An Bhruiséil,5.6.2025

COM(2025) 278 final

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir leis an athbhreithniú ar an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

D’fhormheas an tAontas Eorpach 1 an Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair 2 agus dhaingnigh sé chomhpháirtí sna Balcáin Thiar é – Poblacht na hAlbáine, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Poblacht na Macadóine Thuaidh, an Chosaiv 3*, Montainéagró agus Poblacht na Seirbia (dá ngairtear ‘Páirtithe Oirdheisceart na hEorpa’ anseo feasta). Tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2019.

Tá feidhm aige i réimse an iompair de bhóthar, d’iarnród, d’uiscebhealaí intíre agus de mhuir agus déantar foráil ann maidir le margaí agus gréasáin iompair, lena n-áirítear bonneagar aerfoirt, a chomhtháthú de réir a chéile ar bhonn reachtaíocht ábhartha an Aontais, lena n-áirítear i réimsí na gcaighdeán teicniúil, na hidir-inoibritheachta, na sábháilteachta, na slándála, an bhainistithe tráchta, an iomaíochais, an bheartais shóisialta, an tsoláthair phoiblí agus an chomhshaoil.

Ó bhí 2019 ann, tá an cuspóir sin curtha chun cinn ag an gComhphobal Iompair trí chomhar réigiúnach a neartú agus cúnamh teicniúil spriocdhírithe a chur ar fáil chomh maith le tionscnaimh fothaithe acmhainneachta. Trí na hiarrachtaí sin, tá dul chun cinn déanta ag an gComhphobal Iompair maidir le reachtaíocht a ailíniú agus margaí iompair a chomhtháthú i measc Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa agus idir iad siúd agus an tAontas Eorpach. Ní mór tuilleadh oibre a dhéanamh, áfach.

Foráiltear le hAirteagal 42 den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair nach mór athbhreithniú a dhéanamh air arna iarraidh sin ag aon pháirtí conarthach agus, i gcás ar bith, 5 bliana tar éis a theacht i bhfeidhm.

An 15 Samhain 2022, d’fhormhuinigh páirtithe conarthacha an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair agus na hairí iompair ón Úcráin, ón tSeoirsia agus ó Phoblacht na Moldóive ráiteas comhpháirteach faoi chomhar maidir le forbairt na n-earnálacha iompair. Is é an doiciméad polaitiúil seo is bonn do rannpháirtíocht na dtíortha sin mar rannpháirtithe breathnóireachta a ghlacann páirt in obair an Chomhphobail Iompair. Sa ráiteas comhpháirteach, cuireadh in iúl freisin gur cheart féachaint go cuí ar na tairbhí frithpháirteacha a d’fhéadfadh teacht as aontachas féideartha na hÚcráine, Phoblacht na Moldóive agus na Seoirsia leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair.

Moltar sa mholadh seo go n-údaróidh an Chomhairle don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht maidir leis an athbhreithniú ar an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair.

Is é an cuspóir ginearálta ba cheart a bheith ann caibidlíocht a dhéanamh le Páirtithe Oirdheisceart na hEorpa, leis an Úcráin agus le Poblacht na Moldóive maidir le leasuithe ar an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair chun tacú le hailíniú reachtach na bpáirtithe conarthacha uile le acquis ábhartha an Aontais agus chun an t‑ailíniú sin a neartú, i bhfianaise a ndearcthaí Eorpacha faoi seach.

Ba cheart a áireamh leis sin sásraí nua chun na gealltanais cheangailteacha atá sa Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a threisiú trí fhoráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí (amhail cearta vótála a chur ar fionraí) i gcás sáruithe tromchúiseacha leanúnacha ar na gealltanais sin. Chun an sásra ailínithe leis an acquis a neartú, ba cheart ról treisithe a lorg do Bhuanrúnaíocht an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair. Ina theannta sin, leis na leasuithe, ba cheart ról an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a bheachtú maidir le tacú le forbairt leathnú táscach an ghréasáin thras‑Eorpaigh iompair (TEN-T) chuig Páirtithe Oirdheisceart na hEorpa, go háirithe trí fhorbairtí beartais i gcreat reachtach TEN-T a chur san áireamh. Thairis sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a athbhreithniú freisin, go háirithe chun acquis an Aontais roimh shíniú an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a chur léi agus chun forbairtí beartais ábhartha i réimsí an iompair nó i réimsí gaolmhara a luaitear in Iarscríbhinn I a chur san áireamh. Ar deireadh, ba cheart é a bheith d’aidhm ag na leasuithe feabhas a chur ar ghnéithe oibríochtúla áirithe a sainaithníodh i gcur i bhfeidhm an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair agus na rialacha maidir le cur i bhfeidhm chásdlí na Cúirte Breithiúnais maidir le hábhair a chumhdaítear leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a bheachtú.

Leis na leasuithe sin, ba cheart go gcumasófar ballraíocht iomlán na hÚcráine agus Phoblacht na Moldóive sa Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair freisin. Thairis sin, chun a lánpháirtiú iomlán sa Chonradh um an gComhphobal Iompair a áirithiú, ba cheart don Choimisiún iarscríbhinní a chaibidliú maidir le socruithe idirthréimhseacha, dá dtagraítear in Airteagal 40 den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, ar iarscríbhinní iad a bheidh infheidhme maidir leis an dá thír sin tráth a n-aontachais. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann aghaidh a thabhairt ar na héilimh a d’fhéadfadh a bheith ann ón Úcráin agus ó Phoblacht na Moldóive maidir le substaint an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair.

I bhfianaise chúlú daonlathach na Seoirsia, lena n-áirítear achtú an Dlí maidir le trédhearcacht an tionchair eachtraigh, rud a chuireann conair na Seoirsia i dtreo an Aontais i mbaol agus a chuir stop de facto leis an bpróiseas aontachais, ba cheart an cinneadh céimeanna nithiúla a ghlacadh i dtreo bhallraíocht iomlán na Seoirsia sa Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a chur siar. Tá an tiarchur sin i gcomhréir leis an bplé a rinneadh ag an gComhairle Eorpach an 27 Meitheamh 2024 4 , an 17 Deireadh Fómhair 2024 5 , agus an 19 Nollaig 2024 6 agus léirítear ann torthaí na tuarascála ón gCoimisiún maidir le méadú.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá cuspóirí an mholta seo i gcomhréir le hiarrachtaí níos leithne an Aontais tacú le hathchóirithe in earnálacha iompair Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa, na hÚcráine agus Phoblacht na Moldóive, agus comhlánaíonn siad na hiarrachtaí sin, mar chuid dá bpróisis aontachais fhoriomlána. Ó tháinig an Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair i bhfeidhm, dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go mion minic go bhfuil todhchaí Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa ag luí go daingean laistigh den Aontas. I mí an Mhárta 2020, d’fhormhuinigh comhaltaí na Comhairle Eorpaí cinneadh na Comhairle Gnóthaí Ginearálta 7 tús a chur le caibidlíocht maidir le haontachas le Poblacht na Macadóine Thuaidh agus le Poblacht na hAlbáine. I mí an Mhárta 2024, rinne an Chomhairle Eorpach cinneadh 8 tús a chur le caibidlíocht maidir le haontachas leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin. I mí na Nollag 2022, chuir an Chosaiv a hiarratas isteach ar bhallraíocht san Aontas.

Rinne an Chomhairle Eorpach an 14-15 Nollag 2023 cinneadh tús a chur le caibidlíocht maidir le haontachas leis an Úcráin agus leis an Moldóiv 9 . Seoladh an chaibidlíocht aontachais don dá thír go foirmiúil ag dhá chomhdháil idir-rialtasacha i Lucsamburg an 25 Meitheamh 2024.

Ina theannta sin, tá an cuspóir maidir le tuilleadh tacaíochta a thabhairt do chomhtháthú na ngréasán iompair i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 . I measc nithe eile, déantar foráil sa Rialachán seo maidir le Conairí Iompair Eorpacha tiomnaithe arb é is aidhm dóibh nascacht idir na Ballstáit agus Páirtithe Oirdheisceart na hEorpa, an Úcráin agus Poblacht na Moldóive a neartú a thuilleadh.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an moladh i gcomhréir le beartais eile de chuid an Aontais, go háirithe maidir le méadú agus beartas comharsanachta. An 8 Samhain 2023, ghlac an Coimisiún Eorpach Plean Fáis nua do na Balcáin Thiar 11 , arb é is aidhm dó roinnt de na tairbhí a bhaineann le ballraíocht san Aontas a ghlacadh sa réigiún roimh an aontachas, borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch agus dlús a chur leis an gcóineasú socheacnamaíoch a bhfuil géarghá leis. Is é an cuspóir atá ann a chur ar a gcumas do chomhpháirtithe luí isteach ar athchóirithe agus ar infheistíochtaí chun dlús suntasach a chur le luas phróiseas an mhéadaithe agus le fás a ngeilleagar.

Ar an gcaoi chéanna, an 15 Aibreán 2024, d’fhormhuinigh an Coimisiún Plean na hÚcráine 12 , lena gcuidítear leis an Úcráin téarnamh, atógáil agus nuachóiriú a dhéanamh, agus lena dtacaítear go háirithe le hiarrachtaí athchóiriúcháin na tíre agus í ar a conair i dtreo ballraíocht san Aontas. Ar deireadh, an 10 Deireadh Fómhair 2024, ghlac an Coimisiún teachtaireacht maidir leis an bPlean Fáis don Mholdóiv 13 , plean a bhfuil sé d’aidhm aige borradh a chur faoi gheilleagar na Moldóive agus an tír a thabhairt níos gaire do bhallraíocht san Aontas trí dhlús a chur le hathchóirithe agus trí chúnamh airgeadais a chur ar fáil.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá sé d’aidhm ag an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair Comhphobal Iompair a chruthú i réimsí an iompair de bhóthar, an iompair d’iarnród, an iompair d’uiscebhealaí intíre agus an mhuiriompair, chomh maith leis an ngréasán iompair a fhorbairt idir an Aontas Eorpach agus Páirtithe Oirdheisceart na hEorpa. Foráiltear le hAirteagal 91 CFAE go nglacfar bearta a bhaineann le hiompar d’iarnród, de bhóthar agus d’uiscebhealaí intíre faoi chuimsiú an chomhbheartais iompair i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Foráiltear le hAirteagal 100(2) go ndéanfar forálacha iomchuí maidir le muiriompar a ghlacadh freisin i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Dá bhrí sin, is iad Airteagal 91 agus Airteagal 100(2) CFAE an bunús dlí substainteach don chinneadh atá beartaithe lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le comhaontú agus lena gcuirtear treoracha faoi bhráid an idirbheartaí.

Le hAirteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, leagtar síos an nós imeachta chun comhaontuithe a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta. Go háirithe, déantar foráil le mír 3 den Airteagal sin go ndéanfaidh an Coimisiún ‘moltaí a thíolacadh don Chomhairle, agus glacfaidh an Chomhairle cinneadh lena n-údarófar an chaibidlíocht a thosú agus lena n-ainmneofar, i bhfianaise ábhar an chomhaontaithe arna bheartú, idirbheartaí an Aontais nó ceannaire fhoireann caibidlíochta an Aontais’. Le hAirteagal 218(4), foráiltear go bhféadfadh an Chomhairle ‘treoracha a dhíriú chuig an idirbheartaí agus coiste speisialta a ainmniú nach foláir an chaibidlíocht a sheoladh i gcomhairle leis’. Is iad Airteagal 218(3) agus (4) CFAE an bunús dlí substainteach don chinneadh atá beartaithe lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le comhaontú agus lena gcuirtear treoracha faoi bhráid an idirbheartaí.

Inniúlacht an Aontais

Le hAirteagal 216(1) CFAE, sonraítear an méid seo a leanas:

‘Féadfaidh an tAontas comhaontú a thabhairt i gcrích le tríú tír amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó má fhoráiltear amhlaidh sna Conarthaí nó nuair is gá comhaontú a thabhairt i gcrích d'fhonn ceann de na cuspóirí dá dtagraítear sna Conarthaí a ghnóthú faoi chuimsiú bheartais an Aontais, nó má fhoráiltear do chomhaontú a thabhairt i gcrích i ngníomh Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí nó más dóigh do chomhaontú a thabhairt i gcrích difear a dhéanamh do chomhrialacha nó a raon feidhme a athrú.’

Thug an tAontas an Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair i gcrích de bhua Chinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle 14 . Ós rud é gur comhaontú idir an tAontas agus Páirtithe Oirdheisceart na hEorpa é an Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, ba cheart modhnú ar an gcomhaontú sin a chaibidliú ar leibhéal an Aontais.

Tá an Comhphobal Iompair bunaithe ar margaí iompair Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa chomhtháthú de réir a chéile i margadh iompair an Aontais ar bhonn an acquis ábhartha, lena n-áirítear i réimsí na gcaighdeán teicniúil, na hidir-inoibritheachta, na sábháilteachta, na slándála, an bhainistithe tráchta, an bheartais shóisialta, an tsoláthair phoiblí agus an chomhshaoil, do gach modh iompair seachas aeriompar.

Baineann an togra seo le tús a chur le caibidlíocht d’fhonn an Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a leasú chun an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) tacú le hailíniú reachtach Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa agus é a neartú; (ii) ról Bhuanrúnaíocht an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a neartú; (iii) Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a athbhreithniú, go háirithe chun acquis an Aontais roimh shíniú an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a chur léi agus chun forbairtí beartais ábhartha i réimsí an iompair nó i réimsí gaolmhara a luaitear san Iarscríbhinn sin a chur san áireamh. (iv) gnéithe oibríochtúla áirithe a fheabhsú; (v) na rialacha maidir le léirmhíniú an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a bheachtú i bhfianaise chásdlí na Cúirte Breithiúnais, de bhun Airteagal 19 den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, chun an cásdlí a cuireadh ar fáil tar éis dháta sínithe an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a chumhdach freisin; agus (vi) ballraíocht iomlán na hÚcráine agus Phoblacht na Moldóive sa Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a chumasú, lena n-áirítear trí chaibidlíocht a dhéanamh ar iarscríbhinní maidir le socruithe idirthréimhseacha le haghaidh gach ceann de na tíortha sin. Dá bhrí sin, ní dhéanann an togra difear do raon feidhme ábhartha chur i bhfeidhm an chomhaontaithe, tá sé comhsheasmhach leis na cuspóirí beartais a shaothraítear leis agus ní athraíonn sé inniúlacht an Aontais ina leith.

Dá bhrí sin, tá inniúlacht eisiach ag an Aontas comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích chun an Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a leasú agus chun na hiarscríbhinní maidir le socruithe idirthréimhseacha a bheidh infheidhme tráth aontachas féideartha na hÚcráine agus Phoblacht na Moldóive a leasú.

Comhréireacht

Ní mhodhnaítear, leis na leasuithe atá le caibidliú, raon feidhme ábhartha an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, agus tá siad teoranta do bhearta a bhfuil gá leo chun a áirithiú go gcuirfear an Conradh chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí agus chun ballraíocht iomlán na hÚcráine agus Phoblacht na Moldóive a chumasú.

Is é an comhaontú atá beartaithe an ionstraim is éifeachtúla chun feabhas a chur ar an gcaidreamh iompair idir an tAontas, Páirtithe Oirdheisceart na hEorpa, an Úcráin agus Poblacht na Moldóive. Ní théann an moladh thar a bhfuil gá leis chun na cuspóirí arna saothrú a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

An rogha ionstraime

Moladh ón gCoimisiún maidir le Cinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht i gcomhréir le hAirteagal 218(3) CFAE, lena bhforáiltear go gcuirfidh an Coimisiún moltaí faoi bhráid an Chomhairle, a ghlacfaidh le cinneadh lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Arna iarraidh sin don Choimisiún, bhunaigh an Bhuanrúnaíocht meitheal neamhfhoirmiúil i mí Eanáir 2024 chun réamh‑mheasúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme reatha an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair agus chun réimsí ina bhféadfaí feabhsuithe substainteacha agus oibríochtúla a dhéanamh a shainaithint mar chuid den athbhreithniú ar an gConradh sin.

Bhí an mheitheal neamhfhoirmiúil, a raibh an Bhuanrúnaíocht i gceannas uirthi, comhdhéanta d’ionadaithe ón gCoimisiún, ó na Ballstáit agus ó Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa, chomh maith le hionadaithe ó na rannpháirtithe breathnóireachta. Cuireadh de chúram air an méid seo a leanas a shainaithint:

·athruithe substainteacha féideartha ar dócha go rannchuideoidh siad go dearfach le sprioc an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair maidir le Páirtithe Oirdheisceart na hEorpa a chomhtháthú níos mó sa mhargadh iompair ag , bunaithe ar acquis ábhartha an Aontais;

·an gá a d’fhéadfadh a bheith ann feabhas a chur ar an tacaíocht maidir le faireachán a dhéanamh ar fhorbairt an ghréasáin thrasEorpaigh iompair tháscaigh (TEN-T) sa réigiún;

·sraitheanna/cúraimí oibre nua chun aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí i gcaidreamh an Aontais le Páirtithe Oirdheisceart na hEorpa; agus

·athruithe oibríochtúla féideartha ar dócha go bhfeabhsóidh siad feidhmiú agus cur chun feidhme cuí an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair.

Tugadh an machnamh chun críche agus d’ullmhaigh an Bhuanrúnaíocht tuarascáil chríochnaitheach ina bhfuil achoimre ar an obair agus ar na príomhchonclúidí a ghabhann léi, agus ina leagtar béim ar na príomhréimsí a bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu le linn an phróisis athbhreithnithe.

Mar chuid d’imeachtaí na meithle neamhfhoirmiúla, d’iarr an Chosaiv a hainmníocht mar a léirítear faoi láthair sa Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (an Chosaiv*) a athrú go ‘Poblacht na Cosaive’. Ba mhaith leis an gCosaiv freisin athrú a dhéanamh ar an gcaoi a léirítear a teorainneacha i léarscáileanna táscacha TEN-T in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair. Chuir Poblacht na Macadóine Thuaidh in iúl gur gá athscrúdú a dhéanamh ar na prótacail dhéthaobhacha a ghabhann leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair agus iad a oiriúnú do chás sonrach na bpáirtithe talamhiata, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na forálacha i ndáil le muiriompar. Thug Montainéagró faoi deara go mbeadh gá rialacháin áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a thabhairt cothrom le dáta.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Le linn 2023, bhí roinnt plé déthaobhach ag seirbhísí an Choimisiúin le Páirtithe Oirdheisceart na hEorpa maidir le rannpháirtíocht níos dlúithe na rannpháirtithe breathnóireachta ón Úcráin agus ó Phoblacht na Moldóive in obair an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair 15 .

Gan dochar do chur ar bhonn foirmiúil a seasamh rialtais faoi seach, tá tacaíocht láidir ann i gcoitinne don tionscnamh maidir leis an Úcráin agus Poblacht na Moldóive a chomhtháthú níos dlúithe in obair an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair d’fhonn ballraíocht iomlán a bhaint amach, ach tá caveat suntasach ann maidir leis an gcaidreamh déthaobhach idir comhpháirtí amháin de na Balcáin Thiar (an Chosaiv) agus na rannpháirtithe breathnóireachta.

Níor ardaigh an Albáin aon saincheist ar leith maidir le rannpháirtíocht níos dlúithe na rannpháirtithe breathnóireachta in obair an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair agus tá sé ráite aici go dtacaíonn sí le leathnú an Chonartha sin chun an Úcráin agus Poblacht na Moldóive a chumhdach.

Chuir an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin in iúl go dtacaíonn sí leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a leathnú chun an Úcráin agus Poblacht na Moldóive a chumhdach.

Chuir an Chosaiv i bhfios go láidir nach bhfuil aon mhór-shaincheisteanna aici maidir le ballraíocht iomlán sa Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair do na rannpháirtithe breathnóireachta, agus ag an am céanna chuir sí ábhair imní áirithe in iúl amhail neamh‑aitheantas do dhearbhú neamhspleáchais na Cosaive ón Úcráin agus ó Phoblacht na Moldóive.

Níor ardaigh Montainéagró aon saincheist maidir le rannpháirtíocht níos dlúithe na rannpháirtithe breathnóireachta in obair an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair agus chuir sé in iúl go dtacaíonn sé leis na rannpháirtithe breathnóireachta a thagann isteach sa Chonradh sin mar bhaill iomlána.

Níor ardaigh an Mhacadóin Thuaidh aon saincheist maidir le rannpháirtíocht níos dlúithe na rannpháirtithe breathnóireachta in obair an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair agus chuir sí in iúl go dtacaíonn sí le haontachas na hÚcráine agus Phoblacht na Moldóive leis an gConradh sin.

Níor ardaigh Seirbia aon saincheist maidir le rannpháirtíocht níos dlúithe na hÚcráine agus Phoblacht na Moldóive in obair an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair. mar sin féin, thug sé dá aire freisin nach bhfuil aon seasamh oifigiúil ag rialtas na Seirbia faoi láthair maidir le ballraíocht iomlán sa Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair do na rannpháirtithe breathnóireachta. Chinnfí an seasamh sin de réir cur chuige níos foirmiúla ón Aontas maidir le haontachas féideartha na hÚcráine agus Phoblacht na Moldóive leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair.

I malartuithe déthaobhacha in 2023, chuir seirbhísí an Choimisiúin réamhsheasaimh Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa maidir le hionchais bhallraíochta iomlán na rannpháirtithe breathnóireachta faoi bhráid na hÚcráine agus Phoblacht na Moldóive. Luaigh seirbhísí an Choimisiúin freisin na himpleachtaí airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann (i.e. ranníocaíochtaí le buiséad an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair). Sna malartuithe sin, chuir an Úcráin agus Poblacht na Moldóive in iúl gur spéis leo dul isteach sa Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair mar bhaill iomlána.

Ina theannta sin, d’fhoilsigh an Coimisiún glao ar fhianaise a bhí ar siúl idir an 6 Samhain agus an 4 Nollaig 2024. Fuair an Coimisiún aighneacht anaithnid amháin maidir leis an nglao ar fhianaise, aighneacht inar cuireadh in iúl tacaíocht ar an iomlán leis an tionscnamh chun gréasáin iompair a chomhtháthú tuilleadh sa chomharsanacht, ach inar cuireadh i bhfios go láidir nár cheart comhar níos dlúithe a lorg ach amháin leis na comhpháirtithe sin a chomhoibríonn go dlúth cheana féin le comhpháirtithe Eorpacha.

Measúnú tionchair

Ní cheanglaítear ar an gCoimisiún leis an Moladh aon seasamh ar leith a ghlacadh ag an gcéim seo óir níl ann ach moladh maidir le húdarú chun dul i mbun caibidlíochta le Páirtithe Oirdheisceart na hEorpa, leis an Úcráin agus le Poblacht na Moldóive. Baineann an chaibidlíocht sin le leasuithe spriocdhírithe de chineál teicniúil ar chomhaontú idirnáisiúnta atá ann cheana féin agus lena leathnú chun an Úcráin agus Poblacht na Moldóive a chumhdach. Cinnfear toradh an phróisis athbhreithnithe ar bhonn caibidlíochta idirnáisiúnta le tríú tíortha. Tá aontachas na hÚcráine agus Phoblacht na Moldóive leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair atá beartaithe bunaithe ar chomhartha soiléir polaitiúil ón gComhairle Eorpach, a dheonaigh stádas tír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas do na tíortha sin agus a bhfuil tús foirmiúil curtha aici le caibidlíocht aontachais leo. Ina theannta sin, ceanglaítear le hAirteagal 42 den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair athbhreithniú a dhéanamh ar an gComhaontú sin 5 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm. Tá an Coimisiún le moladh a ghlacadh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena n-údarófar tús a chur le caibidlíocht chuige sin. Dá bhrí sin, níl údar le próiseas measúnaithe tionchair foirmiúil.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach.

Cearta bunúsacha

Leis an tionscnamh, tugtar lánurraim do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Cé go bhfuil teorainn leis an tionchar ar bhuiséad an Aontais, d’fhéadfadh sé a bheith ina mhéadú suas le 34 % (EUR 0,8 milliún) ar ranníocaíocht bhliantúil an Aontais leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, ag brath ar thoradh na caibidlíochta maidir le ranníocaíochtaí na gcomhpháirtithe réigiúnacha faoi seach a ríomh, agus infheistíocht aonuaire tosaigh EUR 0,2 milliún.

I gcomhréir le hAirteagal 35 den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, ní chumhdaítear le buiséad an Chomhphobail Iompair ach na speansais oibríochtúla is gá d’fheidhmiú a chomhlachtaí.

Tá an tionchar ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil i dtaca leis na hacmhainní buiséid agus daonna a mheastar a bheidh ag teastáil sonraithe sa ráiteas airgeadais reachtach atá i gceangal leis an moladh seo

5.    EILIMINTÍ EILE

   Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Meastar go gcuirfear tús leis an bpróiseas caibidlíochta in 2025.

   Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an mholta

Áirítear, in Airteagal 1, údarú chun caibidlíocht a dhéanamh, thar ceann an Aontais, maidir le comhaontú idirnáisiúnta i ndáil leis an athbhreithniú ar an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair.

In Airteagal 2, leagtar amach freisin gur cheart an chaibidlíocht a dhéanamh ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ón gComhairle atá i gceangal san iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh.

Foráiltear le hAirteagal 3 go ndéanfar an chaibidlíocht i gcomhairle le coiste speisialta.

Le hAirteagal 4, foráiltear gur chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh.

   Rogha an idirbheartaí

Ós rud é go dtagann an chaibidlíocht go heisiach faoi réimse an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála, caithfear an Coimisiún a ainmniú ina idirbheartaí de bhun Airteagal 218(3) CFAE.

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir leis an athbhreithniú ar an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagal 91 agus Airteagal 100(2) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Shínigh an tAontas an Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2017/1937 ón gComhairle 16 . An 4 Márta 2019 formheasadh é thar ceann an Aontais Eorpaigh trí bhíthin Chinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle 17 . Tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2019.

(2)Le TCT, forbairt an ghréasáin iompair idir an tAontas agus Poblacht na hAlbáine, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Poblacht na Macadóine Thuaidh, an Chosaiv 18 *, Montainéagró agus Poblacht na Seirbia (dá ngairtear Páirtithe Oirdheisceart na hEorpa anseo feasta), déantar an fhorbairt sin a chur chun cinn i réimse an iompair de bhóthar, an iompair d’iarnród, an iompair d’uiscebhealaí intíre agus an mhuiriompair, agus tá sé bunaithe ar mhargaí iompair Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa a chomhtháthú de réir a chéile i margadh iompair an Aontais ar bhonn fhorálacha ábhartha acquis an Aontais.

(3)Foráiltear le hAirteagal 42 den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair go bhfuil athbhreithniú le déanamh air arna iarraidh sin ag aon pháirtí conarthach agus, i gcás ar bith, 5 bliana tar éis a theacht i bhfeidhm.

(4)I mí Eanáir 2024, cuireadh meitheal ar bun chun cainteanna tosaigh a reáchtáil maidir leis an athbhreithniú ar an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair. Bhí an mheitheal comhdhéanta d’ionadaithe ón gCoimisiún, ó na Ballstáit agus ó Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa, chomh maith le hionadaithe ó na rannpháirtithe breathnóireachta atá ann faoi láthair. Thug sí a phlé chun críche maidir leis an ngá atá leis an an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a thabhairt cothrom le dáta.

(5)Tá dul chun cinn suntasach déanta maidir le teagmháil níos dlúithe idir an Comhphobal Iompair agus na rannpháirtithe breathnóireachta ón Úcráin agus ó Phoblacht na Moldóive.

(6)Ba cheart don Aontas a bheith rannpháirteach sa chaibidlíocht ar leasú a dhéanamh ar an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear don Choimisiún caibidlíocht a dhéanamh, thar ceann an Aontais, maidir le comhaontú idirnáisiúnta i ndáil leis an athbhreithniú ar an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair.

Airteagal 2

Leagtar amach na treoracha caibidlíochta san Iarscríbhinn.

Airteagal 3

Déanfar an chaibidlíocht i gcomhairle le [ainm an choiste speisialta le cur isteach ag an gComhairle].

Airteagal 4

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Cinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle an 4 Márta 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (IO L 71, 13.3.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/392/oj ).
(2)    IO L 278, 27.10.2017, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2017/1937/oj .
(3) *    Ní dochar an t‑ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244 (1999) agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
(4)     https://www.consilium.europa.eu/media/sjaeuhgh/euco-conclusions‑27062024-ga.pdf .
(5)     https://www.consilium.europa.eu/media/0lwjndi4/20241017-euco-conclusions‑ga.pdf .
(6)     https://www.consilium.europa.eu/media/3j5fq5i2/euco-conclusions‑19122024-ga.pdf .
(7)     https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST‑7002-2020-INIT/ga/pdfps://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST‑7002-2020-INIT/ga/pdf
(8)     https://www.consilium.europa.eu/media/70895/euco-conclusions‑2122032024-ga.pdf
(9)     https://www.consilium.europa.eu/media/68985/europeancouncilconclusions‑14-15-12-2023-ga.pdf .
(10)    Rialachán (AE) 2024/1679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán trasEorpach iompair a fhorbairt, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1153 agus (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 (IO L 2024/1679, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1679/oj ).
(11)     https://neighbourhood‑enlargement.ec.europa.eu/enlargement‑policy/new-growth‑plan-western-balkans_en .
(12)     https://neighbourhood‑enlargement.ec.europa.eu/proposal-council-implementing-decision-approval-assessment‑ukraine-plan_en .
(13)     https://neighbourhood‑enlargement.ec.europa.eu/growth‑plan-moldova-commission-proposal_en .
(14)    Cinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle an 4 Márta 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (IO L 71, 13.3.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/392/oj ).
(15)    Bhain an plé déthaobhach sin freisin le rannpháirtíocht níos dlúithe a d’fhéadfadh a bheith ag an tSeoirsia, mar rannpháirtí breathnóireachta reatha sa Chomhphobal Iompair.
(16)    Cinneadh (AE) 2017/1937 ón gComhairle an 11 Iúil 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (IO L 278, 27.10.2017, lch. 1).
(17)    Cinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle an 4 Márta 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (IO L 71, 13.3.2019, lch. 1).
(18) *    Ní dochar an t‑ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244 (1999) agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

An Bhruiséil,5.6.2025

COM(2025) 278 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann le

Moladh le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir leis an athbhreithniú ar an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair


IARSCRÍBHINN 1

TREORACHA MAIDIR LE COMHAONTÚ IDIRNÁISIÚNTA A CHAIBIDLIÚ

MAIDIR LEIS AN ATHBHREITHNIÚ AR AN gCONRADH LENA mBUNAÍTEAR AN COMHPHOBAL IOMPAIR

1.RAON FEIDHME AN CHOMHAONTAITHE ATÁ BEARTAITHE

Leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, forbairt an ghréasáin iompair idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAlbáine, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Poblacht na Macadóine Thuaidh, an Chosaiv 1*, Montainéagró agus Poblacht na Seirbia (dá ngairtear Páirtithe Oirdheisceart na hEorpa anseo feasta), déantar an fhorbairt sin a chur chun cinn i réimse an iompair de bhóthar, an iompair d’iarnród, an iompair d’uiscebhealaí intíre agus an mhuiriompair, agus tá sé bunaithe ar mhargaí iompair Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa a chomhtháthú de réir a chéile i margadh iompair an Aontais ar bhonn fhorálacha ábhartha acquis an Aontais. Is é cuspóir ginearálta na leasuithe atá beartaithe tacú le hailíniú reachtach Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa agus an tailíniú sin a neartú, agus gnéithe oibríochtúla áirithe a sainaithníodh le linn a chur i bhfeidhm a fheabhsú agus a shoiléiriú freisin.

Leis na leasuithe sin, ba cheart ballraíocht iomlán na hÚcráine agus Phoblacht na Moldóive sa Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a chumasú freisin. Thairis sin, chun a lánpháirtiú iomlán sa Chonradh um an gComhphobal Iompair a áirithiú, ba cheart don Choimisiún iarscríbhinní a chaibidliú maidir le socruithe idirthréimhseacha, dá dtagraítear in Airteagal 40 den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, ar iarscríbhinní iad a bheidh infheidhme maidir leis an dá thír sin tráth a n‑aontachais.

2.CUSPÓIRÍ CAIBIDLÍOCHTA

Le linn na caibidlíochta ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gCoimisiún na cuspóirí a leagtar amach thíos go mionsonraithe a chur i gcrích.

(1)Ba cheart é a bheith mar chuspóir ginearálta ag na leasuithe tacú le hailíniú reachtach na bpáirtithe conarthacha uile le acquis ábhartha an Aontais agus an tailíniú sin a neartú, i bhfianaise a ndearcthaí Eorpacha faoi seach, agus borradh a chur faoi chomhtháthú a margaí iompair i margadh iompair an Aontais de réir a chéile.

(2)Leis na leasuithe sin, ba cheart ballraíocht iomlán rannpháirtithe breathnóireachta na hÚcráine agus Phoblacht na Moldóive sa Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a chumasú freisin. Thairis sin, chun a lánpháirtiú iomlán sa Chonradh um an gComhphobal Iompair a áirithiú, ba cheart don Choimisiún iarscríbhinní a chaibidliú maidir le socruithe idirthréimhseacha, dá dtagraítear in Airteagal 40 den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, ar iarscríbhinní iad a bheidh infheidhme maidir leis an dá thír sin tráth a naontachais. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann aghaidh a thabhairt ar na héilimh a d’fhéadfadh a bheith ann ón Úcráin agus ó Phoblacht na Moldóive maidir le substaint an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair.

(3)I ndáil leis sin, d’fhéadfadh athbhreithniú ar na forálacha lena dtagraítear go sonrach do na Balcáin Thiar a bheith sna leasuithe freisin, ionas go ndéanfar tagairt sna forálacha sin freisin, i gcás inarb ábhartha, do na tíortha thuasluaite, chomh maith le hathbhreithniú ar an bhfoirmle bhuiséadach maidir le comhroinnt ualaigh a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gConradh chun líon méadaithe na bpáirtithe conarthacha a chur san áireamh agus chun dáileadh cothrom leanúnach na ranníocaíochtaí a áirithiú.

(4)Ba cheart na gnéithe breise seo a leanas a bheith sna leasuithe arb é is aidhm dóibh borradh a chur faoin ailíniú reachtach:

(a)na gealltanais cheangailteacha maidir le hailíniú acquis atá sa Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a threisiú trí fhoráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí (amhail cearta vótála a chur ar fionraí) i gcás sáruithe tromchúiseacha nó leanúnacha;

(b)pleananna gníomhaíochta an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo maidir le tacú le hailíniú reachtach a aithint agus a institiúidiú;

(c)ról na Buanrúnaíochta a neartú agus a dhíriú níos mó faoi Airteagal 28 chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do pheirspictíochtaí Eorpacha Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa; agus

(d)na rialacha maidir le teorainneacha ama a shoiléiriú agus a fhorbairt chun forálacha ábhartha na reachtaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a dhéanamh ceangailteach ar Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa, go háirithe a mhéid a bhaineann le hAirteagal 3(2)(b).

(5)Leis na leasuithe sin, ba cheart a áirithiú go dtabharfar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair cothrom le dáta, go háirithe chun acquis an Aontais roimh shíniú an Chonartha a chur leis agus chun forbairtí beartais ábhartha a chur san áireamh. Más iomchuí, d’fhéadfadh sé go náireofaí leis sin reachtaíocht nua i réimse an iompair nó i réimsí gaolmhara a luaitear san Iarscríbhinn sin.

(6)Leis na leasuithe, ba cheart forálacha Airteagail 8 agus 9 a bhaineann le forbairt leathnú táscach an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair (TEN-T) chuig Páirtithe Oirdheisceart na hEorpa agus an plean oibre rollach 5 bliana comhfhreagrach, a thabhairt cothrom le dáta, i gcás inar gá, chun forbairtí beartais i gcreat reachtach TEN-T a chur san áireamh.

(7)Leis na leasuithe, ba cheart a áirithiú go mbeidh bealach níos éasca ann chun dul i gcomhairle le saineolaithe ó Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa maidir leis na hoibleagáidí a leagtar amach faoi láthair i bpointe 4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair.

(8)Ba cheart na leasuithe a bheith ag teacht leis na comhaontuithe ar thángthas orthu cheana maidir le hainmníocht oifigiúil Phoblacht na Macadóine Thuaidh.

(9)Ba cheart don Choimisiún féachaint freisin ar an ngá atá leis na prótacail dhéthaobhacha atá ann faoi láthair a oiriúnú i gcás inarb ábhartha, mar shampla maidir le cás sonrach na bpáirtithe talamhiata agus na forálacha atá ann faoi láthair maidir le hiompar muirí.

(10)Leis na leasuithe, ba cheart breathnú arís ar na rialacha maidir le cur i bhfeidhm chásdlí na Cúirte Breithiúnais, go háirithe chun cásdlí a tugadh tar éis dháta sínithe an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a chumhdach freisin.

(11)D’fhéadfadh sé go náireofaí leis na leasuithe freisin mion-shaincheisteanna teicniúla nach gcomhchuimsítear in aon cheann de na treoracha caibidlíochta roimhe seo (e.g. earráidí cló atá ann cheana, tagairtí áirithe míchearta nó as dáta).

3.AN CHAIBIDLÍOCHT A DHÉANAMH

Déanfaidh an Coimisiún an chaibidlíocht de bhun na dtreoracha sin agus áiritheoidh sé go ndéanfar comhordú cuí leis an gcaibidlíocht atá ar siúl agus a dhéanfar amach anseo i réimsí ábhartha eile.

IARSCRÍBHINN 2

RÁITEAS REACHTACH AIRGEADAIS AGUS DIGITEACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH3

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh3

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann3

1.3.Cuspóirí3

1.3.1.Cuspóirí ginearálta3

1.3.2.Cuspóirí sonracha3

1.3.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo3

1.3.4.Táscairí feidhmíochta3

1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:4

1.5.Forais an togra/tionscnaimh4

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh4

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.4

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart4

1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile5

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh5

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige5

1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme5

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA7

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe7

2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe7

2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe7

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú7

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)7

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc8

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH9

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a nimreofar tionchar9

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe10

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí10

3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar10

3.2.2.An taschur a mheastar a cistíodh ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí11

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin13

3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar13

3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach13

3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar13

3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha13

3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha13

3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe13

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam13

4.Gnéithe digiteacha14

4.1.Ceanglais maidir le hábharthacht dhigiteach14

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Moladh ón gCoimisiún le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena n‑údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir leis an athbhreithniú ar an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair.

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

Iompar

1.3.Cuspóirí

1.3.1.Cuspóirí ginearálta

Is é is aidhm don tionscnamh atá beartaithe athbhreithniú a dhéanamh ar an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, mar a shainordaítear le hAirteagal 42 den Chonradh. Foráiltear leis an airteagal sin go bhfuil athbhreithniú le déanamh air arna iarraidh sin ag aon pháirtí conarthach agus, i gcás ar bith, 5 bliana tar éis a theacht i bhfeidhm. Ina theannta sin, ba cheart go gcumasófar ballraíocht iomlán na hÚcráine agus Phoblacht na Moldóive sa Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair freisin.

1.3.2.Cuspóirí sonracha

Cuspóir Sonrach Uimh. 1

Tacú le hailíniú reachtach sé chomhpháirtí na mBalcán Thiar (Poblacht na hAlbáine, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Poblacht na Macadóine Thuaidh, an Chosaiv 2*, Montainéagró agus Poblacht na Seirbia — dá ngairtear Páirtithe Oirdheisceart na hEorpa anseo feasta) le acquis ábhartha an Aontais, agus an tailíniú sin a neartú, i bhfianaise a ndearcthaí Eorpacha faoi seach, agus gnéithe áirithe eile d’fheidhmiú an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a fheabhsú.

Cuspóir Sonrach Uimh. 2

Faoi réir chomhaontú na bpáirtithe ábhartha, ba cheart go gcumasófar leis an athbhreithniú ballraíocht iomlán na hÚcráine agus Phoblacht na Moldóive sa Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair freisin.

1.3.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Cé gurb é is cuspóir don athbhreithniú ar an gConradh tacú le hailíniú reachtach Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa agus na dTrí Thír agus an t‑ailíniú sin a neartú, is leasuithe de chineál teicniúil iad na leasuithe atá beartaithe agus ní mhodhnaíonn siad raon feidhme ná cuspóir bunaidh an Chonartha. D’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar dearfach eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil ar dhaoine agus ar ghnólachtaí san Aontas agus sna tíortha lena mbaineann, áfach, ach an cuspóir bunaidh sin a bhaint amach agus ailíniú reachtach a áirithiú in earnáil an iompair, lena n‑áirítear don Úcráin agus do Phoblacht na Moldóive.

1.3.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Déanfar meastóireacht ar éifeachtacht an Chinnidh atá beartaithe trí bhreithniú a dhéanamh ar mhéid na tacaíochta spriocdhírithe a sholáthraíonn Buanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair do Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa le haghaidh Chuspóir Sonrach Uimh. 1 agus don Úcráin agus do Phoblacht na Moldóive le haghaidh Chuspóir Sonrach Uimh. 2. Leis an tacaíocht sin, ba cheart comhtháthú de réir a chéile mhargaí agus ghréasáin iompair Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa a chur chun cinn ar bhonn reachtaíocht ábhartha an Aontais, lena n‑áirítear i réimsí na gcaighdeán teicniúil, na hidir-inoibritheachta, na sábháilteachta, na slándála, an bhainistithe tráchta, na hiomaíochta, an bheartais shóisialta, an tsoláthair phoiblí agus an chomhshaoil. Leagtar amach an tacaíocht a sholáthraítear i dtuarascálacha oibríochtúla bliantúla arna n‑ullmhú ag Buanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair. Tá na tuarascálacha sin le formhuiniú ag an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach, atá comhdhéanta d’ionadaí ó gach ceann de na Páirtithe Conarthacha sa Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair.

1.4.Baineann an togra/tionscnamh le: 

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 3  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Tá cuspóirí chaibidlíocht an Chonartha atá sa Mholadh seo faoi réir caibidlíochta le tríú tíortha. Dá bhrí sin, is é an cuspóir gearrthéarmach teacht ar chomhaontú maidir le leasuithe lena dtacaítear le Cuspóir Sonrach Uimh. 1, arb é is aidhm dó tacú leis an ailíniú reachtach atá ar siúl cheana féin agus é a neartú, agus maidir le Cuspóir Sonrach Uimh. 2, d’fhonn ballraíocht iomlán na hÚcráine agus Phoblacht na Moldóive sa Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a bhaint amach.

San fhadtéarma, leis na leasuithe sin ar an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, ba cheart feabhas a chur ar éifeachtacht na tacaíochta a sholáthraítear leis an gConradh sin agus ailíniú reachtach Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa le acquis ábhartha an Aontais a chur chun cinn, lena n‑áirítear ailíniú reachtach na hÚcráine agus Phoblacht na Moldóive.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.

Is comhaontú idir an tAontas agus Páirtithe Oirdheisceart na hEorpa é an Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair. Dá bhrí sin, ba cheart baint a bheith ag an Aontas agus ag na Páirtithe sin le haon leasú ar an gcomhaontú.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Tá an Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair i bhfeidhm ó 2019. Sa tréimhse sin, rinneadh obair chun na cuspóirí thuasluaite a bhaint amach, mar atá margaí agus gréasáin iompair a chomhtháthú de réir a chéile laistigh de na Balcáin Thiar, agus idir na Balcáin Thiar agus an tAontas. Cé go bhfuil roinnt dul chun cinn déanta maidir le hailíniú reachtach agus forbairt gréasán iompair, is féidir tarraingt ar roinnt ceachtanna a foghlaimíodh chun éifeachtacht an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a mhéadú. I measc na samplaí de sin tá an gá atá le forálacha ceangailteacha maidir leis na gealltanais atá sa Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair chomh maith le hamlínte soiléire chun iad a chur chun feidhme. Cuireadh na ceachtanna sin a foghlaimíodh san áireamh agus na treoracha caibidlíochta á bhforbairt le haghaidh an Mholta seo.

1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Fónann TCT do chomhtháthú de réir a chéile mhargaí agus ghréasáin iompair Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa le margaí agus gréasáin iompair an Aontais, rud a thacaíonn le cóineasú socheacnamaíoch níos fearr ar an mbealach i dtreo ballraíocht san Aontas. Dá bhrí sin, comhlánaíonn an Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair cineálacha eile cúnaimh (atá beartaithe) a oibríonn chun an sprioc sin a bhaint amach ar bhealach níos leithne, amhail an Plean Fáis nua do na Balcáin Thiar 4 , plean na hÚcráine 5 , agus an togra ón gCoimisiún le haghaidh Phlean Fáis na Moldóive 6 .

Mar thoradh ar an gcaibidlíocht maidir le méadú an Chonartha chun an Úcráin agus Poblacht na Moldóive a chur san áireamh, d’fhéadfadh méadú teacht ar an ranníocaíocht bhallraíochta ón Aontas, ranníocaíocht a d’fhéadfadh a bheith níos mó ná na méideanna atá curtha in áirithe don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair sa chlársceidealú airgeadais atá ann faoi láthair. Cé go meastar go dtiocfaidh méadú thart ar 34 % ar ranníocaíocht an Aontais leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, ní dhéantar foráil sa chlárú airgeadais ach do mhéadú bliantúil 2 %. Ina theannta sin, beidh gá le costais costais tionscanta le haghaidh bunachair sonraí is infheidhme le linn na chéad bhliana de chur chun feidhme an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair méadaithe. Cuirtear meastachán mionsonraithe ar fáil i Roinn 3.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Ní fios fós cén uair go beacht a bheidh gá le cistí breise mar gheall ar fhad dothuartha agus toradh na caibidlíochta. I gcás theacht i bhfeidhm an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair athbhreithnithe faoi thús 2027, ba cheart an ranníocaíocht le Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair méadaithe a mhaoiniú go príomha, thar an méid dá bhforáiltear sa chlárú airgeadais, trí chistí nár caitheadh ó ranníocaíocht an Aontais le buiséad reatha an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (2026) a úsáid.

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige

tréimhse theoranta

 tréimhse neamhtheoranta

Cur chun feidhme le tréimhse tosaigh tar éis shíniú an Athbhreithnithe ar an gConradh, rud atá beartaithe ó thús 2027,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 7   

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí)

Nótaí

Curtha chur chun feidhme ag Buanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Cuirtear de chúram ar Chomhairle Aireachta an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, a thagann le chéile go bliantúil, athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an Chonartha. Ina theannta sin, tagann an Coiste Stiúrtha Réigiúnach le chéile ar a laghad dhá uair sa bhliain le hionadaithe ó gach páirtí conarthach de chuid an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair agus tá sé de chúram air athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú ginearálta an Chonradh. Ar deireadh, ullmhaíonn Buanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair tuarascálacha oibríochtúla bliantúla agus tuarascálacha ar an ailíniú leis an acquis, ar chur chun feidhme an Ghréasán Thras-Eorpaigh Iompair (TEN-T) i bPáirtithe Oirdheisceart na hEorpa agus ar fhorghníomhú an bhuiséid. Formhuiníonn an Chomhairle Aireachta nó an Coiste Stiúrtha Réigiúnach na tuarascálacha sin. Coinneofar na struchtúir sin a chuirtear ar bun leis an gConradh ar mhaithe le faireachán a dhéanfar amach anseo.

2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Tá buiséad an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair á chur chun feidhme ag Buanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair ó tháinig an Conradh i bhfeidhm in 2019. Is í Buanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair is fearr atá in ann leanúint de ghníomhaíochtaí an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a dhéanamh, ós rud é go bhfuil eolas áitiúil aici, go bhfuil gréasán áitiúil aici, agus gur féidir léi tairbhe a bhaint as an iliomad blianta taithí a fuarthas tríd an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair atá ann cheana.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

An príomhriosca a sainaithníodh i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid atá beartaithe le haghaidh an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, baineann sé leis an úsáid neamhéifeachtach a d’fhéadfaí a bhaint as an mbuiséad sin chun na gníomhaíochtaí tacaíochta do Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa a chistiú, gníomhaíochtaí a chuireann comhtháthú de réir a chéile margaí agus líonraí iompair chun cinn. Tá na bearta chun an riosca sin a mhaolú i bhfeidhm cheana féin sa Chonradh atá ann cheana, agus baineann siad le tuarascálacha oibríochtúla bliantúla a ullmhú, tuarascálacha a ullmhú ar ailíniú an acquis, ar chur chun feidhme an Ghréasáin Thras-Eorpaigh Iompair (TEN-T) i bPáirtithe Oirdheisceart na hEorpa, agus ar fhorghníomhú an bhuiséid. Ní mór na tuarascálacha sin a bheith formhuinithe ag Coiste Stiúrtha Réigiúnach an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár) 

Tá freagracht iomlán ar an mBuanrúnaíocht as a mbuiséad a chur chun feidhme, agus tá AS MOVE freagrach as na ranníocaíochtaí a shuíonn an Údarás Buiséadach a íoc go tráthrialta. Tá an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis tráth na híocaíochta agus tráth an dúnta cosúil leis an leibhéal a ghabhann leis na fóirdheontais bhuiséid a sholáthraítear d’eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.

Na cúraimí breise a eascraíonn as an athbhreithniú atá beartaithe, ní mheastar go gcruthófar rialuithe sonracha breise leo. Dá bhrí sin, tá coinne leis go bhfanfaidh an costas rialaithe do AS MOVE (a ndearnadh tomhas air in aghaidh luach na gcistí bainistithe) seasmhach.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Leis na rialacha airgeadais agus na nósanna imeachta iniúchóireachta is infheidhme maidir leis an gComhphobal Iompair, arna nglacadh ag an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach, bunaítear an nós imeachta um chur chun feidhme bhuiséad an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair agus an nós imeachta um thíolacadh agus iniúchadh cuntas i gcomhréir le hAirteagal 35 den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair. De réir na rialacha airgeadais agus na nósanna imeachta iniúchóireachta sin, go háirithe Airteagal 61 agus Airteagal 62, gach bliain, bunóidh an t‑oifigeach cuntasaíochta cuntais na bliana roimhe sin. Déanfaidh Stiúrthóir Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair na cuntais sin a bhailíochtú. Déanfaidh iniúchóirí seachtracha neamhspleácha, atá le hainmniú ag an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach, iniúchadh bliantúil ar an gComhphobal Iompair. Bíonn téarmaí seirbhíse na n‑iniúchóirí seachtracha in-athnuaite gach bliain, mura sonraíonn an Coiste Stiúrtha Réigiúnach a mhalairt. Cuirfidh na hiniúchóirí seachtracha tuarascáil faoi bhráid an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh, chomh maith leis an ráiteas sócmhainní agus dliteanas agus na cuntais dheimhnithe, tráth nach déanaí ná ocht mí ó dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann siad.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a nimreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir  

LD/LN 8

ó thíortha de chuid CSTE 9

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha 10

Ó thríú tíortha eile

ioncam sannta eile

06

14.20.03.06 – Eagraíochtaí agus comhaontuithe idirnáisiúnta

LD/LN

NÍ HEA

IS EA

NÍ HEA

NÍ HEA

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos:

3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Uimhir

06 An Chomharsanacht agus an Domhan

AS: MOVE 11

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021-2027

2024

2025

2026

2027

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Líne bhuiséid

Gealltanais

(1a)

 

 

 

1,008

1,008

Íocaíochtaí

(2a)

 

 

 

1,008

1,008

Líne bhuiséid

Gealltanais

(1b)

 

 

 

 

0,000

Íocaíochtaí

(2b)

 

 

 

 

0,000

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 12

Líne bhuiséid

 

(3)

 

 

 

 

0,000

IOMLÁN leithreasuithe

i gcomhair Ard‑Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair

Gealltanais

=1a+1b+3

0,000

0,000

0,000

1,008

1,008

Íocaíochtaí

=2a+2b+3

0,000

0,000

0,000

1,008

1,008

 

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021-2027

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí  

Gealltanais

(4)

0,000

0,000

0,000

1,008

1,008

Íocaíochtaí

(5)

0,000

0,000

0,000

1,008

1,008

IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

(6)

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 6

Gealltanais

=4+6

0,000

0,000

0,000

1,008

1,008

den chreat airgeadais ilbhliantúil

Íocaíochtaí

=5+6

0,000

0,000

0,000

1,008

1,008

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

 

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021-2027

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7

Gealltanais

0,000

0,000

0,000

1,008

1,008

den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Íocaíochtaí

0,000

0,000

0,000

1,008

1,008

3.2.2.    An taschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (ná líonadh gníomhaireachtaí díláraithe é seo isteach)

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain  
2024

Bliain  
2025

Bliain  
2026

Bliain  
2027

Iontráil na blianta ar fad is gá chun a léiriú cé chomh fada agus a mhairfidh an tionchar (féach Roinn 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 13

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 14

- Aschur

- Aschur

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

IOMLÁIN

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos:

3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos:

3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha

IOMLÁN Na leithreasuithe digiteacha agus TF

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021 ‑ 2027

2024

2025

2026

2027

CEANNTEIDEAL 7

Caiteachas TF (corparáideach) 

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7

Caiteachas beartais TF i dtaca le cláir oibríochtúla

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Fo-iomlánlasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

 

IOMLÁN

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Ní fios fós cén uair go beacht a bheidh gá le cistí breise mar gheall ar fhad dothuartha agus toradh na caibidlíochta. I gcás theacht i bhfeidhm an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair athbhreithnithe faoi thús 2027, ba cheart atreisiú líne 14 20 03 06 a mhaoiniú go príomha, thar an méid dá bhforáiltear sa chlárú airgeadais, trí chistí nár caitheadh ó ranníocaíocht an Aontais le buiséad reatha an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (2026) a úsáid. Tá aon chistiú breise faoi réir infhaighteachta a chinnteofar trí nós imeachta Dhréachtbhuiséad 2027.

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

   is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI.

3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déanann sé foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

   má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin

4.Gnéithe digiteacha

4.1.Ceanglais maidir le hábharthacht dhigiteach

Baineann an tionscnamh beartais leis an athbhreithniú ar an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair atá ann cheana. Is í Buanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair atá freagrach as an gConradh seo a chur chun feidhme, mar aon le haon mhodh digiteach chun a chur chun feidhme a fheabhsú. Dá bhrí sin, meastar nach bhfuil aon cheanglas maidir le hábharthacht dhigiteach don Choimisiún ag baint leis an tionscnamh.

(1) *    Ní dochar an t‑ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244 (1999) agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
(2) *    Ní dochar an t‑ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244 (1999) agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
(3)    Dá dtagraítear in Airteagal 58(2), pointe (a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(4)     https://enlargement.ec.europa.eu/enlargement-policy/growth-plan-western-balkans_en?prefLang=ga .
(5)     https://enlargement.ec.europa.eu/proposal-council-implementing-decision-approval-assessment-ukraine-plan_en?prefLang=ga
(6)     https://enlargement.ec.europa.eu/growth-plan-moldova-commission-proposal_en?prefLang=ga  
(7)    Tá mionsonraí maidir le modhanna trína gcuirfear an buiséad chun feidhme le fáil ar an suíomh gréasáin BUDGpedia, chomh maith le tagairtí don Rialachán Airgeadais: https://myintracomm.ec.europa.eu/corp/budget/financial-rules/budget-implementation/Pages/implementation-methods.aspx .
(8)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(9)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(10)    Tíortha is iarrthóirí agus, i gcás inarb infheidhme, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina niarrthóirí.
(11)    An buiséad arna thras-tharmligean ó AS INTPA
(12)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(13)    Is éard atá in aschuir táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g. an líon malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, an líon iomlán km de bhóithre a tógadh, etc.).
(14)    Mar a thuairiscítear i Roinn 1.3.2. ‘Cuspóirí sonracha...’