An Bhruiséil,6.6.2025

COM(2025) 297 final

2025/0157(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta mar an dara tráthchuid le haghaidh 2025


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Baineann an togra le Cinneadh ón gComhairle maidir leis an dara tráthchuid de na ranníocaíochtaí airgeadais leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta (‘CEF’) in 2025.

Bainistítear an 11ú CEF agus CEF eile atá fós oscailte (an 9ú agus an 10ú CEF) faoin tacar rialacha seo a leanas:

1.An Comhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, agus iad le chéile i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh an chúnaimh airgeadais ar Thíortha agus ar Chríocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis 1 (1) (‘Comhaontú Inmheánach’ an 11ú CEF);

2.Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme i dtaca leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta 2 (2) (‘Rialachán Airgeadais an 11ú CEF’).

3.Cinneadh (AE) 2020/2233 ón gComhairle a bhaineann le gealltanas na gcistí a eascraíonn ó athshreabha faoi Shaoráid Infheistíochta ACC maidir le hoibríochtaí faoin 9ú, 10ú agus 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta 3 (3);

4.Cinneadh (AE) 2022/1223 ón gComhairle 4 (4) a bhaineann le leithdháileadh cistí saortha ó thionscadail faoin 10ú agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta chun críche gníomhaíochtaí maoinithe lena dtugtar aghaidh ar ghéarchéim na slándála bia agus ar an turraing eacnamaíoch i dtíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Is éard atá sna doiciméid dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) gealltanais ilbhliantúla ó na páirtithe chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do chisteán CEF. Déantar foráil i Rialachán Airgeadais an 11ú CEF maidir le ranníocaíochtaí tráthrialta atá le déanamh ag na páirtithe le cisteán CEF in aghaidh gealltanais airgeadais réamhchinntithe. Is de bharr Cinntí teicniúla ón gComhairle a dhéantar na ranníocaíochtaí tráthrialta, agus cuirtear san áireamh sna Cinntí sin cur chun feidhme na ngealltanas airgeadais a cinneadh cheana.

Dá bhrí sin, níl roinnt ceannteideal sa mheabhrán míniúcháin infheidhme maidir le glaonna ar ranníocaíochtaí tráthrialta amhail an ceann seo.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Ní bhaineann le hábhar

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Ní bhaineann le hábhar

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

I gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán Airgeadais an 11ú CEF, ní mór don Chomhairle cinneadh a dhéanamh faoin togra seo tráth nach déanaí ná 21 lá féilire tar éis don Choimisiún Eorpach, ag feidhmiú dó thar ceann an Aontais Eorpaigh, an togra seo a chur i láthair.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Ní bhaineann le hábhar

Comhréireacht

Ní bhaineann le hábhar

An rogha ionstraime

Ní bhaineann le hábhar

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ní bhaineann le hábhar

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Ní bhaineann le hábhar

Bailiú agus úsáid saineolais

Ní bhaineann le hábhar

Measúnú tionchair

Ní bhaineann le hábhar

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní bhaineann le hábhar

Cearta bunúsacha

Ní bhaineann le hábhar

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bhaineann le hábhar

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ní bhaineann le hábhar

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Ní bhaineann le hábhar

2025/0157 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta mar an dara tráthchuid le haghaidh 2025

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, agus iad le chéile i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh an chúnaimh airgeadais ar Thíortha agus ar Chríocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh 5(1) maidir leis, agus go háirithe Airteagal 7(2), i gcomhar le hAirteagal 14(3), de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme i dtaca leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena naisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 6(2), agus go háirithe Airteagal 19(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I gcomhréir le hAirteagal 1 den Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, bunaítear an treoir ranníoca le haghaidh gach páirtí CEF sa Chiste Eorpach Forbraíochta (CEF) 7 (3).

(2)I gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle, tá an Banc Eorpach Infheistíochta (‘BEI’) le meastacháin nuashonraithe ar ghealltanais agus ar íocaíochtaí faoi na hionstraimí a bhainistíonn sé a sheoladh chuig an gCoimisiún.

(3)I gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle, tá an Coimisiún le togra a chur i láthair faoin 15 Meitheamh 2024 lena sonrófar méid an dara tráthchuid den ranníocaíocht le haghaidh 2024.

(4)De bhun Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle, le glaonna ar ranníocaíochtaí ídeofar ar dtús na méideanna dá bhforáiltear sna Cistí Eorpacha Forbraíochta (‘CEF’) a bhí ann roimh an gCiste is deireanaí. Dá bhrí sin, ba cheart glao ar chistí a dhéanamh de bhun Rialachán (AE) 2018/1877, le haghaidh BEI agus le haghaidh an Choimisiúin.

(5)Le Cinneadh (AE) 2024/2906 ón gComhairle 8 (4), socraítear méid bliantúil na ranníocaíochta atá le híoc ag na páirtithe in CEF le haghaidh 2025 ag EUR 800 000 000 le haghaidh an Choimisiúin agus ag EUR 9 000 000 le haghaidh an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. Ghlaoigh BEI a sciar uile den 11ú CEF leis an gcéad tráthchuid 2025.

(6)Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Socraítear leis seo ag EUR 250 000 000 le haghaidh an Choimisiúin méid na ranníocaíochtaí atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta mar an dara tráthchuid le haghaidh 2025.

Airteagal 2

Déanfaidh na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta ranníocaíochtaí aonair an Chiste Eorpaigh Forbraíochta a íoc leis an gCoimisiún Eorpach agus leis an mBanc Eorpach Infheistíochta mar an dara tráthchuid le haghaidh 2025, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

[...]

(1) (1)    IO L 210, 6.8.2013, lch. 1
(2) (2)    IO L 307, 3.12.2018, lgh. 1-21
(3) (3)    IO L 437, 28.12.2020, lgh. 188-191
(4) (4)    IO L 188 an 15.7.2022, lch. 147
(5) (1)    IO L 210, 6.8.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/oj.
(6) (2)    IO L 307, 3.12.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1877/oj.
(7) (3)    IO L 210, 6.8.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/oj.
(8) (4)    Cinneadh (AE) 2024/2906 ón gComhairle an 14 Samhain 2024 maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta chun an ciste sin a mhaoiniú, lena sonraítear an uasteorainn le haghaidh 2026, an méid bliantúil le haghaidh 2025, méid na chéad tráthchoda le haghaidh 2025 agus réamhaisnéis tháscach, neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2027 agus 2028 (IO L, 2024/2906, 19.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2906/oj.

An Bhruiséil,6.6.2025

COM(2025) 297 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta mar an dara tráthchuid le haghaidh 2025


Iarscríbhinn

An dara tráthchuid de Ranníocaíochtaí CEF le haghaidh 2025 (EUR)

NA BALLSTÁIT & AN RÍOCHT AONTAITHE

Scála 11ú

CEF %

An Coimisiún

An 11ú CEF

BEI 

An 11ú CEF

Iomlán

AN BHEILG

3.24927

8 123 175

0

8 123 175

AN BHULGÁIR

0.21853

546 325

0

546 325

AN tSEICIA

0.79745

1 993 625

0

1 993 625

AN DANMHAIRG

1.98045

4 951 125

0

4 951 125

AN GHEARMÁIN

20.57980

51 449 500

0

51 449 500

AN EASTÓIN

0.08635

215 875

0

215 875

ÉIRE

0.94006

2 350 150

0

2 350 150

AN GHRÉIG

1.50735

3 768 375

0

3 768 375

AN SPÁINN

7.93248

19 831 200

0

19 831 200

AN FHRAINC

17.81269

44 531 725

0

44 531 725

AN CHRÓIT

0.22518

562 950

0

562 950

AN IODÁIL

12.53009

31 325 225

0

31 325 225

AN CHIPIR

0.11162

279 050

0

279 050

AN LAITVIA

0.11612

290 300

0

290 300

AN LIOTUÁIN

0.18077

451 925

0

451 925

LUCSAMBURG

0.25509

637 725

0

637 725

AN UNGÁIR

0.61456

1 536 400

0

1 536 400

MÁLTA

0.03801

95 025

0

95 025

AN ÍSILTÍR

4.77678

11 941 950

0

11 941 950

AN OSTAIR

2.39757

5 993 925

0

5 993 925

AN PHOLAINN

2.00734

5 018 350

0

5 018 350

AN PHORTAINGÉIL

1.19679

2 991 975

0

2 991 975

AN RÓMÁIN

0.71815

1 795 375

0

1 795 375

AN tSLÓIVÉIN

0.22452

561 300

0

561 300

AN tSLÓVAIC

0.37616

940 400

0

940 400

AN FHIONLAINN

1.50909

3 772 725

0

3 772 725

AN tSUALAINN

2.93911

7 347 775

0

7 347 775

RA 1

14.67862

36 696 550

0

36 696 550

IOMLÁN AE-27 & AN RÍOCHT AONTAITHE

100.00

250 000 000

0

250 000 000

(1)    De bhun Airteagal 153 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, d’iarr an Ríocht Aontaithe go foirmiúil i mí an Mhárta 2023 go ndéanfadh an Coimisiún a sciar atá fágtha aici de chúlchistí an 10ú agus an 11ú CEF a aisíoc trí ghlanáireamh a dhéanamh ar an ranníocaíocht atá fágtha aici sa CEF. Cuirfear an socrú glanáirimh sin san áireamh sna treoracha íocaíochta faoi seach.