AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,12.6.2025
COM(2025) 279 final
2025/0145(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua (‘an Iorua’) maidir le sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) a aistriú chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
Baineann an togra seo le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua (‘an Iorua’) maidir le sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) a aistriú chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (‘an Comhaontú’).
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Tá sé fíor‑riachtanach an comhar idirnáisiúnta maidir le forfheidhmiú an dlí, lena n‑áirítear maidir le malartú faisnéise, a neartú chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht agus le coireanna tromchúiseacha trasnáisiúnta. Sa tuarascáil dheireanach a d’fhoilsigh Europol maidir leis an Measúnú ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí agus Eagraithe, léirítear an ghné idirnáisiúnta a bhaineann le gníomhaíochtaí fhormhór na n‑eagraíochtaí coireachta tromchúisí. Sa bhreis air sin, sa Tuarascáil dheireanach uaidh maidir le Staid agus Treochtaí na Sceimhlitheoireachta, cuirtear i dtábhacht na naisc dhíreacha idir an taisteal trasnáisiúnta agus eagrú gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí, mar aon leis an tábhacht a bhaineann le cionta coiriúla tromchúiseacha eile a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtúil chun cionta sceimhlitheoireachta a chosc agus a bhrath.
Is é atá i gceist le sonraí as an taifead ainmneacha paisinéirí (PNR), faisnéis a sholáthraíonn paisinéirí, agus a dhéanann córais rialaithe áirithinte agus imeachta na n‑aeriompróirí a bhailiú agus a choinneáil chun a gcríoch tráchtála féin. Bíonn inneachar sonraí PNR ag athrú ag brath ar an bhfaisnéis a thugtar le linn an phróisis áirithinte agus seiceála isteach agus d’fhéadfadh dátaí taistil agus plean taistil iomlán an phaisinéara nó an ghrúpa paisinéirí atá ag taisteal le chéile, sonraí teagmhála amhail seoladh agus uimhir theileafóin, faisnéis íocaíochta, uimhir shuíocháin agus faisnéis faoi bhagáiste a bheith i gceist léi, mar shampla.
Trí shonraí PNR a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu, is féidir eilimintí tábhachtacha a sholáthar do na húdaráis trínar féidir leo patrúin taistil amhrasacha a bhrath agus comhpháirtithe coirpeach agus sceimhlitheoirí a shainaithint, go háirithe iad siúd nach raibh na húdaráis forfheidhmithe dlí ar an eolas fúthu roimhe seo. Dá réir sin, tá próiseáil sonraí PNR anois ina huirlis forfheidhmithe dlí a mbaintear úsáid aisti go forleathan san Aontas agus lasmuigh de, chun an sceimhlitheoireacht agus cineálacha eile coireanna tromchúiseacha a bhrath, cuir i gcás cionta a bhaineann le drugaí, gáinneáil ar dhaoine agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí, agus chun coireanna den sórt sin a chosc freisin. Tá sé cruthaithe freisin gur foinse thábhachtach faisnéise í chun tacú le himscrúdú agus ionchúiseamh cásanna ina ndearnadh gníomhaíochtaí mídhleathacha den sórt sin.
Cé go bhfuil sé ríthábhachtach chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht thromchúiseach a chomhrac, is cur isteach ar chosaint chearta na ndaoine aonair maidir lena gcuid sonraí pearsanta é aistriú sonraí PNR chuig tríú tíortha mar aon lena bpróiseáil ag údaráis na dtíortha sin. Ar an gcúis sin, tá bunús dlí ag teastáil ina leith faoi dhlí an Aontais agus ní mór dó a bheith riachtanach, comhréireach agus faoi réir teorainneacha dochta agus coimircí éifeachtacha a rathaítear leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe in Airteagail 6, 7, 8, 21, 47 agus 52 de. Chun na cuspóirí tábhachtacha sin a bhaint amach, tá gá le cothromaíocht chóir a aimsiú idir an cuspóir dlisteanach maidir leis an tslándáil phoiblí a chaomhnú agus an ceart atá ag gach duine tairbhiú de chosaint a shonraí phearsanta agus a shaoil phríobháidigh.
In 2016 ghlac Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh Treoir (AE) 2016/681 maidir le húsáid sonraí PNR chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (‘Treoir PNR’). Leis an Treoir sin, rialaítear aistriú agus próiseáil sonraí PNR san Aontas Eorpach agus leagtar síos coimircí tábhachtacha chun cearta bunúsacha a chosaint, go háirithe an ceart chun príobháideachais agus an ceart chun cosanta sonraí pearsanta. I mí an Mheithimh 2022, dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh bailíocht agus comhlíontacht na Treorach sin i leith na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus i leith Chonarthaí an Aontais sa bhreithiúnais uaithi i gCás C‑817/19.
Tá freagracht chomhroinnte ar an Iorua agus ar Bhallstáit den Aontas ar Páirtithe Conarthacha iad i gCoinbhinsiún Schengen an tslándáil inmheánach a áirithiú laistigh de limistéar coiteann gan rialuithe teorann inmheánaí, lena n‑áirítear trí fhaisnéis ábhartha a mhalartú. Léiríodh trí shonraí PNR a phróiseáil go bhféadfaí slándáil limistéar Schengen a mhéadú trí fheabhas a chur ar chosc agus brath na coireachta tromchúisí agus na sceimhlitheoireachta ag na teorainneacha seachtracha agus trí chur chuige rioscabhunaithe sonraí‑thiomáinte a sholáthar a fhéadfaidh Ballstáit a úsáid laistigh de limistéar Schengen mar bheart cúiteach as an easpa rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha.
Ghlac an Iorua reachtaíocht intíre maidir le PNR agus thosaigh a húdarás inniúil a ainmníodh chun sonraí PNR maidir le heitiltí a thuirlingíonn nó a imíonn óna haerfoirt a fháil agus a phróiseáil ag oibriú i mí Mheán Fómhair 2022.
Faoi dhlí an Aontais, ní fhéadfar sonraí pearsanta a aistriú ón Aontas chuig tríú tír ach amháin má áirithíonn an tír sin leibhéal cosanta do shonraí pearsanta atá coibhéiseach go bunúsach leis an leibhéal cosanta a ráthaítear laistigh den Aontas. I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara nach tríú tír í an Íoslainn de réir bhrí Chaibidil V de Rialachán 2016/679, ós rud é gur ionchorpraíodh an Rialachán sin le hoiriúnuithe in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE). Mar sin féin, níl feidhm ag creat na rialacha a leagtar amach sa Rialachán sin maidir le próiseáil sonraí pearsanta, lena n‑áirítear sonraí PNR, ag údaráis forfheidhmithe dlí na hÍoslainne chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n‑áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus cosc a chur ar na bagairtí sin. An tráth céanna, ós rud é go bhfuil an Iorua faoi cheangal ag gníomhartha an Aontais ar forbairt iad ar fhorálacha acquis Schengen, de bhun Chomhaontú Comhlachais Schengen idir an tAontas agus an Iorua in 1999, tá sí ceaptha Treoir (AE) 2016/680 a chur i bhfeidhm ar an mbealach céanna le Ballstáit an Aontais. Ní forbairt ar acquis Schengen í Treoir PNR áfach, agus dá bhrí sin níl an Iorua rannpháirteach i gcur chun feidhme na hionstraime dlí sin.
Sna himthosca sin, is é sin le rá, in éagmais coimircí iomchuí i ndáil le próiseáil shonrach sonraí PNR, coimircí atá le bunú trí bhíthin bunús dlí bailí mar a cheanglaítear le dlí an Aontais, ní fhéadfaidh an Iorua sonraí PNR maidir le heitiltí a oibríonn aeriompróirí idir an tAontas agus an Iorua a fháil ná a phróiseáil go dleathach.
I bhfianaise an mhéid sin, an 6 Meán Fómhair 2023, ghlac an Coimisiún Moladh, inar moladh go n‑údaródh an Chomhairle tús a chur leis an gcaibidlíocht i ndáil le comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Iorua maidir le sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) a aistriú chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhthreo, mhol sé freisin tús a chur le caibidlíocht i ndáil le comhaontuithe den sórt sin le Cónaidhm na hEilvéise agus leis an Íoslainn. Thug an Chomhairle a húdarú chun tús a chur leis an gcaibidlíocht agus ghlac sí treoracha caibidlíochta an 4 Márta 2024.
Is é is cuspóir don chomhaontú seo an bhearna slándála i limistéar Schengen a líonadh agus aistriú sonraí PNR ón Aontas chuig an Íoslainn a chumasú, i bhfianaise an ghá atá le sonraí PNR a úsáid mar uirlis riachtanach i gcomhrac na sceimhlitheoireachta agus cineálacha eile coireanna tromchúiseacha.
Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht leis an Iorua, leis an Íoslainn agus le Cónaidhm na hEilvéise an 21 Márta 2024. An 9 Aibreán 2025, chuir na príomh‑idirbheartaithe inisealacha le téacs an chomhaontaithe agus, dá bhrí sin, thug siad an chaibidlíocht i gcrích go foirmiúil.
Cuireadh na comhreachtóirí ar an eolas le linn an phróisis caibidlíochta agus chuathas i gcomhairle leo ag gach céim den chaibidlíocht, go háirithe trí thuairisciú do Mheitheal na Comhairle um Chomh‑mhalartú Faisnéise maidir le Ceartas agus Gnóthaí Baile agus Coiste Pharlaimint na hEorpa um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile.
•Comhsheasmhacht le beartais an Aontais atá ann cheana
Leag an Coimisiún imlínte leathana bheartas seachtrach an Aontais maidir le PNR amach ar dtús i dTeachtaireacht uaidh in 2003 maidir le cur chuige an Aontais i leith aistrithe sonraí PNR ón Aontas chuig tríú tíortha, imlínte a ndearnadh athbhreithniú orthu i dTeachtaireacht a glacadh in 2010. Faoi láthair tá trí chomhaontú idirnáisiúnta a chumhdaíonn aistriú agus próiseáil sonraí PNR ón Aontas i bhfeidhm idir an tAontas agus tríú tíortha, is iad sin an Astráil, na Stáit Aontaithe (2012) agus an Ríocht Aontaithe (2020). Tar éis na caibidlíochta a lean as Tuairim 1/15 ó CBAE an 26 Iúil 2017, síníodh Comhaontú nua PNR le Ceanada an 4 Deireadh Fómhair 2024.
Ar an leibhéal idirnáisiúnta, tá méadú tagtha ar an líon tríú tíortha atá tar éis tosú ar a gcumais a fhorbairt chun sonraí PNR a bhailiú ó aeriompróirí. Spreagtar an treocht sin freisin mar gheall ar Rúin a ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (in 2017 agus 2019) lenar ceanglaíodh ar gach Stát an cumas a fhorbairt sonraí PNR a bhailiú agus a úsáid, ar ar a mbonn sin a ghlac an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) Caighdeáin agus Cleachtais Mholta maidir le PNR (SARPanna) in 2020 trí bhíthin Leasú 28 ar Iarscríbhinn 9 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, rud a tháinig i bhfeidhm i mí Feabhra 2021.
Le seasamh an Aontais, arna bhunú le Cinneadh (AE) 2021/121 ón gComhairle, cuirtear fáilte roimh SARPanna ICAO maidir le PNR ós rud é go leagtar síos iontu coimircí uaillmhianacha maidir le cosaint sonraí, rud a chumasaítear dul chun cinn suntasach a dhéanamh ar an leibhéal idirnáisiúnta. An tráth céanna, measadh sa Chinneadh sin ón gComhairle, trí bhíthin ceangal a chur ar na Ballstáit difríocht a chlárú, go bhfuil na ceanglais a eascraíonn as dlí an Aontais (lena n‑áirítear cásdlí ábhartha) níos éilithí ná caighdeáin áirithe ICAO, agus go bhfuil gá le bunús dlí le haghaidh aistrithe ón Aontas chuig tríú tíortha lena mbunófaí rialacha soiléire beachta agus coimircí i ndáil le húdaráis inniúla de chuid tríú tír sonraí PNR a úsáid.
Sa chomhthéacs seo, is cuid d’iarracht níos leithne ón gCoimisiún é freisin caibidlíocht agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe seo chun cur chuige comhsheasmhach agus éifeachtach a shaothrú maidir le haistriú sonraí PNR chuig tríú tíortha, mar a fógraíodh sa Straitéis um an Aontas Slándála 2020‑2025, rud atá ag cur le SARPanna ICAO maidir le PNR, agus atá i gcomhréir le dlí an Aontais agus le cásdlí. D’iarr an Chomhairle cur chuige den sórt sin freisin sna Conclúidí uaithi ó mhí an Mheithimh 2021.
Leis seo, tá an Coimisiún ag iarraidh freisin freagairt do ghlaonna ó aeriompróirí maidir le soiléireacht dhlíthiúil agus tuarthacht níos fearr a áirithiú i ndáil le haistrithe PNR chuig tríú tíortha.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
In Airteagal 218(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí ‘lena dtugtar an comhaontú i gcrích.’ Ós rud é go mbaineann an togra le réimsí ina gcuirtear an gnáthnós imeachta reachtach i bhfeidhm, tá gá le toiliú ó Pharlaimint na hEorpa agus, dá bhrí sin, is é Airteagal 218(6), pointe (a)(v) CFAE an bunús dlí nós imeachta.
Tá dhá phríomhaidhm agus príomh‑chomhpháirt ag an togra; baineann ceann amháin acu leis an ngá slándáil phoiblí a áirithiú trí bhíthin sonraí PNR a aistriú chuig an Iorua agus baineann an ceann eile leis an bpríobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha eile a chosaint. Dá bhrí sin, is é Airteagal 16(2) agus Airteagal 87(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí substainteach an togra.
•Comhréireacht
Maidir le cuspóirí an Aontais, a mhéid a bhaineann leis an togra seo mar a leagtar amach thuas, ní féidir iad a bhaint amach ach amháin trí bhunús dlí bailí a bhunú ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go ndeonófar cosaint iomchuí ar chearta bunúsacha d’aistrithe sonraí pearsanta ón Aontas. Tá forálacha an chomhaontaithe teoranta don mhéid is gá chun a phríomhchuspóirí a bhaint amach agus chun cothromaíocht chóir a aimsiú idir an cuspóir dlisteanach maidir leis an tslándáil phoiblí a chaomhnú agus an ceart atá ag gach duine tairbhiú de chosaint a shonraí phearsanta agus a shaoil phríobháidigh.
•An rogha ionstraime
Na coimircí iomchuí is gá chun sonraí PNR a fhaigheann an Iorua ó aeriompróirí maidir le heitiltí arna n‑oibriú ag aeriompróirí idir an tAontas agus an Iorua a phróiseáil go sonrach, ní mór iad a bhunú trí bhíthin bunús dlí bailí faoi dhlí an Aontais. Is é atá sa Chomhaontú seo bunús dlí den sórt sin lena gcumasaítear aistrithe sonraí PNR.
•Cearta bunúsacha
Is é atá i gceist le sonraí PNR a mhalartú agus a phróiseáil ag údaráis tríú tír sárú ar chearta bunúsacha chun príobháideachais agus chun cosanta sonraí. Tá údar leis an sárú sin freisin, áfach, toisc go saothraítear cuspóirí dlisteanacha leis an gComhaontú i.e. an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Cuimsítear sa Chomhaontú coimircí cosanta sonraí iomchuí maidir leis na sonraí pearsanta a aistrítear agus a phróiseáiltear, i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe Airteagail 7, 8, 47 agus 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais.
3.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleacht bhuiséadach ar bhuiséad an Aontais.
4.EILIMINTÍ EILE
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
I gcomhréir iomlán le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus na treoracha caibidlíochta, soláthraítear sa Chomhaontú bunús dlí, coinníollacha agus coimircí le haghaidh aistriú sonraí PNR a fhaightear ó aeriompróirí ón Aontas chuig an Iorua agus le haghaidh phróiseáil na sonraí sin ag an Iorua:
Leagtar amach in Airteagal 1 raon feidhme agus cuspóirí an Chomhaontaithe.
In Airteagal 2 tá príomhshainmhínithe an Chomhaontaithe, inter alia ar ‘Aonad um Fhaisnéis faoi Phaisinéirí’ (PIU) na hIorua mar an t‑údarás inniúil ainmnithe atá freagrach as sonraí PNR a phróiseáil agus ar na téarmaí ‘an choireacht thromchúiseach’ agus ‘an sceimhlitheoireacht’, i gcomhréir leis an gcaoi ar sainíodh na coincheapa sin in ionstraimí ábhartha eile de chuid dhlí an Aontais;
Rialaítear le hAirteagal 3 modh agus minicíocht aistrithe sonraí PNR ag aerlínte chuig PIU na hIorua d’fhonn a áirithiú go gcoinneofar aistrithe sonraí PNR chomh híseal agus is féidir agus go mbeidh siad comhréireach leis an gcuspóir a shonraítear sa Chomhaontú.
Déantar foráil in Airteagal 4 maidir le réiteach teicniúil comhchoiteann tríd an deis a thabhairt don Iorua úsáid a bhaint as an ródaire API‑PNR a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2025/13 agus mar a bheartaítear le hAirteagal 10(c) den Rialachán sin.
In Airteagal 5 leagtar amach teorannú an chuspóra, i.e. cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, ar bhealach uileghabhálach i gcás gach próiseála PNR a chumhdaítear leis an gComhaontú.
In Airteagal 6, leagtar amach trí mhódúlacht shonracha maidir le próiseáil sonraí PNR a fhaigheann PIU na hIorua faoin gComhaontú.
Déantar foráil in Airteagal 7 maidir le coimircí breise chun ‘measúnú fíor‑ama’ a dhéanamh agus teorainn a chur le próiseáil uathoibrithe sonraí PNR.
Déantar foráil in Airteagal 8 maidir le toirmeasc ar chatagóirí speisialta sonraí PNR a phróiseáil i gcomhréir leis an gcaoi ar sainmhíníodh an coincheap sin in acquis an Aontais maidir le cosaint sonraí.
Déantar foráil in Airteagal 9 maidir le hardleibhéal slándála i ndáil le sonraí PNR a fhaightear faoin gComhaontú agus áirithítear leis go dtabharfar fógra faoi sháruithe ar shlándáil sonraí d’údarás maoirseachta um chosaint sonraí ainmnithe na hIorua.
Déantar foráil in Airteagal 10 maidir le logaí a choinneáil agus doiciméadú a dhéanamh ar phróiseáil PNR uile.
In Airteagal 11 tá rialacha maidir le stóráil shrianta sonraí PNR d’fhonn a áirithiú nach stóráiltear na sonraí sin níos faide ná mar is gá le haghaidh an chuspóra a shaothraítear leis an gComhaontú seo ná mar atá comhréireach leis an gcuspóir sin. I gcomhréir le cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ceanglaítear leis an bhforáil seo go mbeidh nasc oibiachtúil idir sonraí PNR atá le coinneáil agus cuspóirí an chomhaontaithe, agus go mbeidh tréimhsí stórála faoi réir athbhreithnithe tráthrialta ag PIU na hIorua.
Ceanglaítear le hAirteagal 12 ar PIU na hIorua sonraí PNR a dhíphearsantú tar éis 6 mhí ar a mhéad.
In Airteagal 13 tá rialacha agus coinníollacha maidir le sonraí PNR a nochtadh laistigh den Iorua, e.g. trí nochtadh den sórt sin a theorannú d’údaráis ag a bhfuil feidhmeanna a bhaineann le cuspóirí an Chomhaontaithe agus trína cheangal go dtabharfaidh údarás breithiúnach nó comhlacht neamhspleách eile formheas roimh ré maidir le nochtaí den sórt sin.
In Airteagal 14 tá rialacha agus coinníollacha maidir le sonraí PNR a nochtadh lasmuigh den Iorua agus an Aontas, e.g. trí nochtadh den sórt sin a theorannú do thríú tíortha a bhfuil comhaontuithe inchomparáide curtha i gcrích acu leis an Aontas nó a bhfuil cinneadh leordhóthanachta ábhartha glactha ag an Aontas ina leith agus trína cheangal go dtabharfaidh údarás breithiúnach nó comhlacht neamhspleách eile formheas roimh ré maidir le nochtaí den sórt sin.
Cothaítear le hAirteagal 15 comhar póilíneachta agus breithiúnach trí mhalartú sonraí PNR nó torthaí ó phróiseáil sonraí PNR idir PIU na hIorua agus PIUanna de chuid Ballstát den Aontas, agus idir PIU na hIorua, ar thaobh amháin, agus Europol nó Eurojust laistigh dá gcuid inniúlachtaí féin, ar an taobh eile.
Ceanglaítear le hAirteagal 16 ar an Iorua na cearta agus na hoibleagáidí céanna a chur i bhfeidhm agus atá in Treoir (AE) 2016/680 maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoin gComhaontú seo agus go ndéanfaidh údarás neamhspleách, arna bhunú i gcomhréir le cur chun feidhme na Treorach seo ag an Iorua, maoirseacht ar an bpróiseáil sin.
In Airteagal 17 tá oibleagáidí trédhearcachta agus faisnéise, lena n‑áirítear ceanglas chun fógra a thabhairt do dhaoine aonair maidir le nochtadh a sonraí PNR.
Déantar foráil in Airteagal 18 maidir le hoibleagáid ar an Iorua fógra a thabhairt faoi chéannacht PIU na hIorua agus an údaráis maoirseachta náisiúnta.
Déantar foráil in Airteagal 19 maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
Déantar foráil in Airteagal 20 maidir le sásra um réiteach díospóidí agus sásra fionraíochta.
Déantar foráil in Airteagal 21 maidir leis an deis atá ag ceachtar Páirtí an Comhaontú a fhoirceannadh tráth ar bith.
Déantar foráil in Airteagal 22 maidir le rialacha i ndáil leis an gComhaontú a leasú.
Déantar foráil in Airteagal 23 maidir le meastóireacht chomhpháirteach a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe.
Tá clásal in Airteagal 24 maidir le cur i bhfeidhm críochach an Chomhaontaithe.
2025/0145 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua (‘an Iorua’) maidir le sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) a aistriú chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2) agus Airteagal 87(2), pointe (a) i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a),
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)I gcomhréir le Cinneadh [XXX] ón gComhairle an […], síníodh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) a aistriú chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (‘an Comhaontú’) an […], faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.
(2)Leis an gComhaontú, cuirtear ar a gcumas d’aeriompróirí sonraí PNR a aistriú ón Aontas go dtí Ríocht na hIorua agus lánurraim á tabhairt do na cearta dá bhforáiltear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais, go háirithe an ceart chun saoil phríobháidigh agus saoil teaghlaigh a aithnítear in Airteagal 7 den Chairt agus an ceart go gcosnófaí sonraí pearsanta a aithnítear in Airteagal 8 den Chairt. Go háirithe, sa Chomhaontú tá coimircí iomchuí chun sonraí pearsanta arna n‑aistriú faoin gComhaontú a chosaint.
(3)Cothaítear leis an gComhaontú comhar póilíneachta agus breithiúnach idir údaráis inniúla Ríocht na hIorua agus údaráis inniúla Bhallstáit an Aontais chomh maith le Europol agus Eurojust, agus é d’aidhm aige sin a gcumais a neartú chun teorainneacha seachtracha a neartú chomh maith le slándáil inmheánach a áirithiú go héifeachtach in éagmais rialuithe ag teorainneacha inmheánacha laistigh de limistéar Schengen.
(4)[I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.] NÓ [I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn [, le litir an …,] gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo].
(5)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.
(6)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim [xxx] uaidh an [xx.xx.xxxx].
(7)Ba cheart an Comhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheastar leis seo an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) a aistriú chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (‘an Comhaontú’).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,12.6.2025
COM(2025) 279 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua (‘an Iorua’) maidir le sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) a aistriú chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh
IARSCRÍBHINN
COMHAONTÚ IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS RÍOCHT NA hIORUA MAIDIR LE SONRAÍ AS AN TAIFEAD AINMNEACHA PAISINÉIRÍ (PNR) A AISTRIÚ CHUN CIONTA SCEIMHLITHEOIREACHTA AGUS AN CHOIREACHT THROMCHÚISEACH A CHOSC, A BHRATH, A IMSCRÚDÚ AGUS A IONCHÚISEAMH
AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ nó ‘AE’ freisin anseo feasta,
agus
Ríocht na hIorua, dá ngairtear ‘an Iorua’ freisin anseo feasta,
dá ngairtear ‘na Páirtithe’ go comhpháirteach anseo feasta,
AGUS É Á AITHINT ACU gur cuspóir an leasa ghinearálta é cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus cearta an duine agus saoirsí bunúsacha á gcaomhnú an tráth céanna, go háirithe an ceart chun príobháideachais agus chun cosanta sonraí;
AGUS É Á AITHINT ACU gur comhpháirt riachtanach sa chomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí é an chomhroinnt faisnéise, agus sa chomhthéacs sin, gur ionstraim an‑thábhachtach í úsáid na sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun na spriocanna sin a shaothrú;
AGUS É Á AITHINT ACU an tábhacht atá le sonraí PNR agus faisnéis anailíseach ábhartha agus iomchuí ina bhfuil sonraí PNR a fuair Ceanada faoin gComhaontú seo a chomhroinnt le húdaráis inniúla phóilíneachta agus bhreithiúnacha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, Europol agus Eurojust mar bhealach chun comhar idirnáisiúnta póilíneachta agus breithiúnach a chothú;
AGUS IAD AG FÉACHAINT leis an gcomhar idir na Páirtithe maidir le PNR a fheabhsú agus a spreagadh trí mhalartú faisnéise agus comhar teicniúil idir saineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit agus Aonaid um Fhaisnéis faoi Phaisinéirí (PIUnna) Thíortha Comhlachaithe Schengen, go háirithe maidir le critéir réamhchinntithe a fhorbairt agus maidir le gnéithe eile de phróiseáil PNR;
AG FÉACHAINT DO Rún 2396 (2017) agus Rún 2482 (2019) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe lena n‑iarrtar ar na Stáit uile an cumas a fhorbairt chun sonraí PNR a bhailiú agus a phróiseáil agus do Chaighdeáin agus Cleachtais Mholta na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le sonraí PNR a bhailiú, a úsáid, a phróiseáil agus a chosaint a glacadh mar Leasú 28 ar Iarscríbhinn 9 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (Coinbhinsiún Chicago),
AGUS É Á MHEABHRÚ ACU go bhfuil freagracht chomhroinnte ar na Páirtithe slándáil inmheánach a áirithiú laistigh de limistéar Schengen, lena n‑áirítear trí fhaisnéis ábhartha a mhalartú, agus go soláthraítear leis an gComhaontú seo uirlis éifeachtach d’údaráis inniúla na bPáirtithe chun an sprioc sin a bhaint amach in éagmais rialú ag teorainneacha inmheánacha;
AGUS É Á AITHINT ACU nach bhfuil sé beartaithe feidhm a bheith ag an gComhaontú maidir le réamhaisnéis faoi phaisinéirí a bhailíonn agus a tharchuireann aeriompróirí chuig an Iorua chun críche rialaithe teorann;
AGUS AIRD Á TABHAIRT ar ghealltanais an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach i ndáil le cearta bunúsacha a urramú, an ceart chun príobháideachais maidir le sonraí pearsanta mar a shonraítear in Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, prionsabail na comhréireachta agus an riachtanais a bhaineann leis an gceart chun saoil phríobháidigh agus saoil teaghlaigh, an príobháideachas a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint faoi Airteagail 7 agus 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 8 de Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa Uimh. 108 chun Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch agus a Phrótacal breise 181;
AGUS É Á AITHINT ACU go bhfuil aistriú sonraí PNR ag aeriompróirí chuig an Iorua éigeantach faoi dhlí na hIorua;
AGUS É Á AITHINT ACU gurb í Treoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh an bunús atá le sonraí PNR a bheith á n‑aistriú ag aeriompróirí chuig údaráis inniúla na mBallstát. In éineacht le Rialachán 2016/679 agus Treoir 2016/680, áirithítear leis ardleibhéal cosanta do chearta bunúsacha, go háirithe na cearta chun príobháideachais agus chun sonraí pearsanta a chosaint;
AGUS É Á AITHINT ACU, i gcomhréir lena Comhaontú 1999 le Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir lena comhlachas le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen, gur ghlac an Iorua le Treoir (AE) 2016/680 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle, agus gur chuir sí an Treoir sin i bhfeidhm agus chun feidhme, ós rud é gurb ionann an Treoir sin agus forbairt ar acquis Schengen. Thairis sin, agus ós rud é go bhfuil feidhm ag cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2016/680 ag an Iorua maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoi ionstraimí dlí ar cuid de acquis Schengen iad, ba cheart a shoiléiriú go gcuimsítear freisin i gcur i bhfeidhm na Treorach ag an Iorua próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla faoin gComhaontú seo;
AGUS É Á AITHINT ACU go bhfuil sé d’oibleagáid ar aeriompróirí atá bunaithe nó a thairgeann a seirbhísí san Aontas Eorpach sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE, agus go bhfuil feidhm ag an Rialachán sin freisin sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) arna ionchorprú i gComhaontú LEE le Cinneadh 154/2018 ó Chomhchoiste LEE an 6 Iúil 2018;
AGUS É Á MHEABHRÚ ACU, go bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta, dá bhforáiltear in Airteagail 1(2), 28 agus 31 de Chomhaontú LEE, ag daoine sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), agus gur dócha gur cur isteach ar fheidhmiú na saorghluaiseachta sin a bheadh in aon chóras náisiúnta lena gceanglófaí ar aeriompróirí sonraí PNR a aistriú agus ar údaráis inniúla sonraí PNR a phróiseáil, agus, dá bhrí sin, nach bhfuil údar le haon chur isteach ar fheidhmiú na saoirse sin ach amháin i gcás ina bhfuil sé bunaithe ar bhreithnithe oibiachtúla agus i gcás ina bhfuil sé comhréireach leis an gcuspóir dlisteanach atá á shaothrú,
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
AIRTEAGAL 1
Cuspóir agus raon feidhme
(1)Is é is cuspóir don Chomhaontú seo a chur ar a gcumas d’aeriompróirí sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) a aistriú ón Aontas chuig an Iorua agus rialacha agus coinníollacha a leagan síos faoina bhféadfaidh an Iorua na sonraí PNR sin a phróiseáil.
(2)Is é is cuspóir don Chomhaontú seo freisin feabhas a chur ar an gcomhar póilíneachta agus breithiúnach idir an tAontas agus an Iorua i ndáil le sonraí PNR.
(3)Cumhdaítear le raon feidhme an Chomhaontaithe seo aeriompróirí a oibríonn eitiltí paisinéirí idir an tAontas agus an Iorua chomh maith le haeriompróirí a dhéanann sonraí a ionchorprú nó a stóráil san Aontas agus a oibríonn eitiltí chuig an Iorua nó uaithi.
AIRTEAGAL 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn ‘aeriompróir’ gnóthas aeriompair a bhfuil ceadúnas bailí oibríochta nó a choibhéis aige lena gceadaítear dó paisinéirí a iompar d’aer idir an tAontas agus an Iorua;
(2)ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ na húdaráis phoiblí atá freagrach faoi dhlí náisiúnta na hIorua as cionta sceimhlitheoireachta nó an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh;
(3)ciallaíonn ‘paisinéir’ aon duine, lena n‑áirítear duine atá i mbun traschuir nó idirthurais agus nach pearsanra criú iad, atá á n‑iompar nó le hiompar ag aerárthach le toiliú an aeriompróra, agus an toiliú sin léirithe le clárú an duine sin ar an liosta paisinéirí;
(4)Ciallaíonn ‘Aonad na hIorua um Fhaisnéise Faoi Phaisinéirí’ nó ‘PIU na hIorua’ an t‑údarás a bunaíodh nó a ainmníodh mar údarás atá freagrach as sonraí PNR a fháil agus a phróiseáil thar ceann na hIorua i gcomhréir le hAirteagal 6 den Chomhaontú seo;
(5)ciallaíonn ‘taifead ainmneacha paisinéirí’ (‘PNR’) taifead de riachtanais taistil gach paisinéara ina bhfuil an fhaisnéis is gá chun go bhféadfar áirithintí a phróiseáil agus a rialú tríd an áirithint agus trí na haeriompróirí rannpháirteacha le haghaidh gach turas a chuireann aon duine in áirithe nó a chuirtear in áirithe thar a cheann, cibé acu atá sé i gcórais áirithinte, sna córais rialaithe imeachta a úsáidtear chun paisinéirí a sheiceáil isteach ar eitiltí, nó córais chomhionanna lena soláthraítear na feidhmiúlachtaí céanna; go sonrach, mar a úsáidtear sa Chomhaontú seo, is iad na gnéithe a liostaítear go cuimsitheach in Iarscríbhinn I atá i gceist le sonraí PNR;
(6)ciallaíonn ‘an choireacht thromchúiseach’ na cionta is inphionóis le pianbhreith choimeádta uasta nó le hordú coinneála 3 bliana ar a laghad faoi dhlí náisiúnta na hIorua a bhfuil nasc oibiachtúil acu, fiú más nasc indíreach é, le hiompar paisinéirí d’aer;
(7)ciallaíonn ‘cionta sceimhlitheoireachta’:
(a)gníomh nó neamhghníomh a dhéantar a bhfuil cuspóir nó cúis pholaitiúil, reiligiúnach nó idé‑eolaíoch leis agus a bhfuil sé beartaithe leis an pobal a imeaglú a mhéid a bhaineann lena shlándáil, lena n‑áirítear a shlándáil eacnamaíoch, nó gníomh nó neamhghníomh a dhéantar a bhfuil sé beartaithe leis iallach a chur ar dhuine, rialtas, eagraíocht intíre nó idirnáisiúnta gníomh a dhéanamh nó staonadh ó ghníomh a dhéanamh, agus lena ndéantar na nithe seo a leanas d’aon ghnó: (i) gníomh nó neamhghníomh ar cúis bháis nó mórdhíobhála coirp é; (ii) gníomh nó neamhghníomh a chuireann saol duine aonair i mbaol; (iii) gníomh nó neamhghníomh ar cúis le riosca tromchúiseach do shláinte nó do shábháilteacht an phobail é; (iv) gníomh nó neamhghníomh ar cúis le damáiste substaintiúil do mhaoin ar dócha go mbeadh an díobháil dá dtagraítear in (i) go (iii) mar thoradh air; nó (v) gníomh nó neamhghníomh ar cúis le cur isteach tromchúiseach ar sheirbhís, saoráid nó córas fíor‑riachtanach é, seachas mar thoradh ar abhcóideacht, agóid, easaontas nó stad oibre atá dleathach nó neamhdhleathach, amhail stailc, nach bhfuil sé beartaithe leis go mbeadh an díobháil dá dtagraítear in (i) go (iii) mar thoradh air; nó
(b)gníomhaíochtaí ar cion iad laistigh de raon feidhme na gcoinbhinsiún agus na bprótacal idirnáisiúnta is infheidhme a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht agus mar a shainmhínítear iad sna coinbhinsiúin agus sna prótacail sin; nó
(c)páirt a ghlacadh go feasach in aon ghníomhaíocht lena gcuirfí feabhas ar chumas eintitis sceimhlitheoireachta gníomh nó neamhghníomh a ndéantar cur síos air in (a) nó (b) a éascú nó a dhéanamh, nó rannchuidiú le gníomhaíocht den sórt sin, nó treoir a thabhairt do dhuine, do ghrúpa, nó d’eagraíocht gníomhaíocht den sórt sin a dhéanamh; nó
(d)cion indíotáilte a dhéanamh i gcás ina ndéantar an gníomh nó an neamhghníomh chun tairbhe eintitis sceimhlitheoireachta, faoina threoir nó i gcomhlachas leis; nó
(e)maoin a bhailiú nó a iarraidh ar dhuine, grúpa nó eagraíocht chun maoin nó seirbhísí airgeadais nó seirbhísí gaolmhara eile a chur ar fáil chun gníomh nó neamhghníomh a thuairiscítear in (a) nó (b) a dhéanamh, nó maoin a úsáid nó a shealbhú chun gníomh nó neamhghníomh a thuairiscítear in (a) nó (b) a dhéanamh; nó
(f)iarracht a dhéanamh, nó bagairt a dhéanamh, gníomh nó neamhghníomh a thuairiscítear in (a) nó (b) a dhéanamh, comhcheilg, éascú, treoir a thabhairt nó comhairleoireacht a dhéanamh i ndáil le gníomh nó neamhghníomh a thuairiscítear in (a) nó (b), nó a bheith ina ghabhálas tar éis an gníomh nó an neamhghníomh a thuairiscítear in (a) nó (b) a dhéanamh, nó tearmannú nó ceilt a dhéanamh chun críche eintiteas sceimhlitheoireachta a chumasú gníomh nó neamhghníomh a thuairiscítear in (a) nó (b) a éascú nó a dhéanamh. nó
(g)taisteal chuig an Iorua nó ó Bhallstát den Aontas chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh, nó chun rannchuidiú lena dhéanamh de réir bhrí litreacha a) nó b), nó chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí eintitis sceimhlitheoireachta de réir bhrí mhír (8) agus fios ag an duine go rannchuideoidh an rannpháirtíocht sin le gníomhaíochtaí coiriúla an eintitis sceimhlitheoireachta.
(8)ciallaíonn ‘eintiteas sceimhlitheoireachta’: duine, grúpa nó eagraíocht ar ceann dá chuspóirí nó dá ghníomhaíochtaí gníomh nó neamhghníomh a thuairiscítear i mír 7, pointe (a) nó (b) a éascú nó a dhéanamh; nó (ii) duine, grúpa nó eagraíocht a ghníomhaíonn, go feasach, thar ceann an duine, an ghrúpa nó na heagraíochta sin a luaitear in (i), a ghníomhaíonn faoina threoir nó faoina treoir nó a ghníomhaíonn in éineacht leis nó léi.
CAIBIDIL II
AISTRIÚ SONRAÍ PNR
AIRTEAGAL 3
Modh agus minicíocht an aistrithe
(1)Áiritheoidh an Iorua go n‑aistreoidh aeriompróirí sonraí PNR chuig PIU na hIorua go heisiach trí na sonraí PNR is gá a tharchur chuig bunachar sonraí an údaráis iarrthaigh (‘an modh brú’) agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta seo a leanas atá le comhlíonadh ag aeriompróirí:
(a)trí mheán leictreonach i gcomhréir le ceanglais theicniúla PIU na hIorua nó, i gcás ina dtarlaíonn cliseadh teicniúil, trí aon mheán iomchuí eile lena n‑áirithítear leibhéal iomchuí slándála sonraí;
(b)trí úsáid a bhaint as formáid teachtaireachta a nglactar léi go frithpháirteach, ar bhealach slán agus úsáid á baint as prótacail choiteanna mar a cheanglaíonn PIU na hIorua;
(c)go díreach nó trí ghníomhairí údaraithe a ghníomhaíonn thar ceann aeriompróra agus faoina fhreagracht, chun críoch na gcoinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú seo agus faoi na coinníollacha sin.
(2)Ní cheanglóidh an Iorua ar aeriompróirí eilimintí de shonraí PNR a sholáthar nach bhfuil á gcoinneáil cheana féin, nó nach bhfuil bailithe ag aeriompróirí chun a gcríoch áirithinte nó le haghaidh ghnáthchúrsa a ngnó.
(3)Áiritheoidh an Iorua go scriosfaidh PIU na hIorua aon eilimint sonraí arna haistriú chuige ag aeriompróir de bhun an Chomhaontaithe seo ar shonraí PNR a fháil, mura liostaítear an eilimint sonraí sin in Iarscríbhinn I.
(4)Áiritheoidh an Iorua go gceanglóidh PIU na hIorua ar aeriompróirí sonraí PNR a aistriú ar an mbealach seo a leanas:
(a)ar bhonn sceidealaithe agus an pointe is luaithe a bheith suas le 48 uair roimh an imeacht sceidealta; agus
(b)5 huaire ar a mhéad, i gcás eitilte ar leith.
(5)Ceadóidh an Iorua d’aeriompróirí an t‑aistriú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 4 a theorannú do nuashonruithe ar na sonraí PNR arna n‑aistriú dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír sin.
(6)Áiritheoidh an Iorua go gcuirfidh PIU na hIorua aeriompróirí ar an eolas faoi na hamanna sonraithe le haghaidh na n‑aistrithe.
(7)I gcásanna sonracha ina léirítear go bhfuil gá le rochtain bhreise chun freagairt do bhagairt shonrach a bhaineann leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 5, féadfaidh PIU na hIorua a cheangal ar aeriompróir sonraí PNR a chur ar fáil roimh na haistrithe sceidealta, idir na haistrithe sceidealta nó ina ndiaidh. Agus an discréid sin á feidhmiú aige, gníomhóidh an Iorua go breithiúnach agus go comhréireach agus ceanglóidh sé go n‑úsáidfear an modh aistrithe a thuairiscítear in Airteagal 1.
AIRTEAGAL 4
Ródaire API‑PNR
(1)Féadfaidh na Páirtithe a chinneadh go bhféadfaidh an Iorua a cheangal ar aeriompróirí sonraí PNR a aistriú chuig PIU na hIorua trí bhíthin ródaire API‑PNR a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2025/13. Sa chás sin, déanfaidh an Iorua an méid seo a leanas:
(a)ní cheanglóidh sí ar aeriompróirí sonraí PNR a aistriú trí aon mheán eile;
(b)beidh sí faoi cheangal ag na rialacha maidir le feidhmiú agus na coinníollacha a bhaineann le húsáid ródaire den sórt sin a bhunaítear leis an Rialachán sin, de mhaolú ar Airteagail 3(1), (4) agus (6).
(2)Tabharfaidh an Iorua fógra don Aontas faoina hiarraidh ar úsáid a bhaint as an ródaire. Glacfaidh an tAontas leis an iarraidh sin i scríbhinn trí chainéil taidhleoireachta.
(3)Tabharfaidh an tAontas fógra i scríbhinn don Iorua trí bhealaí taidhleoireachta faoi aon leasú ar Rialachán (AE) 2025/13 a dhéanann difear do na rialacha maidir le feidhmiú agus na coinníollacha maidir le húsáid a bhaint as ródaire API‑PNR. Laistigh de 120 lá ón bhfógra sin a fháil, féadfaidh an Iorua fógra a thabhairt don Aontas i scríbhinn go bhfuil sé ar intinn aici scor d’úsáid a bhaint as an ródaire trí bhealaí taidhleoireachta. Sa chás sin, rachaidh na Páirtithe i mbun comhairliúchán mar a fhoráiltear i mír 1 d’Airteagal 23 agus leanfaidh Airteagal 3(1), (4) agus (6) d’fheidhm a bheith acu.
CAIBIDIL III
PNR A PHRÓISEÁIL AGUS A CHOSAINT
AIRTEAGAL 5
Cuspóir próiseáil PNR
Áiritheoidh an Iorua go ndéanfar sonraí PNR a fhaightear de bhun an Chomhaontaithe seo a phróiseáil chun cionta sceimhlitheoireachta nó an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus chun na críche sin amháin.
AIRTEAGAL 6
Módúlachtaí próiseáil PNR
Féadfaidh PIU na hIorua sonraí PNR a phróiseáil go heisiach trí bhíthin na módúlachtaí sonracha próiseála seo a leanas:
(a)measúnú a dhéanamh ar phaisinéirí roimh a dteacht isteach sceidealaithe san Iorua nó a n‑imeacht sceidealaithe as an Iorua chun daoine a shainaithint ar gá do na húdaráis inniúla scrúdú breise a dhéanamh orthu, i bhfianaise go bhféadfadh na daoine sin a bheith páirteach i gcion sceimhlitheoireachta nó sa choireacht thromchúiseach i gcomhréir le hAirteagal 7 (measúnú ‘fíor‑ama’);
(b)cuardach a dhéanamh i mbunachar sonraí na sonraí PNR arna gcoinneáil d’fhonn freagra a thabhairt, ar bhonn cás ar chás, ar iarraidh chuí‑réasúnaithe arna cur isteach de bhun Airteagail 13 agus 14, agus, i gcás inarb iomchuí, aon sonraí PNR ábhartha nó torthaí a bpróiseála a nochtadh;
(c)anailís a dhéanamh ar shonraí PNR chun critéir nua a thabhairt cothrom le dáta, a thástáil nó a chruthú, ar critéir iad a bheidh le húsáid sna measúnuithe a dhéanfar faoi phointe (b) de mhír 1 d’Airteagal 7, chun aon duine a d’fhéadfadh a bheith páirteach i gcion sceimhlitheoireachta nó sa choireacht thromchúiseach a shainaithint.
AIRTEAGAL 7
Measúnú fíor‑ama
(1)Agus measúnú dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 6 á dhéanamh aige, féadfaidh PIU na hIorua an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)sonraí PNR a chur i gcomparáid le bunachair sonraí maidir le daoine nó ábhair atá á lorg nó faoi fholáireamh, agus iad sin amháin, i gcomhréir le rialacha an Aontais, rialacha idirnáisiúnta agus náisiúnta is infheidhme maidir le bunachair sonraí den sórt sin; agus
(b)sonraí PNR a phróiseáil de réir critéir réamhbhunaithe.
(2)Áiritheoidh an Iorua go mbeidh na bunachair sonraí dá dtagraítear i mír 1(a) neamh‑idirdhealaitheach, iontaofa, cothrom le dáta agus teoranta dóibh siúd a mbaineann údaráis inniúla na hIorua úsáid astu i ndáil leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 5 agus atá ábhartha do na cuspóirí sin.
(3)Áiritheoidh an Iorua go mbeidh aon mheasúnú ar shonraí PNR dá dtagraítear i mír 1(b) bunaithe ar shamhlacha agus ar chritéir réamhbhunaithe atá neamh‑idirdhealaitheach, sonrach agus iontaofa chun a chur ar a chumas do PIU na hIorua teacht ar thorthaí atá dírithe ar dhaoine aonair a d’fhéadfadh amhras réasúnach a bheith ann fúthu go bhfuil siad rannpháirteach i gcionta sceimhlitheoireachta nó sa choireacht thromchúiseach. Áiritheoidh an Iorua nach bhfuil na critéir sin bunaithe i gcás ar bith ar chine nó bunús eitneach duine, ar thuairimí polaitíochta, reiligiún nó creideamh fealsúnach, ar bhallraíocht ceardchumainn, ar shláinte, ar chleachtadh gnéis ná ar ghnéaschlaonadh.
(4)Áiritheoidh an Iorua go ndéanfaidh PIU na hIorua athbhreithniú aonair ar aon mheaitseáil dhearfach a eascraíonn as próiseáil fíor‑ama sonraí PNR trí mhodhanna neamh‑uathoibrithe.
AIRTEAGAL 8
Catagóirí speisialta sonraí
(1)Aon phróiseáil sonraí PNR lena nochtar tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, nó ballraíocht i gceardchumann, agus próiseáil sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, sonraí a bhaineann leis an t sláinte nó sonraí a bhaineann le saol gnéis nó le gnéaschlaonadh duine nádúrtha, beidh sé toirmiscthe faoin gComhaontú seo.
(2)A mhéid a bhfuil catagóirí speisialta sonraí pearsanta den sórt sin sna sonraí PNR a fhaigheann PIU na hIorua faoin gComhaontú seo, scriosfaidh PIU na hIorua na sonraí sin láithreach.
AIRTEAGAL 9
Slándáil agus sláine sonraí
(1)Áiritheoidh an Iorua go ndéanfar sonraí PNR a fhaightear faoin gComhaontú seo a phróiseáil ar bhealach lena n‑áirithítear ardleibhéal slándála sonraí atá iomchuí do na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil agus le cineál na sonraí PNR a fhaightear faoin gComhaontú seo. Go háirithe, déanfaidh PIU na hIorua an méid seo a leanas:
(a)bearta agus nósanna imeachta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur chun feidhme chun an leibhéal slándála sin a áirithiú;
(b)nósanna imeachta criptiúcháin, údaraithe agus doiciméadachta a chur i bhfeidhm maidir le sonraí PNR;
(c)rochtain ar shonraí PNR a theorannú go baill foirne; agus
(d)sonraí PNR a stóráil i dtimpeallacht fhisiceach shlán a chosnaítear le rialuithe rochtana.
(2)2.
Áiritheoidh an Iorua go bhfuil aon sárú ar shlándáil sonraí, go háirithe aon sárú a mbeidh scriosadh de thaisme nó go neamhdhleathach nó cailleadh, athrú, nochtadh nó rochtain neamhúdaraithe nó de thaisme, nó próiseáil neamhdhleathach d’aon chineál mar thoradh air, faoi réir bearta ceartaitheacha éifeachtacha athchomhairleacha.
(3)3.
Tuairisceoidh an Iorua aon sárú ar shlándáil sonraí don údarás maoirseachta náisiúnta arna bhunú de bhun Airteagal 41 de Threoir (AE) 2016/680.
AIRTEAGAL 10
Próiseáil sonraí PNR a logáil agus a dhoiciméadú
(1)Déanfaidh PIU na hIorua gach próiseáil ar shonraí PNR a logáil agus a dhoiciméadú. Ní úsáidfidh an Iorua comhad loga ná doiciméad ach amháin chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)féinfhaireachán a dhéanamh agus dlíthiúlacht na próiseála sonraí a fhíorú;
(b)sláine chuí sonraí nó feidhmiúlacht chuí an chórais a áirithiú;
(c)slándáil na próiseála sonraí a áirithiú; agus
(d)formhaoirseacht agus cuntasacht an riaracháin phoiblí a áirithiú.
(2)Cuirfear logaí nó doiciméadacht a choimeádtar faoi mhír 1 in iúl, arna iarraidh sin, don údarás maoirseachta náisiúnta nach n‑úsáidfidh an fhaisnéis sin ach amháin chun maoirseacht a dhéanamh ar chosaint sonraí agus chun próiseáil cheart sonraí chomh maith le sláine agus slándáil sonraí a áirithiú.
CAIBIDIL IV
STÓRÁIL AGUS NOCHTADH SONRAÍ PNR
AIRTEAGAL 11
Tréimhsí stórála
(1)Áiritheoidh an Iorua an méid seo a leanas maidir le stóráil sonraí PNR a fhaightear faoin gComhaontú:
(a)nach stórálfar iad ach amháin fad atá nasc oibiachtúil ann, fiú ceann indíreach, idir na sonraí PNR a stóráiltear agus ceann amháin ar a laghad de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 5; agus
(b)go stórálfar iad i gcás ar bith ar feadh tréimhsí nach faide ná 5 bliana.
(2)De bhun mhír 1, ní fhéadfaidh PIU na hIorua sonraí PNR na n‑aerphaisinéirí uile a stóráil ach ar feadh tréimhse tosaigh a bheidh foráil le déanamh maidir léi ina dhlí náisiúnta. Ní rachaidh fad na tréimhse tosaigh sin thar a bhfuil fíor‑riachtanach chun go bhféadfaidh an PIU na cuardaigh dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(b) a dhéanamh, chun daoine a shainaithint nach raibh amhras ann cheana go raibh baint acu le cionta sceimhlitheoireachta nó leis an gcoireacht thromchúiseach ar bhonn an mheasúnaithe fíor‑ama de bhun Airteagal 6(1)(a).
(3)Tar éis na tréimhse tosaigh dá dtagraítear i mír 2, ní fhéadfaidh PIU na hIorua sonraí PNR a stóráil ach amháin más sonraí PNR paisinéirí a bhfuil fianaise oibiachtúil ann ina leith lena mbunaítear riosca a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta nó leis an gcoireacht thromchúiseach iad.
(4)Áiritheoidh an Iorua go ndéanfaidh PIU na hIorua athbhreithniú ar an ngá atá le stóráil leanúnach sonraí PNR de bhun mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, ar bhonn tráthrialta.
(5)Ar dhul in éag na tréimhse stórála iomchuí, áiritheoidh an Iorua go ndéanfar sonraí PNR a scriosadh go neamh‑inchúlghairthe nó go ndéanfar sonraí anaithnide díobh ar bhealach nach féidir na hábhair sonraí lena mbaineann a shainaithint a thuilleadh.
(6)D’ainneoin mhír 1(b), féadfaidh an Iorua stóráil sonraí PNR a cheadú, ar sonraí iad a bhfuil gá leo chun athbhreithniú, imscrúdú, gníomhaíocht forfheidhmiúcháin, imeacht breithiúnach, ionchúiseamh, nó forfheidhmiú pionós a dhéanamh, go dtí go dtabharfar an próiseas ábhartha i gcrích.
AIRTEAGAL 12
Díphearsantú
(1)Déanfaidh PIU na hIorua sonraí PNR a dhíphearsantú 6 mhí ar a mhéad tar éis sonraí PNR a fháil. Déanfaidh sé amhlaidh trí na heilimintí sonraí seo a leanas a cheilt, ar eilimintí sonraí iad a bhféadfaí an paisinéir lena mbaineann na sonraí PNR a shainaithint go díreach leo:
(a)ainm(neacha), lena n‑áirítear ainmneacha paisinéirí eile ar an PNR agus líon na bpaisinéirí ar an PNR atá ag taisteal le chéile;
(b)seoladh agus faisnéis teagmhála;
(c)gach cineál faisnéise íocaíochta, lena n‑áirítear seoladh billeála, sa mhéid go bhfuil aon fhaisnéis ann a bhféadfaí an paisinéir lena mbaineann na sonraí PNR nó aon duine eile a shainaithint go díreach leis;
(d)faisnéis maidir le dílseacht eitilte;
(e)nótaí ginearálta sa mhéid go bhfuil aon fhaisnéis iontu lena bhféadfaí an paisinéir lena mbaineann na sonraí PNR a shainaithint go díreach: agus
(f)aon sonraí API atá bailithe.
(2)Ní fhéadfaidh PIU na hIorua na heilimintí sonraí dá dtagraítear i mír 1 a nochtadh ach amháin chun críocha Airteagal 5 agus faoi choinníollacha Airteagail 13 nó 14.
AIRTEAGAL 13
Nochtadh laistigh den Iorua
(1)Agus freagra á thabhairt ar iarraidh chuí‑réasúnaithe arna seoladh ag údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 6(b), ní nochtfaidh PIU na hIorua, ar bhonn cás ar chás, sonraí PNR nó torthaí a bpróiseála, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a)tá gá le nochtadh den sórt sin chun ceann de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 5 a bhaint amach;
(b)ní nochtfar ach an t‑íosmhéid sonraí PNR is gá;
(c)tugann an t‑údarás inniúil is faighteoir cosaint atá coibhéiseach leis na coimircí ar a dtugtar tuairisc sa Chomhaontú seo;
(d)tá an nochtadh formheasta ag údarás breithiúnach nó comhlacht neamhspleách eile atá inniúil faoin dlí náisiúnta chun a fhíorú an gcomhlíontar na coinníollacha maidir le nochtadh.
(2)De mhaolú ar phointe (d) de mhír 1, féadfaidh PIU na hIorua sonraí PNR a nochtadh i gcásanna práinne a bhfuil údar cuí leo gan athbhreithniú ná formheas roimh ré. I gcásanna den sórt sin, ní mór an t‑athbhreithniú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a dhéanamh laistigh de thréimhse ghearr.
(3)Áiritheoidh an Iorua nach nochtfaidh an t‑údarás inniúil is faighteoir sonraí PNR d’údarás eile ach amháin má údaraíonn PIU na hIorua an nochtadh go sainráite.
AIRTEAGAL 14
Nochtadh laistigh den Iorua agus den Aontas
(1)Agus freagra á thabhairt ar iarraidh chuí‑réasúnaithe arna seoladh ag údarás inniúil tíortha seachas Ballstáit an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 6(b), ní nochtfaidh PIU na hIorua, ar bhonn cás ar chás, sonraí PNR nó torthaí a bpróiseála, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a)tá gá le nochtadh den sórt sin chun ceann de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 5 a bhaint amach;
(b)ní nochtfar ach an t‑íosmhéid sonraí PNR is gá;
(c)tá an tír a bhfuiltear leis na sonraí a nochtadh di tar éis Comhaontú a thabhairt i gcrích leis an Aontas Eorpach lena bhforáiltear do chosaint sonraí pearsanta atá inchomparáide leis an gComhaontú seo nó atá faoi réir cinneadh ón gCoimisiún Eorpach de bhun dhlí an Aontais Eorpaigh, lena gcinntear go n‑áirithíonn an tír sin leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí de réir bhrí dhlí an Aontais.
(d)tá an nochtadh formheasta ag údarás breithiúnach nó comhlacht neamhspleách eile atá inniúil faoin dlí náisiúnta chun a fhíorú an gcomhlíontar na coinníollacha maidir le nochtadh.
(2)De mhaolú ar mhír 1(c), féadfaidh PIU na hIorua sonraí PNR a nochtadh le tír eile má mheasann sé go bhfuil an nochtadh riachtanach chun garbhagairt thromchúiseach ar an tslándáil phoiblí a chosc nó a imscrúdú agus má thugann an tír sin dearbhú i scríbhinn, de bhun socraithe, comhaontaithe nó eile, go gcosnófar an fhaisnéis i gcomhréir leis na coimircí a leagtar amach sa Chomhaontú seo.
(3)De mhaolú ar mhír 1(d), féadfaidh PIU na hIorua sonraí PNR a nochtadh i gcásanna práinne a bhfuil údar cuí leo gan athbhreithniú agus formheas roimh ré. I gcásanna den sórt sin, ní mór an t‑athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh laistigh de thréimhse ghearr.
AIRTEAGAL 15
Faisnéis a bhaineann le PNR a mhalartú
(1)Roinnfidh PIU na hIorua le Europol nó le Eurojust, laistigh de raon feidhme a sainorduithe faoi seach, nó le PIUnna na mBallstát, na torthaí ó phróiseáil na sonraí sin, nó faisnéis anailíseach bunaithe ar shonraí PNR a luaithe is féidir agus i gcásanna sonracha inar gá chun sceimhlitheoireacht nó an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh. Roinnfidh PIU na hIorua an fhaisnéis sin ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Europol nó Eurojust, laistigh de raon feidhme a sainorduithe faoi seach, nó do PIUnna na mBallstát.
(2)Roinnfidh PIUnna na mBallstát le PIU na hIorua na torthaí ó phróiseáil na sonraí sin, nó faisnéis anailíseach bunaithe ar shonraí PNR a luaithe is féidir agus i gcásanna sonracha inar gá chun sceimhlitheoireacht nó an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh. Roinnfidh PIUnna na mBallstát an fhaisnéis sin ar a dtionscnamh féin nó arna iarraidh sin do PIU na hIorua.
(3)Áiritheoidh na Páirtithe go roinnfear an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 i gcomhréir le rialacha is infheidhme maidir le comhar i bhforfheidhmiú an dlí nó le comhroinnt faisnéise idir an Iorua agus Europol nó Eurojust, nó an Ballstát lena mbaineann. Go háirithe, déanfar faisnéis a mhalartú le Europol faoin Airteagal seo trí chainéal slán cumarsáide arna bhunú chun faisnéis a mhalartú.
CAIBIDIL V
COSAINT SONRAÍ
AIRTEAGAL 16
Cearta agus oibleagáidí faoi Threoir (AE) 2016/680
(1)Áiritheoidh an Iorua, i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun críocha an Chomhaontaithe seo, go gcuirfidh sí i bhfeidhm na cearta agus na hoibleagáidí céanna le Treoir (AE) 2016/680, lena n‑áirítear aon leasú orthu ar ghlac an Iorua leis agus a chuir sí chun feidhme i gcomhréir leis an gComhaontú a thug Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Íoslainn agus an Iorua i gcrích maidir le comhlachas na hÍoslainne le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt.
(2)Déanfaidh údarás maoirseachta neamhspleách arna bhunú i gcomhréir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2016/680 ag an Iorua maoirseacht ar phróiseáil sonraí pearsanta ag PIU na hIorua, lena n‑áirítear aon leasú uirthi ar ghlac an Iorua leis agus a chuir sí chun feidhme i gcomhréir leis an gComhaontú a thug Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Íoslainn agus an Iorua i gcrích maidir le comhlachas na hIorua le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt.
(3)Tá an tAirteagal seo gan dochar do chur i bhfeidhm aon fhoráil níos sonraí sa Chomhaontú seo a bhaineann le sonraí PNR a phróiseáil.
AIRTEAGAL 17
Trédhearcacht agus faisnéis
(1)Áiritheoidh an Iorua go gcuirfidh PIU na hIorua an fhaisnéis seo a leanas ar fáil ar a shuíomh gréasáin:
(a)liosta den reachtaíocht lena n‑údaraítear aistriú sonraí PNR ag aeriompróirí;
(b)an chúis le sonraí PNR a bhailiú agus a stóráil;
(c)an bealach a ndéanfar na sonraí PNR a phróiseáil agus a chosaint;
(d)an modh agus an méid a fhéadfar na sonraí PNR a nochtadh d’údaráis inniúla eile; agus
(e)faisnéis teagmhála le haghaidh fiosrúchán.
(2)Oibreoidh an Iorua le tríú páirtithe leasmhara, amhail an tionscal eitlíochta agus aerthaistil, chun trédhearcacht a chur chun cinn, tráth na háirithinte, maidir leis na cúiseanna atá le sonraí PNR a bhailiú agus a phróiseáil, agus maidir leis an gcaoi chun rochtain, ceartú agus sásamh a iarraidh.
(3)Más rud é gur nochtadh i gcomhréir le hAirteagal 13 nó le hAirteagal 14 sonraí PNR arna gcoinneáil i gcomhréir le hAirteagal 11, cuirfidh an Iorua na paisinéirí lena mbaineann ar an eolas, agus iarrachtaí réasúnta á gcur san áireamh, trí bhíthin na módúlachtaí a leagtar amach de bhun Airteagal 13(2)(d) de Threoir 2016/680, agus laistigh de thréimhse réasúnta a luaithe nach dócha a thuilleadh go gcuirfidh an fógra sin imscrúduithe na n‑údarás poiblí lena mbaineann i mbaol a mhéid atá sonraí teagmhála ábhartha na bpaisinéirí ar fáil nó a mhéid is féidir iad a aisghabháil.
CAIBIDL VI
FORALACHA CRÍOCHNAITHEACHA
AIRTEAGAL 18
Fógraí
(1)Tabharfaidh an Iorua fógra don Aontas trí bhealaí taidhleoireachta maidir le céannacht na n‑údarás seo a leanas:
(a)PIU na hIorua dá dtagraítear in Airteagal 2(4);
(b)Údarás maoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 9(3).
(2)Tabharfaidh an Iorua fógra gan mhoill faoi aon athrú ar chéannacht na n‑údarás dá dtagraítear i mír 1.
(3)Cuirfidh an tAontas an fhaisnéis sin ar fáil don phobal.
AIRTEAGAL 19
Teacht i bhfeidhm
(1)Déanfaidh na Páirtithe an Comhaontú seo a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin.
(2)Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den mhí ina dhiaidh sin ón dáta a gheofar an fógra i scríbhinn lenar thug an Iorua fógra faoi chéannacht na n‑údarás dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 18 nó faoi na fógraí i scríbhinn lenar thug na Páirtithe fógra dá chéile trí bhealaí taidhleoireachta go bhfuil na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 curtha i gcrích, cibé acu is déanaí.
AIRTEAGAL 20
Réiteach díospóidí agus fionraí
(1)Réiteoidh na Páirtithe aon díospóid maidir le léirmhíniú, cur i bhfeidhm nó cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo trí chomhairliúcháin d’fhonn teacht ar réiteach a bheidh inghlactha go frithpháirteach, lena n‑áirítear deis a thabhairt do cheachtar Páirtí comhlíonadh laistigh de thréimhse réasúnta.
(2)Féadfaidh ceachtar Páirtí cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Pháirtí eile trí bhealaí taidhleoireachta. Ní thabharfar fógra i scríbhinn den sórt sin go dtí go mbeidh na Páirtithe páirteach i gcomhairliúchán ar feadh tréimhse réasúnta. Tiocfaidh an fhionraí i bhfeidhm 2 mhí ó dháta an fhógra sin, mura gcinnfidh na Páirtithe a mhalairt go comhpháirteach.
(3)An Páirtí a chuir an Comhaontú seo ar fionraí, cuirfidh sé an Páirtí eile ar an eolas láithreach faoin dáta a atosófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, a luaithe a mheasann sé nach bhfuil feidhm ag cúiseanna na fionraí a thuilleadh. Tabharfaidh an Páirtí a chuirfidh an Comhaontú ar fionraí fógra i scríbhinn don Pháirtí eile.
(4)Leanfaidh an Iorua de théarmaí an Chomhaontaithe seo a chur i bhfeidhm maidir leis na sonraí PNR uile a fhaightear sula gcuirfear an Comhaontú seo ar fionraí.
AIRTEAGAL 21
Foirceannadh
(1)Féadfaidh ceachtar Páirtí an Comhaontú seo a fhoirceannadh tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn a thabhairt trí bhealaí taidhleoireachta. Gabhfaidh éifeacht leis an bhfoirceannadh 3 mhí tar éis an dáta a fhaightear an fógra i scríbhinn.
(2)Má thugann ceachtar Páirtí fógra foirceanta faoin Airteagal seo, cinnfidh na Páirtithe cé na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar aon chomhar arna thionscnamh faoin gComhaontú seo a thabhairt i gcrích ar bhealach iomchuí.
(3)Leanfaidh an Iorua de théarmaí an Chomhaontaithe seo a chur i bhfeidhm maidir leis na sonraí PNR uile a fhaightear sula bhfoirceanntar an Comhaontú seo.
AIRTEAGAL 22
Leasuithe
(1)Féadfar an Comhaontú seo a leasú tráth ar bith trí thoiliú frithpháirteach idir na Páirtithe. Tiocfaidh na leasuithe ar an gComhaontú seo i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 19.
(2)Féadfar an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú seo a thabhairt cothrom le dáta, de chomhthoil idir na Páirtithe, arna chur in iúl trí fhógra i scríbhinn a mhalartaítear trí bhealaí taidhleoireachta. Tiocfaidh nuashonruithe den sórt sin i bhfeidhm an dáta dá dtagraítear in Airteagal 19(2).
AIRTEAGAL 23
Comhairliúchán agus meastóireacht
(1)Rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile maidir le saincheisteanna a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo. Cuirfidh siad in iúl dá chéile aon bheart a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don Chomhaontú seo.
(2)Déanfaidh na Páirtithe meastóireacht chomhpháirteach ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo má iarrann ceachtar Páirtí amhlaidh agus má chinntear go comhpháirteach é. Agus an t‑athbhreithniú sin á dhéanamh acu, tabharfaidh na Páirtithe aird ar leith ar an ngá atá le sonraí PNR a phróiseáil le haghaidh gach ceann de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 5 agus ar chomhréireacht na próiseála sin. Déanfaidh na Páirtithe cinneadh roimh mhódúlachtaí na meastóireachtaí sin.
AIRTEAGAL 24
Cur i bhfeidhm críochach
(1)Beidh feidhm ag an gComhaontú seo maidir le críoch an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus maidir le críoch na hIorua.
(2)Faoi dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, tabharfaidh an tAontas Eorpach fógra don Iorua faoi na Ballstáit a bhfuil feidhm ag an gComhaontú seo maidir lena gcríocha. Féadfaidh sé ina dhiaidh sin, tráth ar bith, fógra a thabhairt faoi aon athrú air sin.
Déanfar an Comhaontú seo a dhréachtú i ndúblach, sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, san Ioruais, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag an téacs i ngach ceann de na teangacha sin. I gcás ina mbeidh aon éagsúlacht idir téacsanna an Chomhaontaithe seo, is ag an téacs Béarla a bheidh an forlámhas.
[sínithe]
IARSCRÍBHINN
GNÉITHE SONRAÍ AS AN TAIFEAD AINMNEACHA PAISINÉIRÍ
DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2(5)
1. aimsitheoir taifid PNR
2. Dáta na háirithinte/dáta eisiúna an ticéid
3. Dáta nó dátaí an taistil atá beartaithe
4. Ainm (nó ainmneacha)
5. Seoladh agus faisnéis teagmhála, is iad sin uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist a bhaineann leis na paisinéirí
6. Faisnéis a bhaineann leis na modhanna íocaíochta le haghaidh an aerthicéid agus le billeáil an aerthicéid
7. Plean taistil iomlán le haghaidh PNR sonrach
8. Sonraí maidir le dílseacht eitilte a bhaineann leis an bpaisinéir nó leis na paisinéirí (stádas agus uimhir na dílseachta eitilte)
9. Gníomhaireacht taistil/gníomhaire taistil
‑10. Stádas taistil paisinéirí lena náirítear deimhnithe, stádas ó thaobh seiceáil isteach de, faisnéis maidir le paisinéirí nach dtagann i láthair nó a dteastaíonn eitilt níos luaithe uathu;
11. PNR scoilte nó roinnte
12. Faisnéis a bhaineann le mionaoisigh neamhthionlactha faoi bhun 18 mbliana d’aois: ainm, inscne, aois, teanga/teangacha a labhraítear, ainm agus sonraí teagmhála an chaomhnóra ar imeacht dó agus an gaol atá aige leis an mionaoiseach, ainm agus sonraí teagmhála an chaomhnóra ar theacht isteach don mhionaoiseach agus an gaol atá aige leis an mionaoiseach, ainm an ghníomhaire imeachta agus an ghníomhaire teachta.
‑13. Faisnéis maidir leis an réimse ticéid, lena náirítear uimhir an ticéid, an dáta a eisíodh an ticéad agus ticéid aontreo, réimsí uathoibrithe chun praghas ticéid a bhreacadh;
14. Uimhir an tsuíocháin agus faisnéis eile faoin suíochán
15. Faisnéis maidir le códroinnt
16. An fhaisnéis uile maidir le bagáiste
17. Líon agus ainmneacha eile na dtaistealaithe ar PNR
18. Aon eilimint sonraí réamhfhaisnéise faoi phaisinéirí (API) a mhéid a bhailigh iompróirí cheana féin iad
19. Gach athrú stairiúil a rinneadh ar an PNR atá liostaithe in uimhreacha 1 go 18.