AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,12.6.2025
COM(2025) 295 final
2025/0156(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn maidir le haistriú sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
Baineann an togra seo le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn maidir le haistriú sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (‘an Comhaontú’).
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Tá sé riachtanach an comhar idirnáisiúnta maidir le forfheidhmiú an dlí a neartú, lena n‑áirítear i ndáil le comhroinnt faisnéise, chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht agus le coireanna tromchúiseacha trasnáisiúnta. Sa tuarascáil is déanaí ón Measúnú ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí Eagraithe (SOCTA) a d’fhoilsigh Europol, léirítear gné idirnáisiúnta ghníomhaíochtaí na n‑eagraíochtaí coireachta is tromchúisí. Ina theannta sin, sa tuarascáil is déanaí uaidh maidir le staid agus treochtaí na sceimhlitheoireachta (TE-SAT) cuirtear i dtábhacht na naisc dhíreacha idir taisteal trasnáisiúnta agus eagrú gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach, agus ní hamháin sin ach a thábhachtaí atá sé cionta coiriúla tromchúiseacha eile a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtach chun cionta sceimhlitheoireachta a chosc agus a bhrath.
Is éard atá i gceist le sonraí as an taifead ainmneacha paisinéirí (PNR) faisnéis a sholáthraíonn paisinéirí, agus a bhailítear agus a choimeádtar i gcórais rialaithe áirithinte agus imeachta na n‑aeriompróirí chun a gcríoch tráchtála féin. Braitheann ábhar na sonraí PNR ar an bhfaisnéis a thugtar le linn an phróisis áirithinte agus cláraithe agus d’fhéadfadh, mar shampla, dátaí taistil agus plean taistil iomlán an phaisinéara nó an ghrúpa paisinéirí atá ag taisteal le chéile, sonraí teagmhála amhail seoladh agus uimhir theileafóin, faisnéis íocaíochta, uimhir shuíocháin agus faisnéis faoi bhagáiste a bheith i gceist leis.
Trí shonraí PNR a bhailiú agus a anailísiú, is féidir gnéithe tábhachtacha a sholáthar do na húdaráis trínar féidir leo patrúin taistil amhrasacha a bhrath agus comhpháirtithe coirpeach agus sceimhlitheoirí a shainaithint, go háirithe iad siúd nach raibh na húdaráis forfheidhmithe dlí ar an eolas fúthu roimhe seo. Dá réir sin, tá próiseáil sonraí PNR anois ina huirlis forfheidhmithe dlí a mbaintear úsáid aisti go forleathan san Aontas agus lasmuigh de, chun an sceimhlitheoireacht agus cineálacha eile coireachta tromchúisí a bhrath, cuir i gcás cionta a bhaineann le drugaí, gáinneáil ar dhaoine agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí, agus chun coireanna den sórt sin a chosc freisin. Is léir freisin gur foinse thábhachtach faisnéise í chun tacú le himscrúdú agus ionchúiseamh cásanna ina ndearnadh gníomhaíochtaí neamhdhleathacha den sórt sin.
Cé go bhfuil aistriú sonraí PNR chuig tríú tíortha chomh maith lena bpróiseáil ag a n‑údaráis ríthábhachtach chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, cuirtear isteach leis ar chosaint chearta daoine aonair a mhéid a bhaineann lena sonraí pearsanta. Ar an gcúis sin, ceanglaítear leis bunús dlí faoi dhlí an Aontais agus ní mór dó a bheith riachtanach, comhréireach agus faoi réir teorainneacha dochta agus coimircí éifeachtacha, mar a ráthaítear leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe in Airteagail 6, 7, 8, 21, 47 agus 52 di. Chun na cuspóirí tábhachtacha sin a bhaint amach ní mór cothromaíocht a aimsiú idir an cuspóir dlisteanach maidir leis an tslándáil phoiblí a chaomhnú agus an ceart atá ag gach duine tairbhiú de chosaint a shonraí phearsanta agus a shaoil phríobháidigh.
In 2016 ghlac Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh Treoir (AE) 2016/681 maidir le húsáid sonraí PNR chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (‘Treoir PNR’). Leis an Treoir sin, rialaítear aistriú agus próiseáil sonraí PNR san Aontas Eorpach agus leagtar síos coimircí tábhachtacha chun cearta bunúsacha a chosaint, go háirithe an ceart chun príobháideachais agus an ceart chun cosaint sonraí pearsanta. I mí an Mheithimh 2022, dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) bailíocht agus comhlíontacht na Treorach sin i leith na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus i leith Chonarthaí an Aontais, ina bhreithiúnas i gCás C-817/19.
Tá freagracht chomhroinnte ar an Íoslainn agus ar na Ballstáit den Aontas ar Páirtithe Conarthacha iad i gCoinbhinsiún Schengen an tslándáil inmheánach a áirithiú laistigh de limistéar coiteann gan rialuithe teorann inmheánaí, lena n‑áirítear trí fhaisnéis ábhartha a mhalartú. Le próiseáil sonraí PNR tá sé léirithe go bhféadfaí slándáil limistéar Schengen a fheabhsú, trí fheabhas a chur ar chosc agus ar bhrath na coireachta tromchúisí agus na sceimhlitheoireachta ag na teorainneacha seachtracha agus trí chur chuige rioscabhunaithe sonraíbhunaithe a sholáthar do na Ballstáit lena úsáid laistigh de limistéar Schengen mar bheart cúiteach in éagmais rialuithe teorann inmheánaí.
Ghlac an Íoslainn reachtaíocht intíre maidir le PNR agus maidir lena húdarás inniúil a ainmníodh chun sonraí PNR a fháil agus a phróiseáil maidir le heitiltí a thuirlingíonn nó a imíonn óna haerfoirt, thosaigh sé de bheith ag feidhmiú i mí na Samhna 2021.
Faoi dhlí an Aontais, ní fhéadfar aon sonraí pearsanta a aistriú ón Aontas chuig tríú tír ach amháin má áirithíonn an tír sin leibhéal cosanta do na sonraí pearsanta atá coibhéiseach go bunúsach leis an leibhéal cosanta sin a ráthaítear i leith na sonraí pearsanta sin laistigh den Aontas. In ndáil leis sin, tá sé le tabhairt faoi deara nach tríú tír í an Íoslainn de réir bhrí Chaibidil V de Rialachán 2016/679 ós rud é gur ionchorpraíodh an Rialachán sin le hoiriúnuithe in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE). Mar sin féin, níl feidhm ag creat na rialacha a leagtar amach sa Rialachán sin maidir le próiseáil sonraí pearsanta, lena n‑áirítear sonraí PNR, faoi údaráis forfheidhmithe dlí na hÍoslainne chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n‑áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc. An tráth céanna, ós rud é, de bhun Chomhaontú Comhlachais Schengen 1999 idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn, go bhfuil an Íoslainn faoi cheangal ag gníomhartha an Aontais arb é atá iontu forbairt ar fhorálacha acquis Schengen, tá sé ceaptha Treoir (AE) 2016/680 a chur i bhfeidhm ar bhealach comhchosúil le Ballstáit an Aontais. Mar sin féin, ní forbairt ar acquis Schengen í Treoir PNR, agus dá bhrí sin níl an Íoslainn rannpháirteach i gcur chun feidhme na hionstraime dlí sin.
Sna himthosca sin, is é sin le rá in éagmais coimircí iomchuí i ndáil le próiseáil shonrach shonraí PNR, coimircí atá le bunú trí bhíthin bunús dlí bailí mar a cheanglaítear le dlí an Aontais, ní fhéadfaidh an Íoslainn sonraí PNR a fháil agus a phróiseáil go dleathach ar eitiltí arna n‑oibriú ag aeriompróirí idir an tAontas agus an Íoslainn.
Ina fhianaise sin, an 6 Meán Fómhair 2023, ghlac an Coimisiún Moladh lena moltar go n‑údaróidh an Chomhairle tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn maidir le haistriú sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. An tráth céanna, mhol an Coimisiún freisin tús a chur le caibidlíocht na gcomhaontuithe sin idir Cónaidhm na hEilvéise agus an Iorua. An 4 Márta 2024 thug an Chomhairle údarú tús a chur le caibidlíocht agus ghlac sí treoracha caibidlíochta.
Is é cuspóir an Chomhaontaithe seo an bhearna slándála sin atá i limistéar Schengen a dhúnadh agus aistriú sonraí PNR ón Aontas chuig an Íoslainn a chumasú mar aitheantas ar an ngá sonraí PNR a úsáid mar uirlis riachtanach i gcomhrac na sceimhlitheoireachta agus cineálacha eile coireachta tromchúisí.
An 21 Márta 2024 cuireadh tús leis an gcaibidlíocht leis an Íoslainn, agus leis an Iorua agus le Cónaidhm na hEilvéise freisin. An 9 Aibreán 2025 chuir na príomh‑idirbheartaithe inisealacha le téacs an chomhaontaithe agus, ar an gcaoi sin, thug siad an chaibidlíocht i gcrích go foirmiúil.
Cuireadh na comhreachtóirí ar an eolas le linn phróiseas na caibidlíochta ar fad agus chuathas i gcomhairle leo ag gach céim den chaibidlíocht, go háirithe trí thuairisciú do Mheitheal na Comhairle um Chomh‑mhalartú Faisnéise i ndáil le Ceartas agus Gnóthaí Baile (IXIM) agus do Choiste Pharlaimint na hEorpa um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile.
•Comhsheasmhacht le beartais an Aontais atá ann cheana
Leag an Coimisiún príomhairíonna bheartas seachtrach an Aontais maidir le PNR amach ar dtús i dTeachtaireacht uaidh ó 2003 maidir le cur chuige an Aontais i leith sonraí PNR a aistriú ón Aontas chuig tríú tíortha, príomhairíonna a ndearnadh athbhreithniú orthu i dTeachtaireacht a glacadh in 2010. Faoi láthair tá trí chomhaontú idirnáisiúnta i bhfeidhm idir an tAontas agus tríú tíortha, is iad sin an Astráil, na Stáit Aontaithe (2012) agus an Ríocht Aontaithe (2020), ar comhaontuithe iad a chumhdaíonn aistriú agus próiseáil sonraí PNR ón Aontas. Tar éis na caibidlíochta a lean as Tuairim 1/15 ó CBAE an 26 Iúil 2017, síníodh Comhaontú nua PNR le Ceanada an 4 Deireadh Fómhair 2024.
Ar an leibhéal idirnáisiúnta, tá tús curtha ag níos mó agus níos mó tríú tíortha ar a gcumais a fhorbairt chun sonraí PNR a bhailiú ó aeriompróirí. Tá an treocht sin á spreagadh freisin mar gheall ar Rúin a ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (in 2017 agus 2019) lenar ceanglaíodh ar gach Stát an cumas a fhorbairt sonraí PNR a bhailiú agus a úsáid, agus ar ar a mbonn a ghlac an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI) Caighdeáin agus Cleachtais Mholta maidir le PNR (SARPanna) in 2020 trí bhíthin Leasú 28 ar Iarscríbhinn 9 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, leasú a tháinig i bhfeidhm i mí Feabhra 2021.
Le seasamh an Aontais, arna bhunú le Cinneadh (AE) 2021/121 ón gComhairle, cuirtear fáilte roimh SARPanna EESI maidir le PNR ós rud é go leagtar síos iontu coimircí uaillmhianacha maidir le cosaint sonraí, rud lena gcumasaítear dul chun cinn suntasach a dhéanamh ar an leibhéal idirnáisiúnta. An tráth céanna, measadh sa Chinneadh sin ón gComhairle, trí bhíthin ceangal a chur ar na Ballstáit difríocht a chlárú, go bhfuil na ceanglais a eascraíonn as dlí an Aontais (lena n‑áirítear cásdlí ábhartha) níos déine ná caighdeáin áirithe EESI, agus go bhfuil gá le bunús dlí le haghaidh aistrithe ón Aontas chuig tríú tíortha lena mbunófaí rialacha soiléire beachta agus coimircí i ndáil le húsáid sonraí PNR ag údaráis inniúla de chuid tríú tír.
Sa chomhthéacs sin, tá caibidlíocht agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe seo mar chuid d’iarracht níos leithne ón gCoimisiún cur chuige comhsheasmhach éifeachtach a shaothrú maidir le haistriú sonraí PNR chuig tríú tíortha, mar a fógraíodh i Straitéis an Aontais um an Aontas Slándála 2020-2025, nithe lena gcuirtear le SARPanna EESI maidir le PNR, agus atá i gcomhréir le dlí agus cásdlí an Aontais. D’iarr an Chomhairle cur chuige den sórt sin freisin leis na Conclúidí uaithi i mí an Mheithimh 2021.
Leis seo, féachann an Coimisiún freisin le freagairt d’iarrataí ó aeriompróirí chun tuilleadh soiléireacht dhlíthiúil agus intuarthachta maidir le haistrithe PNR chuig tríú tíortha a áirithiú.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
In Airteagal 218(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí ‘lena dtugtar an comhaontú i gcrích.’ Ós rud é go mbaineann an togra le réimsí ina gcuirtear an gnáthnós imeachta reachtach i bhfeidhm, tá gá le toiliú ó Pharlaimint na hEorpa agus, dá bhrí sin, is é Airteagal 218(6), pointe (a)(v) CFAE an bunús dlí nós imeachta.
Tá dhá phríomhaidhm agus príomh‑chomhpháirt ag an togra; baineann ceann amháin díobh leis an ngá slándáil phoiblí a áirithiú trí bhíthin sonraí PNR a aistriú chuig an Íoslainn agus baineann an ceann eile leis an bpríobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha eile a chosaint. Is é Airteagal 16(2) agus Airteagal 87(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí substainteach an togra.
•Comhréireacht
Maidir le cuspóirí an Aontais, a mhéid a bhaineann leis an togra seo mar a leagtar amach thuas, ní féidir iad a bhaint amach ach amháin trí bhunús dlí bailí a bhunú ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go ndeonófar cosaint iomchuí ar chearta bunúsacha d’aistrithe sonraí pearsanta ón Aontas. Tá forálacha an chomhaontaithe teoranta don mhéid is gá chun a phríomhchuspóirí a bhaint amach agus chun cothromaíocht chóir a aimsiú idir an cuspóir dlisteanach maidir leis an tslándáil phoiblí a chaomhnú agus an ceart atá ag gach duine tairbhiú de chosaint a shonraí phearsanta agus a shaoil phríobháidigh.
•An rogha ionstraime
Na coimircí iomchuí is gá chun sonraí PNR a fhaigheann an Íoslainn ó aeriompróirí ar eitiltí a oibríonn aeriompróirí idir an tAontas agus an Íoslainn a phróiseáil go sonrach, ní mór iad a bhunú trí bhíthin bunús dlí bailí faoi dhlí an Aontais. Sa Chomhaontú seo tá an bunús dlí sin lena gcumasaítear sonraí PNR a aistriú.
•
Cearta bunúsacha
Nuair a dhéanann údaráis tríú tír sonraí PNR a mhalartú agus a phróiseáil, cuirtear isteach ar chearta bunúsacha chun príobháideachais agus chun cosanta sonraí. Mar sin féin, tá údar le cur isteach den sórt sin freisin toisc go saothraítear cuspóirí dlisteanacha leis an gComhaontú, i.e. chun coireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Cuimsítear coimircí cosanta sonraí iomchuí maidir leis na sonraí pearsanta a aistrítear agus a phróiseáiltear, i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe Airteagail 7, 8, 47 agus 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais.
3.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleacht bhuiséadach ar bhuiséad an Aontais.
4.EILIMINTÍ EILE
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Leis an gComhaontú, i gcomhréir iomlán leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, le cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus leis na treoracha caibidlíochta, tugtar bunús dlí, coinníollacha agus coimircí maidir le haistriú sonraí PNR a fhaightear ó aeriompróirí ón Aontas chuig an Íoslainn agus maidir le próiseáil na sonraí sin ag an Íoslainn:
In Airteagal 1 leagtar amach raon feidhme agus cuspóirí an Chomhaontaithe.
In Airteagal 2 tá príomh‑shainmhínithe an Chomhaontaithe, ina measc sainmhíniú ar ‘Aonad na hÍoslainne um Fhaisnéis faoi Phaisinéirí (PIU)’ mar an údarás inniúil ainmnithe atá freagrach as sonraí PNR a phróiseáil agus ar na téarmaí ‘coireacht thromchúiseach’ agus ‘sceimhlitheoireacht’, i gcomhréir leis an gcaoi ar sainmhíníodh na coincheapa sin in ionstraimí dlí ábhartha eile an Aontais;
Le hAirteagal 3 rialaítear modh agus minicíocht aistrithe sonraí PNR a dhéanann aerlínte chuig PIU na hÍoslainne d’fhonn a áirithiú go gcoinneofar aistrithe sonraí PNR chomh híseal agus is féidir agus go mbeidh siad comhréireach leis an gcuspóir a shonraítear sa Chomhaontú.
Le hAirteagal 4 déantar foráil maidir le réiteach teicniúil comhchoiteann lena n‑áirítear an fhéidearthacht go mbainfeadh an Íoslainn úsáid as an ródaire API-PNR arna chur ar bun de réir Rialachán (AE) 2025/13 agus mar a bheartaítear le hAirteagal 10(c) den Rialachán sin.
In Airteagal 5 leagtar amach an teorannú de réir cuspóra – i.e. cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh – ar bhealach uileghabhálach le haghaidh gach próiseáil PNR a chumhdaítear leis an gComhaontú.
In Airteagal 6 leagtar amach na trí mhódúlacht shonracha maidir le próiseáil sonraí PNR a fhaigheann PIU na hÍoslainne faoin gComhaontú.
Le hAirteagal 7 déantar foráil maidir le coimircí breise chun ‘measúnú fíor-ama’ a dhéanamh agus cuirtear teorainn le próiseáil uathoibríoch sonraí PNR.
Le hAirteagal 8 déantar foráil maidir le toirmeasc ar chatagóirí speisialta sonraí PNR i gcomhréir leis an gcaoi ar sainmhíníodh an coincheap sin in acquis cosanta sonraí an Aontais.
Le hAirteagal 9 déantar foráil maidir le hardleibhéal slándála i ndáil le sonraí PNR a fhaightear faoin gComhaontú agus áirithítear go dtabharfar fógraí faoi sháruithe ar shlándáil sonraí d’údarás maoirseachta ainmnithe na hÍoslainne um chosaint sonraí.
Le hAirteagal 10 déantar foráil maidir le logaí a choinneáil agus doiciméadacht gach próiseála PNR.
In Airteagal 11 tá rialacha maidir le stóráil shrianta sonraí PNR d’fhonn a áirithiú nach stóráiltear na sonraí sin níos faide ná mar is gá agus go bhfuil siad comhréireach leis an gcuspóir a shaothraítear leis an gComhaontú seo. I gcomhréir le cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ceanglaítear leis an bhforáil sin go mbeidh nasc oibiachtúil idir na sonraí PNR atá le coinneáil agus cuspóirí an Chomhaontaithe, agus go mbeidh tréimhsí stórála faoi réir athbhreithnithe rialta a dhéanfaidh PIU na hÍoslainne.
Le hAirteagal 12 ceanglaítear ar PIU na hÍoslainne sonraí PNR a dhíphearsantú tar éis 6 mhí ar a dhéanaí.
In Airteagal 13 tá rialacha agus coinníollacha maidir le sonraí PNR a nochtadh laistigh den Íoslainn, e.g. trí na nochtaí sin a theorannú d’údaráis ag a bhfuil feidhmeanna a bhaineann le cuspóirí an Chomhaontaithe agus trí fhormheas roimh ré ó údarás breithiúnach nó comhlacht neamhspleách eile a cheangal maidir leis na nochtaí sin.
In Airteagal 14 tá rialacha agus coinníollacha maidir le sonraí PNR a nochtadh lasmuigh den Íoslainn agus den Aontas, e.g. trí na nochtaí sin a theorannú do thríú tíortha a bhfuil comhaontú comparáideach tugtha chun críche ag an Aontas leo nó a bhfuil cinneadh leordhóthanachta ábhartha glactha ag an gCoimisiún ina leith agus trí fhormheas roimh ré ó údarás breithiúnach nó comhlacht neamhspleách eile a cheangal maidir leis na nochtaí sin.
Le hAirteagal 15 cothaítear comhar póilíneachta agus breithiúnach trí shonraí PNR nó torthaí phróiseáil shonraí PNR a mhalartú idir PIU na hÍoslainne agus PIUanna Bhallstáit an Aontais, agus idir PIU na hÍoslainne, de pháirt, agus Europol nó Eurojust laistigh dá n‑inniúlachtaí féin, den pháirt eile.
Le hAirteagal 16 ceanglaítear ar an Íoslainn na cearta agus oibleagáidí céanna a chur i bhfeidhm agus atá i dTreoir (AE) 2016/680 maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoin gComhaontú seo agus ceanglaítear leis go ndéanfaidh údarás neamhspleách maoirseacht ar an bpróiseáil sin, údarás arna bhunú i gcomhréir le cur chun feidhme na Treorach sin ag an Íoslainn.
In Airteagal 17 tá oibleagáidí trédhearcachta agus faisnéise, lena n‑áirítear ceanglas fógra a thabhairt do dhaoine faoi nochtadh a gcuid sonraí PNR.
Le hAirteagal 18 déantar foráil maidir le hoibleagáid ar an Íoslainn fógra a thabhairt faoi chéannacht PIU na hÍoslainne agus an údaráis maoirseachta náisiúnta.
Le hAirteagal 19 déantar foráil maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
Le hAirteagal 20 déantar foráil maidir le díospóidí a réiteach agus maidir le sásraí fionraíochta.
Le hAirteagal 21 foráiltear go bhféadfaidh ceachtar Páirtí an Comhaontú a fhoirceannadh tráth ar bith.
Le hAirteagal 22 déantar foráil maidir le rialacha maidir le leasuithe ar an gComhaontú.
Le hAirteagal 23 déantar foráil maidir le measúnú comhpháirteach chur chun feidhme an Chomhaontaithe.
In Airteagal 24 tá clásal maidir le cur i bhfeidhm críochach an Chomhaontaithe.
2025/0156 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn maidir le haistriú sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2) agus Airteagal 87(2), pointe (a) i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a),
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)I gcomhréir le Cinneadh (AE) [XXX] ón gComhairle, an […] síníodh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn maidir le sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) a aistriú chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (‘an Comhaontú’), faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.
(2)Leis an gComhaontú cuirtear é ar a chumas d’aerimpróirí sonraí PNR a aistriú ón Aontas Eorpach chuig an Íoslainn agus lánurraim á tabhairt do na cearta dá bhforáiltear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart chun saoil phríobháidigh agus saoil teaghlaigh mar a aithnítear in Airteagal 7 den Chairt, agus an ceart go gcosnófaí sonraí pearsanta mar a aithnítear in Airteagal 8 den Chairt. Go háirithe, sa Chomhaontú tá coimircí iomchuí chun sonraí pearsanta arna n‑aistriú faoin gComhaontú a chosaint.
(3)Leis an gComhaontú cothaítear comhar póilíneachta agus breithiúnach idir údaráis inniúla na hÍoslainne agus údaráis inniúla Bhallstáit an Aontais mar aon le Europol agus Eurojust, a bhfuil sé d’aidhm ag an gComhaontú cumais na gcomhlachtaí sin a neartú chun teorainneacha seachtracha a neartú chomh maith leis an tslándáil inmheánach a áirithiú go héifeachtach in éagmais rialuithe teorann inmheánaí laistigh de limistéar Schengen.
(4)[I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.] NÓ [I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn [, le litir dar dáta an ...,] gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo.].
(5)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.
(6)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir Tuairim [xxx] uaidh an [xx.xx.xxxx].
(7)Ba cheart an Comhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheastar leis seo an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn maidir le haistriú sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,12.6.2025
COM(2025) 295 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann le
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn maidir le haistriú sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh
IARSCRÍBHINN
COMHAONTÚ IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN ÍOSLAINN MAIDIR LE hAISTRIÚ SONRAÍ AS AN TAIFEAD AINMNEACHA PAISINÉIRÍ (PNR) CHUN CIONTA SCEIMHLITHEOIREACHTA AGUS COIREACHT THROMCHÚISEACH A CHOSC, A BHRATH, A IMSCRÚDÚ AGUS A IONCHÚISEAMH
AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ nó ‘AE’ anseo feasta freisin,
agus
an Íoslainn,
dá ngairtear ‘na Páirtithe’ go comhpháirteach anseo feasta,
Á AITHINT DÓIBH gur cuspóirí leasa ghinearálta iad cionta sceimhlitheoireachta, mar aon le coireacht thromchúiseach eile, a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus cearta an duine agus saoirsí bunúsacha á gcaomhnú an tráth céanna, go háirithe na cearta chun príobháideachais agus chun cosanta sonraí;
Á AITHINT DÓIBH gur comhpháirt riachtanach sa chomhrac i gcoinne cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach eile is ea an chomhroinnt faisnéise, agus sa chomhthéacs sin, gur ionstraim an‑thábhachtach í úsáid na sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun na spriocanna sin a shaothrú;
Á AITHINT DÓIBH an tábhacht atá le sonraí PNR agus faisnéis anailíseach ábhartha agus iomchuí ar bhonn sonraí PNR faoin gComhaontú seo idir na Páirtithe a chomhroinnt le húdaráis inniúla phóilíneachta agus bhreithiúnacha na hÍoslainne, Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus Europol mar bhealach chun comhar idirnáisiúnta póilíneachta agus breithiúnach a chothú;
AG FÉACHAINT DÓIBH LEIS an gcomhar idir na Páirtithe maidir le PNR a fheabhsú agus a spreagadh trí mhalartú faisnéise agus comhar teicniúil ó shaineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit agus ó Aonaid um Fhaisnéis faoi Phaisinéirí (PIUnna) Thíortha Comhlachaithe Schengen, go háirithe maidir le critéir réamhchinntithe a fhorbairt agus maidir le gnéithe eile de phróiseáil PNR;
AG FÉACHAINT DO Rún 2396 (2017) agus Rún 2482 (2019) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ina n‑iarrtar ar na Ballstáit an cumas a fhorbairt chun sonraí PNR a bhailiú agus a phróiseáil agus ag féachaint do Chaighdeáin agus Cleachtais Mholta na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le sonraí PNR a bhailiú, a úsáid, a phróiseáil agus a chosaint arna nglacadh mar Leasú 28 ar Iarscríbhinn 9 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (Coinbhinsiún Chicago),
Á MHEABHRÚ DÓIBH go bhfuil freagracht chomhroinnte ar na Páirtithe slándáil inmheánach a áirithiú laistigh de limistéar Schengen, lena n‑áirítear trí fhaisnéis ábhartha a mhalartú, agus go soláthraítear leis an gComhaontú seo uirlis éifeachtach d’údaráis inniúla na bPáirtithe chun an sprioc sin a bhaint amach in éagmais rialú ag teorainneacha inmheánacha;
Á AITHINT DÓIBH nach bhfuil sé beartaithe feidhm a bheith ag an gComhaontú maidir le réamhaisnéis faoi phaisinéirí a bhailíonn agus a tharchuireann aeriompróirí chuig an Íoslainn chun críche rialaithe teorann;
AGUS AIRD Á TABHAIRT ACU ar ghealltanais an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 6 de Chonradh an Aontais Eorpaigh maidir le cearta bunúsacha a urramú, an ceart chun príobháideachais i dtaca le sonraí pearsanta mar a shonraítear in Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, prionsabail na comhréireachta agus an riachtanais a bhaineann leis an gceart chun saoil phríobháidigh agus saoil teaghlaigh, an príobháideachas a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint faoi Airteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le cásdlí iomchuí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, Airteagal 8 de Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa Uimh. 108 chun Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch agus a Phrótacal breise 181;
Á AITHINT DÓIBH go bhfuil sé éigeantach d’aeriompróirí sonraí PNR a aistriú chuig an Íoslainn faoi dhlí na hÍoslainne;
Á AITHINT DÓIBH gurb í Treoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh an bunús atá le sonraí PNR a bheith á n‑aistriú ag aeriompróirí chuig údaráis inniúla na mBallstát. In éineacht le Rialachán 2016/679 agus Treoir 2016/680, áirithítear leis ardleibhéal cosanta do chearta bunúsacha, go háirithe na cearta chun príobháideachais agus chun sonraí pearsanta a chosaint;
Á AITHINT DÓIBH gur ghlac an Íoslainn, i gcomhréir lena Comhaontú in 1999 le Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir leis an mbaint atá aici le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen, le Treoir (AE) 2016/680 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle, agus go bhfuil an Treoir sin curtha chun feidhme agus curtha i bhfeidhm aici, ós rud é gur forbairt ar acquis Schengen í an Treoir sin. Thairis sin, agus ós rud é go bhfuil feidhm ag cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2016/680 ag an Íoslainn maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoi ionstraimí dlí ar cuid de acquis Schengen iad, ba cheart a shoiléiriú go n‑áirítear freisin i gcur i bhfeidhm na Treorach ag an Íoslainn próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla faoin gComhaontú seo;
Á AITHINT DÓIBH go bhfuil sé d’oibleagáid ar aeriompróirí atá bunaithe nó a thairgeann a seirbhísí san Aontas Eorpach sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE, agus go bhfuil feidhm ag an Rialachán sin freisin sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) arna ionchorprú i gComhaontú LEE le Cinneadh 154/2018 ó Chomhchoiste LEE an 6 Iúil 2018;
Á MHEABHRÚ DÓIBH an ceart chun saorghluaiseachta atá ag daoine sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), dá bhforáiltear in Airteagal 1(2), agus in Airteagail 28 agus 31 de Chomhaontú LEE agus gur dócha, maidir le haon chóras náisiúnta lena gceanglaítear ar aeriompróirí sonraí PNR a aistriú agus ar na húdaráis inniúla na sonraí sin a phróiseáil, go gcuirfidh sé isteach ar fheidhmiú na saorghluaiseachta i gcás daoine, agus, dá bhrí sin, nach bhfuil údar le haon chur isteach ar fheidhmiú na saoirse sin ach amháin i gcás ina bhfuil sé bunaithe ar bhreithnithe oibiachtúla agus i gcás ina bhfuil sé comhréireach leis an gcuspóir dlisteanach atá á shaothrú,
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
AIRTEAGAL 1
Cuspóir agus raon feidhme
(1)Is é is cuspóir don Chomhaontú seo é a chur ar a gcumas d’aeriompróirí ón Aontas sonraí a aistriú as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chuig an Íoslainn agus rialacha agus coinníollacha a leagan síos faoina bhféadfaidh an Íoslainn na sonraí PNR sin a phróiseáil.
(2)Is é is cuspóir don Chomhaontú seo freisin feabhas a chur ar an gcomhar póilíneachta agus breithiúnach idir an tAontas agus an Íoslainn i ndáil le sonraí PNR.
(3)Cumhdaítear le raon feidhme an Chomhaontaithe seo aeriompróirí a oibríonn eitiltí paisinéirí idir an tAontas agus an Íoslainn chomh maith le haeriompróirí a dhéanann sonraí a ionchorprú nó a stóráil san Aontas agus eitiltí a oibriú chuig an Íoslainn nó uaithi.
AIRTEAGAL 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn ‘aeriompróir’ gnóthas aeriompair a bhfuil ceadúnas bailí oibríochta nó a choibhéis aige lena gceadaítear dó paisinéirí a iompar d’aer idir an tAontas agus an Íoslainn;
(2)ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ na húdaráis phoiblí atá freagrach faoi dhlí náisiúnta na hÍoslainne as cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh;
(3)ciallaíonn ‘paisinéir’ aon duine, lena n‑áirítear paisinéir traschuir nó idirthurais seachas ball den chriú, atá á iompar nó atá le hiompar ag aerárthach le toiliú an aeriompróra, agus an toiliú sin á léiriú tríd an duine sin a bheith ar an liosta paisinéirí;
(4)ciallaíonn ‘Aonad Faisnéise Paisinéirí na hÍoslainne’ nó ‘PIU na hÍoslainne’ an t‑údarás atá bunaithe nó ainmnithe mar údarás atá freagrach as sonraí PNR a fháil agus a phróiseáil ag an Íoslainn i gcomhréir le hAirteagal 6 den Chomhaontú seo.
(5)ciallaíonn ‘taifead ainmneacha paisinéirí’ nó ‘PNR’ taifead de riachtanais taistil gach paisinéara ina bhfuil an fhaisnéis is gá chun go mbeidh na haeriompróirí atá i mbun áirithintí agus rannpháirteach in ann áirithintí a phróiseáil agus a rialú le haghaidh gach turas a chuireann aon duine in áirithe nó a chuirtear in áirithe thar a cheann, cibé acu atá sé i gcórais áirithinte, sna córais rialaithe imeachta a úsáidtear chun paisinéirí a chlárú ar eitiltí, nó córais chomhionanna lena soláthraítear na feidhmiúlachtaí céanna; go sonrach, mar a úsáidtear sa Chomhaontú seo, is iad na heilimintí a liostaítear go cuimsitheach in Iarscríbhinn I atá i gceist le sonraí PNR;
(6)ciallaíonn ‘coireacht thromchúiseach’ na cionta is inphionóis le pianbhreith choimeádta uasta nó le hordú coinneála trí bliana ar a laghad faoi dhlí náisiúnta na hÍoslainne a bhfuil nasc oibiachtúil acu, fiú más nasc indíreach é, le haeriompar paisinéirí;
(7)ciallaíonn ‘cionta sceimhlitheoireachta’:
(a)gníomh nó neamhghníomh a dhéantar a bhfuil cuspóir nó cúis pholaitiúil, reiligiúnach nó idé-eolaíoch aige a bhfuil sé beartaithe leis an pobal a imeaglú a mhéid a bhaineann lena shlándáil, lena n‑áirítear a shlándáil eacnamaíoch, nó gníomh nó neamhghníomh a dhéantar a bhfuil sé beartaithe leis iallach a chur ar dhuine, rialtas, eagraíocht intíre nó idirnáisiúnta aon ghníomh a dhéanamh nó staonadh ó aon ghníomh a dhéanamh, agus lena ndéantar na nithe seo a leanas d’aon ghnó: (i) gníomh nó neamhghníomh ar cúis bháis nó mórdhíobhála coirp é; (ii) gníomh nó neamhghníomh a chuireann saol duine aonair i mbaol; (iii) gníomh nó neamhghníomh ar cúis le riosca tromchúiseach do shláinte nó do shábháilteacht an phobail é; (iv) gníomh nó neamhghníomh ar cúis le damáiste substaintiúil do mhaoin é ar dócha go mbeadh an díobháil dá dtagraítear in (i) go (iii) mar thoradh air; nó (v) gníomh nó neamhghníomh ar cúis le cur isteach tromchúiseach ar sheirbhís, saoráid nó córas fíor-riachtanach é, seachas mar thoradh ar abhcóideacht, agóid, easaontas nó stad oibre atá dleathach nó neamhdhleathach, amhail stailc, nach bhfuil sé beartaithe leis go mbeadh an díobháil dá dtagraítear in (i) go (iii) mar thoradh air; nó
(b)gníomhaíochtaí ar cion iad laistigh de raon feidhme na gcoinbhinsiún agus na bprótacal idirnáisiúnta is infheidhme a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht agus mar a shainmhínítear iad sna coinbhinsiúin agus sna prótacail sin; nó
(c)páirt a ghlacadh go feasach in aon ghníomhaíocht nó rannchuidiú nó treoir a thabhairt do dhuine, do ghrúpa, nó d’eagraíocht aon ghníomhaíocht a dhéanamh chun feabhas a chur ar chumas eintitis sceimhlitheoireachta gníomh nó neamhghníomh a thuairiscítear in (a) nó (b) a éascú nó a dhéanamh; nó
(d)cion indíotáilte a dhéanamh i gcás ina ndéantar an gníomh nó an neamhghníomh atá i gceist leis an gcion chun tairbhe eintitis sceimhlitheoireachta, faoina threoir nó in éineacht leis; nó
(e)(e) maoin a bhailiú nó a iarraidh ar dhuine, ar ghrúpa nó ar eagraíocht chun maoin nó seirbhísí airgeadais nó seirbhísí gaolmhara eile a chur ar fáil chun gníomh nó neamhghníomh a thuairiscítear in (a) nó (b) a dhéanamh, nó maoin a úsáid nó a shealbhú chun gníomh nó neamhghníomh a thuairiscítear in (a) nó (b) a dhéanamh; nó
(f)iarracht a dhéanamh, nó bagairt a dhéanamh, gníomh nó neamhghníomh a thuairiscítear in (a) nó (b) a dhéanamh, comhcheilg, éascú, treoir a thabhairt nó comhairleoireacht a dhéanamh i ndáil le gníomh nó neamhghníomh a thuairiscítear in (a) nó (b), nó a bheith ina chúlpháirtí tar éis an gníomh nó an neamhghníomh a thuairiscítear in (a) nó (b) a dhéanamh, nó tearmannú nó ceilt a dhéanamh chun críche eintiteas sceimhlitheoireachta a chumasú gníomh nó neamhghníomh a thuairiscítear in (a) nó (b) a éascú nó a dhéanamh; nó
(g)taisteal chuig an Íoslainn nó uaithi nó chuig Ballstát den Aontas nó uaidh chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh, nó chun rannchuidiú lena dhéanamh de réir bhrí litreacha a) nó b), nó chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí eintitis sceimhlitheoireachta de réir bhrí mhír 8) agus fios aige go rannchuideoidh an rannpháirtíocht sin le gníomhaíochtaí coiriúla an eintitis sceimhlitheoireachta.
(8)ciallaíonn ‘eintiteas sceimhlitheoireachta’: (i) duine, grúpa nó eagraíocht ar ceann dá c(h)ríocha nó dá g(h)níomhaíochtaí gníomh nó neamhghníomh a thuairiscítear i mír 7 pointe (a) nó (b) a éascú nó a dhéanamh; nó (ii) duine, grúpa nó eagraíocht a ghníomhaíonn, go feasach, thar ceann an duine, an ghrúpa nó na heagraíochta sin a luaitear in (i), a ghníomhaíonn faoina threoir/ faoina treoir nó a ghníomhaíonn in éineacht leis nó léi.
CAIBIDIL II
SONRAÍ PNR A AISTRIÚ
AIRTEAGAL 3
Modh agus minicíocht an aistrithe
(1)Áiritheoidh an Íoslainn go n‑aistreoidh aeriompróirí sonraí PNR chuig PIU na hÍoslainne go heisiach trí na sonraí PNR is gá a tharchur chuig bunachar sonraí an údaráis iarrthaigh (‘an modh brú’), agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta seo a leanas atá le comhlíonadh ag aeriompróirí:
(a)trí mheán leictreonach i gcomhréir le ceanglais theicniúla PIU na hÍoslainne nó, i gcás ina dtarlaíonn cliseadh teicniúil, trí aon mheán iomchuí eile lena n‑áirithítear leibhéal iomchuí slándála sonraí;
(b)trí fhormáid teachtaireachtaí a nglactar léi go frithpháirteach a úsáid, agus ar bhealach slán trí úsáid a bhaint as prótacail choiteanna mar a cheanglaítear le PIU na hÍoslainne;
(c)go díreach nó trí ghníomhairí údaraithe, a ghníomhaíonn thar ceann aeriompróra agus faoina fhreagracht, chun críoch na gcoinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú seo agus faoi na coinníollacha sin.
(2)Ní cheanglóidh an Íoslainn ar aeriompróirí eilimintí de shonraí PNR a sholáthar nach bhfuil á gcoinneáil cheana féin, nó nach bhfuil bailithe ag aeriompróirí chun críocha a n‑áirithintí nó i ngnáthchúrsa a ngnó.
(3)Áiritheoidh an Íoslainn go scriosfaidh PIU na hÍoslainne aon eilimint sonraí arna haistriú chuige ag aeriompróir de bhun an Chomhaontaithe seo nuair a gheobhaidh sé sonraí PNR, mura liostaítear an eilimint sonraí sin in Iarscríbhinn I.
(4)Áiritheoidh an Íoslainn go gcuirfidh PIU na hÍoslainne de cheangal ar aeriompróirí sonraí PNR a aistriú:
(a)ar bhonn sceidealaithe agus an pointe ama is luaithe a bheith suas le 48 n‑uair an chloig roimh an imeacht sceidealta; agus
(b)cúig huaire ar a mhéad, i gcás eitilt ar leith
(5)Ceadóidh an Íoslainn d’aeriompróirí an t‑aistriú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 4 a theorannú do nuashonruithe ar na sonraí PNR arna n‑aistriú dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír sin.
(6)Áiritheoidh an Íoslainn go gcuirfidh PIU na hÍoslainne aeriompróirí ar an eolas faoi na hamanna sonraithe le haghaidh na n‑aistrithe.
(7)I gcásanna sonracha ina léirítear go bhfuil gá le rochtain bhreise chun freagairt do bhagairt shonrach a bhaineann leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 5, féadfaidh PIU na hÍoslainne a cheangal ar aeriompróir sonraí PNR a chur ar fáil roimh na haistrithe sceidealta, idir na haistrithe sceidealta nó ina ndiaidh. Agus an rogha sin á feidhmiú ag an Íoslainn, gníomhóidh sí go breithiúnach agus go comhréireach agus ceanglóidh sí go n‑úsáidfear an modh aistrithe a thuairiscítear i mír 1.
AIRTEAGAL 4
Ródaire API-PNR
(1)Féadfaidh na Páirtithe a chinneadh go bhféadfaidh an Íoslainn a cheangal ar aeriompróirí sonraí PNR a aistriú chuig PIU na hÍoslainne trí bhíthin an ródaire API-PNR a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2025/13. Sa chás sin, déanfaidh an Íoslainn an méid seo a leanas:
(a)ní chuirfidh sí de cheangal ar aeriompróirí sonraí PNR a aistriú ar aon mhodh eile;
(b)beidh sí faoi cheangal ag na rialacha maidir le feidhmiú agus na coinníollacha a bhaineann le húsáid ródaire den sórt sin mar a bhunaítear leis an Rialachán sin, de mhaolú ar Airteagal 3(1), (4) agus (6).
(2)Tabharfaidh an Íoslainn fógra don Aontas faoina hiarraidh an ródaire sin a úsáid. Glacfaidh an tAontas leis an iarraidh sin i scríbhinn trí bhealaí taidhleoireachta.
(3)Tabharfaidh an tAontas fógra i scríbhinn don Íoslainn trí bhealaí taidhleoireachta faoi aon leasú ar Rialachán (AE) 2025/13 a dhéanann difear do na rialacha maidir le feidhmiú agus na coinníollacha maidir le húsáid an ródaire API-PNR. Laistigh de 120 lá ón bhfógra sin a fháil, féadfaidh an Íoslainn fógra a thabhairt don Aontas go bhfuil sé ar intinn aici scor d’úsáid an ródaire, agus sin a dhéanamh i scríbhinn trí bhealaí taidhleoireachta. Sa chás sin, rachaidh na Páirtithe i mbun comhairliúcháin mar a fhoráiltear i mír 1 d’Airteagal 23 agus beidh feidhm arís ag Airteagal 3(1), (4) agus (6).
CAIBIDIL III
PRÓISEÁIL AGUS COSAINT PNR
AIRTEAGAL 5
Cuspóirí phróiseáil PNR
Áiritheoidh an Íoslainn go ndéanfar sonraí PNR a fhaightear de bhun an Chomhaontaithe seo a phróiseáil chun cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus chun na críche sin amháin.
AIRTEAGAL 6
Módúlachtaí phróiseáil PNR
Féadfaidh PIU na hÍoslainne sonraí PNR a phróiseáil go heisiach trí bhíthin na módúlachtaí sonracha próiseála seo a leanas:
(a)measúnú a dhéanamh ar phaisinéirí sula dtiocfaidh siad isteach san Íoslainn nó sula n‑imeoidh siad as an Íoslainn, chun daoine a shainaithint ar gá do na húdaráis inniúla scrúdú breise a dhéanamh orthu, i bhfianaise go bhféadfadh na daoine sin a bheith páirteach i gcion sceimhlitheoireachta nó i gcoireacht thromchúiseach i gcomhréir le hAirteagal 7 (measúnú ‘fíor-ama’);
(b)cuardach a dhéanamh i mbunachar sonraí na sonraí PNR arna gcoinneáil d’fhonn freagra a thabhairt, ar bhonn cás ar chás, ar iarraidh chuí‑réasúnaithe arna cur isteach de bhun Airteagail 13 agus 14, agus, i gcás inarb iomchuí, aon sonraí PNR ábhartha nó torthaí a bpróiseála a nochtadh;
(c)anailís a dhéanamh ar shonraí PNR chun critéir nua a thabhairt cothrom le dáta, a thástáil nó a chruthú atá le húsáid sna measúnuithe a dhéantar faoi phointe (b) de mhír 1 d’Airteagal 7, d’fhonn aon duine a d’fhéadfadh a bheith páirteach i gcion sceimhlitheoireachta nó i gcoireacht thromchúiseach a shainaithint.
AIRTEAGAL 7
Measúnú fíor-ama
(1)Agus measúnú dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 6 á dhéanamh aige, féadfaidh PIU na hÍoslainne an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)gan sonraí PNR a chur i gcomparáid ach le bunachair sonraí maidir le daoine nó ábhair atá á lorg nó faoi fholáireamh, i gcomhréir le rialacha an Aontais, rialacha idirnáisiúnta agus náisiúnta is infheidhme maidir le bunachair sonraí den sórt sin; agus
(b)sonraí PNR a phróiseáil de réir critéir réamhchinntithe.
(2)Áiritheoidh an Íoslainn go mbeidh na bunachair sonraí dá dtagraítear i mír 1(a) neamh‑idirdhealaitheach, iontaofa, cothrom le dáta agus teoranta dóibh siúd arna n‑úsáid ag údaráis inniúla na hÍoslainne i ndáil leis na críocha a leagtar amach in Airteagal 5 agus ábhartha chun na gcríoch sin.
(3)Áiritheoidh an Íoslainn go mbeidh aon mheasúnú ar shonraí PNR dá dtagraítear i mír 1(b) bunaithe ar shamhlacha agus ar chritéir réamhbhunaithe atá neamh‑idirdhealaitheach, sonrach agus iontaofa chun é a chur ar a chumas do PIU na hÍoslainne teacht ar thorthaí atá dírithe ar dhaoine aonair a d’fhéadfadh a bheith faoi amhras réasúnach go bhfuil siad baint acu le cionta sceimhlitheoireachta nó le coireacht thromchúiseach nó go bhfuil siad páirteach iontu. Áiritheoidh an Íoslainn nach mbeidh imthosca ar bith i gceist ina mbeidh na critéir sin bunaithe ar chine nó bunús eitneach duine, ar thuairimí polaitíochta, reiligiún nó creideamh fealsúnach, ballraíocht i gceardchumann, sláinte, saol gnéis ná gnéaschlaonadh.
(4)Áiritheoidh an Íoslainn go ndéanfaidh PIU na hÍoslainne athbhreithniú aonair ar aon mheaitseáil dhearfach a eascraíonn as próiseáil fíor-ama ar shonraí PNR trí mhodhanna neamh‑uathoibrithe.
AIRTEAGAL 8
Catagóirí speisialta sonraí
(1)Faoin gComhaontú seo, toirmiscfear aon phróiseáil a dhéanamh ar shonraí PNR lena léirítear tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, nó ballraíocht i gceardchumann, agus toirmiscfear próiseáil sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, sonraí a bhaineann leis an tsláinte nó sonraí a bhaineann le saol gnéis nó le gnéaschlaonadh duine nádúrtha.
(2)A mhéid a chuimsítear catagóirí speisialta sonraí pearsanta den sórt sin sna sonraí PNR a fhaigheann PIU na hÍoslainne faoin gComhaontú seo, scriosfaidh PIU na hÍoslainne na sonraí sin láithreach.
AIRTEAGAL 9
Slándáil agus sláine sonraí
(1)Áiritheoidh an Íoslainn go ndéanfar sonraí PNR a fhaightear faoin gComhaontú seo a phróiseáil ar bhealach lena n‑áiritheofar ardleibhéal slándála sonraí is iomchuí do na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil agus le cineál na sonraí PNR a fhaightear faoin gComhaontú seo. Go háirithe, déanfaidh PIU na hÍoslainne an méid seo a leanas:
(a)bearta agus nósanna imeachta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur chun feidhme chun an leibhéal slándála sin a áirithiú;
(b)nósanna imeachta criptiúcháin, údaraithe agus doiciméadaithe a chur i bhfeidhm maidir le sonraí PNR;
(c)rochtain ar shonraí PNR a theorannú go baill foirne údaraithe; agus
(d)sonraí PNR a stóráil i dtimpeallacht fhisiceach shlán a chosnaítear le rialuithe rochtana;
(2)2.
Áiritheoidh an Íoslainn go bhfuil aon sárú ar shlándáil sonraí, go háirithe aon sárú a mbeidh scriosadh de thaisme nó go neamhdhleathach nó caillteanas, athrú, nochtadh nó rochtain neamhúdaraithe nó de thaisme, nó próiseáil neamhdhleathach d’aon chineál mar thoradh air, faoi réir bearta ceartaitheacha éifeachtacha athchomhairleacha.
(3)3.
Déanfaidh an Íoslainn aon sárú ar shlándáil sonraí a thuairisciú don údarás maoirseachta náisiúnta arna bhunú de bhun Airteagal 41 de Threoir (AE) 2016/680.
AIRTEAGAL 10
Próiseáil sonraí PNR a logáil agus a dhoiciméadú
(1)Déanfaidh PIU na hÍoslainne gach próiseáil ar shonraí PNR a logáil agus a dhoiciméadú. Ní úsáidfidh an Íoslainn comhad loga ná doiciméad ach amháin chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)chun féinfhaireachán a dhéanamh agus chun dlíthiúlacht na próiseála sonraí a fhíorú;
(b)sláine chuí sonraí nó feidhmiúlacht chuí an chórais a áirithiú;
(c)slándáil na próiseála sonraí a áirithiú; agus
(d)formhaoirseacht agus cuntasacht an riaracháin phoiblí a áirithiú.
(2)Arna iarraidh sin, cuirfear comhaid loga nó doiciméadacht a choimeádtar faoi mhír 1 in iúl don údarás maoirseachta náisiúnta nach n‑úsáidfidh an fhaisnéis sin ach amháin chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chosaint sonraí agus chun próiseáil chuí sonraí chomh maith le sláine agus slándáil sonraí a áirithiú.
CAIBIDIL IV
SONRAÍ PNR A STÓRÁIL AGUS A NOCHTADH
AIRTEAGAL 11
Tréimhsí stórála
(1)Áiritheoidh an Íoslainn nach stórálfar sonraí PNR a fhaightear faoin gComhaontú seo ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a)a fhad agus atá nasc oibiachtúil ann, fiú nasc indíreach, idir na sonraí PNR atá stóráilte agus ceann amháin ar a laghad de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 5, agus sa chás sin amháin; agus
(b)in aon chás ar feadh tréimhsí nach faide ná 5 bliana.
(2)De bhun mhír 1, ní fhéadfaidh PIU na hÍoslainne sonraí PNR na n‑aerphaisinéirí uile a stóráil ach ar feadh tréimhse tosaigh a bhfuil foráil le déanamh dó ina dhlí náisiúnta. Ní rachaidh fad na tréimhse tosaigh sin thar a bhfuil fíor-riachtanach chun go bhféadfaidh PIU na cuardaigh dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(b) a dhéanamh chun daoine a shainaithint nach raibh amhras ann cheana go raibh baint acu le cionta sceimhlitheoireachta nó le coireacht thromchúiseach ar bhonn an mheasúnaithe fíor-ama de bhun Airteagal 6(1)(a).
(3)Tar éis na tréimhse tosaigh dá dtagraítear i mír 2, ní fhéadfaidh an Íoslainn ach sonraí PNR paisinéirí a stóráil a bhfuil fianaise oibiachtúil ann ina leith go bhféadfadh siad riosca a chruthú a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach.
(4)Áiritheoidh an Íoslainn go ndéanfaidh PIU na hÍoslainne athbhreithniú ar an ngá atá le stóráil leanúnach sonraí PNR de bhun mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, go tráthrialta.
(5)Tráth dhul in éag na tréimhse stórála iomchuí, áiritheoidh an Íoslainn go ndéanfar sonraí PNR a scriosadh go neamh‑inchúlghairthe nó go ndéanfar sonraí anaithnide díobh ar bhealach nach féidir na hábhair sonraí lena mbaineann a shainaithint a thuilleadh.
(6)D’ainneoin mhír 1(b), féadfaidh an Íoslainn stóráil sonraí PNR a cheadú, ar sonraí iad a bhfuil gá leo chun athbhreithniú, imscrúdú, gníomhaíocht forfheidhmithe, imeacht breithiúnach, ionchúiseamh, nó forfheidhmiú pionós a dhéanamh, go dtí go dtabharfar an próiseas ábhartha i gcrích.
AIRTEAGAL 12
Díphearsantú
(1)Déanfaidh PIU na hÍoslainne sonraí PNR a dhíphearsantú 6 mhí ar a dhéanaí tar éis sonraí PNR a fháil. Déanfaidh sé amhlaidh trí na heilimintí sonraí seo a leanas a cheilt lena bhféadfaí an paisinéir lena mbaineann na sonraí PNR a shainaithint go díreach:
(a)ainm(neacha), lena n‑áirítear ainmneacha paisinéirí eile ar an PNR agus líon na dtaistealaithe ar an PNR atá ag taisteal le chéile;
(b)seoladh agus faisnéis teagmhála;
(c)gach cineál faisnéise íocaíochta, lena n‑áirítear seoladh billeála, a mhéid atá aon fhaisnéis ann a d’fhéadfadh an paisinéir lena mbaineann na sonraí PNR nó aon duine eile a shainaithint go díreach;
(d)faisnéis maidir le daoine a eitlíonn go minic;
(e)barúlacha ginearálta a mhéid atá aon fhaisnéis sna sonraí PNR a d’fhéadfadh an paisinéir lena mbaineann na sonraí PNR a shainaithint go díreach: agus
(f)aon sonraí API atá bailithe.
(2)Ní fhéadfaidh PIU na hÍoslainne na heilimintí sonraí dá dtagraítear i mír 1 a nochtadh ach amháin chun críocha Airteagal 5 agus faoi choinníollacha Airteagail 13 nó 14.
AIRTEAGAL 13
Nochtadh laistigh den Íoslainn
(1)Agus freagra á thabhairt ag PIU na hÍoslainne ar iarraidh chuí‑réasúnaithe arna seoladh ag údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 6(b), ní nochtfaidh sé, ar bhonn cás ar chás, sonraí PNR nó torthaí a bpróiseála, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a)tá gá le nochtadh den sórt sin chun ceann de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 5 a bhaint amach;
(b)nochtar an t‑íosmhéid sonraí PNR is gá;
(c)tugann an t‑údarás rialtais is faighteoir cosaint atá coibhéiseach leis na coimircí a thuairiscítear sa Chomhaontú seo;
(d)déanann údarás breithiúnach nó comhlacht neamhspleách eile atá inniúil faoin dlí náisiúnta an nochtadh a fhormheas chun a fhíorú an gcomhlíontar na coinníollacha maidir le nochtadh.
(2)De mhaolú ar phointe (d) de mhír 1, féadfaidh PIU na hÍoslainne sonraí PNR a nochtadh i gcásanna práinne a bhfuil údar cuí leo gan athbhreithniú ná formheas roimh ré. I gcásanna den sórt sin, ní mór an t‑athbhreithniú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a dhéanamh laistigh de thréimhse ghearr.
(3)Áiritheoidh an Íoslainn nach nochtfaidh an t‑údarás inniúil is faighteoir sonraí PNR d’údarás eile ach amháin má údaraíonn PIU na hÍoslainne an nochtadh go sainráite.
AIRTEAGAL 14
Nochtadh lasmuigh den Íoslainn agus den Aontas
(1)Agus freagra á thabhairt ag PIU na hÍoslainne ar iarraidh chuí‑réasúnaithe arna seoladh ag údarás inniúil tíortha nach Ballstáit an Aontais Eorpaigh iad i gcomhréir le hAirteagal 6(b), ní nochtfaidh sé, ar bhonn cás ar chás, sonraí PNR nó torthaí a bpróiseála, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a)tá gá le nochtadh den sórt sin chun ceann de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 5 a bhaint amach;
(b)nochtar an t‑íosmhéid sonraí PNR is gá;
(c)an tír ar dá húdarás a bhfuil sonraí PNR le nochtadh, tá Comhaontú tugtha i gcrích leis an Aontas Eorpach aici lena bhforáiltear do chosaint sonraí pearsanta atá inchomparáide leis an gComhaontú seo nó atá faoi réir cinneadh ón gCoimisiún Eorpach de bhun dhlí an Aontais Eorpaigh, lena gcinntear go n‑áirithíonn an tír sin leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí de réir bhrí dhlí an Aontais.
(d)déanann údarás breithiúnach nó comhlacht neamhspleách eile atá inniúil faoin dlí náisiúnta an nochtadh a fhormheas chun a fhíorú an gcomhlíontar na coinníollacha maidir le nochtadh.
(2)De mhaolú ar mhír 1(c), féadfaidh PIU na hÍoslainne sonraí PNR a nochtadh do thír eile má mheasann sé go bhfuil an nochtadh riachtanach chun garbhagairt thromchúiseach ar an tslándáil phoiblí a chosc nó a imscrúdú agus má thugann an tír sin dearbhú i scríbhinn, de bhun socrú, comhaontú nó eile, go gcosnófar an fhaisnéis i gcomhréir leis na coimircí a leagtar amach sa Chomhaontú seo.
(3)De mhaolú ar mhír 1(d), féadfaidh PIU na hÍoslainne sonraí PNR a nochtadh i gcásanna práinne a bhfuil údar cuí leo gan athbhreithniú agus formheas roimh ré. I gcásanna den sórt sin, ní mór an t‑athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh laistigh de thréimhse ghearr.
AIRTEAGAL 15
Faisnéis a bhaineann le PNR a mhalartú
(1)Comhroinnfidh PIU na hÍoslainne le Europol nó Eurojust, laistigh de raon feidhme a sainorduithe féin, nó le PIUnna na mBallstát, sonraí PNR, torthaí phróiseáil na sonraí sin, nó faisnéis anailíseach atá bunaithe ar shonraí PNR a luaithe is féidir agus i gcásanna sonracha nuair is gá chun cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh. Comhroinnfidh PIU na hÍoslainne an fhaisnéis sin ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Europol nó Eurojust, laistigh de raon feidhme a sainorduithe féin, nó do PIUnna na mBallstát.
(2)Comhroinnfidh PIUnna na mBallstát le PIUnna na hÍoslainne, sonraí PNR, torthaí phróiseáil na sonraí sin, nó faisnéis anailíseach atá bunaithe ar shonraí PNR, a luaithe is féidir agus i gcásanna sonracha nuair is gá chun cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh. Comhroinnfidh PIUnna na mBallstát an fhaisnéis sin ar a dtionscnamh féin nó arna iarraidh sin do PIU na hÍoslainne.
(3)Áiritheoidh na Páirtithe go gcomhroinnfear an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le comhar i bhforfheidhmiú an dlí nó comhroinnt faisnéise idir an Íoslainn agus Europol nó Eurojust, nó an Ballstát ábhartha. Go háirithe, déanfar faisnéis a mhalartú le Europol faoin Airteagal seo trí bhealach slán cumarsáide atá bunaithe chun faisnéis a mhalartú.
CAIBIDIL V
COSAINT SONRAÍ
AIRTEAGAL 16
Cearta agus oibleagáidí faoi Threoir (AE) 2016/680
(1)Áiritheoidh an Íoslainn, i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun críocha an Chomhaontaithe seo, go gcuirfidh sí i bhfeidhm na cearta agus na hoibleagáidí céanna le Treoir (AE) 2016/680, lena n‑áirítear aon leasú orthu ar ghlac an Íoslainn leis agus ar chuir sí chun feidhme é i gcomhréir leis an gComhaontú a thug Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Íoslainn agus an Iorua i gcrích maidir leis an mbaint atá ag an Íoslainn le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt.
(2)Déanfaidh údarás maoirseachta neamhspleách arna bhunú i gcomhréir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2016/680 ag an Íoslainn formhaoirseacht ar phróiseáil sonraí pearsanta ag PIU na hÍoslainne, lena n‑áirítear aon leasú uirthi ar ghlac an Íoslainn leo agus ar chuir sí chun feidhme iad i gcomhréir leis an gComhaontú a thug Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Íoslainn agus an Iorua i gcrích maidir leis an mbaint atá ag an Íoslainn le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt.
(3)Tá an tAirteagal seo gan dochar do chur i bhfeidhm aon fhoráil shonrach bhreise sa Chomhaontú seo a bhaineann le sonraí PNR a phróiseáil.
AIRTEAGAL 17
Trédhearcacht agus faisnéis
(1)Áiritheoidh an Íoslainn go gcuirfidh PIU na hÍoslainne an fhaisnéis seo a leanas ar fáil ar a shuíomh gréasáin:
(a)liosta den reachtaíocht lena n‑údaraítear sonraí PNR a aistriú ó aeriompróirí;
(b)an chúis le sonraí PNR a bhailiú agus a stóráil;
(c)an bealach ina ndéanfar sonraí PNR a phróiseáil agus a chosaint;
(d)an modh agus an méid a fhéadfar na sonraí PNR a nochtadh le húdaráis inniúla eile; agus
(e)faisnéis teagmhála le haghaidh fiosrúchán.
(2)Oibreoidh an Íoslainn le tríú páirtithe leasmhara, amhail an tionscal eitlíochta agus aerthaistil, chun trédhearcacht a chur chun cinn, tráth na háirithinte, maidir leis na cúiseanna atá le sonraí PNR a bhailiú agus a phróiseáil, agus maidir leis an gcaoi le rochtain, coigeartú agus sásamh a iarraidh.
(3)Más rud é go ndearnadh sonraí PNR arna gcoinneáil i gcomhréir le hAirteagal 11 a nochtadh i gcomhréir le hAirteagal 13 nó le hAirteagal 14, cuirfidh an Íoslainn na paisinéirí lena mbaineann ar an eolas, agus iarrachtaí réasúnta á gcur san áireamh, trí bhíthin na módúlachtaí a leagtar amach de bhun Airteagal 13(2)(d) de Threoir 2016/680 agus laistigh de thréimhse réasúnta ama a luaithe nach dócha a thuilleadh go gcuirfidh an fógra sin imscrúduithe na n‑údarás poiblí lena mbaineann i mbaol a mhéid atá faisnéis teagmhála ábhartha na bpaisinéirí ar fáil nó gur féidir iad a aisghabháil.
CAIBIDL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
AIRTEAGAL 18
Fógraí
(1)Tabharfaidh an Íoslainn fógra don Aontas trí bhealaí taidhleoireachta faoi chéannacht na n‑údarás seo a leanas:
(a)PIU na hÍoslainne dá dtagraítear in Airteagal 2(4);
(b)Údarás maoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 9(3).
(2)Tabharfaidh an Íoslainn fógra gan mhoill faoi aon athrú ar chéannacht na n‑údarás dá dtagraítear i mír 1.
(3)Cuirfidh an tAontas an fhaisnéis sin ar fáil don phobal.
AIRTEAGAL 19
Teacht i bhfeidhm
(1)Déanfaidh na Páirtithe an Comhaontú seo a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin.
(2)Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den mhí ina dhiaidh sin ón dáta a gheofar an fógra i scríbhinn lenar thug an Íoslainn fógra faoi chéannacht na n‑údarás dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 18 nó faoi na fógraí i scríbhinn lenar thug na Páirtithe fógra dá chéile trí bhealaí taidhleoireachta go bhfuil na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 curtha i gcrích, cibé acu is déanaí.
AIRTEAGAL 20
Réiteach díospóidí agus fionraí
(1)Réiteoidh na Páirtithe aon díospóid maidir le léirmhíniú, cur i bhfeidhm nó cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo trí chomhairliúchán d’fhonn teacht ar réiteach a bheidh inghlactha go frithpháirteach, lena n‑áirítear deis a thabhairt do cheachtar Páirtí déanamh dá réir laistigh de thréimhse réasúnach ama.
(2)Féadfaidh ceachtar Páirtí cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Pháirtí eile trí bhealaí taidhleoireachta. Ní thabharfar fógra i scríbhinn den sórt sin go dtí go mbeidh tréimhse réasúnta comhairliúcháin caite ag na Páirtithe. Tiocfaidh an fhionraíocht i bhfeidhm 2 mhí ó dháta an fhógra sin, mura gcinnfidh na Páirtithe a mhalairt go comhpháirteach.
(3)An Páirtí a chuir cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo ar fionraí, cuirfidh sé an Páirtí eile ar an eolas láithreach faoin dáta a chuirfear an Comhaontú seo i bhfeidhm arís, a luaithe a mheasfaidh sé nach bhfuil feidhm a thuilleadh ag na cúiseanna leis an bhfionraíocht. Tabharfaidh an Páirtí a chuireann an Comhaontú seo ar fionraí fógra i scríbhinn don Pháirtí eile.
(4)Leanfaidh an Íoslainn de théarmaí an Chomhaontaithe seo a chur i bhfeidhm maidir leis na sonraí PNR uile a fhaightear sula gcuirfear an Comhaontú seo ar fionraí.
AIRTEAGAL 21
Foirceannadh
(1)Féadfaidh ceachtar Páirtí an Comhaontú seo a fhoirceannadh tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn a thabhairt trí bhealaí taidhleoireachta. Gabhfaidh éifeacht leis an bhfoirceannadh 3 mhí tar éis an dáta a fhaightear an fógra i scríbhinn.
(2)Má thugann ceachtar Páirtí fógra foirceanta faoin Airteagal seo, cinnfidh na Páirtithe cé na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar aon chomhar a thionscnófar faoin gComhaontú seo a thabhairt i gcrích ar bhealach iomchuí.
(3)Leanfaidh an Íoslainn de théarmaí an Chomhaontaithe seo a chur i bhfeidhm maidir leis na sonraí PNR uile a fhaightear sula ndéanfar an Comhaontú seo a fhoirceannadh.
AIRTEAGAL 22
Leasuithe
(1)Féadfar an Comhaontú seo a leasú tráth ar bith de chomhthoil idir na Páirtithe. Tiocfaidh na leasuithe ar an gComhaontú seo i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 19.
(2)Féadfar an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú seo a thabhairt cothrom le dáta, de chomhthoil idir na Páirtithe, arna chur in iúl trí fhógra i scríbhinn a mhalartaítear trí bhealaí taidhleoireachta. Tiocfaidh nuashonruithe den sórt sin i bhfeidhm ar an dáta dá dtagraítear in Airteagal 19(2).
AIRTEAGAL 23
Comhairliúchán agus meastóireacht
(1)Rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile maidir le saincheisteanna a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo. Cuirfidh siad in iúl dá chéile aon bheart a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don Chomhaontú seo.
(2)Déanfaidh na Páirtithe meastóireacht chomhpháirteach ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo má iarrann ceachtar Páirtí amhlaidh agus má chinntear go comhpháirteach é. Agus athbhreithniú den sórt sin á dhéanamh acu, tabharfaidh na Páirtithe aird ar leith ar an ngá atá le sonraí PNR a phróiseáil agus a choinneáil le haghaidh gach ceann de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 5 agus ar chomhréireacht na próiseála sin. Déanfaidh na Páirtithe cinneadh roimh ré maidir le módúlachtaí na meastóireachtaí sin.
AIRTEAGAL 24
Cur i bhfeidhm críochach
(1)Beidh feidhm ag an gComhaontú seo maidir le críoch an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus maidir le críoch na hÍoslainne.
(2)Faoi dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, tabharfaidh an tAontas Eorpach fógra don Íoslainn faoi na Ballstáit a bhfuil feidhm ag an gComhaontú seo maidir lena gcríocha. Féadfaidh sé ina dhiaidh sin, tráth ar bith, fógra a thabhairt faoi aon athrú air sin.
Déanfar an Comhaontú seo a dhréachtú i ndúblach, sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, san Íoslainnis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag an téacs i ngach ceann de na teangacha sin. I gcás ina mbeidh aon éagsúlacht idir téacsanna an Chomhaontaithe seo, is ag an téacs Béarla a bheidh an forlámhas.
[sínithe]
IARSCRÍBHINN
EILIMINTÍ SONRAÍ MAIDIR LE TAIFEAD AINMNEACHA PAISINÉIRÍ
DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2(5)
1. Aimsitheoir taifid PNR
2. Dáta na háirithinte/dáta eisiúna an ticéid
3. Dáta nó dátaí an taistil atá beartaithe
4. Ainm (nó ainmneacha)
5. Seoladh agus faisnéis teagmhála, mar atá uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist a bhaineann leis na paisinéirí
6. Faisnéis a bhaineann leis na modhanna íocaíochta le haghaidh an aerthicéid agus le haghaidh billeáil an aerthicéid
7. Cúrsa iomlán taistil le haghaidh PNR sonrach
8. Sonraí maidir le daoine a eitlíonn go minic a bhaineann leis an bpaisinéir nó leis na paisinéirí (stádas agus uimhir an eitleora rialta)
9. Gníomhaireacht taistil/gníomhaire taistil
‑10. Stádas taistil paisinéirí, lena náirítear deimhnithe, stádas ó thaobh clárú de, faisnéis maidir le paisinéirí nach dtagann i láthair nó a dteastaíonn eitilt níos luaithe uathu
11. Faisnéis PNR scoilte/roinnte;
12. Faisnéis a bhaineann le mionaoisigh neamhthionlactha faoi bhun 18 mbliana d’aois: ainm, inscne, aois, teanga/teangacha a labhraítear, ainm agus sonraí teagmhála an chaomhnóra atá i láthair ag an imeacht agus a chaidreamh leis an mionaoiseach; ainm agus sonraí teagmhála an chaomhnóra atá i láthair ag an teacht agus a chaidreamh leis an mionaoiseach; ainm an ghníomhaire atá i láthair ag an imeacht agus an gníomhaire atá i láthair ag an teacht.
‑13. Faisnéis maidir leis an réimse ticéid, lena náirítear uimhir an ticéid, an dáta a eisíodh an ticéad agus ticéid aontreo, réimsí uathoibrithe chun praghas ticéid a bhreacadh
14. Uimhir an tsuíocháin agus faisnéis eile faoin suíochán
15. Faisnéis maidir le códroinnt
16. Gach faisnéis maidir le bagáiste
17. Líon agus ainmneacha eile na dtaistealaithe ar an PNR
18. Aon eilimint sonraí réamhfhaisnéise faoi phaisinéirí (API) a mhéid a bhailigh iompróirí cheana féin iad
19. Gach athrú stairiúil a rinneadh ar an PNR atá liostaithe in uimhreacha 1 go 18.