AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,23.4.2025
COM(2025) 190 final
2025/0104(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 a mhéid a bhaineann le cúnamh breise agus solúbthacht bhreise do na réigiúin is forimeallaí atá buailte ag tubaistí nádúrtha tromchúiseacha agus i gcomhthéacs an chioclóin Chido a d’fhág drochbhail ar Mayotte
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Mar a chonacthas leis an gcioclón in Mayotte le deireanas nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, bíonn tionchar tubaisteach ag tubaistí nádúrtha agus teagmhais mheitéareolaíocha thromchúiseacha sna réigiúin is forimeallaí den Aontas ar na pobail atá ina gcónaí agus a oibríonn sna réigiúin sin. Scriostar cuid mhór den acmhainneacht táirgthe talmhaíochta agus foraoiseachta gach bliain, rud a chruthaíonn caillteanais ollmhóra ioncaim agus a chuireann infhaighteacht agus slándáil bia na réigiún sin a bhfuil srianta buana ar a bhforbairt cheana féin, mar a aithnítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i mbaol. Go deimhin, cé go bhfuil na réigiúin sin éagsúil go leor le chéile, tá roinnt sainiúlachtaí comhchosúla acu, amhail iargúltacht, oileánachas, méid beag den chuid is mó, leochaileacht mhéadaithe i dtaobh an athraithe aeráide, geilleagair atá ag brath ar roinnt earnálacha, agus leibhéil arda dífhostaíochta agus olltáirgeacht intíre (OTI) atá go mór faoi bhun mheán an Aontais agus na meán náisiúnta. Fágann na srianta sin go léir go mbíonn sé níos deacra fós an táirgeadh talmhaíochta a scriosadh de dheasca tubaistí nádúrtha tromchúiseacha a aisghabháil agus fágann déine na dtubaistí nádúrtha go mbíonn an t‑am chun téarnamh níos faide fós.
Sa Teachtaireacht uaidh ‘Tús áite a thabhairt do dhaoine, fás inbhuanaithe cuimsitheach a bhaint amach, leas a bhaint as acmhainneacht na réigiún is forimeallaí san Aontas’, gheall an Coimisiún sainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí a léiriú ar fud bheartais uile an Aontais, lena n‑áirítear an talmhaíocht. Tugtar aghaidh cheana féin ar chuid de dhúshláin na hearnála talmhaíochta sna réigiúin is forimeallaí ar bhealach sonrach le Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Mar sin féin, i bhfianaise tubaistí nádúrtha níos déine ná riamh sna réigiúin sin, sainaithníodh an gá atá le tuilleadh solúbthachtaí. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le sreabhadh airgid agus táirgeadh talmhaíochta á atógáil tar éis na dtubaistí nádúrtha tubaisteacha a tharlaíonn go minic sna réigiúin is forimeallaí, ní mór don Eoraip a bheith in ann tacaíocht éifeachtach agus níos mó solúbthachta a chur ar fáil go tapa trí POSEI dá dtagraítear sa Rialachán sin. Is éard atá i gceist leis sin cláir roghanna a bhaineann go sonrach le hiargúltacht agus oileánachas lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas trí leanúnachas thacaíocht POSEI do na tairbhithe le linn na tréimhse athchóirithe a áirithiú, gan beann ar leibhéal a ngníomhaíochta, ach faoi réir gealltanais fhoirmiúla chun a n‑acmhainneacht a athbhunú. An 14 Nollaig 2024 bhuail an cioclón marfach Chido an réigiún is forimeallaí Mayotte, rud ba chúis le scrios forleathan agus taismigh i ngach áit ar a chonair, na mílte tithe a scrios agus na soláthairtí uisce agus leictreachais a ghearradh. Rinneadh difear tromchúiseach do bhóithre, do líonraí cumarsáide agus do bhonneagair sláinte nó cuireadh as seirbhís iad. An 11 Eanáir 2025 bhuail an stoirm thrópaiceach Dikeledi Mayotte freisin, le báisteach throm agus tuilte áitiúla ag cur leis an damáiste a rinne Chido. Bhí éifeachtaí suntasacha ag Chido ar thalmhaíocht agus ar shlándáil an tsoláthair bia: scrios gaotha láidre barra i roinnt mhaith limistéar, bhí tailte feirme faoi uisce, rud a chuir isteach ar sceidil phlandála, rud a fhágfaidh go mbeidh táirgeacht níos ísle ann sa chéad séasúr fáis eile. Ina theannta sin, scrios Chido bonneagar, amhail bóithre, rud a chuir bac ar iompar earraí talmhaíochta. Den chéad uair, d’fhógair an Fhrainc staid tubaiste nádúrtha eisceachtúil.
Dá bhrí sin, rinneadh difear mór don bhliain dheireanach de chur chun feidhme an Chláir Forbartha Tuaithe in Mayotte le haghaidh na clárthréimhse 2014-2022 (CFT Mayotte). Cuirfear moill ar go leor tionscadal, go háirithe infheistíochtaí, nó cuirfear deireadh leo. Ina theannta sin, ar an gcéad dul síos, teastaíonn tacaíocht leachtachta ó fheirmeoirí agus ó ghníomhaithe eile sa talmhaíocht chun go mbeidh siad in ann maireachtáil go dtí go ndéanfar a ngabháltais a athchóiriú, chomh maith lena n‑acmhainneacht táirgthe a athbhunú.
Le Rialachán (AE) 2024/3242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tugadh isteach beart nua eisceachtúil sealadach (a cuireadh isteach in Airteagal 6a de Rialachán (AE) 2020/2220) lena gceadaítear do na Ballstáit tacaíocht leachtachta a sholáthar d’fheirmeoirí agus do shealbhóirí foraoise, chomh maith le FBManna atá gníomhach i bpróiseáil táirgí talmhaíochta agus foraoiseachta, a ndéanann tubaistí nádúrtha a tharlaíonn ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh difear dóibh.
De bhun na rialacha atá ann faoi láthair, is féidir uasteorainn 10 % ar a mhéad de chistí CETFT le haghaidh 2021-2022 (gan Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh san áireamh) a leithdháileadh ar an mbeart sin (EUR 1,5 milliún le haghaidh Mayotte). Chun freagairt leordhóthanach a thabhairt ar na tubaistí nádúrtha eisceachtúla a tharla in Mayotte, tá sé beartaithe an uasteorainn 10 % sin a bhaint agus cead a thabhairt do Mayotte cistí CETFT 2021-2022 a ath-leithdháileadh don tacaíocht a sholáthraítear faoi bheart de bhun Airteagal 6a de Rialachán (AE) 2020/2220.
I gcomhthéacs an bhirt seo, is é an 30.6.2025 an sprioc-am chun na hiarratais a fhormheas chun freagairt thapa a thabhairt ar thubaistí nádúrtha agus chun leachtacht thapa a sholáthar dóibh siúd atá i ngátar. Mar sin féin, ós rud é go n‑athróidh an togra seo coinníollacha an bhirt seo le haghaidh Mayotte, is gá dóthain ama a thabhairt d’Údarás Bainistíochta Mayotte chun na tairbhithe a roghnú a luaithe a thiocfaidh an rialachán seo i bhfeidhm. Ar an gcúis sin, níor cheart feidhm a bheith ag an sprioc-am chun na hiarratais a fhormheas. Mar sin féin, níl aon athrú ar incháilitheacht na speansas (an 31 Nollaig 2025) mar a shainítear i Rialachán (AE) 1303/2013. Ciallaíonn sé sin nach mór na híocaíochtaí leis na tairbhithe a dhéanamh faoin 31 Nollaig 2025.
Thairis sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún maolú a thabhairt isteach ar uasteorannú beart de bhun Airteagal 6a de Rialachán (AE) 2020/2220 le haghaidh Mayotte, rud a chuirfidh ar a chumas don réigiún is forimeallaí aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar riachtanais leachtachta dhaonra na tuaithe a ndearnadh damáiste mór dóibh de dheasca na dtubaistí nádúrtha a thuairiscítear. Ba cheart an maolú sin a dhéanamh trí fhorálacha sonracha Rialachán POSEI chun an maolú sin a choinneáil teoranta do riachtanais shonracha an réigiúin is forimeallaí Mayotte.
Dá bhrí sin, chun an cúnamh breise a thuairiscítear thuas agus solúbthacht bhreise a sholáthar do na réigiúin is forimeallaí a ndéanann tubaistí nádúrtha difear dóibh, molann an Coimisiún modhnú spriocdhírithe ar Rialachán POSEI lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra i gcomhréir leis an gcreat foriomlán dlíthiúil a bunaíodh le haghaidh an Chomhbheartais Talmhaíochta agus Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE) agus tá sé teoranta do leasú spriocdhírithe ar Rialachán (AE) Uimh. 228/2013.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra teoranta do leasuithe spriocdhírithe ar Rialachán (AE) 228/2013, agus tá sé comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 42, Airteagal 43(2) agus Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Foráiltear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh gur rud le roinnt idir an tAontas agus na Ballstáit atá san inniúlacht talmhaíochta, fad atá comhbheartas talmhaíochta á bhunú a bhfuil cuspóirí coiteanna agus cur chun feidhme coiteann ag dul leis. Is é is aidhm don togra tuilleadh solúbthachtaí a áirithiú do na réigiúin is forimeallaí a ndéanann tubaistí nádúrtha nó teagmhais mheitéareolaíocha thromchúiseacha difear dóibh.
•
Comhréireacht
Cuimsítear leis an togra leasuithe teoranta spriocdhírithe nach dtéann thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach maidir le faoiseamh eisceachtúil sealadach a thabhairt d’fheirmeoirí, do shealbhóirí foraoise, do FBManna agus do ghabháltais atá gníomhach i bpróiseáil, i margú nó i bhforbairt táirgí talmhaíochta nó táirgí foraoiseachta agus le haghaidh iarrachtaí athbhunaithe, ar páirtithe iad sin atá buailte go háirithe ag tubaistí nádúrtha.
•An rogha ionstraime
Maidir leis an ionstraim iomchuí chun an tsolúbthacht is gá a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar na himthosca seo nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, is Rialachán é.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Neamhbhainteach
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Mar gheall ar chineál teicniúil, teoranta agus práinneach na modhnuithe atá beartaithe, níl gá leis an gcomhairliúchán poiblí leathan.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Neamhbhainteach
•Measúnú tionchair
Mar gheall ar chineál teicniúil agus raon feidhme spriocdhírithe an tionscnaimh, níl gá leis an measúnú tionchair.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Neamhbhainteach
•Cearta bunúsacha
Neamhbhainteach
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon athrú ar uasteorainneacha bliantúla an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil d’oibleagáidí agus íocaíochtaí de réir mar a leagtar síos iad in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2020/2093 i gceist leis an togra nua seo. Níl aon athrú ar mhiondealú bliantúil na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas le haghaidh an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe E.08030102.
Ar an iomlán, ní thugtar le tuiscint leis an mbeart sin go bhfuil gá le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí breise. Na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí is gá de EUR 13,5 milliún in 2025 agus 2026, tá sé beartaithe go ndéanfar iad a fhritháireamh le saoradh tráth an chlabhsúir a mheastar a tharlóidh in 2026. Déanfar cistí a leithdháiltear ar Chláir Forbartha Tuaithe (CFTanna) eile nach n‑úsáidfear a shaoradh agus úsáidfear iad chun na costais bhreise faoin leasú seo a chúiteamh.
A mhéid a bhaineann le tacaíocht POSEI, níl aon tionchar buiséadach inchainníochtaithe ag an togra seo. Fanfaidh aon chaiteachas gaolmhar faoi leithdháiltí airgeadais na mBallstát le haghaidh POSEI.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déanfar faireachán na mbeart agus tuairisciú ar a gcur chun feidhme faoi chuimsiú na sásraí tuairiscithe a bunaíodh le Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 228/2013.
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
Neamhbhainteach
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Chun solúbthachtaí breise a chur ar fáil do na réigiúin is forimeallaí atá buailte ag tubaistí nádúrtha agus teagmhais thromchúiseacha mheitéareolaíocha agus chun freagairt leordhóthanach a thabhairt ar thionchar thubaiste nádúrtha Chido in Mayotte, nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, ar fheirmeoirí, ar thairbhithe eile de chuid CETFT agus ar na rialtais, tá sé beartaithe Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 a leasú mar a leanas:
·Cead a thabhairt do na húdaráis inniúla náisiúnta modhnú eisceachtúil ar chlár a chur isteach ar a gclár POSEI agus an prionsabal force majeure á chur i bhfeidhm acu nó imthosca eisceachtúla á gcur i bhfeidhm i gcás, mar thoradh ar an tubaiste thromchúiseach nádúrtha gan choinne, ina ndearnadh an acmhainneacht táirgeachta talmhaíochta a scriosadh go tromchúiseach nó go hiomlán, agus ina dteastaíonn tréimhse níos faide chun earnálacha áirithe a athbhunú ná mar a d’fhéadfaí a chumhdach le cur i bhfeidhm an phrionsabail force majeure nó in imthosca eisceachtúla. Chuirfeadh sé sin ar a gcumas do na dtairbhithe lena mbaineann leanúint de thacaíocht POSEI a fháil le linn na tréimhse athchóirithe, gan beann ar leibhéal a ngníomhaíochta, ach faoi réir a ngealltanais fhoirmiúil a n‑acmhainneacht táirgeachta talmhaíochta a athbhunú. Beidh cur chun feidhme an mhodhnaithe sin ar an gclár faoi réir athbhreithniú agus faireachán bliantúil ar dhul chun cinn i ndlúthchomhar idir an Coimisiún agus an Ballstát.
·Maidir le clár forbartha tuaithe Mayotte, deireadh a chur leis an teorainn 10 % de leithdháiltí buiséadacha 2021 agus 2022 le haghaidh tacaíocht shealadach mar fhreagairt ar thionchar na dtubaistí nádúrtha atá le cistiú faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus cead a thabhairt na tairbhithe a roghnú tar éis spriocdháta an 30 Meitheamh 2025.
·Comhlíonadh an phrionsabail ‘digiteach mar réamhshocrú’
·De réir an mheasúnaithe dhigitigh a rinneadh, níl aon ghné dhigiteach ag baint leis an togra seo toisc nach bhfuil aon ábharthacht dhigiteach ann. Níl modhanna digiteacha ná malartú sonraí faoi raon feidhme an togra.
2025/0104 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 a mhéid a bhaineann le cúnamh breise agus solúbthacht bhreise do na réigiúin is forimeallaí atá buailte ag tubaistí nádúrtha tromchúiseacha agus i gcomhthéacs an chioclóin Chido a d’fhág drochbhail ar Mayotte
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42, Airteagal 43(2) agus Airteagal 349 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An 18 Nollaig 2024 fógraíodh ‘tubaiste nádúrtha eisceachtúil’ sa réigiún is forimeallaí de Mayotte tar éis iarmhairtí tubaisteacha an chioclóin Chido, a scrios cuid mhór d’acmhainneacht talmhaíochta agus foraoiseachta an oileáin agus a chuir infhaighteacht bia agus slándáil an tsoláthair bia i mbaol. Léiríonn an cioclón sin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo agus tubaistí nádúrtha eile a tharla le déanaí sna réigiúin is forimeallaí den Aontas mar a thuairiscítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a leochailí atá na réigiúin sin i dtaobh éifeachtaí an athraithe aeráide, lena n‑áirítear an riosca méadaithe go dtarlódh tubaistí nádúrtha eisceachtúla nó teagmhais mheitéareolaíocha thromchúiseacha a mbeadh iarmhairtí fadtéarmacha acu.
(2)Chun aghaidh a thabhairt ar thionchar tubaistí nádúrtha eisceachtúla nó teagmhais mheitéareolaíocha thromchúiseacha sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus iad a mhaolú, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an tacaíocht don táirgeadh áitiúil a chuirtear ar fáil tríd an gClár de roghanna a bhaineann go sonrach le hiargúltacht agus le hoileánacht (POSEI) dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht go leanfadh na tairbhithe a ndearnadh difear dóibh d’íocaíochtaí POSEI a fháil le linn na tréimhse athchóirithe gan beann ar leibhéal a ngníomhaíochta, faoi réir ag gealltanas foirmiúil a n‑acmhainneacht a athbhunú. Dá bhrí sin ba cheart foráil a dhéanamh go bhféadfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta cinneadh a dhéanamh maidir le force majeure nó imthosca eisceachtúla a chur i bhfeidhm ar bhonn fianaise ábhartha. Ag an am céanna, in imthosca a bhfuil údar cuí leo, i gcás ina dteastaíonn tréimhse níos faide chun earnálacha áirithe a athchóiriú, ba cheart foráil a dhéanamh go bhféadfar, le leasú eisceachtúil ar chlár, faoi réir athbhreithniú agus faireachán bliantúil ar dhul chun cinn, síneadh a chur leis an tréimhse athbhunaithe sin thar an méid a d’fhéadfaí a chumhdach le cur i bhfeidhm an phrionsabail force majeure nó imthosca eisceachtúla. Chun na críche sin, ba cheart Airteagail 6 agus 19 de Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 a leasú.
(3)Chomh maith leis sin, chun aghaidh a thabhairt go tapa ar na leochaileachtaí i gcóras bia Mayotte agus sna pobail tuaithe a eascraíonn as an tubaiste nádúrtha sin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo arb é an cioclón Chido ba chúis leis; is iomchuí tacaíocht eisceachtúil éifeachtach a sholáthar go tapa tríd an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), agus foráil a dhéanamh maidir le tuilleadh solúbthachta sna rialacha atá ann cheana. Le hAirteagal 6a de Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle tugadh isteach beart nua lena soláthraítear tacaíocht eisceachtúil shealadach mar fhreagairt ar thionchar tubaistí nádúrtha, ar beart é atá le cistiú faoi CETFT laistigh den chreat dlíthiúil is infheidhme sa chlárthréimhse 2014-2020, lenar cuireadh síneadh leis faoin Rialachán sin. Chun go mbeidh Mayotte in ann freagairt d’iarmhairtí an chioclóin Chido agus na deacrachtaí a chruthaigh staid shonrach an réigiúin is forimeallaí sin á gcur san áireamh, ba cheart cur i bhfeidhm an bhirt a tugadh isteach le hAirteagal 6a de Rialachán (AE) 2020/2220 in Mayotte a bhunú. Toisc go bhfuil na deacrachtaí sonracha a bhaineann le freagairt don staid eisceachtúil in Mayotte nasctha lena iargúltacht mar réigiún forimeallach mar a thuairiscítear in Airteagal 349 CFAE, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le solúbthachtaí sa tacaíocht ó CETFT trí chreat dlíthiúil sonrach a bhunú le haghaidh tacaíocht bhreise do na réigiúin is forimeallaí. Chun na críche sin, ba cheart Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 a leasú.
(4)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, mar atá aghaidh a thabhairt ar thionchar tubaistí nádúrtha ar na hearnálacha agraibhia agus foraoiseachta sna réigiúin is forimeallaí trí solúbthachtaí breise a chur ar fáil tar éis tubaistí nádúrtha eisceachtúla nó teagmhais mheitéareolaíocha thromchúiseacha, agus go háirithe i ndiaidh an chioclóin Chido in Mayotte, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
(5)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 a leasú dá réir.
(6)I bhfianaise éifeachtaí tubaisteacha na dtubaistí nádúrtha atá ann faoi láthair agus a phráinní atá sé aghaidh a thabhairt ar a dtionchar ar earnálacha agraibhia agus foraoiseachta sna réigiúin is forimeallaí agus an tionchar sin a mhaolú, chomh maith leis an bpráinn a bhaineann leis an mbeart a chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 6a de Rialachán (AE) 2020/2220 roimh dheireadh na clárthréimhse 2014-2020, lenar cuireadh síneadh leis le Rialachán(AE) 2020/2220, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, le CFAE agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a ghairm.
(7)Chun cur chun feidhme rianúil na leasuithe atá beartaithe a áirithiú agus ar bhonn práinne i bhfianaise an ghéarghá atá ann aghaidh a thabhairt ar thionchar tubaistí nádúrtha eisceachtúla nó teagmhais mheitéareolaíocha thromchúiseacha sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus iad a mhaolú, agus go háirithe tionchar an chioclóin Chido in Mayotte, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 228/2013 mar a leanas:
(1) in Airteagal 6, cuirtear an mhír 5 seo a leanas leis:
‘5. I gcás tubaistí nádúrtha eisceachtúla nó teagmhais mheitéareolaíocha thromchúiseacha a scriosann an acmhainneacht táirgeachta talmhaíochta ina hiomláine nó go páirteach i réigiún is forimeallaí, féadfaidh na Ballstáit togra a thíolacadh chun an clár a leasú, agus an prionsabal force majeure nó imthosca eisceachtúla a chur i bhfeidhm ag an am céanna chun ligean do na tairbhithe lena mbaineann leanúint de thacaíocht POSEI a fháil feadh na tréimhse athchóirithe i bhfoirm bearta chun cabhrú le táirgeadh talmhaíochta áitiúil dá bhforáiltear in Airteagal 19. Beidh cur chun feidhme na modhnuithe sin ar chláir faoi réir ag athbhreithniú bliantúil agus faireachán ar an dul chun cinn ar bhonn dlúthchomhair idir an Coimisiún agus an Ballstát.’;
(2) in Airteagal 19, cuirtear an mhír 5 seo a leanas leis:
‘5. Sa chás go ndéantar clár a leasú i gcomhréir le hAirteagal 6(5), féadfaidh tairbhithe a ndearna an tubaiste nádúrtha eisceachtúil nó an teagmhas meitéareolaíoch tromchúiseach difear dóibh leanúint de thairbhe a bhaint as tacaíocht i bhfoirm bearta chun tacú le táirgeadh, próiseáil nó díolachán dá bhforáiltear i mír 4 den Airteagal seo gan beann ar leibhéal a ngníomhaíochta feadh na tréimhse athchóirithe, ach faoi réir ag gealltanas foirmiúil a n‑acmhainneacht táirgeachta talmhaíochta a athbhunú.’;
(3) in Airteagal 22, cuirtear na míreanna 3 agus 4 seo a leanas isteach:
‘3. De mhaolú ar Airteagal 6a(5) de Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, féadfaidh Mayotte iarratais ar thacaíocht a fhormheas tar éis an 30 Meitheamh 2025.
4. I gclár forbartha tuaithe Mayotte, ní sháróidh tacaíocht CETFT arna cur ar fáil don bheart dá dtagraítear in Airteagal 6a de Rialachán (AE) 2020/2220 ranníocaíocht CETFT iomlán leis an gclár forbartha tuaithe sin le haghaidh na mblianta 2021-2022.
*
Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leagtar síos forálacha idirthréimhseacha áirithe le haghaidh tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) sna blianta 2021 agus 2022 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1306/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus cur i bhfeidhm sna blianta 2021 agus 2022 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le leithdháileadh tacaíocht den sórt sin i leith na mblianta 2021 agus 2022 (IO L 437, 28.12.2020, lch. 1, ELI:
http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2220/oj
).’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán