AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.5.2025
COM(2025) 235 final
2025/0114(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle na hEagraíochta Domhanda Custaim i ndáil le Moladh Airteagal 16 ó EDC lena leasaítear an Córas Comhchuibhithe
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.
Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle na hEagraíochta Domhanda Custaim i ndáil le Dréachtmholadh atá beartaithe a ghlacadh maidir le leasú ar Ainmníocht an Chórais Chomhchuibhithe (CC).
2.
Comhthéacs an togra
2.1.
An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí
Is é is aidhm don Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí (‘an Comhaontú’) trádáil idirnáisiúnta, bailiú staidrimh agus déanamh comparáide agus anailíse ar staidreamh a éascú, go háirithe staidreamh a bhaineann le trádáil idirnáisiúnta. Áirítear leis mar Iarscríbhinn Ainmníocht CC, córas idirnáisiúnta comhchuibhithe lena bhféadfaidh tíortha rannpháirteacha earraí trádáilte a aicmiú ar bhonn coiteann chun críoch custaim. Go háirithe, áirítear le hAinmníocht CC tuairisc ar na hearraí, atá leagtha síos mar cheannteidil agus fo-cheannteidil, agus na cóid uimhriúla lena mbaineann, bunaithe ar chóras cóid 6 dhigit. Déantar athbhreithniú ar Ainmníocht CC gach 5 bliana. Cuireann níos mó ná 190 lucht riaracháin i bhfeidhm í ar fud an domhain; dá bharr sin, aicmítear níos mó ná 98 % d’earraí a thrádáiltear ar domhan dá réir.
Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Eanáir 1988.
Tá an tAontas Eorpach agus gach Ballstát de ina bpáirtithe sa Chomhaontú.
2.2.
An Eagraíocht Dhomhanda Chustaim (EDC)
An Eagraíocht Dhomhanda Chustaim (EDC), a bunaíodh in 1952 mar an Chomhairle um Chomhar Custaim, is comhlacht idir-rialtasach neamhspleách í arb é is cuspóir léi éifeachtacht agus éifeachtúlacht na n-údarás Custaim a fheabhsú. Cuireann EDC réimse leathan Coinbhinsiún agus ionstraimí idirnáisiúnta eile ar fáil dá Baill, chomh maith le cúnamh teicniúil agus seirbhísí oiliúna. Sa lá atá inniu ann, tá 186 údarás Custaim ina mbaill de EDC ar fud an domhain.
Is í an Chomhairle bord rialaithe EDC, Comhairle a bhraitheann ar inniúlacht agus scileanna Rúnaíochta agus ar réimse coistí teicniúla agus comhairleacha chun a misean a thabhairt i gcrích.
Is é Coiste CC an Coiste teicniúil in EDC atá i gceannas ar an obair ullmhúcháin a bhaineann leis an gComhaontú. Seo iad a leanas príomhchúraimí Choiste CC:
·Léirmhíniú aonfhoirmeach agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach théacsanna dlíthiúla an Chórais Chomhchuibhithe a áirithiú, lena n-áirítear díospóidí faoi aicmiú a réiteach idir Páirtithe Conarthacha, agus dá bhrí sin, trádáil a éascú;
·Leasuithe agus nuashonruithe ar an gCóras Comhchuibhithe a mholadh chun forbairtí sa teicneolaíocht agus athruithe i ngréasáin trádála a léiriú, chomh maith le riachtanais eile de chuid úsáideoirí an Chórais Chomhchuibhithe;
·Cur i bhfeidhm forleathan an Chórais Chomhchuibhithe a chur chun cinn, agus scrúdú a dhéanamh ar cheisteanna ginearálta agus cúrsaí beartais a bhaineann leis.
Scrúdaíonn Comhairle EDC tograí le haghaidh leasuithe ar an gComhaontú, arna n-ullmhú ag Coiste CC, agus féadfaidh sí iad a mholadh do na Páirtithe Conarthacha. Measfar go nglacfar leis na leasuithe a mhol Comhairle EDC mura ndéanfaidh aon Pháirtí Conarthach agóid laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis fógra a thabhairt dóibh.
Déantar na seasaimh atá le glacadh ag an Aontas in EDC ar an CC a chomhordú leis na Ballstáit. Níl ach aon vóta amháin ag an Aontas agus na Ballstáit le chéile i gComhairle EDC.
2.3.
Gníomh beartaithe Chomhairle EDC
Maidir leis an 145ú/146ú seisiún dá cuid (an 26-28 Meitheamh 2025), tá Comhairle EDC le Moladh Airteagal 16 de Choinbhinsiún CC a bhaineann le leasuithe ar Ainmníocht CC (‘an gníomh atá beartaithe’) a ghlacadh. Tiocfaidh an Ainmníocht CC athbhreithnithe i bhfeidhm in 2028.
Rinneadh an Moladh a ullmhú an 10-21 Márta 2025, le linn an 75ú seisiún de Choiste CC.
Áirítear sa Dréachtmholadh 299 sraith leasuithe ar Ainmníocht CC arb é is aidhm dóibh léiriú a thabhairt ar theacht chun cinn na bpatrún trádála, forbairt teicneolaíochtaí nua agus an gá atá leis an ainmníocht a nuachóiriú nó a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní shóisialta, chomhshaoil agus slándála d’fhonn rialú agus faireachán ar tháirgí áirithe a éascú. Go háirithe, déantar an méid seo a leanas leis na leasuithe atá beartaithe:
–An Ainmníocht a shimpliú trí cheannteidil agus fo-cheannteidil ina bhfuil méid íseal trádála a scriosadh, agus ar an gcaoi sin an CC a choinneáil cothrom le dáta agus i gcomhréir le teacht chun cinn táirgí.
–Chun tacaíocht a chur ar fáil lasmuigh de Chustaim, forálacha atá ann chun tacú le réimsí eile rialtais, tionscail agus chun an tsochaí a chosaint (forálacha maidir le dramhaíl phlaisteach, vacsaíní agus grúpaí a bhaineann leis an tsláinte a fhreagraíonn go díreach do na riachtanais a cuireadh i dtábhacht leis an bpaindéim, grúpaí a bhfuil tábhacht mhéadaitheach ag baint leo do thionscail na talmhaíochta, meascáin threisithe bia, etc.).
–An t-aicmiú a éascú i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme, nó trí tháirgí nua nó an teacht chun cinn i gcomhdhéanamh táirgí a chur san áireamh (soláthairtí bia, rothair leictreacha, leathsheoltóirí agus trasduchtóirí, róbait ghlantacháin, ladrainn, etc.).
–An leagan Fraincise agus an leagan Béarla den Ainmníocht a ailíniú ar bhealach níos fearr chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach a áirithiú agus chun éagsúlachtaí san aicmiú atá ann cheana nó a d’fhéadfadh a bheith ann a laghdú.
–An comhrac i gcoinne na calaoise agus na trádála neamhdhleathaí agus cosaint na sláinte agus an chomhshaoil a éascú trí cheannteidil agus fo-cheannteidil a chruthú i réimsí éagsúla (monarú aindleathach drugaí, plaisteach aon úsáide, vacsaíní, teaschaidéil, meaisíní díola droim ar ais, etc.).
Chuir Eagraíochtaí Idirnáisiúnta (an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta, Coinbhinsiúin Basel agus Rotterdam, EDS, ECFE, Idirphlé EDT maidir le Truailliú Plaisteach, Bord Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Rialú Támhshuanach, etc.), Páirtithe conarthacha agus Rúnaíocht EDC tograí i láthair. I measc na leasuithe sin tá roinnt tograí a thíolaic an tAontas (forbhianna, rubar agus púdair a thagann ó bhoinn a bhfuil a ré caite, dramhaíl snáithíní gloine, leathsheoltóirí, rothair leictreacha, mar shampla).
Áirítear an Dréachtmholadh mar Iarscríbhinn Q a ghabhann leis an tuarascáil ón 75ú cruinniú de Choiste CC i mí an Mhárta 2025 (Doic. NC3358Ba-HSC/75/Márta 2025).
3.
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Is é is aidhm don seasamh atá beartaithe tacaíocht a léiriú don Dréachtmholadh maidir le hAinmníocht CC a leasú.
Tá sé tábhachtach don Aontas go nglacfar an Moladh sin toisc go bhfuil sé d’aidhm leis Ainmníocht CC a thabhairt cothrom le dáta agus a nuachóiriú agus aicmiú táirgí a shimpliú agus a éascú. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara freisin go raibh an tAontas ar cheann de na rannchuiditheoirí is mó leis an mbeart nuachóirithe sin toisc gur thíolaic sé cuid mhór de na tograí ina leith sin sa timthriall athbhreithnithe seo.
Rinneadh comhairliúcháin i gcónaí leis na Ballstáit laistigh den Sainghrúpa Custaim — Comhordúchán CC/EDC, agus laistigh den Chomhairle, agus, i gcás inar gá, le seirbhísí an Choimisiúin.
Dá bhrí sin, is é seo a leanas an seasamh atá beartaithe:
–Maidir leis an Moladh, ba cheart don Aontas tacú le glacadh an Mholta.
–De réir mar a thiocfadh an cás chun cinn, ba cheart don Aontas tacú le leasuithe eagarthóireachta eile a d’fhéadfadh Rúnaíocht EDC a mholadh.
An seasamh atá beartaithe ag an Aontas Eorpach, tá sé i gcomhréir le beartas Custaim seanbhunaithe agus le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun earraí a aicmiú ag an bpointe allmhairithe de réir a ngnéithe agus a sainghnéithe oibiachtúla.
Tá gá leis an seasamh atá beartaithe le gur féidir leis an Aontas seasamh a chur in iúl ag an gcéad chruinniú eile de Chomhairle EDC.
4.
Bunús dlí
4.1.
Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.
Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh atáthar a mholadh lena mbunaítear an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais agus a bhaineann leis an ngníomh atá beartaithe.
4.1.2.
Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht í Comhairle EDC a bunaíodh le comhaontú, is é sin an Coinbhinsiún lena mbunaítear Comhairle um Chomhar Custaim an 15 Nollaig 1950. Comhairle EDC an comhlacht atá freagrach faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí as moltaí a eisiúint do na Páirtithe Conarthacha chun an Coinbhinsiún sin a leasú.
Tá coinne leis go molfaidh Comhairle EDC, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Choinbhinsiún CC, do Pháirtithe Conarthacha CC leasú a dhéanamh ar an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin (Ainmníocht CC) ag an gcruinniú a bheidh aici i mí an Mheithimh 2025, leasú a mheasfar a bheith glactha laistigh de 6 mhí mura ndéanfaidh Páirtí Conarthach agóid ina choinne. Beidh leasuithe ar glacadh leo ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta ar na Páirtithe Conarthacha uile a luaithe a thiocfaidh siad i bhfeidhm agus ní mór ainmníocht taraife/staidrimh gach Páirtí Chonarthaigh a thabhairt i gcomhréir leis an gCóras Comhchuibhithe leasaithe. A luaithe a ghlacfar leis, ionchorprófar an Moladh i reachtaíocht an Aontais, is é sin: Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim. Is é is cúis leis sin go luaitear in Airteagal 1 (2) (a) den Rialachán sin ‘2. Is é a bheidh san ainmníocht chomhcheangailte: (a) ainmníocht an chórais chomhchuibhithe;’
Leis an ngníomh atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.
4.2.
Bunús dlí substainteach
4.2.1.
Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh-chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.
4.2.2.
Feidhm maidir leis an gcás seo
Ós rud é go mbaineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe le glacadh na taraife agus tabhairt i gcrích comhaontaithe idirnáisiúnta sa chomhbheartas tráchtála, agus le glacadh Ainmníocht CC in am trátha in Ainmníocht Chomhcheangailte an Aontais, is iad Airteagal 31 agus Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, CFAE atá i mbunús substainteach dlí an chinnidh atáthar a mholadh.
4.3. Conclúid
Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 31 agus Airteagal 207(4), an chéad fhomhír CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
5.
Impleachtaí buiséadacha
Níl aon impleacht ag an togra do bhuiséad an Aontais Eorpaigh.
6.
FOILSIÚ AN GHNÍMH ATÁ BEARTAITHE
Níl aon fhoilsiú beartaithe
2025/0114 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle na hEagraíochta Domhanda Custaim i ndáil le Moladh Airteagal 16 ó EDC lena leasaítear an Córas Comhchuibhithe
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 31 agus an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí (‘Coinbhinsiún CC’), arna thabhairt i gcrích ag an Aontas le Cinneadh 87/369/CEE ón gComhairle, tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1988.
(2)De bhun Airteagal 7 de Choinbhinsiún CC, féadfaidh an Coiste um an gCóras Comhchuibhithe tograí a mholadh do Chomhairle na hEagraíochta Domhanda Custaim (EDC) le haghaidh leasuithe ar Ainmníocht an Chórais Chomhchuibhithe (‘Ainmníocht CC’). Faoi Airteagal 16 de Choinbhinsiún CC, féadfaidh Comhairle EDC leasuithe a mholadh do na Páirtithe Conarthacha.
(3)Meastar go ndéanfaidh Comhairle EDC cinneadh maidir le Moladh do na Páirtithe Conarthacha le haghaidh leasú ar Ainmníocht CC ag na seisiúin a bheidh aici i mí an Mheithimh 2025. Glacfar an Moladh sin ar bhonn togra a d’ullmhaigh an Coiste um an gCóras Comhchuibhithe agus cuirfear bailchríoch air le linn an 75ú cruinniú a bheidh aige an 10-21 Márta 2025. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 2028.
(4)Tá sé ríthábhachtach go gcoinneofar Ainmníocht CC cothrom le dáta agus i gcomhréir le teacht chun cinn na bpatrún trádála agus le forbairt teicneolaíochtaí nua, agus go léireofaí léi, a mhéid is féidir, riachtanais na n-úsáideoirí. Áirítear sa Mholadh atá beartaithe go leor sraitheanna leasuithe lena gcuirtear san áireamh an gá atá leis an ainmníocht a nuachóiriú nó a chur in oiriúint dá timpeallacht.
(5)Ós rud é go bhfuil an Moladh sin le haghaidh leasú ar Ainmníocht CC le glacadh ag Comhairle EDC, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais a bhunú, ós rud é, a luaithe a ghlacfar leis faoi Airteagal 16 de Choinbhinsiún CC, go mbeidh an Moladh ina cheangal ar an Aontas agus go mbeidh sé in ann tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, is é sin Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle.
(6)Is iomchuí tacú leis an dréachtleasú ar Ainmníocht CC, agus le haon mhionathrú eagarthóireachta a d’fhéadfaí a mheas a bheith riachtanach,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais glacadh leis an Dréachtmholadh faoi Airteagal 16 de Choinbhinsiún CC a bhaineann leis an leasú ar an gCóras Comhchuibhithe mar a leagtar amach in Iarscríbhinn Q a ghabhann le Doiciméad NC3358Ba (Tuarascáil HSC/75/Márta 2025).
Féadfaidh ionadaithe an Aontais teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe eagarthóireachta ar an Dréachtmholadh faoi Airteagal 16 de Choinbhinsiún CC i bhfianaise forbairtí ag seisiún Chomhairle EDC atá ar na bacáin, i gcomhairle leis na Ballstáit, nó le linn cruinnithe comhordaithe ar an láthair, gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 2
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán