AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,22.5.2025
COM(2025) 248 final
2025/0119(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus Eacuadór, den pháirt eile, maidir le comhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis Eacuadór atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
Baineann an togra seo le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe le Poblacht Eacuadór (‘Eacuadór’) maidir le comhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (‘Europol’) agus údaráis Eacuadór atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac (‘an Comhaontú’).
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Is é misean Europol tacú leis na Ballstáit chun gach cineál coireachta tromchúisí eagraithe idirnáisiúnta, cibearchoireachta agus sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac. I saol domhandaithe ina bhfuil an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht ag éirí níos trasnáisiúnta agus ilchineálaí, ba cheart údaráis forfheidhmithe dlí a bheith in ann comhoibriú go hiomlán le comhpháirtithe seachtracha chun slándáil a saoránach a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart Europol a bheith in ann dlúthchomhar a dhéanamh le húdaráis forfheidhmithe dlí i dtríú tíortha, lena n‑áirítear trí sonraí pearsanta a mhalartú, a mhéid is gá chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/794. An tráth céanna, tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil coimircí leordhóthanacha i bhfeidhm i ndáil le príobháideachas, cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint chun sonraí pearsanta a chosaint.
Is féidir le Europol sonraí pearsanta a mhalartú le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta ar cheann amháin de na boinn seo a leanas a leagtar amach in Airteagal 25(1), pointí (a) go (c), de Rialachán (AE) 2016/794:
·Cinneadh ón gCoimisiún a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 36 de Threoir (AE) 2016/680, ar cinneadh é lena gcinntear go n‑áirithíonn an tríú tír, críoch nó earnáil shonraithe amháin nó níos mó laistigh den tríú tír sin, nó an eagraíocht idirnáisiúnta i dtrácht leibhéal leordhóthanach cosanta (‘cinneadh leordhóthanachta’);
·comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta de bhun Airteagal 218 CFAE, ar comhaontú é lena dtugtar coimircí leordhóthanacha i ndáil le príobháideachas, cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint;
·comhaontú comhair lena gceadaítear malartú sonraí pearsanta arna thabhairt i gcrích roimh an 1 Bealtaine 2017 idir Europol agus an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 23 de Chinneadh 2009/371/CGB.
Ó tháinig Rialachán (AE) 2016/794 i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2017, tá an Coimisiún freagrach, thar ceann an Aontais, as comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidliú le tríú tíortha maidir le malartú sonraí pearsanta le Europol. A mhéid is gá chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh, féadfaidh Europol freisin caidreamh comhair a bhunú agus a choinneáil ar bun le comhpháirtithe seachtracha trí shocruithe oibre agus riaracháin nach féidir leo féin a bheith ina mbunús dlí chun sonraí pearsanta a mhalartú. Murab ionann agus le comhaontú idirnáisiúnta, is é Europol a thugann na socruithe sin i gcrích agus níl siad ina gceangal ar an Aontas Eorpach ná ar a Bhallstáit.
Tá grúpaí coireachta eagraithe Mheiriceá Laidinigh ina mbagairt thromchúiseach ar shlándáil inmheánach an Aontais Eorpaigh toisc go bhfuil an bhaint idir a ngníomhaíochtaí agus sraith coireanna laistigh den Aontas ag dul i méid, go háirithe i réimse na gáinneála ar dhrugaí. Sa Mheasúnú a rinne an tAontas Eorpach ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí Eagraithe in 2021 tugtar chun suntais go bhfuil méideanna nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo de dhrugaí aindleathacha á ngáinneáil chuig an Aontas ó Mheiriceá Laidineach, lena ngintear brabús ilbhilliún euro, brabús a úsáidtear chun réimse leathan eagraíochtaí coiriúla a mhaoiniú (eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí atá bunaithe san Aontas) agus chun an smacht reachta a lagú san Aontas Eorpach. De réir an Mheasúnaithe ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí Eagraithe in 2025, is é Meiriceá Laidineach an príomhréigiún ina saothraítear agus ina dtáirgtear cócaoin, agus tá a chalafoirt ina dtúsphointí le haghaidh iompar ar aghaidh chuig an Aontas. Chomh maith leis sin, feictear go dtagann daoine a ndéantar gáinneáil orthu le haghaidh dúshaothrú gnéasach agus, ar bhonn níos lú, dúshaothrú saothair ó Mheiriceá Laidineach go minic, mar aon le imircigh neamhrialta a smuigleáiltear d’aer isteach san Aontas.
Deimhnítear i dtuarascálacha le déanaí go bhfuil cócaon níos infhaighte san Eoraip ná a bhí riamh agus go bhfuil an druga níos inacmhainne agus níos inrochtana ag úsáideoirí ná mar a bhí roimhe seo. Déantar an chuid is mó den táirge a urghabhtar san Aontas Eorpach a iompar ar muir, i gcoimeádáin loingseoireachta muirí go príomha, agus seoltar chuig an Aontas go díreach é ó na tíortha táirgthe agus ó na tíortha imeachta comharsanacha i Meiriceá Laidineach, lena n‑áirítear Eacuadór. Ar bhonn na gcainníochtaí cócaoin a urghabhadh i gcalafoirt na hEorpa agus i gcalafoirt eile a bhí ag déanamh ar an Eoraip, bhí Eacuadór (le hurghabháil cócaoin de thart ar 67.5 tonna) ar cheann de na príomhphointí imeachta in 2020, mar atá le roinnt blianta anuas. Sampla d’éabhlóid Eacuadór maidir leis an ngáinneáil ar dhrugaí is ea an méadú ar na cainníochtaí a sheoltar ó Guayaquil, an calafort coimeádán is mó in Eacuadór, chuig Antuairp na Beilge, ag úsáid an mhodha ‘slíoc agus sliop’, ó 6 thonna in 2018 go dtí beagnach 56 thonna in 2021. Is seanbhunaithe iad na heagraíochtaí coireachta eagraithe atá lonnaithe i Meiriceá Laidineach agus tá siad gníomhach freisin i réimsí coireachta eile a thagann faoi shainordú Europol, amhail cibearchoireacht, sciúradh airgid agus coireanna comhshaoil.
Ina Dhoiciméad Clársceidealaithe 2024‑2026, chuir Europol i bhfios go bhfuil an méadú ar an éileamh ar dhrugaí agus an méadú ar na bealaí gáinneála ar dhrugaí isteach san Aontas Eorpach ina n‑údar maith le comhar feabhsaithe le tíortha Mheiriceá Laidinigh, i measc nithe eile.
I bhfianaise an mhéid sin, i mí Dheireadh Fómhair 2023, síníodh socrú oibre idir Europol agus Eacuadór, agus tá an comhar idir an dá thaobh ag teacht chun cinn cheana féin, lena n‑áirítear oifigeach idirchaidrimh ó Eacuadór a chur ag obair in Europol.
Tá Eacuadór rannpháirteach i Sásra Comhordúcháin agus Comhair Chomhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh maidir le Drugaí. Thairis sin, tá Eacuadór ina ball d’Eagraíocht Póilíneachta Chríocha Mheiriceá (Ameripol) agus de Choiste Mheiriceá Laidinigh um an tSlándáil Inmheánach (CLASI), coiste a bunaíodh in 2022 agus atá á stiúradh ag an gClár Cúnaimh idir an Eoraip agus Meiriceá Laidineach in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta (El PacCto). Tá an tír ina ball de thascfhórsa tiomnaithe CLASI maidir le drugaí freisin agus dá bhrí sin tá sí tiomanta rannchuidiú le grúpaí coireachta eagraithe atá i mbun táirgeadh drugaí agus gáinneáil ar dhrugaí a bhaint as a chéile. Go deimhin, shainaithin an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA) Eacuadór mar phríomh‑chomhpháirtí idirnáisiúnta chun an soláthar domhanda cócaoin a laghdú.
Mar sin féin, níl an Comhaontú Oibre idir Europol agus Eacuadór ina bhunús dlí chun sonraí pearsanta a mhalartú. Os a choinne sin, bheadh comhar oibríochtúil méadaithe den chineál sin agus comhroinnt faisnéise ábhartha idir Europol agus Eacuadór tábhachtach chun cionta tromchúiseacha a chomhrac in go leor réimsí coireachta leasa choitinn, amhail gáinneáil ar dhrugaí agus coireacht chomhshaoil, chomh maith le coireanna in aghaidh daoine.
I bhfianaise an mhéid sin, thíolaic an Coimisiún Moladh an 22 Feabhra 2023, inar moladh go n‑údaródh an Chomhairle tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Eacuadór maidir le sonraí pearsanta a mhalartú idir Europol agus údaráis Eacuadór atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac. An 15 Bealtaine 2023, thug an Chomhairle an t‑údarú sin agus ghlac sí treoracha caibidlíochta.
Thosaigh an chaibidlíocht le hEacuadór maidir leis an gComhaontú sin i mí an Mheithimh 2023. Ar mhaithe le hionstraim chomhleanúnach amháin a bheadh ceangailteach ó thaobh dlí de a bheith ann lena rialálfaí comhar idir Europol agus Eacuadór, cuimsíodh forálacha maidir le comhar straitéiseach agus malartú sonraí neamhphearsanta sa Chomhaontú freisin.
Tar éis trí bhabhta caibidlíochta agus cruinniú teicniúil, tháinig na príomh‑idirbheartaithe ar réamh‑chomhaontú maidir leis an téacs agus chuir siad inisealacha le dréacht‑téacs an Chomhaontaithe an 3 Márta 2025.
Cuireadh na comhreachtóirí ar an eolas go tráthrialta agus chuathas i gcomhairle leo ag gach céim den chaibidlíocht, go háirithe trí thuairisciú do mheitheal fhreagrach na Comhairle agus do Choiste Pharlaimint na hEorpa um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile.
•Comhsheasmhacht le beartais an Aontais atá ann cheana
Rinneadh an Comhaontú a chaibidliú i gcomhréir leis na treoracha cuimsitheacha caibidlíochta a ghlac an Chomhairle an 15 Bealtaine 2023. Tá an Comhaontú seo comhsheasmhach freisin le beartas an Aontais atá ann cheana i réimse an chomhair i bhforfheidhmiú an dlí.
Le blianta beaga anuas, rinneadh dul chun cinn chun feabhas a chur ar an malartú faisnéise idir na Ballstáit agus chun an spás ina n‑oibríonn sceimhlitheoirí agus coirpigh thromchúiseacha a dhúnadh. Tá doiciméid straitéiseacha reatha an Choimisiúin mar bhonn faoin ngá atá le feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht an chomhair i bhforfheidhmiú an dlí san Aontas Eorpach, chomh maith leis an gcomhar le tríú tíortha a leathnú. Áirítear orthu sin, i measc nithe eile, Straitéis an Aontais um an Aontas Slándála agus Straitéis an Aontais Eorpaigh chun dul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe.
I gcomhréir leis na doiciméid straitéiseacha sin, tá feabhas curtha cheana ar an gcomhar idirnáisiúnta i réimse fhorfheidhmiú an dlí. Ar bhonn an údaraithe ón gComhairle, rinne an Coimisiún Comhaontú a chaibidliú leis an Nua‑Shéalainn maidir le malartú sonraí pearsanta le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol). Ba cheart a mheabhrú freisin gur údaraigh an Chomhairle roimhe seo tús a chur le caibidlíocht leis an Ailgéir, leis an Éigipt, leis an Iordáin, le hIosrael, leis an Liobáin, le Maracó, leis an Túinéis agus leis an Tuirc le haghaidh comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le sonraí pearsanta a mhalartú le Europol.
Thairis sin, tá an Comhaontú i gcomhréir le Straitéis Drugaí an Aontais Eorpaigh 2021‑2025 agus le Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Drugaí 2021‑2025, ina leagtar béim ar a thábhachtaí atá an comhar idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe ilghnéitheacha fheiniméan na ndrugaí.
Ar an mbonn sin, ba cheart breathnú ar an gComhaontú le hEacuadór mar chuid d’iarracht níos leithne chun feabhas a chur ar an gcomhar i bhforfheidhmiú an dlí idir an tAontas Eorpach agus tíortha i Meiriceá Laidineach ar díol spéise iad. I ndáil leis sin, ar bhonn moladh ón gCoimisiún, d’údaraigh an Chomhairle tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontuithe idirnáisiúnta comhchosúla leis an mBolaiv, leis an mBrasaíl, le Meicsiceo agus le Peiriú, i gcomhthreo le hEacuadór, agus é mar aidhm dheiridh feabhas a chur ar chomhrac na sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí, lena n‑áirítear gáinneáil ar dhrugaí. Go háirithe, an 24 Feabhra 2025, d’údaraigh an Chomhairle síniú an Chomhaontaithe ábhartha leis an mBrasaíl, rud a tharla an 5 Márta 2025.
An tráth céanna, tá sé ríthábhachtach go mbeadh comhar i bhforfheidhmiú an dlí le tríú stáit go hiomlán i gcomhréir leis na cearta bunúsacha a chumhdaítear i gConarthaí an Aontais Eorpaigh agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
Baineann tacar coimircí amháin atá thar a bheith tábhachtach, go háirithe na cinn a luaitear i gCaibidlí II agus IV den Chomhaontú, le cosaint sonraí pearsanta, ar ceart bunúsach é a chumhdaítear i gConarthaí an Aontais Eorpaigh agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le hAirteagal 25(1), pointe (b), de Rialachán Europol, féadfaidh Europol sonraí pearsanta a aistriú chuig údarás tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta ar bhonn comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír sin nó an eagraíocht idirnáisiúnta sin de bhun Airteagal 218 CFAE lena dtugtar coimircí leordhóthanacha i ndáil le príobháideachas, cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint. I gCaibidlí II agus IV den Chomhaontú déantar foráil maidir leis na coimircí sin, lena n‑áirítear, go háirithe, forálacha lena n‑áirithítear roinnt prionsabal agus oibleagáidí cosanta sonraí nach mór do na Páirtithe a urramú (Airteagail 3, 4, 5, 7, 10, 11, 12, 13, 18 agus 19), chomh maith le forálacha lena n‑áirithítear cearta aonair in‑fhorfheidhmithe (Airteagail 6, 8 agus 9), maoirseacht neamhspleách (Airteagal 14) agus sásamh éifeachtach riaracháin agus breithiúnach i leith sáruithe ar na cearta agus na coimircí a aithnítear sa Chomhaontú mar thoradh ar phróiseáil sonraí pearsanta (Airteagal 15).
Tugann an dréacht‑Chomhaontú coimircí leordhóthanacha i ndáil le príobháideachas, cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint, chomh maith le foras dlíthiúil chun sonraí pearsanta a mhalartú chun coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chomhrac.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Déantar foráil in Airteagal 218(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir le cinntí ‘lena n‑údarófar comhaontú a shíniú agus, más gá, é a chur i bhfeidhm go sealadach roimh a theacht i bhfeidhm.’ Ós rud é gurb é is aidhm don togra údarú a fháil chun an Comhaontú a shíniú, is é Airteagal 218(5) CFAE an bunús dlí nós imeachta.
Tá dhá phríomhaidhm agus príomh‑chomhpháirt ag an togra, is iad sin an comhar i bhforfheidhmiú an dlí idir Europol agus Eacuadór, chomh maith le coimircí leordhóthanacha a bhunú i ndáil le príobháideachas, cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint maidir leis an gcomhar sin. Dá bhrí sin, is gá Airteagal 16(2) agus Airteagal 88 CFAE a bheith ina mbunús dlí substainteach.
Dá bhrí sin, tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 16(2) agus ar Airteagal 88 CFAE, in éineacht le hAirteagal 218(5) CFAE.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/794 rialacha sonracha maidir le sonraí pearsanta a bheith á n‑aistriú ag Europol lasmuigh den Aontas Eorpach. Liostaítear in Airteagal 25(1) de sin cásanna inar féidir le Europol sonraí pearsanta a aistriú go dleathach chuig údaráis forfheidhmithe dlí tríú tíortha. Fágann an fhoráil sin, i gcás aistrithe sonraí pearsanta ag Europol chuig Eacuadór, gur gá comhaontú ceangailteach idirnáisiúnta idir an tAontas agus Eacuadór a thabhairt i gcrích, lena dtugtar coimircí leordhóthanacha i ndáil le príobháideachas, cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) CFAE, tagann an Comhaontú faoi chuimsiú inniúlacht sheachtrach eisiach an Aontais. Dá bhrí sin, níl an togra seo faoi réir seiceáil coimhdeachta.
•Comhréireacht
Cuspóirí an Aontais maidir leis an togra seo a leagtar amach thuas, ní féidir iad a bhaint amach ach amháin trí chomhaontú idirnáisiúnta ceangailteach a dhéanamh lena bhforáiltear maidir leis na bearta comhair is gá agus cosaint iomchuí ar chearta bunúsacha á háirithiú ag an am céanna. Tá forálacha an chomhaontaithe teoranta don mhéid is gá chun na príomhchuspóirí atá leis a bhaint amach. Ní rogha mhalartach í gníomhaíocht aontaobhach na mBallstát i leith Eacuadór, ós rud é go bhfuil ról uathúil ag Europol. Ina theannta sin, ní bheadh gníomhaíocht aontaobhach ina bonn leordhóthanach le haghaidh comhar póilíneachta le tíortha nach tíortha de chuid an Aontais Eorpaigh iad agus ní áiritheofaí léi an chosaint is gá ar chearta bunúsacha.
•An rogha ionstraime
I gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2016/794, in éagmais cinneadh leordhóthanachta, ní fhéadfaidh Europol páirt a ghlacadh in aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tír ach amháin má tá sé bunaithe ar chomhaontú idirnáisiúnta de bhun Airteagal 218 CFAE lena bhforáiltear do choimircí leordhóthanacha i ndáil le príobháideachas, cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint (Airteagal 25(1)(b) de Rialachán Europol). I gcomhréir le hAirteagal 218(5) CFAE, údaraítear síniú an chomhaontaithe sin le cinneadh ón gComhairle.
•Cearta bunúsacha
Sárú ar chearta bunúsacha chun príobháideachais agus chun cosanta sonraí is ea malartú agus próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis tríú tír. Áirithítear leis an gComhaontú, áfach, riachtanas agus comhréireacht aon sárú den sórt sin trí chur i bhfeidhm coimircí leordhóthanacha cosanta sonraí a ráthú maidir leis na sonraí pearsanta a aistrítear, i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh.
Déantar foráil i gCaibidlí II agus IV maidir le sonraí pearsanta a chosaint. Ar an mbonn sin, le hAirteagail 3 go 15 agus Airteagail 18 agus 19, leagtar amach na prionsabail bhunúsacha maidir le cosaint sonraí, lena n‑áirítear teorannú de réir cuspóra, cáilíocht sonraí agus rialacha is infheidhme maidir le próiseáil catagóirí speisialta sonraí, oibleagáidí is infheidhme maidir le rialaitheoirí, lena n‑áirítear oibleagáidí maidir le tréimhsí coinneála, taifid a choimeád, an tslándáil agus aistrithe ar aghaidh, cearta aonair in‑fhorfheidhmithe, lena n‑áirítear cearta maidir le rochtain, ceartú agus cinnteoireacht uathoibrithe, maoirseacht neamhspleách éifeachtach mar aon le sásamh riaracháin agus breithiúnach.
Cumhdaíonn na coimircí gach cineál próiseála sonraí pearsanta i gcomhthéacs an chomhair idir Europol agus Eacuadór. Féadfar feidhmiú ceart aonair áirithe a mhoilliú, a theorannú nó a dhiúltú i gcás inar gá, is réasúnach agus is comhréireach, agus cearta agus leasanna bunúsacha an ábhair sonraí á gcur san áireamh, go háirithe chun riosca d’imscrúdú coiriúil nó d’ionchúiseamh coiriúil atá ar siúl a chosc, rud atá i gcomhréir le dlí an Aontais freisin.
Ina theannta sin, áiritheoidh an tAontas Eorpach agus Eacuadór araon go ndéanfaidh údarás poiblí neamhspleách atá freagrach as cosaint sonraí (údarás maoirseachta) maoirseacht ar ábhair a dhéanann difear do phríobháideachas daoine aonair chun cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.
Le hAirteagal 32 neartaítear éifeachtacht na gcoimircí sa Chomhaontú trí fhoráil a dhéanamh maidir le hathbhreithnithe comhpháirteacha ar a chur chun feidhme go tráthrialta. Beidh saineolaithe ábhartha maidir le cosaint sonraí agus forfheidhmiú an dlí ar na foirne meastóireachta.
Mar choimirce bhreise, de bhun Airteagal 21, mír 1, i gcás neamhchomhlíonadh na n‑oibleagáidí a eascraíonn as forálacha an Chomhaontaithe, is féidir an Comhaontú a chur ar fionraí. Aon sonraí pearsanta a aistríodh roimh an bhfionraí, caithfear leo fós i gcomhréir leis an gComhaontú. Ina theannta sin, i gcás fhoirceannadh an Chomhaontaithe, leanfar de shonraí pearsanta a aistrítear roimh fhoirceannadh an Chomhaontaithe a phróiseáil i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe.
Thairis sin, ráthaítear leis an gComhaontú go bhfuil an malartú sonraí pearsanta idir Europol agus Eacuadór comhsheasmhach le prionsabal an neamh‑idirdhealaithe agus le hAirteagal 52(1) den Chairt araon, lena n‑áirithítear go mbeidh an sárú ar chearta bunúsacha a d’fhéadfadh teacht astu teoranta don mhéid sin amháin atá fíor‑riachtanach chun cuspóirí an leasa ghinearálta atá á saothrú a chomhlíonadh, faoi réir phrionsabal na comhréireachta.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
Ní bhaineann le hábhar.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleacht bhuiséadach ar bhuiséad an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Níl aon ghá le plean cur chun feidhme, ós rud é go dtiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm ar an dáta a gheofar an fógra deireanach i scríbhinn lena dtabharfaidh an tAontas Eorpach agus Eacuadór fógra dá chéile trí bhealaí taidhleoireachta go bhfuil a nósanna imeachta féin curtha i gcrích.
Maidir le faireachán, déanfaidh an tAontas Eorpach agus Eacuadór athbhreithniú comhpháirteach ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe 1 bhliain amháin tar éis dó teacht i bhfeidhm, agus go tráthrialta ina dhiaidh sin, agus ina theannta sin, má iarrann ceachtar páirtí amhlaidh agus má chinntear go comhpháirteach é.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
In Airteagal 1 tá cuspóir agus raon feidhme an Chomhaontaithe.
In Airteagal 2 tá sainmhínithe an Chomhaontaithe.
In Airteagal 3 tá na cuspóirí a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil.
In Airteagal 4 leagtar amach na prionsabail ghinearálta maidir le cosaint sonraí nach mór don Aontas Eorpach agus d’Eacuadór a urramú.
Le hAirteagal 5 déantar foráil maidir le catagóirí speisialta sonraí pearsanta agus maidir le catagóirí éagsúla ábhar sonraí, amhail sonraí pearsanta i ndáil le híospartaigh ciona choiriúil, finnéithe nó daoine eile a fhéadann faisnéis a sholáthar maidir le cionta coiriúla, nó maidir le daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois.
Le hAirteagal 6 déantar foráil maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil go huathoibríoch.
In Airteagal 7 leagtar amach bonn le haghaidh na sonraí pearsanta a fhaightear a aistriú ar aghaidh.
Le hAirteagal 8 déantar foráil maidir leis an gceart rochtana, lena n‑áirithítear go bhfuil sé de cheart ag an ábhar sonraí, ag eatraimh réasúnta, eolas a fháil i dtaobh an ndéantar sonraí pearsanta a bhaineann leis a phróiseáil faoin gComhaontú.
Le hAirteagal 9 déantar foráil maidir leis an gceart go ndéanfaí ceartú, scriosadh, agus srianadh, lena n‑áirithítear go bhfuil an ceart ag an ábhar sonraí a iarraidh ar na húdaráis inniúla sonraí pearsanta míchruinne a bhaineann leis an ábhar sonraí a aistríodh faoin gComhaontú a cheartú.
Le hAirteagal 10 déantar foráil maidir le fógra a thabhairt faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú, lena n‑áirithítear go dtabharfaidh na húdaráis inniúla faoi seach fógra dá chéile agus dá n‑údarás maoirseachta faoi seach faoin sárú sin gan mhoill, agus go ndéanfar bearta chun na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag an sárú sin a mhaolú.
Le hAirteagal 11 déantar foráil maidir le sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí, lena n‑áirithítear go gcuirfidh údaráis inniúla an dá Pháirtí sa Chomhaontú in iúl don ábhar sonraí gan moill mhíchuí i gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta ar dócha éifeacht dhíobhálach thromchúiseach a bheith aige ar chearta agus ar shaoirsí an duine sin.
Le hAirteagal 12 déantar foráil maidir le sonraí pearsanta a stóráil, a athbhreithniú, a cheartú agus a scriosadh.
Le hAirteagal 13 déantar foráil maidir le logaí a choinneáil i ndáil le sonraí pearsanta a bhailiú, a athrú, rochtain a fháil orthu, iad a nochtadh lena n‑áirítear aistrithe ar aghaidh, iad a chomhcheangal agus iad a scriosadh.
Le hAirteagal 14 déantar foráil maidir leis an údarás maoirseachta, lena n‑áirithítear gur ann d’údarás poiblí neamhspleách atá freagrach as cosaint sonraí (údarás maoirseachta) chun maoirseacht a dhéanamh ar ábhair a dhéanann difear do phríobháideachas daoine aonair, lena n‑áirítear na rialacha intíre chun cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.
Le hAirteagal 15 déantar foráil maidir le sásamh riaracháin agus breithiúnach, lena n‑áirithítear go bhfuil an ceart ag ábhair sonraí sásamh éifeachtach riaracháin agus breithiúnach a fháil mar gheall ar sháruithe ar na cearta agus ar na coimircí a aithnítear sa Chomhaontú, sáruithe a eascraíonn as próiseáil a sonraí pearsanta.
Le hAirteagal 16, déantar foráil maidir le prionsabail cosanta sonraí is infheidhme maidir le malartú sonraí neamhphearsanta.
Le hAirteagal 17 déantar foráil maidir le haistriú ar aghaidh na sonraí neamhphearsanta a fhaightear.
Le hAirteagal 18 déantar foráil maidir le measúnú a dhéanamh ar iontaofacht fhoinse agus chruinneas na sonraí i ndáil le sonraí pearsanta agus neamhphearsanta araon a mhalartaítear faoin gComhaontú.
Le hAirteagal 19 déantar foráil maidir le slándáil sonraí, lena n‑áirithítear go ndéantar bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme chun sonraí pearsanta agus neamhphearsanta a mhalartaítear faoin gComhaontú seo a chosaint.
Le hAirteagal 20 déantar foráil maidir le díospóidí a réiteach, lena n‑áirithítear i gcás na ndíospóidí ar fad a thiocfaidh chun cinn i ndáil le léirmhíniú, cur i bhfeidhm nó cur chun feidhme an Chomhaontaithe agus aon ábhar lena mbaineann, go ndéanfar comhairliúcháin agus caibidlíocht ina leith idir ionadaithe an Aontais Eorpaigh agus Eacuadór d’fhonn teacht ar réiteach a bheidh comhaontaithe go frithpháirteach.
Le hAirteagal 21 déantar foráil maidir le clásal i ndáil le fionraí.
Le hAirteagal 22 déantar foráil maidir leis an gComhaontú a fhoirceannadh.
Le hAirteagal 23 déantar foráil maidir leis an gcaidreamh le hionstraimí idirnáisiúnta eile, lena n‑áirithítear nach ndéanfaidh an Comhaontú dochar ná difear do na forálacha dlíthiúla maidir leis an malartú faisnéise dá bhforáiltear in aon chonradh, comhaontú, nó socrú idir Eacuadór agus aon Bhallstát den Aontas Eorpach.
Le hAirteagal 24 déantar foráil maidir le faisnéis rúnda a mhalartú, más gá faoin gComhaontú.
Le hAirteagal 25 déantar foráil maidir le láimhseáil iarrataí ar rochtain phoiblí ar shonraí a aistrítear faoin gComhaontú.
Le hAirteagal 26 déantar foráil maidir leis na pointí teagmhála náisiúnta agus na hoifigigh idirchaidrimh náisiúnta.
Le hAirteagal 27 déantar foráil maidir le líne shlán chumarsáide.
Le hAirteagal 28 déantar foráil maidir leis na costais faoin gComhaontú.
Le hAirteagal 29 déantar foráil maidir leis an bhfógra um chur chun feidhme an Chomhaontaithe.
Le hAirteagal 30 déantar foráil maidir le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
Le hAirteagal 31 déantar foráil maidir le leasuithe ar an gComhaontú agus maidir le forlíontaí air.
Le hAirteagal 32 déantar foráil maidir le hathbhreithniú agus meastóireacht a dhéanamh ar an gComhaontú.
Le hAirteagal 33 déantar foráil maidir le teangacha an Chomhaontaithe.
2025/0119 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus Eacuadór, den pháirt eile, maidir le comhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis Eacuadór atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2) agus Airteagal 88, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, déantar foráil gur féidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) sonraí pearsanta a aistriú chuig údarás tríú tír, inter alia, ar bhonn comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír sin de bhun Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena dtugtar coimircí leordhóthanacha i ndáil le príobháideachas, cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint.
(2)An 15 Bealtaine 2023, thug an Chomhairle údarás don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le Poblacht Eacuadór maidir le comhaontú i ndáil le sonraí pearsanta a mhalartú idir Europol agus údaráis Eacuadór atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac.
(3)Tugadh an chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú chun críche go rathúil idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus Eacuadór, den pháirt eile, maidir le comhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis Eacuadór atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac (‘an Comhaontú’) agus cuireadh inisealacha le téacs an Chomhaontaithe an 3 Márta 2025.
(4)Leis an gComhaontú bunaítear caidreamh comhoibritheach idir Europol agus údaráis inniúla Eacuadór, agus ceadaítear leis sonraí pearsanta agus neamhphearsanta a aistriú eatarthu, d’fhonn an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus slándáil an Aontais agus a chuid saoránach a chosaint.
(5)Áirithítear leis an gComhaontú go n‑urramófar ina hiomláine Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n‑áirítear an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, ceart a aithnítear in Airteagal 7 den Chairt, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, ceart a aithnítear in Airteagal 8 den Chairt agus an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa, ceart a aithnítear in Airteagal 47 den Chairt. Áirítear sa Chomhaontú coimircí leordhóthanacha chun sonraí pearsanta arna n‑aistriú ag Europol faoin gComhaontú a chosaint.
(6)Ní dhéanann an Comhaontú difear d’aistriú sonraí pearsanta nó cineálacha eile comhair idir na húdaráis atá freagrach as an tslándáil náisiúnta a chosaint, agus tá sé gan dochar don aistriú sin.
(7)Tá Éire faoi cheangal ag Rialachán (AE) 2016/794 agus tá sí, dá bhrí sin, rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo.
(8)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.
(9)Thug an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí Tuairim [xxx] uaidh an [xx.xx.xxxx].
(10)Dá bhrí sin, ba cheart an Comhaontú a shíniú,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus Eacuadór, den pháirt eile, maidir le comhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis Eacuadór atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac, a údarú thar ceann an Aontais, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a ghlacfar é.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,22.5.2025
COM(2025) 248 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus Eacuadór, den pháirt eile, maidir le comhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis Eacuadór atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac
IARSCRÍBHINN
COMHAONTÚ IDIR AN tAONTAS EORPACH, DE PHÁIRT AMHÁIN, AGUS EACUADÓR, DEN PHÁIRT EILE, MAIDIR LE COMHAR IDIR GNÍOMHAIREACHT AN AONTAIS EORPAIGH I nDÁIL LE COMHAR I bhFORFHEIDHMIÚ AN DLÍ (EUROPOL) AGUS ÚDARÁIS EACUADÓR ATÁ INNIÚIL CHUN AN CHOIREACHT THROMCHÚISEACH AGUS AN SCEIMHLITHEOIREACHT A CHOMHRAC
AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ nó ‘AE’ anseo feasta freisin,
agus
POBLACHT EACUADÓR, dá ngairtear ‘Eacuadór’ anseo feasta freisin,
dá ngairtear i gcomhpháirt ‘na Páirtithe Conarthacha’ anseo feasta,
ÓS RUD É go gcruthófar leis an gcomhaontú seo creat le haghaidh comhar oibríochtúil feabhsaithe idir an tAontas agus Eacuadór i réimse fhorfheidhmiú an dlí, trí mhalartú sonraí pearsanta agus neamhphearsanta a cheadú idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis inniúla Eacuadór, agus cearta an duine agus saoirsí bunúsacha na ndaoine uile lena mbaineann, lena n‑áirítear príobháideachas agus cosaint sonraí, á gcosaint an tráth céanna,
ÓS RUD É go bhfuil an comhaontú seo gan dochar do shocruithe maidir le cúnamh dlí frithpháirteach idir Eacuadór agus Ballstáit an Aontais lena gceadaítear malartú sonraí pearsanta,
ÓS RUD É nach bhforchuirtear leis an gComhaontú seo aon cheanglas ar na húdaráis inniúla sonraí pearsanta nó neamhphearsanta a aistriú agus go leanfaidh comhroinnt aon sonraí pearsanta nó neamhphearsanta a iarrtar faoin gComhaontú seo de bheith deonach,
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
AIRTEAGAL 1
Cuspóir agus raon feidhme
(1)Is é cuspóir an Chomhaontaithe seo caidreamh comhair a bhunú idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis inniúla Eacuadór, agus aistriú sonraí pearsanta agus neamhphearsanta eatarthu a cheadú, chun tacú agus treisiú le gníomhaíocht údaráis Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus údaráis Eacuadór, mar aon lena gcomhar frithpháirteach i ndáil le cionta coiriúla, lena n‑áirítear coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht, a chosc agus a chomhrac, agus coimircí iomchuí a áirithiú i ndáil le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha daoine aonair, lena n‑áirítear príobháideachas agus cosaint sonraí.
(2)Cumhdaítear i raon feidhme an Chomhaontaithe seo comhar idir Europol agus údaráis inniúla Eacuadór i réimsí gníomhaíochtaí Europol agus laistigh d’inniúlacht agus cúraimí Europol, mar a leagtar amach i Rialachán Europol, mar a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus sa Chomhaontú seo.
AIRTEAGAL 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)Ciallaíonn ‘Páirtithe Conarthacha’ an tAontas Eorpach agus Poblacht Eacuadór;
(2)Is é ‘Europol’ Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí, a bunaíodh faoi Rialachán Europol;
(3)Is é ‘Rialachán Europol’ nó ‘Rialachán (AE) 2016/794’ Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n‑aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO AE L 135, 24.5.2016, lch. 53), nó aon leasú a dhéanfar ar an Rialachán sin nó Rialachán a ghabhann ionad air amach anseo;
(4)ciallaíonn ‘údarás inniúil’, i gcás Eacuadór, na húdaráis forfheidhmithe dlí intíre atá freagrach faoi dhlí náisiúnta Eacuadór as cionta coiriúla a chosc agus a chomhrac mar a liostaítear in Iarscríbhinn II (‘údaráis inniúla Eacuadór’), agus i gcás an Aontais Eorpaigh, Europol;
(5)ciallaíonn ‘comhlachtaí an Aontais’ institiúidí, comhlachtaí, misin, oifigí agus gníomhaireachtaí arna mbunú ag Conradh an Aontais Eorpaigh agus ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nó arna mbunú ar bhonn na gconarthaí sin, a liostaítear in Iarscríbhinn III;
(6)is ‘cionta coiriúla’ iad na cineálacha coireachta a liostaítear in Iarscríbhinn I agus cionta coiriúla gaolmhara; meastar cionta coiriúla a bheith gaolmhar leis na cineálacha coireachta a liostaítear in Iarscríbhinn I má dhéantar iad chun modh a fháil chun coireanna den sórt sin a dhéanamh, chun coireanna den sórt sin a éascú nó a dhéanamh, nó chun a áirithiú go mbeidh na daoine a dhéanfaidh coireanna den sórt sin saor ó phionós;
(7)ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis a bhaineann leis an ábhar sonraí;
(8)ciallaíonn ‘sonraí neamhphearsanta’ faisnéis seachas sonraí pearsanta;
(9)ciallaíonn ‘an t‑ábhar sonraí’ duine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta; is é is duine in‑sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe faoi threoir aitheantóra amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh nó aitheantóir ar líne nó faoi threoir toisce amháin nó níos mó a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiciúil, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine sin;
(10)ciallaíonn ‘sonraí géiniteacha’ na sonraí pearsanta uile a bhaineann le tréithe géiniteacha duine aonair, ar tréithe ó oidhreacht nó tréithe faighte iad, a thugann sainfhaisnéis faoi fhiseolaíocht nó faoi shláinte an duine aonair sin, ar sonraí iad a fuarthas go háirithe mar thoradh ar anailís arna déanamh ar shampla bitheolaíoch ón duine aonair atá i gceist;
(11)ciallaíonn ‘sonraí bithmhéadracha’ sonraí pearsanta a eascraíonn as próiseáil theicniúil ar leith agus a bhaineann le saintréithe fisiciúla, fiseolaíocha nó iompraíochta duine nádúrtha, ar sonraí iad lena gceadaítear nó lena ndeimhnítear sainaithint uathúil an duine nádúrtha sin, amhail íomhánna den aghaidh nó sonraí dachtalascópacha;
(12)Ciallaíonn ‘próiseáil’, aon oibríocht nó aon sraith oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar thacair sonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, scriosadh nó díothú;
(13)ciallaíonn ‘sárú i ndáil le sonraí pearsanta’ sárú i ndáil le slándáil as a dtagann díothú, cailleadh, athrú nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach;
(14)ciallaíonn ‘údarás maoirseachta’ údarás neamhspleách intíre amháin nó níos mó atá, ina aonar nó go carnach, freagrach as cosaint sonraí i gcomhréir le hAirteagal 14, agus ar tugadh fógra dó de réir an Airteagail sin; d’fhéadfadh sé go gcuimseofaí leis sin údaráis a gcumhdaíonn a bhfreagracht cearta eile an duine freisin;
(15)ciallaíonn ‘eagraíocht idirnáisiúnta’ eagraíocht agus a fochomhlachtaí arna rialú ag an dlí idirnáisiúnta poiblí, nó aon chomhlacht eile, a bhunaítear le comhaontú idir dhá thír nó níos mó nó a bhunaítear ar bhonn comhaontú den sórt sin.
CAIBIDIL II
MALARTÚ SONRAÍ PEARSANTA AGUS COSAINT SONRAÍ
AIRTEAGAL 3
Cuspóirí sonraí pearsanta a phróiseáil
(1)Ní dhéanfar sonraí pearsanta a iarrtar agus a fhaightear faoin gComhaontú a phróiseáil ach amháin chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorchur, laistigh de theorainneacha Airteagal 4(5) agus de shainorduithe féin na n‑údarás inniúil.
(2)Léireoidh na húdaráis inniúla go soiléir, tráth aistriú na sonraí pearsanta ar a dhéanaí, an cuspóir sonrach nó na cuspóirí sonracha dá bhfuil na sonraí á n‑aistriú. I gcás aistrithe chuig Europol, sonrófar cuspóir nó cuspóirí an aistrithe sin i gcomhréir le cuspóirí sonracha na próiseála arna leagan amach i Rialachán Europol. Féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh de chomhthoil go bhféadfar na sonraí pearsanta arna n‑aistriú a phróiseáil chun críche atá forlíontach, comhoiriúnach agus sonrach, a shonrófar tráth comhthola den sórt sin agus a thiocfaidh faoi raon feidhme mhír 1 den Airteagal seo.
AIRTEAGAL 4
Prionsabail ghinearálta cosanta sonraí
(1)Déanfaidh gach Páirtí Conarthach foráil maidir le sonraí pearsanta a mhalartófar faoin gComhaontú seo mar a leanas:
(a)déanfar iad a phróiseáil go cóir, i gcomhréir le ceanglais trédhearcachta in Airteagal 29(1) agus chun na críche nó chun na gcríoch dár aistríodh iad i gcomhréir le hAirteagal 3, agus chun na gcríoch sin amháin;
(b)beidh siad leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis an gcuspóir nó na cuspóirí dá ndéantar iad a phróiseáil;
(c)beidh siad cruinn agus coimeádfar cothrom le dáta iad; forálfaidh gach Páirtí Conarthach go ndéanfaidh a chuid údarás inniúil gach beart réasúnta lena áirithiú go gceartófar nó go scriosfar gan moill mhíchuí sonraí pearsanta atá míchruinn, ag féachaint do na cuspóirí dá ndéantar iad a phróiseáil;
(d)coimeádfar iad i bhfoirm nach gceadaítear léi na hábhair sonraí a shainaithint ach ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá chun na gcríoch dá ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil;
(e)déanfar iad a phróiseáil ar bhealach lena n‑áirithítear slándáil iomchuí na sonraí pearsanta.
(2)Tráth aistriú na sonraí pearsanta, féadfaidh údarás inniúil an aistrithe aon srian ar rochtain orthu nó ar an úsáid atá le baint astu a shonrú i dtéarmaí ginearálta nó i dtéarmaí sonracha, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann lena n‑aistriú ar aghaidh, lena scriosadh nó lena ndíothú tar éis tréimhse áirithe ama, nó leis an bpróiseáil bhreise a dhéanfar orthu. I gcás inar léir go bhfuil gá le srianta den sórt sin tar éis an fhaisnéis a sholáthar, cuirfidh údarás inniúil an aistrithe an t‑údarás is faighteoir ar an eolas dá réir sin.
(3)Áiritheoidh gach Páirtí Conarthach go gcomhlíonfaidh an t‑údarás inniúil is faighteoir aon srian ar rochtain nó ar úsáid bhreise na sonraí pearsanta arna gcur in iúl ag údarás inniúil an aistrithe mar a thuairiscítear i mír 2.
(4)Forálfaidh gach Páirtí Conarthach go gcuirfidh a údaráis inniúla bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí chun feidhme ionas go mbeifear in ann a thaispeáint go gcomhlíonfaidh an phróiseáil an Comhaontú seo agus go gcosnófar cearta na n‑ábhar sonraí lena mbaineann.
(5)Áiritheoidh gach Páirtí Conarthach nach n‑aistreoidh a údaráis inniúla sonraí pearsanta a fuarthas i sárú follasach ar chearta an duine a aithnítear le noirm an dlí idirnáisiúnta atá ceangailteach ar na Páirtithe Conarthacha. Áiritheoidh gach Páirtí Conarthach nach mbainfear úsáid as na sonraí pearsanta a fhaightear chun pionós an bháis nó aon chineál ceastóireachta, íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach a iarraidh, a thabhairt nó a fhorghníomhú.
(6)Áiritheoidh gach Páirtí Conarthach go gcoimeádfar taifead de gach aistriú sonraí pearsanta faoin gComhaontú seo agus de chuspóir nó de chuspóirí na n‑aistrithe sin.
AIRTEAGAL 5
Catagóirí speisialta sonraí pearsanta agus catagóirí éagsúla ábhar sonraí
(1)Toirmiscfear aistriú sonraí pearsanta agus tuilleadh próiseála sonraí pearsanta i ndáil le híospartaigh ciona choiriúil, finnéithe nó daoine eile a fhéadann faisnéis a sholáthar a bhaineann le cionta coiriúla, nó i ndáil le daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois, ach amháin má tá géarghá leis an aistriú sin agus má tá sé comhréireach i gcásanna aonair chun cion coiriúil a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis chóiriúla a fhorghníomhú.
(2)Ní cheadófar aistriú sonraí pearsanta ná tuilleadh próiseála sonraí pearsanta lena nochtar bunadh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ná ballraíocht i gceardchumann, sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, ná sonraí a bhaineann leis an tsláinte, ná sonraí a bhaineann le saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine nádúrtha ach amháin i gcás ina bhfuil géarghá leis agus má tá sé comhréireach i gcásanna aonair chun cion coiriúil a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus más rud é go gcuireann na sonraí sin, seachas sonraí bithmhéadracha, le sonraí pearsanta eile.
(3)Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go mbeidh próiseáil sonraí pearsanta faoi mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo faoi réir coimircí iomchuí chun cosaint a thabhairt i gcoinne na rioscaí sonracha atá i gceist, lena n‑áirítear srianta ar rochtain, bearta maidir le slándáil sonraí de réir bhrí Airteagal 19 agus teorainneacha ar aistrithe ar aghaidh faoi Airteagal 7.
AIRTEAGAL 6
Uathphróiseáil sonraí pearsanta
Toirmiscfear cinntí atá bunaithe go huile agus go hiomlán ar uathphróiseáil na sonraí pearsanta a mhalartaítear, lena n‑áirítear próifíliú, rud a d’fhéadfadh éifeacht dhíobhálach dhlíthiúil a bheith aige ar an duine is ábhar do na sonraí nó a d’fhéadfadh difear mór a dhéanamh dó, mura n‑údaraítear iad faoin dlí chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú agus mura bhfuil coimircí iomchuí ann do chearta agus do shaoirsí an duine is ábhar do na sonraí, lena n‑áirítear ar a laghad an ceart chun idirghabháil ón duine a fháil.
AIRTEAGAL 7
Na sonraí pearsanta a fhaightear a aistriú ar aghaidh
(1)Áiritheoidh Eacuadór nach n‑aistreoidh a húdaráis inniúla sonraí pearsanta a fhaightear faoin gComhaontú seo chuig údaráis eile in Eacuadór ach amháin i gceann de na cásanna seo a leanas:
(a)tá údarú sainráite tugtha ag Europol roimh ré;
(b)is ionann cuspóir nó cuspóirí an aistrithe ar aghaidh agus cuspóir nó cuspóirí bunaidh an aistrithe ag Europol; agus
(c)tá an t‑aistriú ar aghaidh faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí céanna leo siúd a bhfuil feidhm acu maidir leis an aistriú bunaidh.
Gan dochar d’Airteagal 4(2), ní gá an ceanglas a leagtar amach i bpointe (a) den mhír seo a chomhlíonadh nuair is údarás inniúil de chuid Eacuadór a liostaítear in Iarscríbhinn II é an t‑údarás is faighteoir.
(2)Áiritheoidh an tAontas nach n‑aistreoidh Europol sonraí pearsanta a fhaightear faoin gComhaontú seo chuig údaráis san Aontas seachas na húdaráis sin a liostaítear in Iarscríbhinn III ach amháin i gceann de na cásanna seo a leanas:
(a)tá údarú sainráite tugtha ag Eacuadór roimh ré;
(b)is ionann cuspóir nó cuspóirí an aistrithe ar aghaidh agus cuspóir nó cuspóirí bunaidh an aistrithe ag Eacuadór; agus
(c)tá an t‑aistriú ar aghaidh faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí céanna leo siúd a bhfuil feidhm acu maidir leis an aistriú bunaidh.
Gan dochar d’Airteagal 4(2), ní gá an ceanglas a leagtar amach i bpointe (a) den mhír seo a chomhlíonadh nuair is ceann de na comhlachtaí nó na húdaráis a liostaítear in Iarscríbhinn III é an t‑údarás is faighteoir.
(3)Áiritheoidh Eacuadór go dtoirmiscfear sonraí pearsanta a fhaigheann a húdaráis inniúla faoin gComhaontú seo a aistriú ar aghaidh chuig údaráis tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a)tá údarú sainráite tugtha ag Europol roimh ré;
(b)is ionann cuspóir nó cuspóirí an aistrithe ar aghaidh agus cuspóir nó cuspóirí bunaidh an aistrithe ag Europol; agus
(c)tá an t‑aistriú ar aghaidh faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí céanna leo siúd a bhfuil feidhm acu maidir leis an aistriú bunaidh.
(4)Ní fhéadfaidh Europol a údarú faoi mhír 3, pointe a, den Airteagal seo a dheonú le haghaidh aistriú ar aghaidh chuig údarás tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta ach amháin má chuirtear i bhfeidhm cinneadh leordhóthanachta, comhaontú idirnáisiúnta lena soláthraítear coimircí iomchuí i ndáil le príobháideachas agus cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint, comhaontú comhair nó aon fhoras dlíthiúil eile amach anseo le haghaidh aistrithe sonraí pearsanta de réir bhrí Rialachán Europol lena gcumhdaítear an t‑aistriú ar aghaidh.
(5)Áiritheoidh an tAontas go dtoirmiscfear sonraí pearsanta a fhaigheann Europol faoin gComhaontú seo a aistriú ar aghaidh chuig údaráis tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a)tá údarú sainráite tugtha ag Eacuadór roimh ré;
(b)is ionann cuspóir nó cuspóirí an aistrithe ar aghaidh agus cuspóir bunaidh an aistrithe ag Eacuadór; agus
(c)tá an t‑aistriú ar aghaidh faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí céanna leo siúd a bhfuil feidhm acu maidir leis an aistriú bunaidh.
(6)Agus an tAirteagal seo á chur i bhfeidhm, ní cheadófar catagóirí speisialta sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 5 a aistriú ar aghaidh ach amháin má tá géarghá leis na haistrithe ar aghaidh sin agus má tá siad comhréireach i gcásanna aonair a bhaineann le cionta coiriúla.
CEARTA NA nÁBHAR SONRAÍ
AIRTEAGAL 8
Ceart rochtana
(1)Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go mbeidh sé de cheart ag an ábhar sonraí, ag eatraimh réasúnacha, eolas a fháil i dtaobh an ndéanfar sonraí pearsanta a bhaineann leis a phróiseáil faoin gComhaontú seo, agus, i gcás ina ndéanfar sin, rochtain a bheith aige ar an bhfaisnéis seo a leanas ar a laghad:
(a)dearbhú maidir le cibé acu a bhfuil sonraí a bhaineann leis á bpróiseáil nó nach bhfuil;
(b)faisnéis maidir le cuspóir nó cuspóirí na próiseála, na catagóirí sonraí atá i gceist, agus i gcás inarb infheidhme, na faighteoirí nó na catagóirí d’fhaighteoirí a bhfuil na sonraí á nochtadh dóibh ar a laghad;
(c)gur ann don cheart a iarraidh ar an údarás inniúil sonraí pearsanta oibríochtúla a cheartú nó a scriosadh, nó próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí a shrianadh;
(d)tásc i dtaobh an bhunúis dlí atá leis an bpróiseáil;
(e)an tréimhse beartaithe ar lena linn a stórálfar na sonraí pearsanta, nó murab indéanta sin, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh;
(f)cumarsáid i bhfoirm intuigthe faoi na sonraí a bhfuil próiseáil á déanamh orthu agus faoi aon fhaisnéis atá ar fáil faoina gcuid foinsí.
(2)I gcásanna ina bhfeidhmítear an ceart rochtana de bhun mhír 1, rachfar i gcomhairle le Páirtí Conarthach an aistrithe i scríbhinn, ar bhonn neamhcheangailteach, sula ndéanfar cinneadh críochnaitheach maidir leis an iarraidh ar rochtain.
(3)Féadfaidh na Páirtithe Conarthacha foráil maidir le moill a chur ar an soláthar faisnéise mar fhreagairt ar aon iarraidh faoi mhír 1 nó go ndiúltófar í nó go ndéanfar í a shrianadh más beart atá sa mhoill, sa diúltú nó sa srianadh a bhfuil gá leis agus atá comhréireach agus fad atá sin amhlaidh, agus cearta bunúsacha agus leasanna bunúsacha an ábhair sonraí á gcur san áireamh acu, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)a áirithiú nach gcuirfear aon imscrúdú coiriúil ná ionchúiseamh i mbaol;
(b)cearta agus saoirse tríú páirtithe a chosaint; nó
(c)slándáil náisiúnta agus ord poiblí a chosaint nó an choireacht a chosc.
(4)Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go gcuirfidh an t‑údarás inniúil a fuair an iarraidh an t‑ábhar sonraí ar an eolas i scríbhinn faoi aon mhoill, faoi dhiúltú nó faoi shrianadh rochtana agus faoi na cúiseanna atá leis sin. Féadfar na cúiseanna sin a fhágáil ar lár má bhaineann sé sin an bonn de chuspóir na moille, an diúltaithe nó an tsrianta faoi mhír 3 nó a fhad a dhéanfadh sé sin an bonn a bhaint de na cuspóirí sin. Cuirfidh an t‑údarás inniúil an t‑ábhar sonraí ar an eolas faoin bhféidearthacht gearán a thaisceadh leis na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann agus faoi shásamh riaracháin agus breithiúnach eile atá ar fáil dá bhforáiltear ina gcreat dlíthiúil faoi seach.
AIRTEAGAL 9
An ceart go ndéanfaí ceartúchán, scriosadh agus srianadh
(1)Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go mbeidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go ndéanfaidh na húdaráis inniúla sonraí pearsanta míchruinne a aistrítear faoin gComhaontú seo a cheartú. Agus cuspóir nó cuspóirí na próiseála á gcur san áireamh, cuimsítear leis sin an ceart go gcomhlánófaí sonraí pearsanta atá neamhiomlán agus a aistríodh faoin gComhaontú.
(2)Cuimseofar le ceartúchán scriosadh sonraí pearsanta nach bhfuil gá leo a thuilleadh chun na críche nó na gcríoch a ndéantar próiseáil orthu.
(3)Féadfaidh na Páirtithe Conarthacha foráil a dhéanamh maidir le próiseáil a shrianadh seachas sonraí pearsanta a scriosadh má tá forais réasúnacha ann lena chreidiúint go bhféadfadh an scriosadh sin difear a dhéanamh do leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí.
(4)Cuirfidh na húdaráis inniúla a chéile ar an eolas faoi bhearta a ghlactar de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3. Déanfaidh an t‑údarás inniúil is faighteoir an phróiseáil a cheartú, a scriosadh nó a shrianadh i gcomhréir leis an ngníomhaíocht a dhéanfaidh údarás inniúil an aistrithe.
(5)Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha foráil maidir leis an údarás inniúil a bhfuil an iarraidh faighte aige go gcuirfidh sé an t‑ábhar sonraí ar an eolas i scríbhinn gan moill mhíchuí, agus in aon chás laistigh de 3 mhí ón iarraidh a fháil i gcomhréir le mír 1 nó 2, go bhfuil na sonraí a bhaineann leis an duine is ábhar do na sonraí ceartaithe, scriosta nó go bhfuil a bpróiseáil srianta.
(6)Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha foráil maidir leis an údarás inniúil a bhfuil an iarraidh faighte aige go gcuirfidh sé an t‑ábhar sonraí ar an eolas i scríbhinn, gan aon mhoill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 3 mhí ón iarraidh a fháil, má dhéantar aon cheartú, scriosadh nó srianadh ar phróiseáil a dhiúltú, na cúiseanna leis an diúltú sin agus an fhéidearthacht gearán a thaisceadh leis na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann agus sásamh eile atá ar fáil dá bhforáiltear ina gcreat dlíthiúil faoi seach.
AIRTEAGAL 10
Fógra maidir le sárú i ndáil le sonraí pearsanta a thabhairt do na húdaráis lena mbaineann
(1)Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha, i gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta a dhéanann difear do shonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú seo, go dtabharfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann fógra dá chéile agus dá n‑údarás maoirseachta féin gan mhoill faoin sárú i ndáil le sonraí pearsanta sin agus go ndéanfaidh siad bearta chun na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag an sárú sin a mhaolú.
(2)Déanfar an méid seo a leanas ar a laghad san fhógra:
(a)tabharfar tuairisc ar an gcineál sáraithe atá ann i ndáil le sonraí pearsanta, lena n‑áirítear, nuair is féidir, na catagóirí agus an líon ábhar sonraí lena mbaineann agus na catagóirí agus an líon taifead sonraí pearsanta lena mbaineann;
(b)tabharfar tuairisc ar iarmhairtí dóchúla an tsáraithe i ndáil le sonraí pearsanta;
(c)tabharfar tuairisc ar na bearta atá déanta ag an údarás inniúil nó atá beartaithe aige a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, lena n‑áirítear na bearta atá déanta chun aon éifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag an sárú a mhaolú.
(3)A mhéid nach féidir an fhaisnéis uile is gá a chur ar fáil an tráth céanna, féadfar í a sholáthar i gcéimeanna. Soláthrófar an fhaisnéis bhreise gan tuilleadh moille míchuí.
(4)Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go ndéanfaidh a n‑údaráis inniúla féin aon sárú i ndáil le sonraí pearsanta a dhéanann difear do na sonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú seo a dhoiciméadú, lena n‑áirítear na fíricí a bhaineann leis an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, na héifeachtaí a bhaineann leis agus na bearta feabhais a rinneadh, rud a chuirfidh ar a gcumas dá n‑údarás maoirseachta faoi seach a fhíorú go bhfuil na ceanglais dhlíthiúla is infheidhme á gcomhlíonadh.
AIRTEAGAL 11
Sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí
(1)I gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 10 ar dócha go mbeidh éifeacht dhíobhálach thromchúiseach aige ar chearta agus ar shaoirsí an ábhair sonraí, déanfaidh na Páirtithe Conarthacha foráil dá n‑údaráis inniúla féin an sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí gan moill mhíchuí.
(2)Maidir leis an gcumarsáid chuig an ábhar sonraí de bhun mhír 1, tabharfar tuairisc inti, i gcás inar féidir, ar chineál an tsáraithe ar shonraí pearsanta, molfar inti bearta chun aon éifeacht díobhálach a d’fhéadfadh a bheith ag an sárú ar shonraí pearsanta a mhaolú agus soláthrófar inti ainm agus mionsonraí teagmhála an phointe teagmhála ónar féidir tuilleadh faisnéise a fháil.
(3)An chumarsáid a chur chuig an ábhar sonraí dá dtagraítear i mír 1, ní ceanglófar sin sna cásanna seo a leanas:
(a)má bhí na sonraí pearsanta a bhaineann leis an sárú faoi réir bearta cosanta teicneolaíocha iomchuí a fhágann nach mbeadh aon duine nach bhfuil údaraithe chun rochtain a fháil ar na sonraí in ann iad a thuiscint;
(b)má rinneadh na bearta ina dhiaidh sin a d’áireodh nach dócha a thuilleadh go ndéanfaí dochar tromchúiseach do chearta ná do shaoirsí an ábhair sonraí; nó
(c)dá mbeadh iarracht dhíréireach i gceist le cumarsáid a chur chuig an ábhar sonraí de bhun mhír 1, go háirithe mar gheall ar an líon cásanna lena mbaineann; i gcás den sórt sin, eiseofar teachtaireacht phoiblí nó glacfar beart comhchosúil trína dtabharfar fógra don ábhar sonraí ar bhealach atá chomh héifeachtúil céanna.
(4)De bhun mhír 1, féadfar moill a chur ar an gcumarsáid chuig an ábhar sonraí nó féadfar í a shrianadh nó a fhágáil ar lár i gcás inar dhócha go mbeadh na nithe seo a leanas ina dtoradh air sin:
(a)go gcuirfí bac ar fhiosrúcháin, imscrúduithe nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla;
(b)go ndéanfaí dochar do chosc, do bhrath, d’imscrúdú nó d’ionchúiseamh cionta coiriúla nó d’fhorghníomhú pionós coiriúil, ord poiblí nó slándáil náisiúnta;
(c)go ndéanfaí difear do chearta agus do shaoirse tríú páirtithe;
i gcás ina bhfuil gá leis an mbeart, agus inar comhréireach é, agus aird chuí á tabhairt ar leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí lena mbaineann.
AIRTEAGAL 12
Sonraí pearsanta a stóráil, a athbhreithniú, a cheartú agus a scriosadh
(1)Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha foráil maidir le bunú teorainneacha ama iomchuí i ndáil le sonraí pearsanta a fhaightear faoin gComhaontú seo a stóráil nó maidir le hathbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar an ngá atá leis na sonraí pearsanta sin a stóráil, ionas nach stórálfar sonraí pearsanta ach a fhad is gá chun na críche nó chun na gcríoch dá n‑aistrítear iad.
(2)In aon chás, déanfar an gá le stóráil leantach na sonraí pearsanta sin a athbhreithniú tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis aistriú na sonraí pearsanta, agus mura ndéantar aon chinneadh a bhfuil bonn cirt leis agus a dhoiciméadaítear maidir le stóráil leantach sonraí pearsanta, scriosfar na sonraí sin go huathoibríoch tar éis 3 bliana.
(3)I gcás ina bhfuil cúis ag údarás inniúil a chreidiúint go bhfuil sonraí pearsanta a d’aistrigh sé roimhe sin mícheart, míchruinn, nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh nó nár cheart iad a bheith aistrithe, cuirfidh sé an t‑údarás inniúil is faighteoir ar an eolas agus ceartóidh nó scriosfaidh sé na sonraí pearsanta, agus tabharfaidh sé fógra ina leith d’údarás an aistrithe.
(4)I gcás ina bhfuil cúis ag údarás inniúil a chreidiúint go bhfuil sonraí pearsanta a fuair sé roimhe sin mícheart, míchruinn, nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh nó nár cheart iad a bheith aistrithe, cuirfidh sé údarás inniúil an aistrithe ar an eolas agus cuirfidh an t‑údarás sin a sheasamh ar fáil maidir leis an ábhar. I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil an aistrithe go bhfuil na sonraí pearsanta mícheart, míchruinn, nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh nó nár cheart iad a bheith aistrithe, cuirfidh sé an t‑údarás inniúil is faighteoir ar an eolas agus ceartóidh nó scriosfaidh an t‑údarás sin na sonraí sin, agus tabharfaidh sé fógra ina leith d’údarás inniúil an aistrithe.
AIRTEAGAL 13
Logáil agus doiciméadacht
(1)Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha foráil maidir le logaí nó doiciméadacht a choimeád i ndáil le bailiú, athrú, rochtain agus nochtadh lena n‑áirítear aistrithe ar aghaidh, comhcheangal agus scriosadh sonraí pearsanta.
(2)Cuirfear na logaí nó an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1 ar fáil don údarás maoirseachta lena mbaineann arna iarraidh sin dó chun dlíthiúlacht na próiseála sonraí a fhíorú, chun féinfhaireachán a dhéanamh agus chun sláine agus slándáil iomchuí sonraí a áirithiú.
AIRTEAGAL 14
An t‑údarás maoirseachta
(1)Áiritheoidh gach Páirtí Conarthach go mbeidh údarás poiblí neamhspleách ann a bheidh freagrach as cosaint sonraí (an t‑údarás maoirseachta) chun maoirseacht a dhéanamh ar ábhair a dhéanann difear do cheart an duine aonair chun príobháideachais, lena n‑áirítear na rialacha intíre is ábhartha faoin gComhaontú seo, chun cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta. Tabharfaidh na Páirtithe Conarthacha fógra dá chéile i dtaobh an údaráis a ainmníonn siad mar an t‑údarás maoirseachta.
(2)Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go ndéanfaidh gach údarás maoirseachta an méid seo a leanas:
(a)go gníomhóidh sé ar bhealach a bheidh go hiomlán neamhspleách agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige; go gníomhóidh sé saor ó thionchar seachtrach agus nach n‑iarrfaidh sé treoracha ná nach nglacfaidh sé leo; go mbeidh téarma oifige slán ag a chomhaltaí, lena n‑áirítear coimircí i gcoinne baint threallach;
(b)go mbeidh na hacmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais, an t‑áitreabh agus an bonneagar is gá ag gach údarás maoirseachta chun a chúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach agus a chumhachtaí a fheidhmiú go héifeachtach;
(c)go mbeidh cumhachtaí éifeachtacha imscrúdaithe agus idirghabhála ag gach údarás maoirseachta chun maoirseacht a dhéanamh ar na comhlachtaí a ndéanann sé maoirseacht orthu agus chun dul i mbun imeachtaí dlíthiúla;
(d)go mbeidh cumhachtaí ag gach údarás maoirseachta gearáin a éisteacht ó dhaoine aonair maidir leis an úsáid a bhaineann na húdaráis inniúla atá faoina mhaoirseacht as a sonraí pearsanta.
AIRTEAGAL 15
Sásamh riaracháin agus breithiúnach
(1)Beidh ag na hábhair sonraí an ceart chun sásamh éifeachtach riaracháin agus breithiúnach a fháil i gcás sáruithe i ndáil leis na cearta agus na coimircí a aithnítear sa Chomhaontú seo a eascraíonn as próiseáil a sonraí pearsanta. Tabharfaidh na Páirtithe Conarthacha fógra dá chéile faoin reachtaíocht intíre a measann siad a bhforáiltear maidir leis na cearta a ráthaítear faoin Airteagal seo léi.
(2)Cuimseofar leis sin an ceart chun cúiteamh a fháil as aon damáiste a rinneadh don ábhar sonraí.
CAIBIDIL III
SONRAÍ NEAMHPHEARSANTA A MHALARTÚ
AIRTEAGAL 16
Prionsabail cosanta sonraí le haghaidh sonraí neamhphearsanta
(1)Déanfaidh gach Páirtí Conarthach foráil maidir leis na sonraí neamhphearsanta a mhalartófar faoin gComhaontú seo a phróiseáil go cóir agus go dleathach, agus ar bhealach lena n‑áiritheofar slándáil iomchuí na sonraí neamhphearsanta.
(2)Tráth aistriú na sonraí neamhphearsanta, féadfaidh údarás inniúil an aistrithe aon srian ar rochtain orthu nó ar an úsáid atá le baint astu a shonrú i dtéarmaí ginearálta nó i dtéarmaí sonracha, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann lena n‑aistriú ar aghaidh, lena scriosadh nó lena ndíothú tar éis tréimhse áirithe ama, nó leis an bpróiseáil bhreise a dhéanfar orthu. I gcás inar léir go bhfuil gá le srianta den sórt sin tar éis na sonraí a sholáthar, cuirfidh údarás inniúil an aistrithe an t‑údarás is faighteoir ar an eolas dá réir sin.
(3)Áiritheoidh gach Páirtí Conarthach go gcomhlíonfaidh an t‑údarás inniúil is faighteoir aon srian ar rochtain nó ar úsáid bhreise na sonraí neamhphearsanta arna gcur in iúl ag údarás inniúil an aistrithe mar a thuairiscítear i mír 2.
(4)Áiritheoidh gach Páirtí Conarthach nach n‑aistreoidh a údaráis inniúla sonraí neamhphearsanta a fuarthas i sárú follasach ar chearta an duine a aithnítear le noirm an dlí idirnáisiúnta atá ceangailteach ar na Páirtithe Conarthacha. Áiritheoidh gach Páirtí Conarthach nach mbainfear úsáid as na sonraí neamhphearsanta a fhaightear chun pionós an bháis nó aon chineál ceastóireachta, íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach a iarraidh, a thabhairt nó a fhorghníomhú.
AIRTEAGAL 17
Na sonraí pearsanta a fhaightear a aistriú ar aghaidh
(1)Áiritheoidh Eacuadór nach n‑aistreoidh a húdaráis inniúla sonraí neamhphearsanta a fhaightear faoin gComhaontú seo chuig údaráis eile in Eacuadór nó chuig údaráis tríú tíortha nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta ach amháin i gceann de na cásanna seo a leanas:
(a)tá údarú sainráite tugtha ag Europol roimh ré;
(b)tá an t‑aistriú ar aghaidh faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí céanna leo siúd a bhfuil feidhm acu maidir leis an aistriú bunaidh.
Gan dochar d’Airteagal 16(2), ní gá an ceanglas a leagtar amach i bpointe (a) den mhír seo a chomhlíonadh nuair is údarás inniúil de chuid Eacuadór a liostaítear in Iarscríbhinn II é an t‑údarás is faighteoir.
(2)Áiritheoidh an tAontas nach n‑aistreoidh Europol sonraí neamhphearsanta a fhaightear faoin gComhaontú seo chuig comhlachtaí eile de chuid an Aontais, chuig údaráis tríú tíortha ná chuig eagraíocht idirnáisiúnta, ach amháin i gceann de na cásanna seo a leanas:
(a)tá údarú sainráite tugtha ag Eacuadór roimh ré;
(b)tá an t‑aistriú ar aghaidh faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí céanna leo siúd a bhfuil feidhm acu maidir leis an aistriú bunaidh.
Gan dochar d’Airteagal 16(2), ní gá an ceanglas a leagtar amach i bpointe (a) den mhír seo a chomhlíonadh nuair is ceann de na comhlachtaí nó na húdaráis a liostaítear in Iarscríbhinn III é an t‑údarás is faighteoir.
CAIBIDIL IV
FORÁLACHA COITEANNA MAIDIR LE SONRAÍ PEARSANTA AGUS NEAMHPHEARSANTA A MHALARTÚ
AIRTEAGAL 18
Measúnú ar iontaofacht fhoinse na sonraí agus ar chruinneas na sonraí
(1)Cuirfidh na húdaráis inniúla in iúl a mhéid is féidir, ar a dhéanaí tráth aistriú na sonraí, iontaofacht fhoinse na sonraí a mhalartaítear faoin gComhaontú seo, ar bhonn ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:
(a)‘(A)’ i gcás nach bhfuil aon amhras ann faoi bharántúlacht, faoi iontaofacht ná faoi inniúlacht na foinse, nó má fuarthas iontaofa i gcónaí, san am atá thart, an fhoinse a sholáthair na sonraí;
(b)‘(B)’ i gcás gur foinse a fuarthas go raibh a cuid faisnéise iontaofa an chuid is mó den am a sholáthair na sonraí;
(c)‘(C)’ i gcás gur foinse a fuarthas go raibh a cuid faisnéise neamhiontaofa an chuid is mó den am a sholáthair na sonraí;
(d)‘(X)’: i gcás nach féidir iontaofacht na foinse a mheas.
(2)Cuirfidh na húdaráis inniúla in iúl, a mhéid is féidir, ar a dhéanaí tráth aistriú na sonraí, cruinneas na sonraí ar bhonn ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:
(a)‘(1)’ i gcás sonraí nach bhfuil amhras ann maidir lena gcruinneas tráth an aistrithe;
(b)‘(2)’: i gcás sonraí is eol go pearsanta don fhoinse ach nach eol go pearsanta don oifigeach a bhfuil sí á gcur ar aghaidh chuige;
(c)‘(3)’: i gcás sonraí nach eol go pearsanta don fhoinse ach atá comhthacaithe le faisnéis eile atá taifeadta cheana féin;
(d)‘(4)’ i gcás sonraí nach eol go pearsanta don fhoinse agus nach féidir a chomhthacú.
(3)I gcás ina dtiocfaidh an t‑údarás inniúil is faighteoir ar an gconclúid, ar bhonn faisnéise atá ina sheilbh cheana féin, gur gá ceartú a dhéanamh ar an measúnú ar shonraí nó ar fhoinse na sonraí arna soláthar ag údarás inniúil an aistrithe i gcomhréir le míreanna 1 agus 2, cuirfidh sé an t‑údarás inniúil sin ar an eolas faoi sin agus déanfaidh sé iarracht teacht ar chomhaontú maidir le leasú ar an measúnú. Ní athróidh an t‑údarás inniúil is faighteoir an measúnú ar shonraí a fhaightear ná ar fhoinse na sonraí sin gan comhaontú den sórt sin.
(4)Má fhaigheann údarás inniúil sonraí gan mheasúnú, déanfaidh sé iarracht a mhéid is féidir agus, i gcás inar féidir, i gcomhaontú le húdarás inniúil an aistrithe measúnú a dhéanamh ar iontaofacht na foinse nó ar chruinneas na sonraí ar bhonn na faisnéise atá ina sheilbh cheana féin.
(5)Mura féidir measúnú iontaofa a dhéanamh, déanfar meastóireacht ar na sonraí i gcomhréir le mír 1, pointe d, agus mír 2, pointe (d), de réir mar is infheidhme.
AIRTEAGAL 19
Slándáil sonraí
(1)Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go ndéanfar sonraí a aistreofar faoin gComhaontú seo a phróiseáil ar bhealach lena n‑áiritheofar slándáil iomchuí sonraí.
(2)Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go gcuirfear bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme chun sonraí a mhalartófar faoin gComhaontú seo a chosaint. Déanfar na módúlachtaí maidir le bearta den sórt sin a chur chun feidhme a leagan síos idir Europol agus údaráis inniúla Eacuadór.
(3)Maidir le huathphróiseáil sonraí, áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go gcuirfear bearta chun feidhme a bheidh ceaptha chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)rochtain ar threalamh próiseála a úsáidtear chun sonraí a phróiseáil a dhiúltú do dhaoine neamhúdaraithe (rialú rochtana ar threalamh);
(b)léamh, cóipeáil, athrú nó baint neamhdhleathach mheáin sonraí a chosc (rialú meáin sonraí);
(c)ionchur neamhúdaraithe sonraí a chosc chomh maith le cigireacht neamhúdaraithe, leasú neamhúdaraithe nó scriosadh neamhúdaraithe na sonraí stóráilte (rialú stórála);
(d)cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe a bhfuil trealamh cumarsáide sonraí á úsáid acu úsáid a bhaint as córais uathphróiseála sonraí (rialú úsáideoirí);
(e)a áirithiú nach mbeidh rochtain ag daoine atá údaraithe chun córas uathphróiseála a úsáid ach ar na sonraí atá cumhdaithe faoina n‑údarú rochtana (rialú rochtana sonraí);
(f)a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cé hiad na comhlachtaí a bhféadfar sonraí a tharchur chucu nó a bhfuil sonraí pearsanta tarchurtha chucu agus úsáid á baint as trealamh cumarsáide sonraí (rialú cumarsáide);
(g)a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cé acu na sonraí a cuireadh isteach i gcórais uathphróiseála, cén uair a cuireadh isteach na sonraí agus cé a chuir isteach iad (rialú ionchuir);
(h)a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cad iad na sonraí pearsanta a ndearna duine den fhoireann iad a rochtain, cén duine den fhoireann a bhí i gceist, agus cén t‑am a ndearna an duine sin é sin (loga rochtana);
(i)cosc a chur ar léamh, cóipeáil, modhnú agus scriosadh neamhúdaraithe sonraí le linn sonraí a aistriú nó le linn meán sonraí a aistriú (rialú iompair);
(j)a áirithiú gur féidir córais atá suiteáilte, i gcás idirbhriste, a aischur láithreach (athshlánú);
(k)a áirithiú go bhfeidhmeoidh feidhmeanna an chórais gan locht, go ndéanfar lochtanna a thiocfaidh aníos sna feidhmeanna a thuairisciú láithreach (iontaofacht) agus nach bhféadfar mífheidhmeanna córais sonraí pearsanta stóráilte a thruailliú (sláine).
CAIBIDIL V
DÍOSPÓIDÍ
AIRTEAGAL 20
Díospóidí a réiteach
Na díospóidí ar fad a thiocfaidh chun cinn i ndáil le léirthuiscint, feidhmiú nó cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus aon ábhair a bhaineann leis, beidh comhairliúcháin agus caibidlíocht ann idir ionadaithe na bPáirtithe Conarthacha d’fhonn teacht ar réiteach a bheidh comhaontaithe go frithpháirteach.
AIRTEAGAL 21
An clásal maidir le fionraí
(1)I gcás neamhchomhlíonadh oibleagáidí a eascraíonn as forálacha an Chomhaontaithe seo, féadfaidh ceachtar Páirtí Conarthach an Comhaontú seo a chur ar fionraí go sealadach go páirteach nó go hiomlán trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Pháirtí Conarthach eile trí bhealaí taidhleoireachta. Ní thabharfar an fógra i scríbhinn sin go dtí go mbeidh na Páirtithe Conarthacha ag gabháil do thréimhse réasúnach comhairliúcháin gan teacht ar rún agus beidh éifeacht le fionraí 20 lá ón dáta a bhfaighfear an fógra sin. Féadfaidh an Páirtí Conarthach a chuirfidh an Comhaontú seo ar fionraí deireadh a chur leis an bhfionraí sin tráth a thabharfar fógra i scríbhinn don Pháirtí Conarthach eile. Cuirfear deireadh leis an bhfionraí láithreach a luaithe a gheofar an fógra sin.
(2)D’ainneoin an Comhaontú seo a chur ar fionraí, leanfar do shonraí a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo agus a aistrítear roimh a fionraí a phróiseáil i gcomhréir leis an gComhaontú seo.
AIRTEAGAL 22
Foirceannadh
(1)Féadfaidh ceachtar Páirtí Conarthach an Comhaontú seo a fhoirceannadh tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn a thabhairt trí bhealaí taidhleoireachta. Gabhfaidh éifeacht leis an bhfoirceannadh 3 mhí tar éis an dáta a fhaightear an fógra.
(2)Má thugann ceachtar Páirtí Conarthach fógra foirceanta faoin Airteagal seo, cinnfidh na Páirtithe Conarthacha na bearta is gá chun a áirithiú go dtabharfar aon chomhar a tionscnaíodh faoin gComhaontú seo i gcrích ar bhealach iomchuí. In aon chás, maidir leis na sonraí pearsanta agus na sonraí neamhphearsanta uile a fhaightear trí chomhar faoin gComhaontú seo sula scoirfidh sé de bheith i bhfeidhm, áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go gcoinneofar ar bun an leibhéal cosanta faoinar aistríodh na sonraí pearsanta agus na sonraí neamhphearsanta tar éis don fhoirceannadh teacht i bhfeidhm.
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
AIRTEAGAL 23
Ceangal le hionstraimí idirnáisiúnta eile
Leis an gComhaontú seo, ní dhéanfar dochar ná difear ar bhealach eile do na forálacha dlíthiúla a mhéid a bhaineann leis an malartú faisnéise dá bhforáiltear le haon chonradh maidir le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach, le haon chomhaontú nó socrú comhair eile, ná le haon chaidreamh oibre forfheidhmithe dlí eile i ndáil le faisnéis a mhalartú idir Eacuadór agus aon Bhallstát den Aontas Eorpach.
AIRTEAGAL 24
Faisnéis rúnda a mhalartú
I gcás inar gá faoin gComhaontú seo, déanfar na módúlachtaí maidir le faisnéis rúnda a mhalartú a leagan síos idir Europol agus údaráis inniúla Eacuadór.
AIRTEAGAL 25
Iarrataí ar rochtain phoiblí
Iarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid ina bhfuil sonraí pearsanta nó neamhphearsanta a aistrítear de bhun an Chomhaontaithe seo, cuirfear faoi bhráid Páirtí Chonarthaigh an aistrithe iad le haghaidh comhairliúcháin a luaithe is féidir.
AIRTEAGAL 26
Pointe teagmhála náisiúnta agus oifigigh idirchaidrimh
(1)Ainmneoidh Eacuadór pointe teagmhála náisiúnta chun gníomhú mar lárphointe teagmhála idir Europol agus údaráis inniúla Eacuadór. Áiritheoidh Eacuadór go mbeidh an pointe teagmhála náisiúnta ar fáil go leanúnach 24 uair an chloig sa lá, seacht lá na seachtaine. Ní chuirfidh ainmniú pointe teagmhála bac ar an bhféidearthacht malartuithe díreacha a dhéanamh idir Europol agus údaráis inniúla Eacuadór. Cuirtear an pointe teagmhála náisiúnta atá ainmnithe d’Eacuadór in iúl in Iarscríbhinn IV.
(2)Feabhsóidh Europol agus Eacuadór a gcomhar mar a leagtar síos sa Chomhaontú seo trí oifigeach idirchaidrimh amháin nó níos mó a cheapadh. Féadfaidh Europol oifigeach idirchaidrimh amháin nó níos mó a chur ag obair in Eacuadór. Déanfar cúraimí na n‑oifigeach idirchaidrimh, a n‑uimhir agus na costais a bhaineann leo a leagan síos idir Europol agus údaráis inniúla Eacuadór.
AIRTEAGAL 27
Líne shlán chumarsáide
Bunófar líne shlán chumarsáide chun críche sonraí pearsanta agus neamhphearsanta a mhalartú idir Europol agus údaráis inniúla Eacuadór. Déanfar na módúlachtaí maidir le bunú agus cur chun feidhme na líne slán cumarsáide, na costais a bhaineann léi agus a hoibriú a leagan síos idir Europol agus údaráis inniúla Eacuadór.
AIRTEAGAL 28
Speansas
Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go n‑iompróidh na húdaráis inniúla a gcostais féin a thagann chun cinn le linn an Comhaontú seo a chur chun feidhme, mura bhfuil a mhalairt leagtha síos idir Europol agus údaráis inniúla Eacuadór.
AIRTEAGAL 29
Fógra a thabhairt maidir le cur chun feidhme
(1)Déanfaidh gach Páirtí Conarthach foráil maidir lena n‑údaráis inniúla doiciméad a chur ar fáil go poiblí ina leagfar amach i bhfoirm intuigthe na forálacha maidir le sonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú seo a phróiseáil, lena n‑áirítear na bealaí atá ar fáil chun cearta na n‑ábhar sonraí a fheidhmiú. Cuirfidh gach Páirtí Conarthach cóip den doiciméad sin in iúl don Pháirtí Conarthach eile.
(2)Mura bhfuil siad i bhfeidhm cheana, áiritheoidh gach Páirtí Conarthach go nglacfaidh na húdaráis inniúla rialacha lena sonraítear conas a dhéanfar comhlíonadh na bhforálacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú seo a fhorfheidhmiú go praiticiúil. Cuirfidh gach Páirtí Conarthach cóip de na rialacha sin in iúl don Pháirtí Conarthach eile agus do na húdaráis mhaoirseachta ábhartha.
(3)Fógraí ó Pháirtí Conarthach a dhéanfar de bhun Airteagail 14(1), 15, 29(1) agus 29(2) den Chomhaontú seo, déanfar iad trí chainéil taidhleoireachta, in aon nóta briathartha amháin.
AIRTEAGAL 30
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
(1)Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha an Comhaontú seo a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin.
(2)Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an dáta a bhfaighfear an fógra i scríbhinn deireanach lenar thug na Páirtithe Conarthacha fógra dá chéile trí bhealaí taidhleoireachta go bhfuil na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 curtha i gcrích.
(3)Chun go dtiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm, ceanglaítear go nglacfaidh an Páirtí Conarthach eile leis na fógraí ó Pháirtí Conarthach dá dtagraítear in Airteagal 29(3) trí bhealaí taidhleoireachta. Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá tar éis an dáta a ghlacfar leis na fógraí deireanacha dá dtagraítear in Airteagal 29(3).
(4)Ón tráth a thiocfaidh sé i bhfeidhm, áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go ndéanfar aon ionstraim dlí eile lena rialaítear comhar idir Europol agus údaráis inniúla Eacuadór a aisghairm go pras.
AIRTEAGAL 31
Leasuithe agus forlíontaí
(1)Féadfar an Comhaontú seo a leasú i scríbhinn tráth ar bith trí chomhthoil idir na Páirtithe Conarthacha trí fhógra i scríbhinn a dhéanfar a mhalartú trí bhealaí taidhleoireachta. Tiocfaidh na leasuithe ar an gComhaontú seo i bhfeidhm i gcomhréir leis an nós imeachta dlíthiúil dá bhforáiltear in Airteagal 30(1) agus (2).
(2)Féadfar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú seo a thabhairt cothrom le dáta, de réir mar is gá, ach nótaí taidhleoireachta a mhalartú. Tiocfaidh nuashonruithe den sórt sin i bhfeidhm i gcomhréir leis an nós imeachta dlíthiúil dá bhforáiltear in Airteagal 30(1) agus (2).
(3)Rachaidh na Páirtithe Conarthacha i mbun comhairliúcháin i ndáil leis an gComhaontú seo nó na hIarscríbhinní a ghabhann leis a leasú arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí Conarthach.
AIRTEAGAL 32
Athbhreithniú agus meastóireacht
(1)Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a athbhreithniú go comhpháirteach 1 bhliain amháin tar éis a chur i bhfeidhm, agus go tráthrialta ina dhiaidh sin, agus ina theannta sin má iarrann ceachtar Páirtí amhlaidh agus má chinntear go comhpháirteach é.
(2)Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha meastóireacht chomhpháirteach ar an gComhaontú seo 4 bliana tar éis dháta a chur i bhfeidhm.
(3)Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha cinneadh roimh ré maidir leis na módúlachtaí a bhaineann leis an athbhreithniú ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus cuirfidh siad comhdhéanamh a bhfoirne féin in iúl dá chéile. Beidh saineolaithe ábhartha maidir le cosaint sonraí agus forfheidhmiú an dlí ar na foirne. Faoi réir na ndlíthe is infheidhme, ceanglófar ar na rannpháirtithe uile atá mar chuid d’athbhreithniú rúndacht na bpléití a urramú agus imréitigh shlándála iomchuí a bheith acu. Chun críocha aon athbhreithnithe, áiritheoidh an tAontas agus Eacuadór go mbeidh rochtain ar dhoiciméadacht, córais agus foirne ábhartha.
AIRTEAGAL 33
Déanfar an Comhaontú seo a dhréachtú i ndúblach, sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóvaicis, sa tSlóivéinis, sa Spáinnis. sa tSualainnis, agus san Ungáiris agus beidh comhúdarás ag an téacs i ngach ceann de na teangacha sin. I gcás ina bhfuil aon éagsúlacht idir téacsanna an Chomhaontaithe seo, is ag an téacs Béarla a bheidh an forlámhas.
IARSCRÍBHINN I
NA RÉIMSÍ COIREACHTA
Is cionta coiriúla iad seo a leanas:
–sceimhlitheoireacht,
–coireacht eagraithe,
–gáinneáil ar dhrugaí,
–gníomhaíochtaí sciúrtha airgid,
–coireacht a bhaineann le substaintí núicléacha agus radaighníomhacha,
–smuigleáil inimirceach,
–gháinneáil ar dhaoine,
–coireacht mhótarfheithicle,
–dúnmharú, mórdhíobháil choirp,
–trádáil aindleathach in orgáin dhaonna agus fíochán daonna,
–fuadach, srianadh agus tógáil giall neamhdhleathach,
–ciníochas agus seineafóibe,
–robáil agus tromghoid,
–gáinneáil neamhdhleathach ar earraí cultúrtha, lena n‑áirítear seandachtaí agus saothair ealaíne,
–caimiléireacht agus calaois,
–an choireacht i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais,
–déileáil chos istigh agus cúbláil margaidh airgeadais,
–cambheartaíocht agus sracaireacht,
–góchumadh agus píoráideacht táirgí,
–doiciméid riarachán a bhrionnú agus gáinneáil orthu,
–brionnú airgid agus modhanna íocaíochta,
–an choireacht ríomhaire,
–an t‑éilliú,
–gáinneáil aindleathach ar airm, armlón agus pléascáin,
–gáinneáil aindleathach ar speicis ainmhithe i mbaol,
–gáinneáil aindleathach ar speicis agus cineálacha plandaí i mbaol,
–an choireacht chomhshaoil, lena n‑áirítear truailliú ó longa,
–gáinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus ar thionscnóirí fáis eile,
–mí‑úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach, lena n‑áirítear ábhar a bhaineann le mí‑úsáid ar leanaí agus sirtheoireacht leanaí chun críoch gnéasach,
–cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh.
Déanfaidh údaráis inniúla Eacuadór measúnú ar na cineálacha coireachta dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo i gcomhréir le dlí Eacuadór agus déanfaidh Europol measúnú orthu i gcomhréir leis na dlíthe is infheidhme de chuid an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát.
IARSCRÍBHINN II
ÚDARÁIS INNIÚLA EACUADÓR
Is iad seo a leanas údaráis inniúla Eacuadór:
Póilíní Náisiúnta Eacuadór, agus
Oifig an Ard‑Aighne (Fiscalía General del Estado — FGE)
IARSCRÍBHINN III
COMHLACHTAÍ AN AONTAIS AGUS ÚDARÁIS BHALLSTÁIT AN AONTAIS
(a)Comhlachtaí an Aontais
Misin/Oibríochtaí faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta, atá teoranta do ghníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí
An Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF)
An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex)
An Banc Ceannais Eorpach (BCE)
Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust)
Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Údarás an Aontais Eorpaigh um an Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta (ÚSCA)
(b)na húdaráis atá freagrach i mBallstáit an Aontais as cionta coiriúla a chosc agus a chomhrac, i gcomhréir le hAirteagal 2(a) agus Airteagal 7 de Rialachán Europol.
IARSCRÍBHINN IV
POINTE TEAGMHÁLA NÁISIÚNTA
An pointe teagmhála náisiúnta d’Eacuadór a ghníomhóidh mar lárphointe teagmhála idir Europol agus údaráis inniúla Eacuadór is ea Oifig Comhordúcháin Náisiúnta Phóilíní Eacuadór um Europol.
Tá sé de dhualgas ar Eacuadór Europol a chur ar an eolas i gcás ina n‑athraíonn an pointe teagmhála náisiúnta d’Eacuadór.