AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,13.5.2025
COM(2025) 246 final
2025/0118(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 18ú cruinniú de chuid Choiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le moltaí agus conclúidí atá dírithe chuig 10 Stát is Páirtithe a ghlacadh i ndáil leis an gCoinbhinsiún sin a chur chun feidhme ag na Stáit sin, i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, tearmann agus non-refoulement
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.ÁBHAR AN TOGRA
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 18ú cruinniú de chuid Choiste na bPáirtithe (‘CoP’) i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘Coinbhinsiún Iostanbúl’ nó ‘an Coinbhinsiún’) an 5-6 Meitheamh 2024, maidir le 8 ndréachtmholadh agus dhá dhréachtchonclúid atá dírithe chuig cúig 10 bPáirtí i ndáil leis an gCoinbhinsiún a chur chun feidhme a ghlacadh mar atá beartaithe.
2.Comhthéacs an togra
2.1.Coinbhinsiún Iostanbúl
Le Coinbhinsiún Iostanbúl, leagtar síos sraith rialacha cuimsitheacha agus comhchuibhithe a leagan síos chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac san Eoraip agus níos faide i gcéin. Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2014.
Shínigh an tAontas an Coinbhinsiún i mí an Mheithimh 2017, agus thug sé i gcrích an nós imeachta aontachais agus dhá ionstraim formheasa á dtaisceadh aige an 28 Meitheamh 2023, lenar tionscnaíodh teacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin don Aontas Eorpach an 1 Deireadh Fómhair 2023. D’aontaigh an tAontas don Choinbhinsiún a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoina inniúlacht eisiach, is é sin maidir le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais agus i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le non-refoulement. Shínigh Ballstáit uile an Aontais an Coinbhinsiún agus is é rud a dhaingnigh 22 Bhallstát é.
2.2.Coiste na bPáirtithe
Ionadaithe na bPáirtithe sa Choinbhinsiún a bheidh in CoP. Ní mór do na páirtithe saineolaithe den chéim is airde is féidir a ainmniú, mar ionadaithe dá gcuid, i réimse chosc agus chomhrac an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh. Liostaítear na cúraimí a thugtar do CoP i Riail 1 dá Rialacha Nós Imeachta. An 1 Deireadh Fómhair 2023, rinneadh Páirtí i gCoinbhinsiún Iostanbúl den Aontas agus, dá bhrí sin, rinneadh comhalta de CoP de (Airteagal 67(1) den Choinbhinsiún).
2.3.Sásra faireacháin Choinbhinsiún Iostanbúl
Le Coinbhinsiún Iostanbúl, bunaítear sásra faireacháin chun cur chun feidhme éifeachtach ag na Páirtithe a áirithiú. Is é is cuspóir don chuid sin measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear an Coinbhinsiún i bhfeidhm agus treoraíocht a thabhairt do na Páirtithe. Tá dhá chomhlacht ar leith sa sásra faireacháin sin ach bíonn siad ag obair i gcomhar le chéile: sainchomhlacht neamhspleách, an Grúpa Saineolaithe um Ghníomhaíocht in aghaidh Foréigean ar Mhná agus Foréigean Baile (‘GREVIO’), agus CoP.
Is grúpa saineolaithe neamhspleách é GREVIO a bhfuil sé de chúram air faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme Choinbhinsiún Iostanbúl ar bhonn tíre, i gcomhréir le hAirteagal 66(1) den Choinbhinsiún. Leagtar an nós imeachta faireacháin amach in Airteagal 68 den Choinbhinsiún. I gcomhréir le hAirteagal 68(1) den Choinbhinsiún, ní mór do Pháirtithe nua tuarascáil, atá bunaithe ar cheistneoir arna ullmhú ag GREVIO a chur isteach, lena sonraítear bearta reachtacha agus bearta eile arna ndéanamh chun éifeacht a thabhairt don Choinbhinsiún. Ullmhaíonn GREVIO tuarascáil maidir leis na bearta a rinne an Páirtí lena mbaineann chun an Choinbhinsiún a chur chun feidhme agus tugann sé moltaí agus tograí maidir leis an gcaoi a bhféadfaidh an Páirtí fadhbanna a sainaithníodh a láimhseáil.
Bunaithe ar thuarascálacha GREVIO, féadfaidh CoP, i gcomhréir le hAirteagal 68(12) den Choinbhinsiún, moltaí a ghlacadh a bheidh dírithe chuig an bPáirtí lena mbaineann maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin agus dáta a shocrú don Pháirtí chun freagra a chur isteach maidir lena gcur chun feidhme. Ar bhonn na forála sin, bhí CoP ag glacadh moltaí do Stáit is Páirtithe a dhéanfadh idirdhealú idir na gníomhaíochtaí sin ar cheart iad a dhéanamh a luaithe is féidir, agus ceanglas ann tuairisc a thabhairt ina leith laistigh de thréimhse 3 bliana, agus na bearta sin nach mbaineann an tosaíocht chéanna leo, cé go bhfuil siad tábhachtach. Ag deireadh na tréimhse 3 bliana, ní mór don Pháirtí tuairisc a thabhairt do CoP maidir leis an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na moltaí a díríodh chuige. Ar bhonn na faisnéise sin, agus aon fhaisnéis bhreise a fhaightear, glacfaidh CoP conclúidí maidir le cur chun feidhme na moltaí i ndáil le gach Páirtí faoi athbhreithniú, arna n‑ullmhú ag Rúnaíocht an Choiste.
Ós rud é go bhfuil an nós imeachta meastóireachta bonnlíne curtha i gcrích le haghaidh beagnach gach Páirtí, chinn GREVIO go déanach in 2022 dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile ina mheastóireacht. Faoi Airteagal 68(3) den Choinbhinsiún, is ina mbabhtaí (‘babhtaí meastóireachta téamaí’) a roinnfear nósanna imeachta meastóireachta GREVIO de réir na meastóireachta bonnlíne. Is é an teideal atá ar an gcéad bhabhta meastóireachta téamaí Building Trust by Delivering Support, Protection and Justice [Muinín a Chothú trí Thacaíocht, Cosaint agus Ceartas a Sholáthar] agus tá sé ar siúl ó 2023 go 2031. Cé gur cumhdaíodh leis an meastóireacht bhonnlíne thart ar 60 airteagal de Choinbhinsiún Iostanbúl, tugtar aghaidh sa nós imeachta meastóireachta téamaí nua ar 20 airteagal, mar atá Airteagail 3, 7, 8, 11, 12, 14, 15, 16, 18, 20, 22, 25, 31, 48, 49, 50, 51, 52, 53 agus 56. Leagtar amach sna hairteagail sin caighdeáin do ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí, do ghníomhaithe ceartais choiriúil, do sholáthar seirbhísí tacaíochta ginearálta agus speisialaithe d’íospartaigh, agus do chur chuige foriomlán atá dírithe ar íospartaigh. Is é an aidhm atá ann measúnú níos grinne a sholáthar ar na réimsí sin, lena ndírítear ar an dul chun cinn atá déanta faoi gach airteagal. Ag an gcruinniú deireanach a bhí aige i mí na Nollag 2024, ghlac CoP Cinneadh maidir leis na moltaí atá le glacadh ag Coiste na bPáirtithe i bhfianaise thuarascálacha GREVIO arna nglacadh mar chuid dá chéad bhabhta meastóireachta téamaí [IC-CP(2024)10]
Go dtí seo, ba é cleachtas CoP moltaí agus conclúidí a ghlacadh bunaithe ar chomhthoil ag a chruinnithe a thionóltar arna iarraidh sin d’aon trian de na Páirtithe, d’Uachtarán Choiste na bPáirtithe nó don Ard-Rúnaí, dhá uair sa bhliain de ghnáth.
2.4.Na gníomhartha atá beartaithe ag Coiste na bPáirtithe
An 5-6 Meitheamh 2025, le linn an 18ú cruinniú dá chuid, foráiltear go rachaidh CoP ar aghaidh le glacadh na n‑ocht ndréachtmholadh seo a leanas bunaithe ar an gcéad bhabhta meastóireachta téamaí, agus dhá chonclúid (‘na gníomhartha atá beartaithe’ nó ‘na dréachtmholtaí agus na dréachtchonclúidí’):
–Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ag an Albáin [IC-CP(2025)2-prov];
–Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an Ostair [IC-CP(2025)3-prov];
–Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an Danmhairg [IC-CP(2025)4-prov];
–Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an bhFionlainn [IC-CP(2025)5-prov];
–Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an Monacó [IC-CP(2025)6-prov];
–Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag Montainéagró [IC-CP(2025)7-prov];
–Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an Spáinn [IC-CP(2025)8-prov];
–Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an tSualainn [IC-CP(2025)9-prov];
–Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith San Mairíne arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe [IC-CP(2025)10-prov];
–Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Slóivéine arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe [IC-CP(2025)11-prov];
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Tá na gníomhartha atá beartaithe dírithe chuig 10 bPáirtí agus áirítear iontu 8 moladh (bunaithe ar an gcéad nós imeachta meastóireachta téamaí) maidir le bearta atá le déanamh chun Coinbhinsiún Iostanbúl a chur chun feidhme chomh maith le conclúidí maidir le moltaí roimhe seo a bheith á gcur chun feidhme ag na Páirtithe. Baineann siad le cur chun feidhme fhorálacha an Choinbhinsiúin a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, amhail ábhair a bhaineann le híospartaigh a chosaint agus tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh, agus — a mhéid a bhaineann leis na conclúidí atá dírithe ar Pháirtí amháin — cur chun feidhme forálacha a bhaineann le tearmann agus non-refoulement freisin. Cumhdaítear na hábhair sin le acquis an Aontais, go háirithe an Treoir maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac, an Treoir maidir le Cearta Íospartach, an Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn, agus an Treoir um Athaontú Teaghlaigh. Tagann siad faoi inniúlacht eisiach an Aontais a mhéid a d’fhéadfadh forálacha ábhartha an Choinbhinsiúin difear a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna nó a raon feidhme a athrú de réir bhrí Airteagal 3(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Ós rud é go bhféadfadh na gníomhartha atá beartaithe tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais sa mhéid is go bhféadfaidís difear a dhéanamh don léirmhíniú ar fhorálacha ábhartha an Choinbhinsiúin amach anseo, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in CoP a bhunú i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le non-refoulement.
Tá na dréachtmholtaí agus na dréachtchonclúidí maidir le hábhair a thagann faoi inniúlacht an Aontais i gcomhréir le cuspóirí agus beartais an Aontais i réimsí an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, an tearmainn agus an non-refoulement agus ní ábhar imní iad maidir le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe nach gcuirfidh an tAontas i gcoinne ghlacadh na ndréachtmholtaí agus na ndréachtchonclúidí ag an 18ú cruinniú de CoP.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é CoP a cuireadh ar bun le Coinbhinsiún Iostanbúl. Na gníomhartha atá beartaithe a iarrtar ar CoP a ghlacadh, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo. D’fhéadfadh na gníomhartha atá beartaithe tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar dhlí an Aontais, toisc go bhféadfaidís difear a dhéanamh do léirmhíniú fhorálacha ábhartha Choinbhinsiún Iostanbúl amach anseo. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh-chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.
Maidir le gníomh atá beartaithe a bhfuil roinnt cuspóirí aige an tráth céanna, nó a bhfuil roinnt comhpháirteanna ann, atá i ndlúthnasc do-scartha le chéile gan aon cheann acu a bheith teagmhasach maidir leis an gceann eile, ní mór, ar bhonn eisceachtúil, na bunúis chomhfhreagracha dlí éagsúla a áireamh sa bhunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
A mhéid a bhaineann leis an mbunús dlí substainteach, d’aontaigh an tAontas le Coinbhinsiún Iostanbúl a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoina inniúlacht eisiach, is é sin maidir le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais agus maidir le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le non-refoulement. Roinneadh aontachas an Aontais le Coinbhinsiún Iostanbúl ina dhá chinneadh ar leith ón gComhairle chun seasamh speisialta na Danmhairge agus na hÉireann a chur san áireamh maidir le Teideal V CFAE. Dá bhrí sin, ní mór an cinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in CoP a roinnt ina dhá chinneadh freisin, nuair a bhaineann na moltaí nó na conclúidí ábhartha leis an dá ábhar.
Leis na gníomhartha atá beartaithe saothraítear cuspóirí agus tá comhpháirteanna iontu i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla (Airteagal 82(2) agus Airteagal 84 CFAE), agus i réimse an tearmainn agus an non-refoulement (Airteagail 78(2) CFAE). Tá nasc doscartha eatarthu gan ceann amháin a bheith teagmhasach maidir leis an gceann eile. Dá bhrí sin, is iad na forálacha seo a leanas an bunús dlí substainteach don chinneadh atá beartaithe: Airteagal 78(2), Airteagal 82(2) agus Airteagal 84 CFAE.
4.3.Conclúid
Is iad Airteagal 78(2), Airteagal 82(2) agus Airteagal 84, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, ba cheart a bheith ina mbunús dlí le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.
2025/0118 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 18ú cruinniú de chuid Choiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le moltaí agus conclúidí atá dírithe chuig 10 Stát is Páirtithe a ghlacadh i ndáil leis an gCoinbhinsiún sin a chur chun feidhme ag na Stáit sin, i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, tearmann agus non-refoulement
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2), Airteagal 82(2) agus Airteagal 84, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Thug an tAontas Eorpach Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích le Cinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais, agus le Cinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle, i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus non-refoulement, a mhéid a thagann siad faoi inniúlacht eisiach an Aontais, agus tháinig sé i bhfeidhm i leith an Aontais an 1 Deireadh Fómhair 2023.
(2)De bhun Airteagal 66(1) den Choinbhinsiún, tá an Grúpa Saineolaithe um ghníomhaíocht in aghaidh foréigean ar mhná agus foréigean baile (‘GREVIO’) le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Choinbhinsiúin ag na Páirtithe. I gcomhréir le hAirteagal 68(11) den Choinbhinsiún, tá GREVIO lena thuarascáil agus a chonclúidí a ghlacadh maidir leis na bearta arna ndéanamh ag an bPáirtí lena mbaineann chun forálacha an Choinbhinsiúin a chur chun feidhme.
(3)Féadfaidh Coiste na bPáirtithe sa Choinbhinsiún moltaí atá dírithe chuig an bPáirtí lena mbaineann a ghlacadh, i gcomhréir Airteagal 68(12) den Choinbhinsiún. Tá na moltaí bunaithe ar thuarascáil GREVIO agus déantar idirdhealú iontu idir na bearta sin a mheasann Coiste na bPáirtithe gur cheart don Pháirtí a dhéanamh a luaithe is féidir, agus ceanglas ann tuairisc a thabhairt dó maidir leis na céimeanna a glacadh i ndáil leis sin laistigh de thréimhse 3 bliana, agus na bearta sin nach mbaineann an leibhéal céanna tosaíochta leo, cé go bhfuil siad tábhachtach. Ag deireadh na tréimhse 3 bliana, ní mór don Páirtí tuairisc a thabhairt do Choiste na bPáirtithe maidir leis na gníomhartha a rinneadh, laistigh de 10 réimse shonracha den Choinbhinsiún. Ar bhonn na faisnéise sin, agus ar bhonn aon fhaisnéis bhreise a fhaightear, glacann Coiste na bPáirtithe conclúidí maidir le cur chun feidhme na moltaí, arna n‑ullmhú ag Rúnaíocht an Choiste.
(4)De bhun Airteagal 68(3) den Choinbhinsiún, na nósanna imeachta meastóireachta tar éis nós imeachta na chéad mheastóireachta bonnlíne ag GREVIO, roinnfear iad ina mbabhtaí (‘babhtaí meastóireachta téamaí’). Is é an teideal atá ar an gcéad bhabhta meastóireachta téamaí ‘Muinín a Chothú trí Thacaíocht, Cosaint agus Ceartas a Sholáthar’ agus tugtar aghaidh ann ar 20 airteagal sonracha den Choinbhinsiún, mar atá Airteagail 3, 7, 8, 11, 12, 14, 15, 16, 18, 20, 22, 25, 31, 48, 49, 50, 51, 52, 53 agus 56. Ag an gcruinniú deireanach a bhí aige an 17 Nollaig 2024, ghlac Coiste na bPáirtithe Cinneadh maidir leis na moltaí atá le glacadh ag Coiste na bPáirtithe i bhfianaise thuarascálacha GREVIO a glacadh mar chuid dá chéad bhabhta meastóireachta téamaí [IC-CP(2024)10 rev].
(5)Táthar ag súil go nglacfaidh Coiste na bPáirtithe, le linn a 18ú cruinniú an 5-6 Meitheamh 2025, 8 ndréachtmholadh bunaithe ar an gcéad bhabhta meastóireachta téamaí dar teideal ‘Muinín a Chothú trí Thacaíocht, Cosaint agus Ceartas a Sholáthar’ agus dhá dhréachtchonclúidí, maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin ag 10 bPáirtí’ (na ‘dréachtmholtaí agus na dréachtchonclúidí’):
–Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ag an Albáin [IC-CP(2025)2-prov];
–Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ag an Ostair [IC-CP(2025)3-prov];
–Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an Ostair [IC-CP(2025)4-prov];
–Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an bhFionlainn [IC-CP(2025)5-prov];
–Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an Monacó [IC-CP(2025)6-prov];
–Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag Montainéagró [IC-CP(2025)7-prov];
–Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an Spáinn [IC-CP(2025)8-prov];
–Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an tSualainn [IC-CP(2025)9-prov];
–Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith San Mairíne arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe [IC-CP(2025)10-prov]; agus
–Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Slóivéine arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe [IC-CP(2025)11-prov];
(6)Baineann na dréachtmholtaí agus na dréachtchonclúidí leis an méid seo a leanas: le cur chun feidhme fhorálacha an Choinbhinsiúin ag na Páirtithe, ar forálacha iad a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, cuir i gcás ábhair a bhaineann le híospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh a chosaint agus le tacaíocht a thabhairt dóibh. Baineann na conclúidí freisin le cur chun feidhme fhorálacha an Choinbhinsiúin maidir le tearmann agus non-refoulement. Cumhdaítear na hábhair sin le acquis an Aontais, go háirithe Treoir 2024/1385 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle , Treoir 2024/1346 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2003/86/CE ón gComhairle. Beidh éifeachtaí dlíthiúla ag na dréachtmholtaí agus ag na dréachtchonclúidí. Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste na bPáirtithe a bhunú maidir le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le non-refoulement.
(7)Ba cheart a thabhairt faoi deara nach gcumhdaítear moltaí a bhaineann le hairteagail áirithe den Choinbhinsiún ach go páirteach faoi inniúlacht an Aontais. Dá bhrí sin, maidir le moltaí maidir le hAirteagail 49 agus 50, ba cheart an cinneadh sin a bheith gan dochar d’inniúlacht na mBallstát maidir le heagrú agus riar inmheánach a gcóras ceartais; maidir le moltaí maidir le hAirteagail 11 agus 20, ba cheart an cinneadh seo a bheith gan dochar d’inniúlacht na mBallstát seirbhísí cúraim sláinte agus cúram leighis a eagrú agus a sholáthar; maidir le moltaí maidir le hAirteagal 14, ba cheart an cinneadh seo a bheith gan dochar d’inniúlacht na mBallstát maidir le hábhar an teagaisc agus eagrú na gcóras oideachais, maidir le moltaí maidir le hAirteagal 31, ba cheart an cinneadh sin a bheith gan dochar d’inniúlacht na mBallstát i réimse an dlí teaghlaigh.
(8)Maidir leis an Albáin, áirítear sa dhréachtmholadh maidir leis an gCoinbhinsiún a chur chun feidhme an gá atá lena áirithiú go gcuirfear cistiú leordhóthanach inbhuanaithe ar fáil do bheartais agus do bhearta ábhartha chun gach cineál foréigin in aghaidh na mban a chosc agus a chomhrac, lena n‑áirítear trí nósanna imeachta trédhearcacha chun cistiú a áirithiú d’eagraíochtaí um chearta na mban (Airteagal 8 den Choinbhinsiún); feachtais nó cláir múscailte feasachta a chur chun cinn agus measúnú rialta a dhéanamh ar a dtionchar (Airteagal 12 den Choinbhinsiún); oiliúint a áirithiú do ghairmithe ábhartha agus obair leantach a dhéanamh ar an oiliúint sin (Airteagal 15 den Choinbhinsiún); na cláir atá ann cheana do dhéantóirí coire a leathnú agus cláir a thabhairt isteach atá dírithe go sonrach ar dhéantóirí foréigin ghnéasaigh (Airteagal 16 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh foréigin ar sheirbhísí cuimsitheacha cúraim sláinte (Airteagal 20 den Choinbhinsiún) an cistiú agus líon na seirbhísí atá ar fáil d’íospartaigh ar mná iad a mhéadú, go háirithe do mhná a bhfuil riachtanais speisialta acu (Airteagal 20 den Choinbhinsiún); seirbhísí tacaíochta speisialaithe leordhóthanacha a áirithiú do gach íospartach ban agus dá leanaí, gan beann ar a dtoil an foréigean a thuairisciú, agus a áirithiú go bhfaighidh línte cabhrach náisiúnta cistiú (Airteagal 22 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh foréigin ghnéasaigh ar scrúdú fóiréinseach, gan a bheith coinníollach ar a dtoilteanas an choir a thuairisciú, agus go ndéanfar fianaise fhóiréinseach a stóráil i gceart (Airteagal 25 den Choinbhinsiún); bearta a dhéanamh chun deireadh a chur le hidir-réiteach éigeantach i ngach cás coiriúil a bhaineann le foréigean in aghaidh na mban; feabhas a chur ar chumas, eolas agus freagairt na n‑oifigeach forfheidhmithe dlí chun freagairt thráthúil agus íogair don íospartach a bhaint amach agus bearta a dhéanamh chun tuairisciú ó íospartaigh ar mná iad a fheabhsú (Airteagail 49 agus 50 den Choinbhinsiún); a áirithiú go gcuirfear nósanna imeachta measúnaithe riosca i bhfeidhm i gcásanna a bhaineann le gach cineál foréigin a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún agus i gcomhar leis na gníomhaireachtaí ábhartha uile (Airteagal 51 den Choinbhinsiún); úsáid níos fearr a bhaint as orduithe urchoisc éigeandála agus faireachán a dhéanamh ar orduithe den sórt sin agus iad a fhorfheidhmiú (Airteagal 52 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh orduithe cosanta ar fáil agus inrochtana do gach íospartach, agus na horduithe sin a fhorfheidhmiú agus faireachán a dhéanamh orthu, lena n‑áirítear trí smachtbhannaí i leith sáruithe (Airteagal 53 den Choinbhinsiún); aagus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme beart cosanta agus a áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 56 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na moltaí maidir leis na hábhair sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne ghlacadh an mholta atá dírithe chuig an Albáin.
(9)A mhéid a bhaineann leis an Ostair, áirítear sa dréachtmholadh maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin an gá atá leis an sainmhíniú ar ‘fhoréigean teaghlaigh’ a ghlacadh agus a ailíniú (Airteagal 3 den Choinbhinsiún); plean gníomhaíochta cuimsitheach fadtéarmach/doiciméad beartais straitéisigh a fhorbairt maidir le gach cineál foréigin a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); catagóirí sonraí a oiriúnú lena n‑úsáid ag earnáil an cheartais agus sonraí a bhailiú maidir le líon na mban agus na gcailíní a dhéanann teagmháil leis na seirbhísí sóisialta (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); dlús a chur leis na hiarrachtaí chun deireadh a chur le claontacht agus steiréitíopaí inscne i sochaí na hOstaire trí bhearta coisctheacha, lena n‑áirítear feachtais nó cláir múscailte feasachta, chun íospartaigh a chur ar an eolas faoi infhaighteacht seirbhísí tacaíochta agus meastóireacht a dhéanamh ar a dtionchar (Airteagal 12 den Choinbhinsiún); a áirithiú go gcuirfear oiliúint iomchuí ar ghairmithe ábhartha (Airteagal 15 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh ar sheirbhísí tacaíochta lena n‑áirítear tithíocht agus tuarascálacha fóiréinseacha a eisiúint lena ndéantar gortuithe a dhoiciméadú; a áirithiú go mbeidh líon leordhóthanach áiteanna in ionaid dídine ar fáil ar fud na tíre (Airteagal 22 den Choinbhinsiún); ionaid atreorúcháin maidir le foréigean gnéasach a chur ar bun ar fud na tíre agus tacaíocht éifeachtach a áirithiú d’íospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh (Airteagal 25 den Choinbhinsiún); comhroinnt faisnéise idir údaráis inniúla ábhartha a threisiú i gcásanna a bhaineann le coimeád leanaí agus cearta cuairte (Airteagal 31 den Choinbhinsiún); agus úsáid orduithe cosanta a áirithiú agus bearnaí idir orduithe urchoisc agus orduithe cosanta a sheachaint (Airteagal 53 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na moltaí maidir leis na hábhair sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne ghlacadh an mholta atá dírithe chuig an Ostair.
(10)Maidir leis an Danmhairg, áirítear sa dréachtmholadh maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin an gá lena áirithiú go mbeidh sainmhínithe ábhartha ar chineálacha foréigin in aghaidh na mban i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 3 den Choinbhinsiún); straitéis náisiúnta fhadtéarmach a fhorbairt i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); leithdháileadh iomchuí cistí a áirithiú, lena n‑áirítear acmhainní le haghaidh ionaid dídine d’fhoréigean teaghlaigh (Airteagal 8 den Choinbhinsiún); a áirithiú go bhfuil na sonraí a bhailítear díchomhiomlánaithe agus go ráthaítear rúndacht (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); tús áite a thabhairt do chur chuige inscne-íogair i dtionscnaimh choisctheacha (Airteagal 12 den Choinbhinsiún); a áirithiú go gcuirfear oiliúint chórasach tosaigh agus inseirbhíse ar fáil do ghairmithe ábhartha (Airteagal 15 den Choinbhinsiún); struchtúir institiúidithe a bhunú le haghaidh comhair chun comhar éifeachtach ilghníomhaireachta a áirithiú (Airteagal 18 den Choinbhinsiún); rochtain ar chomhairleoireacht shíceolaíoch, caighdeáin cháilíochta, inrochtaineacht agus inbhuanaitheacht airgeadais a áirithiú d’ionaid dídine, agus an tacaíocht is gá a áirithiú d’íospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh (Airteagail 22 agus 25 den Choinbhinsiún); feasacht a mhúscailt i measc gníomhaithe ceartais choiriúil maidir le reachtaíocht choiriúil nua (Airteagail 49 agus 50 den Choinbhinsiún); a áirithiú go ndéanfar measúnú riosca i gcomhar le gníomhaithe ábhartha (Airteagal 51 den Choinbhinsiún); úsáid orduithe urchoisc éigeandála agus orduithe cosanta a mhéadú chun faireachán a dhéanamh ar rátálacha comhlíontachta agus chun smachtbhannaí a áirithiú i gcás sáraithe (Airteagail 52 agus 53 den Choinbhinsiún); agus cur chun feidhme cuí na mbeart cosanta íospartach a áirithiú in imscrúduithe agus in imeachtaí breithiúnacha (Airteagal 56 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na moltaí maidir leis na hábhair sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne ghlacadh an mholta atá dírithe chuig an Danmhairg.
(11)A mhéid a bhaineann leis an bhFionlainn, áirítear sa dréachtmholadh maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin an gá atá le straitéis náisiúnta fhadtéarmach a fhorbairt chun cur chuige cuimsitheach comhordaithe a áirithiú (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); cistiú poiblí leordhóthanach agus sásraí maoinithe inbhuanaithe a áirithiú d’eagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann saintacaíocht ar fáil d’íospartaigh (Airteagal 8 den Choinbhinsiún); catagóirí caighdeánaithe sonraí a bhunú agus córais bailithe sonraí a chomhchuibhiú (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); feachtais feasachta a sheoladh go rialta (Airteagal 12 den Choinbhinsiún); a áirithiú go gcuirfear oiliúint chórasach ar fáil do ghairmithe ábhartha (Airteagal 15 den Choinbhinsiún); cláir do dhéantóirí coire a bhunú maidir le foréigean teaghlaigh (Airteagal 16 den Choinbhinsiún); struchtúir chomhordaithe ilghníomhaireachta institiúidithe a bhunú i measc gníomhaithe ábhartha (Airteagal 18 den Choinbhinsiún); seirbhísí tacaíochta a bhunú chun téarnamh agus neamhspleáchas íospartach a éascú (Airteagal 20 den Choinbhinsiún); líon na n‑ionad dídine agus an rochtain orthu a mhéadú (Airteagal 22 den Choinbhinsiún); dáileadh geografach ionad éigeandála um éigniú a áirithiú chun tacaíocht d’íospartaigh uile an fhoréigin ghnéasaigh a áirithiú (Airteagal 25 den Choinbhinsiún); a áirithiú nach mbeidh tionchar diúltach ag idirghabháil ar imscrúduithe coiriúla ná nach gcuirfidh sí bac ar rochtain íospartach ar cheartas (Airteagal 48 den Choinbhinsiún); a áirithiú go gcuirfear oiliúint ábhartha ar sheirbhísí forfheidhmithe dlí chun freagairt do chásanna foréigin in aghaidh na mban agus chun imscrúdú leordhóthanach a dhéanamh orthu (Airteagail 49 agus 50 den Choinbhinsiún); bearta a dhéanamh chun sásra caighdeánaithe measúnaithe riosca a bhunú a chuirfear i bhfeidhm go córasach (Airteagal 51 den Choinbhinsiún) agus chun úsáid orduithe urchoisc éigeandála agus orduithe cosanta a mhéadú agus faireachán ar orduithe den sórt sin a neartú (Airteagail 52 agus 53 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na moltaí maidir leis na hábhair sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne ghlacadh an mholta atá dírithe chuig an bhFionlainn.
(12)Maidir le Monacó, áirítear sa dréachtmholadh maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin an gá atá le sainmhíniú ar fhoréigean teaghlaigh a ghlacadh a ailíníonn leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 3 den Choinbhinsiún); straitéis uileghabhálach fhadtéarmach a fhorbairt chun cur chuige beartais cuimsitheach agus comhordaithe a bhaint amach (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); leanúint de bhailiú sonraí a fhorbairt maidir le gach cineál foréigin in aghaidh na mban a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); bearta a leathnú chun foréigean teaghlaigh a chosc chun cineálacha eile foréigin a chumhdaítear le Coinbhinsiún Iostanbúl a chur san áireamh (Airteagal 12 den Choinbhinsiún); bearta a shaothrú chun feasacht a mhúscailt maidir le foréigean in aghaidh na mban i scoileanna (Airteagal 14 den Choinbhinsiún; cláir do dhéantóirí an fhoréigin a bhunú (Airteagal 16 den Choinbhinsiún); líne chabhrach náisiúnta a bhunú d’íospartaigh foréigin ar mná iad agus leanúint de shainseirbhísí a fhorbairt d’íospartaigh an fhoréigin a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 22 den Choinbhinsiún); ionad atreorúcháin éigeandála um éigniú agus foréigin ghnéasaigh a bhunú (Airteagal 25 den Choinbhinsiún); a áirithiú go bhfuil saineolas leordhóthanach ag gairmithe a bhfuil baint acu le himeachtaí coiriúla agus go bhfaigheann siad oiliúint inscne-íogair (Airteagail 49 agus 50 den Choinbhinsiún); caighdeánú a dhéanamh ar an gcleachtas maidir le measúnú riosca comhordaithe ar sheirbhísí ábhartha ar gach cineál foréigin a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 51 den Choinbhinsiún); agus a áirithiú go gcosnófar cearta íospartach le linn imscrúduithe agus imeachtaí breithiúnacha (Airteagal 56 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na moltaí maidir leis na hábhair sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne ghlacadh an mholta atá dírithe chuig Monacó.
(13)Maidir le Montainéagró, áirítear sa dréachtmholadh maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin an gá atá le hacmhainní iomchuí daonna agus airgeadais a áirithiú le haghaidh beartais, bearta agus reachtaíocht arb é is aidhm dóibh foréigean in aghaidh na mban a chosc agus a chomhrac, agus cistiú inbhuanaithe a áirithiú d’eagraíochtaí neamhrialtasacha (Airteagal 8 den Choinbhinsiún); bailiú agus dí-chomhiomlánú sonraí ag na páirtithe leasmhara ábhartha uile a áirithiú (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); dlús a chur leis na hiarrachtaí chun bearta coisctheacha rialta a chur chun feidhme, feachtais feasachta a sheoladh agus aird a tharraingt ar an mbaol méadaithe foréigin a bhíonn os comhair íospartaigh a ndéantar leithcheal trasnach orthu (Airteagal 12 den Choinbhinsiún); oiliúint tosaigh agus inseirbhíse maidir le foréigean in aghaidh na mban a áirithiú do gach gairmí ábhartha (Airteagal 15 den Choinbhinsiún); cláir a bhunú agus a leathnú do dhéantóirí foréigin teaghlaigh agus do dhéantóirí foréigin ghnéasaigh (Airteagal 16 den Choinbhinsiún); a áirithiú go dtabharfaidh soláthraithe cúraim sláinte tosaíocht d’íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh ar mná iad agus go n‑urramóidh siad a bpríobháideachas (Airteagal 20 den Choinbhinsiún); borradh a chur faoin gcomhar ilghníomhaireachta (Airteagal 18 den Choinbhinsiún); infhaighteacht sainseirbhísí tacaíochta d’íospartaigh a mhéadú (Airteagal 22 den Choinbhinsiún); ionad éigeandála um éigniú a bhunú ar fud na tíre (Airteagal 25 den Choinbhinsiún); comhroinnt faisnéise maidir le foréigean in aghaidh na mban a áirithiú idir cúirteanna ábhartha in imeachtaí sibhialta (Airteagal 31 den Choinbhinsiún); gníomhartha foréigin in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtach agus go tráthúil, lena n‑áirítear trína áirithiú go bhfuil an saineolas is gá ag na gairmithe ábhartha (Airteagail 49 agus 50 den Choinbhinsiún); a áirithiú go ndéanfar measúnuithe riosca go córasach i gcásanna foréigin teaghlaigh i gcomhar leis na húdaráis inniúla ábhartha (Airteagal 51 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh orduithe urchoisc éigeandála ar fáil d’íospartaigh uile an fhoréigin in aghaidh na mban, lena n‑áirítear leanaí (Airteagal 52 den Choinbhinsiún); a áirithiú go ndéanfar faireachán éifeachtach ar orduithe cosanta agus go ngearrfar smachtbhannaí ar sháruithe (Airteagal 53 den Choinbhinsiún); agus úsáid éifeachtach na mbeart cosanta atá ann cheana a áirithiú agus bearta cosanta breise a thabhairt isteach i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 56 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na moltaí maidir leis na hábhair sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne ghlacadh an mholta atá dírithe chuig Montainéagró.
(14)Maidir leis an Spáinn, áirítear sa dréachtmholadh maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin an gá atá le cur chun feidhme na mbeartas atá ann cheana a áirithiú chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, agus rannpháirt a thabhairt d’eagraíochtaí neamhrialtasacha i gceapadh beartas agus sa mheastóireacht ar bheartais agus ar bhearta (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); a áirithiú go ndéanfar na sonraí a bhailítear a díchomhiomlánú agus bailiú sonraí a chomhchuibhiú (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); a mhúineadh do leanaí an ról lárnach atá ag toiliú i gcaidrimh ghnéis (Airteagal 14 den Choinbhinsiún); dlús a chur le hoiliúint na ngairmithe ábhartha uile (Airteagal 15 den Choinbhinsiún); feabhas a chur ar chomhlíonadh chláir dhéantóirí na coire leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 16 den Choinbhinsiún); sásraí comhair ilghníomhaireachta a bhunú leis na gníomhaithe ábhartha uile maidir le gach cineál foréigin a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún agus seirbhísí ionaid ilfhreastail a chur ar bun i gcás inarb iomchuí (Airteagal 18 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh foréigin ghnéasaigh ar sheirbhísí tacaíochta (Airteagal 25 den Choinbhinsiún); comhroinnt faisnéise idir cúirteanna sibhialta agus cúirteanna coiriúla a neartú agus bearta a threisiú chun a áirithiú go mbeidh dóthain acmhainní ag saoráidí cuairte faoi mhaoirseacht (Airteagal 31 den Choinbhinsiún); aghaidh a thabhairt ar thosca a chuireann cosc ar íospartaigh tuairisciú agus a mbíonn íospairt thánaisteach mar thoradh orthu (Airteagail 49 agus 50 den Choinbhinsiún); agus a áirithiú go mbeidh rochtain ag údaráis inniúla ar orduithe urchoisc éigeandála i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 52 den Choinbhinsiún); agus bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt go cuí ar sháruithe ar orduithe cosanta (Airteagal 53 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na moltaí maidir leis na hábhair sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne ghlacadh an mholta atá dírithe chuig an Spáinn.
(15)Maidir leis an tSualainn, ceanglaítear leis an dréachtmholadh maidir leis an gCoinbhinsiún a chur chun feidhme go gcuirfear riachtanais na n‑íospartach atá neamhchosanta ar leithcheal trasnach san áireamh i mbeartais maidir le foréigean in aghaidh na mban, go ndéanfar meastóireacht ar straitéisí chun rochtain a fháil ar a dtionchar agus go n‑áiritheofar go gcuirfear i bhfeidhm le beartais tuiscint inscneach ar fhoréigean in aghaidh na mban (Airteagail 3 agus 7 den Choinbhinsiún); leibhéil chistiúcháin inbhuanaithe a áirithiú d’eagraíochtaí um chearta na mban a reáchtálann sainseirbhísí tacaíochta (Airteagal 8 den Choinbhinsiún); bailiú sonraí a chomhchuibhiú agus a áirithiú go bhfuil sonraí díchomhiomlánaithe (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); bearta coisctheacha níos leithne a áirithiú do gach cineál foréigin in aghaidh na mban (Airteagal 12 den Choinbhinsiún); oiliúint chórasach a thabhairt isteach maidir le gach cineál foréigin a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún do ghairmithe ábhartha, agus meastóireacht ar an oiliúint sin (Airteagal 15 den Choinbhinsiún); íoschaighdeáin a fhorbairt do chláir dhéantóirí na coire i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún agus meastóireacht a áirithiú (Airteagal 16 den Choinbhinsiún); sásraí comhordúcháin agus comhair a ghlacadh i measc na ngníomhaireachtaí ábhartha agus, i gcás inar féidir, ar an áitreabh céanna (Airteagal 18 den Choinbhinsiún); a áirithiú go gcuirfidh seirbhísí sóisialta tacaíocht agus cúnamh leordhóthanach ar fáil do gach íospartach, lena n‑áirítear tacaíocht maidir le hábhair phraiticiúla (Airteagal 20 den Choinbhinsiún); infhaighteacht ionad dídine a mhéadú agus rochtain ar ionaid dídine a áirithiú do gach íospartach agus dá leanaí (Airteagal 22 den Choinbhinsiún); líon leordhóthanach ionad éigeandála um éigniú agus/nó ionad foréigin ghnéasaigh a áirithiú ar fud na tíre (Airteagal 25 den Choinbhinsiún); áitribh shábháilte a sholáthar inar féidir cuairteanna faoi mhaoirseacht a dhéanamh le gairmithe oilte (Airteagal 31 den Choinbhinsiún); cumas na bpóilíní freagairt agus imscrúdú a dhéanamh ar gach cineál foréigin in aghaidh na mban a neartú, lena n‑áirítear an léiriú air sin sa saol digiteach, agus bearta a dhéanamh chun tuairisciú na mban atá i mbaol leithcheal trasnach a spreagadh (Airteagail 49 agus 50 den Choinbhinsiún); a áirithiú go ndéanfar measúnuithe riosca go córasach d’íospartaigh agus dá leanaí ar bhealach comhordaithe (Airteagal 51 den Choinbhinsiún); agus bearta a dhéanamh chun a áirithiú go n‑eiseofar orduithe urchoisc éigeandála, orduithe sriantacha agus orduithe cosanta (‘orduithe neamhtheagmhála don chomhbhaile’) go pras le héifeacht láithreach, lena n‑áirítear i gcás leanaí, go ndéanfar faireachán éifeachtach orthu agus go mbeidh smachtbhannaí iomchuí ag gabháil leo (Airteagail 52 agus 53 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na moltaí maidir leis na hábhair sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne ghlacadh an mholta atá dírithe chuig an tSualainn.
(16)A mhéid a bhaineann le San Mairíne, áirítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin an gá atá le tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta trí chistiú inbhuanaithe a áirithiú chun sásraí comhair a chur ar bun, agus a áirithiú go gcomhordóidh an comhlacht comhordúcháin náisiúnta le heagraíochtaí na sochaí sibhialta (Airteagal 9 agus Airteagal 10 den Choinbhinsiún); feabhas a chur ar bhailiú sonraí díchomhiomlánaithe ar bhonn comhchóras bailithe sonraí chun suirbhéanna íospartha a dhéanamh go rialta agus gníomhaíochtaí taighde a chur chun cinn (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); agus ceanglais Airteagal 59 den Choinbhinsiún maidir le stádas cónaithe íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban a chomhlíonadh (Airteagal 59 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na conclúidí maidir leis na hábhair sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimsí an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, tearmann agus non-refoulement agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne ghlacadh na conclúide atá dírithe chuig San Mairíne.
(17)Maidir leis an tSlóivéin, áirítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin an gá atá le ról an chomhlachta chomhordaithe a shannadh d’eintitis atá go hiomlán institiúidithe agus na hacmhainní daonna agus airgeadais is gá a áirithiú (Airteagal 10 den Choinbhinsiún); bailiú cuimsitheach sonraí maidir le gach cineál foréigin a áirithiú faoin gCoinbhinsiún (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); malartú faisnéise idir cúirteanna sibhialta agus coiriúla a neartú (Airteagal 31 den Choinbhinsiún); freagairt phras agus iomchuí ó ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí ar fhoréigean in aghaidh na mban a áirithiú (Airteagail 49 agus 50); agus an Coinbhinsiún maidir le hábhair a bhaineann le hionchúiseamh ex officio ar éigniú pósta a chomhlíonadh (Airteagal 55 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na conclúidí maidir leis na hábhair sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimsí an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne ghlacadh na conclúide atá dírithe chuig an tSlóivéin.
(18)Níl Éire faoi cheangal ag Cinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle agus, dá bhrí sin, níl sí rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo.
(19)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 18ú cruinniú de Choiste na bPáirtithe, arna bhunú faoi Airteagal 67 den Choinbhinsiún, nach ndéanfar agóid i gcoinne ghlacadh na ngníomhartha seo a leanas:
(1)Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ag an Albáin [IC-CP(2025)2-prov];
(2)Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ag an Ostair [IC-CP(2025)3-prov];
(3)Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an Ostair [IC-CP(2025)4-prov];
(4)Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an bhFionlainn [IC-CP(2025)5-prov];
(5)Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an Monacó [IC-CP(2025)6-prov];
(6)Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag Montainéagró [IC-CP(2025)7-prov];
(7)Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an Spáinn [IC-CP(2025)8-prov];
(8)Moltaí maidir le muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar ar bhonn Choinbhinsiún Iostanbúl ag an tSualainn [IC-CP(2025)9-prov];
(9)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith San Mairíne arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe [IC-CP(2025)10-prov]; agus
(10)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Slóivéine arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe [IC-CP(2025)11-prov];
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán