AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,6.5.2025
COM(2025) 192 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
lena n‑údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le Comhaontú lena n‑Éascaítear Infheistíocht Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht an Chósta Eabhair
IARSCRÍBHINN
Treoracha caibidlíochta um an gcaibidlíocht maidir le Comhaontú lena n‑Éascaítear Infheistíocht Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht an Chósta Eabhair
I.CUSPÓIRÍ, RAON FEIDHME AGUS PRÍOMHPHRIONSABAIL
1.Ba cheart é a bheith d’aidhm ag Comhaontú lena n‑Éascaítear Infheistíocht Inbhuanaithe (dá ngairtear ‘Comhaontú’ anseo feasta) le Poblacht an Chósta Eabhair timpeallacht infheistíochta níos tarraingtí, níos trédhearcaí agus níos intuartha a chruthú chun infheistíochtaí inbhuanaithe a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh a éascú, a fheabhsú agus a spreagadh.
2.Ba cheart é a bheith de chuspóir foriomlán ag an gComhaontú seo feabhas a chur ar shlógadh, mealladh, leathnú agus coinneáil na hinfheistíochta dírí coigríche idir an tAontas Eorpach agus Poblacht an Chósta Eabhair, go háirithe i gcás micrifhiontar, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide, ar bhonn rialacha, bearta agus nósanna imeachta nua-aimseartha simplithe atá bunaithe ar phrionsabail na neamhchlaontachta, na hoscailteachta, na trédhearcachta agus na cobhsaíochta.
3.Ba cheart an Comhaontú seo a bheith cuimsitheach agus uaillmhianach, agus ba cheart toradh chaibidlíocht EDT maidir leis an gComhaontú lena n‑Éascaítear Infheistíocht Inbhuanaithe le haghaidh Forbartha, agus na dúshláin shonracha forbartha atá roimh Phoblacht an Chósta Eabhair a chur san áireamh ann. Ba cheart feidhm a bheith ag an gComhaontú seo, i bprionsabal, maidir le gach earnáil eacnamaíoch agus ba cheart saolré iomlán na n‑infheistíochtaí a chuimsiú ann, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí roimh an mbunú, lena linn agus ina dhiaidh.
4.Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gcomhaontú seo na dálaí cearta a áirithiú chun go mbeidh infheistíocht dhíreach choigríche fabhrach don fhorbairt inbhuanaithe, agus cumas na bPáirtithe rialáil a dhéanamh ar ghníomhaíocht infheisteoirí ina gcríocha féin á chaomhnú an tráth céanna.
5.Ba cheart an Comhaontú seo a dhíriú ar infheistíocht dhíreach choigríche agus ar chineálacha eile infheistíochta, amhail gluaiseachtaí caipitil gearrthéarmacha nó infheistíochtaí punainne, á gcur as an áireamh. Leis an gComhaontú seo, níor cheart oibleagáidí nua a chruthú, ná oibleagáidí atá ann cheana a mhodhnú, maidir le hinfheistíochtaí a chosaint, maidir le réiteach díospóidí idir infheisteoir agus stát nó maidir le coinníollacha fabhracha i ndáil le rochtain ar an margadh, agus níor cheart ceanglais nós imeachta maidir le teacht isteach agus fanacht sealadach daoine nádúrtha chun críocha gnó a chumhdach leis.
II. ÁBHAR BEARTAITHE NA RIALACHA AGUS NA nGEALLTANAS
6.Ba cheart forálacha sonracha a bheith sa Chomhaontú seo maidir le hábhair amhail:
–Trédhearcacht, intuarthacht agus comhleanúnachas na mbeart a bhaineann le hinfheistíocht a fheabhsú (lena n‑áirítear, inter alia, foilsiú agus infhaighteacht leictreonach beart a bhfuil feidhm ghinearálta leo agus an chreata dlí is infheidhme maidir le hinfheistíocht; an deis barúil a thabhairt ar dhréachtbhearta rialála, faisnéis maidir le dreasachtaí infheistíochta);
–Nósanna imeachta agus ceanglais riaracháin a chuíchóiriú agus a bhrostú, chomh maith le dea-rialachas a áirithiú i nósanna imeachta údarúcháin (lena n‑áirítear, inter alia, nósanna imeachta riaracháin agus ceanglais doiciméadachta; úsáid iarratas i bhformáid leictreonach; tráthchláir agus tréimhsí chun iarratais a chur isteach agus a riar; caighdeáin dea-rialachais maidir le hiarratais a phróiseáil; trédhearcacht maidir le táillí a íoc; cineálacha sásraí amhail ionaid ilfhreastail le haghaidh iarratais ar údarú);
–Rannpháirtíocht páirtithe leasmhara a fheabhsú (lena n‑áirítear, inter alia, pointí fócasacha a fheidhmeoidh mar chéad phointí teagmhála d’fhiosrúcháin infheisteoirí; caidreamh le páirtithe leasmhara; sásraí chun díospóidí a chosc agus fadhbanna a réiteach; measúnuithe tionchair; comhordú idirghníomhaireachta intíre; naisc idir infheisteoirí coigríche agus an geilleagar óstach);
–Rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe agus le hinfheistíocht fhreagrach (lena n‑áirítear, inter alia, caighdeáin, rialacha agus gealltanais maidir le saothar, an comhshaol agus an aeráid arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta a chur chun cinn agus a fhorfheidhmiú; tiomantas d’ionstraimí ábhartha a aithnítear go hidirnáisiúnta maidir le hiompar freagrach gnó; idirphlé agus comhar maidir le saincheisteanna leasa choitinn i ndáil le saothar, an comhshaol agus an aeráid a bhaineann le hinfheistíocht; príomhchoinbhinsiúin agus príomhphrionsabail idirnáisiúnta chun sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, calaois chánach agus imghabháil cánach a chosc agus a chomhrac a chur chun feidhme);
–Cur chun feidhme inbhuanaitheacht na n‑infheistíochtaí i slabhraí luacha agus earnálacha leasa frithpháirtigh (go háirithe earnáil an chócó, ag cur leis na gealltanais a leagtar amach sa Tionscnamh Cócó Inbhuanaithe agus sa Treochlár maidir le Cócó Inbhuanaithe, d’fhonn infheistíocht agus cur chun feidhme na reachtaíochta inbhuanaitheachta ábhartha a éascú a thuilleadh);
–Comhar déthaobhach a threisiú maidir le bealaí chun infheistíocht a éascú agus cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a áirithiú (lena n‑áirítear, inter alia, fothú acmhainneachta arb é is aidhm dó feabhas a chur ar an timpeallacht infheistíochta agus cúnamh a thabhairt chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme, lena n‑áirítear na forálacha maidir le forbairt inbhuanaithe; socruithe institiúideacha chun maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme agus chun faisnéis agus dea-chleachtais a chomhroinnt; idirghabháil agus sásraí um réiteach díospóidí idir Stáit).