AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,22.5.2025
COM(2025) 249 final
2025/0121(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta le linn an 110ú seisiún den Choiste Muir-Shábháilteachta maidir le leasuithe a ghlacadh ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS), Cód Idirnáisiúnta do Shábháilteacht Árthaí Ardluais 1994 (Cód HSC 1994) agus Cód Idirnáisiúnta do Shábháilteacht Árthaí Ardluais 2000 (Cód HSC 2000)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo le cinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 110ú seisiún de Choiste Muir-Shábháilteachta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (MSC 110), atá le bheith ar siúl ón 18 go dtí an 27 Meitheamh 2025.
Le linn MSC 110, tá sé beartaithe leasuithe a ghlacadh orthu seo a leanas:
an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS), 1974,
an Cód Idirnáisiúnta do Shábháilteacht Árthaí Ardluais 1994 (Cód HSC 1994) agus
an Cód Idirnáisiúnta do Shábháilteacht Árthaí Ardluais, 2000 (Cód HSC 2000).
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Coinbhinsiún maidir leis an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta
Is leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta a bhunaítear an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO). Is é is cuspóir do IMO fóram a chur ar fáil le haghaidh comhar i réimse na rialála agus na gcleachtas a bhaineann le hábhair theicniúla de gach cineál a dhéanann difear do loingeas atá ag gabháil do thrádáil idirnáisiúnta. Thairis sin, is é is aidhm dó glacadh ginearálta na gcaighdeán is airde is féidir a chur chun cinn maidir le hábhair a bhaineann leis an tsábháilteacht mhuirí, le héifeachtúlacht na loingseoireachta agus le cosc agus rialú an truaillithe mhuirí ó longa, agus leis sin an cothrom iomaíochta a chur chun cinn. Pléann sé freisin leis na hábhair riaracháin agus na hábhair dlí a bhaineann leis an méid sin.
Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 17 Márta 1958.
Tá na Ballstáit uile ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún. Níl an tAontas ina pháirtí sa Choinbhinsiún.
Tá na Ballstáit uile ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (‘SOLAS’), 1974, a tháinig i bhfeidhm an 25 Bealtaine 1980. Níl an tAontas ina pháirtí in SOLAS.
2.2.An Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta
Is sainghníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe í an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) a bhfuil freagracht uirthi maidir le sábháilteacht agus slándáil loingis agus maidir le truailliú muirí ó longa a chosc. Is é IMO an t‑údarás domhanda ó thaobh caighdeáin a leagan síos maidir le sábháilteacht, slándáil agus feidhmíocht chomhshaoil an loingis idirnáisiúnta. Is é an príomhról atá aige creat rialála cóir éifeachtach a chruthú le haghaidh an tionscail loingis, creat a ghlacfar go huilíoch agus a chuirfear chun feidhme go huilíoch.
Is féidir le gach Stát a bheith ina chomhalta de IMO agus tá gach Ballstát den Aontas ina chomhalta de IMO. Is ar Rún IMO A.1168(32) atá caidreamh an Choimisiúin Eorpaigh le IMO bunaithe, rún lena bhforordaítear na nósanna imeachta agus na téarmaí le haghaidh an chomhair idir IMO agus eagraíochtaí idir-rialtasacha.
Tá Comhaltaí uile IMO ar Choiste Muir-Shábháilteachta (MSC) IMO agus bíonn cruinniú aige uair amháin sa bhliain ar a laghad. Pléann sé le haon ábhar atá faoi raon feidhme na hEagraíochta a bhaineann le háiseanna loingseoireachta, tógáil agus trealamh soithí, saincheisteanna maidir leis an líon foirne a mhéid a bhaineann leis an tsábháilteacht, rialacha chun imbhuailtí a chosc, láimhseáil lastaí contúirteacha, nósanna imeachta agus ceanglais maidir leis an tsábháilteacht mhuirí, faisnéis hidreagrafach, logleabhair agus taifid loingseoireachta, imscrúdú ar thaismigh mhuirí, tarrthálas agus tarrtháil, agus aon ábhar eile a dhéanann difear díreach don tsábháilteacht mhuirí.
De bhun Airteagal 28(b) Choinbhinsiún IMO, cuireann Coiste Muir-Shábháilteachta IMO sásra ar fáil chun aon dualgas a shannann Coinbhinsiún IMO, Comhthionól IMO nó Comhairle IMO dó a chur i gcrích, nó aon dualgas faoi chuimsiú an raoin feidhme thuasluaite a d’fhéadfaí a shannadh dó le haon ionstraim idirnáisiúnta eile nó faoi aon ionstraim idirnáisiúnta eile agus a nglacfadh IMO leis. Is trí thromlach na gComhaltaí a ghlacfar cinntí an Choiste Muir-Shábháilteachta agus a fhochomhlachtaí.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag Coiste Muir-Shábháilteachta IMO
Tá an Coiste Muir-Shábháilteachta le leasuithe a ghlacadh ar chaibidlí II-1, II-2 agus V SOLAS agus ar Chód HSC 1994 agus ar Chód HSC 2000, le linn an 110ú seisiún a bheidh aige ón 18 go dtí an 27 Meitheamh 2025.
Is é is cuspóir do na leasuithe atá beartaithe ar Chaibidil II-1 SOLAS soiléiriú agus cinnteacht a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm chóid IGF ar bhreoslaí gásacha.
Is é is cuspóir do na leasuithe atá beartaithe ar Chaibidil II-2 SOLAS cur chun feidhme comhsheasmhach na forála sin le haghaidh longa paisinéirí agus lastlong a áirithiú.
Is é is cuspóir do na leasuithe atá beartaithe ar Chaibidil V SOLAS sábháilteacht píolótaí ar muir a fheabhsú.
Is é is cuspóir do na leasuithe atá beartaithe ar Chód HSC 1994 agus ar Cód HSC 2000 ceanglais maidir le hiompar seaicéad tarrthála a chomhchuibhiú leis na ceanglais i gcaibidil III SOLAS.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 110ú seisiún den choiste muir-shábháilteachta
3.1.Leasuithe ar Chaibidil II-1 SOLAS
Ag an 108ú seisiún a bhí aige, rinne an Coiste Muir-Shábháilteachta (MSC 108) breithniú ar chur chun feidhme Chód IGF maidir le breoslaí íseal-splancphointe agus maidir le breoslaí gásacha eile, thug sé dá aire go raibh gá le soiléiriú an mbaineann an Cód IGF le longa a úsáideann gás nádúrtha mar bhreosla, gan beann ar an splancphointe, agus chomhaontaigh sé an tsaincheist a tharchur chuig an bhFochoiste um Iompar Lastaí agus Coimeádán (CCC 10) agus comhairle CCC a fháil ag MSC 109.
Le linn CCC 10, d’aontaigh an Fochoiste leis an gcur chuige ginearálta gur cheart feidhm a bheith ag Cód IGF maidir le breoslaí íseal-splancphointe agus breoslaí gáis agus mhol sé do MSC 109 go mbeadh gá le leasú ar chaibidil II-1 SOLAS. Ba é seasamh an Aontais in CCC 10 tacú le tuilleadh breithnithe ar an mbealach is fearr chun cinn maidir leis an gcaoi ar cheart a mheas go dtagann gach breosla gásach faoi raon feidhme Chód IGF, agus ar cheart é a mheas go dtagann siad faoin raon feidhme sin.
Bhunaigh MSC 109 an Mheitheal um Fhorbairt Creata Rialála Sábháilteachta chun Tacú le Laghdú Astaíochtaí GCT ó Longa trí Theicneolaíochtaí Nua agus Breoslaí Malartacha a Úsáid agus thug sé treoir dó dréachtleasuithe ar rialacháin II-1/2.29, 56 agus 57 SOLAS a ullmhú a bhí le breithniú ag an gCoiste. Ba é seasamh an Aontais in MSC 109 tacú leis an ngá raon feidhme chur i bhfeidhm Chód IGF a shoiléiriú go práinneach trí dhréachtleasuithe ar SOLAS a ghlacadh, dá mba ábhartha.
Tar éis breithniú a dhéanamh ar thuarascáil na Meithle thuasluaite, d’fhormheas MSC 109 na dréachtleasuithe ar SOLAS i ndáil le cur i bhfeidhm Chód IGF d’fhonn iad a ghlacadh ag MSC 110. Scaipeadh na leasuithe sin trí Chiorclán IMO Uimh. 4953 an 17 Nollaig 2024 in Iarscríbhinn 1.
Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe sin toisc go gcuirfidh siad soiléiriú agus cinnteacht maidir le cur i bhfeidhm chóid IGF ar bhreoslaí gásacha ar fáil.
3.2.Leasuithe ar Chaibidil II-2 SOLAS
Ag an 10ú seisiún a bhí aige, rinne an Fochoiste um Chórais agus Trealamh Long (FMS 10) breithniú ar mhioncheartúcháin ar rialacháin SOLAS II-2/11.2 agus 11.4.1, d’fhonn cur chun feidhme comhsheasmhach na forála sin a áirithiú le haghaidh longa paisinéirí agus lastlong. I ndiaidh plé a dhéanamh, thacaigh an Fochoiste leis an togra agus d’aontaigh sé leis na dréachtleasuithe ar rialachán SOLAS II-2/11, mar mhioncheartúcháin 7 chun go bhformheasadh MSC 109 iad agus go nglacfadh MSC 110 iad. Ba é seasamh an Aontais in FMS 10 tacú leis na leasuithe sin chun cur chun feidhme comhsheasmhach na forála sin a áirithiú le haghaidh longa paisinéirí agus lastlong.
D’fhormheas MSC 109 na dréachtleasuithe ar rialachán SOLAS II-2/11, chun an fhoráil sin a chur chun feidhme go comhsheasmhach maidir le longa paisinéirí agus lastlonga, d’fhonn iad a ghlacadh ag MSC 110. Scaipeadh na leasuithe sin trí Chiorclán IMO Uimh. 4953 an 17 Nollaig 2024 in Iarscríbhinn 1.
Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe sin, toisc go n‑áiritheofar leo cur chun feidhme comhsheasmhach na forála sin le haghaidh longa paisinéirí agus lastlong.
3.3.Leasuithe ar Chaibidil V SOLAS
Chomhaontaigh MSC 106 aschur maidir le ‘Athbhreithniú ar Rialachán SOLAS V/23 agus ionstraimí gaolmhara chun feabhas a chur ar shábháilteacht na socruithe aistrithe píolótacha’ a chur san áireamh i gclár oibre débhliantúil an Fhochoiste um Loingseoireacht, Cumarsáid agus Cuardach agus Tarrtháil (LCCT) le haghaidh 2022-2023 agus sa chlár oibre sealadach le haghaidh NCSR 10, agus an sprioc ann go mbeadh sé curtha i gcrích faoi 2024. Ba é sheasamh an Aontais in MSC 106 tacú i bprionsabal leis an togra chun aschur nua a bhunú chun Rialachán SOLAS V/23 agus ionstraimí gaolmhara a leasú chun feabhas a chur ar shábháilteacht na socruithe aistrithe píolótacha.
Chuir LCCT 10 tús leis an obair ar an athbhreithniú ba ghá a dhéanamh ar rialachán SOLAS V/23. Chun leanúint den obair, chomhaontaigh an Fochoiste Grúpa Comhfhreagrais maidir le Socruithe Aistrithe Píolótacha a bhunú faoi chomhordú na Síne d’fhonn bailchríoch a chur ar an aschur sin ag LCCT 11. Ba é seasamh an Aontais in LCCT 10 a mholadh go leanfadh saineolaithe den phlé teicniúil i meitheal.
Chuir an Grúpa Comhfhreagrais dréachtleasuithe ar rialachán SOLAS V/23 agus dréachtchaighdeáin feidhmíochta le haghaidh socruithe aistrithe píolótacha faoi bhráid LCCT 11. I ndiaidh breithniú a dhéanamh, tharchuir an Fochoiste an tuarascáil sin chuig an Meitheal um Loingseoireacht chun go ndéanfaí athbhreithniú agus bailchríochnú ar na dréachtleasuithe ar SOLAS agus ar na dréachtchaighdeáin. Tar éis breithniú a dhéanamh ar thuarascáil na Meithle, tháinig an Fochoiste ar chomhaontú maidir leis na dréachtleasuithe ar rialachán SOLAS V/23, ar an bhfoscríbhinn (Deimhnithe), agus ar an dréachtrún MSC gaolmhar maidir le caighdeáin feidhmíochta le haghaidh socruithe aistrithe píolótacha, agus d’iarr sé ar an gCoiste iad a fhormheas lena nglacadh ina dhiaidh sin. Ba é seasamh an Aontais in LCCT 11 a mholadh go gcuirfí na doiciméid ar fad faoi bhráid na Meithle um Loingseoireacht chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na leasuithe ar rialachán SOLAS V/23 agus ar na hionstraimí gaolmhara.
D’fhormheas MSC 109 dréachtleasuithe ar rialachán SOLAS V/23 agus ar an bhfoscríbhinn (Deimhnithe), d’fhonn iad a ghlacadh ag MSC 110. Scaipeadh na leasuithe sin trí Chiorclán IMO Uimh. 4953 an 17 Nollaig 2024 in Iarscríbhinn 1.
Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe sin, toisc go bhfeabhsófar leo sábháilteacht píolótaí ar muir.
3.4.Leasuithe ar Chód HSC 1994 agus ar Chód HSC 2000
D’aontaigh MSC 101 go gcuirfeadh sé san áireamh ina chlár oibre iar-dhébhliantúil aschur maidir le ‘Leasuithe ar mhír 8.3.5 agus ar iarscríbhinn 1 Chód HSC 1994 agus 2000 a fhorbairt’ agus teastaíonn seisiún amháin chun an mhír a chríochnú, agus an Fochoiste FMS á ainmniú mar orgán comhordúcháin. Ba é seasamh an Aontais in MSC 101 tacú leis an togra maidir le haschur nua a bhunú d’Fhochoiste FMS chun na ceanglais maidir le seaicéad tarrthála a fheileann do naíonáin i gCóid HSC a chomhchuibhiú leis na ceanglais maidir le hiompar seaicéad tarrthála i gcaibidil III SOLAS.
D’aontaigh FMS 9 go gcuirfeadh sé an mhír san áireamh i gclár oibre sealadach FMS 10. Thug FMS 10, agus na barúlacha agus na cinntí a rinneadh sa suí iomlánach á gcur san áireamh, treoir don Mheitheal um Fhearais Tarrthála na dréachtleasuithe ar Chód HSC 1994 agus ar Chód HSC 2000 a thabhairt chun críche. Tar éis breithniú a dhéanamh ar an gcuid ábhartha de thuarascáil na Meithle um Fhearas Tarrthála, tháinig FMS 10 ar chomhaontú maidir leis na dréachtleasuithe ar Chód HSC 1994 agus ar Chód HSC 2000, d’fhonn iad a fhormheas ag MSC 109 agus a ghlacadh ag MSC 110 ina dhiaidh sin.
D’fhormheas MSC 109 na dréachtleasuithe ar mhír 8.3.5 (Fearais tarrthála phearsanta) agus ar Iarscríbhinn 1 (Taifead ar Threalamh), ar Chód HSC 1994 agus ar mhír 8.3.5 (Fearais tarrthála phearsanta) agus ar Iarscríbhinn 1 (Taifead ar Threalamh), a ghabhann le Cód HSC 2000, d’fhonn iad a ghlacadh ag MSC 110, agus a mheastar a thiocfaidh i bhfeidhm an 1 Eanáir 2028. Scaipeadh na leasuithe sin trí Chiorclán IMO Uimh. 4953 an 17 Nollaig 2024 in Iarscríbhinní 2 agus 3.
Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe sin toisc go ndéanfaidh siad na ceanglais maidir le hiompar seaicéad tarrthála a chomhchuibhiú leis na ceanglais i gcaibidil III SOLAS agus go gcuirfidh siad feabhas ar shábháilteacht naíonán i gcás timpiste.
4.Reachtaíocht ábhartha an Aontais Eorpaigh agus inniúlacht ábhartha an Aontais Eorpaigh
4.1.Reachtaíocht ábhartha an Aontais Eorpaigh
4.1.1.Leasuithe ar Chaibidil II-1 SOLAS
Foráiltear le hAirteagal 6(2)(a)(i) de Threoir 2009/45/CE maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta do longa paisinéirí go gcomhlíonfaidh longa paisinéirí d’Aicme A, agus iad i mbun turais intíre laistigh den Aontas, ceanglais Choinbhinsiún SOLAS 1974, arna leasú, go hiomlán.
Ina theannta sin, áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/45/CE dhá rialachán a bhaineann le longa a úsáideann breoslaí íseal-splancphointe:
·Rialachán II-1/G/1: is infheidhme maidir le longa nua d’Aicmí B, C agus D [agus longa d’Aicme B atá ann cheana] - ‘Longa, gan beann ar an dáta tógála, a athchóiríodh chun breosla gásach nó leachtach a úsáid nó a thugann gealladh breosla gásach nó leachtach a úsáid, breoslaí ina bhfuil splancphointe níos ísle ná mar a cheadaítear seachas sin faoi Rialachán II-2/A/10, fomhír.1.1, comhlíonfaidh siad ceanglais Chód IGF, mar a shainmhínítear in Solas II-1/2.28.’; agus
·Rialachán II-1/G/57: Ceanglais maidir le longa a úsáideann breoslaí íseal-splancphointe - ‘comhlíonfaidh longa a úsáideann breosla gásach nó leachtach a bhfuil splancphointe níos ísle acu ná mar a cheadaítear seachas sin faoi Rialachán II-2/4.2.1.1 ceanglais Chód IGF, mar a shainmhínítear in Solas II-1/2.28.
Dá bhrí sin, leis na leasuithe ar Chaibidil II-1 SOLAS, is féidir tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar Threoir 2009/45/CE. Is amhlaidh atá toisc go leagtar síos le hAirteagal 6(2)(a)(i) nach mór do longa paisinéirí d’Aicme A ceanglais Choinbhinsiún SOLAS 1974, arna leasú, a chomhlíonadh go hiomlán.
4.1.2.Leasuithe ar Chaibidil II-2 SOLAS
Foráiltear le hAirteagal 6(2)(a)(i) de Threoir 2009/45/CE maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta do longa paisinéirí go gcomhlíonfaidh longa paisinéirí d’Aicme A, agus iad i mbun turais intíre laistigh den Aontas, ceanglais Choinbhinsiún SOLAS 1974, arna leasú, go hiomlán.
Dá bhrí sin, is féidir leis na leasuithe ar Chaibidil II-2 SOLAS tionchar cinntitheach a imirt ar chur i bhfeidhm Threoir 2009/45/CE. Is amhlaidh atá toisc go leagtar síos le hAirteagal 6(2)(a)(i) nach mór do longa paisinéirí d’Aicme A ceanglais Choinbhinsiún SOLAS 1974, arna leasú, a chomhlíonadh go hiomlán.
4.1.3.Leasuithe ar Chaibidil V SOLAS
Foráiltear le hAirteagal 6(2)(a)(i) de Threoir 2009/45/CE maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta do longa paisinéirí go gcomhlíonfaidh longa paisinéirí d’Aicme A, agus iad i mbun turais intíre laistigh den Aontas, ceanglais Choinbhinsiún SOLAS 1974, arna leasú, go hiomlán.
Ina theannta sin, liostaítear trealamh loingseoireachta, lena n‑áirítear iompar, feidhmíocht agus cineálcheadú dréimirí píolótaí, i Roinn 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1975 ón gCoimisiún. Tá ceanglais deartha, tógála agus feidhmíochta agus caighdeáin tástála le haghaidh trealamh muirí sa Rialachán Cur Chun Feidhme. Tá sé bunaithe ar chumhachtú an Choimisiúin, trí ghníomhartha cur chun feidhme, na ceanglais dearaidh, tógála agus feidhmíochta a léiriú chomh maith leis na caighdeáin tástála i leith trealamh muirí a thagann faoi raon feidhme Treoir 2014/90/AE maidir le trealamh muirí, i gcomhréir le hAirteagal 35(2) de.
Dá bhrí sin, is féidir, leis na leasuithe atá beartaithe ar Chaibidil V SOLAS tionchar cinntitheach a imirt ar chur i bhfeidhm Threoir 2009/45/CE agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1975 ón gCoimisiún. Is amhlaidh atá toisc go liostaítear trealamh loingseoireachta, lena n‑áirítear iompar, feidhmíocht agus cineálcheadú dréimirí píolótaí, i Roinn 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1975 ón gCoimisiún, dá bhforáiltear i Rialachán SOLAS V/23.
4.1.4.Leasuithe ar Chód HSC 1994 agus ar Chód HSC 2000
Le hAirteagal 2(c) de Threoir 2009/45/CE, sainmhínítear gurb é an ‘Cód le haghaidh Árthaí Ardluais’ an ‘Cód Sábháilteachta Idirnáisiúnta le haghaidh Árthaí Ardluais’ atá i Rún MSC 36 (63) ó Choiste Muir-Shábháilteachta IMO an 20 Bealtaine 1994 nó an Cód Idirnáisiúnta do Shábháilteacht Árthaí Ardluais, 2000 (Cód HSC 2000), atá i Rún MSC.97 (73) ó IMO, Nollaig 2000, sna leaganacha díobh atá cothrom le dáta.
Foráiltear le hAirteagal 6(4) de Threoir 2009/45/CE maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta do longa paisinéirí i ndáil le hárthaí paisinéirí ardluais, agus iad i mbun turais intíre, arna dtógáil nó a ndearnadh deisiúcháin, athruithe nó modhnuithe móra orthu an 1 Eanáir 1996 nó dá éis, go gcomhlíonfaidh siad ceanglais Rialachán X/2 agus X/3 de Choinbhinsiún SOLAS 1974, lena ndéantar foráil maidir le cur i bhfeidhm an ‘Chóid d’Árthaí Ardluais’.
Dá bhrí sin, is féidir leis na leasuithe ar Chód HSC 1994 agus ar Chód HSC 2000 tionchar cinntitheach a imirt ar chur i bhfeidhm Threoir 2009/45/CE. Is amhlaidh atá toisc go bhforáiltear le hAirteagal 6(4) go gcomhlíonfaidh árthaí paisinéirí ardluais, agus iad i mbun turais intíre, arna dtógáil nó a ndearnadh deisiúcháin, athruithe nó modhnuithe móra orthu an 1 Eanáir 1996 nó dá éis, ceanglais Rialachán X/2 agus X/3 de Choinbhinsiún SOLAS 1974, lena ndéantar foráil maidir le cur i bhfeidhm an ‘Chóid d’Árthaí Ardluais’.
4.2.Inniúlacht an Aontais Eorpaigh
Baineann ábhar na ngníomhartha atá beartaithe le réimse ar ina leith atá inniúlacht sheachtrach eisiach ag an Aontas de bhua an choir dheireanaigh d’Airteagal 3(2) CFAE ós rud é gur dócha go ndéanfaidh na gníomhartha atá beartaithe ‘difear do chomhrialacha nó go n‑athróidh siad a raon feidhme’.
5.Bunús dlí
5.1.Bunús dlí don nós imeachta
5.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Tá feidhm ag Airteagal 218(9) CFAE gan beann ar cé acu atá an tAontas ina chomhalta den chomhlacht nó ina pháirtí sa chomhaontú.
Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
5.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é Coiste Muir-Shábháilteachta IMO a cuireadh ar bun le comhaontú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Eagraíocht Mhuirí Idir-rialtasach.
Is gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo iad na gníomhartha a iarrtar ar an gcoiste sin de chuid IMO a ghlacadh. D’fhéadfadh na gníomhartha atá beartaithe tionchar cinntitheach a imirt ar a bhfuil sa reachtaíocht seo a leanas de chuid an Aontais Eorpaigh agus go sonrach:
–Treoir 2009/45/CE maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta do longa paisinéirí. Is amhlaidh atá toisc go bhforáiltear le hAirteagal 6(2)(a)(i) go gcomhlíonfaidh longa paisinéirí d’Aicme A ceanglais Choinbhinsiún SOLAS 1974 arna leasú, go hiomlán, agus toisc go bhforáiltear le hAirteagal 6(4) go ndéanfaidh árthaí paisinéirí ardluais, agus iad i mbun turais intíre, arna dtógáil nó a ndearnadh deisiúcháin, athruithe nó modhnuithe móra orthu an 1 Eanáir 1996 nó dá éis, ceanglais Rialachán X/2 agus X/3 de Choinbhinsiún SOLAS 1974, lena ndéantar foráil maidir le cur i bhfeidhm an ‘Chóid d’Árthaí Ardluais’, a chomhlíonadh go hiomlán.
–Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1975 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais dearaidh, tógála agus feidhmíochta agus le caighdeáin tástála le haghaidh trealamh muirí agus lena n‑aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1667 ón gCoimisiún. Is amhlaidh atá toisc go liostaítear trealamh loingseoireachta, lena n‑áirítear iompar, feidhmíocht agus cineálcheadú dréimirí píolótaí i Roinn 4 de, dá bhforáiltear i Rialachán SOLAS V/23.
–Leis na gníomhartha atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.
5.2.Bunús dlí substainteach
5.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh‑chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh‑chomhpháirt.
5.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is leis an muiriompar a bhaineann príomhchuspóir agus príomhábhar na ngníomhartha atá beartaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 100(2) CFAE an bunús dlí substainteach le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.
5.3.Conclúid
Is é Airteagal 100(2) CFAE ba cheart a bheith ina bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
2025/0121 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta le linn an 110ú seisiún den Choiste Muir-Shábháilteachta maidir le leasuithe a ghlacadh ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS), Cód Idirnáisiúnta do Shábháilteacht Árthaí Ardluais 1994 (Cód HSC 1994) agus Cód Idirnáisiúnta do Shábháilteacht Árthaí Ardluais 2000 (Cód HSC 2000)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tháinig an Coinbhinsiún maidir leis an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (‘IMO’) i bhfeidhm an 17 Márta 1958.
(2)Is sainghníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe é IMO a bhfuil freagracht uirthi maidir le sábháilteacht agus slándáil loingis agus maidir le truailliú muirí agus truailliú atmaisféarach ó longa a chosc. Tá gach Ballstát den Aontas ina chomhalta de IMO. Níl an tAontas ina chomhalta de IMO.
(3)De bhun Airteagal 28(b) den Choinbhinsiún maidir le IMO, cuireann an Coiste Muir-Shábháilteachta sásra ar fáil chun aon dualgas a shanntar dó a chur i gcrích i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún sin, nó aon dualgas a shannann Comhthionól IMO nó Comhairle IMO dó a chur i gcrích, nó aon dualgas laistigh de raon feidhme an Airteagail sin a d’fhéadfaí a shannadh don Choiste Muir-Shábháilteachta faoi aon ionstraim idirnáisiúnta eile agus a bhféadfadh IMO glacadh leis.
(4)Tá Coiste Muir-Shábháilteachta IMO, le linn a 110ú seisiún ón 18 go dtí an 27 Meitheamh 2025, le leasuithe ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS), 1974, Cód Idirnáisiúnta do Shábháilteacht Árthaí Ardluais 1994 (Cód HSC 1994) agus Cód Idirnáisiúnta do Shábháilteacht Árthaí Ardluais 2000 (Cód HSC 2000).
(5)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais a bhunú le linn an 110ú seisiún de Choiste Muir-Shábháilteachta IMO, ós rud é gur féidir leis na gníomhartha atá beartaithe tionchar cinntitheach a imirt ar ábhair dhlí an Aontais, mar atá Treoir 2009/45/CE maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta do longa paisinéirí, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1975 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais dearaidh, tógála agus feidhmíochta agus le caighdeáin tástála le haghaidh trealamh muirí agus lena n‑aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1667 ón gCoimisiún.
(6)Dá réir sin, ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe ar Chaibidil II-1 SOLAS, toisc go gcuirfidh siad soiléiriú agus cinnteacht maidir le cur i bhfeidhm an chóid IGF ar bhreoslaí gásacha ar fáil. Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe ar Chaibidil II-2 SOLAS, toisc go n‑áiritheoidh siad cur chun feidhme comhsheasmhach na forála sin le haghaidh longa paisinéirí agus lastlong. Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe ar Chaibidil V SOLAS, toisc go gcuirfidh siad feabhas ar shábháilteacht phíolótaí ar muir. Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe ar Chód HSC 1994 agus ar Chód HSC 2000, toisc go ndéanfaidh siad na ceanglais maidir le hiompar seaicéad tarrthála a chomhchuibhiú leis na ceanglais i gcaibidil III SOLAS agus go gcuirfidh siad feabhas ar shábháilteacht naíonán i gcás timpiste.
(7)Tá seasamh an Aontais le cur in iúl ag Ballstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí de IMO, agus ag an gCoimisiún, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn an 110ú seisiún de Choiste Muir-Shábháilteachta IMO aontú le leasuithe a ghlacadh ar chaibidlí II-1, II-2 agus V den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (‘SOLAS’), 1974, Cód Idirnáisiúnta do Shábháilteacht Árthaí Ardluais 1994 (Cód HSC 1994) agus Cód Idirnáisiúnta do Shábháilteacht Árthaí Ardluais, 2000 (Cód HSC 2000), mar a leagtar amach in Iarscríbhinní 1, 2 agus 3 a ghabhann le Ciorclán IMO Uimh. 4853 an 17 Nollaig 2024.
Airteagal 2
An Coimisiún agus Ballstáit an Aontais ar comhaltaí iad de Choiste Muir-Shábháilteachta IMO, cuirfidh siad an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais.
Airteagal 3
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán