AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,8.5.2025
COM(2025) 234 final
2025/0110(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV)
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,8.5.2025
COM(2025) 234 final
2025/0110(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gCinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Tionól Ginearálta de chuid OIV an 20 Meitheamh 2025 i ndáil leis na rúin ó OIV a bhfuil sé beartaithe iad a ghlacadh a bhféadfadh éifeachtaí dlíthiúla ar dhlí an Aontais a bheith mar thoradh orthu.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An stádas ar leith atá ag an Aontas laistigh de OIV
Tá 50 Stát ina gcomhaltaí de OIV faoi láthair, lena n‑áirítear 20 Stát ar Ballstáit den Aontas iad. Níl an tAontas ina chomhalta de OIV. Mar sin féin, ón 20 Deireadh Fómhair 2017, tá an stádas ar leith dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialacha Nós Imeachta OIV á dheonú ag OIV don Aontas, ar stádas é lena gcuirtear ar a chumas idirghabháil in oibreacha na gCoimisiún, na bhFo-Choimisiún agus na ngrúpaí saineolaithe agus freastal ar chruinnithe an Tionóil Ghinearálta agus an Choiste Feidhmiúcháin.
2.2.OIV
Is eagraíocht eolaíoch, theicniúil, idir-rialtasach í an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV) atá gníomhach in earnáil na fíniúna, an fhíona, deochanna fíonbhunaithe, fíonchaora boird, rísíní agus táirgí fíniúna eile. Is iad cuspóirí OIV (i) eolas a sholáthar maidir le bearta lena bhféadfar ábhair imní na dtáirgeoirí, na dtomhaltóirí agus imreoirí eile in earnáil na dtáirgí fíniúna agus fíona a thabhairt san áireamh, (ii) cúnamh a thabhairt d’eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí caighdeánúcháin agus (iii) cur le comhchuibhiú idirnáisiúnta na gcleachtas agus na gcaighdeán atá ann cheana.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag OIV
Reáchtálfar an chéad Tionól Ginearálta eile de chuid OIV an 20 Meitheamh 2025. Sa chomhthéacs sin agus ar bhonn pléití a rinneadh ag cruinnithe teicniúla OIV i mí an Mhárta 2025, is féidir a mheas go mbeidh na rúin seo a leanas, a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla acu ar dhlí an Aontais, ar chlár an Tionóil Ghinearálta lena nglacadh:
–Dréachtrúin OENO-MICRO 22-713A agus B, maidir le modh nua chun giosta cille a chomhaireamh in úrfhíonta agus i bhfíonta, agus i saothráin giosta, faoi seach,
–Dréachtrún OENO-MICRO 23-739, maidir le prótacal caighdeánach chun measúnú a dhéanamh ar airíonna coipthe na dtréithchineálacha giosta S. cerevisiae,
–Dréachtrúin OENO-TECHNO 14-540A agus B, maidir le cleachtais fhíoneolaíocha shonracha le haghaidh fíon dí-alcólaithe agus fíon páirt‑dhí-alcólaithe, faoi seach,
–Dréachtrún OENO-TECHNO 23-730, maidir leis an uasteorainn inghlactha de thiúchan aigéid shorbaigh i bhfíon,
–Dréachtrún OENO-TECHNO 23-738, maidir le haigéad fúmarach a úsáid le haghaidh rialú micribhitheolaíoch in úrfhíonta, Dréachtrún OENO-SPECIF 21-691 agus OENO-SPECIF 23-728, maidir le modh chun cóimheasa iseatópacha d’aigéad tartarach agus ciotósán a chinneadh, faoi seach.
Is féidir a mheas go dtiocfaidh éabhlóid ar chlár Thionól Ginearálta OIV agus go gcuirfear ar an gclár rúin eile a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ar dhlí an Aontais mar thoradh orthu. Chun éifeachtúlacht obair an Tionóil Ghinearálta a áirithiú agus sin a dhéanamh ar dhóigh a thugann urraim do rialacha na gConarthaí, déanfaidh an Coimisiún forlíonadh nó leasú in am trátha ar an togra seo chun é a chur ar a cumas don Chomhairle an seasamh a ghlacadh a bheidh le glacadh maidir leis na rúin sin freisin.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Rinne saineolaithe eolaíocha agus teicniúla de chuid earnáil an fhíona plé cuimsitheach ar na dréachtrúin a chuirfear chun vóta ag an gcéad Tionól Ginearálta eile de chuid OIV. Cuireann siad le comhchuibhiú idirnáisiúnta na gcaighdeán fíona agus leagfar amach leo creat lena n‑áiritheofar iomaíocht chóir i dtrádáil tháirgí earnáil an fhíona. Dá bhrí sin, ba cheart tacú leo.
Mar sin féin, níor cheart tacú le dréachtrún OENO-TECHNO 14-540A lena gceadófaí gliocról (E 422) a chur le fíon dí-alcólaithe ar uasleibhéal tiúchana suntasach. Moladh an t‑uasleibhéal ceadaithe bunaithe ar fhianaise eolaíoch neamhleor maidir leis na héifeachtaí ar an táirge agus ar shláinte tomhaltóirí. Dá bhrí sin, níor cheart tacú leis an rún sin go dtí go ndéanfar measúnú eolaíoch cuí, lena n‑áirítear measúnú nochta nuashonraithe agus tréithriú riosca arna dhéanamh ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia lena gcuirfí san áireamh úsáid gliocróil (E 422) le haghaidh na catagóire táirge d’fhíon dí-alcólaithe.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagfar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Tá feidhm ag Airteagal 218(9) CFAE bíodh an tAontas ina chomhalta den chomhlacht nó ina pháirtí sa chomhaontú, nó ná bíodh 1 .
Cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’ 2 .
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
De bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún, bíonn éifeacht dhlíthiúil ar dhlí an Aontais le rúin áirithe arna nglacadh agus arna bhfoilsiú ag OIV, go háirithe na cinn sin a bhaineann le cleachtais fhíoneolaíocha agus modhanna anailísí arna moladh agus arna bhfoilsiú ag OIV. Dá bhrí sin, ba cheart don Chomhairle seasamh an Aontais maidir leis na rúin sin i ndáil le hábhair atá faoina inniúlacht a ghlacadh agus ba cheart do na Ballstáit ar comhaltaí de OIV iad é a chur in iúl ag cruinnithe OIV, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh-chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Baineann príomhchuspóir na ndréachtrún atá beartaithe le comhchuibhiú na gcaighdeán fíona agus dá bhrí sin le cur chun feidhme comhbheartas talmhaíochta. Dá bhrí sin, is é Airteagal 43 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe, Airteagal 43 i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Neamhbhainteach.
2025/0110 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Déanfaidh an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV) scrúdú ar rúin a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla leo chun críocha Airteagal 218(9) CFAE agus déanfaidh sí cinneadh maidir leo sa chéad Tionól Ginearálta eile a bheidh aici an 20 Meitheamh 2025.
(2)Níl an tAontas ina chomhalta de OIV. Mar sin féin, an 20 Deireadh Fómhair 2017 dheonaigh OIV don Aontas an stádas ar leith dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialacha Nós Imeachta OIV.
(3)Tá 20 Ballstát ina gcomhaltaí de OIV. Beidh deis ag na Ballstáit sin leasuithe ar na dréachtrúin ó OIV a mholadh agus iarrfar orthu na dréachtrúin sin a ghlacadh ag an gcéad Tionól Ginearálta eile de OIV an 20 Meitheamh 2025.
(4)Dá bhrí sin, ba cheart don Chomhairle seasamh an Aontais maidir leis na rúin sin i ndáil le hábhair atá faoina inniúlacht a ghlacadh agus ba cheart do na Ballstáit ar comhaltaí de OIV iad é a chur in iúl ag cruinnithe OIV, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais.
(5)De bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún 4 , beidh éifeachtaí dlíthiúla le rúin áirithe arna nglacadh agus arna bhfoilsiú ag OIV ar dhlíchóras an Aontais.
(6)Foráiltear le hAirteagal 80(3), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 go mbeidh ar an gCoimisiún na cleachtais fhíoneolaíocha agus na modhanna anailíse a mhol agus a d’fhoilsigh OIV a thabhairt san áireamh agus cleachtais fhíoneolaíocha á n‑údarú aige.
(7)Foráiltear le hAirteagal 80(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus modhanna anailíse á leagan síos ag an gCoimisiún lena gcinnfear comhdhéanamh tháirgí earnáil an fhíona, go mbunóidh sé na modhanna sin ar aon mhodh ábhartha arna mholadh agus arna fhoilsiú ag OIV mura rud é go mbeidís neamhéifeachtach nó neamhchuí i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú ag an Aontas.
(8)Foráiltear le hAirteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i dtaca le táirgí earnáil an fhíona a allmhairítear isteach san Aontas, go dtáirgfear na táirgí sin i gcomhréir le cleachtais fhíoneolaíocha arna n‑údarú ag an Aontas de bhun an Rialacháin sin nó, roimh an údarú sin, go dtáirgfear iad i gcomhréir le cleachtais fhíoneolaíocha arna moladh agus arna bhfoilsiú ag OIV.
(9)Foráiltear le hAirteagal 9(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934, i gcás nach leagann an Coimisiún síos iad, gurb iad na sonraíochtaí íonachta agus na sonraíochtaí aitheantais, a bhaineann le substaintí a úsáidtear i gcleachtais fhíoneolaíocha na sonraíochtaí dá dtagraítear i gcolún 4 de Thábla 2 i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, a thagraíonn do mholtaí OIV.
(10)Moltar i nDréachtrúin OENO-MICRO 22-713A agus OENO-MICRO 22-713B modh nua chun giosta cille a chomhaireamh in úrfhíonta, i bhfíonta, agus i saothráin giosta. Le Dréachtrún OENO-MICRO 23-739 sonraítear treoirlínte chun meastóireacht a dhéanamh ar airíonna coipthe Saccaromices cerevisiae. I gcomhréir le hAirteagal 80(3), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, beidh éifeachtaí dlíthiúla leis na Rúin sin.
(11)Le Dréachtrún OENO-TECHNO 14-540B, bunaítear cleachtais fhíoneolaíocha shonracha le haghaidh fíonta páirt‑dhí-alcólaithe. Le Dréachtrún OENO-TECHNO 23-730, tugtar isteach uasteorainn inghlactha de thiúchan aigéid shorbaigh i bhfíon. Le dréachtrún OENO-TECHNO 23-738, tugtar isteach cleachtas fíoneolaíoch nua maidir le húsáid aigéid fhúmaraigh chun an coipeadh malalachtach in úrfhíonta a rialú. I gcomhréir le hAirteagal 80(3), pointe (a), agus Airteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, beidh éifeachtaí dlíthiúla leis na Rúin sin.
(12)Baineann Dréachtrúin OENO-SPECIF 21-691 agus OENO-SPECIF 23-728 le modhanna chun cóimheasa iseatópacha d’aigéad tartarach agus ciotósán a chinneadh, faoi seach. I gcomhréir le hAirteagal 80(3)(a), pointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus le hAirteagal 9 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934, is Rúin iad sin a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla leo.
(13)Rinne saineolaithe eolaíocha agus teicniúla earnáil an fhíona plé fairsing ar na dréachtrúin OIV sin. Cuireann siad le comhchuibhiú idirnáisiúnta na gcaighdeán fíona agus leagfar amach leo creat lena n‑áiritheofar iomaíocht chóir i dtrádáil tháirgí earnáil an fhíona. Dá bhrí sin, ba cheart tacú leo.
(14)Rún eile a tháirgeann éifeachtaí dlíthiúla ar dhlí an Aontais a cuireadh faoi bhráid an Tionóil Ghinearálta lena ghlacadh ná Dréachtrún OENO-TECHNO 14-540A, lena mbunaítear cleachtais fhíoneolaíocha shonracha le haghaidh fíon dí-alcólaithe, lena n‑áirítear gliocról (E 422) a chur leo ar uastiúchan 50 g/L. Moladh an t‑uasleibhéal ceadaithe bunaithe ar fhianaise eolaíoch neamhleor maidir leis na héifeachtaí ar an táirge agus ar shláinte tomhaltóirí. Níor cheart, dá bhrí sin, tacú leis an dréachtrún sin go dtí go ndéanfar measúnú cuí, go háirithe maidir le huasleibhéil shábháilte ghliocról (E 422) don chatagóir táirge d’fhíon dí-alcólaithe. Ina theannta sin, ba cheart an roinn maidir le ‘Milsiú’ agus go háirithe an Sainmhíniú ‘Milseoirí a chur le fíon dí-alcólaithe’ a léirmhíniú mar ní atá teoranta do na táirgí a liostaítear in ‘Oideasú’; ba cheart an rud céanna a thabhairt faoi deara i ndáil le OENO-TECHNO 14-540B.
(15)Chun go mbeidh an tsolúbthacht is gá ann le linn na caibidlíochta roimh Thionól Ginearálta OIV an 20 Meitheamh 2025, ba cheart údarú a thabhairt do na Ballstáit ar comhaltaí de OIV iad aontú le hathruithe ar na dréachtrúin OIV sin ar choinníoll nach n‑athraítear a substaint leis na hathruithe sin,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach san Iarscríbhinn an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i dTionól Ginearálta OIV atá beartaithe don 20 Meitheamh 2025.
Airteagal 2
Déanfaidh na Ballstáit den Aontas atá ina gcomhaltaí de OIV, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur in iúl.
Airteagal 3
1.I gcás inar dóigh go ndéanfar difear, le faisnéis eolaíoch nua nó faisnéis theicniúil nua arna cur i láthair roimh chruinnithe OIV, nó lena linn, don seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1, iarrfaidh na Ballstáit ar Comhaltaí de OIV iad go gcuirfear an vótáil i dTionól Ginearálta OIV ar athlá go dtí go leagfar síos seasamh an Aontais ar bhonn na faisnéise nua sin.
2.Tar éis comhordúcháin agus in éagmais cinneadh eile ón gComhairle lena leagtar síos seasamh an Aontais, féadfaidh na Ballstáit ar Comhaltaí de OIV iad, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach thar ceann an Aontais, aontú le hathruithe teicniúla ar na dréachtrúin dá dtagraítear san Iarscríbhinn nach n‑athraítear a substaint leo.
Airteagal 4
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,8.5.2025
COM(2025) 234 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV)
IARSCRÍBHINN
Na Ballstáit den Aontas atá ina gcomhaltaí den Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV), ag gníomhú dóibh go comhpháirteach thar ceann an Aontais, tacóidh siad leis na dréachtrúin seo a leanas ag céim 7 le linn Thionól Ginearálta OIV atá beartaithe don 20 Meitheamh 2025, agus beidh an tacaíocht sin faoi réir aon athbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar bhonn forbairtí nua:
–OENO-MICRO 22-713A: Comhaireamh ceall giosta trí chítiméadracht sreafa a úsáid in úrfhíonta fíonchaor agus i bhfíonta;
–OENO-MICRO 22-713B: Comhaireamh ceall giosta ag trí chítiméadracht sreafa a úsáid i saothráin giosta;
–OENO-MICRO 23-739: Bailíochtú prótacail chaighdeánaigh chun meastóireacht a dhéanamh ar airíonna coipthe tréithchineálacha S. cerevisiae;
–OENO-TECHNO 14-540B: Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha le haghaidh fíon páirt‑dhí-alcólaithe, faoi réir na tuisceana gur cheart an roinn maidir le ‘Milsiú’ agus go háirithe an Sainmhíniú ‘Milseoirí a chur le fíon dí-alcólaithe’ a léirmhíniú mar ní atá teoranta do na táirgí a liostaítear in ‘Oideasú’;
–OENO-TECHNO 23-730: Teorainn aigéid shorbaigh i bhfíon;
–OENO-TECHNO 23-738: Cóireáil úrfhíonta le haigéad fúmarach le haghaidh rialú micribhitheolaíoch;
–OENO-SPECIF 21-691: Cinneadh na gcóimheas iseatópach (L+) d’aigéad tartarach 13C/12C AGUS 18O/16O trí mhais‑speictriméadracht cóimheas iseatóip;
–OENO-SPECIF 21-728: Cóimheasa iseatópacha ciotósáin 13C/12C AGUS 15N/14N a chinneadh trí mhais-speictriméadracht cóimheas iseatóip.
Na Ballstáit den Aontas atá ina gcomhaltaí den Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV), ag gníomhú dóibh go comhpháirteach thar ceann an Aontais, faoi réir aon athbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar bhonn forbairtí nua, ní thacóidh siad leis an dréachtrún seo a leanas ag céim 7 le linn Thionól Ginearálta OIV atá beartaithe don 20 Meitheamh 2025:
–OENO-TECHNO 14-540A: Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha le haghaidh fíon dí-alcólaithe.