An Bhruiséil,14.5.2025

COM(2025) 199 final

2025/0107(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhpháirtíochta a bunaíodh leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le hionadú an liosta de na daoine aonair atá toilteanach agus ábalta a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo le seasamh an Aontais atá le glacadh sa Choiste Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Airméin maidir le hionadú an liosta de na daoine aonair atá toilteanach agus ábalta a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe le haghaidh réiteach díospóidí idir stáit.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Comhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Airméin

Bhí feidhm shealadach ag an gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), ón 1 Meitheamh 2018 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Márta 2021. 1

2.2.An Coiste Comhpháirtíochta

Tá an Coiste Comhpháirtíochta, a bunaíodh le hAirteagal 363 den Chomhaontú, comhdhéanta d’ionadaithe na bPáirtithe. De bhun Airteagal 363(7), tagann an Coiste Comhpháirtíochta le chéile i bhfoirmíocht shonrach chun aghaidh a thabhairt ar thrádáil agus ar ábhair a bhaineann le trádáil. Leagtar amach in Airteagal 363(6) den Chomhaontú go nglacfaidh an Coiste Comhpháirtíochta a chinntí trí chomhaontú idir na Páirtithe, agus urraim chuí á tabhairt dá nósanna imeachta inmheánacha féin a thabhairt chun críche.

2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gCoiste Comhpháirtíochta

Tá sé beartaithe go nglacfaidh an Coiste Comhpháirtíochta, nuair a thiocfaidh sé le chéile ina fhoirmíocht trádála san Airméin i mí an Mheithimh 2025, cinneadh maidir le hionadú an liosta de 15 dhuine aonair ar a laghad atá toilteanach agus ábalta a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe de bhun Airteagal 339 den Chomhaontú (‘an gníomh atá beartaithe’).

Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe a áirithiú go gcaomhnaítear an líon íosta eadránaithe atá ar fáil.

Tá liosta de na daoine aonair atá toilteanach agus ábalta a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe comhdhéanta de 3 fholiosta: foliosta amháin do gach Páirtí agus foliosta amháin de dhaoine aonair nach náisiúnaigh de cheachtar den dá Pháirtí iad agus a d’fhéadfadh feidhmiú mar chathaoirleach ar an bpainéal eadrána. Ní mór cúigear daoine aonair ar a laghad a bheith ar gach foliosta, lena gcomhlíontar na riachtanais a leagtar amach in Airteagal 339(2) den Chomhaontú.

Cuireadh in iúl sa phlé a rinneadh sa Choiste Comhpháirtíochta gurbh fhearr liosta níos cobhsaí a bheith ann tríd an riosca go mbeadh athbhreithnithe ag teastáil gan choinne ar an liosta a laghdú. Chun an aidhm sin a bhaint amach, ba cheart do gach foliosta seachtar daoine aonair a ainmniú atá toilteanach agus ábalta a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe.

Leis an ngníomh atá beartaithe, ní mhodhnaítear téacs an Chomhaontaithe agus ní cheanglaítear aon ghníomhaíocht cur chun feidhme ar na Ballstáit. Ós rud é nach mbaineann an gníomh atá beartaithe ach le hoibríocht inmheánach an tsásra um réiteach díospóidí de chuid Theideal VI den Chomhaontú, ar gníomh é nach mór don Choimisiún a chur chun feidhme, is iomchuí an gníomh atá beartaithe a ghlacadh i mBéarla. Is féidir aistriúcháin a sholáthar le haghaidh phróiseas cinnteoireachta inmheánach gach Páirtí agus le haghaidh na faisnéise don phobal.

Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagail 363(5) agus 339(1) den Chomhaontú. Tiocfaidh sé i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Ba cheart gurb é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais tacú le glacadh an ghnímh atá beartaithe. Ba cheart an seasamh a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gCoiste Comhpháirtíochta atá i gceangal leis an togra seo le haghaidh Cinneadh ón gComhairle.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é an Coiste Comhpháirtíochta a cuireadh ar bun le comhaontú idirnáisiúnta.

An gníomh a iarrtar ar an gCoiste Comhpháirtíochta a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na Páirtithe faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 363 den Chomhaontú.

Leis an ngníomh atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe le cur chun feidhme an chomhbheartais tráchtála trí chomhaontú idirnáisiúnta a chur chun feidhme.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 207(4) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 207(4) CFAE i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ar mhaithe leis an trédhearcacht, foilseoidh an Coimisiún an gníomh atá beartaithe ag an gCoiste Comhpháirtíochta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha. Ós rud é nach gceanglaítear foilsiú an ghnímh atá beartaithe leis an ndlí, ní mór foráil a dhéanamh i ngníomh dlí maidir le foilsiú den sórt sin.

2025/0107 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhpháirtíochta a bunaíodh leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le hionadú an liosta de na daoine aonair atá toilteanach agus ábalta a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Thug an tAontas an Comhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (‘an Comhaontú’) i gcrích le Cinneadh (AE) 2021/270 ón gComhairle an 25 Eanáir 2021 2 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Márta 2021.

(2)De bhun Airteagal 339(1) den Chomhaontú, ní mór don Choiste Comhpháirtíochta liosta a bhunú de 15 dhuine aonair ar a laghad atá toilteanach agus ábalta a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe.

(3)Chun feidhmiú ceart an chórais um réiteach díospóidí a bunaíodh i dTeideal VI den Chomhaontú a áirithiú, ba cheart don Choiste Comhpháirtíochta a liosta de na daoine aonair atá toilteanach agus ábalta a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe a ionadú.

(4)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Comhpháirtíochta a bhunú, ós rud é go mbeidh an Cinneadh ina cheangal ar an Aontas.

(5)Ar mhaithe le trédhearcacht a áirithiú, is é is fearr an cinneadh ón gCoiste Comhpháirtíochta a fhoilsiú mar a ghlacfar go críochnaitheach é,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Comhpháirtíochta bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gCoiste Comhpháirtíochta atá i gceangal leis an togra ón gCoimisiún don Chinneadh seo.

Airteagal 2

Foilseofar an cinneadh ón gCoiste Comhpháirtíochta tar éis a ghlactha.

Airteagal 3

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 61, 22.2.2021, lgh. 1–2.
(2)    IO L 61, 22.2.2021, lgh. 1-2.

An Bhruiséil,14.5.2025

COM(2025) 199 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhpháirtíochta a bunaíodh leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le hionadú an liosta de na daoine aonair atá toilteanach agus ábalta a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe


IARSCRÍBHINN

CINNEADH Uimh. ../2025

ÓN gCOISTE COMHPHÁIRTÍOCHTA

A BUNAÍODH LEIS AN gCOMHAONTÚ COMHPHÁIRTÍOCHTA CUIMSITHEACH FEABHSAITHE IDIR

AN tAONTAS EORPACH

AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

AGUS A mBALLSTÁIT, DE PHÁIRT AMHÁIN,

AGUS POBLACHT NA hAIRMÉINE, DEN PHÁIRT EILE,

an … 2025

maidir le hionadú an liosta de na daoine aonair atá

toilteanach agus ábalta a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe

TÁ AN COISTE COMHPHÁIRTÍOCHTA,

Ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), agus go háirithe Airteagal 339 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Bhí feidhm shealadach ag an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Airméin ón 1 Meitheamh 2018 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Márta 2021.

(2)Le hAirteagal 363 den Chomhaontú bunaítear an Coiste Comhpháirtíochta, a thagann le chéile i bhfoirmíocht shonrach chun aghaidh a thabhairt ar thrádáil agus ar ábhair a bhaineann le trádáil a chumhdaítear faoi Theideal VI den Chomhaontú.

(3)I gcomhréir le hAirteagal 339(1) den Chomhaontú, ghlac an Coiste Comhpháirtíochta liosta de 15 dhuine aonair atá toilteanach agus ábalta a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe an 17 Deireadh Fómhair 2019 le Cinneadh Uimh. 1/2019. Ba ghá athbhreithniú a dhéanamh ar an liosta sin chun an líon íosta eadránaithe atá ar fáil a chaomhnú.

(4)Tá an liosta de na daoine aonair atá toilteanach agus ábalta a bheith ag feidhmiú mareadránaithe comhdhéanta de 3 fholiosta: foliosta amháin do gach Páirtí agus foliosta amháin de dhaoine aonair nach náisiúnaigh de cheachtar den dá Pháirtí iad agus a d’fhéadfadh feidhmiú mar chathaoirleach ar an bpainéal eadrána. Ní mór cúigear daoine aonair ar a laghad a bheith ar gach foliosta, lena gcomhlíontar na riachtanais a leagtar amach in Airteagal 339(2) den Chomhaontú.

(5)Chomhaontaigh na Páirtithe seachtar daoine aonair a ainmniú atá toilteanach agus ábalta a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe le haghaidh gach ceann de na 3 fholiosta chun cobhsaíocht an liosta a fheabhsú tríd an riosca go mbeadh athbhreithnithe ag teastáil gan choinne ar an liosta a laghdú.

(6)Ní gá an Cinneadh a ghlacadh i dteangacha barántúla uile an Chomhaontaithe ós rud é nach leasaítear forálacha an Chomhaontaithe leis an gCinneadh agus ós rud é nach bhfuil sé ábhartha ach le haghaidh oibríocht inmheánach an chórais um réiteach díospóidí idir na Páirtithe.

(7)Chun feidhmiú ceart an Chomhaontaithe a áirithiú, go háirithe Caibidil 13 de Theideal VI de, ba cheart don Choiste Comhpháirtíochta an liosta de na daoine aonair atá toilteanach agus ábalta a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe a ionadú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad an liosta de na daoine aonair atá toilteanach agus ábalta a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe, a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Uimh. 1/2019 an 17 Deireadh Fómhair 2019 ón gCoiste Comhpháirtíochta.

2.Is cuid dhílis den Chinneadh seo í an Iarscríbhinn.

Airteagal 2

1.Glacadh an Cinneadh seo i mBéarla agus tarraingíodh suas é i ndúblach. Féadfaidh gach Páirtí téacs an Chinnidh seo a aistriú go dtí na teangacha is gá le haghaidh a nósanna imeachta inmheánacha agus le haghaidh na faisnéise don phobal.

2.Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh in Eireaván, an …

Thar ceann an Choiste Comhpháirtíochta

An Cathaoirleach

Rúnaithe

Arthur MAYSURYAN                        Joachim JAKOBSEN


IARSCRÍBHINN

LIOSTA DE NA hEADRÁNAITHE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 339

DEN CHOMHAONTÚ COMHPHÁIRTÍOCHTA CUIMSITHEACH FEABHSAITHE

IDIR

AN tAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

AGUS A mBALLSTÁIT, DE PHÁIRT AMHÁIN,

AGUS POBLACHT NA hAIRMÉINE, DEN PHÁIRT EILE

Eadránaithe arna moladh ag an Aontas Eorpach

1.Danae AZARIA

2.Gebhard BÜCHELER

3.Irina BUGA

4.Maria GAVOUNELI

5.Hélène RUIZ FABRI

6.Jure VIDMAR

7.Galina ZUKOVA

Eadránaithe arna moladh ag Poblacht na hAirméine

1.Aida AVANESSIAN

2.Levon GOLENDUKHIN

3.Hayk HOVHANNISYAN

4.Ara KHZMALYAN

5.Mushegh MANUKYAN

6.Lilit PETROSYAN

7.Harout J. SAMRA

Cathaoirligh

1.Mohamed ABDEL WAHAB (an Éigipt)

2.Arthur APPLETON (an Eilvéis/na Stáit Aontaithe)

3.Daniel BETHLEHEM (an Ríocht Aontaithe)

4.Tod FRIEDBACHER (an Eilvéis)

5.Grant HANESSIAN (na Stáit Aontaithe)

6.Valerie HUGHES (Ceanada)

7.Thomas R. SNIDER (na Stáit Aontaithe)