfar cuid den mhéid a chomhfhreagraíonn don sciar coibhneasta a léirítear le sochar dífhostaíochta mar chéatadán de na liúntais uile dá dtagraítear in 1.2 a aisíoc le Stáit tionscnaimh na noibrithe, agus coinneoidh an Eilvéis cuid de mar chúlchiste le haghaidh sochair ina dhiaidh sin 21 .


(c)    soláthróidh an Eilvéis, ar bhonn bliantúil, ráiteas ina léireofar na ranníocaíochtaí a aisíocadh. Má iarrann na Stáit tionscnaimh amhlaidh, sonróidh siad na boinn don ríomh agus na suimeanna a aisíocadh. Tabharfaidh na Stáit tionscnaimh fógra don Eilvéis gach bliain faoi líon fhaighteoirí an tsochair dífhostaíochta dá dtagraítear in 1.2.

2.    Má bhíonn deacrachtaí ag Ballstát lena mbaineann an socrú seo deireadh a chur leis na socruithe chun ranníocaíochtaí a aisíoc, nó má bhíonn deacrachtaí ag an Eilvéis leis na socruithe maidir le comhiomlánú, féadfaidh aon cheann de na Páirtithe Conarthacha an tábhar a chur faoi bhráid an Chomhchoiste.

II.    Liúntais do dhaoine anbhanna

Ní sholáthrófar liúntais do dhaoine anbhanna arna ndeonú faoi Dhlí Cónaidhme na hEilvéise an 19 Meitheamh 1959 maidir le hárachas easláine agus faoi Dhlí Cónaidhme an 20 Nollaig 1946 maidir le hárachas seanaoise agus cleithiúnaithe marthanacha, arna leasú an 8 Deireadh Fómhair 1999, ach amháin má tá cónaí ar an duine lena mbaineann san Eilvéis.

III.    Cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir leis na sochair dhílsithe leathnaithe

Cuirfidh an Eilvéis Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 i bhfeidhm maidir leis an scéim leathnaithe faoi Dhlí Cónaidhme an 17 Nollaig 1993 maidir le saorghluaiseacht i measc pleananna sochair ceirde i ndáil le pinsin seanaoise, cleithiúnaithe marthanacha agus easláine faoin gcéad lá den naoú mí is ceathracha tar éis theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh.

PRÓTACAL II

ar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú

ÓS RUD É go luaitear in Airteagal 33 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’) go mbeidh feidhm ag Teideal III de Chuid a Dó den Chomhaontú um Tharraingt Siar maidir le náisiúnaigh den Íoslainn, de Phrionsacht Lichtinstéin, de Ríocht na hIorua agus de Chónaidhm na hEilvéise ar choinníoll go dtabharfaidh na tíortha sin i gcrích agus go gcuirfidh siad i bhfeidhm comhaontuithe comhfhreagracha le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a mbeidh feidhm acu maidir le saoránaigh de chuid an Aontais, chomh maith le comhaontuithe leis an Aontas a mbeidh feidhm acu maidir le náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe,

I bhFIANAISE go luaitear in Airteagal 26b den Chomhaontú idir Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le cearta na saoránach tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhaontú maidir le Saorghluaiseacht Daoine go mbeidh feidhm ag forálacha Chuid III den chomhaontú sin maidir le saoránaigh de chuid an Aontais, ar choinníoll go dtabharfaidh an tAontas i gcrích agus go gcuirfidh sé i bhfeidhm comhaontuithe comhfhreagracha le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a mbeidh feidhm acu maidir le náisiúnaigh den Eilvéis, chomh maith le comhaontuithe comhfhreagracha leis an Eilvéis a mbeidh feidhm acu maidir le náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe,

AG AITHINT DÓIBH gur gá cosaint chómhalartach na gceart slándála sóisialta a sholáthar do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, chomh maith lena mbaill teaghlaigh agus a cleithiúnaithe marthanacha, daoine atá nó a bhí, faoi dheireadh na hidirthréimhse, ag maireachtáil i staid trasteorann lena mbaineann ceann amháin nó níos mó de na Páirtithe Conarthacha sa Chomhaontú maidir leis Saorghluaiseacht Daoine, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann an tráth céanna,


AIRTEAGAL 1

Sainmhínithe agus tagairtí

1.    Chun críocha an Phrótacail seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)    ciallaíonn an Comhaontú um Tharraingt Siar an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach 22 ;

(b)    ciallaíonn Comhaontú um Chearta na Saoránach an Comhaontú idir Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le cearta saoránach tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhaontú um Shaorghluaiseacht Daoine;

(c)    ciallaíonn Stáit atá cumhdaithe Ballstáit an Aontais agus an Eilvéis;

(d)    ciallaíonn idirthréimhse an idirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 126 den Chomhaontú um Tharraingt Siar;

(e)    na sainmhínithe in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 agus in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 .


2.    Chun críocha an Phrótacail seo, gach tagairt do na Ballstáit agus dúdaráis inniúla na mBallstát sna forálacha sin i ndlí an Aontais a dhéantar infheidhme leis an bPrótacal seo, tuigfear go náirítear iontu an Ríocht Aontaithe agus na húdaráis inniúla atá aici.

AIRTEAGAL 2

Daoine atá cumhdaithe

1.    Beidh feidhm ag an bPrótacal seo maidir leis na daoine a leanas:

(a)    náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe atá faoi réir reachtaíocht ceann de na Stáit atá cumhdaithe ag deireadh na hidirthréimhse, chomh maith lena mbaill teaghlaigh agus a gcleithiúnaithe marthanacha;

(b)    náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe atá ina gcónaí i gceann de na Stáit atá cumhdaithe, agus atá faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe ag deireadh na hidirthréimhse, chomh maith lena mbaill teaghlaigh agus a gcleithiúnaithe marthanacha;

(c)    daoine nach dtagann faoi phointe (a) ná (b) ach ar náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe iad a ghabhann do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe i gceann amháin nó níos mó de na Stáit atá cumhdaithe ag deireadh na hidirthréimhse, agus, bunaithe ar Theideal II de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, atá faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, chomh maith lena mbaill teaghlaigh agus a gcleithiúnaithe marthanacha;

(d)    daoine gan stát agus dídeanaithe atá ina gcónaí i gceann de na Stáit atá cumhdaithe nó sa Ríocht Aontaithe, daoine a mbaineann ceann de na staideanna a thuairiscítear i bpointí (a) go (c) leo, chomh maith lena mbaill teaghlaigh agus a gcleithiúnaithe marthanacha.


2.    Déanfar na daoine dá dtagraítear i mír 1 a chumhdach chomh fada agus a leanfaidh siad orthu gan bhriseadh de bheith i gceann de na staideanna a leagtar amach sa mhír sin a bhaineann le ceann de na Stáit atá cumhdaithe agus leis an Ríocht Aontaithe araon san am céanna.

3.    Beidh feidhm ag an bPrótacal seo freisin maidir le náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe nach dtagann, nó nach dtagann a thuilleadh, faoi cheann de na staideanna a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo ach a thagann faoi réim Airteagal 10 den Chomhaontú um Tharraingt Siar nó faoi réim Airteagal 10 den Chomhaontú um Chearta na Saoránach, mar aon lena mbaill teaghlaigh agus a gcleithiúnaithe marthanacha.

4.    Déanfar na daoine dá dtagraítear i mír 3 a chumhdach fad agus a leanfaidh siad de cheart a bheith acu chun cónaí i gceann de na Stáit atá cumhdaithe faoi Airteagal 13 den Chomhaontú um Tharraingt Siar nó faoi Airteagal 12 den Chomhaontú um Chearta na Saoránach, nó ceart a bheith acu oibriú ina Stát oibre faoi Airteagal 24 nó 25 den Chomhaontú um Tharraingt Siar nó Airteagal 20 den Chomhaontú um Chearta na Saoránach.

5.    Más do bhaill teaghlaigh agus do chleithiúnaithe marthanacha a thagraíonn an tAirteagal seo, ní chumhdófar na daoine sin leis an bPrótacal seo ach amháin a mhéid atá cearta ag dul dóibh, agus oibleagáidí sa cháil sin, faoi Rialachán (CE) Uimh. 883/2004.

AIRTEAGAL 3

Rialacha maidir le slándáil shóisialta a chomhordú

1.    Na rialacha agus na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 8 den Chomhaontú agus san Iarscríbhinn seo, Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009, beidh feidhm acu maidir leis na daoine a chumhdaítear leis an bPrótacal seo.


2.    Tabharfaidh na Stáit a chumhdaítear aird chuí ar Chinntí agus ar Mholtaí an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta atá ceangailte leis an gCoimisiún Eorpach a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (an Coimisiún Riaracháin) a liostaítear i Roinn A den Iarscríbhinn seo.

AIRTEAGAL 4

Staideanna speisialta atá cumhdaithe

1.    Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas sna staideanna seo a leanas a mhéid a leagtar amach san Airteagal seo, a mhéid a bhaineann siad le daoine nach gcumhdaítear, nó nach bhfuil cumhdaithe a thuilleadh le hAirteagal 2:

(a)    maidir le náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, chomh maith le daoine gan stát agus dídeanaithe atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe a bhí faoi réir reachtaíocht ceann de na Stáit atá cumhdaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse, chomh maith lena mbaill teaghlaigh agus a gcleithiúnaithe marthanacha, beidh siad cumhdaithe leis an bPrótacal seo chun críoch spleáchais ar thréimhsí árachais, fostaíochta, féinfhostaíochta nó cónaithe, agus chun críoch comhiomlánaithe tréimhsí árachais, fostaíochta, féinfhostaíochta nó cónaithe, lena náirítear cearta agus oibleagáidí a eascraíonn as na tréimhsí sin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004; chun críoch comhiomlánaithe tréimhsí, cuirfear san áireamh tréimhsí ar tháinig deireadh leo roimh agus tar éis dheireadh na hidirthréimhse i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004;


(b)    na rialacha a leagtar amach in Airteagail 20 agus 27 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, is rialacha iad a bheidh fós i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, chomh maith le daoine gan stát agus dídeanaithe atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe, náisiúnaigh a diarr údarú roimh dheireadh na hidirthréimhse do chúrsa réamhbheartaithe cóireála cúraim sláinte de bhun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, go dtí deireadh na cóireála. Beidh feidhm ag na nósanna imeachta aisíocaíochta comhfhreagracha fiú tar éis dheireadh na cóireála. Beidh sé de cheart ag na daoine sin agus ag an lucht tionlacain teacht isteach i Stát na cóireála agus é a fhágáil i gcomhréir le hAirteagal 14 den Chomhaontú um Tharraingt Siar mutatis mutandis agus i gcomhréir le hAirteagal 13 den Chomhaontú um Chearta Saoránach mutatis mutandis;

(c)    beidh na rialacha a leagtar amach in Airteagail 19 agus 27 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 fós i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, chomh maith le daoine gan stát agus dídeanaithe atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe agus atá cumhdaithe ag Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus atá ar thréimhse fanachta ag deireadh na hidirthréimhse i gceann de na Stáit atá cumhdaithe nó sa Ríocht Aontaithe, go dtí deireadh a dtréimhse fanachta. Beidh feidhm ag na nósanna imeachta aisíocaíochta comhfhreagracha fiú tar éis na tréimhse fanachta nó tar éis dheireadh na cóireála;

(d)    beidh na rialacha a leagtar amach in Airteagail 67, 68 agus 69 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 fós i bhfeidhm, fad a chomhlíonfar na coinníollacha, maidir le dámhachtainí sochar teaghlaigh a bhfuil teidlíocht ina leith ag deireadh na hidirthréimhse le haghaidh náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, chomh maith le daoine gan stát agus dídeanaithe atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe atá faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe agus a bhfuil baill teaghlaigh acu ina gcónaí i gceann de na Stáit atá cumhdaithe ag deireadh na hidirthréimhse;

(e)    sna staideanna a leagtar amach i bpointe (d) den mhír seo, maidir le haon duine a bhfuil cearta aige mar bhall teaghlaigh ag deireadh na hidirthréimhse faoi Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, amhail cearta díorthaithe ar shochair bhreoiteachta chomhchineáil, leanfaidh an Rialachán sin agus na forálacha comhfhreagracha de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 dfheidhm a bheith acu fad a chomhlíontar na coinníollacha dá bhforáiltear ann.


2.    Beidh feidhm ag forálacha Chaibidil 1 de Theideal III de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le sochair bhreoiteachta maidir le daoine a fhaigheann sochair faoi phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo.

Beidh feidhm ag an mír seo mutatis mutandis maidir le sochair theaghlaigh atá bunaithe ar Airteagal 67, Airteagal 68 agus Airteagal 69 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004.

AIRTEAGAL 5

Aisíocaíocht, aisghabháil agus fritháireamh

Maidir leis na forálacha atá i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 maidir le haisíocaíocht, aisghabháil agus fritháireamh, is forálacha iad a leanfaidh d’fheidhm a bheith acu maidir leis na teagmhais, a mhéid a bhaineann siad le daoine nach mbeidh cumhdaithe le hAirteagal 2, ar teagmhais iad:

(a)    a tharla roimh dheireadh na hidirthréimhse; nó

(b)    a tharla tar éis dheireadh na hidirthréimhse agus a bhfuil baint acu le daoine a bhí cumhdaithe le hAirteagail 2 nó 4 nuair a tharla an teagmhas.


AIRTEAGAL 6

Forbairt dlí agus oiriúnaithe

1.    Dainneoin mhír 3, tagairtí sa Phrótacal seo do Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004 agus (CE) Uimh. 987/2009 nó dfhorálacha díobh, tuigfear gur tagairtí iad do na gníomhartha nó do na forálacha arna gcomhtháthú sa Chomhaontú, de réir mar is infheidhme ar lá deiridh na hidirthréimhse.

2.    I gcás ina ndéanfar Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004 agus (CE) Uimh. 987/2009 a leasú nó a ionadú tar éis dheireadh na hidirthréimhse, maidir le tagairtí do na Rialacháin sin sa Phrótacal seo, tuigfear gur tagairtí iad do na Rialacháin sin arna leasú nó arna nionadú, i gcomhréir leis na gníomhartha a liostaítear i gCuid II dIarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, a mhéid a bhaineann leis an Aontas, agus i gCuid II dIarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Chearta na Saoránach, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis.

3.    Chun críocha an Phrótacail seo, tuigfear go gcuimsíonn Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 na hoiriúnuithe a liostaítear i gCuid III dIarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, a mhéid a bhaineann leis an Aontas, agus i gCuid III dIarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Chearta na Saoránach, maidir leis an Eilvéis.

4.    Chun críocha an Phrótacail seo, tiocfaidh na leasuithe agus na hoiriúnuithe dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 i bhfeidhm ar an lá tar éis an lae a thiocfaidh na leasuithe agus na hoiriúnuithe comhfhreagracha ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar nó ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Chearta na Saoránach i bhfeidhm, cibé acu is déanaí..

_______________

IARSCRÍBHINN III

AITHEANTAS FRITHPHÁIRTEACH DO CHÁILÍOCHTAÍ GAIRMIÚLA

Leasuithe ar Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú:

IARSCRÍBHINN III

AITHEANTAS FRITHPHÁIRTEACH DO CHÁILÍOCHTAÍ GAIRMIÚLA

(Dioplómaí, deimhnithe agus cruthúnas eile ar cháilíochtaí foirmiúla)

ROINN 1

RÉAMHRÁ

Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagail 2 go 9 den Chomhaontú, beidh feidhm ag gníomhartha dlí an Aontais a liostaítear i Roinn 2 den Iarscríbhinn seo faoi réir phrionsabal an ailínithe dhinimiciúil dá dtagraítear in Airteagal 5 den Phrótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú seo, agus faoi réir na n‑eisceachtaí a liostaítear i mír 7 den Airteagal sin.


Mura bhforáiltear a mhalairt in oiriúnuithe teicniúla, na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear i ngníomhartha dlí an Aontais arna gcomhtháthú san Iarscríbhinn seo le haghaidh Bhallstáit an Aontais, tuigfear go ndéanfar foráil maidir leo don Eilvéis. Cuirfear an méid sin i bhfeidhm agus lánurraim á tabhairt don Phrótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú seo.

Gan dochar d’Airteagal 16 den Phrótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú seo, agus mura bhforáiltear a mhalairt in oiriúnuithe teicniúla, beidh forálacha sna gníomhartha a liostaítear i Roinn 2, lena gceanglaítear ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar do Bhallstáit eile nó don Choimisiún, infheidhme maidir leis an Eilvéis. I gcás ina mbaineann an fhaisnéis sin le faireachas nó le cur i bhfeidhm, cuirfidh an Eilvéis an fhaisnéis sin in iúl tríd an gComhchoiste.

ROINN 2

GNÍOMHARTHA DÁ dTAGRAÍTEAR

1.    32005 L 0036: Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22),

arna leasú le:

   Treoir 2006/100/CE ón gComhairle an 20 Samhain 2006 lena noiriúnaítear Treoracha áirithe i réimse na saoirse gluaiseachta, de bharr aontachas na Bulgáire agus na Rómáine (IO L 363, 20.12.2006, lch. 141),


   Rialachán (AE) Uimh. 213/2011 ón gCoimisiún an 3 Márta 2011 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 59, 4.3.2011, lch. 4),

   Teachtaireacht ón gCoimisiún – Notification of the professional associations or organisations fulfilling the conditions of Article 3(2) listed under Annex I to Directive 2005/36/EC [Fógra faoi na comhlachais ghairmiúla nó na heagraíochtaí gairmiúla a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 3(2) a liostaítear faoi Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/36/CE] (IO C 111, 15.5.2009, lch. 1),

   Teachtaireacht ón gCoimisiún – Notification of the professional associations or organisations fulfilling the conditions of Article 3(2) listed under Annex I to Directive 2005/36/EC [Fógra faoi na comhlachais ghairmiúla nó na heagraíochtaí gairmiúla a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 3(2) a liostaítear faoi Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/36/CE] (IO C 182, 23.6.2011, lch. 1),

   Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Cróite agus na noiriúnuithe ar an gConradh ar an Aontas Eorpach, ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 112, 24.4.2012, lch. 10),

   Treoir 2013/25/AE ón gComhairle an 13 Bealtaine 2013 lena noiriúnaítear treoracha áirithe i réimse an chirt bunaíochta agus na saoirse chun seirbhísí a sholáthar, de bharr aontachas Phoblacht na Cróite (IO L 158, 10.6.2013, lch. 368),

   Treoir 2013/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 lena leasaítear Treoir 2005/36/CE maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IO L 354, 28.12.2013, lch. 132),


   Cinneadh Tarmligthe (AE) 2016/790 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2016 lena leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla agus teidil cúrsaí oiliúna (IO L 134, 24.5.2016, lch. 135),

   Cinneadh Tarmligthe (AE) 2017/2113 ón gCoimisiún an 11 Meán Fómhair 2017 lena leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla agus teidil cúrsaí oiliúna (IO L 317, 1.12.2017, lch. 119),

   Cinneadh Tarmligthe (AE) 2019/608 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla agus teidil cúrsaí oiliúna (IO L 104, 15.4.2019, lch. 1),

   Cinneadh Tarmligthe (AE) 2020/548 ón gCoimisiún an 23 Eanáir 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla agus teidil cúrsaí oiliúna (IO L 131, 24.4.2020, lch. 1),

   Cinneadh Tarmligthe (AE) 2021/2183 ón gCoimisiún an 25 Lúnasa 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla agus teidil cúrsaí oiliúna (IO L 444, 10.12.2021, lch. 16),

   Cinneadh Tarmligthe (AE) 2023/2383 ón gCoimisiún an 23 Bealtaine 2023 lena leasaítear agus lena gceartaítear Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla agus teidil cúrsaí oiliúna (IO L 2383, 9.10.2023, lch. 1),


   Treoir Tarmligthe (AE) 2024/782 ón gCoimisiún an 4 Márta 2024 lena leasaítear Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na híoscheanglais oiliúna le haghaidh ghairm an altra atá freagrach as cúram ginearálta, ghairm an chleachtóra fiaclóireachta agus ghairm an chógaiseora (IO L, 2024/782, 31.5.2024),

   Cinneadh Tarmligthe (AE) 2024/1395 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2024 lena leasaítear Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla agus teidil cúrsaí oiliúna (IO L, 2024/1395, 31.5.2024).

a ceartaíodh le:

   Ceartúchán ar Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 93, 4.4.2008, lch. 28),

   Ceartúchán ar Threoir 2006/100/CE ón gComhairle an 20 Samhain 2006 lena noiriúnaítear Treoracha áirithe sa réimse saorghluaiseachta daoine, de bharr aontachas na Bulgáire agus na Rómáine (IO L 177, 8.7.2015, lch. 60).


Léifear forálacha na Treorach, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a)    cuirtear an téacs seo a leanas le pointe 5.1.1 dIarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir:

‘Tír

Cruthúnas ar cháilíochtaí foirmiúla

Comhlacht dámhachtana na gcáilíochtaí

Deimhniú a ghabhann leis na cáilíochtaí

Dáta tagartha

An Eilvéis

Eidgenössisches Arztdiplom

Diplôme fédéral de médecin

Diploma federale di medico

Eidgenössisches Departement des Innern

Département fédéral de l’intérieur

Dipartimento federale dell’interno

1 Meitheamh 2002’

(b)    cuirtear an téacs seo a leanas le pointe 5.1.2 dIarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir:

‘Tír

Cruthúnas ar cháilíochtaí foirmiúla

Comhlacht dámhachtana na gcáilíochtaí

Dáta tagartha

An Eilvéis

Diplom als Facharzt

Diplôme de médecin spécialiste

Diploma di medico specialista

Eidgenössisches Departement des Innern und Verbindung der Schweizer Ärztinnen und Ärzte (FMH) / Schweizerische Institut für ärztliche Weiter- und Fortbildung (SIWF)

Département fédéral de l’intérieur et Fédération des médecins suisses (FMH) / Institut suisse pour la formation médicale postgraduée et continue (ISFM)

Dipartimento federale dell’interno e Federazione dei medici svizzeri (FMH) / Istituto svizzero per la formazione medica (ISFM)

1 Meitheamh 2002’



(c)    cuirtear an téacs seo a leanas le pointe 5.1.3 dIarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir:

‘Tír

Teideal

Ainéistéitic

Íostréimhse oiliúna: 3 bliana

An Eilvéis

Anästhesiologie

Anesthésiologie

Anestesiologia

Tír

Teideal

An mháinliacht ghinearálta

Íostréimhse oiliúna: 5 bliana

An Eilvéis

Chirurgie

Chirurgie

Chirurgia

Tír

Teideal

An mháinliacht néareolaíoch

Íostréimhse oiliúna: 5 bliana

An Eilvéis

Neurochirurgie

Neurochirurgie

Neurochirurgia

Tír

Teideal

An obstatraic agus an ghínéiceolaíocht

Íostréimhse oiliúna: 4 bliana

An Eilvéis

Gynäkologie und Geburtshilfe

Gynécologie et obstétrique

Ginecologia e ostetricia

Tír

Teideal

An mhíochaine ghinearálta (inmheánach)

Íostréimhse oiliúna: 5 bliana

An Eilvéis

Allgemeine Innere Medizin

Médecine interne générale

Medicina interna generale

Tír

Teideal

An oftailmeolaíocht

Íostréimhse oiliúna: 3 bliana

An Eilvéis

Ophthalmologie

Ophtalmologie

Oftalmologia

Tír

Teideal

An otairinealaraingeolaíocht

Íostréimhse oiliúna: 3 bliana

An Eilvéis

Oto-Rhino-Laryngologie

Oto-rhino-laryngologie

Otorinolaringoiatria

Tír

Teideal

An phéidiatraic

Íostréimhse oiliúna: 4 bliana

An Eilvéis

Kinder- und Jugendmedizin

Pédiatrie

Pediatria

Tír

Teideal

An mhíochaine riospráide

Íostréimhse oiliúna: 4 bliana

An Eilvéis

Pneumologie

Pneumologie

Pneumologia

Tír

Teideal

An úireolaíocht

Íostréimhse oiliúna: 5 bliana

An Eilvéis

Urologie

Urologie

Urologia

Tír

Teideal

An ortaipéidic

Íostréimhse oiliúna: 5 bliana

An Eilvéis

Orthopädische Chirurgie und Traumatologie des Bewegungsapparates

Chirurgie orthopédique et traumatologie de l’appareil locomoteur

Chirurgia ortopedica e traumatologia dell’apparato locomotore

Tír

Teideal

Anatamaíocht phaiteolaíoch

Íostréimhse oiliúna: 4 bliana

An Eilvéis

Pathologie

Pathologie

Patologia

Tír

Teideal

An néareolaíocht

Íostréimhse oiliúna: 4 bliana

An Eilvéis

Neurologie

Neurologie

Neurologia

Tír

Teideal

An tsíciatracht

Íostréimhse oiliúna: 4 bliana

An Eilvéis

Psychiatrie und Psychotherapie

Psychiatrie et psychothérapie

Psichiatria e psicoterapia

Tír

Teideal

An raideolaíocht dhiagnóiseach

Íostréimhse oiliúna: 4 bliana

An Eilvéis

Radiologie

Radiologie

Radiologia

Tír

Teideal

An radaiteiripe

Íostréimhse oiliúna: 4 bliana

An Eilvéis

Radio-Onkologie/Strahlentherapie

Radio-oncologie/radiothérapie

Radio-oncologia/radioterapia

Tír

Teideal

An mháinliacht phlaisteach

Íostréimhse oiliúna: 5 bliana

An Eilvéis

Plastische, Rekonstruktive und Ästhetische Chirurgie

Chirurgie plastique, reconstructive et esthétique

Chirurgia plastica, ricostruttiva ed estetica

Tír

Teideal

An mháinliacht thóracsach

Íostréimhse oiliúna: 5 bliana

An Eilvéis

Thoraxchirurgie 25

Chirurgie thoracique

Chirurgia toracica

Tír

Teideal

An mháinliacht chairdiach

Íostréimhse oiliúna: 5 bliana

An Eilvéis

Herz- und thorakale Gefässchirurgie;

Chirurgie cardiaque et vasculaire thoracique

Chirurgia del cuore e dei vasi toracici

Tír

Teideal

An mháinliacht shoithíoch

Íostréimhse oiliúna: 5 bliana

An Eilvéis

Gefässchirurgie 26

Chirurgie vasculaire

Chirurgia vascolare

Tír

Teideal

An mháinliacht phéidiatraiceach

Íostréimhse oiliúna: 5 bliana

An Eilvéis

Kinderchirurgie

Chirurgie pédiatrique

Chirurgia pediatrica

Tír

Teideal

An chairdeolaíocht

Íostréimhse oiliúna: 4 bliana

An Eilvéis

Kardiologie

Cardiologie

Cardiologia

Tír

Teideal

An ghaistreintreolaíocht

Íostréimhse oiliúna: 4 bliana

An Eilvéis

Gastroenterologie

Gastroentérologie

Gastroenterologia

Tír

Teideal

An réamaiteolaíocht

Íostréimhse oiliúna: 4 bliana

An Eilvéis

Rheumatologie

Rhumatologie

Reumatologia

Tír

Teideal

An haemaiteolaíocht ghinearálta

Íostréimhse oiliúna: 3 bliana

An Eilvéis

Hämatologie

Hématologie

Ematologia

Tír

Teideal

An inchríneolaíocht

Íostréimhse oiliúna: 3 bliana

An Eilvéis

Endokrinologie/Diabetologie

Endocrinologie/diabétologie

Endocrinologia/diabetologia

Tír

Teideal

An fisiteiripe

Íostréimhse oiliúna: 3 bliana

An Eilvéis

Physikalische Medizin und Rehabilitation

Médecine physique et réadaptation

Medicina fisica e riabilitazione

Tír

Teideal

An deirmivéinéireolaíocht

Íostréimhse oiliúna: 3 bliana

An Eilvéis

Dermatologie und Venerologie

Dermatologie et vénéréologie

Dermatologia e venerologia

Tír

Teideal

An mhíochaine thrópaiceach

Íostréimhse oiliúna: 4 bliana

An Eilvéis

Tropen- und Reisemedizin

Médecine tropicale et médecine des voyages

Medicina tropicale e medicina di viaggio

Tír

Teideal

An tsíciatracht leanaí

Íostréimhse oiliúna: 4 bliana

An Eilvéis

Kinder- und Jugendpsychiatrie und -psychotherapie

Psychiatrie et psychothérapie d’enfants et d’adolescents

Psichiatria e psicoterapia infantile e dell’adolescenza

Tír

Teideal

Galair dhuánacha

Íostréimhse oiliúna: 4 bliana

An Eilvéis

Nephrologie

Néphrologie

Nefrologia

Tír

Teideal

Galair theagmhálacha

Íostréimhse oiliúna: 4 bliana

An Eilvéis

Infektiologie

Infectiologie

Malattie infettive

Tír

Teideal

An mhíochaine phobail

Íostréimhse oiliúna: 4 bliana

An Eilvéis

Prävention und Gesundheitswesen

Prévention et santé publique

Prevenzione e salute pubblica

Tír

Teideal

An chógaseolaíocht

Íostréimhse oiliúna: 4 bliana

An Eilvéis

Klinische Pharmakologie und Toxikologie

Pharmacologie et toxicologie cliniques

Farmacologia e tossicologia clinica

Tír

Teideal

An mhíochaine shaothair

Íostréimhse oiliúna: 4 bliana

An Eilvéis

Arbeitsmedizin

Médecine du travail

Medicina del lavoro

Tír

Teideal

An ailléirgeolaíocht

Íostréimhse oiliúna: 3 bliana

An Eilvéis

Allergologie und klinische Immunologie

Allergologie et immunologie clinique

Allergologia e immunologia clinica

Tír

Teideal

An mhíochaine núicléach

Íostréimhse oiliúna: 4 bliana

An Eilvéis

Nuklearmedizin

Médecine nucléaire

Medicina nucleare

Tír

Teideal an dioplóma

An mháinliacht fiacla, béil agus mascaille agus béil

(bunoiliúint leighis agus fiaclóireachta)

Íostréimhse oiliúna: 4 bliana

An Eilvéis

Mund-, Kiefer- und Gesichtschirurgie

Chirurgie orale et maxillo-faciale

Chirurgia oro-maxillo-facciale

Tír

Teideal

An oinceolaíocht mhíochaine

Íostréimhse oiliúna: 5 bliana

An Eilvéis

Medizinische Onkologie

Oncologie médicale

Oncologia medica

Tír

Teideal

An ghéineolaíocht leighis

Íostréimhse oiliúna: 4 bliana

An Eilvéis

Medizinische Genetik

Génétique médicale

Genetica medica’

(d)    cuirtear an téacs seo a leanas le pointe 5.1.4 dIarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir:

‘Tír

Cruthúnas ar cháilíochtaí foirmiúla

Teideal gairmiúil

Dáta tagartha

An Eilvéis

Diplom als praktischer Arzt/praktische Ärztin

Diplôme de médecin praticien

Diploma di medico generico

Praktischer Arzt/Praktische Ärztin

Médecin praticien

Medico generico

1 Meitheamh 2002’

(e)    cuirtear an téacs seo a leanas le pointe 5.2.2 dIarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir:

Tír

Cruthúnas ar cháilíochtaí foirmiúla

Comhlacht dámhachtana na fianaise ar cháilíochtaí

Teideal gairmiúil

Dáta tagartha

An Eilvéis

1. Diplomierte Pflegefachfrau, diplomierter Pflegefachmann

Infirmière diplômée et infirmier diplômé

Infermiera diplomata e infermiere diplomato

Schulen, die staatlich anerkannte Bildungsgänge durchführen

Écoles qui proposent des filières de formation reconnues par l’État

Scuole che propongono dei cicli di formazione riconosciuti dallo Stato

Pflegefachfrau, Pflegefachmann

Infirmière, infirmier

Infermiera, infermiere

1 Meitheamh 2002

2. Baitsiléir Eolaíochta san Altranas

Schulen, die staatlich anerkannte Bildungsgänge durchführen

Écoles qui proposent des filières de formation reconnues par l’État

Scuole che propongono dei cicli di formazione riconosciuti dallo Stato

Pflegefachfrau, Pflegefachmann

Infirmière, infirmier

Infermiera, infermiere

30 Meán Fómhair 2011

3. Diplomierte Pflegefachfrau HF, diplomierter Pflegefachmann HF

Infirmière diplômée ES, infirmier diplômé ES

Infermiera diplomata SSS, infermiere diplomato SSS

Höhere Fachschulen, die staatlich anerkannte Bildungsgänge durchführen

Écoles supérieures qui proposent des filières de formation reconnues par l’État

Scuole specializzate superiori che propongono dei cicli di formazione riconosciuti dallo Stato

Pflegefachfrau, Pflegefachmann

Infirmière, infirmier

Infermiera, infermiere

1 Meitheamh 2002’



(f)    cuirtear an téacs seo a leanas le pointe 5.3.2 dIarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir:

‘Tír

Cruthúnas ar cháilíochtaí foirmiúla

Comhlacht dámhachtana na fianaise ar cháilíochtaí

Deimhniú a ghabhann leis an bhfianaise ar cháilíochtaí

Teideal gairmiúil

Dáta tagartha

An Eilvéis

Eidgenössisches Zahnarztdiplom

Diplôme fédéral de médecin-dentiste

Diploma federale di medico-dentista

Eidgenössisches Departement des Innern

Département fédéral de l’intérieur

Dipartimento federale dell’interno

Zahnarzt

Médecin-dentiste

Medico-dentista

1 Meitheamh 2002’

(g)    cuirtear an téacs seo a leanas le pointe 5.3.3 dIarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir:

‘Ortódóntaic

Tír

Cruthúnas ar cháilíochtaí foirmiúla

Comhlacht dámhachtana na fianaise ar cháilíochtaí

Dáta tagartha

An Eilvéis

Diplom für Kieferorthopädie

Diplôme fédéral d’orthodontiste

Diploma di ortodontista

Eidgenössisches Departement des Innern und Schweizerische Zahnärzte-Gesellschaft (SSO) / Büro für zahnmedizinische Weiterbildung (BZW)

Département fédéral de l’intérieur et Société suisse d’odonto-stomatologie (SSO) / Bureau pour la formation postgrade en médecine dentaire (BZW)

Dipartimento federale dell’interno e Società Svizzera di Odontologia e Stomatologia (SSO) / Ufficio per la formazione post-laurea in odontoiatria (BZW)

1 Meitheamh 2002

An mháinliacht béil

Tír

Cruthúnas ar cháilíochtaí foirmiúla

Comhlacht dámhachtana na fianaise ar cháilíochtaí

Dáta tagartha

An Eilvéis

Diplom für Oralchirurgie

Diplôme fédéral de chirurgie orale

Diploma di chirurgia orale

Eidgenössisches Departement des Innern und Schweizerische Zahnärzte-Gesellschaft (SSO) / Büro für zahnmedizinische Weiterbildung (BZW)

Département fédéral de l’intérieur et Société suisse d’odonto-stomatologie (SSO) / Bureau pour la formation postgrade en médecine dentaire (BZW)

Dipartimento federale dell’interno e Società Svizzera di Odontologia e Stomatologia (SSO) / Ufficio per la formazione post-laurea in odontoiatria (BZW)

30 Aibreán 2004’

(h)    cuirtear an téacs seo a leanas le pointe 5.4.2 dIarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir:

‘Tír

Cruthúnas ar cháilíochtaí foirmiúla

Comhlacht dámhachtana na fianaise ar cháilíochtaí

Deimhniú a ghabhann leis an bhfianaise ar cháilíochtaí

Dáta tagartha

An Eilvéis

Eidgenössisches Tierarztdiplom

Diplôme fédéral de vétérinaire

Diploma federale di veterinario

Eidgenössisches Departement des Innern

Département fédéral de l’intérieur

Dipartimento federale dell’interno

1 Meitheamh 2002’



(i)    cuirtear an téacs seo a leanas le pointe 5.5.2 dIarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir:

‘Tír

Cruthúnas ar cháilíochtaí foirmiúla

Comhlacht dámhachtana na fianaise ar cháilíochtaí

Teideal gairmiúil

Dáta tagartha

An Eilvéis

1. Diplomierte Hebamme

Sage-femme diplômée

Levatrice diplomata

Schulen, die staatlich anerkannte Bildungsgänge durchführen

Écoles qui proposent des filières de formation reconnues par l’État

Scuole che propongono dei cicli di formazione riconosciuti dallo Stato

Hebamme

Sage-femme

Levatrice

1 Meitheamh 2002

2. [Baitsiléir Eolaíochta [Ainm UAS] sa Chnáimhseachas]

‘Baitsiléir Eolaíochta HES-SO de Sage-femme” (Baitsiléir Eolaíochta HES-SO sa Chnáimhseachas)

‘Baitsiléir Eolaíochta BFH Hebamme’ (Baitsiléir Eolaíochta BFH sa Chnáimhseachas)

‘Baitsiléir Eolaíochta ZFH Hebamme’ (Baitsiléir Eolaíochta ZHAW sa Chnáimhseachas)

Schulen, die staatlich anerkannte Bildungsgänge durchführen

Écoles qui proposent des filières de formation reconnues par l’État

Scuole che propongono dei cicli di formazione riconosciuti dallo Stato

Hebamme

Sage-femme

Levatrice

1 Meitheamh 2002’



(j)    cuirtear an téacs seo a leanas le pointe 5.6.2 dIarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir:

‘Tír

Cruthúnas ar cháilíochtaí foirmiúla

Comhlacht dámhachtana na fianaise ar cháilíochtaí

Deimhniú a ghabhann leis an bhfianaise ar cháilíochtaí

Dáta tagartha

An Eilvéis

Eidgenössisches Apothekerdiplom

Diplôme fédéral de pharmacien

Diploma federale di farmacista

Eidgenössisches Departement des Innern

Département fédéral de l’intérieur

Dipartimento federale dell’interno

1 Meitheamh 2002’

(k)    cuirtear an téacs seo a leanas le pointe 5.7.1 dIarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir:

‘Tír

Cruthúnas ar cháilíochtaí foirmiúla

Comhlacht dámhachtana na fianaise ar cháilíochtaí

Deimhniú a ghabhann leis an bhfianaise ar cháilíochtaí

Bliain acadúil thagartha

An Eilvéis

Máistreacht Eolaíochta san Ailtireacht - Diploma di Architetto (Arch. Diop. USI)

Accademia di Architettura dell’Università della Svizzera Italiana

2002-2003

Máistreacht Ealaíon BFH/HES-SO en ailtireacht, Máistreacht Ealaíon BFH/HES-SO san Ailtireacht

Haute école spécialisée de Suisse occidentale (HES-SO) in éineacht le Berner Fachhochschule (BFH)

2007-2008

Máistreacht Ealaíon BFH/HES-SO in Architektur, Máistreacht Ealaíon BFH/HES-SO san Ailtireacht

Haute école spécialisée de Suisse occidentale (HES-SO) in éineacht le Berner Fachhochschule (BFH)

2007-2008

Máistir Ealaíon FHNW in Architektur

Fachhochschule Nordwestschweiz FHNW

2007-2008

Master of Arts FHZ in Architektur

Fachhochschule Zentralschweiz (FHZ)

2007-2008

Master of Arts ZFH in Architektur

Zürcher Fachhochschule (ZFH), Zürcher Hochschule für Angewandte Wissenschaften (ZHAW), Departement Architektur, Gestaltung und Bauingenieurwesen

2007-2008

Máistreacht Eolaíochta MSc san Ailtireacht,

Architecte (arch. Dipl). EPF)

École Polytechnique Fédérale de Lausanne

2007-2008

Master of Science ETH in Architektur, MSc ETH Arch

Eidgenössische Technische Hochschule Zurich

2007-2008

(l)    cuirtear an téacs seo a leanas le hIarscríbhinn VI a ghabhann leis an Treoir:

‘Tír

Cruthúnas ar cháilíochtaí foirmiúla

Bliain acadúil thagartha

An Eilvéis

1. Diploma di Architetto

1996-1997

2. Máistreacht Ealaíon/Eolaíochta san Ailtireacht - Diploma di Architetto

2000-2001

3. Diop. Arch. ETH,

arch. diopl. EPF,

arch. diopl. PF

2004-2005

4. Architecte diplômé EAUG

2004-2005

5. Architekt REG A

Architecte REG A

Architetto REG A

2004-2005’


2.    31977 L 0249: Treoir 77/249/CEE ón gComhairle an 22 Márta 1977 chun feidhmiú éifeachtach dlíodóirí chun seirbhísí a sholáthar a éascú (IO L 78, 26.3.1977, lch. 17),

arna leasú le:

   1 1979 H: An Ionstraim i dtaobh Coinníollacha Aontachais agus Oiriúnaithe ar na Conarthaí – Aontachas na Poblachta Heilléanaí (IO L 291, 19.11.1979, lch. 91),

   1 1985 I: An Ionstraim i dtaobh Coinníollacha Aontachais agus Oiriúnuithe ar na Conarthaí – Aontachas Ríocht na Spáinne agus Phoblacht na Portaingéile (IO L 302, 15.11.1985, lch. 23),

   Cinneadh 95/1/CE, Euratom, CEGC, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh, an 1 Eanáir 1995 ag oiriúnú na nionstraimí i dtaobh aontachas Ballstát nua leis an Aontas Eorpach (IO L 1, 1.1.1995, lch. 1),

   1 2003 T: An Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice agus oiriúnuithe na gConarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe arna glacadh an 16 Aibreán 2003 (IO L 236, 23.9.2003, lch. 33),

   32006 L 0100: Treoir 2006/100/CE ón gComhairle an 20 Samhain 2006 lena noiriúnaítear Treoracha áirithe i réimse na saoirse gluaiseachta, de bharr aontachas na Bulgáire agus na Rómáine (IO L 363, 20.12.2006, lch. 141),


   32013 L 0025: Treoir 2013/25/AE ón gComhairle an 13 Bealtaine 2013 lena ndéantar treoracha áirithe i réimse an chirt bunaíochta agus na saoirse chun seirbhísí a sholáthar a oiriúnú, de bharr aontachas Phoblacht na Cróite (IO L 158, 10.6.2013, lch. 368).

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, déanfar Treoir 77/249/CEE a oiriúnú mar a leanas:

Cuirtear an téacs seo a leanas le hAirteagal 1(2):

‘An Eilvéis:

Advokat, Rechtsanwalt, Anwalt, Fürsprecher, Fürsprech

Avocat

Avvocato’.

3.    31998 L 0005: Treoir 98/5/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 chun cleachtadh ghairm an dlíodóra ar bhonn buan i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuarthas an cháilíocht a éascú (IO L 77, 14.3.1998, lch. 36), arna leasú le:

   1 2003 T: An Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice agus oiriúnuithe na gConarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe arna glacadh an 16 Aibreán 2003 (IO L 236, 23.9.2003, lch. 33),


   32006 L 0100: Treoir 2006/100/CE ón gComhairle an 20 Samhain 2006 lena noiriúnaítear Treoracha áirithe i réimse na saoirse gluaiseachta, de bharr aontachas na Bulgáire agus na Rómáine (IO L 363, 20.12.2006, lch. 141),

   32013 L 0025: Treoir 2013/25/AE ón gComhairle an 13 Bealtaine 2013 lena noiriúnaítear treoracha áirithe i réimse an chirt bunaíochta agus na saoirse chun seirbhísí a sholáthar, de bharr aontachas Phoblacht na Cróite (IO L 158, 10.6.2013, lch. 368).

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, déantar Treoir 98/5/CE a oiriúnú mar a leanas:

Cuirtear an téacs seo a leanas le pointe (a) d’Airteagal 1(2):

‘An Eilvéis:

Advokat, Rechtsanwalt, Anwalt, Fürsprecher, Fürsprech

Avocat

Avvocato’.

4.    31974 L 0556: Treoir 74/556/CEE ón gComhairle an 4 Meitheamh 1974 lena leagtar síos forálacha mionsonraithe maidir le bearta idirthréimhseacha a bhaineann le gníomhaíochtaí, trádáil agus dáileadh táirgí tocsaineacha agus gníomhaíochtaí lena mbaineann úsáid ghairmiúil na dtáirgí sin lena náirítear gníomhaíochtaí idirghabhálaithe (IO L 307, 18.11.1974, lch. 1).


5.    319s74 L 0557: Treoir 74/557/CEE ón gComhairle an 4 Meitheamh 1974 maidir le saoirse bunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar a ghnóthú i leith gníomhaíochtaí oibrithe féinfhostaithe agus idirghabhálaithe ag gabháil do thrádáil agus imdháileadh táirgí tocsaineacha (IO L 307, 18.11.1974, lch. 5), arna leasú le:

   Cinneadh 95/1/CE, Euratom, CEGC, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh, an 1 Eanáir 1995 ag oiriúnú na nionstraimí i dtaobh aontachas Ballstát nua leis an Aontas Eorpach (IO L 1, 1.1.1995, lch. 1),

   1 2003 T: An Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice agus oiriúnuithe na gConarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe arna glacadh an 16 Aibreán 2003 (IO L 236, 23.9.2003, lch. 33),

   32006 L 0101: Treoir 2006/0101/CE ón gComhairle an 20 Samhain 2006 lena noiriúnaítear Treoracha 73/239/CEE, 74/557/CEE agus 2002/83/CE i réimse na saoirse chun seirbhísí a sholáthar, de bharr aontachas na Bulgáire agus na Rómáine (IO L 363, 20.12.2006, lch. 238),

   32013 L 0025: Treoir 2013/25/AE ón gComhairle an 13 Bealtaine 2013 lena noiriúnaítear treoracha áirithe i réimse an chirt bunaíochta agus na saoirse chun seirbhísí a sholáthar, de bharr aontachas Phoblacht na Cróite (IO L 158, 10.6.2013, lch. 368).


Chun críocha an Chomhaontaithe seo, déantar Treoir 74/557/CEE a oiriúnú mar a leanas:

San Eilvéis:

Na táirgí agus na substaintí tocsaineacha go léir a leagtar amach sa Dlí Cónaidhme maidir le Cosaint ar Shubstaintí agus Ullmhóidí Contúirteacha (tiomsú rúnaicmithe an dlí cónaidhme (CC 813.1), agus go háirithe na táirgí agus na substaintí tocsaineacha a bhaineann leis sin (CC 813) agus maidir leis na substaintí nimhiúla don chomhshaol (CC 814.812.31, 814.812.32 agus 814.812.33).

6.    31986 L 0653: Treoir 86/653/CEE ón gComhairle an 18 Nollaig 1986 maidir le comhordú dhlíthe na mBallstát i ndáil le gníomhairí tráchtála féinfhostaithe (IO L 382, 31.12.1986, lch. 17).

7.    32015 R 0983: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/983 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2015 maidir leis an nós imeachta chun an Cárta Eorpach Gairmiúil a eisiúint agus leis an sásra foláirimh a chur i bhfeidhm de bhun Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 159, 25.6.2015, lch. 27).

8.    32018 L 0958: Treoir (AE) 2018/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 maidir le tástáil chomhréireachta a dhéanamh sula nglacfar rialáil nua gairmeacha (IO L 173, 9.7.2018, lch. 25)

9.    32019 R 0907: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/907 ón gCoimisiún an 14 Márta 2019 lena mbunaítear an Triail Chomhchoiteann Oiliúna do theagascóirí sciála faoi Airteagal 49b de Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 145, 4.6.2019, lch. 7).


10.    32023 D 0423: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/423 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2023 maidir le treoirthionscadal chun na forálacha maidir le comhar riaracháin a bhaineann le gairmeacha rialaithe a leagtar amach i dTreoracha (AE) 2005/36/CE agus (AE) 2018/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme trí bhíthin Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus chun bunachar sonraí na ngairmeacha rialaithe a chomhtháthú sa chóras sin (IO L 61, 27.2.2023, lch. 62).

11.    32012 R 1024: Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena naisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1), arna leasú le:

   32013 L 0055: Treoir 2013/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 132),

   32014 L 0060: Treoir 2014/60/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 (IO L 159, 28.5.2014, lch. 1), a ceartaíodh le IO L 147, 12.6.2015, lch. 24,

   32014 L 0067: Treoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 (IO L 159, 28.5.2014, lch. 11),

   32016 R 1191: Rialachán (AE) 2016/1191 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 (IO L 200, 26.7.2016, lch. 1),

   32016 R 1628: Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 (IO L 252, 16.9.2016, lch. 53), a ceartaíodh le IO L 231, 6.9.2019, lch. 29,


   32018 R 1724: Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1),

   32020 L 1057: Treoir (AE) 2020/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 (IO L 249, 31.7.2020, lch. 49),

   32020 R 1055: Rialachán (AE) 2020/1055 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 (IO L 249, 31.7.2020, lch. 17).

Úsáidfidh an Eilvéis Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) mar thríú tír le haghaidh malartuithe faisnéise, lena n‑áirítear sonraí pearsanta, le gníomhaithe IMI laistigh den Aontas chun nósanna imeachta um chomhar riaracháin a chur chun feidhme i gcás inarb infheidhme chun críocha an Chomhaontaithe seo.

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, leanann an Coimisiún de bheith den tuairim go dtugann an Eilvéis cosaint leordhóthanach ar shonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 23(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 fad a fhanfaidh Cinneadh 2000/518/CE 27 i bhfeidhm.

Úsáidfidh an Eilvéis córas IMI chun nósanna imeachta um chomhar riaracháin a chur chun feidhme mar a shainmhínítear in Airteagail 4a go 4e, Airteagal 8, Airteagal 21a, Airteagal 50, Airteagal 56 agus Airteagal 56a de Threoir 2005/36/CE, arna leasú le Treoir 2013/55/AE, i gcomhréir le prionsabail agus módúlachtaí na malartuithe a leagtar amach sna hAirteagail sin.


Léifear forálacha Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a)    sa chéad abairt dAirteagal 5, tuigfear an tagairt do Threoir 95/46/CE, a mhéid a bhaineann sé leis an Eilvéis, mar thagairt don reachtaíocht náisiúnta ábhartha;

(b)    ní bheidh feidhm ag Airteagal 8(1), pointe (e), maidir leis an Eilvéis;

(c)    in Airteagal 9(5), a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, cuirtear na focail dlí an Aontais arna chomhtháthú sa Chomhaontú seo in ionad na bhfocal dlí an Aontais;

(d)    in Airteagal 10(1), a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, cuirtear na focail i gcomhréir le reachtaíocht na hEilvéise in ionad na bhfocal i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta nó le reachtaíocht an Aontais;

(e)    in Airteagal 16(1) agus (2), tuigfear gur tagairtí don reachtaíocht náisiúnta ábhartha iad tagairtí do Threoir 95/46/CE, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis;

(f)    in Airteagal 17(4), tuigfear an tagairt do Threoir 95/46/CE, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, mar thagairt don reachtaíocht náisiúnta ábhartha;

(g)    in Airteagal 18(1), tuigfear an tagairt do Threoir 95/46/CE, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, mar thagairt don reachtaíocht náisiúnta ábhartha;

(h)    in Airteagal 20, tuigfear an tagairt do Threoir 95/46/CE, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, mar thagairt don reachtaíocht náisiúnta ábhartha;


(i)    in Airteagal 21:

(i)    i mír 1, tuigfear an tagairt do Threoir 95/46/CE, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, mar thagairt don reachtaíocht náisiúnta ábhartha;

(ii)    ní bheidh feidhm ag mír 3;

(j)    ní bheidh feidhm ag Airteagal 25;

(k)    Léifear Airteagal 26(1) i gcomhréir le hAirteagal 13 den Phrótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú seo..

_______________

PRÓTACAL
MAIDIR LE hÁITEANNA CÓNAITHE TÁNAISTEACHA SA DANMHAIRG

Maidir le Prótacal Uimh. 32 i ndáil le maoin a fháil sa Danmhairg, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, comhaontaíonn na Páirtithe Conarthacha go mbeidh feidhm ag an bPrótacal sin freisin maidir leis an gComhaontú seo a bhaineann le náisiúnaigh na hEilvéise ag fáil an dara teach sa Danmhairg.

PRÓTACAL
MAIDIR LE MAOIN DHOCHORRAITHE A FHÁIL I MÁLTA

Rialaítear ceannach maoine ar oileáin Mhálta leis an Acht um Maoin Dochorraithe (Fáil ag Neamhchónaitheoirí) (Caibidil 246 de Dhlíthe Mhálta).

Foráiltear leis an Acht:

(a)    Féadfaidh náisiúnach Eilvéiseach maoin dhochorraithe a cheannach i Málta:

(1)    Má úsáidtear an mhaoin mar phríomháit chónaithe nó má tá cónaí ar an iarratasóir i Málta mar chónaitheoir ar feadh tréimhse níos mó ná 5 bliana nó má tá an mhaoin le húsáid chun críoch gnó, níl aon srian ann.

(2)    Má úsáidtear an mhaoin mar áit chónaithe thánaisteach agus mura raibh cónaí ar an iarratasóir i Málta ar feadh tréimhse 5 bliana, tá gá le cead ar Éadáil Maoine Dochorraithe (AIP) agus tá sé faoi réir coinníollacha mar a shonraítear san Acht um Maoin Dochorraithe (Éadálacha ag Neamhchónaitheoirí), lena náirítear praghas íosta EUR 174 274 le haghaidh árasán agus EUR 300 619 le haghaidh tithe (déantar praghsanna íosta a choigeartú go bliantúil de réir an innéacs maoine mar a leagtar amach san Fhógra maidir le hInnéacs Praghsanna Maoine Dochorraithe [Fo-Reachtaíocht 246.08 de Dhlíthe Mhálta]). Ní cheanglaítear le ceannacháin den sórt sin go mbeadh ceart cónaithe ag an duine i Málta.

(b)    féadfaidh náisiúnaigh na hEilvéise a bpríomháit chónaithe a bhunú i Málta tráth ar bith i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta ábhartha. Ní bheidh aon oibleagáid i gceist le fágáil Mhálta chun aon mhaoin a fuarthas mar phríomháit chónaithe a dhiúscairt.


(c)    náisiúnaigh Eilvéiseacha a cheannaíonn maoin i limistéir ainmnithe speisialta a bhunaítear leis an Acht (limistéir ar cuid de thionscadail athghiniúna uirbí iad de ghnáth), ní éilíonn siad cead le haghaidh ceannacháin den sórt sin, ná níl siad teoranta ó thaobh líon, úsáid ná luach na maoine sin a fhéadfaidh siad a cheannach.

PRÓTACAL
MAIDIR LE CEADANNA CÓNAITHE FADTÉARMACHA

TÁ AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta,

agus

CÓNAIDHM NA hEILVÉISE, dá ngairtear ‘an Eilvéis’ anseo feasta;

tar éis comhaontú mar a leanas:

1.    Is ceist faoi dhlí an Aontais i gcomhréir leis na Conarthaí agus dlí na hEilvéise é ceadanna cónaithe fadtéarmacha a dheonú agus ní thagann sé faoi raon feidhme an Chomhaontaithe maidir le Saorghluaiseacht Daoine (dá ngairtear an Comhaontú anseo feasta). Dá bhrí sin, ní bheidh feidhm ag an bPrótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an bPrótacal seo.

2.    I gcás ina ndeonóidh an Eilvéis agus Ballstáit an Aontais ceadanna cónaithe fadtéarmacha do náisiúnaigh a chéile faoi na dlíthe dá dtagraítear i mír 1, cuirfear na rialacha sin i bhfeidhm ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, go háirithe maidir leis an íosfhad 5 bliana réamhchónaithe a cheanglaítear.

3.    Leanfaidh rialacha infheidhme an Aontais agus na hEilvéise de bheith inchomparáide i dtéarmaí coinníollacha agus ceanglas eile, ar an tuiscint go dtagann na coinníollacha agus na ceanglais faoi inniúlacht an Aontais i gcomhréir leis na Conarthaí agus na hEilvéise.


4.    Beidh an méid thuasluaite gan dochar do na nithe seo a leanas:

(a)    na rialacha maidir le buanchónaí dá bhforáiltear i dTreoir 2004/38/CE 28 chomh maith le

(b)    forálacha maidir le náisiúnaigh tríú tír atá i gcomhaontuithe déthaobhacha a tugadh i gcrích cheana idir Ballstát den Aontas agus an Eilvéis atá níos fabhraí ná na rialacha is infheidhme de chuid an Aontais agus na hEilvéise.

5.    Dainneoin mhír 1, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 10(1), (2) agus (5) den Phrótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú maidir le díospóidí a eascraíonn as míreanna 2 agus 3 den Phrótacal seo. Sna cásanna sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 11 den Phrótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú freisin, ach amháin nach bhféadfar bearta cúiteacha comhréireacha a ghlacadh ach amháin faoi chuimsiú an Chomhaontaithe.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag an bhFoscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an mBinse Eadrána, cé is moite d’Airteagal I.4 mír 4, Airteagal III.4 mír 3 an dara habairt, Airteagal III.5 mír 2 an tríú habairt, Airteagal III.9 agus Airteagal III.10 mír 5.

PRÓTACAL INSTITIÚIDEACH
A GHABHANN LEIS AN gCOMHAONTÚ

IDIR AN COMHPHOBAL EORPACH AGUS A BHALLSTÁIT,

DE PHÁIRT,

AGUS CÓNAIDHM NA hEILVÉISE, DEN PHÁIRT EILE,

MAIDIR LE SAORGHLUAISEACHT DAOINE

TÁ AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta,

agus

CÓNAIDHM NA hEILVÉISE, dá ngairtear ‘an Eilvéis’ anseo feasta;

AG FÉACHAINT don Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 21 Meitheamh 1999, (dá ngairtear an ‘Comhaontú’ anseo feasta), a tháinig i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2002;

AG FÉACHAINT don Phrótacal a ghabhann le Comhaontú an 21 Meitheamh 1999 idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine i ndáil le rannpháirtíocht, mar Pháirtithe Conarthacha, Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice de bhun a n‑aontachais leis an Aontas Eorpach, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 26 Deireadh Fómhair 2004, a tháinig i bhfeidhm an 1 Aibreán 2006;

AG FÉACHAINT don Phrótacal a ghabhann le Comhaontú an 21 Meitheamh 1999 idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine i ndáil le rannpháirtíocht, mar Pháirtithe Conarthacha, Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine de bhun a n‑aontachais don Aontas Eorpach, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 27 Bealtaine 2008, a tháinig i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2009;


AG FÉACHAINT don Phrótacal a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine, i ndáil le rannpháirtíocht Phoblacht na Cróite mar Pháirtí Conarthach, tar éis a haontachais don Aontas Eorpach, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 4 Márta 2016, a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2017;

DE BHRÍ GO BHFUIL comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas ina gceangal ar institiúidí an Aontais agus ar a Bhallstáit; dá bhrí sin, tá feidhm ag an bPrótacal seo maidir leis na Páirtithe Conarthacha mar a leagtar amach sa Chomhaontú;

DE BHRÍ go bhfuil an tAontas agus an Eilvéis faoi cheangal ag an iliomad comhaontuithe déthaobhacha lena gcumhdaítear réimsí éagsúla, lena bhforáiltear do chearta agus oibleagáidí sonracha atá comhchosúil, ar bhealaí áirithe, leis na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear laistigh den Aontas;

AG MEABHRÚ DÓIBH gurb é is cuspóir do na comhaontuithe déthaobhacha sin iomaíochas na hEorpa a mhéadú agus naisc eacnamaíocha níos dlúithe a chruthú idir na Páirtithe Conarthacha, bunaithe ar chomhionannas, ar chómhalartacht agus ar chothromaíocht ghinearálta a mbuntáistí, a gceart agus a n‑oibleagáidí;

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU rannpháirtíocht na hEilvéise i margadh inmheánach an Aontais a neartú agus a dhoimhniú, ar bhonn na rialacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir leis an margadh inmheánach, agus a neamhspleáchas agus neamhspleáchas a n‑institiúidí á gcaomhnú ag an am céanna agus, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, urraim do na prionsabail a eascraíonn as an daonlathas díreach, as an bhfeidearálachas agus as cineál earnála a rannpháirtíochta sa mhargadh inmheánach;


Á nATHDHEARBHÚ dóibh go gcaomhnaítear inniúlacht Chúirt Uachtarach Fheidearálach na hEilvéise agus inniúlacht chúirteanna uile na hEilvéise chomh maith le hinniúlacht chúirteanna na mBallstát agus Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun an Comhaontú a léirmhíniú i gcásanna aonair;

ÓS FEASACH DÓIBH aonfhoirmeacht a áirithiú sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach, faoi láthair agus amach anseo,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

CAIBIDIL 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

AIRTEAGAL 1

Cuspóirí

1.    Is é is cuspóir don Phrótacal seo deimhneacht dhlíthiúil níos fearr, cóir chomhionann agus cothrom iomaíochta sa réimse a bhaineann leis an margadh inmheánach a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe a ráthú do na Páirtithe Conarthacha, agus doibreoirí eacnamaíocha agus do dhaoine aonair.


2.    Chuige sin, soláthraítear leis an bPrótacal seo réitigh institiúideacha nua lena néascaítear neartú leanúnach cothrom an chaidrimh eacnamaíoch idir na Páirtithe Conarthacha. Agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta á gcur san áireamh, leagtar síos leis an bPrótacal seo, go háirithe, réitigh institiúideacha le haghaidh an Chomhaontaithe ar réitigh iad is coiteann do na comhaontuithe déthaobhacha arna dtabhairt i gcrích nó atá le tabhairt i gcrích sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach, gan raon feidhme ná cuspóirí an Chomhaontaithe a athrú, go háirithe:

(a)    an nós imeachta chun an Comhaontú a ailíniú le gníomhartha dlí an Aontais atá ábhartha don Chomhaontú;

(b)    léirmhíniú agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Chomhaontaithe agus ghníomhartha dlí an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú;

(c)    faireachas a dhéanamh ar an gComhaontú agus é a chur i bhfeidhm; agus

(d)    díospóidí a réiteach i gcomhthéacs an Chomhaontaithe.

AIRTEAGAL 2

Ceangal leis an gComhaontú

1.    Is cuid dhílis den Chomhaontú iad an Prótacal seo, agus an Iarscríbhinn agus an Fhoscríbhinn a ghabhann leis.

2.    Liostaítear thíos forálacha an Chomhaontaithe a aisghairtear leis an bPrótacal seo:

(a)    Airteagal 16;


(b)    Airteagal 17;

(c)    Airteagal 19.

3.    Déanfar tagairtí don Chomhphobal Eorpach nó don Chomhphobal sa Chomhaontú a fhorléiriú mar thagairtí don Aontas.

AIRTEAGAL 3

Comhaontuithe déthaobhacha sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach
ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach

1.    Measfar comhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo idir an tAontas agus an Eilvéis sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach a bheith comhleanúnach ina niomláine lena náirithítear cothromaíocht na gceart agus na noibleagáidí idir an tAontas agus an Eilvéis.

2.    Is comhaontú déthaobhach é an Comhaontú i réimse a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach.


CAIBIDIL 2

AILÍNIÚ AN CHOMHAONTAITHE LE GNÍOMHARTHA DLÍ AN AONTAIS

AIRTEAGAL 4

Rannpháirtíocht i ndréachtú gníomhartha dlí an Aontais (‘cinntí a mhúnlú’)

1.    Agus togra le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais á dhréachtú aige i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear CFAE anseo feasta) sa réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú, cuirfidh an Coimisiún Eorpach (dá ngairtear an Coimisiún anseo feasta) an Eilvéis ar an eolas faoi sin agus rachaidh sé i gcomhairle go neamhfhoirmiúil le saineolaithe na hEilvéise ar an gcaoi chéanna a niarrann sé tuairimí ó shaineolaithe ó Bhallstáit an Aontais chun a thograí a dhréachtú.

Arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí Conarthach, déanfar réamhmhalartú tuairimí laistigh den Chomhchoiste.

Rachaidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhairle le chéile arís, arna iarraidh sin do cheachtar acu, laistigh den Chomhchoiste ag tráthanna tábhachtacha den chéim sula nglacfaidh an tAontas an gníomh dlí, le linn próiseas leanúnach faisnéise agus comhairliúcháin.

2.    Le linn don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ullmhú, i gcomhréir le CFAE, a bhaineann le bunghníomhartha dhlí an Aontais sa réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú, áiritheoidh sé go mbeidh an rannpháirtíocht is leithne is féidir ag an Eilvéis in ullmhú na ndréachtaí agus rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe na hEilvéise ar an mbonn céanna agus a rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe Bhallstáit an Aontais.


3.    Le linn don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ullmhú, i gcomhréir le CFAE, a bhaineann le bunghníomhartha dhlí an Aontais sa réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú, áiritheoidh sé go mbeidh an rannpháirtíocht is leithne is féidir ag an Eilvéis in ullmhú na ndréachtaí atá le cur, níos déanaí, faoi bhráid na gcoistí a thugann cúnamh don Choimisiún i bhfeidhmiú a chumhachtaí cur chun feidhme agus rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe na hEilvéise ar an mbonn céanna agus a rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe ó Bhallstáit an Aontais.

4.    Beidh saineolaithe na hEilvéise rannpháirteach in obair na gcoistí nach gcumhdaítear le míreanna 2 agus 3 i gcás inar gá sin le haghaidh fheidhmiú cuí an Chomhaontaithe. Déanfaidh an Comhchoiste liosta de na coistí sin agus, i gcás inarb iomchuí, de choistí eile a bhfuil saintréithe comhchosúla acu, a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta.

5.    Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhartha dlí de chuid an Aontais ná maidir le forálacha díobh a thagann faoi raon feidhme eisceachta dá dtagraítear in Airteagal 5(7).

AIRTEAGAL 5

Gníomhartha dlí an Aontais a chomhtháthú

1.    Chun deimhneacht dhlíthiúil agus aonchineálacht an dlí a ráthú sa réimse a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach de bhua an Chomhaontaithe, áiritheoidh an Eilvéis agus an tAontas go ndéanfar gníomhartha dlí de chuid an Aontais arna nglacadh sa réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú a chomhtháthú sa Chomhaontú a luaithe is féidir tar éis a nglactha.


2.    Gníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú sa Chomhaontú i gcomhréir le mír 4, beidh siad, trína gcomhtháthú sa Chomhaontú, ina gcuid de dhlíchóras na hEilvéise faoi réir, de réir mar a bheidh, na noiriúnuithe arna gcinneadh ag an gComhchoiste.

3.    Nuair a ghlacfaidh an tAontas gníomh dlí sa réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú, cuirfidh sé an Eilvéis ar an eolas faoi sin a luaithe is féidir tríd an gComhchoiste. Arna iarraidh sin do cheachtar de na Páirtithe Conarthacha, malartóidh an Comhchoiste tuairimí maidir leis an ábhar sin.

4.    Gníomhóidh an Comhchoiste i gcomhréir le mír 1 trí chinneadh a ghlacadh a luaithe is féidir chun Iarscríbhinní I go III a ghabhann leis an gComhaontú a leasú, lena náirítear na hoiriúnuithe is gá.

5.    Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2, más gá chun comhleanúnachas an Chomhaontaithe leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis arna leasú de bhun mhír 4 a áirithiú, féadfaidh an Comhchoiste a mholadh, lena fhormheas ag na Páirtithe Conarthacha de réir a nósanna imeachta inmheánacha, go ndéanfar an Comhaontú a athbhreithniú.

6.    Tagairtí sa Chomhaontú do ghníomhartha dlí de chuid an Aontais nach bhfuil i bhfeidhm a thuilleadh, forléireofar iad mar thagairtí don ghníomh dlí aisghairme de chuid an Aontais mar atá comhtháite san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú ó theacht i bhfeidhm chinneadh an Chomhchoiste maidir leis an leasú comhfhreagrach ar an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú de bhun mhír 4, mura bhforáiltear a mhalairt sa chinneadh sin.

7.    Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 maidir le gníomhartha dlí de chuid an Aontais, nó forálacha díobh, a thagann faoi raon feidhme eisceachta a liostaítear thíos:

   Airteagal 5g [Tréimhse réamhfhógra agus rialuithe];


   Airteagal 5h [Ráthaíochtaí airgeadais agus smachtbhannaí airgeadais];

   Airteagal 5i [Cruthúnas ar fhéinfhostaíocht];

   Airteagal 5j [Neamh-chúlchéimniú];

   Airteagal 7b [Mic léinn];

   Airteagal 7e [Buanchónaí];

   Airteagal 7f [Maoin dhochorraithe a cheannach];

   Airteagal 7g [Cártaí aitheantais];

   Airteagal 7h [Díbirt].

   Iarscríbhinn II Scéimeanna Slándála Sóisialta a Chomhordú, Cuid II. Oiriúnuithe Earnála, Pointe 1. a-f.

8.    Faoi réir Airteagal 6, tiocfaidh cinntí an Chomhchoiste de bhun mhír 4 i bhfeidhm láithreach, ach ní thiocfaidh siad i bhfeidhm i gcás ar bith roimh an dáta a thiocfaidh an gníomh dlí comhfhreagrach de chuid an Aontais chun bheith infheidhme san Aontas.

9.    Oibreoidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhar de mheon macánta le linn an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo chun an chinnteoireacht a éascú.


10.    Tabharfaidh an tAontas agus an Eilvéis aird ar an bprionsabal pá comhionann as obair chomhionann san áit chéanna agus ar chóras dé-fhorfheidhmiúcháin na hEilvéise.

AIRTEAGAL 6

Oibleagáidí bunreachtúla á gcomhlíonadh ag an Eilvéis

1.    Le linn an mhalartaithe tuairimí dá dtagraítear in Airteagal 5(3), cuirfidh an Eilvéis in iúl don Aontas cé acu a cheanglaítear nó nach gceanglaítear le cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 5(4) go gcomhlíonfaidh an Eilvéis oibleagáidí bunreachtúla chun bheith ceangailteach.

2.    I gcás ina gceanglaítear leis an gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 5(4) ar an Eilvéis oibleagáidí bunreachtúla a chomhlíonadh chun bheith ceangailteach, beidh teorainn ama 2 bhliain ar a mhéad ag an Eilvéis ó dháta na faisnéise dá bhforáiltear i mír 1, ach amháin i gcás ina seolfar nós imeachta reifrinn, agus sa chás sin cuirfear síneadh bliana leis an tréimhse sin.

3.    Go dtí go bhfaighidh an Eilvéis an fhaisnéis go bhfuil a hoibleagáidí bunreachtúla comhlíonta aici, cuirfidh na Páirtithe Conarthacha an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 5(4) i bhfeidhm go sealadach, mura rud é go gcuirfidh an Eilvéis in iúl don Aontas nach féidir an cinneadh a chur i bhfeidhm go sealadach agus go soláthróidh siad na cúiseanna leis sin.

Ní féidir, i gcás ar bith, an cur i bhfeidhm sealadach a dhéanamh roimh an dáta a thiocfaidh gníomh dlí comhfhreagrach an Aontais chun bheith infheidhme san Aontas.


4.    Tabharfaidh an Eilvéis fógra don Aontas gan mhoill tríd an gComhchoiste a luaithe a bheidh na hoibleagáidí bunreachtúla dá dtagraítear i mír 1 comhlíonta aici.

5.    Tiocfaidh an cinneadh i bhfeidhm an lá a thabharfar an fógra dá bhforáiltear i mír 4, ach ní thiocfaidh sé i bhfeidhm i gcás ar bith roimh an dáta a thiocfaidh an gníomh dlí comhfhreagrach de chuid an Aontais chun bheith infheidhme san Aontas.

CAIBIDIL 3

LÉIRMHÍNIÚ AGUS CUR I bhFEIDHM AN CHOMHAONTAITHE

AIRTEAGAL 7

Prionsabal an léirmhínithe aonfhoirmigh

1.    Chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach agus i gcomhréir le prionsabail an dlí idirnáisiúnta phoiblí, déanfar na comhaontuithe déthaobhacha sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach agus gníomhartha dlí an Aontais dá ndéantar tagairt i gcomhaontuithe den sórt sin a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach.

2.    Gníomhartha dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú agus, a mhéid a bhaineann a gcur i bhfeidhm le coincheapa dhlí an Aontais, déanfar forálacha an Chomhaontaithe a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, sula síneofar an Comhaontú nó ina dhiaidh sin.


AIRTEAGAL 8

Prionsabal cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhchuí

1.    Rachaidh an Coimisiún agus údaráis inniúla na hEilvéise i gcomhar a chéile agus tabharfaidh siad cúnamh dá chéile chun a áirithiú go ndéanfar faireachas ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe. Féadfaidh siad faisnéis a mhalartú maidir le gníomhaíochtaí faireachais ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe. Féadfaidh siad tuairimí a mhalartú agus saincheisteanna leasa choitinn a phlé.

2.    Déanfaidh gach Páirtí Conarthach bearta iomchuí chun cur i bhfeidhm éifeachtach comhchuí an Chomhaontaithe ar a chríoch a áirithiú.

3.    Is iad na Páirtithe Conarthacha laistigh den Chomhchoiste a dhéanfaidh faireachas i gcomhpháirt ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe.

Má thagann an Coimisiún nó údaráis inniúla na hEilvéise ar an eolas faoi chás inar cuireadh i bhfeidhm go mícheart é, féadfar an t‑ábhar a tharchur chuig an gComhchoiste d’fhonn teacht ar réiteach inghlactha.

4.    Déanfaidh an Coimisiún agus údaráis inniúla na hEilvéise faireachán ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe ag an bPáirtí Conarthach eile. Tá feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 10.

Ós rud é go bhfuil gá le hinniúlachtaí faireachais áirithe de chuid institiúidí an Aontais a mhéid a bhaineann le Páirtí Conarthach amháin chun cur i bhfeidhm éifeachtach comhchuí an Chomhaontaithe a áirithiú, amhail cumhachtaí imscrúdaithe agus cinnteoireachta, ní mór foráil shonrach a dhéanamh sa Chomhaontú maidir leo.


AIRTEAGAL 9

Prionsabal an eisiachais

Gabhann na Páirtithe Conarthacha orthu féin nach gcuirfidh siad díospóid maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe agus ghníomhartha dlí an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú nó, i gcás inarb infheidhme, maidir le cinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún ar bhonn an Chomhaontaithe a bheith i gcomhréir leis an gComhaontú, faoi aon mhodh réitigh seachas na modhanna sin dá bhforáiltear sa Phrótacal seo.

AIRTEAGAL 10

Nós imeachta i gcás deacracht a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm

1.    I gcás ina mbeidh deacracht ann an Comhaontú nó gníomh dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú a léirmhíniú nó a chur i bhfeidhm, rachaidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhairle le chéile laistigh den Chomhchoiste chun teacht ar réiteach a bheidh inghlactha ag an dá thaobh. Chuige sin, cuirfear na heilimintí úsáideacha faisnéise uile ar fáil don Chomhchoiste chun é a chur ar a chumas dó scrúdú mionsonraithe a dhéanamh ar an gcás. Scrúdóidh an Comhchoiste na féidearthachtaí uile lena bhféadfar feidhmiú cuí an Chomhaontaithe a choinneáil ar bun.

2.    Mura mbeidh an Comhchoiste in ann teacht ar réiteach ar an deacracht dá dtagraítear i mír 1 laistigh de 3 mhí ón dáta a cuireadh an deacracht faoina bhráid, féadfaidh ceachtar de na Páirtithe Conarthacha a iarraidh ar bhinse eadrána an díospóid a réiteach i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos san Fhoscríbhinn.


3.    I gcás ina dtarraingeoidh an díospóid ceist anuas maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm forála dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus má tá léirmhíniú na forála sin ábhartha maidir leis an díospóid a shocrú agus más gá é chun a chumasú dó breith a thabhairt, déanfaidh an binse eadrána an cheist sin a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

I gcás ina dtarraingeoidh an díospóid ceist anuas maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm forála a thagann faoi raon feidhme eisceachta ón oibleagáid ailínithe dhinimiciúil dá dtagraítear in Airteagal 5(7), agus i gcás nach mbaineann an díospóid le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm coincheap de dhlí an Aontais, réiteoidh an binse eadrána an díospóid gan í a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

4.    I gcás ina dtarchuirfidh an binse eadrána ceist chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh de bhun mhír 3:

(a)    beidh an rialú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina cheangal ar an mbinse eadrána; agus

(b)    Beidh na cearta céanna ag an Eilvéis agus atá ag na Ballstáit agus ag institiúidí an Aontais agus beidh sí faoi réir na nósanna imeachta céanna os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, mutatis mutandis.

5.    Déanfaidh gach Páirtí Conarthach gach beart is gá chun cinneadh an bhinse eadrána a chomhlíonadh de mheon macánta.

An Páirtí Conarthach a gcinnfidh an binse eadrána nár chomhlíon sé an Comhaontú, cuirfidh sé an Páirtí Conarthach eile ar an eolas tríd an gComhchoiste faoi na bearta atá déanta aige chun cinneadh an bhinse eadrána a chomhlíonadh.


6.    Na coimircí a leagtar amach sa Dearbhú Comhpháirteach maidir le cúnamh sóisialta a dhiúltú agus cónaí a fhoirceannadh sula bhfuarthas buanchónaí agus sa Dearbhú Comhpháirteach maidir leis an bhfógra faoi dhul i mbun fostaíochta, atá i gceangal leis an gComhaontú, cuirfear san áireamh iad de mheon macánta i gcomhthéacs díospóidí a cuireadh faoi bhráid an Chomhchoiste a réiteach.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír fad a bheidh, agus a mhéid a bheidh, na coimircí fós comhoiriúnach le gníomhartha dlí ábhartha an Aontais mar atá siad comhtháite sa Chomhaontú. Ní dhéanfaidh na coimircí difear do chur i bhfeidhm Airteagal 5(1) den Phrótacal seo.

AIRTEAGAL 11

Bearta cúiteacha

1.    Más rud é, maidir leis an bPáirtí Conarthach ar chinn an binse eadrána nár chomhlíon sé an Comhaontú, nach gcuirfidh sé an Páirtí Conarthach eile ar an eolas, laistigh de thréimhse ama réasúnta arna socrú i gcomhréir le hAirteagal IV.2(6) den Fhoscríbhinn, faoi na bearta a rinne sé chun cinneadh an bhinse eadrána a chomhlíonadh, nó má mheasann an Páirtí Conarthach eile nach gcomhlíonann na bearta a cuireadh in iúl cinneadh an bhinse eadrána, féadfaidh an Páirtí Conarthach eile sin bearta cúiteacha comhréireacha a ghlacadh faoi chuimsiú an Chomhaontaithe nó aon chomhaontaithe dhéthaobhaigh eile sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach (dá ngairtear bearta cúiteacha anseo feasta) chun éagothroime a dfhéadfadh a bheith ann a leigheas. Tabharfaidh sé fógra don Pháirtí Conarthach ar chinn an binse eadrána nár chomhlíon sé an Comhaontú maidir leis na bearta cúiteacha, a shonrófar san fhógra. Gabhfaidh éifeacht leis na bearta cúiteacha sin 3 mhí ó dháta an fhógra sin.


2.    Más rud é, laistigh de mhí amháin ón dáta a dtabharfar fógra faoi na bearta cúiteacha atá beartaithe, nach mbeidh cinneadh déanta ag an gComhchoiste na bearta cúiteacha sin a chur ar fionraí, a leasú nó a neamhniú, féadfaidh ceachtar Páirtí Conarthach an cheist maidir le comhréireacht na mbeart cúiteach sin a chur chun eadrána, i gcomhréir leis an bhFoscríbhinn.

3.    Déanfaidh an binse eadrána cinneadh laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal III.8(4) den Fhoscríbhinn.

4.    Ní bheidh éifeacht chúlghabhálach ag bearta cúiteacha. Go háirithe, caomhnófar na cearta agus na hoibleagáidí a fuair daoine aonair agus oibreoirí eacnamaíocha cheana féin sula ngabhfaidh éifeacht leis na bearta cúiteacha.

AIRTEAGAL 12

Comhar idir dlínsí

1.    Chun an léirmhíniú aonchineálach a chur chun cinn, tiocfaidh Cúirt Uachtarach Chónaidhme na hEilvéise agus Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú maidir le hidirphlé agus módúlachtaí an idirphlé sin.

2.    Beidh sé de cheart ag an Eilvéis ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a thaisceadh le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás ina dtarchuirfidh cúirt de chuid Ballstáit den Aontas ceist chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le léirmhíniú an Chomhaontaithe nó forála de ghníomh dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear ann le haghaidh réamhrialú.


CAIBIDIL 4

FORÁLACHA EILE

AIRTEAGAL 13

Rannchuidiú airgeadais

1.    Rannchuideoidh an Eilvéis le maoiniú ghníomhaíochtaí ghníomhaireachtaí an Aontais, na gcóras faisnéise agus na ngníomhaíochtaí eile a liostaítear in Airteagal 1 den Iarscríbhinn a bhfuil rochtain aici orthu, i gcomhréir leis an Airteagal seo agus leis an Iarscríbhinn.

Féadfaidh an Comhchoiste cinneadh a ghlacadh chun an Iarscríbhinn a leasú.

2.    Féadfaidh an tAontas rannpháirtíocht na hEilvéise sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur ar fionraí tráth ar bith mura gcomhlíonann an Eilvéis an sprioc-am íocaíochta i gcomhréir leis na téarmaí íocaíochta a leagtar amach in Airteagal 2 den Iarscríbhinn.

I gcás nach gcomhlíonann an Eilvéis sprioc-am íocaíochta, seolfaidh an tAontas litir mheabhrúcháin fhoirmiúil chuig an Eilvéis. I gcás nach ndéanfar íocaíocht iomlán laistigh de 30 lá ón dáta a gheofar an litir mheabhrúcháin fhoirmiúil sin, féadfaidh an tAontas rannpháirtíocht na hEilvéise sa ghníomhaíocht ábhartha a chur ar fionraí.

3.    Is éard a bheidh sa ranníocaíocht airgeadais suim na méideanna seo a leanas:

(a)    ranníocaíocht oibríochtúil; agus


(b)    táille rannpháirtíochta.

4.    Beidh an ranníocaíocht airgeadais i bhfoirm ranníocaíocht airgeadais bhliantúil agus beidh sí dlite ar na dátaí a shonraítear sna glaonna ar chistí arna neisiúint ag an gCoimisiún.

5.    Beidh an ranníocaíocht oibríochtúil bunaithe ar threoir ranníoca arna sainiú mar an cóimheas idir olltáirgeacht intíre (dá ngairtear OTI anseo feasta) na hEilvéise ag praghsanna an mhargaidh agus OTI an Aontais ag praghsanna an mhargaidh.

Chun na críche sin, is iad na figiúirí is déanaí a bheidh ar fáil amhail an 1 Eanáir den bhliain ina ndéantar an íocaíocht bhliantúil de réir mar a sholáthróidh Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh (EUROSTAT) iad na figiúirí a úsáidfear le haghaidh OTI na bPáirtithe Conarthacha ag praghsanna an mhargaidh, agus aird chuí á tabhairt ar an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar i réimse an staidrimh, arna dhéanamh i Lucsamburg an 26 Deireadh Fómhair 2004. Má scoireann an comhaontú sin d’fheidhm a bheith aige, is é an figiúr a ghlacfar mar OTI na hEilvéise an figiúr a bhunófar ar bhonn na faisnéise arna cur ar fáil ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta.

6.    Déanfar an ranníocaíocht oibríochtúil le haghaidh gach gníomhaireachta de chuid an Aontais a ríomh tríd an treoir ranníoca a chur i bhfeidhm ar a buiséad bliantúil arna vótáil atá inscríofa ar an líne/na línte fóirdheontais ábhartha de bhuiséad an Aontais den bhliain atá i gceist, agus aon ranníocaíocht oibríochtúil choigeartaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 1 den Iarscríbhinn á cur san áireamh le haghaidh gach gníomhaireachta.

Déanfar an ranníocaíocht oibríochtúil le haghaidh na gcóras faisnéise agus na ngníomhaíochtaí eile a ríomh tríd an treoir ranníoca a chur i bhfeidhm ar bhuiséad ábhartha na bliana atá i gceist mar a leagtar amach i ndoiciméid lena gcuirtear an buiséad chun feidhme, amhail cláir oibre nó conarthaí.


Beidh na méideanna tagartha uile bunaithe ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas.

7.    4 % den ranníocaíocht oibríochtúil bhliantúil arna ríomh i gcomhréir le míreanna 5 agus 6 a bheidh sa táille rannpháirtíochta bhliantúil.

8.    Soláthróidh an Coimisiún faisnéis leordhóthanach don Eilvéis i ndáil lena ranníocaíocht airgeadais a ríomh. Soláthrófar an fhaisnéis sin agus aird chuí á tabhairt ar rialacha rúndachta agus cosanta sonraí an Aontais.

9.    Is in euro a dhéanfar ranníocaíochtaí airgeadais uile na hEilvéise nó na híocaíochtaí uile ón Aontas agus is in euro a ríomhfar na méideanna a bheidh dlite nó le fáil.

10.    I gcás nach mbeidh teacht i bhfeidhm an Phrótacail seo i gcomhthráth le tús bliana féilire, beidh ranníocaíocht oibríochtúil na hEilvéise le haghaidh na bliana i gceist faoi réir coigeartú, de réir na modheolaíochta agus na dtéarmaí íocaíochta a shainítear in Airteagal 5 den Iarscríbhinn.

11.    Leagtar amach forálacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo san Iarscríbhinn.

12.    3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú ar choinníollacha rannpháirtíochta na hEilvéise mar a shainmhínítear in Airteagal 1 den Iarscríbhinn agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé iad a oiriúnú.


AIRTEAGAL 14

Tagairtí do chríocha

Aon uair a bheidh tagairtí sna gníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú sa Chomhaontú do chríoch ‘an Aontais Eorpaigh’, ‘an Aontais’, an ‘cómhargaidh’ nó an ‘mhargaidh inmheánaigh’, tuigfear, chun críocha an Chomhaontaithe, gur tagairtí do na críocha dá dtagraítear in Airteagal 24 den Chomhaontú iad na tagairtí.

AIRTEAGAL 15

Tagairtí do náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais

Aon uair a bheidh tagairtí sna gníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú sa Chomhaontú do náisiúnaigh de chuid Bhallstáit an Aontais, tuigfear, chun críocha an Chomhaontaithe, gur tagairtí iad do náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais agus na hEilvéise.

AIRTEAGAL 16

Teacht i bhfeidhm agus cur chun feidhme ghníomhartha dlí an Aontais

Forálacha na ngníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú sa Chomhaontú maidir lena dteacht i bhfeidhm nó lena gcur chun feidhme, níl siad ábhartha chun críocha an Chomhaontaithe.


Eascraíonn na teorainneacha ama agus na dátaí don Eilvéis chun na cinntí lena gcomhtháthaítear gníomhartha dlí an Aontais sa Chomhaontú a thabhairt i bhfeidhm agus a chur chun feidhme as Airteagal 5(8) agus Airteagal 6(5), agus as forálacha maidir le socruithe idirthréimhseacha.

AIRTEAGAL 17

Seolaithe ghníomhartha dlí an Aontais

Forálacha na ngníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú sa Chomhaontú lena léirítear gur ar Bhallstáit an Aontais atá siad dírithe, níl siad ábhartha chun críocha an Chomhaontaithe.

CAIBIDIL 5

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

AIRTEAGAL 18

Cur chun feidhme

1.    Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha gach beart is iomchuí, bíodh sé ginearálta nó sonrach, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as an gComhaontú agus staonfaidh siad ó aon bheart a dhéanamh a dfhéadfadh gnóthú chuspóirí an Chomhaontaithe a chur i mbaol.


2.    Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha na bearta uile is gá chun toradh beartaithe ghníomhartha dlí an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú a ráthú agus staonfaidh siad ó aon bheart a dhéanamh a dfhéadfadh gnóthú a naidhmeanna a chur i mbaol.

AIRTEAGAL 19

Teacht i bhfeidhm

1.    Déanfaidh an tAontas agus an Eilvéis an Prótacal seo a dhaingniú nó a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Tabharfaidh an tAontas agus an Eilvéis fógra dá chéile faoi chur i gcrích na nósanna imeachta inmheánacha is gá do theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo.

2.    Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an fhógra dheireanaigh maidir leis na hionstraimí seo a leanas:

(a)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

(b)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(c)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;


(d)    Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(e)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí diarnród agus de bhóthar;

(f)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí diarnród agus de bhóthar;

(g)    Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí diarnród agus de bhóthar;

(h)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta;

(i)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(j)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(k)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht tráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú;


(l)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gcláir de chuid an Aontais;

(m)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis.

AIRTEAGAL 20

Leasú agus foirceannadh

1.    Féadfar an Prótacal seo a leasú tráth ar bith trí chomhaontú frithpháirteach an Aontais agus na hEilvéise.

2.    I gcás ina bhfoirceannfar an Comhaontú i gcomhréir le hAirteagal 25(3) den Chomhaontú, scoirfidh an Prótacal seo dfheidhm a bheith aige ar an dáta dá dtagraítear in Airteagal 25(4) den Chomhaontú.

3.    I gcás ina scoirfidh an Comhaontú de bheith i bhfeidhm, caomhnófar na cearta agus na hoibleagáidí a fuair daoine aonair agus oibreoirí eacnamaíocha cheana féin de bhua an Chomhaontaithe roimh dháta scoir an Chomhaontaithe. Socróidh an tAontas agus an Eilvéis trí chomhaontú frithpháirteach cén ghníomhaíocht a bheidh le déanamh i ndáil le cearta atá á bhfáil.


Arna dhéanamh [i/in/sa/san …], an […], i ndúblach, sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus tá gach téacs díobh barántúil.

Á FHIANÚ SIN, chuir na daoine thíos-sínithe, agus údar cuí acu chuige sin, a lámh leis an bPrótacal seo.

(Bloc na sínithe, amhail an méid seo a leanas, i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais: ‘Thar ceann an Aontais Eorpaigh’ agus ‘Thar ceann Chónaidhm na hEilvéise’)

IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN MAIDIR LE hAIRTEAGAL 13 den Phrótacal a chur i bhfeidhm

AIRTEAGAL 1

Liosta de ghníomhaíochtaí ghníomhaireachtaí, chórais faisnéise agus ghníomhaíochtaí eile an Aontais a bhfuil an Eilvéis le ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh leo

Déanfaidh an Eilvéis ranníocaíocht airgeadais i leith na nithe seo a leanas:

(a)    gníomhaireachtaí:

ceann ar bith.

(b)    córais faisnéise:

An líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta mar a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 107, 22.4.2016, lch. 1), mar is infheidhme de réir Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú;


Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI) arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1), a ceartaíodh le IO L 200, 7.6.2004, lch. 1 agus IO L 204, 4.8.2007, lch. 30) agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 (IO L 284, 30.10.2009, lch. 1), mar is infheidhme de réir Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú;

Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) mar a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1), mar is infheidhme de réir Iarscríbhinn I agus III a ghabhann leis an gComhaontú.

(c)    gníomhaíochtaí eile:

ceann ar bith.

AIRTEAGAL 2

Téarmaí íocaíochta

1.    Déanfar íocaíochtaí atá dlite de bhun Airteagal 13 den Phrótacal i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.    Agus glao ar chistí na bliana airgeadais á eisiúint ag an gCoimisiún, cuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas in iúl don Eilvéis:

(a)    méid na ranníocaíochta oibríochtúla; agus


(b)    méid na táille rannpháirtíochta.

3.    Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis seo a leanas maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise in iúl don Eilvéis a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí an 16 Aibreán de gach bliain airgeadais:

(a)    na méideanna i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas bhuiséad bliantúil an Aontais a vótáladh atá inscríofa ar línte fóirdheontais buiséid ábhartha an Aontais don bhliain i gceist le haghaidh gach gníomhaireachta de chuid an Aontais, agus aon ranníocaíocht oibríochtúil choigeartaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 1 á cur san áireamh le haghaidh gach gníomhaireachta, agus na méideanna i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i ndáil le buiséad an Aontais a vótáladh don bhliain i gceist le haghaidh bhuiséad ábhartha na gcóras faisnéise agus gníomhaíochtaí eile, lena gcumhdaítear rannpháirtíocht na hEilvéise i gcomhréir le hAirteagal 1;

(b)    méid na táille rannpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 13(7) den Phrótacal; agus

(c)    a mhéid a bhaineann le gníomhaireachtaí, i mbliain N+1 na méideanna i ngealltanais bhuiséadacha a rinneadh maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a údaraíodh i mbliain N ar na línte fóirdheontais buiséid ábhartha de chuid an Aontais i ndáil le buiséad bliantúil an Aontais atá inscríofa ar línte fóirdheontais buiséid ábhartha an Aontais le haghaidh bhliain N.

4.    Ar bhonn a dhréachtbhuiséid, soláthróidh an Coimisiún meastachán ar an bhfaisnéis faoi phointí (a) agus (b) de mhír 3 a luaithe is féidir, agus, ar a dhéanaí, faoin 1 Meán Fómhair den bhliain airgeadais.


5.    Eiseoidh an Coimisiún don Eilvéis, an 16 Aibreán ar a dhéanaí agus, más infheidhme maidir leis an ngníomhaireacht ábhartha, an córas faisnéise nó gníomhaíocht eile, an 22 Deireadh Fómhair ar a luaithe agus ar a dhéanaí an 31 Deireadh Fómhair gach bliain airgeadais, glao ar chistí a chomhfhreagraíonn do ranníocaíocht na hEilvéise faoin gComhaontú le haghaidh gach ceann de na gníomhaireachtaí, na córais faisnéise agus na gníomhaíochtaí eile ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach.

6.    Déanfar an glao (nó na glaonna) ar chistí dá dtagraítear i mír 5 a struchtúrú i dtráthchodanna mar a leanas:

(a)    an chéad tráthchuid de gach bliain, i ndáil leis an nglao ar chistí atá le heisiúint faoin 16 Aibreán, comhfhreagróidh sí do mhéid suas le coibhéis an mheastacháin ar ranníocaíocht bhliantúil airgeadais na gníomhaireachta, an chórais faisnéise nó na gníomhaíochta eile i gceist dá dtagraítear i mír 4;

Íocfaidh an Eilvéis an méid a shonrófar sa ghlao ar chistí sin 60 lá ar a dhéanaí tar éis eisiúint an ghlao ar chistí.

(b)     i gcás inarb infheidhme, an dara tráthchuid den bhliain, i ndáil leis an nglao ar chistí atá le heisiúint an 22 Deireadh Fómhair ar a luaithe agus an 31 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí, comhfhreagróidh sí don difríocht idir an méid dá dtagraítear i mír 4 agus an méid dá dtagraítear i mír 5 i gcás ina mbeidh an méid dá dtagraítear i mír 5 níos airde.

Íocfaidh an Eilvéis an méid a shonrófar sa ghlao sin ar chistí faoin 21 Nollaig ar a dhéanaí.

I gcás gach glao ar chistí, féadfaidh an Eilvéis íocaíochtaí ar leithligh a dhéanamh le haghaidh gach gníomhaireachta, córais faisnéise nó gníomhaíochta eile.


7.    Don chéad bhliain de chur chun feidhme an Phrótacail, eiseoidh an Coimisiún aon ghlao amháin ar chistí, laistigh de 90 lá tar éis theacht i bhfeidhm an Phrótacail.

Íocfaidh an Eilvéis an méid a shonrófar sa ghlao ar chistí 60 lá ar a dhéanaí tar éis eisiúint an ghlao ar chistí.

8.    Is é an toradh a bheidh ar aon mhoill ar íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais go níocfaidh an Eilvéis ús mainneachtana ar an méid atá gan íoc ón dáta dlite suas go dtí an lá a íocfar ina iomláine an méid sin gan íoc.

Is é an ráta úis ar mhéideanna is infhaighte nach n‑íoctar ar an dáta dlite an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, a bheidh i bhfeidhm ar an gcéad lá féilire den mhí ina mbeidh an dáta dlite, nó 0 %, cibé acu is airde, móide 3,5 pointe céatadáin.


AIRTEAGAL 3

Ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise le gníomhaireachtaí an Aontais a choigeartú
i bhfianaise an chur chun feidhme

Déanfar ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise le gníomhaireachtaí an Aontais a choigeartú i mbliain N+1, nuair a choigeartófar an ranníocaíocht oibríochtúil tosaigh suas nó síos de réir na difríochta idir an ranníocaíocht oibríochtúil tosaigh agus ranníocaíocht choigeartaithe arna ríomh trí threoir ranníoca bhliain N a chur i bhfeidhm maidir le méid na ngealltanas buiséadach a dhéantar ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a údaraítear i mbliain N faoi na línte buiséid ábhartha maidir le fóirdheontais an Aontais. I gcás inarb infheidhme, cuirfear san áireamh sa difríocht, i gcás gach gníomhaireachta, an ranníocaíocht oibríochtúil choigeartaithe bunaithe ar chéatadán mar a shainmhínítear in Airteagal 1.

AIRTEAGAL 4

Socruithe atá ann cheana

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 13 den Phrótacal ná ag an Iarscríbhinn seo maidir le socruithe sonracha idir an Eilvéis agus an tAontas lena n‑áirítear ranníocaíochtaí airgeadais ón Eilvéis. Is iad seo a leanas na gníomhaireachtaí, na córais faisnéise agus na gníomhaíochtaí eile a chumhdaítear leis na socruithe sin:

   Córas Faisnéise Frithpháirteach maidir le Cosaint Shóisialta (MISSOC), de réir socruithe conarthacha na hEilvéise agus an Choimisiúin faoi seach le rúnaíocht MISSOC.


AIRTEAGAL 5

Socruithe idirthréimhseacha

I gcás nach é an 1 Eanáir dáta theacht i bhfeidhm an Phrótacail, beidh feidhm ag an Airteagal seo de mhaolú ar Airteagal 2.

I gcás na chéad bhliana de chur chun feidhme an Phrótacail, i ndáil leis an ranníocaíocht oibríochtúil atá dlite le haghaidh na bliana i gceist is infheidhme maidir leis an ngníomhaireacht ábhartha, leis an gcóras faisnéise ábhartha nó le gníomhaíocht ábhartha eile, mar a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 13 den Phrótacal agus le hAirteagail 1 go 3 den Iarscríbhinn seo, laghdófar an ranníocaíocht oibríochtúil ar bhonn pro rata temporis trí mhéid na ranníocaíochta oibríochtúla bliantúla atá dlite a iolrú faoi chóimheas na nithe seo a leanas:

(a)    an líon laethanta féilire ó dháta theacht i bhfeidhm an Phrótacail go dtí an 31 Nollaig den bhliain i gceist; agus

(b)    an líon iomlán laethanta féilire den bhliain i gceist.



Foscríbhinn

FOSCRÍBHINN MAIDIR LEIS AN mBINSE EADRÁNA

CAIBIDIL I

RÉAMHFHORÁLACHA

AIRTEAGAL I.1

Raon feidhme

Má chuireann ceann de na Páirtithe Conarthacha (dá ngairtear ‘páirtithe’ anseo feasta) díospóid isteach le haghaidh eadrána i gcomhréir le hAirteagal 10(2) nó Airteagal 11(2) den Phrótacal nó má thugann sé cás chun eadrána i gcomhréir le hAirteagal 14a(2) nó (4) den Chomhaontú, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach san Fhoscríbhinn seo.


AIRTEAGAL I.2

Seirbhísí clárlainne agus rúnaíochta

Comhlíonfaidh Biúró Idirnáisiúnta na Buanchúirte Eadrána sa Háig (dá ngairtear ‘an Biúró Idirnáisiúnta’ anseo feasta) feidhmeanna na clárlainne agus soláthróidh sé na seirbhísí rúnaíochta is gá.

AIRTEAGAL I.3

Fógraí agus teorainneacha ama a ríomh

1.    Féadfar fógraí, lena náirítear teachtaireachtaí nó tograí, a sheoladh trí aon mhodh cumarsáide lena ndeimhnítear a dtarchur, nó lena gcumasaítear iad a dheimhniú.

2.    Ní fhéadfar fógraí den sórt sin a sheoladh go leictreonach ach amháin má tá seoladh ainmnithe nó údaraithe ag páirtí go sonrach chun na críche sin.

3.    Seolfar fógraí den sórt sin a sheirbheálfar ar na páirtithe, i gcás na hEilvéise, chuig Rannán Eorpach Roinn Cónaidhme Gnóthaí Eachtracha na hEilvéise agus, i gcás an Aontais, chuig Seirbhís Dlí an Choimisiúin.


4.    Rithfidh aon teorainn ama a leagtar síos san Fhoscríbhinn seo ón lá tar éis tarlú teagmhais nó déanamh birt. Más rud é gur lá nach lá oibre ag institiúidí an Aontais nó rialtas na hEilvéise an lá deireanach chun doiciméad a sheachadadh, tiocfaidh deireadh le tréimhse seachadta an doiciméid ar an gcéad lá oibre ina dhiaidh sin. Déanfar laethanta neamhoibre a thagann faoi réim na tréimhse ama a chomhaireamh.

AIRTEAGAL I.4

Fógra eadrána

1.    An páirtí a chuirfidh chuige eadráin a úsáid (dá ngairtear iarratasóir anseo feasta), seolfaidh sé fógra eadrána chuig an bpáirtí eile (dá ngairtear cosantóir anseo feasta) agus chuig an mBiúró Idirnáisiúnta.

2.    Measfar imeachtaí eadrána a bheith tosaithe ar an lá tar éis an lae a gheobhaidh an cosantóir an fógra eadrána.

3.    Beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra eadrána:

(a)    an téileamh go ndéanfar an díospóid a tharchur chun eadrána;

(b)    ainmneacha agus sonraí teagmhála na bpáirtithe;

(c)    ainm agus seoladh ghníomhaire nó ghníomhairí an iarratasóra;


(d)    bunús dlí na nimeachtaí (Airteagal 10(2) nó Airteagal 11(2) den Phrótacal) agus:

(i)    sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Phrótacal, an cheist is cúis leis an díospóid mar a iontráladh go hoifigiúil í, lena réiteach, ar chlár oibre an Chomhchoiste i gcomhréir le hAirteagal 10(1) den Phrótacal; agus

(ii)    sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2) den Phrótacal, cinneadh an bhinse eadrána, aon bheart cur chun feidhme a luaitear in Airteagal 10(5) den Phrótacal agus na bearta cúiteacha is ábhar díospóide;

(iii)    sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 14a (2) agus (4) den Chomhaontú, na deacrachtaí líomhainte i gcomhréir le hAirteagal 14a (2) den Chomhaontú;

(e)    aon riail is cúis leis an díospóid nó a bhaineann léi a ainmniú;

(f)    tuairisc ghairid ar an díospóid; agus

(g)    ainmniú eadránaí nó, má tá cúigear eadránaithe le ceapadh, ainmniú beirt eadránaithe.

4.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(3) den Phrótacal, féadfaidh faisnéis a bheith san fhógra eadrána freisin maidir leis an ngá atá le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

5.    Ní chuirfidh aon éileamh ar leordhóthanacht an fhógra eadrána cosc ar chomhdhéanamh an bhinse eadrána. Déanfaidh an binse eadrána an díospóid a chinneadh go cinntitheach.


AIRTEAGAL I.5

Freagairt ar an bhfógra eadrána

1.    Laistigh de 60 lá ón bhfógra eadrána a fháil, seolfaidh an cosantóir freagra ar an bhfógra eadrána chuig an iarratasóir agus chuig an mBiúró Idirnáisiúnta, ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

(a)    ainmneacha agus sonraí teagmhála na bpáirtithe;

(b)    ainm agus seoladh ghníomhaire nó ghníomhairí an chosantóra;

(c)    freagra ar an bhfaisnéis a thugtar san fhógra eadrána i gcomhréir le pointí (d) go (f) dAirteagal I.4(3); agus

(d)    ainmniú eadránaí nó, má tá cúigear eadránaithe le ceapadh, ainmniú beirt eadránaithe.

2.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(3) den Phrótacal, féadfaidh freagra ar an bhfaisnéis a thugtar san fhógra eadrána i gcomhréir le hAirteagal I.4(4) den Fhoscríbhinn seo agus faisnéis maidir leis an ngá atá le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bheith sa fhreagra ar an bhfógra eadrána.

3.    Ní chuirfidh easpa freagartha, nó freagra neamhiomlán nó déanach ón gcosantóir ar an bhfógra eadrána cosc ar bhunú binse eadrána. Déanfaidh an binse eadrána an díospóid a chinneadh go cinntitheach.


4.    Má iarrann an cosantóir go mbeadh cúigear eadránaithe ar an mbinse eadrána ina fhreagra ar an bhfógra eadrána, ainmneoidh an tiarratasóir eadránaí breise laistigh de 30 lá ón bhfreagra ar an bhfógra eadrána a fháil.

AIRTEAGAL I.6

Ionadaíocht agus cúnamh

1.    Déanfaidh gníomhaire amháin nó níos mó ionadaíocht ar na páirtithe os comhair an bhinse eadrána. Féadfaidh na gníomhairí cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó dhlíodóirí.

2.    Cuirfear aon athrú ar na gníomhairí nó ar a seoltaí in iúl don pháirtí eile, don Bhiúró Idirnáisiúnta agus don bhinse eadrána. Féadfaidh an binse eadrána, tráth ar bith, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó pháirtí, fianaise ar na cumhachtaí a thugtar do ghníomhairí na bpáirtithe a iarraidh.


CAIBIDIL II

COMHDHÉANAMH AN BHINSE EADRÁNA

AIRTEAGAL II.1

An líon eadránaithe

Triúr eadránaithe a bheidh ar an mbinse eadrána. Má iarrann an t‑iarratasóir ina fhógra eadrána nó an cosantóir ina fhreagra ar an bhfógra eadrána amhlaidh, beidh cúigear eadránaithe ar an mbinse eadrána.

AIRTEAGAL II.2

Na headránaithe a cheapadh

1.    Má tá triúr eadránaithe le ceapadh, ainmneoidh gach ceann de na páirtithe duine acu. Roghnóidh an bheirt eadránaithe arna gceapadh ag na páirtithe an tríú headránaí, a bheidh ina chathaoirleach ar an mbinse eadrána.

2.    Má tá cúigear eadránaithe le ceapadh, ainmneoidh gach páirtí beirt díobh. Roghnóidh an ceathrar eadránaithe arna gceapadh ag na páirtithe an cúigiú headránaí, a bheidh ina chathaoirleach ar an mbinse eadrána.



3.    Más rud é, laistigh de 30 lá tar éis ainmniú an eadránaí deiridh arna cheapadh ag na páirtithe, nach mbeidh na headránaithe tar éis teacht ar chomhaontú maidir le cathaoirleach an bhinse eadrána a roghnú, is é Ardrúnaí na Buanchúirte Eadrána a cheapfaidh an cathaoirleach.

4.    Chun cúnamh a thabhairt eadránaithe a roghnú chun an binse eadrána a chomhdhéanamh, déanfar liosta táscach de dhaoine ag a bhfuil na cáilíochtaí dá dtagraítear i mír 6 a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta nuair is gá, ar liosta é a bheidh i gcoiteann ag gach comhaontú déthaobhach sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach chomh maith leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le sláinte, arna dhéanamh [i/in/sa/san …] an […] (dá ngairtear an Comhaontú maidir le Sláinte anseo feasta), an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta, arna dhéanamh i Lucsamburg an 21 Meitheamh 1999 (dá ngairtear an Comhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta anseo feasta) agus an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht tráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú, arna dhéanamh [i/in/sa/san …] an […] (dá ngairtear an Comhaontú maidir le ranníocaíocht tráthrialta airgeadais na hEilvéise anseo feasta). Déanfaidh an Comhchoiste an liosta sin a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta le cinneadh chun críocha an Chomhaontaithe.

5.    I gcás nach nainmneoidh páirtí eadránaí, ceapfaidh Ardrúnaí na Buanchúirte Eadrána an teadránaí sin ón liosta dá dtagraítear i mír 4. In éagmais liosta den sórt sin, déanfaidh Ard-Rúnaí na Buanchúirte Eadrána an teadránaí a cheapadh trí chrannchur ó na pearsana aonair a mhol páirtí amháin nó an dá pháirtí go foirmiúil chun críocha mhír 4.


6.    Is daoine ardcháilithe iad na daoine a chomhdhéanann an binse eadrána, bíodh nó ná bíodh ceangail acu leis na páirtithe, a ráthaítear a neamhspleáchas agus a neaspa coinbhleachtaí leasa, mar aon le raon leathan taithí. Go háirithe, beidh saineolas léirithe acu ar an dlí agus ar na hábhair a chumhdaítear leis an gComhaontú seo; ní ghlacfaidh siad treoracha ó cheachtar páirtí; agus feidhmeoidh siad ina gcáil phearsanta, agus ní ghlacfaidh siad le treoracha ó aon eagraíocht ná aon rialtas maidir le hábhair a bhaineann leis an díospóid. Beidh taithí ag cathaoirleach an bhinse eadrána freisin ar nósanna imeachta um réiteach díospóidí.

AIRTEAGAL II.3

Dearbhuithe eadránaithe

1.    Le linn do dhuine a bheith á mheas lena cheapadh mar eadránaí, tuairisceoidh an duine sin na himthosca uile is dóigh a bheidh ina gcúis le hamhras dlisteanach maidir lena neamhchlaontacht nó lena neamhspleáchas. Ón gceapachán agus le linn na nimeachtaí eadrána ar fad, tuairisceoidh eadránaí na himthosca sin do na páirtithe agus do na headránaithe eile gan mhoill, mura ndearna an teadránaí amhlaidh cheana féin.

2.    Féadfar aon eadránaí a bhriseadh as a phost más ann dimthosca a dfhéadfadh a bheith ina gcúis le hamhras dlisteanach faoina neamhchlaontacht nó faoina neamhspleáchas.

3.    Ní fhéadfaidh páirtí a iarraidh go mbrisfí eadránaí as a phost ach amháin ar chúis a thagann chun cinn dó tar éis an cheapacháin sin.

4.    Mura ngníomhaíonn eadránaí nó mura féidir le headránaí de jure de facto a ról a chomhlíonadh, beidh feidhm ag an nós imeachta chun eadránaithe a bhriseadh as a bpost a leagtar síos in Airteagal II.4.


AIRTEAGAL II.4

Eadránaithe a bhriseadh as a bpost

1.    Aon pháirtí ar mian leis eadránaí a bhriseadh as a phost, déanfaidh sé iarraidh ar dhífhostú laistigh de 30 lá ón dáta a thugtar fógra dó faoi cheapadh an eadránaí sin nó laistigh de 30 lá ón dáta a thagann sé le bheith ar an eolas faoi na himthosca dá dtagraítear in Airteagal II.3.

2.    Seolfar an iarraidh ar dhífhostú chuig an bpáirtí eile, chuig an eadránaí dífhostaithe, chuig na headránaithe eile agus chuig an mBiúró Idirnáisiúnta. Leagfar amach ann na cúiseanna atá leis an iarraidh ar dhífhostú.

3.    Nuair a bheidh iarraidh ar dhífhostú déanta, féadfaidh an páirtí eile glacadh leis an iarraidh ar dhífhostú. Féadfaidh an teadránaí i gceist éirí as freisin. Ní thugtar le tuiscint leis an nglacadh nó leis an éirí as go naithnítear na cúiseanna atá leis an iarraidh ar dhífhostú.

4.    Más rud é, laistigh de 15 lá ón dáta ar tugadh fógra faoin iarraidh ar dhífhostú, nach nglacfaidh an páirtí eile leis an iarraidh ar dhífhostú nó nach néireoidh an teadránaí i gceist as, féadfaidh an páirtí a diarr an dífhostú a iarraidh ar Ard-Rúnaí na Buanchúirte Eadrána cinneadh a dhéanamh maidir leis an dífhostú.

5.    Mura gcomhaontóidh na páirtithe a mhalairt, léireofar sa chinneadh dá dtagraítear i mír 4 na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin.


AIRTEAGAL II.5

Eadránaí a ionadú

1.    Faoi réir mhír 2 den Airteagal seo, más gá eadránaí a ionadú le linn na nimeachtaí eadrána, ceapfar nó roghnófar ionadaí i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal II.2 is infheidhme maidir le ceapadh nó roghnú an eadránaí a bheidh le hionadú. Beidh feidhm ag an nós imeachta sin fiú murar fheidhmigh páirtí amháin a cheart chun an teadránaí atá le hionadú a cheapadh nó chun páirt a ghlacadh i gceapadh an eadránaí sin.

2.    I gcás eadránaí a ionadú, atosófar ar an nós imeachta ag an gcéim inar scoir an teadránaí ar cuireadh eadránaí eile ina ionad dá fheidhmeanna nó dá feidhmeanna a chomhlíonadh, mura gcinnfidh an binse eadrána a mhalairt.

AIRTEAGAL II.6

Eisiamh dliteanais

Ach amháin i gcásanna ina ndéantar éagóir d’aon ghnó nó mórfhaillí, diúltaíonn na páirtithe, a mhéid is féidir a cheadaítear leis an dlí is infheidhme, aon chaingean i gcoinne na n‑eadránaithe maidir le haon ghníomh nó neamhghníomh a bhaineann leis an eadráin.


CAIBIDIL III

IMEACHTAÍ EADRÁNA

AIRTEAGAL III.1

Forálacha ginearálta

1.    Is é an dáta ar ghlac an teadránaí deiridh lena cheapachán nó lena ceapachán dáta bunaithe an bhinse eadrána.

2.    Áiritheoidh an binse eadrána go gcaithfear go cothrom leis na páirtithe agus, ag céim chuí de na himeachtaí, go mbeidh deis leordhóthanach ag gach ceann acu a gcearta a dhearbhú agus a gcás a chur i láthair. Seolfaidh an binse eadrána na himeachtaí ar shlí a sheachnóidh moilleanna agus caiteachas nach bhfuil gá leis agus a áiritheoidh go socrófar an díospóid idir na páirtithe.

3.    Eagrófar éisteacht, mura gcinnfidh an binse eadrána a mhalairt, tar éis na páirtithe a éisteacht.

4.    Nuair a chuirfidh páirtí teachtaireacht chuig an mbinse eadrána, déanfaidh sé amhlaidh tríd an mBiúró Idirnáisiúnta agus cuirfidh sé cóip chuig an bpáirtí eile an tráth céanna. Seolfaidh an Biúró Idirnáisiúnta cóip den teachtaireacht sin chuig gach duine de na headránaithe.


AIRTEAGAL III.2

Áit eadrána

Is í an Háig an áit eadrána. Féadfaidh an binse eadrána, más gá sin in imthosca eisceachtúla, teacht le chéile in aon áit eile is cuí leis dá chuid pléití.

AIRTEAGAL III.3

Teanga

1.    Is iad an Fhraincis agus an Béarla teangacha na nimeachtaí.

2.    Féadfaidh an binse eadrána a ordú go mbeidh aistriúchán go ceann de theangacha na n‑imeachtaí ag gabháil leis na doiciméid uile atá i gceangal leis an ráiteas éilimh nó leis an ráiteas cosanta agus leis na doiciméid bhreise uile a tháirgtear le linn na n‑imeachtaí, arna gcur isteach ina dteanga bhunaidh.

AIRTEAGAL III.4

Ráiteas éilimh

1.    Seolfaidh an tiarratasóir a ráiteas éilimh i scríbhinn chuig an gcosantóir agus chuig an mbinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta, laistigh den teorainn ama arna socrú ag an mbinse eadrána. Féadfaidh an tiarratasóir a chinneadh a fhógra eadrána dá dtagraítear in Airteagal I.4 a mheas mar ráiteas éilimh, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na coinníollacha i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo freisin.


2.    Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa ráiteas éilimh:

(a)    an fhaisnéis a leagtar amach i bpointí (b) go (f) dAirteagal I.4(3);

(b)    ráiteas fíoras a cuireadh isteach mar thaca leis an éileamh; agus

(c)    na hargóintí dlíthiúla a cuireadh chun cinn mar thaca leis an éileamh.

3.    Beidh ag gabháil leis an ráiteas éilimh, a mhéid is féidir, aon doiciméad agus aon fhianaise eile a luaigh an tiarratasóir nó ba cheart tagairt a dhéanamh dóibh ann. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(3) den Phrótacal, beidh faisnéis sa ráiteas éilimh freisin, a mhéid is féidir, maidir leis an ngá atá le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

AIRTEAGAL III.5

Ráiteas cosanta

1.    Seolfaidh an cosantóir an ráiteas cosanta i scríbhinn chuig an iarratasóir agus chuig an mbinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta, laistigh den teorainn ama arna socrú ag an mbinse eadrána. Féadfaidh an cosantóir a chinneadh an freagra ar an bhfógra eadrána dá dtagraítear in Airteagal I.5 a mheas mar ráiteas cosanta, ar choinníoll go gcomhlíonann an freagra ar an bhfógra eadrána na coinníollacha i mír 2 den Airteagal seo freisin.


2.    Freagróidh an ráiteas cosanta do na pointí sa ráiteas éilimh a shonraítear i gcomhréir le pointí (a) go (c) dAirteagal III.4(2) den Fhoscríbhinn seo. Beidh ag gabháil leis, a mhéid is féidir, aon doiciméad agus aon fhianaise eile a bheidh luaite ag an gcosantóir nó ba cheart tagairt a dhéanamh dóibh ann. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(3) den Phrótacal, beidh faisnéis sa ráiteas cosanta freisin, a mhéid is féidir, maidir leis an ngá atá le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

3.    Sa ráiteas cosanta, nó ag céim níos déanaí sna himeachtaí eadrána má chinneann an binse eadrána go bhfuil údar le moill de bharr imthosca, féadfaidh an cosantóir frithéileamh a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil dlínse ag an mbinse eadrána ina leith.

4.    Beidh feidhm ag Airteagal III.4(2) agus (3) maidir le frithéileamh.

AIRTEAGAL III.6

Dlínse eadrána

1.    Rialóidh an binse eadrána an bhfuil dlínse aige ar bhonn Airteagal 10(2) nó Airteagal 11(2) den Phrótacal nó ar bhonn Airteagal 14a(2) nó (4) den Chomhaontú.

2.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Phrótacal, beidh sainordú ag an mbinse eadrána scrúdú a dhéanamh ar an gceist is cúis leis an díospóid arna hiontráil go hoifigiúil, lena réiteach, ar chlár oibre an Chomhchoiste i gcomhréir le hAirteagal 10(1) den Phrótacal.


3.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2) den Phrótacal, beidh sainordú ag an mbinse eadrána a déist leis an bpríomhchás scrúdú a dhéanamh ar chomhréireacht na mbeart cúiteach is ábhar díospóide, lena náirítear i gcás ina ndearnadh na bearta sin go hiomlán nó go páirteach i gcomhaontú déthaobhach eile sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach.

4.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 14a (2) agus (4) den Chomhaontú, beidh sainordú ag an mbinse eadrána scrúdú a dhéanamh cé acu ar cruthaíodh na deacrachtaí líomhainte nó nár cruthaíodh agus an é cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe is cúis leo.

5.    Déanfar réamhagóid maidir le heaspa dlínse an bhinse eadrána ar a dhéanaí sa ráiteas cosanta nó, i gcás frithéilimh, sa fhreagra. Má tá páirtí tar éis eadránaí a cheapadh nó má ghlac sé páirt ina cheapachán, ní bhainfear an ceart de réamhagóid den sórt sin a dhéanamh. Déanfar an réamhagóid go rachadh an díospóid thar chumhachtaí an bhinse eadrána a luaithe a tharraingeofar an cheist anuas a líomhnaítear a théann thar a cumhachtaí le linn na nimeachtaí eadrána. In aon chás, féadfaidh an binse eadrána réamhagóid a cheadú a dhéanfar tar éis don teorainn ama atá leagtha síos dul in éag má chreideann sé go raibh cúis bhailí leis an moill.

6.    Féadfaidh an binse eadrána rialú a thabhairt ar an réamhagóid dá dtagraítear i mír 4 trí dhéileáil léi mar réamhcheist nó sa chinneadh ar shubstaint an cháis.


AIRTEAGAL III.7

Aighneachtaí eile i scríbhinn

Déanfaidh an binse eadrána, tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe, breith a thabhairt ar na haighneachtaí eile i scríbhinn, i dteannta an ráitis éilimh agus an ráitis cosanta, a dhéanfaidh nó a fhéadfaidh na páirtithe a chur isteach agus socróidh sé an teorainn ama lena gcur isteach.

AIRTEAGAL III.8

Teorainneacha ama

1.    Ní rachaidh na teorainneacha ama arna socrú ag an mbinse eadrána chun na doiciméid i scríbhinn a chur in iúl, lena náirítear an ráiteas éilimh agus an ráiteas cosanta, thar 90 lá, mura gcomhaontóidh na páirtithe a mhalairt.

2.    Déanfaidh an binse eadrána a chinneadh críochnaitheach laistigh de 12 mhí ó dháta a bhunaithe. In imthosca eisceachtúla a bhfuil deacracht ar leith ag baint leo, féadfaidh an binse eadrána síneadh suas le 3 mhí bhreise a chur leis an tréimhse sin.

3.    Déanfar na teorainneacha ama a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 a laghdú faoina leath:

(a)    arna iarraidh sin don iarratasóir nó don chosantóir, más rud é, laistigh de 30 lá tar éis an iarraidh sin a fháil, go rialaíonn an binse eadrána, tar éis an páirtí eile a éisteacht, go bhfuil práinn leis an gcás; nó

(b)    má chomhaontaíonn na páirtithe amhlaidh.


4.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2) den Phrótacal, déanfaidh an binse eadrána a chinneadh críochnaitheach laistigh de 6 mhí ón dáta ar tugadh fógra faoi na bearta cúiteacha i gcomhréir le hAirteagal 11(1) den Phrótacal.

5.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 14a (2) agus (4) den Chomhaontú, tabharfaidh an binse eadrána a chinneadh críochnaitheach laistigh de 6 mhí ó dháta a bhunaithe.

AIRTEAGAL III.9

Cásanna arna dtarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

1.    Le linn Airteagal 7 agus Airteagal 10(3) den Phrótacal a chur i bhfeidhm, déanfaidh an binse eadrána tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

2.    Féadfaidh an binse eadrána tarchur a dhéanamh chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh tráth ar bith sna himeachtaí, ar choinníoll go bhfuil an binse eadrána in ann cúlra dlíthiúil agus fíorasach an cháis a shainiú beacht go leor, mar aon leis na ceisteanna dlí a tharraingítear anuas ann.

Cuirfear na himeachtaí os comhair an bhinse eadrána ar fionraí go dtí go mbeidh a rialú tugtha ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

3.    Féadfaidh gach páirtí iarraidh réasúnaithe a chur chuig an mbinse eadrána chun tarchur a dhéanamh chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Diúltóidh an binse eadrána diarraidh den sórt sin má mheasann sé nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear i mír 1. Má dhiúltaíonn an binse eadrána diarraidh páirtí ar tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tabharfaidh sé cúiseanna lena chinneadh sa bhreith ar shubstaint an cháis.


4.    Déanfaidh an binse eadrána tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh trí bhíthin fógra. Beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, san fhógra:

(a)    tuairisc ghairid ar an díospóid;

(b)    an gníomh dlí nó gníomhartha dlí de chuid an Aontais agus/nó an foráil nó na forálacha den Chomhaontú atá i gceist; agus

(c)    an coincheap de dhlí an Aontais atá le léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den Phrótacal.

Tabharfaidh an binse eadrána fógra faoin tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chuig na páirtithe.

5.    Cuirfidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm, mutatis mutandis, na rialacha nós imeachta inmheánacha is infheidhme maidir le feidhmiú a dlínse chun réamhrialú a dhéanamh ar léirmhíniú na gConarthaí agus na ngníomhartha arna ndéanamh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais.

6.    Na gníomhairí agus na dlíodóirí atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh do na páirtithe os comhair an bhinse eadrána de bhun Airteagail I.4, I.5, III.4 agus III.5, údarófar dóibh ionadaíocht a dhéanamh ar na páirtithe os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.


AIRTEAGAL III.10

Bearta idirlinne

1.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2) den Phrótacal, féadfaidh ceachtar páirtí, ag céim ar bith den nós imeachta eadrána, iarratas a dhéanamh ar bhearta eatramhacha arb é atá iontu na bearta cúiteacha a chur ar fionraí.

2.    Sonrófar in iarratas de bhun mhír 1 ábhar na nimeachtaí, na himthosca is cúis le práinn agus na saincheisteanna fíorais agus dlí lena mbunaítear cás prima facie le haghaidh na mbeart eatramhach arna niarraidh. Beidh ann an fhianaise agus na tairiscintí fianaise uile atá ar fáil chun údar a thabhairt le deonú na mbeart eatramhach.

3.    Déanfaidh an páirtí a iarrann na bearta eatramhacha a iarratas a sheoladh i scríbhinn chuig an bpáirtí eile agus chuig an mbinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta. Socróidh an binse eadrána teorainn ama ghearr ar laistigh di a fhéadfaidh an páirtí eile sin barúlacha i scríbhinn nó ó bhéal a chur isteach.

4.    Glacfaidh an binse eadrána, laistigh de 1 mhí amháin tar éis an tiarratas dá dtagraítear i mír 1 a bheith curtha isteach, cinneadh maidir leis na bearta cúiteacha atá á gconspóid a chur ar fionraí má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)    gur deimhin leis an mbinse eadrána prima facie fiúntas an cháis arna chur isteach ag an bpáirtí a diarr na bearta eatramhacha ina iarratas;

(b)    go measann an binse eadrána, ar feitheamh a chinnidh chríochnaithigh, go ndéanfaí díobháil thromchúiseach dholeasaithe don pháirtí a iarrann na bearta eatramhacha in éagmais na mbeart cúiteach a chur ar fionraí; agus


(c)    gur mó an díobháil a rinneadh don pháirtí a diarr na bearta eatramhacha trí na bearta cúiteacha atá faoi chonspóid a chur i bhfeidhm láithreach ná an leas i gcur i bhfeidhm láithreach agus éifeachtach na mbeart sin.

5.    Ní bheidh feidhm ag fionraí na nimeachtaí dá dtagraítear sa dara fomhír dAirteagal III.9(2) in imeachtaí de bhun an Airteagail seo.

6.    Ní bheidh ach éifeacht eatramhach ag cinneadh a ghlacfaidh an binse eadrána de réir mhír 4 agus beidh sé gan dochar do chinneadh an bhinse eadrána ar shubstaint an cháis.

7.    Mura rud é go socrófar leis an gcinneadh a ghlacfaidh an binse eadrána i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo dáta is luaithe le haghaidh dheireadh na fionraí, rachaidh an fhionraí in éag nuair a ghlacfar an cinneadh críochnaitheach de bhun Airteagal 11(2) den Phrótacal.

8.    Chun amhras a sheachaint, chun críocha an Airteagail seo, tuigtear, le linn don bhinse eadrána leasanna an pháirtí a iarrann na bearta eatramhacha agus an pháirtí eile a bhreithniú, go gcuirfidh sé san áireamh leasanna daoine aonair agus oibreoirí eacnamaíocha na bpáirtithe, ach nach é an toradh a bheidh orthu siúd a chur san áireamh aon seasamh a dheonú do dhaoine aonair nó doibreoirí eacnamaíocha den sórt sin os comhair an bhinse eadrána.

AIRTEAGAL III.11

Fianaise

1.    Soláthróidh gach páirtí fianaise ar na fíorais arb iad forais a éilimh nó a chosanta iad.


2.    Ar iarraidh ó pháirtí, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an binse eadrána faisnéis ábhartha a mheasann sé a bheith riachtanach agus iomchuí a lorg ó na Páirtithe. Socróidh an binse eadrána teorainn ama do na páirtithe chun freagra a thabhairt ar a iarraidh.

3.    Ar iarraidh ó pháirtí, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an binse eadrána aon fhaisnéis is iomchuí leis a lorg ó aon fhoinse. Tá sé de cheart ag an mbinse eadrána freisin tuairim saineolaithe a lorg de réir mar is iomchuí leis agus faoi réir téarmaí agus coinníollacha a chomhaontóidh na páirtithe, i gcás inarb infheidhme.

4.    Aon fhaisnéis a gheobhaidh binse eadrána faoin Airteagal seo cuirfear ar fáil í do na páirtithe agus féadfaidh na páirtithe tuairimí faoin bhfaisnéis sin a chur faoi bhráid an bhinse eadrána.

5.    Tar éis don bhinse eadrána tuairimí an pháirtí eile a lorg, glacfaidh sé bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar aon cheist a tharraingeoidh páirtí anuas maidir le cosaint sonraí pearsanta, rúndacht ghairmiúil agus leasanna dlisteanacha rúndachta.

6.    Is é an binse eadrána a thabharfaidh breithiúnas ar inghlacthacht, ábharthacht agus neart na fianaise a tíolacadh.

AIRTEAGAL III.12

Éisteachtaí

1.    Nuair nach mór éisteacht a bheith ann, déanfaidh an binse eadrána, tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe, fógra a thabhairt do na páirtithe fada go leor roimh ré maidir le dáta, am agus áit na héisteachta.


2.    Is éisteacht phoiblí a bheidh ann, mura rud é go ndéanfaidh an binse eadrána, uaidh féin nó ar iarratas ó na páirtithe, a mhalairt a chinneadh ar chúiseanna tromaí.

3.    Déanfaidh cathaoirleach an bhinse eadrána miontuairiscí gach éisteachta a tharraingt suas agus a shíniú. Is iad na miontuairiscí sin amháin a bheidh barántúil.

4.    Féadfaidh an binse eadrána cinneadh a dhéanamh an éisteacht a thionól go fíorúil de réir chleachtas an Bhiúró Idirnáisiúnta. Cuirfear na páirtithe ar an eolas faoin gcleachtas sin go tráthúil. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag mír 1, mutatis mutandis, agus ag mír 3.

AIRTEAGAL III.13

Réamhshocrú

1.    Más rud é, laistigh den teorainn ama a leagtar síos leis an bhFoscríbhinn seo nó a leagann an binse eadrána síos, nach mbeidh a ráiteas éilimh curtha isteach ag an iarratasóir, gan cúis leordhóthanach a thabhairt, ordóidh an binse eadrána go ndúnfar na himeachtaí eadrána, mura mbeidh ceisteanna gan réiteach ann a bhféadfadh gá a bheith le rialú ina leith agus más cuí leis an mbinse eadrána déanamh amhlaidh.

Más rud é, laistigh den teorainn ama a leagtar síos leis an bhFoscríbhinn seo nó ag an mbinse eadrána, nach mbeidh a fhreagra ar an bhfógra eadrána nó a ráiteas cosanta curtha isteach ag an gcosantóir, gan cúis leordhóthanach a thaispeáint, ordóidh an binse eadrána go leanfar leis na himeachtaí, gan a mheas gurb ionann an mhainneachtain féin agus glacadh líomhaintí an iarratasóra.

Tá feidhm ag an dara fomhír freisin i gcás nach gcuireann an t‑iarratasóir freagra ar fhrithéileamh isteach.


2.    Mura dtiocfaidh páirtí, a chomórfar go cuí i gcomhréir le hAirteagal III.12(1), i láthair ag éisteacht agus mura léireoidh sé cúis leordhóthanach gan déanamh amhlaidh, féadfaidh an binse eadrána leanúint den eadráin.

3.    Páirtí ar iarr an binse eadrána air go cuí tuilleadh fianaise a thabhairt ar aird, mura ndéanfaidh sé amhlaidh laistigh de na teorainneacha ama a shocraítear gan cúis leordhóthanach a thaispeáint gan déanamh amhlaidh, féadfaidh an binse eadrána rialú a thabhairt ar bhonn na fianaise a bheidh ar fáil aige.

AIRTEAGAL III.14

Dúnadh an nós imeachta

1.    I gcás ina léirítear go raibh deis réasúnach ag na páirtithe a nargóintí a chur i láthair, féadfaidh an binse eadrána dúnadh na nimeachtaí a dhearbhú.

2.    Féadfaidh an binse eadrána, má mheasann sé gur gá sin mar gheall ar imthosca eisceachtúla, cinneadh a dhéanamh ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó pháirtí na himeachtaí a athoscailt tráth ar bith sula mbeidh a chinneadh déanta aige.


CAIBIDIL IV

CINNEADH

AIRTEAGAL IV.1

Cinntí

Féachfaidh an binse eadrána lena chinntí a dhéanamh de chomhthoil. Más rud é, áfach, nach féidir cinneadh a dhéanamh de chomhthoil, is é tromlach na n‑eadránaithe a dhéanfaidh cinneadh an bhinse eadrána.

AIRTEAGAL IV.2

Foirm agus éifeacht chinneadh an bhinse eadrána

1.    Féadfaidh an binse eadrána cinntí ar leithligh a dhéanamh ar cheisteanna éagsúla ag tráthanna éagsúla.

2.    Eiseofar gach cinneadh i scríbhinn agus luafar iontu na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe. Beidh siad críochnaitheach agus ina gceangal ar na páirtithe.

3.    Síneoidh na headránaithe cinneadh an bhinse eadrána, beidh ann an dáta a rinneadh é agus luafar ann an áit eadrána. Cuirfidh an Biúró Idirnáisiúnta cóip den chinneadh arna shíniú ag na headránaithe in iúl do na páirtithe.


4.    Déanfaidh an Biúró Idirnáisiúnta cinneadh an bhinse eadrána a phoibliú.

Le linn don Bhiúró Idirnáisiúnta cinneadh an bhinse eadrána a phoibliú, urramóidh sé na rialacha ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta, rúndacht ghairmiúil agus leasanna dlisteanacha rúndachta.

Beidh na rialacha dá dtagraítear sa dara fomhír comhionann le haghaidh na gcomhaontuithe déthaobhacha uile i réimsí an mhargaidh inmheánaigh ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach, agus le haghaidh an Chomhaontaithe maidir le sláinte, an Chomhaontaithe maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta agus an Chomhaontaithe maidir le ranníocaíocht tráthrialta airgeadais na hEilvéise. Déanfaidh an Comhchoiste na rialacha sin a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta le cinneadh chun críocha an Chomhaontaithe.

5.    Comhlíonfaidh na páirtithe cinntí uile an bhinse eadrána gan mhoill.

6.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Phrótacal, tar éis don bhinse eadrána tuairim na bpáirtithe a fháil, socróidh sé teorainn ama réasúnta sa chinneadh ar shubstaint an cháis chun a chinneadh a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 10(5) den Phrótacal agus nósanna imeachta inmheánacha na bpáirtithe á gcur san áireamh.

AIRTEAGAL IV.3

An dlí is infheidhme, rialacha maidir le léiriú, idirghabhálaí

1.    Is éard atá sa dlí is infheidhme an Comhaontú, na gníomhartha dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear ann, chomh maith le haon riail eile den dlí idirnáisiúnta atá ábhartha maidir le cur i bhfeidhm na nionstraimí sin.


2.    Déanfaidh an binse eadrána cinneadh i gcomhréir leis na rialacha maidir le léiriú dá dtagraítear in Airteagal 7 den Phrótacal.

3.    Cinntí roimh ré arna nglacadh ag comhlacht um réiteach díospóidí maidir le comhréireacht beart cúiteach faoi chomhaontú déthaobhach eile i measc na gcinntí sin dá dtagraítear in Airteagal 11(1) den Phrótacal, beidh siad ina gceangal ar an mbinse eadrána.

4.    Ní cheadófar don bhinse eadrána cinneadh a dhéanamh mar idirghabhálaí ná ex aequo et bono.

AIRTEAGAL IV.4

Réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach nó cúiseanna eile chun an nós imeachta a dhúnadh

1.    Féadfaidh na páirtithe, tráth ar bith, réiteach ar a ndíospóid a chomhaontú go frithpháirteach. Cuirfidh siad aon réiteach den sórt sin in iúl go comhpháirteach don bhinse eadrána. Má éilítear formheas leis an réiteach de bhun nósanna imeachta intíre ábhartha ceachtar páirtí, déanfar tagairt san fhógra don cheanglas sin, agus cuirfear an nós imeachta eadrána ar fionraí. Mura gá formheas den sórt sin, nó nuair a bheidh fógra tugtha faoi thabhairt chun críche aon nós imeachta intíre den sórt sin, déanfar an nós imeachta eadrána a dhúnadh.

2.    Más rud é, le linn imeachtaí, go gcuirfidh an tiarratasóir in iúl i scríbhinn don bhinse eadrána nach mian leis na himeachtaí a shaothrú a thuilleadh, agus más rud é, ar an dáta a gheobhaidh an binse eadrána an chumarsáid sin, nach bhfuil aon bheart déanta fós ag an gcosantóir sna himeachtaí, eiseoidh an binse eadrána ordú ina dtaifeadfar go hoifigiúil dúnadh na nimeachtaí. Déanfaidh an binse eadrána cinneadh maidir leis na costais, a íocfaidh an tiarratasóir, má dhealraíonn sé go bhfuil údar leis sin de bharr iompar an pháirtí sin.


3.    Más rud é, sula ndéantar cinneadh an bhinse eadrána, go dtagann an binse eadrána ar an gconclúid go bhfuil sé gan chiall nó dodhéanta leanúint de na himeachtaí ar aon chúis seachas na cúiseanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, cuirfidh an binse eadrána in iúl do na páirtithe go bhfuil sé ar intinn aige ordú a eisiúint lena ndúnfar na himeachtaí.

Níl feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina bhfuil ceisteanna gan réiteach ann ar féidir gur gá rialú ina leith agus más cuí leis an mbinse eadrána déanamh amhlaidh.

4.    Cuirfidh an binse eadrána in iúl do na páirtithe cóip den ordú lena ndúntar na himeachtaí eadrána nó den chinneadh a rinneadh trí chomhaontú idir na páirtithe, agus í sínithe ag na headránaithe. Beidh feidhm ag Airteagal IV.2(2) go (5) maidir le cinntí eadrána a ghlacfar trí chomhaontú idir na páirtithe.

AIRTEAGAL IV.5

Cinneadh an bhinse eadrána a cheartú

1.    Laistigh de 30 lá tar éis cinneadh an bhinse eadrána a fháil, féadfaidh páirtí, trí fhógra a thabhairt don pháirtí eile agus don bhinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta, a iarraidh ar an mbinse eadrána aon earráid sa ríomh, aon earráid chléireachais nó chló, nó aon earráid nó easnamh dá samhail a cheartú i dtéacs chinneadh an bhinse eadrána. I gcás ina measfaidh sé go bhfuil údar cuí leis an iarraidh, déanfaidh an binse eadrána an ceartú laistigh de 45 lá tar éis dó an iarraidh a fháil. Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag an iarraidh ar an teorainn ama dá bhforáiltear in Airteagal IV.2(6).


2.    Féadfaidh an binse eadrána, laistigh de 30 lá tar éis dó a chinneadh a chur in iúl, na ceartúcháin dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh ar a thionscnamh féin.

3.    Déanfar na ceartúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i scríbhinn agus beidh siad ina gcuid dhílis den chinneadh. Beidh feidhm ag Airteagal IV.2(2) go (5).

AIRTEAGAL IV.6

Táillí eadránaithe

1.    Beidh na táillí dá dtagraítear in Airteagal IV.7 réasúnta, agus castacht an cháis, an tam a chaitheann na headránaithe air agus na cúinsí ábhartha eile go léir á gcur san áireamh.

2.    Déanfar liosta de chúiteamh laethúil agus de na huaireanta uasta agus íosta, a bheidh i gcoiteann ag gach comhaontú déthaobhach sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach chomh maith leis an gComhaontú maidir le sláinte, an Comhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta agus an Comhaontú maidir le ranníocaíocht tráthrialta airgeadais na hEilvéise, a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta nuair is gá. Déanfaidh an Comhchoiste an liosta sin a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta le cinneadh chun críocha an Chomhaontaithe.

AIRTEAGAL IV.7

Costais

1.    Iompróidh gach páirtí a chostais féin agus leath de chostais an bhinse eadrána.


2.    Socróidh an binse eadrána a chostais ina chinneadh ar shubstaint an cháis. Ní áireofar ar na costais sin ach an méid seo a leanas:

(a)    táillí na neadránaithe, a luafar ar leithligh le haghaidh gach eadránaí agus a shocróidh an binse eadrána féin i gcomhréir le hAirteagal IV.6;

(b)    costais taistil agus costais eile arna dtabhú ag na headránaithe; agus

(c)    táillí agus costais an Bhiúró Idirnáisiúnta.

3.    Beidh na costais dá dtagraítear i mír 2 réasúnta, agus an méid atá faoi dhíospóid, castacht na díospóide, an tam a chaith na headránaithe agus aon saineolaí arna cheapadh ag an mbinse eadrána uirthi agus aon toisc ábhartha eile á gcur san áireamh.

AIRTEAGAL IV.8

Costais a thaisceadh

1.    Ag tús na headrána, féadfaidh an Biúró Idirnáisiúnta a iarraidh ar na páirtithe méid comhionann a thaisceadh mar réamhíocaíocht le haghaidh na gcostas dá dtagraítear in Airteagal IV.7(2).

2.    Le linn na nimeachtaí eadrána, féadfaidh an Biúró Idirnáisiúnta taiscí atá forlíontach leo siúd dá dtagraítear i mír 1 a iarraidh ar na páirtithe.


Déanfar na méideanna uile arna dtaisceadh ag na páirtithe i gcur i bhfeidhm an Airteagail seo a íoc leis an mBiúró Idirnáisiúnta agus íocfaidh sé amach iad chun na costais a tabhaíodh iarbhír a chumhdach, lena n‑áirítear, go háirithe, na táillí arna n‑íoc leis na headránaithe agus leis an mBiúró Idirnáisiúnta.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

AIRTEAGAL V.1

Leasuithe

Féadfaidh an Comhchoiste, le cinneadh, leasuithe ar an bhFoscríbhinn seo a ghlacadh.

________________

(1)    Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 (IO L 141, 27.5.2011, lch. 1), de réir mar is infheidhme de réir Iarscríbhinn I.
(2)    Rialachán (AE) 2016/589 (IO L 107, 22.4.2016, lch. 1), de réir mar is infheidhme de réir Iarscríbhinn I.
(3)    Treoir 96/71/CE (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1), de réir mar is infheidhme de réir Iarscríbhinn I tráth theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh.
(4)    Treoir 2014/67/AE (IO L 159, 28.5.2014, lch. 11), de réir mar is infheidhme de réir Iarscríbhinn I tráth theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh.
(5)    Treoir 2004/38/CE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77), de réir mar is infheidhme de réir Iarscríbhinn I.
(6)    An Treoir is infheidhme de réir Iarscríbhinn I.
(7)    An Treoir is infheidhme de réir Iarscríbhinn I.
(8)    An Treoir is infheidhme de réir Iarscríbhinn I.
(9)    An Treoir is infheidhme de réir Iarscríbhinn I.
(10)    An Rialachán is infheidhme de réir Iarscríbhinn I.
(11)    An Rialachán is infheidhme de réir Iarscríbhinn I.
(12)    An Treoir is infheidhme de réir Iarscríbhinn I.
(13)    An Treoir is infheidhme de réir Iarscríbhinn I.
(14)    An Treoir is infheidhme de réir Iarscríbhinn I.
(15)    An Treoir is infheidhme de réir Iarscríbhinn I.
(16)    Cinneadh 2000/518/CE ón gCoimisiún an 26 Iúil 2000 de bhun Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint leordhóthanach sonraí pearsanta arna soláthar san Eilvéis (IO L 215, 25.8.2000, lch. 1), lena náirítear aon leasú ina dhiaidh sin.
(17)    Cinneadh 2000/518/CE ón gCoimisiún an 26 Iúil 2000 de bhun Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint leordhóthanach sonraí pearsanta arna soláthar san Eilvéis, lena náirítear aon leasú ina dhiaidh sin.
(18)    Cinneadh Uimh. 1/2012 ón gComhchoiste arna bhunú faoin gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, i ndáil le saorghluaiseacht daoine an 31 Márta 2012 a chuirtear in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú sin maidir le comhordú scéimeanna slándála sóisialta. (IO L 103, 13.4.2012, lch. 51).
(19)    Cinneadh Uimh. 1/2012 ón gComhchoiste arna bhunú faoin gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, i ndáil le saorghluaiseacht daoine an 31 Márta 2012 a chuirtear in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú sin maidir le comhordú scéimeanna slándála sóisialta. (IO L 103, 13.4.2012, lch. 51).
(20)    12 mhí faoi láthair.
(21)    Ranníocaíochtaí aisíoctha le haghaidh oibrithe a fheidhmeoidh a gceart chun sochair dífhostaíochta san Eilvéis tar éis dóibh ranníocaíochtaí a íoc ar feadh 12 mhí ar a laghad – thar roinnt tréimhsí cónaithe – laistigh de thréimhse 2 bhliain.
(22)    IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.
(23)    Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1, a ceartaíodh le IO L 200, 7.6.2004, lch. 1).
(24)    Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO L 284, 30.10.2009, lch. 1).
(25)    Creidiúnaíodh clár oiliúna an 1 Eanáir 2015 an 31 Lúnasa 2018. Faigheann sealbhóirí speisialtóireachta comhfhreagraí a eisíodh roimh dháta an chreidiúnaithe fianaise nua ar cháilíochtaí foirmiúla mar dhochtúir speisialaithe gan aon cheanglas breise lena ngabhann dáta eisiúna reatha.
(26)    Creidiúnaíodh clár oiliúna an 1 Eanáir 2015 an 31 Lúnasa 2018. Faigheann sealbhóirí speisialtóireachta comhfhreagraí a eisíodh roimh dháta an chreidiúnaithe fianaise nua ar cháilíochtaí foirmiúla mar dhochtúir speisialaithe gan aon cheanglas breise lena ngabhann dáta eisiúna reatha.
(27)    Cinneadh ón gCoimisiún an 26 Iúil 2000 de bhun Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint leordhóthanach sonraí pearsanta arna soláthar san Eilvéis, lena náirítear air aon leasú ina dhiaidh sin.
(28)    Treoir 2004/38/CE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77), mar is infheidhme de réir Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú.

An Bhruiséil,13.6.2025

COM(2025) 308 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, pacáiste leathain comhaontuithe chun an caidreamh déthaobhach le Cónaidhm na hEilvéise a chomhdhlúthú, a dhoimhniú agus a leathnú, agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis


Prótacal Leasaitheach
a ghabhann leis an gComhaontú idir
an Comhphobal Eorpach
agus Cónaidhm na hEilvéise
maidir le hAeriompar

TÁ AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta,

agus

CÓNAIDHM NA hEILVÉISE, dá ngairtear ‘an Eilvéis’ anseo feasta,

dá ngairtear ‘na Páirtithe Conarthacha’ anseo feasta;

AG FÉACHAINT don Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar, arna dhéanamh i Lucsamburg an 21 Meitheamh 1999, a tháinig i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2002 (‘an Comhaontú’);

AG AITHINT dóibh a ríthábhachtaí atá an eitlíocht shibhialta chun nascacht a chruthú do phaisinéirí, do lastas agus d’aerphost;

DE BHRÍ gur chomhaontaigh na Páirtithe Conarthacha pacáiste déthaobhach leathan, lena n-áirítear an Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú seo, chun caidreamh frithpháirteach a chobhsú agus a fhorbairt sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach;

AG ATHDHEARBHÚ dóibh, i gcomhthéacs an phacáiste leathain dhéthaobhaigh idir na Páirtithe Conarthacha, tiomantas comhpháirteach na bPáirtithe Conarthacha d’eitlíocht shibhialta atá sábháilte, slán, iomaíoch, inbhuanaithe agus nuálach,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:



AIRTEAGAL 1

Leasuithe ar an gComhaontú

1.    Leasaítear an Comhaontú mar a leanas:

(a)    in Airteagal 2, scriostar na focail ‘mar a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú seo’;

(b)    in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.    Deonófar cearta tráchta idir pointí laistigh den Eilvéis agus idir pointí laistigh de Bhallstáit an Aontais ag tosú ón gcéad séasúr sceidealaithe tar éis theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar.’;

(c)    in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.    Déanfar aon ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin faoin Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 19.’;

(d)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

‘AIRTEAGAL 21

1.    Bunaítear Comhchoiste leis seo.

Is ionadaithe ó na Páirtithe Conarthacha a bheidh ar an gComhchoiste.



2.Beidh ionadaí ón Aontas agus ionadaí ón Eilvéis ina gcomhchathaoirligh ar an gComhchoiste.

3.    Déanfaidh an Comhchoiste:

(a)    feidhmiú cuí agus riar agus cur i bhfeidhm éifeachtach an Chomhaontaithe seo a áirithiú;

(b)fóram a sholáthar le haghaidh comhairliúchán frithpháirteach agus malartú leanúnach faisnéise idir na Páirtithe Conarthacha, go háirithe d’fhonn teacht ar réiteach ar aon deacracht a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe nó gnímh dlí de chuid an Aontais dá ndéantar tagairt sa Chomhaontú i gcomhréir le hAirteagal 10 den Phrótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú seo;

(c)moltaí a chur faoi bhráid na bPáirtithe Conarthacha maidir le hábhair a bhaineann leis an gComhaontú seo;

(d)cinntí a ghlacadh i gcás ina bhforáiltear dó sin sa Chomhaontú seo; agus

(e)    aon inniúlacht eile a dheonaítear dó sa Chomhaontú seo a fheidhmiú.

4.I gcás leasú ar Airteagail 1 go 6, 10 go 15, 17 nó 18 den Phrótacal (Uimh. 7) ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘Prótacal Uimh. 7’ anseo feasta), leasóidh an Comhchoiste Iarscríbhinn A a ghabhann leis an Iarscríbhinn dá réir sin.



5.Gníomhóidh an Comhchoiste de chomhthoil.

Beidh na cinntí ina gceangal ar na Páirtithe Conarthacha, a dhéanfaidh na bearta uile is gá chun iad a chur chun feidhme.

6.    Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile uair sa bhliain ar a laghad, sa Bhruiséil agus i mBeirn gach re seach, mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt. Tiocfaidh sé le chéile freisin arna iarraidh sin do cheachtar de na Páirtithe Conarthacha. Féadfaidh na comhchathaoirligh a chomhaontú go dtionólfar cruinniú den Chomhchoiste trí fhíschomhdháil nó trí theileachomhdháil.

7.Glacfaidh an Comhchoiste a rialacha nós imeachta agus tabharfaidh sé cothrom le dáta iad de réir mar is gá.

8.Féadfaidh an Comhchoiste a chinneadh aon mheitheal nó aon ghrúpa saineolaithe a bhunú a bheidh in ann cúnamh a thabhairt dó chun a chuid dualgas a chomhlíonadh.’;

(e)    cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘AIRTEAGAL 28a

1.Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo mar ní a cheanglaíonn ar Pháirtí faisnéis rúnaicmithe a chur ar fáil, ach amháin i gcás ina bhforáiltear dó sin i ngníomh dlí de chuid an Aontais arna chomhtháthú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú seo.

2.Déanfar faisnéis rúnaicmithe nó ábhar rúnaicmithe a sholáthróidh na Páirtithe Conarthacha nó a mhalartófar eatarthu faoin gComhaontú seo a láimhseáil agus a chosaint i gcomhréir leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na nósanna imeachta slándála chun faisnéis rúnaicmithe a mhalartú, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 28 Aibreán 2008, agus i gcomhréir le haon socrú slándála lena gcuirtear chun feidhme é.



3.Glacfaidh an Comhchoiste, trí bhíthin cinnidh, treoracha láimhseála chun a áirithiú go gcosnófar faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a mhalartaítear idir na Páirtithe Conarthacha.’;

(f)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 34:

‘AIRTEAGAL 34

Beidh feidhm ag an gComhaontú seo, de pháirt, maidir leis an gcríoch ina bhfuil feidhm ag an gConradh ar an Aontas Eorpach agus ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘CFAE’ anseo feasta) agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin, agus, den pháirt eile, maidir le críoch na hEilvéise.’.

2.Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú mar a leanas:

(a)    an téacs faoin gceannteideal ‘IARSCRÍBHINN’ agus os cionn an fho-cheannteidil ‘1. Léirscaoileadh eitlíochta agus rialacha eile maidir le heitlíocht shibhialta’, cuirtear an méid seo a leanas ina ionad:

‘ROINN A

   Mura bhforáiltear a mhalairt in oiriúnuithe teicniúla, na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear i ngníomhartha dlí an Aontais arna gcomhtháthú san Iarscríbhinn seo le haghaidh Bhallstáit an Aontais, tuigfear go ndéanfar foráil maidir leo don Eilvéis. Cuirfear an méid sin i bhfeidhm agus lánurraim á tabhairt don Phrótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú seo.



   Gan dochar d’Airteagal 15 den Chomhaontú seo, an téarma ‘aeriompróir Comhphobail’ dá dtagraítear sna gníomhartha dlí de chuid an Aontais atá comhtháite san Iarscríbhinn seo, cuimseoidh an téarma sin aeriompróir atá ceadúnaithe agus a bhfuil a phríomháit ghnó aige agus, má tá oifig aige, a oifig chláraithe san Eilvéis féin aige i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008. Aon tagairt do Rialachán (CEE) Uimh. 2407/92 ón gComhairle, tuigfear í mar thagairt do Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008.

   Aon tagairt i ngníomhartha dlí an Aontais a chomhtháthaítear san Iarscríbhinn seo d’Airteagail 81 agus 82 den Chonradh nó d’Airteagail 101 agus 102 CFAE, tuigfear gur tagairtí iad d’Airteagail 8 agus 9 den Chomhaontú seo.

ROINN B’;

(b)    i roinn 2 (Rialacha iomaíochta), san iontráil a bhaineann le Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle, cuirtear na focail ‘Maidir le hAirteagal 4(5) den Rialachán um Chumaisc, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:’ in ionad na foclaíochta tosaigh ‘Maidir le hAirteagal 4(5) den Rialachán um Chumaisc, beidh feidhm ag an méid seo a leanas idir an Comhphobal Eorpach agus an Eilvéis:’;

(c)    i roinn 3 (Sábháilteacht eitlíochta), leasaítear an iontráil a bhaineann le Rialachán (AE) 2018/1139 mar a leanas:

(i)    scriostar an mhír seo a leanas:

‘D’ainneoin an oiriúnaithe chothrománaigh dá bhforáiltear sa dara fleasc den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar, na tagairtí do na ‘Ballstáit’ a dhéantar i bhforálacha Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a luaitear in Airteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139, tuigfear nach mbeidh feidhm ag na tagairtí sin maidir leis an Eilvéis.’;



(ii)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)    In Airteagal 96, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘Deonóidh an Eilvéis don Ghníomhaireacht agus dá foireann, faoi chuimsiú a bhfeidhmeanna oifigiúla don Ghníomhaireacht, na pribhléidí agus na díolúintí dá bhforáiltear in Iarscríbhinn A, atá bunaithe ar Airteagail 1 go 6, 10 go 15, 17 agus 18 de Phrótacal (Uimh. 7). Léirítear tagairtí d’airteagail chomhfhreagracha an Phrótacail sin idir lúibíní chun críocha faisnéise.’.’;

(d)    i roinn 3 (Sábháilteacht eitlíochta), san iontráil a bhaineann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/945 ón gCoimisiún, cuirtear na focail ‘an chéad fhleasc de Roinn A den Iarscríbhinn’ in ionad na bhfocal ‘an dara fleasc den Iarscríbhinn’, sa chéad mhír;

(e)    i roinn 3 (Sábháilteacht eitlíochta), san iontráil a bhaineann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 ón gCoimisiún, cuirtear na focail ‘an chéad fhleasc de Roinn A den Iarscríbhinn’ in ionad na bhfocal ‘an dara fleasc den Iarscríbhinn’, sa chéad mhír;

(f)    i roinn 5 (Bainistiú aerthráchta), san iontráil a bhaineann le Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, scriostar an mhír seo a leanas:

‘D’ainneoin an choigeartaithe chothrománaigh dá dtagraítear sa dara fleasc den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar, na tagairtí do na ‘Ballstáit’ a dhéantar in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 nó i bhforálacha Chinneadh 1999/468/CE a luaitear san fhoráil sin, tuigfear nach mbeidh feidhm ag na tagairtí sin maidir leis an Eilvéis.’;



(g)    i roinn 9 (Iarscríbhinní), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe A:

‘A:    Pribhléidí agus díolúintí’;

(h)    Cuirtear an téacs a leagtar amach san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo in ionad Iarscríbhinn A a ghabhann leis an Iarscríbhinn agus na Foscríbhinne a ghabhann le hIarscríbhinn A.

AIRTEAGAL 2

Teacht i bhfeidhm

1.    Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha an Prótacal seo a dhaingniú nó a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Tabharfaidh gach Páirtí Conarthach fógra don Pháirtí Conarthach eile faoi chur i gcrích na nósanna imeachta inmheánacha is gá do theacht i bhfeidhm an Phrótacal seo.

2.    Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an fhógra dheireanaigh maidir leis na hionstraimí seo a leanas:

(a)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

(b)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

(c)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;



(d)    Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(e)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;

(f)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;

(g)    Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;

(h)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta;

(i)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(j)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(k)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú;

(l)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gcláir de chuid an Aontais;



(m)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis.

Arna dhéanamh [i/sa/san …], an […], i ndúblach, sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus tá gach téacs díobh barántúil.

Á FHIANÚ SIN, chuir na daoine thíos-sínithe, agus údar cuí acu chuige sin, a lámh leis an bPrótacal seo.

(Bloc na sínithe, amhail an méid seo a leanas, i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais: ‘Thar ceann an Aontais Eorpaigh’ agus ‘Thar ceann Chónaidhm na hEilvéise’)

Foscríbhinn

‘IARSCRÍBHINN A

Pribhléidí agus díolúintí

AIRTEAGAL 1

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 1 de Phrótacal (Uimh. 7))

Beidh áitribh agus foirgnimh na Gníomhaireachta dosháraithe. Beidh na háitribh agus na foirgnimh sin díolmhaithe ó chuardach, foréileamh, coigistiú nó díshealbhú. Ní bheidh maoin agus sócmhainní na Gníomhaireachta faoi réir aon bheart comhéigin riarachán ná dlíthiúil gan údarás Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

AIRTEAGAL 2

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 2 de Phrótacal (Uimh. 7))

Beidh cartlann na Gníomhaireachta dosháraithe.



AIRTEAGAL 3

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagail 3 agus 4 de Phrótacal (Uimh. 7))

1.    Beidh an Ghníomhaireacht, a shócmhainní, a ioncam agus a mhaoin eile saortha ó gach cáin dhíreach.

2.Earraí agus seirbhísí a onnmhairítear chuig an nGníomhaireacht ón Eilvéis le haghaidh a n-úsáide oifigiúla nó a sholáthraítear don Ghníomhaireacht san Eilvéis, ní bheidh siad faoi réir aon dleacht indíreach ná aon cháin indíreach.

3.Deonófar díolúine ó CBL má tá ar a laghad céad franc na Eilvéise (lena n-áirítear cáin) san iomlán i gceist le fíorphraghas ceannaigh na n-earraí agus na seirbhísí a luaitear sa sonrasc nó sa doiciméad comhfhreagrach. Beidh an Ghníomhaireacht díolmhaithe ó gach dleacht chustaim, ó gach toirmeasc agus ó gach srian ar allmhairí agus onnmhairí i leith earraí atá beartaithe dá húsáid oifigiúil; ní dhéanfar earraí a allmhaireofar amhlaidh a dhiúscairt, bíodh sin ar íocaíocht nó gan íocaíocht, san Eilvéis, ach amháin faoi choinníollacha arna bhformheas ag rialtas na hEilvéise.

4.Deonófar an díolúine ó CBL, ó dhleacht mháil agus ó aon cháin indíreach eile trí bhíthin loghtha nuair a thíolacfar don soláthróir earraí nó seirbhísí na foirmeacha Eilvéiseacha arna soláthar chun na críche sin.

5.    Ní dheonófar díolúine ar bith i leith cánacha agus dleachtanna nach bhfuil iontu ach táillí as seirbhísí fóntais phoiblí.



AIRTEAGAL 4

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 5 de Phrótacal (Uimh. 7))

I gcás a cumarsáide oifigiúla agus tharchur a doiciméad uile, gheobhaidh an Ghníomhaireacht san Eilvéis an chóir a thugann an Stát sin do mhisin taidhleoireachta.

Ní bheidh comhfhreagras oifigiúil ná teachtaireachtaí oifigiúla eile de chuid na Gníomhaireachta faoi réir cinsireachta.

AIRTEAGAL 5

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 6 de Phrótacal (Uimh. 7))

Laissez-passer an Aontais a eisítear chuig comhaltaí agus seirbhísigh na Gníomhaireachta, aithneofar iad mar dhoiciméid taistil bhailí laistigh de chríoch na hEilvéise. Eiseofar na laissez-passer sin chuig oifigigh agus seirbhísigh eile faoi choinníollacha arna leagan síos i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais (Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO 45, 14.6.1962, lch. 1385), lena n-áirítear aon leasú ina dhiaidh sin).



AIRTEAGAL 6

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 10 de Phrótacal (Uimh. 7))

Na hionadaithe do Bhallstáit an Aontais a ghlacann páirt in obair na Gníomhaireacht, beidh acu féin agus ag a gcomhairleoirí agus a saineolaithe teicniúla, i gcomhlíonadh a ndualgas agus le linn a dtaistil go dtí áit an chruinnithe san Eilvéis agus uaidh, na pribhléidí, na díolúintí agus na saoráidí is gnách.

AIRTEAGAL 7

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 11 de Phrótacal (Uimh. 7))

Maidir le hoifigigh agus seirbhísigh eile de chuid na Gníomhaireachta, i gcríoch na hEilvéise agus cibé náisiúntacht atá acu:

(a)    beidh siad díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla i leith gníomhartha a rinne siad ina gcáil oifigiúil, lena n-áirítear a bhfocail labhartha nó scríofa, faoi réir fhorálacha na gConarthaí a bhaineann leis na rialacha i dtaobh freagracht oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais ar thaobh amháin, agus ar an taobh eile, le dlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun breith a thabhairt ar ábhair atá faoi dhíospóid idir an tAontas agus a oifigigh agus a sheirbhísigh eile. Fanfaidh an díolúine sin acu tar éis scor dá n-oifig;

(b)    ní bheidh siad féin ná a gcéilí ná daoine cleithiúnacha dá dteaghlaigh faoi réir srianta inimirce ná foirmiúlachtaí chun eachtrannaigh a chlárú;



(c)    tabharfar dóibh, maidir le rialacháin airgid reatha nó mhalairte, na saoráidí céanna is gnách a thabhairt d’oifigigh eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(d)    beidh acu an ceart chun a dtroscán agus a maoin phearsanta a allmhairiú saor ó dhleacht, ag dul i mbun a bpoist i gcéaduair dóibh san Eilvéis, agus an ceart chun a dtroscán agus a maoin phearsanta a athonnmhairiú saor ó dhleacht ar chríochnú a ndualgas sa tír sin, ach i gceachtar cás díobh faoi réir na gcoinníollacha is riachtanach dar le rialtas na hEilvéise;

(e)    beidh acu an ceart chun gluaisteán le haghaidh a n-úsáide pearsanta féin a allmhairiú saor ó dhleacht, más gluaisteán é a fuarthas sa tír dheiridh ina raibh cónaí orthu nó sa tír ar náisiúnaigh di iad, ar théarmaí mhargadh baile na tíre sin, agus é a athonnmhairiú saor ó dhleacht, ach i gceachtar cás díobh faoi réir na gcoinníollacha is riachtanach dar le rialtas na hEilvéise.

AIRTEAGAL 8

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 12 de Phrótacal (Uimh. 7))

Beidh oifigigh agus seirbhísigh eile na Gníomhaireachta faoi dhliteanas cánach, chun tairbhe don Aontas, ar thuarastail, ar phá agus ar dhíolaíochtaí a íocfaidh an Ghníomhaireacht leo, i gcomhréir leis na coinníollacha agus an nós imeachta a leagtar síos le dlí an Aontais.

Beidh siad díolmhaithe ó chánacha cónaidhme, cantúin agus pobail na hEilvéise ar thuarastail, ar phá agus ar dhíolaíochtaí arna n-íoc ag an nGníomhaireacht.



AIRTEAGAL 9

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 13 de Phrótacal (Uimh. 7))

Maidir le cáin ioncaim, cáin rachmais, agus dleachtanna báis a chur i bhfeidhm agus maidir le coinbhinsiúin chun cánachas dúbailte a sheachaint a tugadh i gcrích idir an Eilvéis agus Ballstáit den Aontas a chur i bhfeidhm, oifigigh agus seirbhísigh eile de chuid na Gníomhaireachta a bhunaíonn a n-áit chónaithe i gcríoch na hEilvéise chun críoch cánach tráth a théann siad isteach i seirbhís na Gníomhaireachta, mar gheall ar chomhlíonadh a ndualgas i seirbhís na Gníomhaireachta agus mar gheall air sin amháin, measfar san Eilvéis agus sa tír shainchónaithe chun críoch cánach araon gur choinnigh siad a sainchónaí sa tír shainchónaithe sin chun críoch cánach ar choinníoll gur Ballstát den Aontas í. Bainfidh an fhoráil sin le céile freisin, sa mhéid nach bhfuil an céile sin ag gabháil go leithleach do phost sochair, agus le leanaí atá i gcleithiúnas agus faoi chúram na ndaoine dá dtagraítear san Airteagal seo.

Maoin shochorraithe ar le daoine dá dtagraítear sa chéad mhír agus atá san Eilvéis í, beidh sí díolmhaithe ó dhleachtanna báis san Eilvéis; measfar, chun an dleacht sin a mheasúnú, an mhaoin sin a bheith sa tír shainchónaithe chun críocha cánach, faoi réir ceart tríú tíortha agus ar an gcuntar go bhféadfadh sé go gcuirfí forálacha coinbhinsiún idirnáisiúnta ar chánachas dúbailte i bhfeidhm.

Ní chuirfear san áireamh aon sainchónaí a fuarthas mar gheall ar dhualgais a chomhlíonadh i seirbhís eagraíochtaí idirnáisiúnta eile agus mar gheall air sin amháin agus forálacha an Airteagail seo á gcur i bhfeidhm.



AIRTEAGAL 10

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 14 de Phrótacal (Uimh. 7))

Leagfar síos le dlí an Aontais scéim na sochar slándála sóisialta d’oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais.

Dá bhrí sin, ní bheidh sé d’oibleagáid ar oifigigh ná ar sheirbhísigh eile na Gníomhaireachta a bheith ina gcomhaltaí de chóras slándála sóisialta na hEilvéise ar choinníoll go bhfuil siad cumhdaithe cheana féin ag scéim na sochar slándála sóisialta d’oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais. Baill de theaghlach bhaill foirne na Gníomhaireachta ar cuid dá dteaghlach iad, cumhdófar iad le scéim na sochar slándála sóisialta d’oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais ar choinníoll nach bhfuil siad fostaithe ag fostóir eile seachas an Ghníomhaireacht agus ar choinníoll nach bhfaigheann siad sochair slándála sóisialta ó Bhallstát den Aontas ná ón Eilvéis.

AIRTEAGAL 11

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 15 de Phrótacal (Uimh. 7))

Cinnfear le dlí an Aontais na catagóirí oifigeach agus seirbhíseach eile de chuid na Gníomhaireachta a mbeidh feidhm ag forálacha Airteagail 7, 8 agus 9 maidir leo, go hiomlán nó go páirteach.

Cuirfear ainmneacha, gráid agus seoltaí na n-oifigeach agus na seirbhíseach eile a áirítear sna haicmí sin in iúl go tréimhsiúil don Eilvéis.



AIRTEAGAL 12

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 17 de Phrótacal (Uimh. 7))

Is chun leasa na Gníomhaireachta agus chuige sin amháin a thabharfar pribhléidí, díolúintí agus saoráidí d’oifigigh agus seirbhísigh eile de chuid na Gníomhaireachta.

Ceanglófar ar an nGníomhaireacht an díolúine a tugadh d’oifigeach nó do sheirbhíseach eile a tharscaoileadh aon uair a mheasfaidh an Ghníomhaireachta nach bhfuil tarscaoileadh na díolúine sin contrártha do leasanna na Gníomhaireachta.

AIRTEAGAL 13

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 18 de Phrótacal (Uimh. 7))

Chun an Iarscríbhinn A seo a chur i bhfeidhm, oibreoidh an Ghníomhaireacht i gcomhar le húdaráis fhreagracha na hEilvéise nó le húdaráis fhreagracha Bhallstáit an Aontais lena mbaineann.’.

________________

PRÓTACAL INSTITIÚIDEACH
A GHABHANN LEIS AN gCOMHAONTÚ IDIR

AN COMHPHOBAL EORPACH

AGUS CÓNAIDHM NA hEILVÉISE

MAIDIR LE hAERIOMPAR

TÁ AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta,

agus

CÓNAIDHM NA hEILVÉISE, dá ngairtear ‘an Eilvéis’ anseo feasta,

dá ngairtear ‘na Páirtithe Conarthacha’ anseo feasta;

DE BHRÍ go bhfuil an tAontas agus an Eilvéis faoi cheangal ag an iliomad comhaontuithe déthaobhacha lena gcumhdaítear réimsí éagsúla, lena bhforáiltear do chearta agus oibleagáidí sonracha atá comhchosúil, ar bhealaí áirithe, leis na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear laistigh den Aontas;

AG MEABHRÚ DÓIBH gurb é is cuspóir do na comhaontuithe déthaobhacha sin iomaíochas na hEorpa a mhéadú agus naisc eacnamaíocha níos dlúithe a chruthú idir na Páirtithe Conarthacha, bunaithe ar chomhionannas, ar chómhalartacht agus ar chothromaíocht ghinearálta a mbuntáistí, a gceart agus a n-oibleagáidí;

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU rannpháirtíocht na hEilvéise i margadh inmheánach an Aontais a neartú agus a dhoimhniú, ar bhonn na rialacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir leis an margadh inmheánach, agus a neamhspleáchas agus neamhspleáchas a n-institiúidí á gcaomhnú an tráth céanna agus, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, urraim do na prionsabail a eascraíonn as an daonlathas díreach, as an bhfeidearálachas agus as cineál earnála a rannpháirtíochta sa mhargadh inmheánach;

Á nATHDHEARBHÚ dóibh go gcaomhnaítear inniúlacht Chúirt Uachtarach Fheidearálach na hEilvéise agus inniúlacht chúirteanna uile na hEilvéise chomh maith le hinniúlacht chúirteanna na mBallstát agus Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun an Comhaontú a léirmhíniú i gcásanna aonair;



ÓS FEASACH DÓIBH aonfhoirmeacht a áirithiú sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach, faoi láthair agus amach anseo,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:



CAIBIDIL 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

AIRTEAGAL 1

Cuspóirí

1.Is é is cuspóir don Phrótacal seo deimhneacht dhlíthiúil níos fearr, cóir chomhionann agus cothrom iomaíochta a ráthú do na Páirtithe Conarthacha, agus d’oibreoirí eacnamaíocha agus do dhaoine aonair, sa réimse a bhaineann leis an margadh inmheánach a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar, arna dhéanamh i Lucsamburg an 21 Meitheamh 1999 (dá ngairtear an ‘Comhaontú’ anseo feasta).

2.Chuige sin, soláthraítear leis an bPrótacal seo réitigh institiúideacha nua lena n-éascaítear neartú leanúnach cothrom an chaidrimh eacnamaíoch idir na Páirtithe Conarthacha. Agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta á gcur san áireamh, leagtar síos leis an bPrótacal seo, go háirithe, réitigh institiúideacha le haghaidh an Chomhaontaithe ar réitigh iad is coiteann do na comhaontuithe déthaobhacha arna dtabhairt i gcrích nó atá le tabhairt i gcrích sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach, gan raon feidhme ná cuspóirí an Chomhaontaithe a athrú, go háirithe:

(a)    an nós imeachta chun an Comhaontú a ailíniú le gníomhartha dlí an Aontais atá ábhartha don Chomhaontú;

(b)léirmhíniú agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Chomhaontaithe agus ghníomhartha dlí an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú;



(c)faireachas a dhéanamh ar an gComhaontú agus é a chur i bhfeidhm; agus

(d)díospóidí a réiteach i gcomhthéacs an Chomhaontaithe.

AIRTEAGAL 2

Ceangal leis an gComhaontú

1.    Is cuid dhílis den Chomhaontú iad an Prótacal seo, an Iarscríbhinn agus an Fhoscríbhinn a ghabhann leis.

2.Liostaítear thíos forálacha an Chomhaontaithe a aisghairtear leis an bPrótacal seo:

(a)    Airteagal 1(2);

(b)    Airteagal 17;

(c)    Airteagal 18(1);

(d)    Airteagal 22;

(e)    Airteagal 23;

(f)    Airteagal 29;

(g)    Airteagal 30(2);



(h)    Airteagal 31; agus

(i)    Airteagal 35(2).

3.    Déanfar tagairtí don ‘Chomhphobal Eorpach’ nó don ‘Chomhphobal’ sa Chomhaontú a fhorléiriú mar thagairtí don Aontas.

AIRTEAGAL 3

Comhaontuithe déthaobhacha sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach

1.    Measfar comhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo idir an tAontas agus an Eilvéis sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach a bheith comhleanúnach ina n-iomláine lena n-áirithítear cothromaíocht na gceart agus na n-oibleagáidí idir an tAontas agus an Eilvéis.

2.    Is comhaontú déthaobhach é an Comhaontú i réimse a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach.



CAIBIDIL 2

AILÍNIÚ AN CHOMHAONTAITHE LE GNÍOMHARTHA DLÍ AN AONTAIS

AIRTEAGAL 4

Rannpháirtíocht i ndréachtú ghníomhartha dlí an Aontais (‘cinntí a mhúnlú’)

1.    Agus togra le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais á dhréachtú aige i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘CFAE’ anseo feasta) sa réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú, cuirfidh an Coimisiún Eorpach (dá ngairtear an ‘Coimisiún’ anseo feasta) an Eilvéis ar an eolas faoi sin agus rachaidh sé i gcomhairle go neamhfhoirmiúil le saineolaithe na hEilvéise ar an gcaoi chéanna a n-iarrann sé tuairimí ó shaineolaithe ó Bhallstáit an Aontais chun a thograí a dhréachtú.

Arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí Conarthach, déanfar réamhmhalartú tuairimí laistigh den Chomhchoiste.

Rachaidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhairle le chéile arís, arna iarraidh sin do cheachtar acu, laistigh den Chomhchoiste ag tráthanna tábhachtacha den chéim sula nglacfaidh an tAontas an gníomh dlí, le linn próiseas leanúnach faisnéise agus comhairliúcháin.

2.Le linn don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ullmhú, i gcomhréir le CFAE, a bhaineann le bunghníomhartha dhlí an Aontais sa réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú, áiritheoidh sé go mbeidh an rannpháirtíocht is leithne is féidir ag an Eilvéis in ullmhú na ndréachtaí agus rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe na hEilvéise ar an mbonn céanna agus a rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe Bhallstáit an Aontais.



3.Le linn don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ullmhú, i gcomhréir le CFAE, a bhaineann le bunghníomhartha dhlí an Aontais sa réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú, áiritheoidh sé go mbeidh an rannpháirtíocht is leithne is féidir ag an Eilvéis in ullmhú na ndréachtaí atá le cur, níos déanaí, faoi bhráid na gcoistí a thugann cúnamh don Choimisiún i bhfeidhmiú a chumhachtaí cur chun feidhme agus rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe na hEilvéise ar an mbonn céanna agus a rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe ó Bhallstáit an Aontais.

4.Beidh saineolaithe na hEilvéise rannpháirteach in obair na gcoistí nach gcumhdaítear le míreanna 2 agus 3 i gcás inar gá sin le haghaidh fheidhmiú cuí an Chomhaontaithe. Déanfaidh an Comhchoiste liosta de na coistí sin agus, i gcás inarb iomchuí, de choistí eile a bhfuil saintréithe comhchosúla acu, a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta.

5.Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhartha dlí de chuid an Aontais ná maidir le forálacha díobh a thagann faoi raon feidhme eisceachta dá dtagraítear in Airteagal 5(7).

AIRTEAGAL 5

Gníomhartha dlí an Aontais a chomhtháthú

1.Chun deimhneacht dhlíthiúil agus aonchineálacht an dlí a ráthú sa réimse a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach de bhua an Chomhaontaithe, áiritheoidh an Eilvéis agus an tAontas go ndéanfar gníomhartha dlí de chuid an Aontais arna nglacadh sa réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú a chomhtháthú sa Chomhaontú a luaithe is féidir tar éis a nglactha.

2.Gníomhartha dlí an Aontais arna gcomhtháthú sa Chomhaontú i gcomhréir le mír 4, beidh siad, trína gcomhtháthú sa Chomhaontú, ina gcuid de dhlíchóras na hEilvéise faoi réir na n-oiriúnuithe arna gcinneadh ag an gComhchoiste, de réir mar a bheidh.



3.Nuair a ghlacfaidh an tAontas gníomh dlí sa réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú, cuirfidh sé an Eilvéis ar an eolas faoi sin a luaithe is féidir tríd an gComhchoiste. Arna iarraidh sin do cheachtar de na Páirtithe Conarthacha, malartóidh an Comhchoiste tuairimí maidir leis an ábhar sin.

4.Gníomhóidh an Comhchoiste i gcomhréir le mír 1 trí chinneadh a ghlacadh a luaithe is féidir chun an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú a leasú, lena n-áirítear na hoiriúnuithe is gá.

5.Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2, más gá chun comhleanúnachas an Chomhaontaithe leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis arna leasú de bhun mhír 4 a áirithiú, féadfaidh an Comhchoiste a mholadh, lena fhormheas ag na Páirtithe Conarthacha de réir a nósanna imeachta inmheánacha, go ndéanfar an Comhaontú a athbhreithniú.

6.Tagairtí sa Chomhaontú do ghníomhartha dlí de chuid an Aontais nach bhfuil i bhfeidhm a thuilleadh, forléireofar iad mar thagairtí don ghníomh dlí aisghairme de chuid an Aontais mar atá comhtháite san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú ó theacht i bhfeidhm chinneadh an Chomhchoiste maidir leis an leasú comhfhreagrach ar an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú de bhun mhír 4, mura bhforáiltear a mhalairt sa chinneadh sin.

7.Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 maidir le gníomhartha dlí de chuid an Aontais ná le forálacha díobh a thagann faoi raon feidhme eisceachta. Níl eisceacht sa Chomhaontú.

8.Faoi réir Airteagal 6, tiocfaidh cinntí an Chomhchoiste de bhun mhír 4 i bhfeidhm láithreach, ach ní thiocfaidh siad i bhfeidhm i gcás ar bith roimh an dáta a thiocfaidh an gníomh dlí comhfhreagrach de chuid an Aontais chun bheith infheidhme san Aontas.

9.Oibreoidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhar de mheon macánta le linn an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo chun an chinnteoireacht a éascú.



AIRTEAGAL 6

Oibleagáidí bunreachtúla á gcomhlíonadh ag an Eilvéis

1.Le linn an mhalartaithe tuairimí dá dtagraítear in Airteagal 5(3), cuirfidh an Eilvéis in iúl don Aontas cé acu a cheanglaítear nó nach gceanglaítear le cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 5(4) go gcomhlíonfaidh an Eilvéis oibleagáidí bunreachtúla chun bheith ceangailteach.

2.I gcás ina gceanglaítear leis an gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 5(4) ar an Eilvéis oibleagáidí bunreachtúla a chomhlíonadh chun bheith ceangailteach, beidh teorainn ama 2 bhliain ar a mhéad ag an Eilvéis ó dháta na faisnéise dá bhforáiltear i mír 1, ach amháin i gcás ina seolfar nós imeachta reifrinn, agus sa chás sin cuirfear síneadh bliana leis an tréimhse sin.

3.Go dtí go bhfaighidh an Eilvéis an fhaisnéis go bhfuil a hoibleagáidí bunreachtúla comhlíonta aici, cuirfidh na Páirtithe Conarthacha an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 5(4) i bhfeidhm go sealadach, mura rud é go gcuirfidh an Eilvéis in iúl don Aontas nach féidir an cinneadh a chur i bhfeidhm go sealadach agus go soláthróidh siad na cúiseanna leis sin.

Ní féidir, i gcás ar bith, an cur i bhfeidhm sealadach a dhéanamh roimh an dáta a thiocfaidh gníomh dlí comhfhreagrach an Aontais chun bheith infheidhme san Aontas.

4.Tabharfaidh an Eilvéis fógra don Aontas gan mhoill tríd an gComhchoiste a luaithe a bheidh na hoibleagáidí bunreachtúla dá dtagraítear i mír 1 comhlíonta aici.

5.Tiocfaidh an cinneadh i bhfeidhm an lá a thabharfar an fógra dá bhforáiltear i mír 4, ach ní thiocfaidh sé i bhfeidhm i gcás ar bith roimh an dáta a thiocfaidh gníomh dlí comhfhreagrach an Aontais chun bheith infheidhme san Aontas.



CAIBIDIL 3

LÉIRMHÍNIÚ AGUS CUR I bhFEIDHM AN CHOMHAONTAITHE

AIRTEAGAL 7

Prionsabal an léirmhínithe aonfhoirmigh

1.Chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach agus i gcomhréir le prionsabail an dlí idirnáisiúnta phoiblí, déanfar na comhaontuithe déthaobhacha sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach agus gníomhartha dlí an Aontais dá ndéantar tagairt i gcomhaontuithe den sórt sin a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach.

2.Gníomhartha dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú agus, a mhéid a bhaineann a gcur i bhfeidhm le coincheapa dhlí an Aontais, déanfar forálacha an Chomhaontaithe a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, sula síneofar an Comhaontú nó ina dhiaidh sin.



AIRTEAGAL 8

Prionsabal an chur i bhfeidhm éifeachtaigh agus chomhchuí

1.Rachaidh an Coimisiún agus údaráis inniúla na hEilvéise i gcomhar agus tabharfaidh siad cúnamh dá chéile chun a áirithiú go ndéanfar faireachas ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe. Féadfaidh siad faisnéis a mhalartú maidir le gníomhaíochtaí faireachais ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe. Féadfaidh siad tuairimí a mhalartú agus saincheisteanna leasa choitinn a phlé.

2.Déanfaidh gach Páirtí Conarthach bearta iomchuí chun cur i bhfeidhm éifeachtach comhchuí an Chomhaontaithe ar a chríoch a áirithiú.

3.    Is iad na Páirtithe Conarthacha laistigh den Chomhchoiste a dhéanfaidh faireachas i gcomhpháirt ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe.

Má thagann an Coimisiún nó údaráis inniúla na hEilvéise ar an eolas faoi chás inar cuireadh i bhfeidhm go mícheart é, féadfar an t-ábhar a tharchur chuig an gComhchoiste d’fhonn teacht ar réiteach inghlactha.

4.Déanfaidh an Coimisiún agus údaráis inniúla na hEilvéise faoi seach faireachán ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe ag an bPáirtí Conarthach eile. Tá feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 10.

Ós rud é go bhfuil gá le hinniúlachtaí faireachais áirithe de chuid institiúidí an Aontais a mhéid a bhaineann le Páirtí Conarthach amháin chun cur i bhfeidhm éifeachtach comhchuí an Chomhaontaithe a áirithiú, amhail cumhachtaí imscrúdaithe agus cinnteoireachta, ní mór foráil shonrach a dhéanamh sa Chomhaontú maidir leo.



AIRTEAGAL 9

Prionsabal an eisiachais

Gabhann na Páirtithe Conarthacha orthu féin nach gcuirfidh siad díospóid maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe agus ghníomhartha dlí an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú nó, i gcás inarb infheidhme, maidir le cinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún ar bhonn an Chomhaontaithe a bheith i gcomhréir leis an gComhaontú, faoi aon mhodh réitigh seachas na modhanna sin dá bhforáiltear sa Phrótacal seo.

AIRTEAGAL 10

Nós imeachta i gcás deacracht a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm

1.I gcás ina mbeidh deacracht ann an Comhaontú nó gníomh dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú a léirmhíniú nó a chur i bhfeidhm, rachaidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhairle le chéile laistigh den Chomhchoiste chun teacht ar réiteach a bheidh inghlactha ag an dá thaobh. Chuige sin, cuirfear na heilimintí úsáideacha faisnéise uile ar fáil don Chomhchoiste chun é a chur ar a chumas dó scrúdú mionsonraithe a dhéanamh ar an gcás. Scrúdóidh an Comhchoiste na féidearthachtaí uile lena bhféadfar feidhmiú cuí an Chomhaontaithe a choinneáil ar bun.

2.Mura mbeidh an Comhchoiste in ann teacht ar réiteach ar an deacracht dá dtagraítear i mír 1 laistigh de 3 mhí ón dáta a cuireadh an deacracht faoina bhráid, féadfaidh ceachtar de na Páirtithe Conarthacha a iarraidh ar bhinse eadrána an díospóid a réiteach i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos san Fhoscríbhinn.



3.I gcás ina dtarraingeoidh an díospóid ceist anuas maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm forála dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus má tá léirmhíniú na forála sin ábhartha maidir leis an díospóid a shocrú agus más gá é chun a chumasú dó breith a thabhairt, déanfaidh an binse eadrána an cheist sin a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

I gcás ina dtarraingeoidh an díospóid ceist anuas maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm forála a thagann faoi raon feidhme eisceachta ón oibleagáid ailínithe dhinimiciúil dá dtagraítear in Airteagal 5(7), agus i gcás nach mbaineann an díospóid le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm coincheap de dhlí an Aontais, réiteoidh an binse eadrána an díospóid gan í a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

4.I gcás ina dtarchuirfidh an binse eadrána ceist chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh de bhun mhír 3:

(a)    beidh an rialú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina cheangal ar an mbinse eadrána; agus

(b)Beidh na cearta céanna ag an Eilvéis agus atá ag na Ballstáit agus ag institiúidí an Aontais agus beidh sí faoi réir na nósanna imeachta céanna os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, mutatis mutandis.

5.Déanfaidh gach Páirtí Conarthach gach beart is gá chun cinneadh an bhinse eadrána a chomhlíonadh de mheon macánta.

An Páirtí Conarthach a gcinnfidh an binse eadrána nár chomhlíon sé an Comhaontú, cuirfidh sé an Páirtí Conarthach eile ar an eolas tríd an gComhchoiste faoi na bearta atá déanta aige chun cinneadh an bhinse eadrána a chomhlíonadh.



AIRTEAGAL 11

Bearta cúiteacha

1.Más rud é, maidir leis an bPáirtí Conarthach ar chinn an binse eadrána nár chomhlíon sé an Comhaontú, nach gcuirfidh sé an Páirtí Conarthach eile ar an eolas, laistigh de thréimhse ama réasúnach arna socrú i gcomhréir le hAirteagal IV.2(6) den Fhoscríbhinn, faoi na bearta a rinne sé chun cinneadh an bhinse eadrána a chomhlíonadh, nó má mheasann an Páirtí Conarthach eile nach gcomhlíonann na bearta a cuireadh in iúl cinneadh an bhinse eadrána, féadfaidh an Páirtí Conarthach eile sin bearta cúiteacha comhréireacha a ghlacadh faoi chuimsiú an Chomhaontaithe nó aon chomhaontaithe dhéthaobhaigh eile sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach (dá ngairtear ‘bearta cúiteacha’ anseo feasta) chun éagothroime a d’fhéadfadh a bheith ann a leigheas. Tabharfaidh sé fógra don Pháirtí Conarthach ar chinn an binse eadrána nár chomhlíon sé an Comhaontú maidir leis na bearta cúiteacha, a shonrófar san fhógra. Gabhfaidh éifeacht leis na bearta cúiteacha sin 3 mhí ó dháta an fhógra sin.

2.Más rud é, laistigh de mhí amháin ón dáta a dtabharfar fógra faoi na bearta cúiteacha atá beartaithe, nach mbeidh cinneadh déanta ag an gComhchoiste na bearta cúiteacha sin a chur ar fionraí, a leasú nó a neamhniú, féadfaidh ceachtar Páirtí Conarthach an cheist maidir le comhréireacht na mbeart cúiteach sin a chur chun eadrána, i gcomhréir leis an bhFoscríbhinn.

3.Déanfaidh an binse eadrána cinneadh laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal III.8(4) den Fhoscríbhinn.

4.Ní bheidh éifeacht chúlghabhálach ag bearta cúiteacha. Go háirithe, caomhnófar na cearta agus na hoibleagáidí a fuair daoine aonair agus oibreoirí eacnamaíocha cheana féin sula ngabhfaidh éifeacht leis na bearta cúiteacha.



AIRTEAGAL 12

Comhar idir dlínsí

1.Chun an léirmhíniú aonchineálach a chur chun cinn, tiocfaidh Cúirt Uachtarach Chónaidhme na hEilvéise agus Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú maidir le hidirphlé agus módúlachtaí an idirphlé sin.

2.Beidh sé de cheart ag an Eilvéis ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a thaisceadh le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás ina dtarchuirfidh cúirt de chuid Ballstáit den Aontas ceist chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le léirmhíniú an Chomhaontaithe nó forála de ghníomh dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear ann le haghaidh réamhrialú.

CAIBIDIL 4

FORÁLACHA EILE

AIRTEAGAL 13

Rannchuidiú airgeadais

1.Rannchuideoidh an Eilvéis le maoiniú ghníomhaíochtaí ghníomhaireachtaí an Aontais, na gcóras faisnéise agus na ngníomhaíochtaí eile a liostaítear in Airteagal 1 den Iarscríbhinn a bhfuil rochtain aici orthu, i gcomhréir leis an Airteagal seo agus leis an Iarscríbhinn.

Féadfaidh an Comhchoiste cinneadh a ghlacadh chun an Iarscríbhinn a leasú.



2.Féadfaidh an tAontas rannpháirtíocht na hEilvéise sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur ar fionraí tráth ar bith mura gcomhlíonann an Eilvéis an sprioc-am íocaíochta i gcomhréir leis na téarmaí íocaíochta a leagtar amach in Airteagal 2 den Iarscríbhinn.

I gcás nach gcomhlíonann an Eilvéis sprioc-am íocaíochta, seolfaidh an tAontas litir mheabhrúcháin fhoirmiúil chuig an Eilvéis. I gcás nach ndéanfar íocaíocht iomlán laistigh de 30 lá ón dáta a gheofar an litir mheabhrúcháin fhoirmiúil sin, féadfaidh an tAontas rannpháirtíocht na hEilvéise sa ghníomhaíocht ábhartha a chur ar fionraí.

3.    Is éard a bheidh sa ranníocaíocht airgeadais suim na méideanna seo a leanas:

(a)    ranníocaíocht oibríochtúil; agus

(b)    táille rannpháirtíochta.

4.Beidh an ranníocaíocht airgeadais i bhfoirm ranníocaíocht airgeadais bhliantúil agus beidh sí dlite ar na dátaí a shonraítear sna glaonna ar chistí arna n-eisiúint ag an gCoimisiún.

5.    Beidh an ranníocaíocht oibríochtúil bunaithe ar threoir ranníoca arna sainiú mar an cóimheas idir olltáirgeacht intíre (dá ngairtear ‘OTI’ anseo feasta) na hEilvéise ag praghsanna an mhargaidh agus OTI an Aontais ag praghsanna an mhargaidh.



Chun na críche sin, is iad na figiúirí is déanaí a bheidh ar fáil ón 1 Eanáir den bhliain ina ndéantar an íocaíocht bhliantúil de réir mar a sholáthróidh Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh (EUROSTAT) iad na figiúirí a úsáidfear le haghaidh OTI ag margadhphraghsanna na bPáirtithe Conarthacha, agus aird chuí á tabhairt ar an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar i réimse an staidrimh, arna dhéanamh i Lucsamburg an 26 Deireadh Fómhair 2004. Má scoireann an comhaontú sin d’fheidhm a bheith aige, is é an figiúr a ghlacfar mar OTI na hEilvéise an figiúr a bhunófar ar bhonn na faisnéise arna cur ar fáil ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta.

6.Déanfar an ranníocaíocht oibríochtúil le haghaidh gach gníomhaireachta de chuid an Aontais a ríomh tríd an treoir ranníoca a chur i bhfeidhm ar a buiséad bliantúil arna vótáil agus atá inscríofa ar línte fóirdheontais buiséid ábhartha an Aontais den bhliain atá i gceist, agus aon ranníocaíocht oibríochtúil choigeartaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 1 den Iarscríbhinn á cur san áireamh le haghaidh gach gníomhaireachta.

Déanfar an ranníocaíocht oibríochtúil le haghaidh na gcóras faisnéise agus na ngníomhaíochtaí eile a ríomh tríd an treoir ranníoca a chur i bhfeidhm ar bhuiséad ábhartha na bliana atá i gceist mar a leagtar amach i ndoiciméid lena gcuirtear an buiséad chun feidhme, amhail cláir oibre nó conarthaí.

Beidh na méideanna tagartha uile bunaithe ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas.

7.4 % den ranníocaíocht oibríochtúil bhliantúil arna ríomh i gcomhréir le míreanna 5 agus 6 a bheidh sa táille rannpháirtíochta bhliantúil.

8.Soláthróidh an Coimisiún faisnéis leordhóthanach don Eilvéis i ndáil lena ranníocaíocht airgeadais a ríomh. Soláthrófar an fhaisnéis sin agus aird chuí á tabhairt ar rialacha rúndachta agus cosanta sonraí an Aontais.

9.    Is in euro a dhéanfar ranníocaíochtaí airgeadais uile na hEilvéise nó na híocaíochtaí uile ón Aontas agus is in euro a ríomhfar na méideanna a bheidh dlite nó le fáil.



10.I gcás nach mbeidh teacht i bhfeidhm an Phrótacail seo i gcomhthráth le tús bliana féilire, beidh ranníocaíocht oibríochtúil na hEilvéise le haghaidh na bliana i gceist faoi réir coigeartú, de réir na modheolaíochta agus na dtéarmaí íocaíochta a shainítear in Airteagal 5 den Iarscríbhinn.

11.Leagtar amach forálacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo san Iarscríbhinn.

12.3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú ar choinníollacha rannpháirtíochta na hEilvéise mar a shainmhínítear in Airteagal 1 den Iarscríbhinn agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé iad a oiriúnú.

AIRTEAGAL 14

Tagairtí do chríocha

Aon uair a bheidh tagairtí sna gníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú sa Chomhaontú do chríoch ‘an Aontais Eorpaigh’, ‘an Aontais’, an ‘cómhargaidh’ nó an ‘mhargaidh inmheánaigh’, tuigfear, chun críocha an Chomhaontaithe, gur tagairtí do na críocha dá dtagraítear in Airteagal 34 den Chomhaontú iad na tagairtí.

AIRTEAGAL 15

Tagairtí do náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais

Aon uair a bheidh tagairtí sna gníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú sa Chomhaontú do náisiúnaigh de chuid Bhallstáit an Aontais, tuigfear, chun críocha an Chomhaontaithe, gur tagairtí iad do náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais agus na hEilvéise.



AIRTEAGAL 16

Teacht i bhfeidhm agus cur chun feidhme ghníomhartha dlí an Aontais

Forálacha na ngníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú sa Chomhaontú maidir lena dteacht i bhfeidhm nó lena gcur chun feidhme, níl siad ábhartha chun críocha an Chomhaontaithe.

Eascraíonn na teorainneacha ama agus na dátaí don Eilvéis chun na cinntí lena gcomhtháthaítear gníomhartha dlí an Aontais sa Chomhaontú a thabhairt i bhfeidhm agus a chur chun feidhme as Airteagal 5(8) agus Airteagal 6(5), agus as forálacha maidir le socruithe idirthréimhseacha.

AIRTEAGAL 17

Seolaithe ghníomhartha dlí an Aontais

Forálacha na ngníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú sa Chomhaontú lena léirítear gur ar Bhallstáit an Aontais atá siad dírithe, níl siad ábhartha chun críocha an Chomhaontaithe.



CAIBIDIL 5

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

AIRTEAGAL 18

Cur chun feidhme

1.Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha gach beart is iomchuí, bíodh sé ginearálta nó sonrach, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as an gComhaontú agus staonfaidh siad ó aon bheart a dhéanamh a d’fhéadfadh gnóthú chuspóirí an Chomhaontaithe a chur i mbaol.

2.Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha na bearta uile is gá chun toradh beartaithe ghníomhartha dlí an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú a ráthú agus staonfaidh siad ó aon bheart a dhéanamh a d’fhéadfadh gnóthú a n-aidhmeanna a chur i mbaol.

AIRTEAGAL 19

Teacht i bhfeidhm

1.    Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha an Prótacal seo a dhaingniú nó a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Tabharfaidh gach Páirtí Conarthach fógra don Pháirtí Conarthach eile faoi chur i gcrích na nósanna imeachta inmheánacha is gá do theacht i bhfeidhm an Phrótacal seo.



2.    Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an fhógra dheireanaigh maidir leis na hionstraimí seo a leanas:

(a)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

(b)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

(c)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(d)    Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(e)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;

(f)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;

(g)    Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;

(h)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta;



(i)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(j)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(k)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú;

(l)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gcláir de chuid an Aontais;

(m)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis.

AIRTEAGAL 20

Leasú agus foirceannadh

1.Féadfar an Prótacal seo a leasú tráth ar bith trí chomhaontú frithpháirteach na bPáirtithe Conarthacha.

2.I gcás ina bhfoirceannfar an Comhaontú i gcomhréir le hAirteagal 36(3) den Chomhaontú, scoirfidh an Prótacal seo d’fheidhm a bheith aige ar an dáta dá dtagraítear in Airteagal 36(4) den Chomhaontú.



3.I gcás ina scoirfidh an Comhaontú de bheith i bhfeidhm, caomhnófar na cearta agus na hoibleagáidí a fuair daoine aonair agus oibreoirí eacnamaíocha cheana féin de bhua an Chomhaontaithe roimh dháta scoir an Chomhaontaithe. Socróidh na Páirtithe Conarthacha trí chomhaontú frithpháirteach cén ghníomhaíocht a bheidh le déanamh i ndáil le cearta atá á bhfáil.

Arna dhéanamh [i/sa/san …], an […], i ndúblach, sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus tá gach téacs díobh barántúil.

Á FHIANÚ SIN, chuir na daoine thíos-sínithe, agus údar cuí acu chuige sin, a lámh leis an bPrótacal seo.

(Bloc na sínithe, amhail an méid seo a leanas, i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais: ‘Thar ceann an Aontais Eorpaigh’ agus ‘Thar ceann Chónaidhm na hEilvéise’)

IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN MAIDIR LE hAIRTEAGAL 13 DEN PHRÓTACAL A CHUR I bhFEIDHM

AIRTEAGAL 1

Liosta de ghníomhaíochtaí ghníomhaireachtaí, chórais faisnéise agus ghníomhaíochtaí eile an Aontais a bhfuil an Eilvéis le ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh leo

Déanfaidh an Eilvéis ranníocaíocht airgeadais i leith na nithe seo a leanas:

(a)    gníomhaireachtaí:

Ceann ar bith.

(b)    córais faisnéise:

Ceann ar bith.

(c)gníomhaíochtaí eile:

Ceann ar bith.



AIRTEAGAL 2

Téarmaí íocaíochta

1.Déanfar íocaíochtaí atá dlite de bhun Airteagal 13 den Phrótacal i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.    Agus glao ar chistí na bliana airgeadais á eisiúint ag an gCoimisiún, cuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas in iúl don Eilvéis:

(a)    méid na ranníocaíochta oibríochtúla; agus

(b)méid na táille rannpháirtíochta.

3.    Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis seo a leanas maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise in iúl don Eilvéis a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí an 16 Aibreán de gach bliain airgeadais:

(a)    na méideanna i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas bhuiséad bliantúil an Aontais a vótáladh atá inscríofa ar línte fóirdheontais buiséid ábhartha an Aontais don bhliain i gceist le haghaidh gach gníomhaireachta de chuid an Aontais, agus aon ranníocaíocht oibríochtúil choigeartaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 1 á cur san áireamh le haghaidh gach gníomhaireachta, agus na méideanna i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i ndáil le buiséad an Aontais a vótáladh don bhliain i gceist le haghaidh bhuiséad ábhartha na gcóras faisnéise agus gníomhaíochtaí eile, lena gcumhdaítear rannpháirtíocht na hEilvéise i gcomhréir le hAirteagal 1;

(b)    méid na táille rannpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 13(7) den Phrótacal seo; agus



(c)    a mhéid a bhaineann le gníomhaireachtaí, i mbliain N+1 na méideanna i ngealltanais bhuiséadacha a rinneadh maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a údaraíodh i mbliain N ar na línte fóirdheontais buiséid ábhartha de chuid an Aontais i ndáil le buiséad bliantúil an Aontais atá inscríofa ar línte fóirdheontais buiséid ábhartha an Aontais le haghaidh bhliain N.

4.    Ar bhonn a dhréachtbhuiséid, soláthróidh an Coimisiún meastachán ar an bhfaisnéis faoi phointí (a) agus (b) de mhír 3 a luaithe is féidir, agus, ar a dhéanaí, faoin 1 Meán Fómhair den bhliain airgeadais.

5.Eiseoidh an Coimisiún don Eilvéis, an 16 Aibreán ar a dhéanaí agus, más infheidhme maidir leis an ngníomhaireacht ábhartha, an córas faisnéise nó gníomhaíocht eile, an 22 Deireadh Fómhair ar a luaithe agus ar a dhéanaí an 31 Deireadh Fómhair gach bliain airgeadais, glao ar chistí a chomhfhreagraíonn do ranníocaíocht na hEilvéise faoin gComhaontú le haghaidh gach ceann de na gníomhaireachtaí, na córais faisnéise agus na gníomhaíochtaí eile ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach.

6.    Déanfar an glao nó na glaonna ar chistí dá dtagraítear i mír 5 a struchtúrú i dtráthchodanna mar a leanas:

(a)    an chéad tráthchuid de gach bliain, i ndáil leis an nglao ar chistí atá le heisiúint faoin 16 Aibreán, comhfhreagróidh sí do mhéid suas le coibhéis an mheastacháin ar ranníocaíocht bhliantúil airgeadais na gníomhaireachta, an chórais faisnéise nó na gníomhaíochta eile i gceist dá dtagraítear i mír 4;

Íocfaidh an Eilvéis an méid a shonrófar sa ghlao ar chistí sin 60 lá ar a dhéanaí tar éis eisiúint an ghlao ar chistí.



(b)    i gcás inarb infheidhme, an dara tráthchuid den bhliain, i ndáil leis an nglao ar chistí atá le heisiúint an 22 Deireadh Fómhair ar a luaithe agus an 31 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí, comhfhreagróidh sí don difríocht idir an méid dá dtagraítear i mír 4 agus an méid dá dtagraítear i mír 5 i gcás ina mbeidh an méid dá dtagraítear i mír 5 níos airde.

Íocfaidh an Eilvéis an méid a shonrófar sa ghlao ar chistí sin faoin 21 Nollaig ar a dhéanaí.

I gcás gach glao ar chistí, féadfaidh an Eilvéis íocaíochtaí ar leithligh a dhéanamh i gcás gach gníomhaireachta, córais faisnéise nó gníomhaíochta eile.

7.Don chéad bhliain de chur chun feidhme an Phrótacail, eiseoidh an Coimisiún aon ghlao amháin ar chistí, laistigh de 90 lá tar éis theacht i bhfeidhm an Phrótacail.

Íocfaidh an Eilvéis an méid a shonrófar sa ghlao ar chistí 60 lá ar a dhéanaí tar éis eisiúint an ghlao ar chistí.

8.    Is é an toradh a bheidh ar aon mhoill ar íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais go n-íocfaidh an Eilvéis ús mainneachtana ar an méid atá gan íoc ón dáta dlite suas go dtí an lá a íocfar ina iomláine an méid sin gan íoc.

Is é an ráta úis ar mhéideanna is infhaighte nach n-íoctar ar an dáta dlite an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, a bheidh i bhfeidhm ar an gcéad lá féilire den mhí ina mbeidh an dáta dlite, nó 0 %, cibé acu is airde, móide 3,5 pointe céatadáin.



AIRTEAGAL 3

Ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise le gníomhaireachtaí an Aontais
a choigeartú i bhfianaise an chur chun feidhme

Déanfar ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise le gníomhaireachtaí an Aontais a choigeartú i mbliain N+1, nuair a choigeartófar an ranníocaíocht oibríochtúil tosaigh suas nó síos de réir na difríochta idir an ranníocaíocht oibríochtúil tosaigh agus ranníocaíocht choigeartaithe arna ríomh trí threoir ranníoca bhliain N a chur i bhfeidhm maidir le méid na ngealltanas buiséadach a dhéantar ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a údaraítear i mbliain N faoi na línte buiséid ábhartha maidir le fóirdheontais an Aontais. I gcás inarb infheidhme, cuirfear san áireamh sa difríocht, i gcás gach gníomhaireachta, an ranníocaíocht oibríochtúil choigeartaithe bunaithe ar chéatadán mar a shainmhínítear in Airteagal 1.



AIRTEAGAL 4

Socruithe atá ann cheana

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 13 den Phrótacal ná ag an Iarscríbhinn seo maidir le socruithe sonracha idir an Eilvéis agus an tAontas lena n-áirítear ranníocaíochtaí airgeadais ón Eilvéis. Is iad seo a leanas na gníomhaireachtaí, na córais faisnéise agus na gníomhaíochtaí eile a chumhdaítear leis na socruithe sin:

Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, ara bhunú le Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1), mar is infheidhme de réir an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú.

AIRTEAGAL 5

Socruithe idirthréimhseacha

I gcás nach é an 1 Eanáir dáta theacht i bhfeidhm an Phrótacail, beidh feidhm ag an Airteagal seo de mhaolú ar Airteagal 2.



I gcás na chéad bhliana de chur chun feidhme an Phrótacail, i ndáil leis an ranníocaíocht oibríochtúil atá dlite le haghaidh na bliana i gceist is infheidhme maidir leis an ngníomhaireacht ábhartha, leis an gcóras faisnéise ábhartha nó le gníomhaíocht ábhartha eile, mar a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 13 den Phrótacal agus le hAirteagail 1 go 3 den Iarscríbhinn seo, laghdófar an ranníocaíocht oibríochtúil ar bhonn pro rata temporis trí mhéid na ranníocaíochta oibríochtúla bliantúla atá dlite a iolrú faoi chóimheas na nithe seo a leanas:

(a)    an líon laethanta féilire ó dháta theacht i bhfeidhm an Phrótacail go dtí an 31 Nollaig den bhliain i gceist; agus

(b)an líon iomlán laethanta féilire den bhliain i gceist.



Foscríbhinn

FOSCRÍBHINN MAIDIR LEIS AN mBINSE EADRÁNA

CAIBIDIL I

RÉAMHFHORÁLACHA

AIRTEAGAL I.1

Raon feidhme

Má chuireann ceann de na Páirtithe Conarthacha (dá ngairtear ‘páirtithe’ anseo feasta) díospóid isteach le haghaidh eadrána i gcomhréir le hAirteagail 10(2) nó 11(2) den Phrótacal, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach san Fhoscríbhinn seo.

AIRTEAGAL I.2

Seirbhísí clárlainne agus rúnaíochta

Comhlíonfaidh Biúró Idirnáisiúnta na Buanchúirte Eadrána sa Háig (dá ngairtear ‘an Biúró Idirnáisiúnta’ anseo feasta) feidhmeanna na clárlainne agus soláthróidh sé na seirbhísí rúnaíochta is gá.



AIRTEAGAL I.3

Fógraí agus teorainneacha ama a ríomh

1.    Féadfar fógraí, lena n-áirítear teachtaireachtaí nó tograí, a sheoladh trí aon mhodh cumarsáide lena ndeimhnítear a dtarchur, nó lena gcumasaítear iad a dheimhniú.

2.    Ní fhéadfar fógraí den sórt sin a sheoladh go leictreonach ach amháin má tá seoladh ainmnithe nó údaraithe ag páirtí go sonrach chun na críche sin.

3.    Seolfar fógraí den sórt sin a sheirbheálfar ar na páirtithe, i gcás na hEilvéise, chuig Rannán Eorpach Roinn Cónaidhme Gnóthaí Eachtracha na hEilvéise agus, i gcás an Aontais, chuig Seirbhís Dlí an Choimisiúin.

4.    Rithfidh aon teorainn ama a leagtar síos san Fhoscríbhinn seo ón lá tar éis tarlú teagmhais nó déanamh beirt. Más rud é gur lá nach lá oibre ag institiúidí an Aontais nó rialtas na hEilvéise an lá deireanach chun doiciméad a sheachadadh, tiocfaidh deireadh le tréimhse seachadta an doiciméid ar an gcéad lá oibre ina dhiaidh sin. Déanfar laethanta neamhoibre a thagann faoi réim na tréimhse ama a chomhaireamh.

AIRTEAGAL I.4

Fógra eadrána

1.    An páirtí a chuirfidh chuige eadráin a úsáid (dá ngairtear ‘iarratasóir’ anseo feasta) seolfaidh sé fógra eadrána chuig an bpáirtí eile (dá ngairtear ‘cosantóir’ anseo feasta) agus chuig an mBiúró Idirnáisiúnta.



2.    Measfar imeachtaí eadrána a bheith tosaithe ar an lá tar éis an lae a gheobhaidh an cosantóir an fógra eadrána.

3.    Beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra eadrána:

(a)    an t-éileamh go ndéanfar an díospóid a tharchur chun eadrána;

(b)    ainmneacha agus sonraí teagmhála na bpáirtithe;

(c)    ainm agus seoladh ghníomhaire nó ghníomhairí an iarratasóra;

(d)    bunús dlí na n-imeachtaí (Airteagal 10(2) nó Airteagal 11(2) den Phrótacal) agus:

(i)    sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Phrótacal, an cheist is cúis leis an díospóid mar a iontráladh go hoifigiúil í, lena réiteach, ar chlár oibre an Chomhchoiste i gcomhréir le hAirteagal 10(1) den Phrótacal; agus

(ii)    sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2) den Phrótacal, cinneadh an bhinse eadrána, aon bheart cur chun feidhme a luaitear in Airteagal 10(5) den Phrótacal agus na bearta cúiteacha is ábhar díospóide;

(e)    aon riail is cúis leis an díospóid nó a bhaineann léi a ainmniú;

(f)    tuairisc ghairid ar an díospóid; agus

(g)    ainmniú eadránaí nó, má tá cúigear eadránaithe le ceapadh, ainmniú beirt eadránaithe.



4.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(3) den Phrótacal, féadfaidh faisnéis a bheith san fhógra eadrána freisin maidir leis an ngá atá le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

5.    Ní chuirfidh aon éileamh ar leordhóthanacht an fhógra eadrána cosc ar chomhdhéanamh an bhinse eadrána. Is é an binse eadrána a dhéanfaidh an díospóid a chinneadh go cinntitheach.

AIRTEAGAL I.5

Freagairt ar an bhfógra eadrána

1.    Laistigh de 60 lá ón bhfógra eadrána a fháil, seolfaidh an cosantóir freagra ar an bhfógra eadrána chuig an iarratasóir agus chuig an mBiúró Idirnáisiúnta, ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

(a)    ainmneacha agus sonraí teagmhála na bpáirtithe;

(b)    ainm agus seoladh ghníomhaire nó ghníomhairí an chosantóra;

(c)    freagra ar an bhfaisnéis a thugtar san fhógra eadrána i gcomhréir le pointí (d) go (f) d’Airteagal I.4(3); agus

(d)    ainmniú eadránaí nó, má tá cúigear eadránaithe le ceapadh, ainmniú beirt eadránaithe.



2.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(3) den Phrótacal, féadfaidh freagra ar an bhfaisnéis a thugtar san fhógra eadrána i gcomhréir le hAirteagal I.4(4) den Fhoscríbhinn seo agus faisnéis maidir leis an ngá atá le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bheith sa fhreagra ar an bhfógra eadrána.

3.    Ní chuirfidh easpa freagartha nó freagra neamhiomlán nó déanach ón gcosantóir ar an bhfógra eadrána cosc ar bhunú binse eadrána. Is é an binse eadrána a dhéanfaidh an díospóid a chinneadh go cinntitheach.

4.    Má iarrann an cosantóir go mbeadh cúigear eadránaithe ar an mbinse eadrána ina fhreagra ar an bhfógra eadrána, ainmneoidh an t-iarratasóir eadránaí breise laistigh de 30 lá ón bhfreagra ar an bhfógra eadrána a fháil.

AIRTEAGAL I.6

Ionadaíocht agus cúnamh

1.    Déanfaidh gníomhaire amháin nó níos mó ionadaíocht ar na páirtithe os comhair an bhinse eadrána. Féadfaidh na gníomhairí cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó dhlíodóirí.

2.    Cuirfear aon athrú ar na gníomhairí nó ar a seoltaí in iúl don pháirtí eile, don Bhiúró Idirnáisiúnta agus don bhinse eadrána. Féadfaidh an binse eadrána, tráth ar bith, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó pháirtí, fianaise ar na cumhachtaí a thugtar do ghníomhairí na bpáirtithe a iarraidh.



CAIBIDIL II

COMHDHÉANAMH AN BHINSE EADRÁNA

AIRTEAGAL II.1

An líon eadránaithe

Triúr eadránaithe a bheidh ar an mbinse eadrána. Má iarrann an t-iarratasóir ina fhógra eadrána nó an cosantóir ina fhreagra ar an bhfógra eadrána amhlaidh, beidh cúigear eadránaithe ar an mbinse eadrána.

AIRTEAGAL II.2

Na headránaithe a cheapadh

1.    Má tá triúr eadránaithe le ceapadh, ainmneoidh gach ceann de na páirtithe duine acu. Roghnóidh an bheirt eadránaithe arna gceapadh ag na páirtithe an tríú headránaí, a bheidh ina chathaoirleach ar an mbinse eadrána.

2.    Má tá cúigear eadránaithe le ceapadh, ainmneoidh gach páirtí beirt díobh. Roghnóidh an ceathrar eadránaithe arna gceapadh ag na páirtithe an cúigiú headránaí, a bheidh ina chathaoirleach ar an mbinse eadrána.



3.    Más rud é, laistigh de 30 lá tar éis ainmniú an eadránaí deiridh arna cheapadh ag na páirtithe, nach mbeidh na headránaithe tar éis teacht ar chomhaontú maidir le cathaoirleach an bhinse eadrána a roghnú, is é Ardrúnaí na Buanchúirte Eadrána a cheapfaidh an cathaoirleach.

4.    Chun cúnamh a thabhairt eadránaithe a roghnú chun an binse eadrána a chomhdhéanamh, déanfar liosta táscach de dhaoine ag a bhfuil na cáilíochtaí dá dtagraítear i mír 6 a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta nuair is gá, ar liosta é a bheidh i gcoiteann ag gach comhaontú déthaobhach sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach chomh maith leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le sláinte, arna dhéanamh in […] an […] (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le Sláinte ’anseo feasta), an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta, arna dhéanamh i Lucsamburg an 21 Meitheamh 1999 (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta’ anseo feasta) agus an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht rialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú, arna dhéanamh i […] an […] (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais’ anseo feasta). Déanfaidh an Comhchoiste an liosta sin a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta le cinneadh chun críocha an Chomhaontaithe.

5.    I gcás nach n-ainmneoidh páirtí eadránaí, ceapfaidh Ardrúnaí na Buanchúirte Eadrána an t-eadránaí sin ón liosta dá dtagraítear i mír 4. In éagmais liosta den sórt sin, déanfaidh Ard-Rúnaí na Buanchúirte Eadrána an t-eadránaí a cheapadh trí chrannchur ó na pearsana aonair a mhol páirtí amháin nó an dá pháirtí go foirmiúil chun críocha mhír 4.



6.    Is daoine ardcháilithe iad na daoine a chomhdhéanann an binse eadrána, bíodh nó ná bíodh ceangail acu leis na páirtithe, a ráthaítear a neamhspleáchas agus a n-easpa coinbhleachtaí leasa, mar aon le raon leathan taithí. Go háirithe, beidh saineolas léirithe acu ar an dlí agus ar na hábhair a chumhdaítear leis an gComhaontú seo; ní ghlacfaidh siad treoracha ó cheachtar páirtí; agus feidhmeoidh siad ina gcáil phearsanta, agus ní ghlacfaidh siad le treoracha ó aon eagraíocht ná aon rialtas maidir le hábhair a bhaineann leis an díospóid. Beidh taithí ag cathaoirleach an bhinse eadrána freisin ar nósanna imeachta um réiteach díospóidí.

AIRTEAGAL II.3

Dearbhuithe eadránaithe

1.    Le linn do dhuine a bheith á mheas lena cheapadh mar eadránaí, tuairisceoidh an duine sin na himthosca uile is dóigh a bheidh ina gcúis le hamhras dlisteanach maidir lena neamhchlaontacht nó lena neamhspleáchas. Ón gceapachán agus le linn na n-imeachtaí eadrána ar fad, tuairisceoidh eadránaí na himthosca sin do na páirtithe agus do na headránaithe eile gan mhoill, mura ndearna an t-eadránaí amhlaidh cheana féin.

2.    Féadfar aon eadránaí a dhífhostú más ann d’imthosca a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hamhras dlisteanach faoina neamhchlaontacht nó faoina neamhspleáchas.

3.    Ní fhéadfaidh páirtí a iarraidh go ndífhostófaí eadránaí as a phost ach amháin ar chúis a thagann chun cinn dó tar éis an cheapacháin sin.

4.    Mura ngníomhaíonn eadránaí nó mura féidir le headránaí de jure de facto a ról a chomhlíonadh, beidh feidhm ag an nós imeachta chun eadránaithe a dhífhostú a leagtar síos in Airteagal II.4.



AIRTEAGAL II.4

Eadránaithe a dhífhostú

1.    Aon pháirtí ar mian leis eadránaí a dhífhostú, déanfaidh sé iarraidh ar dhífhostú laistigh de 30 lá ón dáta a thugtar fógra dó faoi cheapadh an eadránaí sin nó laistigh de 30 lá ón dáta a thagann sé ar an eolas faoi na himthosca dá dtagraítear in Airteagal II.3.

2.    Seolfar an iarraidh ar dhífhostú chuig an bpáirtí eile, chuig an eadránaí dífhostaithe, chuig na headránaithe eile agus chuig an mBiúró Idirnáisiúnta. Leagfar amach ann na cúiseanna atá leis an iarraidh ar dhífhostú.

3.    Nuair a bheidh iarraidh ar dhífhostú déanta, féadfaidh an páirtí eile glacadh leis an iarraidh ar dhífhostú. Féadfaidh an t-eadránaí i gceist éirí as freisin. Ní thugtar le tuiscint leis an nglacadh nó leis an éirí as go n-aithnítear na cúiseanna atá leis an iarraidh ar dhífhostú.

4.    Más rud é, laistigh de 15 lá ón dáta ar tugadh fógra faoin iarraidh ar dhífhostú, nach nglacfaidh an páirtí eile leis an iarraidh ar dhífhostú nó nach n-éireoidh an t-eadránaí i gceist as, féadfaidh an páirtí a d’iarr an dífhostú a iarraidh ar Ard-Rúnaí na Buanchúirte Eadrána cinneadh a dhéanamh maidir leis an dífhostú.

5.    Mura gcomhaontóidh na páirtithe a mhalairt, léireofar sa chinneadh dá dtagraítear i mír 4 na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin.



AIRTEAGAL II.5

Eadránaí a ionadú

1.    Faoi réir mhír 2 den Airteagal seo, más gá eadránaí a ionadú le linn na n-imeachtaí eadrána, ceapfar nó roghnófar ionadaí i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal II.2 is infheidhme maidir le ceapadh nó roghnú an eadránaí a bheidh le hionadú. Beidh feidhm ag an nós imeachta sin fiú murar fheidhmigh páirtí amháin a cheart chun an t-eadránaí atá le hionadú a cheapadh nó páirt a ghlacadh i gceapadh an eadránaí sin.

2.    I gcás eadránaí a ionadú, atosófar ar an nós imeachta ag an gcéim inar scoir an t-eadránaí ar cuireadh eadránaí eile ina ionad dá fheidhmeanna nó dá feidhmeanna a chomhlíonadh, mura gcinnfidh an binse eadrána a mhalairt.

AIRTEAGAL II.6

Eisiamh dliteanais

Ach amháin i gcásanna ina ndéantar éagóir d’aon ghnó nó mórfhaillí, diúltaíonn na páirtithe, a mhéid is féidir a cheadaítear leis an dlí is infheidhme, aon chaingean i gcoinne na n-eadránaithe maidir le haon ghníomh nó neamhghníomh a bhaineann leis an eadráin.



CAIBIDIL III

IMEACHTAÍ EADRÁNA

AIRTEAGAL III.1

Forálacha ginearálta

1.    Is é dáta bunaithe an bhinse eadrána an dáta ar ghlac an t-eadránaí deiridh lena cheapachán nó lena ceapachán.

2.    Áiritheoidh an binse eadrána go gcaithfear go cothrom leis na páirtithe agus, ag céim chuí de na himeachtaí, go mbeidh deis leordhóthanach ag gach ceann acu a gcearta a dhearbhú agus a gcás a chur i láthair. Seolfaidh an binse eadrána na himeachtaí ar shlí a sheachnóidh moilleanna agus caiteachas nach bhfuil gá leis agus a áiritheoidh go socrófar an díospóid idir na páirtithe.

3.    Eagrófar éisteacht, mura gcinnfidh an binse eadrána a mhalairt, tar éis na páirtithe a éisteacht.

4.    Nuair a chuirfidh páirtí teachtaireacht chuig an mbinse eadrána, déanfaidh sé amhlaidh tríd an mBiúró Idirnáisiúnta agus cuirfidh sé cóip chuig an bpáirtí eile an tráth céanna. Seolfaidh an Biúró Idirnáisiúnta cóip den teachtaireacht sin chuig gach duine de na headránaithe.



AIRTEAGAL III.2

Áit eadrána

Is í an Háig an áit eadrána. Féadfaidh an binse eadrána, más gá sin in imthosca eisceachtúla, teacht le chéile in aon áit eile is cuí leis dá chuid pléití.

AIRTEAGAL III.3

Teanga

1.    Is iad an Fhraincis agus an Béarla teangacha na n-imeachtaí.

2.    Féadfaidh an binse eadrána a ordú go mbeidh aistriúchán go ceann de theangacha na n‑imeachtaí ag gabháil leis na doiciméid uile atá i gceangal leis an ráiteas éilimh nó leis an ráiteas cosanta agus leis na doiciméid bhreise uile a tháirgtear le linn na n‑imeachtaí, arna gcur isteach ina dteanga bhunaidh.

AIRTEAGAL III.4

Ráiteas éilimh

1.    Seolfaidh an t-iarratasóir a ráiteas éilimh i scríbhinn chuig an gcosantóir agus chuig an mbinse tríd an mBiúró Idirnáisiúnta, laistigh den teorainn ama arna socrú ag an mbinse eadrána. Féadfaidh an t-iarratasóir cinneadh a dhéanamh a fhógra eadrána dá dtagraítear in Airteagal I.4 a mheas mar ráiteas éilimh, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na coinníollacha i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo freisin.



2.    Beidh an fhaisnéise seo a leanas sa ráiteas éilimh:

(a)    an fhaisnéis a leagtar amach i bpointí (b) go (f) d’Airteagal I.4(3);

(b)    ráiteas fíoras a cuireadh isteach mar thaca leis an éileamh; agus

(c)    na hargóintí dlíthiúla a cuireadh chun cinn mar thaca leis an éileamh.

3.    Beidh ag gabháil leis an ráiteas éilimh, a mhéid is féidir, aon doiciméad agus aon fhianaise eile a bheidh luaite ag an iarratasóir nó ba cheart tagairt a dhéanamh dóibh ann. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(3) den Phrótacal, beidh faisnéis sa ráiteas éilimh freisin, a mhéid is féidir, maidir leis an ngá atá le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

AIRTEAGAL III.5

Ráiteas cosanta

1.    Seolfaidh an cosantóir an ráiteas cosanta i scríbhinn chuig an iarratasóir agus chuig an mbinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta, laistigh den teorainn ama arna socrú ag an mbinse eadrána. Féadfaidh an cosantóir cinneadh a dhéanamh an freagra ar an bhfógra eadrána dá dtagraítear in Airteagal I.5 a mheas mar ráiteas cosanta, ar choinníoll go gcomhlíonann an freagra ar an bhfógra eadrána na coinníollacha i mír 2 den Airteagal seo freisin.



2.    Freagróidh an ráiteas cosanta do na pointí sa ráiteas éilimh a shonraítear i gcomhréir le pointí (a) go (c) d’Airteagal III.4(2) den Fhoscríbhinn seo. Beidh ag gabháil leis, a mhéid is féidir, aon doiciméad agus aon fhianaise eile a bheidh luaite ag an gcosantóir nó ba cheart tagairt a dhéanamh dóibh ann ann. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(3) den Phrótacal, beidh faisnéis sa ráiteas cosanta freisin, a mhéid is féidir, maidir leis an ngá atá le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

3.    Sa ráiteas cosanta, nó ag céim níos déanaí sna himeachtaí eadrána má chinneann an binse eadrána go bhfuil údar le moill de bharr imthosca, féadfaidh an cosantóir frithéileamh a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil dlínse ag an mbinse eadrána ina leith.

4.    Beidh feidhm ag Airteagal III.4(2) agus (3) maidir le frithéileamh.

AIRTEAGAL III.6

Dlínse eadrána

1.    Rialóidh an binse eadrána an bhfuil dlínse aige ar bhonn Airteagail 10(2) nó 11(2) den Phrótacal.

2.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Phrótacal, beidh sainordú ag an mbinse eadrána scrúdú a dhéanamh ar an gceist is cúis leis an díospóid arna hiontráil go hoifigiúil, lena réiteach, ar chlár oibre an Chomhchoiste i gcomhréir le hAirteagal 10(1) den Phrótacal.



3.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2) den Phrótacal, beidh sainordú ag an mbinse eadrána a d’éist leis an bpríomhchás scrúdú a dhéanamh ar chomhréireacht na mbeart cúiteach is ábhar díospóide, lena n-áirítear i gcás ina ndearnadh na bearta sin go hiomlán nó go páirteach i gcomhaontú déthaobhach eile sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach.

4.    Déanfar réamhagóid maidir le heaspa dlínse an bhinse eadrána ar a dhéanaí sa ráiteas cosanta nó, i gcás frithéilimh, sa fhreagra. Má tá páirtí tar éis eadránaí a cheapadh nó má ghlac sé páirt ina cheapachán, ní bhainfear an ceart de réamhagóid den sórt sin a dhéanamh. Déanfar an réamhagóid go rachadh an díospóid thar chumhachtaí an bhinse eadrána a luaithe a tharraingeofar an cheist anuas a líomhnaítear a théann thar a cumhachtaí le linn na n-imeachtaí eadrána. In aon chás, féadfaidh an binse eadrána réamhagóid a cheadú a dhéanfar tar éis don teorainn ama atá leagtha síos dul in éag má chreideann sé go raibh cúis bhailí leis an moill.

5.    Féadfaidh an binse eadrána rialú a thabhairt ar an réamhagóid dá dtagraítear i mír 4 trí dhéileáil léi mar réamhcheist nó sa chinneadh ar shubstaint an cháis.

AIRTEAGAL III.7

Aighneachtaí eile i scríbhinn

Déanfaidh an binse eadrána, tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe, breith a thabhairt ar na haighneachtaí eile i scríbhinn, i dteannta an ráitis éilimh agus an ráitis cosanta, a dhéanfaidh nó a fhéadfaidh na páirtithe a chur isteach agus socróidh sé an teorainn ama lena gcur isteach.



AIRTEAGAL III.8

Teorainneacha ama

1.    Ní rachaidh na teorainneacha ama arna socrú ag an mbinse eadrána chun na doiciméid i scríbhinn a chur in iúl, lena n-áirítear an ráiteas éilimh agus an ráiteas cosanta, thar 90 lá, mura gcomhaontóidh na páirtithe a mhalairt.

2.    Déanfaidh an binse eadrána a chinneadh críochnaitheach laistigh de 12 mhí ó dháta a bhunaithe. In imthosca eisceachtúla a bhfuil deacracht ar leith ag baint leo, féadfaidh an binse eadrána síneadh suas le 3 mhí bhreise a chur leis an tréimhse sin.

3.    Déanfar na teorainneacha ama a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 a laghdú faoina leath:

(a)    arna iarraidh sin don iarratasóir nó don chosantóir, más rud é, laistigh de 30 lá tar éis an iarraidh sin a fháil, go rialaíonn an binse eadrána, tar éis an páirtí eile a éisteacht, go bhfuil práinn leis an gcás; nó

(b)    má chomhaontaíonn na páirtithe amhlaidh.

4.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2) den Phrótacal, déanfaidh an binse eadrána a chinneadh críochnaitheach laistigh de 6 mhí ón dáta ar tugadh fógra faoi na bearta cúiteacha i gcomhréir le hAirteagal 11(1) den Phrótacal.



AIRTEAGAL III.9

Ábhair arna dtarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

1.    Le linn Airteagal 7 agus Airteagal 10(3) den Phrótacal a chur i bhfeidhm, déanfaidh an binse eadrána tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

2.    Féadfaidh an binse eadrána tarchur a dhéanamh chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh tráth ar bith sna himeachtaí, ar choinníoll go bhfuil an binse eadrána in ann cúlra dlíthiúil agus fíorasach an cháis a shainiú beacht go leor, mar aon leis na ceisteanna dlí a tharraingítear anuas ann.

Cuirfear na himeachtaí os comhair an bhinse eadrána ar fionraí go dtí go mbeidh a rialú tugtha ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

3.    Féadfaidh gach páirtí iarraidh réasúnaithe a chur chuig an mbinse eadrána chun tarchur a dhéanamh chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Diúltóidh an binse eadrána d’iarraidh den sórt sin má mheasann sé nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear i mír 1. Má dhiúltaíonn an binse eadrána d’iarraidh páirtí ar tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tabharfaidh sé cúiseanna lena chinneadh sa bhreith ar shubstaint an cháis.

4.    Déanfaidh an binse eadrána tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh trí bhíthin fógra. Beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, san fhógra:

(a)    tuairisc ghairid ar an díospóid;

(b)    gníomh dlí nó gníomhartha dlí an Aontais agus/nó foráil nó forálacha an Chomhaontaithe atá i gceist; agus

(c)    coincheap dhlí an Aontais atá le léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den Phrótacal.



Tabharfaidh an binse eadrána fógra faoin tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chuig na páirtithe.

5.    Cuirfidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm, de réir analaí, na rialacha nós imeachta inmheánacha is infheidhme maidir le feidhmiú a dlínse chun réamhrialú a dhéanamh ar léirmhíniú na gConarthaí agus na ngníomhartha arna ndéanamh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais.

6.    Na gníomhairí agus na dlíodóirí atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh do na páirtithe os comhair an bhinse eadrána de bhun Airteagail I.4, I.5, III.4 agus III.5, údarófar dóibh ionadaíocht a dhéanamh ar na páirtithe os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

AIRTEAGAL III.10

Bearta idirlinne

1.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2) den Phrótacal, féadfaidh ceachtar páirtí, ag céim ar bith den nós imeachta eadrána, iarratas a dhéanamh ar bhearta eatramhacha arb é atá iontu na bearta cúiteacha a chur ar fionraí.

2.    Sonrófar in iarratas de bhun mhír 1 ábhar na n-imeachtaí, na himthosca is cúis le práinn agus na saincheisteanna fíorais agus dlí lena mbunaítear cás prima facie le haghaidh na mbeart eatramhach arna n-iarraidh. Beidh ann an fhianaise agus na tairiscintí fianaise uile atá ar fáil chun údar a thabhairt le deonú na mbeart eatramhach.

3.    Déanfaidh an páirtí a iarrann na bearta eatramhacha a iarratas a sheoladh i scríbhinn chuig an bpáirtí eile agus chuig an mbinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta. Socróidh an binse eadrána teorainn ama ghearr ar laistigh di a fhéadfaidh an páirtí eile sin barúlacha i scríbhinn nó ó bhéal a chur isteach.



4.    Glacfaidh an binse eadrána, laistigh de 1 mhí amháin tar éis an t-iarratas dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach, cinneadh maidir leis na bearta cúiteacha atá á gconspóid a chur ar fionraí má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)    gur deimhin leis an mbinse eadrána prima facie fiúntas an cháis arna chur isteach ag an bpáirtí a d’iarr na bearta eatramhacha ina iarratas;

(b)    go measann an binse eadrána, ar feitheamh a chinnidh chríochnaithigh, go ndéanfaí díobháil thromchúiseach dholeasaithe don pháirtí a iarrann na bearta eatramhacha in éagmais na mbeart cúiteach a chur ar fionraí; agus

(c)    gur mó an díobháil a rinneadh don pháirtí a d’iarr na bearta eatramhacha trí na bearta cúiteacha atá faoi chonspóid a chur i bhfeidhm láithreach ná an leas i gcur i bhfeidhm láithreach agus éifeachtach na mbeart sin.

5.    Ní bheidh feidhm ag fionraí na n-imeachtaí dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal III.9(2) in imeachtaí de bhun an Airteagail seo.

6.    Ní bheidh ach éifeacht eatramhach ag cinneadh a ghlacfaidh an binse eadrána de réir mhír 4 agus beidh sé gan dochar do chinneadh an bhinse eadrána ar shubstaint an cháis.

7.    Mura rud é go socrófar leis an gcinneadh a ghlacfaidh an binse eadrána i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo dáta is luaithe le haghaidh dheireadh na fionraí, rachaidh an fhionraí in éag nuair a ghlacfar an cinneadh críochnaitheach de bhun Airteagal 11(2) den Phrótacal.



8.    Chun amhras a sheachaint, chun críocha an Airteagail seo, tuigtear, le linn don bhinse eadrána leasanna an pháirtí a iarrann na bearta eatramhacha agus an pháirtí eile a bhreithniú, go gcuirfidh sé san áireamh leasanna daoine aonair agus oibreoirí eacnamaíocha na bpáirtithe, ach nach é an toradh a bheidh orthu siúd a chur san áireamh aon seasamh a dheonú do dhaoine aonair nó d’oibreoirí eacnamaíocha den sórt sin os comhair an bhinse eadrána.

AIRTEAGAL III.11

Fianaise

1.    Soláthróidh gach páirtí fianaise ar na fíorais arb iad forais a éilimh nó a chosanta iad.

2.    Ar iarraidh ó pháirtí, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an binse eadrána faisnéis ábhartha a mheasann sé a bheith riachtanach agus iomchuí a lorg ó na páirtithe. Socróidh an binse eadrána teorainn ama do na páirtithe chun freagra a thabhairt ar a iarraidh.

3.    Ar iarraidh ó pháirtí, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an binse eadrána aon fhaisnéis is iomchuí leis a lorg ó aon fhoinse. Tá sé de cheart ag an mbinse eadrána freisin tuairim saineolaithe a lorg de réir mar is iomchuí leis agus faoi réir téarmaí agus coinníollacha a chomhaontóidh na páirtithe, i gcás inarb infheidhme.

4.    Aon fhaisnéis a gheobhaidh binse eadrána faoin Airteagal seo cuirfear ar fáil í do na páirtithe agus féadfaidh na páirtithe tuairimí faoin bhfaisnéis sin a chur faoi bhráid an bhinse eadrána.

5.    Tar éis don bhinse eadrána tuairimí an pháirtí eile a lorg, glacfaidh sé bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar aon cheist a tharraingeoidh páirtí anuas maidir le cosaint sonraí pearsanta, rúndacht ghairmiúil agus leasanna dlisteanacha rúndachta.



6.    Is é an binse eadrána a thabharfaidh breithiúnas ar inghlacthacht, ábharthacht agus neart na fianaise a tíolacadh.

AIRTEAGAL III.12

Éisteachtaí

1.    Nuair nach mór éisteacht a bheith ann, déanfaidh an binse eadrána, tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe, fógra a thabhairt do na páirtithe fada go leor roimh dháta, am agus áit na héisteachta.

2.    Is éisteacht phoiblí a bheidh ann, mura rud é go ndéanfaidh an binse eadrána, uaidh féin nó ar iarratas ó na páirtithe, a mhalairt a chinneadh ar chúiseanna tromaí.

3.    Déanfaidh cathaoirleach an bhinse eadrána miontuairiscí gach éisteachta a tharraingt suas agus a shíniú. Is iad na miontuairiscí sin amháin a bheidh barántúil.

4.    Féadfaidh an binse eadrána cinneadh a dhéanamh an éisteacht a thionól go fíorúil de réir chleachtas an Bhiúró Idirnáisiúnta. Cuirfear na páirtithe ar an eolas faoin gcleachtas sin go tráthúil. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag mír 1, mutatis mutandis, agus ag mír 3.



AIRTEAGAL III.13

Réamhshocrú

1.    Más rud é, laistigh den teorainn ama a leagtar síos leis an bhFoscríbhinn seo nó ag an mbinse eadrána, nach mbeidh a ráiteas éilimh curtha isteach ag an iarratasóir, gan cúis leordhóthanach a thaispeáint, ordóidh an binse eadrána go gcuirfear clabhsúr leis na himeachtaí eadrána, mura mbeidh ceisteanna gan réiteach ann a bhféadfadh gá a bheith le rialú ina leith agus más cuí leis an mbinse eadrána déanamh amhlaidh.

Más rud é, laistigh den teorainn ama a leagtar síos leis an bhFoscríbhinn seo nó ag an mbinse eadrána, nach mbeidh a fhreagra ar an bhfógra eadrána nó a ráiteas cosanta curtha isteach ag an gcosantóir, gan cúis leordhóthanach a thaispeáint, ordóidh an binse eadrána go leanfar leis na himeachtaí, gan a mheas gurb ionann an mhainneachtain féin agus glacadh líomhaintí an iarratasóra.

Tá feidhm ag an dara fomhír freisin i gcás nach gcuireann an t-iarratasóir freagra ar fhrithéileamh isteach.

2.    Mura dtiocfaidh páirtí, a chomórfar go cuí i gcomhréir le hAirteagal III.12(1), i láthair ag éisteacht agus mura léireoidh sé cúis leordhóthanach gan déanamh amhlaidh, féadfaidh an binse eadrána leanúint den eadráin.

3.    Páirtí ar iarr an binse eadrána air go cuí tuilleadh fianaise a thabhairt ar aird, mura ndéanfaidh sé amhlaidh laistigh de na teorainneacha ama a shocraítear gan cúis leordhóthanach a thaispeáint gan déanamh amhlaidh, féadfaidh an binse eadrána rialú a thabhairt ar bhonn na fianaise a bheidh ar fáil aige.



AIRTEAGAL III.14

Dúnadh an nós imeachta

1.    I gcás ina léirítear go raibh deis réasúnach ag na páirtithe a n-argóintí a chur i láthair, féadfaidh an binse eadrána dúnadh na n-imeachtaí a dhearbhú.

2.    Féadfaidh an binse eadrána, má mheasann sé gur gá sin mar gheall ar imthosca eisceachtúla, cinneadh a dhéanamh ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó pháirtí na himeachtaí a athoscailt tráth ar bith sula mbeidh a chinneadh déanta aige.

CAIBIDIL IV

CINNEADH

AIRTEAGAL IV.1

Cinntí

Féachfaidh an binse eadrána lena chinntí a dhéanamh de chomhthoil. Más rud é, áfach, nach féidir cinneadh a dhéanamh de chomhthoil, is é tromlach na n-eadránaithe a dhéanfaidh cinneadh an bhinse eadrána.



AIRTEAGAL IV.2

Foirm agus éifeacht chinneadh an bhinse eadrána

1.    Féadfaidh an binse eadrána cinntí ar leithligh a dhéanamh ar cheisteanna éagsúla ag tráthanna éagsúla.

2.    Eiseofar gach cinneadh i scríbhinn agus luafar iontu na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe. Beidh siad críochnaitheach agus ina gceangal ar na páirtithe.

3.    Síneoidh na headránaithe cinneadh an bhinse eadrána , beidh ann an dáta a rinneadh é agus luafar ann an áit eadrána. Cuirfidh an Biúró Idirnáisiúnta cóip den chinneadh arna shíniú ag na headránaithe in iúl do na páirtithe.

4.    Déanfaidh an Biúró Idirnáisiúnta cinneadh an bhinse eadrána a phoibliú.

Le linn don Bhiúró Idirnáisiúnta cinneadh an bhinse eadrána a phoibliú, urramóidh sé na rialacha ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta, rúndacht ghairmiúil agus leasanna dlisteanacha rúndachta.

Beidh na rialacha dá dtagraítear sa dara fomhír comhionann le haghaidh na gcomhaontuithe déthaobhacha uile i réimsí an mhargaidh inmheánaigh ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach agus le haghaidh an Chomhaontaithe maidir le sláinte, an Chomhaontaithe maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta agus an Chomhaontaithe maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise. Déanfaidh an Comhchoiste na rialacha sin a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta le cinneadh chun críocha an Chomhaontaithe.

5.    Comhlíonfaidh na páirtithe cinntí uile an bhinse eadrána gan mhoill.



6.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Phrótacal, tar éis don bhinse eadrána tuairim na bpáirtithe a fháil, socróidh sé teorainn ama réasúnach sa chinneadh ar shubstaint an cháis chun a chinneadh a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 10(5) den Phrótacal agus nósanna imeachta inmheánacha na bpáirtithe á gcur san áireamh.

AIRTEAGAL IV.3

An dlí is infheidhme, rialacha maidir le léiriú, idirghabhálaí

1.    Is éard atá sa dlí is infheidhme an Comhaontú, gníomhartha dlí an Aontais dá dtagraítear ann, chomh maith le haon riail eile den dlí idirnáisiúnta atá ábhartha maidir le cur i bhfeidhm na n-ionstraimí sin.

2.    Déanfaidh an binse eadrána cinneadh i gcomhréir leis na rialacha maidir le léiriú dá dtagraítear in Airteagal 7 den Phrótacal.

3.    Cinntí roimh ré arna nglacadh ag comhlacht um réiteach díospóidí maidir le comhréireacht beart cúiteach faoi chomhaontú déthaobhach eile i measc na gcinntí sin dá dtagraítear in Airteagal 11(1) den Phrótacal, beidh siad ina gceangal ar an mbinse eadrána.

4.    Ní cheadófar don bhinse eadrána cinneadh a dhéanamh mar idirghabhálaí ná ex aequo et bono.



AIRTEAGAL IV.4

Réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach nó cúiseanna eile chun an nós imeachta a dhúnadh

1.    Féadfaidh na páirtithe, tráth ar bith, réiteach ar a ndíospóid a chomhaontú go frithpháirteach. Cuirfidh siad aon réiteach den sórt sin in iúl go comhpháirteach don bhinse eadrána. Má éilítear formheas leis an réiteach de bhun nósanna imeachta intíre ábhartha ceachtar páirtí, déanfar tagairt san fhógra don cheanglas sin, agus cuirfear an nós imeachta eadrána ar fionraí. Mura gá formheas den sórt sin, nó nuair a bheidh fógra tugtha faoi thabhairt chun críche aon nós imeachta intíre den sórt sin, déanfar an nós imeachta eadrána a dhúnadh.

2.    Más rud é, le linn imeachtaí, go gcuirfidh an t-iarratasóir in iúl i scríbhinn don bhinse eadrána nach mian leis na himeachtaí a shaothrú tuilleadh, agus más rud é, ar an dáta a gheobhaidh an binse eadrána an chumarsáid sin, nach bhfuil aon bheart déanta fós ag an gcosantóir sna himeachtaí, eiseoidh an binse eadrána ordú ina dtaifeadfar go hoifigiúil clabhsúr na n-imeachtaí. Déanfaidh an binse eadrána cinneadh maidir leis na costais, a íocfaidh an t-iarratasóir, má dhealraíonn sé go bhfuil údar leis sin de bharr iompar an pháirtí sin.

3.    Más rud é, sula ndéantar cinneadh an bhinse eadrána, go dtagann an binse eadrána ar an gconclúid go bhfuil sé gan chiall nó dodhéanta leanúint de na himeachtaí ar aon chúis seachas na cúiseanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, cuirfidh an binse eadrána in iúl do na páirtithe go bhfuil sé ar intinn aige ordú a eisiúint lena gcuirfear clabhsúr leis na himeachtaí.

Níl feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina bhfuil ceisteanna gan réiteach ann ar féidir gur gá rialú ina leith agus más cuí leis an mbinse eadrána déanamh amhlaidh.



4.    Cuirfidh an binse eadrána in iúl do na páirtithe cóip den ordú lena gcuirtear clabhsúr leis na himeachtaí eadrána nó den chinneadh a rinneadh trí chomhaontú idir na páirtithe, agus í sínithe ag na headránaithe. Beidh feidhm ag Airteagal IV.2(2) go (5) maidir le cinntí eadrána a ghlacfar trí chomhaontú idir na páirtithe.

AIRTEAGAL IV.5

Cinneadh an bhinse eadrána a cheartú

1.    Laistigh de 30 lá tar éis cinneadh an bhinse eadrána a fháil, féadfaidh páirtí, trí fhógra a thabhairt don pháirtí eile agus don bhinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta, a iarraidh ar an mbinse eadrána aon earráid sa ríomh, aon earráid chléireachais nó chló, nó aon earráid nó easnamh dá samhail a cheartú i dtéacs chinneadh an bhinse eadrána. I gcás ina measfaidh sé go bhfuil údar cuí leis an iarraidh, déanfaidh an binse eadrána an ceartú laistigh de 45 lá tar éis dó an iarraidh a fháil. Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag an iarraidh ar an teorainn ama dá bhforáiltear in Airteagal IV.2(6).

2.    Féadfaidh an binse eadrána, laistigh de 30 lá tar éis dó a chinneadh a chur in iúl, na ceartúcháin dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh ar a thionscnamh féin.

3.    Déanfar na ceartúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i scríbhinn agus beidh siad ina gcuid dhílis den chinneadh. Beidh feidhm ag Airteagal IV.2(2) go (5).



AIRTEAGAL IV.6

Táillí eadránaithe

1.    Beidh na táillí dá dtagraítear in Airteagal IV.7 réasúnta, agus castacht an cháis, an t-am a chaitheann na headránaithe air agus na cúinsí ábhartha eile go léir á gcur san áireamh.

2.    Déanfar liosta de chúiteamh laethúil agus de na huaireanta uasta agus íosta, a bheidh i gcoiteann ag gach comhaontú déthaobhach sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach chomh maith leis an gComhaontú maidir le sláinte, an Comhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta agus an Comhaontú maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise, a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta nuair is gá. Déanfaidh an Comhchoiste an liosta sin a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta le cinneadh chun críocha an Chomhaontaithe.

AIRTEAGAL IV.7

Costais

1.    Iompróidh gach páirtí a chostais féin agus leath de chostais an bhinse eadrána.

2.    Socróidh an binse eadrána a chostais ina chinneadh ar shubstaint an cháis. Ní áireofar ar na costais sin ach an méid seo a leanas:

(a)    táillí na n-eadránaithe, a luafar ar leithligh le haghaidh gach eadránaí agus a shocróidh an binse eadrána féin i gcomhréir le hAirteagal IV.6;

(b)    costais taistil agus costais eile arna dtabhú ag na headránaithe; agus



(c)    táillí agus costais an Bhiúró Idirnáisiúnta.

3.    Beidh na costais dá dtagraítear i mír 2 réasúnach, agus an méid atá faoi dhíospóid, castacht na díospóide, an t-am a chaith na headránaithe agus aon saineolaí arna cheapadh ag an mbinse eadrána uirthi agus aon toisc ábhartha eile á gcur san áireamh.

AIRTEAGAL IV.8

Costais a thaisceadh

1.    Ag tús na headrána, féadfaidh an Biúró Idirnáisiúnta a iarraidh ar na páirtithe méid comhionann a thaisceadh mar réamhíocaíocht le haghaidh na gcostas dá dtagraítear in Airteagal IV.7(2).

2.    Le linn na n-imeachtaí eadrána, féadfaidh an Biúró Idirnáisiúnta taiscí atá forlíontach leo siúd dá dtagraítear i mír 1 a iarraidh ar na páirtithe.

3.    Déanfar na méideanna uile arna dtaisceadh ag na páirtithe i gcur i bhfeidhm an Airteagail seo a íoc leis an mBiúró Idirnáisiúnta agus íocfaidh sé amach iad chun na costais a tabhaíodh iarbhír a chumhdach, lena n-áirítear, go háirithe, na táillí arna n-íoc leis na headránaithe agus leis an mBiúró Idirnáisiúnta.



CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

AIRTEAGAL V.1

Leasuithe

Féadfaidh an Comhchoiste, le cinneadh, leasuithe ar an bhFoscríbhinn seo a ghlacadh.

________________

PRÓTACAL INSTITIÚIDEACH
A GHABHANN LEIS AN gCOMHAONTÚ IDIR

AN COMHPHOBAL EORPACH

AGUS CÓNAIDHM NA hEILVÉISE

MAIDIR LE hAERIOMPAR

TÁ AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta,

   de pháirt, agus

CÓNAIDHM NA hEILVÉISE, dá ngairtear ‘an Eilvéis’ anseo feasta,

   den pháirt eile,

dá ngairtear ‘Páirtí Conarthach’ ina n-aonar anseo feasta agus dá ngairtear na ‘Páirtithe Conarthacha’ i gcomhpháirt anseo feasta,

ARB É IS AIDHM dóibh rannpháirtíocht na hEilvéise agus a gnóthas i margadh inmheánach an Aontais a neartú agus a dhoimhniú, ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach ar bhonn an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar, arna dhéanamh i Lucsamburg an 21 Meitheamh 1999 (dá ngairtear an ‘Comhaontú’ anseo feasta);

Á AITHINT DÓIBH go n-éilíonn feidhmiú cuí agus aonchineálacht i réimsí an mhargaidh inmheánaigh ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach cothrom iomaíochta don iomaíocht idir gnóthais na hEilvéise agus gnóthais an Aontais bunaithe ar rialacha substainteacha agus ar rialacha nós imeachta atá coibhéiseach leo siúd a bhfuil feidhm acu sa mhargadh inmheánach a mhéid a bhaineann le Státchabhair;

AG ATHDHEARBHÚ dóibh neamhspleáchas na bPáirtithe Conarthacha agus ról agus inniúlachtaí a n-institiúidí agus, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, urraim do na prionsabail a eascraíonn as a hord bunreachtúil, lena n-áirítear daonlathas díreach, scaradh na gcumhachtaí, agus feidearálachas,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:



AIRTEAGAL 1

Cuspóirí

Is iad cuspóirí an Phrótacail seo cothrom iomaíochta a áirithiú don iomaíocht idir gnóthais an Aontais agus na hEilvéise i réimsí an mhargaidh inmheánaigh a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a ráthú trí rialacha substainteacha agus nós imeachta a leagan síos maidir le Státchabhair.

AIRTEAGAL 2

Ceangal leis an gComhaontú

1.    Is cuid dhílis den Chomhaontú iad an Prótacal seo agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis. Ní athróidh siad raon feidhme ná cuspóirí an Chomhaontaithe.

2.    Aisghairtear Airteagail 13 agus 14 den Chomhaontú.

3.    Ní bheidh feidhm ag Airteagal 12(2) den Chomhaontú chun críocha an Phrótacail seo.



AIRTEAGAL 3

Státchabhair

1.    Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt sa Chomhaontú, aon chabhair a thabharfaidh an Eilvéis nó Ballstáit den Aontas nó a thabharfar trí acmhainní Stáit i bhfoirm ar bith, agus a bhéarfaidh nó is baolach a bhéarfadh saobhadh ar iomaíocht trí thaobhú le gnóthais áirithe nó le táirgeadh earraí áirithe, beidh sí ar neamhréir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, a mhéid a dhéanann sí difear don trádáil idir na Páirtithe Conarthacha faoi raon feidhme an Chomhaontaithe.

2.    Beidh an méid seo a leanas comhoiriúnach d’oibriú cuí an mhargaidh inmheánaigh:

(a)    cabhair de chineál comhdhaonnach do thomhaltóirí aonair, ar choinníoll go dtugtar an chabhair sin gan idirdhealú maidir le tionscnamh na dtáirgí lena mbaineann;

(b)    cabhair chun an damáiste a dhéanann tubaiste nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla a chur ina gceart;

(c)    na bearta a leagtar amach i Roinn A d’Iarscríbhinn I.

3.    Féadfar a mheas go bhfuil na nithe seo a leanas i gcomhréir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh:

(a)    cabhair chun forbairt eacnamaíoch ceantair ina bhfuil an caighdeán maireachtála an íseal nó ina bhfuil dífhostaíocht thromchúiseach a chur chun cinn;

(b)    cabhair chun cur i gcrích tionscadail thábhachtaigh ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne, nó ar mhaithe le leas coiteann na bPáirtithe Conarthacha a chur chun cinn, nó chun suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit den Aontas nó na hEilvéise a leigheas;



(c)    cabhair chun forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, i gcás nach ndéanann an chabhair sin dochar do dhálaí trádála a mhéid a bheadh contrártha do leas na bPáirtithe Conarthacha;

(d)    cabhair chun cultúr agus caomhnú na hoidhreachta a chur chun cinn i gcás nach ndéanann an chabhair sin difear do dhálaí trádála ná d’iomaíocht a mhéid a bheadh bunoscionn le leas na bPáirtithe Conarthacha;

(e)    na catagóirí cabhrach a leagtar amach i Roinn B d’Iarscríbhinn I.

4.    Maidir le cabhair a dheonaítear i gcomhréir le Roinn C d’Iarscríbhinn I, toimhdeofar go bhfuil sí comhoiriúnach le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus beidh díolúine aici ó na ceanglais maidir le fógra a thabhairt faoi Airteagal 4.

5.    Cabhair arna deonú do ghnóthais arb é a gcúram seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a oibriú nó seirbhísí de chineál monaplachta fioscaí, beidh sí faoi réir na rialacha sa Phrótacal seo, a mhéid nach dtiocfaidh de na rialacha sin a chur i bhfeidhm bac ar chomhlíonadh, le dlí nó le gníomh, na gcúraimí áirithe a sannadh dóibh. Níor cheart difear a dhéanamh d’fhorbairt na trádála a mhéid a bheadh contrártha do leas na bPáirtithe Conarthacha.

6.    Ní bheidh feidhm ag an bPrótacal seo maidir le cabhair i gcás inarb ionann an méid a dheonaítear do ghnóthas aonair le haghaidh gníomhaíochtaí faoi raon feidhme an Chomhaontaithe agus cabhair de minimis mar a leagtar amach i Roinn D d’Iarscríbhinn I.

7.    Féadfaidh an Comhchoiste cinneadh a dhéanamh Ranna A agus B d’Iarscríbhinn I a thabhairt cothrom le dáta trí bhearta a shonrú a bheidh comhoiriúnach, nó catagóirí cabhrach a d’fhéadfaí a mheas a bheith comhoiriúnach, le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.



AIRTEAGAL 4

Faireachas

1.    Chun críocha Airteagal 1, déanfaidh an tAontas, i gcomhréir le dáileadh na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus a Bhallstáit, agus an Eilvéis, i gcomhréir lena ord bunreachtúil inniúlachtaí, maoirseacht ar chur i bhfeidhm na rialacha maidir leis an státchabhair ina gcríoch féin i gcomhréir leis an bPrótacal seo.

2.    Chun críocha an Prótacal seo a chur chun feidhme, coinneoidh an tAontas córas faireachais Státchabhrach ar bun i gcomhréir le hAirteagail 93, 106, 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh mar a fhorlíontar le gníomhartha dlí an Aontais i réimse na Státchabhrach agus le gníomhartha dlí de chuid an Aontais a bhaineann le Státchabhair in earnáil an aeriompair a liostaítear i bpointe 1 de Roinn A d’Iarscríbhinn II.

3.    Chun críocha chur chun feidhme an Phrótacail seo, déanfaidh an Eilvéis, laistigh de 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo, córas faireachais Státchabhrach a bhunú agus a choinneáil ar bun lena n-áiritheofar i gcónaí leibhéal faireachais agus forfheidhmithe atá coibhéiseach leis an leibhéal atá i bhfeidhm san Aontas, mar a leagtar amach i mír 2, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)    údarás faireachais neamhspleách; agus

(b)    nósanna imeachta chun a áirithiú go ndéanfaidh an t-údarás faireachais athbhreithniú ar chomhoiriúnacht na cabhrach le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i)    réamhfhógra a thabhairt don údarás faireachais maidir le cabhair phleanáilte;

(ii)    measúnú arna dhéanamh ag an údarás faireachais ar chabhair faoina dtugtar fógra agus ar a inniúlacht athbhreithniú a dhéanamh ar chabhair nár tugadh fógra ina leith;

(iii)    agóid a dhéanamh os comhair an údaráis bhreithiúnaigh inniúil, le héifeacht fionraíochta ón uair a bheidh an gníomh inchonspóide, maidir le cabhair a mheasann an t-údarás faireachais a bheith ar neamhréir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh; agus

(iv)    aisghabháil, lena n-áirítear ús, cabhrach a deonaíodh agus a cinneadh a bheith ar neamhréir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

4.    I gcomhréir le hord bunreachtúil inniúlachtaí na hEilvéise, níl feidhm ag mír 3, pointe (b), (iii) agus (iv) maidir le gníomhartha de chuid Thionól Cónaidhme na hEilvéise ná de chuid Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise.

5.    I gcás nach féidir le húdarás faireachais na hEilvéise agóid a dhéanamh i gcoinne chabhair Thionól Cónaidhme na hEilvéise nó chabhair Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise os comhair údarás breithiúnach, mar gheall ar a theorainneacha inniúlachta faoi ord bunreachtúil na hEilvéise, déanfaidh sé agóid in aghaidh chur i bhfeidhm na cabhrach sin ag údaráis eile i ngach cás sonrach. Má chinneann an t-údarás breithiúnach nach bhfuil an chabhair sin comhoiriúnach le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, cuirfidh údaráis bhreithiúnacha agus riaracháin inniúla na hEilvéise an cinneadh sin san áireamh agus measúnú á dhéanamh acu ar cé acu ba cheart nó nár cheart an chabhair sin a chur i bhfeidhm sa chás atá os a gcomhair.

AIRTEAGAL 5

Cabhair atá ann cheana

1.    Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4(3), pointe (b) maidir le cabhair atá ann cheana, lena n-áirítear scéimeanna cabhrach agus cabhair aonair.

2.    Chun críocha an Phrótacail seo, áireofar sa chabhair atá ann cheana cabhair arna deonú roimh theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo agus laistigh de thréimhse 5 bliana ón dáta sin.



3.    Laistigh de 12 mhí ó dháta bunaithe an chórais faireachais de bhun Airteagal 4(3), gheobhaidh an t-údarás faireachais forléargas ar na scéimeanna cabhrach atá ann cheana laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe atá fós i bhfeidhm agus déanfaidh sé measúnú prima facie ar na scéimeanna sin in aghaidh na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 3.

4.    Beidh gach scéim cabhrach atá ann cheana san Eilvéis faoi réir athbhreithniú leanúnach ag an údarás faireachais maidir lena gcomhoiriúnacht le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh de bhun mhíreanna 5, 6 agus 7.

5.    Má mheasann an t-údarás faireachais nach bhfuil scéim cabhrach atá ann cheana comhoiriúnach, nó nach bhfuil sí comhoiriúnach a thuilleadh, le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, cuirfidh sé na húdaráis inniúla ar an eolas faoin oibleagáid an Prótacal seo a chomhlíonadh. Má dhéantar scéim cabhrach den sórt sin a leasú nó a fhoirceannadh, cuirfidh na húdaráis inniúla an t-údarás faireachais ar an eolas.

6.    Má mheasann an t-údarás faireachais go bhfuil na bearta arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla iomchuí chun comhoiriúnacht na scéime cabhrach le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, foilseoidh sé na bearta sin.

7.    D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, má mheasann an t-údarás faireachais go bhfuil an scéim cabhrach fós ar neamhréir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, foilseoidh an t-údarás faireachais a mheasúnú agus cuirfidh sé i gcoinne chur i bhfeidhm na scéime cabhrach sin i ngach cás sonrach, i gcomhréir le hAirteagal 4(3), pointe (b)(iii), agus Airteagal 4(5).

8.    Chun críocha an Phrótacail seo, má leasaítear scéim cabhrach atá ann cheana ar bhealach a dhéanfaidh difear do chomhoiriúnacht na cabhrach le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, measfar gur cabhair nua í an chabhair agus, dá bhrí sin, beidh sí faoi réir Airteagal 4(3), pointe (b).



AIRTEAGAL 6

Trédhearcacht

1.    Maidir le cabhair a dheonaítear ina gcríoch, áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha trédhearcacht. I gcás an Aontais, beidh trédhearcacht bunaithe ar rialacha substainteacha agus ar rialacha nós imeachta a bhfuil feidhm acu san Aontas maidir le Státchabhair faoi raon feidhme an Chomhaontaithe. I gcás na hEilvéise, beidh trédhearcacht bunaithe ar rialacha substainteacha agus ar rialacha nós imeachta atá coibhéiseach leo siúd a bhfuil feidhm acu san Aontas maidir le Státchabhair faoi raon feidhme an Chomhaontaithe.

2.    Áiritheoidh gach Páirtí Conarthach, maidir lena chríoch agus mura bhforáiltear a mhalairt sa Phrótacal seo, go bhfoilseofar na nithe seo a leanas:

(a)    cabhair a deonaíodh;

(b)    tuairimí nó cinntí a údarás faireachais;

(c)    rialuithe na n-údarás breithiúnach inniúil maidir le comhoiriúnacht na cabhrach le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh; agus

(d)    treoirlínte agus teachtaireachtaí arna gcur i bhfeidhm ag a húdaráis faireachais.



AIRTEAGAL 7

Téarmaí comhair

1.    Oibreoidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhar agus malartóidh siad faisnéis maidir le Státchabhair, faoi réir a ndlíthe féin agus na n-acmhainní a bheidh ar fáil.

2.    Chun na rialacha substainteacha maidir le Státchabhair agus forbairt chomhchuí na rialacha sin a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a léirmhíniú go haonfhoirmeach:

(a)    oibreoidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhar le chéile agus rachaidh siad i gcomhairle le chéile maidir leis na treoirlínte agus na teachtaireachtaí ábhartha dá dtagraítear i Roinn B d’Iarscríbhinn II; agus

(b)    tabharfaidh údaráis faireachais na bPáirtithe Conarthacha socruithe i gcrích maidir le malartú tráthrialta faisnéise, lena n-áirítear maidir leis na himpleachtaí do chur i bhfeidhm na rialacha maidir le cabhair atá ann cheana.

AIRTEAGAL 8

Comhairliúcháin

1.    Arna iarraidh sin do Pháirtí Conarthach, rachaidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhairle le chéile, laistigh den Chomhchoiste, maidir le hábhair a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail seo.

2.    I gcás forbairtí a bhaineann le leasanna tábhachtacha Páirtí Chonarthaigh a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oibriú an Phrótacail seo, tiocfaidh an Comhchoiste le chéile, arna iarraidh sin do Pháirtí Conarthach, ar ardleibhéal iomchuí laistigh de 30 lá ón iarraidh sin chun an t-ábhar a phlé.



AIRTEAGAL 9

Gníomhartha dlí a chomhtháthú

1.    D’ainneoin Airteagal 5 den Phrótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar (dá ngairtear an ‘Prótacal Institiúideach’ anseo feasta), chun críocha Airteagal 3(4) agus (6) agus Airteagal 4(2) agus (3), agus chun deimhneacht dhlíthiúil agus aonchineálacht an dlí a ráthú i réimsí an mhargaidh inmheánaigh ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach de bhua an Chomhaontaithe, áiritheoidh an Eilvéis agus an tAontas go ndéanfar gníomhartha dlí an Aontais arna nglacadh sna réimsí a chumhdaítear le Ranna C agus D d’Iarscríbhinn I chomh maith le Roinn A d’Iarscríbhinn II a chomhtháthú sna hIarscríbhinní sin a luaithe is féidir tar éis a nglactha.

2.    Nuair a ghlacfaidh an tAontas gníomh dlí sa réimse a chumhdaítear le Ranna C agus D d’Iarscríbhinn I nó le Roinn A d’Iarscríbhinn II, cuirfidh sé an Eilvéis ar an eolas faoi sin a luaithe is féidir tríd an gComhchoiste. Arna iarraidh sin do cheachtar de na Páirtithe Conarthacha, malartóidh an Comhchoiste tuairimí maidir leis an ábhar sin.

3.    Gníomhóidh an Comhchoiste i gcomhréir le mír 1 trí chinneadh a ghlacadh a luaithe is féidir chun Roinn C agus Roinn D d’Iarscríbhinn I agus Roinn A d’Iarscríbhinn II a leasú, lena n-áirítear na hoiriúnuithe is gá.

4.    Faoi réir Airteagal 6 den Phrótacal Institiúideach, tiocfaidh cinntí an Chomhchoiste de bhun mhír 3 den Airteagal seo i bhfeidhm láithreach, ach ní thiocfaidh siad i bhfeidhm i gcás ar bith roimh an dáta a thiocfaidh an gníomh dlí comhfhreagrach de chuid an Aontais chun bheith infheidhme san Aontas.



AIRTEAGAL 10

Teacht i bhfeidhm

1.    Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha an Prótacal seo a dhaingniú nó a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Tabharfaidh gach Páirtí Conarthach fógra don Pháirtí Conarthach eile faoi chur i gcrích na nósanna imeachta inmheánacha is gá do theacht i bhfeidhm an Phrótacal seo.

2.    Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an fhógra dheireanaigh maidir leis na hionstraimí seo a leanas:

(a)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

(b)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

(c)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(d)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(e)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;



(f)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;

(g)    Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;

(h)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta;

(i)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(j)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(k)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú;

(l)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gcláir de chuid an Aontais;

(m)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis.



AIRTEAGAL 11

Leasú agus foirceannadh

1.    Féadfar an Prótacal seo a leasú tráth ar bith trí chomhaontú frithpháirteach na bPáirtithe Conarthacha.

2.    I gcás ina bhfoirceannfar an Comhaontú i gcomhréir le hAirteagal 36(3) den Chomhaontú, scoirfidh an Prótacal seo d’fheidhm a bheith aige ar an dáta dá dtagraítear in Airteagal 36(4) den Chomhaontú.

3.    I gcás ina scoirfidh an Comhaontú de bheith i bhfeidhm, caomhnófar na cearta agus na hoibleagáidí a fuair daoine aonair agus gnóthais cheana féin de bhua an Chomhaontaithe roimh dháta scoir an Chomhaontaithe. Socróidh na Páirtithe Conarthacha trí chomhaontú frithpháirteach cén ghníomhaíocht a bheidh le déanamh i ndáil le cearta atá á bhfáil.

Arna dhéanamh [i/sa/san …], an […], i ndúblach, sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus tá gach téacs díobh barántúil.

Á FHIANÚ SIN, chuir na daoine thíos-sínithe, agus údar cuí acu chuige sin, a lámh leis an bPrótacal seo.

(Bloc na sínithe, amhail an méid seo a leanas, i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais: ‘Thar ceann an Aontais Eorpaigh’ agus ‘Thar ceann Chónaidhm na hEilvéise’)

IARSCRÍBHINN I

DÍOLÚINTÍ AGUS SOILÉIRITHE

ROINN A

BEARTA ATÁ COMHOIRIÚNACH D’FHEIDHMIÚ CUÍ
AN MHARGAIDH INMHEÁNAIGH, DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3(2), POINTE (c)

Beidh na bearta seo a leanas comhoiriúnach le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus ní bheidh siad faoi réir Airteagal 4(3), pointe (b):

[…].

ROINN B

CATAGÓIRÍ CABHRACH A D’FHÉADFAÍ A MHEAS A BHEITH COMHOIRIÚNACH
LE FEIDHMIÚ CUÍ AN MHARGAIDH INMHEÁNAIGH, DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3(3), POINTE (e)

Féadfar a mheas go bhfuil na catagóirí cabhrach seo a leanas comhoiriúnach le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh:

[…].



ROINN C

BLOCDHÍOLÚINTÍ, DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3(4)

Toimhdeofar go bhfuil cabhair comhoiriúnach le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus beidh díolúine aici ó na ceanglais maidir le fógra a thabhairt faoi Airteagal 4, má dheonaítear í i gcomhréir leis na coinníollacha substainteacha a leagtar amach sna forálacha seo a leanas:

(1)    Caibidlí I agus III de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1), arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) 2023/1315 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2023 (IO L 167, 30.6.2023, lch. 1);

(2)    Airteagail 1 go 6 de Chinneadh ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2011 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 106(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le Státchabhair i bhfoirm cúiteamh seirbhíse poiblí arna dheonú do ghnóthais áirithe a gcuirtear ar a n-iontaoibh seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a oibriú (IO L 7, 11.1.2012, lch. 3).

ROINN D

CABHAIR DE MINIMIS, DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3(6)

Beidh an bhrí chéanna ag ‘cabhair de minimis’ is atá aici i Rialachán (AE) Uimh. 2023/2831 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis (IO L, 2023/2831, 15.12.2023).



Maidir le cabhair a dheonaítear do ghnóthais a gcuirtear ar a n-iontaoibh seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a oibriú, beidh ag ‘cabhair de minimis’ an bhrí atá aici i Rialachán (AE) 2023/2832 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2023 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cabhair de minimis a dheonaítear do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (IO L, 2023/2832, 15.12.2023).

________________

IARSCRÍBHINN II

GNÍOMHARTHA GINEARÁLTA AGUS EARNÁLA IS INFHEIDHME SAN AONTAS EORPACH
DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4(2)

ROINN A

GNÍOMHARTHA GINEARÁLTA AGUS EARNÁLA

(1)    Chun críocha an Phrótacail seo agus de bhun Airteagal 4(2), cuirfidh an tAontas na gníomhartha seo a leanas i bhfeidhm:

(a)    Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 248, 24.9.2015, lch. 9);

(b)    Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ó gCoimisiún an 21 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle (IO L 140, 30.4.2004, lch. 1), arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) 2016/2105 ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2016 (IO L 327, 2.12.2016, lch. 19);

(c)    Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1), arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) 2023/1315 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2023 (IO L 167, 30.6.2023, lch. 1);



(d)    Cinneadh ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2011 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 106(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le Státchabhair i bhfoirm cúiteamh seirbhíse poiblí arna dheonú do ghnóthais áirithe a gcuirtear ar a n-iontaoibh seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a oibriú (IO L 7, 11.1.2012, lch. 3);

(e)    Rialachán (AE) 2023/2831 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cabhair de minimis (IO L, 2023/2831, 15.12.2023);

(f)    Rialachán (AE) 2023/2832 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 maidir le hAirteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar chabhair de minimis arna deonú do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí ar lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (IO L, 2023/2832, 15.12.2023);

(g)    Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3).

(2)    Chun críocha an Phrótacail seo agus de bhun Airteagal 4(3), déanfaidh an Eilvéis córas faireachais Státchabhrach a bhunú agus a choinneáil ar bun lena n-áiritheofar i gcónaí leibhéal faireachais agus forfheidhmithe atá coibhéiseach leis an leibhéal a chuireann an tAontas i bhfeidhm, mar a leagtar amach in Airteagal 4(2) agus i bpointe (1) den Roinn seo.



ROINN B

TREOIRLÍNTE, TEACHTAIREACHTAÍ AGUS CLEACHTAS CINNTEOIREACHTA
AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH

(1)    Chun críocha an Phrótacail seo agus de bhun Airteagal 4(3), tabharfaidh údarás faireachais na hEilvéise agus na húdaráis bhreithiúnacha inniúla san Eilvéis aird chuí ar na treoirlínte agus na teachtaireachtaí ábhartha atá ceangailteach ar an gCoimisiún Eorpach, agus leanfaidh siad iad a mhéid is féidir, chomh maith lena chleachtas cinnteoireachta, chun leibhéal faireachais agus forfheidhmithe atá coibhéiseach le leibhéal an Aontais a áirithiú.

(2)    Tabharfaidh an Coimisiún Eorpach fógra don Chomhchoiste faoi na treoirlínte agus na teachtaireachtaí a mheasann sé a bheith ábhartha faoin gComhaontú agus foilseoidh sé iad.

________________


An Bhruiséil,13.6.2025

COM(2025) 308 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, pacáiste leathain comhaontuithe chun an caidreamh déthaobhach le Cónaidhm na hEilvéise a chomhdhlúthú, a dhoimhniú agus a leathnú, agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis


PRÓTACAL LEASAITHEACH
A GHABHANN LEIS AN gCOMHAONTÚ

IDIR AN COMHPHOBAL EORPACH

AGUS CÓNAIDHM NA hEILVÉISE

MAIDIR LE hIOMPAR EARRAÍ AGUS PAISINÉIRÍ

D’IARNRÓD AGUS DE BHÓTHAR

TÁ AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta,

agus

CÓNAIDHM NA hEILVÉISE, dá ngairtear ‘an Eilvéis’ anseo feasta,

dá ngairtear ‘na Páirtithe Conarthacha’ anseo feasta,

Á nATHDHEARBHÚ dóibh tábhacht an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar, arna dhéanamh i Lucsamburg an 21 Meitheamh 1999 (dá ngairtear an “Comhaontú” anseo feasta);

ÓS MIAN LEO iompar paisinéirí agus earraí de bhóthar agus d’iarnród idir na Páirtithe Conarthacha a chur chun cinn laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe;

AG AITHINT DÓIBH beartais na bPáirtithe Conarthacha maidir le hearraí a aistriú ó bhóthar go hiarnród;

ÓS MIAN LEO, maidir le hiompar d’iarnród, córas cáilíochta iompair a chaomhnú bunaithe ar fheidhmíocht, ar tharraingteacht agus ar iontaofacht sheirbhísí iompair earraí agus paisinéirí atá riachtanach don daonra agus don gheilleagar;

AG AITHINT DÓIBH gur gá soiléiriú a dhéanamh ar an gceart atá ag gnóthais iarnróid iompar idirnáisiúnta paisinéirí d’iarnród a dhéanamh, lena n‑áirítear an ceart paisinéirí a bhailiú ag aon stáisiún atá suite ar bhealach idirnáisiúnta agus iad a scaoileadh amach ag stáisiún eile, lena n‑áirítear i gcásanna ina bhfuil na stáisiúin sin suite i gcríoch an Pháirtí Chonarthaigh eile;


AG AITHINT DÓIBH, faoi réir na rialacha iomaíochta is infheidhme, nach gcuireann dlí an Aontais is infheidhme cosc ar ghrúpálacha idirnáisiúnta seirbhísí idirnáisiúnta a oibriú, lena n‑áirítear seirbhísí idirnáisiúnta atá comhdhéanta go páirteach de sheirbhísí atá rannpháirteach san amchlár timtriallach;

AG ADMHÁIL DÓIBH a thábhachtaí atá sé seirbhísí iarnróid idirnáisiúnta nua do phaisinéirí a éascú agus, ar an gcaoi sin, feabhas a chur ar naisc iarnróid idirnáisiúnta idir na Páirtithe Conarthacha, agus a áirithiú ag an am céanna nach mbeidh tionchar diúltach aige sin ar phaisinéirí sheirbhísí intíre na hEilvéise amháin;

AG ADMHÁIL DÓIBH na tairbhí do phaisinéirí a d’fhéadfadh eascairt as oscailt an mhargaidh chun seirbhísí idirnáisiúnta iarnróid do phaisinéirí a sholáthar, agus dá bhrí sin a thábhachtaí atá sé, agus na heisceachtaí a dheonaítear don Eilvéis á gcur san áireamh, rochtain éifeachtach ar bhonneagar agus cothrom iomaíochta a áirithiú chun na seirbhísí sin a sholáthar;

AG ADMHÁIL DÓIBH Muirear na hEilvéise ar Fheithiclí Earraí Troma agus an sprioc a bheith i gcomhréir leis na prionsabail lena rialaítear muirir a ghearradh ar fheithiclí bóthair san Aontas;

AG AITHINT DÓIBH na buntáistí a bhaineann le dlúthchomhar idir an Eilvéis agus Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA) bunaithe ar Airteagal 75 de Rialachán (AE) 2016/796 (IO L 138, 26.5.2016, lch. 1),

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:


AIRTEAGAL 1

Leasuithe ar an gComhaontú

Leasaítear an Comhaontú mar a leanas:

(1)    in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.    Beidh feidhm ag an gComhaontú seo maidir le hiompar idirnáisiúnta paisinéirí agus earraí d’iarnród agus maidir le comhchóras iompair idirnáisiúnta.

Ní bheidh feidhm ag an gComhaontú seo maidir le hiompar paisinéirí iarnróid intíre amháin, is é sin iompar náisiúnta fad‑achair, réigiúnach agus áitiúil, san Eilvéis.

Ní bheidh feidhm ag an gComhaontú seo maidir le gnóthais iarnróid nach n‑oibríonn ach seirbhísí uirbeacha, fo-uirbeacha nó réigiúnacha ar ghréasáin neamhspleácha áitiúla agus réigiúnacha le haghaidh seirbhísí iompair ar bhonneagar iarnróid nó ar ghréasáin nach bhfuil beartaithe ach chun seirbhísí iarnróid uirbeacha nó fo-uirbeacha a oibriú.’;

(2)    in Airteagal 3, cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach ag deireadh mhír 2:

‘‘–    - ciallóidh ‘iompar idirnáisiúnta paisinéirí d’iarnród’ seirbhís paisinéirí i gcás ina dtrasnaíonn an traein an teorainn idir na Páirtithe Conarthacha, lena náirítear an ceart paisinéirí a bhailiú ag aon stáisiún atá suite ar an mbealach idirnáisiúnta agus iad a scaoileadh amach ag stáisiún eile, lena náirítear i gcásanna ina bhfuil na stáisiúin sin suite i gcríoch an Pháirtí Chonarthaigh eile, ar choinníoll gurb é príomhchuspóir na seirbhíse paisinéirí a iompar idir stáisiúin atá suite i gcríoch Páirtí Chonarthaigh amháin agus stáisiúin atá suite i gcríoch an Pháirtí Chonarthaigh eile.’;


(3)    leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.    Faoi réir mhíreanna 2 agus 3, déanfaidh an Eilvéis socruithe a ghlacadh nó a choinneáil ar bun, i gcomhréir le hAirteagal 5(2) den Phrótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú (dá ngairtear an ‘Prótacal Institiúideach’ anseo feasta), ar socruithe iad a chomhfhreagraíonn do reachtaíocht an Aontais maidir leis na coinníollacha teicniúla lena rialaítear iompar de bhóthar, mar a leagtar amach i Roinn 3 d’Iarscríbhinn 1.’;

(b)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.    Déanfaidh an Eilvéis reachtaíocht a ghlacadh nó a choinneáil ar bun, i gcomhréir le hAirteagal 5(2) den Phrótacal Institiúideach, ar reachtaíocht í a chomhfhreagraíonn do reachtaíocht an Aontais a bhaineann le rialuithe teicniúla le haghaidh feithiclí dá dtagraítear i Roinn 3 d’Iarscríbhinn 1.’;

(4)    leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.    Déanfar iompar idirnáisiúnta earraí de bhóthar ar fruiliú nó ar luaíocht, chomh maith le turais neamhualaithe idir críocha na bPáirtithe Conarthacha, faoi údarú an Aontais, dá bhforáiltear múnla in Iarscríbhinn 3, de bhun reachtaíocht an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn 1, nó faoi údarú de chuid na hEilvéise de bhun reachtaíocht chomhfhreagrach na hEilvéise arna glacadh nó arna coinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagal 5(2) den Phrótacal Institiúideach.’;


(b)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.    Cumhdófar na nósanna imeachta lena rialaítear eisiúint, athnuachan agus tarraingt siar údaruithe agus na nósanna imeachta lena rialaítear cúnamh frithpháirteach le reachtaíocht an Aontais dá dtagraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I nó le reachtaíocht chomhfhreagrach na hEilvéise arna glacadh nó arna coinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagal 5(2) den Phrótacal Institiúideach.’;

(5)    in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.    Beidh an tsamhail le haghaidh ceadúnais den sórt sin agus na nósanna imeachta chun iad a fháil, a úsáid agus a athnuachan mar a leagtar síos i ndlí an Aontais dá dtagraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn 1 nó i bhforálacha comhfhreagracha na hEilvéise arna nglacadh nó arna gcoinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagal 5(2) den Phrótacal Institiúideach.’;

(6)    leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.    Beidh ceart idirthurais agus ceart rochtana ar bhonneagar iarnróid i gcríoch an Pháirtí Chonarthaigh eile ag gnóthais iarnróid agus ag grúpálacha idirnáisiúnta atá bunaithe ar chríoch Páirtí Chonarthaigh amháin, chun seirbhís idirnáisiúnta a oibriú, faoi na coinníollacha a shonraítear i reachtaíocht an Aontais dá dtagraítear i Roinn 4 d’Iarscríbhinn 1.’;


(b)    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘1a.    Le linn seirbhís idirnáisiúnta do phaisinéirí, beidh sé de cheart ag gnóthais iarnróid paisinéirí a bhailiú ag aon stáisiún atá suite ar an mbealach idirnáisiúnta agus iad a scaoileadh amach ag stáisiún eile, lena náirítear i gcásanna ina bhfuil na stáisiúin sin suite i gcríoch an Pháirtí Chonarthaigh chéanna, ar choinníoll gurb é príomhchuspóir na seirbhíse lena mbaineann paisinéirí a iompar ó chríoch Páirtí Chonarthaigh amháin go críoch an Pháirtí Chonarthaigh eile. Arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla ábhartha nó do na gnóthais iarnróid leasmhara, cinnfidh an comhlacht nó na comhlachtaí rialála ábhartha an é príomhchuspóir na seirbhíse paisinéirí a iompar ó chríoch Páirtí Chonarthaigh amháin go críoch an Pháirtí Chonarthaigh eile.’;

(7)    cuirtear an tairteagal seo a leanas isteach:

‘AIRTEAGAL 24a

Eisceachtaí ó ailíniú dinimiciúil maidir le hiompar d’iarnród

Beidh na nithe seo a leanas ina n‑eisceachtaí de réir bhrí Airteagal 5(7) den Phrótacal Institiúideach:

1.    An rogha oibleagáid a chur ar chuideachtaí iompair paisinéirí páirt a ghlacadh i gcomhtháthú praghsanna iompair phoiblí, i.e. tairgtear conradh iompair aonair do phaisinéir a úsáideann gréasán cuideachtaí iompair phoiblí éagsúla, ar choinníoll go bhfanfaidh cumhachtaí socraithe praghsanna ag na cuideachtaí.


2.    Cur i bhfeidhm ionstraimí bainistíochta toillte na hEilvéise lena ndéantar foráil maidir le líon íosta bealaí traenach in aghaidh na huaire le haghaidh cineálacha tráchta sainithe, lena náirítear trácht paisinéirí lasta, réigiúnach agus fadachair a bhféadfadh cuspóir idirnáisiúnta a bheith acu freisin. Tá ionstraimí den sórt sin faoi réir phrionsabal an neamhidirdhealaithe dá dtagraítear in Airteagal 1(3) den Chomhaontú.

Gnóthais a bhfuil seirbhísí iarnróid idirnáisiúnta do phaisinéirí á bpleanáil agus á n‑oibriú acu san Eilvéis, caitear leo mar pháirtithe leasmhara laistigh de nósanna imeachta comhairliúcháin na hEilvéise atá ann cheana faoi ionstraimí bainistíochta toillte na hEilvéise.

3.    An rogha tosaíocht a thabhairt do thrácht paisinéirí de réir an amchláir thimtriallaigh is infheidhme maidir le seirbhísí iarnróid ar fud chríoch na hEilvéise.

Cuirfear an critéar dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhm ar bhealach neamh‑idirdhealaitheach chun conairí traenach a leithdháileadh ar chuideachtaí a chuireann iarratais inchomparáide isteach i dtéarmaí mhinicíocht na seirbhíse.

Tabharfar an tosaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír do sheirbhísí atá fíor-riachtanach don amchlár timthriallach.

Má dhéanann gnóthas iarratas ar chonair thraenach le haghaidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí san Eilvéis nach féidir a shásamh le linn chéim an chomhordaithe fhrithpháirtigh a chur isteach roimh an sprioc-am le haghaidh an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil, beidh tosaíocht ag an iarratas sin maidir le húsáid an toillte neamh‑leithdháilte atá fágtha, lena n‑áirítear toilleadh a bhí urraithe in ionstraimí bainistíochta toillte na hEilvéise ach nár iarradh le linn an nós imeachta leithdháilte bhliantúil.


Féadfaidh an tAontas nó a Bhallstáit, ar a gcríoch, tosaíocht a thabhairt do chuideachtaí atá bunaithe san Aontas agus a oibríonn seirbhísí iarnróid do phaisinéirí thar sheirbhís iarnróid idirnáisiúnta do phaisinéirí de chuid na hEilvéise a oibríonn cuid den tseirbhís idirnáisiúnta faoi amchlár timthriallach na hEilvéise agus nach ndéanann an tseirbhís laistigh de ghrúpáil idirnáisiúnta.

4.    An ceart chun forálacha neamhidirdhealaitheacha a áireamh sna húdaruithe agus sna lamháltais a dheonaítear do ghnóthais iompair iarnróid agus do ghrúpálacha idirnáisiúnta a bhaineann le caighdeáin shóisialta, amhail tuarastal áitiúil agus earnáilsonrach agus dálaí oibre san Eilvéis.

5.    Oibleagáidí tairisceana le haghaidh oibleagáidí seirbhíse poiblí i gcás seirbhísí iarnróid trasteorann réigiúnacha, uirbeacha agus fo-uirbeacha do phaisinéirí: Féadfaidh an Eilvéis conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain go díreach don chuid sin de sheirbhís iarnróid trasteorann réigiúnach, uirbeach agus fo-uirbeach do phaisinéirí a oibrítear ar chríoch na hEilvéise. Sa chás sin, dámhfaidh an Eilvéis an conradh seirbhíse poiblí ar an oibreoir ar dámhadh an conradh seirbhíse poiblí air ar chríoch an Aontais nó ar an oibreoir atá ag comhoibriú leis an ngnóthas iarnróid ar dámhadh an conradh seirbhíse poiblí air chun an líne a oibriú ar chríoch an Aontais.

Faoi réir na míre seo, rachaidh na húdaráis inniúla i gcomhairle le chéile roimh ré maidir le módúlachtaí na seirbhíse poiblí a bheidh le dámhachtain, lena n‑áirítear maidir le huainiú an nós imeachta dámhachtana.’;


(8)    cuirtear an tairteagal seo a leanas isteach:

‘AIRTEAGAL 29a

Rannpháirtíocht i nGníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh

Tá sé de cheart ag an Eilvéis a bheith rannpháirteach, i gcomhréir le hAirteagal 75 de Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 (IO L 138, 26.5.2016, lch. 1), i nGníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘ERA’ anseo feasta), lena n‑áirítear rochtain iomchuí ar bhunachair sonraí agus ar chláir.

Ní bheidh aon chumhacht feidhmiúcháin ag ERA san Eilvéis. Dá bhrí sin, na hairteagail ábhartha de Rialachán (AE) 2016/796 lena gcruthaítear cumhachtaí feidhmiúcháin ERA den sórt sin san Eilvéis, ní dhéanfar iad a chomhtháthú in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú.’;

(9)    cuirtear an tairteagal seo a leanas isteach:

‘AIRTEAGAL 32a

Méaduithe ar thoilleadh bóithre a eisiamh

Mar eisceacht de réir bhrí Airteagal 5(7) den Phrótacal Institiúideach, ní mheasfar gur méadú ar thoilleadh bóithre é bonneagar nua chun críocha na sábháilteachta ar bhóithre, mar shampla druileáil an dara tollán bóthair ag Gotthard, agus ní mheasfar gur srian cainníochtúil aontaobhach é an toilleadh bóithre a theorannú don leibhéal reatha.’;


(10)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 40:

‘AIRTEAGAL 40

Bearta na hEilvéise

1.    D’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 37 a bhaint amach agus i bhfianaise na méaduithe ar an teorainn meáchain a shonraítear in Airteagal 7(3), tabharfaidh an Eilvéis isteach cáin neamhidirdhealaitheach ar fheithiclí. Go háirithe, beidh an cháin bunaithe ar na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 38(1) agus ar na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn 10.

2.    Déanfar na muirir a dhifreáil de réir catagóirí bunaithe ar astaíochtaí ó fheithiclí. Arna iarraidh sin don Eilvéis, déanfaidh an Comhchoiste cinneadh maidir le difreáil de réir catagóirí atá bunaithe go hiomlán nó i bpáirt ar thomhaltas.

3.    Ní rachaidh meán ualaithe na muirear thar CHF 325 i gcás feithiclí nach mó ná 40 t a nuasmhais ualaithe atá incheadaithe de réir dhoiciméad clárúcháin na feithicle agus a thaistealaíonn 300 km trasna na nAlp. Ní rachaidh an muirear don chatagóir is mó truailliú thar CHF 380.

4.    Féadfar cuid de na muirir dá dtagraítear i mír 3 a bheith comhdhéanta de tháillí dola chun bonneagar speisialaithe na nAlp a úsáid. Ní fhéadfaidh an chuid seo a bheith níos mó ná 15 % de na muirir dá dtagraítear i mír 3.


5.    Cinnfear na hualuithe dá dtagraítear i mír 3 de réir an lín feithiclí in aghaidh na catagóire a oibríonn san Eilvéis. Bunófar líon na bhfeithiclí i ngach catagóir ar bhonn daonáirimh a scrúdóidh an Comhchoiste. Cinnfidh an Comhchoiste an tualú ar bhonn scrúduithe, arna ndéanamh gach 2 bhliain, chun treochtaí i struchtúr an fhlít feithiclí atá ag oibriú san Eilvéis agus forbairtí astaíochtaí agus tomhaltais a chur san áireamh.’;

(11)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 42:

‘AIRTEAGAL 42

Athbhreithniú ar leibhéal na muirear

1.    An 1 Eanáir 2007, agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfar uasleibhéil na muirear a shocraítear in Airteagal 40(3) a choigeartú i gcomhréir leis an ráta boilscithe san Eilvéis le linn an 2 bhliain roimhe sin. Chun na críche sin, seolfaidh an Eilvéis chuig an gComhchoiste, faoin 30 Meán Fómhair ar a dhéanaí den bhliain roimh an gcoigeartú, na sonraí staidrimh is gá ar a mbunófar an coigeartú atá á bhreithniú. Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile, arna iarraidh sin don Aontas, laistigh de 30 lá tar éis dó an teachtaireacht seo a fháil, chun comhairliúcháin a reáchtáil maidir leis an gcoigeartú atá á bhreithniú.

2.    Le héifeacht ón 1 Eanáir 2007, féadfaidh an Comhchoiste, arna iarraidh sin do cheann de na Páirtithe Conarthacha, athbhreithniú a dhéanamh ar uasleibhéil na muirear a shocraítear in Airteagal 40(3) d’fhonn iad a choigeartú trí chomhaontú comhpháirteach. Déanfar an tathbhreithniú sin ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

   leibhéal agus struchtúr na gcánacha sa dá Pháirtí Chonarthacha, go háirithe maidir le bealaí trasalpacha inchomparáide,


   dáileadh an tráchta idir bealaí trasalpacha inchomparáide,

   treochtaí dáilte módúil sa réigiún Alpach,

   an bonneagar iarnróid trasalpach a fhorbairt.’;

(12)    in Airteagal 46, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

1.    Más rud é, tar éis an 1 Eanáir 2005, d’ainneoin praghsanna iomaíocha iarnróid agus chur i bhfeidhm ceart na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 36 maidir le paraiméadair cháilíochta, go bhfuil deacrachtaí ann le sreabha tráchta trasAlpacha na hEilvéise agus más rud é, thar thréimhse 10 seachtaine, gur lú ná 66 % meánráta úsáide an toillte iarnróid san Eilvéis (iompar comhcheangailte tionlactha agus neamhthionlactha), féadfaidh an Eilvéis, de mhaolú ar fhorálacha Airteagal 40(3) agus (4), na muirir dá bhforáiltear in Airteagal 40(3) a mhéadú faoi mhéid nach mó ná 12.5 %. Úsáidfear an tioncam go léir ón méadú sin chun cuidiú le hiompar d’iarnród agus iompar comhcheangailte a dhéanamh níos iomaíche i leith iompar de bhóthar.’;

(13)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 51:

‘AIRTEAGAL 51

Comhchoiste

1.    Bunaítear Comhchoiste leis seo.

Is ionadaithe ó na Páirtithe Conarthacha a bheidh ar an gComhchoiste.


2.    Beidh ionadaí ón Aontas agus ionadaí ón Eilvéis ina gcomhchathaoirligh ar an gComhchoiste.

3.    Déanfaidh an Comhchoiste:

(a)    feidhmiú cuí agus riar agus cur i bhfeidhm éifeachtach an Chomhaontaithe seo a áirithiú;

(b)    fóram a sholáthar le haghaidh comhairliúchán frithpháirteach agus malartú leanúnach faisnéise idir na Páirtithe Conarthacha, go háirithe d’fhonn teacht ar réiteach ar aon deacracht a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe nó gnímh dlí de chuid an Aontais dá ndéantar tagairt sa Chomhaontú i gcomhréir le hAirteagal 10 den Phrótacal Institiúideach;

(c)    moltaí a chur faoi bhráid na bPáirtithe Conarthacha maidir le hábhair a bhaineann leis an gComhaontú seo;

(d)    cinntí a ghlacadh i gcás ina bhforáiltear dó sin sa Chomhaontú seo; agus

(e)    beidh sé freagrach as faireachán agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus, go háirithe Airteagail 27(6) agus Airteagail 33, 34, 35, 36, 39, 40, 42, 45, 46 agus 47;

(f)    aon inniúlacht eile a dheonaítear dó sa Chomhaontú seo a fheidhmiú.

4.    Gníomhóidh an Comhchoiste de chomhthoil.

Beidh na cinntí ina gceangal ar na Páirtithe Conarthacha, a dhéanfaidh na bearta uile is gá chun iad a chur chun feidhme.


5.    Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile uair sa bhliain ar a laghad, sa Bhruiséil agus i mBeirn gach re seach, mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt. Tiocfaidh sé le chéile freisin arna iarraidh sin do cheachtar de na Páirtithe Conarthacha. Féadfaidh na comhchathaoirligh a chomhaontú go dtionólfar cruinniú den Chomhchoiste trí fhíschomhdháil nó trí theileachomhdháil.

6.    Glacfaidh an Comhchoiste a rialacha nós imeachta agus tabharfaidh sé cothrom le dáta iad de réir mar is gá.

7.    Féadfaidh an Comhchoiste a chinneadh aon mheitheal nó aon ghrúpa saineolaithe a bhunú a bheidh in ann cúnamh a thabhairt dó chun a chuid dualgas a chomhlíonadh.’;

(14)    in Airteagal 53, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘AIRTEAGAL 53

Rúndacht ghairmiúil’;

(15)    cuirtear an tairteagal seo a leanas isteach:

‘AIRTEAGAL 53a

Faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh‑rúnaicmithe

1.    Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo mar ní a cheanglóidh ar Pháirtí Conarthach faisnéis rúnaicmithe a chur ar fáil.


2.    Déanfar faisnéis rúnaicmithe nó ábhar rúnaicmithe a sholáthróidh na Páirtithe Conarthacha nó a mhalartófar eatarthu faoin gComhaontú seo a láimhseáil agus a chosaint i gcomhréir leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na nósanna imeachta slándála chun faisnéis rúnaicmithe a mhalartú, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 28 Aibreán 2008, agus i gcomhréir le haon socrú slándála lena gcuirtear chun feidhme é.

3.    Glacfaidh an Comhchoiste, trí bhíthin cinnidh, treoracha láimhseála chun a áirithiú go gcosnófar faisnéis íogair neamhrúnaicmithe a mhalartaítear idir na Páirtithe Conarthacha.’;

(16)    leasaítear Airteagal 55 mar a leanas:

(a)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.    Má theastaíonn ó cheann de na Páirtithe Conarthacha athbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha an Chomhaontaithe seo, tabharfaidh sé fógra don Chomhchoiste dá réir sin. Faoi réir mhír 3, tiocfaidh an leagan leasaithe den Chomhaontú seo i bhfeidhm nuair a bheidh na nósanna imeachta inmheánacha lena mbaineann curtha i gcrích.’;

(b)    scriostar mír 2;

(c)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘Féadfar Iarscríbhinní 5, 6, 8 agus 9 a leasú le cinneadh ón gComhchoiste i gcomhréir le hAirteagal 51(3)(d).’;


(17)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 57:

‘Beidh feidhm ag an gComhaontú seo, de pháirt, maidir leis an gcríoch ina bhfuil feidhm ag an gConradh ar an Aontas Eorpach agus ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin, agus, den pháirt eile, maidir le críoch na hEilvéise.’;

(18)    leasaítear Iarscríbhinn 1 mar a leanas:

(a)    i ndiaidh an teidil, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

‘1.    Laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe, beidh feidhm ag gníomhartha dlí de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn seo faoi réir phrionsabal an ailínithe dhinimiciúil dá dtagraítear in Airteagal 5 den Phrótacal Institiúideach, agus faoi réir na neisceachtaí a liostaítear i mír 7 den Airteagal sin.

2.    Mura bhforáiltear a mhalairt in oiriúnuithe teicniúla, na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear i ngníomhartha dlí de chuid an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn seo le haghaidh na mBallstát, tuigfear go bhforáiltear dóibh don Eilvéis. Cuirfear an méid sin i bhfeidhm agus lánurraim á tabhairt don Phrótacal Institiúideach.’;

(b)    leasaítear Roinn 4 mar a leanas:

(i)    cuirtear isteach na gníomhartha seo a leanas:

‘–    Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le gréasán Eorpach iarnróid i gcomhair lasta iomaíoch (IO L 276, 20.10.2010, lch. 22).


   Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (athmhúnlú) (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).

   Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/545 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2016 maidir le nósanna imeachta agus critéir a bhaineann le creatchomhaontuithe maidir le leithdháileadh toilleadh bonneagair iarnróid (IO L 94, 8.4.2016, lch. 1).

   Cinneadh Tarmligthe (AE) 2017/2075 ón gCoimisiún an 4 Meán Fómhair 2017 a chuirtear in ionad Iarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 295, 14.11.2017, lch. 69).’;

(ii)    scriostar na gníomhartha seo a leanas:

‘‘–    Treoir 91/440/CEE ón gComhairle an 29 Iúil 1991 maidir le forbairt iarnróid an Chomhphobail (IO L 237, 24.8.1991, lch. 25).

   Treoir 95/18/CE ón gComhairle an 19 Meitheamh 1995 maidir le ceadúnú gnóthas iarnróid (IO L 143, 27.6.1995, lch. 70).

   Treoir 95/19/CE ón gComhairle an 19 Meitheamh 1995 maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a leithdháileadh agus táillí bonneagair a mhuirearú (IO L 143, 27.6.1995, lch. 75).’;


(iii)    san iontráil a bhaineann le Treoir 2007/59/CE, cuirtear isteach an méid seo a leanas:

‘Tugtar aitheantas frithpháirteach do cheadúnas an tiománaí traenach agus don deimhniú comhlántach arna n‑eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointí (a) agus (b), de Threoir 2007/59/CE agus leis na forálacha comhfhreagracha arna nglacadh nó arna gcoinneáil ar bun i ndlíchóras na hEilvéise de bhun Airteagal 5 den Phrótacal Institiúideach’;

(iv)    san iontráil a bhaineann le Treoir (AE) 2016/797, cuirtear isteach an méid seo a leanas:

‘Tá Treoir (AE) 2016/797 faoi réir bearta idirthréimhseacha chun trácht iarnróid rianúil idir an Eilvéis agus an tAontas a choinneáil ar bun, mar a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 2/2019 ó Choiste um Iompar Intíre an Chomhphobail/na hEilvéise (IO L 13, 17.1.2020, lch. 43) lena n‑áirítear aon leasú ina dhiaidh sin, má chinneann na Páirtithe Conarthacha, agus a mhéid a chinneann siad iad laistigh den Chomhchoiste, oiriúnuithe lena leathnaítear na bearta sin, agus Airteagal 29a, an dara fomhír, den Chomhaontú agus Airteagal 5 den Phrótacal Institiúideach á gcur san áireamh. I gcás ina dtagraítear i dTreoir (AE) 2016/797 do ‘Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh’, ciallóidh an tagairt do chríoch na hEilvéise ‘údarás náisiúnta sábháilteachta na hEilvéise’.’’;


(v)    san iontráil a bhaineann le Treoir (AE) 2016/798, cuirtear isteach an méid seo a leanas:

‘Tá Treoir (AE) 2016/798 faoi réir bearta idirthréimhseacha chun trácht iarnróid rianúil idir an Eilvéis agus an tAontas a choinneáil ar bun, mar a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 2/2019 ó Choiste um Iompar Intíre an Chomhphobail/na hEilvéise (IO L 13, 17.1.2020, lch. 43) lena n‑áirítear aon leasú ina dhiaidh sin, má chinneann na Páirtithe Conarthacha, agus a mhéid a chinneann siad iad laistigh den Chomhchoiste, oiriúnuithe lena leathnaítear na bearta sin, agus Airteagal 29a, an dara fomhír, den Chomhaontú agus Airteagal 5 den Phrótacal Institiúideach á gcur san áireamh. I gcás ina dtagraítear i dTreoir (AE) 2016/798 do ‘Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh’, ciallóidh an tagairt do chríoch na hEilvéise ‘údarás náisiúnta sábháilteachta na hEilvéise’.’’;

(vi)    san iontráil a bhaineann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/545, cuirtear isteach an méid seo a leanas:

‘Tá Treoir (AE) 2018/545 faoi réir bearta idirthréimhseacha chun trácht iarnróid rianúil idir an Eilvéis agus an tAontas a choinneáil ar bun, mar a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 2/2019 ó Choiste um Iompar Intíre an Chomhphobail/na hEilvéise (IO L 13, 17.1.2020, lch. 43) lena n‑áirítear aon leasú ina dhiaidh sin, má chinneann na Páirtithe Conarthacha, agus a mhéid a chinneann siad iad laistigh den Chomhchoiste, oiriúnuithe lena leathnaítear na bearta sin, agus Airteagal 29a, an dara fomhír, den Chomhaontú agus Airteagal 5 den Phrótacal Institiúideach á gcur san áireamh. I gcás ina dtagraítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/545 do ‘Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh’, ciallóidh an tagairt do chríoch na hEilvéise ‘údarás náisiúnta sábháilteachta na hEilvéise’.’’;


(vii)    san iontráil a bhaineann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/763, cuirtear isteach an méid seo a leanas:

‘Tá Treoir (AE) 2018/763 faoi réir bearta idirthréimhseacha chun trácht iarnróid rianúil idir an Eilvéis agus an tAontas a choinneáil ar bun, mar a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 2/2019 ó Choiste um Iompar Intíre an Chomhphobail/na hEilvéise (IO L 13, 17.1.2020, lch. 43) lena n‑áirítear aon leasú ina dhiaidh sin, má chinneann na Páirtithe Conarthacha, agus a mhéid a chinneann siad iad laistigh den Chomhchoiste, oiriúnuithe lena leathnaítear na bearta sin, agus Airteagal 29a, an dara fomhír, den Chomhaontú agus Airteagal 5 den Phrótacal Institiúideach á gcur san áireamh. I gcás ina dtagraítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/763 do ‘Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh’, ciallóidh an tagairt do chríoch na hEilvéise ‘údarás náisiúnta sábháilteachta na hEilvéise’.’’;

(viii)    san iontráil a bhaineann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/250, cuirtear isteach an méid seo a leanas:

‘Tá Treoir (AE) 2019/250 faoi réir bearta idirthréimhseacha chun trácht iarnróid rianúil idir an Eilvéis agus an tAontas a choinneáil ar bun, mar a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 2/2019 ó Choiste um Iompar Intíre an Chomhphobail/na hEilvéise (IO L 13, 17.1.2020, lch. 43) lena n‑áirítear aon leasú ina dhiaidh sin, má chinneann na Páirtithe Conarthacha, agus a mhéid a chinneann siad iad laistigh den Chomhchoiste, oiriúnuithe lena leathnaítear na bearta sin, agus Airteagal 29a, an dara fomhír, den Chomhaontú agus Airteagal 5 den Phrótacal Institiúideach á gcur san áireamh. I gcás ina dtagraítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/250 do ‘Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh’, ciallóidh an tagairt do chríoch na hEilvéise ‘údarás náisiúnta sábháilteachta na hEilvéise’.’’;


(c)    i Roinn 5, cuirtear an gníomh seo a leanas isteach:

‘–    Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle (IO L 315, 3.12.2007, lch. 1), arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) 2016/2338 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 (IO L 354, 23.12.2016, lch. 22); seachas Airteagal 5 agus Airteagal 5a de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, faoi na téarmaí dá dtagraítear in Airteagal 24a(5) den Chomhaontú.’;

(19)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn 10:

IARSCRÍBHINN 10

RIALACHA MAIDIR LEIS NA MUIRIR
DÁ bhFORÁILTEAR IN AIRTEAGAL 40 A CHUR I bhFEIDHM

Faoi réir fhorálacha Airteagal 40(4), is mar seo a leanas a chuirfear na muirir dá bhforáiltear in Airteagal 40 i bhfeidhm:

(a)    i gcás oibríochtaí iompair san Eilvéis, méadófar nó laghdófar na muirir i gcomhréir leis an méid is mó nó is lú ná 300 km an fad iarbhír a thaistealaítear san Eilvéis;

(b)    beidh na muirir i gcomhréir le catagóir ualaithe na feithicle.’;


(20)    Cuirtear an Dearbhú Comhpháirteach, atá i gceangal leis an bPrótacal seo, leis na Dearbhuithe atá i gceangal leis an Ionstraim Chríochnaitheach a ghabhann leis an gComhaontú.

AIRTEAGAL 2

Teacht i bhfeidhm

1.    Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha an Prótacal seo a dhaingniú nó a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Tabharfaidh gach Páirtí Conarthach fógra don Pháirtí Conarthach eile faoi chur i gcrích na nósanna imeachta inmheánacha is gá do theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo.

2.    Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an fhógra dheireanaigh maidir leis na hionstraimí seo a leanas:

(a)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

(b)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

(c)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;


(d)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(e)    Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(f)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;

(g)    Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;

(h)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta;

(i)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(j)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(k)    an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú;


(l)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gcláir de chuid an Aontais.

(m)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis.

Arna dhéanamh [i/sa/san …], an […], i ndúblach, sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus tá gach téacs díobh barántúil.

Á FHIANÚ SIN, chuir na daoine thíos‑sínithe, agus údar cuí acu chuige sin, a lámh leis an bPrótacal seo.

(Bloc na sínithe, amhail an méid seo a leanas, i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais: ‘Thar ceann an Aontais Eorpaigh’ agus ‘Thar ceann Chónaidhm na hEilvéise’)

PRÓTACAL INSTITIÚIDEACH
A GHABHANN LEIS AN gCOMHAONTÚ

IDIR AN COMHPHOBAL EORPACH

AGUS CÓNAIDHM NA hEILVÉISE

MAIDIR LE hIOMPAR EARRAÍ AGUS PAISINÉIRÍ

D’IARNRÓD AGUS DE BHÓTHAR

TÁ AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta,

agus

CÓNAIDHM NA hEILVÉISE, dá ngairtear ‘an Eilvéis’ anseo feasta,

dá ngairtear ‘na Páirtithe Conarthacha’ anseo feasta;

DE BHRÍ go bhfuil an tAontas agus an Eilvéis faoi cheangal ag an iliomad comhaontuithe déthaobhacha lena gcumhdaítear réimsí éagsúla, lena bhforáiltear do chearta agus oibleagáidí sonracha atá comhchosúil, ar bhealaí áirithe, leis na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear laistigh den Aontas;

AG MEABHRÚ DÓIBH gurb é is cuspóir do na comhaontuithe déthaobhacha sin iomaíochas na hEorpa a mhéadú agus naisc eacnamaíocha níos dlúithe a chruthú idir na Páirtithe Conarthacha, bunaithe ar chomhionannas, ar chómhalartacht agus ar chothromaíocht ghinearálta a mbuntáistí, a gceart agus a n‑oibleagáidí;

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU rannpháirtíocht na hEilvéise i margadh inmheánach an Aontais a neartú agus a dhoimhniú, ar bhonn na rialacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir leis an margadh inmheánach, agus a neamhspleáchas agus neamhspleáchas a n‑institiúidí á gcaomhnú ag an am céanna agus, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, urraim do na prionsabail a eascraíonn as an daonlathas díreach, as an bhfeidearálachas agus as cineál earnála a rannpháirtíochta sa mhargadh inmheánach;

Á nATHDHEARBHÚ dóibh go gcaomhnaítear inniúlacht Chúirt Uachtarach Fheidearálach na hEilvéise agus inniúlacht chúirteanna uile na hEilvéise chomh maith le hinniúlacht chúirteanna na mBallstát agus Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun an Comhaontú a léirmhíniú i gcásanna aonair;


ÓS FEASACH DÓIBH aonfhoirmeacht a áirithiú sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach, faoi láthair agus amach anseo,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

CAIBIDIL 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

AIRTEAGAL 1

Cuspóirí

1.    Is é is cuspóir don Phrótacal seo deimhneacht dhlíthiúil níos fearr, cóir chomhionann agus cothrom iomaíochta a ráthú do na Páirtithe Conarthacha, agus d’oibreoirí eacnamaíocha agus do dhaoine aonair, sa réimse a bhaineann leis an margadh inmheánach a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar, arna dhéanamh i Lucsamburg an 21 Meitheamh 1999 (dá ngairtear an ‘Comhaontú’ anseo feasta).


2.    Chuige sin, soláthraítear leis an bPrótacal seo réitigh institiúideacha nua lena néascaítear neartú leanúnach cothrom an chaidrimh eacnamaíoch idir na Páirtithe Conarthacha. Agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta á gcur san áireamh, leagtar síos leis an bPrótacal seo, go háirithe, réitigh institiúideacha le haghaidh an Chomhaontaithe ar réitigh iad is coiteann do na comhaontuithe déthaobhacha arna dtabhairt i gcrích nó atá le tabhairt i gcrích sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach, gan raon feidhme ná cuspóirí an Chomhaontaithe a athrú, go háirithe:

(a)    an nós imeachta chun an Comhaontú a ailíniú le gníomhartha dlí an Aontais atá ábhartha don Chomhaontú;

(b)    léirmhíniú agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Chomhaontaithe agus ghníomhartha dlí an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú;

(c)    faireachas a dhéanamh ar an gComhaontú agus é a chur i bhfeidhm; agus

(d)    díospóidí a réiteach i gcomhthéacs an Chomhaontaithe.

AIRTEAGAL 2

Ceangal leis an gComhaontú

1.    Is cuid dhílis den Chomhaontú iad an Prótacal seo, an Iarscríbhinn agus an Fhoscríbhinn a ghabhann leis.

2.    Liostaítear thíos forálacha an Chomhaontaithe a aisghairtear leis an bPrótacal seo:

(a)    Airteagal 49(1) agus (2);


(b)    Airteagal 50;

(c)    Airteagal 52(1) go (4) agus (6);

(d)    Airteagal 54;

(e)    Airteagal 55(2);

(f)    an chuid seo a leanas d’Iarscríbhinn 1:

‘I gcomhréir le hAirteagal 52(6) den Chomhaontú seo, cuirfidh an Eilvéis forálacha dlí i bhfeidhm atá coibhéiseach leis an méid seo a leanas:’

3.    Déanfar tagairtí don ‘Chomhphobal Eorpach’ nó don ‘Chomhphobal’ sa Chomhaontú a fhorléiriú mar thagairtí don Aontas.

AIRTEAGAL 3

Comhaontuithe déthaobhacha sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach

1.    Measfar comhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo idir an tAontas agus an Eilvéis sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach a bheith comhleanúnach ina niomláine lena náirithítear cothromaíocht na gceart agus na noibleagáidí idir an tAontas agus an Eilvéis.


2.    Is comhaontú déthaobhach é an Comhaontú i réimse a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach.

CAIBIDIL 2

AILÍNIÚ AN CHOMHAONTAITHE LE GNÍOMHARTHA DLÍ DE CHUID AN AONTAIS

AIRTEAGAL 4

Rannpháirtíocht i ndréachtú gníomhartha dlí de chuid an Aontais (‘cinntí a mhúnlú’)

1.    Agus togra le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais á dhréachtú aige i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘CFAE’ anseo feasta) sa réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú, cuirfidh an Coimisiún Eorpach (dá ngairtear an ‘Coimisiún’ anseo feasta) an Eilvéis ar an eolas faoi sin agus rachaidh sé i gcomhairle go neamhfhoirmiúil le saineolaithe na hEilvéise ar an gcaoi chéanna a niarrann sé tuairimí ó shaineolaithe ó Bhallstáit an Aontais chun a thograí a dhréachtú.

Arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí Conarthach, déanfar réamh‑mhalartú tuairimí laistigh den Chomhchoiste.

Rachaidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhairle le chéile arís, arna iarraidh sin do cheachtar acu, laistigh den Chomhchoiste ag tráthanna tábhachtacha den chéim sula nglacfaidh an tAontas an gníomh dlí, le linn próiseas leanúnach faisnéise agus comhairliúcháin.


2.    Le linn don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ullmhú, i gcomhréir le CFAE, a bhaineann le bunghníomhartha dhlí an Aontais sa réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú, áiritheoidh sé go mbeidh an rannpháirtíocht is leithne is féidir ag an Eilvéis in ullmhú na ndréachtaí agus rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe na hEilvéise ar an mbonn céanna agus a rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe Bhallstáit an Aontais.

3.    Le linn don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ullmhú, i gcomhréir le CFAE, a bhaineann le bunghníomhartha dhlí an Aontais sa réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú, áiritheoidh sé go mbeidh an rannpháirtíocht is leithne is féidir ag an Eilvéis in ullmhú na ndréachtaí atá le cur, níos déanaí, faoi bhráid na gcoistí a thugann cúnamh don Choimisiún i bhfeidhmiú a chumhachtaí cur chun feidhme agus rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe na hEilvéise ar an mbonn céanna agus a rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe ó Bhallstáit an Aontais.

4.    Beidh saineolaithe na hEilvéise rannpháirteach in obair na gcoistí nach gcumhdaítear le míreanna 2 agus 3 i gcás inar gá sin le haghaidh fheidhmiú cuí an Chomhaontaithe. Déanfaidh an Comhchoiste liosta de na coistí sin agus, i gcás inarb iomchuí, de choistí eile a bhfuil saintréithe comhchosúla acu, a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta.

5.    Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhartha dlí de chuid an Aontais ná maidir le forálacha díobh a thagann faoi raon feidhme eisceachta dá dtagraítear in Airteagal 5(7).


AIRTEAGAL 5

Gníomhartha dlí de chuid an Aontais a chomhtháthú

1.    Chun deimhneacht dhlíthiúil agus aonchineálacht an dlí a ráthú sa réimse a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach de bhua an Chomhaontaithe, áiritheoidh an Eilvéis agus an tAontas go ndéanfar gníomhartha dlí de chuid an Aontais arna nglacadh sa réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú a chomhtháthú sa Chomhaontú a luaithe is féidir tar éis a nglactha.

2.    Déanfaidh an Eilvéis forálacha a ghlacadh nó a choinneáil ar bun ina dlíchóras d’fhonn an toradh atá le baint amach le gníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú sa Chomhaontú i gcomhréir le mír 4 a bhaint amach faoi réir, de réir mar a bheidh, na noiriúnuithe arna gcinneadh ag an gComhchoiste.

3.    Nuair a ghlacfaidh an tAontas gníomh dlí sa réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú, cuirfidh sé an Eilvéis ar an eolas faoi sin a luaithe is féidir tríd an gComhchoiste. Arna iarraidh sin do cheachtar de na Páirtithe Conarthacha, déanfaidh an Comhchoiste tuairimí a mhalartú ar an ábhar sin.

4.    Gníomhóidh an Comhchoiste i gcomhréir le mír 1 trí chinneadh a ghlacadh a luaithe is féidir chun Iarscríbhinní 1, 3, 4 agus 7 a ghabhann leis an gComhaontú a leasú, lena náirítear na hoiriúnuithe is gá.

5.    Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2, más gá chun comhleanúnachas an Chomhaontaithe leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis arna leasú de bhun mhír 4 a áirithiú, féadfaidh an Comhchoiste a mholadh, lena fhormheas ag na Páirtithe Conarthacha de réir a nósanna imeachta inmheánacha, go ndéanfar an Comhaontú a athbhreithniú.


6.    Tagairtí sa Chomhaontú do ghníomhartha dlí de chuid an Aontais nach bhfuil i bhfeidhm a thuilleadh, forléireofar iad mar thagairtí don ghníomh dlí aisghairme de chuid an Aontais mar atá comhtháite in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú ó theacht i bhfeidhm chinneadh an Chomhchoiste maidir leis an leasú comhfhreagrach ar an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú de bhun mhír 4, mura bhforáiltear a mhalairt sa chinneadh sin.

7.    Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 maidir le gníomhartha dlí de chuid an Aontais ná le forálacha díobh a thagann faoi raon feidhme na neisceachtaí seo a leanas:

   Airteagal 7(3) den Chomhaontú,

   Airteagal 14 den Chomhaontú,

   Airteagal 15 den Chomhaontú,

   Airteagal 20 den Chomhaontú,

   Airteagal 24a den Chomhaontú,

   Airteagal 32a den Chomhaontú,

   Airteagal 40 den Chomhaontú,

   Airteagal 42 den Chomhaontú.


8.    Faoi réir Airteagal 6, tiocfaidh cinntí ón gComhchoiste de bhun mhír 4 i bhfeidhm láithreach, ach ní thiocfaidh siad i bhfeidhm i gcás ar bith roimh an dáta a thiocfaidh an gníomh dlí comhfhreagrach de chuid an Aontais chun bheith infheidhme san Aontas.

9.    Oibreoidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhar de mheon macánta le linn an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo chun an chinnteoireacht a éascú.

AIRTEAGAL 6

Oibleagáidí bunreachtúla á gcomhlíonadh ag an Eilvéis

1.    Le linn an mhalartaithe tuairimí dá dtagraítear in Airteagal 5(3), cuirfidh an Eilvéis in iúl don Aontas cé acu a cheanglaítear nó nach gceanglaítear le cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 5(4) go gcomhlíonfaidh an Eilvéis oibleagáidí bunreachtúla chun bheith ceangailteach.

2.    I gcás ina gceanglaítear leis an gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 5(4) ar an Eilvéis oibleagáidí bunreachtúla a chomhlíonadh chun bheith ceangailteach, beidh teorainn ama 2 bhliain ar a mhéad ag an Eilvéis ó dháta na faisnéise dá bhforáiltear i mír 1, ach amháin i gcás ina seolfar nós imeachta reifrinn, agus sa chás sin cuirfear síneadh bliana leis an tréimhse sin.

3.    Go dtí go bhfaighidh an Eilvéis an fhaisnéis go bhfuil a hoibleagáidí bunreachtúla comhlíonta aici, cuirfidh na Páirtithe Conarthacha an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 5(4) i bhfeidhm go sealadach, mura rud é go gcuirfidh an Eilvéis in iúl don Aontas nach féidir an cinneadh a chur i bhfeidhm go sealadach agus go soláthróidh siad na cúiseanna leis sin.


Ní féidir, i gcás ar bith, an cur i bhfeidhm sealadach a dhéanamh roimh an dáta a thiocfaidh gníomh dlí comhfhreagrach an Aontais chun bheith infheidhme san Aontas.

4.    Tabharfaidh an Eilvéis fógra don Aontas gan mhoill tríd an gComhchoiste a luaithe a bheidh na hoibleagáidí bunreachtúla dá dtagraítear i mír 1 comhlíonta aici.

5.    Tiocfaidh an cinneadh i bhfeidhm an lá a thabharfar an fógra dá bhforáiltear i mír 4, ach ní thiocfaidh sé i bhfeidhm i gcás ar bith roimh an dáta a thiocfaidh gníomh dlí comhfhreagrach an Aontais chun bheith infheidhme san Aontas.

CAIBIDIL 3

LÉIRMHÍNIÚ AGUS CUR I bhFEIDHM AN CHOMHAONTAITHE

AIRTEAGAL 7

Prionsabal an léirithe chomhionainn

1.    Chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach agus i gcomhréir le prionsabail an dlí idirnáisiúnta phoiblí, déanfar na comhaontuithe déthaobhacha sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach agus gníomhartha dlí de chuid an Aontais dá ndéantar tagairt i gcomhaontuithe den sórt sin a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach.


2.    Gníomhartha dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú agus, a mhéid a bhaineann a gcur i bhfeidhm le coincheapa dhlí an Aontais, déanfar forálacha an Chomhaontaithe a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, sula síneofar an Comhaontú nó ina dhiaidh sin.

AIRTEAGAL 8

Prionsabal cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhchuí

1.    Comhoibreoidh an Coimisiún agus údaráis inniúla na hEilvéise lena chéile agus cuideoidh siad lena chéile chun a áirithiú go ndéanfar faireachas ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe. Féadfaidh siad faisnéis a mhalartú maidir le gníomhaíochtaí faireachais ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe. Féadfaidh siad tuairimí a mhalartú agus saincheisteanna leasa choitinn a phlé.

2.    Déanfaidh gach Páirtí Conarthach bearta iomchuí chun cur i bhfeidhm éifeachtach comhchuí an Chomhaontaithe ar a chríoch a áirithiú.

3.    Is iad na Páirtithe Conarthacha laistigh den Chomhchoiste a dhéanfaidh faireachas i gcomhpháirt ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe.

Má thagann an Coimisiún nó údaráis inniúla na hEilvéise ar an eolas faoi chás inar cuireadh i bhfeidhm go mícheart é, féadfar an t‑ábhar a tharchur chuig an gComhchoiste d’fhonn teacht ar réiteach inghlactha.


4.    Déanfaidh an Coimisiún agus údaráis inniúla na hEilvéise faoi seach faireachán ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe ag an bPáirtí Conarthach eile. Tá feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 10.

A mhéid atá gá le hinniúlachtaí faireachais áirithe de chuid institiúidí an Aontais a mhéid a bhaineann le Páirtí Conarthach amháin chun cur i bhfeidhm éifeachtach comhchuí an Chomhaontaithe a áirithiú, amhail cumhachtaí imscrúdaithe agus cinnteoireachta, ní mór foráil shonrach a dhéanamh sa Chomhaontú maidir leo.

AIRTEAGAL 9

Prionsabal an eisiachais

Gabhann na Páirtithe Conarthacha orthu féin gan díospóid a chur isteach maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe agus gníomhartha dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú nó, i gcás inarb infheidhme, maidir le cinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún ar bhonn an Chomhaontaithe a bheith i gcomhréir leis an gComhaontú, faoi aon mhodh réitigh seachas na modhanna sin dá bhforáiltear sa Phrótacal seo.


AIRTEAGAL 10

Nós imeachta i gcás deacracht a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm

1.    I gcás ina mbeidh deacracht ann an Comhaontú nó gníomh dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú a léirmhíniú nó a chur i bhfeidhm, rachaidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhairle le chéile laistigh den Chomhchoiste chun teacht ar réiteach a bheidh inghlactha ag an dá thaobh. Chuige sin, cuirfear na heilimintí úsáideacha faisnéise uile ar fáil don Chomhchoiste chun é a chur ar a chumas dó scrúdú mionsonraithe a dhéanamh ar an gcás. Scrúdóidh an Comhchoiste na féidearthachtaí uile lena bhféadfar feidhmiú cuí an Chomhaontaithe a choinneáil ar bun.

2.    Mura mbeidh an Comhchoiste in ann teacht ar réiteach ar an deacracht dá dtagraítear i mír 1 laistigh de 3 mhí ón dáta a cuireadh an deacracht faoina bhráid, féadfaidh ceachtar de na Páirtithe Conarthacha a iarraidh ar bhinse eadrána an díospóid a réiteach i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos san Fhoscríbhinn.

3.    I gcás ina dtarraingeoidh an díospóid ceist anuas maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm forála dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus má tá léirmhíniú na forála sin ábhartha maidir leis an díospóid a shocrú agus más gá é chun a chumasú dó breith a thabhairt, déanfaidh an binse eadrána an cheist sin a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

I gcás ina dtarraingeoidh an díospóid ceist anuas maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm forála a thagann faoi raon feidhme eisceachta ón oibleagáid ailínithe dhinimiciúil dá dtagraítear in Airteagal 5(7), agus i gcás nach mbaineann an díospóid le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm coincheap de dhlí an Aontais, réiteoidh an binse eadrána an díospóid gan í a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.


4.    I gcás ina dtarchuirfidh an binse eadrána ceist chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh de bhun mhír 3:

(a)    beidh an rialú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina cheangal ar an mbinse eadrána; agus

(b)    Beidh na cearta céanna ag an Eilvéis agus atá ag na Ballstáit agus ag institiúidí an Aontais agus beidh sí faoi réir na nósanna imeachta céanna os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, mutatis mutandis.

5.    Déanfaidh gach Páirtí Conarthach gach beart is gá chun cinneadh an bhinse eadrána a chomhlíonadh de mheon macánta.

An Páirtí Conarthach a gcinnfidh an binse eadrána nár chomhlíon sé an Comhaontú, cuirfidh sé an Páirtí Conarthach eile ar an eolas tríd an gComhchoiste faoi na bearta atá déanta aige chun cinneadh an bhinse eadrána a chomhlíonadh.


AIRTEAGAL 11

Bearta cúiteacha

1.    Más rud é, maidir leis an bPáirtí Conarthach ar chinn an binse eadrána nár chomhlíon sé an Comhaontú, nach gcuirfidh sé an Páirtí Conarthach eile ar an eolas, laistigh de thréimhse ama réasúnach arna socrú i gcomhréir le hAirteagal IV.2(6) den Fhoscríbhinn, faoi na bearta a rinne sé chun cinneadh an bhinse eadrána a chomhlíonadh, nó má mheasann an Páirtí Conarthach eile nach gcomhlíonann na bearta a cuireadh in iúl cinneadh an bhinse eadrána, féadfaidh an Páirtí Conarthach eile sin bearta cúiteacha comhréireacha a ghlacadh faoi chuimsiú an Chomhaontaithe nó aon chomhaontaithe dhéthaobhaigh eile sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach (dá ngairtear ‘bearta cúiteacha’ anseo feasta) chun éagothroime a d’fhéadfadh a bheith ann a leigheas. Tabharfaidh sé fógra don Pháirtí Conarthach ar chinn an binse eadrána nár chomhlíon sé an Comhaontú maidir leis na bearta cúiteacha, a shonrófar san fhógra. Gabhfaidh éifeacht leis na bearta cúiteacha sin 3 mhí ó dháta an fhógra sin.

2.    Más rud é, laistigh de mhí amháin ón dáta a dtabharfar fógra faoi na bearta cúiteacha atá beartaithe, nach mbeidh cinneadh déanta ag an gComhchoiste na bearta cúiteacha sin a chur ar fionraí, a leasú nó a neamhniú, féadfaidh ceachtar Páirtí Conarthach an cheist maidir le comhréireacht na mbeart cúiteach sin a chur chun eadrána, i gcomhréir leis an bhFoscríbhinn.

3.    Déanfaidh an binse eadrána cinneadh laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal III.8(4) den Fhoscríbhinn.

4.    Ní bheidh éifeacht chúlghabhálach ag bearta cúiteacha. Go háirithe, caomhnófar na cearta agus na hoibleagáidí a fuair daoine aonair agus oibreoirí eacnamaíocha cheana féin sula ngabhfaidh éifeacht leis na bearta cúiteacha.


AIRTEAGAL 12

Comhar idir dlínsí

1.    Chun an léirmhíniú aonchineálach a chur chun cinn, tiocfaidh Cúirt Uachtarach Chónaidhme na hEilvéise agus Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú maidir le hidirphlé agus módúlachtaí an idirphlé sin.

2.    Beidh sé de cheart ag an Eilvéis ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a thaisceadh le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás ina dtarchuirfidh cúirt de chuid Ballstáit den Aontas ceist chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le léirmhíniú an Chomhaontaithe nó forála de ghníomh dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear ann le haghaidh réamhrialú.

CAIBIDIL 4

FORÁLACHA EILE

AIRTEAGAL 13

Rannchuidiú airgeadais

1.    Rannchuideoidh an Eilvéis le maoiniú ghníomhaíochtaí ghníomhaireachtaí an Aontais, na gcóras faisnéise agus na ngníomhaíochtaí eile a liostaítear in Airteagal 1 den Iarscríbhinn a bhfuil rochtain aici orthu, i gcomhréir leis an Airteagal seo agus leis an Iarscríbhinn.

Féadfaidh an Comhchoiste cinneadh a ghlacadh chun an Iarscríbhinn a leasú.


2.    Féadfaidh an tAontas rannpháirtíocht na hEilvéise sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur ar fionraí tráth ar bith mura gcomhlíonann an Eilvéis an sprioc-am íocaíochta i gcomhréir leis na téarmaí íocaíochta a leagtar amach in Airteagal 2 den Iarscríbhinn.

I gcás nach gcomhlíonann an Eilvéis sprioc-am íocaíochta, seolfaidh an tAontas litir mheabhrúcháin fhoirmiúil chuig an Eilvéis. I gcás nach ndéanfar aon íocaíocht iomlán laistigh de 30 lá ón dáta a gheofar an litir mheabhrúcháin fhoirmiúil sin, féadfaidh an tAontas rannpháirtíocht na hEilvéise sa ghníomhaíocht ábhartha a chur ar fionraí.

3.    Is éard a bheidh sa ranníocaíocht airgeadais suim na méideanna seo a leanas:

(a)    ranníocaíocht oibríochtúil; agus

(b)    táille rannpháirtíochta.

4.    Beidh an ranníocaíocht airgeadais i bhfoirm ranníocaíocht airgeadais bhliantúil agus beidh sí dlite ar na dátaí a shonraítear sna glaonna ar chistí arna neisiúint ag an gCoimisiún.

5.    Beidh an ranníocaíocht oibríochtúil bunaithe ar threoir ranníoca arna sainiú mar an cóimheas idir olltáirgeacht intíre (dá ngairtear ‘OTI’ anseo feasta) na hEilvéise ag praghsanna an mhargaidh agus OTI an Aontais ag praghsanna an mhargaidh.


Chun na críche sin, is iad na figiúirí is déanaí a bheidh ar fáil ón 1 Eanáir den bhliain ina ndéantar an íocaíocht bhliantúil de réir mar a sholáthróidh Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh iad na figiúirí a úsáidfear le haghaidh OTI ag margadhphraghsanna na bPáirtithe Conarthacha, agus aird chuí á tabhairt ar an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar i réimse an staidrimh, arna dhéanamh i Lucsamburg an 26 Deireadh Fómhair 2004. Má scoireann an comhaontú sin d’fheidhm a bheith aige, is é an figiúr a ghlacfar mar OTI na hEilvéise an figiúr a bhunófar ar bhonn na faisnéise arna cur ar fáil ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta.

6.    Déanfar an ranníocaíocht oibríochtúil le haghaidh gach gníomhaireachta de chuid an Aontais a ríomh tríd an treoir ranníoca a chur i bhfeidhm ar a buiséad bliantúil arna vótáil agus atá inscríofa ar línte fóirdheontais buiséid ábhartha an Aontais den bhliain atá i gceist, agus aon ranníocaíocht oibríochtúil choigeartaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 1 den Iarscríbhinn á cur san áireamh le haghaidh gach gníomhaireachta.

Déanfar an ranníocaíocht oibríochtúil le haghaidh na gcóras faisnéise agus na ngníomhaíochtaí eile a ríomh tríd an treoir ranníoca a chur i bhfeidhm ar bhuiséad ábhartha na bliana atá i gceist mar a leagtar amach i ndoiciméid lena gcuirtear an buiséad chun feidhme, amhail cláir oibre nó conarthaí.

Beidh na méideanna tagartha uile bunaithe ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas.

7.    4 % den ranníocaíocht oibríochtúil bhliantúil arna ríomh i gcomhréir le míreanna 5 agus 6 a bheidh sa táille rannpháirtíochta bhliantúil.

8.    Soláthróidh an Coimisiún faisnéis leordhóthanach don Eilvéis i ndáil lena ranníocaíocht airgeadais a ríomh. Soláthrófar an fhaisnéis sin agus aird chuí á tabhairt ar rialacha rúndachta agus cosanta sonraí an Aontais.


9.    Is in euro a dhéanfar ranníocaíochtaí airgeadais uile na hEilvéise nó na híocaíochtaí uile ón Aontas agus is in euro a ríomhfar na méideanna a bheidh dlite nó le fáil.

10.    I gcás nach mbeidh teacht i bhfeidhm an Phrótacail seo i gcomhthráth le tús bliana féilire, beidh ranníocaíocht oibríochtúil na hEilvéise le haghaidh na bliana i gceist faoi réir coigeartú, de réir na modheolaíochta agus na dtéarmaí íocaíochta a shainítear in Airteagal 5 den Iarscríbhinn.

11.    Leagtar amach forálacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo san Iarscríbhinn.

12.    3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú ar choinníollacha rannpháirtíochta na hEilvéise mar a shainmhínítear in Airteagal 1 den Iarscríbhinn agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé iad a oiriúnú.

AIRTEAGAL 14

Tagairtí do chríocha

Aon uair a bheidh tagairtí sna gníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú sa Chomhaontú do chríoch ‘an Aontais Eorpaigh’, ‘an Aontais’, an ‘cómhargaidh’ nó an ‘mhargaidh inmheánaigh’, tuigfear, chun críocha an Chomhaontaithe, gur tagairtí do na críocha dá dtagraítear in Airteagal 57 den Chomhaontú iad na tagairtí.


AIRTEAGAL 15

Tagairtí do náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais

Aon uair a bheidh tagairtí sna gníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú sa Chomhaontú do náisiúnaigh de chuid Bhallstáit an Aontais, tuigfear, chun críocha an Chomhaontaithe, gur tagairtí do náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais agus na hEilvéise iad na tagairtí.

AIRTEAGAL 16

Teacht i bhfeidhm agus cur chun feidhme gníomhartha dlí de chuid an Aontais

Forálacha na ngníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú sa Chomhaontú maidir lena dteacht i bhfeidhm nó lena gcur chun feidhme, níl siad ábhartha chun críocha an Chomhaontaithe.

Eascraíonn na teorainneacha ama agus na dátaí don Eilvéis chun na cinntí lena gcomhtháthaítear gníomhartha dlí de chuid an Aontais sa Chomhaontú a thabhairt i bhfeidhm agus a chur chun feidhme as Airteagal 5(8) agus Airteagal 6(5), agus as forálacha maidir le socruithe idirthréimhseacha.

AIRTEAGAL 17

Seolaithe na ngníomhartha dlí de chuid an Aontais

Forálacha na ngníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú sa Chomhaontú lena léirítear gur ar Bhallstáit an Aontais atá siad dírithe, níl siad ábhartha chun críocha an Chomhaontaithe.


CAIBIDIL 5

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

AIRTEAGAL 18

Cur chun feidhme

1.    Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha gach beart is iomchuí, bíodh sé ginearálta nó sonrach, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as an gComhaontú agus staonfaidh siad ó aon bheart a dhéanamh a d’fhéadfadh gnóthú chuspóirí an Chomhaontaithe a chur i mbaol.

2.    Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha na bearta uile is gá chun toradh beartaithe ghníomhartha dlí an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú a ráthú agus staonfaidh siad ó aon bheart a dhéanamh a d’fhéadfadh gnóthú a naidhmeanna a chur i mbaol.

AIRTEAGAL 19

Teacht i bhfeidhm

1.    Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha an Prótacal seo a dhaingniú nó a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Tabharfaidh gach Páirtí Conarthach fógra don Pháirtí Conarthach eile faoi chur i gcrích na nósanna imeachta inmheánacha is gá do theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo.


2.    Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an fhógra dheireanaigh maidir leis na hionstraimí seo a leanas:

(a)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

(b)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

(c)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar

(d)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(e)    Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(f)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;

(g)    Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;


(h)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta;

(i)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(j)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(k)    an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú;

(l)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gcláir de chuid an Aontais;

(m)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis.

AIRTEAGAL 20

Leasú agus foirceannadh

1.    Féadfar an Prótacal seo a leasú tráth ar bith trí chomhaontú frithpháirteach na bPáirtithe Conarthacha.


2.    I gcás ina bhfoirceannfar an Comhaontú i gcomhréir le hAirteagal 58(3) den Chomhaontú, scoirfidh an Prótacal seo d’fheidhm a bheith aige ar an dáta dá dtagraítear in Airteagal 58(4) den Chomhaontú.

3.    I gcás ina scoirfidh an Comhaontú de bheith i bhfeidhm, caomhnófar na cearta agus na hoibleagáidí a fuair daoine aonair agus oibreoirí eacnamaíocha cheana féin de bhua an Chomhaontaithe roimh dháta scoir an Chomhaontaithe. Socróidh na Páirtithe Conarthacha trí chomhaontú frithpháirteach cén ghníomhaíocht a bheidh le déanamh i ndáil le cearta atá á bhfáil.

Arna dhéanamh [i/sa/san …], an […], i ndúblach, sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus tá gach téacs díobh barántúil.

Á FHIANÚ SIN, chuir na daoine thíos‑sínithe, agus údar cuí acu chuige sin, a lámh leis an bPrótacal seo.

(Bloc na sínithe, amhail an méid seo a leanas, i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais: ‘Thar ceann an Aontais Eorpaigh’ agus ‘Thar ceann Chónaidhm na hEilvéise’)

IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN MAIDIR LE HAIRTEAGAL 13 DEN PHRÓTACAL A CHUR I BHFEIDHM

AIRTEAGAL 1

Liosta de ghníomhaíochtaí ghníomhaireachtaí, chórais faisnéise agus ghníomhaíochtaí eile an Aontais
a bhfuil an Eilvéis le ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh leo

Déanfaidh an Eilvéis ranníocaíocht airgeadais i leith na nithe seo a leanas:

(a)    gníomhaireachtaí:

ceann ar bith.

(b)    córais faisnéise:

ceann ar bith.

(c)    gníomhaíochtaí eile:

ceann ar bith.


AIRTEAGAL 2

Téarmaí íocaíochta

1.    Déanfar íocaíochtaí atá dlite de bhun Airteagal 13 den Phrótacal i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.    Agus glao ar chistí na bliana airgeadais á eisiúint ag an gCoimisiún, cuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas in iúl don Eilvéis:

(a)    méid na ranníocaíochta oibríochtúla; agus

(b)    méid na táille rannpháirtíochta.

3.    Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis seo a leanas maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise in iúl don Eilvéis a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí an 16 Aibreán de gach bliain airgeadais:

(a)    na méideanna i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas bhuiséad bliantúil an Aontais a vótáladh atá inscríofa ar línte fóirdheontais buiséid ábhartha an Aontais don bhliain i gceist le haghaidh gach gníomhaireachta de chuid an Aontais, agus aon ranníocaíocht oibríochtúil choigeartaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 1 á cur san áireamh le haghaidh gach gníomhaireachta, agus na méideanna i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i ndáil le buiséad an Aontais a vótáladh don bhliain i gceist le haghaidh bhuiséad ábhartha na gcóras faisnéise agus gníomhaíochtaí eile, lena gcumhdaítear rannpháirtíocht na hEilvéise i gcomhréir le hAirteagal 1;

(b)    méid na táille rannpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 13(7) den Phrótacal; agus


(c)    a mhéid a bhaineann le gníomhaireachtaí, i mbliain N+1, na méideanna i ngealltanais bhuiséadacha a rinneadh maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a údaraíodh i mbliain N ar na línte fóirdheontais buiséid ábhartha de chuid an Aontais i ndáil le buiséad bliantúil an Aontais atá inscríofa ar línte fóirdheontais buiséid ábhartha an Aontais le haghaidh bhliain N.

4.    Ar bhonn a dhréachtbhuiséid, soláthróidh an Coimisiún meastachán ar an bhfaisnéis faoi phointí (a) agus (b) de mhír 3 a luaithe is féidir, agus, ar a dhéanaí, faoin 1 Meán Fómhair den bhliain airgeadais.

5.    Eiseoidh an Coimisiún don Eilvéis, an 16 Aibreán ar a dhéanaí agus, más infheidhme maidir leis an ngníomhaireacht ábhartha, an córas faisnéise nó gníomhaíocht eile, an 22 Deireadh Fómhair ar a luaithe agus ar a dhéanaí an 31 Deireadh Fómhair gach bliain airgeadais, glao ar chistí a chomhfhreagraíonn do ranníocaíocht na hEilvéise faoin gComhaontú le haghaidh gach ceann de na gníomhaireachtaí, na córais faisnéise agus na gníomhaíochtaí eile ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach.

6.    Déanfar an glao (nó na glaonna) ar chistí dá dtagraítear i mír 5 a struchtúrú i dtráthchodanna mar a leanas:

(a)    an chéad tráthchuid de gach bliain, i ndáil leis an nglao ar chistí atá le heisiúint faoin 16 Aibreán, comhfhreagróidh sí do mhéid suas le coibhéis an mheastacháin ar ranníocaíocht bhliantúil airgeadais na gníomhaireachta, an chórais faisnéise nó na gníomhaíochta eile i gceist dá dtagraítear i mír 4;

Íocfaidh an Eilvéis an méid a shonrófar sa ghlao ar chistí sin 60 lá ar a dhéanaí tar éis eisiúint an ghlao ar chistí.


(b)    i gcás inarb infheidhme, an dara tráthchuid den bhliain, i ndáil leis an nglao ar chistí atá le heisiúint an 22 Deireadh Fómhair ar a luaithe agus an 31 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí, comhfhreagróidh sí don difríocht idir an méid dá dtagraítear i mír 4 agus an méid dá dtagraítear i mír 5 i gcás ina mbeidh an méid dá dtagraítear i mír 5 níos airde.

Íocfaidh an Eilvéis an méid a shonrófar sa ghlao ar chistí sin faoin 21 Nollaig ar a dhéanaí.

I gcás gach glao ar chistí, féadfaidh an Eilvéis íocaíochtaí ar leithligh a dhéanamh le haghaidh gach gníomhaireachta, córais faisnéise nó gníomhaíochta eile.

7.    Don chéad bhliain de chur chun feidhme an Phrótacail, eiseoidh an Coimisiún aon ghlao amháin ar chistí, laistigh de 90 lá tar éis theacht i bhfeidhm an Phrótacail.

Íocfaidh an Eilvéis an méid a shonrófar sa ghlao ar chistí 60 lá ar a dhéanaí tar éis eisiúint an ghlao ar chistí.

8.    Is é an toradh a bheidh ar aon mhoill ar íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais go níocfaidh an Eilvéis ús mainneachtana ar an méid atá gan íoc ón dáta dlite suas go dtí an lá a íocfar ina iomláine an méid sin gan íoc.

Is é an ráta úis ar mhéideanna is infhaighte nach n‑íoctar ar an dáta dlite an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, a bheidh i bhfeidhm ar an gcéad lá féilire den mhí ina mbeidh an dáta dlite, nó 0 %, cibé acu is airde, móide 3,5 pointe céatadáin.


AIRTEAGAL 3

Ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise le gníomhaireachtaí an Aontais a choigeartú
i bhfianaise an chur chun feidhme

Déanfar ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise le gníomhaireachtaí an Aontais a choigeartú i mbliain N+ 1, nuair a choigeartófar an ranníocaíocht oibríochtúil tosaigh suas nó síos de réir na difríochta idir an ranníocaíocht oibríochtúil tosaigh agus ranníocaíocht choigeartaithe arna ríomh trí threoir ranníoca bhliain N a chur i bhfeidhm maidir le méid na ngealltanas buiséadach a dhéantar ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a údaraítear i mbliain N faoin líne buiséid ábhartha nó faoi na línte buiséid ábhartha maidir le fóirdheontais an Aontais. I gcás inarb infheidhme, cuirfear san áireamh sa difríocht, i gcás gach gníomhaireachta, an ranníocaíocht oibríochtúil choigeartaithe bunaithe ar chéatadán mar a shainmhínítear in Airteagal 1.

AIRTEAGAL 4

Socruithe atá ann cheana

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 13 den Phrótacal ná ag an Iarscríbhinn seo maidir le socruithe sonracha idir an Eilvéis agus an tAontas lena n‑áirítear ranníocaíochtaí airgeadais ón Eilvéis. Is iad seo a leanas na gníomhaireachtaí, na córais faisnéise agus na gníomhaíochtaí eile a chumhdaítear leis na socruithe sin:

   TACHOnet, arna bhunú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/68 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2016 maidir le nósanna imeachta comhchoiteanna agus na sonraíochtaí is gá chun cláir leictreonacha agus cártaí tiomána a nascadh le chéile (IO L 15, 22.1.2016, lch. 51), arna leasú go deireanach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1503 ón gCoimisiún an 25 Lúnasa 2017 (IO L 221, 26.8.2017, lch. 10), de réir mar is infheidhme de réir Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú;


   Ionad Ilfhreastail Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA), a bunaíodh le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2016/796 an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 (IO L 138, 26.5.2016, lch. 1), de réir an tSocraithe Riaracháin idir Oifig Chónaidhme Iompair na hEilvéise agus Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh, a rinneadh sa Bhruiséil an 13 Nollaig 2019.

AIRTEAGAL 5

Socruithe idirthréimhseacha

I gcás nach é an 1 Eanáir dáta theacht i bhfeidhm an Phrótacail, beidh feidhm ag an Airteagal seo de mhaolú ar Airteagal 2.

I gcás na chéad bhliana de chur chun feidhme an Phrótacail, i ndáil leis an ranníocaíocht oibríochtúil atá dlite le haghaidh na bliana i gceist is infheidhme maidir leis an ngníomhaireacht ábhartha, leis an gcóras faisnéise ábhartha nó le gníomhaíocht eile ábhartha, mar a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 13 den Phrótacal agus le hAirteagail 1 go 3 den Iarscríbhinn seo, laghdófar an ranníocaíocht oibríochtúil ar bhonn pro rata temporis trí mhéid na ranníocaíochta oibríochtúla bliantúla atá dlite a iolrú faoi chóimheas na nithe seo a leanas:

(a)    an líon laethanta féilire ó dháta theacht i bhfeidhm an Phrótacail go dtí an 31 Nollaig den bhliain i gceist; agus

(b)    an líon iomlán laethanta féilire den bhliain i gceist.



Foscríbhinn

FOSCRÍBHINN MAIDIR LEIS AN mBINSE EADRÁNA

CAIBIDIL I

RÉAMHFHORÁLACHA

AIRTEAGAL I.1

Raon feidhme

Má chuireann ceann de na Páirtithe Conarthacha (dá ngairtear ‘páirtithe’anseo feasta) díospóid isteach le haghaidh eadrána i gcomhréir le hAirteagail 10(2) nó 11(2) den Phrótacal, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach san Fhoscríbhinn seo.

AIRTEAGAL I.2

Seirbhísí clárlainne agus rúnaíochta

Comhlíonfaidh Biúró Idirnáisiúnta na Buanchúirte Eadrána sa Háig (dá ngairtear ‘an Biúró Idirnáisiúnta’ anseo feasta) feidhmeanna na clárlainne agus soláthróidh sé na seirbhísí rúnaíochta is gá.


AIRTEAGAL I.3

Fógraí agus teorainneacha ama a ríomh

1.    Féadfar fógraí, lena náirítear teachtaireachtaí nó tograí, a sheoladh trí aon mhodh cumarsáide lena ndeimhnítear a dtarchur, nó lena gcumasaítear iad a dheimhniú.

2.    Ní fhéadfar fógraí den sórt sin a sheoladh go leictreonach ach amháin má tá seoladh ainmnithe nó údaraithe ag páirtí go sonrach chun na críche sin.

3.    Seolfar fógraí den sórt sin a sheirbheálfar ar na páirtithe, i gcás na hEilvéise, chuig Rannán Eorpach Roinn Cónaidhme Gnóthaí Eachtracha na hEilvéise agus, i gcás an Aontais, chuig Seirbhís Dlí an Choimisiúin.

4.    Rithfidh aon teorainn ama a leagtar síos san Fhoscríbhinn seo ón lá tar éis tarlú teagmhais nó déanamh birt. Más rud é gur lá nach lá oibre ag institiúidí an Aontais nó rialtas na hEilvéise an lá deireanach chun doiciméad a sheachadadh, tiocfaidh deireadh le tréimhse seachadta an doiciméid ar an gcéad lá oibre ina dhiaidh sin. Déanfar laethanta neamhoibre a thagann faoi réim na tréimhse ama a chomhaireamh.

AIRTEAGAL I.4

Fógra eadrána

1.    An páirtí a chuirfidh chuige eadráin a úsáid (dá ngairtear ‘iarratasóir’ anseo feasta), seolfaidh sé fógra eadrána chuig an bpáirtí eile (dá ngairtear ‘cosantóir’ anseo feasta) agus chuig an mBiúró Idirnáisiúnta.


2.    Measfar imeachtaí eadrána a bheith tosaithe ar an lá tar éis an lae a gheobhaidh an cosantóir an fógra eadrána.

3.    Beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra eadrána:

(a)    an téileamh go ndéanfar an díospóid a tharchur chun eadrána;

(b)    ainmneacha agus sonraí teagmhála na bpáirtithe;

(c)    ainm agus seoladh ghníomhaire nó ghníomhairí an iarratasóra;

(d)    bunús dlí na nimeachtaí (Airteagal 10(2) nó Airteagal 11(2) den Phrótacal) agus:

(i)    sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Phrótacal, an cheist is cúis leis an díospóid mar a iontráladh go hoifigiúil í, lena réiteach, ar chlár oibre an Chomhchoiste i gcomhréir le hAirteagal 10(1) den Phrótacal; agus

(ii)    sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2) den Phrótacal, cinneadh an bhinse eadrána, aon bheart cur chun feidhme a luaitear in Airteagal 10(5) den Phrótacal agus na bearta cúiteacha is ábhar díospóide;

(e)    aon riail is cúis leis an díospóid nó a bhaineann léi a ainmniú;

(f)    tuairisc ghairid ar an díospóid; agus

(g)    ainmniú eadránaí nó, má tá cúigear eadránaithe le ceapadh, ainmniú beirt eadránaithe.


4.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(3) den Phrótacal, féadfaidh faisnéis a bheith san fhógra eadrána freisin maidir leis an ngá atá le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

5.    Ní chuirfidh aon éileamh ar leordhóthanacht an fhógra eadrána cosc ar chomhdhéanamh an bhinse eadrána. Déanfaidh an binse eadrána an díospóid a chinneadh go cinntitheach.

AIRTEAGAL I.5

Freagairt ar an bhfógra eadrána

1.    Laistigh de 60 lá ón bhfógra eadrána a fháil, seolfaidh an cosantóir freagra ar an bhfógra eadrána chuig an iarratasóir agus chuig an mBiúró Idirnáisiúnta, ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

(a)    ainmneacha agus sonraí teagmhála na bpáirtithe;

(b)    ainm agus seoladh ghníomhaire nó ghníomhairí an chosantóra;

(c)    freagra ar an bhfaisnéis a thugtar san fhógra eadrána i gcomhréir le pointí (d) go (f) d’Airteagal I.4(3); agus

(d)    ainmniú eadránaí nó, má tá cúigear eadránaithe le ceapadh, ainmniú beirt eadránaithe.


2.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(3) den Phrótacal, féadfaidh freagra ar an bhfaisnéis a thugtar san fhógra eadrána i gcomhréir le hAirteagal I.4(4) den Fhoscríbhinn seo agus faisnéis maidir leis an ngá atá le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bheith sa fhreagra ar an bhfógra eadrána.

3.    Ní chuirfidh easpa freagartha nó freagra neamhiomlán nó déanach ón gcosantóir ar an bhfógra eadrána cosc ar bhunú binse eadrána. Déanfaidh an binse eadrána an díospóid a chinneadh go cinntitheach.

4.    Má iarrann an cosantóir go mbeadh cúigear eadránaithe ar an mbinse eadrána ina fhreagra ar an bhfógra eadrána, ainmneoidh an tiarratasóir eadránaí breise laistigh de 30 lá ón bhfreagra ar an bhfógra eadrána a fháil.

AIRTEAGAL I.6

Ionadaíocht agus cúnamh

1.    Déanfaidh gníomhaire amháin nó níos mó ionadaíocht do na páirtithe os comhair an bhinse eadrána. Féadfaidh na gníomhairí cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó dhlíodóirí.

2.    Cuirfear aon athrú ar na gníomhairí nó ar a seoltaí in iúl don pháirtí eile, don Bhiúró Idirnáisiúnta agus don bhinse eadrána. Féadfaidh an binse eadrána, tráth ar bith, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó pháirtí, fianaise ar na cumhachtaí a thugtar do ghníomhairí na bpáirtithe a iarraidh.


CAIBIDIL II

COMHDHÉANAMH AN BHINSE EADRÁNA

AIRTEAGAL II.1

An líon eadránaithe

Triúr eadránaithe a bheidh ar an mbinse eadrána. Má iarrann an t‑iarratasóir ina fhógra eadrána nó an cosantóir ina fhreagra ar an bhfógra eadrána amhlaidh, beidh cúigear eadránaithe ar an mbinse eadrána.

AIRTEAGAL II.2

Na headránaithe a cheapadh

1.    Má tá triúr eadránaithe le ceapadh, ainmneoidh gach ceann de na páirtithe duine acu. Roghnóidh an bheirt eadránaithe arna gceapadh ag na páirtithe an tríú headránaí, a bheidh ina chathaoirleach ar an mbinse eadrána.

2.    Má tá cúigear eadránaithe le ceapadh, ainmneoidh gach páirtí beirt díobh. Roghnóidh an ceathrar eadránaithe arna gceapadh ag na páirtithe an cúigiú headránaí, a bheidh ina chathaoirleach ar an mbinse eadrána.


3.    Más rud é, laistigh de 30 lá tar éis ainmniú an eadránaí deiridh arna cheapadh ag na páirtithe, nach mbeidh na headránaithe tar éis teacht ar chomhaontú maidir le cathaoirleach an bhinse eadrána a roghnú, is é Ardrúnaí na Buanchúirte Eadrána a cheapfaidh an cathaoirleach.

4.    Chun cúnamh a thabhairt eadránaithe a roghnú chun an binse eadrána a chomhdhéanamh, déanfar liosta táscach de dhaoine ag a bhfuil na cáilíochtaí dá dtagraítear i mír 6 a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta nuair is gá, ar liosta é a bheidh i gcoiteann ag gach comhaontú déthaobhach sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach chomh maith leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le sláinte, arna dhéanamh in […] an […] (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le Sláinte ’anseo feasta), an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta, arna dhéanamh i Lucsamburg an 21 Meitheamh 1999 (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta’ anseo feasta) agus an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú, arna dhéanamh i […] an […] (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le ranníocaíocht rialta airgeadais’ anseo feasta). Déanfaidh an Comhchoiste an liosta sin a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta le cinneadh chun críocha an Chomhaontaithe.

5.    I gcás nach nainmneoidh páirtí eadránaí, ceapfaidh Ardrúnaí na Buanchúirte Eadrána an teadránaí sin ón liosta dá dtagraítear i mír 4. In éagmais liosta den sórt sin, déanfaidh ArdRúnaí na Buanchúirte Eadrána an teadránaí a cheapadh trí chrannchur ó na pearsana aonair a mhol páirtí amháin nó an dá pháirtí go foirmiúil chun críocha mhír 4.


6.    Is daoine ardcháilithe iad na daoine a chomhdhéanann an binse eadrána, bíodh nó ná bíodh ceangail acu leis na páirtithe, a ráthaítear a neamhspleáchas agus a neaspa coinbhleachtaí leasa, mar aon le raon leathan taithí. Go háirithe, beidh saineolas léirithe acu ar an dlí agus ar na hábhair a chumhdaítear leis an gComhaontú seo; ní ghlacfaidh siad treoracha ó cheachtar páirtí; agus feidhmeoidh siad ina gcáil phearsanta, agus ní ghlacfaidh siad le treoracha ó aon eagraíocht ná aon rialtas maidir le hábhair a bhaineann leis an díospóid. Beidh taithí ag cathaoirleach an bhinse eadrána freisin ar nósanna imeachta um réiteach díospóidí.

AIRTEAGAL II.3

Dearbhuithe eadránaithe

1.    Le linn do dhuine a bheith á mheas lena cheapadh mar eadránaí, tuairisceoidh an duine sin na himthosca uile is dóigh a bheidh ina gcúis le hamhras dlisteanach maidir lena neamhchlaontacht nó lena neamhspleáchas. Ón gceapachán agus le linn na nimeachtaí eadrána ar fad, tuairisceoidh eadránaí na himthosca sin do na páirtithe agus do na headránaithe eile gan mhoill, mura ndearna an teadránaí amhlaidh cheana féin.

2.    Féadfar aon eadránaí a dhífhostú más ann d’imthosca a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hamhras dlisteanach faoina neamhchlaontacht nó faoina neamhspleáchas.

3.    Ní fhéadfaidh páirtí a iarraidh go ndéanfaí eadránaí a dhífhostú ach amháin ar chúis a thagann chun cinn dó tar éis an cheapacháin sin.

4.    Mura ngníomhaíonn eadránaí nó mura féidir le headránaí de jure de facto a ról a chomhlíonadh, beidh feidhm ag an nós imeachta chun eadránaithe a dhífhostú a leagtar síos in Airteagal II.4.


AIRTEAGAL II.4

Eadránaithe a dhífhostú

1.    Aon pháirtí ar mian leis eadránaí a dhífhostú, déanfaidh sé iarraidh ar dhífhostú laistigh de 30 lá ón dáta a thugtar fógra dó faoi cheapadh an eadránaí sin nó laistigh de 30 lá ón dáta a thagann sé ar an eolas faoi na himthosca dá dtagraítear in Airteagal II.3.

2.    Seolfar an iarraidh ar dhífhostú chuig an bpáirtí eile, chuig an eadránaí dífhostaithe, chuig na headránaithe eile agus chuig an mBiúró Idirnáisiúnta. Leagfar amach ann na cúiseanna atá leis an iarraidh ar dhífhostú.

3.    Nuair a bheidh iarraidh ar dhífhostú déanta, féadfaidh an páirtí eile glacadh leis an iarraidh ar dhífhostú. Féadfaidh an teadránaí i gceist seasamh siar freisin. Ní thugtar le tuiscint leis an nglacadh nó leis an éirí as go naithnítear na cúiseanna atá leis an iarraidh ar dhífhostú.

4.    Más rud é, laistigh de 15 lá ón dáta ar tugadh fógra faoin iarraidh ar dhífhostú, nach nglacfaidh an páirtí eile leis an iarraidh ar dhífhostú nó nach seasann an teadránaí i gceist siar, féadfaidh an páirtí a d’iarr an dífhostú a iarraidh ar ArdRúnaí na Buanchúirte Eadrána cinneadh a dhéanamh maidir leis an dífhostú.

5.    Mura gcomhaontóidh na páirtithe a mhalairt, léireofar sa chinneadh dá dtagraítear i mír 4 na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin.


AIRTEAGAL II.5

Eadránaí a ionadú

1.    Faoi réir mhír 2 den Airteagal seo, más gá eadránaí a ionadú le linn na nimeachtaí eadrána, ceapfar nó roghnófar ionadaí i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal II.2 is infheidhme maidir le ceapadh nó roghnú an eadránaí a bheidh le hionadú. Beidh feidhm ag an nós imeachta sin fiú murar fheidhmigh páirtí amháin a cheart chun an teadránaí atá le hionadú a cheapadh nó páirt a ghlacadh i gceapadh an eadránaí sin.

2.    I gcás eadránaí a ionadú, atosófar ar an nós imeachta ag an gcéim inar scoir an teadránaí ar cuireadh eadránaí eile ina ionad dá fheidhmeanna nó dá feidhmeanna a chomhlíonadh, mura gcinnfidh an binse eadrána a mhalairt.

AIRTEAGAL II.6

Eisiamh dliteanais

Ach amháin i gcásanna éagóiritheoireachta d’aon ghnó nó mórfhaillí, diúltaíonn na páirtithe, a mhéid is féidir a cheadaítear leis an dlí is infheidhme, d’aon chaingean in aghaidh na n‑eadránaithe maidir le haon ghníomh nó neamhghníomh a bhaineann leis an eadráin.


CAIBIDIL III

IMEACHTAÍ EADRÁNA

AIRTEAGAL III.1

Forálacha ginearálta

1.    Is é dáta bunaithe an bhinse eadrána an dáta ar ghlac an teadránaí deiridh lena cheapachán nó lena ceapachán.

2.    Áiritheoidh an binse eadrána go gcaithfear go cothrom leis na páirtithe agus, ag céim iomchuí de na himeachtaí, go mbeidh deis leordhóthanach ag gach ceann acu a gcearta a dhearbhú agus a gcás a chur i láthair. Seolfaidh an binse eadrána na himeachtaí ar bhealach a seachnóidh moilleanna agus caiteachas nach bhfuil gá leo agus a náiritheoidh go socrófar an díospóid idir na páirtithe.

3.    Eagrófar éisteacht, mura gcinnfidh an binse eadrána a mhalairt, tar éis na páirtithe a éisteacht.

4.    Nuair a chuirfidh páirtí teachtaireacht chuig an mbinse eadrána, déanfaidh sé amhlaidh tríd an mBiúró Idirnáisiúnta agus cuirfidh sé cóip chuig an bpáirtí eile an tráth céanna. Seolfaidh an Biúró Idirnáisiúnta cóip den teachtaireacht sin chuig gach duine de na headránaithe.


AIRTEAGAL III.2

Áit eadrána

Is í an Háig an áit eadrána. Féadfaidh an binse eadrána, más gá sin in imthosca eisceachtúla, teacht le chéile in aon áit eile is iomchuí leis dá phlé.

AIRTEAGAL III.3

Teanga

1.    Is iad an Fhraincis agus an Béarla teangacha na nimeachtaí.

2.    Féadfaidh an binse eadrána a ordú go mbeidh aistriúchán go ceann de theangacha na n‑imeachtaí ag gabháil leis na doiciméid uile atá i gceangal leis an ráiteas éilimh nó leis an ráiteas cosanta agus leis na doiciméid bhreise uile a tháirgtear le linn na n‑imeachtaí, arna gcur isteach ina dteanga bhunaidh.

AIRTEAGAL III.4

Ráiteas éilimh

1.    Seolfaidh an tiarratasóir a ráiteas éilimh i scríbhinn chuig an gcosantóir agus chuig an mbinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta, laistigh den teorainn ama arna socrú ag an mbinse eadrána. Féadfaidh an tiarratasóir a chinneadh a fhógra eadrána dá dtagraítear in Airteagal I.4 a mheas mar ráiteas éilimh, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na coinníollacha i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo freisin.


2.    Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa ráiteas éilimh:

(a)    an fhaisnéis a leagtar amach i bpointí (b) go (f) d’Airteagal I.4(3);

(b)    ráiteas fíoras a cuireadh isteach mar thaca leis an éileamh; agus

(c)    na hargóintí dlíthiúla a cuireadh chun cinn mar thaca leis an éileamh.

3.    Beidh ag gabháil leis an ráiteas éilimh, a mhéid is féidir, aon doiciméad agus aon fhianaise eile a bheidh luaite ag an iarratasóir nó ba cheart tagairt a dhéanamh dóibh ann. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(3) den Phrótacal, beidh faisnéis sa ráiteas éilimh freisin, a mhéid is féidir, maidir leis an ngá atá le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

AIRTEAGAL III.5

Ráiteas cosanta

1.    Seolfaidh an cosantóir an ráiteas cosanta i scríbhinn chuig an iarratasóir agus chuig an mbinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta, laistigh den teorainn ama arna socrú ag an mbinse eadrána. Féadfaidh an cosantóir a chinneadh an freagra ar an bhfógra eadrána dá dtagraítear in Airteagal I.5 a mheas mar ráiteas cosanta, ar choinníoll go gcomhlíonann an freagra ar an bhfógra eadrána na coinníollacha i mír 2 den Airteagal seo freisin.


2.    Freagróidh an ráiteas cosanta do na pointí sa ráiteas éilimh a shonraítear i gcomhréir le pointí (a) go (c) d’Airteagal III.4(2) den Fhoscríbhinn seo. Beidh ag gabháil leis, a mhéid is féidir, aon doiciméad agus aon fhianaise eile a bheidh luaite ag an gcosantóir nó ar cheart tagairt a dhéanamh dóibh ann. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(3) den Phrótacal, beidh faisnéis sa ráiteas cosanta freisin, a mhéid is féidir, maidir leis an ngá atá le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

3.    Sa ráiteas cosanta, nó ag céim níos déanaí sna himeachtaí eadrána má chinneann an binse eadrána go bhfuil údar le moill de bharr imthosca, féadfaidh an cosantóir frithéileamh a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil dlínse ag an mbinse eadrána ina leith.

4.    Beidh feidhm ag Airteagal III.4(2) agus (3) maidir le frithéileamh.

AIRTEAGAL III.6

Dlínse eadrána

1.    Rialóidh an binse eadrána an bhfuil dlínse aige ar bhonn Airteagail 10(2) nó 11(2) den Phrótacal.

2.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Phrótacal, beidh sainordú ag an mbinse eadrána scrúdú a dhéanamh ar an gceist is cúis leis an díospóid arna hiontráil go hoifigiúil, lena réiteach, ar chlár oibre an Chomhchoiste i gcomhréir le hAirteagal 10(1) den Phrótacal.


3.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2) den Phrótacal, beidh sainordú ag an mbinse eadrána a d’éist an príomhchás scrúdú a dhéanamh ar chomhréireacht na mbeart cúiteach is ábhar díospóide, lena náirítear i gcás ina ndearnadh na bearta sin go hiomlán nó go páirteach i gcomhaontú déthaobhach eile sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach.

4.    Déanfar réamhagóid maidir le heaspa dlínse an bhinse eadrána ar a dhéanaí sa ráiteas cosanta nó, i gcás frithéilimh, sa fhreagra. Má tá páirtí tar éis eadránaí a cheapadh nó má ghlac sé páirt ina cheapachán, ní bhainfear an ceart de réamhagóid den sórt sin a dhéanamh. Déanfar an réamhagóid go rachadh an díospóid thar chumhachtaí an bhinse eadrána a luaithe a tharraingeofar an cheist anuas a líomhnaítear a théann thar a cumhachtaí le linn na nimeachtaí eadrána. In aon chás, féadfaidh an binse eadrána réamhagóid a cheadú a dhéanfar tar éis don teorainn ama atá leagtha síos dul in éag má chreideann sé go raibh cúis bhailí leis an moill.

5.    Féadfaidh an binse eadrána rialú a thabhairt ar an réamhagóid dá dtagraítear i mír 4 trí dhéileáil léi mar réamhcheist nó sa chinneadh ar shubstaint an cháis.

AIRTEAGAL III.7

Aighneachtaí eile i scríbhinn

Déanfaidh an binse eadrána, tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe, breith a thabhairt ar na haighneachtaí eile i scríbhinn, i dteannta an ráitis éilimh agus an ráitis cosanta, a dhéanfaidh nó a fhéadfaidh na páirtithe a chur isteach agus socróidh sé an teorainn ama lena gcur isteach.


AIRTEAGAL III.8

Teorainneacha ama

1.    Ní rachaidh na teorainneacha ama arna socrú ag an mbinse eadrána chun na doiciméid i scríbhinn a chur in iúl, lena náirítear an ráiteas éilimh agus an ráiteas cosanta, thar 90 lá, mura gcomhaontóidh na páirtithe a mhalairt.

2.    Déanfaidh an binse eadrána a chinneadh críochnaitheach laistigh de 12 mhí ó dháta a bhunaithe. In imthosca eisceachtúla a bhfuil deacracht ar leith ag baint leo, féadfaidh an binse eadrána síneadh suas le 3 mhí bhreise a chur leis an tréimhse sin.

3.    Déanfar na teorainneacha ama a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 a laghdú faoina leath:

(a)    arna iarraidh sin don iarratasóir nó don chosantóir, más rud é, laistigh de 30 lá tar éis an iarraidh sin a fháil, go rialaíonn an binse eadrána, tar éis an páirtí eile a éisteacht, go bhfuil práinn leis an gcás; nó

(b)    má chomhaontaíonn na páirtithe amhlaidh.

4.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2) den Phrótacal, déanfaidh an binse eadrána a chinneadh críochnaitheach laistigh de 6 mhí ón dáta ar tugadh fógra faoi na bearta cúiteacha i gcomhréir le hAirteagal 11(1) den Phrótacal.


AIRTEAGAL III.9

Cásanna arna dtarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

1.    Le linn Airteagal 7 agus Airteagal 10(3) den Phrótacal a chur i bhfeidhm, déanfaidh an binse eadrána tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

2.    Féadfaidh an binse eadrána tarchur a dhéanamh chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh tráth ar bith sna himeachtaí, ar choinníoll go bhfuil an binse eadrána in ann cúlra dlíthiúil agus fíorasach an cháis a shainiú beacht go leor, mar aon leis na ceisteanna dlí a tharraingítear anuas ann.

Cuirfear na himeachtaí os comhair an bhinse eadrána ar fionraí go dtí go mbeidh a rialú tugtha ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

3.    Féadfaidh gach páirtí iarraidh réasúnaithe a chur chuig an mbinse eadrána chun tarchur a dhéanamh chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Diúltóidh an binse eadrána d’iarraidh den sórt sin má mheasann sé nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear i mír 1. Má dhiúltaíonn an binse eadrána d’iarraidh páirtí ar tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tabharfaidh sé cúiseanna lena chinneadh sa chinneadh ar shubstaint an cháis.

4.    Déanfaidh an binse eadrána tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh trí bhíthin fógra. Beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, san fhógra:

(a)    tuairisc ghairid ar an díospóid;

(b)    gníomh dlí nó gníomhartha dlí de chuid an Aontais agus/nó foráil nó forálacha an Chomhaontaithe atá i gceist; agus


(c)    coincheap de dhlí an Aontais atá le léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den Phrótacal.

Tabharfaidh an binse eadrána fógra faoin tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chuig na páirtithe.

5.    Cuirfidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm, de réir analaí, na rialacha nós imeachta inmheánacha is infheidhme maidir le feidhmiú a dlínse chun réamhrialú a dhéanamh ar léirmhíniú na gConarthaí agus na ngníomhartha arna ndéanamh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais.

6.    Na gníomhairí agus na dlíodóirí atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh do na páirtithe os comhair an bhinse eadrána de bhun Airteagail I.4, I.5, III.4 agus III.5, údarófar dóibh ionadaíocht a dhéanamh do na páirtithe os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

AIRTEAGAL III.10

Bearta idirlinne

1.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2) den Phrótacal, féadfaidh ceachtar páirtí, ag céim ar bith den nós imeachta eadrána, iarratas a dhéanamh ar bhearta eatramhacha arb é atá iontu na bearta cúiteacha a chur ar fionraí.

2.    Sonrófar in iarratas de bhun mhír 1 ábhar na nimeachtaí, na himthosca is cúis le práinn agus na saincheisteanna fíorais agus dlí lena mbunaítear cás prima facie le haghaidh na mbeart eatramhach arna niarraidh. Beidh ann an fhianaise agus na tairiscintí fianaise uile atá ar fáil chun údar a thabhairt le deonú na mbeart eatramhach.


3.    Déanfaidh an páirtí a iarrann na bearta eatramhacha a iarratas a sheoladh i scríbhinn chuig an bpáirtí eile agus chuig an mbinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta. Socróidh an binse eadrána teorainn ama ghearr ar laistigh di a fhéadfaidh an páirtí eile sin barúlacha i scríbhinn nó ó bhéal a chur isteach.

4.    Glacfaidh an binse eadrána, laistigh de 1 mhí amháin tar éis an tiarratas dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach, cinneadh maidir leis na bearta cúiteacha a chonspóidtear a chur ar fionraí má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)    gur deimhin leis an mbinse eadrána prima facie fiúntas an cháis arna chur isteach ag an bpáirtí a d’iarr na bearta eatramhacha ina iarratas;

(b)    go measann an binse eadrána, ar feitheamh a chinnidh chríochnaithigh, go ndéanfaí díobháil thromchúiseach dholeasaithe don pháirtí a iarrann na bearta eatramhacha in éagmais na mbeart cúiteach a chur ar fionraí; agus

(c)    gur mó an díobháil a rinneadh don pháirtí a d’iarr na bearta eatramhacha trí na bearta cúiteacha atá faoi chonspóid a chur i bhfeidhm láithreach ná an leas i gcur i bhfeidhm láithreach agus éifeachtach na mbeart sin.

5.    Ní bheidh feidhm ag fionraí na nimeachtaí dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal III.9(2) in imeachtaí de bhun an Airteagail seo.

6.    Ní bheidh ach éifeacht eatramhach ag cinneadh a ghlacfaidh an binse eadrána de réir mhír 4 agus beidh sé gan dochar do chinneadh an bhinse eadrána ar shubstaint an cháis.


7.    Mura rud é go socrófar leis an gcinneadh a ghlacfaidh an binse eadrána i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo dáta is luaithe le haghaidh dheireadh na fionraí, rachaidh an fhionraí in éag nuair a ghlacfar an cinneadh críochnaitheach de bhun Airteagal 11(2) den Phrótacal.

8.    Chun amhras a sheachaint, chun críocha an Airteagail seo, tuigtear, le linn don bhinse eadrána leasanna an pháirtí a iarrann na bearta eatramhacha agus an pháirtí eile a bhreithniú, go gcuirfidh sé san áireamh leasanna daoine aonair agus oibreoirí eacnamaíocha na bpáirtithe, ach nach é an toradh a bheidh orthu siúd a chur san áireamh aon seasamh a dheonú do dhaoine aonair nó d’oibreoirí eacnamaíocha den sórt sin os comhair an bhinse eadrána.

AIRTEAGAL III.11

Fianaise

1.    Soláthróidh gach páirtí fianaise ar na fíorais arb iad forais a éilimh nó a chosanta iad.

2.    Ar iarraidh ó pháirtí, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an binse eadrána faisnéis ábhartha a mheasann sé a bheith riachtanach agus iomchuí a lorg ó na Páirtithe. Socróidh an binse eadrána teorainn ama do na páirtithe chun freagra a thabhairt ar a iarraidh.

3.    Ar iarraidh ó pháirtí, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an binse eadrána aon fhaisnéis is iomchuí leis a lorg ó aon fhoinse. Tá sé de cheart ag an mbinse eadrána freisin tuairim saineolaithe a lorg de réir mar is iomchuí leis agus faoi réir téarmaí agus coinníollacha a chomhaontóidh na páirtithe, i gcás inarb infheidhme.

4.    Aon fhaisnéis a gheobhaidh binse eadrána faoin Airteagal seo cuirfear ar fáil í do na páirtithe agus féadfaidh na páirtithe tuairimí faoin bhfaisnéis sin a chur faoi bhráid an bhinse eadrána.


5.    Tar éis don bhinse eadrána tuairimí an pháirtí eile a lorg, glacfaidh sé bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar aon cheist a tharraingeoidh páirtí anuas maidir le cosaint sonraí pearsanta, rúndacht ghairmiúil agus leasanna dlisteanacha rúndachta.

6.    Is é an binse eadrána a thabharfaidh breithiúnas ar inghlacthacht, ábharthacht agus neart na fianaise a tíolacadh.

AIRTEAGAL III.12

Éisteachtaí

1.    Nuair nach mór éisteacht a bheith ann, déanfaidh an binse eadrána, tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe, fógra a thabhairt do na páirtithe fada go leor roimh dháta, am agus áit na héisteachta.

2.    Is éisteacht phoiblí a bheidh ann, mura rud é go ndéanfaidh an binse eadrána, uaidh féin nó ar iarratas ó na páirtithe, a mhalairt a chinneadh ar chúiseanna tromaí.

3.    Déanfaidh cathaoirleach an bhinse eadrána miontuairiscí gach éisteachta a tharraingt suas agus a shíniú. Is iad na miontuairiscí sin amháin a bheidh barántúil.

4.    Féadfaidh an binse eadrána cinneadh a dhéanamh an éisteacht a thionól go fíorúil de réir chleachtas an Bhiúró Idirnáisiúnta. Cuirfear na páirtithe ar an eolas faoin gcleachtas sin go tráthúil. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag mír 1, mutatis mutandis, agus ag mír 3.


AIRTEAGAL III.13

Réamhshocrú

1.    Más rud é, laistigh den teorainn ama a leagtar síos leis an bhFoscríbhinn seo nó ag an mbinse eadrána, nach mbeidh a ráiteas éilimh curtha isteach ag an iarratasóir, gan cúis leordhóthanach a thaispeáint, ordóidh an binse eadrána go gcuirfear clabhsúr leis na himeachtaí eadrána, mura mbeidh ceisteanna gan réiteach ann a bhféadfadh gá a bheith le rialú ina leith agus más cuí leis an mbinse eadrána déanamh amhlaidh.

Más rud é, laistigh den teorainn ama a leagtar síos leis an bhFoscríbhinn seo nó ag an mbinse eadrána, nach mbeidh a fhreagra ar an bhfógra eadrána nó a ráiteas cosanta curtha isteach ag an gcosantóir, gan cúis leordhóthanach a thaispeáint, ordóidh an binse eadrána go leanfar leis na himeachtaí, gan a mheas gurb ionann an mhainneachtain féin agus glacadh líomhaintí an iarratasóra.

Tá feidhm ag an dara fomhír freisin i gcás nach gcuireann an t‑iarratasóir freagra ar fhrithéileamh isteach.

2.    Mura dtiocfaidh páirtí, a chomórfar go cuí i gcomhréir le hAirteagal III.12(1), i láthair ag éisteacht agus mura léireoidh sé cúis leordhóthanach gan déanamh amhlaidh, féadfaidh an binse eadrána leanúint den eadráin.

3.    Páirtí ar iarr an binse eadrána air go cuí tuilleadh fianaise a thabhairt ar aird, mura ndéanfaidh sé amhlaidh laistigh de na teorainneacha ama a shocraítear gan cúis leordhóthanach a thaispeáint gan déanamh amhlaidh, féadfaidh an binse eadrána rialú a thabhairt ar bhonn na fianaise a bheidh ar fáil aige.


AIRTEAGAL III.14

Dúnadh an nós imeachta

1.    I gcás ina léirítear go raibh deis réasúnach ag na páirtithe a nargóintí a chur i láthair, féadfaidh an binse eadrána dúnadh na nimeachtaí a dhearbhú.

2.    Féadfaidh an binse eadrána, má mheasann sé gur gá sin mar gheall ar imthosca eisceachtúla, cinneadh a dhéanamh ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó pháirtí na himeachtaí a athoscailt tráth ar bith sula mbeidh a chinneadh déanta aige.

CAIBIDIL IV

CINNEADH

AIRTEAGAL IV.1

Cinntí

Féachfaidh an binse eadrána lena chinntí a dhéanamh de chomhthoil. Más rud é, áfach, nach féidir cinneadh a dhéanamh de chomhthoil, is é tromlach na n‑eadránaithe a dhéanfaidh cinneadh an bhinse eadrána.


AIRTEAGAL IV.2

Foirm agus éifeacht an chinnidh ón mbinse eadrána

1.    Féadfaidh an binse eadrána cinntí ar leithligh a dhéanamh ar cheisteanna éagsúla ag tráthanna éagsúla.

2.    Eiseofar gach cinneadh i scríbhinn agus luafar iontu na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe. Beidh siad críochnaitheach agus ina gceangal ar na páirtithe.

3.    Síneoidh na headránaithe cinneadh an bhinse eadrána , beidh ann an dáta a rinneadh é agus luafar ann an áit eadrána. Cuirfidh an Biúró Idirnáisiúnta cóip den chinneadh arna shíniú ag na headránaithe in iúl do na páirtithe.

4.    Déanfaidh an Biúró Idirnáisiúnta cinneadh an bhinse eadrána a phoibliú.

Le linn don Bhiúró Idirnáisiúnta cinneadh an bhinse eadrána a phoibliú, urramóidh sé na rialacha ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta, rúndacht ghairmiúil agus leasanna dlisteanacha rúndachta.

Beidh na rialacha dá dtagraítear sa dara fomhír comhionann le haghaidh na gcomhaontuithe déthaobhacha uile i réimsí an mhargaidh inmheánaigh ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach agus le haghaidh an Chomhaontaithe maidir le sláinte, an Chomhaontaithe maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta agus an Chomhaontaithe maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise. Déanfaidh an Comhchoiste na rialacha sin a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta le cinneadh chun críocha an Chomhaontaithe.

5.    Comhlíonfaidh na páirtithe cinntí uile an bhinse eadrána gan mhoill.


6.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Phrótacal, tar éis don bhinse eadrána tuairim na bpáirtithe a fháil, socróidh sé teorainn ama réasúnach sa chinneadh ar shubstaint an cháis chun a chinneadh a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 10(5) den Phrótacal agus nósanna imeachta inmheánacha na bpáirtithe á gcur san áireamh.

AIRTEAGAL IV.3

An dlí is infheidhme, rialacha maidir le léiriú, idirghabhálaí

1.    Is éard atá sa dlí is infheidhme an Comhaontú, gníomhartha dlí an Aontais dá dtagraítear ann, chomh maith le haon riail eile den dlí idirnáisiúnta atá ábhartha maidir le cur i bhfeidhm na nionstraimí sin.

2.    Déanfaidh an binse eadrána cinneadh i gcomhréir leis na rialacha maidir le léiriú dá dtagraítear in Airteagal 7 den Phrótacal.

3.    Cinntí roimh ré arna nglacadh ag comhlacht um réiteach díospóidí maidir le comhréireacht beart cúiteach faoi chomhaontú déthaobhach eile i measc na gcinntí sin dá dtagraítear in Airteagal 11(1) den Phrótacal, beidh siad ina gceangal ar an mbinse eadrána.

4.    Ní cheadófar don bhinse eadrána cinneadh a dhéanamh mar idirghabhálaí ná ex aequo et bono.


AIRTEAGAL IV.4

Réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach nó cúiseanna eile chun an nós imeachta a dhúnadh

1.    Féadfaidh na páirtithe, tráth ar bith, réiteach ar a ndíospóid a chomhaontú go frithpháirteach. Cuirfidh siad aon réiteach den sórt sin in iúl go comhpháirteach don bhinse eadrána. Má éilítear formheas leis an réiteach de bhun nósanna imeachta intíre ábhartha ceachtar páirtí, déanfar tagairt san fhógra don cheanglas sin, agus cuirfear an nós imeachta eadrána ar fionraí. Mura gá formheas den sórt sin, nó nuair a bheidh fógra tugtha faoi thabhairt chun críche aon nós imeachta intíre den sórt sin, déanfar an nós imeachta eadrána a dhúnadh.

2.    Más rud é, le linn imeachtaí, go gcuirfidh an tiarratasóir in iúl i scríbhinn don bhinse eadrána nach mian leis na himeachtaí a shaothrú tuilleadh, agus más rud é, ar an dáta a gheobhaidh an binse eadrána an chumarsáid sin, nach bhfuil aon bheart déanta fós ag an gcosantóir sna himeachtaí, eiseoidh an binse eadrána ordú ina dtaifeadfar go hoifigiúil clabhsúr na nimeachtaí. Déanfaidh an binse eadrána cinneadh maidir leis na costais, a íocfaidh an tiarratasóir, má dhealraíonn sé go bhfuil údar leis sin de bharr iompar an pháirtí sin.

3.    Más rud é, sula ndéantar cinneadh an bhinse eadrána, go dtagann an binse eadrána ar an gconclúid go bhfuil sé gan chiall nó dodhéanta leanúint de na himeachtaí ar aon chúis seachas na cúiseanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, cuirfidh an binse eadrána in iúl do na páirtithe go bhfuil sé ar intinn aige ordú a eisiúint lena gcuirfear clabhsúr leis na himeachtaí.

Níl feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina bhfuil ceisteanna gan réiteach ann ar féidir gur gá rialú ina leith agus más cuí leis an mbinse eadrána déanamh amhlaidh.


4.    Cuirfidh an binse eadrána in iúl do na páirtithe cóip den ordú lena gcuirtear clabhsúr leis na himeachtaí eadrána nó den chinneadh a rinneadh trí chomhaontú idir na páirtithe, agus í sínithe ag na headránaithe. Beidh feidhm ag Airteagal IV.2(2) go (5) maidir le cinntí eadrána a ghlacfar trí chomhaontú idir na páirtithe.

AIRTEAGAL IV.5

Cinneadh an bhinse eadrána a cheartú

1.    Laistigh de 30 lá tar éis cinneadh an bhinse eadrána a fháil, féadfaidh páirtí, trí fhógra a thabhairt don pháirtí eile agus don bhinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta, a iarraidh ar an mbinse eadrána aon earráid sa ríomh, aon earráid chléireachais nó chló, nó aon earráid nó easnamh dá samhail a cheartú i dtéacs chinneadh an bhinse eadrána. I gcás ina measfaidh sé go bhfuil údar cuí leis an iarraidh, déanfaidh an binse eadrána an ceartú laistigh de 45 lá tar éis dó an iarraidh a fháil. Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag an iarraidh ar an teorainn ama dá bhforáiltear in Airteagal IV.2(6).

2.    Féadfaidh an binse eadrána, laistigh de 30 lá tar éis dó a chinneadh a chur in iúl, na ceartúcháin dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh ar a thionscnamh féin.

3.    Déanfar na ceartúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i scríbhinn agus beidh siad ina gcuid dhílis den chinneadh. Beidh feidhm ag Airteagal IV.2(2) go (5).


AIRTEAGAL IV.6

Táillí eadránaithe

1.    Beidh na táillí dá dtagraítear in Airteagal IV.7 réasúnta, agus castacht an cháis, an tam a chaitheann na headránaithe air agus na cúinsí ábhartha eile go léir á gcur san áireamh.

2.    Déanfar liosta de chúiteamh laethúil agus de na huaireanta uasta agus íosta, a bheidh i gcoiteann ag gach comhaontú déthaobhach sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach chomh maith leis an gComhaontú maidir le sláinte, an Comhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta agus an Comhaontú maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise, a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta nuair is gá. Déanfaidh an Comhchoiste an liosta sin a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta le cinneadh chun críocha an Chomhaontaithe.

AIRTEAGAL IV.7

Costais

1.    Iompróidh gach páirtí a chostais féin agus leath de chostais an bhinse eadrána.

2.    Socróidh an binse eadrána a chostais ina chinneadh ar shubstaint an cháis. Ní áireofar ar na costais sin ach an méid seo a leanas:

(a)    táillí na neadránaithe, a luafar ar leithligh le haghaidh gach eadránaí agus a shocróidh an binse eadrána féin i gcomhréir le hAirteagal IV.6;


(b)    costais taistil agus costais eile arna dtabhú ag na headránaithe; agus

(c)    táillí agus costais an Bhiúró Idirnáisiúnta.

3.    Beidh na costais dá dtagraítear i mír 2 réasúnach, agus an méid atá faoi dhíospóid, castacht na díospóide, an tam a chaith na headránaithe agus aon saineolaí arna cheapadh ag an mbinse eadrána uirthi agus aon toisc ábhartha eile á gcur san áireamh.

AIRTEAGAL IV.8

Costais a thaisceadh

1.    Ag tús na headrána, féadfaidh an Biúró Idirnáisiúnta a iarraidh ar na páirtithe méid comhionann a thaisceadh mar réamhíocaíocht le haghaidh na gcostas dá dtagraítear in Airteagal IV.7(2).

2.    Le linn na nimeachtaí eadrána, féadfaidh an Biúró Idirnáisiúnta taiscí atá forlíontach leo siúd dá dtagraítear i mír 1 a iarraidh ar na páirtithe.

3.    Déanfar na méideanna uile arna dtaisceadh ag na páirtithe i gcur i bhfeidhm an Airteagail seo a íoc leis an mBiúró Idirnáisiúnta agus íocfaidh sé amach iad chun na costais a tabhaíodh iarbhír a chumhdach, lena náirítear, go háirithe, na táillí arna níoc leis na headránaithe agus leis an mBiúró Idirnáisiúnta.


CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

AIRTEAGAL V.1

Leasuithe

Féadfaidh an Comhchoiste, le cinneadh, leasuithe ar an bhFoscríbhinn seo a ghlacadh.

PRÓTACAL MAIDIR LE STÁTCHABHAIR  

A GHABHANN LEIS AN gCOMHAONTÚ
IDIR AN COMHPHOBAL EORPACH
AGUS CÓNAIDHM NA hEILVÉISE
MAIDIR LE hIOMPAR EARRAÍ AGUS PAISINÉIRÍ
D’IARNRÓD AGUS DE BHÓTHAR

TÁ AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtearan tAontas’ anseo feasta,

   de pháirt,

agus

CÓNAIDHM NA hEILVÉISE, dá ngairtear an Eilvéis anseo feasta,

   den pháirt eile,

dá ngairtear Páirtí Conarthach ina n‑aonar anseo feasta agus dá ngairtear na Páirtithe Conarthacha i gcomhpháirt anseo feasta,

ARB É IS AIDHM DÓIBH rannpháirtíocht na hEilvéise agus a gnóthais i margadh inmheánach an Aontais a neartú agus a dhoimhniú, ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach ar bhonn an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar, arna dhéanamh i Lucsamburg an 21 Meitheamh 1999 (dá ngairtear an “Comhaontú” anseo feasta);

Á AITHINT DÓIBH go n‑éilíonn feidhmiú cuí agus aonchineálacht i réimsí an mhargaidh inmheánaigh ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach cothrom iomaíochta don iomaíocht idir gnóthais na hEilvéise agus gnóthais an Aontais bunaithe ar rialacha substainteacha agus ar rialacha nós imeachta atá coibhéiseach leo siúd a bhfuil feidhm acu sa mhargadh inmheánach a mhéid a bhaineann le Státchabhair;

AG ATHDHEABHRÚ DÓIBH neamhspleáchas na bPáirtithe Conarthacha agus ról agus inniúlachtaí a n‑institiúidí agus, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, urraim do na prionsabail a eascraíonn as a hord bunreachtúil, lena n‑áirítear daonlathas díreach, scaradh na gcumhachtaí agus feidearálachas;

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:


AIRTEAGAL 1

Cuspóirí

Is iad cuspóirí an Phrótacail seo cothrom iomaíochta a áirithiú don iomaíocht idir gnóthais an Aontais agus na hEilvéise i réimsí an mhargaidh inmheánaigh a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a ráthú trí rialacha substainteacha agus nós imeachta a leagan síos maidir le Státchabhair.

AIRTEAGAL 2

Ceangal leis an gComhaontú

Is cuid dhílis den Chomhaontú iad an Prótacal seo agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis. Ní athróidh siad raon feidhme ná cuspóirí an Chomhaontaithe.

AIRTEAGAL 3

Státchabhair

1.    Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt sa Chomhaontú, aon chabhair a thabharfaidh an Eilvéis nó Ballstáit den Aontas nó a thabharfar trí acmhainní Stáit i bhfoirm ar bith, agus a bhéarfaidh nó is baolach a bhéarfadh saobhadh ar iomaíocht trí thaobhú le gnóthais áirithe nó le táirgeadh earraí áirithe, beidh sí ar neamhréir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, a mhéid a dhéanann sí difear don trádáil idir na Páirtithe Conarthacha faoi raon feidhme an Chomhaontaithe.


2.    Beidh na nithe seo a leanas i gcomhréir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh:

(a)    cabhair de chineál comhdhaonnach do thomhaltóirí aonair, ar choinníoll go dtugtar an chabhair sin gan idirdhealú maidir le tionscnamh na dtáirgí lena mbaineann;

(b)    cabhair chun an damáiste a dhéanann tubaiste nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla a chur ina gceart;

(c)    cabhair a chomhlíonann riachtanais chomhordú an iompair nó cabhair arb ionann í agus aisíocaíocht as oibleagáidí áirithe a chomhlíonadh ar ghné dhílis de choincheap na seirbhíse poiblí iad;

(d)    na bearta a leagtar amach i Roinn A d’Iarscríbhinn I.

3.    Féadfar a mheas go bhfuil na nithe seo a leanas i gcomhréir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh:

(a)    cabhair chun forbairt eacnamaíoch ceantair ina bhfuil an caighdeán maireachtála an íseal nó ina bhfuil dífhostaíocht thromchúiseach a chur chun cinn;

(b)    cabhair chun cur i gcrích tionscadail thábhachtaigh ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne, nó ar mhaithe le leas coiteann na bPáirtithe Conarthacha a chur chun cinn, nó chun suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit den Aontas nó na hEilvéise a leigheas;

(c)    cabhair chun forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, i gcás nach ndéanann an chabhair sin dochar do dhálaí trádála a mhéid a bheadh contrártha do leas na bPáirtithe Conarthacha;


(d)    cabhair chun cultúr agus caomhnú na hoidhreachta a chur chun cinn i gcás nach ndéanann an chabhair sin difear do dhálaí trádála ná d’iomaíocht a mhéid a bheadh bunoscionn le leas na bPáirtithe Conarthacha;

(e)    na catagóirí cabhrach a leagtar amach i Roinn B d’Iarscríbhinn I.

4.    Maidir le cabhair a dheonaítear i gcomhréir le Roinn C d’Iarscríbhinn I, toimhdeofar go bhfuil sí comhoiriúnach le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus beidh díolúine aici ó na ceanglais maidir le fógra a thabhairt faoi Airteagal 4.

5.    Cabhair arna deonú do ghnóthais arb é a gcúram seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a oibriú nó seirbhísí de chineál monaplachta fioscaí, beidh sí faoi réir na rialacha sa Phrótacal seo, a mhéid nach dtiocfaidh de na rialacha sin a chur i bhfeidhm bac ar chomhlíonadh, le dlí nó le gníomh, na gcúraimí áirithe a sannadh dóibh. Níor cheart difear a dhéanamh d’fhorbairt na trádála a mhéid a bheadh contrártha do leas na bPáirtithe Conarthacha.

6.    Ní bheidh feidhm ag an bPrótacal seo maidir le cabhair i gcás inarb ionann an méid a dheonaítear do ghnóthas aonair le haghaidh gníomhaíochtaí faoi raon feidhme an Chomhaontaithe agus cabhair de minimis mar a leagtar amach i Roinn D d’Iarscríbhinn I.

7.    Féadfaidh an Comhchoiste a chinneadh Ranna A agus B d’Iarscríbhinn I a thabhairt cothrom le dáta trí bhearta a shonrú a bheidh comhoiriúnach, nó catagóirí cabhrach a d’fhéadfaí a mheas a bheith comhoiriúnach, le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.


AIRTEAGAL 4

Faireachas

1.    Chun críocha Airteagal 1, déanfaidh an tAontas, i gcomhréir le dáileadh na ninniúlachtaí idir an tAontas agus a Bhallstáit, agus an Eilvéis, i gcomhréir lena ord bunreachtúil inniúlachtaí, maoirseacht ar chur i bhfeidhm na rialacha maidir leis an státchabhair ina gcríoch féin i gcomhréir leis an bPrótacal seo.

2.    Chun críocha an Prótacal seo a chur chun feidhme, coinneoidh an tAontas córas faireachais Státchabhrach ar bun i gcomhréir le hAirteagail 93, 106, 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh arna fhorlíonadh le gníomhartha dlí an Aontais i réimse na Státchabhrach agus le gníomhartha dlí an Aontais a bhaineann le Státchabhair in iompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar a liostaítear i bpointe 1 de Roinn A d’Iarscríbhinn II.

3.    Chun críocha chur chun feidhme an Phrótacail seo, déanfaidh an Eilvéis, laistigh de 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo, córas faireachais Státchabhrach a bhunú agus a choinneáil ar bun lena náiritheofar i gcónaí leibhéal faireachais agus forfheidhmithe atá coibhéiseach leis an leibhéal atá i bhfeidhm san Aontas, mar a leagtar amach i mír 2, lena náirítear an méid seo a leanas:

(a)    údarás faireachais neamhspleách; agus

(b)    nósanna imeachta chun a áirithiú go ndéanfaidh an túdarás faireachais athbhreithniú ar chomhoiriúnacht na cabhrach le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, lena náirítear an méid seo a leanas:

(i)    réamhfhógra a thabhairt don údarás faireachais maidir le cabhair phleanáilte;


(ii)    measúnú arna dhéanamh ag an údarás faireachais ar chabhair faoina dtugtar fógra agus ar a inniúlacht athbhreithniú a dhéanamh ar chabhair nár tugadh fógra ina leith;

(iii)    agóid a dhéanamh os comhair an údaráis bhreithiúnaigh inniúil, le héifeacht fionraíochta ón uair a bheidh an gníomh inchonspóide, maidir le cabhair a mheasann an túdarás faireachais a bheith ar neamhréir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh; agus

(iv)    aisghabháil, lena náirítear ús, cabhrach a deonaíodh agus a cinneadh a bheith ar neamhréir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

4.    I gcomhréir le hord bunreachtúil inniúlachtaí na hEilvéise, níl feidhm ag mír 3, pointe (b)(iii) agus (iv) maidir le gníomhartha de chuid Thionól Cónaidhme na hEilvéise ná de chuid Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise.

5.    I gcás nach féidir le húdarás faireachais na hEilvéise agóid a dhéanamh i gcoinne chabhair Thionól Cónaidhme na hEilvéise nó chabhair Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise os comhair údarás breithiúnach, mar gheall ar a theorainneacha inniúlachta faoi ord bunreachtúil na hEilvéise, déanfaidh sé agóid in aghaidh chur i bhfeidhm na cabhrach sin ag údaráis eile i ngach cás sonrach. Má chinneann an túdarás breithiúnach nach bhfuil an chabhair sin comhoiriúnach le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, cuirfidh údaráis bhreithiúnacha agus riaracháin inniúla na hEilvéise an cinneadh sin san áireamh agus measúnú á dhéanamh acu ar cé acu ba cheart nó nár cheart an chabhair sin a chur i bhfeidhm sa chás atá os a gcomhair.


AIRTEAGAL 5

Cabhair atá ann cheana

1.    Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4(3), pointe (b) maidir le cabhair atá ann cheana, lena náirítear scéimeanna cabhrach agus cabhair aonair.

2.    Chun críocha an Phrótacail seo, áireofar sa chabhair atá ann cheana cabhair arna deonú roimh theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo agus laistigh de thréimhse 5 bliana ón dáta sin.

3.    Laistigh de 12 mhí ó dháta bunaithe an chórais faireachais de bhun Airteagal 4(3), gheobhaidh an túdarás faireachais forléargas ar na scéimeanna cabhrach atá ann cheana laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe atá fós i bhfeidhm agus déanfaidh sé measúnú prima facie ar na scéimeanna sin in aghaidh na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 3.

4.    Beidh gach scéim cabhrach atá ann cheana san Eilvéis faoi réir athbhreithniú leanúnach ag an údarás faireachais maidir lena gcomhoiriúnacht le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh de bhun mhíreanna 5, 6 agus 7.

5.    Má mheasann an túdarás faireachais nach bhfuil scéim cabhrach atá ann cheana comhoiriúnach, nó nach bhfuil sí comhoiriúnach a thuilleadh, le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, cuirfidh sé na húdaráis inniúla ar an eolas faoin oibleagáid an Prótacal seo a chomhlíonadh. Má dhéantar scéim cabhrach den sórt sin a leasú nó a fhoirceannadh, cuirfidh na húdaráis inniúla an túdarás faireachais ar an eolas.

6.    Má mheasann an túdarás faireachais go bhfuil na bearta arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla iomchuí chun comhoiriúnacht na scéime cabhrach le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, foilseoidh sé na bearta sin.


7.    D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, má mheasann an túdarás faireachais go bhfuil an scéim cabhrach fós ar neamhréir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, foilseoidh an túdarás faireachais a mheasúnú agus cuirfidh sé i gcoinne chur i bhfeidhm na scéime cabhrach sin i ngach cás sonrach, i gcomhréir le hAirteagal 4(3), pointe (b)(iii), agus Airteagal 4(5).

8.    Chun críocha an Phrótacail seo, má leasaítear scéim cabhrach atá ann cheana ar bhealach a dhéanfaidh difear do chomhoiriúnacht na cabhrach le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, measfar gur cabhair nua í an chabhair agus, dá bhrí sin, beidh sí faoi réir Airteagal 4(3), pointe (b).

AIRTEAGAL 6

Trédhearcacht

1.    Maidir le cabhair a dheonaítear ina gcríoch, áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha trédhearcacht. I gcás an Aontais, beidh trédhearcacht bunaithe ar rialacha substainteacha agus ar rialacha nós imeachta a bhfuil feidhm acu san Aontas maidir le Státchabhair faoi raon feidhme an Chomhaontaithe. I gcás na hEilvéise, beidh trédhearcacht bunaithe ar rialacha substainteacha agus ar rialacha nós imeachta atá coibhéiseach leo siúd a bhfuil feidhm acu san Aontas maidir le Státchabhair faoi raon feidhme an Chomhaontaithe.

2.    Áiritheoidh gach Páirtí Conarthach, maidir lena chríoch agus mura bhforáiltear a mhalairt sa Phrótacal seo, go bhfoilseofar na nithe seo a leanas:

(a)    cabhair a deonaíodh;

(b)    tuairimí nó cinntí a údarás faireachais;


(c)    rialuithe na núdarás breithiúnach inniúil maidir le comhoiriúnacht na cabhrach le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh; agus

(d)    treoirlínte agus teachtaireachtaí arna gcur i bhfeidhm ag a húdaráis faireachais.

AIRTEAGAL 7

Téarmaí comhair

1.    Oibreoidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhar agus malartóidh siad faisnéis maidir le Státchabhair, faoi réir a ndlíthe féin agus na nacmhainní a bheidh ar fáil.

2.    Chun na rialacha substainteacha maidir le Státchabhair agus forbairt chomhchuí na rialacha sin a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a léirmhíniú go haonfhoirmeach:

(a)    oibreoidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhar le chéile agus rachaidh siad i gcomhairle le chéile maidir leis na treoirlínte agus na teachtaireachtaí ábhartha dá dtagraítear i Roinn B d’Iarscríbhinn II; agus

(b)    tabharfaidh údaráis faireachais na bPáirtithe Conarthacha socruithe i gcrích maidir le malartú tráthrialta faisnéise, lena náirítear maidir leis na himpleachtaí do chur i bhfeidhm na rialacha maidir le cabhair atá ann cheana.


AIRTEAGAL 8

Comhairliúcháin

1.    Arna iarraidh sin do Pháirtí Conarthach, rachaidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhairle le chéile, laistigh den Chomhchoiste, maidir le hábhair a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail seo.

2.    I gcás forbairtí a bhaineann le leasanna tábhachtacha Páirtí Chonarthaigh a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oibriú an Phrótacail seo, tiocfaidh an Comhchoiste le chéile, arna iarraidh sin do Pháirtí Conarthach, ar ardleibhéal iomchuí laistigh de 30 lá ón iarraidh sin chun an tábhar a phlé.

AIRTEAGAL 9

Gníomhartha dlí a chomhtháthú

1.    D’ainneoin Airteagal 5 den Phrótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar (dá ngairtear an ‘Prótacal Institiúideach’ anseo feasta), chun críocha Airteagal 3(4) agus (6) agus Airteagal 4(2) agus (3), agus chun deimhneacht dhlíthiúil agus aonchineálacht an dlí a ráthú i réimsí an mhargaidh inmheánaigh ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach de bhua an Chomhaontaithe, áiritheoidh an Eilvéis agus an tAontas go ndéanfar gníomhartha dlí an Aontais arna nglacadh sna réimsí a chumhdaítear le Ranna C agus D d’Iarscríbhinn I chomh maith le Roinn A d’Iarscríbhinn II a chomhtháthú sna hIarscríbhinní sin a luaithe is féidir tar éis a nglactha.


2.    Nuair a ghlacfaidh an tAontas gníomh dlí sa réimse a chumhdaítear le Ranna C agus D d’Iarscríbhinn I nó le Roinn A d’Iarscríbhinn II, cuirfidh sé an Eilvéis ar an eolas faoi sin a luaithe is féidir tríd an gComhchoiste. Arna iarraidh sin do cheachtar de na Páirtithe Conarthacha, déanfaidh an Comhchoiste tuairimí a mhalartú ar an ábhar sin.

3.    Gníomhóidh an Comhchoiste i gcomhréir le mír 1 trí chinneadh a ghlacadh a luaithe is féidir chun Roinn C agus Roinn D d’Iarscríbhinn I agus Roinn A d’Iarscríbhinn II a leasú, lena náirítear na hoiriúnuithe is gá.

4.    Faoi réir Airteagal 6 den Phrótacal Institiúideach, tiocfaidh cinntí an Chomhchoiste de bhun mhír 3 den Airteagal seo i bhfeidhm láithreach, ach ní thiocfaidh siad i bhfeidhm i gcás ar bith roimh an dáta a thiocfaidh an gníomh dlí comhfhreagrach de chuid an Aontais chun bheith infheidhme san Aontas.

AIRTEAGAL 10

Teacht i bhfeidhm

1.    Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha an Prótacal seo a dhaingniú nó a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Tabharfaidh gach Páirtí Conarthach fógra don Pháirtí Conarthach eile faoi chur i gcrích na nósanna imeachta inmheánacha is gá do theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo.

2.    Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an fhógra dheireanaigh maidir leis na hionstraimí seo a leanas:

(a)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;


(b)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

(c)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(d)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(e)    Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(f)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;

(g)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;

(h)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta;

(i)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(j)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;


(k)    an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú;

(l)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gcláir de chuid an Aontais;

(m)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis.

AIRTEAGAL 11

Leasú agus foirceannadh

1.    Féadfar an Prótacal seo a leasú tráth ar bith trí chomhaontú frithpháirteach na bPáirtithe Conarthacha.

2.    I gcás ina bhfoirceannfar an Comhaontú i gcomhréir le hAirteagal 58(3) den Chomhaontú, scoirfidh an Prótacal seo d’fheidhm a bheith aige ar an dáta dá dtagraítear in Airteagal 58(4) den Chomhaontú.

3.    I gcás ina scoirfidh an Comhaontú de bheith i bhfeidhm, caomhnófar na cearta agus na hoibleagáidí a fuair daoine aonair agus gnóthais cheana féin de bhua an Chomhaontaithe roimh dháta scoir an Chomhaontaithe. Socróidh na Páirtithe Conarthacha trí chomhaontú frithpháirteach cén ghníomhaíocht a bheidh le déanamh i ndáil le cearta atá á bhfáil.


Arna dhéanamh [i/sa/san …], an […], i ndúblach, sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus tá gach téacs díobh barántúil.

Á FHIANÚ SIN, chuir na daoine thíos‑sínithe, agus údar cuí acu chuige sin, a lámh leis an bPrótacal seo.

(Bloc na sínithe, amhail an méid seo a leanas, i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais: ‘Thar ceann an Aontais Eorpaigh’ agus ‘Thar ceann Chónaidhm na hEilvéise’)

IARSCRÍBHINN I

DÍOLÚINTÍ AGUS SOILÉIRITHE

ROINN A

BEARTA ATÁ COMHOIRIÚNACH D’FHEIDHMIÚ CUÍ
AN MHARGAIDH INMHEÁNAIGH, DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3(2), POINTE (d)

Beidh na bearta seo a leanas comhoiriúnach le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus ní bheidh siad faoi réir Airteagal 4(3), pointe (b):

[…].

ROINN B

CATAGÓIRÍ CABHRACH A D’FHÉADFAÍ A MHEAS A BHEITH COMHOIRIÚNACH
LE FEIDHMIÚ CUÍ AN MHARGAIDH INMHEÁNAIGH,

DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3(3), POINTE (e)

Féadfar a mheas go bhfuil na catagóirí cabhrach seo a leanas i gcomhréir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh:

[…].


ROINN C

BLOCDHÍOLÚINTÍ, DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3(4)

Toimhdeofar go bhfuil cabhair comhoiriúnach le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus beidh díolúine aici ó na ceanglais maidir le fógra a thabhairt faoi Airteagal 4, má dheonaítear í i gcomhréir leis na coinníollacha substainteacha a leagtar amach sna forálacha seo a leanas:

(1)    Caibidlí I agus III de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh, (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1), arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) 2023/1315 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2023 (IO L 167, 30.6.2023, lch. 1);

(2)    Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle, (IO L 315, 3.12.2007, lch. 1), arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) 2016/2338 an 14 Nollaig 2016 (IO L 354, 23.12.2016, lch. 22). I gcás na hEilvéise, tuigfear Airteagal 9 cé is moite d’Airteagail 5 agus 5a den Rialachán sin, faoi na téarmaí dá dtagraítear in Airteagal 24a(5) den Chomhaontú.


ROINN D

CABHAIR DE MINIMIS, DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3(6)

Beidh an bhrí chéanna ag ‘cabhair de minimis’ is atá aici i Rialachán (AE) 2023/2831 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cabhair de minimis (IO L, 2023/2831, 15.12.2023).

Maidir le cabhair a dheonaítear do ghnóthais a gcuirtear ar a n‑iontaoibh seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a oibriú, beidh ag ‘cabhair de minimis’ an bhrí atá aici i Rialachán (AE) Uimh. 2023/2832 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2023 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cabhair de minimis a dheonaítear do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (IO L, 2023/2832, 15.12.2023).

________________

IARSCRÍBHINN II

GNÍOMHARTHA GINEARÁLTA AGUS EARNÁLA IS INFHEIDHME SAN AONTAS EORPACH
DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4(2)

ROINN A

GNÍOMHARTHA GINEARÁLTA AGUS EARNÁLA

(1)    Chun críocha an Phrótacail seo agus de bhun Airteagal 4(2), cuirfidh an tAontas na gníomhartha seo a leanas i bhfeidhm:

(a)    Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 248, 24.9.2015, lch. 9);

(b)    Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ó gCoimisiún an 21 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle (IO L 140, 30.4.2004, lch. 1), arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) 2016/2105 ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2016 (IO L 327, 2.12.2016, lch. 19);

(c)    Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1), arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) 2023/1315 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2023 (IO L 167, 30.6.2023, lch. 1);


(d)    Rialachán (AE) 2023/2831 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cabhair de minimis (IO L, 2023/2831, 15.12.2023);

(e)    Rialachán (AE) 2023/2832 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 maidir le hAirteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar chabhair de minimis arna deonú do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí ar lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (IO L, 2023/2832, 15.12.2023);

(f)    Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród agus de bhóthar agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle, (IO L 315, 3.12.2007, lch. 1), arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) 2016/2338 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 (IO L 354, 23.12.2016, lch. 22).

(2)    Chun críocha an Phrótacail seo agus de bhun Airteagal 4(3), déanfaidh an Eilvéis córas faireachais Státchabhrach a bhunú agus a choinneáil ar bun lena náiritheofar i gcónaí leibhéal faireachais agus forfheidhmithe atá coibhéiseach leis an leibhéal a chuireann an tAontas i bhfeidhm, mar a leagtar amach in Airteagal 4(2) agus i bpointe (1) den Roinn seo.


ROINN B

TREOIRLÍNTE, TEACHTAIREACHTAÍ AGUS CLEACHTAS CINNTEOIREACHTA
AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH

(1)    Chun críocha an Phrótacail seo agus de bhun Airteagal 4(3), tabharfaidh údarás faireachais na hEilvéise agus na húdaráis bhreithiúnacha inniúla san Eilvéis aird chuí ar na treoirlínte agus na teachtaireachtaí ábhartha atá ceangailteach ar an gCoimisiún Eorpach, agus leanfaidh siad a mhéid is féidir, chomh maith lena chleachtas cinnteoireachta, chun leibhéal faireachais agus forfheidhmithe atá coibhéiseach le leibhéal an Aontais a áirithiú.

(2)    Tabharfaidh an Coimisiún Eorpach fógra don Chomhchoiste faoi na treoirlínte agus na teachtaireachtaí a mheasann sé a bheith ábhartha faoin gComhaontú agus foilseoidh sé iad.

________________


An Bhruiséil,13.6.2025

COM(2025) 308 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, pacáiste leathain comhaontuithe chun an caidreamh déthaobhach le Cónaidhm na hEilvéise a chomhdhlúthú, a dhoimhniú agus a leathnú, agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis


PRÓTACAL LEASAITHEACH
I nDÁIL LE MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA

A GHABHANN LEIS AN gCOMHAONTÚ

IDIR AN COMHPHOBAL EORPACH

AGUS CÓNAIDHM NA hEILVÉISE

MAIDIR LE hAITHEANTAS FRITHPHÁIRTEACH

TÁ AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta

agus

CÓNAIDHM NA hEILVÉISE, dá ngairtear ‘an Eilvéis’ anseo feasta,

dá ngairtear ‘na Páirtithe Conarthacha’ anseo feasta;

AG FÉACHAINT don Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta, arna dhéanamh i Lucsamburg an 21 Meitheamh 1999, a tháinig i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2002 (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta);

DE BHRÍ gur chomhaontaigh na Páirtithe Conarthacha pacáiste déthaobhach leathan, lena n-áirítear an Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú seo, chun caidreamh frithpháirteach a chobhsú agus a fhorbairt sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach;

DE BHRÍ, faoi chuimsiú an phacáiste dhéthaobhaigh leathain sin, gur gá forálacha áirithe den Chomhaontú a thabhairt cothrom le dáta,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:


AIRTEAGAL 1

Leasuithe ar an gComhaontú

Leasaítear an Comhaontú mar a leanas:

(1)    Cuirtear an téacs seo a leanas in ionad Airteagal 1:

‘AIRTEAGAL 1

Cuspóir

1.    Deonaíonn an Comhphobal agus an Eilvéis leis seo glacadh go frithpháirteach le tuarascálacha, deimhnithe, údaruithe agus marcanna comhréireachta arna n-eisiúint ag na comhlachtaí a aithnítear i gcomhréir le nósanna imeachta an Chomhaontaithe seo (dá ngairtear ‘comhlachtaí aitheanta um measúnú comhréireachta’ anseo feasta) agus dearbhuithe comhréireachta ón monaróir lena ndeimhnítear comhréireacht le ceanglais an Pháirtí eile maidir le táirgí faoi Chaibidil 11, Roinn I, pointe A d’Iarscríbhinn 1 tráth theacht i bhfeidhm an Phrótacail leasaithigh a ghabhann leis an gComhaontú seo.


2.    Chun dúbailt nósanna imeachta a sheachaint, glacfaidh an Comhphobal agus an Eilvéis go frithpháirteach le tuarascálacha, deimhnithe agus údaruithe arna n-eisiúint ag comhlachtaí aitheanta um measúnú comhréireachta agus le dearbhuithe comhréireachta ón monaróir lena ndeimhnítear comhréireacht lena gceanglais faoi seach sna réimsí a chumhdaítear le hAirteagal 3. Léireofar sna tuarascálacha, sna deimhnithe, sna húdaruithe agus sna dearbhuithe comhréireachta ón monaróir go bhfuil siad i gcomhréir le reachtaíocht an Chomhphobail agus féadfaidh siad tagairt a dhéanamh d’fhorálacha comhfhreagracha na hEilvéise arna nglacadh nó arna gcoinneáil ar bun de bhun Airteagal 5(2) den Phrótacal Institiúideach. Greamófar marcanna comhréireachta a cheanglaítear le reachtaíocht ceann de na Páirtithe de tháirgí a chuirtear ar mhargadh an Pháirtí sin.’;

(2)    Cuirtear an téacs seo a leanas in ionad Airteagal 3:

‘AIRTEAGAL 3

Raon feidhme

1.    Cumhdaítear leis an gComhaontú seo na nósanna imeachta éigeantacha um measúnú comhréireachta a eascraíonn as na forálacha reachtacha, rialála agus riaracháin a liostaítear in Iarscríbhinn 1 agus a mhéid a bhaineann le forálacha a chumhdaítear le hAirteagal 1(2), forálacha comhfhreagracha na hEilvéise arna nglacadh nó arna gcoinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagal 5(2) den Phrótacal Institiúideach.


2.    Sainítear in Iarscríbhinn 1 na hearnálacha táirgí a chumhdaítear leis an gComhaontú seo. Roinntear an Iarscríbhinn ina caibidlí earnála agus déantar iad a fhoroinnt i bprionsabal mar a leanas:

Roinn I: Forálacha reachtacha, rialála agus riaracháin;

Roinn II: Comhlachtaí um measúnú comhréireachta;

Roinn III: Údaráis ainmniúcháin;

Roinn IV: Rialacha speisialta maidir le comhlachtaí um measúnú comhréireachta a ainmniú;

Roinn V: Aon fhoráil bhreise.

3.    Leagtar amach in Iarscríbhinn 2 na rialacha ginearálta is infheidhme maidir le comhlachtaí um measúnú comhréireachta a ainmniú.’;

(3)    Cuirtear an téacs seo a leanas in ionad Airteagal 9:

‘AIRTEAGAL 9

Cur chun feidhme an Chomhaontaithe

1.    Comhoibreoidh na Páirtithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go sásúil na forálacha reachtacha, rialála agus riaracháin a liostaítear in Iarscríbhinn 1 agus a mhéid a bhaineann le forálacha a chumhdaítear le hAirteagal 1(2), forálacha comhfhreagracha na hEilvéise arna nglacadh nó arna gcoinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagal 5(2) den Phrótacal Institiúideach.


2.    Dearbhóidh na húdaráis ainmniúcháin trí mhodhanna iomchuí an bhfuil na comhlachtaí aitheanta um measúnú comhréireachta faoina ndlínse ag cloí leis na prionsabail ghinearálta ainmniúcháin a liostaítear in Iarscríbhinn 2, faoi réir na bhforálacha a liostaítear i roinn IV faoi seach in Iarscríbhinn 1.

3.    Comhoibreoidh na comhlachtaí aitheanta um measúnú comhréireachta ar bhealach iomchuí faoi chuimsiú na hoibre comhordúcháin agus comparáide a dhéanfaidh gach ceann de na Páirtithe i leith na n-earnálacha a chumhdaítear le hIarscríbhinn 1 chun a áirithiú go ndéanfar na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá bhforáiltear i ndlíthe agus rialacháin na bPáirtithe a chumhdaítear leis an gComhaontú seo a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach. Déanfaidh na húdaráis ainmniúcháin a ndícheall chun a áirithiú go gcomhoibreoidh comhlachtaí aitheanta um measúnú comhréireachta ar bhealach iomchuí.’;

(4)    Cuirtear an téacs seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘AIRTEAGAL 10

Comhchoiste

1.    Bunaítear Comhchoiste leis seo (dá ngairtear ‘an Coiste’ anseo feasta).

Is ionadaithe ó na Páirtithe a bheidh ar an gCoiste.

2.    Beidh ionadaí ón Aontas agus ionadaí ón Eilvéis ina gcomhchathaoirligh ar an gCoiste.


3.    Déanfaidh an Coiste:

(a)    feidhmiú cuí agus riar agus cur i bhfeidhm éifeachtach an Chomhaontaithe seo a áirithiú;

(b)    fóram a sholáthar le haghaidh comhairliúchán frithpháirteach agus malartú leanúnach faisnéise idir na Páirtithe, go háirithe d’fhonn teacht ar réiteach ar aon deacracht a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe nó gnímh dlí de chuid an Aontais dá ndéantar tagairt sa Chomhaontú i gcomhréir le hAirteagal 10 den Phrótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú;

(c)    moltaí a chur faoi bhráid na bPáirtithe maidir le hábhair a bhaineann leis an gComhaontú seo;

(d)    cinntí a ghlacadh i gcás ina bhforáiltear dóibh sa Chomhaontú seo agus cinneadh a ghlacadh, ar thogra ó cheann de na Páirtithe, chun caibidlí a chur le hIarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú seo; agus

(e)    a bheith freagrach as an méid seo a leanas:

   an nós imeachta a tharraingt suas chun na fíoruithe dá bhforáiltear in Airteagal 7 a dhéanamh;

   an nós imeachta a tharraingt suas chun na fíoruithe dá bhforáiltear in Airteagal 8 a dhéanamh;


   cinneadh a dhéanamh maidir le haitheantas a thabhairt do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta a chonspóidtear faoi Airteagal 8;

   cinneadh a dhéanamh maidir le haitheantas a tharraingt siar do chomhlachtaí aitheanta um measúnú comhréireachta a chonspóidtear faoi Airteagal 8; agus

   i gcás inar gá chun comhleanúnachas a áirithiú, ar thogra ó cheann de na Páirtithe, cinneadh a ghlacadh Iarscríbhinn 2 a mhodhnú.

4.    Gníomhóidh an Coiste de chomhthoil.

Beidh Cinntí ina gceangal ar na Páirtithe, agus déanfaidh na Páirtithe na bearta uile is gá chun iad a chur chun feidhme.

5.    Tiocfaidh an Coiste le chéile uair sa bhliain ar a laghad, sa Bhruiséil agus i mBeirn gach re seach, mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt. Tiocfaidh sé le chéile freisin arna iarraidh sin do cheachtar de na Páirtithe. Féadfaidh na comhchathaoirligh a chomhaontú go dtionólfar cruinniú den Choiste trí fhíschomhdháil nó trí theileachomhdháil.

6.    Glacfaidh an Coiste a rialacha nós imeachta agus tabharfaidh sé cothrom le dáta iad de réir mar is gá.

7.    Féadfaidh an Coiste a chinneadh aon mheitheal nó aon ghrúpa saineolaithe a bhunú a bheidh in ann cúnamh a thabhairt dó chun a chuid dualgas a chomhlíonadh.’;


(5)    Cuirtear an téacs seo a leanas in ionad Airteagal 11:

‘AIRTEAGAL 11

Aitheantas, tarraingt siar aitheantais, modhnú ar an raon feidhme, agus fionraí comhlachtaí um measúnú comhréireachta

1.    Beidh feidhm ag an nós imeachta seo a leanas maidir le haitheantas a thabhairt do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta i ndáil leis na ceanglais a leagtar amach sna Caibidlí ábhartha d’Iarscríbhinn 1 agus maidir le forálacha a chumhdaítear le hAirteagal 1(2), forálacha comhfhreagracha na hEilvéise arna nglacadh nó arna gcoinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagal 5(2) den Phrótacal Institiúideach:

(a)    Aon Pháirtí ar mian leis aon chomhlacht um measúnú comhréireachta a aithint, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don Pháirtí eile faoina thogra, chuige sin, agus cuirfidh sé an fhaisnéis iomchuí lena iarraidh.

(b)    Má chomhaontaíonn an Páirtí eile leis an togra nó mura ndéanann sé aon agóid laistigh de 60 lá tar éis fógra a fháil faoin togra, measfar gur comhlacht aitheanta um measúnú comhréireachta é an comhlacht um measúnú comhréireachta faoi théarmaí Airteagal 5.

(c)    Má dhéanann an Páirtí eile agóidí i scríbhinn laistigh den tréimhse 60 lá sin, beidh feidhm ag Airteagal 8.


2.    Féadfaidh Páirtí an t-aitheantas atá ag comhlacht um measúnú comhréireachta faoina dhlínse a tharraingt siar nó a chur ar fionraí nó an fhionraí sin a bhaint. Tabharfaidh an Páirtí lena mbaineann fógra i scríbhinn láithreach don Pháirtí eile faoina chinneadh, mar aon le dáta an chinnidh sin. Gabhfaidh éifeacht ar an dáta sin le tarraingt siar, le fionraí nó le baint na fionraí. Léireofar tarraingt siar nó fionraí den sórt sin ar liosta coiteann na gcomhlachtaí aitheanta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn 1.

3.    Féadfaidh Páirtí a mholadh go leasófar raon feidhme gníomhaíochta comhlachta aitheanta um measúnú comhréireachta faoina dhlínse. I gcás síntí ar an raon feidhme agus laghduithe ar an raon feidhme, beidh feidhm ag na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11(1) agus (2) faoi seach.

4.    Féadfaidh Páirtí, in imthosca eisceachtúla, inniúlacht theicniúil comhlachta aitheanta um measúnú comhréireachta atá faoi dhlínse an Pháirtí eile a chonspóid. Sa chás sin, beidh feidhm ag Airteagal 8.

5.    Tuarascálacha, deimhnithe, údaruithe agus marcanna comhréireachta arna n-eisiúint ag comhlacht um measúnú comhréireachta tar éis an dáta a rinneadh an t-aitheantas a tharraingt siar nó a chur ar fionraí, ní gá do na Páirtithe iad a aithint. Tuarascálacha, deimhnithe, údaruithe agus marcanna comhréireachta arna n-eisiúint ag comhlacht um measúnú comhréireachta roimh an dáta a rinneadh an t-aitheantas a tharraingt siar, leanfaidh na Páirtithe de bheith á n-aithint ach amháin má tá a mbailíocht teoranta nó curtha ar ceal ag an údarás ainmniúcháin atá freagrach. An Páirtí a bhfuil an t-údarás ainmniúcháin freagrach ag oibriú faoina dhlínse, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don Pháirtí eile faoi aon athrú den sórt sin a bhaineann le bailíocht a theorannú nó a chealú.’;


(6)    Aisghairtear Airteagal 12;

(7)    leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Rúndacht ghairmiúil’;

(b)    cuirtear an téacs seo a leanas isteach mar an dara mír:

‘Féadfaidh oiriúnuithe teicniúla ar na caibidlí ábhartha d’Iarscríbhinn 1 foráil shonrach a leagan amach maidir le cosaint na faisnéise dá dtagraítear sa chéad mhír.’;

(8)    cuirtear isteach Airteagal nua mar a leanas:

‘AIRTEAGAL 13bis

Faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe

1.    Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo mar ní a cheanglóidh ar Pháirtí faisnéis rúnaicmithe a chur ar fáil.

2.    Déanfar faisnéis rúnaicmithe nó ábhar rúnaicmithe a sholáthróidh na Páirtithe nó a mhalartófar eatarthu faoin gComhaontú seo a láimhseáil agus a chosaint i gcomhréir leis an gComhaontú idir Cónaidhm na hEilvéise agus an tAontas Eorpach maidir leis na nósanna imeachta slándála chun faisnéis rúnaicmithe a mhalartú, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 28 Aibreán 2008, agus i gcomhréir le haon socrú slándála lena gcuirtear chun feidhme é.


3.    Glacfaidh an Coiste, trí bhíthin cinnidh, treoracha láimhseála chun a áirithiú go gcosnófar faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a mhalartaítear idir na Páirtithe.’;

(9)    Cuirtear an téacs seo a leanas in ionad Airteagal 17:

‘AIRTEAGAL 17

Cur i bhfeidhm críochach

Beidh feidhm ag an gComhaontú seo, de pháirt, maidir leis an gcríoch ina gcuirtear an Conradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm, agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin agus, den pháirt eile, maidir le críoch na hEilvéise.’;


AIRTEAGAL 2

Leasuithe ar Iarscríbhinn 1

leasaítear Iarscríbhinn 1 mar a leanas:

(1)    cuirtear an téacs seo a leanas isteach i ndiaidh liosta na gcaibidlí:

‘FORÁLACHA GINEARÁLTA

AIRTEAGAL 1

Mura bhforáiltear a mhalairt in oiriúnuithe teicniúla, na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear i ngníomhartha dlí an Aontais arna gcomhtháthú san Iarscríbhinn seo le haghaidh Bhallstáit an Aontais, tuigfear go ndéanfar foráil maidir leo don Eilvéis. Cuirfear an méid sin i bhfeidhm agus lánurraim á tabhairt don Phrótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú seo. Ar mhaithe le soiléireacht, i bhfianaise shainiúlachtaí an Chomhaontaithe seo, ní bheidh feidhm ag an méid sin roimhe seo ach amháin i gcás ina dtagann na cearta agus na hoibleagáidí sin faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo.

AIRTEAGAL 2

1.    I gcás ina bhfuil Ballstát den Aontas le faisnéis a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh (‘an Coimisiún’), cuirfidh an Eilvéis an fhaisnéis sin faoi bhráid an Choimisiúin tríd an gCoiste. I gcás ina bhfuil an Coimisiún le faisnéis a chur faoi bhráid ceann amháin nó níos mó de Bhallstáit den Aontas, i gcás ina bhfuil an Eilvéis i gceist, cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin faoi bhráid na hEilvéise tríd an gCoiste, mura bhforáiltear a mhalairt in oiriúnuithe teicniúla ar chaibidlí sonracha na hIarscríbhinne seo.


2.    I gcás ina bhfuil údaráis inniúla Bhallstáit an Aontais le faisnéis a chur faoi bhráid údaráis inniúla Ballstáit eile den Aontas, cuirfidh siad an fhaisnéis sin faoi bhráid údaráis inniúla na hEilvéise freisin agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas, mura bhforáiltear a mhalairt in oiriúnuithe teicniúla ar chaibidlí sonracha na hIarscríbhinne seo. Cuirfidh údaráis inniúla na hEilvéise faisnéis faoi bhráid údaráis inniúla Bhallstáit an Aontais agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas.

3.    Is féidir leis an gCoiste, trí bhíthin oiriúnuithe teicniúla ar chaibidlí sonracha na hIarscríbhinne seo, teacht ar chomhaontú maidir le réitigh iomchuí lena bhforáiltear do mhalartú díreach faisnéise i réimsí ina n-iarrtar faisnéis a aistriú go tapa.

4.    Tá míreanna 1 agus 2 gan dochar do na rialacha agus na socruithe earnáilsonracha is infheidhme maidir le malartú faisnéise trí bhíthin córais faisnéise.

AIRTEAGAL 3

I gcás ina gceanglaítear le gníomh dlí de chuid an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, ar údaráis inniúla Bhallstáit an Aontais nó ar na hoibreoirí eacnamaíocha i mBallstáit an Aontais faisnéis nó sonraí a sholáthar trí bhíthin uirlisí digiteacha, agus i gcás ina bhfuil sé ábhartha do chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, le gach caibidil shonrach den Iarscríbhinn seo suífear an bhféadfaidh údaráis inniúla na hEilvéise agus na hoibreoirí eacnamaíocha san Eilvéis an fhaisnéis agus/nó na sonraí sin a sholáthar trí chomhéadan ábhartha na hEilvéise a úsáid. I gcás ina gceadaítear le Caibidil shonrach san Iarscríbhinn seo comhéadan den sórt sin a úsáid, déanfar méid agus coinníollacha na húsáide sin a chomhaontú agus a bhunú sa Chaibidil chéanna.


AIRTEAGAL 4

1.    Aon uair a shanntar le gníomhartha dlí de chuid an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, nó le forálacha comhfhreagracha na hEilvéise arna nglacadh nó arna gcoinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagal 5(2) den Phrótacal Institiúideach, oibleagáidí sonracha d’oibreoirí eacnamaíocha, do dhaoine nó d’eintitis atá bunaithe san Aontas nó san Eilvéis, faoi seach, nuair is ábhartha sin chun críocha chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha, daoine nó eintitis atá bunaithe san Eilvéis nó san Aontas, faoi seach, na hoibleagáidí a chomhlíonadh freisin mura bhforáiltear a mhalairt in oiriúnuithe teicniúla ar chaibidlí sonracha na hIarscríbhinne seo.

2.    Aon uair a fhoráiltear le gníomhartha dlí de chuid an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn seo nó le forálacha comhfhreagracha na hEilvéise arna nglacadh nó arna gcoinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagal 5(2) den Phrótacal Institiúideach go gcuirfidh oibreoir eacnamaíoch, duine nó eintiteas dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo mír shonrach faisnéise ar fáil d’údaráis inniúla Páirtí, féadfaidh na húdaráis sin teagmháil a dhéanamh le húdaráis inniúla an Pháirtí eile nó dul i dteagmháil go díreach leis na hoibreoirí eacnamaíocha, na daoine nó na heintitis sin i gcríoch an Pháirtí eile, chun an fhaisnéis sin a fháil.’;

(2)    i gCaibidil 4, cuirfear an abairt seo a leanas isteach i suíomh a chinnfear nuair a bheidh an obair theicniúil á déanamh:

‘Ar mhaithe le soiléireacht, beidh an Eilvéis rannpháirteach sa Choiste um Fheistí Leighis agus sa Ghrúpa Comhordaithe maidir le Feistí Leighis mar bhreathnóir, i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta ábhartha.’;


(3)    i gCaibidil 5, cuirtear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh an teidil:

‘Cumhdaítear leis an gCaibidil seo na fearais a dhónn breoslaí gásacha mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2016/426, a liostaítear faoi phointe 1 de Roinn I den Chaibidil seo chomh maith leis na ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh agus astaíochtaí a bhaineann le coirí uisce the a dhóitear le breoslaí leachtacha nó gásacha mar a shainmhínítear i dTreoir 92/42 CEE a liostaítear faoi phointe 2 de Roinn I den Chaibidil seo.’;

(4)    i gCaibidil 5, cuirtear an téacs seo a leanas in ionad Roinn I:

‘Roinn I

Forálacha reachtacha, rialála agus riaracháin

Forálacha a chumhdaítear le mír 2 d’Airteagal 1

an tAontas Eorpach

1.

Rialachán (AE) 2016/426 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/142/CE (IO L 81, 31.3.2016, lch. 99).

2.

Treoir 92/42/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le ceanglais éifeachtúlachta le haghaidh coirí uisce the nua arna lasadh le breoslaí leachtacha nó gásacha (IO L 167, 22.6.1992, lch. 17), arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) Uimh. 813/2013 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2013 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí spáis agus comhthéitheoirí (IO L 239, 6.9.2013, lch. 136).’;


(5)    I gCaibidil 11, cuirtear an téacs seo a leanas in ionad Roinn I:

‘Roinn I

Forálacha reachtacha, rialála agus riaracháin

A.    Forálacha a chumhdaítear le mír 1 d’Airteagal 1

an tAontas Eorpach

1.

Treoir 2007/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena leagtar síos rialacha maidir le cainníochtaí ainmniúla táirgí réamhphacáilte, lena n-aisghairtear Treoir 75/106/CEE ón gComhairle agus Treoir 80/232/CEE ón gComhairle, agus lena leasaítear Treoir 76/211/CEE ón gComhairle (IO L 247, 21.9.2007, lch. 17) is infheidhme ón 11 Aibreán 2009.

An Eilvéis

100.

Reacht an 5 Meán Fómhair 2012 maidir le dearbhú cainníochtaí le haghaidh táirgí neamhphacáistithe agus réamhphacáistithe (RS 941.204), arna leasú ina dhiaidh sin.

101.

Reacht na hAireachta Cónaidhme Dlí agus Cirt agus Póilíneachta an 10 Meán Fómhair 2012 maidir le dearbhú cainníochtaí le haghaidh táirgí neamhphacáistithe agus réamhphacáistithe (RS 941.204.1), arna leasú ina dhiaidh sin.


B.    Forálacha a chumhdaítear le mír 2 d’Airteagal 1

an tAontas Eorpach

1.

Treoir 2009/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le forálacha coiteanna i leith uirlisí tomhais agus modhanna rialaithe méadreolaíoch araon (Athmhúnlú) (IO L 106, 28.4.2009, lch. 7).

2.

Treoir 75/107/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1974 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i ndáil le buidéil a úsáidtear mar choimeádáin tomhais (IO L 42, 15.2.1975, lch. 14).

3.

Treoir 76/211/CEE ón gComhairle an 20 Eanáir 1976 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le táirgí réamhphacáistithe áirithe a dhéanamh suas de réir meáchain nó toirte (IO L 46, 21.2.1976, lch. 1).

4.

Treoir 80/181/CEE ón gComhairle 20 Nollaig 1979 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le haonaid tomhais agus maidir le haisghairm Threoir 71/354/CEE (IO L 39, 15.2.1980, lch. 40) arna leasú go deireanach le Treoir 2009/3/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 (IO L 114, 7.5.2009, lch. 10).

5.

Treoir 2014/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí neamh-uathoibríocha meáite a chur ar fáil ar an margadh (IO L 96, 29.3.2014, lch. 107).

6.

Treoir 2014/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí tomhais a chur ar fáil ar an margadh (IO L 96, 29.3.2014, lch. 149).

7.

Treoir 2011/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena n-aisghairtear Treoir 71/317/CEE, Treoir 71/347/CEE, Treoir 71/349/CEE, Treoir 74/148/CEE, Treoir 75/33/CEE, Treoir 76/765/CEE, Treoir 76/766/CEE agus Treoir 86/217/CEE ón gComhairle maidir leis an méadreolaíocht (IO L 71, 18.3.2011, lch. 1).’;

(6)    I gCaibidil 15, cuirfear an abairt seo a leanas isteach i suíomh a chinnfear nuair a bheidh an obair theicniúil á déanamh:

‘D’ainneoin Airteagal 4 den Phrótacal Institiúideach, ní bheidh an Eilvéis rannpháirteach agus ní rachfar i gcomhairle le saineolaithe na hEilvéise maidir le hullmhú na dtograí agus na ndréachtaí dá dtagraítear ann a bhaineann le táirgí íocshláinte a fhorbairt, a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid, lena n-áirítear, i gcomhthéacs nósanna imeachta a bhaineann le táirgí íocshláinte. Ní thabharfaidh cur i bhfeidhm fhorálacha ábhartha gníomhartha dlí de chuid an Aontais a liostaítear sa Roinn seo, de réir Airteagal 1 d’Iarscríbhinn 1, an ceart don Eilvéis a bheith rannpháirteach sa Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach cé is moite de rannpháirtíocht mar bhreathnóir i gcruinnithe Mheitheal na gCigirí maidir le dea-chleachtas monaraíochta agus dáileacháin, i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta ábhartha.’.

AIRTEAGAL 3

Teacht i bhfeidhm

1.    Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha an Prótacal seo a dhaingniú nó a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Tabharfaidh gach Páirtí Conarthach fógra don Pháirtí Conarthach eile faoi chur i gcrích na nósanna imeachta inmheánacha is gá do theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo.


2.    Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an fhógra dheireanaigh maidir leis na hionstraimí seo a leanas:

(a)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

(b)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

(c)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(d)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(e)    Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(f)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;

(g)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;


(h)    Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;

(i)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta;

(j)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(k)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú;

(l)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gcláir de chuid an Aontais;

(m)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis.


Arna dhéanamh [i/sa/san …], an […], i ndúblach, sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus tá gach téacs díobh barántúil.

Á FHIANÚ SIN, chuir na daoine thíos-sínithe, agus údar cuí acu chuige sin, a lámh leis an bPrótacal seo.

(Bloc na sínithe (amhail an méid seo a leanas, i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais: ‘Thar ceann an Aontais Eorpaigh’ agus ‘Thar ceann Chónaidhm na hEilvéise’)

PRÓTACAL LEASAITHEACH
I nDÁIL LE MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA
A GHABHANN LEIS AN gCOMHAONTÚ
IDIR AN COMHPHOBAL EORPACH

AGUS CÓNAIDHM NA hEILVÉISE

MAIDIR LE hAITHEANTAS FRITHPHÁIRTEACH

TÁ AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta,

agus

CÓNAIDHM NA hEILVÉISE, dá ngairtear ‘an Eilvéis’ anseo feasta,

dá ngairtear ‘na Páirtithe Conarthacha’ anseo feasta;

DE BHRÍ go bhfuil an tAontas agus an Eilvéis faoi cheangal ag an iliomad comhaontuithe déthaobhacha lena gcumhdaítear réimsí éagsúla, lena bhforáiltear do chearta agus oibleagáidí sonracha atá comhchosúil, ar bhealaí áirithe, leis na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear laistigh den Aontas;

AG MEABHRÚ DÓIBH gurb é is cuspóir do na comhaontuithe déthaobhacha sin iomaíochas na hEorpa a mhéadú agus naisc eacnamaíocha níos dlúithe a chruthú idir na Páirtithe Conarthacha, bunaithe ar chomhionannas, ar chómhalartacht agus ar chothromaíocht ghinearálta a mbuntáistí, a gceart agus a n-oibleagáidí;

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU rannpháirtíocht na hEilvéise i margadh inmheánach an Aontais a neartú agus a dhoimhniú, ar bhonn na rialacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir leis an margadh inmheánach, agus a neamhspleáchas agus neamhspleáchas a n-institiúidí á gcaomhnú ag an am céanna agus, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, urraim do na prionsabail a eascraíonn as an daonlathas díreach, as an bhfeidearálachas agus as cineál earnála a rannpháirtíochta sa mhargadh inmheánach;


Á nATHDHEARBHÚ dóibh go gcaomhnaítear inniúlacht Chúirt Uachtarach Fheidearálach na hEilvéise agus inniúlacht chúirteanna uile na hEilvéise chomh maith le hinniúlacht chúirteanna na mBallstát agus Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun an Comhaontú a léirmhíniú i gcásanna aonair;

ÓS FEASACH DÓIBH aonfhoirmeacht a áirithiú sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach, faoi láthair agus amach anseo,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:


CAIBIDIL 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

AIRTEAGAL 1

Cuspóirí

1.    Is é is cuspóir don Phrótacal seo deimhneacht dhlíthiúil níos fearr, cóir chomhionann agus cothrom iomaíochta a ráthú do na Páirtithe Conarthacha, agus d’oibreoirí eacnamaíocha agus do dhaoine aonair, sa réimse a bhaineann leis an margadh inmheánach a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta, arna dhéanamh i Lucsamburg an 21 Meitheamh 1999 (dá ngairtear an ‘Comhaontú’ anseo feasta).

2.    Chuige sin, soláthraítear leis an bPrótacal seo réitigh institiúideacha nua lena n-éascaítear neartú leanúnach cothrom an chaidrimh eacnamaíoch idir na Páirtithe Conarthacha. Agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta á gcur san áireamh, leagtar síos leis an bPrótacal seo, go háirithe, réitigh institiúideacha le haghaidh an Chomhaontaithe ar réitigh iad is coiteann do na comhaontuithe déthaobhacha arna dtabhairt i gcrích nó atá le tabhairt i gcrích sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach, gan raon feidhme ná cuspóirí an Chomhaontaithe a athrú, go háirithe:

(a)    an nós imeachta chun an Comhaontú a ailíniú le gníomhartha dlí de chuid an Aontais atá ábhartha don Chomhaontú;


(b)    léirmhíniú agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Chomhaontaithe agus gníomhartha dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú;

(c)    faireachas a dhéanamh ar an gComhaontú agus é a chur i bhfeidhm; agus

(d)    díospóidí a réiteach i gcomhthéacs an Chomhaontaithe.

AIRTEAGAL 2

Ceangal leis an gComhaontú

1.    Is cuid dhílis den Chomhaontú iad an Prótacal seo, an Iarscríbhinn agus an Fhoscríbhinn a ghabhann leis.

2.    Liostaítear thíos forálacha an Chomhaontaithe a aisghairtear leis an bPrótacal seo:

(a)    Airteagal 1(3);

(b)    Airteagal 14;

(c)    Airteagal 19.

3.    Déanfar tagairtí don ‘Chomhphobal Eorpach’ nó don ‘Chomhphobal’ sa Chomhaontú a fhorléiriú mar thagairtí don Aontas.


AIRTEAGAL 3

Comhaontuithe déthaobhacha sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach

1.    Measfar comhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo idir an tAontas agus an Eilvéis sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach a bheith comhleanúnach ina n-iomláine lena n-áirithítear cothromaíocht na gceart agus na n-oibleagáidí idir an tAontas agus an Eilvéis.

2.    Is comhaontú déthaobhach é an Comhaontú i réimse a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach.


CAIBIDIL 2

AILÍNIÚ AN CHOMHAONTAITHE LE GNÍOMHARTHA DLÍ DE CHUID AN AONTAIS

AIRTEAGAL 4

Rannpháirtíocht i ndréachtú gníomhartha dlí de chuid an Aontais (‘cinntí a mhúnlú’)

1.    Agus togra le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais á dhréachtú aige i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘CFAE’ anseo feasta) sa réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú, cuirfidh an Coimisiún Eorpach (dá ngairtear an ‘Coimisiún’ anseo feasta) an Eilvéis ar an eolas faoi sin agus rachaidh sé i gcomhairle go neamhfhoirmiúil le saineolaithe na hEilvéise ar an gcaoi chéanna a n-iarrann sé tuairimí ó shaineolaithe ó Bhallstáit an Aontais chun a thograí a dhréachtú.

Arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí Conarthach, déanfar réamhmhalartú tuairimí laistigh den Chomhchoiste.

Rachaidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhairle le chéile arís, arna iarraidh sin do cheachtar acu, laistigh den Chomhchoiste ag tráthanna tábhachtacha den chéim sula nglacfaidh an tAontas an gníomh dlí, le linn próiseas leanúnach faisnéise agus comhairliúcháin.

2.    Le linn don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ullmhú, i gcomhréir le CFAE, a bhaineann le bunghníomhartha dhlí an Aontais sa réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú, áiritheoidh sé go mbeidh an rannpháirtíocht is leithne is féidir ag an Eilvéis in ullmhú na ndréachtaí agus rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe na hEilvéise ar an mbonn céanna agus a rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe Bhallstáit an Aontais.


3.    Le linn don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ullmhú, i gcomhréir le CFAE, a bhaineann le bunghníomhartha dhlí an Aontais sa réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú, áiritheoidh sé go mbeidh an rannpháirtíocht is leithne is féidir ag an Eilvéis in ullmhú na ndréachtaí atá le cur, níos déanaí, faoi bhráid na gcoistí a thugann cúnamh don Choimisiún i bhfeidhmiú a chumhachtaí cur chun feidhme agus go rachaidh sí i gcomhairle le saineolaithe na hEilvéise ar an mbonn céanna agus a rachaidh sí i gcomhairle le saineolaithe ó Bhallstáit an Aontais.

4.    Beidh saineolaithe na hEilvéise rannpháirteach in obair na gcoistí nach gcumhdaítear le míreanna 2 agus 3 i gcás inar gá sin le haghaidh fheidhmiú cuí an Chomhaontaithe. Déanfaidh an Comhchoiste liosta de na coistí sin agus, i gcás inarb iomchuí, de choistí eile a bhfuil saintréithe comhchosúla acu, a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta.

5.    Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhartha dlí de chuid an Aontais ná maidir le forálacha díobh a thagann faoi raon feidhme eisceachta dá dtagraítear in Airteagal 5(7).

AIRTEAGAL 5

Gníomhartha dlí de chuid an Aontais a chomhtháthú

1.    Chun deimhneacht dhlíthiúil agus aonchineálacht an dlí a ráthú sa réimse a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach de bhua an Chomhaontaithe, áiritheoidh an Eilvéis agus an tAontas go ndéanfar gníomhartha dlí de chuid an Aontais arna nglacadh sa réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú a chomhtháthú sa Chomhaontú a luaithe is féidir tar éis a nglactha.


2.    Déanfaidh an Eilvéis forálacha a ghlacadh nó a choinneáil ar bun ina dlíchóras d’fhonn an toradh atá le baint amach le gníomhartha dlí an Aontais arna gcomhtháthú sa Chomhaontú i gcomhréir le mír 4 a bhaint amach faoi réir, de réir mar a bheidh, na n-oiriúnuithe arna gcinneadh ag an gComhchoiste.

3.    Nuair a ghlacfaidh an tAontas gníomh dlí sa réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú, cuirfidh sé an Eilvéis ar an eolas faoi sin a luaithe is féidir tríd an gComhchoiste. Arna iarraidh sin do cheachtar de na Páirtithe Conarthacha, déanfaidh an Comhchoiste tuairimí a mhalartú ar an ábhar sin.

4.    Gníomhóidh an Comhchoiste i gcomhréir le mír 1 trí chinneadh a ghlacadh a luaithe is féidir chun Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú a leasú, lena n-áirítear na hoiriúnuithe is gá.

5.    Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2, más gá chun comhleanúnachas an Chomhaontaithe le hIarscríbhinn 1 arna leasú de bhun mhír 4 a áirithiú, féadfaidh an Comhchoiste a mholadh, lena fhormheas ag na Páirtithe Conarthacha de réir a nósanna imeachta inmheánacha, go ndéanfar an Comhaontú a athbhreithniú.

6.    Tagairtí sa Chomhaontú do ghníomhartha dlí de chuid an Aontais nach bhfuil i bhfeidhm a thuilleadh, forléireofar iad mar thagairtí don ghníomh dlí aisghairme de chuid an Aontais mar atá comhtháite in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú ó theacht i bhfeidhm chinneadh an Chomhchoiste maidir leis an leasú comhfhreagrach ar Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú de bhun mhír 4, mura bhforáiltear a mhalairt sa chinneadh sin.

7.    Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 maidir le gníomhartha dlí de chuid an Aontais ná le forálacha díobh a thagann faoi raon feidhme eisceachta a liostaítear thíos:

   Airteagal 1(1).


8.    Faoi réir Airteagal 6, tiocfaidh cinntí ón gComhchoiste de bhun mhír 4 i bhfeidhm láithreach, ach ní thiocfaidh siad i bhfeidhm i gcás ar bith roimh an dáta a thiocfaidh an gníomh dlí comhfhreagrach de chuid an Aontais chun bheith infheidhme san Aontas.

9.    Oibreoidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhar de mheon macánta le linn an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo chun an chinnteoireacht a éascú.

AIRTEAGAL 6

Oibleagáidí bunreachtúla á gcomhlíonadh ag an Eilvéis

1.    Le linn an mhalartaithe tuairimí dá dtagraítear in Airteagal 5(3), cuirfidh an Eilvéis in iúl don Aontas cé acu a cheanglaítear nó nach gceanglaítear le cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 5(4) go gcomhlíonfaidh an Eilvéis oibleagáidí bunreachtúla chun bheith ceangailteach.

2.    I gcás ina gceanglaítear leis an gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 5(4) ar an Eilvéis oibleagáidí bunreachtúla a chomhlíonadh chun bheith ceangailteach, beidh teorainn ama 2 bhliain ar a mhéad ag an Eilvéis ó dháta na faisnéise dá bhforáiltear i mír 1, ach amháin i gcás ina seolfar nós imeachta reifrinn, agus sa chás sin cuirfear síneadh bliana leis an tréimhse sin.

3.    Go dtí go bhfaighidh an Eilvéis an fhaisnéis go bhfuil a hoibleagáidí bunreachtúla comhlíonta aici, cuirfidh na Páirtithe Conarthacha an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 5(4) i bhfeidhm go sealadach, mura rud é go gcuirfidh an Eilvéis in iúl don Aontas nach féidir an cinneadh a chur i bhfeidhm go sealadach agus go soláthróidh siad na cúiseanna leis sin.


Ní féidir, i gcás ar bith, an cur i bhfeidhm sealadach a dhéanamh roimh an dáta a thiocfaidh gníomh dlí comhfhreagrach an Aontais chun bheith infheidhme san Aontas.

4.    Tabharfaidh an Eilvéis fógra don Aontas gan mhoill tríd an gComhchoiste a luaithe a bheidh na hoibleagáidí bunreachtúla dá dtagraítear i mír 1 comhlíonta aici.

5.    Tiocfaidh an cinneadh i bhfeidhm an lá a thabharfar an fógra dá bhforáiltear i mír 4, ach ní thiocfaidh sé i bhfeidhm i gcás ar bith roimh an dáta a thiocfaidh gníomh dlí comhfhreagrach an Aontais chun bheith infheidhme san Aontas.

CAIBIDIL 3

LÉIRMHÍNIÚ AGUS CUR I bhFEIDHM AN CHOMHAONTAITHE

AIRTEAGAL 7

Prionsabal an léirithe chomhionainn

1.    Chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach agus i gcomhréir le prionsabail an dlí idirnáisiúnta phoiblí, déanfar na comhaontuithe déthaobhacha sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach agus gníomhartha dlí de chuid an Aontais dá ndéantar tagairt i gcomhaontuithe den sórt sin a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach.


2.    Gníomhartha dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú agus, a mhéid a bhaineann a gcur i bhfeidhm le coincheapa dhlí an Aontais, déanfar forálacha an Chomhaontaithe a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, sula síneofar an Comhaontú nó ina dhiaidh sin.

AIRTEAGAL 8

Prionsabal cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhchuí

1.    Comhoibreoidh an Coimisiún agus údaráis inniúla na hEilvéise lena chéile agus cuideoidh siad lena chéile chun a áirithiú go ndéanfar faireachas ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe. Féadfaidh siad faisnéis a mhalartú maidir le gníomhaíochtaí faireachais ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe. Féadfaidh siad tuairimí a mhalartú agus saincheisteanna leasa choitinn a phlé.

2.    Déanfaidh gach Páirtí Conarthach bearta iomchuí chun cur i bhfeidhm éifeachtach comhchuí an Chomhaontaithe ar a chríoch a áirithiú.

3.    Is iad na Páirtithe Conarthacha laistigh den Chomhchoiste a dhéanfaidh faireachas i gcomhpháirt ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe.

Má thagann an Coimisiún nó údaráis inniúla na hEilvéise ar an eolas faoi chás inar cuireadh i bhfeidhm go mícheart é, féadfar an t-ábhar a tharchur chuig an gComhchoiste d’fhonn teacht ar réiteach inghlactha.


4.    Déanfaidh an Coimisiún agus údaráis inniúla na hEilvéise faoi seach faireachán ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe ag an bPáirtí Conarthach eile. Tá feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 10.

Ós rud é go bhfuil gá le hinniúlachtaí faireachais áirithe de chuid institiúidí an Aontais a mhéid a bhaineann le Páirtí Conarthach amháin chun cur i bhfeidhm éifeachtach comhchuí an Chomhaontaithe a áirithiú, amhail cumhachtaí imscrúdaithe agus cinnteoireachta, ní mór foráil shonrach a dhéanamh sa Chomhaontú maidir leo.

AIRTEAGAL 9

Prionsabal an eisiachais

Gabhann na Páirtithe Conarthacha orthu féin gan díospóid a chur isteach maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe agus gníomhartha dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú nó, i gcás inarb infheidhme, maidir le cinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún ar bhonn an Chomhaontaithe a bheith i gcomhréir leis an gComhaontú, faoi aon mhodh réitigh seachas na modhanna sin dá bhforáiltear sa Phrótacal seo.


AIRTEAGAL 10

Nós imeachta i gcás deacracht a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm

1.    I gcás ina mbeidh deacracht ann an Comhaontú nó gníomh dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú a léirmhíniú nó a chur i bhfeidhm, rachaidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhairle le chéile laistigh den Chomhchoiste chun teacht ar réiteach a bheidh inghlactha ag an dá thaobh. Chuige sin, cuirfear na heilimintí úsáideacha faisnéise uile ar fáil don Chomhchoiste chun é a chur ar a chumas dó scrúdú mionsonraithe a dhéanamh ar an gcás. Scrúdóidh an Comhchoiste na féidearthachtaí uile lena bhféadfar feidhmiú cuí an Chomhaontaithe a choinneáil ar bun.

2.    Mura mbeidh an Comhchoiste in ann teacht ar réiteach ar an deacracht dá dtagraítear i mír 1 laistigh de 3 mhí ón dáta a cuireadh an deacracht faoina bhráid, féadfaidh ceachtar de na Páirtithe Conarthacha a iarraidh ar bhinse eadrána an díospóid a réiteach i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos san Fhoscríbhinn.

3.    I gcás ina dtarraingeoidh an díospóid ceist anuas maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm forála dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus má tá léirmhíniú na forála sin ábhartha maidir leis an díospóid a shocrú agus más gá é chun a chumasú dó breith a thabhairt, déanfaidh an binse eadrána an cheist sin a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

I gcás ina dtarraingeoidh an díospóid ceist anuas maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm forála a thagann faoi raon feidhme eisceachta ón oibleagáid ailínithe dhinimiciúil dá dtagraítear in Airteagal 5(7), agus i gcás nach mbaineann an díospóid le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm coincheap de dhlí an Aontais, réiteoidh an binse eadrána an díospóid gan í a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.


4.    I gcás ina dtarchuirfidh an binse eadrána ceist chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh de bhun mhír 3:

(a)    beidh an rialú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina cheangal ar an mbinse eadrána; agus

(b)    Beidh na cearta céanna ag an Eilvéis agus atá ag na Ballstáit agus ag institiúidí an Aontais agus beidh sí faoi réir na nósanna imeachta céanna os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, mutatis mutandis.

5.    Déanfaidh gach Páirtí Conarthach gach beart is gá chun cinneadh an bhinse eadrána a chomhlíonadh de mheon macánta.

An Páirtí Conarthach a gcinnfidh an binse eadrána nár chomhlíon sé an Comhaontú, cuirfidh sé an Páirtí Conarthach eile ar an eolas tríd an gComhchoiste faoi na bearta atá déanta aige chun cinneadh an bhinse eadrána a chomhlíonadh.


AIRTEAGAL 11

Bearta cúiteacha

1.    Más rud é, maidir leis an bPáirtí Conarthach ar chinn an binse eadrána nár chomhlíon sé an Comhaontú, nach gcuirfidh sé an Páirtí Conarthach eile ar an eolas, laistigh de thréimhse ama réasúnach arna socrú i gcomhréir le hAirteagal IV.2(6) den Fhoscríbhinn, faoi na bearta a rinne sé chun cinneadh an bhinse eadrána a chomhlíonadh, nó má mheasann an Páirtí Conarthach eile nach gcomhlíonann na bearta a cuireadh in iúl cinneadh an bhinse eadrána, féadfaidh an Páirtí Conarthach eile sin bearta cúiteacha comhréireacha a ghlacadh faoi chuimsiú an Chomhaontaithe nó aon chomhaontaithe dhéthaobhaigh eile sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach (dá ngairtear ‘bearta cúiteacha’ anseo feasta) chun éagothroime a d’fhéadfadh a bheith ann a leigheas. Tabharfaidh sé fógra don Pháirtí Conarthach ar chinn an binse eadrána nár chomhlíon sé an Comhaontú maidir leis na bearta cúiteacha, a shonrófar san fhógra. Gabhfaidh éifeacht leis na bearta cúiteacha sin 3 mhí ó dháta an fhógra sin.

2.    Más rud é, laistigh de mhí amháin ón dáta a dtabharfar fógra faoi na bearta cúiteacha atá beartaithe, nach mbeidh cinneadh déanta ag an gComhchoiste na bearta cúiteacha sin a chur ar fionraí, a leasú nó a neamhniú, féadfaidh ceachtar Páirtí Conarthach an cheist maidir le comhréireacht na mbeart cúiteach sin a chur chun eadrána, i gcomhréir leis an bhFoscríbhinn.

3.    Déanfaidh an binse eadrána cinneadh laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal III.8(4) den Fhoscríbhinn.


4.    Ní bheidh éifeacht chúlghabhálach ag bearta cúiteacha. Go háirithe, caomhnófar na cearta agus na hoibleagáidí a fuair daoine aonair agus oibreoirí eacnamaíocha cheana féin sula ngabhfaidh éifeacht leis na bearta cúiteacha.

AIRTEAGAL 12

Comhar idir dlínsí

1.    Chun an léirmhíniú aonchineálach a chur chun cinn, tiocfaidh Cúirt Uachtarach Chónaidhme na hEilvéise agus Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú maidir le hidirphlé agus módúlachtaí an idirphlé sin.

2.    Beidh sé de cheart ag an Eilvéis ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a thaisceadh le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás ina dtarchuirfidh cúirt de chuid Ballstáit den Aontas ceist chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le léirmhíniú an Chomhaontaithe nó foráil de ghníomh dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear ann le haghaidh réamhrialú.


CAIBIDIL 4

FORÁLACHA EILE

AIRTEAGAL 13

Ranníocaíocht airgeadais

1.    Rannchuideoidh an Eilvéis le maoiniú ghníomhaíochtaí ghníomhaireachtaí an Aontais, na gcóras faisnéise agus na ngníomhaíochtaí eile a liostaítear in Airteagal 1 den Iarscríbhinn a bhfuil rochtain aici orthu, i gcomhréir leis an Airteagal seo agus leis an Iarscríbhinn.

Féadfaidh an Comhchoiste cinneadh a ghlacadh chun an Iarscríbhinn a leasú.

2.    Féadfaidh an tAontas rannpháirtíocht na hEilvéise sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur ar fionraí tráth ar bith mura gcomhlíonann an Eilvéis an sprioc-am íocaíochta i gcomhréir leis na téarmaí íocaíochta a leagtar amach in Airteagal 2 den Iarscríbhinn.

I gcás nach gcomhlíonann an Eilvéis sprioc-am íocaíochta, seolfaidh an tAontas litir mheabhrúcháin fhoirmiúil chuig an Eilvéis. I gcás nach ndéanfar aon íocaíocht iomlán laistigh de 30 lá ón dáta a gheofar an litir mheabhrúcháin fhoirmiúil sin, féadfaidh an tAontas rannpháirtíocht na hEilvéise sa ghníomhaíocht ábhartha a chur ar fionraí.


3.    Is éard a bheidh sa ranníocaíocht airgeadais suim na méideanna seo a leanas:

(a)    ranníocaíocht oibríochtúil; agus

(b)    táille rannpháirtíochta.

4.    Beidh an ranníocaíocht airgeadais i bhfoirm ranníocaíochta airgeadais bliantúla agus beidh sí dlite ar na dátaí a shonraítear sna glaonna ar chistí arna n-eisiúint ag an gCoimisiún.

5.    Beidh an ranníocaíocht oibríochtúil bunaithe ar threoir ranníoca arna sainiú mar an cóimheas idir olltáirgeacht intíre (dá ngairtear ‘OTI’ anseo feasta) na hEilvéise ag praghsanna an mhargaidh agus OTI an Aontais ag praghsanna an mhargaidh.

Chun na críche sin, is iad na figiúirí is déanaí a bheidh ar fáil ón 1 Eanáir den bhliain ina ndéantar an íocaíocht bhliantúil de réir mar a sholáthróidh Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh (EUROSTAT) iad na figiúirí a úsáidfear le haghaidh OTI ag margadhphraghsanna na bPáirtithe Conarthacha, agus aird chuí á tabhairt ar an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar i réimse an staidrimh, arna dhéanamh i Lucsamburg an 26 Deireadh Fómhair 2004. Má scoireann an comhaontú sin d’fheidhm a bheith aige, is é an figiúr a ghlacfar mar OTI na hEilvéise an figiúr a bhunófar ar bhonn na faisnéise arna cur ar fáil ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta.

6.    Déanfar an ranníocaíocht oibríochtúil le haghaidh gach gníomhaireachta de chuid an Aontais a ríomh tríd an treoir ranníoca a chur i bhfeidhm ar a buiséad bliantúil arna vótáil agus atá inscríofa ar línte fóirdheontais buiséid ábhartha an Aontais den bhliain atá i gceist, agus aon ranníocaíocht oibríochtúil choigeartaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 1 den Iarscríbhinn á cur san áireamh le haghaidh gach gníomhaireachta.


Déanfar an ranníocaíocht oibríochtúil le haghaidh na gcóras faisnéise agus na ngníomhaíochtaí eile a ríomh tríd an treoir ranníoca a chur i bhfeidhm ar bhuiséad ábhartha na bliana atá i gceist mar a leagtar amach i ndoiciméid lena gcuirtear an buiséad chun feidhme, amhail cláir oibre nó conarthaí.

Beidh na méideanna tagartha uile bunaithe ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas.

7.    4 % den ranníocaíocht oibríochtúil bhliantúil arna ríomh i gcomhréir le míreanna 5 agus 6 a bheidh sa táille rannpháirtíochta bhliantúil.

8.    Soláthróidh an Coimisiún faisnéis leordhóthanach don Eilvéis i ndáil lena ranníocaíocht airgeadais a ríomh. Soláthrófar an fhaisnéis sin agus aird chuí á tabhairt ar rialacha rúndachta agus cosanta sonraí an Aontais.

9.    Is in euro a dhéanfar ranníocaíochtaí airgeadais uile na hEilvéise nó na híocaíochtaí uile ón Aontas agus is in euro a ríomhfar na méideanna a bheidh dlite nó le fáil.

10.    I gcás nach mbeidh teacht i bhfeidhm an Phrótacail seo i gcomhthráth le tús bliana féilire, beidh ranníocaíocht oibríochtúil na hEilvéise le haghaidh na bliana i gceist faoi réir coigeartú, de réir na modheolaíochta agus na dtéarmaí íocaíochta a shainítear in Airteagal 5 den Iarscríbhinn.

11.    Leagtar amach forálacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo san Iarscríbhinn.

12.    3 Bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú ar choinníollacha rannpháirtíochta na hEilvéise mar a shainmhínítear in Airteagal 1 den Iarscríbhinn agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé iad a oiriúnú.


AIRTEAGAL 14

Tagairtí do chríocha

Aon uair a bheidh tagairtí sna gníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú sa Chomhaontú do chríoch ‘an Aontais Eorpaigh’, ‘an Aontais’, an ‘cómhargaidh’ nó an ‘mhargaidh inmheánaigh’, tuigfear, chun críocha an Chomhaontaithe, gur tagairtí do na críocha dá dtagraítear in Airteagal 17 den Chomhaontú iad na tagairtí.

AIRTEAGAL 15

Tagairtí do náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais

Aon uair a bheidh tagairtí sna gníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú sa Chomhaontú do náisiúnaigh de chuid Bhallstáit an Aontais, tuigfear, chun críocha an Chomhaontaithe, gur tagairtí do náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais agus na hEilvéise iad na tagairtí.


AIRTEAGAL 16

Teacht i bhfeidhm agus cur chun feidhme gníomhartha dlí de chuid an Aontais

1.    Forálacha na ngníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú sa Chomhaontú maidir lena dteacht i bhfeidhm nó lena gcur chun feidhme, níl siad ábhartha chun críocha an Chomhaontaithe.

2.    Eascraíonn na teorainneacha ama agus na dátaí don Eilvéis chun na cinntí lena gcomhtháthaítear gníomhartha dlí de chuid an Aontais sa Chomhaontú a thabhairt i bhfeidhm agus a chur chun feidhme as Airteagal 5(8) agus Airteagal 6(5), agus as forálacha maidir le socruithe idirthréimhseacha.

AIRTEAGAL 17

Seolaithe na ngníomhartha dlí de chuid an Aontais

Forálacha na ngníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú sa Chomhaontú lena léirítear gur ar Bhallstáit an Aontais atá siad dírithe, níl siad ábhartha chun críocha an Chomhaontaithe.


CAIBIDIL 5

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

AIRTEAGAL 18

Cur chun feidhme

1.    Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha gach beart is iomchuí, bíodh sé ginearálta nó sonrach, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as an gComhaontú agus staonfaidh siad ó aon bheart a dhéanamh a d’fhéadfadh gnóthú chuspóirí an Chomhaontaithe a chur i mbaol.

2.    Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha na bearta uile is gá chun toradh beartaithe na ngníomhartha dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú a ráthú agus staonfaidh siad ó aon bheart a dhéanamh a d’fhéadfadh gnóthú a n-aidhmeanna a chur i mbaol.

AIRTEAGAL 19

Teacht i bhfeidhm

1.    Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha an Prótacal seo a dhaingniú nó a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Tabharfaidh gach Páirtí Conarthach fógra don Pháirtí Conarthach eile faoi chur i gcrích na nósanna imeachta inmheánacha is gá do theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo.


2.    Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an fhógra dheireanaigh maidir leis na hionstraimí seo a leanas:

(a)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

(b)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

c)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(d)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(e)    Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(f)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;

(g)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;


(h)    Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;

(i)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta;

(j)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(k)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú;

(l)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gcláir de chuid an Aontais;

(m)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis.

AIRTEAGAL 20

Leasuithe agus foirceannadh

1.    Féadfar an Prótacal seo a leasú tráth ar bith trí chomhaontú frithpháirteach na bPáirtithe Conarthacha.


2.    I gcás ina ndéanfar foirceannadh ar an gComhaontú i gcomhréir le hAirteagal 21(3) den Chomhaontú, scoirfidh an Prótacal seo d’fheidhm a bheith aige ar an dáta dá dtagraítear in Airteagal 21(4) den Chomhaontú.

3.    I gcás ina scoirfidh an Comhaontú de bheith i bhfeidhm, caomhnófar na cearta agus na hoibleagáidí a fuair daoine aonair agus oibreoirí eacnamaíocha cheana féin de bhua an Chomhaontaithe roimh dháta scoir an Chomhaontaithe. Socróidh na Páirtithe Conarthacha trí chomhaontú frithpháirteach cén ghníomhaíocht a bheidh le déanamh i ndáil le cearta atá á bhfáil.

Arna dhéanamh [i/sa/san …], an […], i ndúblach, sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus tá gach téacs díobh barántúil.

Á FHIANÚ SIN, chuir na daoine thíos-sínithe, agus údar cuí acu chuige sin, a lámh leis an bPrótacal seo.

(Bloc na sínithe (amhail an méid seo a leanas, i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais: ‘Thar ceann an Aontais Eorpaigh’ agus ‘Thar ceann Chónaidhm na hEilvéise’)

IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN MAIDIR LE hAIRTEAGAL 13 DEN PHRÓTACAL
A CHUR I bhFEIDHM

AIRTEAGAL 1

Liosta de ghníomhaíochtaí ghníomhaireachtaí, chórais faisnéise agus ghníomhaíochtaí eile an Aontais a bhfuil an Eilvéis le ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh leo

Déanfaidh an Eilvéis ranníocaíocht airgeadais i leith na nithe seo a leanas:

(a)    gníomhaireachtaí:

Ceann ar bith.

(b)    córais faisnéise:

EudraGMDP mar a bunaíodh le Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine 1 .


(c)    gníomhaíochtaí eile:

Ceann ar bith.

AIRTEAGAL 2

Téarmaí íocaíochta

1.    Déanfar íocaíochtaí atá dlite de bhun Airteagal 13 den Phrótacal i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.    Agus glao ar chistí na bliana airgeadais á eisiúint ag an gCoimisiún, cuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas in iúl don Eilvéis:

(a)    méid na ranníocaíochta oibríochtúla; agus

(b)    méid na táille rannpháirtíochta.


3.    Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis seo a leanas maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise in iúl don Eilvéis a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí an 16 Aibreán de gach bliain airgeadais:

(a)    na méideanna i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas bhuiséad bliantúil an Aontais a vótáladh atá inscríofa ar línte fóirdheontais buiséid ábhartha an Aontais don bhliain i gceist le haghaidh gach gníomhaireachta de chuid an Aontais, agus aon ranníocaíocht oibríochtúil choigeartaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 1 á cur san áireamh le haghaidh gach gníomhaireachta, agus na méideanna i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i ndáil le buiséad an Aontais a vótáladh don bhliain i gceist le haghaidh bhuiséad ábhartha na gcóras faisnéise agus gníomhaíochtaí eile, lena gcumhdaítear rannpháirtíocht na hEilvéise i gcomhréir le hAirteagal 1;

(b)    méid na táille rannpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 13(7) den Phrótacal seo; agus

(c)    a mhéid a bhaineann le gníomhaireachtaí, i mbliain N+1 na méideanna i ngealltanais bhuiséadacha a rinneadh maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a údaraíodh i mbliain N ar na línte fóirdheontais buiséid ábhartha de chuid an Aontais i ndáil le buiséad bliantúil an Aontais atá inscríofa ar línte fóirdheontais buiséid ábhartha an Aontais le haghaidh bhliain N.

4.    Ar bhonn a dhréachtbhuiséid, soláthróidh an Coimisiún meastachán ar an bhfaisnéis faoi phointí (a) agus (b) de mhír 3 a luaithe is féidir, agus, ar a dhéanaí, faoin 1 Meán Fómhair den bhliain airgeadais.

5.    Eiseoidh an Coimisiún don Eilvéis, an 16 Aibreán ar a dhéanaí agus, más infheidhme maidir leis an ngníomhaireacht ábhartha, an córas faisnéise nó gníomhaíocht eile, an 22 Deireadh Fómhair ar a luaithe agus ar a dhéanaí an 31 Deireadh Fómhair gach bliain airgeadais, glao ar chistí a chomhfhreagraíonn do ranníocaíocht na hEilvéise faoin gComhaontú le haghaidh gach ceann de na gníomhaireachtaí, na córais faisnéise agus na gníomhaíochtaí eile ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach.


6.    Déanfar an glao (nó na glaonna) ar chistí dá dtagraítear i mír 5 a struchtúrú i dtráthchodanna mar a leanas:

(a)    an chéad tráthchuid de gach bliain, i ndáil leis an nglao ar chistí atá le heisiúint faoin 16 Aibreán, comhfhreagróidh sí do mhéid suas le coibhéis an mheastacháin ar ranníocaíocht bhliantúil airgeadais na gníomhaireachta, an chórais faisnéise nó na gníomhaíochta eile i gceist dá dtagraítear i mír 4;

Íocfaidh an Eilvéis an méid a shonrófar sa ghlao ar chistí sin 60 lá ar a dhéanaí tar éis eisiúint an ghlao ar chistí.

(b)    i gcás inarb infheidhme, an dara tráthchuid den bhliain, i ndáil leis an nglao ar chistí atá le heisiúint an 22 Deireadh Fómhair ar a luaithe agus an 31 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí, comhfhreagróidh sí don difríocht idir an méid dá dtagraítear i mír 4 agus an méid dá dtagraítear i mír 5 i gcás ina mbeidh an méid dá dtagraítear i mír 5 níos airde.

Íocfaidh an Eilvéis an méid a shonrófar sa ghlao ar chistí sin faoin 21 Nollaig ar a dhéanaí.

I gcás gach glao ar chistí, féadfaidh an Eilvéis íocaíochtaí ar leithligh a dhéanamh le haghaidh gach gníomhaireachta, córais faisnéise nó gníomhaíochta eile.

7.    I gcás na chéad bhliana de chur chun feidhme an Phrótacail, eiseoidh an Coimisiún aon ghlao amháin ar chistí, laistigh de 90 lá ó theacht i bhfeidhm an Phrótacail.

Íocfaidh an Eilvéis an méid a shonrófar sa ghlao ar chistí 60 lá ar a dhéanaí tar éis eisiúint an ghlao ar chistí.


8.    Is é an toradh a bheidh ar aon mhoill ar íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais go n-íocfaidh an Eilvéis ús mainneachtana ar an méid atá gan íoc ón dáta dlite suas go dtí an lá a íocfar ina iomláine an méid sin gan íoc.

Is é an ráta úis ar mhéideanna is infhaighte nach n-íoctar ar an dáta dlite an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, a bheidh i bhfeidhm ar an gcéad lá féilire den mhí ina mbeidh an dáta dlite, nó 0 %, cibé acu is airde, móide 3,5 pointe céatadáin.

AIRTEAGAL 3

Ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise le gníomhaireachtaí an Aontais a choigeartú i bhfianaise an chur chun feidhme

Déanfar ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise le gníomhaireachtaí an Aontais a choigeartú i mbliain N+ 1, nuair a choigeartófar an ranníocaíocht oibríochtúil tosaigh suas nó síos de réir na difríochta idir an ranníocaíocht oibríochtúil tosaigh agus ranníocaíocht choigeartaithe arna ríomh trí threoir ranníoca bhliain N a chur i bhfeidhm maidir le méid na ngealltanas buiséadach a dhéantar ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a údaraítear i mbliain N faoi na línte buiséid ábhartha maidir le fóirdheontais an Aontais. I gcás inarb infheidhme, cuirfear san áireamh sa difríocht, i gcás gach gníomhaireachta, an ranníocaíocht oibríochtúil choigeartaithe bunaithe ar chéatadán mar a shainmhínítear in Airteagal 1.


AIRTEAGAL 4

Socruithe atá ann cheana

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 13 den Phrótacal ná ag an Iarscríbhinn seo maidir le socruithe sonracha idir an Eilvéis agus an tAontas lena n-áirítear ranníocaíochtaí airgeadais ón Eilvéis. Is iad seo a leanas na gníomhaireachtaí, na córais faisnéise agus na gníomhaíochtaí eile a chumhdaítear leis na socruithe sin:

An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/155/CEE, Treoir 93/67/CEE, Treoir 93/105/CE agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

AIRTEAGAL 5

Socruithe idirthréimhseacha

I gcás nach é an 1 Eanáir dáta theacht i bhfeidhm an Phrótacail, beidh feidhm ag an Airteagal seo de mhaolú ar Airteagal 2.


I gcás na chéad bhliana de chur chun feidhme an Phrótacail, i ndáil leis an ranníocaíocht oibríochtúil atá dlite le haghaidh na bliana i gceist is infheidhme maidir leis an ngníomhaireacht ábhartha, leis an gcóras faisnéise ábhartha nó le gníomhaíocht eile ábhartha, mar a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 13 den Phrótacal agus le hAirteagail 1 go 3 den Iarscríbhinn seo, laghdófar an ranníocaíocht oibríochtúil ar bhonn pro rata temporis trí mhéid na ranníocaíochta oibríochtúla bliantúla atá dlite a iolrú faoi chóimheas na nithe seo a leanas:

(a)    an líon laethanta féilire ó dháta theacht i bhfeidhm an Phrótacail go dtí an 31 Nollaig den bhliain i gceist; agus

(b)    an líon iomlán laethanta féilire den bhliain i gceist.



Foscríbhinn

FOSCRÍBHINN MAIDIR LEIS AN mBINSE EADRÁNA

CAIBIDIL I

RÉAMHFHORÁLACHA

AIRTEAGAL I.1

Raon feidhme

Má chuireann ceann de na Páirtithe Conarthacha (dá ngairtear ‘páirtithe’ anseo feasta) díospóid isteach le haghaidh eadrána i gcomhréir le hAirteagail 10(2) nó 11(2) den Phrótacal, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach san Fhoscríbhinn seo.

AIRTEAGAL I.2

Seirbhísí clárlainne agus rúnaíochta

Comhlíonfaidh Biúró Idirnáisiúnta na Buanchúirte Eadrána sa Háig (dá ngairtear ‘an Biúró Idirnáisiúnta’ anseo feasta) feidhmeanna na clárlainne agus soláthróidh sé na seirbhísí rúnaíochta is gá.


AIRTEAGAL I.3

Fógraí agus teorainneacha ama a ríomh

1.    Féadfar fógraí, lena n-áirítear teachtaireachtaí nó tograí, a sheoladh trí aon mhodh cumarsáide lena ndeimhnítear a dtarchur, nó lena gcumasaítear iad a dheimhniú.

2.    Ní fhéadfar fógraí den sórt sin a sheoladh go leictreonach ach amháin má tá seoladh ainmnithe nó údaraithe ag páirtí go sonrach chun na críche sin.

3.    Seolfar fógraí den sórt sin a sheirbheálfar ar na páirtithe, i gcás na hEilvéise, chuig Rannán Eorpach Roinn Cónaidhme Gnóthaí Eachtracha na hEilvéise agus, i gcás an Aontais, chuig Seirbhís Dlí an Choimisiúin.

4.    Rithfidh aon teorainn ama a leagtar síos san Fhoscríbhinn seo ón lá tar éis tarlú teagmhais nó déanamh birt. Más rud é gur lá nach lá oibre ag institiúidí an Aontais nó rialtas na hEilvéise an lá deireanach chun doiciméad a sheachadadh, tiocfaidh deireadh le tréimhse seachadta an doiciméid ar an gcéad lá oibre ina dhiaidh sin. Déanfar laethanta neamhoibre a thagann faoi réim na tréimhse ama a chomhaireamh.


AIRTEAGAL I.4

Fógra eadrána

1.    An páirtí a chuirfidh chuige eadráin a úsáid (dá ngairtear ‘iarratasóir’ anseo feasta) seolfaidh sé fógra eadrána chuig an bpáirtí eile (dá ngairtear ‘cosantóir’ anseo feasta) agus chuig an mBiúró Idirnáisiúnta.

2.    Measfar imeachtaí eadrána a bheith tosaithe ar an lá tar éis an lae a gheobhaidh an cosantóir an fógra eadrána.

3.    Beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra eadrána:

(a)    an t-éileamh go ndéanfar an díospóid a tharchur chun eadrána;

(b)    ainmneacha agus sonraí teagmhála na bpáirtithe;

(c)    ainm agus seoladh ghníomhaire nó ghníomhairí an iarratasóra;

(d)    bunús dlí na n-imeachtaí (Airteagal 10(2) nó Airteagal 11(2) den Phrótacal) agus:

(i)    sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Phrótacal, an cheist is cúis leis an díospóid mar a iontráladh go hoifigiúil í, lena réiteach, ar chlár oibre an Chomhchoiste i gcomhréir le hAirteagal 10(1) den Phrótacal; agus


(ii)    sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2) den Phrótacal, cinneadh an bhinse eadrána, aon bheart cur chun feidhme a luaitear in Airteagal 10(5) den Phrótacal agus na bearta cúiteacha is ábhar díospóide;

(e)    aon riail is cúis leis an díospóid nó a bhaineann léi a ainmniú;

(f)    tuairisc ghairid ar an díospóid; agus

(g)    ainmniú eadránaí nó, má tá cúigear eadránaithe le ceapadh, ainmniú beirt eadránaithe.

4.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(3) den Phrótacal, féadfaidh faisnéis a bheith san fhógra eadrána freisin maidir leis an ngá atá le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

5.    Ní chuirfidh aon éileamh ar leordhóthanacht an fhógra eadrána cosc ar chomhdhéanamh an bhinse eadrána. Déanfaidh an binse eadrána an díospóid a chinneadh go cinntitheach.


AIRTEAGAL I.5

Freagairt ar an bhfógra eadrána

1.    Laistigh de 60 lá ón bhfógra eadrána a fháil, seolfaidh an cosantóir freagra ar an bhfógra eadrána chuig an iarratasóir agus chuig an mBiúró Idirnáisiúnta, ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

(a)    ainmneacha agus sonraí teagmhála na bpáirtithe;

(b)    ainm agus seoladh ghníomhaire nó ghníomhairí an chosantóra;

(c)    freagra ar an bhfaisnéis a thugtar san fhógra eadrána i gcomhréir le pointí (d) go (f) d’Airteagal I.4(3); agus

(d)    ainmniú eadránaí nó, má tá cúigear eadránaithe le ceapadh, ainmniú beirt eadránaithe.

2.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(3) den Phrótacal, féadfaidh freagra ar an bhfaisnéis a thugtar san fhógra eadrána i gcomhréir le hAirteagal I.4(4) den Fhoscríbhinn seo agus faisnéis maidir leis an ngá atá le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bheith sa fhreagra ar an bhfógra eadrána.

3.    Ní chuirfidh easpa freagartha nó freagra neamhiomlán nó déanach ón gcosantóir ar an bhfógra eadrána cosc ar bhunú binse eadrána. Déanfaidh an binse eadrána an díospóid a chinneadh go cinntitheach.


4.    Má iarrann an cosantóir go mbeadh cúigear eadránaithe ar an mbinse eadrána ina fhreagra ar an bhfógra eadrána, ainmneoidh an t-iarratasóir eadránaí breise laistigh de 30 lá ón bhfreagra ar an bhfógra eadrána a fháil.

AIRTEAGAL I.6

Ionadaíocht agus cúnamh

1.    Déanfaidh gníomhaire amháin nó níos mó ionadaíocht ar na páirtithe os comhair an bhinse eadrána. Féadfaidh na gníomhairí cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó dhlíodóirí.

2.    Cuirfear aon athrú ar na gníomhairí nó ar a seoltaí in iúl don pháirtí eile, don Bhiúró Idirnáisiúnta agus don bhinse eadrána. Féadfaidh an binse eadrána, tráth ar bith, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó pháirtí, fianaise ar na cumhachtaí a thugtar do ghníomhairí na bpáirtithe a iarraidh.


CAIBIDIL II

COMHDHÉANAMH AN BHINSE EADRÁNA

AIRTEAGAL II.1

An líon eadránaithe

Triúr eadránaithe a bheidh ar an mbinse eadrána. Má iarrann an t-iarratasóir ina fhógra eadrána nó an cosantóir ina fhreagra ar an bhfógra eadrána amhlaidh, beidh cúigear eadránaithe ar an mbinse eadrána.

AIRTEAGAL II.2

Na headránaithe a cheapadh

1.    Má tá triúr eadránaithe le ceapadh, ainmneoidh gach ceann de na páirtithe duine acu. Roghnóidh an bheirt eadránaithe arna gceapadh ag na páirtithe an tríú headránaí, a bheidh ina chathaoirleach ar an mbinse eadrána.

2.    Má tá cúigear eadránaithe le ceapadh, ainmneoidh gach páirtí beirt díobh. Roghnóidh an ceathrar eadránaithe arna gceapadh ag na páirtithe an cúigiú headránaí, a bheidh ina chathaoirleach ar an mbinse eadrána.


3.    Más rud é, laistigh de 30 lá tar éis ainmniú an eadránaí deiridh arna cheapadh ag na páirtithe, nach mbeidh na headránaithe tar éis teacht ar chomhaontú maidir le cathaoirleach an bhinse eadrána a roghnú, is é Ardrúnaí na Buanchúirte Eadrána a cheapfaidh an cathaoirleach.

4.    Chun cúnamh a thabhairt eadránaithe a roghnú chun an binse eadrána a chomhdhéanamh, déanfar liosta táscach de dhaoine ag a bhfuil na cáilíochtaí dá dtagraítear i mír 6 a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta nuair is gá, ar liosta é a bheidh i gcoiteann ag gach comhaontú déthaobhach sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach chomh maith leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le sláinte, arna dhéanamh in […] an […] (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le Sláinte ’anseo feasta), an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta, arna dhéanamh i Lucsamburg an 21 Meitheamh 1999 (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta’ anseo feasta) agus an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú, arna dhéanamh i […] an […] (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais’ anseo feasta). Déanfaidh an Comhchoiste an liosta sin a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta le cinneadh chun críocha an Chomhaontaithe.

5.    I gcás nach n-ainmneoidh páirtí eadránaí, ceapfaidh Ardrúnaí na Buanchúirte Eadrána an t-eadránaí sin ón liosta dá dtagraítear i mír 4. In éagmais liosta den sórt sin, déanfaidh Ard-Rúnaí na Buanchúirte Eadrána an t-eadránaí a cheapadh trí chrannchur ó na pearsana aonair a mhol páirtí amháin nó an dá pháirtí go foirmiúil chun críocha mhír 4.


6.    Is daoine ardcháilithe iad na daoine a chomhdhéanann an binse eadrána, bíodh nó ná bíodh ceangail acu leis na páirtithe, a ráthaítear a neamhspleáchas agus a n-easpa coinbhleachtaí leasa, mar aon le raon leathan taithí. Go háirithe, beidh saineolas léirithe acu ar an dlí agus ar na hábhair a chumhdaítear leis an gComhaontú seo; ní ghlacfaidh siad treoracha ó cheachtar páirtí; agus feidhmeoidh siad ina gcáil phearsanta, agus ní ghlacfaidh siad le treoracha ó aon eagraíocht ná aon rialtas maidir le hábhair a bhaineann leis an díospóid. Beidh taithí ag cathaoirleach an bhinse eadrána freisin ar nósanna imeachta um réiteach díospóidí.

AIRTEAGAL II.3

Dearbhuithe eadránaithe

1.    Le linn do dhuine a bheith á mheas lena cheapadh mar eadránaí, tuairisceoidh an duine sin na himthosca uile is dóigh a bheidh ina gcúis le hamhras dlisteanach maidir lena neamhchlaontacht nó lena neamhspleáchas. Ón gceapachán agus le linn na n-imeachtaí eadrána ar fad, tuairisceoidh eadránaí na himthosca sin do na páirtithe agus do na headránaithe eile gan mhoill, mura ndearna an t-eadránaí amhlaidh cheana féin.

2.    Féadfar aon eadránaí a bhriseadh as a phost más ann d’imthosca a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hamhras dlisteanach faoina neamhchlaontacht nó faoina neamhspleáchas.

3.    Ní fhéadfaidh páirtí a iarraidh go mbrisfí eadránaí as a phost ach amháin ar chúis a thagann chun cinn dó tar éis an cheapacháin sin.


4.    Mura ngníomhaíonn eadránaí nó mura féidir le headránaí de jure nó de facto a ról a chomhlíonadh, beidh feidhm ag an nós imeachta chun eadránaithe a bhriseadh as a bpost a leagtar síos in Airteagal II.4.

AIRTEAGAL II.4

Eadránaithe a bhriseadh as a bpost

1.    Aon pháirtí ar mian leis eadránaí a bhriseadh as a phost, déanfaidh sé iarraidh ar dhífhostú laistigh de 30 lá ón dáta a thugtar fógra dó faoi cheapadh an eadránaí sin nó laistigh de 30 lá ón dáta a thagann sé ar an eolas faoi na himthosca dá dtagraítear in Airteagal II.3.

2.    Seolfar an iarraidh ar dhífhostú chuig an bpáirtí eile, chuig an eadránaí dífhostaithe, chuig na headránaithe eile agus chuig an mBiúró Idirnáisiúnta. Leagfar amach ann na cúiseanna atá leis an iarraidh ar dhífhostú.

3.    Nuair a bheidh iarraidh ar dhífhostú déanta, féadfaidh an páirtí eile glacadh leis an iarraidh ar dhífhostú. Féadfaidh an t-eadránaí i gceist éirí as freisin. Ní thugtar le tuiscint leis an nglacadh nó leis an éirí as go n-aithnítear na cúiseanna atá leis an iarraidh ar dhífhostú.

4.    Más rud é, laistigh de 15 lá ón dáta ar tugadh fógra faoin iarraidh ar dhífhostú, nach nglacfaidh an páirtí eile leis an iarraidh ar dhífhostú nó nach n-éireoidh an t-eadránaí i gceist as, féadfaidh an páirtí a d’iarr an dífhostú a iarraidh ar Ard-Rúnaí na Buanchúirte Eadrána cinneadh a dhéanamh maidir leis an dífhostú.


5.    Mura gcomhaontóidh na páirtithe a mhalairt, léireofar sa chinneadh dá dtagraítear i mír 4 na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin.

AIRTEAGAL II.5

Eadránaí a ionadú

1.    Faoi réir mhír 2 den Airteagal seo, más gá eadránaí a ionadú le linn na n-imeachtaí eadrána, ceapfar nó roghnófar ionadaí i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal II.2 is infheidhme maidir le ceapadh nó roghnú an eadránaí a bheidh le hionadú. Beidh feidhm ag an nós imeachta sin fiú murar fheidhmigh páirtí amháin a cheart chun an t-eadránaí atá le hionadú a cheapadh nó páirt a ghlacadh i gceapadh an eadránaí sin.

2.    I gcás eadránaí a ionadú, atosófar ar an nós imeachta ag an gcéim inar scoir an t-eadránaí ar cuireadh eadránaí eile ina ionad dá fheidhmeanna a chomhlíonadh, mura gcinnfidh an binse eadrána a mhalairt.

AIRTEAGAL II.6

Eisiamh dliteanais

Ach amháin i gcásanna éagóra d’aon ghnó nó mórfhaillí, diúltaíonn na páirtithe, a mhéid is féidir a cheadaítear leis an dlí is infheidhme, aon chaingean in aghaidh na n-eadránaithe maidir le haon ghníomh nó neamhghníomh a bhaineann leis an eadráin.


CAIBIDIL III

IMEACHTAÍ EADRÁNA

AIRTEAGAL III.1

Forálacha ginearálta

1.    Is é dáta bunaithe an bhinse eadrána an dáta ar ghlac an t-eadránaí deiridh lena cheapachán.

2.    Áiritheoidh an binse eadrána go gcaithfear go cothrom leis na páirtithe agus, ag céim chuí de na himeachtaí, go mbeidh deis leordhóthanach ag gach ceann acu a gcearta a dhearbhú agus a gcás a chur i láthair. Seolfaidh an binse eadrána na himeachtaí ar shlí a sheachnóidh moilleanna agus caiteachas nach bhfuil gá leis agus a áiritheoidh go socrófar an díospóid idir na páirtithe.

3.    Eagrófar éisteacht, mura gcinnfidh an binse eadrána a mhalairt, tar éis na páirtithe a éisteacht.

4.    Nuair a chuirfidh páirtí teachtaireacht chuig an mbinse eadrána, déanfaidh sé amhlaidh tríd an mBiúró Idirnáisiúnta agus cuirfidh sé cóip chuig an bpáirtí eile an tráth céanna. Seolfaidh an Biúró Idirnáisiúnta cóip den teachtaireacht sin chuig gach duine de na headránaithe.


AIRTEAGAL III.2

Áit eadrána

Is í an Háig an áit eadrána. Féadfaidh an binse eadrána, más gá sin in imthosca eisceachtúla, teacht le chéile in aon áit eile is cuí leis dá chuid pléití.

AIRTEAGAL III.3

Teanga

1.    Is iad an Fhraincis agus an Béarla teangacha na n-imeachtaí.

2.    Féadfaidh an binse eadrána a ordú go mbeidh aistriúchán go ceann de theangacha na n‑imeachtaí ag gabháil leis na doiciméid uile atá i gceangal leis an ráiteas éilimh nó leis an ráiteas cosanta agus leis na doiciméid bhreise uile a tháirgtear le linn na n‑imeachtaí, arna gcur isteach ina dteanga bhunaidh.


AIRTEAGAL III.4

Ráiteas éilimh

1.    Seolfaidh an t-iarratasóir a ráiteas éilimh i scríbhinn chuig an gcosantóir agus chuig an mbinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta, laistigh den teorainn ama arna socrú ag an mbinse eadrána. Féadfaidh an t-iarratasóir a chinneadh a fhógra eadrána dá dtagraítear in Airteagal I.4 a mheas mar ráiteas éilimh, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na coinníollacha i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo freisin.

2.    Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa ráiteas éilimh:

(a)    an fhaisnéis a leagtar amach i bpointí (b) go (f) d’Airteagal I.4(3);

(b)    ráiteas fíoras a cuireadh isteach mar thaca leis an éileamh; agus

(c)    na hargóintí dlíthiúla a cuireadh chun cinn mar thaca leis an éileamh.

3.    Beidh ag gabháil leis an ráiteas éilimh, a mhéid is féidir, aon doiciméad agus aon fhianaise eile a bheidh luaite ag an iarratasóir nó ba cheart tagairt a dhéanamh dóibh ann. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(3) den Phrótacal, beidh faisnéis sa ráiteas éilimh freisin, a mhéid is féidir, maidir leis an ngá atá le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.


AIRTEAGAL III.5

Ráiteas cosanta

1.    Seolfaidh an cosantóir an ráiteas cosanta i scríbhinn chuig an iarratasóir agus chuig an mbinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta, laistigh den teorainn ama arna socrú ag an mbinse eadrána. Féadfaidh an cosantóir a chinneadh an freagra ar an bhfógra eadrána dá dtagraítear in Airteagal I.5 a mheas mar ráiteas cosanta, ar choinníoll go gcomhlíonann an freagra ar an bhfógra eadrána na coinníollacha i mír 2 den Airteagal seo freisin.

2.    Freagróidh an ráiteas cosanta do na pointí sa ráiteas éilimh a shonraítear i gcomhréir le pointí (a) go (c) d’Airteagal III.4(2) den Fhoscríbhinn seo. Beidh ag gabháil leis, a mhéid is féidir, aon doiciméad agus aon fhianaise eile a bheidh luaite ag an gcosantóir nó ba cheart tagairt a dhéanamh dóibh ann. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(3) den Phrótacal, beidh faisnéis sa ráiteas cosanta freisin, a mhéid is féidir, maidir leis an ngá atá le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

3.    Sa ráiteas cosanta, nó ag céim níos déanaí sna himeachtaí eadrána má chinneann an binse eadrána go bhfuil údar le moill de bharr imthosca, féadfaidh an cosantóir frithéileamh a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil dlínse ag an mbinse eadrána ina leith.

4.    Beidh feidhm ag Airteagal III.4(2) agus (3) maidir le frithéileamh.


AIRTEAGAL III.6

Dlínse eadrána

1.    Rialóidh an binse eadrána an bhfuil dlínse aige ar bhonn Airteagail 10(2) nó 11(2) den Phrótacal.

2.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Phrótacal, beidh sainordú ag an mbinse eadrána scrúdú a dhéanamh ar an gceist is cúis leis an díospóid arna hiontráil go hoifigiúil, lena réiteach, ar chlár oibre an Chomhchoiste i gcomhréir le hAirteagal 10(1) den Phrótacal.

3.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2) den Phrótacal, beidh sainordú ag an mbinse eadrána a d’éist leis an bpríomhchás scrúdú a dhéanamh ar chomhréireacht na mbeart cúiteach is ábhar díospóide, lena n-áirítear i gcás ina ndearnadh na bearta sin go hiomlán nó go páirteach i gcomhaontú déthaobhach eile sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach.

4.    Déanfar réamhagóid maidir le heaspa dlínse an bhinse eadrána ar a dhéanaí sa ráiteas cosanta nó, i gcás frithéilimh, sa fhreagra. Má tá páirtí tar éis eadránaí a cheapadh nó má ghlac sé páirt ina cheapachán, ní bhainfear an ceart de réamhagóid den sórt sin a dhéanamh. Déanfar an réamhagóid go rachadh an díospóid thar chumhachtaí an bhinse eadrána a luaithe a tharraingeofar an cheist anuas a líomhnaítear a théann thar a cumhachtaí le linn na n-imeachtaí eadrána. In aon chás, féadfaidh an binse eadrána réamhagóid a cheadú a dhéanfar tar éis don teorainn ama atá leagtha síos dul in éag má chreideann sé go raibh cúis bhailí leis an moill.


5.    Féadfaidh an binse eadrána rialú a thabhairt ar an réamhagóid dá dtagraítear i mír 4 trí dhéileáil léi mar réamhcheist nó sa chinneadh ar shubstaint an cháis.

AIRTEAGAL III.7

Aighneachtaí eile i scríbhinn

Déanfaidh an binse eadrána, tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe, breith a thabhairt ar na haighneachtaí eile i scríbhinn, i dteannta an ráitis éilimh agus an ráitis cosanta, a dhéanfaidh nó a fhéadfaidh na páirtithe a chur isteach agus socróidh sé an teorainn ama lena gcur isteach.

AIRTEAGAL III.8

Teorainneacha ama

1.    Ní rachaidh na teorainneacha ama arna socrú ag an mbinse eadrána chun na doiciméid i scríbhinn a chur in iúl, lena n-áirítear an ráiteas éilimh agus an ráiteas cosanta, thar 90 lá, mura gcomhaontóidh na páirtithe a mhalairt.

2.    Déanfaidh an binse eadrána a chinneadh críochnaitheach laistigh de 12 mhí ó dháta a bhunaithe. In imthosca eisceachtúla a bhfuil deacracht ar leith ag baint leo, féadfaidh an binse eadrána síneadh suas le 3 mhí bhreise a chur leis an tréimhse sin.


3.    Déanfar na teorainneacha ama a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 a laghdú faoina leath:

(a)    arna iarraidh sin don iarratasóir nó don chosantóir, más rud é, laistigh de 30 lá tar éis an iarraidh sin a fháil, go rialaíonn an binse eadrána, tar éis an páirtí eile a éisteacht, go bhfuil práinn leis an gcás; nó

(b)    má chomhaontaíonn na páirtithe amhlaidh.

4.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2) den Phrótacal, déanfaidh an binse eadrána a chinneadh críochnaitheach laistigh de 6 mhí ón dáta ar tugadh fógra faoi na bearta cúiteacha i gcomhréir le hAirteagal 11(1) den Phrótacal.

AIRTEAGAL III.9

Cásanna arna dtarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

1.    Le linn Airteagal 7 agus Airteagal 10(3) den Phrótacal a chur i bhfeidhm, déanfaidh an binse eadrána tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

2.    Féadfaidh an binse eadrána tarchur a dhéanamh chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh tráth ar bith sna himeachtaí, ar choinníoll go bhfuil an binse eadrána in ann cúlra dlíthiúil agus fíorasach an cháis a shainiú beacht go leor, mar aon leis na ceisteanna dlí a tharraingítear anuas ann.

Cuirfear na himeachtaí os comhair an bhinse eadrána ar fionraí go dtí go mbeidh a rialú tugtha ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.


3.    Féadfaidh gach páirtí iarraidh réasúnaithe a chur chuig an mbinse eadrána chun tarchur a dhéanamh chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Diúltóidh an binse eadrána d’iarraidh den sórt sin má mheasann sé nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear i mír 1. Má dhiúltaíonn an binse eadrána d’iarraidh páirtí ar tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tabharfaidh sé cúiseanna lena chinneadh sa bhreith ar shubstaint an cháis.

4.    Déanfaidh an binse eadrána tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh trí bhíthin fógra. Beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, san fhógra:

(a)    tuairisc ghairid ar an díospóid;

(b)    gníomh dlí nó gníomhartha dlí an Aontais agus/nó foráil nó forálacha an Chomhaontaithe atá i gceist; agus

(c)    coincheap dhlí an Aontais atá le léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den Phrótacal.

Tabharfaidh an binse eadrána fógra faoin tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chuig na páirtithe.

5.    Cuirfidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm, de réir analaí, na rialacha nós imeachta inmheánacha is infheidhme maidir le feidhmiú a dlínse chun réamhrialú a dhéanamh ar léirmhíniú na gConarthaí agus na ngníomhartha arna ndéanamh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais.

6.    Na gníomhairí agus na dlíodóirí atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh do na páirtithe os comhair an bhinse eadrána de bhun Airteagail I.4, I.5, III.4 agus III.5, údarófar dóibh ionadaíocht a dhéanamh ar na páirtithe os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.


AIRTEAGAL III.10

Bearta idirlinne

1.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2) den Phrótacal, féadfaidh ceachtar páirtí, ag céim ar bith den nós imeachta eadrána, iarratas a dhéanamh ar bhearta eatramhacha arb é atá iontu na bearta cúiteacha a chur ar fionraí.

2.    Sonrófar in iarratas de bhun mhír 1 ábhar na n-imeachtaí, na himthosca is cúis le práinn agus na saincheisteanna fíorais agus dlí lena mbunaítear cás prima facie le haghaidh na mbeart eatramhach arna n-iarraidh. Beidh ann an fhianaise agus na tairiscintí fianaise uile atá ar fáil chun údar a thabhairt le deonú na mbeart eatramhach.

3.    Déanfaidh an páirtí a iarrann na bearta eatramhacha a iarratas a sheoladh i scríbhinn chuig an bpáirtí eile agus chuig an mbinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta. Socróidh an binse eadrána teorainn ama ghearr ar laistigh di a fhéadfaidh an páirtí eile sin barúlacha i scríbhinn nó ó bhéal a chur isteach.

4.    Glacfaidh an binse eadrána, laistigh de 1 mhí amháin tar éis an t-iarratas dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach, cinneadh maidir leis na bearta cúiteacha atá á gconspóid a chur ar fionraí má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)    gur deimhin leis an mbinse eadrána prima facie fiúntas an cháis arna chur isteach ag an bpáirtí a d’iarr na bearta eatramhacha ina iarratas;

(b)    go measann an binse eadrána, ar feitheamh a chinnidh chríochnaithigh, go ndéanfaí díobháil thromchúiseach dholeasaithe don pháirtí a iarrann na bearta eatramhacha in éagmais na mbeart cúiteach a chur ar fionraí; agus


(c)    gur mó an díobháil a rinneadh don pháirtí a d’iarr na bearta eatramhacha trí na bearta cúiteacha atá faoi chonspóid a chur i bhfeidhm láithreach ná an leas i gcur i bhfeidhm láithreach agus éifeachtach na mbeart sin.

5.    Ní bheidh feidhm ag fionraí na n-imeachtaí dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal III.9(2) in imeachtaí de bhun an Airteagail seo.

6.    Ní bheidh ach éifeacht eatramhach ag cinneadh a ghlacfaidh an binse eadrána de réir mhír 4 agus beidh sé gan dochar do chinneadh an bhinse eadrána ar shubstaint an cháis.

7.    Mura rud é go socrófar leis an gcinneadh a ghlacfaidh an binse eadrána i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo dáta is luaithe le haghaidh dheireadh na fionraí, rachaidh an fhionraí in éag nuair a ghlacfar an cinneadh críochnaitheach de bhun Airteagal 11(2) den Phrótacal.

8.    Chun amhras a sheachaint, chun críocha an Airteagail seo, tuigtear, le linn don bhinse eadrána leasanna an pháirtí a iarrann na bearta eatramhacha agus an pháirtí eile a bhreithniú, go gcuirfidh sé san áireamh leasanna daoine aonair agus oibreoirí eacnamaíocha na bpáirtithe, ach nach é an toradh a bheidh orthu siúd a chur san áireamh aon seasamh a dheonú do dhaoine aonair nó d’oibreoirí eacnamaíocha den sórt sin os comhair an bhinse eadrána.

AIRTEAGAL III.11

Fianaise

1.    Soláthróidh gach páirtí fianaise ar na fíorais arb iad forais a éilimh nó a chosanta iad.


2.    Ar iarraidh ó pháirtí, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an binse eadrána faisnéis ábhartha a mheasann sé a bheith riachtanach agus iomchuí a lorg ó na Páirtithe. Socróidh an binse eadrána teorainn ama do na páirtithe chun freagra a thabhairt ar a iarraidh.

3.    Ar iarraidh ó pháirtí, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an binse eadrána aon fhaisnéis is iomchuí leis a lorg ó aon fhoinse. Tá sé de cheart ag an mbinse eadrána freisin tuairim saineolaithe a lorg de réir mar is iomchuí leis agus faoi réir téarmaí agus coinníollacha a chomhaontóidh na páirtithe, i gcás inarb infheidhme.

4.    Aon fhaisnéis a gheobhaidh binse eadrána faoin Airteagal seo cuirfear ar fáil í do na páirtithe agus féadfaidh na páirtithe tuairimí faoin bhfaisnéis sin a chur faoi bhráid an bhinse eadrána.

5.    Tar éis don bhinse eadrána tuairimí an pháirtí eile a lorg, glacfaidh sé bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar aon cheist a tharraingeoidh páirtí anuas maidir le cosaint sonraí pearsanta, rúndacht ghairmiúil agus leasanna dlisteanacha rúndachta.

6.    Is é an binse eadrána a thabharfaidh breithiúnas ar inghlacthacht, ábharthacht agus neart na fianaise a tíolacadh.

AIRTEAGAL III.12

Éisteachtaí

1.    Nuair nach mór éisteacht a bheith ann, déanfaidh an binse eadrána, tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe, fógra a thabhairt do na páirtithe fada go leor roimh dháta, am agus áit na héisteachta.


2.    Is go poiblí a éistfear cásanna mura ndéanfaidh an binse eadrána, uaithi féin nó ar iarratas ó na páirtithe, a mhalairt a chinneadh ar chúiseanna troma.

3.    Déanfaidh cathaoirleach an bhinse eadrána miontuairiscí gach éisteachta a tharraingt suas agus a shíniú. Is iad na miontuairiscí sin amháin a bheidh barántúil.

4.    Féadfaidh an binse eadrána cinneadh a dhéanamh an éisteacht a thionól go fíorúil de réir chleachtas an Bhiúró Idirnáisiúnta. Cuirfear na páirtithe ar an eolas faoin gcleachtas sin go tráthúil. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag mír 1, mutatis mutandis, agus ag mír 3.

AIRTEAGAL III.13

Réamhshocrú

1.    Más rud é, laistigh den teorainn ama a leagtar síos leis an bhFoscríbhinn seo nó ag an mbinse eadrána, nach mbeidh a ráiteas éilimh curtha isteach ag an iarratasóir, gan cúis leordhóthanach a thaispeáint, ordóidh an binse eadrána go gcuirfear clabhsúr leis na himeachtaí eadrána, mura mbeidh ceisteanna gan réiteach ann a bhféadfadh gá a bheith le rialú ina leith agus más cuí leis an mbinse eadrána déanamh amhlaidh.

Más rud é, laistigh den teorainn ama a leagtar síos leis an bhFoscríbhinn seo nó ag an mbinse eadrána, nach mbeidh a fhreagra ar an bhfógra eadrána nó a ráiteas cosanta curtha isteach ag an gcosantóir, gan cúis leordhóthanach a thaispeáint, ordóidh an binse eadrána go leanfar leis na himeachtaí, gan a mheas gurb ionann an mhainneachtain féin agus glacadh líomhaintí an iarratasóra.

Tá feidhm ag an dara fomhír freisin i gcás nach gcuireann an t-iarratasóir freagra ar fhrithéileamh isteach.


2.    Mura dtiocfaidh páirtí, a chomórfar go cuí i gcomhréir le hAirteagal III.12(1), i láthair ag éisteacht agus mura léireoidh sé cúis leordhóthanach gan déanamh amhlaidh, féadfaidh an binse eadrána leanúint den eadráin.

3.    Páirtí ar iarr an binse eadrána air go cuí tuilleadh fianaise a thabhairt ar aird, mura ndéanfaidh sé amhlaidh laistigh de na teorainneacha ama a shocraítear gan cúis leordhóthanach a thaispeáint gan déanamh amhlaidh, féadfaidh an binse eadrána rialú a thabhairt ar bhonn na fianaise a bheidh ar fáil aige.

AIRTEAGAL III.14

Dúnadh an nós imeachta

1.    I gcás ina léirítear go raibh deis réasúnach ag na páirtithe a n-argóintí a chur i láthair, féadfaidh an binse eadrána dúnadh na n-imeachtaí a dhearbhú.

2.    Féadfaidh an binse eadrána, má mheasann sé gur gá sin mar gheall ar imthosca eisceachtúla, cinneadh a dhéanamh ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó pháirtí na himeachtaí a athoscailt tráth ar bith sula mbeidh a chinneadh déanta aige.


CAIBIDIL IV

CINNEADH

AIRTEAGAL IV.1

Cinntí

Féachfaidh an binse eadrána lena chinntí a dhéanamh de chomhthoil. Más rud é, áfach, nach féidir cinneadh a dhéanamh de chomhthoil, is é tromlach na n-eadránaithe a dhéanfaidh cinneadh an bhinse eadrána.

AIRTEAGAL IV.2

Foirm agus éifeacht chinneadh an bhinse eadrána

1.    Féadfaidh an binse eadrána cinntí ar leithligh a dhéanamh ar cheisteanna éagsúla ag tráthanna éagsúla.

2.    Eiseofar gach cinneadh i scríbhinn agus luafar iontu na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe. Beidh siad críochnaitheach agus ina gceangal ar na páirtithe.

3.    Síneoidh na headránaithe cinneadh an bhinse eadrána , beidh ann an dáta a rinneadh é agus luafar ann an áit eadrána. Cuirfidh an Biúró Idirnáisiúnta cóip den chinneadh arna shíniú ag na headránaithe in iúl do na páirtithe.


4.    Déanfaidh an Biúró Idirnáisiúnta cinneadh an bhinse eadrána a phoibliú.

Le linn don Bhiúró Idirnáisiúnta cinneadh an bhinse eadrána a phoibliú, urramóidh sé na rialacha ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta, rúndacht ghairmiúil agus leasanna dlisteanacha rúndachta.

Beidh na rialacha dá dtagraítear sa dara fomhír comhionann le haghaidh na gcomhaontuithe déthaobhacha uile i réimsí an mhargaidh inmheánaigh ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach agus le haghaidh an Chomhaontaithe maidir le sláinte, an Chomhaontaithe maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta agus an Chomhaontaithe maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise. Déanfaidh an Comhchoiste na rialacha sin a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta le cinneadh chun críocha an Chomhaontaithe.

5.    Comhlíonfaidh na páirtithe cinntí uile an bhinse eadrána gan mhoill.

6.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Phrótacal, tar éis don bhinse eadrána tuairim na bpáirtithe a fháil, socróidh sé teorainn ama réasúnach sa chinneadh ar shubstaint an cháis chun a chinneadh a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 10(5) den Phrótacal agus nósanna imeachta inmheánacha na bpáirtithe á gcur san áireamh.

AIRTEAGAL IV.3

An dlí is infheidhme, rialacha maidir le léiriú, idirghabhálaí

1.    Is éard atá sa dlí is infheidhme an Comhaontú, gníomhartha dlí an Aontais dá dtagraítear ann, chomh maith le haon riail eile den dlí idirnáisiúnta atá ábhartha maidir le cur i bhfeidhm na n-ionstraimí sin.


2.    Déanfaidh an binse eadrána cinneadh i gcomhréir leis na rialacha maidir le léiriú dá dtagraítear in Airteagal 7 den Phrótacal.

3.    Cinntí roimh ré arna nglacadh ag comhlacht um réiteach díospóidí maidir le comhréireacht beart cúiteach faoi chomhaontú déthaobhach eile i measc na gcinntí sin dá dtagraítear in Airteagal 11(1) den Phrótacal, beidh siad ina gceangal ar an mbinse eadrána.

4.    Ní cheadófar don bhinse eadrána cinneadh a dhéanamh mar idirghabhálaí ná ex aequo et bono.

AIRTEAGAL IV.4

Réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach nó cúiseanna eile chun an nós imeachta a dhúnadh

1.    Féadfaidh na páirtithe, tráth ar bith, réiteach ar a ndíospóid a chomhaontú go frithpháirteach. Cuirfidh siad aon réiteach den sórt sin in iúl go comhpháirteach don bhinse eadrána. Má éilítear formheas leis an réiteach de bhun nósanna imeachta intíre ábhartha ceachtar páirtí, déanfar tagairt san fhógra don cheanglas sin, agus cuirfear an nós imeachta eadrána ar fionraí. Mura gá formheas den sórt sin, nó nuair a bheidh fógra tugtha faoi thabhairt chun críche aon nós imeachta intíre den sórt sin, déanfar an nós imeachta eadrána a dhúnadh.

2.    Más rud é, le linn imeachtaí, go gcuirfidh an t-iarratasóir in iúl i scríbhinn don bhinse eadrána nach mian leis na himeachtaí a shaothrú tuilleadh, agus más rud é, ar an dáta a gheobhaidh an binse eadrána an chumarsáid sin, nach bhfuil aon bheart déanta fós ag an gcosantóir sna himeachtaí, eiseoidh an binse eadrána ordú ina dtaifeadfar go hoifigiúil clabhsúr na n-imeachtaí. Déanfaidh an binse eadrána cinneadh maidir leis na costais, a íocfaidh an t-iarratasóir, má dhealraíonn sé go bhfuil údar leis sin de bharr iompar an pháirtí sin.


3.    Más rud é, sula ndéantar cinneadh an bhinse eadrána, go dtagann an binse eadrána ar an gconclúid go bhfuil sé gan chiall nó dodhéanta leanúint de na himeachtaí ar aon chúis seachas na cúiseanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, cuirfidh an binse eadrána in iúl do na páirtithe go bhfuil sé ar intinn aige ordú a eisiúint lena gcuirfear clabhsúr leis na himeachtaí.

Níl feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina bhfuil ceisteanna gan réiteach ann ar féidir gur gá rialú ina leith agus más cuí leis an mbinse eadrána déanamh amhlaidh.

4.    Cuirfidh an binse eadrána in iúl do na páirtithe cóip den ordú lena gcuirtear clabhsúr leis na himeachtaí eadrána nó den chinneadh a rinneadh trí chomhaontú idir na páirtithe, agus í sínithe ag na headránaithe. Beidh feidhm ag Airteagal IV.2(2) go (5) maidir le cinntí eadrána a ghlacfar trí chomhaontú idir na páirtithe.

AIRTEAGAL IV.5

Cinneadh an bhinse eadrána a cheartú

1.    Laistigh de 30 lá tar éis cinneadh an bhinse eadrána a fháil, féadfaidh páirtí, trí fhógra a thabhairt don pháirtí eile agus don bhinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta, a iarraidh ar an mbinse eadrána aon earráid sa ríomh, aon earráid chléireachais nó chló, nó aon earráid nó easnamh dá samhail a cheartú i dtéacs chinneadh an bhinse eadrána. I gcás ina measfaidh sé go bhfuil údar cuí leis an iarraidh, déanfaidh an binse eadrána an ceartú laistigh de 45 lá tar éis dó an iarraidh a fháil. Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag an iarraidh ar an teorainn ama dá bhforáiltear in Airteagal IV.2(6).


2.    Féadfaidh an binse eadrána, laistigh de 30 lá tar éis dó a chinneadh a chur in iúl, na ceartúcháin dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh ar a thionscnamh féin.

3.    Déanfar na ceartúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i scríbhinn agus beidh siad ina gcuid dhílis den chinneadh. Beidh feidhm ag Airteagal IV.2(2) go (5).

AIRTEAGAL IV.6

Táillí eadránaithe

1.    Beidh na táillí dá dtagraítear in Airteagal IV.7 réasúnta, agus castacht an cháis, an t-am a chaitheann na headránaithe air agus na cúinsí ábhartha eile go léir á gcur san áireamh.

2.    Déanfar liosta de chúiteamh laethúil agus de na huaireanta uasta agus íosta, a bheidh i gcoiteann ag gach comhaontú déthaobhach sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach chomh maith leis an gComhaontú maidir le sláinte, an Comhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta agus an Comhaontú maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise, a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta nuair is gá. Déanfaidh an Comhchoiste an liosta sin a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta le cinneadh chun críocha an Chomhaontaithe.

AIRTEAGAL IV.7

Costais

1.    Iompróidh gach páirtí a chostais féin agus leath de chostais an bhinse eadrána.


2.    Socróidh an binse eadrána a chostais ina chinneadh ar shubstaint an cháis. Ní áireofar ar na costais sin ach an méid seo a leanas:

(a)    táillí na n-eadránaithe, a luafar ar leithligh le haghaidh gach eadránaí agus a shocróidh an binse eadrána féin i gcomhréir le hAirteagal IV.6;

(b)    na costais taistil agus costais eile arna dtabhú ag na headránaithe; agus

(c)    táillí agus costais an Bhiúró Idirnáisiúnta.

3.    Beidh na costais dá dtagraítear i mír 2 réasúnach, agus an méid atá faoi dhíospóid, castacht na díospóide, an t-am a chaith na headránaithe agus aon saineolaí arna cheapadh ag an mbinse eadrána uirthi agus aon toisc ábhartha eile á gcur san áireamh.

AIRTEAGAL IV.8

Costais a thaisceadh

1.    Ag tús na headrána, féadfaidh an Biúró Idirnáisiúnta a iarraidh ar na páirtithe méid comhionann a thaisceadh mar réamhíocaíocht le haghaidh na gcostas dá dtagraítear in Airteagal IV.7(2).

2.    Le linn na n-imeachtaí eadrána, féadfaidh an Biúró Idirnáisiúnta taiscí atá forlíontach leo siúd dá dtagraítear i mír 1 a iarraidh ar na páirtithe.


3.    Déanfar na méideanna uile arna dtaisceadh ag na páirtithe i gcur i bhfeidhm an Airteagail seo a íoc leis an mBiúró Idirnáisiúnta agus íocfaidh sé amach iad chun na costais a tabhaíodh iarbhír a chumhdach, lena n-áirítear, go háirithe, na táillí arna n-íoc leis na headránaithe agus leis an mBiúró Idirnáisiúnta.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

AIRTEAGAL V.1

Leasuithe

Féadfaidh an Comhchoiste, le cinneadh, leasuithe ar an bhFoscríbhinn seo a ghlacadh.

________________

(1)    Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67)

An Bhruiséil,13.6.2025

COM(2025) 308 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, pacáiste leathain comhaontuithe chun an caidreamh déthaobhach le Cónaidhm na hEilvéise a chomhdhlúthú, a dhoimhniú agus a leathnú, agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis


PRÓTACAL LEASAITHEACH
A GHABHANN LEIS AN gCOMHAONTÚ

IDIR AN COMHPHOBAL EORPACH

AGUS CÓNAIDHM NA hEILVÉISE

MAIDIR LE TRÁDÁIL I dTÁIRGÍ TALMHAÍOCHTA

TÁ AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta,

agus

CÓNAIDHM NA hEILVÉISE, dá ngairtear ‘an Eilvéis’ anseo feasta,

dá ngairtear ‘na Páirtithe’ anseo feasta;

AG MEABHRÚ dóibh cuspóir an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta, arna dhéanamh i Lucsamburg an 21 Meitheamh 1999 (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta), an caidreamh saorthrádála idir na Páirtithe a neartú trí rochtain gach ceann acu ar an margadh i dtáirgí talmhaíochta an Pháirtí eile a fheabhsú;

AG MEABHRÚ dóibh ceannasacht na bPáirtithe ar a mbeartais talmhaíochta;

AG ADMHÁIL dóibh gur gá an Comhaontú a leasú tar éis Comhlimistéar Sábháilteachta Bia a bhunú leis an bPrótacal a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta lena mbunaítear Comhlimistéar Sábháilteachta Bia, arna dhéanamh in [...], an [...] (dá ngairtear an ‘Prótacal lena mbunaítear Comhlimistéar Sábháilteachta Bia’ anseo feasta), lena gcumhdaítear réimsí áirithe a bhí faoi rialú ag an gComhaontú go dtí seo;

AG ADMHÁIL dóibh gur gá forálacha institiúideacha an Chomhaontaithe a oiriúnú, éifeachtacht agus éifeachtúlacht an Chomhaontaithe a fheabhsú agus comhsheasmhacht leis an gComhlimistéar Sábháilteachta Bia a áirithiú;



AG DEARBHÚ dóibh gur cheart an Comhaontú a bheith bunaithe ar chomhionannas, ar chómhalartacht agus ar chothromaíocht ghinearálta idir buntáistí, cearta agus oibleagáidí na bPáirtithe sna réimsí a chumhdaítear leis an gComhaontú;

AG MEABHRÚ dóibh an nasc intreach idir an Comhaontú agus na sé Chomhaontú eile idir an Comhphobal Eorpach agus an Eilvéis, arna dhéanamh i Lucsamburg an 21 Meitheamh 1999;

AG DEARBHÚ dóibh an nasc intreach idir an Comhaontú agus an Comhlimistéar Sábháilteachta Bia arna bhunú leis an bPrótacal lena mbunaítear Comhlimistéar Sábháilteachta Bia, a bhfuil sé comhleanúnach ina iomláine leis;

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:


AIRTEAGAL 1

Leasuithe ar an gComhaontú agus ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis

Leasaítear an Comhaontú mar a leanas:

(1)    Déanfar aon tagairtí don “Chomhphobal Eorpach” nó don “Chomhphobal” sa Chomhaontú a fhorléiriú mar thagairtí don Aontas Eorpach;

(2)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

‘AIRTEAGAL 5

Bacainní teicniúla ar thrádáil i dtáirgí talmhaíochta a bhaint

D’fhonn trádáil i dtáirgí talmhaíochta a chothú, déanfaidh na Páirtithe bacainní teicniúla a bhaint nó a laghdú, i gcomhréir leis na hIarscríbhinní seo a leanas a ghabhann leis an gComhaontú:

   Iarscríbhinn 7 maidir le trádáil i dtáirgí in earnáil an fhíona,

   Iarscríbhinn 8 maidir le hainmneacha deochanna biotáilleacha agus deochanna cumhraithe fíonbhunaithe a aithint agus a chosaint go frithpháirteach,

   Iarscríbhinn 9 maidir le táirgí talmhaíochta agus bia-ábhair a tháirgtear go horgánach,

   Iarscríbhinn 10 maidir le haitheantas a thabhairt do sheiceálacha comhréireachta ar thorthaí agus glasraí úra faoi réir caighdeáin mhargaíochta,



   Iarscríbhinn 12 maidir le hainmniúchán tionscnaimh agus tásca geografacha do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhair a chosaint.’;

(3)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

‘AIRTEAGAL 6

An Comhchoiste um Thalmhaíocht

1.    Bunaítear leis seo Comhchoiste um Thalmhaíocht.

Is ionadaithe ó na Páirtithe a bheidh ar an gComhchoiste um Thalmhaíocht.

2.    Beidh ionadaí ón Aontas agus ionadaí ón Eilvéis ina gcomhchathaoirligh ar an gComhchoiste um Thalmhaíocht.

3.    Déanfaidh an Comhchoiste um Thalmhaíocht an méid seo a leanas:

(a)    feidhmiú cuí agus riar agus cur i bhfeidhm éifeachtach an Chomhaontaithe seo a áirithiú;

(b)    Fóram a chur ar fáil le haghaidh comhairliúchán frithpháirteach agus malartú leanúnach faisnéise idir na Páirtithe, go háirithe d’fhonn teacht ar réiteach ar aon deacracht a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe i gcomhréir le hAirteagal 7a;


(c)    moltaí a chur faoi bhráid na bPáirtithe maidir le hábhair a bhaineann leis an gComhaontú seo;

(d)    cinntí a ghlacadh i gcás ina bhforáiltear dó sin sa Chomhaontú seo; agus

(e)    aon inniúlacht eile a dheonaítear dó sa Chomhaontú seo a fheidhmiú.

4.    Gníomhóidh an Comhchoiste um Thalmhaíocht de chomhthoil.

Beidh Cinntí ina gceangal ar na Páirtithe, agus déanfaidh na Páirtithe na bearta uile is gá chun iad a chur chun feidhme.

5.    Tiocfaidh an Comhchoiste um Thalmhaíocht le chéile uair sa bhliain ar a laghad, sa Bhruiséil agus i mBeirn gach re seach, mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt. Tiocfaidh sé le chéile freisin arna iarraidh sin do cheachtar de na Páirtithe. Féadfaidh na comhchathaoirligh a chomhaontú go dtionólfar cruinniú den Chomhchoiste um Thalmhaíocht trí fhíschomhdháil nó trí theileachomhdháil.

Féadfaidh an Comhchoiste um Thalmhaíocht a chinneadh cinntí a dhéanamh trí nós imeachta i scríbhinn.

6.    Glacfaidh an Comhchoiste um Thalmhaíocht a rialacha nós imeachta ag an gcéad chruinniú a bheidh aige.

7.    Féadfaidh an Comhchoiste um Thalmhaíocht a chinneadh aon mheitheal nó aon ghrúpa saineolaithe a bhunú a bheidh in ann cúnamh a thabhairt dó a chuid dualgas a chomhlíonadh.’;


(4)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

‘AIRTEAGAL 7

Prionsabal an eisiachais

Gabhann na Páirtithe orthu féin nach gcuirfidh siad faoi bhráid shásra socraíochta aon díospóid maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, seachas na díospóidí sin dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo.’;

(5)    cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

‘AIRTEAGAL 7a

Nós imeachta i gcás deacracht a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm

1.    I gcás deacracht a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile laistigh den Chomhchoiste um Thalmhaíocht chun teacht ar réiteach a bheidh inghlactha ag an dá thaobh. Chuige sin, cuirfear na heilimintí úsáideacha faisnéise uile ar fáil don Chomhchoiste um Thalmhaíocht chun é a chur ar a chumas dó scrúdú mionsonraithe a dhéanamh ar an gcás. Scrúdóidh an Comhchoiste um Thalmhaíocht na féidearthachtaí uile lena bhféadfar feidhmiú cuí an Chomhaontaithe a choinneáil ar bun.

2.    Mura mbeidh an Comhchoiste um Thalmhaíocht in ann teacht ar réiteach ar an deacracht dá dtagraítear i mír 1 laistigh de 3 mhí ón dáta a cuireadh an deacracht faoina bhráid, féadfaidh ceachtar de na Páirtithe a iarraidh ar bhinse eadrána an díospóid a réiteach i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa Phrótacal maidir leis an mbinse eadrána.


3.    Déanfaidh gach Páirtí gach beart is gá chun cinneadh an bhinse eadrána a chomhlíonadh de mheon macánta.

An Páirtí a gcinnfidh an binse eadrána nár chomhlíon sé an Comhaontú seo, cuirfidh sé an Páirtí eile ar an eolas tríd an gComhchoiste um Thalmhaíocht faoi na bearta atá déanta aige chun cinneadh an bhinse eadrána a chomhlíonadh.

4.    Ní dhéanfaidh an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo difear do na lamháltais arna ndeonú agus arna mbunú in Iarscríbhinní 1 go 3 a ghabhann leis an gComhaontú seo ná dá riar.

AIRTEAGAL 7b

Bearta cúiteacha

1.    Más rud é, maidir leis an bPáirtí ar chinn an binse eadrána nár chomhlíon sé an Comhaontú seo, nach gcuireann sé an Páirtí eile ar an eolas, laistigh de thréimhse ama réasúnach arna socrú de réir Airteagal IV.2(6) den Phrótacal a ghabhann leis an gComhaontú seo maidir leis an mbinse eadrána, faoi na bearta atá déanta aige chun cinneadh an bhinse eadrána a chomhlíonadh, nó má mheasann an Páirtí eile nach gcomhlíonann na bearta a chuirtear in iúl cinneadh an bhinse eadrána, féadfaidh an Páirtí eile sin bearta cúiteacha comhréireacha a ghlacadh faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo, nó an Phrótacail lena mbunaítear Comhlimistéar Sábháilteachta Bia (dá ngairtear ‘bearta cúiteacha’ anseo feasta) chun éagothroime fhéideartha a leigheas. Tabharfaidh sé fógra don Pháirtí ar chinn an binse eadrána nár chomhlíon sé an Comhaontú maidir leis na bearta cúiteacha, a shonrófar san fhógra. Gabhfaidh éifeacht leis na bearta cúiteacha sin 3 mhí ó dháta an fhógra sin.



2.    Más rud é, laistigh de mhí amháin ón dáta a dtabharfar an fógra faoi na bearta cúiteacha atá beartaithe, nach mbeidh cinneadh déanta ag an gComhchoiste um Thalmhaíocht na bearta cúiteacha sin a chur ar fionraí, a leasú nó a neamhniú, féadfaidh ceachtar Páirtí an cheist maidir le comhréireacht na mbeart cúiteach sin a chur chun eadrána, i gcomhréir leis an bPrótacal a ghabhann leis an gComhaontú seo maidir leis an mbinse eadrána.

3.    Déanfaidh an binse eadrána cinneadh laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal III.8(3) den Phrótacal ar an mbinse eadrána a ghabhann leis an gComhaontú seo.

4.    Ní bheidh éifeacht chúlghabhálach ag bearta cúiteacha. Go háirithe, caomhnófar na cearta agus na hoibleagáidí a fuair daoine aonair agus oibreoirí eacnamaíocha cheana féin sula ngabhfaidh éifeacht leis na bearta cúiteacha.’;

(6)    in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Rúndacht ghairmiúil’;

(7)    cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘AIRTEAGAL 9a

Faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe

1.    Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo mar ní a cheanglóidh ar Pháirtí faisnéis rúnaicmithe a chur ar fáil.



2.    Déanfar faisnéis rúnaicmithe nó ábhar rúnaicmithe a sholáthróidh na Páirtithe nó a mhalartófar eatarthu faoin bPrótacal seo a láimhseáil agus a chosaint i gcomhréir leis an gComhaontú idir Cónaidhm na hEilvéise agus an tAontas Eorpach maidir leis na nósanna imeachta slándála chun faisnéis rúnaicmithe a mhalartú, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 28 Aibreán 2008, agus i gcomhréir le haon socrú slándála lena gcuirtear chun feidhme é.

3.    Glacfaidh an Comhchoiste um Thalmhaíocht, trí bhíthin cinnidh, treoracha láimhseála chun a áirithiú go gcosnófar faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a mhalartaítear idir na Páirtithe.’;

(8)in Airteagal 11, Airteagal 12(2) agus Airteagal 13(2), cuirtear na focail ‘an Comhchoiste um Thalmhaíocht’ in ionad na bhfocal ‘an Coiste’;

(9)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

‘AIRTEAGAL 15

Iarscríbhinní, Foscríbhinní agus Prótacal

Is cuid dhílis den Chomhaontú seo na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú seo, lena n‑áirítear na Foscríbhinní a ghabhann leis, agus an Prótacal maidir leis an mbinse eadrána a ghabhann leis an gComhaontú seo.’;


(10)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

‘AIRTEAGAL 16

Raon feidhme críochach

Beidh feidhm ag an gComhaontú seo, de pháirt, maidir leis an gcríoch ina gcuirtear an Conradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm, agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin agus, den pháirt eile, maidir le críoch na hEilvéise.’;

(11)    in Airteagal 17, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

‘5.    I gcás ina bhfoirceannfar an Comhaontú seo i gcomhréir le mír 3, scoirfidh an Prótacal lena mbunaítear Comhlimistéar Sábháilteachta Bia d’fheidhm a bheith aige ar an dáta dá dtagraítear i mír 4.

6.I gcás ina scoirfidh an Comhaontú d’fheidhm a bheith aige, coinneoidh daoine aonair agus oibreoirí eacnamaíocha na cearta agus na hoibleagáidí atá faighte acu cheana féin dá mbua. Socróidh na Páirtithe trí chomhaontú frithpháirteach cén ghníomhaíocht atá le déanamh i ndáil le cearta atá á bhfáil.’;

(12)    Aisghairtear Iarscríbhinní 4, 5, 6 agus 11 ar dháta theacht i bhfeidhm an Phrótacail lena mbunaítear Comhlimistéar Sábháilteachta Bia;

(13)cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo isteach mar Phrótacal a ghabhann leis an gComhaontú.



AIRTEAGAL 2

Cur i bhfeidhm idirthréimhseach Iarscríbhinní 4, 5, 6 agus 11 a ghabhann leis an gComhaontú

Coinneofar éifeachtaí Iarscríbhinní 4, 5, 6 ar bun 11 le linn na hidirthréimhse arna bunú le hAirteagal 32 den Phrótacal lena mbunaítear Comhlimistéar Sábháilteachta Bia a thosóidh, de réir na forála sin, ar dháta theacht i bhfeidhm an Phrótacail sin agus a chríochnóidh tráth nach déanaí ná 24 mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm.

Chun críocha an Chomhaontaithe, cinnfear dáta dheireadh na hidirthréimhse sin le cinneadh ón gComhchoiste um Thalmhaíocht arna bhunú faoi Airteagal 6 den Chomhaontú ar fhógra a fháil ón gComhchoiste um Shábháilteacht Bia arna bhunú le hAirteagal 11 den Phrótacal lena mbunaítear Comhlimistéar Sábháilteachta Bia.

AIRTEAGAL 3

Teacht i bhfeidhm

1.    Déanfaidh na Páirtithe an Prótacal seo a dhaingniú nó a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Tabharfaidh gach Páirtí fógra don Pháirtí eile faoi chur i gcrích na nósanna imeachta inmheánacha is gá do theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo.


2.    Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an fhógra dheireanaigh maidir leis na hionstraimí seo a leanas:

(a)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

(b)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

(c)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(d)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(e)    Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(f)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;


(g)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;

(h)    Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;

(i)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(j)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(k)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht tráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú;

(l)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gcláir de chuid an Aontais;

(m)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis.


Arna dhéanamh [i/sa/san …], an […], i ndúblach, sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus tá gach téacs díobh barántúil.

Á FHIANÚ SIN, chuir na daoine thíos-sínithe, agus údar cuí acu chuige sin, a lámh leis an bPrótacal seo.

(Bloc na sínithe, amhail an méid seo a leanas, i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais: ‘Thar ceann an Aontais Eorpaigh’ agus ‘Thar ceann Chónaidhm na hEilvéise’)

IARSCRÍBHINN

PRÓTACAL
I nDÁIL LEIS AN mBINSE EADRÁNA

A GHABHANN LEIS AN gCOMHAONTÚ

IDIR AN COMHPHOBAL EORPACH

AGUS CÓNAIDHM NA hEILVÉISE

MAIDIR LE TRÁDÁIL I dTÁIRGÍ TALMHAÍOCHTA

CAIBIDIL I

RÉAMHFHORÁLACHA

AIRTEAGAL I.1

Raon feidhme

Má chuireann ceann de na Páirtithe (dá ngairtear ‘páirtithe’ anseo feasta) díospóid isteach le haghaidh eadrána i gcomhréir le hAirteagail 7a(2) nó 7b(2) den Chomhaontú, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach sa Phrótacal seo.


AIRTEAGAL I.2

Seirbhísí clárlainne agus rúnaíochta

Comhlíonfaidh Biúró Idirnáisiúnta na Buanchúirte Eadrána sa Háig (dá ngairtear ‘an Biúró Idirnáisiúnta’ anseo feasta) feidhmeanna na clárlainne agus soláthróidh sé na seirbhísí rúnaíochta is gá.

AIRTEAGAL I.3

Fógraí agus teorainneacha ama a ríomh

1.    Féadfar fógraí, lena náirítear teachtaireachtaí nó tograí, a sheoladh trí aon mhodh cumarsáide lena ndeimhnítear a dtarchur, nó lena gcumasaítear iad a dheimhniú.

2.    Ní fhéadfar fógraí den sórt sin a sheoladh go leictreonach ach amháin má tá seoladh ainmnithe nó údaraithe ag páirtí go sonrach chun na críche sin.

3.    Maidir le fógraí den sórt sin a sheirbheálfar ar na páirtithe, i gcás na hEilvéise, chuig Rannán Eorpach Roinn Cónaidhme Gnóthaí Eachtracha na hEilvéise agus, i gcás an Aontais, seolfar chuig Seirbhís Dlí an Choimisiúin iad.


4.    Rithfidh aon teorainn ama a leagtar síos sa Phrótacal seo ón lá tar éis tarlú teagmhais nó déanamh birt. Más rud é gur lá nach lá oibre ag institiúidí an Aontais nó rialtas na hEilvéise an lá deireanach chun doiciméad a sheachadadh, tiocfaidh deireadh le tréimhse sheachadta an doiciméid ar an gcéad lá oibre ina dhiaidh sin. Déanfar laethanta neamhoibre a thagann faoi réim na tréimhse ama a chomhaireamh.

AIRTEAGAL I.4

Fógra eadrána

1.    An páirtí a chuirfidh chuige eadráin a úsáid (dá ngairtear ‘iarratasóir’ anseo feasta) seolfaidh sé fógra eadrána chuig an bpáirtí eile (dá ngairtear ‘cosantóir’ anseo feasta) agus chuig an mBiúró Idirnáisiúnta.

2.    Measfar imeachtaí eadrána a bheith tosaithe ar an lá tar éis an lae a gheobhaidh an cosantóir an fógra eadrána.

3.    Beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra eadrána:

(a)    an téileamh go ndéanfar an díospóid a tharchur chun eadrána;

(b)    ainmneacha agus sonraí teagmhála na bpáirtithe;

(c)    ainm agus seoladh ghníomhaire nó ghníomhairí an iarratasóra;


(d)    bunús dlí na nimeachtaí (Airteagail 7a(2) nó 7b(2) den Chomhaontú) agus:

(i)    sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 7a(2) den Chomhaontú, an cheist is cúis leis an díospóid mar a cuireadh go hoifigiúil í, lena réiteach, ar chlár oibre an Chomhchoiste um Thalmhaíocht i gcomhréir le hAirteagal 7a(1) den Chomhaontú; agus

(ii)    sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 7b(2) den Chomhaontú, cinneadh an bhinse eadrána, aon bhearta cur chun feidhme a luaitear in Airteagal 7a(3) den Chomhaontú agus na bearta cúiteacha is ábhar díospóide;

(e)    aon riail is cúis leis an díospóid nó a bhaineann léi a ainmniú;

(f)    tuairisc ghairid ar an díospóid; agus

(g)    ainmniú eadránaí nó, má tá cúigear eadránaithe le ceapadh, ainmniú beirt eadránaithe.

4.    Ní chuirfidh aon éileamh maidir le leordhóthanacht an fhógra eadrána cosc ar chomhdhéanamh an bhinse eadrána. Is é an binse eadrána a dhéanfaidh an díospóid a chinneadh go cinntitheach.


AIRTEAGAL I.5

Freagairt ar an bhfógra eadrána

1.    Laistigh de 60 lá ón bhfógra eadrána a fháil, seolfaidh an cosantóir freagra ar an bhfógra eadrána chuig an iarratasóir agus chuig an mBiúró Idirnáisiúnta, ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

(a)    ainmneacha agus sonraí teagmhála na bpáirtithe;

(b)    ainm agus seoladh ghníomhaire nó ghníomhairí an chosantóra;

(c)    freagra ar an bhfaisnéis a thugtar san fhógra eadrána i gcomhréir le pointí (d) go (f) d’Airteagal I.4(3); agus

(d)    ainmniú eadránaí nó, má tá cúigear eadránaithe le ceapadh, ainmniú beirt eadránaithe.

2.    Ní chuirfidh easpa freagartha, nó freagra neamhiomlán nó déanach ón gcosantóir ar an bhfógra eadrána cosc ar bhunú binse eadrána. Is é an binse eadrána a dhéanfaidh an díospóid a chinneadh go cinntitheach.

3.    Má iarrann an cosantóir go mbeadh cúigear eadránaithe ar an mbinse eadrána ina fhreagra ar an bhfógra eadrána, ainmneoidh an tiarratasóir eadránaí breise laistigh de 30 lá ón bhfreagra ar an bhfógra eadrána a fháil.


AIRTEAGAL I.6

Ionadaíocht agus cúnamh

1.    Déanfaidh gníomhaire amháin nó níos mó ionadaíocht ar na páirtithe os comhair an bhinse eadrána. Féadfaidh na gníomhairí cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó dhlíodóirí.

2.    Tabharfar fógra faoi aon athrú ar na gníomhairí nó ar a seoltaí don pháirtí eile, don Bhiúró Idirnáisiúnta agus don bhinse eadrána. Féadfaidh an binse eadrána, tráth ar bith, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do pháirtí, fianaise ar na cumhachtaí a thugtar do ghníomhairí na bpáirtithe a iarraidh.

CAIBIDIL II

COMHDHÉANAMH AN BHINSE EADRÁNA

AIRTEAGAL II.1

An líon eadránaithe

Triúr eadránaithe a bheidh ar an mbinse eadrána. Má iarrann an t‑iarratasóir ina fhógra eadrána nó an cosantóir ina fhreagra ar an bhfógra eadrána amhlaidh, beidh cúigear eadránaithe ar an mbinse eadrána.


AIRTEAGAL II.2

Na headránaithe a cheapadh

1.    Má tá triúr eadránaithe le ceapadh, ainmneoidh gach ceann de na páirtithe duine acu. Roghnóidh an bheirt eadránaithe arna gceapadh ag na páirtithe an tríú headránaí, a bheidh ina chathaoirleach ar an mbinse eadrána.

2.    Má tá cúigear eadránaithe le ceapadh, ainmneoidh gach páirtí beirt díobh. Roghnóidh an ceathrar eadránaithe arna gceapadh ag na páirtithe an cúigiú headránaí, a bheidh ina chathaoirleach ar an mbinse eadrána.

3.    Más rud é, laistigh de 30 lá tar éis ainmniú an eadránaí deiridh arna cheapadh ag na páirtithe, nach mbeidh na headránaithe tar éis teacht ar chomhaontú maidir le cathaoirleach an bhinse eadrána a roghnú, is é Ardrúnaí na Buanchúirte Eadrána a cheapfaidh an cathaoirleach.

4.    Chun cúnamh a thabhairt eadránaithe a roghnú chun an binse eadrána a chomhdhéanamh, déanfar liosta táscach de dhaoine ag a bhfuil na cáilíochtaí dá dtagraítear i mír 6 a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta nuair is gá, ar liosta é a bheidh i gcoiteann ag gach comhaontú déthaobhach sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach chomh maith leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le sláinte, arna dhéanamh [i/sa/san …] an […] (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le Sláinte ’anseo feasta), an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta, arna dhéanamh i Lucsamburg an 21 Meitheamh 1999 (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta’ anseo feasta) agus an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht tráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú, arna dhéanamh [i/sa/san …] an […] (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le ranníocaíocht tráthrialta airgeadais’ anseo feasta). Déanfaidh an Comhchoiste um Thalmhaíocht an liosta sin a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta le cinneadh chun críocha an Chomhaontaithe.


5.    I gcás nach nainmneoidh páirtí eadránaí, ceapfaidh Ardrúnaí na Buanchúirte Eadrána an teadránaí sin ón liosta dá dtagraítear i mír 4. In éagmais liosta den sórt sin, déanfaidh Ard-Rúnaí na Buanchúirte Eadrána an teadránaí a cheapadh trí chrannchur ó na pearsana aonair a mhol páirtí amháin nó an dá pháirtí go foirmiúil chun críocha mhír 4.

6.    Is daoine ardcháilithe iad na daoine a chomhdhéanann an binse eadrána, bíodh nó ná bíodh ceangail acu leis na páirtithe, a ráthaítear a neamhspleáchas agus a neaspa coinbhleachtaí leasa, mar aon le raon leathan taithí a bheith acu. Go háirithe, beidh saineolas léirithe acu ar an dlí agus ar na hábhair a chumhdaítear leis an gComhaontú seo; ní ghlacfaidh siad treoracha ó cheachtar páirtí; agus feidhmeoidh siad ina gcáil phearsanta, agus ní ghlacfaidh siad treoracha ó aon eagraíocht ná aon rialtas maidir le hábhair a bhaineann leis an díospóid. Beidh taithí ag cathaoirleach an bhinse eadrána freisin ar nósanna imeachta um réiteach díospóidí.

AIRTEAGAL II.3

Dearbhuithe eadránaithe

1.    Agus duine faoi bhreithniú maidir lena cheapadh mar eadránaí, tuairisceoidh an duine sin na himthosca uile is dóigh a bheidh ina gcúis le hamhras dlisteanach maidir lena neamhchlaontacht nó lena neamhspleáchas. Ón gceapachán agus le linn na nimeachtaí eadrána ar fad, tuairisceoidh eadránaí na himthosca sin do na páirtithe agus do na headránaithe eile gan mhoill, mura bhfuil sin déanta ag an eadránaí cheana féin.

2.    Féadfar aon eadránaí a dhífhostú más ann d’imthosca a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hamhras dlisteanach faoina neamhchlaontacht nó faoina neamhspleáchas.


3.    Ní fhéadfaidh páirtí a iarraidh go ndífhostófaí eadránaí ach amháin ar chúis a thagann chun cinn dó tar éis an cheapacháin sin.

4.    Mura ngníomhaíonn eadránaí nó mura féidir le headránaí de jure de facto a ról a chomhlíonadh, beidh feidhm ag an nós imeachta chun eadránaithe a dhífhostú a leagtar síos in Airteagal II.4.

AIRTEAGAL II.4

Eadránaithe a dhífhostú

1.    Aon pháirtí ar mian leis eadránaí a dhífhostú, déanfaidh sé iarraidh ar dhífhostú laistigh de 30 lá ón dáta a thugtar fógra dó faoi cheapadh an eadránaí sin nó laistigh de 30 lá ón dáta a thagann sé ar an eolas faoi na himthosca dá dtagraítear in Airteagal II.3.

2.    Seolfar an iarraidh ar dhífhostú chuig an bpáirtí eile, chuig an eadránaí dífhostaithe, chuig na headránaithe eile agus chuig an mBiúró Idirnáisiúnta. Leagfar amach ann na cúiseanna atá leis an iarraidh ar dhífhostú.

3.    Nuair a bheidh iarraidh ar dhífhostú déanta, féadfaidh an páirtí eile glacadh leis an iarraidh ar dhífhostú. Féadfaidh an teadránaí i gceist éirí as freisin. Ní thugtar le tuiscint leis an nglacadh nó leis an éirí as go naithnítear na cúiseanna atá leis an iarraidh ar dhífhostú.

4.    Más rud é, laistigh de 15 lá ón dáta ar tugadh fógra faoin iarraidh ar dhífhostú, nach nglacfaidh an páirtí eile leis an iarraidh ar dhífhostú nó nach néireoidh an teadránaí i gceist as, féadfaidh an páirtí a d’iarr an dífhostú a iarraidh ar Ard-Rúnaí na Buanchúirte Eadrána cinneadh a dhéanamh maidir leis an dífhostú.


5.    Mura gcomhaontóidh na páirtithe a mhalairt, léireofar sa chinneadh dá dtagraítear i mír 4 na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin.

AIRTEAGAL II.5

Eadránaí a ionadú

1.    Faoi réir mhír 2 den Airteagal seo, más gá eadránaí a ionadú le linn na nimeachtaí eadrána, ceapfar nó roghnófar ionadaí i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal II.2 is infheidhme maidir le ceapadh nó roghnú an eadránaí a bheidh le hionadú. Beidh feidhm ag an nós imeachta sin fiú murar fheidhmigh páirtí amháin a cheart chun an teadránaí atá le hionadú a cheapadh nó chun páirt a ghlacadh i gceapadh an eadránaí sin.

2.    I gcás eadránaí a ionadú, atosófar ar an nós imeachta ag an gcéim inar scoir an teadránaí ar cuireadh eadránaí eile ina ionad dá fheidhmeanna nó dá feidhmeanna a chomhlíonadh, mura gcinnfidh an binse eadrána a mhalairt.

AIRTEAGAL II.6

Eisiamh dliteanais

Ach amháin i gcásanna éagóra d’aon ghnó nó mórfhaillí, diúltaíonn na páirtithe, a mhéid is féidir a cheadaítear leis an dlí is infheidhme, aon chaingean in aghaidh na n‑eadránaithe maidir le haon ghníomh nó neamhghníomh a bhaineann leis an eadráin.


CAIBIDIL III

IMEACHTAÍ EADRÁNA

AIRTEAGAL III.1

Forálacha ginearálta

1.    Is é dáta bunaithe an bhinse eadrána an dáta ar ghlac an teadránaí deiridh lena cheapachán nó lena ceapachán.

2.    Áiritheoidh an binse eadrána go gcaithfear go cothrom leis na páirtithe agus, ag céim chuí de na himeachtaí, go mbeidh deis leordhóthanach ag gach ceann acu a gcearta a dhearbhú agus a gcás a chur i láthair. Seolfaidh an binse eadrána na himeachtaí ar shlí a seachnóidh moilleanna agus caiteachas nach bhfuil gá leis agus a náiritheoidh go socrófar an díospóid idir na páirtithe.

3.    Eagrófar éisteacht, mura gcinnfidh an binse eadrána a mhalairt, tar éis na páirtithe a éisteacht.

4.    Nuair a chuirfidh páirtí teachtaireacht chuig an mbinse eadrána, déanfaidh sé amhlaidh tríd an mBiúró Idirnáisiúnta agus cuirfidh sé cóip chuig an bpáirtí eile an tráth céanna. Seolfaidh an Biúró Idirnáisiúnta cóip den teachtaireacht sin chuig gach duine de na headránaithe.


AIRTEAGAL III.2

Áit eadrána

Is í an Háig an áit eadrána. Féadfaidh an binse eadrána, más gá sin in imthosca eisceachtúla, teacht le chéile in aon áit eile is cuí leis dá chuid pléití.

AIRTEAGAL III.3

Teanga

1.    Is iad an Fhraincis agus an Béarla teangacha na nimeachtaí.

2.    Féadfaidh an binse eadrána a ordú go mbeidh aistriúchán go ceann de theangacha na n‑imeachtaí ag gabháil leis na doiciméid uile atá i gceangal leis an ráiteas éilimh nó leis an ráiteas cosanta agus leis na doiciméid bhreise uile a tháirgtear le linn na n‑imeachtaí, arna gcur isteach ina dteanga bhunaidh.

AIRTEAGAL III.4

Ráiteas éilimh

1.    Seolfaidh an tiarratasóir a ráiteas éilimh i scríbhinn chuig an gcosantóir agus chuig an mbinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta, laistigh den teorainn ama arna socrú ag an mbinse eadrána. Féadfaidh an tiarratasóir cinneadh a dhéanamh a fhógra eadrána dá dtagraítear in Airteagal I.4 a mheas mar ráiteas éilimh, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na coinníollacha i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo freisin.


2.    Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa ráiteas éilimh:

(a)    an fhaisnéis a leagtar amach i bpointí (b) go (f) d’Airteagal I.4(3);

(b)    ráiteas fíoras a cuireadh isteach mar thaca leis an éileamh; agus

(c)    na hargóintí dlíthiúla a cuireadh chun cinn mar thaca leis an éileamh.

3.    Beidh ag gabháil leis an ráiteas éilimh, a mhéid is féidir, aon doiciméad agus aon fhianaise eile a bheidh luaite ag an iarratasóir nó ba cheart tagairt a dhéanamh dóibh ann.

AIRTEAGAL III.5

Ráiteas cosanta

1.    Seolfaidh an cosantóir an ráiteas cosanta i scríbhinn chuig an iarratasóir agus chuig an mbinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta, laistigh den teorainn ama arna socrú ag an mbinse eadrána. Féadfaidh an cosantóir cinneadh a dhéanamh an freagra ar an bhfógra eadrána dá dtagraítear in Airteagal I.5 a mheas mar ráiteas cosanta, ar choinníoll go gcomhlíonann an freagra ar an bhfógra eadrána na coinníollacha i mír 2 den Airteagal seo freisin.

2.    Freagróidh an ráiteas cosanta do na pointí sa ráiteas éilimh a shonraítear i gcomhréir le pointí (a) go (c) d’Airteagal III.4(2) den Phrótacal seo. Beidh ag gabháil leis, a mhéid is féidir, aon doiciméad agus aon fhianaise eile a bheidh luaite ag an gcosantóir nó ba cheart tagairt a dhéanamh dóibh ann.


3.    Sa ráiteas cosanta, nó ag céim níos déanaí sna himeachtaí eadrána má chinneann an binse eadrána go bhfuil údar le moill de bharr imthosca, féadfaidh an cosantóir frithéileamh a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil dlínse ag an mbinse eadrána ina leith.

4.    Beidh feidhm ag Airteagal III.4(2) agus (3) maidir le frithéileamh.

AIRTEAGAL III.6

Dlínse eadrána

1.    Rialóidh an binse eadrána an bhfuil dlínse aige ar bhonn Airteagail 7a(2) nó 7b(2) den Chomhaontú.

2.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 7a(2) den Chomhaontú, beidh sainordú ag an mbinse eadrána scrúdú a dhéanamh ar an gceist is cúis leis an díospóid mar a cuireadh go hoifigiúil í, lena réiteach, ar chlár oibre an Chomhchoiste um Thalmhaíocht i gcomhréir le hAirteagal 7a(1) den Chomhaontú.

3.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 7b(2) den Chomhaontú, beidh sainordú ag an mbinse eadrána a d’éist leis an bpríomhchás scrúdú a dhéanamh ar chomhréireacht na mbeart cúiteach is ábhar díospóide, lena náirítear i gcás ina ndearnadh na bearta sin go hiomlán nó go páirteach sa Phrótacal lena mbunaítear Comhlimistéar Sábháilteachta Bia.


4.    Déanfar réamhagóid maidir le heaspa dlínse an bhinse eadrána ar a dhéanaí sa ráiteas cosanta nó, i gcás frithéilimh, sa fhreagra. Má tá páirtí tar éis eadránaí a cheapadh nó má ghlac sé páirt ina cheapachán, ní bhainfear an ceart chun réamhagóid den sórt sin a dhéanamh. Déanfar an réamhagóid go rachadh an díospóid thar chumhachtaí an bhinse eadrána a luaithe a tharraingeofar an cheist anuas, a líomhnaítear go dtéann sí thar a cumhachtaí, le linn na nimeachtaí eadrána. In aon chás, féadfaidh an binse eadrána réamhagóid a cheadú má dhéantar í tar éis don teorainn ama atá leagtha síos dul in éag má chreideann sé go raibh cúis bhailí leis an moill.

5.    Féadfaidh an binse eadrána rialú a thabhairt ar an réamhagóid dá dtagraítear i mír 4 trí dhéileáil léi mar réamhcheist nó sa chinneadh ar shubstaint an cháis.

AIRTEAGAL III.7

Aighneachtaí eile i scríbhinn

Déanfaidh an binse eadrána, tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe, breith a thabhairt ar na haighneachtaí eile i scríbhinn, i dteannta an ráitis éilimh agus an ráitis cosanta, a dhéanfaidh nó a fhéadfaidh na páirtithe a chur isteach agus socróidh sé an teorainn ama lena gcur isteach.


AIRTEAGAL III.8

Teorainneacha ama

1.    Maidir leis na teorainneacha ama arna socrú ag an mbinse eadrána chun na doiciméid i scríbhinn a chur in iúl, lena náirítear an ráiteas éilimh agus an ráiteas cosanta, ní rachaidh siad thar 90 lá, mura gcomhaontóidh na páirtithe a mhalairt.

2.    Déanfaidh an binse eadrána a chinneadh críochnaitheach laistigh de 12 mhí ó dháta a bhunaithe. In imthosca eisceachtúla a bhfuil deacracht ar leith ag baint leo, féadfaidh an binse eadrána síneadh suas le 3 mhí bhreise a chur leis an tréimhse sin.

3.    Déanfar na teorainneacha ama a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 a laghdú faoina leath:

(a)    arna iarraidh sin don iarratasóir nó don chosantóir, más rud é, laistigh de 30 lá tar éis an iarraidh sin a fháil, go rialaíonn an binse eadrána, tar éis an páirtí eile a éisteacht, go bhfuil práinn leis an gcás; nó

(b)    má chomhaontaíonn na páirtithe amhlaidh.

4.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 7b(2) den Chomhaontú, déanfaidh an binse eadrána a chinneadh críochnaitheach laistigh de 6 mhí ón dáta ar tugadh fógra faoi na bearta cúiteacha i gcomhréir le hAirteagal 7b(1) den Chomhaontú.


AIRTEAGAL III.9

Bearta idirlinne

1.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 7b(2) den Chomhaontú, féadfaidh ceachtar páirtí, ag aon chéim den nós imeachta eadrána, iarratas a dhéanamh ar bhearta eatramhacha arb é atá iontu na bearta cúiteacha a chur ar fionraí.

2.    Sonrófar in iarratas de bhun mhír 1 ábhar na nimeachtaí, na himthosca is cúis le práinn agus na saincheisteanna fíorais agus dlí lena mbunaítear cás prima facie le haghaidh na mbeart eatramhach arna niarraidh. Beidh ann an fhianaise agus na tairiscintí fianaise uile atá ar fáil chun údar a thabhairt le deonú na mbeart eatramhach.

3.    Déanfaidh an páirtí a iarrann na bearta eatramhacha a iarratas a sheoladh i scríbhinn chuig an bpáirtí eile agus chuig an mbinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta. Socróidh an binse eadrána teorainn ama ghearr ar laistigh di a fhéadfaidh an páirtí eile sin barúlacha i scríbhinn nó ó bhéal a chur isteach.

4.    Glacfaidh an binse eadrána, laistigh de 1 mhí amháin tar éis an tiarratas dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach, cinneadh maidir leis na bearta cúiteacha atá faoi chonspóid a chur ar fionraí má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)    gur deimhin leis an mbinse eadrána prima facie fiúntas an cháis arna chur isteach ag an bpáirtí a d’iarr na bearta eatramhacha ina iarratas;

(b)    go measann an binse eadrána, ar feitheamh a chinnidh chríochnaithigh, go ndéanfaí díobháil thromchúiseach dholeasaithe don pháirtí a iarrann na bearta eatramhacha in éagmais na mbeart cúiteach a chur ar fionraí; agus


(c)    gur mó an díobháil a rinneadh don pháirtí a d’iarr na bearta eatramhacha trí na bearta cúiteacha atá faoi chonspóid a chur i bhfeidhm láithreach ná an leas i gcur i bhfeidhm láithreach agus éifeachtach na mbeart sin.

5.    Ní bheidh ach éifeacht eatramhach ag cinneadh a ghlacfaidh an binse eadrána de réir mhír 4 agus beidh sé gan dochar do chinneadh an bhinse eadrána ar shubstaint an cháis.

6.    Mura rud é go socrófar leis an gcinneadh a ghlacfaidh an binse eadrána de réir mhír 4 den Airteagal seo dáta is luaithe le haghaidh dheireadh na fionraí, rachaidh an fhionraí in éag nuair a ghlacfar an cinneadh críochnaitheach de bhun Airteagal 7b(2) den Chomhaontú.

7.    Chun amhras a sheachaint, chun críocha an Airteagail seo, tuigtear, le linn don bhinse eadrána leasanna an pháirtí a iarrann na bearta eatramhacha agus an pháirtí eile a bhreithniú, go gcuirfidh sé san áireamh leasanna daoine aonair agus oibreoirí eacnamaíocha na bpáirtithe, ach nach é an toradh a bheidh orthu siúd a chur san áireamh aon seasamh a dheonú do dhaoine aonair nó d’oibreoirí eacnamaíocha den sórt sin os comhair an bhinse eadrána.

AIRTEAGAL III.10

Fianaise

1.    Soláthróidh gach páirtí fianaise ar na fíorais arb iad forais a éilimh nó a chosanta iad.


2.    Arna iarraidh sin do pháirtí, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an binse eadrána faisnéis ábhartha a mheasann sé a bheith riachtanach agus iomchuí a lorg ó na Páirtithe. Socróidh an binse eadrána teorainn ama do na páirtithe chun freagra a thabhairt ar a iarraidh.

3.    Ar iarraidh ó pháirtí, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an binse eadrána aon fhaisnéis is iomchuí leis a lorg ó aon fhoinse. Tá sé de cheart ag an mbinse eadrána freisin tuairim saineolaithe a lorg de réir mar is iomchuí leis agus faoi réir téarmaí agus coinníollacha a chomhaontóidh na páirtithe, i gcás inarb infheidhme.

4.    Aon fhaisnéis a gheobhaidh binse eadrána faoin Airteagal seo cuirfear ar fáil í do na páirtithe agus féadfaidh na páirtithe tuairimí faoin bhfaisnéis sin a chur faoi bhráid an bhinse eadrána.

5.    Tar éis don bhinse eadrána tuairimí an pháirtí eile a lorg, glacfaidh sé bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar aon cheist a tharraingeoidh páirtí anuas maidir le cosaint sonraí pearsanta, rúndacht ghairmiúil agus leasanna dlisteanacha rúndachta.

6.    Is é an binse eadrána a thabharfaidh breithiúnas ar inghlacthacht, ábharthacht agus neart na fianaise a tíolacadh.

AIRTEAGAL III.11

Éisteachtaí

1.    Nuair nach mór éisteacht a bheith ann, déanfaidh an binse eadrána, tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe, fógra a thabhairt do na páirtithe fada go leor roimh dháta, am agus áit na héisteachta.


2.    Is éisteacht phoiblí a bheidh ann, mura rud é go ndéanfaidh an binse eadrána, uaidh féin nó ar iarratas ó na páirtithe, a mhalairt a chinneadh ar chúiseanna tromaí.

3.    Déanfaidh cathaoirleach an bhinse eadrána miontuairiscí gach éisteachta a tharraingt suas agus a shíniú. Is iad na miontuairiscí sin amháin a bheidh barántúil.

4.    Féadfaidh an binse eadrána a chinneadh an éisteacht a sheoladh go fíorúil de réir chleachtas an Bhiúró Idirnáisiúnta. Cuirfear na páirtithe ar an eolas faoin gcleachtas sin go tráthúil. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag mír 1, mutatis mutandis, agus ag mír 3.

AIRTEAGAL III.12

Réamhshocrú

1.    Más rud é, laistigh den teorainn ama a leagtar síos leis an bPrótacal seo nó ag an mbinse eadrána, nach mbeidh a ráiteas éilimh curtha isteach ag an iarratasóir, gan cúis leordhóthanach a thaispeáint, ordóidh an binse eadrána go gcuirfear clabhsúr leis na himeachtaí eadrána, mura mbeidh ceisteanna gan réiteach ann a bhféadfadh gá a bheith le rialú ina leith agus más cuí leis an mbinse eadrána déanamh amhlaidh.

Más rud é, laistigh den teorainn ama a leagtar síos leis an bPrótacal seo nó ag an mbinse eadrána, gan cúis leordhóthanach a thaispeáint, nach mbeidh a fhreagra ar an bhfógra eadrána nó ar a ráiteas cosanta curtha isteach ag an gcosantóir, ordóidh an binse eadrána go leanfar de na himeachtaí, gan a mheas gurb ionann an mhainneachtain féin agus glacadh líomhaintí an iarratasóra.


Tá feidhm ag an dara fomhír freisin i gcás nach gcuireann an t‑iarratasóir freagra ar fhrithéileamh isteach.

2.    Mura dtiocfaidh páirtí, a chomórfar go cuí i gcomhréir leis an Airteagal III.11(1), i láthair ag éisteacht agus mura léireoidh sé cúis leordhóthanach gan déanamh amhlaidh, féadfaidh an binse eadrána leanúint den eadráin.

3.    Páirtí ar iarr an binse eadrána air go cuí tuilleadh fianaise a thabhairt ar aird, mura ndéanfaidh sé amhlaidh laistigh de na teorainneacha ama a shocraítear gan cúis leordhóthanach a thaispeáint gan déanamh amhlaidh, féadfaidh an binse eadrána rialú a thabhairt ar bhonn na fianaise a bheidh ar fáil aige.

AIRTEAGAL III.13

Dúnadh an nós imeachta

1.    I gcás ina léirítear go raibh deis réasúnach ag na páirtithe a nargóintí a chur i láthair, féadfaidh an binse eadrána dúnadh na nimeachtaí a dhearbhú.

2.    Féadfaidh an binse eadrána, má mheasann sé gur gá sin mar gheall ar imthosca eisceachtúla, cinneadh a dhéanamh ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó pháirtí na himeachtaí a athoscailt tráth ar bith sula mbeidh a chinneadh déanta aige.


CAIBIDIL IV

CINNEADH

AIRTEAGAL IV.1

Cinntí

Déanfaidh an binse eadrána a dhícheall a chinntí a dhéanamh de chomhthoil. Más rud é, áfach, nach féidir cinneadh a dhéanamh de chomhthoil, is é tromlach na n‑eadránaithe a dhéanfaidh cinneadh an bhinse eadrána.

AIRTEAGAL IV.2

Foirm agus éifeacht chinneadh an bhinse eadrána

1.    Féadfaidh an binse eadrána cinntí ar leithligh a dhéanamh ar cheisteanna éagsúla ag tráthanna éagsúla.

2.    Eiseofar gach cinneadh i scríbhinn agus luafar iontu na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe. Beidh siad críochnaitheach agus ina gceangal ar na páirtithe.

3.    Síneoidh na headránaithe cinneadh an bhinse eadrána, beidh ann an dáta a rinneadh é agus luafar ann an áit eadrána. Cuirfidh an Biúró Idirnáisiúnta cóip den chinneadh arna shíniú ag na headránaithe in iúl do na páirtithe.


4.    Déanfaidh an Biúró Idirnáisiúnta cinneadh an bhinse eadrána a phoibliú.

Agus cinneadh an bhinse eadrána á phoibliú aige, urramóidh an Biúró Idirnáisiúnta na rialacha ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta, rúndacht ghairmiúil agus leasanna dlisteanacha rúndachta.

Beidh na rialacha dá dtagraítear sa dara fomhír comhionann le haghaidh na gcomhaontuithe déthaobhacha uile i réimsí an mhargaidh inmheánaigh ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach, agus le haghaidh an Chomhaontaithe maidir le sláinte, an Chomhaontaithe maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta agus an Chomhaontaithe maidir le ranníocaíocht tráthrialta airgeadais na hEilvéise. Déanfaidh an Comhchoiste um Thalmhaíocht na rialacha sin a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta le cinneadh chun críocha an Chomhaontaithe.

5.    Comhlíonfaidh na páirtithe cinntí uile an bhinse eadrána gan mhoill.

6.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 7a(2) den Chomhaontú, tar éis don bhinse eadrána tuairim na bpáirtithe a fháil, socróidh sé teorainn ama réasúnach sa chinneadh ar shubstaint an cháis chun a chinneadh a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 7a(3) den Chomhaontú agus nósanna imeachta inmheánacha na bpáirtithe á gcur san áireamh.

AIRTEAGAL IV.3

An dlí is infheidhme, rialacha maidir le léiriú, idirghabhálaí

1.    Is é atá sa dlí is infheidhme an Comhaontú, chomh maith le haon riail eile den dlí idirnáisiúnta atá ábhartha maidir lena chur i bhfeidhm.


2.    Cinntí roimh ré arna nglacadh ag comhlacht um réiteach díospóidí maidir le comhréireacht na mbeart cúiteach faoin bPrótacal lena mbunaítear Comhlimistéar Sábháilteachta Bia dá dtagraítear in Airteagal 7b(1) den Chomhaontú, beidh siad ina gceangal ar an mbinse eadrána.

3.    Ní cheadófar don bhinse eadrána cinneadh a dhéanamh mar idirghabhálaí ná ex aequo et bono.

AIRTEAGAL IV.4

Réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach nó cúiseanna eile chun an nós imeachta a dhúnadh

1.    Féadfaidh na páirtithe, tráth ar bith, réiteach ar a ndíospóid a chomhaontú go frithpháirteach. Cuirfidh siad aon réiteach den sórt sin in iúl go comhpháirteach don bhinse eadrána. Má éilítear formheas leis an réiteach de bhun nósanna imeachta intíre ábhartha ceachtar páirtí, déanfar tagairt san fhógra don cheanglas sin, agus cuirfear an nós imeachta eadrána ar fionraí. Mura gá formheas den sórt sin, nó nuair a bheidh fógra tugtha faoi thabhairt chun críche aon nós imeachta intíre den sórt sin, déanfar an nós imeachta eadrána a dhúnadh.

2.    Más rud é, le linn imeachtaí, go gcuirfidh an tiarratasóir in iúl i scríbhinn don bhinse eadrána nach mian leis na himeachtaí a shaothrú tuilleadh, agus más rud é, ar an dáta a gheobhaidh an binse eadrána an chumarsáid sin, nach bhfuil aon bheart déanta fós ag an gcosantóir sna himeachtaí, eiseoidh an binse eadrána ordú ina dtaifeadfar go hoifigiúil clabhsúr na nimeachtaí. Déanfaidh an binse eadrána cinneadh maidir leis na costais, a íocfaidh an tiarratasóir, má dhealraíonn sé go bhfuil údar leis sin de bharr iompar an pháirtí sin.


3.    Más rud é, sula ndéantar cinneadh an bhinse eadrána, go dtagann an binse eadrána ar an gconclúid go bhfuil sé gan chiall nó dodhéanta leanúint de na himeachtaí ar aon chúis seachas na cúiseanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, cuirfidh an binse eadrána in iúl do na páirtithe go bhfuil sé ar intinn aige ordú a eisiúint lena gcuirfear clabhsúr leis na himeachtaí.

Níl feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina bhfuil ceisteanna gan réiteach ann ar féidir gur gá rialú ina leith agus más cuí leis an mbinse eadrána déanamh amhlaidh.

4.    Cuirfidh an binse eadrána in iúl do na páirtithe cóip den ordú lena gcuirtear clabhsúr leis na himeachtaí eadrána nó den chinneadh a rinneadh trí chomhaontú idir na páirtithe, agus í sínithe ag na headránaithe. Beidh feidhm ag Airteagal IV.2(2) go (5) maidir le cinntí eadrána a ghlacfar trí chomhaontú idir na páirtithe.

AIRTEAGAL IV.5

Cinneadh an bhinse eadrána a cheartú

1.    Laistigh de 30 lá tar éis cinneadh an bhinse eadrána a fháil, féadfaidh páirtí, trí fhógra a thabhairt don pháirtí eile agus don bhinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta, a iarraidh ar an mbinse eadrána aon earráid sa ríomh, aon earráid chléireachais nó chló, nó aon earráid nó easnamh dá samhail a cheartú i dtéacs chinneadh an bhinse eadrána. I gcás ina measfaidh sé go bhfuil údar cuí leis an iarraidh, déanfaidh an binse eadrána an ceartú laistigh de 45 lá tar éis dó an iarraidh a fháil. Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag an iarraidh ar an teorainn ama dá bhforáiltear in Airteagal IV.2(6).


2.    Féadfaidh an binse eadrána, laistigh de 30 lá tar éis dó a chinneadh a chur in iúl, na ceartúcháin dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh ar a thionscnamh féin.

3.    Déanfar na ceartúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i scríbhinn agus beidh siad ina gcuid dhílis den chinneadh. Beidh feidhm ag Airteagal IV.2(2) go (5).

AIRTEAGAL IV.6

Táillí eadránaithe

1.    Beidh na táillí dá dtagraítear in Airteagal IV.7 réasúnta, agus castacht an cháis, an tam a chaitheann na headránaithe air agus na cúinsí ábhartha eile go léir á gcur san áireamh.

2.    Déanfar liosta de chúiteamh laethúil agus de na huaireanta uasta agus íosta, a bheidh i gcoiteann ag gach comhaontú déthaobhach sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach chomh maith leis an gComhaontú maidir le sláinte, an Comhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta agus an Comhaontú maidir le ranníocaíocht tráthrialta airgeadais na hEilvéise, a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta nuair is gá. Déanfaidh an Comhchoiste um Thalmhaíocht an liosta sin a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta le cinneadh chun críocha an Chomhaontaithe.

AIRTEAGAL IV.7

Costais

1.    Iompróidh gach páirtí a chostais féin agus leath de chostais an bhinse eadrána.


2.    Socróidh an binse eadrána a chostais ina chinneadh ar shubstaint an cháis. Ní chumhdófar sna costais sin ach an méid seo a leanas:

(a)    táillí na neadránaithe, a luafar ar leithligh le haghaidh gach eadránaí agus a shocróidh an binse eadrána féin i gcomhréir le hAirteagal IV.6;

(b)    na costais taistil agus costais eile arna dtabhú ag na headránaithe; agus

(c)    táillí agus costais an Bhiúró Idirnáisiúnta.

3.    Beidh na costais dá dtagraítear i mír 2 réasúnach, agus an méid atá faoi dhíospóid, castacht na díospóide, an tam a chaith na headránaithe agus aon saineolaí arna cheapadh ag an mbinse eadrána uirthi agus aon toisc ábhartha eile á gcur san áireamh.

AIRTEAGAL IV.8

Costais a thaisceadh

1.    Ag tús na headrána, féadfaidh an Biúró Idirnáisiúnta a iarraidh ar na páirtithe méid comhionann a thaisceadh mar réamhíocaíocht le haghaidh na gcostas dá dtagraítear in Airteagal IV.7(2).

2.    Le linn na nimeachtaí eadrána, féadfaidh an Biúró Idirnáisiúnta taiscí atá forlíontach leo siúd dá dtagraítear i mír 1 a iarraidh ar na páirtithe.


3.    Déanfar na méideanna uile arna dtaisceadh ag na páirtithe i gcur i bhfeidhm an Airteagail seo a íoc leis an mBiúró Idirnáisiúnta agus íocfaidh sé amach iad chun na costais a tabhaíodh iarbhír a chumhdach, lena náirítear, go háirithe, na táillí arna níoc leis na headránaithe agus leis an mBiúró Idirnáisiúnta.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

AIRTEAGAL V.1

Leasuithe

Féadfaidh an Comhchoiste um Thalmhaíocht, le cinneadh, leasuithe ar an bPrótacal seo a ghlacadh.

________________

PRÓTACAL
LENA mBUNAÍTEAR COMHLIMISTÉAR SÁBHÁILTEACHTA BIA

A GHABHANN LEIS AN gCOMHAONTÚ

IDIR AN COMHPHOBAL EORPACH

AGUS CÓNAIDHM NA hEILVÉISE

MAIDIR LE TRÁDÁIL I dTÁIRGÍ TALMHAÍOCHTA

TÁ AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta,

agus

CÓNAIDHM NA hEILVÉISE, dá ngairtear ‘an Eilvéis’ anseo feasta,

dá ngairtear ‘na Páirtithe’ anseo feasta;

AR A BHEITH DE RÚN DAINGEAN ACU sábháilteacht bia agus beatha a fheabhsú feadh an bhiashlabhra ar fad i gcríocha Bhallstáit an Aontais agus na hEilvéise trí Chomhlimistéar Sábháilteachta Bia a bhunú lena gcomhlánaítear an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta, arna dhéanamh i Lucsamburg an 21 Meitheamh 1999;

AG FÉACHAINT le galair in-tarchurtha ainmhithe a bhféadfadh tionchar mór a bheith acu ar shláinte phoiblí agus ar shábháilteacht bia a chosc agus a rialú;

AG FÉACHAINT le lotnaidí plandaí agus galair plandaí a chosc agus a rialú;

AG FÉACHAINT leis an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac;

AG DEARBHÚ DÓIBH go bhfuil siad toilteanach cosaint ainmhithe a fheabhsú agus leas ainmhithe a chur chun cinn;

AG FÉACHAINT le cleachtais chothroma a ráthú ag gach céim de tháirgeadh, de phróiseáil agus de dháileadh bia agus beatha agus dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne cleachtais chalaoiseacha nó mheabhlacha sa slabhra agraibhia;



ÓS MIAN LEO a niarrachtaí a dhoimhniú chun a seasaimh a chomhordú agus chun tacú lena chéile ina gcuid oibre laistigh d’eagraíochtaí idirnáisiúnta;

AG MEABHRÚ DÓIBH go bhfuil an tAontas agus an Eilvéis faoi cheangal ag an iliomad comhaontuithe déthaobhacha lena gcumhdaítear réimsí éagsúla, lena bhforáiltear do chearta agus oibleagáidí sonracha atá comhchosúil, ar bhealaí áirithe, leis na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear laistigh den Aontas;

AG MEABHRÚ DÓIBH gurb é is cuspóir do na comhaontuithe déthaobhacha sin iomaíochas na hEorpa a mhéadú agus naisc eacnamaíocha níos dlúithe a chruthú idir na Páirtithe, bunaithe ar chomhionannas, ar chómhalartacht agus ar chothromaíocht ghinearálta a mbuntáistí, a gceart agus a n‑oibleagáidí;

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU rannpháirtíocht na hEilvéise i margadh inmheánach an Aontais a neartú agus a dhoimhniú, ar bhonn na rialacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir leis an margadh inmheánach, agus a neamhspleáchas agus neamhspleáchas a n‑institiúidí á gcaomhnú ag an am céanna agus, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, urraim do na prionsabail a eascraíonn as an daonlathas díreach, as an bhfeidearálachas agus as cineál earnála a rannpháirtíochta sa mhargadh inmheánach;

Á nATHDHEARBHÚ dóibh go gcaomhnaítear inniúlacht Chúirt Uachtarach Chónaidhme na hEilvéise agus gach cúirte eile de chuid na hEilvéise chomh maith le hinniúlacht chúirteanna na mBallstát agus Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun an Prótacal seo a léirmhíniú i gcásanna aonair;

ÓS FEASACH DÓIBH aonfhoirmeacht a áirithiú i réimsí an mhargaidh inmheánaigh ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach, faoi láthair agus amach anseo araon;

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:



CUID I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

AIRTEAGAL 1

Cuspóir

Is é is cuspóir don Phrótacal seo raon feidhme an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta, arna dhéanamh i Lucsamburg an 21 Meitheamh 1999 (dá ngairtear an ‘Comhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta’ anseo feasta), a leathnú chuig an mbiashlabhra ar fad trí Chomhlimistéar Sábháilteachta Bia a bhunú idir na Páirtithe agus chun deimhneacht dhlíthiúil níos fearr, cóir chomhionann agus cothrom iomaíochta i réimse an mhargaidh inmheánaigh a thagann faoi raon feidhme an Chomhlimistéir Sábháilteachta Bia a ráthú do na Páirtithe, agus d’oibreoirí eacnamaíocha agus do dhaoine aonair.

AIRTEAGAL 2

Raon feidhme

Cumhdóidh raon feidhme an Chomhlimistéir um Shábháilteacht Bia gach céim de tháirgeadh, de phróiseáil agus de dháileadh bia, beatha agus seachtháirgí ainmhithe; sláinte agus leas ainmhithe; sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí; ábhair atáirgthe plandaí; an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha; pórú ainmhithe; éilleáin agus iarmhair; ábhair agus earraí atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia; lipéadú; chomh maith leis na rialuithe oifigiúla gaolmhara.



AIRTEAGAL 3

Comhaontuithe déthaobhacha sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach  
ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach

1.    Measfar comhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo idir an tAontas agus an Eilvéis sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach a bheith comhleanúnach ina niomláine lena náirithítear cothromaíocht na gceart agus na noibleagáidí idir an tAontas agus an Eilvéis.

2.    Is comhaontú déthaobhach é an Prótacal seo i réimse a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach.

AIRTEAGAL 4

Sainmhíniú

Chun críocha an Phrótacail seo, ciallaíonn ‘gníomhartha dlí arna nglacadh ar bhonn aon cheann de na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn I’ na gníomhartha dlí a ainmnítear mar ghníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘CFAE’ anseo feasta) chomh maith le gníomhartha dlí neamhreachtacha eile arna nglacadh ar bhonn aon cheann de na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn I.



CUID II

COMHLIMISTÉAR SÁBHÁILTEACHTA BIA

AIRTEAGAL 5

Bunú agus cuspóirí an Chomhlimistéir Sábháilteachta Bia

1.    Bunaíonn na Páirtithe leis seo Comhlimistéar Sábháilteachta Bia.

2.    Is iad seo a leanas cuspóirí an Chomhlimistéir Sábháilteachta Bia:

(a)    feabhas a chur ar shábháilteacht bia agus beatha feadh an bhiashlabhra ar fad;

(b)    ardleibhéal sláinte a áirithiú don duine, d’ainmhithe agus do phlandaí feadh an bhiashlabhra agus i ngach réimse gníomhaíochta a bhfuil sé mar phríomhchuspóir iontu leathadh féideartha galar ainmhithe, lena náirítear na galair sin atá in-tarchurtha go daoine, nó lotnaidí a dhéanann díobháil do phlandaí nó do tháirgí plandaí a chomhrac, agus cosaint an chomhshaoil ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as táirgí cosanta plandaí a áirithiú;

(c)    caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme maidir leis an mbiashlabhra ar fad a chur chun feidhme ar bhealach comhtháite;

(d)    iarrachtaí a mhéadú chun frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac;

(e)    cosaint ainmhithe a fheabhsú agus ardchaighdeáin leasa ainmhithe a chur chun cinn; agus


(f)    iarrachtaí comhpháirteacha na bPáirtithe a dhoimhniú chun a seasaimh a chomhordú agus chun tacú lena chéile ina gcuid oibre laistigh d’eagraíochtaí idirnáisiúnta.

AIRTEAGAL 6

Feidhmiú an Chomhlimistéir Sábháilteachta Bia

Áiritheoidh na Páirtithe feidhmiú éifeachtach an Chomhlimistéir Sábháilteachta Bia. Chun na críche sin, ní mheasfaidh an tAontas gur tríú tír í an Eilvéis maidir le gníomhartha dlí de chuid an Aontais atá comhtháite sa Phrótacal seo i gcomhréir le hAirteagal 13 nó nach mór a chur i bhfeidhm go sealadach i gcomhréir le hAirteagal 15, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an Eilvéis a hoibleagáid na gníomhartha dlí sin uile a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an bPrótacal seo.

AIRTEAGAL 7

Eisceachtaí

1.    An oibleagáid gníomhartha dlí a leagtar amach in Airteagal 13 a chomhtháthú chomh maith leis an oibleagáid gníomhartha dlí arna nglacadh ar bhonn aon cheann de na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn I a leagtar amach in Airteagal 15 a chur i bhfeidhm go sealadach, ní bheidh feidhm acu maidir leis na réimsí seo a leanas:

(a)    orgánaigh ghéinmhodhnaithe a scaoileadh d’aon ghnó sa chomhshaol agus táirgí ina bhfuil orgánaigh ghéinmhodhnaithe nó atá comhdhéanta díobh agus bia agus beatha a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe a chur ar an margadh.



Sa réimse seo, féadfaidh an Eilvéis leanúint d’fhorálacha dhlí na hEilvéise a chur i bhfeidhm faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

   Ceadaíonn an Eilvéis bia agus beatha atá údaraithe san Aontas a chur ar an margadh, ar bia agus beatha iad ina bhfuil rianta taismeacha d’ábhar ina bhfuil orgánaigh ghéinmhodhnaithe, atá comhdhéanta díobh nó a tháirgtear astu nach sáraíonn an tairseach a leagtar síos i ndlí an Aontais, ar os a cionn nach mór an bia nó an bheatha sin a lipéadú mar ábhar ina bhfuil orgánaigh ghéinmhodhnaithe nó mar ábhar a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe;

   Ceadaíonn an Eilvéis beatha a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe, atá údaraithe san Aontas, a chur ar an margadh agus a úsáid.

(b)    leas ainmhithe, lena náirítear maidir leis na híoschaighdeáin chun ainmhithe a phóraítear nó a choimeádtar chun críoch feirmeoireachta a chosaint, ainmhithe veirteabracha beo a chosaint le linn iompair agus oibríochtaí gaolmhara chomh maith le ceanglais lipéadaithe éigeantacha áirithe.

Sa réimse seo, féadfaidh an Eilvéis leanúint d’fhorálacha dhlí na hEilvéise a chur i bhfeidhm:

(i)    maidir le cosaint ainmhithe a choinnítear chun críoch feirmeoireachta;

(ii)    maidir le hiompar ainmhithe laistigh dá chríoch, lena náirítear idirthuras bó-ainmhithe, caorach, gabhair, muc-ainmhithe, capall nó éanlaithe clóis lena marú, agus lena suitear nach gceadaítear idirthuras den sórt sin ach d’iarnród nó d’aer;



(iii)    maidir le lipéadú éigeantach táirgí ainmhithe a tháirgtear trí ghnáthaimh phianmhara gan ainéistéise nó a tháirgtear trí bheathú iallaigh, agus an méid seo a leanas a bhunú:

   táirgí a allmhairítear isteach san Eilvéis agus a fhaightear ó ainmhithe a chuaigh faoi ghnáthaimh phianmhara gan ainéistéise roimh ré, ní mór iad a lipéadú go sonrach nuair a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí iad. Cumhdaítear teicnící amhail dí-adharcadh, coilleadh, sciotadh eireaball, bearradh goib nó gearradh cosa froganna leis an téarma ‘gnáthaimh phianmhara’ má dhéantar iad gan ainéistéise roimh ré. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas maidir le lipéadú éigeantach má rialaítear toirmeasc ar chleachtais den sórt sin le dlí sa tír thionscnaimh nó má dheimhnítear go bhfuil an táirgeadh saor ó na cleachtais sin;

   ní mór táirgí a eascraíonn as próiseas táirgthe lena náirítear beathú iallaigh a lipéadú go sonrach nuair a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí san Eilvéis iad;

(iv)    maidir leis na ceanglais lipéadaithe i ndáil le coiníní clóis agus béaróga a thógáil le haghaidh táirgeadh uibheacha, lena suitear nach mór uibheacha cearc agus feoil choinín ó thógáil cáis a allmhairítear isteach san Eilvéis a lipéadú go sonrach nuair a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí san Eilvéis iad. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le lipéadú éigeantach má rialaítear toirmeasc ar chleachtais den sórt sin le dlí sa tír thionscnaimh nó má dheimhnítear go bhfuil an táirgeadh saor ó na cleachtais sin;

(v)    toirmeasc ar allmhairiú fionnaidh agus táirgí fionnaidh a tháirgtear ar bhealach cruálach a bhunú agus a chur i bhfeidhm;



(c)    feoil bó-ainmhithe a allmhairiú ó eallach a d’fhéadfaí a chóireáil le tionscnóirí hormónacha fáis.

Sa réimse seo, féadfaidh an Eilvéis leanúint d’fhorálacha dhlí na hEilvéise a chur i bhfeidhm faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

   nach nallmhairítear feoil den sórt sin ach lena caitheamh sa bhaile agus go bhfuil toirmeasc fós ar an bhfeoil sin a chur ar an margadh san Aontas;

   go bhfuil úsáid feola den sórt sin teoranta do dhíol díreach ag bunaíochtaí miondíola le tomhaltóirí faoi choinníollacha lipéadaithe iomchuí;

   tugtar feoil den sórt sin isteach san Eilvéis go heisiach trí phointí cigireachta teorann de chuid na hEilvéise;

   go soláthrófar córas iomchuí inrianaitheachta agus cainéalaithe lena gcuirfear cosc ar aon fhéidearthacht feoil den sórt sin a thabhairt isteach i gcríoch Bhallstáit an Aontais ina dhiaidh sin;

   Tuairisceoidh an Eilvéis gach bliain don Choimisiún Eorpach (dá ngairtear ‘an Coimisiún’ anseo feasta) maidir le tionscnamh agus ceann scríbe na nallmhairí, agus soláthróidh sí cuntas dó ar na seiceálacha a rinneadh chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha a liostaítear sna fleasca thuasluaite.


2.    Arna iarraidh sin do cheann de na Páirtithe, déanfar forbairtí tábhachtacha i ndlíchóras na bPáirtithe a bhaineann leis na réimsí dá dtagraítear i mír 1 a phlé laistigh den Chomhchoiste um Shábháilteacht Bia.

AIRTEAGAL 8

Tacaíocht in eagraíochtaí idirnáisiúnta

Comhaontaíonn na Páirtithe go bhféachfaidh siad lena seasaimh a chomhordú agus tacaíocht a thabhairt dá chéile in eagraíochtaí idirnáisiúnta sa réimse a chumhdaítear leis an gComhlimistéar Sábháilteachta Bia.

AIRTEAGAL 9

Rannchuidiú airgeadais

1.    Rannchuideoidh an Eilvéis le maoiniú ghníomhaíochtaí ghníomhaireachtaí an Aontais, na gcóras faisnéise agus na ngníomhaíochtaí eile a liostaítear in Airteagal 1 d’Iarscríbhinn II a bhfuil rochtain aici orthu, i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hIarscríbhinn II.

Féadfaidh an Comhchoiste um Shábháilteacht Bia cinneadh a ghlacadh chun Iarscríbhinn II a leasú.

2.    Féadfaidh an tAontas rannpháirtíocht na hEilvéise sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur ar fionraí tráth ar bith mura gcomhlíonann an Eilvéis an sprioc-am íocaíochta i gcomhréir leis na téarmaí íocaíochta a leagtar amach in Airteagal 2 d’Iarscríbhinn II.


I gcás nach gcomhlíonann an Eilvéis sprioc-am íocaíochta, seolfaidh an tAontas litir mheabhrúcháin fhoirmiúil chuig an Eilvéis. I gcás nach ndéanfar íocaíocht iomlán laistigh de 30 lá ón dáta a gheofar an litir mheabhrúcháin fhoirmiúil sin, féadfaidh an tAontas rannpháirtíocht na hEilvéise sa ghníomhaíocht ábhartha a chur ar fionraí.

3.    Is éard a bheidh sa ranníocaíocht airgeadais suim na méideanna seo a leanas:

(a)    ranníocaíocht oibríochtúil; agus

(b)    táille rannpháirtíochta.

4.    Beidh an ranníocaíocht airgeadais i bhfoirm ranníocaíochta airgeadais bliantúla agus beidh sí dlite ar na dátaí a shonraítear sna glaonna ar chistí arna neisiúint ag an gCoimisiún.

5.    Beidh an ranníocaíocht oibríochtúil bunaithe ar threoir ranníoca arna sainiú mar an cóimheas idir olltáirgeacht intíre (dá ngairtear ‘OTI’ anseo feasta) na hEilvéise ag praghsanna an mhargaidh agus OTI an Aontais ag praghsanna an mhargaidh.

Chun na críche sin, is iad na figiúirí is déanaí a bheidh ar fáil ón 1 Eanáir den bhliain ina ndéantar an íocaíocht bhliantúil de réir mar a sholáthróidh Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh (EUROSTAT) iad na figiúirí a úsáidfear le haghaidh OTI ag margadhphraghsanna na bPáirtithe, agus aird chuí á tabhairt ar an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar i réimse an staidrimh, arna dhéanamh i Lucsamburg an 26 Deireadh Fómhair 2004. Má scoireann an comhaontú sin d’fheidhm a bheith aige, is é an figiúr a ghlacfar mar OTI na hEilvéise an figiúr a bhunófar ar bhonn na faisnéise arna cur ar fáil ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta.


6.    Déanfar an ranníocaíocht oibríochtúil le haghaidh gach gníomhaireachta de chuid an Aontais a ríomh tríd an treoir ranníoca a chur i bhfeidhm ar a buiséad bliantúil arna vótáil agus atá inscríofa ar línte fóirdheontais buiséid ábhartha an Aontais den bhliain atá i gceist, agus aon ranníocaíocht oibríochtúil choigeartaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 1 d’Iarscríbhinn II á cur san áireamh le haghaidh gach gníomhaireachta.

Déanfar an ranníocaíocht oibríochtúil le haghaidh na gcóras faisnéise agus na ngníomhaíochtaí eile a ríomh tríd an treoir ranníoca a chur i bhfeidhm ar bhuiséad ábhartha na bliana atá i gceist mar a leagtar amach i ndoiciméid lena gcuirtear an buiséad chun feidhme, amhail cláir oibre nó conarthaí.

Beidh na méideanna tagartha uile bunaithe ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas.

7.    4 % den ranníocaíocht oibríochtúil bhliantúil arna ríomh i gcomhréir le míreanna 5 agus 6 a bheidh sa táille rannpháirtíochta bhliantúil.

8.    Soláthróidh an Coimisiún faisnéis leordhóthanach don Eilvéis i ndáil lena ranníocaíocht airgeadais a ríomh. Soláthrófar an fhaisnéis sin agus aird chuí á tabhairt ar rialacha rúndachta agus cosanta sonraí an Aontais.

9.    Is in euro a dhéanfar ranníocaíochtaí airgeadais uile na hEilvéise nó na híocaíochtaí uile ón Aontas agus is in euro a ríomhfar na méideanna a bheidh dlite nó le fáil.

10.    I gcás nach mbeidh teacht i bhfeidhm an Phrótacail seo i gcomhthráth le tús bliana féilire, beidh ranníocaíocht oibríochtúil na hEilvéise le haghaidh na bliana i gceist faoi réir coigeartú, de réir na modheolaíochta agus na dtéarmaí íocaíochta a shainítear in Airteagal 4 d’Iarscríbhinn II.

11.    Leagtar amach in Iarscríbhinn II forálacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo.


12.    3 Bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Comhchoiste um Shábháilteacht Bia athbhreithniú ar choinníollacha rannpháirtíochta na hEilvéise mar a shainmhínítear in Airteagal 1 d’Iarscríbhinn II agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé iad a oiriúnú.

CUID III

FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA

CAIBIDIL 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

AIRTEAGAL 10

Cuspóirí

Chun cuspóir an Phrótacail seo a bhaint amach, soláthraítear leis an gCuid seo réitigh institiúideacha lena n‑éascaítear neartú leanúnach cothrom an chaidrimh eacnamaíoch idir na Páirtithe sna réimsí a chumhdaítear leis an gComhlimistéar Sábháilteachta Bia. Agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta á gcur san áireamh, leagtar síos sa Chuid seo, go háirithe, réitigh institiúideacha le haghaidh an Chomhlimistéir Sábháilteachta Bia, ar réitigh iad is coiteann do na comhaontuithe déthaobhacha arna dtabhairt i gcrích nó atá le tabhairt i gcrích sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach, gan raon feidhme ná cuspóirí an Phrótacail seo a athrú, go háirithe:

(a)    an nós imeachta chun an Prótacal seo a ailíniú le gníomhartha dlí de chuid an Aontais atá ábhartha don Phrótacal seo;


(b)    léirmhíniú agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Phrótacail seo agus gníomhartha dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear sa Phrótacal seo;

(c)    faireachas a dhéanamh ar an bPrótacal seo agus é a chur i bhfeidhm; agus

(d)    díospóidí a réiteach i gcomhthéacs an Phrótacail seo.

AIRTEAGAL 11

An Comhchoiste um Shábháilteacht Bia

1.    Bunaítear leis seo Comhchoiste um Shábháilteacht Bia.

Is ionadaithe ó na Páirtithe a bheidh ar an gComhchoiste um Shábháilteacht Bia .

2.    Beidh ionadaí ón Aontas agus ionadaí ón Eilvéis ina gcomhchathaoirligh ar an gComhchoiste um Shábháilteacht Bia.

3.    Déanfaidh an Comhchoiste um Shábháilteacht Bia an méid seo a leanas:

(a)    feidhmiú cuí, riar agus cur i bhfeidhm éifeachtach an Phrótacail seo a áirithiú;



(b)    Fóram a sholáthar le haghaidh comhairliúchán frithpháirteach agus malartú leanúnach faisnéise idir na Páirtithe, go háirithe d’fhonn teacht ar réiteach ar aon deacracht a bhaineann leis an bPrótacal seo nó le gníomh dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear sa Phrótacal seo a léirmhíniú nó a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 20;

(c)    moltaí a chur faoi bhráid na bPáirtithe maidir le hábhair a bhaineann leis an bPrótacal seo;

(d)    cinntí a ghlacadh i gcás ina bhforáiltear dó sin sa Phrótacal seo; agus

(e)    aon inniúlacht eile a thugtar dó sa Phrótacal seo a fheidhmiú.

4.    I gcás leasú ar Airteagail 1 go 6, 10 go 15, nó 17 nó 18 den Phrótacal (Uimh. 7) ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘Prótacal (Uimh. 7)’ anseo feasta), atá i gceangal le CFAE, leasóidh an Comhchoiste um Shábháilteacht Bia Foscríbhinn 2 dá réir sin.

5.    Gníomhóidh an Comhchoiste um Shábháilteacht Bia de chomhthoil.

Beidh Cinntí ina gceangal ar na Páirtithe, agus déanfaidh na Páirtithe na bearta uile is gá chun iad a chur chun feidhme.

6.    Tiocfaidh an Comhchoiste um Shábháilteacht Bia le chéile uair sa bhliain ar a laghad, sa Bhruiséil agus i mBeirn gach re seach, mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt. Tiocfaidh sé le chéile freisin arna iarraidh sin do cheachtar de na Páirtithe. Féadfaidh na comhchathaoirligh a chomhaontú go dtionólfar cruinniú den Chomhchoiste um Shábháilteacht Bia trí fhíschomhdháil nó trí theileachomhdháil.


Féadfaidh an Comhchoiste um Shábháilteacht Bia a chinneadh cinntí a dhéanamh trí nós imeachta i scríbhinn.

7.    Glacfaidh an Comhchoiste um Shábháilteacht Bia a rialacha nós imeachta ag an gcéad chruinniú a bheidh aige.

8.    Féadfaidh an Comhchoiste um Shábháilteacht Bia a chinneadh aon mheitheal nó aon ghrúpa saineolaithe a bhunú a bheidh in ann cúnamh a thabhairt dó a chuid dualgas a chomhlíonadh.

CAIBIDIL 2

AILÍNIÚ AN PHRÓTACAIL 
LE GNÍOMHARTHA DLÍ DE CHUID AN AONTAIS

AIRTEAGAL 12

Rannpháirtíocht i ndréachtú gníomhartha dlí de chuid an Aontais (‘cinntí a mhúnlú’)

1.    Agus togra le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais á dhréachtú aige i gcomhréir le CFAE sa réimse a chumhdaítear leis an bPrótacal seo, cuirfidh an Coimisiún an Eilvéis ar an eolas faoi sin agus rachaidh sé i gcomhairle go neamhfhoirmiúil le saineolaithe na hEilvéise ar an mbealach céanna a iarrfaidh sé tuairimí ó shaineolaithe ó Bhallstáit an Aontais chun a thograí a dhréachtú.

Arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí, déanfar réamhmhalartú tuairimí laistigh den Chomhchoiste um Shábháilteacht Bia.



Rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile arís, arna iarraidh sin do cheachtar acu, laistigh den Chomhchoiste um Shábháilteacht Bia ag tráthanna tábhachtacha den chéim sula nglacfaidh an tAontas an gníomh dlí, le linn próiseas leanúnach faisnéise agus comhairliúcháin.

2.    Le linn don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ullmhú, i gcomhréir le CFAE, a bhaineann le bunghníomhartha dhlí an Aontais sa réimse a chumhdaítear leis an bPrótacal seo, áiritheoidh sé go mbeidh an rannpháirtíocht is leithne is féidir ag an Eilvéis in ullmhú na ndréachtaí agus rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe na hEilvéise ar an mbonn céanna agus a rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe Bhallstáit an Aontais.

3.    Le linn don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ullmhú, i gcomhréir le CFAE, a bhaineann le bunghníomhartha dhlí an Aontais sa réimse a chumhdaítear leis an bPrótacal seo, áiritheoidh sé go mbeidh an rannpháirtíocht is leithne is féidir ag an Eilvéis in ullmhú na ndréachtaí atá le cur, níos déanaí, faoi bhráid na gcoistí a thugann cúnamh don Choimisiún i bhfeidhmiú a chumhachtaí cur chun feidhme agus rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe na hEilvéise ar an mbonn céanna agus a rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe ó Bhallstáit an Aontais.

4.    Beidh saineolaithe na hEilvéise rannpháirteach in obair coistí nach gcumhdaítear le míreanna 2 agus 3 i gcás inar gá sin le haghaidh fheidhmiú cuí an Phrótacail seo. Déanfaidh an Comhchoiste um Shábháilteacht Bia liosta de na coistí sin agus, i gcás inarb iomchuí, de choistí eile a bhfuil saintréithe comhchosúla acu, a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta.

5.    Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhartha dlí de chuid an Aontais ná maidir le forálacha díobh a thagann faoi raon feidhme eisceachta dá dtagraítear in Airteagal 13(7).



AIRTEAGAL 13

Gníomhartha dlí de chuid an Aontais a chomhtháthú

1.    Chun deimhneacht dhlíthiúil agus aonchineálacht an dlí a ráthú sa réimse a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach de bhua an Phrótacail seo, áiritheoidh an Eilvéis agus an tAontas go ndéanfar gníomhartha dlí de chuid an Aontais arna nglacadh sa réimse a chumhdaítear leis an bPrótacal seo a chomhtháthú sa Phrótacal seo a luaithe is féidir tar éis a nglactha.

2.    Gníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú sa Phrótacal seo i gcomhréir le mír 4, beidh siad, trína gcomhtháthú sa Phrótacal seo, ina gcuid de dhlíchóras na hEilvéise faoi réir, de réir mar a bheidh, na noiriúnuithe arna gcinneadh ag an gComhchoiste um Shábháilteacht Bia.

3.    Nuair a ghlacfaidh an tAontas gníomh dlí sa réimse a chumhdaítear leis an bPrótacal seo, cuirfidh sé an Eilvéis ar an eolas faoi sin a luaithe is féidir tríd an gComhchoiste um Shábháilteacht Bia. Arna iarraidh sin do cheachtar de na Páirtithe, déanfaidh an Comhchoiste um Shábháilteacht Bia tuairimí a mhalartú ar an ábhar sin.

4.    Gníomhóidh an Comhchoiste um Shábháilteacht Bia i gcomhréir le mír 1 trí chinneadh a ghlacadh a luaithe is féidir chun Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a leasú, lena náirítear na hoiriúnuithe is gá.

5.    Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2, más gá chun comhleanúnachas an Phrótacail seo le hIarscríbhinn I arna leasú de bhun mhír 4 a áirithiú, féadfaidh an Comhchoiste um Shábháilteacht Bia a mholadh, lena fhormheas ag na Páirtithe de réir a nósanna imeachta inmheánacha, go ndéanfar an Prótacal seo a athbhreithniú.



6.    Tagairtí sa Phrótacal seo do ghníomhartha dlí de chuid an Aontais nach bhfuil i bhfeidhm a thuilleadh, forléireofar iad mar thagairtí don ghníomh dlí aisghairme de chuid an Aontais mar atá comhtháite in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bPrótacal seo ó theacht i bhfeidhm chinneadh an Chomhchoiste um Shábháilteacht Bia maidir leis an leasú comhfhreagrach ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bPrótacal seo de bhun mhír 4, mura bhforáiltear a mhalairt sa chinneadh sin.

7.    Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 maidir le gníomhartha dlí de chuid an Aontais ná le forálacha díobh a thagann faoi raon feidhme eisceachta a liostaítear in Airteagal 7.

8.    Faoi réir Airteagal 14, tiocfaidh cinntí ón gComhchoiste um Shábháilteacht Bia de bhun mhír 4 i bhfeidhm láithreach, ach ní thiocfaidh siad i bhfeidhm i gcás ar bith roimh an dáta a thiocfaidh an gníomh dlí comhfhreagrach de chuid an Aontais chun bheith infheidhme san Aontas.

9.    Comhoibreoidh na Páirtithe de mheon macánta le linn an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo chun cinnteoireacht a éascú.

AIRTEAGAL 14

Oibleagáidí bunreachtúla á gcomhlíonadh ag an Eilvéis

1.    Le linn an mhalartaithe tuairimí dá dtagraítear in Airteagal 13(3), cuirfidh an Eilvéis in iúl don Aontas cé acu a cheanglaítear nó nach gceanglaítear le cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 13(4) go gcomhlíonfaidh an Eilvéis oibleagáidí bunreachtúla chun bheith ceangailteach.



2.    I gcás ina gceanglaítear leis an gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 13(4) ar an Eilvéis oibleagáidí bunreachtúla a chomhlíonadh chun bheith ceangailteach, beidh teorainn ama 2 bhliain ar a mhéad ag an Eilvéis ó dháta na faisnéise dá bhforáiltear i mír 1, ach amháin i gcás ina seolfar nós imeachta reifrinn, agus sa chás sin cuirfear síneadh bliana leis an tréimhse sin.

3.    Go dtí go bhfaighidh an Eilvéis an fhaisnéis go bhfuil a hoibleagáidí bunreachtúla comhlíonta aici, cuirfidh na Páirtithe an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 13(4) i bhfeidhm go sealadach, mura rud é go gcuirfidh an Eilvéis in iúl don Aontas nach féidir an cinneadh a chur i bhfeidhm go sealadach agus go soláthróidh siad na cúiseanna leis sin.

Ní féidir, i gcás ar bith, an cur i bhfeidhm sealadach a dhéanamh roimh an dáta a thiocfaidh gníomh dlí comhfhreagrach an Aontais chun bheith infheidhme san Aontas.

4.    Tabharfaidh an Eilvéis fógra don Aontas gan mhoill tríd an gComhchoiste um Shábháilteacht Bia a luaithe a bheidh na hoibleagáidí bunreachtúla dá dtagraítear i mír 1 comhlíonta aici.

5.    Tiocfaidh an cinneadh i bhfeidhm an lá a thabharfar an fógra dá bhforáiltear i mír 4, ach ní thiocfaidh sé i bhfeidhm i gcás ar bith roimh an dáta a thiocfaidh gníomh dlí comhfhreagrach an Aontais chun bheith infheidhme san Aontas.



AIRTEAGAL 15

Cur i bhfeidhm sealadach gníomhartha dlí arna nglacadh ar bhonn aon cheann de na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn I

1.    Má tá gníomh dlí a ghlactar ar bhonn aon cheann de na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn I infheidhme san Aontas sula nglacfar an cinneadh faoi seach ón gComhchoiste um Shábháilteacht Bia de bhun Airteagal 13(4), cuirfidh an Eilvéis an gníomh sin i bhfeidhm go sealadach ó dháta a chur i bhfeidhm san Aontas chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go comhuaineach é.

Tiocfaidh deireadh le haon chur i bhfeidhm sealadach de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo le teacht i bhfeidhm an chinnidh ón gComhchoiste um Shábháilteacht Bia i gcomhréir le hAirteagal 13(8) nó lena chur i bhfeidhm sealadach i gcomhréir le hAirteagal 14(3), mura gcinnfidh an Comhchoiste um Shábháilteacht Bia tráth níos déanaí.

2.    I gcás nach mbeidh an Eilvéis in ann, in imthosca eisceachtúla agus ar chúiseanna a bhfuil údar oibiachtúil leo, gníomh dlí a chur i bhfeidhm go sealadach go hiomlán nó go páirteach de bhun mhír 1, tabharfaidh sí fógra láithreach don Chomhchoiste um Shábháilteacht Bia, agus soláthróidh sí na cúiseanna nach bhfuil sí in ann déanamh amhlaidh. Rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile a luaithe is féidir laistigh den Chomhchoiste um Shábháilteacht Bia.

3.    Mura gcuireann agus a mhéid nach gcuireann an Eilvéis gníomh dlí i bhfeidhm go sealadach nó go sealadach i gcomhréir le mír 1, féadfaidh an tAontas na bearta is gá a dhéanamh chun sláine a Limistéir Sábháilteachta Bia a áirithiú. Tabharfaidh an tAontas fógra faoi na bearta sin don Chomhchoiste um Shábháilteacht Bia láithreach agus tabharfaidh sé na cúiseanna atá leis sin.


AIRTEAGAL 16

Foilsiú gníomhartha dlí arna nglacadh ar bhonn aon cheann de na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn I

Déanfaidh na Páirtithe liosta de na gníomhartha dlí neamhreachtacha arna nglacadh ar bhonn aon cheann de na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn I atá comhtháite sa Phrótacal seo i gcomhréir le hAirteagal 13 nó nach mór a chur i bhfeidhm go sealadach i gcomhréir le hAirteagal 15 a fhoilsiú agus a choinneáil cothrom le dáta go pras agus ar bhealach atá inrochtana go héasca.

CAIBIDIL 3

LÉIRMHÍNIÚ AGUS CUR I bhFEIDHM AN PHRÓTACAIL

AIRTEAGAL 17

Prionsabal an léirithe chomhionainn

1.    Chun na cuspóirí a leagtar amach sa Phrótacal seo a bhaint amach agus i gcomhréir le prionsabail an dlí idirnáisiúnta phoiblí, déanfar na comhaontuithe déthaobhacha sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach agus gníomhartha dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear i gcomhaontuithe den sórt sin a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach.



2.    Gníomhartha dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear sa Phrótacal seo agus, a mhéid a bhaineann a gcur i bhfeidhm le coincheapa de dhlí an Aontais, déanfar forálacha an Phrótacail seo a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, sula síneofar an Prótacal seo nó ina dhiaidh sin.

AIRTEAGAL 18

Prionsabal cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhchuí

1.    Comhoibreoidh an Coimisiún agus údaráis inniúla na hEilvéise lena chéile agus cuideoidh siad lena chéile chun a áirithiú go ndéanfar faireachas ar chur i bhfeidhm an Phrótacail seo. Féadfaidh siad faisnéis a mhalartú maidir le gníomhaíochtaí faireachais ar chur i bhfeidhm an Phrótacail seo. Féadfaidh siad tuairimí a mhalartú agus saincheisteanna leasa choitinn a phlé.

2.    Déanfaidh gach Páirtí bearta iomchuí chun cur i bhfeidhm éifeachtach comhchuí an Phrótacail seo ar a chríoch a áirithiú.

3.    Is iad na Páirtithe laistigh den Chomhchoiste um Shábháilteacht Bia a dhéanfaidh faireachas i gcomhpháirt ar chur i bhfeidhm an Phrótacail seo.

Má thagann an Coimisiún nó údaráis inniúla na hEilvéise ar an eolas faoi chás inar cuireadh i bhfeidhm go mícheart é, féadfar an t‑ábhar a tharchur chuig an gComhchoiste um Shábháilteacht Bia d’fhonn teacht ar réiteach inghlactha.



4.    Déanfaidh an Coimisiún agus údaráis inniúla na hEilvéise faoi seach faireachán ar chur i bhfeidhm an Phrótacail seo ag an bPáirtí eile. Tá feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 20.

Ós rud é go bhfuil gá le hinniúlachtaí faireachais áirithe de chuid institiúidí an Aontais a mhéid a bhaineann le Páirtí amháin chun cur i bhfeidhm éifeachtach comhchuí an Phrótacail seo a áirithiú, amhail cumhachtaí imscrúdaithe agus cinnteoireachta, ní mór foráil shonrach a dhéanamh sa Phrótacal seo maidir leo.

AIRTEAGAL 19

Prionsabal an eisiachais

Gabhann na Páirtithe orthu féin gan díospóid a chur isteach maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Phrótacail seo agus gníomhartha dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear sa Phrótacal seo nó, i gcás inarb infheidhme, maidir le cinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún ar bhonn an Phrótacail seo a bheith i gcomhréir le haon mhodh réitigh seachas na modhanna sin dá bhforáiltear sa Phrótacal seo.



AIRTEAGAL 20

Nós imeachta i gcás deacracht a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm

1.    I gcás ina mbeidh deacracht ann an Prótacal seo nó gníomh dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear sa Phrótacal seo a léirmhíniú nó a chur i bhfeidhm, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile laistigh den Chomhchoiste um Shábháilteacht Bia chun teacht ar réiteach a bheidh inghlactha go frithpháirteach. Chuige sin, cuirfear na heilimintí úsáideacha faisnéise uile ar fáil don Chomhchoiste um Shábháilteacht Bia ionas go mbeidh sé in ann scrúdú mionsonraithe a dhéanamh ar an gcás. Scrúdóidh an Comhchoiste um Shábháilteacht Bia na féidearthachtaí uile lena bhféadfar feidhmiú cuí an Phrótacail seo a choinneáil ar bun.

2.    Mura mbeidh an Comhchoiste um Shábháilteacht Bia in ann teacht ar réiteach ar an deacracht dá dtagraítear i mír 1 laistigh de 3 mhí ón dáta a cuireadh an deacracht faoina bhráid, féadfaidh ceachtar de na Páirtithe a iarraidh ar bhinse eadrána an díospóid a réiteach i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i bhFoscríbhinn 1.

3.    I gcás ina dtarraingeoidh an díospóid ceist anuas maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm forála dá dtagraítear in Airteagal 17(2), agus má tá léiriú na forála sin ábhartha maidir leis an díospóid a shocrú agus más gá é chun a chumasú dó breith a thabhairt, déanfaidh an binse eadrána an cheist sin a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

I gcás ina dtarraingeoidh an díospóid ceist anuas maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm forála a thagann faoi raon feidhme eisceachta ón oibleagáid ailínithe dhinimiciúil dá dtagraítear in Airteagal 13(7) agus i gcás nach mbaineann an díospóid le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm coincheap de dhlí an Aontais, réiteoidh an binse eadrána an díospóid gan í a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.


4.    I gcás ina dtarchuirfidh an binse eadrána ceist chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh de bhun mhír 3:

(a)    beidh an rialú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina cheangal ar an mbinse eadrána; agus

(b)    Beidh na cearta céanna ag an Eilvéis agus atá ag na Ballstáit agus ag institiúidí an Aontais agus beidh sí faoi réir na nósanna imeachta céanna os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, mutatis mutandis.

5.    Déanfaidh gach Páirtí na bearta uile is gá chun cinneadh an bhinse eadrána a chomhlíonadh de mheon macánta.

An Páirtí a gcinnfidh an binse eadrána nár chomhlíon sé an Prótacal seo, cuirfidh sé an Páirtí eile, tríd an gComhchoiste um Shábháilteacht Bia, ar an eolas faoi na bearta atá déanta aige chun cinneadh an bhinse eadrána a chomhlíonadh.



AIRTEAGAL 21

Bearta cúiteacha

1.    Más rud é, maidir leis an bPáirtí ar chinn an binse eadrána nár chomhlíon sé an Prótacal seo, nach gcuireann sé an Páirtí eile ar an eolas, laistigh de thréimhse ama réasúnach a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal IV.2(6) d’Fhoscríbhinn 1, faoi na bearta atá déanta aige chun cinneadh an bhinse eadrána a chomhlíonadh, nó má mheasann an Páirtí eile nach gcomhlíonann na bearta a cuireadh in iúl cinneadh an bhinse eadrána, féadfaidh an Páirtí eile sin bearta cúiteacha comhréireacha a ghlacadh faoi chuimsiú an Phrótacail seo, faoi aon chomhaontú déthaobhach eile sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach, nó faoi aon chomhaontú déthaobhach eile sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach, nó faoin gComhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta (dá ngairtear ‘bearta cúiteacha’ anseo feasta) chun éagothroime a d’fhéadfadh a bheith ann a leigheas. Tabharfaidh sé fógra don Pháirtí ar chinn an binse eadrána nár chomhlíon sé an Prótacal seo maidir leis na bearta cúiteacha, a shonrófar san fhógra. Gabhfaidh éifeacht leis na bearta cúiteacha sin 3 mhí ó dháta an fhógra sin.

2.    Más rud é, laistigh de mhí amháin ó dháta an fhógra faoi na bearta cúiteacha atá beartaithe, nach mbeidh cinneadh déanta ag an gComhchoiste um Shábháilteacht Bia na bearta cúiteacha sin a chur ar fionraí, a leasú nó a neamhniú, féadfaidh ceachtar Páirtí an cheist maidir le comhréireacht na mbeart cúiteach sin a chur chun eadrána, i gcomhréir le Foscríbhinn 1.

3.    Déanfaidh an binse eadrána cinneadh laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal III.8(4) d’Fhoscríbhinn 1.



4.    Ní bheidh éifeacht chúlghabhálach ag bearta cúiteacha. Go háirithe, caomhnófar na cearta agus na hoibleagáidí a fuair daoine aonair agus oibreoirí eacnamaíocha cheana féin sula ngabhfaidh éifeacht leis na bearta cúiteacha.

AIRTEAGAL 22

Comhar idir dlínsí

1.    Chun an léirmhíniú aonchineálach a chur chun cinn, tiocfaidh Cúirt Uachtarach Chónaidhme na hEilvéise agus Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú maidir le hidirphlé agus módúlachtaí an idirphlé sin.

2.    Beidh sé de cheart ag an Eilvéis ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a thaisceadh le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás ina dtarchuirfidh cúirt de chuid Ballstáit den Aontas ceist chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le léirmhíniú an Phrótacail seo nó forála de ghníomh dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear ann le haghaidh réamhrialú.



CUID IV

FORÁLACHA EILE

AIRTEAGAL 23

Tagairtí do chríocha

Aon uair a bheidh tagairtí sna gníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú sa Phrótacal seo i gcomhréir le hAirteagal 13 nó nach mór a chur i bhfeidhm go sealadach i gcomhréir le hAirteagal 15 do chríoch ‘an Aontais Eorpaigh’, an Aontais’, an chómhargaidh nó an mhargaidh inmheánaigh, tuigfear, chun críocha an Phrótacail seo, gur tagairtí do na críocha dá dtagraítear in Airteagal 16 den Chomhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta iad na tagairtí.

AIRTEAGAL 24

Tagairtí do náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais

Aon uair a bheidh tagairtí sna gníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú sa Phrótacal seo i gcomhréir le hAirteagal 13 nó nach mór a chur i bhfeidhm go sealadach i gcomhréir le hAirteagal 15 do náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais, tuigfear, chun críocha an Phrótacail seo, gur tagairtí do náisiúnaigh de chuid Bhallstáit an Aontais agus na hEilvéise iad na tagairtí.


AIRTEAGAL 25

Teacht i bhfeidhm agus cur chun feidhme gníomhartha dlí de chuid an Aontais

Forálacha na ngníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú sa Phrótacal seo maidir lena dteacht i bhfeidhm nó lena gcur chun feidhme, níl siad ábhartha chun críocha an Phrótacail seo.

Eascraíonn na teorainneacha ama agus na dátaí don Eilvéis chun na cinntí lena gcomhtháthaítear gníomhartha dlí de chuid an Aontais sa Phrótacal seo a thabhairt i bhfeidhm agus a chur chun feidhme as Airteagal 13(8) agus Airteagal 14(5), agus as forálacha maidir le socruithe idirthréimhseacha.

AIRTEAGAL 26

Seolaithe na ngníomhartha dlí de chuid an Aontais

Forálacha na ngníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú sa Phrótacal seo i gcomhréir le hAirteagal 13 nó nach mór a chur i bhfeidhm go sealadach i gcomhréir le hAirteagal 15 lena léirítear gur ar Bhallstáit an Aontais atá siad dírithe, níl siad ábhartha chun críocha an Phrótacail seo.



CUID V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

AIRTEAGAL 27

Rúndacht ghairmiúil

Ceanglófar ar ionadaithe, ar shaineolaithe agus ar ghníomhairí eile na bPáirtithe, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais, gan faisnéis a nochtadh, ar faisnéis í a fhaightear faoi chuimsiú an Phrótacail seo, ar faisnéis í atá cumhdaithe ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla.

AIRTEAGAL 28

Faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe

1.    Ní fhorléireofar aon ní sa Phrótacail seo mar ní a cheanglóidh ar Pháirtí Conarthach faisnéis rúnaicmithe a chur ar fáil.

2.    Déanfar faisnéis rúnaicmithe nó ábhar rúnaicmithe a sholáthróidh na Páirtithe nó a mhalartófar eatarthu faoin bPrótacal seo a láimhseáil agus a chosaint i gcomhréir leis an gComhaontú idir Cónaidhm na hEilvéise agus an tAontas Eorpach maidir leis na nósanna imeachta slándála chun faisnéis rúnaicmithe a mhalartú, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 28 Aibreán 2008, agus i gcomhréir le haon socrú slándála lena gcuirtear chun feidhme é.


3.    Glacfaidh an Comhchoiste um Shábháilteacht Bia, trí bhíthin cinnidh, treoracha láimhseála chun a áirithiú go gcosnófar faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a mhalartaítear idir na Páirtithe.

AIRTEAGAL 29

Cur chun feidhme

1.    Déanfaidh na Páirtithe gach beart is iomchuí, bíodh sé ginearálta nó sonrach, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as an bPrótacal seo agus staonfaidh siad ó aon bheart a dhéanamh a d’fhéadfadh gnóthú a chuspóirí a chur i mbaol. 

 2.    Déanfaidh na Páirtithe na bearta uile is gá chun toradh beartaithe na ngníomhartha dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear sa Phrótacal seo a ráthú agus staonfaidh siad ó aon bheart a dhéanamh a d’fhéadfadh gnóthú a naidhmeanna a chur i mbaol.

AIRTEAGAL 30

Iarscríbhinní agus Foscríbhinní

Beidh na hIarscríbhinní agus na Foscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal seo ina gcuid dhílis de.



AIRTEAGAL 31

Raon feidhme críochach

Beidh feidhm ag an bPrótacal seo maidir leis na críocha dá dtagraítear in Airteagal 16 den Chomhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta.

AIRTEAGAL 32

Socruithe idirthréimhseacha

1.    Beidh idirthréimhse ann, a thosóidh ar dháta theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo agus a chríochnóidh tráth nach déanaí ná 24 mhí tar éis a theacht i bhfeidhm. Ní bheidh feidhm ag an idirthréimhse maidir le hAirteagal 11.

2.    Beidh feidhm ag forálacha an Phrótacail seo seachas Airteagal 11 ón gcéad lá tar éis dheireadh na hidirthréimhse, cé is moite d’Iarscríbhinn I, Roinn 2, ceannteideal C, pointe 14 agus pointe 15, a mbeidh feidhm ag forálacha an Phrótacail seo ina leith óna theacht i bhfeidhm.

3.    Le linn na hidirthréimhse, leanfaidh an Comhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta d’fheidhm a bheith aige maidir le hIarscríbhinní 4, 5, 6 agus 11 a ghabhann leis an gComhaontú sin.


4.    Féadfaidh an Eilvéis fógra a thabhairt don Chomhchoiste um Shábháilteacht Bia gur mian léi deireadh a chur leis an idirthréimhse laistigh de 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo. I gcás den sórt sin, socróidh an Comhchoiste um Shábháilteacht Bia dáta foirceanta na hidirthréimhse agus cuirfidh sé an Comhchoiste um Thalmhaíocht arna bhunú le hAirteagal 6 den Chomhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta ar an eolas dá réir sin.

5.    Faoi dheireadh na hidirthréimhse, déanfaidh an Comhchoiste um Shábháilteacht Bia an dáta comhtháthaithe dá dtagraítear sa chéad mhír de Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a thabhairt cothrom le dáta sna hiontrálacha a bhaineann le gach ceann de na gníomhartha dlí ábhartha.

AIRTEAGAL 33

Teacht i bhfeidhm

1.    Déanfaidh na Páirtithe an Prótacal seo a dhaingniú nó a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Tabharfaidh gach Páirtí fógra don Pháirtí eile faoi chur i gcrích na nósanna imeachta inmheánacha is gá do theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo.

2.    Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an fhógra dheireanaigh maidir leis na hionstraimí seo a leanas:

(a)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;


(b)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

(c)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(d)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(e)    Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(f)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;

(g)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;

(h)    Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;

(i)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta;


(j)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(k)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(l)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht tráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú;

(m)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gcláir de chuid an Aontais;

(n)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis.

AIRTEAGAL 34

Leasú agus foirceannadh

1.    Féadfar an Prótacal seo a leasú tráth ar bith trí chomhaontú frithpháirteach na bPáirtithe.

2.    Féadfaidh ceachtar de na Páirtithe an Prótacail seo a fhoirceannadh trí fhógra a thabhairt don Pháirtí eile.



3.    Scoirfidh an Prótacal seo d’fheidhm a bheith aige 6 mhí tar éis an fógra dá dtagraítear i mír 2 a fháil.

4.    I gcás ina ndéanfar foirceannadh ar an bPrótacal seo i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, scoirfidh an Comhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta d’fheidhm a bheith aige ar an dáta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Sa chás sin, beidh feidhm ag Airteagal 17(4) den Chomhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta.

5.    I gcás ina ndéanfar foirceannadh ar an gComhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 17(3) den Chomhaontú sin, scoirfidh an Prótacal seo d’fheidhm a bheith aige ar an dáta dá dtagraítear in Airteagal 17(4) den Chomhaontú sin.

6.    I gcás ina scoirfidh an Prótacal seo d’fheidhm a bheith aige, caomhnófar na cearta agus na hoibleagáidí a fuair daoine aonair agus oibreoirí eacnamaíocha cheana féin de bhua an Phrótacail seo roimh dháta scoir an Phrótacail seo. Socróidh na Páirtithe trí chomhaontú frithpháirteach cén ghníomhaíocht atá le déanamh i ndáil le cearta atá á bhfáil.’. 

Arna dhéanamh [i/sa/san …], an […], i ndúblach, sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus tá gach téacs díobh barántúil.

Á FHIANÚ SIN, chuir na daoine thíos-sínithe, agus údar cuí acu chuige sin, a lámh leis an bPrótacal seo.

(Bloc na sínithe, amhail an méid seo a leanas, i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais: ‘Thar ceann an Aontais Eorpaigh’ agus ‘Thar ceann Chónaidhm na hEilvéise’)

IARSCRÍBHINN I

GNÍOMHARTHA DLÍ SA CHOMHLIMISTÉAR SÁBHÁILTEACHTA BIA

ROINN 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Na gníomhartha dlí atá comhtháite sa Phrótacal seo i gcomhréir le hAirteagal 13 nó nach mór a chur i bhfeidhm go sealadach i gcomhréir le hAirteagal 15, beidh feidhm acu faoi réir na n‑eisceachtaí a liostaítear in Airteagal 7, agus léifear iad mar a leanas:

Mura bhforáiltear a mhalairt in oiriúnuithe teicniúla:

   na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear, sna gníomhartha sin, le haghaidh Bhallstáit an Aontais, tuigfear go bhfuil foráil déanta maidir leo i gcás na hEilvéise;

   aon tagairt eile do na Ballstáit sna gníomhartha sin, tuigfear go náirítear inti tagairt don Eilvéis;

   tagairtí do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ina gcónaí nó atá bunaithe i mBallstáit an Aontais sna gníomhartha sin, tuigfear go náirítear iontu tagairtí do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ina gcónaí nó atá bunaithe san Eilvéis.


Cuirfear an méid sin i bhfeidhm agus lánurraim á tabhairt do na forálacha institiúideacha.

Chun freastal ar chineál speisialta an Chomhlimistéir Sábháilteachta Bia agus chun críocha na habairte deiridh d’Airteagal 18(4), beidh ag an gCoimisiún maidir leis an Eilvéis na hinniúlachtaí a dheonaítear dó sna gníomhartha sin, mura bhforáiltear a mhalairt in oiriúnuithe teicniúla. Aon uair a fheidhmíonn an Coimisiún na hinniúlachtaí sin, ba cheart dó comhoibriú le húdaráis inniúla na hEilvéise i gcomhréir leis an gcleachtas a bhaineann leis an reachtaíocht is infheidhme.

ROINN 2

LIOSTA NA nGNÍOMHARTHA DLÍTHIÚLA

Na gníomhartha dlí a liostaítear sa Roinn seo, tuigfear go n‑áirítear iontu na gníomhartha dlí arna nglacadh ar a mbonn, agus déanfar iad a chomhtháthú sa Phrótacal seo le cinntí ón gComhchoiste um Shábháilteacht Bia i gcomhréir le hAirteagal 13(4) go dtí dáta an chomhtháthaithe dá dtagraítear in iontráil gach gnímh dlí faoi seach a liostaítear sa Roinn seo.

Sainítear an dáta ábhartha leis an gcinneadh faoi seach ón gComhchoiste um Shábháilteacht Bia.

Léifear forálacha na ngníomhartha dlí atá liostaithe sa Roinn seo, chun críocha an Phrótacail seo, leis na hoiriúnaithe seo a leanas:

Aon uair a thagraíonn aon cheann de na gníomhartha dlí thíos d’oibleagáidí na mBallstát faoi Rialachán (AE) 2016/679 nó faoi Threoir 2002/58/CE, tuigfear tagairtí den sórt sin, maidir leis an Eilvéis, mar thagairt don reachtaíocht náisiúnta ábhartha.



A. Rialuithe oifigiúla agus allmhairiú

1.    32017 R 0625: Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

1.1.    32021 R 1756: Rialachán (AE) 2021/1756 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2021 (IO L 357, 8.10.2021, lch. 27),

1.2.    32024 R 3115: Rialachán (AE) 2024/3115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 (IO L, 2024/3115, 16.12.2024, lch. 1),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.


Léifear forálacha an Rialachán, chun críocha an Phrótacail seo, leis na hoiriúnaithe seo a leanas:

(a)    tuigfear gur tagairtí do reachtaíocht ábhartha na hEilvéise iad tagairtí do nósanna imeachta custaim;

(b)    in Iarscríbhinn I, cuirfear isteach an méid seo a leanas: ‘31. Críoch na hEilvéise’.

B. Ábhar atáirgthe plandaí

2.    31966 L 0401: Treoir 66/401/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le síol plandaí farae a mhargú (IO 125, 11.7.1966, lch. 2298),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

2,1.    31969 L 0063: Treoir 69/63/CEE ón gComhairle an 18 Feabhra 1969 (IO L 48, 26.2.1969, lch. 8),

2,2.    31971 L 0162: Treoir 71/162/CEE ón gComhairle an 30 Márta 1971 (IO L 87, 17.4.1971, lch. 24),

2,3.    31972 L 0274: Treoir 72/274/CEE ón gComhairle an 20 Iúil 1972 (IO L 171, 29.7.1972, lch. 37),

2,4.    31972 L 0418: Treoir 72/418/CEE ón gComhairle an 6 Nollaig 1972 (IO L 287, 26.12.1972, lch. 22),


2,5.    31973 L 0438: Treoir 73/438/CEE ón gComhairle an 11 Nollaig 1973 (IO L 356, 27.12.1973, lch. 79),

2,6.    31975 L 0444: Treoir 75/444/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1975 (IO L 196, 26.7.1975, lch. 6),

2,7.    31978 L 0055: Treoir 78/55/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1977 (IO L 16, 20.1.1978, lch. 23),

2,8.    31978 L 0692: Treoir 78/692/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1978 (IO L 236, 26.8.1978, lch. 13),

2,9.    31978 L 1020: Treoir 78/1020/CEE ón gComhairle an 5 Nollaig 1978 (IO L 350, 14.12.1978, lch. 27),

2,10.    31979 L 0692: Treoir 79/692/CEE ón gComhairle an 24 Iúil 1979 (IO L 205, 13.8.1979, lch. 1),

2,11.    31986 L 0155: Treoir 86/155/CEE ón gComhairle an 22 Aibreán 1986 (IO L 118, 7.5.1986, lch. 23),

2,12.    31988 L 0332: Treoir 88/332/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1988 (IO L 151, 17.6.1988, lch. 82),

2,13.    31988 L 0380: Treoir 88/380/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1988 (IO L 187, 16.7.1988, lch. 31),


2,14.    31996 L 0072: Treoir 96/72/CE ón gComhairle an 18 Samhain 1996 (IO L 304, 27.11.1996, lch. 10),

2,15.    31998 L 0095: Treoir 98/95/CE ón gComhairle an 14 Nollaig 1998 (IO L 25, 1.2.1999, lch. 1),

2,16.    31998 L 0096: Treoir 98/96/CE ón gComhairle an 14 Nollaig 1998 (IO L 25, 1.2.1999, lch. 27),

2,17.    32001 L 0064: Treoir 2001/64/CE ón gComhairle an 31 Lúnasa 2001 (IO L 234, 1.9.2001, lch. 60),

2,18.    32003 L 0061: Treoir 2003/61/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 2003 (IO L 165, 3.7.2003, lch. 23),

2,19.    32004 L 0117: Treoir 2004/117/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 (IO L 14, 18.1.2005, lch. 18),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn na Treorach seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

3.    31966 L 0402: Treoir 66/402/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le síolta gránach a mhargú (IO 125, 11.7.1966, lch. 2309),


arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

3,1.    31969 L 0060: Treoir 69/60/CEE ón gComhairle an 18 Feabhra 1969 (IO L 48, 26.2.1969, lch. 1),

3,2.    31971 L 0162: Treoir 71/162/CEE ón gComhairle an 30 Márta 1971 (IO L 87, 17.4.1971, lch. 24),

3,3.    31972 L 0274: Treoir 72/274/CEE ón gComhairle an 20 Iúil 1972 (IO L 171, 29.7.1972, lch. 37),

3,4.    31972 L 0418: Treoir 72/418/CEE ón gComhairle an 6 Nollaig 1972 (IO L 287, 26.12.1972, lch. 22),

3,5.    31973 L 0438: Treoir 73/438/CEE ón gComhairle an 11 Nollaig 1973 (IO L 356, 27.12.1973, lch. 79),

3,6.    31975 L 0444: Treoir 75/444/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1975 (IO L 196, 26.7.1975, lch. 6),

3,7.    31978 L 0055: Treoir 78/55/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1977 (IO L 16, 20.1.1978, lch. 23),

3,8.    31978 L 0692: Treoir 78/692/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1978 (IO L 236, 26.8.1978, lch. 13),


3,9.    31978 L 1020: Treoir 78/1020/CEE ón gComhairle an 5 Nollaig 1978 (IO L 350, 14.12.1978, lch. 27),

3,10.    31979 L 0692: Treoir 79/692/CEE ón gComhairle an 24 Iúil 1979 (IO L 205, 13.8.1979, lch. 1),

3,11.    31986 L 0155: Treoir 86/155/CEE ón gComhairle an 22 Aibreán 1986 (IO L 118, 7.5.1986, lch. 23),

3,12.    31988 L 0332: Treoir 88/332/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1988 (IO L 151, 17.6.1988, lch. 82),

3,13.    31988 L 0380: Treoir 88/380/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1988 (IO L 187, 16.7.1988, lch. 31),

3,14.    31996 L 0072: Treoir 96/72/CE ón gComhairle an 18 Samhain 1996 (IO L 304, 27.11.1996, lch. 10),

3,15.    31998 L 0095: Treoir 98/95/CE ón gComhairle an 14 Nollaig 1998 (IO L 25, 1.2.1999, lch. 1),

3,16.    31998 L 0096: Treoir 98/96/CE ón gComhairle an 14 Nollaig 1998 (IO L 25, 1.2.1999, lch. 27),

3,17.    32001 L 0064: Treoir 2001/64/CE ón gComhairle an 31 Lúnasa 2001 (IO L 234, 1.9.2001, lch. 60),


3,18.    32003 L 0061: Treoir 2003/61/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 2003 (IO L 165, 3.7.2003, lch. 23),

3,19.    32004 L 0117: Treoir 2004/117/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 (IO L 14, 18.1.2005, lch. 18),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn na Treorach seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

4.    31968 L 0193: Treoir 68/193/CEE ón gComhairle an 9 Aibreán 1968 maidir le margú ábhair le haghaidh iomadú fásúil na fíniúna (IO L 93, 17.4.1968, lch. 15),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

4,1.    31971 L 0140: Treoir 71/140/CEE ón gComhairle an 22 Márta 1971 (IO L 71, 25.3.1971, lch. 16),

4,2.    31974 L 0648: Treoir 74/648/CEE ón gComhairle an 9 Nollaig 1974 (IO L 352, 28.12.1974, lch. 43),

4,3.    31978 L 0055: Treoir 78/55/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1977 (IO L 16, 20.1.1978, lch. 23),

4,4.    31978 L 0692: Treoir 78/692/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1978 (IO L 236, 26.8.1978, lch. 13),


4,5.    31986 L 0155: Treoir 86/155/CEE ón gComhairle an 22 Aibreán 1986 (IO L 118, 7.5.1986, lch. 23),

4,6.    31988 L 0332: Treoir 88/332/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1988 (IO L 151, 17.6.1988, lch. 82),

4,7.    32002 L 0011: Treoir 2002/11/CE ón gComhairle an 14 Feabhra 2002 (IO L 53, 23.2.2002, lch. 20),

4,8.    32003 L 0061: Treoir 2003/61/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 2003 (IO L 165, 3.7.2003, lch. 23),

4,9.    32003 R 1829: Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 (IO L 268, 18.10.2003, lch. 1),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn na Treorach seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

5.    31998 L 0056: Treoir 98/56/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 (IO L 226, 13.8.1998, lch. 16),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

5,1.    32003 R 0806: Rialachán (CE) Uimh. 806/2003 ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 (IO L 122, 16.5.2003, lch. 1),


5,2.    32003 L 0061: Treoir 2003/61/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 2003 (IO L 165, 3.7.2003, lch. 23),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn na Treorach seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

6.    31999 L 0105: Treoir 1999/105/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1999 maidir le hábhar atáirgthe foraoise a mhargú (IO L 11, 15.1.2000, lch. 17), lena náirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn na Treorach seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

7.    32002 L 0053: Treoir 2002/53/CE an 13 Meitheamh 2002 ón gComhairle maidir leis an gcatalóg choiteann de chineálacha de speicis phlandaí talmhaíochta (IO L 193, 20.7.2002, lch. 1),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

7,1.    32003 R 1829: Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 (IO L 268, 18.10.2003, lch. 1),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn na Treorach seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

8.    32002 L 0054: Treoir 2002/54/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síolta biatais a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 12),


arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

8,1.    32003 L 0061: Treoir 2003/61/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 2003 (IO L 165, 3.7.2003, lch. 23),

8,2.    32004 L 0117: Treoir 2004/117/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 (IO L 14, 18.1.2005, lch. 18),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn na Treorach seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

9.    32002 L 0055: Treoir 2002/55/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síolta glasraí a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 33),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

9,1.    32003 L 0061: Treoir 2003/61/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 2003 (IO L 165, 3.7.2003, lch. 23),

9,2.    32003 R 1829: Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 (IO L 268, 18.10.2003, lch. 1),

9,3.    32004 L 0117: Treoir 2004/117/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 (IO L 14, 18.1.2005, lch. 18),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn na Treorach seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.


10.    32002 L 0056: Treoir 2002/56/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le prátaí síl a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 60),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

10,1.    32003 L 0061: Treoir 2003/61/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 2003 (IO L 165, 3.7.2003, lch. 23),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn na Treorach seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

11.    32002 L 0057: Treoir 2002/57/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síolta plandaí ola agus snáithín a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 74),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

11,1.    32002 L 0068: Treoir 2002/68/CE ón gComhairle an 19 Iúil 2002 (IO L 195, 24.7.2002, lch. 32),

11,2.    32003 L 0061: Treoir 2003/61/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 2003 (IO L 165, 3.7.2003, lch. 23),

11,3.    32004 L 0117: Treoir 2004/117/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 (IO L 14, 18.1.2005, lch. 18),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn na Treorach seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.


12.    32008 L 0072: Treoir 2008/72/CE ón gComhairle an 15 Iúil 2008 maidir le hábhair iomadaithe agus plandaithe glasraí, seachas síolta, a mhargú (IO L 205, 1.8.2008, lch. 28), lena náirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn na Treorach seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

13.    32008 L 0090: Treoir 2008/90/CE ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 maidir le margú ábhair iomadaithe plandaí torthaí agus margú plandaí torthaí a bheartaítear do tháirgeadh torthaí (IO L 267, 8.10.2008, lch. 8), lena náirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn na Treorach seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

C. Táirgí cosanta plandaí

14.    32009 R 1107: Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena naisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

14,1.    32013 R 0518: Rialachán (AE) Uimh. 518/2013 ón gComhairle an 13 Bealtaine 2013 (IO L 158, 10.6.2013, lch. 72),

14,2.    32017 R 0625: Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1),

14,3.    32019 R 1009: Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 (IO L 170, 25.6.2019, lch. 1),


14,4.    32019 R 1381: Rialachán (AE) 2019/1381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 (IO L 231, 6.9.2019, lch. 1),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

Léifear forálacha an Rialachán, chun críocha an Phrótacail seo, leis an oiriúnú seo a leanas:

In Iarscríbhinn I, beidh an Eilvéis ina cuid de Chríos B – An Lár.

15.    32009 L 0128: Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht an Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lch. 71),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

15,1.    32019 R 1243: Rialachán (AE) 2019/1243 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 (IO L 198, 25.7.2019, lch. 241),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn na Treorach seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.



D. Sláinte plandaí

16.    32016 R 2031: Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

16,1.    32017 R 0625: Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1),

16,2.    32024 R 3115: Rialachán (AE) 2024/3115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 (IO L, 2024/3115, 16.12.2024),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

Léifear forálacha an Rialachán, chun críocha an Phrótacail seo, leis na hoiriúnaithe seo a leanas:

(a)    in Airteagal 45(1), is féidir íomhá de bhratach na hEilvéise nó den armas a úsáid san ábhar faisnéise i dteannta nó in ionad bhratach an Aontais;


(b)    in Iarscríbhinn VII, is féidir íomhá armas na hEilvéise a úsáid ar an bpas plandaí in ionad bhratach an Aontais;

(c)    In Iarscríbhinn VIII, is féidir íomhá armas na hEilvéise a úsáid ar na deimhnithe fíteashláintíochta, ar an deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh ath-onnmhairiú agus ar an deimhniú réamhonnmhairiúcháin in ionad bhratach an Aontais. Eiseofar na deimhnithe in ainm na hEilvéise, agus, i gcás inar gá, cuirfear an téarma ‘CH’ in ionad an téarma ‘AE’;

(d)    maidir leis an Eilvéis, tuigfear na tagairtí do Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle mar thagairtí don reachtaíocht náisiúnta ábhartha.

E. Beatha

17.    32002 L 0032: Treoir 2002/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Bealtaine 2002 maidir le substaintí neamh-inmhianaithe i mbeatha ainmhithe (IO L 140, 30.5.2002, lch. 10),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

17,1.    32009 R 0219: Rialachán (CE) Uimh. 219/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 (IO L 87, 31.3.2009, lch. 109),

17,2.    32019 R 1243: Rialachán (AE) 2019/1243 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 (IO L 198, 25.7.2019, lch. 241),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn na Treorach seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.


18.    32003 R 1831: Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena núsáid i gcothú ainmhithe (IO L 268, 18.10.2003, lch. 29),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

18,1.    32009 R 0596: Rialachán (CE) Uimh. 596/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 (IO L 188, 18.7.2009, lch. 14),

18,2.    32009 R 0767: Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 (IO L 229, 1.9.2009, lch. 1),

18,3.    32019 R 1243: Rialachán (AE) 2019/1243 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 (IO L 198, 25.7.2019, lch. 241),

18,4.    32019 R 1381: Rialachán (AE) 2019/1381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 (IO L 231, 6.9.2019, lch. 1),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

19.    32005 R 0183: Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 maidir le ceanglais a leagan síos i ndáil le sláinteachas beatha ainmhithe (IO L 35, 8.2.2005, lch. 1),


arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

19,1.    32009 R 0219: Rialachán (CE) Uimh. 219/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 (IO L 87, 31.3.2009, lch. 109),

19,2.    32019 R 0004: Rialachán (AE) 2019/4 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 (IO L 4, 7.1.2019, lch. 1),

19,3.    32019 R 1243: Rialachán (AE) 2019/1243 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 (IO L 198, 25.7.2019, lch. 241),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

20.    32009 R 0767: Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le beatha a chur ar an margadh agus a úsáid, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 agus lena naisghairtear Treoracha 79/373/CEE, 80/511/CEE, 82/471/CEE, 83/228/CEE, 93/74/CEE, 93/113/CE agus 96/25/CE agus Cinneadh 2004/217/CE (IO L 229, 1.9.2009, lch. 1), lena náirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

Léifear forálacha an Rialachán, chun críocha an Phrótacail seo, leis an oiriúnú seo a leanas:


Féadfaidh an Eilvéis leanúint d’fhorálacha de dhlí na hEilvéise a chur i bhfeidhm lena ndéantar foráil maidir le srianta ar úsáid ábhar beatha a dhíorthaítear ó chineálacha canabais sp. le haghaidh bia-ainmhithe, sa bhreis orthu sin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 767/2009.

F. Pórú ainmhithe – Zóiteicnic

21.    31990 L 0428: Treoir 90/428/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1990 maidir le trádáil in eachainmhithe atá beartaithe le haghaidh comórtais agus lena leagtar síos na coinníollacha le haghaidh rannpháirtíochta iontu (IO L 224, 18.8.1990, lch. 60),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

21,1.    32008 L 0073: Treoir 2008/73/CE ón gComhairle an 15 Iúil 2008 (IO L 219, 14.8.2008, lch. 40),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn na Treorach seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

22.    32016 R 1012: Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha i dtaca le pórú agus trádáil ainmhithe pórúcháin folaíochta, muca pórúcháin hibrideacha, agus táirgí geirmeacha díobh san Aontas agus lena dtabhairt isteach san Aontas agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 652/2014, Treoir 89/608/CEE ón gComhairle agus Treoir 90/425/CEE ón gComhairle agus lena naisghairtear gníomhartha áirithe i réimse an phóraithe ainmhithe (‘An Rialachán maidir le Pórú Ainmhithe’) (IO L 171, 29.6.2016, lch. 66), lena náirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.



G. Sláinte ainmhithe, rialú zónóise

23.    32016 R 0429: Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena naisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

23,1.    32017 R 0625: Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

Léifear forálacha an Rialachán, chun críocha an Phrótacail seo, leis an oiriúnú seo a leanas:

In Airteagal 49(1), geallann an Eilvéis go n‑íocfaidh sí na costais a bhaineann leis an antaigin, an vacsaín agus an t‑imoibrí diagnóiseach a sheachadtar chuig an Eilvéis faoin bhforáil sin a iompar agus a athsholáthar.

24.    32013 R 0576: Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 (IO L 178, 28.6.2013, lch. 1), lena náirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.


25.    32001 R 0999: Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú (IO L 147, 31.5.2001, lch. 1),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

25,1.    32003 R 1128: Rialachán (CE) Uimh. 1128/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 2003 (IO L 160, 28.6.2003, lch. 1),

25,2.    32005 R 0932: Rialachán (CE) Uimh. 932/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2005 (IO L 163, 23.6.2005, lch. 1),

25,3.    32006 R 1923: Rialachán (CE) Uimh. 1923/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 (IO L 404, 30.12.2006, lch. 1),

25,4.    32009 R 0220: Rialachán (CE) Uimh. 220/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 (IO L 87, 31.3.2009, lch. 155),

25,5.    32013 R 0517: Rialachán (AE) Uimh. 517/2013 ón gComhairle an 13 Bealtaine 2013 (IO L 158, 10.6.2013, lch. 1),

25,6.    32017 R 0625: Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.


26.    32003 R 2160: Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le salmonella agus oibreáin zónóiseacha bhia-iompartha shonraithe eile a rialú (IO L 325, 12.12.2003, lch. 1),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

26,1.    32009 R 0596: Rialachán (CE) Uimh. 596/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 (IO L 188, 18.7.2009, lch. 14),

26,2.    32013 R 0517: Rialachán (AE) Uimh. 517/2013 ón gComhairle an 13 Bealtaine 2013 (IO L 158, 10.6.2013, lch. 1),

26,3.    32016 R 0429: Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

27.    32003 L 0099: Treoir 2003/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faireachán ar zónóisí agus ar oibreáin zónóiseacha, lena leasaítear Cinneadh 90/424/CEE ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 92/117/CEE ón gComhairle (IO L 325, 12.12.2003, lch. 31),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

27,1.    32006 L 0104: Treoir 2006/104/CE ón gComhairle an 20 Samhain 2006 (IO L 363, 20.12.2006, lch. 352),


27,2.    32009 R 0219: Rialachán (CE) Uimh. 219/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 (IO L 87, 31.3.2009, lch. 109),

27,3.    32013 L 0020: Treoir 2013/20/AE ón gComhairle an 13 Bealtaine 2013 (IO L 158, 10.6.2013, lch. 234),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn na Treorach seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

H. Bia – ginearálta

28.    32002 R 0178: Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

28,1.    32003 R 1642: Rialachán (CE) Uimh. 1642/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Iúil 2003 (IO L 245, 29.9.2003, lch. 4),

28,2.    32009 R 0596: Rialachán (CE) Uimh. 596/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 (IO L 188, 18.7.2009, lch. 14),

28,3.    32017 R 0745: Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1),


28,4.    32019 R 1243: Rialachán (AE) 2019/1243 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 (IO L 198, 25.7.2019, lch. 241),

28,5.    32019 R 1381: Rialachán (AE) 2019/1381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 (IO L 231, 6.9.2019, lch. 1),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

Léifear forálacha an Rialachán, chun críocha an Phrótacail seo, leis na hoiriúnaithe seo a leanas:

(a)    Beidh an Eilvéis rannpháirteach in obair an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (dá ngairtear ‘an tÚdarás’ anseo feasta);

(b)    Déanfaidh an Eilvéis ranníocaíocht airgeadais i leith na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) i gcomhréir le hAirteagal 9 den Phrótacal seo agus le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an bPrótacal seo;

(c)    Beidh an Eilvéis rannpháirteach go hiomlán i mBord Bainistíochta an Údaráis agus i bhFóram Comhairleach an Údaráis agus beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna aici inti agus a bhíonn ag Ballstáit an Aontais, cé is moite den cheart vótála;

(d)    Beidh saineolaithe na hEilvéise, nuair a roghnófar agus nuair a cheapfar iad, rannpháirteach go hiomlán sna coistí eolaíocha agus sna painéil eolaíocha agus beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna acu iontu agus atá ag rannpháirteach iontu i gcomhréir leis an gcreat reachtach is infheidhme;


(e)    Beidh an Eilvéis in ann eagraíochtaí inniúla a ainmniú a oibríonn i réimsí a thagann faoi mhisean an Údaráis agus a fhéadfaidh cúnamh a thabhairt don Údarás;

(f)    de mhaolú ar Airteagal 12(2), pointe (a), de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh 1 , féadfaidh an tÚdarás, má chinneann sé amhlaidh, náisiúnaigh de chuid na hEilvéise a bhfuil a gcearta iomlána mar shaoránaigh acu a fhostú faoi chonradh. Féadfaidh an tÚdarás glacadh le hiasacht saineolaithe ón Eilvéis;

(g)    Deonóidh an Eilvéis don Údarás agus dá fhoireann, faoi chuimsiú a bhfeidhmeanna oifigiúla le haghaidh an Údaráis, na pribhléidí agus na díolúintí dá bhforáiltear i bhFoscríbhinn 2 atá bunaithe ar Airteagail 1 go 6, 10 go 15, agus 17 agus 18 de Phrótacal (Uimh. 7). Léirítear tagairtí do na hairteagail chomhfhreagracha den Phrótacal sin idir lúibíní chun críocha faisnéise;

(h)    Beidh an Eilvéis rannpháirteach go hiomlán sna líonraí arna noibriú ag an Údarás agus beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna acu iontu agus a bhíonn ag Ballstáit an Aontais.

I. Bia – sláinteachas

29.    31989 L 0108: Treoir 89/108/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bia-ábhair mear-reoite lena gcaitheamh ag an duine (IO L 40, 11.2.1989, lch. 34),


arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

29,1.    32003 R 1882: Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1),

29,2.    32006 L 0107: Treoir 2006/107/CE ón gComhairle an 20 Samhain 2006 (IO L 363, 20.12.2006, lch. 411),

29,3.    32008 R 1137: Rialachán (CE) Uimh. 1137/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 (IO L 311, 21.11.2008, lch. 1),

29,4.    32013 L 0020: Treoir 2013/20/AE ón gComhairle an 13 Bealtaine 2013 (IO L 158, 10.6.2013, lch. 234),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn na Treorach seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

30.    32004 R 0852: Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia (IO L 139, 30.4.2004, lch. 1),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

30,1.    32009 R 0219: Rialachán (CE) Uimh. 219/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 (IO L 87, 31.3.2009, lch. 109),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.


31.    32004 R 0853: Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

31,1.    32009 R 0219: Rialachán (CE) Uimh. 219/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 (IO L 87, 31.3.2009, lch. 109),

31,2.    32013 R 0517: Rialachán (AE) Uimh. 517/2013 ón gComhairle an 13 Bealtaine 2013 (IO L 158, 10.6.2013, lch. 1),

31,3.    32019 R 1243: Rialachán (AE) 2019/1243 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 (IO L 198, 25.7.2019, lch. 241),

31,4.    32021 R 1756: Rialachán (AE) 2021/1756 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2021 (IO L 357, 8.10.2021, lch. 27),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

J. Bia – comhábhair, rianta agus caighdeáin mhargaíochta

32.    32002 L 0046: Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51),


arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

32,1.    32008 R 1137: Rialachán (CE) Uimh. 1137/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 (IO L 311, 21.11.2008, lch. 1),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn na Treorach seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

33.    32003 R 2065: Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Samhain 2003 maidir le blastáin deataigh a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i mbianna nó ar bhianna (IO L 309, 26.11.2003, lch. 1),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

33,1.    32009 R 0596: Rialachán (CE) Uimh. 596/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 (IO L 188, 18.7.2009, lch. 14),

33,2.    32019 R 1243: Rialachán (AE) 2019/1243 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 (IO L 198, 25.7.2019, lch. 241),

33,3.    32019 R 1381: Rialachán (AE) 2019/1381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 (IO L 231, 6.9.2019, lch. 1),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.


34.    32006 R 1925: Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur i mbianna (IO L 404, 30.12.2006, lch. 26),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

34,1.    32008 R 0108: Rialachán (CE) Uimh. 108/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 (IO L 39, 13.2.2008, lch. 11),

34,2.    32011 R 1169: Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

35.    32008 R 1331: Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 1),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

35,1.    32019 R 1381: Rialachán (AE) 2019/1381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 (IO L 231, 6.9.2019, lch. 1),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.


36.    32008 R 1332: Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia agus lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 258/97 (IO L 354, 31.12.2008, lch. 7), lena náirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

37.    32008 R 1333: Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16), lena náirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

38.    32008 R 1334: Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (IO L 354, 31.12.2008, lch. 34),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

38,1.    32011 R 1169: Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18),

38,2.    32014 R 0251: Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 (IO L 84, 20.3.2014, lch. 14),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.


39.    32013 R 0609: Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena naisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO L 181, 29.6.2013, lch. 35), lena náirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

40.    32015 L 2203: Treoir (AE) 2015/2203 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cáiséiní agus le cáiséanáití atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine agus lena naisghairtear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle (IO L 314, 1.12.2015, lch. 1), lena náirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn na Treorach seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

41.    32015 R 2283: Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (IO L 327, 11.12.2015, lch. 1),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

41,1.    32019 R 1381: Rialachán (AE) 2019/1381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 (IO L 231, 6.9.2019, lch. 1),


agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

K. Bia - iarmhair lotnaidicídí agus táirgí íocshláinte tréidliachta agus éilleáin

42.    31993 R 0315: Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (IO L 37, 13.2.1993, lch. 1),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

42,1.    32003 R 1882: Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1),

42,2.    32009 R 0596: Rialachán (CE) Uimh. 596/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 (IO L 188, 18.7.2009, lch. 14),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

43.    32005 R 0396: Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

43,1.    32008 R 0299: Rialachán (CE) Uimh. 299/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 (IO L 97, 9.4.2008, lch. 67),


43,2.    32017 R 0625: Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

44.    32009 R 0470: Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na niarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 152, 16.6.2009, lch. 11), lena náirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

Léifear forálacha an Rialachán, chun críocha an Phrótacail seo, leis na hoiriúnaithe seo a leanas:

(a)    Ní bheidh feidhm ag Airteagail 3, 9, 10, 11, 13, 15, 17, 25, 27, chun críocha an Phrótacail seo maidir leis an Eilvéis.

(b)    Ní bheidh an Eilvéis rannpháirteach sa bhuanchoiste um tháirgí íocshláinte tréidliachta ná sna grúpaí saineolaithe maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta.

Ní bheidh an Eilvéis rannpháirteach in ullmhú tograí agus dréachtaí a bhaineann le bunú uasteorainneacha iarmhar do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus ní rachfar i gcomhairle le saineolaithe na hEilvéise maidir leis an méid sin, má bhunaítear iad sin i gcomhthéacs nósanna imeachta a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta.



L. Ábhair bia-thadhaill

45.    32004 R 1935: Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus nithe a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia agus lena naisghairtear Treoracha 80/590/CEE agus 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lch. 4),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

45,1.    32009 R 0596: Rialachán (CE) Uimh. 596/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 (IO L 188, 18.7.2009, lch. 14),

45,2.    32019 R 1381: Rialachán (AE) 2019/1381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 (IO L 231, 6.9.2019, lch. 1),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

46.    31984 L 0500: Treoir 84/500/CEE ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1984 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hearraí ceirmeacha atá beartaithe teacht i dteagmháil le bia-ábhair. (IO L 277, 20.10.1984, lch. 12), lena náirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn na Treorach seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.



M. Lipéadú bia, cur i láthair agus fógraíocht bianna agus maímh chothúcháin nó shláinte

47.    32000 R 1760: Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Iúil 2000 lena mbunaítear córais chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú agus maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 820/97 ón gComhairle (IO L 204, 11.8.2000, lch. 1),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

47,1.    32013 R 0517: Rialachán (AE) Uimh. 517/2013 ón gComhairle an 13 Bealtaine 2013 (IO L 158, 10.6.2013, lch. 1),

47,2.    32014 R 0653: Rialachán (AE) Uimh. 653/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 (IO L 189, 27.6.2014, lch. 33),

47,3.    32016 R 0429: Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 (‘an Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

48.    32006 R 1924: Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le maímh chothaithe agus shláinte a dhéantar i leith bianna (IO L 404, 30.12.2006, lch. 9),


arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

48,1.    32008 R 0107: Rialachán (CE) Uimh. 107/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 (IO L 39, 13.2.2008, lch. 8),

48,2.    32008 R 0109: Rialachán (CE) Uimh. 109/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 maidir le maímh i leith cothaithe agus sláinte a dhéantar maidir le bianna (IO L 39, 13.2.2008, lch. 14),

48,3.    32011 R 1169: Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

49.    32011 R 1169: Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

49,1.    32015 R 2283: Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 (IO L 327, 11.12.2015, lch. 1),


agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

Léifear forálacha an Rialachán, chun críocha an Phrótacail seo, leis na hoiriúnaithe seo a leanas:

(a)    Féadfaidh an Eilvéis leanúint d’fhorálacha de dhlí na hEilvéise a chur i bhfeidhm lena gceanglaítear lipéadú éigeantach na tíre tionscnaimh nó na bunáitíochta agus ar choinníoll, i gcás táirgí de thionscnamh an Aontais:

   glactar leis an tásc ‘AE’ mar thír tháirgthe; agus

   go gcomhlíonann ainm nó ainm gnó agus seoladh an oibreora gnó bia an ceanglas maidir le tásc éigeantach na tíre táirgthe;

(b)    Féadfaidh an Eilvéis leanúint d’fhorálacha de dhlí na hEilvéise a chur i bhfeidhm lena gceanglaítear lipéadú éigeantach ar rianta neamhbheartaithe ailléirginí i mbia.

50.    32011 L 0091: Treoir 2011/91/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le tásca nó marcanna lena sainaithnítear an luchtóg lena mbaineann bia-ábhar (IO L 334, 16.12.2011, lch. 1).

N. Bia – eile

51.    31999 L 0002: Treoir 1999/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Feabhra 1999 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bia agus comhábhair bia a chóireáiltear le radaíocht ianaíoch (IO L 66, 13.3.1999, lch. 16),


arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

51,1.    32003 R 1882: Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1),

51,2.    32008 R 1137: Rialachán (CE) Uimh. 1137/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 (IO L 311, 21.11.2008, lch. 1),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn na Treorach seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

52.    31999 L 0003: Treoir 1999/3/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Feabhra 1999 maidir le liosta Comhphobail de bhianna agus de chomhábhair bhia a ndéileáiltear leo le radaíocht ianaíoch a bhunú (IO L 66, 13.3.1999, lch. 24).

53.    32009 L 0032: Treoir 2009/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le tuaslagóirí eastósctha a úsáidtear i dtáirgeadh earraí bia agus comhábhar bia (IO L 141, 6.6.2009, lch. 31), lena náirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn na Treorach seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

54.    32009 L 0054: Treoir 2009/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le huiscí mianraí a shaothrú agus a chur ar an margadh (IO L 164, 26.6.2009, lch. 45), lena náirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn na Treorach seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.


55.    32016 R 0052: Rialachán (Euratom) 2016/52 ón gComhairle an 15 Eanáir 2016 lena leagtar síos uasleibhéil cheadaithe éilliúcháin radaighníomhaigh ar bhia agus ar bheatha tar éis tionóisc núicléach nó i ndiaidh aon cháis eile ina dtarlaíonn éigeandáil raideolaíoch, agus lena naisghairtear Rialachán (Euratom) Uimh. 3954/87 agus Rialacháin (Euratom) Uimh. 944/89 agus (Euratom) Uimh. 770/90 ón gCoimisiún (IO L 13, 20.1.2016, lch. 2), lena náirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

O. Orgánaigh Géinmhodhnaithe

Leagtar síos an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (a), an chéad fhleasc, den Phrótacal seo in Airteagail 12(2) agus 24(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus le beatha ghéinmhodhnaithe (IO L 268, 18.10.2003, lch. 1).

Údaraítear beatha a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe a luaitear in Airteagal 7(1), pointe (a), an dara fleasc, den Phrótacal seo faoi Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

p. Leas ainmhithe

56.    32005 R 0001: Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 an 22 Nollaig 2004 maidir le hainmhithe a chosaint le linn iompair agus le linn oibríochtaí gaolmhara agus lena leasaítear Treoir 64/432/CEE agus Treoir 93/119/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 (IO L 3, 5.1.2005, lch. 1),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

56,1.    32017 R 0625: Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1),


agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.

Léifear forálacha an Rialachán, chun críocha an Phrótacail seo, leis an oiriúnú seo a leanas:

in Airteagal 1(3), cuirfear an abairt seo a leanas leis:

‘Féadfaidh an Eilvéis leanúint d’fhorálacha a dlí a chur i bhfeidhm maidir le hiompar ainmhithe laistigh den Eilvéis, lena n‑áirítear idirthuras bó-ainmhithe, caorach, gabhair, muc-ainmhithe, capall nó éanlaithe clóis lena marú, agus lena suitear nach gceadaítear idirthuras den sórt sin ach d’iarnród nó d’aer san Eilvéis.’

57.    32009 R 1099: Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2009 maidir le hainmhithe a chosaint tráth an mharaithe (IO L 303, 18.11.2009, lch. 1),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

57,1.    32017 R 0625: Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.



Q. Seachtháirgí ainmhithe

58.    32009 R 1069: Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe) (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

58,1.    32010 L 0063: Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 (IO L 276, 20.10.2010, lch. 33),

58,2.    32013 R 1385: Rialachán (AE) Uimh. 1385/2013 ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 86),

58,3.    32017 R 0625: Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1),

58,4.    32019 R 1009: Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 (IO L 170, 25.6.2019, lch. 1),

agus lena n‑áirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.



R. Sláintíocht agus fíteashláintíocht - Eile

59.    31996 L 0022: Treoir 96/22/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 a bhaineann le toirmeasc ar shubstaintí áirithe a ngabhann gníomhaíocht hormónach nó thíreastatach leo, agus ar bhéite-agónaithe, a úsáid i bhfeirmeoireacht stoic agus lena naisghairtear Treoracha 81/602/CEE, 88/146/CEE agus 88/299/CEE (IO L 125, 23.5.1996, lch. 3),

arna leasú leis an ngníomh/na gníomhartha dlí seo a leanas:

59,1.    32003 L 0074: Treoir 2003/74/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 (IO L 262, 14.10.2003, lch. 17),

59,2.    32008 L 0097: Treoir 2008/97/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 (IO L 318, 28.11.2008, lch. 9).

Léifear forálacha na Treorach, chun críocha an Phrótacail seo, leis an oiriúnú seo a leanas:

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 11(2), pointe (b), maidir leis an Eilvéis ná san Eilvéis.

S. Frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach

60.    32019 R 0006: Airteagal 107 (cé is moite de mhír 6) agus Airteagal 118 de Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirge íocshláinte tréidliachta agus lena naisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43), i gcomhar le hAirteagal 37(5) de, lena náirítear na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn na bhforálacha sin a comhtháthaíodh faoin 31 Nollaig 2024.


Léifear Airteagal 107(5), chun críocha an Phrótacail seo, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a)    táirgí íocshláinte ina bhfuil na frithmhiocróbaigh nó grúpaí frithmhiocróbach arna bhforchoimeád chun ionfhabhtuithe áirithe i ndaoine a chóireáil i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1255 ((IO L 191, 20.7.2022, lch. 58), ní úsáidfear in ainmhithe iad;

(b)    na gníomhartha dlí a glacadh ar bhonn Airteagal 107(6) de Rialachán (AE) 2019/6, ní thuigfear go náirítear iad sa tagairt d’Airteagal 107 de Rialachán (AE) 2019/6.

(c)    Ní bheidh an Eilvéis ná saineolaithe na hEilvéise rannpháirteach sa bhuanchoiste um tháirgí íocshláinte tréidliachta ná sna grúpaí saineolaithe maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta. Ní bheidh an Eilvéis rannpháirteach in ullmhú tograí agus dréachtaí a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta a mhonarú, a chur ar an margadh ná a úsáid, agus ní rachfar i gcomhairle le saineolaithe na hEilvéise maidir leis an méid sin.

61.    32019 R 0004: mír 3 d’Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2019/4 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le beatha íocleasaithe a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid, lena leasaítear Treoir (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 90/167/CEE ón gComhairle (IO L 4, 7.1.2019, lch. 1).

________________

IARSCRÍBHINN II

CUR I BHFEIDHM AIRTEAGAL 9 DEN PHRÓTACAL
LENA mBUNAÍTEAR COMHLIMISTÉAR SÁBHÁILTEACHTA BIA

Airteagal 1

Liosta de ghníomhaíochtaí ghníomhaireachtaí, chórais faisnéise agus ghníomhaíochtaí eile an Aontais a bhfuil an Eilvéis le ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh leo

Déanfaidh an Eilvéis ranníocaíocht airgeadais i leith na nithe seo a leanas:

(a)    gníomhaireachtaí:

   An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 2 .


(b)    córais faisnéise:

   Tairseach EUROPHYT (EUROPHYTPORTAL) arna bunú le Treoir 94/3/CE ón gCoimisiún an 21 Eanáir 1994 3 ;

   An Córas Mear-rabhaidh um Bia don Duine agus d’Ainmhithe (RASFF) arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 4 ;

   Ardán ar líne an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh deimhniú sláintíochta agus fíteashláintíochta (TRACES) arna bhunú le Rialachán (AE) 2017/625 5 ;

   Córas Faisnéise Galar Ainmhithe an Aontais Eorpaigh (ADIS) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2020/2002 6 .


(c)    gníomhaíochtaí eile:

ceann ar bith.

Airteagal 2

Téarmaí íocaíochta

1.    I gcomhréir leis an Airteagal seo a dhéanfar íocaíochtaí atá dlite de bhun Airteagal 9 den Phrótacal a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta lena mbunaítear Comhlimistéar Sábháilteachta Bia (dá ngairtear ‘Prótacal’ anseo feasta).

2.    Agus glao ar chistí na bliana airgeadais á eisiúint ag an gCoimisiún, cuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas in iúl don Eilvéis:

(a)    méid na ranníocaíochta oibríochtúla; agus

(b)    méid na táille rannpháirtíochta.


3.    Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis seo a leanas maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise in iúl don Eilvéis a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí an 16 Aibreán de gach bliain airgeadais:

(a)    na méideanna i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas bhuiséad bliantúil an Aontais a vótáladh atá inscríofa ar línte fóirdheontais buiséid ábhartha an Aontais don bhliain i gceist le haghaidh gach gníomhaireachta de chuid an Aontais, agus aon ranníocaíocht oibríochtúil choigeartaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 1 á cur san áireamh le haghaidh gach gníomhaireachta, agus na méideanna i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i ndáil le buiséad an Aontais a vótáladh don bhliain i gceist le haghaidh bhuiséad ábhartha na gcóras faisnéise agus gníomhaíochtaí eile, lena gcumhdaítear rannpháirtíocht na hEilvéise i gcomhréir le hAirteagal 1;

(b)    méid na táille rannpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 9(7) den Phrótacal; agus

(c)    a mhéid a bhaineann le gníomhaireachtaí, i mbliain N+1 na méideanna i ngealltanais bhuiséadacha a rinneadh maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a údaraíodh i mbliain N ar na línte fóirdheontais buiséid ábhartha de chuid an Aontais i ndáil le buiséad bliantúil an Aontais atá inscríofa ar línte fóirdheontais buiséid ábhartha an Aontais le haghaidh bhliain N.

4.    Ar bhonn a dhréachtbhuiséid, soláthróidh an Coimisiún meastachán ar an bhfaisnéis faoi phointí (a) agus (b) de mhír 3 a luaithe is féidir, agus, ar a dhéanaí, faoin 1 Meán Fómhair den bhliain airgeadais.

5.    Eiseoidh an Coimisiún don Eilvéis, an 16 Aibreán ar a dhéanaí agus, más infheidhme maidir leis an ngníomhaireacht ábhartha, an córas faisnéise nó gníomhaíocht eile, ar a luaithe an 22 Deireadh Fómhair agus ar a dhéanaí an 31 Deireadh Fómhair gach bliain airgeadais, glao ar chistí a chomhfhreagraíonn do ranníocaíocht na hEilvéise faoin bPrótacal le haghaidh gach ceann de na gníomhaireachtaí, na córais faisnéise agus na gníomhaíochtaí eile ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach.


6.    Déanfar an glao (nó na glaonna) ar chistí dá dtagraítear i mír 5 a struchtúrú i dtráthchodanna mar a leanas:

(a)    an chéad tráthchuid de gach bliain, i ndáil leis an nglao ar chistí atá le heisiúint faoin 16 Aibreán, comhfhreagróidh sí do mhéid suas le coibhéis an mheastacháin ar ranníocaíocht bhliantúil airgeadais na gníomhaireachta, an chórais faisnéise nó na gníomhaíochta eile i gceist dá dtagraítear i mír 4;

Íocfaidh an Eilvéis an méid a shonrófar sa ghlao ar chistí 60 lá ar a dhéanaí tar éis eisiúint an ghlao ar chistí.

(b)    i gcás inarb infheidhme, an dara tráthchuid den bhliain, i ndáil leis an nglao ar chistí atá le heisiúint an 22 Deireadh Fómhair ar a luaithe agus an 31 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí, comhfhreagróidh sí don difríocht idir an méid dá dtagraítear i mír 4 agus an méid dá dtagraítear i mír 5 i gcás ina mbeidh an méid dá dtagraítear i mír 5 níos airde.

Íocfaidh an Eilvéis an méid a shonrófar sa ghlao ar chistí sin faoin 21 Nollaig ar a dhéanaí.

I gcás gach glao ar chistí, féadfaidh an Eilvéis íocaíochtaí ar leithligh a dhéanamh le haghaidh gach gníomhaireachta, córais faisnéise nó gníomhaíochta eile.

7.    Don chéad bhliain de chur chun feidhme an Phrótacail, eiseoidh an Coimisiún aon ghlao amháin ar chistí, laistigh de 90 lá tar éis theacht i bhfeidhm an Phrótacail.

Íocfaidh an Eilvéis an méid a shonrófar sa ghlao ar chistí 60 lá ar a dhéanaí tar éis eisiúint an ghlao ar chistí.


8.    Is é an toradh a bheidh ar aon mhoill ar íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais go níocfaidh an Eilvéis ús mainneachtana ar an méid atá gan íoc ón dáta dlite suas go dtí an lá a íocfar ina iomláine an méid sin gan íoc.

Is é an ráta úis ar mhéideanna is infhaighte nach n‑íoctar ar an dáta dlite an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, a bheidh i bhfeidhm ar an gcéad lá féilire den mhí ina mbeidh an dáta dlite, nó 0 %, cibé acu is airde, móide 3,5 pointe céatadáin.

AIRTEAGAL 3

Ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise le gníomhaireachtaí an Aontais a choigeartú i bhfianaise an chur chun feidhme

Déanfar ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise le gníomhaireachtaí an Aontais a choigeartú i mbliain N+ 1, nuair a choigeartófar an ranníocaíocht oibríochtúil tosaigh suas nó síos de réir na difríochta idir an ranníocaíocht oibríochtúil tosaigh agus ranníocaíocht choigeartaithe arna ríomh trí threoir ranníoca bhliain N a chur i bhfeidhm maidir le méid na ngealltanas buiséadach a dhéantar ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a údaraítear i mbliain N faoi na línte buiséid ábhartha maidir le fóirdheontais an Aontais. I gcás inarb infheidhme, cuirfear san áireamh sa difríocht, i gcás gach gníomhaireachta, an ranníocaíocht oibríochtúil choigeartaithe bunaithe ar chéatadán mar a shainmhínítear in Airteagal 1.


AIRTEAGAL 4

Socruithe idirthréimhseacha

I gcás nach é an 1 Eanáir dáta theacht i bhfeidhm an Phrótacail, beidh feidhm ag an Airteagal seo de mhaolú ar Airteagal 2.

I gcás na chéad bhliana de chur chun feidhme an Phrótacail, i ndáil leis an ranníocaíocht oibríochtúil atá dlite le haghaidh na bliana i gceist is infheidhme maidir leis an ngníomhaireacht ábhartha, leis an gcóras faisnéise ábhartha nó le gníomhaíocht ábhartha eile, mar a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 9 den Phrótacal agus le hAirteagail 1 go 3 den Iarscríbhinn seo, laghdófar an ranníocaíocht oibríochtúil ar bhonn pro rata temporis trí mhéid na ranníocaíochta oibríochtúla bliantúla atá dlite a iolrú faoi chóimheas na nithe seo a leanas:

   líon na laethanta féilire ón dáta teacht i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig den bhliain i gceist; agus

   an líon iomlán laethanta féilire den bhliain i gceist.



Foscríbhinn 1

AN BINSE EADRÁNA

CAIBIDIL I

RÉAMHFHORÁLACHA

AIRTEAGAL I.1

Raon feidhme

Má chuireann ceann de na Páirtithe (dá ngairtear ‘Páirtithe’ anseo feasta) díospóid isteach le haghaidh eadrána i gcomhréir le hAirteagail 20(2) nó 21(2) den Phrótacal a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise lena mbunaítear Comhlimistéar Sábháilteachta Bia (dá ngairtear ‘Prótacal’ anseo feasta), beidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach san Fhoscríbhinn seo.


AIRTEAGAL I.2

Seirbhísí clárlainne agus rúnaíochta

Comhlíonfaidh Biúró Idirnáisiúnta na Buanchúirte Eadrána sa Háig (dá ngairtear ‘an Biúró Idirnáisiúnta’ anseo feasta) feidhmeanna na clárlainne agus soláthróidh sé na seirbhísí rúnaíochta is gá.

AIRTEAGAL I.3

Fógraí agus teorainneacha ama a ríomh

1.    Féadfar fógraí, lena náirítear teachtaireachtaí nó tograí, a sheoladh trí aon mhodh cumarsáide lena ndeimhnítear a dtarchur, nó lena gcumasaítear iad a dheimhniú.

2.    Ní fhéadfar fógraí den sórt sin a sheoladh go leictreonach ach amháin má tá seoladh ainmnithe nó údaraithe ag páirtí go sonrach chun na críche sin.

3.    Maidir le fógraí den sórt sin a sheirbheálfar ar na páirtithe, i gcás na hEilvéise, chuig Rannán Eorpach Roinn Cónaidhme Gnóthaí Eachtracha na hEilvéise agus, i gcás an Aontais, seolfar chuig Seirbhís Dlí an Choimisiúin iad.


4.    Rithfidh aon teorainn ama a leagtar síos san Fhoscríbhinn seo ón lá tar éis tarlú teagmhais nó déanamh birt. Más rud é gur lá nach lá oibre ag institiúidí an Aontais nó rialtas na hEilvéise an lá deireanach chun doiciméad a sheachadadh, tiocfaidh deireadh le tréimhse sheachadta an doiciméid ar an gcéad lá oibre ina dhiaidh sin. Déanfar laethanta neamhoibre a thagann faoi réim na tréimhse ama a chomhaireamh.

AIRTEAGAL I.4

Fógra eadrána

1.    An páirtí a chuirfidh chuige eadráin a úsáid (dá ngairtear ‘iarratasóir’ anseo feasta) seolfaidh sé fógra eadrána chuig an bpáirtí eile (dá ngairtear ‘cosantóir’ anseo feasta) agus chuig an mBiúró Idirnáisiúnta.

2.    Measfar imeachtaí eadrána a bheith tosaithe ar an lá tar éis an lae a gheobhaidh an cosantóir an fógra eadrána.

3.    Beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra eadrána:

(a)    an téileamh go ndéanfar an díospóid a tharchur chun eadrána;

(b)    ainmneacha agus sonraí teagmhála na bpáirtithe;

(c)    ainm agus seoladh ghníomhaire nó ghníomhairí an iarratasóra;


(d)    bunús dlí na nimeachtaí (Airteagal 20(2) nó Airteagal 21(2) den Phrótacal) agus:

(i)    sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 20(2) den Phrótacal, an cheist is cúis leis an díospóid mar a iontráladh go hoifigiúil í, lena réiteach, ar chlár oibre an Chomhchoiste um Shábháilteacht Bia i gcomhréir le hAirteagal 21(1) den Phrótacal; agus

(ii)    sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 21(2) den Phrótacal, cinneadh an bhinse eadrána, aon bheart cur chun feidhme a luaitear in Airteagal 20(5) den Phrótacal agus na bearta cúiteacha is ábhar díospóide;

(e)    aon riail is cúis leis an díospóid nó a bhaineann léi a ainmniú;

(f)    tuairisc ghairid ar an díospóid; agus

(g)    ainmniú eadránaí nó, má tá cúigear eadránaithe le ceapadh, ainmniú beirt eadránaithe.

4.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 20(3) den Phrótacal, féadfaidh faisnéis a bheith san fhógra eadrána freisin maidir leis an ngá atá le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

5.    Ní chuirfidh aon éileamh maidir le leordhóthanacht an fhógra eadrána cosc ar chomhdhéanamh an bhinse eadrána. Is é an binse eadrána a dhéanfaidh an díospóid a chinneadh go cinntitheach.


AIRTEAGAL I.5

Freagairt ar an bhfógra eadrána

1.    Laistigh de 60 lá ón bhfógra eadrána a fháil, seolfaidh an cosantóir freagra ar an bhfógra eadrána chuig an iarratasóir agus chuig an mBiúró Idirnáisiúnta, ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

(a)    ainmneacha agus sonraí teagmhála na bpáirtithe;

(b)    ainm agus seoladh ghníomhaire nó ghníomhairí an chosantóra;

(c)    freagra ar an bhfaisnéis a thugtar san fhógra eadrána i gcomhréir le pointí (d) go (f) d’Airteagal I.4(3); agus

(d)    ainmniú eadránaí nó, má tá cúigear eadránaithe le ceapadh, ainmniú beirt eadránaithe.

2.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 20(3) den Phrótacal, féadfaidh freagra ar an bhfaisnéis a thugtar san fhógra eadrána i gcomhréir le hAirteagal I.4(4) den Fhoscríbhinn seo agus faisnéis maidir leis an ngá atá le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bheith sa fhreagra ar an bhfógra eadrána.


3.    Ní chuirfidh easpa freagartha, nó freagra neamhiomlán nó déanach ón gcosantóir ar an bhfógra eadrána cosc ar bhunú binse eadrána. Is é an binse eadrána a dhéanfaidh an díospóid a chinneadh go cinntitheach.

4.    Má iarrann an cosantóir go mbeadh cúigear eadránaithe ar an mbinse eadrána ina fhreagra ar an bhfógra eadrána, ainmneoidh an tiarratasóir eadránaí breise laistigh de 30 lá ón bhfreagra ar an bhfógra eadrána a fháil.

AIRTEAGAL I.6

Ionadaíocht agus cúnamh

1.    Déanfaidh gníomhaire amháin nó níos mó ionadaíocht ar na páirtithe os comhair an bhinse eadrána. Féadfaidh na gníomhairí cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó dhlíodóirí.

2.    Tabharfar fógra faoi aon athrú ar na gníomhairí nó ar a seoltaí don pháirtí eile, don Bhiúró Idirnáisiúnta agus don bhinse eadrána. Féadfaidh an binse eadrána, tráth ar bith, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do pháirtí, fianaise ar na cumhachtaí a thugtar do ghníomhairí na bpáirtithe a iarraidh.


CAIBIDIL II

COMHDHÉANAMH AN BHINSE EADRÁNA

AIRTEAGAL II.1

An líon eadránaithe

Triúr eadránaithe a bheidh ar an mbinse eadrána. Má iarrann an t‑iarratasóir ina fhógra eadrána nó an cosantóir ina fhreagra ar an bhfógra eadrána amhlaidh, beidh cúigear eadránaithe ar an mbinse eadrána.

AIRTEAGAL II.2

Na headránaithe a cheapadh

1.    Má tá triúr eadránaithe le ceapadh, ainmneoidh gach ceann de na páirtithe duine acu. Roghnóidh an bheirt eadránaithe arna gceapadh ag na páirtithe an tríú headránaí, a bheidh ina chathaoirleach ar an mbinse eadrána.

2.    Má tá cúigear eadránaithe le ceapadh, ainmneoidh gach páirtí beirt díobh. Roghnóidh an ceathrar eadránaithe arna gceapadh ag na páirtithe an cúigiú headránaí, a bheidh ina chathaoirleach ar an mbinse eadrána.


3.    Más rud é, laistigh de 30 lá tar éis ainmniú an eadránaí deiridh arna cheapadh ag na páirtithe, nach mbeidh na headránaithe tar éis teacht ar chomhaontú maidir le cathaoirleach an bhinse eadrána a roghnú, is é Ardrúnaí na Buanchúirte Eadrána a cheapfaidh an cathaoirleach.

4.    Chun cúnamh a thabhairt eadránaithe a roghnú chun an binse eadrána a chomhdhéanamh, déanfar liosta táscach de dhaoine ag a bhfuil na cáilíochtaí dá dtagraítear i mír 6 a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta nuair is gá, ar liosta é a bheidh i gcoiteann ag gach comhaontú déthaobhach sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach chomh maith leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le sláinte, arna dhéanamh [i/sa/san …] an […] (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le Sláinte ’anseo feasta), an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta, arna dhéanamh i Lucsamburg an 21 Meitheamh 1999 (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta’ anseo feasta) agus an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht tráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú, arna dhéanamh [i/sa/san …] an […] (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le ranníocaíocht tráthrialta airgeadais’ anseo feasta). Déanfaidh an Comhchoiste um Shábháilteacht Bia an liosta sin a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta le cinneadh chun críocha an Phrótacail.

5.    I gcás nach nainmneoidh páirtí eadránaí, ceapfaidh Ardrúnaí na Buanchúirte Eadrána an teadránaí sin ón liosta dá dtagraítear i mír 4. In éagmais liosta den sórt sin, déanfaidh Ard-Rúnaí na Buanchúirte Eadrána an teadránaí a cheapadh trí chrannchur ó na pearsana aonair a mhol páirtí amháin nó an dá pháirtí go foirmiúil chun críocha mhír 4.


6.    Is daoine ardcháilithe iad na daoine a chomhdhéanann an binse eadrána, bíodh nó ná bíodh ceangail acu leis na páirtithe, a ráthaítear a neamhspleáchas agus a neaspa coinbhleachtaí leasa, mar aon le raon leathan taithí a bheith acu. Go háirithe, beidh saineolas léirithe acu ar an dlí agus ar na hábhair a chumhdaítear leis an bPrótacal seo; ní ghlacfaidh siad treoracha ó cheachtar páirtí; agus feidhmeoidh siad ina gcáil phearsanta, agus ní ghlacfaidh siad treoracha ó aon eagraíocht ná aon rialtas maidir le hábhair a bhaineann leis an díospóid. Beidh taithí ag cathaoirleach an bhinse eadrána freisin ar nósanna imeachta um réiteach díospóidí.

AIRTEAGAL II.3

Dearbhuithe eadránaithe

1.    Agus duine faoi bhreithniú maidir lena cheapadh mar eadránaí, tuairisceoidh an duine sin na himthosca uile is dóigh a bheidh ina gcúis le hamhras dlisteanach maidir lena neamhchlaontacht nó lena neamhspleáchas. Ón gceapachán agus le linn na nimeachtaí eadrána ar fad, tuairisceoidh eadránaí na himthosca sin do na páirtithe agus do na headránaithe eile gan mhoill, mura bhfuil sin déanta ag an eadránaí cheana féin.

2.    Féadfar aon eadránaí a dhífhostú más ann d’imthosca a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hamhras dlisteanach faoina neamhchlaontacht nó faoina neamhspleáchas.

3.    Ní fhéadfaidh páirtí a iarraidh go ndífhostófaí eadránaí ach amháin ar chúis a thagann chun cinn dó tar éis an cheapacháin sin.


4.    Mura ngníomhaíonn eadránaí nó mura féidir le headránaí de jure de facto a ról a chomhlíonadh, beidh feidhm ag an nós imeachta chun eadránaithe a dhífhostú a leagtar síos in Airteagal II.4.

AIRTEAGAL II.4

Eadránaithe a dhífhostú

1.    Aon pháirtí ar mian leis eadránaí a dhífhostú, déanfaidh sé iarraidh ar dhífhostú laistigh de 30 lá ón dáta a thugtar fógra dó faoi cheapadh an eadránaí sin nó laistigh de 30 lá ón dáta a thagann sé ar an eolas faoi na himthosca dá dtagraítear in Airteagal II.3.

2.    Seolfar an iarraidh ar dhífhostú chuig an bpáirtí eile, chuig an eadránaí dífhostaithe, chuig na headránaithe eile agus chuig an mBiúró Idirnáisiúnta. Leagfar amach ann na cúiseanna atá leis an iarraidh ar dhífhostú.

3.    Nuair a bheidh iarraidh ar dhífhostú déanta, féadfaidh an páirtí eile glacadh leis an iarraidh ar dhífhostú. Féadfaidh an teadránaí i gceist éirí as freisin. Ní thugtar le tuiscint leis an nglacadh nó leis an éirí as go naithnítear na cúiseanna atá leis an iarraidh ar dhífhostú.

4.    Más rud é, laistigh de 15 lá ón dáta ar tugadh fógra faoin iarraidh ar dhífhostú, nach nglacfaidh an páirtí eile leis an iarraidh ar dhífhostú nó nach néireoidh an teadránaí i gceist as, féadfaidh an páirtí a d’iarr an dífhostú a iarraidh ar Ard-Rúnaí na Buanchúirte Eadrána cinneadh a dhéanamh maidir leis an dífhostú.

5.    Mura gcomhaontóidh na páirtithe a mhalairt, léireofar sa chinneadh dá dtagraítear i mír 4 na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin.


AIRTEAGAL II.5

Eadránaí a ionadú

1.    Faoi réir mhír 2 den Airteagal seo, más gá eadránaí a ionadú le linn na nimeachtaí eadrána, ceapfar nó roghnófar ionadaí i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal II.2 is infheidhme maidir le ceapadh nó roghnú an eadránaí a bheidh le hionadú. Beidh feidhm ag an nós imeachta sin fiú murar fheidhmigh páirtí amháin a cheart chun an teadránaí atá le hionadú a cheapadh nó chun páirt a ghlacadh i gceapadh an eadránaí sin.

2.    I gcás eadránaí a ionadú, atosófar ar an nós imeachta ag an gcéim inar scoir an teadránaí ar cuireadh eadránaí eile ina ionad dá fheidhmeanna nó dá feidhmeanna a chomhlíonadh, mura gcinnfidh an binse eadrána a mhalairt.

AIRTEAGAL II.6

Eisiamh dliteanais

Ach amháin i gcásanna éagóra d’aon ghnó nó mórfhaillí, diúltaíonn na páirtithe, a mhéid is féidir a cheadaítear leis an dlí is infheidhme, aon chaingean in aghaidh na n‑eadránaithe maidir le haon ghníomh nó neamhghníomh a bhaineann leis an eadráin.


CAIBIDIL III

IMEACHTAÍ EADRÁNA

AIRTEAGAL III.1

Forálacha ginearálta

1.    Is é dáta bunaithe an bhinse eadrána an dáta ar ghlac an teadránaí deiridh lena cheapachán nó lena ceapachán.

2.    Áiritheoidh an binse eadrána go gcaithfear go cothrom leis na páirtithe agus, ag céim chuí de na himeachtaí, go mbeidh deis leordhóthanach ag gach ceann acu a gcearta a dhearbhú agus a gcás a chur i láthair. Seolfaidh an binse eadrána na himeachtaí ar shlí a seachnóidh moilleanna agus caiteachas nach bhfuil gá leis agus a náiritheoidh go socrófar an díospóid idir na páirtithe.

3.    Eagrófar éisteacht, mura gcinnfidh an binse eadrána a mhalairt, tar éis na páirtithe a éisteacht.

4.    Nuair a chuirfidh páirtí teachtaireacht chuig an mbinse eadrána, déanfaidh sé amhlaidh tríd an mBiúró Idirnáisiúnta agus cuirfidh sé cóip chuig an bpáirtí eile an tráth céanna. Seolfaidh an Biúró Idirnáisiúnta cóip den teachtaireacht sin chuig gach duine de na headránaithe.


AIRTEAGAL III.2

Áit eadrána

Is í an Háig an áit eadrána. Féadfaidh an binse eadrána, más gá sin in imthosca eisceachtúla, teacht le chéile in aon áit eile is cuí leis dá chuid pléití.

AIRTEAGAL III.3

Teanga

1.    Is iad an Fhraincis agus an Béarla teangacha na nimeachtaí.

2.    Féadfaidh an binse eadrána a ordú go mbeidh aistriúchán go ceann de theangacha na n‑imeachtaí ag gabháil leis na doiciméid uile atá i gceangal leis an ráiteas éilimh nó leis an ráiteas cosanta agus leis na doiciméid bhreise uile a tháirgtear le linn na n‑imeachtaí, arna gcur isteach ina dteanga bhunaidh.

AIRTEAGAL III.4

Ráiteas éilimh

1.    Seolfaidh an tiarratasóir a ráiteas éilimh i scríbhinn chuig an gcosantóir agus chuig an mbinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta, laistigh den teorainn ama arna socrú ag an mbinse eadrána. Féadfaidh an tiarratasóir cinneadh a dhéanamh a fhógra eadrána dá dtagraítear in Airteagal I.4 a mheas mar ráiteas éilimh, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na coinníollacha i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo freisin.


2.    Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa ráiteas éilimh:

(a)    an fhaisnéis a leagtar amach i bpointí (b) go (f) d’Airteagal I.4(3);

(b)    ráiteas fíoras a cuireadh isteach mar thaca leis an éileamh; agus

(c)    na hargóintí dlíthiúla a cuireadh chun cinn mar thaca leis an éileamh.

3.    Beidh ag gabháil leis an ráiteas éilimh, a mhéid is féidir, aon doiciméad agus aon fhianaise eile a bheidh luaite ag an iarratasóir nó ba cheart tagairt a dhéanamh dóibh ann. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 20(3) den Phrótacal, beidh faisnéis sa ráiteas éilimh freisin, a mhéid is féidir, maidir leis an ngá atá le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

AIRTEAGAL III.5

Ráiteas cosanta

1.    Seolfaidh an cosantóir an ráiteas cosanta i scríbhinn chuig an iarratasóir agus chuig an mbinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta, laistigh den teorainn ama arna socrú ag an mbinse eadrána. Féadfaidh an cosantóir cinneadh a dhéanamh an freagra ar an bhfógra eadrána dá dtagraítear in Airteagal I.5 a mheas mar ráiteas cosanta, ar choinníoll go gcomhlíonann an freagra ar an bhfógra eadrána na coinníollacha i mír 2 den Airteagal seo freisin.


2.    Freagróidh an ráiteas cosanta do na pointí sa ráiteas éilimh a shonraítear i gcomhréir le pointí (a) go (c) d’Airteagal III.4(2) den Fhoscríbhinn seo. Beidh ag gabháil leis, a mhéid is féidir, aon doiciméad agus aon fhianaise eile a bheidh luaite ag an gcosantóir nó ba cheart tagairt a dhéanamh dóibh ann. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 20(3) den Phrótacal, beidh faisnéis sa ráiteas cosanta freisin, a mhéid is féidir, maidir leis an ngá atá le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

3.    Sa ráiteas cosanta, nó ag céim níos déanaí sna himeachtaí eadrána má chinneann an binse eadrána go bhfuil údar le moill de bharr imthosca, féadfaidh an cosantóir frithéileamh a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil dlínse ag an mbinse eadrána ina leith.

4.    Beidh feidhm ag Airteagal III.4(2) agus (3) maidir le frithéileamh.

AIRTEAGAL III.6

Dlínse eadrána

1.    Rialóidh an binse eadrána an bhfuil dlínse aige ar bhonn Airteagail 20(2) nó 21(2) den Phrótacal.

2.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 20(2) den Phrótacal, beidh sainordú ag an mbinse eadrána scrúdú a dhéanamh ar an gceist is cúis leis an díospóid arna hiontráil go hoifigiúil, lena réiteach, ar chlár oibre an Chomhchoiste um Shábháilteacht Bia i gcomhréir le hAirteagal 20(1) den Phrótacal.


3.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 21(2) den Phrótacal, beidh sainordú ag an mbinse eadrána a d’éist leis an bpríomhchás scrúdú a dhéanamh ar chomhréireacht na mbeart cúiteach is ábhar díospóide, lena náirítear i gcás ina ndearnadh na bearta sin go hiomlán nó go páirteach i gcomhaontú déthaobhach eile sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach nó sa Chomhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta.

4.    Déanfar réamhagóid maidir le heaspa dlínse an bhinse eadrána ar a dhéanaí sa ráiteas cosanta nó, i gcás frithéilimh, sa fhreagra. Má tá páirtí tar éis eadránaí a cheapadh nó má ghlac sé páirt ina cheapachán, ní bhainfear an ceart chun réamhagóid den sórt sin a dhéanamh. Déanfar an réamhagóid go rachadh an díospóid thar chumhachtaí an bhinse eadrána a luaithe a tharraingeofar an cheist anuas, a líomhnaítear go dtéann sí thar a cumhachtaí, le linn na nimeachtaí eadrána. In aon chás, féadfaidh an binse eadrána réamhagóid a cheadú má dhéantar í tar éis don teorainn ama atá leagtha síos dul in éag má chreideann sé go raibh cúis bhailí leis an moill.

5.    Féadfaidh an binse eadrána rialú a thabhairt ar an réamhagóid dá dtagraítear i mír 4 trí dhéileáil léi mar réamhcheist nó sa chinneadh ar shubstaint an cháis.

AIRTEAGAL III.7

Aighneachtaí eile i scríbhinn

Déanfaidh an binse eadrána, tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe, breith a thabhairt ar na haighneachtaí eile i scríbhinn, i dteannta an ráitis éilimh agus an ráitis cosanta, a dhéanfaidh nó a fhéadfaidh na páirtithe a chur isteach agus socróidh sé an teorainn ama lena gcur isteach.


AIRTEAGAL III.8

Teorainneacha ama

1.    Maidir leis na teorainneacha ama arna socrú ag an mbinse eadrána chun na doiciméid i scríbhinn a chur in iúl, lena náirítear an ráiteas éilimh agus an ráiteas cosanta, ní rachaidh siad thar 90 lá, mura gcomhaontóidh na páirtithe a mhalairt.

2.    Déanfaidh an binse eadrána a chinneadh críochnaitheach laistigh de 12 mhí ó dháta a bhunaithe. In imthosca eisceachtúla a bhfuil deacracht ar leith ag baint leo, féadfaidh an binse eadrána síneadh suas le 3 mhí bhreise a chur leis an tréimhse sin.

3.    Déanfar na teorainneacha ama a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 a laghdú faoina leath:

(a)    arna iarraidh sin don iarratasóir nó don chosantóir, más rud é, laistigh de 30 lá tar éis an iarraidh sin a fháil, go rialaíonn an binse eadrána, tar éis an páirtí eile a éisteacht, go bhfuil práinn leis an gcás; nó

(b)    má chomhaontaíonn na páirtithe amhlaidh.

4.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 21(2) den Phrótacal, déanfaidh an binse eadrána a chinneadh críochnaitheach laistigh de 6 mhí ón dáta ar tugadh fógra faoi na bearta cúiteacha i gcomhréir le hAirteagal 21(1) den Phrótacal.


AIRTEAGAL III.9

Cásanna arna dtarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

1.    I gcur i bhfeidhm Airteagail 17 agus 20(3) den Phrótacal, déanfaidh an binse eadrána tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

2.    Féadfaidh an binse eadrána tarchur a dhéanamh chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh tráth ar bith sna himeachtaí, ar choinníoll go bhfuil an binse eadrána in ann cúlra dlíthiúil agus fíorasach an cháis a shainiú beacht go leor, mar aon leis na ceisteanna dlí a tharraingítear anuas ann.

Cuirfear na himeachtaí os comhair an bhinse eadrána ar fionraí go dtí go mbeidh a rialú tugtha ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

3.    Féadfaidh gach páirtí iarraidh réasúnaithe a chur chuig an mbinse eadrána chun tarchur a dhéanamh chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Diúltóidh an binse eadrána d’iarraidh den sórt sin má mheasann sé nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear i mír 1. Má dhiúltaíonn an binse eadrána d’iarraidh páirtí ar tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tabharfaidh sé cúiseanna lena chinneadh sa bhreith ar shubstaint an cháis.

4.    Déanfaidh an binse eadrána tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh trí bhíthin fógra. Beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, san fhógra:

(a)    tuairisc ghairid ar an díospóid;

(b)    gníomh dlí nó gníomhartha dlí de chuid an Aontais agus/nó foráil nó forálacha an Phrótacail atá i gceist; agus


(c)    coincheap dhlí an Aontais atá le léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 17(2) den Phrótacal.

Tabharfaidh an binse eadrána fógra faoin tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chuig na páirtithe.

5.    Cuirfidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm, de réir analaí, na rialacha nós imeachta inmheánacha is infheidhme maidir le feidhmiú a dlínse chun réamhrialú a dhéanamh ar léirmhíniú na gConarthaí agus na ngníomhartha arna ndéanamh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais.

6.    Na gníomhairí agus na dlíodóirí atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh do na páirtithe os comhair an bhinse eadrána de bhun Airteagail I.4, I.5, III.4 agus III.5, údarófar dóibh ionadaíocht a dhéanamh ar na páirtithe os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

AIRTEAGAL III.10

Bearta idirlinne

1.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 21(2) den Phrótacal, féadfaidh ceachtar páirtí, ag céim ar bith den nós imeachta eadrána, iarratas a dhéanamh ar bhearta eatramhacha arb é atá iontu na bearta cúiteacha a chur ar fionraí.

2.    Sonrófar in iarratas de bhun mhír 1 ábhar na nimeachtaí, na himthosca is cúis le práinn agus na saincheisteanna fíorais agus dlí lena mbunaítear cás prima facie le haghaidh na mbeart eatramhach arna niarraidh. Beidh ann an fhianaise agus na tairiscintí fianaise uile atá ar fáil chun údar a thabhairt le deonú na mbeart eatramhach.


3.    Déanfaidh an páirtí a iarrann na bearta eatramhacha a iarratas a sheoladh i scríbhinn chuig an bpáirtí eile agus chuig an mbinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta. Socróidh an binse eadrána teorainn ama ghearr ar laistigh di a fhéadfaidh an páirtí eile sin barúlacha i scríbhinn nó ó bhéal a chur isteach.

4.    Glacfaidh an binse eadrána, laistigh de 1 mhí amháin tar éis an tiarratas dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach, cinneadh maidir leis na bearta cúiteacha atá faoi chonspóid a chur ar fionraí má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)    gur deimhin leis an mbinse eadrána prima facie fiúntas an cháis arna chur isteach ag an bpáirtí a d’iarr na bearta eatramhacha ina iarratas;

(b)    go measann an binse eadrána, ar feitheamh a chinnidh chríochnaithigh, go ndéanfaí díobháil thromchúiseach dholeasaithe don pháirtí a iarrann na bearta eatramhacha in éagmais na mbeart cúiteach a chur ar fionraí; agus

(c)    gur mó an díobháil a rinneadh don pháirtí a d’iarr na bearta eatramhacha trí na bearta cúiteacha atá faoi chonspóid a chur i bhfeidhm láithreach ná an leas i gcur i bhfeidhm láithreach agus éifeachtach na mbeart sin.

5.    Ní bheidh feidhm ag fionraí na nimeachtaí dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal III.9(2) in imeachtaí de bhun an Airteagail seo.

6.    Ní bheidh ach éifeacht eatramhach ag cinneadh a ghlacfaidh an binse eadrána de réir mhír 4 agus beidh sé gan dochar do chinneadh an bhinse eadrána ar shubstaint an cháis.


7.    Mura rud é go socrófar leis an gcinneadh a ghlacfaidh an binse eadrána i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo dáta is luaithe le haghaidh dheireadh na fionraí, rachaidh an fhionraí in éag nuair a ghlacfar an cinneadh críochnaitheach de bhun Airteagal 21(2) den Phrótacal.

8.    Chun amhras a sheachaint, chun críocha an Airteagail seo, tuigtear, le linn don bhinse eadrána leasanna an pháirtí a iarrann na bearta eatramhacha agus an pháirtí eile a bhreithniú, go gcuirfidh sé san áireamh leasanna daoine aonair agus oibreoirí eacnamaíocha na bpáirtithe, ach nach é an toradh a bheidh orthu siúd a chur san áireamh aon seasamh a dheonú do dhaoine aonair nó d’oibreoirí eacnamaíocha den sórt sin os comhair an bhinse eadrána.

AIRTEAGAL III.11

Fianaise

1.    Soláthróidh gach páirtí fianaise ar na fíorais arb iad forais a éilimh nó a chosanta iad.

2.    Arna iarraidh sin do pháirtí, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an binse eadrána faisnéis ábhartha a mheasann sé a bheith riachtanach agus iomchuí a lorg ó na Páirtithe. Socróidh an binse eadrána teorainn ama do na páirtithe chun freagra a thabhairt ar a iarraidh.

3.    Ar iarraidh ó pháirtí, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an binse eadrána aon fhaisnéis is iomchuí leis a lorg ó aon fhoinse. Tá sé de cheart ag an mbinse eadrána freisin tuairim saineolaithe a lorg de réir mar is iomchuí leis agus faoi réir téarmaí agus coinníollacha a chomhaontóidh na páirtithe, i gcás inarb infheidhme.


4.    Aon fhaisnéis a gheobhaidh an binse eadrána faoin Airteagal seo cuirfear ar fáil í do na páirtithe agus féadfaidh na páirtithe tuairimí faoin bhfaisnéis sin a chur faoi bhráid an bhinse eadrána.

5.    Tar éis don bhinse eadrána tuairimí an pháirtí eile a lorg, glacfaidh sé bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar aon cheist a tharraingeoidh páirtí anuas maidir le cosaint sonraí pearsanta, rúndacht ghairmiúil agus leasanna dlisteanacha rúndachta.

6.    Is é an binse eadrána a thabharfaidh breithiúnas ar inghlacthacht, ábharthacht agus neart na fianaise a tíolacadh.

AIRTEAGAL III.12

Éisteachtaí

1.    Nuair nach mór éisteacht a bheith ann, déanfaidh an binse eadrána, tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe, fógra a thabhairt do na páirtithe fada go leor roimh dháta, am agus áit na héisteachta.

2.    Is éisteacht phoiblí a bheidh ann, mura rud é go ndéanfaidh an binse eadrána, uaidh féin nó ar iarratas ó na páirtithe, a mhalairt a chinneadh ar chúiseanna tromaí.

3.    Déanfaidh cathaoirleach an bhinse eadrána miontuairiscí gach éisteachta a tharraingt suas agus a shíniú. Is iad na miontuairiscí sin amháin a bheidh barántúil.


4.    Féadfaidh an binse eadrána cinneadh a dhéanamh an éisteacht a thionól go fíorúil de réir chleachtas an Bhiúró Idirnáisiúnta. Cuirfear na páirtithe ar an eolas faoin gcleachtas sin go tráthúil. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag mír 1, mutatis mutandis, agus ag mír 3.

AIRTEAGAL III.13

Réamhshocrú

1.    Más rud é, laistigh den teorainn ama a leagtar síos leis an bhFoscríbhinn seo nó ag an mbinse eadrána, nach mbeidh a ráiteas éilimh curtha isteach ag an iarratasóir, gan cúis leordhóthanach a thaispeáint, ordóidh an binse eadrána go gcuirfear clabhsúr leis na himeachtaí eadrána, mura mbeidh ceisteanna gan réiteach ann a bhféadfadh gá a bheith le rialú ina leith agus más cuí leis an mbinse eadrána déanamh amhlaidh.

Más rud é, laistigh den teorainn ama a leagtar síos leis an bhFoscríbhinn seo nó ag an mbinse eadrána, nach mbeidh a fhreagra ar an bhfógra eadrána nó a ráiteas cosanta curtha isteach ag an gcosantóir, gan cúis leordhóthanach a thaispeáint, ordóidh an binse eadrána go leanfar leis na himeachtaí, gan a mheas gurb ionann an mhainneachtain féin agus glacadh líomhaintí an iarratasóra.

Tá feidhm ag an dara fomhír freisin i gcás nach gcuireann an t‑iarratasóir freagra ar fhrithéileamh isteach.

2.    Mura dtiocfaidh páirtí, a chomórfar go cuí i gcomhréir le hAirteagal III.12(1), i láthair ag éisteacht agus mura léireoidh sé cúis leordhóthanach gan déanamh amhlaidh, féadfaidh an binse eadrána leanúint den eadráin.


3.    Páirtí ar iarr an binse eadrána air go cuí tuilleadh fianaise a thabhairt ar aird, mura ndéanfaidh sé amhlaidh laistigh de na teorainneacha ama a shocraítear gan cúis leordhóthanach a thaispeáint gan déanamh amhlaidh, féadfaidh an binse eadrána rialú a thabhairt ar bhonn na fianaise a bheidh ar fáil aige.

AIRTEAGAL III.14

Dúnadh an nós imeachta

1.    I gcás ina léirítear go raibh deis réasúnach ag na páirtithe a nargóintí a chur i láthair, féadfaidh an binse eadrána dúnadh na nimeachtaí a dhearbhú.

2.    Féadfaidh an binse eadrána, má mheasann sé gur gá sin mar gheall ar imthosca eisceachtúla, cinneadh a dhéanamh ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó pháirtí na himeachtaí a athoscailt tráth ar bith sula mbeidh a chinneadh déanta aige.


CAIBIDIL IV

CINNEADH

AIRTEAGAL IV.1

Cinntí

Déanfaidh an binse eadrána a dhícheall a chinntí a dhéanamh de chomhthoil. Más rud é, áfach, nach féidir cinneadh a dhéanamh de chomhthoil, is é tromlach na n‑eadránaithe a dhéanfaidh cinneadh an bhinse eadrána.

AIRTEAGAL IV.2

Foirm agus éifeacht chinneadh an bhinse eadrána

1.    Féadfaidh an binse eadrána cinntí ar leithligh a dhéanamh ar cheisteanna éagsúla ag tráthanna éagsúla.

2.    Eiseofar gach cinneadh i scríbhinn agus luafar iontu na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe. Beidh siad críochnaitheach agus ina gceangal ar na páirtithe.

3.    Síneoidh na headránaithe cinneadh an bhinse eadrána, beidh ann an dáta a rinneadh é agus luafar ann an áit eadrána. Cuirfidh an Biúró Idirnáisiúnta cóip den chinneadh arna shíniú ag na headránaithe in iúl do na páirtithe.


4.    Déanfaidh an Biúró Idirnáisiúnta cinneadh an bhinse eadrána a phoibliú.

Agus cinneadh an bhinse eadrána á phoibliú aige, urramóidh an Biúró Idirnáisiúnta na rialacha ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta, rúndacht ghairmiúil agus leasanna dlisteanacha rúndachta.

Beidh na rialacha dá dtagraítear sa dara fomhír comhionann le haghaidh na gcomhaontuithe déthaobhacha uile i réimsí an mhargaidh inmheánaigh ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach, agus le haghaidh an Chomhaontaithe maidir le sláinte, an Chomhaontaithe maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta agus an Chomhaontaithe maidir le ranníocaíocht tráthrialta airgeadais na hEilvéise. Déanfaidh an Comhchoiste um Shábháilteacht Bia na rialacha sin a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta le cinneadh chun críocha an Phrótacail.

5.    Comhlíonfaidh na páirtithe cinntí uile an bhinse eadrána gan mhoill.

6.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 20(2) den Phrótacal, tar éis don bhinse eadrána tuairim na bpáirtithe a fháil, socróidh sé teorainn ama réasúnach sa chinneadh ar shubstaint an cháis chun a chinneadh a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 20(5) den Phrótacal agus nósanna imeachta inmheánacha na bpáirtithe á gcur san áireamh.

AIRTEAGAL IV.3

An dlí is infheidhme, rialacha maidir le léiriú, idirghabhálaí

1.    Is éard atá sa dlí is infheidhme an Prótacal, gníomhartha dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear ann, chomh maith le haon riail eile den dlí idirnáisiúnta atá ábhartha do chur i bhfeidhm na nionstraimí sin.


2.    Déanfaidh an binse eadrána cinneadh i gcomhréir leis na rialacha maidir le léiriú dá dtagraítear in Airteagal 17 den Phrótacal.

3.    Cinntí roimh ré arna nglacadh ag comhlacht um réiteach díospóidí maidir le comhréireacht beart cúiteach faoi chomhaontú déthaobhach eile i measc na gcinntí sin dá dtagraítear in Airteagal 21(2) den Phrótacal, beidh siad ina gceangal ar an mbinse eadrána.

4.    Ní cheadófar don bhinse eadrána cinneadh a dhéanamh mar idirghabhálaí ná ex aequo et bono.

AIRTEAGAL IV.4

Réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach nó cúiseanna eile chun an nós imeachta a dhúnadh

1.    Féadfaidh na páirtithe, tráth ar bith, réiteach ar a ndíospóid a chomhaontú go frithpháirteach. Cuirfidh siad aon réiteach den sórt sin in iúl go comhpháirteach don bhinse eadrána. Má éilítear formheas leis an réiteach de bhun nósanna imeachta intíre ábhartha ceachtar páirtí, déanfar tagairt san fhógra don cheanglas sin, agus cuirfear an nós imeachta eadrána ar fionraí. Mura gá formheas den sórt sin, nó nuair a bheidh fógra tugtha faoi thabhairt chun críche aon nós imeachta intíre den sórt sin, déanfar an nós imeachta eadrána a dhúnadh.

2.    Más rud é, le linn imeachtaí, go gcuirfidh an tiarratasóir in iúl i scríbhinn don bhinse eadrána nach mian leis na himeachtaí a shaothrú tuilleadh, agus más rud é, ar an dáta a gheobhaidh an binse eadrána an chumarsáid sin, nach bhfuil aon bheart déanta fós ag an gcosantóir sna himeachtaí, eiseoidh an binse eadrána ordú ina dtaifeadfar go hoifigiúil clabhsúr na nimeachtaí. Déanfaidh an binse eadrána cinneadh maidir leis na costais, a íocfaidh an tiarratasóir, má dhealraíonn sé go bhfuil údar leis sin de bharr iompar an pháirtí sin.


3.    Más rud é, sula ndéantar cinneadh an bhinse eadrána, go dtagann an binse eadrána ar an gconclúid go bhfuil sé gan chiall nó dodhéanta leanúint de na himeachtaí ar aon chúis seachas na cúiseanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, cuirfidh an binse eadrána in iúl do na páirtithe go bhfuil sé ar intinn aige ordú a eisiúint lena gcuirfear clabhsúr leis na himeachtaí.

Níl feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina bhfuil ceisteanna gan réiteach ann ar féidir gur gá rialú ina leith agus más cuí leis an mbinse eadrána déanamh amhlaidh.

4.    Cuirfidh an binse eadrána in iúl do na páirtithe cóip den ordú lena gcuirtear clabhsúr leis na himeachtaí eadrána nó den chinneadh a rinneadh trí chomhaontú idir na páirtithe, agus í sínithe ag na headránaithe. Beidh feidhm ag Airteagal IV.2(2) go (5) maidir le cinntí eadrána a ghlacfar trí chomhaontú idir na páirtithe.

AIRTEAGAL IV.5

Cinneadh an bhinse eadrána a cheartú

1.    Laistigh de 30 lá tar éis cinneadh an bhinse eadrána a fháil, féadfaidh páirtí, trí fhógra a thabhairt don pháirtí eile agus don bhinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta, a iarraidh ar an mbinse eadrána aon earráid sa ríomh, aon earráid chléireachais nó chló, nó aon earráid nó easnamh dá samhail a cheartú i dtéacs chinneadh an bhinse eadrána. I gcás ina measfaidh sé go bhfuil údar cuí leis an iarraidh, déanfaidh an binse eadrána an ceartú laistigh de 45 lá tar éis dó an iarraidh a fháil. Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag an iarraidh ar an teorainn ama dá bhforáiltear in Airteagal IV.2(6).


2.    Féadfaidh an binse eadrána, laistigh de 30 lá tar éis dó a chinneadh a chur in iúl, na ceartúcháin dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh ar a thionscnamh féin.

3.    Déanfar na ceartúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i scríbhinn agus beidh siad ina gcuid dhílis den chinneadh. Beidh feidhm ag Airteagal IV.2(2) go (5).

AIRTEAGAL IV.6

Táillí eadránaithe

1.    Beidh na táillí dá dtagraítear in Airteagal IV.7 réasúnta, agus castacht an cháis, an tam a chaitheann na headránaithe air agus na cúinsí ábhartha eile go léir á gcur san áireamh.

2.    Déanfar liosta de chúiteamh laethúil agus de na huaireanta uasta agus íosta, a bheidh i gcoiteann ag gach comhaontú déthaobhach sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach chomh maith leis an gComhaontú maidir le sláinte, an Comhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta agus an Comhaontú maidir le ranníocaíocht tráthrialta airgeadais na hEilvéise, a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta nuair is gá. Déanfaidh an Comhchoiste um Shábháilteacht Bia an liosta sin a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta le cinneadh chun críocha an Phrótacail.

AIRTEAGAL IV.7

Costais

1.    Iompróidh gach páirtí a chostais féin agus leath de chostais an bhinse eadrána.


2.    Socróidh an binse eadrána a chostais ina chinneadh ar shubstaint an cháis. Ní chumhdófar sna costais sin ach an méid seo a leanas:

(a)    táillí na neadránaithe, a luafar ar leithligh le haghaidh gach eadránaí agus a shocróidh an binse eadrána féin i gcomhréir le hAirteagal IV.6;

(b)    na costais taistil agus costais eile arna dtabhú ag na headránaithe; agus

(c)    táillí agus costais an Bhiúró Idirnáisiúnta.

3.    Beidh na costais dá dtagraítear i mír 2 réasúnach, agus an méid atá faoi dhíospóid, castacht na díospóide, an tam a chaith na headránaithe agus aon saineolaí arna cheapadh ag an mbinse eadrána uirthi agus aon toisc ábhartha eile á gcur san áireamh.

AIRTEAGAL IV.8

Costais a thaisceadh

1.    Ag tús na headrána, féadfaidh an Biúró Idirnáisiúnta a iarraidh ar na páirtithe méid comhionann a thaisceadh mar réamhíocaíocht le haghaidh na gcostas dá dtagraítear in Airteagal IV.7(2).

2.    Le linn na nimeachtaí eadrána, féadfaidh an Biúró Idirnáisiúnta taiscí atá forlíontach leo siúd dá dtagraítear i mír 1 a iarraidh ar na páirtithe.


3.    Déanfar na méideanna uile arna dtaisceadh ag na páirtithe i gcur i bhfeidhm an Airteagail seo a íoc leis an mBiúró Idirnáisiúnta agus íocfaidh sé amach iad chun na costais a tabhaíodh iarbhír a chumhdach, lena náirítear, go háirithe, na táillí arna níoc leis na headránaithe agus leis an mBiúró Idirnáisiúnta.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

AIRTEAGAL V.1

Leasuithe

Féadfaidh an Comhchoiste um Shábháilteacht Bia, trí chinneadh, leasuithe ar an bhFoscríbhinn seo a ghlacadh.



Aguisín 2

PRIBHLÉIDÍ AGUS DÍOLÚINTÍ
AN ÚDARÁIS EORPAIGH UM SHÁBHÁILTEACHT BIA

AIRTEAGAL 1

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 1 de Phrótacal (Uimh. 7))

Beidh áitribh agus foirgnimh an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (dá ngairtear ‘an tÚdarás’ anseo feasta) dosháraithe. Beidh na háitribh agus na foirgnimh sin díolmhaithe ó chuardach, foréileamh, coigistiú nó díshealbhú. Ní bheidh maoin agus sócmhainní an Údaráis faoi réir aon bheart comhéigin riarachán ná dlíthiúil gan údarás Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

AIRTEAGAL 2

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 2 de Phrótacal (Uimh. 7))

Beidh cartlann an Údaráis dosháraithe.


AIRTEAGAL 3

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagail 3 agus 4 de Phrótacal (Uimh. 7))

1.    Beidh an tÚdarás, a shócmhainní, a ioncam agus a mhaoin eile saortha ó gach cáin dhíreach.

2.    Earraí agus seirbhísí a onnmhairítear chuig an Údarás le haghaidh a núsáide oifigiúla ón Eilvéis nó a sholáthraítear don Údarás san Eilvéis, ní bheidh siad faoi réir aon dleacht ná cáin indíreach.

3.    Deonófar díolúine ó CBL má tá ar a laghad céad franc Eilvéiseach (lena náirítear cáin) san iomlán i gceist le praghas ceannaigh iarbhír na nearraí agus na seirbhísí a luaitear sa sonrasc nó sa doiciméad comhfhreagrach. Beidh an tÚdarás díolmhaithe ó gach dleacht chustaim, ó gach toirmeasc agus ó gach srian ar allmhairí agus onnmhairí i leith earraí atá beartaithe dá úsáid oifigiúil; ní dhéanfar earraí a allmhaireofar amhlaidh a dhiúscairt, cibé acu ar íocaíocht nó nach ea, san Eilvéis, ach amháin faoi choinníollacha arna bhformheas ag rialtas na hEilvéise.

4.    Deonófar an díolúine ó CBL, ó dhleacht mháil agus ó aon cháin indíreach eile trí bhíthin logha nuair a thíolacfar don soláthróir earraí nó seirbhísí na foirmeacha Eilvéiseacha arna soláthar chun na críche sin.

5.    Ní dheonófar díolúine ar bith i leith cánacha agus dleachtanna nach bhfuil iontu ach táillí as seirbhísí fóntais phoiblí.


AIRTEAGAL 4

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 5 de Phrótacal (Uimh. 7))

Le haghaidh a chumarsáidí oifigiúla agus tarchur a chuid doiciméad uile, gheobhaidh an tÚdarás san Eilvéis an chóir a thugann an Stát sin do mhisin taidhleoireachta.

Ní bheidh comhfhreagras oifigiúil ná teachtaireachtaí oifigiúla eile de chuid an Údaráis faoi réir cinsireachta.

AIRTEAGAL 5

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 6 de Phrótacal (Uimh. 7))

Laissez-passer an Aontais a eisítear chuig comhaltaí agus seirbhísigh an Údaráis, aithneofar iad mar dhoiciméid taistil bhailí laistigh de chríoch na hEilvéise. Eiseofar na laissez-passer sin chuig oifigigh agus seirbhísigh eile faoi choinníollacha arna leagan síos i Rialacháin Foirne Oifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais 7 .


AIRTEAGAL 6

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 10 de Phrótacal (Uimh. 7))

Na hionadaithe do Bhallstáit an Aontais a ghlacann páirt in obair an Údaráis, beidh acu féin agus ag a gcomhairleoirí agus a saineolaithe teicniúla, i gcomhlíonadh a ndualgas agus le linn a dtaistil go dtí áit an chruinnithe san Eilvéis agus uaidh, na pribhléidí, na díolúintí agus na saoráidí is gnách.

AIRTEAGAL 7

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 11 de Phrótacal (Uimh. 7))

Maidir le hoifigigh agus seirbhísigh eile de chuid an Údaráis, i gcríoch na hEilvéise agus cibé náisiúntacht atá acu:

(a)    beidh siad díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla i leith gníomhartha a rinne siad ina gcáil oifigiúil, lena náirítear a bhfocail labhartha nó scríofa, faoi réir fhorálacha na gConarthaí a bhaineann leis na rialacha i dtaobh freagracht oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais ar thaobh amháin, agus ar an taobh eile, le dlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun breith a thabhairt ar ábhair atá faoi dhíospóid idir an tAontas agus a oifigigh agus a sheirbhísigh eile. Fanfaidh an díolúine sin acu tar éis scor dá noifig;

(b)    ní bheidh siad féin ná a gcéilí ná daoine cleithiúnacha dá dteaghlaigh faoi réir srianta inimirce ná foirmiúlachtaí chun eachtrannaigh a chlárú;


(c)    tabharfar dóibh, maidir le rialacháin airgid reatha nó mhalairte, na saoráidí céanna is gnách a thabhairt d’oifigigh eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(d)    beidh acu an ceart chun a dtroscán agus a maoin phearsanta a allmhairiú saor ó dhleacht, ag dul i mbun a bpoist i gcéaduair dóibh san Eilvéis, agus an ceart chun a dtroscán agus a maoin phearsanta a athonnmhairiú saor ó dhleacht ar chríochnú a ndualgas sa tír sin, ach i gceachtar cás díobh faoi réir na gcoinníollacha is riachtanach dar le rialtas na hEilvéise;

(e)    beidh acu an ceart chun gluaisteán le haghaidh a núsáide pearsanta féin a allmhairiú saor ó dhleacht, más gluaisteán é a fuarthas sa tír dheiridh ina raibh cónaí orthu nó sa tír ar náisiúnaigh di iad, ar théarmaí mhargadh baile na tíre sin, agus é a athonnmhairiú saor ó dhleacht, ach i gceachtar cás díobh faoi réir na gcoinníollacha is riachtanach dar le rialtas na hEilvéise.

AIRTEAGAL 8

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 12 de Phrótacal (Uimh. 7))

Beidh oifigigh agus seirbhísigh eile an Údaráis faoi dhliteanas cánach, chun tairbhe don Aontas, ar thuarastail, ar phá agus ar dhíolaíochtaí a íocfaidh an tÚdarás leo, i gcomhréir leis na coinníollacha agus an nós imeachta a leagtar síos le dlí an Aontais.

Beidh siad díolmhaithe ó chánacha cónaidhme, cantúin agus pobail na hEilvéise ar thuarastail, ar phá agus ar dhíolaíochtaí arna n‑íoc ag an Údarás.


AIRTEAGAL 9

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 13 de Phrótacal (Uimh. 7))

Maidir le cáin ioncaim, cáin rachmais, agus dleachtanna báis a chur i bhfeidhm agus maidir le coinbhinsiúin chun cánachas dúbailte a sheachaint a tugadh i gcrích idir an Eilvéis agus Ballstáit den Aontas a chur i bhfeidhm, oifigigh agus seirbhísigh eile de chuid an Údaráis a bhunaíonn a n‑áit chónaithe i gcríoch na hEilvéise chun críoch cánach tráth a théann siad isteach i seirbhís an Údaráis, mar gheall ar chomhlíonadh a ndualgas i seirbhís an Údaráis agus mar gheall air sin amháin, measfar sa Eilvéis agus sa tír shainchónaithe chun críoch cánach araon gur choinnigh siad a sainchónaí sa tír shainchónaithe sin chun críoch cánach ar choinníoll gur Ballstát den Aontas í. Bainfidh an fhoráil sin le céile freisin, sa mhéid nach bhfuil an céile sin ag gabháil go leithleach do phost sochair, agus le leanaí atá i gcleithiúnas agus faoi chúram na ndaoine dá dtagraítear san Airteagal seo.

Maoin shochorraithe le daoine dá dtagraítear sa chéad mhír agus atá san Eilvéis, beidh sí díolmhaithe ó dhleachtanna báis san Eilvéis; measfar, chun an dleacht sin a mheasúnú, an mhaoin sin a bheith sa tír shainchónaithe chun críocha cánach, faoi réir ceart tríú tíortha agus ar an gcuntar go bhféadfadh sé go gcuirfí i bhfeidhm forálacha coinbhinsiún idirnáisiúnta ar chánachas dúbailte.

Ní chuirfear san áireamh aon sainchónaí a fuarthas mar gheall ar dhualgais a chomhlíonadh i seirbhís eagraíochtaí idirnáisiúnta eile agus mar gheall air sin amháin agus forálacha an Airteagail seo á gcur i bhfeidhm.


AIRTEAGAL 10

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 14 de Phrótacal (Uimh. 7))

Leagfar síos le dlí an Aontais scéim na sochar slándála sóisialta d’oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais.

Dá bhrí sin, ní bheidh sé d’oibleagáid ar oifigigh ná ar sheirbhísigh eile an Údaráis a bheith ina gcomhaltaí de chóras slándála sóisialta na hEilvéise ar choinníoll go bhfuil siad cumhdaithe cheana féin ag scéim na sochar slándála sóisialta d’oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais. Baill de theaghlach bhaill foirne an Údaráis ar cuid dá dteaghlach iad, cumhdófar iad le scéim na sochar slándála sóisialta d’oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais ar choinníoll nach bhfuil siad fostaithe ag fostóir eile seachas an tÚdarás agus ar choinníoll nach bhfaigheann siad sochair slándála sóisialta ó Bhallstát den Aontas ná ón Eilvéis.

AIRTEAGAL 11

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 15 de Phrótacal (Uimh. 7))

Cinnfear le dlí an Aontais na catagóirí oifigeach agus seirbhíseach eile de chuid an Údaráis a mbeidh feidhm ag forálacha Airteagail 7, 8 agus 9 maidir leo, go hiomlán nó go páirteach.

Cuirfear ainmneacha, gráid agus seoltaí na n‑oifigeach agus na seirbhíseach eile a áirítear sna haicmí sin in iúl go tréimhsiúil don Eilvéis.


AIRTEAGAL 12

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 17 de Phrótacal (Uimh. 7))

Is chun leasa an Údaráis agus chuige sin amháin a thabharfar pribhléidí, díolúintí agus saoráidí d’oifigigh agus seirbhísigh eile an Údaráis.

Ceanglófar ar an Údaráis an díolúine a tugadh d’oifigeach nó do sheirbhíseach eile a tharscaoileadh aon uair a mheasfaidh an Údaráis nach bhfuil tarscaoileadh na díolúine sin contrártha do leasanna na Údaráis.

AIRTEAGAL 13

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 18 de Phrótacal (Uimh. 7))

Chun an Fhoscríbhinn seo a chur i bhfeidhm, oibreoidh an tÚdarás i gcomhar le húdaráis fhreagracha na hEilvéise nó Bhallstáit an Aontais lena mbaineann.

________________

(1)    Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal sin (IO 45, 14.6.1962, lch. 1385), lena náirítear aon leasú ina dhiaidh sin.
(2)    Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).
(3)    Treoir 94/3/CE ón gCoimisiún an 21 Eanáir 1994 lena mbunaítear nós imeachta chun fógra a thabhairt maidir le hidircheapadh coinsíneachta nó orgánaigh dhíobhálaigh ó thríú tíortha a bhfuil garchontúirt fíteashláintíochta ag baint leis (IO L 32, 5.2.1994, lch. 37).
(4)    Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).
(5)    Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).
(6)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi ghalair liostaithe, maidir le formáidí agus nósanna imeachta chun cláir faireachais an Aontais agus cláir dhíothaithe a chur isteach agus a thuairisciú agus maidir le hiarratas ar stádas saor ó ghalair a aithint, agus maidir leis an gcóras faisnéise ríomhairithe (IO L 412, 8.12.2020, lch. 1).
(7) .    Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal sin (IO 45, 14.6.1962, lch. 1385), lena náirítear aon leasú ina dhiaidh sin.

An Bhruiséil,13.6.2025

COM(2025) 308 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, pacáiste leathain comhaontuithe chun an caidreamh déthaobhach le Cónaidhm na hEilvéise a chomhdhlúthú, a dhoimhniú agus a leathnú, agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis


COMHAONTÚ
IDIR AN tAONTAS EORPACH

AGUS CÓNAIDHM NA hEILVÉISE

MAIDIR LE LEICTREACHAS

TÁ AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta,

agus

CÓNAIDHM NA hEILVÉISE, dá ngairtear ‘an Eilvéis’ anseo feasta,

dá ngairtear ‘na Páirtithe Conarthacha’ anseo feasta;

I bhFIANAISE an dlúth‑chomhtháthaithe atá ann cheana maidir le córais leictreachais an Aontais agus na hEilvéise agus go raibh an Eilvéis mar chuid den ghrúpa tíortha Eorpacha a d’fhorbair trádáil leictreachais trasteorann san Eoraip ar bhonn an chomhair idir oibreoirí córas tarchurtha, d’fhonn tairbhe a bhaint as na buntáistí a bhaineann le hacmhainní comhroinnte fuinnimh;

AG TABHAIRT DÁ hAIRE gur cruthaíodh creat dlíthiúil dlúth san Aontas le 20 bliain anuas chun margadh inmheánach éifeachtúil leictreachais a eagrú le sásraí trádála leictreachais, amhail margadhchúpláil ar fud an Aontais, a thiocfaidh in ionad an chreata comhair a bhí ann roimhe sin;

Á AITHINT DÓIBH go bhfuil dúshláin mhéadaitheacha ann don chomhar leictreachais idir na Páirtithe Conarthacha agus do shlándáil a soláthair mar thoradh ar easpa chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le trádáil leictreachais agus slándáil an tsoláthair san Eilvéis, agus mar thoradh air sin nach bhfuil an Eilvéis rannpháirteach i scéimeanna trádála comhpháirteacha, in ardáin chomhpháirteacha agus i gcomhlachtaí comhordúcháin comhpháirteacha arna rialú ag dlí an Aontais, agus mar gheall ar na dúshláin sin tá neamhéifeachtúlachtaí sa mhargadh, costais idirbhirt níos airde, éiginnteacht dhlíthiúil agus easpa iontaofachta maidir le malartú leictreachais, rudaí as a leanann costais bhreise ar chustaiméirí leictreachais;



Á CHUR I dTÁBHACHT go bhfuil sé i gceist leis an gComhaontú seo, agus dlúth‑chomhtháthú fisiceach chóras leictreachais na hEilvéise i gcóras leictreachais na hEorpa atá ann cheana féin á chur san áireamh, feabhas a chur ar an gcomhar frithpháirteach in earnáil an leictreachais, rannpháirtíocht na hEilvéise a chumasú i ngach scéim trádála, ardán agus comhlacht comhordúcháin coiteann arna rialú ag dlí an Aontais, trádáil trasteorann leictreachais a chothú, éifeachtúlacht eacnamaíoch agus leas sóisialta a mhéadú, slándáil an tsoláthair a neartú, cobhsaíocht na heangaí a mhéadú agus an t‑aistriú chuig córas gás ceaptha teasa fuinnimh glan‑nialasach san Eoraip a éascú faoi 2050 ar mhaithe le leas frithpháirteach na hEilvéise agus an Aontais;

ÓS RUD É go n‑éilítear le rannpháirtíocht na hEilvéise i margadh inmheánach leictreachais an Aontais go ndéanfaí an Eilvéis a chomhtháthú ar bhealach lena n‑áirithítear na cearta agus na hoibleagáidí céanna le haghaidh na bPáirtithe Conarthacha. Éilítear leis sin, dá réir sin, rialacha iomchuí maidir le cothrom iomaíochta lena n‑áirithítear iomaíocht oscailte chóir idir na Páirtithe Conarthacha, lena n‑áirítear rialacha ábhartha maidir le hiomaíocht, leis an gcomhshaol agus le táirgeadh fuinnimh in‑athnuaite;

AG TABHAIRT DÁ hAIRE go bhfuil gá le dlúthchomhar idir na Páirtithe Conarthacha agus a n‑údaráis chun rialacha an mhargaidh inmheánaigh leictreachais a léiriú agus a chur i bhfeidhm go cuí agus chun cobhsaíocht fheabhsaithe a bhaint amach san eangach réigiúnach agus chun slándáil an tsoláthair a áirithiú, go háirithe le linn géarchéim fuinnimh;

Á CHUR I bhFIOS GO LÁIDIR DÓIBH go leagann na Páirtithe Conarthacha béim mhór ar shlándáil an tsoláthair leictreachais ina gcomhar faoin gComhaontú seo agus gurb é príomhchuspóir an Chomhaontaithe seo rialacha iontaofa a chruthú, lena ráthófar go leanfaidh an dá Pháirtí Chonarthacha de leictreachas a mhalartú freisin tráth géarchéime fuinnimh, ar bhonn rialacha soiléire, ionas gur féidir leo brath ar shreafaí leictreachais óna chéile, rud a laghdóidh costais do thomhaltóirí leictreachais;



Á AITHINT DÓIBH go gcuireann forchoimeádais fhisiceacha fhadtéarmacha maidir le hacmhainneacht trasteorann srian ar phrionsabal na rochtana tríú páirtí mar a chuirtear chun feidhme i rialacha an Aontais maidir leis an margadh leictreachais agus go bhféadfadh sé go dtarraingeofaí ceisteanna casta dlí anuas i ngeall ar láimhseáil conarthaí stairiúla a bhfuil forchoimeádais fhisiceacha fhadtéarmacha acu le tíortha nach tíortha de chuid an Aontais iad, ba cheart deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar leis an gComhaontú seo maidir le deireadh a chur de réir a chéile le forchoimeádais den sórt sin agus maidir leis an gcóras is infheidhme san idirthréimhse;

I bhFIANAISE na dtairbhí a bhaineann le leictreachas a thrádáil thar theorainneacha agus infheistíocht a dhreasú le haghaidh soláthairtí leictreachais costéifeachtacha, glana agus slána san Aontas agus san Eilvéis;

Á AITHINT DI gur féidir úinéireacht phoiblí ar bhonneagar leictreachais a bheith ina rogha pholaitiúil dhlisteanach;

ARB É IS AIDHM DÓIBH rannpháirtíocht na hEilvéise agus a gnóthais i margadh inmheánach an Aontais a neartú agus a dhoimhniú, margadh ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach ar bhonn an Chomhaontaithe seo;

Á AITHINT DÓIBH go n‑éilíonn feidhmiú cuí agus aonchineálacht i réimsí an mhargaidh inmheánaigh ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach cothrom iomaíochta don iomaíocht idir gnóthais na hEilvéise agus gnóthais an Aontais bunaithe ar rialacha substainteacha agus ar rialacha nós imeachta atá coibhéiseach leo siúd a bhfuil feidhm acu sa mhargadh inmheánach a mhéid a bhaineann le Státchabhair;

AG ATHDHEABHRÚ DÓIBH neamhspleáchas na bPáirtithe Conarthacha agus ról agus inniúlachtaí a n‑institiúidí agus, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, urraim do na prionsabail a eascraíonn as a hord bunreachtúil, lena n‑áirítear daonlathas díreach, scaradh na gcumhachtaí agus feidearálachas;

DE BHRÍ go bhfuil an tAontas agus an Eilvéis faoi cheangal ag an iliomad comhaontuithe déthaobhacha lena gcumhdaítear réimsí éagsúla, lena bhforáiltear do chearta agus oibleagáidí sonracha atá comhchosúil, ar bhealaí áirithe, leis na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear laistigh den Aontas;

AG MEABHRÚ DÓIBH gurb é is cuspóir do na comhaontuithe déthaobhacha sin iomaíochas na hEorpa a mhéadú agus naisc eacnamaíocha níos dlúithe a chruthú idir na Páirtithe Conarthacha, bunaithe ar chomhionannas, ar chómhalartacht agus ar chothromaíocht ghinearálta a mbuntáistí, a gceart agus a n‑oibleagáidí;

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU rannpháirtíocht na hEilvéise i margadh inmheánach an Aontais a neartú agus a dhoimhniú, ar bhonn na rialacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir leis an margadh inmheánach, agus a neamhspleáchas agus neamhspleáchas a n‑institiúidí á gcaomhnú ag an am céanna agus, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, urraim do na prionsabail a eascraíonn as an daonlathas díreach, as an bhfeidearálachas agus as cineál earnála a rannpháirtíochta sa mhargadh inmheánach;

Á nATHDHEARBHÚ dóibh go gcaomhnaítear inniúlacht Chúirt Uachtarach Fheidearálach na hEilvéise agus inniúlacht chúirteanna uile na hEilvéise chomh maith le hinniúlacht chúirteanna na mBallstát agus Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun an Comhaontú a léiriú i gcásanna aonair;

ÓS FEASACH DÓIBH aonfhoirmeacht a áirithiú sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach, faoi láthair agus amach anseo,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:



CUID I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

AIRTEAGAL 1

Cuspóir

1.    Is é is cuspóir don Chomhaontú seo rannpháirtíocht na hEilvéise i margadh inmheánach leictreachais an Aontais a cheadú, trí chur i bhfeidhm aonfhoirmeach rialacha an mhargaidh inmheánaigh leictreachais a áirithiú, arna noiriúnú i gcás inar gá, faoi na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú seo.

2.    I ndáil leis an méid sin, is é is aidhm don Chomhaontú seo:

(a)    rochtain chomhionann ar an margadh a ráthú do gach rannpháirtí sa mhargadh ar mhargaí leictreachais an Aontais agus na hEilvéise araon, lena náirítear rochtain ar scéimeanna trádála comhpháirteacha, ar ardáin chomhpháirteacha agus ar chomhlachtaí comhordúcháin comhpháirteacha;

(b)    trádáil leictreachais trasteorann a chothú ar mhaithe le leas frithpháirteach an Aontais agus na hEilvéise, lena náirítear trí leithdháileadh agus bainistiú feabhsaithe acmhainneacht an chórais tarchurtha, go háirithe ar idirnascairí;

(c)    cobhsaíocht an ghréasáin leictreachais réigiúnaigh agus nascadh chóras leictreachais na hEilvéise le córas idirnasctha an Aontais a áirithiú;

(d)    ardleibhéal slándála soláthair a áirithiú;



(e)    sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola leictreachais a ráthú;

(f)    sciar an leictreachais a tháirgtear ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite a mhéadú agus a chur chun cinn agus ardleibhéal cosanta comhshaoil a ráthú in earnáil an leictreachais, chun an taistriú chuig córas fuinnimh gás ceaptha teasa glannialasach san Eoraip faoi 2050 a éascú;

(g)    an comhar idir na Páirtithe Conarthacha, a núdaráis rialála faoi seach agus a noibreoirí in earnáil an leictreachais a mhéadú.

AIRTEAGAL 2

Raon feidhme

1.    Tá feidhm ag an gComhaontú seo maidir le hearnáil an leictreachais, a mhéid a bhaineann le giniúint, tarchur, dáileadh, trádáil agus soláthar leictreachais.

2.    Tá feidhm ag an gComhaontú seo freisin maidir leis na hábhair a bhaineann go díreach le hearnáil an leictreachais mar a leagtar amach sa Chomhaontú seo.

AIRTEAGAL 3

Neamh‑idirdhealú

Gabhann na Páirtithe Conarthacha orthu féin gan bearta idirdhealaitheacha a dhéanamh agus an Comhaontú seo á chur i bhfeidhm acu.



CUID II

RIALACHA MAIDIR LE RANNPHÁIRTÍOCHT SA MHARGADH INMHEÁNACH LEICTREACHAIS

AIRTEAGAL 4

Rialacha lena rialaítear earnáil an leictreachais

Cuirfidh an Eilvéis na gníomhartha dlí i bhfeidhm in earnáil an leictreachais a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

AIRTEAGAL 5

Oibreoir córais tarchurtha na hEilvéise

1.    Gan dochar do na forálacha maidir le díchuachadh oibreoirí córais tarchurtha (dá ngairtear ‘OCTanna’ anseo feasta) sna gníomhartha dlí a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ní léireofar aon fhoráil den Chomhaontú seo mar ní a chuireann cosc ar chomhlachtaí poiblí na hEilvéise, amhail cantúin agus bardais, tromlach díreach nó indíreach a bheith acu in oibreoir chóras tarchurtha na hEilvéise.

2.    Ní chuirfidh aon ní sa Chomhaontú seo cosc ar chuideachtaí atá gníomhach in earnáil an leictreachais tromlach díreach nó indíreach a bheith acu in OCT na hEilvéise laistigh de theorainneacha na bhforálacha maidir le díchuachadh OCTanna sna gníomhartha dlí a leagtar amach in Iarscríbhinn I.



AIRTEAGAL 6

Oibreoirí córais dáileacháin na hEilvéise

Gan dochar do na forálacha maidir le hoibreoirí córais dáileacháin a dhíchuachadh sna gníomhartha dlí a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ní dhéanfar aon fhoráil den Chomhaontú seo a léiriú mar fhoráil lena gcuirtear cosc ar chomhlachtaí poiblí na hEilvéise, amhail cantúin nó bardais, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)    úinéireacht iomlán a bheith acu ar oibreoirí córais dáileacháin na hEilvéise nó tromlach díreach nó indíreach a bheith acu iontu;

(b)    a noibreoirí eangaí agus a neintitis a eagrú le haghaidh giniúna nó soláthair faoin dlí poiblí.

AIRTEAGAL 7

Seirbhís uilíoch na hEilvéise

1.    Ní léireofar aon fhoráil den Chomhaontú seo mar ní a chuireann cosc ar an Eilvéis bearta cosanta tomhaltóirí a ghlacadh lena ndéantar foráil maidir le ceart do theaghlaigh agus d’fhiontair faoi bhun tairseach áirithe tomhaltais tairbhiú de sheirbhís uilíoch, lena náirítear seirbhísí soláthróra na rogha deiridh i gcomhréir le forálacha na ngníomhartha dlí a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

2.    Ní léireofar an Comhaontú seo mar ní a chuireann cosc ar rialáil praghsanna don tseirbhís uilíoch i gcomhréir le forálacha na ngníomhartha dlí a leagtar amach in Iarscríbhinn I.



AIRTEAGAL 8

Córas idirthréimhseach le haghaidh forchoimeádais acmhainneachta fhadtéarmacha atá ann cheana
ar idirnascairí ag teorainneacha na hEilvéise

1.    Chun comhlíontacht le prionsabal na rochtana neamhidirdhealaithí ar an eangach a shuí, le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo bainfear na forchoimeádais acmhainneachta fhadtéarmacha atá ann cheana le haghaidh leictreachais ag idirnascairí idir an Eilvéis agus an Fhrainc, mar a shainaithnítear sna conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 1 Eanáir 2002, a liostaítear i Roinn B d’Iarscríbhinn II. Deonófar cúiteamh airgeadais do shealbhóirí na gconarthaí sin ar feadh idirthréimhse a chríochnóidh 7 mbliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo ach ar feadh tréimhse nach faide ná dáta deiridh an chonartha atá ann cheana faoi seach atá liostaithe i Roinn B d’Iarscríbhinn II má dhéantar an conradh sin a fhoirceannadh roimhe sin. Ní dhéanfaidh athruithe ar na conarthaí a liostaítear i Roinn B d’Iarscríbhinn II difear do bhaint forchoimeádas acmhainneachta fadtéarmach ná don idirthréimhse.

2.    Leagtar amach i Roinn A d’Iarscríbhinn II prionsabail an chúitimh airgeadais agus cúraimí na nÚdarás Rialála Náisiúnta (dá ngairtear ‘NRAnna’ anseo feasta) a bhaineann leis an gcúiteamh agus lena mhaoiniú.

3.    D’ainneoin mhír 1, caomhnófar na forchoimeádais acmhainneachta a bhaineann le suiteálacha hidreachumhachta trasteorann ag a bhfuil toirt níos lú d’fhorchoimeádas acmhainneachta nach mó ná 65 MW, mar a liostaítear i Roinn C d’Iarscríbhinn II, le linn idirthréimhse a chríochnóidh 15 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo ach ar feadh tréimhse nach faide ná dáta deiridh an lamháltais atá ann cheana faoi seach, má dhéantar an lamháltas a fhoirceannadh roimhe sin, agus bainfear é ina dhiaidh sin.



AIRTEAGAL 9

Slándáil an tsoláthair agus cúltaiscí

1.    Measann na Páirtithe Conarthacha go bhfuil slándáil an tsoláthair leictreachais antábhachtach ina gcomhar faoin gComhaontú seo. Chun margaí leictreachais feidhmiúla a áirithiú agus chun sreafaí leictreachais sna háiteanna is mó a bhfuil gá leo a áirithiú, fanfaidh idirnascairí trasteorann ar oscailt, lena náirítear tráth géarchéime leictreachais, i gcomhréir leis an gComhaontú seo. Seachnófar bearta a chuireann slándáil an tsoláthair leictreachais i mbaol, go háirithe i gcás géarchéimeanna leictreachais, go háirithe idirghabhálacha amhail srianta míchuí ar shreafaí leictreachais trasteorann.

2.    Féadfaidh an Eilvéis bearta riachtanacha, comhréireacha agus neamhshaofa a dhéanamh chun slándáil an tsoláthair leictreachais a áirithiú, go háirithe trí chúlchistí leictreachais a bhunú agus a bheith i bhfeidhm a mhéid atá siad comhoiriúnach leis an gComhaontú seo.

3.    Agus measúnú á dhéanamh ag an Eilvéis ar a leordhóthanacht acmhainní náisiúnta, féadfaidh sí toimhdí a dhéanamh agus sainiúlachtaí an éilimh agus an tsoláthair leictreachais náisiúnta á gcur san áireamh, lena náirítear na saintréithe sin a eascraíonn as an bhfíoras nach Ballstát den Aontas í an Eilvéis, nó as gnéithe a d’fhéadfadh a bheith ábhartha go háirithe maidir le slándáil an tsoláthair san Eilvéis, amhail infhaighteacht laghdaithe cumhachta núicléiche agus gáis le haghaidh giniúint cumhachta i dtíortha comharsanachta, ar choinníoll go ndéanfar na hábhair imní sin a mheas ar bhealach comhréireach agus réasúnta.

4.    Chun éifeachtacht na rialacha maidir le tacaíocht Stáit do leordhóthanacht giniúna faoin gComhaontú seo a áirithiú agus chun na féidearthachtaí nua a chur san áireamh maidir le leictreachas a mhalartú ar bhonn rialacha ceangailteacha tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, ní rachaidh tacaíocht Stáit do chúlchistí leordhóthanachta a deonaíodh roimh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nach bhfuil comhoiriúnach leis an gComhaontú seo thar ré nach faide ná 6 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.



AIRTEAGAL 10

Rannpháirtíocht na hEilvéise in institiúidí agus i gcomhlachtaí eile

1.    Tá an Eilvéis agus gníomhaithe ábhartha na hEilvéise rannpháirteach in institiúidí, coistí, réigiúin, scéimeanna, ardáin, tionscnaimh agus comhlachtaí comhchosúla eile atá ábhartha faoin gComhaontú seo.

2.    Go sonrach:

(a)    tá NRA na hEilvéise rannpháirteach sa Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (dá ngairtear ‘ACER’ anseo feasta);

(b)    tá OCT na hEilvéise rannpháirteach sa Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (dá ngairtear ‘ENTSO-E’ anseo feasta);

(c)    Tá oibreoirí córais dáileacháin na hEilvéise rannpháirteach san eintiteas Eorpach d’oibreoirí córais dáileacháin (dá ngairtear ‘eintiteas AE do OCDanna’ anseo feasta).

3.    Leagtar amach na mionsonraí maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise sna hIarscríbhinní.



AIRTEAGAL 11

Saothrú acmhainní fuinnimh agus úinéireacht suiteálacha giniúna

1.    Caomhnóidh an Eilvéis an ceart chun na coinníollacha a chinneadh maidir lena hacmhainní fuinnimh a shaothrú, lena náirítear úsáid hidreachumhachta, laistigh de theorainneacha an dlí ábhartha is infheidhme faoin gComhaontú seo, chomh maith lena rogha idir foinsí éagsúla fuinnimh agus struchtúr ginearálta a soláthair fuinnimh.

2.    Ní choiscfidh aon ní sa Chomhaontú seo úinéireacht phoiblí suiteálacha giniúna, lena náirítear giniúint hidreachumhachta, ag comhlachtaí poiblí, laistigh de theorainneacha an dlí ábhartha leictreachais is infheidhme.

CUID III

STÁTCHABHAIR

AIRTEAGAL 12

Cuspóirí na bhforálacha maidir le Státchabhair

1.    Is iad cuspóirí na Coda seo cothrom iomaíochta a áirithiú don iomaíocht idir gnóthais an Aontais agus na hEilvéise i réimsí an mhargaidh inmheánaigh a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a ráthú trí rialacha substainteacha agus nós imeachta a leagan síos maidir le Státchabhair.



2.    Ní athróidh an Chuid seo ná na hIarscríbhinní a ghabhann léi raon feidhme ná cuspóirí an Chomhaontaithe seo.

AIRTEAGAL 13

Státchabhair

1.    Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, aon chabhair a thabharfaidh an Eilvéis nó Ballstáit den Aontas nó a thabharfar trí acmhainní Stáit i bhfoirm ar bith, agus a bhéarfaidh nó is baolach a bhéarfadh saobhadh ar iomaíocht trí thaobhú le gnóthais áirithe nó le táirgeadh earraí áirithe, beidh sí ar neamhréir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, a mhéid a dhéanann sí difear don trádáil idir na Páirtithe Conarthacha faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo.

2.    Beidh na nithe seo a leanas i gcomhréir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh:

(a)    cabhair de chineál comhdhaonnach do thomhaltóirí aonair, ar choinníoll go dtugtar an chabhair sin gan idirdhealú maidir le tionscnamh na dtáirgí lena mbaineann;

(b)    cabhair chun an damáiste a dhéanann tubaiste nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla a chur ina gceart;

(c)    na bearta a leagtar amach i Roinn A d’Iarscríbhinn III.

3.    Féadfar a mheas go bhfuil na nithe seo a leanas i gcomhréir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh:

(a)    cabhair chun forbairt eacnamaíoch ceantair ina bhfuil an caighdeán maireachtála an íseal nó ina bhfuil dífhostaíocht thromchúiseach a chur chun cinn;



(b)    cabhair chun cur i gcrích tionscadail thábhachtaigh ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne, nó ar mhaithe le leas coiteann na bPáirtithe Conarthacha a chur chun cinn, nó chun suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit den Aontas nó na hEilvéise a leigheas;

(c)    cabhair chun forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, i gcás nach ndéanann an chabhair sin dochar do dhálaí trádála a mhéid a bheadh contrártha do leas na bPáirtithe Conarthacha;

(d)    cabhair chun cultúr agus caomhnú na hoidhreachta a chur chun cinn i gcás nach ndéanann an chabhair sin difear do dhálaí trádála ná d’iomaíocht a mhéid a bheadh bunoscionn le leas na bPáirtithe Conarthacha;

(e)    na catagóirí cabhrach a leagtar amach i Roinn B d’Iarscríbhinn III.

4.    Maidir le cabhair a dheonaítear i gcomhréir le Roinn C d’Iarscríbhinn III, toimhdeofar go bhfuil sí comhoiriúnach le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus beidh díolúine aici ó na ceanglais maidir le fógra a thabhairt faoi Airteagal 14.

5.    Cabhair arna deonú do ghnóthais arb é a gcúram seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a oibriú nó seirbhísí de chineál monaplachta fioscaí, beidh sí faoi réir na rialacha sa Chomhaontú seo, a mhéid nach dtiocfaidh de na rialacha sin a chur i bhfeidhm bac ar chomhlíonadh, le dlí nó le gníomh, na gcúraimí áirithe a sannadh dóibh. Níor cheart difear a dhéanamh d’fhorbairt na trádála a mhéid a bheadh contrártha do leas na bPáirtithe Conarthacha.

6.    Ní bheidh feidhm ag an gCuid seo maidir le cabhair i gcás inarb ionann an méid a dheonaítear do ghnóthas aonair le haghaidh gníomhaíochtaí faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo agus cabhair de minimis mar a leagtar amach i Roinn D d’Iarscríbhinn III.



7.    Féadfaidh an Comhchoiste a bhunaítear le hAirteagal 25 den Chomhaontú seo (dá ngairtear an ‘Comhchoiste’ anseo feasta) a chinneadh Ranna A agus B d’Iarscríbhinn III a thabhairt cothrom le dáta trí bhearta a shonrú a bheidh comhoiriúnach, nó catagóirí cabhrach a d’fhéadfaí a mheas a bheith comhoiriúnach, le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

AIRTEAGAL 14

Faireachas

1.    Chun críocha Airteagal 12, i gcomhréir le dáileadh na ninniúlachtaí idir an tAontas agus a Bhallstáit, agus an Eilvéis, i gcomhréir lena ord bunreachtúil inniúlachtaí, déanfaidh an tAontas maoirseacht ar chur i bhfeidhm na rialacha maidir leis an Státchabhair ina gcríoch faoi seach i gcomhréir leis an gCuid seo.

2.    Chun críocha chur chun feidhme na Coda seo, coinneoidh an tAontas córas faireachais Státchabhrach ar bun i gcomhréir le hAirteagail 93, 106, 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘CFAE’ anseo feasta) arna fhorlíonadh le gníomhartha dlí an Aontais i réimse na Státchabhrach agus le gníomhartha dlí an Aontais a bhaineann le Státchabhair in earnáil an leictreachais a liostaítear i bpointe 1 de Roinn A d’Iarscríbhinn IV.

3.    Chun críocha chur chun feidhme na Coda seo, déanfaidh an Eilvéis, laistigh de 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, córas faireachais Státchabhrach a bhunú agus a choinneáil ar bun lena náiritheofar ag gach tráth leibhéal faireachais agus forfheidhmithe atá coibhéiseach leis an leibhéal atá i bhfeidhm san Aontas, mar a leagtar amach i mír 2, lena náirítear an méid seo a leanas:

(a)    údarás faireachais neamhspleách; agus



(b)    nósanna imeachta chun a áirithiú go ndéanfaidh an túdarás faireachais athbhreithniú ar chomhoiriúnacht na cabhrach le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, lena náirítear an méid seo a leanas:

(i)    réamhfhógra a thabhairt don údarás faireachais maidir le cabhair phleanáilte;

(ii)    measúnú arna dhéanamh ag an údarás faireachais ar chabhair faoina dtugtar fógra agus ar a inniúlacht athbhreithniú a dhéanamh ar chabhair nár tugadh fógra ina leith;

(iii)    agóid a dhéanamh os comhair an údaráis bhreithiúnaigh inniúil, le héifeacht fionraíochta ón uair a bheidh an gníomh inchonspóide, maidir le cabhair a mheasann an túdarás faireachais a bheith ar neamhréir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh; agus

(iv)    aisghabháil, lena náirítear ús, cabhrach a deonaíodh agus a cinneadh a bheith ar neamhréir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

4.    I gcomhréir le hord bunreachtúil inniúlachtaí na hEilvéise, níl feidhm ag mír 3, pointe (b)(iii) agus (iv) maidir le gníomhartha de chuid Thionól Cónaidhme na hEilvéise ná de chuid Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise.

5.    I gcás nach féidir le húdarás faireachais na hEilvéise agóid a dhéanamh in aghaidh chabhair Thionól Cónaidhme na hEilvéise nó chabhair Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise os comhair údarás breithiúnach, mar gheall ar a theorainneacha inniúlachta faoi ord bunreachtúil na hEilvéise, déanfaidh sé agóid in aghaidh chur i bhfeidhm na cabhrach sin ag údaráis eile i ngach cás sonrach. Má chinneann an túdarás breithiúnach nach bhfuil an chabhair sin comhoiriúnach le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, cuirfidh údaráis bhreithiúnacha agus riaracháin inniúla na hEilvéise an cinneadh sin san áireamh agus measúnú á dhéanamh acu ar cé acu ba cheart nó nár cheart an chabhair sin a chur i bhfeidhm sa chás atá os a gcomhair.



AIRTEAGAL 15

Cabhair atá ann cheana

1.    Ní bheidh feidhm ag Airteagal 14(3), pointe (b), maidir le cabhair atá ann cheana, lena náirítear scéimeanna cabhrach agus cabhair aonair.

2.    Chun críocha an Chomhaontaithe seo, áireofar leis an gcabhair atá ann cheana cabhair arna deonú roimh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus laistigh de 5 bliana ón dáta sin.

3.    Laistigh de 12 mhí ó dháta bunaithe an chórais faireachais de bhun Airteagal 14(3), gheobhaidh an túdarás faireachais forbhreathnú ar scéimeanna cabhrach atá ann cheana laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe seo atá fós i bhfeidhm agus déanfaidh sé measúnú prima facie ar na scéimeanna sin in aghaidh na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 13.

4.    Beidh gach scéim cabhrach atá ann cheana san Eilvéis faoi réir athbhreithniú leanúnach ag an údarás faireachais maidir lena gcomhoiriúnacht le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh de bhun mhíreanna 5, 6 agus 7.

5.    Má mheasann an túdarás faireachais nach bhfuil scéim cabhrach atá ann cheana comhoiriúnach, nó nach bhfuil sí comhoiriúnach a thuilleadh, le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, cuirfidh sé na húdaráis inniúla ar an eolas faoin oibleagáid maidir leis an gCuid seo a chomhlíonadh. Má dhéantar scéim cabhrach den sórt sin a leasú nó a fhoirceannadh, cuirfidh na húdaráis inniúla an túdarás faireachais ar an eolas.

6.    Má mheasann an túdarás faireachais go bhfuil na bearta arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla iomchuí chun comhoiriúnacht na scéime cabhrach le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, foilseoidh sé na bearta sin.



7.    D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, má mheasann an túdarás faireachais go bhfuil an scéim cabhrach fós ar neamhréir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, foilseoidh an túdarás faireachais a mheasúnú agus cuirfidh sé i gcoinne chur i bhfeidhm na scéime cabhrach sin i ngach cás sonrach, i gcomhréir le hAirteagal 14(3), pointe (b)(iii), agus Airteagal 14(5).

8.    Chun críocha na Coda seo, má leasaítear scéim cabhrach atá ann cheana ar bhealach a dhéanann difear do chomhoiriúnacht na cabhrach le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, measfar gur cabhair nua í an chabhair agus, dá bhrí sin, beidh sí faoi réir Airteagal 14(3), pointe (b).

AIRTEAGAL 16

Trédhearcacht

1.    Maidir le cabhair a dheonaítear ina gcríoch, áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha trédhearcacht. I gcás an Aontais, beidh trédhearcacht bunaithe ar rialacha substainteacha agus ar rialacha nós imeachta a bhfuil feidhm acu san Aontas maidir le Státchabhair atá faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo. I gcás na hEilvéise, beidh trédhearcacht bunaithe ar rialacha substainteacha agus ar rialacha nós imeachta atá coibhéiseach leo siúd a bhfuil feidhm acu san Aontas maidir le Státchabhair atá faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo.

2.    Áiritheoidh gach Páirtí Conarthach, maidir lena chríoch agus mura bhforáiltear a mhalairt sa Chuid seo, go bhfoilseofar na nithe seo a leanas:

(a)    cabhair a deonaíodh;

(b)    tuairimí nó cinntí a údarás faireachais;



(c)    rialuithe na núdarás breithiúnach inniúil maidir le comhoiriúnacht na cabhrach le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh; agus

(d)    treoirlínte agus teachtaireachtaí arna gcur i bhfeidhm ag a húdaráis faireachais.

AIRTEAGAL 17

Téarmaí comhair

1.    Oibreoidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhar agus malartóidh siad faisnéis maidir le Státchabhair, faoi réir a ndlíthe féin agus na nacmhainní a bheidh ar fáil.

2.    Chun na rialacha substainteacha maidir le Státchabhair agus forbairt chomhchuí na rialacha sin a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a léirmhíniú go haonfhoirmeach:

(a)    oibreoidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhar agus rachaidh siad i gcomhairle le chéile maidir leis na treoirlínte agus na teachtaireachtaí ábhartha dá dtagraítear i Roinn B d’Iarscríbhinn IV; agus

(b)    tabharfaidh údaráis faireachais na bPáirtithe Conarthacha socruithe i gcrích maidir le malartú tráthrialta faisnéise, lena náirítear maidir leis na himpleachtaí do chur i bhfeidhm na rialacha maidir le cabhair atá ann cheana.



AIRTEAGAL 18

Comhairliúcháin

1.    Arna iarraidh sin do Pháirtí Conarthach, rachaidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhairle le chéile, laistigh den Chomhchoiste, maidir le hábhair a bhaineann le cur chun feidhme na Coda seo.

2.    I gcás forbairtí a bhaineann le leasanna tábhachtacha Páirtí Chonarthaigh a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oibriú na Coda seo, tiocfaidh an Comhchoiste, arna iarraidh sin do Pháirtí Conarthach, le chéile ar ardleibhéal iomchuí laistigh de 30 lá ón iarraidh sin chun an tábhar a phlé.

AIRTEAGAL 19

Gníomhartha dlí a bhaineann le Státchabhair a chomhtháthú

1.    D’ainneoin Airteagal 27, chun críocha Airteagal 13(4) agus (6) agus Airteagal 14(2) agus (3), agus chun deimhneacht dhlíthiúil agus aonchineálacht an dlí a ráthú i réimsí an mhargaidh inmheánaigh ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach de bhua an Chomhaontaithe seo, áiritheoidh an Eilvéis agus an tAontas go ndéanfar gníomhartha dlí de chuid an Aontais arna nglacadh sna réimsí a chumhdaítear le Ranna C agus D d’Iarscríbhinn III chomh maith le Roinn A d’Iarscríbhinn IV a chomhtháthú sna hIarscríbhinní sin a luaithe is féidir tar éis a nglactha.

2.    Nuair a ghlacfaidh an tAontas gníomh dlí sa réimse a chumhdaítear le Ranna C agus D d’Iarscríbhinn III nó le Roinn A d’Iarscríbhinn IV, cuirfidh sé an Eilvéis ar an eolas faoi sin a luaithe is féidir tríd an gComhchoiste. Arna iarraidh sin do cheachtar de na Páirtithe Conarthacha, malartóidh an Comhchoiste tuairimí maidir leis an ábhar sin.



3.    Gníomhóidh an Comhchoiste i gcomhréir le mír 1 trí chinneadh a ghlacadh a luaithe is féidir chun Roinn C agus Roinn D d’Iarscríbhinn III agus Roinn A d’Iarscríbhinn IV a leasú, lena náirítear na hoiriúnuithe is gá.

4.    Faoi réir Airteagal 28, tiocfaidh cinntí an Chomhchoiste de bhun mhír 3 den Airteagal seo i bhfeidhm láithreach, ach ní thiocfaidh siad i bhfeidhm i gcás ar bith roimh an dáta a thiocfaidh an gníomh dlí comhfhreagrach de chuid an Aontais chun bheith infheidhme san Aontas.

CUID IV

RÉIMSÍ A BHAINEANN LEIS AN MARGADH LEICTREACHAIS

AIRTEAGAL 20

Comhshaol

1.    Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha ardleibhéal cosanta comhshaoil in earnáil an leictreachais.

2.    Áiritheoidh an Eilvéis ardleibhéal cosanta comhshaoil i gcomhréir le hAirteagal 27(3) agus Iarscríbhinn V.



AIRTEAGAL 21

Fuinneamh in‑athnuaite

1.    Oibreoidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhar i réimse an fhuinnimh inathnuaite, go háirithe maidir lena imscaradh agus lena chur chun cinn.

2.    Geallann na Páirtithe Conarthacha go méadóidh siad sciar an fhuinnimh inathnuaite ina gcórais fuinnimh. Cuirfidh an Eilvéis na gníomhartha dlí maidir le foinsí fuinnimh inathnuaite i bhfeidhm mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VI agus go háirithe leagfaidh sí síos sprioc tháscach iomchuí maidir le fuinneamh inathnuaite.

3.    Féachfaidh na Páirtithe Conarthacha le dlús a chur lena nósanna imeachta pleanála agus ceadaithe.

AIRTEAGAL 22

Comhar bonneagair

1.    Oibreoidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhar lena chéile chun forbairt thráthúil agus idir-inoibritheacht bonneagair leictreachais lena nasctar a gcríocha a éascú.

2.    Áiritheoidh gach Páirtí Conarthach go ndéanfar pleananna um fhorbairt gréasáin dá chórais tarchurtha leictreachais a tharraingt suas, a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.



3.    Chun críche cáiliú féideartha thionscadail bhonneagair na hEilvéise mar thionscadail leasa fhrithpháirtigh de bhun Airteagal 2(1) agus Airteagal 4(2), pointe (e), de Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 , glactar leis i gcás na hEilvéise go bhfuil ardleibhéal cóineasaithe sa chreat beartais. Éascóidh an Eilvéis amlíne chomhchosúil le haghaidh cur chun feidhme brostaithe agus bearta tacaíochta beartais eile, dá bhforáiltear leis an Rialachán sin.

CUID V

FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA

CAIBIDIL 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

AIRTEAGAL 23

Cuspóirí na bhforálacha institiúideacha

1.    Is é is cuspóir don Chuid seo deimhneacht dhlíthiúil níos fearr, cóir chomhionann agus cothrom iomaíochta sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo a ráthú do na Páirtithe Conarthacha, agus d’oibreoirí eacnamaíocha agus do dhaoine aonair.



2.    Chuige sin, soláthraítear leis an gCuid seo réitigh institiúideacha lena néascaítear neartú leanúnach cothrom an chaidrimh eacnamaíoch idir na Páirtithe Conarthacha. Agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta á gcur san áireamh, leagtar síos sa Chuid seo, go háirithe, réitigh institiúideacha le haghaidh an Chomhaontaithe seo ar réitigh iad is coiteann do na comhaontuithe déthaobhacha arna dtabhairt i gcrích nó atá le tabhairt i gcrích sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach, gan raon feidhme ná cuspóirí an Chomhaontaithe seo a athrú, go háirithe:

(a)    an nós imeachta chun an Comhaontú a ailíniú le gníomhartha dlí de chuid an Aontais atá ábhartha don Chomhaontú seo;

(b)    léiriú agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Chomhaontaithe seo agus ghníomhartha dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú seo;

(c)    faireachas a dhéanamh ar an gComhaontú seo agus é a chur i bhfeidhm; agus

(d)    díospóidí a réiteach i gcomhthéacs an Chomhaontaithe seo.

AIRTEAGAL 24

Comhaontuithe déthaobhacha sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach

1.    Measfar comhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo idir an tAontas agus an Eilvéis sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach a bheith comhleanúnach ina niomláine lena náirithítear cothromaíocht na gceart agus na noibleagáidí idir an tAontas agus an Eilvéis.



2.    Is comhaontú déthaobhach é an Comhaontú seo i réimse a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach.

AIRTEAGAL 25

Comhchoiste

1.    Bunaítear Comhchoiste leis seo. Is ionadaithe ó na Páirtithe Conarthacha a bheidh ar an gComhchoiste.

2.    Beidh ionadaí ón Aontas Eorpach agus ionadaí ón Eilvéis ina gcomhchathaoirligh ar an gComhchoiste.

3.    Déanfaidh an Comhchoiste:

(a)    feidhmiú cuí agus riar agus cur i bhfeidhm éifeachtach an Chomhaontaithe seo a áirithiú;

(b)    fóram a sholáthar le haghaidh comhairliúchán frithpháirteach agus malartú leanúnach faisnéise idir na Páirtithe Conarthacha, go háirithe d’fhonn teacht ar réiteach ar aon deacracht a bhaineann le léiriú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nó gnímh dlí de chuid an Aontais dá ndéantar tagairt sa Chomhaontú seo i gcomhréir le hAirteagal 32;

(c)    moltaí a chur faoi bhráid na bPáirtithe Conarthacha maidir le hábhair a bhaineann leis an gComhaontú seo;

(d)    cinntí a ghlacadh i gcás ina bhforáiltear dó sin go sainráite sa Chomhaontú seo; agus



(e)    aon inniúlacht eile a dheonaítear dó sa Chomhaontú seo a fheidhmiú.

4.    I gcás leasú ar Airteagail 1 go 6, 10 go 15, 17 nó 18 den Phrótacal (Uimh. 7) ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘Prótacal (Uimh. 7’ anseo feasta), leasóidh an Comhchoiste an Foscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn I dá réir sin.

5.    Feidhmeoidh an Comhchoiste trí chomhthoil.

Beidh Cinntí ina gceangal ar na Páirtithe Conarthacha, agus déanfaidh na Páirtithe na bearta uile is gá chun iad a chur chun feidhme.

6.    Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile uair sa bhliain ar a laghad, sa Bhruiséil agus i mBeirn gach re seach, mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt. Tiocfaidh sé le chéile freisin arna iarraidh sin do cheachtar de na Páirtithe Conarthacha. Féadfaidh na comhchathaoirligh a chomhaontú go dtionólfar cruinniú den Chomhchoiste trí fhíschomhdháil nó trí theileachomhdháil.

7.    Glacfaidh an Comhchoiste a rialacha nós imeachta agus tabharfaidh sé cothrom le dáta iad de réir mar is gá.

8.    Féadfaidh an Comhchoiste a chinneadh aon mheitheal nó aon ghrúpa saineolaithe a bhunú a bheidh in ann cúnamh a thabhairt dó chun a chuid dualgas a chomhlíonadh.



CAIBIDIL 2

AILÍNIÚ AN CHOMHAONTAITHE SEO LE GNÍOMHARTHA DLÍ DE CHUID AN AONTAIS

AIRTEAGAL 26

Rannpháirtíocht i ndréachtú gníomhartha dlí de chuid an Aontais (‘cinntí a mhúnlú’)

1.    Agus togra le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais á dhréachtú aige i gcomhréir le CFAE sa réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú seo, cuirfidh an Coimisiún Eorpach (dá ngairtear an ‘Coimisiún’ anseo feasta) an Eilvéis ar an eolas faoi sin agus rachaidh sé i gcomhairle go neamhfhoirmiúil le saineolaithe na hEilvéise ar an mbealach céanna a iarrfaidh sé tuairimí ó shaineolaithe ó Bhallstáit an Aontais chun a thograí a dhréachtú.

Arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí Conarthach, déanfar réamhmhalartú tuairimí laistigh den Chomhchoiste.

Rachaidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhairle le chéile arís, arna iarraidh sin do cheachtar acu, laistigh den Chomhchoiste ag tráthanna tábhachtacha den chéim sula nglacfaidh an tAontas an gníomh dlí, le linn próiseas leanúnach faisnéise agus comhairliúcháin.

2.    Le linn don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ullmhú, i gcomhréir le CFAE, a bhaineann le bunghníomhartha dhlí an Aontais sa réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú seo, áiritheoidh sé go mbeidh an rannpháirtíocht is leithne is féidir ag an Eilvéis in ullmhú na ndréachtaí agus rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe na hEilvéise ar an mbonn céanna agus a rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe Bhallstáit an Aontais.



3.    Le linn don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ullmhú, i gcomhréir le CFAE, a bhaineann le bunghníomhartha dhlí an Aontais sa réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú seo, áiritheoidh sé go mbeidh an rannpháirtíocht is leithne is féidir ag an Eilvéis in ullmhú na ndréachtaí atá le cur faoi bhráid na gcoistí a thugann cúnamh don Choimisiún i bhfeidhmiú a chumhachtaí cur chun feidhme agus rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe na hEilvéise ar an mbonn céanna agus a rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe ó Bhallstáit an Aontais.

4.    Beidh saineolaithe na hEilvéise rannpháirteach in obair na gcoistí nach gcumhdaítear le míreanna 2 agus 3 i gcás inar gá sin le haghaidh fheidhmiú cuí an Chomhaontaithe seo. Déanfaidh an Comhchoiste liosta de na coistí sin agus, i gcás inarb iomchuí, de choistí eile a bhfuil saintréithe comhchosúla acu, a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta.

5.    Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhartha dlí de chuid an Aontais ná maidir le forálacha díobh a thagann faoi raon feidhme eisceachta dá dtagraítear in Airteagal 27(8).

AIRTEAGAL 27

Gníomhartha dlí de chuid an Aontais a chomhtháthú

1.    Chun deimhneacht dhlíthiúil agus aonchineálacht an dlí a ráthú sa réimse a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach de bhua an Chomhaontaithe seo, áiritheoidh an Eilvéis agus an tAontas go ndéanfar gníomhartha dlí de chuid an Aontais arna nglacadh sa réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú seo a chomhtháthú sa Chomhaontú seo a luaithe is féidir tar éis a nglactha.

2.    Gníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú in Iarscríbhinní I agus VI i gcomhréir le mír 5, beidh siad, trína gcomhtháthú sa Chomhaontú seo, ina gcuid de dhlíchóras na hEilvéise faoi réir, de réir mar a bheidh, na noiriúnuithe arna gcinneadh ag an gComhchoiste.



3.    Déanfaidh an Eilvéis, le hinfheidhmeacht in earnáil an leictreachais, forálacha a ghlacadh nó a choinneáil ar bun lena leagtar síos ceanglais lena náirithítear an leibhéal céanna cosanta comhshaoil ar a laghad agus a leagtar síos sna gníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú in Iarscríbhinn V i gcomhréir le mír 5. Ní fhéadfar forálacha dhlí na hEilvéise arna nglacadh nó arna gcoinneáil ar bun i gcomhréir leis an mír seo a agairt chun srian a chur ar shaor-rochtain earraí agus seirbhísí ón Aontas ar mhargadh na hEilvéise, earraí agus seirbhísí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sna gníomhartha dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn V.

4.    Le linn don Aontas gníomh dlí a ghlacadh sa réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú seo, cuirfidh sé an Eilvéis ar an eolas faoi sin a luaithe is féidir tríd an gComhchoiste. Arna iarraidh sin do cheachtar de na Páirtithe Conarthacha, malartóidh an Comhchoiste tuairimí maidir leis an ábhar sin.

5.    Gníomhóidh an Comhchoiste i gcomhréir le mír 1 trí chinneadh a ghlacadh a luaithe is féidir chun Iarscríbhinní I, V agus VI a ghabhann leis an gComhaontú seo a leasú, lena náirítear na hoiriúnuithe is gá.

6.    Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2, más gá chun comhleanúnachas an Chomhaontaithe seo le hIarscríbhinní I, V agus VI arna leasú de bhun mhír 5 a áirithiú, féadfaidh an Comhchoiste athbhreithniú ar an gComhaontú seo a mholadh, lena fhormheas ag na Páirtithe Conarthacha de réir a nósanna imeachta inmheánacha.

7.    Tagairtí sa Chomhaontú seo do ghníomhartha dlí de chuid an Aontais nach bhfuil i bhfeidhm a thuilleadh, forléireofar iad mar thagairtí don ghníomh dlí aisghairme de chuid an Aontais mar atá comhtháite in Iarscríbhinní I, V agus VI ó theacht i bhfeidhm an chinnidh ón gComhchoiste maidir leis an leasú comhfhreagrach ar Iarscríbhinní I, V agus VI, mura bhforáiltear a mhalairt sa chinneadh sin.



8.    Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 maidir le gníomhartha dlí de chuid an Aontais ná le forálacha díobh a thagann faoi raon feidhme na heisceachta seo a leanas:

   Airteagal 9(3).

9.    Faoi réir Airteagal 28, tiocfaidh cinntí ón gComhchoiste de bhun mhír 5 i bhfeidhm láithreach, ach ní thiocfaidh siad i bhfeidhm i gcás ar bith roimh an dáta a thiocfaidh an gníomh dlí comhfhreagrach de chuid an Aontais chun bheith infheidhme san Aontas.

10.    Oibreoidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhar de mheon macánta le linn an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo chun an chinnteoireacht a éascú.

AIRTEAGAL 28

Oibleagáidí bunreachtúla á gcomhlíonadh ag an Eilvéis

1.    Le linn an mhalartaithe tuairimí dá dtagraítear in Airteagal 27(4), cuirfidh an Eilvéis in iúl don Aontas cé acu a cheanglaítear nó nach gceanglaítear le cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 27(5) go gcomhlíonfaidh an Eilvéis oibleagáidí bunreachtúla chun bheith ceangailteach.

2.    I gcás ina gceanglaítear leis an gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 27(5) ar an Eilvéis oibleagáidí bunreachtúla a chomhlíonadh chun bheith ceangailteach, beidh teorainn ama 2 bhliain ar a mhéad ag an Eilvéis ó dháta na faisnéise dá bhforáiltear i mír 1, ach amháin i gcás ina seolfar nós imeachta reifrinn, agus sa chás sin cuirfear síneadh bliana leis an tréimhse sin.



3.    Go dtí go bhfaighidh an Eilvéis an fhaisnéis go bhfuil a hoibleagáidí bunreachtúla comhlíonta aici, cuirfidh na Páirtithe Conarthacha an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 27(5) i bhfeidhm go sealadach, mura rud é go gcuirfidh an Eilvéis in iúl don Aontas nach féidir an cinneadh a chur i bhfeidhm go sealadach agus go soláthróidh siad na cúiseanna leis sin.

Ní féidir, i gcás ar bith, an cur i bhfeidhm sealadach a dhéanamh roimh an dáta a thiocfaidh an gníomh dlí comhfhreagrach de chuid an Aontais chun bheith infheidhme san Aontas.

4.    Tabharfaidh an Eilvéis fógra don Aontas gan mhoill tríd an gComhchoiste a luaithe a bheidh na hoibleagáidí bunreachtúla dá dtagraítear i mír 1 comhlíonta aici.

5.    Tiocfaidh an cinneadh i bhfeidhm an lá a thabharfar an fógra dá bhforáiltear i mír 4, ach ní thiocfaidh sé i bhfeidhm i gcás ar bith roimh an dáta a thiocfaidh an gníomh dlí comhfhreagrach de chuid an Aontais chun bheith infheidhme san Aontas.



CAIBIDIL 3

LÉIRMHÍNIÚ AGUS CUR I bhFEIDHM AN CHOMHAONTAITHE

AIRTEAGAL 29

Prionsabal an léirithe chomhionainn

1.    Chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagail 1, 12 agus 23 a bhaint amach agus i gcomhréir le prionsabail an dlí idirnáisiúnta phoiblí, déanfar na comhaontuithe déthaobhacha sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach agus gníomhartha dlí an Aontais dá ndéantar tagairt i gcomhaontuithe den sórt sin a léiriú agus a chur i bhfeidhm go comhionann sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach.

2.    Gníomhartha dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú seo agus, a mhéid a bhaineann a gcur i bhfeidhm le coincheapa de dhlí an Aontais, déanfar forálacha an Chomhaontaithe seo a léiriú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, sula síneofar an Comhaontú seo nó dá éis.



AIRTEAGAL 30

Prionsabal cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhchuí

1.    Rachaidh an Coimisiún agus údaráis inniúla na hEilvéise i gcomhar le chéile agus tabharfaidh siad cúnamh dá chéile chun a áirithiú go ndéanfar faireachas ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Féadfaidh siad faisnéis a mhalartú maidir le gníomhaíochtaí faireachais ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Féadfaidh siad tuairimí a mhalartú agus saincheisteanna leasa choitinn a phlé.

2.    Déanfaidh gach Páirtí Conarthach bearta iomchuí chun cur i bhfeidhm éifeachtach comhchuí an Chomhaontaithe seo ar a chríoch a áirithiú.

3.    Is iad na Páirtithe Conarthacha laistigh den Chomhchoiste a dhéanfaidh faireachas i gcomhpháirt ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Má thagann an Coimisiún nó údaráis inniúla na hEilvéise ar an eolas faoi chás inar cuireadh i bhfeidhm go mícheart é, féadfar an tábhar a tharchur chuig an gComhchoiste d’fhonn teacht ar réiteach inghlactha.

4.    Déanfaidh an Coimisiún agus údaráis inniúla na hEilvéise faireachán ar mar a chuirfidh an Páirtí Conarthach eile an Comhaontú seo a chur i bhfeidhm. Tá feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 32 den Chomhaontú seo.

A mhéid atá gá le hinniúlachtaí faireachais áirithe de chuid institiúidí an Aontais a mhéid a bhaineann le Páirtí Conarthach amháin chun cur i bhfeidhm éifeachtach comhchuí an Chomhaontaithe seo a áirithiú, amhail cumhachtaí imscrúdaithe agus cinnteoireachta, ní mór foráil shonrach a dhéanamh sa Chomhaontú seo maidir leo.



AIRTEAGAL 31

Prionsabal an eisiachais

Gabhann na Páirtithe Conarthacha orthu féin gan díospóid a chur isteach maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus ghníomhartha dlí an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú seo nó, i gcás inarb infheidhme, maidir le cinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún ar bhonn an Chomhaontaithe seo a bheith i gcomhréir le haon mhodh réitigh seachas na modhanna sin dá bhforáiltear sa Chuid seo.

AIRTEAGAL 32

Nós imeachta i gcás ina mbeidh deacracht ann maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm

1.    I gcás ina mbeidh deacracht ann an Comhaontú seo nó gníomh dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú a léiriú nó a chur i bhfeidhm, rachaidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhairle le chéile laistigh den Chomhchoiste chun teacht ar réiteach a bheidh inghlactha go frithpháirteach. Chuige sin, cuirfear na heilimintí úsáideacha faisnéise uile ar fáil don Chomhchoiste chun é a chur ar a chumas dó scrúdú mionsonraithe a dhéanamh ar an gcás. Scrúdóidh an Comhchoiste na féidearthachtaí uile lena bhféadfar feidhmiú cuí an Chomhaontaithe seo a choinneáil ar bun.

2.    Mura mbeidh an Comhchoiste in ann teacht ar réiteach ar an deacracht dá dtagraítear i mír 1 laistigh de 3 mhí ón dáta a cuireadh an deacracht faoina bhráid, féadfaidh ceachtar de na Páirtithe Conarthacha a iarraidh ar bhinse eadrána an díospóid a réiteach i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa Phrótacal.



3.    I gcás ina dtarraingeoidh an díospóid ceist anuas a bhaineann le léiriú nó cur i bhfeidhm forála dá dtagraítear in Airteagal 29(2), agus más rud é go bhfuil léiriú na forála sin ábhartha maidir leis an díospóid a shocrú agus gur gá é chun é a chur ar a chumas dó breith a thabhairt, déanfaidh an binse eadrána an cheist sin a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

I gcás ina dtarraingeoidh an díospóid ceist anuas maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm forála a thagann faoi raon feidhme eisceachta ón oibleagáid ailínithe dhinimiciúil dá dtagraítear in Airteagal 27(8) agus i gcás nach mbaineann an díospóid le léiriú nó cur i bhfeidhm coincheap de dhlí an Aontais, réiteoidh an binse eadrána an díospóid gan í a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

4.    I gcás ina dtarchuirfidh an binse eadrána ceist chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh de bhun mhír 3:

(a)    beidh an rialú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina cheangal ar an mbinse eadrána, agus;

(b)    beidh na cearta céanna ag an Eilvéis agus atá ag na Ballstáit agus ag institiúidí an Aontais agus beidh sí faoi réir na nósanna imeachta céanna os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, mutatis mutandis.

5.    Déanfaidh gach Páirtí Conarthach gach beart is gá chun cinneadh an bhinse eadrána a chomhlíonadh de mheon macánta. An Páirtí Conarthach a gcinnfidh an binse eadrána nár chomhlíon sé an Comhaontú seo, cuirfidh sé an Páirtí Conarthach eile ar an eolas tríd an gComhchoiste faoi na bearta atá déanta aige chun an cinneadh ón mbinse eadrána a chomhlíonadh.



AIRTEAGAL 33

Bearta cúiteacha

1.    Maidir leis an bPáirtí Conarthach a bhfuil cinneadh déanta ag an mbinse eadrána nár chomhlíon sé an Comhaontú seo, mura gcuireann sé in iúl don Pháirtí Conarthach eile, laistigh de thréimhse ama réasúnach a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal IV.2(6) den Phrótacal, faoi na bearta a rinne sé chun cinneadh an bhinse eadrána a chomhlíonadh, nó má mheasann an Páirtí Conarthach eile nach gcomhlíonann na bearta a chuirtear in iúl an cinneadh ón mbinse eadrána, féadfaidh an Páirtí Conarthach eile sin bearta cúiteacha comhréireacha a ghlacadh faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo nó aon chomhaontaithe dhéthaobhaigh eile sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach (dá ngairtear ‘bearta cúiteacha’ anseo feasta) chun éagothroime a d’fhéadfadh a bheith ann a leigheas. Tabharfaidh sé fógra don Pháirtí Conarthach a bhfuil cinneadh déanta ag an mbinse eadrána nár chomhlíon sé an Comhaontú seo maidir leis na bearta cúiteacha, rud a shonrófar san fhógra. Gabhfaidh éifeacht leis na bearta cúiteacha sin 3 mhí ó dháta an fhógra sin.

2.    Más rud é, laistigh de 1 mhí amháin ón dáta a dtabharfar fógra faoi na bearta cúiteacha atá beartaithe, nach mbeidh cinneadh déanta ag an gComhchoiste na bearta cúiteacha sin a chur ar fionraí, a leasú nó a neamhniú, féadfaidh ceachtar Páirtí Conarthach an cheist maidir le comhréireacht na mbeart cúiteach sin a chur chun eadrána, i gcomhréir leis an bPrótacal.

3.    Déanfaidh an binse eadrána cinneadh laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha síos in Airteagal III.8(4) den Phrótacal.

4.    Ní bheidh éifeacht chúlghabhálach ag bearta cúiteacha. Go háirithe, caomhnófar na cearta agus na hoibleagáidí a fuair daoine aonair agus oibreoirí eacnamaíocha cheana féin sula ngabhfaidh éifeacht leis na bearta cúiteacha.



AIRTEAGAL 34

Comhar idir dlínsí

1.    Chun an léirmhíniú aonchineálach a chur chun cinn, tiocfaidh Cúirt Uachtarach Chónaidhme na hEilvéise agus Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú maidir le hidirphlé agus módúlachtaí an idirphlé sin.

2.    Beidh sé de cheart ag an Eilvéis ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a thaisceadh le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás ina dtarchuirfidh cúirt de chuid Ballstáit den Aontas ceist chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le léiriú an Chomhaontaithe seo nó foráil de ghníomh dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear ann le haghaidh réamhrialú.

AIRTEAGAL 35

Tagairtí do chríocha

Aon uair a bheidh tagairtí sna gníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú sa Chomhaontú seo do chríoch ‘an Aontais Eorpaigh’, ‘an Aontais’, an ‘chómhargaidh’ nó an ‘mhargaidh inmheánaigh’, tuigfear, chun críocha an Chomhaontaithe seo, gur tagairtí do na críocha dá dtagraítear in Airteagal 43 iad na tagairtí.



AIRTEAGAL 36

Tagairtí do náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais

Aon uair a bheidh tagairtí sna gníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú sa Chomhaontú seo do náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais, tuigfear, chun críocha an Chomhaontaithe seo, gur tagairtí do náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais agus na hEilvéise iad na tagairtí.

AIRTEAGAL 37

Teacht i bhfeidhm agus cur chun feidhme ghníomhartha dlí an Aontais

Forálacha na ngníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú sa Chomhaontú seo maidir lena dteacht i bhfeidhm nó lena gcur chun feidhme, níl siad ábhartha chun críocha an Chomhaontaithe seo.

Na teorainneacha ama agus na dátaí don Eilvéis chun na cinntí lena gcomhtháthaítear gníomhartha dlí an Aontais sa Chomhaontú seo a thabhairt i bhfeidhm agus a chur chun feidhme, leanann siad ó Airteagal 27(9) agus Airteagal 28(5), agus ó fhorálacha maidir le socruithe idirthréimhseacha.

AIRTEAGAL 38

Seolaithe ghníomhartha dlí an Aontais

Forálacha na ngníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú sa Chomhaontú seo lena léirítear gur ar Bhallstáit an Aontais atá siad dírithe, níl siad ábhartha chun críocha an Chomhaontaithe seo.



CUID VI

FORÁLACHA EILE

AIRTEAGAL 39

Oiriúnuithe ginearálta

Déantar foráil sa Chuid seo maidir le hoiriúnuithe ginearálta is infheidhme maidir le gníomhartha dlí an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus VI, mura bhforáiltear a mhalairt san iarscríbhinn lena mbaineann.

AIRTEAGAL 40

Malartú faisnéise

1.    I gcás ina bhfuil Ballstát den Aontas nó a údarás inniúil le faisnéis a chur faoi bhráid an Choimisiúin, cuirfidh an Eilvéis nó a húdarás inniúil an fhaisnéis sin faoi bhráid an Choimisiúin tríd an gComhchoiste.

2.    I gcás ina bhfuil Ballstát den Aontas nó a údarás inniúil le faisnéis a chur faoi bhráid Ballstát amháin eile nó níos mó de chuid an Aontais, cuirfidh sé an fhaisnéis sin faoi bhráid na hEilvéise go díreach freisin agus an Coimisiún á chur ar an eolas ag an am céanna. I gcás ina bhfuil an Eilvéis nó a húdarás inniúil le faisnéis a chur faoi bhráid ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit den Aontas nó a núdarás inniúil, déanfaidh sí é go díreach agus cuirfidh sí an Coimisiún ar an eolas tríd an gComhchoiste.



3.    Féadfaidh an Comhchoiste teacht ar chomhaontú maidir le réitigh iomchuí lena bhforáiltear do mhalartú díreach faisnéise i limistéir ina niarrtar faisnéis a aistriú go tapa.

4.    Tá míreanna 1 agus 2 gan dochar do na rialacha agus na socruithe earnáilsonracha is infheidhme maidir le malartú faisnéise trí bhíthin córais faisnéise.

5.    Ach amháin mar a fhoráiltear i mír 1, i gcás inar gá faisnéis a mhalartú idir ACER nó institiúidí eile de chuid an Aontais agus údarás na hEilvéise le linn cinneadh nó tuarascáil, tuairim, moladh nó doiciméad comhchosúil eile a fhorbairt, déanfar an malartú sin go díreach idir na heintitis ábhartha mura gcinnfidh an Comhchoiste gur cheart an malartú sin a dhéanamh tríd an gComhchoiste.

6.    I gcás inar gá don Choimisiún nó do ACER, chun na hinniúlachtaí a shanntar dóibh a fheidhmiú, faisnéis a mhalartú le gnóthais san Eilvéis, féadfaidh siad malartú díreach a dhéanamh leis na gnóthais sin mura gcinnfidh an Comhchoiste nós imeachta eile a mbeidh feidhm aige maidir leis na cásanna sin.

7.    I gcás ina rachfar i gcomhairle le Ballstáit an Aontais, lena núdaráis nó lena ngnóthais agus cinneadh ón Aontas á fhorbairt, rachfar i gcomhairle leis an Eilvéis, lena húdaráis agus lena gnóthais ar an mbealach céanna.



AIRTEAGAL 41

Doiciméid neamhcheangailteacha

1.    I gcás ina neiseoidh an Coimisiún, ACER nó institiúidí eile de chuid an Aontais tuarascálacha, tuairimí, dearbhuithe, moltaí nó doiciméid chomhchosúla eile chuig Ballstáit an Aontais nó chuig a núdaráis, féadfaidh siad déanamh amhlaidh freisin i ndáil leis an Eilvéis nó lena húdaráis. I gcás ina rachfar i gcomhairle le Ballstáit an Aontais, lena núdaráis nó lena ngnóthais le linn ullmhú na ndoiciméad sin, rachfar i gcomhairle leis an Eilvéis, lena húdaráis agus lena gnóthais ar an mbealach céanna.

2.    Mura bhfoilseofar iad, cuirfidh an Coimisiún na doiciméid sin ar fáil tríd an gComhchoiste. Is féidir leis an gComhchoiste teacht ar chomhaontú maidir le foráil a dhéanamh maidir le malartú díreach. Déanfaidh ACER agus institiúidí eile na doiciméid a sheachadadh go díreach.

AIRTEAGAL 42

Foilsiú faisnéise

1.    I gcás ina bhfuil Ballstát den Aontas le faisnéis áirithe a fhoilsiú, foilseoidh an Eilvéis freisin, faoin gComhaontú seo, an fhaisnéis ábhartha ar bhealach comhfhreagrach.

2.    Más rud é, de réir gníomh dá dtagraítear sna hIarscríbhinní, go bhfuil faisnéis le foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, foilseoidh institiúid an Aontais faisnéis chomhfhreagrach maidir leis an Eilvéis ann freisin.



CUID VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

AIRTEAGAL 43

Raon feidhme críochach

Beidh feidhm ag an gComhaontú seo, de pháirt, maidir leis an gcríoch ina gcuirtear an Conradh ar an Aontas Eorpach agus CFAE i bhfeidhm, agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin agus, den pháirt eile, maidir le críoch na hEilvéise.

AIRTEAGAL 44

Clásal éabhlóideach le haghaidh comhar leathnaithe

Dearbhaíonn na Páirtithe Conarthacha go bhfuil siad toilteanach machnamh a dhéanamh ar chomhar a dhoimhniú in earnáil an fhuinnimh seachas leictreachas, go háirithe i réimsí na hidrigine nó na ngás in‑athnuaite.

AIRTEAGAL 45

Faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh‑rúnaicmithe

1.    Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo mar ní a cheanglóidh ar Pháirtí Conarthach faisnéis rúnaicmithe a chur ar fáil.



2.    Déanfar faisnéis rúnaicmithe nó ábhar rúnaicmithe a sholáthróidh na Páirtithe Conarthacha nó a mhalartófar eatarthu faoin gComhaontú seo a láimhseáil agus a chosaint i gcomhréir leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na nósanna imeachta slándála chun faisnéis rúnaicmithe a mhalartú, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 28 Aibreán 2008, agus i gcomhréir le haon socrú slándála lena gcuirtear chun feidhme é.

3.    Glacfaidh an Comhchoiste, trí bhíthin cinnidh, treoracha láimhseála chun a áirithiú go gcosnófar faisnéis íogair neamhrúnaicmithe a mhalartaítear idir na Páirtithe Conarthacha.

AIRTEAGAL 46

Rúndacht ghairmiúil

Ceanglófar ar ionadaithe, ar shaineolaithe agus ar ghníomhairí eile de chuid na bPáirtithe Conarthacha, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais, gan faisnéis a nochtadh, ar faisnéis í a fhaightear faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo agus atá cumhdaithe ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla.

AIRTEAGAL 47

Iarscríbhinní agus Prótacail

Beidh na hIarscríbhinní agus na Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú seo ina gcuid dhílis den Chomhaontú.



AIRTEAGAL 48

Cur chun feidhme

1.    Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha gach beart is iomchuí, bíodh siad ginearálta nó sonrach, le comhlíonadh na noibleagáidí a eascraíonn ón gComhaontú seo a áirithiú, agus staonfaidh siad ó aon bheart a dhéanamh a chuirfeadh i mbaol baint amach a chuspóirí.

2.    Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha na bearta uile is gá chun toradh beartaithe ghníomhartha dlí an Aontais dá dtagraítear sa Chomhaontú seo a ráthú agus staonfaidh siad ó aon bheart a dhéanamh a d’fhéadfadh gnóthú a naidhmeanna a chur i mbaol.

AIRTEAGAL 49

Ranníocaíocht airgeadais

1.    Rannchuideoidh an Eilvéis le maoiniú ghníomhaíochtaí ghníomhaireachtaí an Aontais, na gcóras faisnéise agus na ngníomhaíochtaí eile a liostaítear in Airteagal 1 d’Iarscríbhinn VII a bhfuil rochtain aici orthu, i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hIarscríbhinn VII.

Féadfaidh an Comhchoiste cinneadh a ghlacadh chun Iarscríbhinn VII a leasú.

2.    Féadfaidh an tAontas rannpháirtíocht na hEilvéise sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur ar fionraí tráth ar bith mura gcomhlíonann an Eilvéis an sprioc-am íocaíochta i gcomhréir leis na téarmaí íocaíochta a leagtar amach in Airteagal 2 d’Iarscríbhinn VII.



I gcás nach gcomhlíonann an Eilvéis sprioc-am íocaíochta, seolfaidh an tAontas litir mheabhrúcháin fhoirmiúil chuig an Eilvéis. I gcás nach ndéanfar íocaíocht iomlán laistigh de 30 lá ón dáta a gheofar an litir mheabhrúcháin fhoirmiúil sin, féadfaidh an tAontas rannpháirtíocht na hEilvéise sa ghníomhaíocht ábhartha a chur ar fionraí.

3.    Is éard a bheidh sa ranníocaíocht airgeadais suim na méideanna seo a leanas:

(a)    ranníocaíocht oibríochtúil; agus

(b)    táille rannpháirtíochta.

4.    Beidh an ranníocaíocht airgeadais i bhfoirm ranníocaíochta airgeadais bliantúla agus beidh sí dlite ar na dátaí a shonraítear sna glaonna ar chistí arna neisiúint ag an gCoimisiún.

5.    Beidh an ranníocaíocht oibríochtúil bunaithe ar threoir ranníoca arna sainiú mar an cóimheas idir olltáirgeacht intíre (dá ngairtear ‘OTI’ anseo feasta) na hEilvéise ag praghsanna an mhargaidh agus OTI an Aontais ag praghsanna an mhargaidh.

Chun na críche sin, is iad na figiúirí is déanaí a bheidh ar fáil ón 1 Eanáir den bhliain ina ndéantar an íocaíocht bhliantúil de réir mar a sholáthróidh Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh iad na figiúirí a úsáidfear le haghaidh OTI ag margadhphraghsanna na bPáirtithe Conarthacha, agus aird chuí á tabhairt ar an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar i réimse an staidrimh, arna dhéanamh i Lucsamburg an 26 Deireadh Fómhair 2004. Má scoireann an Comhaontú sin d’fheidhm a bheith aige, is é an figiúr a ghlacfar mar OTI na hEilvéise an figiúr a bhunófar ar bhonn na faisnéise arna cur ar fáil ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta.



6.    Déanfar an ranníocaíocht oibríochtúil le haghaidh gach gníomhaireachta de chuid an Aontais a ríomh tríd an treoir ranníoca a chur i bhfeidhm ar a buiséad bliantúil arna vótáil agus atá inscríofa ar línte fóirdheontais buiséid ábhartha an Aontais den bhliain atá i gceist, agus aon ranníocaíocht oibríochtúil choigeartaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 1 d’Iarscríbhinn VII á cur san áireamh le haghaidh gach gníomhaireachta.

Déanfar an ranníocaíocht oibríochtúil le haghaidh na gcóras faisnéise agus na ngníomhaíochtaí eile a ríomh tríd an treoir ranníoca a chur i bhfeidhm ar bhuiséad ábhartha na bliana atá i gceist mar a leagtar amach i ndoiciméid lena gcuirtear an buiséad sin chun feidhme, amhail cláir oibre nó conarthaí. Beidh na méideanna tagartha uile bunaithe ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas.

7.    4 % den ranníocaíocht oibríochtúil bhliantúil arna ríomh i gcomhréir le míreanna 5 agus 6 a bheidh sa táille rannpháirtíochta bhliantúil.

8.    Soláthróidh an Coimisiún faisnéis leordhóthanach don Eilvéis i ndáil lena ranníocaíocht airgeadais a ríomh. Soláthrófar an fhaisnéis sin agus aird chuí á tabhairt ar rialacha rúndachta agus cosanta sonraí an Aontais.

9.    Is in euro a dhéanfar ranníocaíochtaí airgeadais uile na hEilvéise nó na híocaíochtaí uile ón Aontas agus is in euro a ríomhfar na méideanna a bheidh dlite nó le fáil.

10.    I gcás nach mbeidh teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo i gcomhthráth le tús bliana féilire, beidh ranníocaíocht oibríochtúil na hEilvéise le haghaidh na bliana i gceist faoi réir coigeartú, de réir na modheolaíochta agus na dtéarmaí íocaíochta a shainítear in Airteagal 4 d’Iarscríbhinn VII.

11.    Leagtar amach forálacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo in Iarscríbhinn VII.



12.    3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, agus gach 3 bliana dá éis, déanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú ar choinníollacha rannpháirtíochta na hEilvéise mar a shainmhínítear in Airteagal 1 d’Iarscríbhinn VII agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé iad a oiriúnú.

AIRTEAGAL 50

Teacht i bhfeidhm

1.    Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha an Comhaontú seo a dhaingniú nó a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Tabharfaidh gach Páirtí Conarthach fógra don Pháirtí Conarthach eile faoi chur i gcrích na nósanna imeachta inmheánacha is gá do theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

2.    Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an fhógra dheireanaigh maidir leis na hionstraimí seo a leanas:

(a)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

(b)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

(c)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;



(d)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(e)    Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(f)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;

(g)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;

(h)    Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;

(i)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta;

(j)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(k)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(l)    an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú;



(m)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gcláir de chuid an Aontais;

(n)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis.

AIRTEAGAL 51

Leasuithe agus foirceannadh

1.    Féadfar an Comhaontú seo a leasú tráth ar bith trí chomhaontú frithpháirteach na bPáirtithe Conarthacha.

2.    Féadfaidh an tAontas nó an Eilvéis an Comhaontú seo a fhoirceannadh trí fhógra a thabhairt don Pháirtí Conarthach eile. Scoirfidh an Comhaontú seo d’fheidhm a bheith aige 6 mhí tar éis an fógra sin a fháil.

3.    I gcás ina scoirfidh an Comhaontú seo de bheith i bhfeidhm, caomhnófar na cearta agus na hoibleagáidí a fuair daoine aonair agus oibreoirí eacnamaíocha cheana féin de bhua an Chomhaontaithe seo roimh dháta scoir an Chomhaontaithe seo. Socróidh na Páirtithe Conarthacha trí chomhaontú frithpháirteach cén ghníomhaíocht a bheidh le déanamh i ndáil le cearta atá á bhfáil.



Arna dhéanamh [i/sa/san …], an […], i ndúblach, sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus tá gach téacs díobh barántúil.

Á FHIANÚ SIN, chuir na daoine thíos‑sínithe, agus údar cuí acu chuige sin, a lámh leis an gComhaontú seo.

(Bloc na sínithe (amhail an méid seo a leanas, i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais: ‘Thar ceann an Aontais Eorpaigh’ agus ‘Thar ceann Chónaidhm na hEilvéise’)

IARSCRÍBHINN I

LEICTREACHAS

Mura bhforáiltear a mhalairt in oiriúnuithe teicniúla:

   na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear sna gníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú san Iarscríbhinn seo le haghaidh Bhallstáit an Aontais, tuigfear go ndéanfar foráil maidir leo don Eilvéis;

   na tagairtí do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ina gcónaí nó atá bunaithe i mBallstáit den Aontas sna gníomhartha sin, tuigfear go náirítear iontu tagairtí do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ina gcónaí nó atá bunaithe san Eilvéis.

Cuirfear an méid sin i bhfeidhm agus lánurraim á tabhairt do na forálacha institiúideacha atá i gCuid V den Chomhaontú seo.



GNÍOMHARTHA DÁ dTAGRAÍTEAR

1.    32019 R 0941: Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais agus lena naisghairtear Treoir 2005/89/CE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/941/oj)

Léifear forálacha Rialachán (AE) 2019/941, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a)    in Airteagal 3(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal ‘A luaithe is féidir agus in aon chás faoin 5 Eanáir 2020, gach Ballstát’:

‘3 bliana ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe, an Eilvéis’;

(b)    in Airteagal 7(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal ‘Laistigh de 4 mhí ó shainaithint na gcásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha i gcomhréir le hAirteagal 6(1)’:

‘3 bliana ar a dhéanaí agus 4 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe’;

(c)    in Airteagal 7(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal ‘Laistigh de 4 mhí de chásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 6(1),’:

‘3 bliana ar a dhéanaí agus 4 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo’;

(d)    beidh feidhm ag Airteagail 10 agus 14 3 bliana ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.



2.    32019 R 0942: Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 158, 14.6.2019, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/942/oj), arna leasú le:

   32024 R 1787: Rialachán (AE) 2024/1787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/942 (IO L 1787, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1787/oj)

   32024 R 1789: Rialachán (AE) 2024/1789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir leis na margaí inmheánacha do ghás inathnuaite, gás nádúrtha agus hidrigine, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1227/2011, (AE) 2017/1938 agus (AE) 2019/942 agus (AE) 2022/869 agus Cinneadh (AE) 2017/684 agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (athmhúnlú) (IO L 1789, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1789/oj)

Léifear forálacha Rialachán (AE) 2019/942, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a)    Ní bheidh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/942 ach amháin maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo;



(b)    d’ainneoin na forála ginearálta ag tús Iarscríbhinn I den Chomhaontú seo, léifear an téarma ‘Ballstát nó Ballstáit’ atá i Rialachán (AE) 2019/942 mar rud lena gcuimsítear, anuas ar an mbrí atá leis i Rialachán (AE) 2019/942, an Eilvéis. Mar an gcéanna, tuigfear go gcuimsítear leis an téarma ‘údarás rialála’ atá i Rialachán (AE) 2019/942, anuas ar an mbrí atá leis i Rialachán (AE) 2019/942, údarás rialála na hEilvéise;

(c)    in Airteagal 3, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘3.    I ndáil leis an Eilvéis, beidh ag ACER na hinniúlachtaí a shanntar dó i gcomhréir le hAirteagail 3 go 10 agus 12 de Rialachán (AE) 2019/942 mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo. Sula ndéanfaidh ACER cinneadh a bhaineann leis an Eilvéis, rachaidh sí i gcomhairle le húdarás inniúil na hEilvéise.’;

(d)    in Airteagal 5(4), cuirtear an méid seo a leanas leis:

‘Le haghaidh Airteagal 9(6)(b) de Rialachán (AE) 2015/1222, beidh feidhm ag an nós imeachta seo a leanas:

A mhéid a bhaineann an leasú ar réigiúin ríofa acmhainneachta le leithdháileadh theorainneacha na hEilvéise ar réigiún sonrach, tá sé de cheart ag an Eilvéis a iarraidh ar an gComhchoiste cinneadh a dhéanamh maidir le leithdháileadh theorainneacha na hEilvéise ar réigiún sonrach a fhormheas.

Mura dtiocfar ar chinneadh ón gComhchoiste laistigh de 6 mhí ón iarraidh sin, déanfaidh ACER cinneadh maidir leis na réigiúin ríofa acmhainneachta i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, agus ábhair imní na hEilvéise á gcur san áireamh.



Má chinneann an Comhchoiste gan leithdháileadh theorainneacha na hEilvéise ar réigiún ar leith a fhormheas, ullmhóidh ACER cinneadh nua agus ábhair imní na hEilvéise á gcur san áireamh.’;

(e)    in Airteagal 21, cuirtear an méid seo a leanas leis:

‘Beidh NRA na hEilvéise rannpháirteach go hiomlán sa Bhord Rialálaithe agus i ngach comhlacht ullmhúcháin eile de chuid ACER, lena n‑áirítear meithleacha, coistí agus tascfhórsaí, maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo. Ní bheidh ceart vótála aige ar an mBord Rialálaithe. Le rialacha nós imeachta inmheánacha an Bhoird Rialálaithe agus leis na rialacha nós imeachta inmheánacha maidir le feidhmiú na meithleacha, tabharfar éifeacht iomlán do rannpháirtíocht NRA na hEilvéise.’;

(f)    in Airteagal 31, cuirtear an méid seo a leanas leis:

‘Beidh an Eilvéis rannpháirteach i maoiniú ACER. Chun na críche sin, beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 49 den Chomhaontú seo.’;

(g)    deonóidh an Eilvéis do ACER agus dá foireann, faoi chuimsiú a bhfeidhmeanna oifigiúla do ACER, na pribhléidí agus na díolúintí dá bhforáiltear san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, atá bunaithe ar Airteagail 1 go 6, 10 go 15, 17 agus 18 de Phrótacal (Uimh. 7). Léirítear tagairtí d’airteagail chomhfhreagracha an Phrótacail idir lúibíní chun críocha faisnéise;



(h)    in Airteagal 39, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘1a.    De mhaolú ar Airteagal 12(2)(a) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, a leagtar síos i Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO 45, 14.6.1962, lch. 1385), lena náirítear aon leasú ina dhiaidh sin, féadfaidh ACER, má chinneann sí amhlaidh, náisiúnaigh Eilvéiseacha a bhfuil a gcearta iomlána mar shaoránaigh á dteachtadh acu a fhostú faoi chonradh. Féadfaidh ACER glacadh le hiasacht saineolaithe ón Eilvéis.’;

(i)    in Airteagal 41(1), cuirtear an méid seo a leanas leis:

‘Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 (‘OJ L 145, 31.5.2001, lch. 43) , maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún, beidh feidhm aige maidir le haon doiciméad de chuid ACER a bhaineann leis an Eilvéis freisin.’;

3.    32020 D 2152: Cinneadh ón gCoimisiún (AE) 2020/2152 an 17 Nollaig 2020 maidir le táillí atá dlite do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh le haghaidh faisnéis arna tuairisciú faoi Rialachán (AE) 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhailiú, a láimhseáil, a phróiseáil agus a anailísiú (IO L 428, 18.12.2020, lch. 68, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/2152/oj)



4.    32019 R 943: Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas. (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/943/oj), arna leasú le:

   32022 R 0869: Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar trasEorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (IO AE L 152, 3.6.2022, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/869/oj)

   32024 R 1747: Rialachán (AE) 2024/1747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar dhearadh an mhargaidh leictreachais san Aontas (IO L, 2024/1747, 26.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1747/oj)

Léifear forálacha Rialachán (AE) 2019/943, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a)    in Airteagal 14(8), cuirtear an méid seo a leanas leis:

‘A mhéid atá sé beartaithe ag an gCoimisiún crios tairisceana a chumhdaíonn críoch na hEilvéise a leasú, cuirfidh sé an dréachtchinneadh faoi bhráid an Chomhchoiste lena fhormheas. Déanfaidh an Comhchoiste cinneadh laistigh de 6 mhí ón dáta a chuirfear isteach é. Mura bhformheasfaidh an Comhchoiste an leasú ar an gcrios tairisceana, lena gcumhdaítear críoch na hEilvéise, ullmhóidh an Coimisiún cinneadh nua agus ábhair imní na hEilvéise á gcur san áireamh.’;



(b)    in Airteagal 15(5), cuirtear an méid seo a leanas leis:

‘A mhéid atá sé beartaithe ag an gCoimisiún crios tairisceana a chumhdaíonn críoch na hEilvéise a leasú, cuirfidh sé an dréachtchinneadh faoi bhráid an Chomhchoiste lena fhormheas. Déanfaidh an Comhchoiste cinneadh laistigh de 6 mhí ón dáta a chuirfear isteach é. Mura bhformheasfaidh an Comhchoiste an leasú ar an gcrios tairisceana, lena gcumhdaítear críoch na hEilvéise, ullmhóidh an Coimisiún cinneadh nua agus ábhair imní na hEilvéise á gcur san áireamh.’;

(c)    déanfaidh údarás inniúil na hEilvéise sásraí acmhainneachta arna dtabhairt isteach ag an Eilvéis a fhormheas. Dá réir sin, i gcás na sásraí acmhainneachta sin, in Airteagal 21(8), cuirtear ‘údarás inniúil na hEilvéise’ in ionad an fhocail ‘Coimisiún’;

(d)    in Airteagal 24(1), cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)    toimhdí a dhéanamh agus sainiúlachtaí an éilimh agus an tsoláthair leictreachais náisiúnta á gcur san áireamh, lena náirítear na saintréithe sin a eascraíonn as an bhfíoras nach Ballstát den Aontas í an Eilvéis, nó as gnéithe a d’fhéadfadh a bheith ábhartha go háirithe maidir le slándáil an tsoláthair san Eilvéis, amhail infhaighteacht laghdaithe fhéideartha cumhachta núicléiche agus gáis le haghaidh giniúint cumhachta i dtíortha comharsanachta, ar choinníoll go ndéanfar na hábhair imní sin a mheas ar bhealach comhréireach réasúnta’;

(e)    beidh na hinniúlachtaí ag an gCoimisiún de bhun Airteagail 34, 63 agus 64 i gcásanna a bhaineann leis an Eilvéis;



(f)    in Airteagal 65(2), cuirtear an méid seo a leanas leis:

‘I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún faisnéis a iarraidh chun críocha an Airteagail seo ar ghnóthas atá lonnaithe san Eilvéis, soláthróidh an Coimisiún iarraidh ar fhaisnéis do NRA na hEilvéise lena n‑áirítear teorainn ama faoina gceanglaítear ar an ngnóthas lena mbaineann an fhaisnéis sin a sholáthar. Iarrfaidh NRA an fhaisnéis sin láithreach ar an ngnóthas lena mbaineann agus áireoidh sé an fhaisnéis de bhun mhír 3 ina iarraidh. Cuirfidh NRA na hEilvéise freagra na ngnóthas lena mbaineann ar aghaidh chuig an gCoimisiún láithreach tar éis dó í a fháil.

Mura soláthraíonn gnóthas an fhaisnéis a iarrtar de bhun an tríú fomhír laistigh den teorainn ama arna leagan síos ag an gCoimisiún nó má sholáthraíonn sé faisnéis neamhiomlán, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar NRA na hEilvéise cinntí a ghlacadh de bhun mhír 5.’;

(g)    in Airteagal 65(5), cuirtear an méid seo a leanas leis:

‘Má iarrann an Coimisiún amhlaidh de bhun mhír 2, ceanglóidh NRA na hEilvéise ar an ngnóthas lena mbaineann trí chinneadh an fhaisnéis a iarradh a sholáthar.’;

(h)    in Airteagal 66(2), cuirtear an méid seo a leanas leis:

‘Má chomhlíontar coinníollacha na míre seo maidir le freagra ar iarraidh ar fhaisnéis arna déanamh ag NRA na hEilvéise de bhun Airteagal 65(2), féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar NRA na hEilvéise cinneadh a ghlacadh de bhun na míre seo maidir leis na gnóthais lena mbaineann.’;



(i)    cuirtear Airteagal nua isteach:

‘Airteagal 66a

Beidh cinntí arna nglacadh ag NRA na hEilvéise de bhun Airteagail 65 agus 66 faoi réir rialú breithiúnach chúirteanna na hEilvéise.’;

(j)    cuirfear Airteagal 7b, Airteagal 12(2) go (7), Airteagal 19a(3) go (9), Airteagail 19e, 19f, 50 agus 63 chun feidhme 3 bliana ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

5.    32010 R 0838: Rialachán (AE) Uimh. 838/2010 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2010 maidir le treoirlínte a leagan síos a bhaineann leis an sásra um chúiteamh idir oibreoirí córais tarchurtha agus cur chuige rialála coiteann maidir le muirearú tarchurtha (IO L 250, 24.9.2010, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/838/oj)

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, beidh na hinniúlachtaí ag an gCoimisiún de bhun Chuid A, pointí 3.3 agus 5.1, den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 838/2010.

6.    32013 R 0543: Rialachán (AE) Uimh. 543/2013 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2013 maidir le sonraí a thíolacadh agus a fhoilsiú i dtaca leis na margaí leictreachais agus lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO AE L 163, 15.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/543/oj), arna leasú le:

   32019 R 943: Rialachán (AE) 2019/943 an 5 Meitheamh 2019 (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54)



7.    32015 R 1222: Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2015 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus maidir le bainistiú ar phlódú (IO L 197, 25.7.2015, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/1222/oj), arna leasú le:

   32021 R 0280: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/280 ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2015/1222, (AE) 2016/1719, (AE) 2017/2195 agus (AE) 2017/1485 chun iad a ailíniú le Rialachán (AE) 2019/943 (IO AE L 62, 23.2.2021, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/1222/oj)

Léifear forálacha Rialachán (AE) 2015/1222, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a)    in Airteagal 1, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘6.    Beidh OCT na hEilvéise agus oibreoirí margaidh rannpháirteach i gcúpláil amháin lá roimh ré agus i gcúpláil amháin ionlae faoi na coinníollacha céanna le OCTanna agus oibreoirí margaidh ón Aontas, a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha teicniúla agus rialála faoin Rialachán seo. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh, ina chinneadh de bhun Airteagal 1(5), go meastar go gcomhlíonann cur chun feidhme an Chomhaontaithe na coinníollacha de réir Airteagal 1(4). Déanfaidh na gníomhaithe uile lena mbaineann na bearta is gá go pras chun go mbeidh an Eilvéis in ann dul isteach sa mhargadhchúpláil laistigh de 9 mí ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe.’;



(b)    maidir leis na téarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí (‘TCManna’) a bhfuil sé beartaithe iad a ghlacadh faoi Rialachán (AE) 2015/1222:

(i)    bíonn OCT na hEilvéise, Oibreoirí Ainmnithe sa Mhargadh Leictreachais (‘OAMLanna’) agus an NRA rannpháirteach i bhforbairt aon TCM nua nó leasaithe, agus cuirfear a mbarúlacha san áireamh agus cinneadh á dhéanamh maidir leis na TCManna;

(ii)    nuair a bheifear ag vótáil agus ag breithniú cé acu a baineadh nó nár baineadh amach tairseacha an Bhallstáit ábhartha nó an daonra ábhartha le haghaidh tromlaigh cháilithe, cuirfear an Eilvéis agus a daonra san áireamh;

(iii)    léifear na tagairtí do ‘réigiúin ina bhfuil níos mó ná cúig Bhallstát’ in Airteagal 9(3), an chéad fhomhír, agus do ‘réigiúin ina bhfuil cúig Bhallstát nó níos lú’ in Airteagal 9(3), an tríú fomhír, mar ‘réigiúin ina bhfuil níos mó ná ceithre Bhallstát de chuid an Aontais agus an Eilvéis’ nó mar ‘réigiúin ina bhfuil ceithre Bhallstát de chuid an Aontais agus an Eilvéis nó níos lú’;

(iv)    nuair a leasaítear leithdháileadh theorainneacha na hEilvéise ar réigiún ríofa acmhainneachta de bhun Airteagal 9(6)(b), beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach faoi Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) 2019/942;

(v)    beidh feidhm ag na TCManna a glacadh cheana ar dháta sínithe an Chomhaontaithe seo san Eilvéis; agus



(vi)    TCManna nua nó leasaithe a ghlacfaidh ACER i gcomhréir leis an nós imeachta a bhunaítear le Rialachán (AE) 2015/1222, déanfaidh NRA na hEilvéise iad a chomhtháthú laistigh de 1 mhí amháin in ord rialála na hEilvéise. Beidh na TCManna infheidhme go sealadach san Eilvéis ó dháta a gcur i bhfeidhm san Aontas. Tiocfaidh deireadh le haon chur i bhfeidhm sealadach nuair a dhéanfaidh NRA na hEilvéise iad a chomhtháthú in ord rialála na hEilvéise.

8.    32016 R 1719: Rialachán (AE) 2016/1719 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2016 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainne fadtréimhseach (IO L 259, 27.9.2016, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1719/oj), arna leasú le:

   32021 R 0280: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/280 ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2015/1222, (AE) 2016/1719, (AE) 2017/2195 agus (AE) 2017/1485 chun iad a ailíniú le Rialachán (AE) 2019/943 (IO AE L 62, 23.2.2021, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/280/oj)

Léifear forálacha Rialachán (AE) 2016/1719, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a)    in Airteagal 1, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘6.    Beidh OCT na hEilvéise agus oibreoirí margaidh rannpháirteach san aon ardán amháin um leithdháileadh faoi na coinníollacha céanna le OCTanna agus oibreoirí margaidh ón Aontas, a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha teicniúla agus rialála faoin Rialachán seo. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh, ina chinneadh de bhun mhír 5, go meastar go gcomhlíonann cur chun feidhme an Chomhaontaithe na coinníollacha de réir mhír 4. Déanfaidh na gníomhaithe uile lena mbaineann na bearta is gá go pras chun go mbeidh an Eilvéis in ann dul isteach sa mhargadhchúpláil laistigh de 9 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe.’;



(b)    maidir leis na téarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí (‘TCManna’) a bhfuil sé beartaithe iad a ghlacadh faoi Rialachán (AE) 2016/1719:

(i)    bíonn OCT na hEilvéise agus NRA rannpháirteach in aon TCM nua nó leasaithe, agus cuirfear a mbarúlacha san áireamh agus cinneadh á dhéanamh maidir leis na TCManna;

(ii)    nuair a bheifear ag vótáil agus ag breithniú cé acu a baineadh nó nár baineadh amach tairseacha an Bhallstáit ábhartha nó an daonra ábhartha le haghaidh tromlaigh cháilithe, cuirfear an Eilvéis agus a daonra san áireamh;

(iii)    léifear na tagairtí do ‘réigiúin ina bhfuil níos mó ná cúig Bhallstát’ in Airteagal 4(3), an chéad fhomhír, agus do ‘réigiúin ina bhfuil cúig Bhallstát nó níos lú’ in Airteagal 4(3), an tríú fomhír, mar ‘réigiúin ina bhfuil níos mó ná ceithre Bhallstát de chuid an Aontais agus an Eilvéis’ nó mar ‘réigiúin ina bhfuil ceithre Bhallstát de chuid an Aontais agus an Eilvéis nó níos lú’;

(iv)    beidh feidhm ag na TCManna a glacadh cheana ar dháta sínithe an Chomhaontaithe seo san Eilvéis; agus

(v)    déanfaidh NRA na hEilvéise TCManna nua nó leasaithe arna nglacadh ag ACER i gcomhréir leis an nós imeachta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/1719 a chomhtháthú laistigh de 1 mhí amháin in ord rialála na hEilvéise. Beidh na TCManna infheidhme go sealadach san Eilvéis ó dháta a gcur i bhfeidhm san Aontas. Tiocfaidh deireadh le haon chur i bhfeidhm sealadach nuair a dhéanfaidh NRA na hEilvéise iad a chomhtháthú in ord rialála na hEilvéise.



9.    32017 R 2195: Rialachán (AE) 2017/2195 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2017 lena mbunaítear treoirlíne maidir le cothromú leictreachais (IO L 312, 28.11.2017, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2195/oj), arna leasú le:

   32021 R 0280: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/280 an 22 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2015/1222, (AE) 2016/1719, (AE) 2017/2195 agus (AE) 2017/1485 chun iad a ailíniú le Rialachán (AE) 2019/943 (IO AE L 62, 23.2.2021, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/1222/oj)

Léifear forálacha Rialachán (AE) 2017/2195, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a)    in Airteagal 1, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘9.    Beidh OCT na hEilvéise agus oibreoirí margaidh rannpháirteach sna hardáin Eorpacha chun táirgí caighdeánacha le haghaidh fuinneamh don chothromú a mhalartú faoi na coinníollacha céanna le OCTanna agus oibreoirí margaidh ón Aontas, a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha teicniúla agus rialála faoin Rialachán seo. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh, ina chinneadh de bhun mhír 7, go meastar go gcomhlíonann cur chun feidhme an Chomhaontaithe na coinníollacha de réir mhír 6. Déanfaidh na gníomhaithe uile lena mbaineann na bearta is gá go pras chun go mbeidh an Eilvéis in ann dul isteach sa mhargadhchúpláil laistigh de 9 mí ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe.’;



(b)    maidir leis na téarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí (‘TCManna’) a bhfuil sé beartaithe iad a ghlacadh faoi Rialachán (AE) 2017/2195:

(i)    bíonn OCT na hEilvéise agus NRA rannpháirteach in aon TCM nua nó leasaithe, agus cuirfear a mbarúlacha san áireamh agus cinneadh á dhéanamh maidir leis na TCManna;

(ii)    nuair a bheifear ag vótáil agus ag breithniú cé acu a baineadh nó nár baineadh amach tairseacha an Bhallstáit ábhartha nó an daonra ábhartha le haghaidh tromlaigh cháilithe, cuirfear an Eilvéis agus a daonra san áireamh;

(iii)    léifear na tagairtí do ‘réigiúin ina bhfuil níos mó ná cúig Bhallstát’ in Airteagal 4(4), agus do ‘réigiúin ina bhfuil cúig Bhallstát nó níos lú’ in Airteagal 4(4), mar ‘réigiúin ina bhfuil níos mó ná ceithre Bhallstát de chuid an Aontais agus an Eilvéis’ nó mar ‘réigiúin ina bhfuil ceithre Bhallstát de chuid an Aontais agus an Eilvéis nó níos lú’;

(iv)    beidh feidhm ag na TCManna a glacadh cheana ar dháta sínithe an Chomhaontaithe seo san Eilvéis; agus

(v)    déanfaidh NRA na hEilvéise TCManna nua nó leasaithe arna nglacadh ag ACER i gcomhréir leis an nós imeachta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/2195 a chomhtháthú laistigh de 1 mhí amháin in ord rialála na hEilvéise. Beidh na TCManna infheidhme go sealadach san Eilvéis ó dháta a gcur i bhfeidhm san Aontas. Tiocfaidh deireadh le haon chur i bhfeidhm sealadach nuair a dhéanfaidh NRA na hEilvéise iad a chomhtháthú in ord rialála na hEilvéise.



10.    32017 R 2196: Rialachán (AE) 2017/2196 ón gCoimisiún 24 Samhain 2017 lena mbunaítear cód líonra maidir le héigeandálaí leictreachais agus athbhunú leictreachais (IO AE L 312, 28.11.2017, lch. 54, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2196/oj)

11.    32016 R 1388: Rialachán (AE) 2016/1388 ón gCoimisiún 17 Lúnasa 2016 lena mbunaítear cód líonra maidir le nascadh éileamh (IO AE L 223, 18.8.2016, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1388/oj)

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, beidh na hinniúlachtaí de bhun Airteagal 51 ag an gCoimisiún.

12.    32016 R 0631: Rialachán (AE) 2016/631 ón gCoimisiún, 14 Aibreán 2016 lena mbunaítear cód líonra i dtaobh ceanglais maidir le gineadóirí a nascadh le heangacha (IO AE L 112, 27.4.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/631/oj)

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, beidh na hinniúlachtaí de bhun Airteagal 61 ag an gCoimisiún.

13.    32016 R 1447: Rialachán (AE) 2016/1447 ón gCoimisiún an 26 Lúnasa 2016 lena mbunaítear cód líonra i dtaobh ceanglais maidir le córas srutha dhírigh ardvoltais agus modúil páirce cumhachta arna gceangal le sruth díreach a nascadh le heangacha (IO AE L 241, 8.9.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1447/oj)

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, beidh na hinniúlachtaí ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 78.



14.    32017 R 1485: Rialachán (AE) 2017/1485 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2017 lena mbunaítear treoirlíne maidir le hoibríocht córas tarchurtha leictreachais (IO AE L 220, 25.8.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1485/oj), arna leasú le:

   32021 R 0280: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/280 an 22 Feabhra 2021 (IO L 62, 23.2.2021, lch. 24)

Léifear forálacha Rialachán (AE) 2017/1485, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a)    maidir leis na téarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí (‘TCManna’) a bhfuil sé beartaithe iad a ghlacadh faoi Rialachán (AE) 2017/1485:

(i)    bíonn OCT na hEilvéise agus NRA rannpháirteach in aon TCM nua nó leasaithe, agus cuirfear a mbarúlacha san áireamh agus cinneadh á dhéanamh maidir leis na TCManna;

(ii)    nuair a bheifear ag vótáil agus ag breithniú cé acu a baineadh nó nár baineadh amach tairseacha an Bhallstáit ábhartha nó an daonra ábhartha le haghaidh tromlaigh cháilithe, cuirfear an Eilvéis agus a daonra san áireamh;

(iii)    léifear na tagairtí do ‘réigiúin ina bhfuil níos mó ná cúig Bhallstát’ in Airteagal 5(5), agus do ‘réigiúin ina bhfuil cúig Bhallstát nó níos lú’ in Airteagal 5(5), mar ‘réigiúin ina bhfuil níos mó ná ceithre Bhallstát de chuid an Aontais agus an Eilvéis’ nó mar ‘réigiúin ina bhfuil ceithre Bhallstát de chuid an Aontais agus an Eilvéis nó níos lú’;



(iv)    beidh feidhm ag an TCM a glacadh cheana ar dháta sínithe an Chomhaontaithe seo san Eilvéis; agus

(v)    déanfaidh NRA na hEilvéise TCManna nua nó leasaithe arna nglacadh ag ACER i gcomhréir leis an nós imeachta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/1485 a chomhtháthú laistigh de 1 mhí amháin in ord rialála na hEilvéise. Beidh na TCManna infheidhme go sealadach san Eilvéis ó dháta a gcur i bhfeidhm san Aontas. Tiocfaidh deireadh le haon chur i bhfeidhm sealadach nuair a dhéanfaidh NRA na hEilvéise iad a chomhtháthú in ord rialála na hEilvéise.



15.    32024 L 01366: Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1366 ón gCoimisiún an 11 Márta 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí chód gréasáin a bhunú i ndáil le rialacha earnáilsonracha maidir le gnéithe cibearshlándála de shreafaí leictreachais trasteorann (IO AE L, 2024/1366, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1366/oj)

Léifear forálacha Rialachán (AE) 2024/1366, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a)    cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 1a

1.    Faoi theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe, bunóidh nó ainmneoidh an Eilvéis na húdaráis agus na comhlachtaí seo a leanas:

(a)    údarás rialtais nó rialála náisiúnta atá freagrach as na cúraimí a shanntar don ‘údarás inniúil’ sa Rialachán seo a chur i gcrích; maidir leis an Eilvéis, léifear tagairtí sa Rialachán seo do ‘údarás inniúil’ mar thagairtí don údarás ainmnithe sin;



(b)    foireann freagartha amháin nó níos mó do theagmhais a bhaineann le slándáil ríomhairí (CSIRTanna) atá freagrach as teagmhais a láimhseáil laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo i gcomhréir le próiseas dea-shainithe; féadfaidh na foirne sin caidrimh chomhair a bhunú le CSIRTanna náisiúnta Bhallstáit an Aontais a mhéid is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm; mar chuid de chaidrimh chomhair den sórt sin, éascóidh an Eilvéis malartú faisnéise éifeachtach, éifeachtúil agus slán leis na CSIRTanna náisiúnta sin, agus úsáid á baint as prótacail ábhartha comhroinnte faisnéise, lena náirítear an prótacal soilse tráchta. Maidir leis an Eilvéis, léifear tagairtí sa Rialachán seo do ‘CSIRT’ mar thagairtí don fhoireann nó do na foirne arna nainmniú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.

Ainmneoidh an Eilvéis ceann dá CSIRTanna mar chomhordaitheoir chun críocha nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí (dá ngairtear ‘CSIRT comhordúcháin’ anseo feasta). Gníomhóidh an CSIRT comhordúcháin mar idirghabhálaí iontaofa, agus éascóidh sé, i gcás inar gá, an idirghníomhaíocht idir an duine nádúrtha nó dlítheanach a thuairiscíonn leochaileacht agus monaróir nó soláthraí na dtáirgí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) nó na seirbhísí TFC a d’ fhéadfadh a bheith leochaileach, arna iarraidh sin do cheachtar de na páirtithe sin. Áireofar an méid seo a leanas ar chúraimí CSIRT comhordúcháin:

(i)    na heintitis lena mbaineann a shainaithint agus teagmháil a dhéanamh leo;



(ii)    cúnamh a thabhairt do na daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil leochaileacht á tuairisciú acu; agus

(iii)    amlínte nochta a chaibidliú, agus leochaileachtaí lena ndéantar difear d’eintitis iomadúla a bhainistiú.

Áiritheoidh an Eilvéis go mbeidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha in ann leochaileacht a thuairisciú, gan ainm i gcás ina n‑iarrann siad amhlaidh, don CSIRT comhordúcháin. Áiritheoidh an CSIRT comhordúcháin go ndéanfar gníomhaíocht leantach dhícheallach maidir leis an leochaileacht a tuairiscíodh, agus áiritheoidh sé anaithnideacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a thuairiscíonn an leochaileacht. I gcás ina bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ag leochaileacht thuairiscithe ar eintitis ní hamháin san Eilvéis ach i mBallstát amháin nó níos mó den Aontas freisin, oibreoidh CSIRT comhordúcháin na hEilvéise, i gcás inarb iomchuí, i gcomhar le CSIRTanna comhordúcháin eile laistigh den líonra CSIRTanna;

(c)    údarás inniúil amháin nó níos mó atá freagrach as teagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála a bhainistiú faoi raon feidhme an Rialacháin seo, lena saineofar plean náisiúnta maidir le freagairt ar theagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála le haghaidh leictreachais ina leagtar amach na cuspóirí agus na socruithe maidir le teagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála a bhainistiú. Maidir leis an Eilvéis, léifear tagairtí sa Rialachán seo do ‘údaráis bainistithe cibirghéarchéime’, ‘údaráis bainistithe cibirghéarchéime NIS’ nó ‘údaráis náisiúnta bainistithe cibirghéarchéime’ mar thagairtí don údarás ainmnithe sin;



(d)    pointe teagmhála a fheidhmíonn feidhm idirchaidrimh chun comhar trasteorann a áirithiú laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo idir údaráis na hEilvéise agus údaráis ábhartha Bhallstáit an Aontais, agus, i gcás inarb iomchuí, leis an gCoimisiún agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (dá ngairtear ‘ENISA’ anseo feasta), agus chun comhar trasearnála a áirithiú le húdaráis inniúla eile laistigh den Eilvéis. Maidir leis an Eilvéis, léifear tagairtí sa Rialachán seo do ‘phointe teagmhála aonair náisiúnta’ mar thagairtí don phointe teagmhála ainmnithe sin;

(e)    údarás inniúil atá freagrach as an gcibearshlándáil. Maidir leis an Eilvéis, léifear tagairtí sa Rialachán seo do ‘údaráis inniúla atá freagrach as cibearshlándáil’ nó ‘CSNCAnna’ mar thagairtí don údarás ainmnithe sin.

2.    Faoi theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe, tabharfaidh an Eilvéis fógra don Choimisiún, do ACER, do ENTSO-E agus don eintiteas AE do OCDanna, agus cuirfidh sí in iúl dóibh ainm agus sonraí teagmhála na núdarás faoi seach dá dtagraítear i mír 1.’;

(b)    maidir leis na téarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí (‘TCManna’) nó pleananna a ndéantar foráil maidir lena nglacadh i Rialachán (AE) 2024/1366:

(i)    glacann OCT na hEilvéise, oibreoirí córais dáileacháin na hEilvéise (OCD) tríd an eintiteas AE do OCDanna agus an túdarás inniúil páirt i bhforbairt aon TCM nó plean nua nó leasaithe, agus cuirfear a mbarúlacha san áireamh agus cinneadh á dhéanamh maidir leis na TCManna;



(ii)    nuair a bheifear ag vótáil ar TCManna nó pleananna agus é á mheas cé acu ar baineadh nó nár baineadh amach tairseacha Ballstáit ábhartha an Aontais nó tairseacha daonra le haghaidh tromlaigh cháilithe, cuirfear an Eilvéis agus a daonra san áireamh;

(iii)    léifear na tagairtí ‘tá níos mó ná cúig Bhallstát sa réigiún oibríochta córais lena mbaineann’ in Airteagal 7(3), mar ‘tá níos mó ná ceithre Bhallstát den Aontas Eorpach agus den Eilvéis sa réigiún oibríochta córas lena mbaineann’;

(iv)    beidh feidhm ag na TCManna a glacadh cheana ar dháta sínithe an Chomhaontaithe seo san Eilvéis;

(v)    TCManna nua nó leasaithe a ghlactar san Aontas i gcomhréir leis an nós imeachta a bhunaítear i Rialachán (AE) 2024/1366, déanfaidh údarás inniúil na hEilvéise iad a chomhtháthú laistigh de 1 mhí amháin in ordú rialála na hEilvéise. Beidh na TCManna infheidhme go sealadach san Eilvéis ó dháta a gcur i bhfeidhm san Aontas. Tiocfaidh deireadh le haon chur i bhfeidhm sealadach nuair a dhéanfaidh údarás inniúil na hEilvéise iad a chomhtháthú in ord rialála na hEilvéise;

(c)    an tagairt in Airteagal 2(6) agus Airteagal 33(2)(a)(i) do Rialachán (AE) 2016/679, maidir leis an Eilvéis, tuigfear í mar thagairt don reachtaíocht ábhartha náisiúnta;

(d)    ní bheidh feidhm ag Airteagal 5, an abairt dheireanach, Airteagal 38(8), Airteagal 41(2), an dara habairt, Airteagail 41(3), Airteagal 41(7) agus Airteagal 43(4);



(e)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 37(4):

‘Má thagann an t‑údarás inniúil ar an eolas faoi leochaileacht neamhphaisteáilte, gan aon fhianaise a bheith ann go bhfuiltear á dúshaothrú go gníomhach go fóill, comhordóidh sé gan moill mhíchuí leis an CSIRT comhordúcháin chun críocha nochtadh comhordaithe na leochaileachta mar a leagtar síos in Airteagal 1a(1)(b) den Rialachán seo.’;

(f)    cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 40(3):

‘I gcás ina gcáilíonn an cibirionsaí mar theagmhas mórscála cibearshlándála nó ina meastar go gcáileoidh sé mar theagmhas mórscála cibearshlándála agus ina ndéanfaidh sé difear don Eilvéis, cuirfidh an grúpa ad hoc um chomhordú géarchéime trasteorann na húdaráis náisiúnta bainistithe cibirghéarchéime san Eilvéis agus i mBallstáit an Aontais a ndéanann an teagmhas difear dóibh, chomh maith leis an gCoimisiún agus an Líonra Eorpach um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibirghéarchéimeanna (‘EU CyCLONe’) ar an eolas láithreach. Sa chás sin, tabharfaidh an grúpa ad hoc um chomhordú géarchéime trasteorann tacaíocht do EU-CyCLONe maidir le sainiúlachtaí earnálacha.’;

(g)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 42(3):

‘Scaipfidh CSIRTanna an fhaisnéis a fhaightear ó ENISA ar na heintitis lena mbaineann gan mhoill.’.



16.    32019 L 0944: Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO AE L 158, 14.6.2019, lch. 125, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/944/oj), arna leasú le:

   32022 R 0869: Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar trasEorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (IO L 152, 3.6.2022, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/869/oj)

   32024 L 1711: Treoir (AE) 2024/1711 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leasaítear Treoracha (AE) 2018/2001 agus (AE) 2019/944 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar dhearadh an mhargaidh leictreachais san Aontas (IO AE L, 2024/1711, 26.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1711/oj)

Léifear forálacha Threoir (AE) 2019/944, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a)    beidh na hinniúlachtaí ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 44(1), Airteagal 63 agus Airteagal 66(1) i gcásanna a bhaineann leis an Eilvéis;

(b)    déanfar Airteagal 6a, Airteagal 7(1) go (2) agus (4) go (5), Airteagal 8, Airteagal 12(1), Airteagal 15, Airteagal 15a(1) go (8), Airteagail 16 agus 23, Airteagal 24(1) agus (3), Airteagail 28 agus 28a, Airteagal 29(1), Airteagal 32, Airteagal 38 agus Airteagal 66a a chur chun feidhme 3 bliana ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo;



(c)    cuirfear Airteagal 35(1) agus (2) chun feidhme maidir le díchuachadh oibreoirí córais dáileacháin a eagraítear faoi dhlí poiblí na hEilvéise 3 bliana ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo;

(d)    feidhmeoidh NRA na hEilvéise na cúraimí a bhaineann le nascadh agus rochtain ar ghréasáin náisiúnta, lena náirítear taraifí tarchurtha agus dáileacháin, de bhun Airteagal 59(1)(a) agus (7)(a) 5 bliana ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo;

(e)    beidh an inniúlacht ag an gComhchoiste de bhun Airteagal 65.

17.    32023 R 1162: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1162 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2023 maidir le ceanglais idir-inoibritheachta agus nósanna imeachta neamhidirdhealaitheacha agus trédhearcacha le haghaidh rochtain ar shonraí méadraithe agus tomhaltais (IO AE L 154, 15.6.2023, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1162/oj)

18.    32011 R 1227: Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO AE L 326, 8.12.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1227/oj), arna leasú le:

   32024 R 1106: Rialachán (AE) 2024/1106 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1227/2011 agus (AE) 2019/942 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar chosaint an Aontais ar chúbláil margaidh sa mhargadh mórdhíola fuinnimh (IO AE L, 2024/1106, 17.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1106/oj)



Léifear forálacha Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a)    in Airteagal 1(2), cuirtear an méid seo a leanas leis:

‘Maidir le díorthaigh leictreachais nach gcumhdaítear le hAirteagal 2(4) agus a ligtear isteach chun a dtrádála ar ionad trádála nó ar shaoráid trádála teicneolaíochta mórleabhar dáilte a bhfuil a hoifig chláraithe san Eilvéis, leanfaidh an Eilvéis de rialacha a chur i bhfeidhm lena dtoirmisctear cúbláil mhargaidh agus trádáil chos istigh lena n‑áirithítear caighdeán cosanta inchomparáide mar atá san Aontas.’;

(b)    in Airteagal 1, cuirtear mír nua isteach:

‘6.    San Eilvéis, níl feidhm ag an Rialachán seo ach amháin maidir le trádáil mhórdhíola le leictreachas ach ní bhaineann sé le hearnáil an gháis’;

(c)    in Airteagal 9, cuirtear isteach mír nua:

‘1a.    Rannpháirtithe sa mhargadh atá cláraithe le NRA na hEilvéise agus le NRA Ballstáit den Aontas araon tráth theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, tabharfaidh siad a noibleagáidí clárúcháin i gcomhréir leis an Airteagal seo.’;

(d)    in Airteagal 13, cuirtear isteach mír nua:

‘8a.    Maidir leis an Eilvéis, déanfaidh an Ghníomhaireacht imscrúduithe trasteorann de bhun Airteagal 13(5) go (8) i ndlúthchomhar gníomhach le NRA na hEilvéise.



I gcomhthéacs imscrúduithe trasteorann den sórt sin, déanfaidh údaráis inniúla na hEilvéise, go háirithe NRA na hEilvéise, bearta imscrúdaitheacha i ndlúthchomhar leis an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 13a, Airteagal 13b(2) agus Airteagal 13c ar chríoch na hEilvéise.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht cuireadh a thabhairt do NRA na hEilvéise bearta imscrúdaitheacha coincréiteacha a dhéanamh agus déanfaidh údaráis inniúla na hEilvéise na bearta sin. Beidh an Ghníomhaireacht rannpháirteach i gcur i gcrích na mbeart arna iarraidh sin di.

Baileoidh NRA na hEilvéise an fhaisnéis is gá chun go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht a himscrúdú go héifeachtach agus roinnfidh sé an fhaisnéis sin leis an nGníomhaireacht gan moill mhíchuí tar éis an beart imscrúdaitheach faoi seach a thabhairt chun críche.

Nuair a bheidh sé beartaithe ag an nGníomhaireacht cumarsáid a dhéanamh le daoine ar chríoch na hEilvéise, lena n‑áirítear chun críche iarrataí ar fhaisnéis faoi Airteagal 13b(1), cuirfidh NRA na hEilvéise an fhaisnéis ábhartha ar aghaidh chuig na daoine sin agus chuig an nGníomhaireacht faoi seach.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht an tuarascáil imscrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(11) a tharraingt suas. Is é NRA na hEilvéise a dhéanfaidh na bearta dá dtagraítear in Airteagal 13(11).”;

(e)    i gcás bearta arna ndéanamh ag údaráis inniúla na hEilvéise de bhun Airteagal 13(8a), léifear an téarma ‘Gníomhaireacht’ in Airteagal 13 g(1) agus (4) mar ‘údarás inniúil na hEilvéise’;



(f)    cuirtear Airteagal nua isteach i ndiaidh Airteagal 13j:

‘Airteagal 13k

Beidh bearta arna nglacadh ag údaráis inniúla na hEilvéise de bhun Airteagal 13(8a) agus Airteagal 13g faoi réir rialú breithiúnach chúirteanna na hEilvéise.”.

19.    32014 R 1348: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2014 maidir le sonraí a thuairisciú i dtaca le cur chun feidhme Airteagal 8(2) agus Airteagal 8(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO AE L 363, 18.12.2014, lch. 121, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/1348/oj)

20.    32012 D 1117(01): Cinneadh ón gCoimisiún an 15 Samhain 2012 lena mbunaítear an Grúpa Comhordaithe Leictreachais (IO C 353, 17.11.2012, lch. 2)



Foscríbhinn

PRIBHLÉIDÍ AGUS DÍOLÚINTÍ

AIRTEAGAL 1

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 1 de Phrótacal (Uimh. 7))

Beidh áitribh agus foirgnimh na Gníomhaireachta dosháraithe. Beidh na háitribh agus na foirgnimh sin díolmhaithe ó chuardach, foréileamh, coigistiú nó díshealbhú. Ní bheidh maoin agus sócmhainní na Gníomhaireachta faoi réir aon bheart comhéigin riarachán ná dlíthiúil gan údarás Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

AIRTEAGAL 2

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 2 de Phrótacal (Uimh. 7))

Beidh cartlann na Gníomhaireachta dosháraithe.

AIRTEAGAL 3

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagail 3 agus 4 de Phrótacal (Uimh. 7))

1.    Beidh an Ghníomhaireacht, a shócmhainní, a ioncam agus a mhaoin eile saortha ó gach cáin dhíreach.



2.    Earraí agus seirbhísí a onnmhairítear chuig an nGníomhaireacht ón Eilvéis le haghaidh a núsáide oifigiúla nó a sholáthraítear don Ghníomhaireacht san Eilvéis, ní bheidh siad faoi réir aon dleacht indíreach ná aon cháin indíreach.

3.    Tabharfar díolúine ó CBL má tá ar a laghad 100 franc Eilvéiseach (lena náirítear cáin) san iomlán i gceist le praghas ceannaigh iarbhír na nearraí agus na seirbhísí a luaitear sa sonrasc nó sa doiciméad comhfhreagrach. Beidh an Ghníomhaireacht díolmhaithe ó gach dleacht chustam, ó gach toirmeasc agus ó gach srian ar allmhairí agus onnmhairí maidir le hearraí le haghaidh a húsáide oifigiúla; ní dhéanfar earraí a allmhaireofar amhlaidh a dhiúscairt, cibé acu ar íocaíocht nó nach ea, san Eilvéis, ach amháin faoi choinníollacha arna bhformheas ag rialtas na hEilvéise.

4.    Deonófar an díolúine ó CBL, ó dhleacht mháil agus ó aon cháin indíreach eile trí bhíthin logha nuair a thíolacfar don soláthróir earraí nó seirbhísí na foirmeacha Eilvéiseacha arna soláthar chun na críche sin.

5.    Ní dheonófar díolúine ar bith i leith cánacha agus dleachtanna nach bhfuil iontu ach táillí as seirbhísí fóntais phoiblí.

AIRTEAGAL 4

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 5 de Phrótacal (Uimh. 7))

Maidir lena cumarsáid oifigiúil agus tarchur a cuid doiciméad uile, gheobhaidh an Ghníomhaireacht san Eilvéis an chóir a thugann an Stát sin do mhisin taidhleoireachta.

Ní bheidh comhfhreagras oifigiúil ná teachtaireachtaí oifigiúla eile de chuid na Gníomhaireachta faoi réir cinsireachta.



AIRTEAGAL 5

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 6 de Phrótacal (Uimh. 7))

Laissez-passer an Aontais a eisítear chuig comhaltaí agus seirbhísigh na Gníomhaireachta, aithneofar iad mar dhoiciméid taistil bhailí laistigh de chríoch na hEilvéise. Eiseofar na laissez-passer sin chuig oifigigh agus seirbhísigh eile faoi choinníollacha arna leagan síos i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais (Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO 45, 14.6.1962, lch. 1385), lena n‑áirítear aon leasú ina dhiaidh sin).

AIRTEAGAL 6

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 10 de Phrótacal (Uimh. 7))

Na hionadaithe do Bhallstáit an Aontais a ghlacann páirt in obair na Gníomhaireacht, beidh acu féin agus ag a gcomhairleoirí agus a saineolaithe teicniúla, i gcomhlíonadh a ndualgas agus le linn a dtaistil go dtí áit an chruinnithe san Eilvéis agus uaidh, na pribhléidí, na díolúintí agus na saoráidí is gnách.



AIRTEAGAL 7

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 11 de Phrótacal (Uimh. 7))

Maidir le hoifigigh agus seirbhísigh eile de chuid na Gníomhaireachta, i gcríoch na hEilvéise agus cibé náisiúntacht atá acu:

(a)    beidh siad díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla i leith gníomhartha a rinne siad ina gcáil oifigiúil, lena náirítear a bhfocail labhartha nó scríofa, faoi réir fhorálacha na gConarthaí a bhaineann leis na rialacha i dtaobh freagracht oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais ar thaobh amháin, agus ar an taobh eile, le dlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun breith a thabhairt ar ábhair atá faoi dhíospóid idir an tAontas agus a oifigigh agus a sheirbhísigh eile. Fanfaidh an díolúine sin acu tar éis scor dá noifig;

(b)    ní bheidh siad féin ná a gcéilí ná daoine cleithiúnacha dá dteaghlaigh faoi réir srianta inimirce ná foirmiúlachtaí chun eachtrannaigh a chlárú;

(c)    tabharfar dóibh, maidir le rialacháin airgid reatha nó mhalairte, na saoráidí céanna is gnách a thabhairt d’oifigigh eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(d)    beidh acu an ceart chun a dtroscán agus a néifeachtaí a allmhairiú saor ó dhleacht, ag dul i mbun a bpoist i gcéaduair dóibh san Eilvéis, agus an ceart chun a dtroscán agus a néifeachtaí a athonnmhairiú saor ó dhleacht ar chríochnú a ndualgas sa tír sin, ach i gceachtar cás díobh faoi réir na gcoinníollacha is riachtanach le rialtas na hEilvéise;



(e)    beidh acu an ceart chun gluaisteán le haghaidh a núsáide pearsanta féin a allmhairiú saor ó dhleacht, más gluaisteán é a fuarthas sa tír dheiridh ina raibh cónaí orthu nó sa tír ar náisiúnaigh di iad, ar théarmaí mhargadh baile na tíre sin, agus é a athonnmhairiú saor ó dhleacht, ach i gceachtar cás díobh faoi réir na gcoinníollacha is riachtanach le rialtas na hEilvéise.

AIRTEAGAL 8

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 12 de Phrótacal (Uimh. 7))

Beidh oifigigh agus seirbhísigh eile na Gníomhaireachta faoi dhliteanas cánach, chun tairbhe don Aontas, ar thuarastail, ar phá agus ar dhíolaíochtaí a íocfaidh an Ghníomhaireacht leo, i gcomhréir leis na coinníollacha agus an nós imeachta a leagtar síos le dlí an Aontais.

Beidh siad díolmhaithe ó chánacha cónaidhme, cantúin agus comhchoiteanna na hEilvéise ar thuarastail, ar phá agus ar dhíolaíochtaí arna n‑íoc ag an nGníomhaireacht.



AIRTEAGAL 9

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 13 de Phrótacal (Uimh. 7))

Maidir le cáin ioncaim, cáin rachmais, agus dleachtanna báis a chur chun feidhme agus maidir le coinbhinsiúin chun cánachas dúbailte a sheachaint a tugadh i gcrích idir an Eilvéis agus Ballstáit den Aontas a chur chun feidhme, oifigigh agus seirbhísigh eile de chuid na Gníomhaireachta a bhunaíonn a n‑áit chónaithe i gcríoch na hEilvéise chun críoch cánach tráth a théann siad isteach i seirbhís na Gníomhaireachta, mar gheall ar chomhlíonadh a ndualgas i seirbhís na Gníomhaireachta agus mar gheall air sin amháin, measfar sa Eilvéis agus sa tír shainchónaithe chun críoch cánach araon gur choinnigh siad a sainchónaí sa tír shainchónaithe sin chun críoch cánach ar choinníoll gur Ballstát den Aontas í. Bainfidh an fhoráil sin le céile freisin, sa mhéid nach bhfuil an céile sin ag gabháil go leithleach do phost sochair, agus le leanaí atá i gcleithiúnas agus faoi chúram na ndaoine dá dtagraítear san Airteagal seo.

Maoin shochorraithe le daoine dá dtagraítear sa chéad mhír agus atá san Eilvéis, beidh sí díolmhaithe ó dhleachtanna báis san Eilvéis; measfar, chun an dleacht sin a mheasúnú, an mhaoin sin a bheith sa tír shainchónaithe chun críocha cánach, faoi réir ceart tríú tíortha agus ar an gcuntar go bhféadfadh sé go gcuirfí chun feidhme forálacha coinbhinsiún idirnáisiúnta ar chánachas dúbailte.

Ní chuirfear san áireamh aon sainchónaí a fuarthas mar gheall ar dhualgais a chomhlíonadh i seirbhís eagraíochtaí idirnáisiúnta eile agus mar gheall air sin amháin agus forálacha an Airteagail seo á gcur i bhfeidhm.



AIRTEAGAL 10

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 14 de Phrótacal (Uimh. 7))

Leagfar síos le dlí an Aontais scéim na sochar slándála sóisialta d’oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais.

Dá bhrí sin, ní bheidh sé d’oibleagáid ar oifigigh ná ar sheirbhísigh eile na Gníomhaireachta a bheith ina gcomhaltaí de chóras slándála sóisialta na hEilvéise ar choinníoll go bhfuil siad cumhdaithe cheana féin ag scéim na sochar slándála sóisialta d’oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais. Baill de theaghlach bhaill foirne na Gníomhaireachta ar cuid dá dteaghlach iad, cumhdófar iad le scéim na sochar slándála sóisialta d’oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais ar choinníoll nach bhfuil siad fostaithe ag fostóir eile seachas an Ghníomhaireacht agus ar choinníoll nach bhfaigheann siad sochair slándála sóisialta ó Bhallstát den Aontas ná ón Eilvéis.

AIRTEAGAL 11

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 15 de Phrótacal (Uimh. 7))

Cinnfear le dlí an Aontais na catagóirí oifigeach agus seirbhíseach eile de chuid na Gníomhaireachta a mbeidh feidhm ag forálacha Airteagail 7, 8 agus 9 maidir leo, go hiomlán nó go páirteach.

Cuirfear ainmneacha, gráid agus seoltaí na n‑oifigeach agus na seirbhíseach eile a áirítear sna haicmí sin in iúl go tréimhsiúil don Eilvéis.



AIRTEAGAL 12

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 17 de Phrótacal (Uimh. 7))

Is chun leasa na Gníomhaireachta agus chuige sin amháin a thabharfar pribhléidí, díolúintí agus saoráidí d’oifigigh agus seirbhísigh eile de chuid na Gníomhaireachta.

Ceanglófar ar an nGníomhaireacht an díolúine a tugadh d’oifigeach nó do sheirbhíseach eile a tharscaoileadh aon uair a mheasfaidh an Ghníomhaireachta nach bhfuil tarscaoileadh na díolúine sin contrártha do leasanna na Gníomhaireachta.

AIRTEAGAL 13

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 18 de Phrótacal (Uimh. 7))

Chun an Fhoscríbhinn seo a chur i bhfeidhm, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhar le húdaráis fhreagracha na hEilvéise nó Bhallstáit an Aontais lena mbaineann.

________________

IARSCRÍBHINN II

CÓRAS IDIRTHRÉIMHSEACH LE hAGHAIDH FORCHOIMEÁDAIS ACMHAINNEACHTA FHADTÉARMACHA ATÁ ANN CHEANA MAIDIR LE hIDIRNASCAIRÍ AG TEORAINNEACHA NA hEILVÉISE

ROINN A

PRIONSABAIL MAIDIR LE CÚITEAMH AIRGEADAIS

AIRTEAGAL 1

Prionsabail ghinearálta agus raon feidhme

1.    Bunaítear leis an Iarscríbhinn seo na prionsabail maidir le sásra idirthréimhseach cúitimh airgeadais do shealbhóirí conarthaí a liostaítear i Roinn B.

2.    Ríomhfar an cúiteamh airgeadais bunaithe ar luach eacnamaíoch na bhforchoimeádas acmhainneachta do shealbhóirí conartha, arna ríomh de bhun Airteagal 2.

3.    Deonófar an cúiteamh airgeadais le haghaidh na hidirthréimhse a leagtar amach in Airteagal 8(1) den Chomhaontú seo.



4.    Sula mbeidh an Eilvéis rannpháirteach i gcúpláil amháin lá roimh ré, sealbhóirí conartha ar mian leo an cúiteamh airgeadais a fháil, gheobhaidh siad an acmhainneacht trasteorann is gá trí cheant a dhéanfaidh an Oifig um Leithdháileadh Comhpháirteach , i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme arna leagan amach ag an Oifig um Leithdháileadh Comhpháirteach. Ní bheidh sealbhóirí conartha i dteideal cúitimh mura néiríonn leo an acmhainneacht is gá a fháil trí phróiseas an cheant.

5.    A luaithe a rachaidh an Eilvéis isteach i gcúpláil amháin lá roimh ré, léireoidh na sealbhóirí conarthaí ar mian leo cúiteamh airgeadais a fháil gur glacadh lena dtairiscint sa phróiseas lá amháin roimh ré i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2015/1222 an 24 Iúil 2015 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú (IO L 197, 25.7.2015, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/1222/oj).

AIRTEAGAL 2

An cúiteamh airgeadais a ríomh

1.    Ríomhfar an cúiteamh airgeadais bunaithe ar mhéid cúitimh (in MW le haghaidh uair an chloig ar leith) mar a shainmhínítear i míreanna 2 agus 3, arna iolrú faoi phraghas cúitimh (in euro/MWh), mar a shainmhínítear i mír 4.



2.    Is éard a bheidh sa mhéid cúitimh le haghaidh gach conartha:

(a)    le linn na tréimhse sular tháinig an Eilvéis isteach sa chúpláil amháin lá roimh ré, an toilleadh (in MW ar feadh uair an chloig ar leith) a leithdháiltear ar an sealbhóir conartha sa phróiseas ceantála; agus an cúiteamh á éileamh, soláthróidh na sealbhóirí conarthaí cruthúnas go bhfuarthas agus gur úsáideadh acmhainneacht suas le méid an chonartha ag an teorainn agus go bhfuil an tsuiteáil giniúna ar fáil san aonad ama margaidh i gceist.

(b)    tar éis don Eilvéis dul isteach sa chúpláil amháin lá roimh ré, toirt na tairisceana rathúla (in MW ar feadh uair an chloig ar leith) sa phróiseas cúplála amháin lá roimh ré sa chrios tairisceana faoi seach, suas le huasmhéid na gconarthaí; agus an cúiteamh airgeadais á éileamh, seachadfaidh na sealbhóirí conartha cruthúnas ar mhéid na tairisceana rathúla agus ar infhaighteacht na suiteála giniúna san aonad ama margaidh faoi seach.

3.    In aon bhliain ar leith, laghdófar méid an chúitimh de bhun mhír 2 go dtí na céatadáin seo a leanas:

   74.3 % don treo ón bhFrainc go dtí an Eilvéis sa gheimhreadh (1 Deireadh Fómhair go 30 Aibreán) agus 68.5 % sa samhradh (1 Bealtaine go dtí an 30 Meán Fómhair);

   93.9 % don treo ón Eilvéis go dtí an Fhrainc sa gheimhreadh (1 Deireadh Fómhair go 30 Aibreán) agus 100 % sa samhradh (1 Bealtaine go dtí an 30 Meán Fómhair).

4.    Déanfar an praghas cúitimh a ríomh ex post mar an difríocht dhearfach sa phraghas idir praghsanna imréitigh margaidh lá roimh ré na hEilvéise agus na Fraince, agus treo an fhorchoimeádais acmhainneachta stairiúla á cur san áireamh, a eascraíonn as an toradh ar an margadh sa chreat ama lá roimh ré, arna ríomh le haghaidh gach aonaid ama margaidh ar leithligh. I gcás ina bhfuil an difríocht sa phraghas diúltach, ní íocfar aon chúiteamh.



5.    Déanfar méid an chúitimh a ríomhfar de bhun mhíreanna 1 go 4 a laghdú tuilleadh 20 % chun ranníocaíocht na sealbhóirí conartha le costais chothabhála agus chaipitil na heangaí a chur san áireamh.

6.    I gcás ina sáraíonn na híocaíochtaí cúitimh iomlána le sealbhóirí conartha arna ríomh de bhun mhíreanna 1 go 5 an tioncam ó phlódú ó theorainn na Fraince-na hEilvéise nó a shanntar di, laghdófar na híocaíochtaí cúitimh go comhréireach do gach sealbhóir conartha chun a áirithiú nach sáróidh na híocaíochtaí cúitimh iomlána an tioncam ó phlódú atá ar fáil.

7.    Íocfar an cúiteamh airgeadais iomlán do gach sealbhóir conartha arna ríomh de bhun an Airteagail seo leis na sealbhóirí conartha ex post ar bhonn míosúil.

AIRTEAGAL 3

An cúiteamh a mhaoiniú

Déanfar an cúiteamh airgeadais de bhun Airteagal 2 a mhaoiniú leis an ioncam ó phlódú a ghintear trí leithdháileadh acmhainneachta ar theorainn na Fraince-na hEilvéise, mar a fhaightear ó cheant acmhainneachta ag an teorainn sin a dhéanann an Oifig um Leithdháileadh Comhpháirteach nó a shanntar don teorainn trí chur i bhfeidhm na modheolaíochta maidir le Dáileadh Ioncaim ó Phlódú.



AIRTEAGAL 4

Cur chun feidhme, faireachán agus réiteach díospóidí

1.    Comhaontóidh NRAnna na Fraince agus na hEilvéise, i gcás inar gá, nósanna imeachta chun na rialacha san Iarscríbhinn seo a chur chun feidhme laistigh de 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Tabharfaidh siad fógra faoi dhréacht de na nósanna imeachta do ACER, don Choimisiún agus don Chomhchoiste 2 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

2.    Beidh NRAnna na Fraince agus na hEilvéise freagrach as a fhíorú go gcomhlíonann OCTanna agus sealbhóirí conarthaí na nósanna imeachta arna bhforbairt de bhun mhír 1, lena náirítear go bhfuil an cúiteamh a dheonaítear do shealbhóirí conarthaí teoranta do na conarthaí a liostaítear i Roinn B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. Seolfaidh siad tuarascáil bhliantúil maidir le cur i bhfeidhm an tsásra idirthréimhsigh chuig ACER agus chuig an gComhchoiste faoin 1 Márta den bhliain dár gcionn.

3.    I gcás nach dtiocfaidh na NRAnna ar chomhthoil maidir leis na nósanna imeachta de bhun mhír 1 laistigh de 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, féadfaidh an Eilvéis an tsaincheist a tharchur chuig an gComhchoiste a dhéanfaidh cinneadh maidir leis na nósanna imeachta cur chun feidhme laistigh de 6 mhí ó dháta an tarchuir sin.

4.    D’ainneoin mhíreanna 1 go 3, beidh sé de cheart ag sealbhóirí conartha an cúiteamh airgeadais a fháil ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo go dtí deireadh na hidirthréimhse.



ROINN B

CONARTHAÍ FADTÉARMACHA MAIDIR LE FORCHOIMEÁDAS ACMHAINNEACHTA LE CÚITEAMH AIRGEADAIS

Treo

Ainm an Chonartha

Teicneolaíocht

Dáta Deiridh Uasta

FR => CH

EOS CNP Cattenom 3 / 4

Fuinneamh núicléach

Deireadh ghníomhaíocht giniúna na n‑aonad

FR => CH

NOK 94 / EDF 95

Fuinneamh núicléach

30.9.2036

FR => CH

EDL Cattenom 3 / 4

Fuinneamh núicléach

Deireadh ghníomhaíocht giniúna na n‑aonad

FR => CH

EDL 2000

Fuinneamh núicléach

31.12.2039

FR => CH

Rannpháirtíocht Bugey 2

Fuinneamh núicléach

Deireadh ghníomhaíocht giniúna an aonaid

FR => CH

Gníomhaíocht Bugey 3

Fuinneamh núicléach

Deireadh ghníomhaíocht giniúna an aonaid

FR => CH

EOS Cleuson Dixence

Cumhacht hidrileictreach

30.4.2030

CH => FR

EOS Cleuson Dixence

Cumhacht hidrileictreach

30.4.2030

FR => CH

Emosson Pompage

Cumhacht hidrileictreach

Deireadh ghníomhaíocht giniúna an aonaid

CH => FR

Emosson Turbine

Cumhacht hidrileictreach

Deireadh ghníomhaíocht giniúna an aonaid



ROINN C

GLÉASRAÍ HIDREACHUMHACHTA A CHAOMHNAÍONN FORCHOIMEÁDAIS ACMHAINNEACHTA
NACH MÓ NÁ 65 MW

Treo

Ainm an ghléasra cumhachta

Forchoimeádas Acmhainneachta Uasta [MW]

Dáta Deiridh Uasta

FR => CH

Kembs

35

Deireadh an lamháltais (31.12.2035)

FR => CH

FM Chatelot

15

Deireadh an lamháltais (31.12.2028)

CH => FR

FM Chatelot

30

Deireadh an lamháltais (31.12.2028)

AT => CH

GKW Inn

13,3

Deireadh an lamháltais
(tar éis 2050)

CH => IT

Kraftwerke Hinterrhein

65

Deireadh an lamháltais (31.12.2042)

FR => CH

Bagnes Martigny (Champsec)

2

Deireadh an lamháltais (31.12.2041)

CH => FR

Forces Motrices de Mauvoisin

41

Deireadh an lamháltais (31.12.2041)

________________

IARSCRÍBHINN III

STÁTCHABHAIR

DÍOLÚINTÍ AGUS SOILÉIRITHE

ROINN A

BEARTA ATÁ COMHOIRIÚNACH D’FHEIDHMIÚ CUÍ
AN MHARGAIDH INMHEÁNAIGH,

DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 13(2), POINTE (c)

1.    Beidh na bearta seo a leanas san Eilvéis atá ann cheana comhoiriúnach d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus ní bheidh siad faoi réir Airteagal 14(3), pointe (b):

(a)    deontais infheistíochta le haghaidh giniúint leictreachais ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite de réir Airteagail 25 go 29 den Acht Fuinnimh 2 (dá ngairtear ‘EnG’ anseo feasta), lena náirítear díolúine shealadach ó ríchíosanna uisce de réir Airteagal 50a den Acht um Hidreachumhacht) 3 ;

(b)    conarthaí difríochta le haghaidh giniúint leictreachais ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite i gcomhréir le hAirteagail 29a go 29e EnG;

(c)    ranníocaíocht an chostais oibriúcháin le haghaidh bithmhaise de réir Airteagal 33a EnG;

(d)    ráthaíochtaí geoiteirmeacha de réir Airteagal 33 EnG;



(e)    cúiteamh as bearta sreafa iarmharaigh de réir Airteagal 80(2) den Acht um Chosaint Uisce 4 ; agus

(f)    cúiteamh as bearta athchóirithe éiceolaíocha a bhaineann le hidreachumhacht (hidrea-bhuaice, iompar dríodair agus imirce iascaireachta) de réir Airteagal 34 EnG. 

2.    Geallann údaráis na hEilvéise, ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, nach féidir cabhair nua a dheonú do shuiteálacha nach soláthraítear maolú dóibh de bhun Airteagal 5(2), pointe (b) nó Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) 2019/943 5 le haghaidh táirgeadh leictreachais faoi na bearta a luaitear i bpointe 1 ach amháin más rud é:

   go gceanglaítear orthu a dtáirgeadh leictreachais a dhíol ar an margadh;

   nár tugadh dreasacht dóibh chun a naschur a thairiscint faoi bhun a gcostas imeallach agus mura tugadh cabhair oibriúcháin dóibh le haghaidh táirgthe in aon tréimhse ina bhfuil margadhluach na táirgeachta sin diúltach.

3.    Scoirfidh forálacha phointe 1, (a) agus (b) d’fheidhm a bheith acu 10 mbliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, agus scoirfidh forálacha phointí 1, (c) go (f) d’fheidhm a bheith acu 6 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Tar éis do na teorainneacha ama sin dul in éag, áireoidh Údarás Faireacháin na hEilvéise na bearta sin ina athbhreithniú leanúnach faoi Airteagal 15(4).



ROINN B

CATAGÓIRÍ CABHRACH A D’FHÉADFAÍ A MHEAS
A BHEITH COMHOIRIÚNACH LE FEIDHMIÚ CUÍ

AN MHARGAIDH INMHEÁNAIGH,

DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 13(3), POINTE (e)

Féadfar a mheas go bhfuil na catagóirí cabhrach seo a leanas i gcomhréir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh:

[…]



ROINN C

BLOCDHÍOLÚINTÍ, DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 13(4)

Toimhdeofar go bhfuil cabhair comhoiriúnach le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus beidh díolúine aici ó na ceanglais maidir le fógra a thabhairt faoi Airteagal 14, má dheonaítear í i gcomhréir leis na coinníollacha substainteacha a leagtar amach sna forálacha seo a leanas:

(a)    Caibidlí I agus III de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO AE L 187, 26.6.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/651/oj), arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) 2023/1315 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh agus Rialachán (AE) 2022/2473 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh, i bpróiseáil agus i margú táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO AE L 167, 30.6.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1315/oj);

(b)    Airteagail 1 go 6 de Chinneadh ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2011 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 106(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le Státchabhair i bhfoirm cúiteamh seirbhíse poiblí arna dheonú do ghnóthais áirithe a gcuirtear ar a niontaoibh seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a oibriú (IO L 7, 11.1.2012, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2832/oj).



ROINN D

CABHAIR DE MINIMIS, DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 13(6)

Beidh an bhrí chéanna ag ‘cabhair de minimis’ is atá aici i Rialachán (AE) Uimh. 2023/2831 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis (IO AE L, 2023/2831, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2831/oj).

Maidir le cabhair a dheonaítear do ghnóthais a gcuirtear ar a n‑iontaoibh seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a oibriú, beidh ag ‘cabhair de minimis’ an bhrí atá aici i Rialachán (AE) 2023/2832 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2023 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cabhair de minimis a dheonaítear do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (IO L, 2023/2832, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2382/oj).

________________

IARSCRÍBHINN IV

STÁTCHABHAIR

GNÍOMHARTHA GINEARÁLTA AGUS EARNÁLA IS INFHEIDHME SAN AONTAS EORPACH

DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 14(2)

ROINN A

GNÍOMHARTHA GINEARÁLTA AGUS EARNÁLA

(1)    Chun críocha Chuid III agus de bhun Airteagal 14(2) den Chomhaontú seo, cuirfidh an tAontas na gníomhartha seo a leanas i bhfeidhm:

(a)    Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO AE L 248, 24.9.2015, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/1589/oj);

(b)    Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO AE L 140, 30.4.2004, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/794/oj), arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) 2016/2105 ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2016 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 a mhéid a bhaineann leis an bhfoirm atá le húsáid chun fógra a thabhairt faoi Státchabhair d’earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe (IO AE L 327, 2.12.2016, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2105/oj);



(c)    Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO AE L 187, 26.6.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/651/oj), arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) 2023/1315 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh agus Rialachán (AE) 2022/2473 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh, i bpróiseáil agus i margú táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO AE L 167, 30.6.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1315/oj);

(d)    Cinneadh ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2011 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 106(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le Státchabhair i bhfoirm cúiteamh seirbhíse poiblí arna dheonú do ghnóthais áirithe a gcuirtear ar a niontaoibh seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a oibriú (IO AE L 7, 11.1.2012, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2012/21(1)/oj);

(e)    Rialachán (AE) 2023/2831 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cabhair de minimis (IO AE L, 2023/2831, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2831/oj);

(f)    Rialachán (AE) 2023/2832 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 maidir le hAirteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar chabhair de minimis arna deonú do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí ar lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (IO AE L, 2023/2832, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2832/oj).



(2)    Chun críocha Chuid III agus de bhun Airteagal 14(3) den Chomhaontú seo, déanfaidh an Eilvéis córas faireachais Státchabhrach a bhunú agus a choinneáil ar bun lena náiritheofar ag gach tráth leibhéal faireachais agus forfheidhmithe atá coibhéiseach leis an leibhéal a chuireann an tAontas i bhfeidhm, mar a leagtar amach in Airteagal 14(2) agus i bpointe (1) den Roinn seo.

ROINN B

TREOIRLÍNTE, TEACHTAIREACHTAÍ
AGUS CLEACHTAS CINNTEOIREACHTA AN CHOIMISIÚIN

(1)    Chun críocha Chuid III agus de bhun Airteagal 14(3) den Chomhaontú seo, tabharfaidh údarás faireachais na hEilvéise agus na húdaráis bhreithiúnacha inniúla san Eilvéis aird chuí ar na treoirlínte agus na teachtaireachtaí ábhartha atá ina gceangal ar an gCoimisiún, agus leanfaidh siad a mhéid is féidir iad, chomh maith lena chleachtas cinnteoireachta, chun leibhéal faireachais agus forfheidhmithe atá coibhéiseach le leibhéal an Aontais a áirithiú.

(2)    Tabharfaidh an Coimisiún fógra don Chomhchoiste faoi na treoirlínte agus na teachtaireachtaí a mheasann sé a bheith ábhartha faoin gComhaontú seo, agus foilseoidh sé na treoirlínte agus na teachtaireachtaí sin.

________________

IARSCRÍBHINN V

COMHSHAOL

Is iad seo a leanas na gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 20 agus Airteagal 27(3) den Chomhaontú seo:

1.    32011 L 0092: Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO AE L 26, 28.1.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/92/oj), arna leasú le:

   32014 L 0052: Treoir 2014/52/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leasaítear Treoir 2011/92/AE maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO AE L 124, 25.4.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/52/oj).

2.    32001 L 0042: Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/42/oj).

3.    32016 L 0802: Treoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le laghdú ar an gcion sulfair i leachtbhreoslaí áirithe (IO L 132, 21.5.2016, lch. 58, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/802/oj).



4.    32010 L 0075: Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO AE L 334, 17.12.2010, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2010/75/oj).

5.    32009 L 0147: Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO AE L 20, 26.1.2010, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/147/oj), arna leasú le:

   32013 L 0017: Treoir 2013/17/AE ón gComhairle an 13 Bealtaine 2013 lena noiriúnaítear treoracha áirithe i réimse an chomhshaoil, de bharr aontachas Phoblacht na Cróite (IO AE L 158, 10.6.2013, lch. 193, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/17/oj),

   32019 R 1010: Rialachán (AE) 2019/1010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le hoibleagáidí tuairiscithe a ailíniú i réimse na reachtaíochta a bhaineann leis an gcomhshaol, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 166/2006 agus (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/49/CE, 2004/35/CE, 2007/2/CE, 2009/147/CE agus 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 338/97 agus (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle, agus Treoir 86/278/CEE ón gComhairle (IO AE L 170, 25.6.2019, lch. 115, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1010/oj).



6.    32004 L 0035: Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (IO AE L 143, 30.4.2004, lch. 56, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2004/35/oj), arna leasú le:

   32006 L 0021: Treoir 2006/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le dramhaíl ó na tionscail eastóscacha a bhainistiú agus lena leasaítear Treoir 2004/35/CE (IO AE L 102, 11.4.2006, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/21/oj),

   32009 L 0031: Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO AE L 140, 5.6.2009, lch. 114, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/31/oj),

   32013 L 0030: Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le sábháilteacht oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta agus lena leasaítear Treoir 2004/35/CE (IO AE L 178, 28.6.2013, lch. 66, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/30/oj),



   32019 R 1010: Rialachán (AE) 2019/1010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le hoibleagáidí tuairiscithe a ailíniú i réimse na reachtaíochta a bhaineann leis an gcomhshaol, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 166/2006 agus (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/49/CE, 2004/35/CE, 2007/2/CE, 2009/147/CE agus 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 338/97 agus (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle, agus Treoir 86/278/CEE ón gComhairle (IO AE L 170, 25.6.2019, lch. 115, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1010/oj).

________________

IARSCRÍBHINN VI

FUINNEAMH IN‑ATHNUAITE

Mura bhforáiltear a mhalairt in oiriúnuithe teicniúla,

   na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear sna gníomhartha dlí a leagtar amach san Iarscríbhinn seo le haghaidh Bhallstáit an Aontais, tuigfear go ndéanfar foráil maidir leo don Eilvéis;

   na tagairtí do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ina gcónaí nó atá bunaithe i mBallstáit den Aontas sna gníomhartha sin, tuigfear go náirítear iontu tagairtí do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ina gcónaí nó atá bunaithe san Eilvéis.

Cuirfear an méid sin i bhfeidhm agus lánurraim á tabhairt do na forálacha institiúideacha atá i gCuid V den Chomhaontú seo.



GNÍOMHARTHA DÁ dTAGRAÍTEAR

1.    32018 L 2001: Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO AE L 328, 21.12.2018, lch. 82, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/2001/oj), arna leasú le:

   32023 L 2413: Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn, agus lena naisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle (IO AE L, 2023/2413, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2413/oj),

   32022 R 0759: Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/759 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le modheolaíocht chun méid an fhuinnimh inathnuaite a úsáidtear le haghaidh an fhuaraithe agus fuarú ceantair a ríomh (IO AE L 139, 18.5.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/759/oj),

   32024 L1711: Treoir (AE) 2024/1711 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leasaítear Treoracha (AE) 2018/2001 agus (AE) 2019/944 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar dhearadh an mhargaidh leictreachais san Aontas (IO L, 2024/1711, 26.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1711/oj).



Léifear forálacha Threoir (AE) 2018/2001, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a)    in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas leis:

‘Ní bheidh feidhm ag an sainmhíniú ar théarma ach amháin má úsáidtear an téarma sin i bhforáil atá ionchorpraithe in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Eilvéis maidir le leictreachas.’;

(b)    déantar Airteagal 3 a oiriúnú mar a leanas:

(i)    ní bheidh feidhm ag mír 1;

(ii)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘Socróidh an Eilvéis sprioc tháscach de sciar 48.4 % d’fhuinneamh in‑athnuaite ina holltomhaltas deiridh fuinnimh in 2030. Déanfaidh an Comhchoiste an sprioc sin a oiriúnú le haghaidh na dtréimhsí tar éis 2030, agus an sprioc is infheidhme san Aontas á cur san áireamh. Foilseoidh an Eilvéis faisnéis agus cuirfidh sí an Comhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Eilvéis ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta i dtreo na sprice sin agus faoi chur chun feidhme Airteagail 19 agus 26 go 31a de Threoir (AE) 2018/2001 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gComhaontú sin gach 2 bhliain ar a laghad.’;

(iii)    i mír 3c, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)    lomáin sáibh, lomáin veiníre, lomáin chruinne de ghrád tionsclaíoch, stumpaí agus fréamhacha a úsáid chun leictreachas a tháirgeadh.’



(iv)    ní bheidh feidhm ag mír 3c, pointe (b), ná ag míreanna 4, 5 agus 6;

(v)    déantar mír 4a a oiriúnú mar a leanas:

‘4a.    Bunóidh an Eilvéis creat, lena bhféadfar scéimeanna tacaíochta agus bearta a áireamh lena néascófar glacadh comhaontuithe ceannacháin cumhachta inathnuaite, lena gcumasófar leictreachas inathnuaite a chur in úsáid go leibhéal atá comhsheasmhach leis an sprioc náisiúnta dá dtagraítear i mír 2. Go háirithe, rachaidh an creat sin i ngleic leis na bacainní atá fós ann ar ardleibhéal soláthair leictreachais inathnuaite, agus ar fhorbairt an bhonneagair tarchurtha, dáileacháin agus stórála is gá, lena náirítear stóráil fuinnimh chomhshuite. Le linn dóibh an creat sin a dhearadh, cuirfidh an Eilvéis san áireamh an leictreachas inathnuaite breise is gá chun freastal ar an éileamh in earnálacha an iompair, na tionsclaíochta, na tógála, agus an téimh agus an fhuaraithe agus maidir le táirgeadh breoslaí inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch’;

(c)    Ní bheidh feidhm ag Airteagal 5;

(d)    ní bheidh feidhm ag Airteagail 8 go 14;

(e)    ní bheidh feidhm ag Airteagal 15 ná ag Airteagail 15b go 16f; ina ionad sin, déanfaidh an Eilvéis rialacha inchomparáide a choinneáil ar bun agus a bhunú chun an sprioc a bhaint amach maidir lena sciar leictreachais ó fhuinneamh inathnuaite a mhéadú. Áirítear ar na rialacha sin:

(i)    limistéir a shannadh inar féidir gléasraí chun leictreachas a tháirgeadh ó fhuinneamh inathnuaite a thógáil,

(ii)    rannpháirtíocht an phobail,



(iii)    nósanna imeachta tapa agus éifeachtúla maidir le ceadanna a dheonú,

(iv)    stádas iomchuí leasa phoiblí maidir le foinsí fuinnimh inathnuaite;

(f)    ní bheidh feidhm ag Airteagal 15a;

(g)    Ní bheidh feidhm ag Airteagal 17;

(h)    ní bheidh feidhm ag Airteagal 18(1), (2) agus (4) go (6);

(i)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18(3):

‘Bunóidh an Eilvéis creat chun líon leordhóthanach suiteálaithe oilte agus cáilithe a áirithiú maidir le (i) gach cineál córas téimh agus fuaraithe in‑athnuaite i bhfoirgnimh, sa tionsclaíocht agus sa talmhaíocht, (ii) córais fhótavoltacha ghréine, lena n‑áirítear stóráil fuinnimh, agus (iii) pointí athluchtaithe lena gcumasaítear freagairt don éileamh chun freastal ar fhás an fhuinnimh in‑athnuaite is gá chun an sprioc a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 3(2) a bhaint amach.’;

(j)    ní chuirfidh an Eilvéis Airteagal 19 i bhfeidhm maidir le fuinneamh seachas leictreachas a tháirgtear ó lomáin sábhadóireachta, lomáin veiníre, lomáin chruinne de ghrád tionsclaíoch, stumpaí agus fréamhacha;

(k)    ní bheidh feidhm ag Airteagal 20 ná ag Airteagal 20a(3) agus (4);

(l)    beidh feidhm ag Airteagal 20a(1), (2) agus (5) 3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo;



(m)    ní bheidh feidhm ag Airteagail 21 agus 22; ina ionad sin, déanfaidh an Eilvéis rialacha inchomparáide a choinneáil ar bun agus a bhunú maidir le féintomhaltóirí inathnuaite agus comhphobail fuinnimh inathnuaite i réimse an leictreachais;

(n)    ní bheidh feidhm ag Airteagail 22a go 25;

(o)    in Airteagal 26, cuirtear an méid seo a leanas leis:

‘Féadfaidh an Eilvéis a sciar de bhithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bharra bia agus beatha a shocrú ag 0 %.’;

(p)    Ní bheidh feidhm ag Airteagal 27(1) go (5);

(q)    Ní bheidh feidhm ag Airteagail 28(6) agus (7);

(r)    ní bheidh feidhm ag Airteagal 29 (7a) ná (7b).

(s)    ní bheidh feidhm ag Airteagal 29a(2);



(t)    leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:

(i)    i mír 1, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘I gcás ina bhfuil breoslaí in‑athnuaite le háireamh sna spriocanna dá dtagraítear in Airteagal 3(2), ceanglóidh na Ballstáit ar oibreoirí eacnamaíocha a thaispeáint, trí bhíthin iniúchtaí éigeantacha neamhspleácha agus trédhearcacha, i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 8 den Airteagal seo, gur comhlíonadh na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus in Airteagal 29a(1) le haghaidh breoslaí in‑athnuaite. Chuige sin, ceanglóidh siad ar oibreoirí eacnamaíocha úsáid a bhaint as córas cothromúcháin maise ar fíor an méid seo a leanas ina leith:’;

(ii)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.    I gcás ina bpróiseáiltear coinsíneacht, déanfar oiriúnú ar an bhfaisnéis faoi na hairíonna inbhuanaitheachta agus faoi na hairíonna maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus sannfar í don aschur i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

(a)    i gcás nach mbíonn de thoradh ar an bpróiseáil a dhéantar ar choinsíneacht amhábhair ach aschur amháin atá beartaithe chun bithbhreoslaí, bithleachtanna nó breoslaí bithmhaise, nó breoslaí inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgeadh, oiriúnófar méid na coinsíneachta agus cainníochtaí gaolmhara na nairíonna inbhuanaitheachta agus na nairíonna maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa trí fhachtóir coinbhéartachta a chur i bhfeidhm, is é sin an choibhéis atá idir mais an aschuir atá beartaithe do tháirgeadh den sórt sin agus mais an amhábhair atá á thabhairt isteach sa phróiseas;



(b)    i gcás ina mbíonn de thoradh ar an bpróiseáil a dhéantar ar choinsíneacht amhábhair níos mó ná aschur amháin atá beartaithe chun bithbhreoslaí, bithleachtanna nó breoslaí bithmhaise, nó breoslaí inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgeadh, cuirfear fachtóir tiontaithe ar leithligh i bhfeidhm ar gach aschur agus úsáidfear cothromaíocht mhaise ar leithligh.’;

(iii)    i mír 3, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad na chéad abairte:

‘1.    Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go dtíolacfaidh oibreoirí faisnéis iontaofa faoi chomhlíonadh na gcritéar maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus Airteagal 29a(1), agus chun a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha ar fáil don Bhallstát ábhartha, arna iarraidh sin dó, na sonraí a úsáideadh chun an fhaisnéis sin a fhorbairt.’;

(iv)    i mír 3, an dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad na chéad abairte:

‘Beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos sa mhír seo gan beann ar cé acu a tháirgtear nó nach dtáirgtear breoslaí in‑athnuaite laistigh den Aontas nó a allmhairítear isteach san Aontas iad.’;

(v)    i mír 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

‘10.    Arna iarraidh sin don Eilvéis, ar iarraidh í a fhéadfar a bheith bunaithe ar iarraidh ó oibreoir eacnamaíoch, scrúdóidh an Coimisiún, ar bhonn na fianaise uile atá ar fáil, ar comhlíonadh na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus in Airteagal 29a(1) i ndáil le foinse breoslaí inathnuaite.’;



(vi)    i mír 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

‘(a)    na breoslaí inathnuaite ón bhfoinse sin a chur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 29(1), an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c); nó

(b)    de mhaolú ar mhír 9, a cheangal ar sholáthróirí fhoinse na mbreoslaí inathnuaite tuilleadh fianaise a sholáthar faoi chomhlíonadh na gcritéar sin maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus faoi chomhlíonadh na dtairseach sin maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa.’;

(u)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 31a(1):

‘Faoin 21 Samhain 2024, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear bunachar sonraí de chuid an Aontais ar bun chun gur féidir breoslaí in‑athnuaite leachtacha agus gásacha a rianú (‘bunachar sonraí an Aontais’).’;

(v)    ní bheidh feidhm ag Airteagail 32 go 39;

(w)    ní bheidh feidhm ag Iarscríbhinní I, IA, IV agus VIII;

(x)    ní bheidh feidhm ag Cuid A, pointí (a) agus (p), d’Iarscríbhinn IX;

(y)    ní bheidh feidhm ag Iarscríbhinn X ná ag Iarscríbhinn XI.



2.    32019 R807: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/807 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bunábhar lena ngabhann riosca ard maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a chinneadh ina ndéantar síneadh suntasach a chur leis an limistéar táirgthe le go gcumhdófaí talamh a bhfuil stoc ard carbóin ann chomh maith le deimhniú bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise lena ngabhann ísealriosca maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid (IO AE L 133, 21.5.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/807/oj)

3.    32023 R 1184: Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1184 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mhodheolaíocht de chuid an Aontais a bhunú ina leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch (IO AE L 157, 20.6.2023, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/1184/oj)

4.    32024 R 1408: Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1408 ón gCoimisiún an 14 Márta 2024 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1184 a mhéid a bhaineann le téarma teicniúil a ailíniú le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO AE L, 2024/1408, 21.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1408/oj)

5.    32023 R 1640: Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1640 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2023 maidir leis an modheolaíocht chun sciar an bhithbhreosla agus an bhithgháis le haghaidh iompair a chinneadh, ar bithbhreosla agus bithghás iad arna dtáirgeadh ó bhithmhais a phróiseáil le breoslaí iontaise i bpróiseas comhchoiteann (IO AE L 205, 18.8.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/1640/oj)



6.    32023 R 1185: Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1185 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí íostairseach i gcomhair laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte a bhunú agus trí mhodheolaíocht a shonrú chun measúnú a dhéanamh ar na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte (IO L 157, 20.6.2023, lch. 20, http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/1185/oj)

Léifear forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1185, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a)    ní bheidh feidhm ag forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1185 maidir le ríomh na spriocanna le haghaidh breoslaí agus leictreachais ó fhuinneamh inathnuaite a sholáthraítear d’earnáil an iompair agus na spriocanna le haghaidh bithbhreoslaí ardfhorbartha agus bithghás lena dtagraítear d’Airteagal 25(2) de Threoir (AE) 2018/2001;

(b)    ní bheidh feidhm ag forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1185 a bhaineann le breoslaí carbóin athchúrsáilte.

7.    32022 R 2448: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2448 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2022 maidir le treoir oibríochtúil a bhunú i dtaca leis an bhfianaise lena léireofar gur comhlíonadh na critéir inbhuanaitheachta um bithmhais foraoise a leagtar síos in Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO AE L 320, 14.12.2022, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2448/oj)



8.    32022 D 599: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/599 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2022 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim dheonach ‘Biomass Biofuels Sustainability voluntary scheme (2BSvs)’ chun a léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí leachtacha agus gásacha inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte á gcomhlíonadh (IO AE L 114, 12.4.2022, lch. 173, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/599/oj)

9.    32022 D 600: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/600 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2022 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim dheonach ‘Bonsucro EU’ chun a léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí leachtacha agus gásacha inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte á gcomhlíonadh (IO AE L 114, 12.4.2022, lch. 176, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/600/oj)

10.    32022 D 601: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/601 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2022 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim dheonach ‘Better Biomass’ chun a léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí leachtacha agus gásacha inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte á gcomhlíonadh (IO AE L 114, 12.4.2022, lch. 179, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/601/oj)

11.    32022 D 602: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/602 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2022 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim dheonach ‘International Sustainability & Carbon Certification – ISCC EU’ chun a léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí leachtacha agus gásacha inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte á gcomhlíonadh (IO AE L 114, 12.4.2022, lch. 182, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/602/oj)



12.    32022 D 604: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/604 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2022 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim dheonach ‘Red Tractor Farm Assurance Crops and Sugar Beet Scheme’ chun a léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí leachtacha agus gásacha inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte á gcomhlíonadh (IO AE L 114, 12.4.2022, lch. 188, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/604/oj)

13.    32022 D 605: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/605 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2022 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim dheonach ‘REDcertEU’ chun a léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí leachtacha agus gásacha inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte á gcomhlíonadh (IO AE L 114, 12.4.2022, lch. 191, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/605/oj)

14.    32022 D 606: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/606 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2022 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim dheonach ‘Round Table on Responsible Soy with EU RED Requirements (RTRS EU RED)’ chun a léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí leachtacha agus gásacha inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte á gcomhlíonadh (IO AE L 114, 12.4.2022, lch. 194, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/606/oj)

15.    32022 D 607: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/607 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2022 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim dheonach ‘Roundtable on Sustainable Biomaterials (RSB) EU RED’ chun a léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí leachtacha agus gásacha inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte á gcomhlíonadh (IO AE L 114, 12.4.2022, lch. 197, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/607/oj)



16.    32022 D 608: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/608 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2022 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim ‘Scottish Quality Crops Farm Assurance Scheme (SQC)’ chun a léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí leachtacha agus gásacha inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte á gcomhlíonadh (IO AE L 114, 12.4.2022, lch. 200, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/608/oj)

17.    32022 D 609: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/609 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2022 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim dheonach ‘SURE’ chun a léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí leachtacha agus gásacha inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte á gcomhlíonadh (IO AE L 114, 12.4.2022, lch. 203, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/609/oj)

18.    32022 D 610: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/610 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2022 maidir le haitheantas a thabhairt do scéim ‘Trade Assurance Scheme for Combinable Crops (TASCC)’ chun a léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí leachtacha agus gásacha inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte á gcomhlíonadh (IO AE L 114, 12.4.2022, lch. 206, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/610/oj)

19.    32022 D 611: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/611 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2022 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim ‘Universal Feed Assurance Scheme (UFAS)’ chun a léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí leachtacha agus gásacha inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte á gcomhlíonadh (IO AE L 114, 12.4.2022, lch. 209, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/611/oj)



20.    32022 D 2461: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2461 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 lena dtugtar aitheantas don scéim “KZR IniG” chun a léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí leachtacha agus gásacha inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte á gcomhlíonadh agus lena naisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/603 ón gCoimisiún (IO AE L 321, 15.12.2022, lch. 38, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/2461/oj)

21.    32022 D 1657: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1657 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2022 maidir le haitheantas a thabhairt do scéim dheonach an Chláir Bithmhaise Inbhuanaithe chun a léiriú go bhfuil ceanglais Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí inathnuaite leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte á gcomhlíonadh (IO AE L 249, 27.9.2022, lch. 53, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1657/oj)

22.    32022 D 1656: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1656 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2022 maidir le haitheantas a thabhairt do scéim deimhniúcháin talmhaíochta na hOstaire (AACS) chun a léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí leachtacha agus gásacha inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte á gcomhlíonadh (IO AE L 249, 27.9.2022, lch. 50, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1656/oj)

23.    32022 R 996: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2022 i ndáil le rialacha chun critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus critéir maidir le riosca íseal i ndáil le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a fhíorú (IO AE L 168, 27.6.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/996/oj)



24.    32022 D 1655: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1655 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2022 lena naithnítear an tuarascáil lena náirítear faisnéis maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa tipiciúla a thagann ó shaothrú pónairí soighe san Airgintín faoi Airteagal 31(3) agus (4) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO AE L 249, 27.9.2022, lch. 47, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1655/oj)

25.    32024 D 861: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/861 ón gCoimisiún an 15 Márta 2024 maidir le haitheantas a thabhairt don tuarascáil lena náirítear faisnéis faoi na hastaíochtaí gás ceaptha teasa tipiciúla ó shaothrú olashíl canóla (síol ráibe) i gCeanada faoi Airteagal 31(3) agus (4) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO AE L, 2024/861, 19.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/861/oj)

26.    32023 D 1760: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1760 ón gCoimisiún an 11 Meán Fómhair 2023 maidir le haitheantas a thabhairt don tuarascáil lena náirítear faisnéis faoi na hastaíochtaí gás ceaptha teasa tipiciúla ó shaothrú olashíl canóla (síol ráibe) san Astráil faoi Airteagal 31(3) agus (4) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO AE L 224, 12.9.2023, lch. 105, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/1760/oj)

________________

IARSCRÍBHINN VII

IARSCRÍBHINN MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM AIRTEAGAL 49 DEN CHOMHAONTÚ SEO

AIRTEAGAL 1

Liosta de ghníomhaíochtaí ghníomhaireachtaí, chórais faisnéise agus ghníomhaíochtaí eile an Aontais a bhfuil an Eilvéis le ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh leo

Déanfaidh an Eilvéis ranníocaíocht airgeadais i leith na nithe seo a leanas:

(a)    gníomhaireachtaí:

   An Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh, arna bhunú le Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 158, 14.6.2019, lch. 22, de réir mar is infheidhme de réir Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú), agus raon feidhme an Chomhaontaithe seo á chur san áireamh, le haghaidh 85 % de líne bhuiséid fhóirdheontais an Aontais don bhliain i gceist;



(b)    córais faisnéise:

   bunachar sonraí an Aontais, mar a bunaíodh le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82, de réir mar is infheidhme de réir Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gComhaontú);

(c)    gníomhaíochtaí eile:

ceann ar bith.

AIRTEAGAL 2

Téarmaí íocaíochta

1.    Déanfar íocaíochtaí atá dlite de bhun Airteagal 49 den Chomhaontú seo i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.    Agus glao ar chistí na bliana airgeadais á eisiúint ag an gCoimisiún, cuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas in iúl don Eilvéis:

(a)    méid na ranníocaíochta oibríochtúla; agus

(b)    méid na táille rannpháirtíochta.



3.    Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis seo a leanas maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise in iúl don Eilvéis a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí an 16 Aibreán de gach bliain airgeadais:

(a)    na méideanna i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas bhuiséad bliantúil an Aontais a vótáladh atá inscríofa ar línte fóirdheontais buiséid ábhartha an Aontais don bhliain i gceist le haghaidh gach gníomhaireachta de chuid an Aontais, agus aon ranníocaíocht oibríochtúil choigeartaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 1 á cur san áireamh le haghaidh gach gníomhaireachta, agus na méideanna i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i ndáil le buiséad an Aontais a vótáladh don bhliain i gceist le haghaidh bhuiséad ábhartha na gcóras faisnéise agus gníomhaíochtaí eile, lena gcumhdaítear rannpháirtíocht na hEilvéise i gcomhréir le hAirteagal 1;

(b)    méid na táille rannpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 49(7) den Chomhaontú seo; agus

(c)    a mhéid a bhaineann le gníomhaireachtaí, i mbliain N+1 na méideanna i ngealltanais bhuiséadacha a rinneadh maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a údaraíodh i mbliain N ar na línte fóirdheontais buiséid ábhartha de chuid an Aontais i ndáil le buiséad bliantúil an Aontais atá inscríofa ar línte fóirdheontais buiséid ábhartha an Aontais le haghaidh bhliain N.

4.    Ar bhonn a dhréachtbhuiséid, soláthróidh an Coimisiún meastachán ar an bhfaisnéis faoi phointí (a) agus (b) de mhír 3 a luaithe is féidir, agus, ar a dhéanaí, faoin 1 Meán Fómhair den bhliain airgeadais.

5.    Eiseoidh an Coimisiún don Eilvéis, an 16 Aibreán ar a dhéanaí agus, más infheidhme maidir leis an ngníomhaireacht ábhartha, an córas faisnéise nó gníomhaíocht eile, an 22 Deireadh Fómhair ar a luaithe agus ar a dhéanaí an 31 Deireadh Fómhair gach bliain airgeadais, glao ar chistí a chomhfhreagraíonn do ranníocaíocht na hEilvéise faoin gComhaontú seo le haghaidh gach ceann de na gníomhaireachtaí, na córais faisnéise agus na gníomhaíochtaí eile ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach.



6.    Déanfar an glao (nó na glaonna) ar chistí dá dtagraítear i mír 5 a struchtúrú i dtráthchodanna mar a leanas:

(a)    an chéad tráthchuid de gach bliain, i ndáil leis an nglao ar chistí atá le heisiúint faoin 16 Aibreán, comhfhreagróidh sí do mhéid suas le coibhéis an mheastacháin ar ranníocaíocht bhliantúil airgeadais na gníomhaireachta, an chórais faisnéise nó na gníomhaíochta eile i gceist dá dtagraítear i mír 4.

Íocfaidh an Eilvéis an méid a shonrófar sa ghlao ar chistí sin 60 lá ar a dhéanaí tar éis eisiúint an ghlao ar chistí;

(b)    i gcás inarb infheidhme, an dara tráthchuid den bhliain, i ndáil leis an nglao ar chistí atá le heisiúint an 22 Deireadh Fómhair ar a luaithe agus an 31 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí, comhfhreagróidh sí don difríocht idir an méid dá dtagraítear i mír 4 agus an méid dá dtagraítear i mír 5 i gcás ina mbeidh an méid dá dtagraítear i mír 5 níos airde.

Íocfaidh an Eilvéis an méid a shonrófar sa ghlao ar chistí faoin 21 Nollaig ar a dhéanaí.

I gcás gach glao ar chistí, féadfaidh an Eilvéis íocaíochtaí ar leithligh a dhéanamh le haghaidh gach gníomhaireachta, córais faisnéise nó gníomhaíochta eile. 

7.    I gcás na chéad bhliana de chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, eiseoidh an Coimisiún aon ghlao amháin ar chistí, laistigh de 90 lá ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

Íocfaidh an Eilvéis an méid a shonrófar sa ghlao ar chistí 60 lá ar a dhéanaí tar éis eisiúint an ghlao ar chistí.

8.    Is é an toradh a bheidh ar aon mhoill ar íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais go níocfaidh an Eilvéis ús mainneachtana ar an méid atá gan íoc ón dáta dlite suas go dtí an lá a íocfar ina iomláine an méid sin gan íoc.



Is é an ráta úis ar mhéideanna is infhaighte nach n‑íoctar ar an dáta dlite an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, a bheidh i bhfeidhm ar an gcéad lá féilire den mhí ina mbeidh an dáta dlite, nó 0 %, cibé acu is airde, móide 3,5 pointe céatadáin.

AIRTEAGAL 3

Ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise le gníomhaireachtaí an Aontais a choigeartú i bhfianaise an chur chun feidhme

Déanfar ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise le gníomhaireachtaí an Aontais a choigeartú i mbliain N+1 nuair a choigeartófar an ranníocaíocht oibríochtúil tosaigh suas nó síos de réir na difríochta idir an ranníocaíocht oibríochtúil tosaigh agus ranníocaíocht choigeartaithe arna ríomh trí threoir ranníoca bhliain N a chur i bhfeidhm maidir le méid na ngealltanas buiséadach a dhéantar ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a údaraítear i mbliain N faoi na línte buiséid ábhartha maidir le fóirdheontais an Aontais. I gcás inarb infheidhme, cuirfear san áireamh sa difríocht, i gcás gach gníomhaireachta, an ranníocaíocht oibríochtúil choigeartaithe bunaithe ar chéatadán mar a shainmhínítear in Airteagal 1.

AIRTEAGAL 4

Socruithe idirthréimhseacha

I gcás nach é an 1 Eanáir dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, beidh feidhm ag an Airteagal seo de mhaolú ar Airteagal 2.



I gcás chéad bhliain chur chun feidhme an Chomhaontaithe, i ndáil leis an ranníocaíocht oibríochtúil atá dlite le haghaidh na bliana i gceist is infheidhme maidir leis an ngníomhaireacht ábhartha, leis an gcóras faisnéise ábhartha nó le gníomhaíocht eile ábhartha, mar a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 49 den Chomhaontú agus le hAirteagail 1 go 3 den Iarscríbhinn seo, laghdófar an ranníocaíocht oibríochtúil ar bhonn pro rata temporis trí mhéid na ranníocaíochta oibríochtúla bliantúla atá dlite a iolrú faoi chóimheas na nithe seo a leanas:

(a)    an líon laethanta féilire ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe go dtí an 31 Nollaig den bhliain i gceist, agus

(b)    an líon iomlán laethanta féilire den bhliain i gceist.

________________

PRÓTACAL

PRÓTACAL MAIDIR LEIS AN mBINSE EADRÁNA

CAIBIDIL I

RÉAMHFHORÁLACHA

AIRTEAGAL I.1

Raon feidhme

Má chuireann ceann de na Páirtithe Conarthacha (dá ngairtear ‘páirtithe’ anseo feasta) díospóid isteach le haghaidh eadrána i gcomhréir le hAirteagail 32(2) nó 33(2) den Chomhaontú seo, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach sa Phrótacal seo.

AIRTEAGAL I.2

Seirbhísí clárlainne agus rúnaíochta

Comhlíonfaidh Biúró Idirnáisiúnta na Buanchúirte Eadrána sa Háig (dá ngairtear ‘an Biúró Idirnáisiúnta’ anseo feasta) feidhmeanna na clárlainne agus soláthróidh sé na seirbhísí rúnaíochta is gá.



AIRTEAGAL I.3

Fógraí agus teorainneacha ama a ríomh

1.    Féadfar fógraí, lena náirítear teachtaireachtaí nó tograí, a sheoladh trí aon mhodh cumarsáide lena ndeimhnítear a dtarchur, nó lena gcumasaítear iad a dheimhniú.

2.    Ní fhéadfar fógraí den sórt sin a sheoladh go leictreonach ach amháin má tá seoladh ainmnithe nó údaraithe ag páirtí go sonrach chun na críche sin.

3.    Seolfar fógraí den sórt sin a sheirbheálfar ar na páirtithe, i gcás na hEilvéise, chuig Rannán Eorpach Roinn Cónaidhme Gnóthaí Eachtracha na hEilvéise agus, i gcás an Aontais, chuig Seirbhís Dlí an Choimisiúin.

4.    Rithfidh aon teorainn ama a leagtar síos sa Phrótacal seo ón lá tar éis tarlú teagmhais nó déanamh birt. Más rud é gur lá nach lá oibre ag institiúidí an Aontais nó rialtas na hEilvéise an lá deireanach chun doiciméad a sheachadadh, tiocfaidh deireadh le tréimhse seachadta an doiciméid ar an gcéad lá oibre ina dhiaidh sin. Déanfar laethanta neamhoibre a thagann faoi réim na tréimhse ama a chomhaireamh.

AIRTEAGAL I.4

Fógra eadrána

1.    An páirtí a chuirfidh chuige eadráin a úsáid (dá ngairtear ‘iarratasóir’ anseo feasta) seolfaidh sé fógra eadrána chuig an bpáirtí eile (dá ngairtear ‘cosantóir’ anseo feasta) agus chuig an mBiúró Idirnáisiúnta.



2.    Measfar imeachtaí eadrána a bheith tosaithe ar an lá tar éis an lae a gheobhaidh an cosantóir an fógra eadrána.

3.    Beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra eadrána:

(a)    an téileamh go ndéanfar an díospóid a tharchur chun eadrána;

(b)    ainmneacha agus sonraí teagmhála na bpáirtithe;

(c)    ainm agus seoladh ghníomhaire nó ghníomhairí an iarratasóra;

(d)    is iad Airteagal 32(2) nó Airteagal 33(2) den Chomhaontú seo bunús dlí na nimeachtaí agus:

(i)    sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 32(2) den Chomhaontú seo, an cheist is cúis leis an díospóid arna hiontráil go hoifigiúil, lena réiteach, ar chlár oibre an Chomhchoiste i gcomhréir le hAirteagal 32(1) den Chomhaontú seo; agus

(ii)    sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 33(2) den Chomhaontú seo, cinneadh an bhinse eadrána, aon bhearta cur chun feidhme a luaitear in Airteagal 32(5) den Chomhaontú seo agus na bearta cúiteacha is ábhar díospóide;

(e)    aon riail is cúis leis an díospóid nó a bhaineann léi a ainmniú;

(f)    tuairisc ghairid ar an díospóid; agus

(g)    ainmniú eadránaí nó, má tá cúigear eadránaithe le ceapadh, ainmniú beirt eadránaithe.



4.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 32(3) den Chomhaontú seo, féadfaidh faisnéis a bheith san fhógra eadrána freisin maidir leis an ngá atá le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

5.    Ní choiscfidh aon éileamh ar leordhóthanacht an fhógra eadrána bunú an bhinse eadrána. Déanfaidh an binse eadrána an díospóid a chinneadh go cinntitheach.

AIRTEAGAL I.5

Freagairt ar an bhfógra eadrána

1.    Laistigh de 60 lá ón bhfógra eadrána a fháil, seolfaidh an cosantóir freagra ar an bhfógra eadrána chuig an iarratasóir agus chuig an mBiúró Idirnáisiúnta, ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

(a)    ainmneacha agus sonraí teagmhála na bpáirtithe;

(b)    ainm agus seoladh ghníomhaire nó ghníomhairí an chosantóra;

(c)    freagra ar an bhfaisnéis a thugtar san fhógra eadrána i gcomhréir le pointí (d) go (f) d’Airteagal I.4(3); agus

(d)    ainmniú eadránaí nó, má tá cúigear eadránaithe le ceapadh, ainmniú beirt eadránaithe.



2.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 32(3) den Chomhaontú seo, féadfaidh freagra ar an bhfaisnéis a thugtar san fhógra eadrána i gcomhréir le hAirteagal I.4(4) den Phrótacal seo agus faisnéis maidir leis an ngá atá le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bheith sa fhreagra ar an bhfógra eadrána.

3.    Ní chuirfidh easpa freagartha nó freagra neamhiomlán nó déanach ón gcosantóir ar an bhfógra eadrána cosc ar bhunú binse eadrána. Déanfaidh an binse eadrána an díospóid a chinneadh go cinntitheach.

4.    Má iarrann an cosantóir go mbeadh cúigear eadránaithe ar an mbinse eadrána ina fhreagra ar an bhfógra eadrána, ainmneoidh an tiarratasóir eadránaí breise laistigh de 30 lá ón bhfreagra ar an bhfógra eadrána a fháil.

AIRTEAGAL I.6

Ionadaíocht agus cúnamh

1.    Déanfaidh gníomhaire amháin nó níos mó ionadaíocht ar na páirtithe os comhair an bhinse eadrána. Féadfaidh an gníomhaire cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó dhlíodóirí.

2.    Cuirfear aon athrú ar na gníomhairí nó ar a seoltaí in iúl don pháirtí eile, don Bhiúró Idirnáisiúnta agus don bhinse eadrána. Féadfaidh an binse eadrána, tráth ar bith, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó pháirtí, fianaise ar na cumhachtaí a thugtar do ghníomhairí na bpáirtithe a iarraidh.



CAIBIDIL II

COMHDHÉANAMH AN BHINSE EADRÁNA

AIRTEAGAL II.1

An líon eadránaithe

Triúr eadránaithe a bheidh ar an mbinse. Má iarrann an t‑iarratasóir ina fhógra eadrána nó an cosantóir ina fhreagra ar an bhfógra eadrána amhlaidh, beidh cúigear eadránaithe ar an mbinse eadrána.

AIRTEAGAL II.2

Na headránaithe a cheapadh

1.    Má tá triúr eadránaithe le ceapadh, ainmneoidh gach ceann de na páirtithe duine acu. Roghnóidh an bheirt eadránaithe arna gceapadh ag na páirtithe an tríú headránaí, a bheidh ina chathaoirleach ar an mbinse eadrána.

2.    Má tá cúigear eadránaithe le ceapadh, ainmneoidh gach páirtí beirt díobh. Roghnóidh an ceathrar eadránaithe arna gceapadh ag na páirtithe an cúigiú headránaí, a bheidh ina chathaoirleach ar an mbinse eadrána.



3.    Más rud é, laistigh de 30 lá tar éis ainmniú an eadránaí deiridh arna cheapadh ag na páirtithe, nach mbeidh na headránaithe tar éis teacht ar chomhaontú maidir le cathaoirleach an bhinse eadrána a roghnú, is é Ardrúnaí na Buanchúirte Eadrána a cheapfaidh an cathaoirleach.

4.    Chun cúnamh a thabhairt eadránaithe a roghnú chun an binse eadrána a chomhdhéanamh, déanfar liosta táscach de dhaoine ag a bhfuil na cáilíochtaí dá dtagraítear i mír 6 a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta nuair is gá, ar liosta é a bheidh i gcoiteann ag gach comhaontú déthaobhach sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach chomh maith leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le sláinte, arna dhéanamh in […] an […] (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le Sláinte ’anseo feasta), an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta, arna dhéanamh i Lucsamburg an 21 Meitheamh 1999 (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta’ anseo feasta) agus an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú, arna dhéanamh i […] an […] (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le ranníocaíocht rialta airgeadais’ anseo feasta). Déanfaidh an Comhchoiste an liosta sin a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta le cinneadh chun críocha an Chomhaontaithe.

5.    I gcás nach nainmneoidh páirtí eadránaí, ceapfaidh Ardrúnaí na Buanchúirte Eadrána an teadránaí sin ón liosta dá dtagraítear i mír 4. In éagmais liosta den sórt sin, déanfaidh ArdRúnaí na Buanchúirte Eadrána an teadránaí a cheapadh trí chrannchur ó na pearsana aonair a mhol páirtí amháin nó an dá pháirtí go foirmiúil chun críocha mhír 4.



6.    Is daoine ardcháilithe iad na daoine a chomhdhéanann an binse eadrána, bíodh nó ná bíodh ceangail acu leis na páirtithe, a ráthaítear a neamhspleáchas agus a neaspa coinbhleachtaí leasa, mar aon le raon leathan taithí. Go háirithe, beidh saineolas léirithe acu ar an dlí agus ar na hábhair a chumhdaítear leis an gComhaontú seo; ní ghlacfaidh siad treoracha ó cheachtar páirtí; agus feidhmeoidh siad ina gcáil phearsanta, agus ní ghlacfaidh siad le treoracha ó aon eagraíocht ná aon rialtas maidir le hábhair a bhaineann leis an díospóid. Beidh taithí ag cathaoirleach an bhinse eadrána freisin ar nósanna imeachta um réiteach díospóidí.

AIRTEAGAL II.3

Dearbhuithe eadránaithe

1.    Le linn do dhuine a bheith á mheas lena cheapadh mar eadránaí, tuairisceoidh an duine sin na himthosca uile is dóigh a bheidh ina gcúis le hamhras dlisteanach maidir lena neamhchlaontacht nó lena neamhspleáchas. Ón gceapachán agus le linn na nimeachtaí eadrána ar fad, tuairisceoidh eadránaí na himthosca sin do na páirtithe agus do na headránaithe eile gan mhoill, mura ndearna an teadránaí amhlaidh cheana féin.

2.    Féadfar aon eadránaí a bhriseadh as a phost más ann d’imthosca a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hamhras dlisteanach faoina neamhchlaontacht nó faoina neamhspleáchas.

3.    Ní fhéadfaidh páirtí a iarraidh go ndéanfaí eadránaí a dhífhostú ach amháin ar chúis a thagann chun cinn dó tar éis an cheapacháin sin.

4.    Mura ngníomhaíonn eadránaí nó mura féidir le headránaí de jure de facto a ról a chomhlíonadh, beidh feidhm ag an nós imeachta um eadránaithe a dhífhostú a leagtar síos in Airteagal II.4.



AIRTEAGAL II.4

Eadránaithe a dhífhostú

1.    Aon pháirtí ar mian leis eadránaí a dhífhostú, déanfaidh sé iarraidh ar dhífhostú laistigh de 30 lá ón dáta a thugtar fógra dó faoi cheapadh an eadránaí sin nó laistigh de 30 lá ón dáta a thagann sé ar an eolas faoi na himthosca dá dtagraítear in Airteagal II.3.

2.    Seolfar an iarraidh ar dhífhostú chuig an bpáirtí eile, chuig an eadránaí dífhostaithe, chuig na headránaithe eile agus chuig an mBiúró Idirnáisiúnta. Leagfar amach ann na cúiseanna atá leis an iarraidh ar dhífhostú.

3.    Nuair a bheidh iarraidh ar dhífhostú déanta, féadfaidh an páirtí eile glacadh leis an iarraidh ar dhífhostú. Féadfaidh an teadránaí i gceist éirí as freisin. Ní thugtar le tuiscint leis an nglacadh nó leis an éirí as go naithnítear na cúiseanna atá leis an iarraidh ar dhífhostú.

4.    Más rud é, laistigh de 15 lá ón dáta ar tugadh fógra faoin iarraidh ar dhífhostú, nach nglacfaidh an páirtí eile leis an iarraidh ar dhífhostú nó nach néireoidh an teadránaí i gceist as, féadfaidh an páirtí a d’iarr an dífhostú a iarraidh ar ArdRúnaí na Buanchúirte Eadrána cinneadh a dhéanamh maidir leis an dífhostú.

5.    Mura gcomhaontóidh na páirtithe a mhalairt, léireofar sa chinneadh dá dtagraítear i mír 4 na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin.



AIRTEAGAL II.5

Eadránaí a ionadú

1.    Faoi réir mhír 2 den Airteagal seo, más gá eadránaí a ionadú le linn na nimeachtaí eadrána, ceapfar nó roghnófar ionadaí i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal II.2 is infheidhme maidir le ceapadh nó roghnú an eadránaí a bheidh le hionadú. Beidh feidhm ag an nós imeachta sin fiú murar fheidhmigh páirtí amháin a cheart chun an teadránaí atá le hionadú a cheapadh nó páirt a ghlacadh i gceapadh an eadránaí sin.

2.    I gcás eadránaí a ionadú, atosófar ar an nós imeachta ag an gcéim inar scoir an teadránaí ar cuireadh eadránaí eile ina ionad dá fheidhmeanna nó dá feidhmeanna a chomhlíonadh, mura gcinnfidh an binse eadrána a mhalairt.

AIRTEAGAL II.6

Eisiamh dliteanais

Ach amháin i gcásanna éagóiritheoireachta d’aon ghnó nó mórfhaillí, diúltaíonn na páirtithe, a mhéid is féidir a cheadaítear leis an dlí is infheidhme, aon chaingean in aghaidh na n‑eadránaithe maidir le haon ghníomh nó neamhghníomh a bhaineann leis an eadráin.



CAIBIDIL III

IMEACHTAÍ EADRÁNA

AIRTEAGAL III.1

Forálacha ginearálta

1.    Is é dáta bunaithe an bhinse eadrána an dáta ar ghlac an teadránaí deiridh lena cheapachán nó lena ceapachán.

2.    Áiritheoidh an binse eadrána go gcaithfear go cothrom leis na páirtithe agus, ag céim chuí de na himeachtaí, go mbeidh deis leordhóthanach ag gach ceann acu a gcearta a dhearbhú agus a gcás a chur i láthair. Seolfaidh an binse eadrána na himeachtaí ar shlí a sheachnóidh moilleanna agus caiteachas nach bhfuil gá leis agus a áiritheoidh go socrófar an díospóid idir na páirtithe.

3.    Eagrófar éisteacht, mura gcinnfidh an binse eadrána a mhalairt, tar éis na páirtithe a éisteacht.

4.    Nuair a chuirfidh páirtí teachtaireacht chuig an mbinse eadrána, déanfaidh sé amhlaidh tríd an mBiúró Idirnáisiúnta agus cuirfidh sé cóip chuig an bpáirtí eile an tráth céanna. Seolfaidh an Biúró Idirnáisiúnta cóip den teachtaireacht sin chuig gach duine de na headránaithe.



AIRTEAGAL III.2

Áit eadrána

Is í an Háig an áit eadrána. Féadfaidh an binse eadrána, más gá sin in imthosca eisceachtúla, teacht le chéile in aon áit eile is iomchuí leis dá phlé.

AIRTEAGAL III.3

Teanga

1.    Is iad an Fhraincis agus an Béarla teangacha na nimeachtaí.

2.    Féadfaidh an binse eadrána a ordú go mbeidh aistriúchán go ceann de theangacha na n‑imeachtaí ag gabháil leis na doiciméid uile atá i gceangal leis an ráiteas éilimh nó leis an ráiteas cosanta agus leis na doiciméid bhreise uile a tháirgtear le linn na n‑imeachtaí, arna gcur isteach ina dteanga bhunaidh.

AIRTEAGAL III.4

Ráiteas éilimh

1.    Seolfaidh an tiarratasóir a ráiteas éilimh i scríbhinn chuig an gcosantóir agus chuig an mbinse tríd an mBiúró Idirnáisiúnta, laistigh den teorainn ama arna socrú ag an mbinse eadrána. Féadfaidh an tiarratasóir a chinneadh a fhógra eadrána dá dtagraítear in Airteagal I.4 a mheas mar ráiteas éilimh, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na coinníollacha i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo freisin.



2.    Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa ráiteas éilimh:

(a)    an fhaisnéis a leagtar amach i bpointí (b) go (f) d’Airteagal I.4(3);

(b)    ráiteas fíoras a cuireadh isteach mar thaca leis an éileamh; agus

(c)    na hargóintí dlíthiúla a cuireadh chun cinn mar thaca leis an éileamh.

3.    Beidh ag gabháil leis an ráiteas éilimh, a mhéid is féidir, aon doiciméad agus aon fhianaise eile a bheidh luaite ag an iarratasóir nó ba cheart tagairt a dhéanamh dóibh ann. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 32(3) den Chomhaontú seo, beidh faisnéis sa ráiteas éilimh freisin, a mhéid is féidir, maidir leis an ngá atá le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

AIRTEAGAL III.5

Ráiteas cosanta

1.    Seolfaidh an cosantóir an ráiteas cosanta i scríbhinn chuig an iarratasóir agus chuig an mbinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta, laistigh den teorainn ama arna socrú ag an mbinse eadrána. Féadfaidh an cosantóir a chinneadh an freagra ar an bhfógra eadrána dá dtagraítear in Airteagal I.5 a mheas mar ráiteas cosanta, ar choinníoll go gcomhlíonann an freagra ar an bhfógra eadrána na coinníollacha i mír 2 den Airteagal seo freisin.



2.    Freagróidh an ráiteas cosanta do na pointí sa ráiteas éilimh a shonraítear i gcomhréir le pointí (a) go (c) d’Airteagal III.4(2) den Phrótacal seo. Beidh ag gabháil leis, a mhéid is féidir, aon doiciméad agus aon fhianaise eile a bheidh luaite ag an gcosantóir nó ba cheart tagairt a dhéanamh dóibh ann. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 32(3) den Chomhaontú seo, beidh faisnéis sa ráiteas éilimh freisin, a mhéid is féidir, maidir leis an ngá atá le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

3.    Sa ráiteas cosanta, nó ag céim níos déanaí sna himeachtaí eadrána má chinneann an binse eadrána go bhfuil údar le moill de bharr imthosca, féadfaidh an cosantóir frithéileamh a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil dlínse ag an mbinse eadrána ina leith.

4.    Beidh feidhm ag Airteagal III.4(2) agus (3) maidir le frithéileamh.

AIRTEAGAL III.6

Dlínse eadrána

1.    Rialóidh an binse eadrána an bhfuil dlínse aige ar bhonn Airteagal 32(2) nó Airteagal 33(2) den Chomhaontú seo.

2.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 32(2) den Chomhaontú seo, beidh sainordú ag an mbinse eadrána scrúdú a dhéanamh ar an gceist is cúis leis an díospóid arna hiontráil go hoifigiúil, lena réiteach, ar chlár oibre an Chomhchoiste i gcomhréir le hAirteagal 32(1) den Chomhaontú seo.



3.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 33(2) den Chomhaontú seo, beidh sainordú ag an mbinse eadrána a d’éist leis an bpríomhchás scrúdú a dhéanamh ar chomhréireacht na mbeart cúiteach is ábhar díospóide, lena náirítear i gcás ina ndearnadh na bearta sin go hiomlán nó go páirteach i gcomhaontú déthaobhach eile sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach.

4.    Déanfar réamhagóid maidir le heaspa dlínse an bhinse eadrána ar a dhéanaí sa ráiteas cosanta nó, i gcás frithéilimh, sa fhreagra. Má tá páirtí tar éis eadránaí a cheapadh nó má ghlac sé páirt ina cheapachán, ní bhainfear an ceart de réamhagóid den sórt sin a dhéanamh. Déanfar an réamhagóid go rachadh an díospóid thar chumhachtaí an bhinse eadrána a luaithe a tharraingeofar an cheist anuas a líomhnaítear a théann thar a cumhachtaí le linn na nimeachtaí eadrána. In aon chás, féadfaidh an binse eadrána réamhagóid a cheadú a dhéanfar tar éis don teorainn ama atá leagtha síos a bheith caite má chreideann sé go raibh cúis bhailí leis an moill.

5.    Féadfaidh an binse eadrána rialú a thabhairt ar an réamhagóid dá dtagraítear i mír 4 trí dhéileáil léi mar réamhcheist nó sa chinneadh ar shubstaint an cháis.

AIRTEAGAL III.7

Aighneachtaí eile i scríbhinn

Déanfaidh an binse eadrána, tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe, breith a thabhairt ar na haighneachtaí eile i scríbhinn, i dteannta an ráitis éilimh agus an ráitis cosanta, a dhéanfaidh nó a fhéadfaidh na páirtithe a chur isteach agus socróidh sé an teorainn ama lena gcur isteach.



AIRTEAGAL III.8

Teorainneacha ama

1.    Ní rachaidh na teorainneacha ama arna socrú ag an mbinse eadrána chun na doiciméid i scríbhinn a chur in iúl, lena náirítear an ráiteas éilimh agus an ráiteas cosanta, thar 90 lá, mura gcomhaontóidh na páirtithe a mhalairt.

2.    Déanfaidh an binse eadrána a chinneadh críochnaitheach laistigh de 12 mhí ó dháta a bhunaithe. In imthosca eisceachtúla a bhfuil deacracht ar leith ag baint leo, féadfaidh an binse eadrána síneadh suas le 3 mhí bhreise a chur leis an tréimhse sin.

3.    Déanfar na teorainneacha ama a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 a laghdú faoina leath:

(a)    arna iarraidh sin don iarratasóir nó don chosantóir, más rud é, laistigh de 30 lá tar éis an iarraidh sin a fháil, go rialaíonn an binse eadrána, tar éis an páirtí eile a éisteacht, go bhfuil práinn leis an gcás; nó

(b)    má chomhaontaíonn na páirtithe amhlaidh.

4.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 33(2) den Chomhaontú seo, déanfaidh an binse eadrána a chinneadh críochnaitheach laistigh de 6 mhí ón dáta a dtabharfar fógra faoi na bearta cúiteacha i gcomhréir le hAirteagal 33(1) den Chomhaontú seo.



AIRTEAGAL III.9

Cásanna arna dtarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

1.    I gcur i bhfeidhm Airteagal 29 agus Airteagal 32(3) den Chomhaontú seo, déanfaidh an binse eadrána tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

2.    Féadfaidh an binse eadrána tarchur a dhéanamh chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh tráth ar bith sna himeachtaí, ar choinníoll go bhfuil an binse eadrána in ann cúlra dlíthiúil agus fíorasach an cháis a shainiú beacht go leor, mar aon leis na ceisteanna dlí a tharraingítear anuas ann.

Cuirfear na himeachtaí os comhair an bhinse eadrána ar fionraí go dtí go mbeidh a rialú tugtha ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

3.    Féadfaidh gach páirtí iarraidh réasúnaithe a chur chuig an mbinse eadrána chun tarchur a dhéanamh chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Diúltóidh an binse eadrána d’iarraidh den sórt sin má mheasann sé nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear i mír 1. Má dhiúltaíonn an binse eadrána d’iarraidh páirtí ar tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tabharfaidh sé cúiseanna lena chinneadh sa bhreith ar shubstaint an cháis.

4.    Déanfaidh an binse eadrána tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh trí bhíthin fógra. Beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, san fhógra:

(a)    tuairisc ghairid ar an díospóid;

(b)    gníomh dlí nó gníomhartha dlí an Aontais agus/nó an fhoráil nó na forálacha den Chomhaontú seo atá i gceist; agus



(c)    coincheap dhlí an Aontais atá le léiriú i gcomhréir le hAirteagal 29(2) den Chomhaontú seo.

Tabharfaidh an binse eadrána fógra maidir leis an tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh do na páirtithe.

5.    Cuirfidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm, de réir analaí, na rialacha nós imeachta inmheánacha is infheidhme maidir le feidhmiú a dlínse chun réamhrialú a dhéanamh ar léirmhíniú na gConarthaí agus na ngníomhartha arna ndéanamh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais.

6.    Na gníomhairí agus na dlíodóirí atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh do na páirtithe os comhair an bhinse eadrána de bhun Airteagail I.4, I.5, III.4 agus III.5, údarófar dóibh ionadaíocht a dhéanamh ar na páirtithe os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

AIRTEAGAL III.10

Bearta idirlinne

1.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 33(2) den Chomhaontú seo, féadfaidh ceachtar páirtí, ag aon chéim den nós imeachta eadrána, iarratas a dhéanamh ar bhearta eatramhacha arb é atá iontu na bearta cúiteacha a chur ar fionraí.

2.    Sonrófar in iarratas de bhun mhír 1 ábhar na nimeachtaí, na himthosca is cúis le práinn agus na saincheisteanna fíorais agus dlí lena mbunaítear cás prima facie le haghaidh na mbeart eatramhach arna niarraidh. Beidh ann an fhianaise agus na tairiscintí fianaise uile atá ar fáil chun údar a thabhairt le deonú na mbeart eatramhach.



3.    Déanfaidh an páirtí a iarrann na bearta eatramhacha a iarratas a sheoladh i scríbhinn chuig an bpáirtí eile agus chuig an mbinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta. Socróidh an binse eadrána teorainn ama ghearr ar laistigh di a fhéadfaidh an páirtí eile sin barúlacha i scríbhinn nó ó bhéal a chur isteach.

4.    Glacfaidh an binse eadrána, laistigh de 1 mhí amháin tar éis an tiarratas dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach, cinneadh maidir leis na bearta cúiteacha atá á gconspóid a chur ar fionraí má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)    gur deimhin leis an mbinse eadrána prima facie fiúntas an cháis arna chur isteach ag an bpáirtí a d’iarr na bearta eatramhacha ina iarratas;

(b)    go measann an binse eadrána, ar feitheamh a chinnidh chríochnaithigh, go ndéanfaí díobháil thromchúiseach dholeasaithe don pháirtí a iarrann na bearta eatramhacha in éagmais na mbeart cúiteach a chur ar fionraí; agus

(c)    gur mó an díobháil a rinneadh don pháirtí a d’iarr na bearta eatramhacha trí na bearta cúiteacha atá faoi chonspóid a chur i bhfeidhm láithreach ná an leas i gcur i bhfeidhm láithreach agus éifeachtach na mbeart sin.

5.    Ní bheidh feidhm ag fionraí na nimeachtaí dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal III.9(2) in imeachtaí de bhun an Airteagail seo.

6.    Ní bheidh ach éifeacht eatramhach ag cinneadh a ghlacfaidh an binse eadrána de réir mhír 4 agus beidh sé gan dochar do chinneadh an bhinse eadrána ar shubstaint an cháis.



7.    Mura rud é go socrófar leis an gcinneadh a ghlacfaidh an binse eadrána de réir mhír 4 den Airteagal seo dáta is luaithe le haghaidh dheireadh na fionraí, rachaidh an fhionraí in éag nuair a ghlacfar an cinneadh críochnaitheach de bhun Airteagal 33(2) den Chomhaontú seo.

8.    Chun amhras a sheachaint, chun críocha an Airteagail seo, tuigtear, le linn don bhinse eadrána leasanna an pháirtí a iarrann na bearta eatramhacha agus an pháirtí eile a bhreithniú, go gcuirfidh sé san áireamh leasanna daoine aonair agus oibreoirí eacnamaíocha na bpáirtithe, ach nach é an toradh a bheidh orthu siúd a chur san áireamh aon seasamh a dheonú do dhaoine aonair nó d’oibreoirí eacnamaíocha den sórt sin os comhair an bhinse eadrána.

AIRTEAGAL III.11

Fianaise

1.    Soláthróidh gach páirtí fianaise ar na fíorais arb iad forais a éilimh nó a chosanta iad.

2.    Ar iarraidh ó pháirtí, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an binse eadrána faisnéis ábhartha a mheasann sé a bheith riachtanach agus iomchuí a lorg ó na Páirtithe. Socróidh an binse eadrána teorainn ama do na páirtithe chun freagra a thabhairt ar a iarraidh.

3.    Ar iarraidh ó pháirtí, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an binse eadrána aon fhaisnéis is iomchuí leis a lorg ó aon fhoinse. Tá sé de cheart ag an mbinse eadrána freisin tuairim saineolaithe a lorg de réir mar is iomchuí leis agus faoi réir téarmaí agus coinníollacha a chomhaontóidh na páirtithe, i gcás inarb infheidhme.

4.    Aon fhaisnéis a gheobhaidh binse eadrána faoin Airteagal seo cuirfear ar fáil í do na páirtithe agus féadfaidh na páirtithe tuairimí faoin bhfaisnéis sin a chur faoi bhráid an bhinse eadrána.



5.    Tar éis don bhinse eadrána tuairimí an pháirtí eile a lorg, glacfaidh sé bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar aon cheist a tharraingeoidh páirtí anuas maidir le cosaint sonraí pearsanta, rúndacht ghairmiúil agus leasanna dlisteanacha rúndachta.

6.    Is é an binse eadrána a thabharfaidh breithiúnas ar inghlacthacht, ábharthacht agus neart na fianaise a tíolacadh.

AIRTEAGAL III.12

Éisteachtaí

1.    Nuair nach mór éisteacht a bheith ann, déanfaidh an binse eadrána, tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe, fógra a thabhairt do na páirtithe fada go leor roimh dháta, am agus áit na héisteachta.

2.    Is go poiblí a éistfear cásanna mura ndéanfaidh an binse eadrána, uaithi féin nó ar iarratas ó na páirtithe, a mhalairt a chinneadh ar chúiseanna troma.

3.    Déanfaidh cathaoirleach an bhinse eadrána miontuairiscí gach éisteachta a tharraingt suas agus a shíniú. Is iad na miontuairiscí sin amháin a bheidh barántúil.

4.    Féadfaidh an binse eadrána cinneadh a dhéanamh an éisteacht a thionól go fíorúil de réir chleachtas an Bhiúró Idirnáisiúnta. Cuirfear na páirtithe ar an eolas faoin gcleachtas sin go tráthúil. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag mír 1, mutatis mutandis, agus ag mír 3.



AIRTEAGAL III.13

Réamhshocrú

1.    Más rud é, laistigh den teorainn ama a leagtar síos leis an bPrótacal seo nó ag an mbinse eadrána, nach mbeidh a ráiteas éilimh curtha isteach ag an iarratasóir, gan cúis leordhóthanach a thaispeáint, ordóidh an binse eadrána go gcuirfear clabhsúr leis na himeachtaí eadrána, mura mbeidh ceisteanna gan réiteach ann a bhféadfadh gá a bheith le rialú ina leith agus más cuí leis an mbinse eadrána déanamh amhlaidh.

Más rud é, laistigh den teorainn ama a leagtar síos leis an bPrótacal seo nó ag an mbinse eadrána, gan cúis leordhóthanach a thaispeáint, nach mbeidh a fhreagra ar an bhfógra eadrána nó ar a ráiteas cosanta curtha isteach ag an gcosantóir, ordóidh an binse eadrána go leanfar de na himeachtaí, gan a mheas gurb ionann an mhainneachtain féin agus glacadh líomhaintí an iarratasóra.

Tá feidhm ag an dara fomhír freisin i gcás nach gcuireann an t‑iarratasóir freagra ar fhrithéileamh isteach.

2.    Mura dtiocfaidh páirtí, a chomórfar go cuí i gcomhréir le hAirteagal III.12(1), i láthair ag éisteacht agus mura léireoidh sé cúis leordhóthanach gan déanamh amhlaidh, féadfaidh an binse eadrána leanúint den eadráin.

3.    Páirtí ar iarr an binse eadrána air go cuí tuilleadh fianaise a thabhairt ar aird, mura ndéanfaidh sé amhlaidh laistigh de na teorainneacha ama a shocraítear gan cúis leordhóthanach a thaispeáint gan déanamh amhlaidh, féadfaidh an binse eadrána rialú a thabhairt ar bhonn na fianaise a bheidh ar fáil aige.



AIRTEAGAL III.14

Dúnadh an nós imeachta

1.    I gcás ina léirítear go raibh deis réasúnach ag na páirtithe a nargóintí a chur i láthair, féadfaidh an binse eadrána dúnadh na nimeachtaí a dhearbhú.

2.    Féadfaidh an binse eadrána, má mheasann sé gur gá sin mar gheall ar imthosca eisceachtúla, cinneadh a dhéanamh ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó pháirtí na himeachtaí a athoscailt tráth ar bith sula mbeidh a chinneadh déanta aige.

CAIBIDIL IV

CINNEADH

AIRTEAGAL IV.1

Cinntí

Féachfaidh an binse eadrána lena chinntí a dhéanamh de chomhthoil. Más rud é, áfach, nach féidir cinneadh a dhéanamh de chomhthoil, is é tromlach na n‑eadránaithe a dhéanfaidh cinneadh an bhinse eadrána.



AIRTEAGAL IV.2

Foirm agus éifeacht chinneadh an bhinse eadrána

1.    Féadfaidh an binse eadrána cinntí ar leithligh a dhéanamh ar cheisteanna éagsúla ag tráthanna éagsúla.

2.    Eiseofar gach cinneadh i scríbhinn agus luafar iontu na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe. Beidh siad críochnaitheach agus ina gceangal ar na páirtithe.

3.    Síneoidh na headránaithe cinneadh an bhinse eadrána, beidh ann an dáta a rinneadh é agus luafar ann an áit eadrána. Cuirfidh an Biúró Idirnáisiúnta cóip den chinneadh arna shíniú ag na headránaithe in iúl do na páirtithe.

4.    Déanfaidh an Biúró Idirnáisiúnta cinneadh an bhinse eadrána a phoibliú.

Le linn don Bhiúró Idirnáisiúnta cinneadh an bhinse eadrána a phoibliú, urramóidh sé na rialacha ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta, rúndacht ghairmiúil agus leasanna dlisteanacha rúndachta.

Beidh na rialacha dá dtagraítear sa dara fomhír comhionann le haghaidh na gcomhaontuithe déthaobhacha uile i réimsí an mhargaidh inmheánaigh ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach agus le haghaidh an Chomhaontaithe maidir le sláinte, an Chomhaontaithe maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta agus an Chomhaontaithe maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise. Déanfaidh an Comhchoiste na rialacha sin a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta le cinneadh chun críocha an Chomhaontaithe.

5.    Comhlíonfaidh na páirtithe cinntí uile an bhinse eadrána gan mhoill.



6.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 32(2) den Chomhaontú seo, tar éis don bhinse eadrána tuairim na bpáirtithe a fháil, socróidh sé teorainn ama réasúnach sa chinneadh maidir le substaint an cháis chun a chinneadh a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 32(5) den Chomhaontú seo agus nósanna imeachta inmheánacha na bpáirtithe á gcur san áireamh.

AIRTEAGAL IV.3

An dlí is infheidhme, rialacha maidir le léiriú, idirghabhálaí

1.    Is éard atá sa dlí is infheidhme an Comhaontú seo, na gníomhartha dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear ann, chomh maith le haon riail eile den dlí idirnáisiúnta atá ábhartha maidir le cur i bhfeidhm na nionstraimí sin.

2.    Déanfaidh an binse eadrána cinneadh i gcomhréir leis na rialacha maidir le léiriú dá dtagraítear in Airteagal 29 den Chomhaontú seo.

3.    Cinntí roimh ré arna nglacadh ag comhlacht um réiteach díospóidí maidir le comhréireacht beart cúiteach faoi chomhaontú déthaobhach eile i measc na gcinntí sin dá dtagraítear in Airteagal 33(1), beidh siad ina gceangal ar an mbinse eadrána.

4.    Ní cheadófar don bhinse eadrána cinneadh a dhéanamh mar idirghabhálaí ná ex aequo et bono.



AIRTEAGAL IV.4

Réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach nó cúiseanna eile chun an nós imeachta a dhúnadh

1.    Féadfaidh na páirtithe, tráth ar bith, réiteach ar a ndíospóid a chomhaontú go frithpháirteach. Cuirfidh siad aon réiteach den sórt sin in iúl go comhpháirteach don bhinse eadrána. Má éilítear formheas leis an réiteach de bhun nósanna imeachta intíre ábhartha ceachtar páirtí, déanfar tagairt san fhógra don cheanglas sin, agus cuirfear an nós imeachta eadrána ar fionraí. Mura gá formheas den sórt sin, nó nuair a bheidh fógra tugtha faoi thabhairt chun críche aon nós imeachta intíre den sórt sin, déanfar an nós imeachta eadrána a dhúnadh.

2.    Más rud é, le linn imeachtaí, go gcuirfidh an tiarratasóir in iúl i scríbhinn don bhinse eadrána nach mian leis na himeachtaí a shaothrú tuilleadh, agus más rud é, ar an dáta a gheobhaidh an binse eadrána an chumarsáid sin, nach bhfuil aon bheart déanta fós ag an gcosantóir sna himeachtaí, eiseoidh an binse eadrána ordú ina dtaifeadfar go hoifigiúil clabhsúr na nimeachtaí. Déanfaidh an binse eadrána cinneadh maidir leis na costais, a íocfaidh an tiarratasóir, má dhealraíonn sé go bhfuil údar leis sin de bharr iompar an pháirtí sin.

3.    Más rud é, sula ndéantar cinneadh an bhinse eadrána, go dtagann an binse eadrána ar an gconclúid go bhfuil sé gan chiall nó dodhéanta leanúint de na himeachtaí ar aon chúis seachas na cúiseanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, cuirfidh an binse eadrána in iúl do na páirtithe go bhfuil sé ar intinn aige ordú a eisiúint lena gcuirfear clabhsúr leis na himeachtaí.

Níl feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina bhfuil ceisteanna gan réiteach ann ar féidir gur gá rialú ina leith agus más cuí leis an mbinse eadrána déanamh amhlaidh.



4.    Cuirfidh an binse eadrána in iúl do na páirtithe cóip den ordú lena gcuirtear clabhsúr leis na himeachtaí eadrána nó den chinneadh a rinneadh trí chomhaontú idir na páirtithe, agus í sínithe ag na headránaithe. Beidh feidhm ag Airteagal IV.2(2) go (5) maidir le cinntí eadrána a ghlacfar trí chomhaontú idir na páirtithe.

AIRTEAGAL IV.5

Cinneadh an bhinse eadrána a cheartú

1.    Laistigh de 30 lá tar éis cinneadh an bhinse eadrána a fháil, féadfaidh páirtí, trí fhógra a thabhairt don pháirtí eile agus don bhinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta, a iarraidh ar an mbinse eadrána aon earráid sa ríomh, aon earráid chléireachais nó chló, nó aon earráid nó easnamh dá samhail a cheartú i dtéacs chinneadh an bhinse eadrána. I gcás ina measfaidh sé go bhfuil údar cuí leis an iarraidh, déanfaidh an binse eadrána an ceartú laistigh de 45 lá tar éis dó an iarraidh a fháil. Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag an iarraidh ar an teorainn ama dá bhforáiltear in Airteagal IV.2(6).

2.    Féadfaidh an binse eadrána, laistigh de 30 lá tar éis dó a chinneadh a chur in iúl, na ceartúcháin dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh ar a thionscnamh féin.

3.    Déanfar na ceartúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i scríbhinn agus beidh siad ina gcuid dhílis den chinneadh. Beidh feidhm ag Airteagal IV.2(2) go (5).



AIRTEAGAL IV.6

Táillí eadránaithe

1.    Beidh na táillí dá dtagraítear in Airteagal IV.7 réasúnta, agus castacht an cháis, an tam a chaitheann na headránaithe air agus na cúinsí ábhartha eile go léir á gcur san áireamh.

2.    Déanfar liosta de chúiteamh laethúil agus de na huaireanta uasta agus íosta, a bheidh i gcoiteann ag gach comhaontú déthaobhach sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach chomh maith leis an gComhaontú maidir le sláinte, an Comhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta agus an Comhaontú maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise, a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta nuair is gá. Déanfaidh an Comhchoiste an liosta sin a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta le cinneadh chun críocha an Chomhaontaithe.

AIRTEAGAL IV.7

Costais

1.    Iompróidh gach páirtí a chostais féin agus leath de chostais an bhinse eadrána.

2.    Socróidh an binse eadrána a chostais ina chinneadh ar shubstaint an cháis. Ní áireofar ar na costais sin ach an méid seo a leanas:

(a)    táillí na neadránaithe, a luafar ar leithligh le haghaidh gach eadránaí agus a shocróidh an binse eadrána féin i gcomhréir le hAirteagal IV.6;

(b)    na costais taistil agus costais eile arna dtabhú ag na headránaithe; agus



(c)    táillí agus costais an Bhiúró Idirnáisiúnta.

3.    Beidh na costais dá dtagraítear i mír 2 réasúnach, agus an méid atá faoi dhíospóid, castacht na díospóide, an tam a chaith na headránaithe agus aon saineolaí arna cheapadh ag an mbinse eadrána uirthi agus aon toisc ábhartha eile á gcur san áireamh.

AIRTEAGAL IV.8

Costais a thaisceadh

1.    Ag tús na headrána, féadfaidh an Biúró Idirnáisiúnta a iarraidh ar na páirtithe méid comhionann a thaisceadh mar réamhíocaíocht le haghaidh na gcostas dá dtagraítear in Airteagal IV.7(2).

2.    Le linn na nimeachtaí eadrána, féadfaidh an Biúró Idirnáisiúnta taiscí atá forlíontach leo siúd dá dtagraítear i mír 1 a iarraidh ar na páirtithe.

3.    Déanfar na méideanna uile arna dtaisceadh ag na páirtithe i gcur i bhfeidhm an Airteagail seo a íoc leis an mBiúró Idirnáisiúnta agus íocfaidh sé amach iad chun na costais a tabhaíodh iarbhír a chumhdach, lena náirítear, go háirithe, na táillí arna níoc leis na headránaithe agus leis an mBiúró Idirnáisiúnta.



CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

AIRTEAGAL V.1

Leasuithe

Féadfaidh an Comhchoiste, le cinneadh, leasuithe ar an bPrótacal seo a ghlacadh.

(1)    Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar trasEorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (IO AE L 152, 3.6.2022, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/869/oj).
(2)    Energiegesetz, 30 Meán Fómhair 2016 (EnG, SR 730.0), leagan is infheidhme an 1 Eanáir 2025
(3)    Bundesgesetz über die Nutzbarmachung der Wasserkräfte, 22 Nollaig 1916 (WRG, SR 721 80), leagan is infheidhme an 1 Eanáir 2023
(4)    Bundesgesetz über den Schutz der Gewässer, 24 Eanáir 1991 (GschG, SR 814 20), leagan is infheidhme an 1 Feabhra 2023
(5)    Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas, IO L 158, 14.6.2019, lch. 54, de réir mar is infheidhme de réir na hIarscríbhinne.

An Bhruiséil,13.6.2025

COM(2025) 308 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, pacáiste leathain comhaontuithe chun an caidreamh déthaobhach le Cónaidhm na hEilvéise a chomhdhlúthú, a dhoimhniú agus a leathnú, agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis


COMHAONTÚ
IDIR AN tAONTAS EORPACH

AGUS CÓNAIDHM NA hEILVÉISE

MAIDIR LE SLÁINTE

TÁ AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta,

agus

CÓNAIDHM NA hEILVÉISE, dá ngairtear ‘an Eilvéis’ anseo feasta,

dá ngairtear ‘na Páirtithe Conarthacha’ anseo feasta;

ÓS RUD É gur mian leo comhar a chothú ar mhaithe le sláinte dhaonraí na bPáirtithe Conarthacha, go háirithe chun ullmhú do bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte agus chun freagairt dóibh;

DE BHRÍ nach stopann na bagairtí don tsláinte ag teorainneacha náisiúnta a roinneann roinnt Ballstát den Aontas leis an Eilvéis agus go dtrasnaíonn líon tábhachtach daoine na comhtheorainneacha gach lá, agus dá bhrí sin go mbeidh malartú níos fearr saineolais i réimse na mbagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte ina leas coiteann;

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU freagairt ar an mbealach is éifeachtaí do na bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, lena n-áirítear trí fhaisnéis a mhalartú trí chórais choiteanna agus trí acmhainneachtaí frithpháirteacha an fhaireachais eipidéimeolaíoch;

DE BHRÍ go gcuirfidh rannpháirtíocht na hEilvéise i gcomhlachtaí, i ngníomhaireachtaí agus i struchtúir an Aontais chun galair a chosc agus a rialú chomh maith leis na líonraí faireachais agus foláirimh agus cur i bhfeidhm sásraí ullmhachta agus freagartha comhchosúla chun bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte a chosc agus a rialú feabhas ar an leibhéal cosanta sláinte do phobail na bPáirtithe Conarthacha;


AG AITHINT DÓIBH gur cheart go gcuirfeadh comhaontú déthaobhach idir na Páirtithe Conarthacha maidir le sláinte bunús dlí soiléir láidir ar fáil don chomhar i réimse na slándála sláinte;

DE BHRÍ go bhfuil sásraí agus struchtúir bunaithe ag an Aontas chun cosc, ullmhacht agus freagairt a chomhordú i réimse na mbagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, agus go bhféadfadh rannpháirtíocht na hEilvéise sna sásraí agus sna struchtúir sin a bheith chun tairbhe an dá Pháirtí Chonarthacha araon;

AG AITHINT DÓIBH go bhfuil sé chun tairbhe an dá thaobh malartú saineolais ghairmiúil idir na Páirtithe Conarthacha a chothú, lena n-áirítear trí iasachtaí;

DE BHRÍ gur bunaíodh bunús dlí le haghaidh rannpháirtíocht na hEilvéise i gCláir an Aontais, lena n-áirítear Clár EU4Health; agus AG AITHINT DÓIBH a thábhachtaí atá sé comhar a chur chun cinn idir na Páirtithe Conarthacha maidir le hábhair a bhaineann leis an tsláinte a chumhdaítear leis an gComhaontú seo agus leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gcláir an Aontais;

AG COMHROINNT cuspóirí ginearálta Chlár EU4Health, agus I bhFIANAISE spriocanna coiteanna, luachanna agus naisc láidre na bPáirtithe Conarthacha i réimse na sláinte;

AG AITHINT DÓIBH mian choiteann na bPáirtithe Conarthacha a gcaidreamh agus an comhar eatarthu a fhorbairt, a neartú, a spreagadh agus a shíneadh sa réimse sin;


DE BHRÍ go méadóidh comhar níos dlúithe i réimse na mbagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte agus rannpháirtíocht na hEilvéise sa Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (an ‘Lárionad’) an leibhéal cosanta sláinte do dhaonraí na bPáirtithe Conarthacha agus gur cheart ranníocaíocht airgeadais a bheith i gceist le rannpháirtíocht na hEilvéise sa Lárionad ar gá í a bhunú le haghaidh gach clárthréimhse;

Tá siad SÁSTA féachaint an bhféadfaí a gcomhar a leathnú amach anseo chun ábhair eile a bhaineann leis an tsláinte a chumhdach;

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU an comhar idir na Páirtithe Conarthacha a neartú sna réimsí a rialaítear leis an gComhaontú seo ar bhonn na rialacha céanna a bhfuil feidhm acu san Aontas, agus a neamhspleáchas agus neamhspleáchas a n-institiúidí á gcaomhnú ag an am céanna agus, a mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, urraim do na prionsabail a eascraíonn as an daonlathas díreach agus as an bhfeidearálachas;

AG AITHINT DÓIBH nach comhaontú é an Comhaontú seo sna réimsí a bhaineann le margadh inmheánach an Aontais ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach;

DE BHRÍ gurb iomchuí mar sin féin na prionsabail áirithe le haghaidh forálacha institiúideacha is coiteann do na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích nó atá le tabhairt i gcrích sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach a chur i bhfeidhm de réir analaí maidir leis an gComhaontú seo;

Á nATHDHEARBHÚ dóibh go gcaomhnaítear inniúlacht Chúirt Uachtarach Fheidearálach na hEilvéise agus inniúlacht chúirteanna uile na hEilvéise chomh maith le hinniúlacht chúirteanna na mBallstát agus Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun an Comhaontú seo a léiriú i gcásanna aonair;

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:


CAIBIDIL 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

AIRTEAGAL 1

Cuspóir

Is é is cuspóir don Chomhaontú seo an comhar idir na Páirtithe Conarthacha a neartú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)    sláinte dhaonraí Bhallstáit an Aontais agus na hEilvéise a chosaint agus a fheabhsú;

(b)    comhrac in aghaidh na mór-aicídí sláinte, trí thaighde a chur chun cinn maidir leis na cúiseanna a bhíonn leo, a dtarchur agus a gcosc, agus trí fhaisnéis sláinte agus litearthacht sláinte a chur chun cinn;

(c)    ardleibhéal leanúnach faireachais a áirithiú ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte i gcríocha na bPáirtithe Conarthacha, chomh maith lena gcórais foláirimh agus a bhfreagairtí ar bhagairtí den sórt sin a chomhordú.


AIRTEAGAL 2

Raon feidhme

Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha an comhar i réimse na slándála sláinte a neartú agus a leathnú. Beidh raon feidhme an chomhair sin teoranta do na réimsí seo a leanas:

   na sásraí slándála sláinte maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte;

   an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (dá ngairtear ‘an Lárionad’ anseo feasta).

AIRTEAGAL 3

Comhar

Oibreoidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhar, malartóidh siad faisnéis agus comhordóidh siad a mbeartais maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte trí na sásraí agus na struchtúir a leagtar síos i ngníomhartha dlí an Aontais a luaitear in Iarscríbhinn I, go háirithe líonraí faireachais agus foláirimh an Aontais agus sásraí ullmhachta agus freagartha an Aontais chun galair theagmhálacha a chosc agus a rialú. Neartóidh na Páirtithe Conarthacha a gcomhar foriomlán i réimse na slándála sláinte, lena n-áirítear faireachas eipidéimeolaíoch, chun ullmhacht agus freagairt éigeandála a fheabhsú.


CAIBIDIL 2

FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA

AIRTEAGAL 4

Ábhar Ginearálta

Chun deimhneacht dhlíthiúil a ráthú do na Páirtithe Conarthacha a mhéid a bhaineann leis an gcomhar a leagtar amach sa Chomhaontú seo, agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta á gcur san áireamh, leagtar síos sa chaibidil seo na réitigh institiúideacha atá ar aon dul leis na réitigh is coiteann do na comhaontuithe déthaobhacha arna dtabhairt i gcrích nó atá le tabhairt i gcrích sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach, gan raon feidhme an Chomhaontaithe seo a athrú, go háirithe:

(a)    an nós imeachta chun an Comhaontú seo a ailíniú le gníomhartha dlí an Aontais atá ábhartha don Chomhaontú seo;

(b)    léiriú agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Chomhaontaithe seo agus ghníomhartha dlí an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn I;

(c)    faireachas a dhéanamh ar an gComhaontú seo agus é a chur i bhfeidhm; agus

(d)    díospóidí a réiteach i gcomhthéacs an Chomhaontaithe seo.


AIRTEAGAL 5

Rannpháirtíocht i ndréachtú ghníomhartha dlí an Aontais (‘cinntí a mhúnlú’)

1.    Agus togra le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais á dhréachtú aige i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘CFAE’ anseo feasta) sa réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú seo, cuirfidh an Coimisiún Eorpach (dá ngairtear an ‘Coimisiún’ anseo feasta) an Eilvéis ar an eolas faoi sin agus rachaidh sé i gcomhairle go neamhfhoirmiúil le saineolaithe na hEilvéise ar an gcaoi chéanna a lorgaíonn sé tuairimí ó shaineolaithe ó Bhallstáit an Aontais chun a thograí a dhréachtú.

Arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí Conarthach, déanfar réamhmhalartú tuairimí laistigh den Chomhchoiste.

Rachaidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhairle le chéile arís, arna iarraidh sin do cheachtar acu, laistigh den Chomhchoiste ag tráthanna tábhachtacha den chéim sula nglacfaidh an tAontas an gníomh dlí, le linn próiseas leanúnach faisnéise agus comhairliúcháin.

2.    Le linn don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ullmhú, i gcomhréir le CFAE, a bhaineann le bunghníomhartha dhlí an Aontais sa réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú seo, áiritheoidh sé go mbeidh an rannpháirtíocht is leithne is féidir ag an Eilvéis in ullmhú na ndréachtaí agus rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe na hEilvéise ar an mbonn céanna agus a rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe Bhallstáit an Aontais.

3.    Le linn don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ullmhú, i gcomhréir le CFAE, a bhaineann le bunghníomhartha dhlí an Aontais sa réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú seo, áiritheoidh sé go mbeidh an rannpháirtíocht is leithne is féidir ag an Eilvéis in ullmhú na ndréachtaí atá le cur, níos déanaí, faoi bhráid na gcoistí a thugann cúnamh don Choimisiún i bhfeidhmiú a chumhachtaí cur chun feidhme agus rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe na hEilvéise ar an mbonn céanna agus a rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe ó Bhallstáit an Aontais.


4.    Beidh saineolaithe na hEilvéise rannpháirteach in obair na gcoistí nach gcumhdaítear le míreanna 2 agus 3 i gcás inar gá sin le haghaidh fheidhmiú cuí an Chomhaontaithe seo. Déanfaidh an Comhchoiste liosta de na coistí sin agus, i gcás inarb iomchuí, de choistí eile a bhfuil saintréithe comhchosúla acu, a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta.

5.    Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhartha dlí an Aontais ná maidir le forálacha díobh a thagann faoi raon feidhme eisceachta dá dtagraítear in Airteagal 6(5).

AIRTEAGAL 6

Gníomhartha dlí an Aontais a chomhtháthú

1.    Chun deimhneacht dhlíthiúil agus aonchineálacht an dlí a mhéid a bhaineann leis an gcomhar a leagtar amach sa Chomhaontú seo a ráthú, áiritheoidh an Eilvéis agus an tAontas go ndéanfar gníomhartha dlí an Aontais arna nglacadh sa réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú seo a chomhtháthú sa Chomhaontú seo a luaithe is féidir tar éis a nglactha.

2.    Gníomhartha dlí an Aontais arna gcomhtháthú sa Chomhaontú seo i gcomhréir le mír 4, beidh siad, trína gcomhtháthú sa Chomhaontú seo, ina gcuid de dhlíchóras na hEilvéise faoi réir, de réir mar a bheidh, na n-oiriúnuithe arna gcinneadh ag an gComhchoiste.

3.    Le linn don Aontas gníomh dlí a ghlacadh sa réimse a chumhdaítear leis an gComhaontú seo, cuirfidh sé an Eilvéis ar an eolas faoi sin a luaithe is féidir tríd an gComhchoiste. Arna iarraidh sin do cheachtar de na Páirtithe Conarthacha, malartóidh an Comhchoiste tuairimí maidir leis an ábhar sin.


4.    Gníomhóidh an Comhchoiste i gcomhréir le mír 1 trí chinneadh a ghlacadh a luaithe is féidir chun Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo a leasú, lena n-áirítear na hoiriúnuithe is gá.

5.    Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 maidir le gníomhartha dlí an Aontais ná le forálacha díobh a thagann faoi raon feidhme eisceachta. Níl eisceacht sa Chomhaontú seo.

6.    Faoi réir Airteagal 7, tiocfaidh cinntí an Chomhchoiste de bhun mhír 4 i bhfeidhm láithreach, ach ní thiocfaidh siad i bhfeidhm i gcás ar bith roimh an dáta a thiocfaidh gníomh dlí comhfhreagrach an Aontais chun bheith infheidhme san Aontas.

7.    Oibreoidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhar de mheon macánta le linn an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo chun an chinnteoireacht a éascú.

AIRTEAGAL 7

Oibleagáidí bunreachtúla á gcomhlíonadh ag an Eilvéis

1.    Le linn an mhalartaithe tuairimí dá dtagraítear in Airteagal 6(3), cuirfidh an Eilvéis in iúl don Aontas cé acu a cheanglaítear nó nach gceanglaítear le cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 6(4) go gcomhlíonfaidh an Eilvéis oibleagáidí bunreachtúla chun bheith ceangailteach.

2.    I gcás ina gceanglaítear leis an gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 6(4) ar an Eilvéis oibleagáidí bunreachtúla a chomhlíonadh chun bheith ceangailteach, beidh teorainn ama 2 bhliain ar a mhéad ag an Eilvéis ó dháta na faisnéise dá bhforáiltear i mír 1, ach amháin i gcás ina seolfar nós imeachta reifrinn, agus sa chás sin cuirfear síneadh bliana leis an tréimhse sin.


3.    Go dtí go bhfaighidh an Eilvéis an fhaisnéis go bhfuil a hoibleagáidí bunreachtúla comhlíonta aici, cuirfidh na Páirtithe Conarthacha an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 6(4) i bhfeidhm go sealadach, mura rud é go gcuirfidh an Eilvéis in iúl don Aontas nach féidir an cinneadh a chur i bhfeidhm go sealadach agus go soláthróidh sí na cúiseanna leis sin. Ní féidir, i gcás ar bith, an cur i bhfeidhm sealadach a dhéanamh roimh an dáta a thiocfaidh gníomh dlí comhfhreagrach an Aontais chun bheith infheidhme san Aontas.

4.    Tabharfaidh an Eilvéis fógra don Aontas gan mhoill tríd an gComhchoiste a luaithe a bheidh na hoibleagáidí bunreachtúla dá dtagraítear i mír 1 comhlíonta aici.

5.    Tiocfaidh an cinneadh i bhfeidhm an lá a thabharfar an fógra dá bhforáiltear i mír 4, ach ní thiocfaidh sé i bhfeidhm i gcás ar bith roimh an dáta a thiocfaidh gníomh dlí comhfhreagrach an Aontais chun bheith infheidhme san Aontas.

AIRTEAGAL 8

Tagairtí do chríocha

Aon uair a bheidh tagairtí i ngníomhartha dlí an Aontais arna gcomhtháthú sa Chomhaontú seo do chríoch ‘an Aontais Eorpaigh’ nó ‘an Aontais’, tuigfear, chun críocha an Chomhaontaithe seo, gur tagairtí do na críocha dá dtagraítear in Airteagal 20 iad na tagairtí.


AIRTEAGAL 9

Tagairtí do náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais

Aon uair a bheidh tagairtí i ngníomhartha dlí an Aontais arna gcomhtháthú sa Chomhaontú seo do náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais, tuigfear, chun críocha an Chomhaontaithe seo, gur tagairtí do náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais agus na hEilvéise iad na tagairtí.

AIRTEAGAL 10

Teacht i bhfeidhm agus cur chun feidhme ghníomhartha dlí an Aontais

Forálacha na ngníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú sa Chomhaontú seo maidir lena dteacht i bhfeidhm nó lena gcur chun feidhme, níl siad ábhartha chun críocha an Chomhaontaithe seo.

Eascraíonn na teorainneacha ama agus na dátaí don Eilvéis chun na cinntí lena gcomhtháthaítear gníomhartha dlí an Aontais sa Chomhaontú seo a thabhairt i bhfeidhm agus a chur chun feidhme as Airteagal 6(6) agus Airteagal 7(5), agus as forálacha maidir le socruithe idirthréimhseacha.

AIRTEAGAL 11

Seolaithe ghníomhartha dlí an Aontais

Forálacha na ngníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcomhtháthú sa Chomhaontú seo lena léirítear gur ar Bhallstáit an Aontais atá siad dírithe, níl siad ábhartha chun críocha an Chomhaontaithe seo.


AIRTEAGAL 12

Prionsabal an léirithe chomhionainn

1.    Chun an cuspóir a leagtar amach in Airteagal 4 a bhaint amach agus i gcomhréir le prionsabail an dlí idirnáisiúnta phoiblí, déanfar an Comhaontú seo agus gníomhartha dlí an Aontais dá ndéantar tagairt ann a léiriú agus a chur i bhfeidhm go comhionann sna réimsí a chumhdaítear leis an gComhaontú seo.

2.    Gníomhartha dlí an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus, a mhéid a bhaineann a gcur i bhfeidhm le coincheapa de dhlí an Aontais, déanfar forálacha an Chomhaontaithe seo a léiriú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, sula síneofar an Comhaontú nó dá éis.

AIRTEAGAL 13

Prionsabal cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhchuí

1.    Oibreoidh an Coimisiún agus údaráis inniúla na hEilvéise i gcomhar agus tabharfaidh siad cúnamh dá chéile chun a áirithiú go ndéanfar faireachas ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Féadfaidh siad faisnéis a mhalartú maidir le gníomhaíochtaí faireachais ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Féadfaidh siad tuairimí a mhalartú agus saincheisteanna leasa choitinn a phlé.


2.    Déanfaidh gach Páirtí Conarthach bearta iomchuí chun cur i bhfeidhm éifeachtach comhchuí an Chomhaontaithe seo ar a chríoch a áirithiú.

3.    Is iad na Páirtithe Conarthacha laistigh den Chomhchoiste a dhéanfaidh faireachas i gcomhpháirt ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Má thagann an Coimisiún nó údaráis inniúla na hEilvéise ar an eolas faoi chás inar cuireadh i bhfeidhm go mícheart é, féadfar an t-ábhar a tharchur chuig an gComhchoiste d’fhonn teacht ar réiteach inghlactha.

4.    Déanfaidh an Coimisiún agus údaráis inniúla na hEilvéise faoi seach faireachán ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo ag an bPáirtí Conarthach eile Tá feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 15.

AIRTEAGAL 14

Prionsabal an eisiachais

Gabhann na Páirtithe Conarthacha orthu féin gan díospóid a chur isteach maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus ghníomhartha dlí an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn I nó, i gcás inarb infheidhme, maidir le cinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún ar bhonn an Chomhaontaithe seo a bheith i gcomhréir le haon mhodh réitigh seachas na modhanna sin dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo.


AIRTEAGAL 15

Nós imeachta i gcás ina bhfuil deacracht le léiriú nó cur i bhfeidhm

1.    I gcás ina mbeidh deacracht ann an Comhaontú seo nó gníomh dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a léiriú nó a chur i bhfeidhm, rachaidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhairle le chéile laistigh den Chomhchoiste chun teacht ar réiteach a bheidh inghlactha ag an dá thaobh. Chuige sin, cuirfear na heilimintí úsáideacha faisnéise uile ar fáil don Chomhchoiste chun é a chur ar a chumas dó scrúdú mionsonraithe a dhéanamh ar an gcás. Scrúdóidh an Comhchoiste na féidearthachtaí uile lena bhféadfar feidhmiú cuí an Chomhaontaithe seo a choinneáil ar bun.

2.    Mura mbeidh an Comhchoiste in ann teacht ar réiteach ar an deacracht dá dtagraítear i mír 1 laistigh de 3 mhí ón dáta a cuireadh an deacracht faoina bhráid, féadfaidh ceachtar de na Páirtithe Conarthacha a iarraidh ar bhinse eadrána an díospóid a réiteach i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa Phrótacal maidir leis an mbinse eadrána.

3.    I gcás ina dtarraingeoidh an díospóid ceist anuas a bhaineann le léiriú nó cur i bhfeidhm forála dá dtagraítear in Airteagal 12(2), agus más rud é go bhfuil léiriú na forála sin ábhartha maidir leis an díospóid a shocrú agus gur gá é chun é a chur ar a chumas dó breith a thabhairt, déanfaidh an binse eadrána an cheist sin a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

I gcás ina dtarraingeoidh an díospóid ceist anuas maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm forála a thagann faoi raon feidhme eisceachta ón oibleagáid ailínithe dhinimiciúil dá dtagraítear in Airteagal 6(5), agus i gcás nach mbaineann an díospóid le léiriú nó cur i bhfeidhm coincheap de dhlí an Aontais, réiteoidh an binse eadrána an díospóid gan í a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.


4.    I gcás ina dtarchuirfidh an binse eadrána ceist chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh de bhun mhír 3:

(a)    beidh an rialú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina cheangal ar an mbinse eadrána; agus

(b)    beidh na cearta céanna ag an Eilvéis agus atá ag na Ballstáit agus ag institiúidí an Aontais agus beidh sí faoi réir na nósanna imeachta céanna os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, mutatis mutandis.

5.    Déanfaidh gach Páirtí Conarthach gach beart is gá chun cinneadh an bhinse eadrána a chomhlíonadh de mheon macánta. An Páirtí Conarthach a gcinnfidh an binse eadrána nár chomhlíon sé an Comhaontú seo, cuirfidh sé an Páirtí Conarthach eile ar an eolas tríd an gComhchoiste faoi na bearta atá déanta aige chun cinneadh an bhinse eadrána a chomhlíonadh.


AIRTEAGAL 16

Bearta cúiteacha

1.    Mura ndéanfaidh an Páirtí Conarthach ar chinn an binse eadrána nár chomhlíon sé an Comhaontú seo, laistigh de thréimhse ama réasúnach arna socrú i gcomhréir le hAirteagal IV.2(6) den Phrótacal maidir leis an mbinse eadrána, na bearta atá déanta aige chun cinneadh an bhinse eadrána a chomhlíonadh a chur in iúl don Pháirtí Conarthach eile nó má mheasann an Páirtí Conarthach eile nach gcomhlíonann na bearta a chuirtear in iúl cinneadh an bhinse eadrána, féadfaidh an Páirtí Conarthach eile sin bearta cúiteacha comhréireacha a ghlacadh, chun éagothroime a d’fhéadfadh a bheith ann a leigheas. Ní fhéadfar bearta cúiteacha a ghlacadh ach amháin faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo nó i gcomhréir le hAirteagal 19(1)(c) agus Airteagal 20(4) den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gcláir an Aontais’, arna dhéanamh in... an..., anseo feasta, an ‘Comhaontú maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise i gCláir an Aontais, a mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht na hEilvéise sa Chlár do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte 1 . Tabharfaidh an Páirtí Conarthach a ghlacfaidh bearta cúiteacha fógra don Pháirtí Conarthach ar chinn an binse eadrána nár chomhlíon sé an Comhaontú seo faoi na bearta cúiteacha, a shonrófar san fhógra. Gabhfaidh éifeacht leis na bearta cúiteacha sin 3 mhí ó dháta an fhógra sin.


2.    Más rud é, laistigh de 1 mhí amháin ón dáta a dtabharfar fógra faoi na bearta cúiteacha atá beartaithe, nach mbeidh cinneadh déanta ag an gComhchoiste na bearta cúiteacha sin a chur ar fionraí, a leasú nó a neamhniú, féadfaidh ceachtar Páirtí Conarthach an cheist maidir le comhréireacht na mbeart cúiteach sin a chur chun eadrána, i gcomhréir leis an bPrótacal ar an mbinse eadrána.

3.    Déanfaidh an binse eadrána cinneadh laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal III.8(4) den Phrótacal ar an mbinse eadrána.

4.    Ní bheidh éifeacht chúlghabhálach ag bearta cúiteacha. Go háirithe, caomhnófar na cearta agus na hoibleagáidí a fuair daoine aonair agus oibreoirí eacnamaíocha cheana féin sula ngabhfaidh éifeacht leis na bearta cúiteacha.

AIRTEAGAL 17

Comhar idir dlínsí

1.    Chun an léirmhíniú aonchineálach a chur chun cinn, tiocfaidh Cúirt Uachtarach Chónaidhme na hEilvéise agus Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú maidir le hidirphlé agus módúlachtaí an idirphlé sin.

2.    Beidh sé de cheart ag an Eilvéis ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a thaisceadh le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás ina dtarchuirfidh cúirt Ballstáit den Aontas ceist chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le léiriú an Chomhaontaithe seo nó foráil de ghníomh dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn I le haghaidh réamhrialú.


AIRTEAGAL 18

Cur chun feidhme

1.    Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha gach beart is iomchuí, bíodh siad ginearálta nó sonrach, le comhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn ón gComhaontú seo a áirithiú, agus staonfaidh siad ó aon bheart a dhéanamh a chuirfeadh i mbaol baint amach a chuspóir.

2.    Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha gach beart is gá chun toradh beartaithe ghníomhartha dlí an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ráthú agus staonfaidh siad ó aon bheart a dhéanamh a d’fhéadfadh gnóthú a n-aidhmeanna a chur i mbaol.

AIRTEAGAL 19

Comhchoiste

1.    Bunaítear Comhchoiste leis seo.

Is ionadaithe ó na Páirtithe Conarthacha a bheidh ar an gComhchoiste.

2.    Beidh ionadaí ón Aontas Eorpach agus ionadaí ón Eilvéis ina gcomhchathaoirligh ar an gComhchoiste.

3.    An Comhchoiste:

(a)    áiritheoidh sé feidhmiú cuí agus riar agus cur i bhfeidhm éifeachtach an Chomhaontaithe seo;


(b)    féadfaidh sé faisnéis a mhalartú agus dul i gcomhairle maidir le ceisteanna a bhaineann leis an gComhaontú seo agus leis na gnéithe airgeadais a bhaineann leis;

(c)    fóram a chur ar fáil le haghaidh comhairliúchán frithpháirteach agus malartú leanúnach faisnéise idir na Páirtithe Conarthacha, go háirithe d’fhonn teacht ar réiteach ar aon deacracht a bhaineann le léiriú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nó gnímh dlí de chuid an Aontais dá ndéantar tagairt in Iarscríbhinn I i gcomhréir le hAirteagal 15;

(d)    áiritheoidh sé, i gcomhar leis an gComhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise i gCláir an Aontais (‘an Comhchoiste um rannpháirtíocht i gCláir an Aontais’), feidhmiú cuí agus cur chun feidhme éifeachtach rannpháirtíocht na hEilvéise sa chlár le haghaidh ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte, le haghaidh ábhair a chumhdaítear leis an gComhaontú seo amháin; chuige sin, cuirfidh an Comhchoiste an Comhchoiste ar an eolas maidir le rannpháirtíocht i gcláir an Aontais sna cásanna seo a leanas:

(i)    is gá Prótacal nua a ghabhann leis an gComhaontú maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise i gCláir an Aontais maidir leis an gClár do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na Sláinte a ghlacadh;

(ii)    is gá an Prótacal a leasú mar gheall ar athruithe ar raon feidhme an Chomhaontaithe seo;

(iii)    áirítear ar chlár oibre a chruinnithe ábhair a bhaineann leis an gClár seo;

(e)    cuirfidh sé moltaí faoi bhráid na bPáirtithe Conarthacha maidir le hábhair a bhaineann leis an gComhaontú seo;

(f)    glacfaidh sé cinntí i gcás ina bhforáiltear dó sin sa Chomhaontú seo;


(g)    i gcás leasú ar Airteagail 1 go 6, 10 go 15, nó 17 nó 18 de Phrótacal Uimh. 7 ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘Prótacal (Uimh. 7)’ anseo feasta), atá i gceangal leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, leasóidh an Comhchoiste an Foscríbhinn dá réir sin; agus

(h)    aon inniúlacht eile a dheonaítear dó sa Chomhaontú seo a fheidhmiú.

4.    Feidhmeoidh an Comhchoiste trí chomhthoil.

Beidh Cinntí ina gceangal ar na Páirtithe Conarthacha, agus déanfaidh na Páirtithe na bearta uile is gá chun iad a chur chun feidhme.

5.    Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile uair sa bhliain ar a laghad, sa Bhruiséil agus i mBeirn gach re seach, mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt. Tiocfaidh sé le chéile freisin arna iarraidh sin do cheachtar de na Páirtithe Conarthacha. Féadfaidh na comhchathaoirligh a chomhaontú go dtionólfar cruinniú den Chomhchoiste trí fhíschomhdháil nó trí theileachomhdháil.

6.    Glacfaidh an Comhchoiste a rialacha nós imeachta ag a chéad chruinniú agus tabharfaidh sé cothrom le dáta iad de réir mar is gá.

7.    Féadfaidh an Comhchoiste a chinneadh aon mheitheal nó aon ghrúpa saineolaithe a bhunú a bheidh in ann cúnamh a thabhairt dó chun a chuid dualgas a chomhlíonadh.


CAIBIDIL 3

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

AIRTEAGAL 20

Raon feidhme críochach

Beidh feidhm ag an gComhaontú seo, de pháirt, maidir leis an gcríoch ina gcuirtear an Conradh ar an Aontas Eorpach agus CFAE i bhfeidhm, agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin agus, den pháirt eile, maidir le críoch na hEilvéise.

AIRTEAGAL 21

Athbhreithniú

1.    Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha athbhreithniú tráthrialta ar fheidhmiú an Chomhaontaithe seo laistigh den Chomhchoiste agus féadfaidh siad breithniú a dhéanamh ar é a athbhreithniú, is é sin chun feabhas a chur ar a gcomhar nó chun é a leathnú chuig ábhair eile a bhaineann leis an tsláinte.

2.     I bhfianaise na mbreithnithe féideartha sin, féadfaidh na Páirtithe Conarthacha dul i mbun caibidlíochta, i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha faoi seach, d’fhonn í a athbhreithniú.

3.    Beidh toradh aon chaibidlíochta faoi réir a dhaingnithe nó a fhormheasta ag na Páirtithe Conarthacha i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha faoi seach.


AIRTEAGAL 22

Rúndacht ghairmiúil

Ceanglófar ar ionadaithe, ar shaineolaithe agus ar ghníomhairí eile na bPáirtithe Conarthacha, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais, gan faisnéis a nochtadh, ar faisnéis í a fhaightear faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo, ar faisnéis í atá cumhdaithe ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla.

AIRTEAGAL 23

Faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe

1.    Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo mar ní a cheanglóidh ar Pháirtí Conarthach faisnéis rúnaicmithe a chur ar fáil.

2.    Déanfar faisnéis rúnaicmithe nó ábhar rúnaicmithe a sholáthróidh na Páirtithe Conarthacha nó a mhalartófar eatarthu faoin gComhaontú seo a láimhseáil agus a chosaint i gcomhréir leis an gComhaontú idir Cónaidhm na hEilvéise agus an tAontas Eorpach maidir leis na nósanna imeachta slándála chun faisnéis rúnaicmithe a mhalartú, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 28 Aibreán 2008, agus i gcomhréir le haon socrú slándála lena gcuirtear chun feidhme é.

3.    Glacfaidh an Comhchoiste, trí bhíthin cinnidh, treoracha láimhseála chun a áirithiú go gcosnófar faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a mhalartaítear idir na Páirtithe Conarthacha.


AIRTEAGAL 24

Iarscríbhinní, Foscríbhinní agus Prótacail

Beidh na hIarscríbhinní, na Foscríbhinní agus na Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú seo ina gcuid dhílis den Chomhaontú.

AIRTEAGAL 25

Ranníocaíocht airgeadais

1.    Rannchuideoidh an Eilvéis le maoiniú ghníomhaíochtaí ghníomhaireachtaí an Aontais, na gcóras faisnéise agus na ngníomhaíochtaí eile a liostaítear in Airteagal 1 d’Iarscríbhinn II a bhfuil rochtain aici orthu, i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hIarscríbhinn II.

Féadfaidh an Comhchoiste cinneadh a ghlacadh chun Iarscríbhinn II a leasú.

2.    Féadfaidh an tAontas rannpháirtíocht na hEilvéise sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur ar fionraí tráth ar bith mura gcomhlíonann an Eilvéis an sprioc-am íocaíochta i gcomhréir leis na téarmaí íocaíochta a leagtar amach in Airteagal 2 d’Iarscríbhinn II.

I gcás nach gcomhlíonann an Eilvéis sprioc-am íocaíochta, seolfaidh an tAontas litir mheabhrúcháin fhoirmiúil chuig an Eilvéis. I gcás nach ndéanfar íocaíocht iomlán laistigh de 30 lá ón dáta a gheofar an litir mheabhrúcháin fhoirmiúil sin, féadfaidh an tAontas rannpháirtíocht na hEilvéise sa ghníomhaíocht ábhartha a chur ar fionraí.


3.    Is éard a bheidh sa ranníocaíocht airgeadais suim na méideanna seo a leanas:

(a)    ranníocaíocht oibríochtúil; agus

(b)    táille rannpháirtíochta.

4.    Beidh an ranníocaíocht airgeadais i bhfoirm ranníocaíochta airgeadais bliantúla agus beidh sí dlite ar na dátaí a shonraítear sna glaonna ar chistí arna n-eisiúint ag an gCoimisiún.

5.    Beidh an ranníocaíocht oibríochtúil bunaithe ar threoir ranníoca arna sainiú mar an cóimheas idir olltáirgeacht intíre (dá ngairtear ‘OTI’ anseo feasta) na hEilvéise ag praghsanna an mhargaidh agus OTI an Aontais ag praghsanna an mhargaidh. Chun na críche sin, is iad na figiúirí is déanaí a bheidh ar fáil ón 1 Eanáir den bhliain ina ndéantar an íocaíocht bhliantúil de réir mar a sholáthróidh Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh (EUROSTAT) iad na figiúirí a úsáidfear le haghaidh OTI ag margadhphraghsanna na bPáirtithe Conarthacha, agus aird chuí á tabhairt ar an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar i réimse an staidrimh, arna dhéanamh i Lucsamburg an 26 Deireadh Fómhair 2004. Má scoireann an comhaontú sin d’fheidhm a bheith aige, is é an figiúr a ghlacfar mar OTI na hEilvéise an figiúr a bhunófar ar bhonn na faisnéise arna cur ar fáil ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta.

6.    Déanfar an ranníocaíocht oibríochtúil le haghaidh gach gníomhaireachta de chuid an Aontais a ríomh tríd an treoir ranníoca a chur i bhfeidhm ar a buiséad bliantúil arna vótáil agus atá inscríofa ar línte fóirdheontais buiséid ábhartha an Aontais den bhliain atá i gceist, agus aon ranníocaíocht oibríochtúil choigeartaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 1 d’Iarscríbhinn II á cur san áireamh le haghaidh gach gníomhaireachta. Déanfar an ranníocaíocht oibríochtúil le haghaidh na gcóras faisnéise agus na ngníomhaíochtaí eile a ríomh tríd an treoir ranníoca a chur i bhfeidhm ar bhuiséad ábhartha na bliana atá i gceist mar a leagtar amach i ndoiciméid lena gcuirtear an buiséad chun feidhme (amhail cláir oibre nó conarthaí).

Beidh na méideanna tagartha uile bunaithe ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas.


7.    4 % den ranníocaíocht oibríochtúil bhliantúil arna ríomh i gcomhréir le míreanna 5 agus 6 a bheidh sa táille rannpháirtíochta bhliantúil.

8.    Soláthróidh an Coimisiún faisnéis leordhóthanach don Eilvéis i ndáil lena ranníocaíocht airgeadais a ríomh. Soláthrófar an fhaisnéis sin agus aird chuí á tabhairt ar rialacha rúndachta agus cosanta sonraí an Aontais.

9.    Is in euro a dhéanfar ranníocaíochtaí airgeadais uile na hEilvéise nó na híocaíochtaí uile ón Aontas agus is in euro a ríomhfar na méideanna a bheidh dlite nó le fáil.

10.    I gcás nach mbeidh teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo i gcomhthráth le tús bliana féilire, beidh ranníocaíocht oibríochtúil na hEilvéise le haghaidh na bliana i gceist faoi réir coigeartú, de réir na modheolaíochta agus na dtéarmaí íocaíochta a shainítear in Airteagal 4 d’Iarscríbhinn II.

11.    Leagtar amach in Iarscríbhinn II forálacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo.

12.    3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, agus gach 3 bliana dá éis, déanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú ar choinníollacha rannpháirtíochta na hEilvéise mar a shainmhínítear in Airteagal 1 d’Iarscríbhinn II agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé iad a oiriúnú.


AIRTEAGAL 26

Teacht i bhfeidhm

1.    Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha an Comhaontú seo a dhaingniú nó a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Tabharfaidh gach Páirtí Conarthach fógra don Pháirtí Conarthach eile faoi chur i gcrích na nósanna imeachta inmheánacha is gá le haghaidh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

2.    Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an fhógra dheireanaigh maidir leis na hionstraimí seo a leanas:

(a)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

(b)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

(c)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(d)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;


(e)    Prótacal maidir le státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(f)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;

(g)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;

(h)    Prótacal maidir le státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar;

(i)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta;

(j)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(k)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(l)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú;


(m)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gcláir an Aontais;

(n)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis.

AIRTEAGAL 27

Foirceannadh

1.    Féadfaidh gach Páirtí Conarthach a fhoirceannadh trí fhógra a thabhairt don Pháirtí Conarthach eile.

2.    Scoirfidh an Comhaontú seo d’fheidhm a bheith aige 6 mhí tar éis an fógra dá dtagraítear i mír 1 a fháil.

3.    I gcás ina scoirfidh an Comhaontú seo de bheith i bhfeidhm, caomhnófar na cearta agus na hoibleagáidí a fuair daoine aonair agus oibreoirí eacnamaíocha cheana féin de bhua an Chomhaontaithe seo roimh dháta scoir an Chomhaontaithe seo. Socróidh na Páirtithe Conarthacha trí chomhaontú frithpháirteach cén ghníomhaíocht a bheidh le déanamh i ndáil le cearta atá á bhfáil.


Arna dhéanamh [i/sa/san …], an […], i ndúblach, sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus tá gach téacs díobh barántúil.

Á FHIANÚ SIN, chuir na daoine thíos-sínithe, agus údar cuí acu chuige sin, a lámh leis an gComhaontú seo.

(Bloc na sínithe amhail an méid seo a leanas, i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais: ‘Thar ceann an Aontais Eorpaigh’ agus ‘Thar ceann Chónaidhm na hEilvéise’)

IARSCRÍBHINN I

GNÍOMHARTHA DLÍ AN AONTAIS
ARNA gCOMHTHÁTHÚ I gCOMHRÉIR

LE hAIRTEAGAL 6 DEN CHOMHAONTÚ

Mura bhforáiltear a mhalairt in oiriúnuithe teicniúla, na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear i ngníomhartha dlí an Aontais arna gcomhtháthú san Iarscríbhinn seo le haghaidh Bhallstáit an Aontais, tuigfear go ndéanfar foráil maidir leo don Eilvéis. Cuirfear an méid sin i bhfeidhm agus lánurraim á tabhairt do na forálacha institiúideacha atá i gCaibidil 2 den Chomhaontú.

Bagairtí Tromchúiseacha Trasteorann ar an tSláinte

1.    32022 R 2371 Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (IO AE L 314, 6.12.2022, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2371/oj).

Léifear forálacha Rialachán (AE) 2022/2371, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a)    Beidh an Eilvéis rannpháirteach go hiomlán sa Choiste Slándála Sláinte agus beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna aici ann agus a bhíonn ag Ballstáit an Aontais, cé is moite den cheart vótála;


(b)    Beidh an Eilvéis ina húsáideoir ceart iomlán den Chóras Luathrabhaidh agus Freagartha (EWRS) arna bhunú le Rialachán (AE) 2022/2371;

(c)    Ní úsáidfidh an Eilvéis an sainmhíniú atá in Airteagal 3(10) de Rialachán (AE) 2022/2371 ach amháin chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme;

(d)    soláthróidh an Eilvéis na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2022/2371 an tráth céanna a cheanglaítear ar Bhallstáit an Aontais faoin Airteagal sin, ach in aon chás níos luaithe ná 1 bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Tarchuireann an Eilvéis a tuarascáil trí EWRS;

(e)    in Airteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2022/2371, scriosfar na focail ‘mar fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh’. Maidir leis an Eilvéis, tuigfear an dara habairt mar ‘Tairgfear leis na rialacháin slándála náisiúnta sin leibhéal cosanta d’fhaisnéis rúnaicmithe i gcomhréir leis an gComhaontú idir Cónaidhm na hEilvéise agus an tAontas Eorpach maidir leis na nósanna imeachta slándála chun faisnéis rúnaicmithe agus a socruithe slándála a mhalartú’;

(f)    chun críocha an Chomhaontaithe seo, beidh an rannpháirtíocht sa nós imeachta soláthair chomhpháirtigh dá dtagraítear in Airteagal 12(3)(a) de Rialachán (AE) 2022/2371 oscailte don Eilvéis freisin;

(g)    Ní bheidh feidhm ag Airteagal 12(4)(a), (b), (c), (e) agus (f) de Rialachán (AE) 2022/2371 maidir leis an Eilvéis;


(h)    Ní dhéantar difear d’inniúlacht na hEilvéise éigeandálaí sláinte poiblí a aithint agus a fhoirceannadh ar an leibhéal náisiúnta le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2022/2371;

(i)    Ní bheidh feidhm ag Airteagal 25(a) agus (b) de Rialachán (AE) 2022/2371 maidir leis an Eilvéis;

(j)    in Airteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2022/2371, tuigfear an tagairt do Rialachán (AE) 2016/679 agus do Threoir 2002/58/CE, maidir leis an Eilvéis, mar thagairt don reachtaíocht náisiúnta ábhartha.

2.    32023 R 1808 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1808 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2023 lena leagtar amach an teimpléad chun faisnéis a sholáthar maidir le pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO AE L 234, 22.9.2023, lch. 105, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1808/oj).

3.    32024 R 0892 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/892 ón gCoimisiún an 22 Márta 2024 lena n-ainmnítear saotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh le haghaidh réimsí sonracha áirithe den tsláinte phoiblí (IO AE L, 2024/892, 25.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/892/oj).

4.    32024 R 1232 Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1232 ón gCoimisiún an 5 Márta 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le measúnuithe ar staid chur chun feidhme na bpleananna náisiúnta coisc, ullmhachta agus freagartha agus maidir leis an mbaint atá acu le plean coisc, ullmhachta agus freagartha an Aontais (IO AE L, 2024/1232, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1232/oj).


5.    32024 R 2959 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2959 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2024 lena n-ainmnítear saotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh don tsláinte phoiblí um baictéir bhia-iompartha agus uisce-iompartha; maidir le heilmintí agus prótasóin bhia-iompartha, uisce-iompartha agus veicteoir-iompartha; agus maidir le víris bhia-iompartha agus uisce-iompartha (IO AE L, 2024/2959, 2.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2959/oj).

6.    32018 D 0945 Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/945 ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2018 maidir leis na galair theagmhálacha agus na saincheisteanna sláinte speisialta lena mbaineann atá le cumhdach le faireachas eipidéimeolaíoch chomh maith le sainmhínithe cáis ábhartha (IO AE L 170, 6.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2018/945/oj).

7.    32017 D 0253 Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/253 ón gCoimisiún an 13 Feabhra 2017 lena leagtar síos nósanna imeachta chun fógra a thabhairt faoi fholáirimh mar chuid den chóras luathrabhaidh agus freagartha a bunaíodh i ndáil le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte agus chun freagairtí ar na bagairtí sin a mhalartú, a cheadú agus a chomhordú de bhun Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE (IO AE L 37, 14.2.2017, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2017/253/oj), arna leasú le:

   32021 D 0858 Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/858 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/253 maidir le foláirimh a fhógraítear de bharr bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte agus maidir le rianú teagmhálaithe paisinéirí a shainaithnítear trí Fhoirmeacha Aimsithe Paisinéirí (IO AE L 188, 28.5.2021, lch. 106, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/858/oj);


   32021 D 1212 Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1212 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/253 maidir le foláirimh a fhógraítear de bharr bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte agus maidir le rianú teagmhálaithe a dhéanamh ar dhaoine a nochtadh a shainaithnítear i gcomhthéacs líonadh isteach Foirmeacha Aimsithe Paisinéirí (IO AE L 263, 23.7.2021, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/1212/oj).

AN LÁRIONAD EORPACH UM GHALAIR A CHOSC AGUS A RIALÚ

8.    32004 R 0851 Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (IO AE L 142, 30.4.2004, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/851/oj), arna leasú le:

   32022 R 2370 Rialachán (AE) 2022/2370 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 lena mbunaítear lárionad Eorpach um ghalair a chosc agus a rialú (IO AE L 314, 6.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2370/oj).

Léifear forálacha Rialachán (CE) Uimh. 851/2004, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a)    Beidh an Eilvéis rannpháirteach sa Lárionad;

(b)    Déanfaidh an Eilvéis ranníocaíocht airgeadais le gníomhaíochtaí an Lárionaid i gcomhréir le hAirteagal 25 den Chomhaontú;


(c)    Beidh an Eilvéis rannpháirteach go hiomlán i mBord Bainistíochta an Lárionaid agus beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna aici ann agus a bhíonn ag Ballstáit an Aontais, cé is moite den cheart vótála;

(d)    Beidh an Eilvéis rannpháirteach go hiomlán i bhFóram Comhairleach an Lárionaid agus beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna aici ann agus a bhíonn ag Ballstáit an Aontais;

(e)    ‘Deonóidh an Eilvéis don Lárionad agus dá fhoireann, faoi chuimsiú a bhfeidhmeanna oifigiúla don Ghníomhaireacht, na pribhléidí agus na díolúintí dá bhforáiltear san Fhoscríbhinn, atá bunaithe ar Airteagail 1 go 6, 10 go 15, agus 17 agus 18 de Phrótacal (Uimh. 7). Léirítear tagairtí do na hairteagail chomhfhreagracha den Phrótacal sin idir lúibíní chun críocha faisnéise;

(f)    de mhaolú ar Airteagal 12(2)(a) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, a leagtar síos i Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA),lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO 45, 14.6.1962, lch. 1385), lena n-áirítear aon leasú ina dhiaidh sin), féadfaidh an Lárionad, má chinneann sé amhlaidh, náisiúnaigh Eilvéiseacha a bhfuil a gcearta iomlána mar shaoránaigh á dteachtadh acu a fhostú faoi chonradh. Féadfaidh an Lárionad glacadh le hiasacht saineolaithe ón Eilvéis;

(g)    Beidh an Eilvéis rannpháirteach go hiomlán sna líonraí arna n-oibriú ag an Lárionad agus beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna acu iontu agus a bhíonn ag Ballstáit an Aontais;


(h)    in Airteagal 3(2)(g) de Rialachán (CE) Uimh. 851/2004, cuirtear na focail ‘le cúnamh agus’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘ar bhonn cás ar chás’;

(i)    in Airteagal 20a de Rialachán (CE) Uimh. 851/2004, tuigfear an tagairt do Rialachán (AE) 2016/679 agus do Threoir 2002/58/CE, maidir leis an Eilvéis, mar thagairt don reachtaíocht náisiúnta ábhartha.



Foscríbhinn

MAIDIR LE PRIBHLÉIDÍ AGUS DÍOLÚINTÍ

AIRTEAGAL 1
(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 1 de Phrótacal (Uimh. 7))

Beidh áitribh agus foirgnimh na Gníomhaireachta dosháraithe. Beidh na háitribh agus na foirgnimh sin díolmhaithe ó chuardach, foréileamh, coigistiú nó díshealbhú. Ní bheidh maoin agus sócmhainní na Gníomhaireachta faoi réir aon bheart comhéigin riarachán ná dlíthiúil gan údarás Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

AIRTEAGAL 2
(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 2 de Phrótacal (Uimh. 7))

Beidh cartlann na Gníomhaireachta dosháraithe.

AIRTEAGAL 3
(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 3 agus 4 de Phrótacal (Uimh. 7))

1.    Beidh an Ghníomhaireacht, a shócmhainní, a ioncam agus a mhaoin eile saortha ó gach cáin dhíreach.


2.    Earraí agus seirbhísí a onnmhairítear chuig an nGníomhaireacht ón Eilvéis le haghaidh a n-úsáide oifigiúla nó a sholáthraítear don Ghníomhaireacht san Eilvéis, ní bheidh siad faoi réir aon dleacht indíreach ná aon cháin indíreach.

3.    Deonófar díolúine ó CBL má tá ar a laghad céad franc Eilvéiseach (lena n-áirítear cáin) san iomlán i gceist le praghas ceannaigh iarbhír na n-earraí agus na seirbhísí a luaitear sa sonrasc nó sa doiciméad comhfhreagrach. Beidh an Ghníomhaireacht díolmhaithe ó gach dleacht chustaim, ó gach toirmeasc agus ó gach srian ar allmhairí agus onnmhairí i leith earraí atá beartaithe dá húsáid oifigiúil; ní dhéanfar earraí a allmhaireofar amhlaidh a dhiúscairt, cibé acu ar íocaíocht nó nach ea, san Eilvéis, ach amháin faoi choinníollacha arna bhformheas ag rialtas na hEilvéise.

4.    Deonófar an díolúine ó CBL, ó dhleacht mháil agus ó aon cháin indíreach eile trí bhíthin logha nuair a thíolacfar don soláthróir earraí nó seirbhísí na foirmeacha Eilvéiseacha arna soláthar chun na críche sin.

5.    Ní dheonófar díolúine ar bith i leith cánacha agus dleachtanna nach bhfuil iontu ach táillí as seirbhísí fóntais phoiblí.

AIRTEAGAL 4
(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 5 de Phrótacal (Uimh. 7))

Maidir lena cumarsáid oifigiúil agus tarchur a cuid doiciméad uile, gheobhaidh an Ghníomhaireacht san Eilvéis an chóir a thugann an Stát sin do mhisin taidhleoireachta.

Ní bheidh comhfhreagras oifigiúil ná teachtaireachtaí oifigiúla eile de chuid na Gníomhaireachta faoi réir cinsireachta.


AIRTEAGAL 5
(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 6 de Phrótacal (Uimh. 7))

Laissez-passer an Aontais a eisítear chuig comhaltaí agus seirbhísigh na Gníomhaireachta, aithneofar é mar dhoiciméid taistil bhailí laistigh de chríoch na hEilvéise. Eiseofar na laissez-passer sin chuig oifigigh agus seirbhísigh eile faoi choinníollacha arna leagan síos i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais (Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO 45, 14.6.1962, lch. 1385), lena n-áirítear aon leasú ina dhiaidh sin).

AIRTEAGAL 6
(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 10 de Phrótacal (Uimh. 7))

Na hionadaithe do Bhallstáit an Aontais a ghlacann páirt in obair na Gníomhaireacht, beidh acu féin agus ag a gcomhairleoirí agus a saineolaithe teicniúla, i gcomhlíonadh a ndualgas agus le linn a dtaistil go dtí áit an chruinnithe san Eilvéis agus uaidh, na pribhléidí, na díolúintí agus na saoráidí is gnách.


AIRTEAGAL 7
(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 11 de Phrótacal (Uimh. 7))

Maidir le hoifigigh agus seirbhísigh eile de chuid na Gníomhaireachta, i gcríoch na hEilvéise agus cibé náisiúntacht atá acu:

(a)    beidh siad díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla i leith gníomhartha a rinne siad ina gcáil oifigiúil, lena n-áirítear a bhfocail labhartha nó scríofa, faoi réir fhorálacha na gConarthaí a bhaineann leis na rialacha i dtaobh freagracht oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais ar thaobh amháin, agus ar an taobh eile, le dlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun breith a thabhairt ar ábhair atá faoi dhíospóid idir an tAontas agus a oifigigh agus a sheirbhísigh eile. Fanfaidh an díolúine sin acu tar éis scor dá n-oifig;

(b)    ní bheidh siad féin ná a gcéilí ná daoine cleithiúnacha dá dteaghlaigh faoi réir srianta inimirce ná foirmiúlachtaí chun eachtrannaigh a chlárú;

(c)    tabharfar dóibh, maidir le rialacháin airgid reatha nó mhalairte, na saoráidí céanna is gnách a thabhairt d’oifigigh eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(d)    beidh acu an ceart chun a dtroscán agus a n-éifeachtaí a allmhairiú saor ó dhleacht, ag dul i mbun a bpoist i gcéaduair dóibh san Eilvéis, agus an ceart chun a dtroscán agus a n-éifeachtaí a athonnmhairiú saor ó dhleacht ar chríochnú a ndualgas sa tír sin, ach i gceachtar cás díobh faoi réir na gcoinníollacha is riachtanach le rialtas na hEilvéise;


(e)    beidh acu an ceart chun gluaisteán le haghaidh a n-úsáide pearsanta féin a allmhairiú saor ó dhleacht, más gluaisteán é a fuarthas sa tír dheiridh ina raibh cónaí orthu nó sa tír ar náisiúnaigh di iad, ar théarmaí mhargadh baile na tíre sin, agus é a athonnmhairiú saor ó dhleacht, ach i gceachtar cás díobh faoi réir na gcoinníollacha is riachtanach le rialtas na hEilvéise.

AIRTEAGAL 8
(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 12 de Phrótacal (Uimh. 7))

Beidh oifigigh agus seirbhísigh eile na Gníomhaireachta faoi dhliteanas cánach, chun tairbhe don Aontas, ar thuarastail, ar phá agus ar dhíolaíochtaí a íocfaidh an Ghníomhaireacht leo, i gcomhréir leis na coinníollacha agus an nós imeachta a leagtar síos le dlí an Aontais.

Beidh siad díolmhaithe ó chánacha cónaidhme, cantúin agus comhchoiteanna na hEilvéise ar thuarastail, ar phá agus ar dhíolaíochtaí arna n-íoc ag an nGníomhaireacht.

AIRTEAGAL 9
(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 13 de Phrótacal (Uimh. 7))

Maidir le cáin ioncaim, cáin rachmais, agus dleachtanna báis a chur i bhfeidhm agus maidir le coinbhinsiúin chun cánachas dúbailte a sheachaint a tugadh i gcrích idir an Eilvéis agus Ballstáit den Aontas a chur chun feidhme, oifigigh agus seirbhísigh eile de chuid na Gníomhaireachta a bhunaíonn a n-áit chónaithe i gcríoch na hEilvéise chun críoch cánach tráth a théann siad isteach i seirbhís na Gníomhaireachta, mar gheall ar chomhlíonadh a ndualgas i seirbhís na Gníomhaireachta agus mar gheall air sin amháin, measfar sa Eilvéis agus sa tír shainchónaithe chun críoch cánach araon gur choinnigh siad a sainchónaí sa tír shainchónaithe sin chun críoch cánach ar choinníoll gur Ballstát den Aontas í. Bainfidh an fhoráil sin le céile freisin, sa mhéid nach bhfuil an céile sin ag gabháil go leithleach do phost sochair, agus le leanaí atá i gcleithiúnas agus faoi chúram na ndaoine dá dtagraítear san Airteagal seo.


Maoin shochorraithe ar le daoine dá dtagraítear sa chéad mhír agus atá san Eilvéis í, beidh sí díolmhaithe ó dhleachtanna báis san Eilvéis; measfar, chun an dleacht sin a mheasúnú, an mhaoin sin a bheith sa tír shainchónaithe chun críocha cánach, faoi réir ceart tríú tíortha agus ar an gcuntar go bhféadfadh sé go gcuirfí chun feidhme forálacha coinbhinsiún idirnáisiúnta ar chánachas dúbailte.

Ní chuirfear san áireamh aon sainchónaí a fuarthas mar gheall ar dhualgais a chomhlíonadh i seirbhís eagraíochtaí idirnáisiúnta eile agus mar gheall air sin amháin agus forálacha an Airteagail seo á gcur i bhfeidhm.

AIRTEAGAL 10
(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 14 de Phrótacal (Uimh. 7))

Leagfar síos le dlí an Aontais scéim na sochar slándála sóisialta d’oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais.

Dá bhrí sin, ní bheidh sé d’oibleagáid ar oifigigh ná ar sheirbhísigh eile na Gníomhaireachta a bheith ina gcomhaltaí de chóras slándála sóisialta na hEilvéise ar choinníoll go bhfuil siad cumhdaithe cheana féin ag scéim na sochar slándála sóisialta d’oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais. Baill de theaghlach bhaill foirne na Gníomhaireachta ar cuid dá dteaghlach iad, cumhdófar iad le scéim na sochar slándála sóisialta d’oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais ar choinníoll nach bhfuil siad fostaithe ag fostóir eile seachas an Ghníomhaireacht agus ar choinníoll nach bhfaigheann siad sochair slándála sóisialta ó Bhallstát den Aontas ná ón Eilvéis.


AIRTEAGAL 11
(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 15 de Phrótacal (Uimh. 7))

Cinnfear le dlí an Aontais na catagóirí oifigeach agus seirbhíseach eile de chuid na Gníomhaireachta a mbeidh feidhm ag forálacha Airteagail 7, 8 agus 9 maidir leo, go hiomlán nó go páirteach.

Cuirfear ainmneacha, gráid agus seoltaí na n-oifigeach agus na seirbhíseach eile a áirítear sna haicmí sin in iúl go tréimhsiúil don Eilvéis.

AIRTEAGAL 12
(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 17 de Phrótacal (Uimh. 7))

Is chun leasa na Gníomhaireachta agus chuige sin amháin a thabharfar pribhléidí, díolúintí agus saoráidí d’oifigigh agus seirbhísigh eile de chuid na Gníomhaireachta.

Ceanglófar ar an nGníomhaireacht an díolúine a tugadh d’oifigeach nó do sheirbhíseach eile a tharscaoileadh aon uair a mheasfaidh an Ghníomhaireachta nach bhfuil tarscaoileadh na díolúine sin contrártha do leasanna na Gníomhaireachta.

AIRTEAGAL 13
(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 18 de Phrótacal (Uimh. 7))

Chun an Fhoscríbhinn seo a chur i bhfeidhm, oibreoidh an Ghníomhaireacht i gcomhar le húdaráis fhreagracha na hEilvéise nó Bhallstáit an Aontais lena mbaineann.

________________

IARSCRÍBHINN II

MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM
AIRTEAGAL 25 DEN CHOMHAONTÚ

AIRTEAGAL 1

Liosta de ghníomhaíochtaí ghníomhaireachtaí, chórais faisnéise agus ghníomhaíochtaí eile an Aontais a bhfuil an Eilvéis le ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh leo

Déanfaidh an Eilvéis ranníocaíocht airgeadais leis an méid seo a leanas:

(a)    gníomhaireachtaí:

   An Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 (IO AE L 142, 30.4.2004, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/851/oj), de réir mar is infheidhme de réir Iarscríbhinn I;


(b)    córais faisnéise:

   an Córas Luathrabhaidh agus Freagartha (EWRS), arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2371 (IO AE L 314, 6.12.2022, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2371/oj), de réir mar is infheidhme de réir Iarscríbhinn I, ach amháin má chumhdaítear ranníocaíocht na hEilvéise leis an gcóras faisnéise sin ina iomláine cheana féin le ranníocaíocht na hEilvéise leis an Lárionad agus leis an gClár le haghaidh ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte;

(c)    gníomhaíochtaí eile:

   ceann ar bith.

AIRTEAGAL 2

Téarmaí íocaíochta

1.    Déanfar íocaíochtaí atá dlite de bhun Airteagal 25 den Chomhaontú i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.    Agus glao ar chistí na bliana airgeadais á eisiúint ag an gCoimisiún, cuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas in iúl don Eilvéis:

(a)    méid na ranníocaíochta oibríochtúla; agus

(b)    méid na táille rannpháirtíochta.


3.    Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis seo a leanas maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise in iúl don Eilvéis a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí an 16 Aibreán de gach bliain airgeadais:

(a)    na méideanna i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas bhuiséad bliantúil an Aontais a vótáladh atá inscríofa ar línte fóirdheontais buiséid ábhartha an Aontais don bhliain i gceist le haghaidh gach gníomhaireachta de chuid an Aontais, agus aon ranníocaíocht oibríochtúil choigeartaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 1 á cur san áireamh le haghaidh gach gníomhaireachta, agus na méideanna i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i ndáil le buiséad an Aontais a vótáladh don bhliain i gceist le haghaidh bhuiséad ábhartha na gcóras faisnéise agus gníomhaíochtaí eile, lena gcumhdaítear rannpháirtíocht na hEilvéise i gcomhréir le hAirteagal 1;

(b)    méid na táille rannpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 25(7) den Chomhaontú; agus

(c)    a mhéid a bhaineann le gníomhaireachtaí, i mbliain N+1 na méideanna i ngealltanais bhuiséadacha a rinneadh maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a údaraíodh i mbliain N ar na línte fóirdheontais buiséid ábhartha de chuid an Aontais i ndáil le buiséad bliantúil an Aontais atá inscríofa ar línte fóirdheontais buiséid ábhartha an Aontais le haghaidh bhliain N.

4.    Ar bhonn a dhréachtbhuiséid, soláthróidh an Coimisiún meastachán ar an bhfaisnéis faoi phointí (a) agus (b) de mhír 3 a luaithe is féidir, agus, ar a dhéanaí, faoin 1 Meán Fómhair den bhliain airgeadais.

5.    Eiseoidh an Coimisiún don Eilvéis, an 16 Aibreán ar a dhéanaí agus, más infheidhme maidir leis an ngníomhaireacht ábhartha, an córas faisnéise nó gníomhaíocht eile, an 22 Deireadh Fómhair ar a luaithe agus ar a dhéanaí an 31 Deireadh Fómhair gach bliain airgeadais, glao ar chistí a chomhfhreagraíonn do ranníocaíocht na hEilvéise faoin gComhaontú seo le haghaidh gach ceann de na gníomhaireachtaí, na córais faisnéise agus na gníomhaíochtaí eile ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach.


6.    Déanfar an glao (nó na glaonna) ar chistí dá dtagraítear i mír 5 a struchtúrú i dtráthchodanna mar a leanas:

(a)    an chéad tráthchuid de gach bliain, i ndáil leis an nglao ar chistí atá le heisiúint faoin 16 Aibreán, comhfhreagróidh sí do mhéid suas le coibhéis an mheastacháin ar ranníocaíocht bhliantúil airgeadais na gníomhaireachta, an chórais faisnéise nó na gníomhaíochta eile i gceist dá dtagraítear i mír 4;

Íocfaidh an Eilvéis an méid a shonrófar sa ghlao ar chistí sin 60 lá ar a dhéanaí tar éis eisiúint an ghlao ar chistí.

(b)    i gcás inarb infheidhme, an dara tráthchuid den bhliain, i ndáil leis an nglao ar chistí atá le heisiúint an 22 Deireadh Fómhair ar a luaithe agus an 31 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí, comhfhreagróidh sí don difríocht idir an méid dá dtagraítear i mír 4 agus an méid dá dtagraítear i mír 5 i gcás ina mbeidh an méid dá dtagraítear i mír 5 níos airde.

Íocfaidh an Eilvéis an méid a shonrófar sa ghlao ar chistí sin faoin 21 Nollaig ar a dhéanaí.

I gcás gach glao ar chistí, féadfaidh an Eilvéis íocaíochtaí ar leithligh a dhéanamh le haghaidh gach gníomhaireachta, córais faisnéise nó gníomhaíochta eile.

7.    I gcás na chéad bhliana de chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, eiseoidh an Coimisiún aon ghlao amháin ar chistí, laistigh de 90 lá ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

Íocfaidh an Eilvéis an méid a shonrófar sa ghlao ar chistí 60 lá ar a dhéanaí tar éis eisiúint an ghlao ar chistí.


8.    Is é an toradh a bheidh ar aon mhoill ar íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais go n-íocfaidh an Eilvéis ús mainneachtana ar an méid atá gan íoc ón dáta dlite suas go dtí an lá a íocfar ina iomláine an méid sin gan íoc.

Is é an ráta úis ar mhéideanna is infhaighte nach n-íoctar ar an dáta dlite an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, a bheidh i bhfeidhm ar an gcéad lá féilire den mhí ina mbeidh an dáta dlite, nó 0 %, cibé acu is airde, móide 3,5 pointe céatadáin.

AIRTEAGAL 3

Ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise   
le gníomhaireachtaí an Aontais a choigeartú i bhfianaise an chur chun feidhme

Déanfar ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise le gníomhaireachtaí an Aontais a choigeartú i mbliain N+1, nuair a choigeartófar an ranníocaíocht oibríochtúil tosaigh suas nó síos de réir na difríochta idir an ranníocaíocht oibríochtúil tosaigh agus ranníocaíocht choigeartaithe arna ríomh trí threoir ranníoca bhliain N a chur i bhfeidhm maidir le méid na ngealltanas buiséadach a dhéantar ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a údaraítear i mbliain N faoi na línte buiséid ábhartha maidir le fóirdheontais an Aontais. I gcás inarb infheidhme, cuirfear san áireamh sa difríocht, i gcás gach gníomhaireachta, an ranníocaíocht oibríochtúil choigeartaithe bunaithe ar chéatadán mar a shainmhínítear in Airteagal 1.


AIRTEAGAL 4

Socruithe idirthréimhseacha

I gcás nach é an 1 Eanáir dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, beidh feidhm ag an Airteagal seo de mhaolú ar Airteagal 2.

I gcás chéad bhliain chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, i ndáil leis an ranníocaíocht oibríochtúil atá dlite le haghaidh na bliana i gceist is infheidhme maidir leis an ngníomhaireacht ábhartha, leis an gcóras faisnéise ábhartha nó le gníomhaíocht eile ábhartha, mar a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 25 den Chomhaontú agus le hAirteagail 1 go 3 den Iarscríbhinn seo, laghdófar an ranníocaíocht oibríochtúil ar bhonn pro rata temporis trí mhéid na ranníocaíochta oibríochtúla bliantúla atá dlite a iolrú faoi chóimheas na nithe seo a leanas:

(a)    an líon laethanta féilire ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo go dtí an 31 Nollaig den bhliain i gceist; agus

(b)    an líon iomlán laethanta féilire den bhliain i gceist.

________________

PRÓTACAL
MAIDIR LEIS AN mBINSE EADRÁNA

CAIBIDIL I

RÉAMHFHORÁLACHA

AIRTEAGAL I.1

Raon feidhme

Má chuireann ceann de na Páirtithe Conarthacha (dá ngairtear ‘páirtithe’ anseo feasta) díospóid isteach le haghaidh eadrána i gcomhréir le hAirteagal 15(2) nó le hAirteagal 16(2) den Chomhaontú, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach sa Phrótacal seo.

AIRTEAGAL I.2

Seirbhísí clárlainne agus rúnaíochta

Comhlíonfaidh Biúró Idirnáisiúnta na Buanchúirte Eadrána sa Háig (dá ngairtear ‘an Biúró Idirnáisiúnta’ anseo feasta) feidhmeanna na clárlainne agus soláthróidh sé na seirbhísí rúnaíochta is gá.


AIRTEAGAL I.3

Fógraí agus teorainneacha ama a ríomh

1.    Féadfar fógraí, lena n-áirítear teachtaireachtaí nó tograí, a sheoladh trí aon mhodh cumarsáide lena ndeimhnítear a dtarchur, nó lena gcumasaítear iad a dheimhniú.

2.    Ní fhéadfar fógraí den sórt sin a sheoladh go leictreonach ach amháin má tá seoladh ainmnithe nó údaraithe ag páirtí go sonrach chun na críche sin.

3.    Seolfar fógraí den sórt sin a sheirbheálfar ar na páirtithe, i gcás na hEilvéise, chuig Rannán Eorpach Roinn Cónaidhme Gnóthaí Eachtracha na hEilvéise agus, i gcás an Aontais, chuig Seirbhís Dlí an Choimisiúin.

4.    Rithfidh aon teorainn ama a leagtar síos sa Phrótacal seo ón lá tar éis tarlú teagmhais nó déanamh birt. Más rud é gur lá nach lá oibre ag institiúidí an Aontais nó rialtas na hEilvéise an lá deireanach chun doiciméad a sheachadadh, tiocfaidh deireadh le tréimhse seachadta an doiciméid ar an gcéad lá oibre ina dhiaidh sin. Déanfar laethanta neamhoibre a thagann faoi réim na tréimhse ama a chomhaireamh.

AIRTEAGAL I.4

Fógra eadrána

1.    An páirtí a chuirfidh sé chuige eadráin a úsáid (an t-iarratasóir) seolfaidh sé fógra eadrána chuig an bpáirtí eile (an cosantóir) agus chuig an mBiúró Idirnáisiúnta.


2.    Measfar imeachtaí eadrána a bheith tosaithe ar an lá tar éis an lae a gheobhaidh an cosantóir an fógra eadrána.

3.    Beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra eadrána:

(a)    an t-éileamh go ndéanfar an díospóid a tharchur chun eadrána;

(b)    ainmneacha agus sonraí teagmhála na bpáirtithe;

(c)    ainm agus seoladh ghníomhaire nó ghníomhairí an iarratasóra;

(d)    bunús dlí na n-imeachtaí (Airteagal 15(2) nó Airteagal 16(2) den Chomhaontú agus:

(i)    sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 15(2) den Chomhaontú, an cheist is cúis leis an díospóid mar a cuireadh isteach go hoifigiúil, lena réiteach, ar chlár oibre an Chomhchoiste i gcomhréir le hAirteagal 15(1) den Chomhaontú; agus

(ii)    sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 16(2) den Chomhaontú, cinneadh an bhinse eadrána, aon bheart cur chun feidhme a luaitear in Airteagal 15(5) den Chomhaontú agus na bearta cúiteacha is ábhar díospóide;

(e)    aon riail is cúis leis an díospóid nó a bhaineann léi a ainmniú;

(f)    tuairisc ghairid ar an díospóid; agus

(g)    ainmniú eadránaí nó, má tá cúigear eadránaithe le ceapadh, ainmniú beirt eadránaithe.


4.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 15(3) den Chomhaontú, féadfaidh faisnéis a bheith san fhógra eadrána freisin maidir leis an ngá atá le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

5.    Ní chuirfidh aon éileamh ar leordhóthanacht an fhógra eadrána cosc ar bhunú an bhinse eadrána. Déanfaidh an binse eadrána an díospóid a chinneadh go cinntitheach.

AIRTEAGAL I.5

Freagairt ar an bhfógra eadrána

1.    Laistigh de 60 lá ón bhfógra eadrána a fháil, seolfaidh an cosantóir freagra ar an bhfógra eadrána chuig an iarratasóir agus chuig an mBiúró Idirnáisiúnta, ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

(a)    ainmneacha agus sonraí teagmhála na bpáirtithe;

(b)    ainm agus seoladh ghníomhaire nó ghníomhairí an chosantóra;

(c)    freagra ar an bhfaisnéis a thugtar san fhógra eadrána i gcomhréir le pointí (d) go (f) d’Airteagal I.4(3); agus

(d)    ainmniú eadránaí nó, má tá cúigear eadránaithe le ceapadh, ainmniú beirt eadránaithe.


2.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 15(3) den Chomhaontú, féadfaidh freagra ar an bhfaisnéis a thugtar san fhógra eadrána i gcomhréir le hAirteagal I.4(4) den Phrótacal seo agus faisnéis maidir leis an ngá atá le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bheith sa fhreagra ar an bhfógra eadrána.

3.    Ní chuirfidh easpa freagartha, nó freagra neamhiomlán nó déanach ón gcosantóir ar an bhfógra eadrána cosc ar bhunú binse eadrána. Déanfaidh an binse eadrána an díospóid a chinneadh go cinntitheach.

4.    Má iarrann an cosantóir go mbeadh cúigear eadránaithe ar an mbinse eadrána ina fhreagra ar an bhfógra eadrána, ainmneoidh an t-iarratasóir eadránaí breise laistigh de 30 lá ón bhfreagra ar an bhfógra eadrána a fháil.

AIRTEAGAL I.6

Ionadaíocht agus cúnamh

1.    Déanfaidh gníomhaire amháin nó níos mó ionadaíocht ar na páirtithe os comhair an bhinse eadrána. Féadfaidh na gníomhairí cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó dhlíodóirí.

2.    Cuirfear aon athrú ar na gníomhairí nó ar a seoltaí in iúl don pháirtí eile, don Bhiúró Idirnáisiúnta agus don bhinse eadrána. Féadfaidh an binse eadrána, tráth ar bith, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó pháirtí, fianaise ar na cumhachtaí a thugtar do ghníomhairí na bpáirtithe a iarraidh.


CAIBIDIL II

COMHDHÉANAMH AN BHINSE EADRÁNA

AIRTEAGAL II.1

An líon eadránaithe

Triúr eadránaithe a bheidh ar an mbinse eadrána. Má iarrann an t-iarratasóir ina fhógra eadrána nó an cosantóir ina fhreagra ar an bhfógra eadrána amhlaidh, beidh cúigear eadránaithe ar an mbinse eadrána.

AIRTEAGAL II.2

Na headránaithe a cheapadh

1.    Má tá triúr eadránaithe le ceapadh, ainmneoidh gach ceann de na páirtithe duine acu. Roghnóidh an bheirt eadránaithe arna gceapadh ag na páirtithe an tríú headránaí, a bheidh ina chathaoirleach ar an mbinse eadrána.

2.    Má tá cúigear eadránaithe le ceapadh, ainmneoidh gach páirtí beirt díobh. Roghnóidh an ceathrar eadránaithe arna gceapadh ag na páirtithe an cúigiú headránaí, a bheidh ina chathaoirleach ar an mbinse eadrána.


3.    Más rud é, laistigh de 30 lá tar éis ainmniú an eadránaí deiridh arna cheapadh ag na páirtithe, nach mbeidh na headránaithe tar éis teacht ar chomhaontú maidir le cathaoirleach an bhinse eadrána a roghnú, is é Ardrúnaí na Buanchúirte Eadrána a cheapfaidh an cathaoirleach.

4.    Chun cúnamh a thabhairt eadránaithe a roghnú chun an binse eadrána a chomhdhéanamh, déanfar liosta táscach de dhaoine ag a bhfuil na cáilíochtaí dá dtagraítear i mír 6, a bheidh i gcoiteann ag na comhaontuithe déthaobhacha uile sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach chomh maith leis an gComhaontú seo, an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta, arna dhéanamh i Lucsamburg an 21 Meitheamh 1999 (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta’ anseo feasta) agus an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú, arna dhéanamh in [...] an [...] (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise’ anseo feasta), a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta nuair is gá. Déanfaidh an Comhchoiste an liosta sin a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta le cinneadh chun críocha an Chomhaontaithe seo.

5.    I gcás nach n-ainmneoidh páirtí eadránaí, ceapfaidh Ardrúnaí na Buanchúirte Eadrána an t-eadránaí sin ón liosta dá dtagraítear i mír 4. In éagmais liosta den sórt sin, déanfaidh Ard-Rúnaí na Buanchúirte Eadrána an t-eadránaí a cheapadh trí chrannchur ó na pearsana aonair a mhol páirtí amháin nó an dá pháirtí go foirmiúil chun críocha mhír 4.


6.    Is daoine ardcháilithe iad na daoine a chomhdhéanann an binse eadrána, bíodh nó ná bíodh ceangail acu leis na páirtithe, a ráthaítear a neamhspleáchas agus a n-easpa coinbhleachtaí leasa, mar aon le raon leathan taithí. Go háirithe, beidh saineolas léirithe acu ar an dlí agus ar na hábhair a chumhdaítear leis an gComhaontú seo; ní ghlacfaidh siad treoracha ó cheachtar páirtí; agus feidhmeoidh siad ina gcáil phearsanta, agus ní ghlacfaidh siad le treoracha ó aon eagraíocht ná aon rialtas maidir le hábhair a bhaineann leis an díospóid. Beidh taithí ag cathaoirleach an bhinse eadrána freisin ar nósanna imeachta um réiteach díospóidí.

AIRTEAGAL II.3

Dearbhuithe eadránaithe

1.    Le linn do dhuine a bheith á mheas lena cheapadh mar eadránaí, tuairisceoidh an duine sin na himthosca uile is dóigh a bheidh ina gcúis le hamhras dlisteanach maidir lena neamhchlaontacht nó lena neamhspleáchas. Ón gceapachán agus le linn na n-imeachtaí eadrána ar fad, tuairisceoidh eadránaí na himthosca sin do na páirtithe agus do na headránaithe eile gan mhoill, mura ndearna an t-eadránaí amhlaidh cheana féin.

2.    Féadfar aon eadránaí a bhriseadh as a phost más ann d’imthosca a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hamhras dlisteanach faoina neamhchlaontacht nó faoina neamhspleáchas.

3.    Ní fhéadfaidh páirtí a iarraidh go mbrisfí eadránaí as a phost ach amháin ar chúis a thagann chun cinn dó tar éis an cheapacháin sin.


4.    Mura ngníomhaíonn eadránaí nó mura féidir le headránaí de jure de facto a ról a chomhlíonadh, beidh feidhm ag an nós imeachta chun eadránaithe a bhriseadh as a bpost a leagtar síos in Airteagal II.4.

AIRTEAGAL II.4

Eadránaithe a bhriseadh as a bpost

1.    Aon pháirtí ar mian leis eadránaí a bhriseadh as a phost, déanfaidh sé iarraidh ar dhífhostú laistigh de 30 lá ón dáta a thugtar fógra dó faoi cheapadh an eadránaí sin nó laistigh de 30 lá ón dáta a thagann sé ar an eolas faoi na himthosca dá dtagraítear in Airteagal II.3.

2.    Seolfar an iarraidh ar dhífhostú chuig an bpáirtí eile, chuig an eadránaí dífhostaithe, chuig na headránaithe eile agus chuig an mBiúró Idirnáisiúnta. Leagfar amach ann na cúiseanna atá leis an iarraidh ar dhífhostú.

3.    Nuair a bheidh iarraidh ar dhífhostú déanta, féadfaidh an páirtí eile glacadh leis an iarraidh ar dhífhostú. Féadfaidh an t-eadránaí i gceist éirí as freisin. Ní thugtar le tuiscint leis an nglacadh nó leis an éirí as go n-aithnítear na cúiseanna atá leis an iarraidh ar dhífhostú.

4.    Más rud é, laistigh de 15 lá ón dáta ar tugadh fógra faoin iarraidh ar dhífhostú, nach nglacfaidh an páirtí eile leis an iarraidh ar dhífhostú nó nach n-éireoidh an t-eadránaí i gceist as, féadfaidh an páirtí a d’iarr an dífhostú a iarraidh ar Ard-Rúnaí na Buanchúirte Eadrána cinneadh a dhéanamh maidir leis an dífhostú.


5.    Mura gcomhaontóidh na páirtithe a mhalairt, léireofar sa chinneadh dá dtagraítear i mír 4 na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin.

AIRTEAGAL II.5

Eadránaí a ionadú

1.    Faoi réir mhír 2 den Airteagal seo, más gá eadránaí a ionadú le linn na n-imeachtaí eadrána, ceapfar nó roghnófar ionadaí i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal II.2 is infheidhme maidir le ceapadh nó roghnú an eadránaí a bheidh le hionadú. Beidh feidhm ag an nós imeachta sin fiú murar fheidhmigh páirtí amháin a cheart chun an t-eadránaí atá le hionadú a cheapadh nó páirt a ghlacadh i gceapadh an eadránaí sin.

2.    I gcás eadránaí a ionadú, atosófar ar an nós imeachta ag an gcéim inar scoir an t-eadránaí ar cuireadh eadránaí eile ina ionad dá fheidhmeanna a chomhlíonadh, mura gcinnfidh an binse eadrána a mhalairt.

AIRTEAGAL II.6

Eisiamh dliteanais

Ach amháin i gcásanna éagóra d’aon ghnó nó mórfhaillí, diúltaíonn na páirtithe, a mhéid is féidir a cheadaítear leis an dlí is infheidhme, aon chaingean in aghaidh na n-eadránaithe maidir le haon ghníomh nó neamhghníomh a bhaineann leis an eadráin.


CAIBIDIL III

IMEACHTAÍ EADRÁNA

AIRTEAGAL III.1

Forálacha ginearálta

1.    Is é dáta bunaithe an bhinse eadrána an dáta ar ghlac an t-eadránaí deiridh lena cheapachán.

2.    Áiritheoidh an binse eadrána go gcaithfear go cothrom leis na páirtithe agus, ag céim chuí de na himeachtaí, go mbeidh deis leordhóthanach ag gach ceann acu a gcearta a dhearbhú agus a gcás a chur i láthair. Seolfaidh an binse eadrána na himeachtaí ar shlí a sheachnóidh moilleanna agus caiteachas nach bhfuil gá leis agus a áiritheoidh go socrófar an díospóid idir na páirtithe.

3.    Eagrófar éisteacht, mura gcinnfidh an binse eadrána a mhalairt, tar éis na páirtithe a éisteacht.

4.    Nuair a chuirfidh páirtí teachtaireacht chuig an mbinse eadrána, déanfaidh sé amhlaidh tríd an mBiúró Idirnáisiúnta agus cuirfidh sé cóip chuig an bpáirtí eile an tráth céanna. Seolfaidh an Biúró Idirnáisiúnta cóip den teachtaireacht sin chuig gach duine de na headránaithe.


AIRTEAGAL III.2

Áit eadrána

Is í an Háig an áit eadrána. Féadfaidh an binse eadrána, más gá sin in imthosca eisceachtúla, teacht le chéile in aon áit eile is cuí leis dá phléití.

AIRTEAGAL III.3

Teanga

1.    Is iad an Fhraincis agus an Béarla teangacha na n-imeachtaí.

2.    Féadfaidh an binse eadrána a ordú go mbeidh aistriúchán go ceann de theangacha na n‑imeachtaí ag gabháil leis na doiciméid uile atá i gceangal leis an ráiteas éilimh nó leis an ráiteas cosanta agus leis na doiciméid bhreise uile a tháirgtear le linn na n‑imeachtaí, arna gcur isteach ina dteanga bhunaidh.


AIRTEAGAL III.4

Ráiteas éilimh

1.    Seolfaidh an t-iarratasóir a ráiteas éilimh i scríbhinn chuig an gcosantóir agus chuig an mbinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta, laistigh den teorainn ama arna socrú ag an mbinse eadrána. Féadfaidh an t-iarratasóir a chinneadh a fhógra eadrána dá dtagraítear in Airteagal I.4 a mheas mar ráiteas éilimh, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na coinníollacha i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo freisin.

2.    Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa ráiteas éilimh:

(a)    an fhaisnéis a leagtar amach i bpointí (b) go (f) d’Airteagal I.4(3);

(b)    ráiteas fíoras a cuireadh isteach mar thaca leis an éileamh; agus

(c)    na hargóintí dlíthiúla a cuireadh chun cinn mar thaca leis an éileamh.

3.    Beidh ag gabháil leis an ráiteas éilimh, a mhéid is féidir, aon doiciméad agus aon fhianaise eile a bheidh luaite ag an iarratasóir nó ba cheart tagairt a dhéanamh dóibh ann. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 15(3) den Chomhaontú, beidh faisnéis sa ráiteas éilimh freisin, a mhéid is féidir, maidir leis an ngá atá le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.


AIRTEAGAL III.5

Ráiteas cosanta

1.    Seolfaidh an cosantóir an ráiteas cosanta i scríbhinn chuig an iarratasóir agus chuig an mbinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta, laistigh den teorainn ama arna socrú ag an mbinse eadrána. Féadfaidh an cosantóir a chinneadh an freagra ar an bhfógra eadrána dá dtagraítear in Airteagal I.5 a mheas mar ráiteas cosanta, ar choinníoll go gcomhlíonann an freagra ar an bhfógra eadrána na coinníollacha i mír 2 den Airteagal seo freisin.

2.    Freagróidh an ráiteas cosanta do na pointí sa ráiteas éilimh a shonraítear i gcomhréir le pointí (a) go (c) d’Airteagal III.4(2) den Phrótacal seo. Beidh ag gabháil leis, a mhéid is féidir, aon doiciméad agus aon fhianaise eile a bheidh luaite ag an gcosantóir nó ba cheart tagairt a dhéanamh dóibh ann. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 15(3) den Chomhaontú, beidh faisnéis sa ráiteas cosanta freisin, a mhéid is féidir, maidir leis an ngá atá le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

3.    Sa ráiteas cosanta, nó ag céim níos déanaí sna himeachtaí eadrána má chinneann an binse eadrána go bhfuil údar le moill de bharr imthosca, féadfaidh an cosantóir frithéileamh a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil dlínse ag an mbinse eadrána ina leith.

4.    Beidh feidhm ag Airteagal III.4(2) agus (3) maidir le frithéileamh.


AIRTEAGAL III.6

Dlínse eadrána

1.    Rialóidh an binse eadrána rialú an bhfuil dlínse aige ar bhonn Airteagail 15(2) nó 16(2) den Chomhaontú.

2.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 15(2) den Chomhaontú, beidh sainordú ag an mbinse eadrána scrúdú a dhéanamh ar an gceist is cúis leis an díospóid arna hiontráil go hoifigiúil, lena réiteach, ar chlár oibre an Chomhchoiste i gcomhréir le hAirteagal 15(1) den Chomhaontú.

3.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 16(2) den Chomhaontú, beidh sainordú ag an mbinse eadrána a d’éist leis an bpríomhchás scrúdú a dhéanamh ar chomhréireacht na mbeart cúiteach is ábhar díospóide, lena n-áirítear i gcás ina ndearnadh na bearta sin go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagail 19(1)(c) agus 20(4) den Chomhaontú maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise i gCláir an Aontais, a mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht na hEilvéise sa Chlár le haghaidh ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte.

4.    Déanfar réamhagóid maidir le heaspa dlínse an bhinse eadrána ar a dhéanaí sa ráiteas cosanta nó, i gcás frithéilimh, sa fhreagra. Má tá páirtí tar éis eadránaí a cheapadh nó má ghlac sé páirt ina cheapachán, ní bhainfear an ceart de réamhagóid den sórt sin a dhéanamh. Déanfar an réamhagóid go rachadh an díospóid thar chumhachtaí an bhinse eadrána a luaithe a tharraingeofar an cheist anuas a líomhnaítear a théann thar a cumhachtaí le linn na n-imeachtaí eadrána. In aon chás, féadfaidh an binse eadrána réamhagóid a cheadú a dhéanfar tar éis don teorainn ama atá leagtha síos dul in éag má chreideann sé go raibh cúis bhailí leis an moill.


5.    Féadfaidh an binse eadrána rialú a thabhairt ar an réamhagóid dá dtagraítear i mír 4 trí dhéileáil léi mar réamhcheist nó sa chinneadh ar shubstaint an cháis.

AIRTEAGAL III.7

Aighneachtaí eile i scríbhinn

Déanfaidh an binse eadrána, tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe, breith a thabhairt ar na haighneachtaí eile i scríbhinn, i dteannta an ráitis éilimh agus an ráitis cosanta, a dhéanfaidh nó a fhéadfaidh na páirtithe a chur isteach agus socróidh sé an teorainn ama lena gcur isteach.

AIRTEAGAL III.8

Teorainneacha ama

1.    Ní rachaidh na teorainneacha ama arna socrú ag an mbinse eadrána chun na doiciméid i scríbhinn a chur in iúl, lena n-áirítear an ráiteas éilimh agus an ráiteas cosanta, thar 90 lá, mura gcomhaontóidh na páirtithe a mhalairt.

2.    Déanfaidh an binse eadrána a chinneadh críochnaitheach laistigh de 12 mhí ó dháta a bhunaithe. In imthosca eisceachtúla a bhfuil deacracht ar leith ag baint leo, féadfaidh an binse eadrána síneadh suas le 3 mhí bhreise a chur leis an tréimhse sin.


3.    Déanfar na teorainneacha ama a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 a laghdú faoina leath:

(a)    arna iarraidh sin don iarratasóir nó don chosantóir, más rud é, laistigh de 30 lá tar éis an iarraidh sin a fháil, go rialaíonn an binse eadrána, tar éis an páirtí eile a éisteacht, go bhfuil práinn leis an gcás; nó

(b)    má chomhaontaíonn na páirtithe amhlaidh.

4.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 16(2) den Chomhaontú, déanfaidh an binse eadrána a chinneadh críochnaitheach laistigh de 6 mhí ón dáta ar tugadh fógra faoi na bearta cúiteacha i gcomhréir le hAirteagal 16(1) den Chomhaontú.

AIRTEAGAL III.9

Cásanna arna dtarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

1.    I gcur i bhfeidhm Airteagal 12 agus Airteagal 15(3) den Chomhaontú, déanfaidh an binse eadrána tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

2.    Féadfaidh an binse eadrána tarchur a dhéanamh chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh tráth ar bith sna himeachtaí, ar choinníoll go bhfuil an binse eadrána in ann cúlra dlíthiúil agus fíorasach an cháis a shainiú beacht go leor, mar aon leis na ceisteanna dlí a tharraingítear anuas ann. Cuirfear na himeachtaí os comhair an bhinse eadrána ar fionraí go dtí go mbeidh a rialú tugtha ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.


3.    Féadfaidh gach páirtí iarraidh réasúnaithe a chur chuig an mbinse eadrána chun tarchur a dhéanamh chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Diúltóidh an binse eadrána d’iarraidh den sórt sin má mheasann sé nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear i mír 1. Má dhiúltaíonn an binse eadrána d’iarraidh páirtí ar tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tabharfaidh sé cúiseanna lena chinneadh sa bhreith ar shubstaint an cháis.

4.    Déanfaidh an binse eadrána tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh trí bhíthin fógra. Beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, san fhógra:

(a)    tuairisc ghairid ar an díospóid;

(b)    gníomh dlí nó gníomhartha dlí an Aontais agus/nó an fhoráil nó na forálacha den Chomhaontú seo atá i gceist; agus

(c)    coincheap dhlí an Aontais atá le léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 12(2) den Chomhaontú.

Tabharfaidh an binse eadrána fógra maidir leis an tarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh do na páirtithe.

5.    Cuirfidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm, de réir analaí, na rialacha nós imeachta inmheánacha is infheidhme maidir le feidhmiú a dlínse chun réamhrialú a dhéanamh ar léirmhíniú na gConarthaí agus na ngníomhartha arna ndéanamh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais.

6.    Na gníomhairí agus na dlíodóirí atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh do na páirtithe os comhair an bhinse eadrána de bhun Airteagail I.4, I.5, III.4 agus III.5, údarófar dóibh ionadaíocht a dhéanamh ar na páirtithe os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.


AIRTEAGAL III.10

Bearta idirlinne

1.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 16(2) den Chomhaontú, féadfaidh ceachtar páirtí, ag aon chéim den nós imeachta eadrána, iarratas a dhéanamh ar bhearta eatramhacha arb é atá iontu na bearta cúiteacha a chur ar fionraí.

2.    Sonrófar in iarratas de bhun mhír 1 ábhar na n-imeachtaí, na himthosca is cúis le práinn agus na saincheisteanna fíorais agus dlí lena mbunaítear cás prima facie le haghaidh na mbeart eatramhach arna n-iarraidh. Beidh ann an fhianaise agus na tairiscintí fianaise uile atá ar fáil chun údar a thabhairt le deonú na mbeart eatramhach.

3.    Déanfaidh an páirtí a iarrann na bearta eatramhacha a iarratas a sheoladh i scríbhinn chuig an bpáirtí eile agus chuig an mbinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta. Socróidh an binse eadrána teorainn ama ghearr ar laistigh di a fhéadfaidh an páirtí eile sin barúlacha i scríbhinn nó ó bhéal a chur isteach.

4.    Glacfaidh an binse eadrána, laistigh de 1 mhí amháin tar éis an t-iarratas dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach, cinneadh maidir leis na bearta cúiteacha atá á gconspóid a chur ar fionraí má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)    gur deimhin leis an mbinse eadrána prima facie fiúntas an cháis arna chur isteach ag an bpáirtí a d’iarr na bearta eatramhacha ina iarratas;


(b)    go measann an binse eadrána, ar feitheamh a chinnidh chríochnaithigh, go ndéanfaí díobháil thromchúiseach dholeasaithe don pháirtí a iarrann na bearta eatramhacha in éagmais na mbeart cúiteach a chur ar fionraí; agus

(c)    gur mó an díobháil a rinneadh don pháirtí a d’iarr na bearta eatramhacha trí na bearta cúiteacha atá faoi chonspóid a chur i bhfeidhm láithreach ná an leas i gcur i bhfeidhm láithreach agus éifeachtach na mbeart sin.

5.    Ní bheidh feidhm ag fionraí na n-imeachtaí dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal III.9(2) in imeachtaí de bhun an Airteagail seo.

6.    Ní bheidh ach éifeacht eatramhach ag cinneadh a ghlacfaidh an binse eadrána de réir mhír 4 agus beidh sé gan dochar do chinneadh an bhinse eadrána ar shubstaint an cháis.

7.    Mura rud é go socrófar leis an gcinneadh arna ghlacadh ag an mbinse eadrána i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo dáta is luaithe le haghaidh dheireadh na fionraí, rachaidh an fhionraí in éag nuair a ghlacfar an cinneadh críochnaitheach de bhun Airteagal 16(2) den Chomhaontú.

8.    Chun amhras a sheachaint, chun críocha an Airteagail seo, tuigtear, le linn don bhinse eadrána leasanna an pháirtí a iarrann na bearta eatramhacha agus an pháirtí eile a bhreithniú, go gcuirfidh sé san áireamh leasanna daoine aonair agus oibreoirí eacnamaíocha na bpáirtithe, ach nach é an toradh a bheidh orthu siúd a chur san áireamh aon seasamh a dheonú do dhaoine aonair nó d’oibreoirí eacnamaíocha den sórt sin os comhair an bhinse eadrána.


AIRTEAGAL III.11

Fianaise

1.    Soláthróidh gach páirtí fianaise ar na fíorais arb iad forais a éilimh nó a chosanta iad.

2.    Ar iarraidh ó pháirtí, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an binse eadrána faisnéis ábhartha a mheasann sé a bheith riachtanach agus iomchuí a lorg ó na Páirtithe. Socróidh an binse eadrána teorainn ama do na páirtithe chun freagra a thabhairt ar a iarraidh.

3.    Ar iarraidh ó pháirtí, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an binse eadrána aon fhaisnéis is iomchuí leis a lorg ó aon fhoinse. Tá sé de cheart ag an mbinse eadrána freisin tuairim saineolaithe a lorg de réir mar is iomchuí leis agus faoi réir téarmaí agus coinníollacha a chomhaontóidh na páirtithe, i gcás inarb infheidhme.

4.    Aon fhaisnéis a gheobhaidh binse eadrána faoin Airteagal seo cuirfear ar fáil í do na páirtithe agus féadfaidh na páirtithe tuairimí faoin bhfaisnéis sin a chur faoi bhráid an bhinse eadrána.

5.    Tar éis don bhinse eadrána tuairimí an pháirtí eile a lorg, glacfaidh sé bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar aon cheist a tharraingeoidh páirtí anuas maidir le cosaint sonraí pearsanta, rúndacht ghairmiúil agus leasanna dlisteanacha rúndachta.

6.    Is é an binse eadrána a thabharfaidh breithiúnas ar inghlacthacht, ábharthacht agus neart na fianaise a tíolacadh.


AIRTEAGAL III.12

Éisteachtaí

1.    Nuair nach mór éisteacht a bheith ann, déanfaidh an binse eadrána, tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe, fógra a thabhairt do na páirtithe fada go leor roimh dháta, am agus áit na héisteachta.

2.    Is go poiblí a éistfear cásanna mura ndéanfaidh an binse eadrána, uaithi féin nó ar iarratas ó na páirtithe, a mhalairt a chinneadh ar chúiseanna troma.

3.    Déanfaidh cathaoirleach an bhinse eadrána miontuairiscí gach éisteachta a tharraingt suas agus a shíniú. Is iad na miontuairiscí sin amháin a bheidh barántúil.

4.    Féadfaidh an binse eadrána cinneadh a dhéanamh an éisteacht a thionól go fíorúil de réir chleachtas an Bhiúró Idirnáisiúnta. Cuirfear na páirtithe ar an eolas faoin gcleachtas sin go tráthúil. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag mír 1, mutatis mutandis, agus ag mír 3.

AIRTEAGAL III.13

Réamhshocrú

1.    Más rud é, laistigh den teorainn ama a leagtar síos leis an bPrótacal seo nó ag an mbinse eadrána, nach mbeidh a ráiteas éilimh curtha isteach ag an iarratasóir, gan cúis leordhóthanach a thaispeáint, ordóidh an binse eadrána go gcuirfear clabhsúr leis na himeachtaí eadrána, mura mbeidh ceisteanna gan réiteach ann a bhféadfadh gá a bheith le rialú ina leith agus más cuí leis an mbinse eadrána déanamh amhlaidh.


Más rud é, laistigh den teorainn ama a leagtar síos leis an bPrótacal seo nó ag an mbinse eadrána, gan cúis leordhóthanach a thaispeáint, nach mbeidh a fhreagra ar an bhfógra eadrána nó ar a ráiteas cosanta curtha isteach ag an gcosantóir, ordóidh an binse eadrána go leanfar de na himeachtaí, gan a mheas gurb ionann an mhainneachtain féin agus glacadh líomhaintí an iarratasóra.

Tá feidhm ag an dara fomhír freisin i gcás nach gcuireann an t-iarratasóir freagra ar fhrithéileamh isteach.

2.    Mura dtiocfaidh páirtí, a chomórfar go cuí i gcomhréir le hAirteagal III.12(1), i láthair ag éisteacht agus mura léireoidh sé cúis leordhóthanach gan déanamh amhlaidh, féadfaidh an binse eadrána leanúint den eadráin.

3.    Páirtí ar iarr an binse eadrána air go cuí tuilleadh fianaise a thabhairt ar aird, mura ndéanfaidh sé amhlaidh laistigh de na teorainneacha ama a shocraítear gan cúis leordhóthanach a thaispeáint gan déanamh amhlaidh, féadfaidh an binse eadrána rialú a thabhairt ar bhonn na fianaise a bheidh ar fáil aige.

AIRTEAGAL III.14

Dúnadh an nós imeachta

1.    I gcás ina léirítear go raibh deis réasúnach ag na páirtithe a n-argóintí a chur i láthair, féadfaidh an binse eadrána dúnadh na n-imeachtaí a dhearbhú.

2.    Féadfaidh an binse eadrána, má mheasann sé gur gá sin mar gheall ar imthosca eisceachtúla, cinneadh a dhéanamh ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó pháirtí na himeachtaí a athoscailt aon tráth sula mbeidh a chinneadh déanta aige.


CAIBIDIL IV

CINNEADH

AIRTEAGAL IV.1

Cinntí

Féachfaidh an binse eadrána lena chinntí a dhéanamh de chomhthoil. Más rud é, áfach, nach féidir cinneadh a dhéanamh de chomhthoil, is é tromlach na n-eadránaithe a dhéanfaidh cinneadh an bhinse eadrána.

AIRTEAGAL IV.2

Foirm agus éifeacht chinneadh an bhinse eadrána

1.    Féadfaidh an binse eadrána cinntí ar leithligh a dhéanamh ar cheisteanna éagsúla ag tráthanna éagsúla.

2.    Eiseofar gach cinneadh i scríbhinn agus luafar iontu na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe. Beidh siad críochnaitheach agus ina gceangal ar na páirtithe.

3.    Síneoidh na headránaithe cinneadh an bhinse eadrána, beidh ann an dáta a rinneadh é agus luafar ann an áit eadrána. Cuirfidh an Biúró Idirnáisiúnta cóip den chinneadh arna shíniú ag na headránaithe in iúl do na páirtithe.


4.    Déanfaidh an Biúró Idirnáisiúnta cinneadh an bhinse eadrána a phoibliú.

Le linn don Bhiúró Idirnáisiúnta cinneadh an bhinse eadrána a phoibliú, urramóidh sé na rialacha ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta, rúndacht ghairmiúil agus leasanna dlisteanacha rúndachta.

Beidh na rialacha dá dtagraítear sa dara fomhír comhionann le haghaidh na gcomhaontuithe déthaobhacha uile i réimsí an mhargaidh inmheánaigh ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach, agus le haghaidh an Chomhaontaithe seo, an Chomhaontaithe maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta agus an Chomhaontaithe maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise. Déanfaidh an Comhchoiste na rialacha sin a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta le cinneadh chun críocha an Chomhaontaithe seo.

5.    Comhlíonfaidh na páirtithe cinntí uile an bhinse eadrána gan mhoill.

6.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 15(2) den Chomhaontú, tar éis don bhinse eadrána tuairim na bpáirtithe a fháil, socróidh sé teorainn ama réasúnach sa chinneadh maidir le substaint an cháis chun a chinneadh a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 15(5) den Chomhaontú agus nósanna imeachta inmheánacha na bpáirtithe á gcur san áireamh.

AIRTEAGAL IV.3

An dlí is infheidhme, rialacha maidir le léiriú, idirghabhálaí

1.    Is éard atá sa dlí is infheidhme an Comhaontú seo, gníomhartha dlí an Aontais dá dtagraítear ann, chomh maith le haon riail eile den dlí idirnáisiúnta atá ábhartha maidir le cur i bhfeidhm na n-ionstraimí sin.


2.    Déanfaidh an binse eadrána cinneadh i gcomhréir leis na rialacha maidir le léiriú dá dtagraítear in Airteagal 12 den Chomhaontú.

3.    Ní cheadófar don bhinse eadrána cinneadh a dhéanamh mar idirghabhálaí ná ex aequo et bono.

AIRTEAGAL IV.4

Réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach nó cúiseanna eile chun an nós imeachta a dhúnadh

1.    Féadfaidh na páirtithe, tráth ar bith, réiteach ar a ndíospóid a chomhaontú go frithpháirteach. Cuirfidh siad aon réiteach den sórt sin in iúl go comhpháirteach don bhinse eadrána. Má éilítear formheas leis an réiteach de bhun nósanna imeachta intíre ábhartha ceachtar páirtí, déanfar tagairt san fhógra don cheanglas sin, agus cuirfear an nós imeachta eadrána ar fionraí. Mura gá formheas den sórt sin, nó nuair a bheidh fógra tugtha faoi thabhairt chun críche aon nós imeachta intíre den sórt sin, déanfar an nós imeachta eadrána a dhúnadh.

2.    Más rud é, le linn imeachtaí, go gcuirfidh an t-iarratasóir in iúl i scríbhinn don bhinse eadrána nach mian leis na himeachtaí a shaothrú a thuilleadh, agus más rud é, ar an dáta a gheobhaidh an binse eadrána an chumarsáid sin, nach bhfuil aon bheart déanta fós ag an gcosantóir sna himeachtaí, eiseoidh an binse eadrána ordú ina dtaifeadfar go hoifigiúil clabhsúr na n-imeachtaí. Déanfaidh an binse eadrána cinneadh maidir leis na costais, a íocfaidh an t-iarratasóir, má dhealraíonn sé go bhfuil údar leis sin de bharr iompar an pháirtí sin.


3.    Más rud é, sula ndéanann an binse eadrána a chinneadh, go dtagann sé ar an gconclúid go bhfuil sé gan chiall nó dodhéanta leanúint de na himeachtaí ar aon chúis seachas na cúiseanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, cuirfidh an binse eadrána in iúl do na páirtithe go bhfuil sé ar intinn aige ordú a eisiúint lena gcuirfear clabhsúr leis na himeachtaí. Níl feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina bhfuil ceisteanna gan réiteach ann ar féidir gur gá rialú ina leith agus más cuí leis an mbinse eadrána déanamh amhlaidh.

4.    Cuirfidh an binse eadrána in iúl do na páirtithe cóip den ordú lena gcuirtear clabhsúr leis na himeachtaí eadrána nó den chinneadh a rinneadh trí chomhaontú idir na páirtithe, agus í sínithe ag na headránaithe. Beidh feidhm ag Airteagal IV.2(2) go (5) maidir le cinntí eadrána a ghlacfar trí chomhaontú idir na páirtithe.

AIRTEAGAL IV.5

Cinneadh an bhinse eadrána a cheartú

1.    Laistigh de 30 lá tar éis cinneadh an bhinse eadrána a fháil, féadfaidh páirtí, trí fhógra a thabhairt don pháirtí eile agus don bhinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta, a iarraidh ar an mbinse eadrána aon earráid sa ríomh, aon earráid chléireachais nó chló, nó aon earráid nó easnamh dá samhail a cheartú i dtéacs chinneadh an bhinse eadrána. I gcás ina measfaidh sé go bhfuil údar cuí leis an iarraidh, déanfaidh an binse eadrána an ceartú laistigh de 45 lá tar éis dó an iarraidh a fháil. Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag an iarraidh ar an teorainn ama dá bhforáiltear in Airteagal IV.2(6).


2.    Féadfaidh an binse eadrána, laistigh de 30 lá tar éis dó a chinneadh a chur in iúl, na ceartúcháin dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh ar a thionscnamh féin.

3.    Déanfar na ceartúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i scríbhinn agus beidh siad ina gcuid dhílis den chinneadh. Beidh feidhm ag Airteagal IV.2(2) go (5).

AIRTEAGAL IV.6

Táillí eadránaithe

1.    Beidh na táillí dá dtagraítear in Airteagal IV.7 réasúnta, agus castacht an cháis, an t-am a chaitheann na headránaithe air agus na cúinsí ábhartha eile go léir á gcur san áireamh.

2.    Déanfar liosta de chúiteamh laethúil agus de na huaireanta uasta agus íosta, a bheidh i gcoiteann ag gach comhaontú déthaobhach sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach, chomh maith leis an gComhaontú seo, an Comhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta agus an Comhaontú maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise, a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta nuair is gá. Déanfaidh an Comhchoiste an liosta sin a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta le cinneadh chun críocha an Chomhaontaithe seo.

AIRTEAGAL IV.7

Costais

1.    Iompróidh gach páirtí a chostais féin agus leath de chostais an bhinse eadrána.


2.    Socróidh an binse eadrána a chostais ina chinneadh ar shubstaint an cháis. Ní áireofar ar na costais sin ach an méid seo a leanas:

(a)    táillí na n-eadránaithe, a luafar ar leithligh le haghaidh gach eadránaí agus a shocróidh an binse eadrána féin i gcomhréir le hAirteagal IV.6;

(b)    na costais taistil agus costais eile arna dtabhú ag na headránaithe; agus

(c)    táillí agus costais an Bhiúró Idirnáisiúnta.

3.    Beidh na costais dá dtagraítear i mír 2 réasúnach, agus an méid atá faoi dhíospóid, castacht na díospóide, an t-am a chaith na headránaithe agus aon saineolaí arna cheapadh ag an mbinse eadrána uirthi agus aon toisc ábhartha eile á gcur san áireamh.

AIRTEAGAL IV.8

Costais a thaisceadh

1.    Ag tús na headrána, féadfaidh an Biúró Idirnáisiúnta a iarraidh ar na páirtithe méid comhionann a thaisceadh mar réamhíocaíocht le haghaidh na gcostas dá dtagraítear in Airteagal IV.7(2).

2.    Le linn na n-imeachtaí eadrána, féadfaidh an Biúró Idirnáisiúnta taiscí atá forlíontach leo siúd dá dtagraítear i mír 1 a iarraidh ar na páirtithe.


3.    Déanfar na méideanna uile arna dtaisceadh ag na páirtithe i gcur i bhfeidhm an Airteagail seo a íoc leis an mBiúró Idirnáisiúnta agus íocfaidh sé amach iad chun na costais a tabhaíodh iarbhír a chumhdach, lena n-áirítear, go háirithe, na táillí arna n-íoc leis na headránaithe agus leis an mBiúró Idirnáisiúnta.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

AIRTEAGAL V.1

Leasuithe

Féadfaidh an Comhchoiste, le cinneadh, leasuithe ar an bPrótacal seo a ghlacadh.

(1)    Le haghaidh na tréimhse 2021-2027, seo é Clár EU4Health mar a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (‘Clár EU4Health’) le haghaidh na tréimhse 2021-2027, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 1).

An Bhruiséil,13.6.2025

COM(2025) 308 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, pacáiste leathain comhaontuithe chun an caidreamh déthaobhach le Cónaidhm na hEilvéise a chomhdhlúthú, a dhoimhniú agus a leathnú, agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis


COMHAONTÚ
IDIR AN tAONTAS EORPACH

AGUS CÓNAIDHM NA hEILVÉISE

MAIDIR LE RANNÍOCAÍOCHT T
HRÁTHRIALTA AIRGEADAIS NA hEILVÉISE
CHUN ÉAGOTHROMAÍOCHTAÍ EACNAMAÍOCHA AGUS SÓISIALTA

SAN AONTAS EORPACH A LAGHDÚ

TÁ AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta,

agus

CÓNAIDHM NA hEILVÉISE, dá ngairtear ‘an Eilvéis’ anseo feasta,

dá ngairtear ‘na Páirtithe Conarthacha’ anseo feasta;

I bhFIANAISE na ndlúthnasc idir na Páirtithe Conarthacha;

I bhFIANAISE an phacáiste dhéthaobhaigh leathan idir na Páirtithe Conarthacha arb é is aidhm dó a gcaidreamh déthaobhach a chobhsú agus a fhorbairt, lena n-áirítear rannpháirtíocht na hEilvéise sa mhargadh inmheánach;

DE BHRÍ sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá gníomhaíochtaí a rannchuidíonn leis na héagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas a laghdú, ar cheart iad a bheith dírithe ar neartú leanúnach agus cothrom an chaidrimh eacnamaíoch agus shóisialta idir an tAontas agus a Bhallstáit agus an Eilvéis a spreagadh agus freagairt do dhúshláin choiteanna thábhachtacha ag an am céanna;

DE BHRÍ go bhfuil an comhar idir an Eilvéis agus Stáit chomhpháirtíochta i gcomhthéacs ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise bunaithe ar luachanna coiteanna, ar phrionsabail an dea-rialachais agus ar thiomantas coiteann don neamhfhulaingt i leith an éillithe, agus go bhfuil sé á threorú ag na luachanna agus na prionsabail sin;

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:



CUID I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

AIRTEAGAL 1

Cuspóirí

I gcomhthéacs an phacáiste leathain dhéthaobhaigh comhaontuithe, tá sé mar chuspóir foriomlán ag na Páirtithe Conarthacha uile rannchuidiú chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas a laghdú.

Dá réir sin, is é is aidhm do ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise neartú leanúnach cothrom an chaidrimh eacnamaíoch agus shóisialta idir an tAontas agus a Bhallstáit agus an Eilvéis a spreagadh agus freagairt do dhúshláin choiteanna thábhachtacha ag an am céanna.

AIRTEAGAL 2

Ábhar

1.    Bunaítear leis an gComhaontú seo an bonn le haghaidh ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise i dtreo na gcuspóirí a leagtar síos in Airteagal 1.

2.    Comhlánóidh ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise bearta an Aontais agus a Bhallstát i réimse an chomhtháthaithe agus a bhfreagairt ar dhúshláin choiteanna thábhachtacha.



AIRTEAGAL 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)    Ciallaíonn ‘Liosta na gComhaontuithe’ na comhaontuithe a leanas:

(i)    Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine, arna dhéanamh i Lucsamburg an 21 Meitheamh 1999;

(ii)    Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar, arna dhéanamh i Lucsamburg an 21 Meitheamh 1999;

(iii)    Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar, arna dhéanamh i Lucsamburg an 21 Meitheamh 1999;

(iv)    An Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta, arna dhéanamh i Lucsamburg an 21 Meitheamh 1999;

(v)    Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnacht chomhréireachta, arna dhéanamh i Lucsamburg an 21 Meitheamh 1999;



(vi)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gCláir an Aontais, arna dhéanamh [i/sa/san …] an […];

(vii)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis, arna dhéanamh [i/sa/san …] an […];

(viii)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le Leictreachas, arna dhéanamh in [...] an [...];

(ix)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le Sláinte, arna dhéanamh in [...] an [...]; agus

(x)    Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta lena mbunaítear Comhlimistéar Sábháilteachta Bia, arna dhéanamh i [...] an [...];

(b)    ciallaíonn ‘tréimhse ranníocaíochta’ an tréimhse ama dá sanntar ranníocaíocht airgeadais ar leith ón Eilvéis;

(c)    ciallaíonn ‘tréimhse cur chun feidhme’ an tréimhse ama ar lena linn nach mór ranníocaíocht airgeadais ar leith ón Eilvéis a chur chun feidhme agus na cistí a íoc amach; mairfidh gach tréimhse cur chun feidhme 10 mbliana ar a laghad;

(d)    ciallaíonn ‘Stát is Comhpháirtí’ Ballstát den Aontas atá ag tairbhiú de ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise i dtréimhse ranníocaíochta ar leith;



(e)    ciallaíonn ‘Stáit is Comhpháirtithe i réimse an chomhtháthaithe’ Ballstáit den Aontas ag a bhfuil ollioncam náisiúnta (dá ngairtear ‘OIN’ anseo feasta) per capita, arna thomhas de réir caighdeáin chumhachta ceannaigh, níos lú ná 90 % de mheán-OIN per capita an Aontais i gcaighdeáin chumhachta ceannaigh le haghaidh na tréimhse tagartha céanna. Beidh an tréimhse thagartha chun na sonraí a úsáid mar an gcéanna leis sin a úsáidtear chun incháilitheacht Bhallstáit an Aontais a chinneadh faoi Chiste Comhtháthaithe an Aontais a bheidh i bhfeidhm ar dháta tosaigh na tréimhse ranníocaíochta ábhartha;

(f)    ciallaíonn ‘beart tacaíochta’ clár nó tionscadal a chuirtear i gcrích le tacaíocht ranníocaíochta airgeadais ar leith ón Eilvéis.

AIRTEAGAL 4

Creat lena rialaítear ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise

1.    Déanfar ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise a struchtúrú ar bhonn tréimhsí ranníocaíochta comhleanúnacha.

Tosóidh gach tréimhse ranníocaíochta 2 bhliain tar éis thús na tréimhse atá cumhdaithe le creat airgeadais ilbhliantúil an Aontais (dá ngairtear ‘CAI’ anseo feasta). Mairfidh sé ar feadh tréimhse atá cothrom leis an líon blianta a chumhdaítear leis an gcreat nó CAI lena mbaineann sé.

2.    I gcás gach tréimhse ranníocaíochta, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)    Geallann an Eilvéis ranníocaíocht airgeadais arna cinneadh ar bhonn Iarscríbhinn I a sholáthar.


(b)    Chun an gealltanas a tugadh de bhun phointe (a) a chomhlíonadh, déanfaidh na Páirtithe Conarthacha meabhrán tuisceana (dá ngairtear ‘MT’ anseo feasta) nach bhfuil ceangailteach ó thaobh dlí a thabhairt i gcrích 12 mhí ar a dhéanaí roimh dheireadh na tréimhse ranníocaíochta leanúnaí.

Chuige sin, cuirfidh an Comhchoiste tús leis an bplé 36 mhí ar a dhéanaí roimh dheireadh na tréimhse ranníocaíochta sin.

Sonrófar na heilimintí seo a leanas i ngach MT:

(i)    méid na ranníocaíochta airgeadais áirithe ón Eilvéis arna chinneadh ar bhonn mhír 1 d’Iarscríbhinn I;

(ii)    leithdháiltí tírshonracha cistí i réimse an chomhtháthaithe de bhun Fhoscríbhinn 2 d’Iarscríbhinn I;

(iii)    na réimsí téamacha le haghaidh na ranníocaíochta airgeadais ar leith ón Eilvéis i réimse an chomhtháthaithe;

(iv)    i gcás ina bhforáiltear do sciar ranníocaíochta airgeadais ar leith ón Eilvéis chun freagairt do dhúshláin choiteanna thábhachtacha eile; na dúshláin choiteanna thábhachtacha a sainaithníodh; a réimsí téamacha faoi seach; na critéir chun Stáit is Comhpháirtithe a roghnú a ndéanann na dúshláin choiteanna shainaitheanta difear dóibh; agus an miondealú idir na cistí a leithdháiltear ar réimse an chomhtháthaithe agus na cistí a leithdháiltear ar na dúshláin choiteanna a sainaithníodh, de bhun mhír 2 d’Iarscríbhinn I;


(v)    tuairisc ghinearálta ar inneachar beartaithe na gcomhaontuithe tírshonracha idir an Eilvéis agus na Stáit is Comhpháirtithe (dá ngairtear ‘comhaontuithe tírshonracha’ anseo feasta);

(vi)    fad na tréimhse cur chun feidhme de bhun phointe (c) d‘Airteagal 3(5).

(c)    Mura dtabharfar an MT i gcrích laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear sa chéad abairt de phointe (b), beidh feidhm ag Airteagal 16. I gcás ina gcuirfear an díospóid faoi bhráid an bhinse eadrána i gcomhréir le hAirteagal 16(2), fíoróidh an binse eadrána cé acu a ghníomhaigh nó nár ghníomhaigh na Páirtithe Conarthacha de mheon macánta le linn na bpléití dá dtagraítear i bpointe (b) chun an gealltanas de bhun phointe (a) a chomhlíonadh.

AIRTEAGAL 5

Comhaontuithe tírshonracha agus bearta tacaíochta breise

1.    I gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 4(2) agus Cuid II, agus i gcomhréir leis na heilimintí a leagtar amach sa MT, tabharfaidh an Eilvéis comhaontuithe tírshonracha i gcrích leis na Stáit is Comhpháirtithe agus, más infheidhme, ullmhóidh sí bearta tacaíochta breise faoina bainistíocht nó i bhfoirm ranníocaíochtaí le hionstraimí cistiúcháin ábhartha.

2.    Cuirfear san áireamh sna comhaontuithe tírshonracha beartais an Aontais agus creataí straitéiseacha náisiúnta le haghaidh infheistíochtaí bheartas comhtháthaithe an Aontais arna bhformheas ag an gCoimisiún Eorpach (dá ngairtear ‘an Coimisiún’ anseo feasta).


3.    Leagfar amach an méid seo a leanas sna comhaontuithe tírshonracha, go háirithe: dáileadh cistí i measc réimsí téamacha; bearta tacaíochta; na struchtúir bhainistíochta agus rialaithe; coinníollacha is infheidhme; agus údaráis inniúla sa Stát is Comhpháirtí lena mbaineann. Áireofar iontu freisin rialacha sonracha maidir leis an nós imeachta agus na bearta dá dtagraítear in Airteagal 13(5).

4.    I gcás gach tréimhse ranníocaíochta, déanfar na leithdháiltí tírshonracha i réimse an chomhtháthaithe a ghealladh go foirmiúil do na Stáit is Comhpháirtithe ar thabhairt i gcrích na gcomhaontuithe tírshonracha faoi seach, ar a dhéanaí, 2 bhliain tar éis thús na tréimhse ranníocaíochta lena mbaineann siad.

5.    I gcás ina meastar go bhfreagróidh sciar de ranníocaíocht airgeadais ar leith ón Eilvéis do dhúshláin choiteanna thábhachtacha eile, déanfar na leithdháiltí tírshonracha i réimse na ndúshlán coiteann sainaitheanta a ghealladh go foirmiúil do na Stáit is Comhpháirtithe ar thabhairt i gcrích na gcomhaontuithe tírshonracha faoi seach, ar a dhéanaí, 5 bliana tar éis thús na tréimhse ranníocaíochta lena mbaineann siad.

6.    Mura dtabharfar na comhaontuithe tírshonracha dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 i gcrích laistigh de na tréimhsí ama dá dtagraítear iontu, beidh feidhm ag Airteagal 16.

I gcás ina gcuirfear an díospóid faoi bhráid an bhinse eadrána i gcomhréir le hAirteagal 16(2), fíoróidh an binse eadrána cé acu a ghníomhaigh nó nár ghníomhaigh an Eilvéis agus an Stát is Comhpháirtí faoi seach de mheon macánta le linn chaibidlíocht an chomhaontaithe thírshonrach.

7.    Ní fhéadfar cistí ranníocaíochta airgeadais ar leith ón Eilvéis a úsáid ach go dtí deireadh na tréimhse cur chun feidhme faoi seach.


AIRTEAGAL 6

Cumarsáid idir an Eilvéis agus an Coimisiún

1.    Cuirfidh an Eilvéis an Coimisiún ar an eolas faoi na comhaontuithe tírshonracha dá dtagraítear in Airteagal 5(1) laistigh de 1 mhí amháin tar éis a bhfoilsithe i gCoimre Oifigiúil Dhlí Cónaidhme na hEilvéise.

2.    Déanfaidh an Eilvéis agus an Coimisiún cumarsáid ar an leibhéal teicniúil le chéile ar bhonn bliantúil, nó aon uair is gá, a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise.

AIRTEAGAL 7

Rátaí cómhaoinithe

Maidir le bearta tacaíochta a bhfuil freagracht cur chun feidhme ar na Stáit is Comhpháirtithe ina leith, beidh rátaí cómhaoinithe na hEilvéise le haghaidh a ranníocaíochta tráthrialta airgeadais mar an gcéanna le rátaí cómhaoinithe an Aontais faoi ionstraimí bheartas comhtháthaithe an Aontais agus faoi ionstraimí ábhartha eile, mura gcomhaontóidh an Eilvéis agus an Stát is Comhpháirtí lena mbaineann a mhalairt.


AIRTEAGAL 8

Státchabhair agus soláthar poiblí

Comhlíonfaidh cur chun feidhme na mbeart tacaíochta na rialacha is infheidhme maidir le státchabhair agus soláthar poiblí.

AIRTEAGAL 9

Dliteanas

Tá freagracht na hEilvéise teoranta do chistí a sholáthar de réir na gcomhaontuithe tírshonracha agus de réir bearta tacaíochta breise. Dá réir sin, ní ghabhann an Eilvéis aon dliteanas uirthi féin i leith tríú páirtithe.

AIRTEAGAL 10

Athruithe ar bhallraíocht an Aontais

1.    I gcás athrú ar bhallraíocht an Aontais lena mbaineann Stát ar lú a OIN per capita, arna thomhas de réir na gcaighdeán cumhachta ceannaigh, ná 90 % de mheán-OIN per capita an Aontais arna thomhas de réir na gcaighdeán cumhachta ceannaigh, déanfar ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise a choigeartú go comhréireach ón dáta a thiocfaidh an t-athrú ar an mballraíocht i bhfeidhm.


Beidh an tréimhse thagartha chun na sonraí a úsáid mar an gcéanna leis an tréimhse thagartha a úsáidtear do Chiste Comhtháthaithe an Aontais a bheidh i bhfeidhm ar dháta tosaigh na tréimhse ranníocaíochta faoi seach, nó, mura bhfuil sí ar fáil, an tréimhse 3 bliana is déanaí a bhfuil sonraí ar fáil ina leith.

2.    Is iad na Páirtithe Conarthacha a chinnfidh méid an choigeartaithe dá dtagraítear i mír 1.

CUID II

CUR CHUN FEIDHME AGUS BAINISTIÚ NA gCISTÍ

AIRTEAGAL 11

Luachanna coiteanna

Beidh cur chun feidhme ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise bunaithe ar luachanna coiteanna an mheasa ar chearta an duine, ar an daonlathas, ar an smacht reachta, ar dhínit an duine agus ar an gcomhionannas.

AIRTEAGAL 12

Bainistíocht ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise

1.    Beidh an Eilvéis freagrach as bainistiú foriomlán a ranníocaíochta tráthrialta airgeadais.


2.    Cumhdófar costais bhainistíochta na hEilvéise le méid iomlán ranníocaíochta airgeadais ar leith a leagtar síos sa MT dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 4(2).

AIRTEAGAL 13

Prionsabail maidir le cur chun feidhme

1.    Déanfar na comhaontuithe tírshonracha a chaibidliú agus a chur chun feidhme de mheon comhpháirtíochta comhionainne idir na Stáit is Comhpháirtithe agus an Eilvéis.

2.    Is iad na Stáit Chomhpháirtíochta a bheidh freagrach as na bearta tacaíochta comhaontaithe a chur chun feidhme, lena ndéanfar foráil maidir le córais iomchuí bhainistíochta agus rialaithe chun cur chun feidhme agus bainistíocht fhónta a áirithiú.

3.    Gan dochar do mhír 2, is í an Eilvéis a bheidh freagrach as bearta tacaíochta arna gcur chun feidhme go díreach ag an Eilvéis, bearta a dhéanfaidh foráil maidir le córais bhainistíochta agus rialaithe iomchuí chun cur chun feidhme agus bainistíocht fhónta a áirithiú.

4.    Le cur chun feidhme na mbeart tacaíochta, comhlíonfar na luachanna coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 11 agus prionsabail an dea-rialachais agus na bainistíochta fónta airgeadais, agus áiritheofar trédhearcacht, neamh-idirdhealú, éifeachtúlacht agus cuntasacht.

Beidh sé bunaithe ar thiomantas coiteann na hEilvéise agus na Stát is Comhpháirtithe gach cineál éillithe a chomhrac i gcur chun feidhme ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise agus foráil a dhéanamh maidir le bearta agus nósanna imeachta éifeachtacha chun aon ghníomh a chuireann úsáid chuí na gcistí i mbaol a chosc, a shainaithint agus aghaidh a thabhairt air, agus na rioscaí arna sainaithint á gcur san áireamh.


5.    I gcás sárú ar oibleagáid a leagtar amach i mír 4 a dhéanann difear do chur chun feidhme fónta birt tacaíochta shonraigh, nó a bhfuil an baol ann go ndéanfadh sé difear dó, féadfaidh an Eilvéis, tar éis measúnú agus nós imeachta lena ráthaítear ceart éifeachtach an Stáit is Comhpháirtí éisteacht a fháil, bearta iomchuí, comhréireacha agus éifeachtacha a dhéanamh maidir leis na bearta tacaíochta sonracha lena mbaineann.

6.    Féadfaidh an Eilvéis rialuithe a dhéanamh de réir a ceanglas inmheánach. Cuirfidh na Stáit is Comhpháirtithe gach cúnamh, faisnéis agus doiciméadacht is gá ar fáil chuige sin.

7.    Le linn d’údaráis iniúchóireachta na hEilvéise iniúchtaí a dhéanamh, tabharfaidh siad aird chuí ar phrionsabail na hiniúchóireachta aonair agus na comhréireachta i ndáil leis an leibhéal riosca, chun dúbláil iniúchtaí agus fíoruithe bainistíochta ar an gcaiteachas céanna a sheachaint, agus é mar chuspóir acu costas na bhfíoruithe bainistíochta agus na n-iniúchtaí bainistíochta agus an t-ualach riaracháin ar thairbhithe a íoslaghdú.

CUID III

FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA

AIRTEAGAL 14

Comhchoiste

1.    Bunaítear Comhchoiste leis seo.

Is ionadaithe ó na Páirtithe Conarthacha a bheidh ar an gComhchoiste.


2.    Beidh ionadaí ón Aontas Eorpach agus ionadaí ón Eilvéis ina gcomhchathaoirligh ar an gComhchoiste.

3.    Déanfaidh an Comhchoiste:

(a)    feidhmiú cuí agus riar agus cur i bhfeidhm éifeachtach an Chomhaontaithe seo a áirithiú;

(b)    fóram a chur ar fáil le haghaidh comhairliúchán frithpháirteach agus malartú leanúnach faisnéise idir na Páirtithe Conarthacha, go háirithe d’fhonn teacht ar réiteach ar aon deacracht a bhaineann le léiriú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo i gcomhréir le hAirteagal 16;

(c)    moltaí a chur faoi bhráid na bPáirtithe Conarthacha maidir le hábhair a bhaineann leis an gComhaontú seo;

(d)    cinntí a ghlacadh i gcás ina bhforáiltear dó sin sa Chomhaontú seo; agus

(e)    aon inniúlacht eile a dheonaítear dó sa Chomhaontú seo a fheidhmiú.

4.    Feidhmeoidh an Comhchoiste trí chomhthoil. Beidh Cinntí ina gceangal ar na Páirtithe Conarthacha, agus déanfaidh na Páirtithe na bearta uile is gá chun iad a chur chun feidhme.

5.    Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile uair sa bhliain ar a laghad, sa Bhruiséil agus i mBeirn gach re seach, mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt. Tiocfaidh sé le chéile freisin arna iarraidh sin do cheachtar de na Páirtithe Conarthacha. Féadfaidh na comhchathaoirligh a chomhaontú go dtionólfar cruinniú den Chomhchoiste trí fhíschomhdháil nó trí theileachomhdháil.


6.    Glacfaidh an Comhchoiste a rialacha nós imeachta ag an gcéad chruinniú a bheidh aige.

7.    Féadfaidh an Comhchoiste a chinneadh aon mheitheal nó aon ghrúpa saineolaithe a bhunú a bheidh in ann cúnamh a thabhairt dó chun a chuid dualgas a chomhlíonadh.

AIRTEAGAL 15

Prionsabal an eisiachais

Gabhann na Páirtithe Conarthacha orthu féin nach gcuirfidh siad faoi bhráid shásra socraíochta aon díospóid maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe, seachas na díospóidí sin dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo.

AIRTEAGAL 16

Nós imeachta i gcás ina bhfuil deacracht le léiriú nó cur i bhfeidhm

1.    I gcás ina mbeidh deacracht ann an Comhaontú a léiriú nó a chur i bhfeidhm, rachaidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhairle le chéile laistigh den Chomhchoiste chun teacht ar réiteach a bheidh inghlactha ag an dá thaobh. Chuige sin, cuirfear na heilimintí úsáideacha faisnéise uile ar fáil don Chomhchoiste chun é a chur ar a chumas dó scrúdú mionsonraithe a dhéanamh ar an gcás. Scrúdóidh an Comhchoiste na féidearthachtaí uile lena bhféadfar feidhmiú cuí an Chomhaontaithe a choinneáil ar bun.


2.    Mura mbeidh an Comhchoiste in ann teacht ar réiteach ar an deacracht dá dtagraítear i mír 1 laistigh de 3 mhí ón dáta a cuireadh an deacracht faoina bhráid, féadfaidh ceachtar de na Páirtithe Conarthacha a iarraidh ar bhinse eadrána an díospóid a réiteach i gcomhréir na rialacha a leagtar síos sa Phrótacal maidir leis an mbinse eadrána (dá ngairtear ‘an Prótacal’ anseo feasta).

3.    Le linn do dhíospóid a bheith á réiteach idir na Páirtithe Conarthacha faoin gComhaontú seo, beidh dlínse ag an mbinse eadrána an Comhaontú seo a léiriú. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le comhsheasmhacht birt leis an gComhaontú seo, féadfaidh an binse eadrána, de réir mar is iomchuí, dlí gach Páirtí Chonarthaigh seachas an Comhaontú seo, a mheas mar ábhar fíorais. Agus é sin á dhéanamh aige, leanfaidh an binse eadrána an léiriú atá i réim a thugann cúirteanna agus údaráis an Pháirtí Chonarthaigh faoi seach agus, i gcás inarb infheidhme, comhlachtaí idirnáisiúnta inniúla um réiteach díospóidí, do dhlí gach Páirtí Chonarthaigh seachas an Comhaontú seo. Aon bhrí a thabharfaidh an binse eadrána do dhlí Páirtí Chonarthaigh seachas an Comhaontú seo, ní bheidh sí ina ceangal ar chúirteanna ná ar údaráis an Pháirtí Chonarthaigh sin.

4.    Ní bheidh dlínse ag an mbinse eadrána i ndíospóidí a bhaineann le cur chun feidhme na gcomhaontuithe tírshonracha.

5.    Déanfaidh gach Páirtí Conarthach gach beart is gá chun cinneadh an bhinse eadrána a chomhlíonadh de mheon macánta.

An Páirtí Conarthach a gcinnfidh an binse eadrána nár chomhlíon sé an Comhaontú, cuirfidh sé an Páirtí Conarthach eile ar an eolas tríd an gComhchoiste faoi na bearta atá déanta aige chun cinneadh an bhinse eadrána a chomhlíonadh.


AIRTEAGAL 17

Bearta cúiteacha

1.    Más rud é, maidir leis an bPáirtí Conarthach ar chinn an binse eadrána nár chomhlíon sé an Comhaontú, nach gcuirfidh sé an Páirtí Conarthach eile ar an eolas, laistigh de thréimhse ama réasúnach arna socrú i gcomhréir le hAirteagal IV.2(6) den Phrótacal, faoi na bearta a rinne sé chun cinneadh an bhinse eadrána a chomhlíonadh, nó má mheasann an Páirtí Conarthach eile nach gcomhlíonann na bearta a chuirtear in iúl cinneadh an bhinse eadrána, féadfaidh an Páirtí Conarthach eile sin bearta cúiteacha comhréireacha a ghlacadh faoi chuimsiú an Chomhaontaithe nó aon chomhaontaithe ar cuid é de Liosta na gComhaontuithe a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 3 (dá ngairtear ‘bearta cúitimh’ anseo feasta) chun éagothroime a d’fhéadfadh a bheith ann a leigheas. Tabharfaidh sé fógra don Pháirtí Conarthach ar chinn an binse eadrána nár chomhlíon sé an Comhaontú maidir leis na bearta cúiteacha, a shonrófar san fhógra. Gabhfaidh éifeacht leis na bearta cúiteacha sin 3 mhí ó dháta an fhógra sin.

2.    Más rud é, laistigh de 1 mhí amháin ón dáta a dtabharfar fógra faoi na bearta cúiteacha atá beartaithe, nach mbeidh cinneadh déanta ag an gComhchoiste na bearta cúiteacha sin a chur ar fionraí, a leasú nó a neamhniú, féadfaidh ceachtar Páirtí Conarthach an cheist maidir le comhréireacht na mbeart cúiteach sin a chur chun eadrána, i gcomhréir leis an bPrótacal.

3.    Déanfaidh an binse eadrána cinneadh laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha síos in Airteagal III.8(4) den Phrótacal.

4.    Ní bheidh éifeacht chúlghabhálach ag bearta cúiteacha. Go háirithe, caomhnófar na cearta agus na hoibleagáidí a fuair daoine aonair agus oibreoirí eacnamaíocha cheana féin sula ngabhfaidh éifeacht leis na bearta cúiteacha.


CUID IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

AIRTEAGAL 18

An chéad ranníocaíocht airgeadais ón Eilvéis faoin gComhaontú seo agus gealltanas airgeadais breise aonuaire

1.    Geallann an Eilvéis a céad ranníocaíocht airgeadais a sholáthar faoin gComhaontú seo (dá ngairtear ‘an chéad ranníocaíocht airgeadais’ anseo feasta) ón 1 Eanáir 2030 go dtí an 31 Nollaig 2036 i gcomhréir le hIarscríbhinn II agus gealltanas airgeadais breise aonuaire lena gcumhdófar an tréimhse idir deireadh 2024 agus deireadh 2029 i gcomhréir le hIarscríbhinn III.

2.    A mhéid nach leagtar síos eilimintí na chéad ranníocaíochta airgeadais in Iarscríbhinn II, tabharfaidh na Páirtithe Conarthacha MT i gcrích, nach mbeidh ceangailteach ó thaobh dlí, chun an gealltanas a tugadh i mír 1 a chomhlíonadh laistigh de 12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Chuige sin, cuirfidh an Comhchoiste tús leis an bplé go pras tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

3.    A mhéid nach leagtar síos eilimintí an ghealltanais airgeadais bhreise aonuaire in Iarscríbhinn III, tabharfaidh na Páirtithe Conarthacha MT i gcrích, nach mbeidh ceangailteach ó thaobh dlí, chun an gealltanas a tugadh i mír 1 a chomhlíonadh laistigh de 12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Chuige sin, cuirfidh an Comhchoiste tús leis an bplé go pras tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.


4.    Déanfar leithdháiltí tírshonracha na chéad ranníocaíochta airgeadais i réimse an chomhtháthaithe agus an ghealltanais airgeadais bhreise aonuaire a ghealladh go foirmiúil do na Stáit is Comhpháirtithe ar thabhairt i gcrích na gcomhaontuithe tírshonracha faoi seach, 3 bliana ar a dhéanaí ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

5.    Déanfar leithdháiltí tírshonracha na chéad ranníocaíochta airgeadais i réimse na himirce a ghealladh go foirmiúil do Stáit is Comhpháirtithe ar thabhairt i gcrích na gcomhaontuithe tírshonracha faoi seach, ar a dhéanaí, 5 bliana ó thús na tréimhse ranníocaíochta.

6.    Mura dtugtar na MTanna dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 i gcrích laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear iontu, beidh feidhm mutatis mutandis ag pointe (c) d’Airteagal 4(2).

7.    Mura dtabharfar na comhaontuithe tírshonracha dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 i gcrích laistigh de na tréimhsí ama dá dtagraítear iontu, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 5(6).

AIRTEAGAL 19

Prótacal, Iarscríbhinní agus Foscríbhinní

Beidh an Prótacal, na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú seo ina gcuid dhílis de.


AIRTEAGAL 20

Teacht i bhfeidhm

1.    Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha an Comhaontú seo a dhaingniú nó a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Tabharfaidh gach Páirtí Conarthach fógra don Pháirtí Conarthach eile faoi chur i gcrích na nósanna imeachta inmheánacha is gá do theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

2.    Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an fhógra dheireanaigh maidir leis na hionstraimí seo a leanas:

(a)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

(b)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

(c)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(d)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;


(e)    Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(f)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar;

(g)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar;

(h)    Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar;

(i)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta;

(j)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(k)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(l)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gcláir de chuid an Aontais;


(m)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis.

AIRTEAGAL 21

Foirceannadh

Féadfaidh gach Páirtí Conarthach a fhoirceannadh trí fhógra a thabhairt don Pháirtí Conarthach eile. Scoirfidh an Comhaontú d’fheidhm a bheith aige 6 mhí tar éis fháil an fhógra.

Arna dhéanamh [i/sa/san …], an […], i ndúblach, sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus tá gach téacs díobh barántúil.

Á FHIANÚ SIN, chuir na daoine thíos-sínithe, agus údar cuí acu chuige sin, a lámh leis an gComhaontú seo.

(Bloc na sínithe, amhail an méid seo a leanas, i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais: ‘Thar ceann an Aontais Eorpaigh’ agus ‘Thar ceann Chónaidhm na hEilvéise’)

IARSCRÍBHINN I

EILIMINTÍ LE hAGHAIDH
RANNÍOCAÍOCHT T
HRÁTHRIALTA AIRGEADAIS NA hEILVÉISE
DÁ dTAGRAÍTEAR I bPOINTE (a) D’AIRTEAGAL 4(2)

LE hAGHAIDH TRÉIMHSÍ RANNÍOCAÍOCHTA INA DHIAIDH SIN

1.    Déantar méid ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise le haghaidh tréimhse ranníocaíochta ar leith a shuí ar bhonn na n-eilimintí seo a leanas:

(a)    méid ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise i leith na tréimhse ranníocaíochta roimhe sin arna choigeartú pro rata temporis de réir fhad na tréimhse ranníocaíochta áirithe, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, an coigeartú i gcomhréir le hAirteagal 10, arna choigeartú pro rata temporis de réir fhad na tréimhse ranníocaíochta ar leith;

(b)    méadú nó laghdú ar an méid a eascraíonn as cur i bhfeidhm phointe (a) i gcomhréir leis an modh a leagtar amach i bhFoscríbhinn 1, bunaithe ar na fachtóirí seo a leanas:

(i)    boilsciú san Eilvéis, arna thomhas leis an Innéacs Comhchuibhithe Praghsanna do Thomhaltóirí (dá ngairtear ICPT anseo feasta) san Eilvéis, agus

(ii)    fachtóir coigeartaithe lena dtugtar aghaidh ar aon éagsúlacht idir an boilsciú sin agus an boilsciú a thabhaítear sna Stáit is Comhpháirtithe a mhéid nach ndéantar é a fhritháireamh le forbairt an ráta malairte, chun cumhacht ceannaigh ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise a choinneáil ar bun;


(c)    méadú nó laghdú ar an méid arna bhunú ar bhonn phointí (a) agus (b) i bhfianaise cúinsí polaitiúla. Ní rachaidh méadú nó laghdú den sórt sin thar 10 % den mhéid a bhunaítear ar bhonn phointí (a) agus (b).

2.    Is é a bheidh i sciar ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise le haghaidh tréimhse ranníocaíochta ar leith atá tiomnaithe do limistéar an chomhtháthaithe 90 % ar a laghad den mhéid arna chinneadh i gcomhréir le mír 1.

3.    Is é a bheidh i sciar ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise le haghaidh tréimhse ranníocaíochta ar leith i réimse an chomhtháthaithe a shanntar do chomhaontuithe tírshonracha 90 % ar a laghad de mhéid ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise atá tiomnaithe don limistéar sin arna chinneadh i gcomhréir le mír 2.

4.    Déanfar an méid a shanntar do chomhaontuithe tírshonracha i réimse an chomhtháthaithe a leithdháileadh ar Stáit is Comhpháirtithe i gcomhréir leis an scála leithdháilte a leagtar amach i bhFoscríbhinn 2.



Foscríbhinn 1

MODHEOLAÍOCHT
CHUN AN COIGEARTÚ A CHINNEADH

DÁ dTAGRAÍTEAR I bPOINTE (b) DE MHÍR 1 D’IARSCRÍBHINN I

Déanfar an méadú nó an laghdú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 d’Iarscríbhinn I a ríomh i gcomhréir leis an modh seo a leanas:

1.    Déanfar an méid a eascraíonn as cur i bhfeidhm phointe (a) de mhír 1 d’Iarscríbhinn I a iolrú faoin bhfachtóir innéacsaithe dá dtagraítear i mír 2 den Fhoscríbhinn seo;

2.    Is éard a bheidh san fhachtóir innéacsaithe toradh na nithe seo a leanas:

(a)    boilsciú san Eilvéis, arna thomhas le ICPT san Eilvéis, idir an bhliain dheireanach, arna ríomh mar mheán uimhríochtúil an 12 mhí dheireanacha atá ar fáil ar dháta an ríofa, agus an chéad bhliain den tréimhse ranníocaíochta roimhe sin, arna ríomh mar mheán uimhríochtúil 12 mhí na bliana sin; agus

(b)    fachtóir coigeartaithe, arna thomhas de réir an chóimheasa idir fíor-ráta malairte ghrúpa na Stát is Comhpháirtithe i réimse an chomhtháthaithe sa tréimhse ranníocaíochta roimhe sin i leith na hEilvéise idir an bhliain dheireanach agus an chéad bhliain den tréimhse ranníocaíochta roimhe sin, lena léirítear an fíor-luachmhéadú nó an dímheas a bhí ag an ngrúpa sin le linn na tréimhse.


Chun an fachtóir innéacsaithe a ríomh, tá feidhm ag an méid seo a leanas:

(i)    is éard a bheidh i bhfíor-ráta malairte ghrúpa na Stát is Comhpháirtithe i réimse an chomhtháthaithe sa tréimhse ranníocaíochta roimhe sin ráta malairte ainmniúil na Stát is Comhpháirtithe vis-à-vis franc na hEilvéise arna iolrú faoi chomhiomlán bunaithe ar ICPT na Stát is Comhpháirtithe sin agus arna roinnt ar ICPT na hEilvéise.

Beidh méadú ar an bhfíor-ráta malairte i gceist le fíor-luachmhéadú ar an ngrúpa Stát is Comhpháirtithe sin, agus beidh laghdú ar an bhfíor-ráta malairte i gceist le fíor-dhímheas don ghrúpa Stát is Comhpháirtithe sin;

(ii)    tógfar an comhiomlán bunaithe ar ICPT le haghaidh na Stát is Comhpháirtithe sin mar mheán uimhríochtúil 12 mhí den innéacs ICPT don ghrúpa Stát is Comhpháirtithe sin, agus úsáid á baint as modheolaíocht ICPT dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar i réimse an staidrimh, arna dhéanamh i Lucsamburg an 26 Deireadh Fómhair 2004, ach i gcás inarb iad na hualuithe an scála cionroinnte a leagtar amach i bhFoscríbhinn 2;

(iii)    tógfar ráta malairte ainmniúil na Stát is Comhpháirtithe i leith fhranc na hEilvéise mar mheán uimhríochtúil ualaithe rátaí malairte ainmniúla na Stát is Comhpháirtithe sin i leith fhranc na hEilvéise, i gcás inarb iad na hualaí an eochair leithdháilte a leagtar amach i bhFoscríbhinn 2. Is éard a bheidh sna rátaí malairte ainmniúla a úsáidfear sa ríomh le haghaidh bliain ar leith meán 12 mhí de na sonraí míosúla don bhliain sin arna ndíorthú ó na rátaí malairte laethúla.



Ríomhfaidh an Coimisiún an fachtóir coigeartaithe faoi phointe (b) de mhír 2 den Fhoscríbhinn seo. Roinnfidh an Coimisiún an ríomh leis an Eilvéis tríd an gComhchoiste 1 mhí amháin tar éis dó é a fháil.

3.    Mura bhfuil sonraí ar fáil le haghaidh bliain ar leith, is iad na sonraí ón 12 mhí dheireanacha a bheidh ar fáil ar dháta an ríomha na sonraí a úsáidfear le haghaidh na bliana sin.

4.    Gheofar na sonraí ICPT agus na sonraí ráta malairte a úsáidtear chun an fachtóir innéacsaithe a ríomh ó Oifig Staidrimh an Aontais (dá ngairtear ‘Eurostat’ anseo feasta), bunaithe ar staidreamh arna fhoilsiú ag Eurostat, agus aird chuí á tabhairt ar an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar i réimse an staidrimh, arna dhéanamh i Lucsamburg an 26 Deireadh Fómhair 2004. I gcás inar gá, gheofar sonraí maidir leis na rátaí malairte ó bhunachair sonraí phoiblí ón mBanc Ceannais Eorpach, ó bhainc cheannais na Stát is Comhpháirtithe, agus/nó ó Bhanc Náisiúnta na hEilvéise.



Aguisín 2

EOCHAIR LEITHDHÁILTE LE hAGHAIDH  
RANNÍOCAÍOCHT T
HRÁTHRIALTA AIRGEADAIS NA hEILVÉISE
I RÉIMSE AN CHOMHTHÁTHAITHE

Beidh leithdháileadh gach Stáit is Comhpháirtí de ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise i réimse an chomhtháthaithe le haghaidh tréimhse ranníocaíochta ar leith ag comhfhreagairt do chéatadán de ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise i réimse an chomhtháthaithe a gheofar trí na céimeanna seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(a)    meán uimhríochtúil sciartha dhaonra agus achar dromchla an Stáit is Comhpháirtí de dhaonra iomlán agus d’achar dromchla iomlán na Stát is Comhpháirtithe uile a ríomh. Más rud é, áfach, gur mó sciar daonra iomláin Páirtí Chomhpháirtíochta ná a sciar den achar dromchla iomlán faoi fhachtóir a cúig nó níos mó ná sin, lena léirítear dlús fíor-ard daonra, ní úsáidfear ach an sciar den daonra iomlán don chéim seo;

(b)    na figiúirí céatadáin a fhaightear mar thoradh ar an ríomh i gcomhréir le pointe (a) a laghdú nó a mhéadú le comhéifeacht arb ionann í agus aon trian den chéatadán ar mó nó ar lú OIN per capita an Stáit is Comhpháirtí sin, arna thomhas de réir caighdeáin chumhachta ceannaigh, ná meán-OIN per capita na Stát is Comhpháirtithe uile (meán arna shloinneadh mar 100 %); agus

(c)    na scaireanna a fhaightear mar thoradh ar an ríomh i gcomhréir le pointe (b) a athscálú ionas go mbeidh a suim cothrom le 100 %.


Beidh an tréimhse thagartha chun na sonraí a úsáid mar an gcéanna leis an tréimhse thagartha a úsáidtear le haghaidh Chiste Comhtháthaithe an Aontais a bheidh i bhfeidhm ar dháta tosaigh na tréimhse ranníocaíochta faoi seach, nó, mura bhfuil sí ar fáil, an tréimhse 3 bliana is déanaí a bhfuil sonraí ar fáil ina leith.

________________

IARSCRÍBHINN II

AN CHÉAD RANNÍOCAÍOCHT AIRGEADAIS ÓN EILVÉIS
FAOIN gCOMHAONTÚ SEO LE hAGHAIDH NA TRÉIMHSE 2030 – 2036

1.    Is é CHF 350 000 000 le haghaidh gach aon bhliain den tréimhse sin a bheidh i gcéad ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise faoin gComhaontú seo (dá ngairtear ‘an chéad ranníocaíocht airgeadais’ anseo feasta) le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2030 go dtí an 31 Nollaig 2036 (‘tréimhse ranníocaíochta’).

2.    As an méid dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh gach aon bhliain den tréimhse ranníocaíochta, déanfar CHF 308 000 000 a leithdháileadh le haghaidh comhair i réimse an chomhtháthaithe agus CHF 42 000 000 le haghaidh comhair i réimse na himirce.

3.    Leis an gcéad ranníocaíocht airgeadais ón Eilvéis, rannchuideofar leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 1 den Chomhaontú seo.

4.    Cuirfear an chéad ranníocaíocht airgeadais ón Eilvéis chun feidhme thar thréimhse 10 mbliana (‘tréimhse cur chun feidhme’), ag tosú ar an dáta céanna leis an tréimhse ranníocaíochta.

5.    Beidh an sciar den ranníocaíocht airgeadais i réimse an chomhtháthaithe a shanntar do chomhaontuithe tírshonracha cothrom le 90 % ar a laghad den mhéid a leithdháiltear ar an limistéar sin.

6.    Beidh suas le 5 % de na méideanna faoi seach le haghaidh comhair i réimsí an chomhtháthaithe agus na himirce ar fáil don Eilvéis chun costais bhainistíochta a chumhdach, agus beidh suas le 2 % ar fáil chun saineolas na hEilvéise a chomhroinnt (Ciste Saineolais agus Comhpháirtíochta na hEilvéise).


7.    Is éard a bheidh i Stáit is Comhpháirtithe le haghaidh comhair i réimse an chomhtháthaithe Ballstáit an Aontais ar lú a OIN per capita, arna thomhas de réir caighdeáin chumhachta ceannaigh, ná 90 % de mheán-OIN per capita an Aontais i gcaighdeáin chumhachta ceannaigh le haghaidh na tréimhse tagartha céanna. Beidh an tréimhse thagartha chun na sonraí a úsáid mar an gcéanna leis sin a úsáidtear chun incháilitheacht Bhallstáit an Aontais a chinneadh faoi Chiste Comhtháthaithe an Aontais a bheidh i bhfeidhm ar dháta tosaigh na tréimhse ranníocaíochta.

8.    Is Ballstáit de chuid an Aontais iad na Stáit is Comhpháirtithe a d’fhéadfadh a bheith ann i réimse na himirce a bhfuil brú imirce ar leith orthu agus/nó ina gcomhaontaíonn an Eilvéis agus Ballstát ar leith gur gá rialachas imirce a neartú.

9.    I réimsí an chomhair maidir le comhtháthú agus imirce, féadfaidh na Páirtithe Conarthacha teacht ar chomhthuiscint chun méid sonrach a chur i leataobh le haghaidh ciste atá tiomnaithe d’ábhar sonrach (comhtháthú) agus do chiste mearfhreagartha (imirce). Más infheidhme, leagfar amach na heilimintí sa MT i gcomhréir le hAirteagal 18(2) den Chomhaontú.

10.    Na réimsí téamacha le haghaidh comhair faoin gcéad ranníocaíocht airgeadais ón Eilvéis, cuirfidh siad leis an gcomhar rathúil faoin ranníocaíocht a rinne an Eilvéis roimhe sin le Ballstáit roghnaithe an Aontais. Comhlánóidh siad iarrachtaí comhtháthaithe agus bainistithe imirce an Aontais tráth thús na tréimhse ranníocaíochta.

11.    I gcomhréir le hAirteagal 18(2) den Chomhaontú, sonróidh na Páirtithe Conarthacha sa MT na réimsí fócais i measc na réimsí téamacha seo a leanas:

(a)    Comhtháthú:

(i)    forbairt chuimsitheach dhaonna agus shóisialta;


(ii)    forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe agus chuimsitheach;

(iii)    an t-aistriú glas; agus

(iv)    daonlathas agus rannpháirtíocht.

(b)    An imirce.

________________

IARSCRÍBHINN III

GEALLTANAS AIRGEADAIS BREISE AONUAIRE NA hEILVÉISE
LENA gCUMHDAÍTEAR AN TRÉIMHSE IDIR

DEIREADH 2024 AGUS DEIREADH 2029

1.    I gcomhréir le hAirteagal 18 den Chomhaontú seo, geallann an Eilvéis gealltanas airgeadais breise aonuaire a sholáthar lena gcumhdófar an tréimhse idir deireadh 2024 agus deireadh 2029 lena léireofar leibhéal comhpháirtíochta agus comhair an Aontais sa tréimhse sin. Is éard a bheidh sa ghealltanas airgeadais breise aonuaire sin CHF 130 000 000 in aghaidh na bliana go dtí go dtiocfaidh na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 20(2) den Chomhaontú seo i bhfeidhm, agus CHF 350 000 000 in aghaidh na bliana le haghaidh na tréimhse idir teacht i bhfeidhm na gcomhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 20(2) den Chomhaontú seo agus deireadh 2029. Maidir leis an mbliain ina dtiocfaidh na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 20(2) den Chomhaontú seo i bhfeidhm, déanfar méid an ghealltanais bhreise aonuaire a ríomh pro rata temporis.

2.    Cuirfear gealltanas airgeadais breise aonuaire na hEilvéise chun feidhme thar thréimhse 10 mbliana (‘tréimhse cur chun feidhme’), ag tosú ar an dáta céanna le tréimhse ranníocaíochta chéad ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise.

3.    Úsáidfear an gealltanas airgeadais breise aonuaire le haghaidh comhair i réimse an chomhtháthaithe.

4.    90 % ar a laghad de mhéid ghealltanas airgeadais breise aonuaire na hEilvéise a bheidh sa sciar den ghealltanas airgeadais aonuaire a shanntar do chomhaontuithe tírshonracha.


5.    Beidh suas le 5 % de mhéid an ghealltanais airgeadais aonuaire ar fáil don Eilvéis chun costais bhainistíochta a chumhdach, agus beidh suas le 2 % ar fáil chun saineolas na hEilvéise a chomhroinnt (Ciste Saineolais agus Comhpháirtíochta na hEilvéise).

6.    Is éard a bheidh i Stáit is Comhpháirtithe le haghaidh comhair Ballstáit de chuid an Aontais ar lú a OIN per capita, arna thomhas de réir caighdeáin chumhachta ceannaigh, ná 90 % de mheán-OIN per capita an Aontais i gcaighdeáin chumhachta ceannaigh le haghaidh na tréimhse tagartha céanna. Beidh an tréimhse thagartha chun na sonraí a úsáid mar an gcéanna leis sin a úsáidtear chun incháilitheacht Bhallstáit an Aontais a chinneadh faoi Chiste Comhtháthaithe an Aontais a bheidh i bhfeidhm ar dháta tosaigh thréimhse cur chun feidhme an ghealltanais airgeadais bhreise aonuaire.

7.    Féadfaidh na Páirtithe Conarthacha teacht ar chomhthuiscint chun méid sonrach a chur i leataobh le haghaidh ciste atá tiomnaithe d’ábhar sonrach i réimse an chomhtháthaithe. Más infheidhme, leagfar amach na heilimintí sa MT i gcomhréir le hAirteagal 18(3) den Chomhaontú.

8.    Na cuspóirí agus na rialacha maidir le cur chun feidhme ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise a leagtar síos sa Chomhaontú, beidh feidhm mutatis mutandis acu maidir leis an ngealltanas airgeadais breise aonuaire, mura bhforáiltear a mhalairt in Airteagal 18 den Chomhaontú seo agus san Iarscríbhinn seo.

9.    Na réimsí téamacha le haghaidh comhair faoi ghealltanas airgeadais breise aonuaire na hEilvéise, cuirfidh siad leis an gcomhar rathúil faoin ranníocaíocht a rinne an Eilvéis roimhe sin le Ballstáit roghnaithe an Aontais. Comhlánóidh siad iarrachtaí comhtháthaithe an Aontais tráth thús thréimhse cur chun feidhme an ghealltanais airgeadais bhreise aonuaire.


10.    I gcomhréir le hAirteagal 18(3) den Chomhaontú, sonróidh na Páirtithe Conarthacha sa MT na réimsí fócais i measc na réimsí téamacha seo a leanas:

(i)    forbairt chuimsitheach dhaonna agus shóisialta;

(ii)    forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe agus chuimsitheach;

(iii)    an t-aistriú glas; agus

(iv)    daonlathas agus rannpháirtíocht.

________________

PRÓTACAL
MAIDIR LEIS AN mBINSE EADRÁNA

CAIBIDIL I

RÉAMHFHORÁLACHA

AIRTEAGAL I.1

Raon feidhme

Má chuireann ceann de na Páirtithe Conarthacha (dá ngairtear ‘Páirtithe’ anseo feasta) díospóid isteach le haghaidh eadrána i gcomhréir le hAirteagal 16(2) nó le hAirteagal 17(2) den Chomhaontú, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach sa Phrótacal seo.

AIRTEAGAL I.2

Seirbhísí clárlainne agus rúnaíochta

Comhlíonfaidh Biúró Idirnáisiúnta na Buanchúirte Eadrána sa Háig (dá ngairtear ‘an Biúró Idirnáisiúnta’ anseo feasta) feidhmeanna na clárlainne agus soláthróidh sé na seirbhísí rúnaíochta is gá.


AIRTEAGAL I.3

Fógraí agus teorainneacha ama a ríomh

1.    Féadfar fógraí, lena n-áirítear teachtaireachtaí nó tograí, a sheoladh trí aon mhodh cumarsáide lena ndeimhnítear a dtarchur, nó lena gcumasaítear iad a dheimhniú.

2.    Ní fhéadfar fógraí den sórt sin a sheoladh go leictreonach ach amháin má tá seoladh ainmnithe nó údaraithe ag páirtí go sonrach chun na críche sin.

3.    Seolfar fógraí den sórt sin a sheirbheálfar ar na páirtithe, i gcás na hEilvéise, chuig Rannán Eorpach Roinn Cónaidhme Gnóthaí Eachtracha na hEilvéise agus, i gcás an Aontais, chuig Seirbhís Dlí an Choimisiúin.

4.    Rithfidh aon teorainn ama a leagtar síos sa Phrótacal seo ón lá tar éis tarlú teagmhais nó déanamh birt. Más rud é gur lá nach lá oibre ag institiúidí an Aontais nó rialtas na hEilvéise an lá deireanach chun doiciméad a sheachadadh, tiocfaidh deireadh le tréimhse seachadta an doiciméid ar an gcéad lá oibre ina dhiaidh sin. Déanfar laethanta neamhoibre a thagann faoi réim na tréimhse ama a chomhaireamh.


AIRTEAGAL I.4

Fógra eadrána

1.    An páirtí a chuirfidh sé chuige eadráin a úsáid (dá ngairtear ‘iarratasóir’ anseo feasta) seolfaidh sé fógra eadrána chuig an bpáirtí eile (dá ngairtear ‘cosantóir’ anseo feasta) agus chuig an mBiúró Idirnáisiúnta.

2.    Measfar imeachtaí eadrána a bheith tosaithe ar an lá tar éis an lae a gheobhaidh an cosantóir an fógra eadrána.

3.    Beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra eadrána:

(a)    an t-éileamh go ndéanfar an díospóid a tharchur chun eadrána;

(b)    ainmneacha agus sonraí teagmhála na bpáirtithe;

(c)    ainm agus seoladh ghníomhaire nó ghníomhairí an iarratasóra;

(d)    bunús dlí na n-imeachtaí (Airteagal 16(2) nó Airteagal 17(2) den Chomhaontú) agus:

(i)    sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 16(2) den Chomhaontú, an cheist is cúis leis an díospóid mar a cuireadh isteach go hoifigiúil, lena réiteach, ar chlár oibre an Chomhchoiste i gcomhréir le hAirteagal 16(1) den Chomhaontú; agus

(ii)    sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 17(2) den Chomhaontú, cinneadh an bhinse eadrána, aon bheart cur chun feidhme a luaitear in Airteagal 16(5) den Chomhaontú agus na bearta cúiteacha is ábhar díospóide;


(e)    aon riail is cúis leis an díospóid nó a bhaineann léi a ainmniú;

(f)    tuairisc ghairid ar an díospóid; agus

(g)    ainmniú eadránaí nó, má tá cúigear eadránaithe le ceapadh, ainmniú beirt eadránaithe.

4.    Ní chuirfidh aon éileamh ar leordhóthanacht an fhógra eadrána cosc ar bhunú an bhinse eadrána. Déanfaidh an binse eadrána an díospóid a chinneadh go cinntitheach.

AIRTEAGAL I.5

Freagairt ar an bhfógra eadrána

1.    Laistigh de 60 lá ón bhfógra eadrána a fháil, seolfaidh an cosantóir freagra ar an bhfógra eadrána chuig an iarratasóir agus chuig an mBiúró Idirnáisiúnta, ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

(a)    ainmneacha agus sonraí teagmhála na bpáirtithe;

(b)    ainm agus seoladh ghníomhaire nó ghníomhairí an chosantóra;

(c)    freagra ar an bhfaisnéis a thugtar san fhógra eadrána i gcomhréir le pointí (d) go (f) d’Airteagal I.4(3); agus


(d)    ainmniú eadránaí nó, má tá cúigear eadránaithe le ceapadh, ainmniú beirt eadránaithe.

2.    Ní chuirfidh easpa freagartha nó freagra neamhiomlán nó déanach ón gcosantóir ar an bhfógra eadrána cosc ar bhunú binse eadrána. Déanfaidh an binse eadrána an díospóid a chinneadh go cinntitheach.

3.    Má iarrann an cosantóir go mbeadh cúigear eadránaithe ar an mbinse eadrána ina fhreagra ar an bhfógra eadrána, ainmneoidh an t-iarratasóir eadránaí breise laistigh de 30 lá ón bhfreagra ar an bhfógra eadrána a fháil.

AIRTEAGAL I.6

Ionadaíocht agus cúnamh

1.    Déanfaidh gníomhaire amháin nó níos mó ionadaíocht ar na páirtithe os comhair an bhinse eadrána. Féadfaidh na gníomhairí cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó dhlíodóirí.

2.    Cuirfear aon athrú ar na gníomhairí nó ar a seoltaí in iúl don pháirtí eile, don Bhiúró Idirnáisiúnta agus don bhinse eadrána. Féadfaidh an binse eadrána, tráth ar bith, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó pháirtí, fianaise ar na cumhachtaí a thugtar do ghníomhairí na bpáirtithe a iarraidh.


CAIBIDIL II

COMHDHÉANAMH AN BHINSE EADRÁNA

AIRTEAGAL II.1

An líon eadránaithe

Triúr eadránaithe a bheidh ar an mbinse eadrána. Má iarrann an t-iarratasóir ina fhógra eadrána nó an cosantóir ina fhreagra ar an bhfógra eadrána amhlaidh, beidh cúigear eadránaithe ar an mbinse eadrána.

AIRTEAGAL II.2

Na headránaithe a cheapadh

1.    Má tá triúr eadránaithe le ceapadh, ainmneoidh gach ceann de na páirtithe duine acu. Roghnóidh an bheirt eadránaithe arna gceapadh ag na páirtithe an tríú headránaí, a bheidh ina chathaoirleach ar an mbinse eadrána.

2.    Má tá cúigear eadránaithe le ceapadh, ainmneoidh gach páirtí beirt díobh. Roghnóidh an ceathrar eadránaithe arna gceapadh ag na páirtithe an cúigiú headránaí, a bheidh ina chathaoirleach ar an mbinse eadrána.


3.    Más rud é, laistigh de 30 lá tar éis ainmniú an eadránaí deiridh arna cheapadh ag na páirtithe, nach mbeidh na headránaithe tar éis teacht ar chomhaontú maidir le cathaoirleach an bhinse eadrána a roghnú, is é Ardrúnaí na Buanchúirte Eadrána a cheapfaidh an cathaoirleach.

4.    Chun cúnamh a thabhairt eadránaithe a roghnú chun an binse eadrána a chomhdhéanamh, déanfar liosta táscach de dhaoine ag a bhfuil na cáilíochtaí dá dtagraítear i mír 6 a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta nuair is gá, ar liosta é a bheidh i gcoiteann ag gach comhaontú déthaobhach sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach chomh maith leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le sláinte, arna dhéanamh in […] an […] (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le Sláinte’ anseo feasta), an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta, arna dhéanamh i Lucsamburg an 21 Meitheamh 1999 (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta’ anseo feasta) agus an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú, arna dhéanamh i […] an […] (dá ngairtear ‘an Comhaontú maidir le thráthrialta ranníocaíocht airgeadais’ anseo feasta). Déanfaidh an Comhchoiste an liosta sin a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta le cinneadh chun críocha an Chomhaontaithe.

5.    I gcás nach n-ainmneoidh páirtí eadránaí, ceapfaidh Ardrúnaí na Buanchúirte Eadrána an t-eadránaí sin ón liosta dá dtagraítear i mír 4. In éagmais liosta den sórt sin, déanfaidh Ard-Rúnaí na Buanchúirte Eadrána an t-eadránaí a cheapadh trí chrannchur ó na pearsana aonair a mhol páirtí amháin nó an dá pháirtí go foirmiúil chun críocha mhír 4.


6.    Is daoine ardcháilithe iad na daoine a chomhdhéanann an binse eadrána, bíodh nó ná bíodh ceangail acu leis na páirtithe, a ráthaítear a neamhspleáchas agus a n-easpa coinbhleachtaí leasa, mar aon le raon leathan taithí. Go háirithe, beidh saineolas léirithe acu ar an dlí agus ar na hábhair a chumhdaítear leis an gComhaontú seo; ní ghlacfaidh siad treoracha ó cheachtar páirtí; agus feidhmeoidh siad ina gcáil phearsanta, agus ní ghlacfaidh siad le treoracha ó aon eagraíocht ná aon rialtas maidir le hábhair a bhaineann leis an díospóid. Beidh taithí ag cathaoirleach an bhinse eadrána freisin ar nósanna imeachta um réiteach díospóidí.

AIRTEAGAL II.3

Dearbhuithe eadránaithe

1.    Le linn do dhuine a bheith á mheas lena cheapadh mar eadránaí, tuairisceoidh an duine sin na himthosca uile is dóigh a bheidh ina gcúis le hamhras dlisteanach maidir lena neamhchlaontacht nó lena neamhspleáchas. Ón gceapachán agus le linn na n-imeachtaí eadrána ar fad, tuairisceoidh eadránaí na himthosca sin do na páirtithe agus do na headránaithe eile gan mhoill, mura ndearna an t-eadránaí amhlaidh cheana féin.

2.    Féadfar aon eadránaí a bhriseadh as a phost más ann d’imthosca a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hamhras dlisteanach faoina neamhchlaontacht nó faoina neamhspleáchas.

3.    Ní fhéadfaidh páirtí a iarraidh go mbrisfí eadránaí as a phost ach amháin ar chúis a thagann chun cinn dó tar éis an cheapacháin sin.

4.    Mura ngníomhaíonn eadránaí nó mura féidir le headránaí de jure de facto a ról a chomhlíonadh, beidh feidhm ag an nós imeachta chun eadránaithe a bhriseadh as a bpost a leagtar síos in Airteagal II.4.


AIRTEAGAL II.4

Eadránaithe a bhriseadh as a bpost

1.    Aon pháirtí ar mian leis eadránaí a bhriseadh as a phost, déanfaidh sé iarraidh ar dhífhostú laistigh de 30 lá ón dáta a thugtar fógra dó faoi cheapadh an eadránaí sin nó laistigh de 30 lá ón dáta a thagann sé ar an eolas faoi na himthosca dá dtagraítear in Airteagal II.3.

2.    Seolfar an iarraidh ar dhífhostú chuig an bpáirtí eile, chuig an eadránaí dífhostaithe, chuig na headránaithe eile agus chuig an mBiúró Idirnáisiúnta. Leagfar amach ann na cúiseanna atá leis an iarraidh ar dhífhostú.

3.    Nuair a bheidh iarraidh ar dhífhostú déanta, féadfaidh an páirtí eile glacadh leis an iarraidh ar dhífhostú. Féadfaidh an t-eadránaí i gceist éirí as freisin. Ní thugtar le tuiscint leis an nglacadh nó leis an éirí as go n-aithnítear na cúiseanna atá leis an iarraidh ar dhífhostú.

4.    Más rud é, laistigh de 15 lá ón dáta ar tugadh fógra faoin iarraidh ar dhífhostú, nach nglacfaidh an páirtí eile leis an iarraidh ar dhífhostú nó nach n-éireoidh an t-eadránaí i gceist as, féadfaidh an páirtí a d’iarr an dífhostú a iarraidh ar Ard-Rúnaí na Buanchúirte Eadrána cinneadh a dhéanamh maidir leis an dífhostú.

5.    Mura gcomhaontóidh na páirtithe a mhalairt, léireofar sa chinneadh dá dtagraítear i mír 4 na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin.


AIRTEAGAL II.5

Eadránaí a ionadú

1.    Faoi réir mhír 2 den Airteagal seo, más gá eadránaí a ionadú le linn na n-imeachtaí eadrána, ceapfar nó roghnófar ionadaí i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal II.2 is infheidhme maidir le ceapadh nó roghnú an eadránaí a bheidh le hionadú. Beidh feidhm ag an nós imeachta sin fiú murar fheidhmigh páirtí amháin a cheart chun an t-eadránaí atá le hionadú a cheapadh nó páirt a ghlacadh i gceapadh an eadránaí sin.

2.    I gcás eadránaí a ionadú, atosófar ar an nós imeachta ag an gcéim inar scoir an t-eadránaí ar cuireadh eadránaí eile ina ionad dá fheidhmeanna nó dá feidhmeanna a chomhlíonadh, mura gcinnfidh an binse eadrána a mhalairt.

AIRTEAGAL II.6

Eisiamh dliteanais

Ach amháin i gcásanna éagóra d’aon ghnó nó mórfhaillí, diúltaíonn na páirtithe, a mhéid is féidir a cheadaítear leis an dlí is infheidhme, aon chaingean in aghaidh na n-eadránaithe maidir le haon ghníomh nó neamhghníomh a bhaineann leis an eadráin.


CAIBIDIL III

IMEACHTAÍ EADRÁNA

AIRTEAGAL III.1

Forálacha ginearálta

1.    Is é dáta bunaithe an bhinse eadrána an dáta ar ghlac an t-eadránaí deiridh lena cheapachán nó lena ceapachán.

2.    Áiritheoidh an binse eadrána go gcaithfear go cothrom leis na páirtithe agus, ag céim chuí de na himeachtaí, go mbeidh deis leordhóthanach ag gach ceann acu a gcearta a dhearbhú agus a gcás a chur i láthair. Seolfaidh an binse eadrána na himeachtaí ar shlí a sheachnóidh moilleanna agus caiteachas nach bhfuil gá leis agus a áiritheoidh go socrófar an díospóid idir na páirtithe.

3.    Eagrófar éisteacht, mura gcinnfidh an binse eadrána a mhalairt, tar éis na páirtithe a éisteacht.

4.    Nuair a chuirfidh páirtí teachtaireacht chuig an mbinse eadrána, déanfaidh sé amhlaidh tríd an mBiúró Idirnáisiúnta agus cuirfidh sé cóip chuig an bpáirtí eile an tráth céanna. Seolfaidh an Biúró Idirnáisiúnta cóip den teachtaireacht sin chuig gach duine de na headránaithe.


AIRTEAGAL III.2

Áit eadrána

Is í an Háig an áit eadrána. Féadfaidh an binse eadrána, más gá sin in imthosca eisceachtúla, teacht le chéile in aon áit eile is cuí leis dá phléití.

AIRTEAGAL III.3

Teanga

1.    Is iad an Fhraincis agus an Béarla teangacha na n-imeachtaí.

2.    Féadfaidh an binse eadrána a ordú go mbeidh aistriúchán go ceann de theangacha na n‑imeachtaí ag gabháil leis na doiciméid uile atá i gceangal leis an ráiteas éilimh nó leis an ráiteas cosanta agus leis na doiciméid bhreise uile a tháirgtear le linn na n‑imeachtaí, arna gcur isteach ina dteanga bhunaidh.

AIRTEAGAL III.4

Ráiteas éilimh

1.    Seolfaidh an t-iarratasóir a ráiteas éilimh i scríbhinn chuig an gcosantóir agus chuig an mbinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta, laistigh den teorainn ama arna socrú ag an mbinse eadrána. Féadfaidh an t-iarratasóir a chinneadh a fhógra eadrána dá dtagraítear in Airteagal I.4 a mheas mar ráiteas éilimh, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na coinníollacha i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo freisin.


2.    Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa ráiteas éilimh:

(a)    an fhaisnéis a leagtar amach i bpointí (b) go (f) d’Airteagal I.4(3);

(b)    ráiteas fíoras a cuireadh isteach mar thaca leis an éileamh; agus

(c)    na hargóintí dlíthiúla a cuireadh chun cinn mar thaca leis an éileamh.

3.    Beidh ag gabháil leis an ráiteas éilimh, a mhéid is féidir, aon doiciméad agus aon fhianaise eile a bheidh luaite ag an iarratasóir nó ba cheart tagairt a dhéanamh dóibh ann.

AIRTEAGAL III.5

Ráiteas cosanta

1.    Seolfaidh an cosantóir an ráiteas cosanta i scríbhinn chuig an iarratasóir agus chuig an mbinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta, laistigh den teorainn ama arna socrú ag an mbinse eadrána. Féadfaidh an cosantóir a chinneadh an freagra ar an bhfógra eadrána dá dtagraítear in Airteagal I.5 a mheas mar ráiteas cosanta, ar choinníoll go gcomhlíonann an freagra ar an bhfógra eadrána na coinníollacha i mír 2 den Airteagal seo freisin.

2.    Freagróidh an ráiteas cosanta do na pointí sa ráiteas éilimh a shonraítear i gcomhréir le pointí (a) go (c) d’Airteagal III.4(2) den Phrótacal seo. Beidh ag gabháil leis, a mhéid is féidir, aon doiciméad agus aon fhianaise eile a bheidh luaite ag an gcosantóir nó ba cheart tagairt a dhéanamh dóibh ann.


3.    Sa ráiteas cosanta, nó ag céim níos déanaí sna himeachtaí eadrána má chinneann an binse eadrána go bhfuil údar le moill de bharr imthosca, féadfaidh an cosantóir frithéileamh a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil dlínse ag an mbinse eadrána ina leith.

4.    Beidh feidhm ag Airteagal III.4(2) agus (3) maidir le frithéileamh.

AIRTEAGAL III.6

Dlínse eadrána

1.    Rialóidh an binse eadrána an bhfuil dlínse aige ar bhonn Airteagail 16(2) nó 17(2) den Chomhaontú.

2.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 16(2) den Chomhaontú, beidh sainordú ag an mbinse eadrána scrúdú a dhéanamh ar an gceist is cúis leis an díospóid mar a cuireadh isteach go hoifigiúil, lena réiteach, ar chlár oibre an Chomhchoiste i gcomhréir le hAirteagal 16(1) den Chomhaontú.

3.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 17(2) den Chomhaontú, beidh sainordú ag an mbinse eadrána a d’éist leis an bpríomhchás scrúdú a dhéanamh ar chomhréireacht na mbeart cúiteach atá faoi dhíospóid, lena n-áirítear i gcás ina ndearnadh na bearta sin go hiomlán nó go páirteach in aon chomhaontú déthaobhach atá mar chuid de Liosta na gComhaontuithe a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 3 den Chomhaontú.


4.    Déanfar réamhagóid maidir le heaspa dlínse an bhinse eadrána ar a dhéanaí sa ráiteas cosanta nó, i gcás frithéilimh, sa fhreagra. Má tá páirtí tar éis eadránaí a cheapadh nó má ghlac sé páirt ina cheapachán, ní bhainfear an ceart de réamhagóid den sórt sin a dhéanamh. Déanfar an réamhagóid go rachadh an díospóid thar chumhachtaí an bhinse eadrána a luaithe a tharraingeofar an cheist anuas a líomhnaítear a théann thar a cumhachtaí le linn na n-imeachtaí eadrána. In aon chás, féadfaidh an binse eadrána réamhagóid a cheadú a dhéanfar tar éis don teorainn ama atá leagtha síos dul in éag má chreideann sé go raibh cúis bhailí leis an moill.

5.    Féadfaidh an binse eadrána rialú a thabhairt ar an réamhagóid dá dtagraítear i mír 4 trí dhéileáil léi mar réamhcheist nó sa chinneadh ar shubstaint an cháis.

AIRTEAGAL III.7

Aighneachtaí eile i scríbhinn

Déanfaidh an binse eadrána, tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe, breith a thabhairt ar na haighneachtaí eile i scríbhinn, i dteannta an ráitis éilimh agus an ráitis cosanta, a dhéanfaidh nó a fhéadfaidh na páirtithe a chur isteach agus socróidh sé an teorainn ama lena gcur isteach.


AIRTEAGAL III.8

Teorainneacha ama

1.    Ní rachaidh na teorainneacha ama arna socrú ag an mbinse eadrána chun na doiciméid i scríbhinn a chur in iúl, lena n-áirítear an ráiteas éilimh agus an ráiteas cosanta, thar 90 lá, mura gcomhaontóidh na páirtithe a mhalairt.

2.    Déanfaidh an binse eadrána a chinneadh críochnaitheach laistigh de 12 mhí ó dháta a bhunaithe. In imthosca eisceachtúla a bhfuil deacracht ar leith ag baint leo, féadfaidh an binse eadrána síneadh suas le 3 mhí bhreise a chur leis an tréimhse sin.

3.    Déanfar na teorainneacha ama a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 a laghdú faoina leath:

(a)    arna iarraidh sin don iarratasóir nó don chosantóir, más rud é, laistigh de 30 lá tar éis an iarraidh sin a fháil, go rialaíonn an binse eadrána, tar éis an páirtí eile a éisteacht, go bhfuil práinn leis an gcás;

(b)    sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 4(2) agus in Airteagal 18(6) den Chomhaontú;

(c)    sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 5(6) agus Airteagal 18(7) den Chomhaontú, i gcás nach bhfuil aon chomhaontú tírshonrach tugtha i gcrích ag an Eilvéis; nó

(d)    má chomhaontaíonn na páirtithe amhlaidh.


4.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 17(2) den Chomhaontú, déanfaidh an binse eadrána a chinneadh críochnaitheach laistigh de 6 mhí ón dáta ar tugadh fógra faoi na bearta cúiteacha i gcomhréir le hAirteagal 17(1) den Chomhaontú.

AIRTEAGAL III.9

Bearta idirlinne

1.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 17(2) den Chomhaontú, féadfaidh ceachtar páirtí, ag aon chéim den nós imeachta eadrána, iarratas a dhéanamh ar bhearta eatramhacha arb é atá iontu na bearta cúiteacha a chur ar fionraí.

2.    Sonrófar in iarratas de bhun mhír 1 ábhar na n-imeachtaí, na himthosca is cúis le práinn agus na saincheisteanna fíorais agus dlí lena mbunaítear cás prima facie le haghaidh na mbeart eatramhach arna n-iarraidh. Beidh ann an fhianaise agus na tairiscintí fianaise uile atá ar fáil chun údar a thabhairt le deonú na mbeart eatramhach.

3.    Déanfaidh an páirtí a iarrann na bearta eatramhacha a iarratas a sheoladh i scríbhinn chuig an bpáirtí eile agus chuig an mbinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta. Socróidh an binse eadrána teorainn ama ghearr ar laistigh di a fhéadfaidh an páirtí eile sin barúlacha i scríbhinn nó ó bhéal a chur isteach.


4.    Glacfaidh an binse eadrána, laistigh de 1 mhí amháin tar éis an t-iarratas dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach, cinneadh maidir leis na bearta cúiteacha atá á gconspóid a chur ar fionraí má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)    gur deimhin leis an mbinse eadrána prima facie fiúntas an cháis arna chur isteach ag an bpáirtí a d’iarr na bearta eatramhacha ina iarratas;

(b)    go measann an binse eadrána, ar feitheamh a chinnidh chríochnaithigh, go ndéanfaí díobháil thromchúiseach dholeasaithe don pháirtí a iarrann na bearta eatramhacha in éagmais na mbeart cúiteach a chur ar fionraí; agus

(c)    gur mó an díobháil a rinneadh don pháirtí a d’iarr na bearta eatramhacha trí na bearta cúiteacha atá faoi chonspóid a chur i bhfeidhm láithreach ná an leas i gcur i bhfeidhm láithreach agus éifeachtach na mbeart sin.

5.    Ní bheidh ach éifeacht eatramhach ag cinneadh a ghlacfaidh an binse eadrána de réir mhír 4 agus beidh sé gan dochar do chinneadh an bhinse eadrána ar shubstaint an cháis.

6.    Mura rud é go socrófar leis an gcinneadh arna ghlacadh ag an mbinse eadrána i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo dáta is luaithe le haghaidh dheireadh na fionraí, rachaidh an fhionraí in éag nuair a ghlacfar an cinneadh críochnaitheach de bhun Airteagal 17(2) den Chomhaontú.


7.    Chun amhras a sheachaint, chun críocha an Airteagail seo, tuigtear, le linn don bhinse eadrána leasanna an pháirtí a iarrann na bearta eatramhacha agus an pháirtí eile a bhreithniú, go gcuirfidh sé san áireamh leasanna daoine aonair agus oibreoirí eacnamaíocha na bpáirtithe, ach nach é an toradh a bheidh orthu siúd a chur san áireamh aon seasamh a dheonú do dhaoine aonair nó d’oibreoirí eacnamaíocha den sórt sin os comhair an bhinse eadrána.

AIRTEAGAL III.10

Fianaise

1.    Soláthróidh gach páirtí fianaise ar na fíorais arb iad forais a éilimh nó a chosanta iad.

2.    Ar iarraidh ó pháirtí, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an binse eadrána faisnéis ábhartha a mheasann sé a bheith riachtanach agus iomchuí a lorg ó na Páirtithe. Socróidh an binse eadrána teorainn ama do na páirtithe chun freagra a thabhairt ar a iarraidh.

3.    Ar iarraidh ó pháirtí, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an binse eadrána aon fhaisnéis is iomchuí leis a lorg ó aon fhoinse. Tá sé de cheart ag an mbinse eadrána freisin tuairim saineolaithe a lorg de réir mar is iomchuí leis agus faoi réir téarmaí agus coinníollacha a chomhaontóidh na páirtithe, i gcás inarb infheidhme.

4.    Aon fhaisnéis a gheobhaidh binse eadrána faoin Airteagal seo cuirfear ar fáil í do na páirtithe agus féadfaidh na páirtithe tuairimí faoin bhfaisnéis sin a chur faoi bhráid an bhinse eadrána.


5.    Tar éis don bhinse eadrána tuairimí an pháirtí eile a lorg, glacfaidh sé bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar aon cheist a tharraingeoidh páirtí anuas maidir le cosaint sonraí pearsanta, rúndacht ghairmiúil agus leasanna dlisteanacha rúndachta.

6.    Is é an binse eadrána a thabharfaidh breithiúnas ar inghlacthacht, ábharthacht agus neart na fianaise a tíolacadh.

AIRTEAGAL III.11

Éisteachtaí

1.    Nuair nach mór éisteacht a bheith ann, déanfaidh an binse eadrána, tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe, fógra a thabhairt do na páirtithe fada go leor roimh dháta, am agus áit na héisteachta.

2.    Is go poiblí a éistfear cásanna mura ndéanfaidh an binse eadrána, uaithi féin nó ar iarratas ó na páirtithe, a mhalairt a chinneadh ar chúiseanna troma.

3.    Déanfaidh cathaoirleach an bhinse eadrána miontuairiscí gach éisteachta a tharraingt suas agus a shíniú. Is iad na miontuairiscí sin amháin a bheidh barántúil.

4.    Féadfaidh an binse eadrána cinneadh a dhéanamh an éisteacht a thionól go fíorúil de réir chleachtas an Bhiúró Idirnáisiúnta. Cuirfear na páirtithe ar an eolas faoin gcleachtas sin go tráthúil. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag mír 1, mutatis mutandis, agus ag mír 3.


AIRTEAGAL III.12

Réamhshocrú

1.    Más rud é, laistigh den teorainn ama a leagtar síos leis an bPrótacal seo nó ag an mbinse eadrána, nach mbeidh a ráiteas éilimh curtha isteach ag an iarratasóir, gan cúis leordhóthanach a thaispeáint, ordóidh an binse eadrána go gcuirfear clabhsúr leis na himeachtaí eadrána, mura mbeidh ceisteanna gan réiteach ann a bhféadfadh gá a bheith le rialú ina leith agus más cuí leis an mbinse eadrána déanamh amhlaidh.

Más rud é, laistigh den teorainn ama a leagtar síos leis an bPrótacal seo nó ag an mbinse eadrána, gan cúis leordhóthanach a thaispeáint, nach mbeidh a fhreagra ar an bhfógra eadrána nó ar a ráiteas cosanta curtha isteach ag an gcosantóir, ordóidh an binse eadrána go leanfar de na himeachtaí, gan a mheas gurb ionann an mhainneachtain féin agus glacadh líomhaintí an iarratasóra.

Tá feidhm ag an dara fomhír freisin i gcás nach gcuireann an t-iarratasóir freagra ar fhrithéileamh isteach.

2.    Mura dtiocfaidh páirtí, a chomórfar go cuí i gcomhréir le hAirteagal III.11(1), i láthair ag éisteacht agus mura léireoidh sé cúis leordhóthanach gan déanamh amhlaidh, féadfaidh an binse eadrána leanúint den eadráin.

3.    Páirtí ar iarr an binse eadrána air go cuí tuilleadh fianaise a thabhairt ar aird, mura ndéanfaidh sé amhlaidh laistigh de na teorainneacha ama a shocraítear gan cúis leordhóthanach a thaispeáint gan déanamh amhlaidh, féadfaidh an binse eadrána rialú a thabhairt ar bhonn na fianaise a bheidh ar fáil aige.


AIRTEAGAL III.13

Dúnadh an nós imeachta

1.    I gcás ina léirítear go raibh deis réasúnach ag na páirtithe a n-argóintí a chur i láthair, féadfaidh an binse eadrána dúnadh na n-imeachtaí a dhearbhú.

2.    Féadfaidh an binse eadrána, má mheasann sé gur gá sin mar gheall ar imthosca eisceachtúla, cinneadh a dhéanamh ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó pháirtí na himeachtaí a athoscailt tráth ar bith sula mbeidh a chinneadh déanta aige.

CAIBIDIL IV

CINNEADH

AIRTEAGAL IV.1

Cinntí

Féachfaidh an binse eadrána lena chinntí a dhéanamh de chomhthoil. Más rud é, áfach, nach féidir cinneadh a dhéanamh de chomhthoil, is é tromlach na n-eadránaithe a dhéanfaidh cinneadh an bhinse eadrána.


AIRTEAGAL IV.2

Foirm agus éifeacht chinneadh an bhinse eadrána

1.    Féadfaidh an binse eadrána cinntí ar leithligh a dhéanamh ar cheisteanna éagsúla ag tráthanna éagsúla.

2.    Eiseofar gach cinneadh i scríbhinn agus luafar iontu na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe. Beidh siad críochnaitheach agus ina gceangal ar na páirtithe.

3.    Síneoidh na headránaithe cinneadh an bhinse eadrána , beidh ann an dáta a rinneadh é agus luafar ann an áit eadrána. Cuirfidh an Biúró Idirnáisiúnta cóip den chinneadh arna shíniú ag na headránaithe in iúl do na páirtithe.

4.    Déanfaidh an Biúró Idirnáisiúnta cinneadh an bhinse eadrána a phoibliú.

Le linn don Bhiúró Idirnáisiúnta cinneadh an bhinse eadrána a phoibliú, urramóidh sé na rialacha ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta, rúndacht ghairmiúil agus leasanna dlisteanacha rúndachta.

Beidh na rialacha dá dtagraítear sa dara fomhír comhionann le haghaidh na gcomhaontuithe déthaobhacha uile i réimsí an mhargaidh inmheánaigh ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach agus le haghaidh an Chomhaontaithe maidir le sláinte, an Chomhaontaithe maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta agus an Chomhaontaithe maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise. Déanfaidh an Comhchoiste na rialacha sin a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta le cinneadh chun críocha an Chomhaontaithe.

5.    Comhlíonfaidh na páirtithe cinntí uile an bhinse eadrána gan mhoill.


6.    Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 16(2) den Chomhaontú, tar éis don bhinse eadrána tuairim na bpáirtithe a fháil, socróidh sé teorainn ama réasúnach sa chinneadh maidir le substaint an cháis chun a chinneadh a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 16(5) den Chomhaontú agus nósanna imeachta inmheánacha na bpáirtithe á gcur san áireamh.

AIRTEAGAL IV.3

An dlí is infheidhme, rialacha maidir le léiriú, idirghabhálaí

1.    Is éard atá sa dlí is infheidhme an Comhaontú chomh maith le rialacha agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta is infheidhme idir na páirtithe maidir le léiriú conarthaí.

2.    Cinntí roimh ré arna nglacadh ag comhlacht um réiteach díospóidí maidir le comhréireacht beart cúiteach faoi chomhaontú déthaobhach eile i measc na gcinntí sin dá dtagraítear in Airteagal 17(1) den Chomhaontú, beidh siad ina gceangal ar an mbinse eadrána.

3.    Ní cheadófar don bhinse eadrána cinneadh a dhéanamh mar idirghabhálaí ná ex aequo et bono.


AIRTEAGAL IV.4

Réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach nó cúiseanna eile chun an nós imeachta a dhúnadh

1.    Féadfaidh na páirtithe, tráth ar bith, réiteach ar a ndíospóid a chomhaontú go frithpháirteach. Cuirfidh siad aon réiteach den sórt sin in iúl go comhpháirteach don bhinse eadrána. Má éilítear formheas leis an réiteach de bhun nósanna imeachta intíre ábhartha ceachtar páirtí, déanfar tagairt san fhógra don cheanglas sin, agus cuirfear an nós imeachta eadrána ar fionraí. Mura gá formheas den sórt sin, nó nuair a bheidh fógra tugtha faoi thabhairt chun críche aon nós imeachta intíre den sórt sin, déanfar an nós imeachta eadrána a dhúnadh.

2.    Más rud é, le linn imeachtaí, go gcuirfidh an t-iarratasóir in iúl i scríbhinn don bhinse eadrána nach mian leis na himeachtaí a shaothrú tuilleadh, agus más rud é, ar an dáta a gheobhaidh an binse eadrána an chumarsáid sin, nach bhfuil aon bheart déanta fós ag an gcosantóir sna himeachtaí, eiseoidh an binse eadrána ordú ina dtaifeadfar go hoifigiúil clabhsúr na n-imeachtaí. Déanfaidh an binse eadrána cinneadh maidir leis na costais, a íocfaidh an t-iarratasóir, má dhealraíonn sé go bhfuil údar leis sin de bharr iompar an pháirtí sin.

3.    Más rud é, sula ndéantar cinneadh an bhinse eadrána, go dtagann an binse eadrána ar an gconclúid go bhfuil sé gan chiall nó dodhéanta leanúint de na himeachtaí ar aon chúis seachas na cúiseanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, cuirfidh an binse eadrána in iúl do na páirtithe go bhfuil sé ar intinn aige ordú a eisiúint lena gcuirfear clabhsúr leis na himeachtaí.

Níl feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina bhfuil ceisteanna gan réiteach ann ar féidir gur gá rialú ina leith agus más cuí leis an mbinse eadrána déanamh amhlaidh.


4.    Cuirfidh an binse eadrána in iúl do na páirtithe cóip den ordú lena gcuirtear clabhsúr leis na himeachtaí eadrána nó den chinneadh a rinneadh trí chomhaontú idir na páirtithe, agus í sínithe ag na headránaithe. Beidh feidhm ag Airteagal IV.2(2) go (5) maidir le cinntí eadrána a ghlacfar trí chomhaontú idir na páirtithe.

AIRTEAGAL IV.5

Cinneadh an bhinse eadrána a cheartú

1.    Laistigh de 30 lá tar éis cinneadh an bhinse eadrána a fháil, féadfaidh páirtí, trí fhógra a thabhairt don pháirtí eile agus don bhinse eadrána tríd an mBiúró Idirnáisiúnta, a iarraidh ar an mbinse eadrána aon earráid sa ríomh, aon earráid chléireachais nó chló, nó aon earráid nó easnamh dá samhail a cheartú i dtéacs chinneadh an bhinse eadrána. I gcás ina measfaidh sé go bhfuil údar cuí leis an iarraidh, déanfaidh an binse eadrána an ceartú laistigh de 45 lá tar éis dó an iarraidh a fháil. Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag an iarraidh ar an teorainn ama dá bhforáiltear in Airteagal IV.2(6).

2.    Féadfaidh an binse eadrána, laistigh de 30 lá tar éis dó a chinneadh a chur in iúl, na ceartúcháin dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh ar a thionscnamh féin.

3.    Déanfar na ceartúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i scríbhinn agus beidh siad ina gcuid dhílis den chinneadh. Beidh feidhm ag Airteagal IV.2(2) go (5).


AIRTEAGAL IV.6

Táillí eadránaithe

1.    Beidh na táillí dá dtagraítear in Airteagal IV.7 réasúnta, agus castacht an cháis, an t-am a chaitheann na headránaithe air agus na cúinsí ábhartha eile go léir á gcur san áireamh.

2.    Déanfar liosta de chúiteamh laethúil agus de na huaireanta uasta agus íosta, a bheidh i gcoiteann ag gach comhaontú déthaobhach sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach chomh maith leis an gComhaontú maidir le sláinte, an Comhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta agus an Comhaontú maidir le ranníocaíocht thráthrialta airgeadais na hEilvéise, a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta nuair is gá. Déanfaidh an Comhchoiste an liosta sin a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta le cinneadh chun críocha an Chomhaontaithe.

AIRTEAGAL IV.7

Costais

1.    Iompróidh gach páirtí a chostais féin agus leath de chostais an bhinse eadrána.

2.    Socróidh an binse eadrána a chostais ina chinneadh ar shubstaint an cháis. Ní áireofar ar na costais sin ach an méid seo a leanas:

(a)    táillí na n-eadránaithe, a luafar ar leithligh le haghaidh gach eadránaí agus a shocróidh an binse eadrána féin i gcomhréir le hAirteagal IV.6;


(b)    na costais taistil agus costais eile arna dtabhú ag na headránaithe; agus

(c)    táillí agus costais an Bhiúró Idirnáisiúnta.

3.    Beidh na costais dá dtagraítear i mír 2 réasúnach, agus an méid atá faoi dhíospóid, castacht na díospóide, an t-am a chaith na headránaithe agus aon saineolaí arna cheapadh ag an mbinse eadrána uirthi agus aon toisc ábhartha eile á gcur san áireamh.

AIRTEAGAL IV.8

Costais a thaisceadh

1.    Ag tús na headrána, féadfaidh an Biúró Idirnáisiúnta a iarraidh ar na páirtithe méid comhionann a thaisceadh mar réamhíocaíocht le haghaidh na gcostas dá dtagraítear in Airteagal IV.7(2).

2.    Le linn na n-imeachtaí eadrána, féadfaidh an Biúró Idirnáisiúnta taiscí atá forlíontach leo siúd dá dtagraítear i mír 1 a iarraidh ar na páirtithe.

3.    Déanfar na méideanna uile arna dtaisceadh ag na páirtithe i gcur i bhfeidhm an Airteagail seo a íoc leis an mBiúró Idirnáisiúnta agus íocfaidh sé amach iad chun na costais a tabhaíodh iarbhír a chumhdach, lena n-áirítear, go háirithe, na táillí arna n-íoc leis na headránaithe agus leis an mBiúró Idirnáisiúnta.


CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

AIRTEAGAL V.1

Leasuithe

Féadfaidh an Comhchoiste, le cinneadh, leasuithe ar an bPrótacal seo a ghlacadh.


An Bhruiséil,13.6.2025

COM(2025) 308 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, pacáiste leathain comhaontuithe chun an caidreamh déthaobhach le Cónaidhm na hEilvéise a chomhdhlúthú, a dhoimhniú agus a leathnú, agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis


COMHAONTÚ
IDIR AN tAONTAS EORPACH

AGUS CÓNAIDHM NA hEILVÉISE

MAIDIR LEIS NA TÉARMAÍ AGUS NA COINNÍOLLACHA

A BHAINEANN LE RANNPHÁIRTÍOCHT CHÓNAIDHM NA hEILVÉISE

I nGNÍOMHAIREACHT AN AONTAIS EORPAIGH UM AN gCLÁR SPÁIS

TÁ AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta, de pháirt,

agus

CÓNAIDHM NA hEILVÉISE, dár ngairtear ‘an Eilvéis’ anseo feasta, den pháirt eile,

dá ngairtear ‘na Páirtithe Conarthacha’ anseo feasta,

AG FÉACHAINT DO Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (dá ngairtear an Rialachán anseo feasta),

ÓS RUD É, de bhun Airteagal 98 den Rialachán, gur cheart Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (dá ngairtear ‘an Ghníomhaireacht’ anseo feasta) a bheith oscailte do rannpháirtíocht tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta agus gur cheart, dá bhrí sin, an rannpháirtíocht sin agus na coinníollacha a bhunú i gcomhaontú arna thabhairt i gcrích chuige sin leis an Aontas Eorpach,


AG AITHINT DÓIBH go bhfuil an Eilvéis rannpháirteach agus go rannchuidíonn sí le cláir an Chórais Eorpaigh um Loingseoireacht Satailíte Dhomhanda (dá ngairtear ‘GNSS’ anseo feasta) de bhun an Chomhaontaithe Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir leis na Cláir Eorpacha um Loingseoireacht Satailíte, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 18 Nollaig 2013 (dá ngairtear an ‘Comhaontú Comhair’ anseo feasta) a bhfuil feidhm shealadach aige ón 1 Eanáir 2014,

AG MEABHRÚ DÓIBH go luaitear in Airteagal 16 den Chomhaontú Comhair gur cheart an ceart a bheith ag an Eilvéis a bheith rannpháirteach sa Ghníomhaireacht faoi na coinníollacha a leagfar síos i gComhaontú idir an tAontas agus an Eilvéis,

AG AITHINT DÓIBH go bhfuil comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas agus ag an Eilvéis maidir leis na nósanna imeachta slándála chun faisnéis rúnaicmithe a mhalartú, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 28 Aibreán 2008,

I bhFIANAISE iarraidh na hEilvéise ar rannpháirtíocht in obair na Gníomhaireachta,

I bhFIANAISE an leasa choitinn a bhaineann le rannpháirtíocht na hEilvéise in obair na Gníomhaireachta,

ÓS MIAN LEO an dlúthchomhar idir an tAontas agus an Eilvéis i réimse na loingseoireachta satailíte a threisiú,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:


AIRTEAGAL 1

Méid na rannpháirtíochta

1.    Glacfaidh an Eilvéis páirt in obair na Gníomhaireachta agus rannchuideoidh sí le hobair na Gníomhaireachta i ndáil le comhpháirteanna Galileo agus EGNOS de Chlár Spáis an Aontais, i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán, sa Chomhaontú Comhair agus sa Chomhaontú seo.

2.    Glacfaidh an Eilvéis páirt in obair na Gníomhaireachta agus rannchuideoidh sí le hobair na Gníomhaireachta i ndáil le comhpháirteanna eile de Chlár Spáis an Aontais má dhéanann an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gcláir an Aontais (dá ngairtear an Comhaontú maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise i gcláir an Aontais anseo feasta), arna dhéanamh i/in/sa/san ... an …, foráil maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise sna comhpháirteanna sin den chlár sin agus maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise in obair na Gníomhaireachta i ndáil leis na comhpháirteanna sin, i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán, sa Chomhaontú maidir le rannpháirtíocht i gcláir an Aontais agus sa Chomhaontú seo.

AIRTEAGAL 2

An Bord Riaracháin

Glacfaidh ionadaí amháin ón Eilvéis páirt mar bhreathnóir ar Bhord Riaracháin na Gníomhaireachta ach ní bheidh ceart vótála aige agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i Rialacha Nós Imeachta an Bhoird Riaracháin.


AIRTEAGAL 3

An Bord Creidiúna Slándála

Glacfaidh ionadaí amháin ón Eilvéis páirt mar bhreathnóir ar an mBord um Chreidiúnú Slándála, maidir le hábhair a bhaineann go díreach leis an Eilvéis amháin, gan ceart vótála a bheith aige agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i Rialacha Nós Imeachta an Bhoird um Chreidiúnú Slándála. Na hábhair a bhaineann go díreach leis an Eilvéis, sonrófar iad sa chlár oibre a tharraingeoidh Cathaoirleach an Bhoird um Chreidiúnú Slándála suas roimh gach cruinniú agus a chuirfear in iúl don Eilvéis roimh an gcruinniú.

AIRTEAGAL 4

Rannchuidiú airgeadais

Ranníocfaidh an Eilvéis suim bhliantúil le hioncam na Gníomhaireachta arna ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a thuairiscítear in Iarscríbhinn I.


AIRTEAGAL 5

Cosaint sonraí

1.    Cuirfidh an Eilvéis i bhfeidhm a rialacha náisiúnta maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin 2 .

2.    Chun críoch an Chomhaontaithe seo, beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann an Ghníomhaireacht.

3.    Urramóidh an Eilvéis na rialacha maidir le rúndacht doiciméad atá i seilbh na Gníomhaireachta, mar a leagtar amach i Rialacha Nós Imeachta an Bhoird Riaracháin agus Bhord um Chreidiúnú Slándála na Gníomhaireachta iad


AIRTEAGAL 6

Stádas dlíthiúil

Aithníonn an Eilvéis pearsantacht dhlítheanach na Gníomhaireachta. Is san Eilvéis a bheidh an

inniúlacht dhlítheanach fhairsing is mó a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoi dhlí na hEilvéise aici. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus réadmhaoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sé a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.

AIRTEAGAL 7

Dliteanas

Beidh dliteanas na Gníomhaireachta faoi rialú ag Airteagal 97(1), (3) agus (5) den Rialachán.

AIRTEAGAL 8

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Tabharfaidh an Eilvéis aitheantas do dhlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar an nGníomhaireacht, mar a fhoráiltear in Airteagal 97 (2) agus (4) den Rialachán.


AIRTEAGAL 9

Pribhléidí agus díolúintí

Deonóidh an Eilvéis don Ghníomhaireacht agus dá foireann, faoi chuimsiú a bhfeidhmeanna oifigiúla don Ghníomhaireacht, na pribhléidí agus na díolúintí dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II, atá bunaithe ar Airteagail 1 go 6, 10 go 15, agus 17 agus 18 den Phrótacal (Uimh. 7) ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘Prótacal (Uimh. 7)’ anseo feasta). Léirítear tagairtí do na hairteagail chomhfhreagracha den Phrótacal sin idir lúibíní mar eolas.

AIRTEAGAL 10

Foireann shealadach agus oifigigh agus saineolaithe ar iasacht

De mhaolú ar Airteagal 12(2)(a) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, atá leagtha síos i Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile de chuid Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach 4 , féadfaidh an Ghníomhaireacht, má chinneann sí amhlaidh, náisiúnaigh Eilvéiseacha ar conradh a bhfuil a gcearta iomlána acu mar shaoránaigh a fhostú. Féadfaidh an Ghníomhaireacht glacadh le saineolaithe ar iasacht ón Eilvéis.


AIRTEAGAL 11

Cosc ar chalaois

Leagtar amach in Iarscríbhinn III na forálacha maidir le hAirteagal 95 den Rialachán a bhaineann le rialú airgeadais ag an Aontas san Eilvéis maidir le rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta.

AIRTEAGAL 12

An coiste

1.    Déanfaidh Coiste, ar ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach agus ón Eilvéis a bheidh air, faireachán ar chur chun feidhme cuí an Chomhaontaithe seo agus áiritheoidh sé próiseas leanúnach maidir le soláthar faisnéise agus malartú tuairimí ina leith sin. Tiocfaidh sé le chéile arna iarraidh sin don Eilvéis nó don Choimisiún Eorpach. Cuirfear Bord Riaracháin na Gníomhaireachta ar an eolas faoi obair an Choiste.

Féadfaidh ionadaithe ón nGníomhaireacht a bheith in éineacht le hionadaithe an Choimisiúin Eorpaigh.

2.    Reachtaíocht atá á beartú de chuid an Aontais, a dhéanann difear díreach don Rialachán nó a leasaíonn é nó a meastar go mbeidh impleachtaí aici maidir leis an ranníocaíocht airgeadais a leagtar síos in Airteagal 4 den Chomhaontú seo, déanfar faisnéis faoin reachtaíocht sin a chomhroinnt agus déanfar malartú tuairimí ina leith sa Choiste.


3.    I gcomhréir le nósanna imeachta inmheánacha na bPáirtithe Conarthacha faoi seach, féadfaidh an Coiste cinneadh a ghlacadh lena leasófar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú seo.

4.    I gcás leasú ar Airteagail 1 go 6, Airteagail 10 go 15, nó Airteagail 17 nó 18 den Phrótacal (Uimh. 7), leasóidh an Coiste Iarscríbhinn II dá réir sin.

AIRTEAGAL 13

Díospóidí a réiteach

Déanfar aon díospóid a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a réiteach trí chomhairliúcháin laistigh den Choiste dá dtagraítear in Airteagal 12.

AIRTEAGAL 14

Iarscríbhinní

Cuid dhílis den Chomhaontú seo a bheidh sna hIarscríbhinní a ghabhann leis.


AIRTEAGAL 15

Teacht i bhfeidhm

1.    Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha an Comhaontú seo a dhaingniú nó a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Tabharfaidh gach Páirtí Conarthach fógra don Pháirtí Conarthach eile faoi chur i gcrích na nósanna imeachta inmheánacha is gá do theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

2.    Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an fhógra dheireanaigh maidir leis na hionstraimí seo a leanas:

(a)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

(b)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine;

(c)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(d)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;

(e)    Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar;


(f)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí diarnród agus de bhóthar;

(g)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí diarnród agus de bhóthar;

(h)    Prótacal maidir le Státchabhair a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí diarnród agus de bhóthar;

(i)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta;

(j)    Prótacal Institiúideach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(k)    Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta;

(l)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht tráthrialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú;

(m)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gcláir de chuid an Aontais.


3.    Dainneoin mhír 1, comhaontaíonn na Páirtithe Conarthacha an Comhaontú seo a chur i bhfeidhm go sealadach, i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha agus lena reachtaíocht inmheánach féin, ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, más rud é go mbeidh dáta sínithe an Chomhaontaithe seo roimh an 1 Iúil 2026, nó ón 1 Eanáir den bhliain tar éis a shínithe, más tar éis an 30 Meitheamh 2026 a shíneofar an Comhaontú seo.

AIRTEAGAL 16

Athbhreithniú

Féadfar an Comhaontú seo a leasú tráth ar bith trí chomhaontú frithpháirteach na bPáirtithe Conarthacha.

AIRTEAGAL 17

Foirceannadh agus bailíocht

1.    Tabharfar an Comhaontú seo i gcrích go ceann tréimhse gan teorainn.

2.    Féadfaidh gach Páirtí Conarthach, tar éis comhairliúcháin laistigh den Choiste dá dtagraítear in Airteagal 12, an Comhaontú seo a fhoirceannadh trí fhógra a thabhairt don Pháirtí Conarthach eile. Scoirfidh an Comhaontú dfheidhm a bheith aige 6 mhí tar éis dháta fála an fhógra sin.


3.    Scoirfidh an Comhaontú seo de bheith i bhfeidhm an dáta a scoirfidh an Comhaontú Comhair de bheith i bhfeidhm, agus ní dhéantar foráil i bPrótacal a ghabhann leis an gComhaontú maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise i gcláir an Aontais maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise sa Ghníomhaireacht.

Arna dhéanamh [i/in/sa/san …], an […], i ndúblach, sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus tá gach téacs díobh barántúil.

Á FHIANÚ SIN, chuir na daoine thíos-sínithe, agus údar cuí acu chuige sin, a lámh leis an gComhaontú seo.

(Bloc na sínithe, amhail an méid seo a leanas, i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais: ‘Thar ceann an Aontais Eorpaigh’ agus ‘Thar ceann Chónaidhm na hEilvéise’)

IARSCRÍBHINN I

RANNÍOCAÍOCHT AIRGEADAIS NA hEILVÉISE
CHUIG GNÍOMHAIREACHT AN AONTAIS EORPAIGH UM AN gCLÁR SPÁIS

1.    Beidh ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise le hioncam na Gníomhaireachta le haghaidh bhliain N, dá dtagraítear sa Rialachán, i bhfoirm shuim na méideanna seo a leanas:

(a)    ranníocaíocht oibríochtúil; agus

(b)    táille rannpháirtíochta.

Beidh an ranníocaíocht oibríochtúil bunaithe ar threoir ranníoca arna sainiú mar an cóimheas idir olltáirgeacht intíre (dá ngairtear ‘OTI’ anseo feasta) na hEilvéise ag praghsanna an mhargaidh agus OTI an Aontais ag praghsanna an mhargaidh. Chun na críche sin, is iad na figiúirí is déanaí a bheidh ar fáil ón 1 Eanáir den bhliain ina ndéantar an íocaíocht bhliantúil de réir mar a sholáthróidh Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh (EUROSTAT) iad na figiúirí a úsáidfear le haghaidh OTI ag margadhphraghsanna na bPáirtithe Conarthacha, agus aird chuí á tabhairt ar an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar i réimse an staidrimh, arna dhéanamh i Lucsamburg an 26 Deireadh Fómhair 2004. Má scoireann an Comhaontú sin d’fheidhm a bheith aige, is é an figiúr a ghlacfar mar OTI na hEilvéise an figiúr a bhunófar ar bhonn na faisnéise arna cur ar fáil ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE).


Ríomhfar an ranníocaíocht oibríochtúil tríd an treoir ranníoca a chur i bhfeidhm maidir leis na codanna de bhuiséad údaraithe na Gníomhaireachta atá ábhartha do rannpháirtíocht na hEilvéise, dá dtagraítear sa Rialachán, le haghaidh bhliain N.

Is éard a bheidh sa táille rannpháirtíochta bhliantúil céatadán den ranníocaíocht oibríochtúil bhliantúil arna ríomh i gcomhréir leis an bhfomhír roimhe seo. Beidh na luachanna seo a leanas ag an táille rannpháirtíochta bhliantúil:

   in 2026: 2 %

   in 2027: 3 %

   in 2028 agus sna blianta ina dhiaidh sin: 4 %.

Ó 2028 ar aghaidh, féadfaidh an Coiste leibhéal na táille rannpháirtíochta a choigeartú, i gcomhréir le hAirteagal 12(3) den Chomhaontú seo.

2.    Is in euro a dhéanfar an ranníocaíocht airgeadais.

3.    Aisíocfaidh an Ghníomhaireacht costais taistil agus chothaithe ionadaithe agus saineolaithe ón Eilvéis i dtaca lena rannpháirtíocht i gcruinnithe arna neagrú ag an nGníomhaireacht i gcomhar le cur chun feidhme oibreacha na Gníomhaireachta ar an mbonn céanna agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá i bhfeidhm faoi láthair le haghaidh saineolaithe ó Bhallstáit an Aontais.


4.    I gcomhréir leis an gComhaontú seo, eiseoidh an Coimisiún Eorpach iarrataí chuig an Eilvéis ar chistí a chomhfhreagraíonn do ranníocaíocht na hEilvéise le buiséad na Gníomhaireachta. Íocfaidh an Eilvéis a ranníocaíocht airgeadais tráth nach déanaí ná 45 lá tar éis an iarraidh ar chistí a fháil.

5.    Is é an toradh a bheidh ar aon mhoill ar íocaíocht ranníocaíocht na hEilvéise go níocfaidh an Eilvéis ús mainneachtana ar an méid atá gan íoc ón dáta dlite. Is é a bheidh sa ráta úis an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, arna fhoilsiú i sraith C dIris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ráta a bheidh i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí ina dtiteann an sprioc-am, arna mhéadú 3,5 pointe céatadáin.

________________

IARSCRÍBHINN II

PRIBHLÉIDÍ AGUS DÍOLÚINTÍ 5

AIRTEAGAL 1

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 1 de Phrótacal (Uimh. 7))

Beidh áitribh agus foirgnimh na Gníomhaireachta dosháraithe. Beidh na háitribh agus na foirgnimh sin díolmhaithe ó chuardach, foréileamh, coigistiú nó díshealbhú. Ní bheidh maoin agus sócmhainní na Gníomhaireachta faoi réir aon bheart comhéigin riarachán ná dlíthiúil gan údarás Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

AIRTEAGAL 2

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 2 de Phrótacal (Uimh. 7))

Beidh cartlann na Gníomhaireachta dosháraithe.


AIRTEAGAL 3

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagail 3 agus 4 de Phrótacal (Uimh. 7))

1.    Beidh an Ghníomhaireacht, a shócmhainní, a ioncam agus a mhaoin eile saortha ó gach cáin dhíreach.

2.    Earraí agus seirbhísí a onnmhairítear chuig an nGníomhaireacht ón Eilvéis le haghaidh a núsáide oifigiúla nó a sholáthraítear don Ghníomhaireacht san Eilvéis, ní bheidh siad faoi réir aon dleacht indíreach ná aon cháin indíreach.

3.    Tabharfar díolúine ó CBL má tá ar a laghad 100 franc Eilvéiseach (lena náirítear cáin) san iomlán i gceist le praghas ceannaigh iarbhír na nearraí agus na seirbhísí a luaitear sa sonrasc nó sa doiciméad comhfhreagrach. Beidh an Ghníomhaireacht díolmhaithe ó gach dleacht chustam, ó gach toirmeasc agus ó gach srian ar allmhairí agus onnmhairí maidir le hearraí le haghaidh a húsáide oifigiúla; ní dhéanfar earraí a allmhaireofar amhlaidh a dhiúscairt, cibé acu ar íocaíocht nó nach ea, san Eilvéis, ach amháin faoi choinníollacha arna bhformheas ag rialtas na hEilvéise.

4.    Deonófar an díolúine ó CBL, ó dhleacht mháil agus ó aon cháin indíreach eile trí bhíthin logha nuair a thíolacfar don soláthróir earraí nó seirbhísí na foirmeacha Eilvéiseacha arna soláthar chun na críche sin.

5.    Ní dheonófar díolúine ar bith i leith cánacha agus dleachtanna nach bhfuil iontu ach táillí as seirbhísí fóntais phoiblí.



AIRTEAGAL 4

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 5 de Phrótacal (Uimh. 7))

Le haghaidh a cumarsáide oifigiúla agus tarchur a doiciméad uile, san Eilvéis gheobhaidh an Ghníomhaireacht an chóir a thugann an Stát sin do mhisin taidhleoireachta.

Ní bheidh comhfhreagras oifigiúil ná teachtaireachtaí oifigiúla eile de chuid na Gníomhaireachta faoi réir cinsireachta.

AIRTEAGAL 5

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 6 de Phrótacal (Uimh. 7))

Laissez-passer an Aontais a eisítear chuig comhaltaí agus seirbhísigh na Gníomhaireachta, aithneofar é mar dhoiciméid taistil bhailí laistigh de chríoch na hEilvéise. Eiseofar na laissez-passer sin chuig oifigigh agus seirbhísigh eile faoi choinníollacha arna leagan síos i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais (Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO 45, 14.6.1962, lch. 1385), lena n‑áirítear aon leasú ina dhiaidh sin).


AIRTEAGAL 6

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 10 de Phrótacal (Uimh. 7))

Na hionadaithe do Bhallstáit an Aontais a ghlacann páirt in obair na Gníomhaireacht, beidh acu féin agus ag a gcomhairleoirí agus a saineolaithe teicniúla, i gcomhlíonadh a ndualgas agus le linn a dtaistil go dtí áit an chruinnithe san Eilvéis agus uaidh, na pribhléidí, na díolúintí agus na saoráidí is gnách.

AIRTEAGAL 7

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 11 de Phrótacal (Uimh. 7))

Maidir le hoifigigh agus seirbhísigh eile de chuid na Gníomhaireachta, i gcríoch na hEilvéise agus cibé náisiúntacht atá acu:

(a)    beidh siad díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla i leith gníomhartha a rinne siad ina gcáil oifigiúil, lena náirítear a bhfocail labhartha nó scríofa, faoi réir fhorálacha na gConarthaí a bhaineann leis na rialacha i dtaobh freagracht oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais ar thaobh amháin, agus ar an taobh eile, le dlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun breith a thabhairt ar ábhair atá faoi dhíospóid idir an tAontas agus a oifigigh agus a sheirbhísigh eile. Fanfaidh an díolúine sin acu tar éis scor dá noifig;

(b)    ní bheidh siad féin ná a gcéilí ná daoine cleithiúnacha dá dteaghlaigh faoi réir srianta inimirce ná foirmiúlachtaí chun eachtrannaigh a chlárú;


(c)    tabharfar dóibh, maidir le rialacháin airgid reatha nó mhalairte, na saoráidí céanna is gnách a thabhairt doifigigh eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(d)    beidh acu an ceart chun a dtroscán agus a maoin phearsanta a allmhairiú saor ó dhleacht, ag dul i mbun a bpoist i gcéaduair dóibh san Eilvéis, agus an ceart chun a dtroscán agus a maoin phearsanta a ath-onnmhairiú saor ó dhleacht ar chríochnú a ndualgas sa tír sin, ach i gceachtar cás díobh faoi réir na gcoinníollacha is riachtanach le rialtas na hEilvéise;

(e)    beidh acu an ceart chun gluaisteán le haghaidh a núsáide pearsanta féin a allmhairiú saor ó dhleacht, más gluaisteán é a fuarthas sa tír dheiridh ina raibh cónaí orthu nó sa tír ar náisiúnaigh di iad, ar théarmaí mhargadh baile na tíre sin, agus an ceart é a ath-onnmhairiú saor ó dhleacht, ach i gceachtar cás díobh faoi réir na gcoinníollacha is riachtanach le rialtas na hEilvéise.

AIRTEAGAL 8

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 12 de Phrótacal (Uimh. 7))

Beidh oifigigh agus seirbhísigh eile na Gníomhaireachta faoi dhliteanas cánach, chun tairbhe don Aontas, ar thuarastail, ar phá agus ar dhíolaíochtaí a íocfaidh an Ghníomhaireacht leo, i gcomhréir leis na coinníollacha agus an nós imeachta a leagtar síos le dlí an Aontais.

Beidh siad díolmhaithe ó chánacha cónaidhme, cantúin agus pobail na hEilvéise ar thuarastail, ar phá agus ar dhíolaíochtaí arna n‑íoc ag an nGníomhaireacht.


AIRTEAGAL 9

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 13 de Phrótacal (Uimh. 7))

Maidir le cáin ioncaim, cáin rachmais, agus dleachtanna báis a chur i bhfeidhm agus maidir le coinbhinsiúin chun cánachas dúbailte a sheachaint a tugadh i gcrích idir an Eilvéis agus Ballstáit den Aontas a chur i bhfeidhm, oifigigh agus seirbhísigh eile de chuid na Gníomhaireachta a bhunaíonn a n‑áit chónaithe i gcríoch na hEilvéise chun críoch cánach tráth a théann siad isteach i seirbhís na Gníomhaireachta, mar gheall ar chomhlíonadh a ndualgas i seirbhís na Gníomhaireachta agus mar gheall air sin amháin, measfar sa Eilvéis agus sa tír shainchónaithe chun críoch cánach araon gur choinnigh siad a sainchónaí sa tír shainchónaithe sin chun críoch cánach ar choinníoll gur Ballstát den Aontas í. Bainfidh an fhoráil sin le céile freisin, sa mhéid nach bhfuil an céile sin ag gabháil go leithleach do phost sochair, agus le leanaí atá i gcleithiúnas agus faoi chúram na ndaoine dá dtagraítear san Airteagal seo.

Maoin shochorraithe le daoine dá dtagraítear sa chéad mhír agus atá san Eilvéis, beidh sí díolmhaithe ó dhleachtanna báis san Eilvéis; measfar, chun an dleacht sin a mheasúnú, an mhaoin sin a bheith sa tír shainchónaithe chun críocha cánach, faoi réir ceart tríú tíortha agus ar an gcuntar go bhféadfadh sé go gcuirfí chun feidhme forálacha coinbhinsiún idirnáisiúnta ar chánachas dúbailte.

Ní chuirfear san áireamh aon sainchónaí a fuarthas mar gheall ar dhualgais a chomhlíonadh i seirbhís eagraíochtaí idirnáisiúnta eile agus mar gheall air sin amháin agus forálacha an Airteagail seo á gcur i bhfeidhm.


AIRTEAGAL 10

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 14 de Phrótacal (Uimh. 7))

Leagfar síos le dlí an Aontais scéim na sochar slándála sóisialta d’oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais.

Dá bhrí sin, ní bheidh sé d’oibleagáid ar oifigigh ná ar sheirbhísigh eile na Gníomhaireachta a bheith ina gcomhaltaí de chóras slándála sóisialta na hEilvéise ar choinníoll go bhfuil siad cumhdaithe cheana féin ag scéim na sochar slándála sóisialta d’oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais. Baill teaghlaigh bhaill foirne na Gníomhaireachta, ar cuid dá dteaghlaigh iad, cumhdófar iad le scéim na sochar slándála sóisialta d’oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais ar choinníoll nach bhfuil siad fostaithe ag fostóir seachas an Ghníomhaireacht agus ar choinníoll nach bhfaigheann siad sochair slándála sóisialta ó Bhallstát den Aontas ná ón Eilvéis.

AIRTEAGAL 11

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 15 de Phrótacal (Uimh. 7))

Cinnfear le dlí an Aontais na catagóirí oifigeach agus seirbhíseach eile de chuid na Gníomhaireachta a mbeidh feidhm ag forálacha Airteagal 7, Airteagal 8 agus Airteagal 9 maidir leo, go hiomlán nó go páirteach.

Cuirfear ainmneacha, gráid agus seoltaí na n‑oifigeach agus na seirbhíseach eile a áirítear sna haicmí sin in iúl go tréimhsiúil don Eilvéis.


AIRTEAGAL 12

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 17 de Phrótacal (Uimh. 7))

Is chun leasa na Gníomhaireachta agus chuige sin amháin a thabharfar pribhléidí, díolúintí agus saoráidí d’oifigigh agus seirbhísigh eile de chuid na Gníomhaireachta.

Ceanglófar ar an nGníomhaireacht an díolúine a tugadh d’oifigeach nó do sheirbhíseach eile a tharscaoileadh aon uair a mheasfaidh an Ghníomhaireachta nach bhfuil tarscaoileadh na díolúine sin contrártha do leasanna na Gníomhaireachta.

AIRTEAGAL 13

(a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 18 de Phrótacal (Uimh. 7))

Chun an Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm, oibreoidh an Ghníomhaireacht i gcomhar le húdaráis fhreagracha na hEilvéise nó Bhallstáit an Aontais lena mbaineann.

________________

IARSCRÍBHINN III

RIALÚ AIRGEADAIS
A MHÉID A BHAINEANN LE RANNPHÁIRTITHE EILVÉISEACHA

I nGNÍOMHAÍOCHTAÍ NA GNÍOMHAIREACHTA

AIRTEAGAL 1

Cumarsáid dhíreach

Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus an Coimisiún Eorpach cumarsáid dhíreach le gach duine nó gach eintiteas a bhunaítear san Eilvéis agus a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, mar chonraitheoirí, mar rannpháirtithe i gcláir na Gníomhaireachta, mar fhaighteoirí íocaíochtaí ón nGníomhaireacht nó ó bhuiséad an Aontais, nó mar fho-chonraitheoirí. An fhaisnéis agus na doiciméid ábhartha uile is gá dóibh a thíolacadh ar bhonn na n‑ionstraimí dá dtagraítear sa Chinneadh seo agus ar bhonn na gconarthaí nó na gcomhaontuithe a tugadh i gcrích mar aon le haon chinntí arna nglacadh dá mbun, féadfaidh na daoine sin an fhaisnéis agus na doiciméid sin a chur go díreach chuig an gCoimisiún Eorpach agus chuig an nGníomhaireacht.


AIRTEAGAL 2

Iniúchtaí

1.    I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 , le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún 7 agus leis na hionstraimí eile dá dtagraítear sa Chomhaontú seo, conarthaí nó comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích agus cinntí arna ndéanamh le tairbhithe atá bunaithe san Eilvéis, féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir le hiniúchtaí eolaíocha, airgeadais, teicneolaíochta nó eile a bheidh le déanamh tráth ar bith ar áitreabh na dtairbhithe agus a bhfochonraitheoirí ag an nGníomhaireacht agus ag oifigigh an Choimisiúin Eorpaigh nó ag daoine eile arna núdarú ag an nGníomhaireacht agus ag an gCoimisiún Eorpach.

2.    Beidh rochtain iomchuí ag oifigigh de chuid na Gníomhaireachta agus ag oifigigh an Choimisiúin Eorpaigh agus ag daoine eile a bhfuil sainordú acu ón nGníomhaireacht agus ón gCoimisiún Eorpach, ar láithreáin, oibreacha agus ar dhoiciméid agus ar an bhfaisnéis uile is gá chun iniúchtaí den sórt sin a dhéanamh, lena náirítear i bhfoirm leictreonach. Déanfar an ceart rochtana sin a shonrú go sainráite sna conarthaí nó sna comhaontuithe a thabharfar i gcrích chun na hionstraimí dá dtagraítear sa Chomhaontú seo a chur chun feidhme.

3.    Beidh na cearta céanna ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus atá ag an gCoimisiún Eorpach.


4.    Feadfaidh sé go leanfaí de na hiniúchtaí a dhéanamh go dtí 5 bliana tar éis don Chomhaontú seo dul in éag nó faoi théarmaí na gconarthaí nó na gcomhaontuithe a tugadh i gcrích agus na gcinntí a glacadh.

5.    Cuirfear údarás inniúil iniúchóireachta na hEilvéise ar an eolas roimh ré faoi iniúchtaí a rinneadh ar chríoch na hEilvéise. Ní bheidh soláthar na faisnéise sin ina choinníoll dlíthiúil chun iniúchtaí den sórt sin a dhéanamh.

AIRTEAGAL 3

Seiceálacha ar an láthair

1.    Faoin gComhaontú seo, údarófar don Choimisiún Eorpach agus don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar chríoch na hEilvéise, faoi na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle 8 .

2.    Déanfaidh an Coimisiún Eorpach seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a ullmhú agus a chur i gcrích i ndlúthchomhar le húdaráis iniúchóireachta inniúil na hEilvéise nó le húdaráis inniúla eile na hEilvéise a cheapfaidh údaráis iniúchóireachta inniúil na hEilvéise, a dtabharfar fógra di in am trátha maidir le cuspóir, aidhm agus bonn dlíthiúil na seiceálacha agus na gcigireachtaí sin, ionas go mbeidh siad in ann an chabhair uile is gá a thabhairt. Chuige sin, féadfaidh oifigigh údaráis inniúla na hEilvéise páirt a ghlacadh sna seiceálacha agus sna cigireachtaí ar an láthair.


3.    Más mian le húdaráis na hEilvéise lena mbaineann, is féidir seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh go comhpháirteach idir an Coimisiún Eorpach agus na húdaráis sin.

4.    I gcás ina gcuireann rannpháirtithe an chláir in aghaidh sheiceáil nó chigireacht ar an láthair, tabharfaidh údaráis na hEilvéise, ag feidhmiú dóibh i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta, an cúnamh is gá do chigirí an Choimisiúin Eorpaigh chun a ndualgas a chomhlíonadh agus seiceáil nó cigireacht ar an láthair á déanamh acu.

5.    Tuairisceoidh an Coimisiún Eorpach a luaithe is féidir dúdarás iniúchóireachta inniúil na hEilvéise maidir le haon fhíoras nó aon amhras a bhaineann le neamhrialtacht atá tugtha faoi deara aige le linn na seiceála nó na cigireachta ar an láthair. In aon chás, ceanglaítear ar an gCoimisiún Eorpach údaráis iniúchóireachta inniúil na hEilvéise a chur ar an eolas maidir le toradh na seiceálacha agus na gcigireachtaí sin.

AIRTEAGAL 4

Faisnéis agus comhairliúchán

1.    Chun críche fhorfheidhmiú mar is ceart na hIarscríbhinne seo, déanfaidh údaráis inniúla na hEilvéise agus údaráis an Aontais faisnéis a mhalartú ar bhonn rialta agus, arna iarraidh sin ag aon cheann de na Páirtithe Conarthacha, reáchtálfaidh siad comhairliúcháin.

2.    Cuirfidh údaráis inniúla na hEilvéise an Ghníomhaireacht agus an Coimisiún Eorpach ar an eolas gan mhoill faoi aon fhíoras nó amhras a bheidh ann agus a bhfuil siad eolach air a bhaineann le neamhrialtacht i ndáil le tabhairt i gcrích agus cur chun feidhme na gconarthaí nó na gcomhaontuithe a tugadh i gcrích i gcur i bhfeidhm na nionstraimí dá dtagraítear sa Chomhaontú seo.


AIRTEAGAL 5

Rúndacht

Faisnéis a chuirtear in iúl nó a fhaightear in aon fhoirm de bhun na hIarscríbhinne seo, beidh sí faoi chumhdach na rúndachta gairmiúla agus cosnófar í ar an gcaoi chéanna a gcosnaítear faisnéis dá samhail le dlí na hEilvéise agus leis na forálacha comhfhreagracha is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais. Ní chuirfear faisnéis den sórt sin in iúl do dhaoine eile seachas iad siúd atá laistigh d’institiúidí an Aontais lena mbaineann, sna Ballstáit nó san Eilvéis a gceanglaíonn a bhfeidhmeanna orthu a bheith ar an eolas fúithi, agus ní fhéadfar í a úsáid chun críoch eile seachas chun cosaint éifeachtach ar leasanna airgeadais na bPáirtithe Conarthacha a áirithiú.

AIRTEAGAL 6

Bearta agus pionóis riaracháin

Gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí coiriúil na hEilvéise, féadfaidh an Ghníomhaireacht nó an Coimisiún Eorpach bearta agus pionóis riaracháin a fhorchur i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle 9 .


AIRTEAGAL 7

Aisghabháil agus forfheidhmiú

Cinneadh a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht nó an Coimisiún Eorpach laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe seo agus lena bhforchuirtear oibleagáid airgid ar dhaoine seachas ar Stáit, beidh na cinntí sin in-fhorfheidhmithe san Eilvéis. Beidh an t‑ordú maidir lena fhorfheidhmiú i gceangal leis an gcinneadh ábhartha, gan aon fhoirmiúlacht eile seachas fíorú ar bharántúlacht an chinnidh ag an údarás náisiúnta arna ainmniú chun na críche sin ag Rialtas na hEilvéise. Déanfar an forfheidhmiú i gcomhréir le dlí agus Rialacha Nós Imeachta na hEilvéise. Measfar na cinntí in-fhorfheidhmithe sin a bheith ina dteidil in-fhorfheidhmithe de réir bhrí an Achta Cónaidhme um Fhorfheidhmiú Fiachais agus Féimheacht (DEBA), agus ní bheidh siad faoi réir athbhreithnithe ar na tuillteanais os comhair chúirteanna na hEilvéise. Déanfaidh rialtas na hEilvéise a údarás náisiúnta ainmnithe chun críocha an Airteagail seo a chur in iúl don Ghníomhaireacht, don Choimisiún Eorpach agus do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Breithiúnais a thugann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh de bhun clásal eadrána, beidh siad in-fhorfheidhmithe de réir na dtéarmaí céanna.

Beidh dlíthiúlacht ordaithe maidir le forfheidhmiú faoi réir rialú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ach beidh dlínse ag cúirteanna na hEilvéise ar ghearáin go bhfuil an forfheidhmiú á dhéanamh ar bhealach neamhrialta.

________________

(1)    Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena naisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/696/oj).
(2)    I bhfianaise Chinneadh 2000/518/CE ón gCoimisiún an 26 Iúil 2000 de bhun Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint leordhóthanach sonraí pearsanta arna soláthar san Eilvéis, (IO L 215, 25.8.2000, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2000/518/oj).
(3)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE, (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(4)    IO 45, 14.6.1962, lch. 1385, lena náirítear aon leasú ina dhiaidh sin.
(5)    Léirítear tagairtí do na hairteagail chomhfhreagracha den Phrótacal idir lúibíní mar eolas.
(6)    Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú) (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
(7)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1).
(8)    Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ar an gcalaois agus ar neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1996/2185/oj).
(9)     Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

An Bhruiséil,13.6.2025

COM(2025) 308 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, pacáiste leathain comhaontuithe chun an caidreamh déthaobhach le Cónaidhm na hEilvéise a chomhdhlúthú, a dhoimhniú agus a leathnú, agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis


PRÓTACAL
IDIR AN tAONTAS EORPACH

AGUS CÓNAIDHM NA hEILVÉISE

MAIDIR LE COMHAR PARLAIMINTEACH

TÁ AN tAONTAS EORPACH (dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta),

agus

CÓNAIDHM NA hEILVÉISE (dár ngairtear ‘an Eilvéis’ anseo feasta),

dá ngairtear ‘na Páirtithe Conarthacha’ anseo feasta,

I bhFIANAISE na ndlúthnasc frithpháirteach eatarthu bunaithe ar a ngaireacht, ar a luachanna comhroinnte agus ar chultúr coiteann na hEorpa, chomh maith leis an bhfíoras go bhfuil a ngeilleagair idirnasctha go mór ó thaobh trádála agus infheistíochtaí de,

AG COMHROINNT an chuspóra maidir le rannchuidiú le feidhmiú rianúil agus forbairt leanúnach na comhpháirtíochta cuimsithí idir an tAontas agus an Eilvéis a mhéid is féidir,

AG CUR IN IÚL gur díol sásaimh dóibh gur tugadh an chaibidlíocht maidir leis an bpacáiste déthaobhach leathan chun a gcaidreamh a chobhsú agus a fhorbairt i gcrích i mí na Nollag 2024,

ÓS MIAN LEO rannchuidiú leis an gcomhar idir Parlaimint na hEorpa agus Tionól Cónaidhme na hEilvéise a threisiú,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:



AIRTEAGAL 1

Bunaítear Comhchoiste Parlaiminteach leis seo. Rannchuideoidh sé, trí idirphlé agus trí dhíospóireacht, le tuiscint níos fearr idir na Páirtithe Conarthacha ar an bpacáiste déthaobhach leathan agus ar an bhforbairt bhreise a d’fhéadfaí a dhéanamh ar a gcaidreamh déthaobhach.

AIRTEAGAL 2

Beidh an Comhchoiste Parlaiminteach comhdhéanta, ina líon comhionann, de chomhaltaí de Pharlaimint na hEorpa agus de chomhaltaí de Thionól Cónaidhme na hEilvéise. Sonrófar líon iomlán chomhaltaí an Chomhchoiste Pharlaimintigh ina rialacha nós imeachta.

AIRTEAGAL 3

Tiocfaidh an Comhchoiste Parlaiminteach le chéile gach re seach san Aontas agus san Eilvéis uair sa bhliain ar a laghad.


AIRTEAGAL 4

Ar bhunú an Chomhchoiste Pharlaimintigh:

(a)    féadfaidh sé faisnéis ábhartha maidir le cur chun feidhme aon chomhaontaithe atá mar chuid den phacáiste déthaobhach leathan, chomh maith le cur chun feidhme aon chomhaontaithe dhéthaobhaigh a dfhéadfadh a bheith ann amach anseo i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach, a iarraidh ar na Páirtithe Conarthacha, a sholáthróidh an fhaisnéis a iarrfar don Choiste sin ina dhiaidh sin;

(b)    cuirfear ar an eolas é ar bhonn tráthrialta faoi chinntí agus moltaí na gComhchoistí arna mbunú le haon chomhaontú ar cuid den phacáiste déthaobhach leathan é agus le haon chomhaontú déthaobhach a dfhéadfadh a bheith ann amach anseo i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach; agus

(c)    féadfaidh sé moltaí a chur faoi bhráid na bPáirtithe Conarthacha.

AIRTEAGAL 5

Glacfaidh an Comhchoiste Parlaiminteach a rialacha nós imeachta le tromlach dhá thrian de chomhaltaí an choiste sin.


AIRTEAGAL 6

1.    Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha an Prótacal seo a dhaingniú nó a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Tabharfaidh gach Páirtí Conarthach fógra don Pháirtí Conarthach eile faoi chur i gcrích na nósanna imeachta inmheánacha is gá do theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo.

2.    Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an fhógra dheireanaigh de bhun mhír 1.

AIRTEAGAL 7

Féadfar an Prótacal seo a leasú tráth ar bith trí chomhaontú frithpháirteach na bPáirtithe Conarthacha.

Féadfaidh gach Páirtí Conarthach an Prótacal seo a fhoirceannadh tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Pháirtí Conarthach eile trí bhealaí taidhleoireachta. Beidh feidhm leis an bhfoirceannadh 3 mhí tar éis an fógra sin a fháil.

Arna dhéanamh [i/in/sa/san [áit]], an [dáta], i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus tá gach téacs díobh barántúil.


Á FHIANÚ SIN, chuir na daoine thíos-sínithe, agus údar cuí acu chuige sin, a lámh leis an bPrótacal seo.

Thar ceann an Aontais Eorpaigh

Thar cheann Chónaidhm na hEilvéise


An Bhruiséil,13.6.2025

COM(2025) 308 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, pacáiste leathain comhaontuithe chun an caidreamh déthaobhach le Cónaidhm na hEilvéise a chomhdhlúthú, a dhoimhniú agus a leathnú, agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis


DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH
ÓN AONTAS EORPACH AGUS Ó CHÓNAIDHM NA hEILVÉISE

MAIDIR LE hIDIRPHLÉ ARDLEIBHÉIL A BHUNÚ

I nDÁIL LEIS AN bPACÁISTE DÉTHAOBHACH LEATHAN

AGUS AN FHORBAIRT BHREISE A D
FHÉADFAÍ A DHÉANAMH
AR AN gCAIDREAMH DÉTHAOBHACH

IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS CÓNAIDHM NA
hEILVÉISE

An tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise,

I bhFIANAISE na ndlúthnasc frithpháirteach eatarthu bunaithe ar a ngaireacht, ar a luachanna comhroinnte agus ar chultúr coiteann na hEorpa, chomh maith leis an bhfíoras go bhfuil a ngeilleagair idirnasctha go mór ó thaobh trádála agus infheistíochtaí de,

AG COMHROINNT an chuspóra maidir le rannchuidiú le feidhmiú rianúil agus forbairt leanúnach na comhpháirtíochta cuimsithí idir an tAontas Eorpach agus an Eilvéis a mhéid is féidir,

AG MEABHRÚ DÓIBH Chomhthuiscint an 27 Deireadh Fómhair 2023, idir ionadaithe ó Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise agus ón gCoimisiún Eorpach, agus go háirithe mír 7 di,

Ag CUR IN IÚL gur díol sásaimh dóibh gur tugadh an chaibidlíocht maidir le pacáiste déthaobhach leathan chun a gcaidreamh a chobhsú agus a fhorbairt i gcrích i mí na Nollag 2024,

dearbhaíonn siad go mbunófar idirphlé ardleibhéil, a mbainfidh na gnéithe seo a leanas leis:

   beidh an Coimisinéir atá freagrach as an gcaidreamh leis an Eilvéis agus Ceann Roinn Cónaidhme Gnóthaí Eachtracha na hEilvéise ina gcomhchathaoirligh air;



   beidh sé daidhm aige comhthuiscint agus comhar a chur chun cinn maidir leis an bpacáiste déthaobhach leathan a caibidlíodh agus maidir leis an bhforbairt bhreise a dfhéadfaí a dhéanamh ar a gcaidreamh déthaobhach;

   pléifidh sé saincheisteanna leasa fhrithpháirtigh, go háirithe rannpháirtíocht na hEilvéise sa mhargadh inmheánach agus féidearthachtaí chun an chomhpháirtíocht idir an Eilvéis agus an tAontas Eorpach a neartú; agus

   déanfaidh sé meastóireacht tráthrialta ar chur chun feidhme an phacáiste dhéthaobhaigh leathain, ar obair na gComhchoistí agus ar an bhforbairt bhreise a dfhéadfaí a dhéanamh ar a gcaidreamh déthaobhach.

Beidh an t‑idirphlé ardleibhéil ar siúl gach bliain, gach re seach san Eilvéis agus sa Bhruiséil, chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn agus chun an comhar a bheidh ann amach anseo a phlé. Déanfar an chéad idirphlé laistigh de 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an phacáiste dhéthaobhaigh leathain agus saineofar módúlachtaí mionsonraithe an phacáiste sin go comhpháirteach ar an ócáid sin.

Tá an Dearbhú Comhpháirteach seo gan dochar do bhunú idirphlé pholaitiúil ar ábhair a bhaineann leis an mbeartas eachtrach agus slándála idir Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Ceann Roinn Cónaidhme Gnóthaí Eachtracha na hEilvéise, a ndéileáiltear leis ar leithligh.

Arna shíniú [i/in/sa/san [áit]], an [dáta] i ndúblach i mBéarla agus i bhFraincis.

Thar ceann an Aontais Eorpaigh

Thar cheann Chónaidhm na hEilvéise


An Bhruiséil,13.6.2025

COM(2025) 308 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, pacáiste leathain comhaontuithe chun an caidreamh déthaobhach le Cónaidhm na hEilvéise a chomhdhlúthú, a dhoimhniú agus a leathnú, agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis


Dearbhuithe dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Chinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, pacáiste leathain comhaontuithe arb é is aidhm dóibh,
an caidreamh déthaobhach le Cónaidhm na hEilvéise a
chomhdhlúthú, a dhoimhniú agus a leathnú

Dearbhuithe Comhpháirteacha a ghabhann leis an bPrótacal Leasaitheach
a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt,

agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine:

Dearbhú Comhpháirteach maidir le Saoránacht an Aontais

Níl aon choibhéis ag coincheap shaoránacht an Aontais mar a tugadh isteach é le Conradh Maastricht (Airteagal 9 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 20(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh anois) sa Chomhaontú maidir le saorghluaiseacht daoine.

Dá bhrí sin, beidh comhtháthú Threoir 2004/38/CE sa Chomhaontú, faoi réir na n‑eisceachtaí a leagtar amach sa Chomhaontú, gan dochar don mheastóireacht ar ábharthacht reachtaíocht an Aontais a bheidh ann amach anseo, chomh maith le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, roimh shíniú an Chomhaontaithe nó ina dhiaidh sin, don Chomhaontú, bunaithe ar choincheap shaoránacht an Aontais. Cinnfear an ábharthacht sin, i gcomhréir leis an gComhaontú maidir le saorghluaiseacht daoine, lena n‑áirítear forálacha an Phrótacail Institiúidigh a ghabhann leis an gComhaontú.

Ní sholáthraítear leis an gComhaontú bunús dlí le haghaidh cearta polaitiúla náisiúnaigh na mBallstát agus na hEilvéise.



DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH
MAIDIR LE SÁRÚ CEART A THUGTAR LE TREOIR 2004/38/CE A CHOSC

AGUS GNÍOMHÚ IN AGHAIDH AN tSÁRAITHE SIN

Deimhníonn na Páirtithe Conarthacha an cuspóir coiteann maidir le sárú ceart a thugtar le Treoir 2004/38/CE 1 a chosc agus gníomhú in aghaidh an tsáraithe sin, i gcomhréir le hAirteagal 35 den Treoir sin, go háirithe maidir le rochtain ar chúnamh sóisialta.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH
MAIDIR LE CÚNAMH SÓISIALTA A DHIÚLTÚ AGUS CÓNAÍ A FHOIRCEANNADH

SULA bhFAIGHTEAR BUANCHÓNAÍ

Tá na Páirtithe Conarthacha ar aon tuairim nár cheart saoránaigh den Aontas ná náisiúnaigh na hEilvéise a bheith ina n‑ualach míréasúnta ar chórais cúnaimh shóisialta na hEilvéise agus na mBallstát faoi seach. Ar an gcúis sin, féadfaidh na Páirtithe:

(i)    le linn na chéad 3 mhí cónaithe, rochtain ar chúnamh sóisialta a dhiúltú do dhaoine nach oibrithe, daoine féinfhostaithe, nó daoine a bhfuil stádas mar oibrí nó duine féinfhostaithe acu iad agus dá mbaill teaghlaigh, gan measúnú ar leith a dhéanamh ar chás an duine sin;

(ii)    diúltú cúnamh sóisialta a dheonú do dhaoine atá neamhghníomhach go heacnamaíoch nach gcomhlíonann an ceanglas acmhainní leordhóthanacha a bheith acu dóibh féin agus dá mbaill teaghlaigh;


(iii)    i gcás cuardaitheoirí poist céaduaire agus daoine nach bhfuil stádas mar oibrí nó stádas féinfhostaithe acu, diúltú cúnamh sóisialta a dheonú gan measúnú ar leith a dhéanamh ar chás an duine.

I gcomhréir le hAirteagail 14 agus 15 de Threoir 2004/38/CE 2 , féadfaidh an Eilvéis agus na Ballstáit daoine nach gcomhlíonann na ceanglais maidir le ceart cónaithe a thuilleadh a dhíbirt, ar nós daoine nach bhfuil stádas mar oibrí ná stádas féinfhostaithe acu a thuilleadh agus nach bhfuil cearta cónaithe acu bunaithe ar fhorálacha eile den Treoir. Chun stádas mar oibrí a choinneáil, ní mór doibrithe nó do dhaoine féinfhostaithe, cé is moite dóibh siúd nach bhfuil in ann obair go sealadach mar thoradh ar bhreoiteacht nó ar thionóisc, a déirigh dífhostaithe go neamhdheonach, clárú mar chuardaitheoirí poist leis na hoifigí fostaíochta ábhartha agus na ceanglais a chomhlíonadh chun leanúint de bheith cláraithe mar chuardaitheoirí poist leis na seirbhísí poiblí fostaíochta, ar choinníoll nach bhfuil na ceanglais sin idirdhealaitheach. Sa chomhthéacs sin, féadfaidh an Stát óstach a chur san áireamh, ar bhonn cás ar chás agus tríd an gcaighdeán céanna a chur i bhfeidhm maidir lena náisiúnaigh féin, an bhfuil cuardaitheoir poist ag comhoibriú i ndáiríre de mheon macánta leis an oifig ábhartha dfhonn dul isteach arís sa mhargadh fostaíochta. Is é is cuspóir don chomhar sin go bhfaighidh an cuardaitheoir poist post laistigh de thréimhse réasúnta ama.

Ba cheart é sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.


DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH
MAIDIR LEIS AN bhFÓGRA FAOI DHUL I mBUN FOSTAÍOCHTA

Tá na Páirtithe Conarthacha ar aon tuairim gur cheart ailíniú dinimiciúil na hEilvéise le gníomhartha dlí de chuid an Aontais i réimse na saorghluaiseachta daoine a bheith gan dochar do chur i bhfeidhm oibleagáidí riaracháin comhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha ar fhostóirí chun fógra a thabhairt do na húdaráis faoi dhul i mbun fostaíochta, amhail nós imeachta na hEilvéise um fhógra a thabhairt maidir le tréimhsí gearrfhanachta a bhaineann leis an obair, atá beartaithe chun é a chur ar a gcumas do na húdaráis ábhartha rialuithe éifeachtúla a dhéanamh ar an margadh saothair.

Níor cheart go ndéanfadh aon oibleagáid riaracháin den sórt sin difear do cheart cónaithe an duine, lena n‑áirítear chun buanchónaí a fháil.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH
I nDÁIL LEIS AN gCOINBHINSIÚN MAIDIR LE CÁILÍOCHTAÍ A AITHINT

Tugann na Páirtithe Conarthacha dá n‑aire gur páirtithe iad na Ballstáit uile agus an Eilvéis sa Choinbhinsiún maidir le Cáilíochtaí Ardoideachais sa Réigiún Eorpach a Aithint agus deimhníonn siad go gcomhlíonann siad é, mar a bhí i bhfeidhm ar dháta sínithe an Phrótacail Leasaithigh, i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe.


DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE FOLÚNTAIS

Níor cheart go gcuirfeadh ailíniú dinimiciúil na hEilvéise le acquis EURES isteach ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 121a de Bhunreacht Cónaidhme na hEilvéise, lena bhforáiltear d’oibleagáid ar fhostóirí na hEilvéise folúntais i ngairmeacha sonracha a bhfuil leibhéal dífhostaíochta os cionn an mheáin acu a chlárú leis an ionad fostaíochta réigiúnach sula gcuirfear na folúntais ar fáil go poiblí agus sula ndéanfar iad a tharchur chuig tairseach EURES.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH
MAIDIR LE COMHCHUSPÓIRÍ I nDÁIL LEIS AN tSAOIRSE

CHUN SEIRBHÍSÍ A SHOLÁTHAR SUAS LE 90 LÁ OIBRE

AGUS CEARTA OIBRITHE AR POSTÚ A ÁIRITHIÚ

Tá sé de chuspóir coiteann ag an Eilvéis agus ag an Aontas coinníollacha cothroma a thabhairt dá saoránaigh agus dá n‑oibreoirí eacnamaíocha maidir leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar ar feadh suas le 90 lá d’obair iarbhír in aghaidh na bliana féilire (lena n‑áirítear oibrithe a phostú) agus cearta oibrithe á n‑áirithiú go hiomlán an tráth céanna.

Tá an Eilvéis agus an tAontas ar aon tuairim go bhfuil gá le rialuithe comhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha chun an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus cur i bhfeidhm ceart agus éifeachtach na rialacha lena gcosnaítear oibrithe trí chosc a chur ar mhí-úsáid agus imchéimniú a áirithiú.


DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH
MAIDIR LE CÓRAIS RIALAITHE ÉIFEACHTACHA

LENA
nÁIRÍTEAR CÓRAS DÉ-FHORFHEIDHMIÚCHÁIN NA hEILVÉISE

Dearbhaíonn na Páirtithe Conarthacha gur cheart na córais rialaithe arna gcur ar bun ag an Eilvéis agus ag na Ballstáit a bheith oiriúnach, éifeachtach agus neamh-idirdhealaitheach. Ba cheart do na comhlachtaí forfheidhmithe inniúla faoin dlí náisiúnta rialuithe éifeachtacha a dhéanamh ar a gcríoch chun a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha agus na rialacháin is infheidhme. Is ar na húdaráis ainmnithe agus ar chomhlachtaí ábhartha faireacháin agus forfheidhmithe eile faoin dlí náisiúnta atá an fhreagracht as rialuithe éifeachtacha a dhéanamh chun comhlíonadh na rialacha agus na rialachán is infheidhme a áirithiú, údaráis agus comhlachtaí ar féidir, mar is amhlaidh i gcás na hEilvéise, comhpháirtithe sóisialta a bheith i gceist leo, i gcomhréir le córas de-fhorfheidhmiúcháin na hEilvéise. Áirithítear leis an socrú sin go gcloítear le cumhachtaí rialaithe agus smachtbhannaí na n‑eintiteas sin agus go n‑urramaítear iad. Ba cheart rialuithe a dhéanamh ar bhealach comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach, agus é á chur san áireamh go gcuireann an Comhaontú teorainn 90 lá oibre iarbhír in aghaidh na bliana féilire leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar.


DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LEIS AN bPRIONSABAL
PÁ COMHIONAINN AS OBAIR CHOMHIONANN SAN ÁIT CHÉANNA
AGUS MAIDIR LE LEIBHÉAL COMHRÉIREACH AGUS LEORDHÓTHANACH

COSANTA D
OIBRITHE AR POSTÚ

I bhfianaise an chuspóra choitinn atá ag an Eilvéis agus ag an Aontas seasamh leis an bprionsabal ‘pá comhionann as obair chomhionann san áit chéanna’ agus go bhfuil an prionsabal sin á chur i bhfeidhm ag an Eilvéis ó tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2002 agus gur neartaigh sí a chur chun feidhme le blianta beaga anuas ar bhonn anailís riosca oibiachtúil agus comhréireacht rialuithe, is féidir leis an Eilvéis agus leis an Aontas araon leibhéal comhréireach agus leordhóthanach cosanta a ráthú. Is é is aidhm dóibh an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a ráthú agus, an tráth céanna, forfheidhmiú cothrom agus éifeachtach rialachán a áirithiú, agus ar an gcaoi sin aon mhí-úsáid nó imchéimniú a chosc.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH
MAIDIR LE RANNPHÁIRTÍOCHT NA hEILVÉISE

I nGNÍOMHAÍOCHTAÍ AN ÚDARÁIS EORPAIGH SAOTHAIR

Ba cheart don Eilvéis a bheith in ann leanúint de bheith rannpháirteach i gcruinnithe agus i bplé Bhord Bainistíochta an Údaráis Eorpaigh Saothair mar bhreathnóir, gan dochar do shocruithe oibre a dfhéadfadh an tÚdarás a bhunú leis an Eilvéis i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2019/1149 3 .


DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH
MAIDIR LEIS AN gCÓRAS CLÁRÚCHÁIN DEARBHAITHEACH

D
OIBRITHE TEORANN

Comhaontaíonn na Páirtithe Conarthacha, i gcás ina mbreithneoidh an Eilvéis oibrithe teorann a chlárú chun críoch dearbhaitheach i gcomhréir le hAirteagal 7a den Chomhaontú, gur cheart don Eilvéis aghaidh a thabhairt air sin leis na Ballstáit chomharsanachta sna fóraim dhéthaobhacha ábhartha. Níor cheart go mbeadh aon chóir dhifreáilte idir oibrithe teorann faoin gComhaontú mar thoradh ar phlé den sórt sin agus tá sé gan dochar do chearta agus d’oibleagáidí na n‑oibrithe teorann faoin gComhaontú.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH
MAIDIR LE DHÁ GHNÍOMH DLÍ DE CHUID AN AONTAIS A ÁIREAMH

IN IARSCRÍBHINN I A GHABHANN LEIS AN gCOMHAONTÚ

Tá na Páirtithe Conarthacha ar aon tuairim go dtagann Rialachán (AE) 2024/2747 4 go páirteach faoi raon feidhme an Chomhaontaithe. Comhaontaíonn siad go ndéanfaidh an Comhchoiste na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar an Rialachán sin a chomhtháthú in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú díreach tar éis theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh a ghabhann leis an gComhaontú. Cuirfear san áireamh sa chomhtháthú gné chothrománach an Rialacháin agus na naisc a dfhéadfadh a bheith aige le comhaontuithe déthaobhacha eile idir na Páirtithe Conarthacha.


Tá na Páirtithe Conarthacha ar aon tuairim go dtagann Treoir (AE) 2024/2841 5 faoi raon feidhme an Chomhaontaithe. Comhaontaíonn siad go ndéanfaidh an Comhchoiste na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar an Treoir sin a chomhtháthú in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú díreach tar éis theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh a ghabhann leis an gComhaontú.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH
A GHABHANN LEIS AN bPRÓTACAL MAIDIR LE STÁTCHABHAIR

A GHABHANN LEIS AN gCOMHAONTÚ IDIR AN COMHPHOBAL EORPACH

AGUS CÓNAIDHM NA hEILVÉISE MAIDIR LE hAERIOMPAR

Má dheonaíonn an Coimisiún Eorpach tacaíocht airgeadais, i bhfoirm ar bith, nach bhfuil faoi réir rialacha maidir le státchabhair faoin bPrótacal seo, agus a bhéarfaidh nó is baolach a bhéarfadh saobhadh ar iomaíocht trí thaobhú le gnóthais áirithe nó le táirgeadh earraí áirithe agus a dhéanann difear do thrádáil idir na Páirtithe Conarthacha laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe, féadfaidh an Eilvéis comhairliúcháin a iarraidh chun an t‑ábhar a phlé.


DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH
A GHABHANN LEIS AN bPRÓTACAL LEASAITHEACH

A GHABHANN LEIS AN gCOMHAONTÚ IDIR AN COMHPHOBAL EORPACH

AGUS CÓNAIDHM NA hEILVÉISE MAIDIR LE hIOMPAR EARRAÍ

AGUS PAISINÉIRÍ D
IARNRÓD AGUS DE BHÓTHAR

1.    Tugann na Páirtithe Conarthacha dá naire go gceadaítear le dlí an Aontais is infheidhme do chomhlachtaí náisiúnta neamhspleácha um leithdháileadh acmhainne a bheith inniúil chun bealaí traenach a leithdháileadh ar bhealach neamh-idirdhealaitheach.

Tugann na Páirtithe Conarthacha dá n‑aire, i gcomhréir le Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar iarnróid Eorpach aonair (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32), go bhfanann an bainistiú tráchta faoi inniúlacht na mbainisteoirí náisiúnta bonneagair.

2.    Tugann na Páirtithe Conarthacha dá naire, faoi réir na rialacha iomaíochta lena mbaineann, nach gcuireann dlí an Aontais is infheidhme bac ar ghrúpálacha idirnáisiúnta seirbhísí idirnáisiúnta a oibriú, lena náirítear seirbhísí idirnáisiúnta atá comhdhéanta go páirteach de sheirbhísí atá rannpháirteach san amchlár timthriallach.

3.    Féachann na Páirtithe Conarthacha le síneadh a chur leis na bearta idirthréimhseacha gach 3 bliana chun trácht iarnróid rianúil idir an Eilvéis agus an tAontas Eorpach dá bhforáiltear le Cinneadh Uimh. 2/2019 ó Choiste an Chomhphobail/na hEilvéise um Iompar Intíre (IO AE L 13, 17.1.2020, lch. 43) a choinneáil ar bun, faoi réir chinntí an Chomhchoiste faoi seach.


DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH
A GHABHANN LEIS AN bPRÓTACAL MAIDIR LE STÁTCHABHAIR

A GHABHANN LEIS AN gCOMHAONTÚ IDIR AN COMHPHOBAL EORPACH

AGUS CÓNAIDHM NA hEILVÉISE MAIDIR LE hIOMPAR EARRAÍ

AGUS PAISINÉIRÍ D
IARNRÓD AGUS DE BHÓTHAR

Má dheonaíonn an Coimisiún Eorpach tacaíocht airgeadais, i bhfoirm ar bith, nach bhfuil faoi réir rialacha maidir le státchabhair faoin bPrótacal seo, agus a bhéarfaidh nó is baolach a bhéarfadh saobhadh ar iomaíocht trí thaobhú le gnóthais áirithe nó le táirgeadh earraí áirithe agus a dhéanann difear do thrádáil idir na Páirtithe Conarthacha laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe, féadfaidh an Eilvéis comhairliúcháin a iarraidh chun an t‑ábhar a phlé.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH
A GHABHANN LEIS AN gCOMHAONTÚ

IDIR AN tAONTAS EORPACH

AGUS CÓNAIDHM NA hEILVÉISE MAIDIR LE LEICTREACHAS

Má dheonaíonn an Coimisiún Eorpach tacaíocht airgeadais, i bhfoirm ar bith, nach bhfuil faoi réir rialacha maidir le státchabhair faoin gComhaontú seo idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le Leictreachas agus a bhéarfaidh nó is baolach a bhéarfadh saobhadh ar iomaíocht trí thaobhú le gnóthais áirithe nó le táirgeadh earraí áirithe agus a dhéanann difear don trádáil idir na Páirtithe Conarthacha laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe, féadfaidh an Eilvéis comhairliúcháin a iarraidh chun an t‑ábhar a phlé.


Dearbhuithe dá dtagraítear in Airteagal 2(3) den Chinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, pacáiste leathain comhaontuithe arb é is aidhm dóibh,
an caidreamh déthaobhach le Cónaidhm na hEilvéise a
chomhdhlúthú, a dhoimhniú agus a leathnú

DEARBHÚ ÓN EILVÉIS
MAIDIR LE BEARTA ATÁ LE DÉANAMH I LEITH DAOINE FÉINFHOSTAITHE

I gCOMHTHÉACS AN NÓS IMEACHTA UM FHÓGRA A THABHAIRT

MAIDIR LE TRÉIMHSÍ GEARRFHANACHTA A BHAINEANN LEIS AN OBAIR

Dearbhaíonn an Eilvéis, i bhfianaise na réiteach maidir le hoibrithe a phostú a bhfuil tuairisc orthu in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú agus sa Dearbhú Comhpháirteach maidir leis an bhfógra faoi dhul i mbun fostaíochta, go ndéanfaidh sí bearta, más gá, chun a áirithiú nach rachaidh daoine féinfhostaithe timpeall ar na rialacha sin.


Dearbhú a ghabhann leis an gComhaontú
idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le sláinte

DEARBHÚ
Ó CHÓNAIDHM NA hEILVÉISE MAIDIR LEIS

NA GNÉITHE INSTITIÚIDEACHA A ÁIREAMH,
MUTATIS MUTANDIS,
SA CHOMHAONTÚ MAIDIR LE SLÁINTE

Dearbhaíonn Cónaidhm na hEilvéise nach n‑áirítear sa Chomhaontú seo na gnéithe institiúideacha is coiteann do na comhaontuithe sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach ach amháin, mutatis mutandis, ós rud é go bhfuil gá leis sin le haghaidh fheidhmiú an chomhair a leagtar amach ann. Ní fasach é sin a mhéid a bhaineann le comhaontuithe amach anseo nach bhfuil sna réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach.

________________

(1)    Treoir 2004/38/CE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77), de réir mar is infheidhme i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú.
(2)    Treoir 2004/38/CE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77), de réir mar is infheidhme i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú.
(3)    Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004, (AE) Uimh. 492/2011, agus (AE) 2016/589 agus lena naisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 21), lena náirítear aon leasú air ina dhiaidh sin.
(4)    Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2024 lena mbunaítear creat beart a bhaineann le héigeandáil sa mhargadh inmheánach agus le hathléimneacht an mhargaidh inmheánaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle (Gníomh um Éigeandálaí sa Mhargadh Inmheánach agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh) (IO L, 2024/2747, 8.11.2024).
(5)    Treoir (AE) 2024/2841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 lena mbunaítear an Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas (IO L, 2024/2841, 14.11.2024).