AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg, 1.4.2025
COM(2025) 164 final
2025/0085(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1057 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin straitéiseacha
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Leis an athbhreithniú meántéarma ar an mbeartas comhtháthaithe, tugtar deis do na Ballstáit acmhainní 2021-2027 a atreorú i dtreo infheistíocht i gcumais chosanta agus ar mhaithe le hiomaíochas, ullmhacht agus uathriail straitéiseach an Aontais agus i dtosaíochtaí eile atá ag teacht chun cinn, lena n‑áirítear cuspóirí an chomhaontaithe maidir le tionsclaíocht ghlan trí leasuithe comhfhreagracha ar an gclár a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Chun na gnéithe sin a neartú, tá na daoine ag teastáil a bhfuil na scileanna cearta acu. Sa chomhthéacs déimeagrafach atá ann faoi láthair, is iad scileanna a mhéadú agus ganntanas lucht saothair na príomhbhaic ar an bhfás agus ar choigeartú eacnamaíoch. Príomhthosaíocht is ea infheistiú i bhforbairt scileanna agus i soghluaisteacht an lucht saothair.
An creat le haghaidh infheistíochtaí beartais comhtháthaithe i ndaoine, a leagtar amach i rialachán Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), níl sé ailínithe go leordhóthanach leis na tosaíochtaí nua sin. Chun dul i ngleic leis na fadhbanna eisceachtúla atá roimh an Aontas, is gá fócas agus solúbthacht bhreise agus treisiú dreasachtaí. Na coigeartuithe atá beartaithe, cabhróidh siad le hath-chlársceidealú a threorú i dtreo tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus tacófar leo le dlús a chur le cur chun feidhme. Sa togra seo leagtar amach coigeartuithe ar an rialachán maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa sin chun na cuspóirí sin a bhaint amach.
Infheistíochtaí an bheartais comhtháthaithe a ailíniú le tosaíochtaí nua
Le blianta beaga anuas, tá a lorg fágtha ag an éiginnteacht mhór ar an dinimic gheopholaitiúil, rud a fhágann gur gá athmheastóireacht bhunúsach a dhéanamh ar uathriail straitéiseach an Aontais. Tá na hathruithe sin ag titim amach in éineacht leis an aistriú glas, an t‑aistriú sóisialta agus an t‑aistriú teicneolaíoch, rudaí atá ag athmhúnlú an domhain go tapa mórthimpeall orainn. Rinneadh anailís chuimsitheach ar na dúshláin a bhaineann leis na claochluithe comhuaineacha sin sa tuarascáil maidir le ‘Todhchaí Iomaíochas na hEorpa’, a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2024. Leagtar béim sa tuarascáil ar a phráinní atá sé an bhearna nuálaíochta a dhúnadh, iarrachtaí dícharbónúcháin a ailíniú leis an iomaíochas eacnamaíoch, agus spleáchais sheachtracha a laghdú trí shlabhraí soláthair a éagsúlú agus infheistíocht á déanamh in earnálacha criticiúla.
Mar fhreagairt air sin, seoladh roinnt mórthionscnamh cheana féin chun athléimneacht eacnamaíoch agus uathriail straitéiseach an Aontais a fheabhsú. Áirítear orthu sin ‘an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip’ (STEP), arb é is aidhm dó ceannaireacht theicneolaíoch an Aontais a neartú; ‘REPowerEU’, atá ceaptha chun spleáchas ar fhoinsí seachtracha fuinnimh a laghdú agus dlús a chur leis an aistriú glas; chun idirghabhálacha atá ar siúl cheana féin trí chláir an bheartais chomhtháthaithe agus tríd ‘an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta’ (RRF) a thabhairt i gcrích, chun tacú le hathruithe struchtúracha sna Ballstáit agus sna réigiúin agus chun a n‑athléimneacht a fheabhsú.
Mar phríomhionstraim infheistíochta an Aontais laistigh den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI), tá ról ríthábhachtach ag an mbeartas comhtháthaithe maidir le tacú leis na tosaíochtaí sin. Spreagann sé infheistíochtaí spriocdhírithe a rannchuidíonn le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn. Rannchuidíonn sé le claochlú eacnamaíoch na hEorpa, lena n‑áirítear tríd an nuálaíocht, rud a neartaíonn an t‑iomaíochas. Mar sin féin, an creat rialála lena rialaítear cistí bheartas comhtháthaithe 2021-2027, rinneadh é a dhréachtú, a chaibidliú agus a ghlacadh sular tharla an tsraith mórimeachtaí geopholaitiúla agus eacnamaíocha a bhfuil athmhúnlú déanta acu ó shin ar chuid de thosaíochtaí polaitiúla straitéiseacha an Aontais.
Ar an gcaoi chéanna, rinneadh na Comhaontuithe Comhpháirtíochta agus cláir náisiúnta agus réigiúnacha an bheartais chomhtháthaithe a fhorbairt agus a fhormheas laistigh den tréimhse chéanna sin, rud a léiríonn na tosaíochtaí a bhí socraithe ag an am. I bhfianaise an chomhthéacs dhomhanda agus réigiúnaigh atá ag teacht chun cinn, is deis chriticiúil é athbhreithniú meántéarma 2025 chun measúnú a dhéanamh ar a gcur chun feidhme agus ar éifeachtacht a rannchuidithe leis na tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn. Cuideoidh an t‑athbhreithniú sin lena chinneadh a mhéid is féidir le cláir an bheartais chomhtháthaithe freagairt go díreach agus go mear do réaltachtaí polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta a mbíonn athrú ag teacht go tapa orthu.
Ag an am céanna, is léir go raibh dúshláin roimh chur chun feidhme luath chláir an bheartais chomhtháthaithe 2021-2027 nach raibh fabhrach do ghlacadh mear na gcistí ná d’eisíoc tapa na gcistí, rud a d’fhág go raibh moilleanna ar a gcur chun feidhme i gcomparáid le clárthréimhsí roimhe seo. Tagann na moilleanna sin tráth a bhfuil infheistíocht láidir luathaithe ríthábhachtach chun tacú leis an athléimneacht eacnamaíoch agus leis an iomaíochas.
I bhfianaise an mhéid sin, molann an Coimisiún leasuithe spriocdhírithe ar Rialachán (AE) 2021/1057. Is é is aidhm do na hathruithe sin tosaíochtaí infheistíochta a chur in oiriúint don chomhthéacs eacnamaíoch, sochaíoch, comhshaoil agus geopholaitiúil atá ag teacht chun cinn, agus an tráth céanna níos mó solúbthachta agus dreasachtaí a thabhairt isteach chun cur chun feidhme tapa acmhainní a bhfuil géarghá leo a éascú agus a spreagadh. Trí chreat an bheartais chomhtháthaithe 2021-2027 a bheachtú, is féidir leis an Aontas a áirithiú go leanfaidh a shásraí infheistíochta de bheith solúbtha agus freagrúil, rud a chumasóidh freagairt níos éifeachtaí ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.
Ionas gur féidir leis na Ballstáit úsáid éifeachtach a bhaint as na deiseanna dá bhforáiltear sa togra seo, moltar go gceadófar dóibh a dtogra maidir leis an athbhreithniú meántéarma a chur isteach arís 2 mhí ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm an togra seo le haghaidh leasú ar Rialachán (AE) 2021/1057. Aon leasú ar chlár a dhéanfaí de bhun na dtosaíochtaí agus na solúbthachtaí nua, beidh sé gan dochar do chur i bhfeidhm aon bheart arna ghlacadh faoi Rialachán 2020/2092 agus do chomhlíontacht na gclár ábhartha leis na tosaíochtaí faoi Airteagal 15 de Rialachán 2021/1060. Sa chomhthéacs sin, déanfaidh an Coimisiún dlúthfhaireachán ar chomhréireacht na gclár le ceanglais dhlí ábhartha an Aontais.
Oiriúnú oibrithe, fiontar agus fiontraithe d’athrú a rannchuidíonn le dícharbónú agus athléimneacht acmhainneachtaí táirgeachta
Agus aghaidh á tabhairt ag tionscail na hEorpa ar chostais fuinnimh arda, ar iomaíocht ghéar dhomhanda agus ar bhagairtí móra ar an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe lena rialaítear an trádáil idirnáisiúnta, ní mór dóibh coigeartú dá réir. Tá oibrithe a bhfuil an tacar scileanna ceart acu ag teastáil uathu, agus tá sainmhíniú an mhéid sin ag athrú go tapa. Is gá gníomhú láithreach chun a áirithiú gur féidir le hoibrithe na scileanna cearta a fháil trí bhearta athscilithe agus uas-scilithe agus chun tacú le soghluaisteacht oibrithe (ardoilte) idir tionscadail, ó tharla go bhfuil athrú struchtúrtha ag tarlú ar luas nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe.
Is iad muintir na hEorpa agus ag a gcuid scileanna neart na hEorpa. Tá ár gcaipiteal daonna ríthábhachtach do rathúnas an Aontais, dá athléimneacht eacnamaíoch chun ár bhfás táirgiúlachta a mhéadú, agus do chothú an chomhtháthaithe. Ní mór na scileanna riachtanacha a bheith ag lucht saothair an Aontais chun tacú leis an tionscal cosanta atá ag fás, lena neartaítear ullmhacht agus slándáil na hEorpa, mar aon leis an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin, scileanna i dteicneolaíochtaí glana, sa digitiú agus san fhiontraíocht ina measc. Leagtar amach sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan gníomhaíochtaí nithiúla chun spreagadh fáis a dhéanamh den dícharbónú le haghaidh thionscail na hEorpa.
I bhfianaise na héagobhsaíochta geopholaitiúla nach bhfacthas a leithéid roimhe, ní mór don Aontas Eorpach cinntí ríthábhachtacha a dhéanamh anois chun a shlándáil a áirithiú. Chun a hiombhagairt chosanta féin agus a slándáil a ráthú, ní mór don Eoraip a bheith ullamh chun tús a chur le ré nua trína tacaíocht a mhéadú go suntasach chun cumais chosanta agus iomaíochas thionscal cosanta an Aontais a fhorbairt. Cuirfidh an iarracht sin ar chumas an Aontais aghaidh a thabhairt ar an bpráinn ghearrthéarmach a bhaineann le tacú leis an Úcráin agus cobhsaíocht fhadtéarmach na mór-roinne á háirithiú ag an am céanna.
Tá plean freagartha láithreach molta ag an gCoimisiún don Chomhairle Eorpach — REARM Europe — ar fiú EUR 800 billiún é, trí na luamháin airgeadais uile atá ar fáil a ghníomhachtú chun tacú go pras agus go mór le hinfheistíocht in acmhainneachtaí cosanta Eorpacha. Ar na luamhán sin, is féidir le buiséad an Aontais rannchuidiú a thuilleadh leis an iarracht chomhchoiteann sin trí ionstraim chosanta thiomnaithe nua agus tríd an gClár um an Tionscal Cosanta Eorpach (EDIP) a neartú.
Chun na huirlisí sin a chomhlánú agus chun na Ballstáit a dhreasú a thuilleadh chun tacú go díreach le hinfheistíochtaí cosanta, tá sé ríthábhachtach gur féidir cistiú an bheartais chomhtháthaithe a shlógadh go pras. Leis na hinfheistíochtaí sin, treiseofar athléimneacht agus iomaíochas an Aontais agus, ag an am céanna, cuirfear forbairt agus fás réigiúnach chun cinn. Rachaidh siad i ngleic freisin leis an dá dhúshlán atá roimh réigiúin an Aontais atá ar theorainn na Rúise, na Bealarúise agus na hÚcráine: an tslándáil a neartú agus a ngeilleagair a athbheochan ag an am céanna.
Tá na scileanna cearta ríthábhachtach le haghaidh acmhainneacht chosanta éifeachtach. Acmhainneacht an tionscail cosanta oibrithe oilte a earcú, oibrithe a athsciliú agus uas-sciliú, is coinníoll sine qua non é chun dlús a chur le táirgeadh i dtréimhse ama an-ghearr. In Aontas na Scileanna, leagtar amach gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí agus ganntanas scileanna san Eoraip. Forbróidh an Coimisiún freisin scéim phíolótach maidir le Ráthaíocht Scileanna. Leis an scéim sin, tabharfar deis d’oibrithe a bhfuil baint acu le próisis athstruchtúrúcháin, nó atá i mbaol dífhostaíochta, a ngairmeacha a fhorbairt a thuilleadh i gcuideachta eile nó in earnáil eile. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin faoi na dálaí atá ann faoi láthair. Thairis sin, leis an gComhshocrú um Scileanna, bunaíodh comhpháirtíocht mhórscála maidir leis an éiceachóras um chosaint. Trí réamhaisnéis scileanna, leis an gComhshocrú tugtar tacaíocht chun teacht roimh na bearnaí scileanna a mbeidh ar an Eoraip dul in ngleic leo, agus cuirtear riachtanais scileanna an tionscail agus réamhaisnéis scileanna déimeagrafacha don chéad 5 go 10 mbliana eile san áireamh. Is é is aidhm dó cláir uas-scilithe agus athscilithe a uasghrádú chun go mbeidís níos tarraingtí trí thallann a mhealladh agus a fhorbairt ar bhealach níos fearr agus trí thallann a choinneáil.
Sa chomhthéacs sin, éascóidh CSE+ forbairt scileanna sa tionscal cosanta ar bhonn gníomhach trí sholúbthachtaí breise a sholáthar do chur chun feidhme, lena n‑áirítear réamh-mhaoiniú ardaithe, díolúine ó ríomh an dírithe téamaigh mar aon le leibhéal cómhaoinithe ardaithe.
Réigiúin na teorann thoir
I bhfianaise na ndúshlán atá roimh réigiúin na teorann Thoir ó thosaigh fogha na Rúise faoin Úcráin, ba cheart go mbainfeadh cláir faoin sprioc ‘Infheistíocht le haghaidh post agus fáis’ le réigiúin NUTS 2 a bhfuil teorainneacha acu leis an Rúis, leis an mBealarúis nó leis an Úcráin tairbhe as an deis go ndéanfaí réamh-mhaoiniú aonuaire 9,5 % ar leithdháileadh an chláir in 2026 mar aon le maoiniú 100 % ón Aontas.
Níos mó solúbthachta agus simpliú chun dlús a chur le hinfheistíochtaí
Leath bealaigh tríd an gclárthréimhse 2021-2027, is íseal atá leibhéal na n‑íocaíochtaí a d’éiligh na Ballstáit ón gCoimisiún, mar gheall ar mheascán tosca: glacadh déanach na rialachán lena rialaítear an beartas; an gá atá ann aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna a tháinig chun cinn i ndiaidh a chéile ó phaindéim COVID-19 go dtí an cogadh in aghaidh na hÚcráine, agus an ghéarchéim fuinnimh; an brú chun an chlárthréimhse roimhe sin a dhúnadh; agus tosaíocht do chur chun feidhme ionstraimí NGEU, i bhfianaise a dtréimhse ama cur chun feidhme níos giorra. Chuir sé sin go léir brú ar acmhainneachtaí riaracháin údaráis na mBallstát infheistíochtaí a dhearadh agus a sholáthar go tapa. D’ainneoin an ghéaraithe thapa a tharla le bliain anuas agus roghnú tionscadal díreach os cionn 40 % de na leithdháiltí, ba cheart dlús a chur le cur chun feidhme an bheartais chomhtháthaithe go tapa i gcomhthéacs ina bhfuil raon dúshlán nua roimh an Aontas a dteastaíonn mearfhreagairtí ina leith. Dá bhrí sin, molann an Coimisiún sraith beart arb é is aidhm dóibh solúbthacht agus simpliú úsáid na tacaíochta ón mbeartas comhtháthaithe a fheabhsú a thuilleadh chun dlús a chur le hinfheistíochtaí:
–Ionas nach gcuirfear moill ar chur chun feidhme an chláir mar gheall ar shrianta buiséadacha náisiúnta, agus chun acmhainneacht airgeadais na mBallstát a leathnú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua atá ag teacht chun cinn, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún réamh-mhaoiniú aonuaire 4,5 % arna sholáthar ó CSE+ in 2026 a sholáthar do na cláir uile lena n‑ath-leithdháiltear 15 % ar a laghad dá n‑acmhainní le haghaidh na dtosaíochtaí nua agus STEP i gcomhthéacs an phróisis athbhreithnithe meántéarma.
–Tá sé beartaithe an céatadán réamh-mhaoinithe a mhéadú go 9,5 % in 2026 le haghaidh cláir lena gcumhdaítear réigiún NUTS2 amháin nó níos mó atá buailte le teorainn na Rúise, na Bealarúise nó na hÚcráine agus lena n‑aithnítear na dúshláin shonracha atá roimh na réigiúin sin ó thosaigh fogha na Rúise san Úcráin.
–Ionas nach laghdóidh an riosca de mhoilleanna agus an caillteanas comhfhreagrach cistí an toilteanas leasuithe ar chlár a chur i gcrích agus chun cur chun feidhme cuí na n‑oibríochtaí lena mbaineann a áirithiú, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún síneadh a chur leis an teorainn ama chun acmhainní CSE+ a úsáid agus síneadh bliana breise a chur leis an dáta deiridh le haghaidh incháilitheachta. Tá sé beartaithe gan an tsolúbthacht sin a chur ar fáil ach do chláir lena moltar leasuithe a bhfuil ath-leithdháileadh 15 % ar a laghad de na hacmhainní le haghaidh na dtosaíochtaí nua agus STEP mar thoradh orthu agus i gcomhthéacs an athbhreithnithe mheántéarma, a luaithe a fhormheasfar iad.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra comhsheasmhach leis na cuspóirí a leanann cistí an bheartais comhtháthaithe mar aon leis an teachtaireacht is déanaí ón gCoimisiún maidir le clár oibre don athchóiriú le haghaidh beartas Comhtháthaithe agus níl de raon ag an togra ach leasú spriocdhírithe ar Rialachán (AE) 2021/1057. Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Níl de raon ag an togra ach leasú spriocdhírithe ar Rialachán (AE) 2021/1057, agus tá sé comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an togra bunaithe ar Airteagail 164, 175, 177 agus 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
An togra chun na Ballstáit a spreagadh chun a gcláir bheartais comhtháthaithe a ailíniú a thuilleadh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin straitéiseacha agus chun acmhainní a athdhíriú ar thosaíochtaí nua agus an tráth céanna níos mó solúbthachta a áirithiú chun dlús a chur le cur chun feidhme, ceanglaítear leis leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1057. Ní féidir an méid céanna sin a bhaint amach le gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta.
•Comhréireacht
Is é is aidhm don togra na Ballstáit a dhreasú chun a gcláir bheartais chomhtháthaithe a ailíniú a thuilleadh le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin straitéiseacha agus le hacmhainní a athdhíriú ar thosaíochtaí nua mar aon le níos mó solúbthachta a sholáthar chun dlús a chur le hinfheistíochtaí. Ní théann na bearta thar a bhfuil riachtanach chun na spriocanna sin a bhaint amach.
•An rogha ionstraime
Rialachán, sin é an ionstraim iomchuí, mar go bhforáiltear leis rialacha is infheidhme go díreach maidir leis an tacaíocht.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
•Bailiú agus úsáid saineolais
•Measúnú tionchair
Rinneadh measúnú tionchair chun an togra a ullmhú le haghaidh Rialachán (AE) 2021/1057. Ní theastaíonn measúnú tionchair ar leithligh i gcás na n‑athruithe teoranta spriocdhírithe reatha seo.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
•Cearta bunúsacha
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Baineann an togra le cláir an bheartais chomhtháthaithe faoin tréimhse 2021-2027 agus beidh réamh-mhaoiniú breise mar thoradh air a bheidh le híoc faoi CSE+ in 2026. Mar thoradh ar an réamh-mhaoiniú breise sin, tabharfar tús-ualú ar leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí go dtí 2026 i gcomparáid le cás nach mbeidh aon athrú beartais ann agus beidh sé neodrach ó thaobh an bhuiséid de le linn na tréimhse 2021-2027. Bunaithe ar ghlacadh measta an togra mar aon le réamhaisnéisí íocaíochta agus athruithe cur chun feidhme á gcur san áireamh, meastar gurb é EUR 500 milliún an glantionchar buiséadach, a áireofar i ndréachtbhuiséad 2026.
Beidh tús-ualú páirteach íocaíochtaí mar thoradh ar an deis iarratas a dhéanamh ar ráta méadaithe maoiniúcháin ón Aontas le haghaidh infheistíochtaí faoi thosaíochtaí tiomnaithe agus le haghaidh cláir lena gcumhdaítear réigiúin teorainneacha Oirthearacha, agus beidh íocaíochtaí níos ísle ann ina dhiaidh sin ag céim níos déanaí toisc nach bhfuil aon athrú ar an imchlúdach foriomlán. Beidh an tionchar iarbhír ag brath go mór ar ghlacadh na mBallstát.
Chun an modhnú atá beartaithe a dhéanamh, ní gá aon athrú a dhéanamh ar uasteorainneacha bliantúla an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil le haghaidh gealltanas agus íocaíochtaí de réir mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déanfar faireachán agus tuairisciú ar chur chun feidhme an bhirt faoi chuimsiú na sásraí tuairiscithe ginearálta a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 2021/1060.
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Baineann an togra le leasú ar Rialacháin (AE) 2021/1057 a mhéid a bhaineann le CSE+ d’fhonn aghaidh a thabhairt ar dhúshláin straitéiseacha agus chun go mbeidh na Ballstáit in ann a n‑acmhainní a athdhíriú ar thosaíochtaí nua.
Cosaint
Éascaítear leis tacaíocht dhírithe chun scileanna sa tionscal cosanta a fhorbairt faoi thosaíocht thiomnaithe a bhaineann leas as solúbthachtaí breise lena n‑áirítear réamh-mhaoiniú méadaithe maidir le leithdháileadh na tosaíochta, díolúine ó ríomh méideanna i leith an dírithe téamaigh mar aon le leibhéal cómhaoinithe méadaithe. Mar sin féin, tá na solúbthachtaí sin ag brath ar ath-leithdháileadh íosmhéid acmhainní an chláir do thosaíochtaí nua.
Oiriúnú oibrithe, fiontar agus fiontraithe d’athrú a rannchuidíonn le dícharbónú acmhainneachtaí táirgeachta
Leis sin, is féidir tacaíocht dhírithe do sciliú, uas-sciliú agus athsciliú a chur ar fáil d’fhonn oibrithe, fiontair agus fiontraithe a oiriúnú d’athrú a rannchuidíonn le dícharbónú acmhainneachtaí táirgeachta faoi thosaíocht thiomnaithe a bhaineann leas as solúbthachtaí breise lena n‑áirítear réamh-mhaoiniú ardaithe maidir le leithdháileadh na tosaíochta agus leibhéal cómhaoinithe ardaithe. Mar sin féin, tá na solúbthachtaí sin ag brath ar ath-leithdháileadh íosmhéid acmhainní an chláir do thosaíochtaí nua.
Éascaíocht a dhéanamh do na Ballstáit a gcuid acmhainní a athdhíriú
Ionas go bhféadfadh na Ballstáit úsáid éifeachtach a bhaint as na tosaíochtaí agus na solúbthachtaí nua, tabharfar cead do na Ballstáit a measúnú ar an athbhreithniú meántéarma a chur isteach arís in éineacht le hiarraidh ar leasú ar chlár chun aon cheann de na tosaíochtaí tiomnaithe nua a tugadh isteach a bhunú.
Chun cuidiú le dlús a chur le cur chun feidhme CSE+, na cláir uile lena mbunaítear aon cheann de na tosaíochtaí tiomnaithe nua a tugadh isteach agus STEP agus lena n‑ath-leithdháiltear 15 % ar a laghad dá n‑acmhainní, gheobhaidís réamh-mhaoiniú breise aonuaire 4,5 % ar bhonn a mbuiséad cláir leasaithe.
I bhfianaise na ndúshlán atá roimh réigiúin na teorann Thoir ó thosaigh fogha na Rúise faoin Úcráin, ba cheart go mbainfeadh cláir arna maoiniú trí CSE+ le réigiúin NUTS 2 a bhfuil teorainneacha acu leis an Rúis, leis an mBealarúis nó leis an Úcráin tairbhe as an bhféidearthacht go ndéanfaí réamh-mhaoiniú aonuaire 9,5 % mar aon le maoiniú 100 % ón Aontas. I gcás ina gcumhdaíonn an clár comhfhreagrach críoch iomlán an Bhallstáit, níor cheart feidhm a bheith ag na solúbthachtaí airgeadais sin ach amháin más é an clár lena gcumhdaítear críoch iomlán an Bhallstáit an t‑aon chlár sa Bhallstát ina n‑áirítear na réigiúin NUTS 2 lena mbaineann.
Ina theannta sin, cuirtear bliain bhreise amháin leis an dáta deiridh le haghaidh incháilitheacht caiteachais le haghaidh gach cláir bheartais chomhtháthaithe i gcás inar formheasadh leasuithe ar chlár lena mbunaítear aon cheann de na tosaíochtaí tiomnaithe nua a tugadh isteach agus lena ndéantar 15 % ar a laghad d’acmhainní airgeadais an chláir a ath-leithdháileadh ar na tosaíochtaí sin.
2025/0085 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1057 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin straitéiseacha
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 164, 175, 177 agus Airteagal 322 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)I bhfianaise na mórimeachtaí geopholaitiúla agus eacnamaíocha a bhfuil athmhúnlú déanta acu ar chuid de thosaíochtaí polaitiúla straitéiseacha an Aontais, is gá foráil a dhéanamh maidir leis an deis a bheith ag na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na dúshláin straitéiseacha sin agus a n‑acmhainní a athdhíriú ar thosaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn.
(2)Leis an bPáipéar Bán maidir le Todhchaí Chosaint na hEorpa réitítear an bealach don fhíor-Aontas Eorpach um an gCosaint, lena n‑áirítear trí mholadh do na Ballstáit mórinfheistíocht a dhéanamh sa chosaint agus sa tionscal cosanta. Ina leith sin, sa Teachtaireacht ón gCoimisiún - Aontas na Scileanna an 5 Márta 2025 (‘An Teachtaireacht maidir le hAontas na Scileanna’) leagtar amach gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí scileanna agus ganntanais san Aontas, agus sin tríd an Tionscnamh Comhshocraithe um Scileanna freisin dá dtagraítear sa Teachtaireacht sin, agus trína chomhpháirtíochtaí mórscála, lena n‑áirítear comhpháirtíocht ar an éiceachóras cosanta. Dá bhrí sin, dreasachtaí do CSE+ a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun forbairt scileanna sa tionscal cosanta a éascú, is iomchuí iad a áireamh.
(3)Is féidir tacú cheana le hoiriúnú oibrithe, fiontar agus fiontraithe d’athrú faoi CSE+. I gcomhréir leis na bearta dícharbónúcháin a moladh leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún – an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan: Treochlár comhpháirteach don iomaíochas agus don dícharbónú an 26 Feabhra 2025 agus chun coigeartú tionsclaíoch atá nasctha le dícharbónú próiseas agus táirgí táirgeachta a éascú tuileadh, i gcomhthéacs an chuspóir deiseanna ar feadh an tsaoil a sholáthar chun daoine a uas-sciliú agus a athsciliú go rialta, mar a leagtar amach sa Teachtaireacht maidir le hAontas na Scileanna, lena n‑áirítear trí Ráthaíocht Scileanna nua atá beartaithe, ba cheart do CSE+ an sciliú, caomhnú post agus cruthú post a éascú ar feadh an phróisis dícharbónúcháin trí sholúbthachtaí a chur ar fáil do chur chun feidhme.
(4)Is féidir cheana, faoi CSE+, tacú le hinfheistíochtaí lena rannchuidítear le cuspóirí an ‘Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip’ (STEP) a bhunaítear le Rialachán (AE) 2024/795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle arb é is aidhm leis ceannaireacht theicneolaíoch an Aontais a neartú. D’fhonn infheistíochtaí ó CSE+ sna réimsí ríthábhachtacha sin a dhreasú tuilleadh, ba cheart an deis atá ag na Ballstáit réamh-mhaoinithe breise a fháil le haghaidh leasuithe gaolmhara ar chlár a leathnú.
(5)D’fhonn é a chur ar a gcumas do na Ballstáit ath-chlársceidealú fiúntach a dhéanamh agus acmhainní a dhíriú ar thosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a leagtar amach in aithrisí 2, 3 agus 4 gan tuilleadh moilleanna a chruthú sa chur chun feidhme, is iomchuí foráil maidir le tuileadh solúbthachtaí. Ba cheart don athbhreithniú meántéarma fónamh mar a bheadh deis ann chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin straitéiseacha atá ag teacht chun cinn agus ar thosaíochtaí nua, dá bhrí sin, ba cheart go rachadh an t‑am breise chun sochair do na Ballstáit chun an measúnú ar thionchar an athbhreithnithe meántéarma agus ar thíolacadh leasuithe gaolmhara ar chlár a thabhairt i gcrích.
(6)D’fhonn dlús a chur le cur chun feidhme clár beartais comhtháthaithe agus an brú ar bhuiséid náisiúnta a mhaolú agus an leachtacht is gá a instealladh chun príomhinfheistíochtaí a chur chun feidhme, ba cheart réamh-mhaoiniú breise aonuaire ó CSE a íoc+ le haghaidh clár. De bharr drochthionchar fhogha na Rúise faoin Úcráin, ba cheart an réamh-mhaoiniú a mhéadú a thuilleadh le haghaidh cláir áirithe lena gcumhdaítear réigiún NUTS 2 amháin nó níos mó ar theorainn na Rúise, na Bealarúise agus na hÚcráine. D’fhonn athchlárú i treo príomhthosaíochtaí i gcomhthéacs an athbhreithnithe meántéarma a dhreasú, níor cheart an réamh-mhaoiniú breise a bheith ar fáil ach i gcás go sroichtear tairseacha áirithe le haghaidh athdháileadh acmhainní airgeadais go tosaíochtaí ríthábhachtacha sonracha.
(7)Thairis sin, chun an t‑am is gá a chur san áireamh chun infheistíochtaí a athdhíriú agus chun an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní atá ar fáil, na sprioc-amanna maidir le hincháilitheacht an chaiteachais agus maidir le rialacha saortha, ba cheart iad a choigeartú le haghaidh cláir lena ndéantar acmhainní a athdháileadh go tosaíochtaí straitéiseacha.
(8)Ba cheart go bhféadfar ráta cómhaoinithe suas le 100 % a chur i bhfeidhm maidir le tosaíochtaí i gcláir lena gcumhdaítear réigiún NUTS 2 amháin nó níos mó ar theorainn na Rúise, na Bealarúise agus na hÚcráine, i bhfianaise drochthionchar fhogha na Rúise faoi na réigiúin sin.
(9)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, is é sin aghaidh a thabhairt ar dhúshláin straitéiseacha, infheistíochtaí a athdhíriú ar thosaíochtaí ríthábhachtacha nua agus seachadadh beartas a éascú agus dlús a chur leis, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
(10)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2021/1057 a leasú dá réir.
(11)[I bhfianaise a phráinní atá sé infheistíochtaí ríthábhachtacha a éascú i scileanna i dtionscal na cosanta agus san oiriúnú don athrú atá nasctha leis an dícharbónú i gcomhthéacs dúshlán geopholaitiúil straitéiseach práinneach, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,]
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 2021/1057 mar a leanas:
(1)cuirtear isteach an tAirteagal 5a seo a leanas:
‘Airteagal 5a
Forálacha sonracha atá nasctha le cur chun feidhme sraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte
(1)In 2026, íocfaidh an Coimisiún 4.5 % den tacaíocht iomlán ó CSE+ mar a leagtar amach sa Chinneadh lena bhformheastar an leasú ar chlár mar réamh-mhaoiniú breise aonuaire. Méadófar céatadán an réamh-mhaoinithe aonuaire in 2026 suas go 9.5 % le haghaidh cláir lena gcumhdaítear réigiún NUTS2 amháin nó níos mó atá ar theorainn na Rúise, na Bealarúise nó na hÚcráine, ar choinníoll nach gcumhdaítear críoch iomlán an Bhallstáit leis an gclár. I gcás ina n‑áirítear go heisiach réigiúin NUTS 2, i mBallstát, atá ar theorainn na Rúise, na Bealarúise nó na hÚcráine, i gcláir lena gcumhdaítear críoch iomlán an Bhallstáit sin, beidh feidhm ag an réamh-mhaoiniú méadaithe a leagtar amach sa mhír seo maidir leis na cláir sin.
Ní bheidh feidhm ag an réamh-mhaoiniú breise dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ach amháin i gcás inar formheasadh ath-leithdháiltí 15 % ar a laghad d’acmhainní airgeadais an chláir ar thosaíocht thiomnaithe amháin nó níos mó a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagail 12a, 12c agus 12d; ar choinníoll go gcuirtear isteach an iarraidh ar leasú ar chlár faoin 31 Nollaig 2025.
An réamh-mhaoiniú, atá dlite don Bhallstát, a eascraíonn as leasuithe ar chlár de bhun ath-leithdháileadh ar na tosaíochtaí dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo, déanfar é a áireamh mar íocaíochtaí a rinneadh in 2025 chun na méideanna atá le saoradh i gcomhréir le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) 2021/1060 a ríomh, ar choinníoll gur cuireadh isteach an iarraidh ar leasú ar chlár in 2025.
(2)De mhaolú ar Airteagal 63(2) agus Airteagal 105(2) de Rialachán (AE) 2021/1060, is é an 31 Nollaig 2030 an spriocdháta le haghaidh incháilitheacht caiteachais, aisíoc costas agus le haghaidh saortha freisin. Ní bheidh feidhm ag an maolú sin ach amháin i gcás inar formheasadh leasuithe ar chlár lena ndéantar 15 % ar a laghad d’acmhainní airgeadais an chláir a ath-leithdháileadh ar thosaíocht thiomnaithe amháin nó níos mó a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagail 12a, 12c agus 12d den Rialachán seo i gcomhthéacs an athbhreithnithe meántéarma.
(3)De mhaolú ar Airteagal 112 de Rialachán (AE) 2021/1060, is é 100 % an t‑uasráta cómhaoinithe le haghaidh tosaíochtaí i gcláir lena gcumhdaítear réigiún NUTS2 amháin nó níos mó atá ar theorainn na Rúise, na Bealarúise nó na hÚcráine. Ní bheidh feidhm ag an ráta cómhaoinithe níos airde maidir le cláir lena gcumhdaítear críoch iomlán an Bhallstáit lena mbaineann mura n‑áirítear na réigiúin sin ach i gcláir lena gcumhdaítear críoch iomlán an Bhallstáit sin. Ní bheidh feidhm ag an maolú ach amháin i gcás inar formheasadh ath-leithdháiltí 15 % ar a laghad d’acmhainní airgeadais an chláir ar thosaíocht thiomnaithe amháin nó níos mó a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagail 12a, 12c agus 12d den Rialachán seo i gcomhthéacs an athbhreithnithe meántéarma, ar choinníoll go gcuirtear an leasú ar chlár isteach faoin 31 Nollaig 2025.
(4)De bhreis ar an measúnú le haghaidh gach cláir ar thoradh an athbhreithnithe meántéarma atá le cur isteach i gcomhréir le hAirteagal 18(2) de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfaidh na Ballstáit measúnú comhlántach a chur isteach arís chomh maith le hiarrataí gaolmhara ar leasuithe ar chlár, agus an fhéidearthacht maidir le tosaíochtaí tiomnaithe i gcomhréir le hAirteagal 12a, 12c agus 12d á gcur san áireamh, laistigh de 2 mhí tar éis Rialachán (AE) XXXX/XXXX [an Rialachán seo] a theacht i bhfeidhm. Beidh feidhm ag na spriocdhátaí a leagtar amach in Airteagal 18 (3) de Rialachán (AE) 2021/1060.
(2)in Airteagal 12a(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘ Sa bhreis ar an réamh-mhaoiniú don chlár dá bhforáiltear in Airteagal 90(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/1060, i gcás ina bhformheasann an Coimisiún leasú ar chlár lena n‑áirítear tosaíocht amháin nó níos mó atá tiomnaithe d’oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CSE+ lena rannchuidítear le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/795, déanfaidh sé réamh-mhaoiniú eisceachtúil 30 % ar bhonn an leithdháilte ar na tosaíochtaí sin. ar choinníoll go gcuirtear an leasú ar chlár faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2025. Íocfar an réamh-mhaoiniú eisceachtúil sin laistigh de 60 lá tar éis ghlacadh an chinnidh ón gCoimisiún lena bhformheastar an leasú ar an gclár.’;
(3)cuirtear isteach na hAirteagail 12c agus 12d seo a leanas:
‘Airteagal 12c
Tacaíocht don tionscal cosanta
(1)D’fhéadfadh sé go roghnódh na Ballstáit tacaíocht d’fhorbairt scileanna sa tionscal cosanta faoi thosaíochtaí tiomnaithe a chlársceidealú. Leis na tosaíochtaí tiomnaithe sin is féidir tacú le haon cheann de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointí (a) go (l).
(2)Na hacmhainní arna leithdháileadh ar an tosaíocht thiomnaithe dá dtagraítear i mír 1, ní chuirfear san áireamh iad nuair atáthar ag áirithiú comhlíonadh na gceanglas maidir le díriú téamach a leagtar amach in Airteagal 7 den Airteagal seo.
(3)De bhreis ar an réamh-mhaoiniú bliantúil don chlár dá bhforáiltear in Airteagal 90(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/1060, íocfaidh an Coimisiún 30 % den leithdháileadh ar na tosaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal sin mar a leagtar amach sa chinneadh lena bhformheastar an leasú ar an gclár mar réamh-mhaoiniú eisceachtúil aonuaire.
Íocfar an réamh-mhaoiniú eisceachtúil sin laistigh de 60 lá tar éis ghlacadh an chinnidh ón gCoimisiún lena bhformheastar an leasú ar an gclár, i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/1060.
(4)I gcomhréir le hAirteagal 90(5) de Rialachán (AE) 2021/1060, déanfar an méid a íoctar mar réamh-mhaoiniú eisceachtúil a imréiteach ó chuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an bhliain chuntasaíochta deiridh.
I gcomhréir le hAirteagal 90(6) de Rialachán (AE) 2021/1060, úsáidfear aon ús arna ghiniúint leis an réamh-mhaoiniú eisceachtúil le haghaidh an chláir lena mbaineann ar an dóigh chéanna le CSE+ agus áireofar sna cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh é.
I gcomhréir le hAirteagal 97(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, ní chuirfear an réamh-mhaoiniú eisceachtúil ar fionraí.
I gcomhréir le hAirteagal 105(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, áireofar an réamh-mhaoiniú eisceachtúil a íoctar sa réamh-mhaoiniú atá le cur san áireamh chun críocha na méideanna atá le saoradh a ríomh.
(5)De mhaolú ar Airteagal 112 de Rialachán (AE) 2021/1060, is é 100 % an t‑uasráta cómhaoinithe le haghaidh tosaíochtaí tiomnaithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal sin.
Airteagal 12d
Tacaíocht d’oiriúnú atá nasctha leis an dícharbónú
(1)D’fhéadfadh sé go roghnódh na Ballstáit tacaíocht a chlársceidealú arb é sciliú, uas-sciliú agus athsciliú is aidhm dóibh d’fhonn oibrithe, fiontair agus fiontraithe a oiriúnú d’athrú a rannchuidíonn le dícharbónú acmhainneachtaí táirgeachta faoi thosaíochtaí tiomnaithe. Leis na tosaíochtaí tiomnaithe sin is féidir tacú le haon cheann de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointí (a) go (l).
(2)Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo cuirfidh an Ballstát isteach iarraidh ar leasú ar chlár i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/1060. I gcás ina bhfuil cláir ag an mBallstát cheana lena n‑áirítear tosaíocht amháin nó níos mó lena gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal sin, cuirfidh an Ballstát togra faoi bhráid an Choimisiúin chun na tosaíochtaí lena mbaineann a mheas mar thosaíochtaí tiomnaithe chun críocha mhír 1 den Airteagal seo.
(3)De bhreis ar an réamh-mhaoiniú bliantúil don chlár dá bhforáiltear in Airteagal 90(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/1060, íocfaidh an Coimisiún 30 % den leithdháileadh ar na tosaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal sin mar a leagtar amach sa chinneadh lena bhformheastar an leasú ar an gclár mar réamh-mhaoiniú eisceachtúil aonuaire.
Íocfar an réamh-mhaoiniú eisceachtúil sin laistigh de 60 lá tar éis ghlacadh an chinnidh ón gCoimisiún lena bhformheastar an leasú ar an gclár, i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.
(4)I gcomhréir le hAirteagal 90(5) de Rialachán (AE) 2021/1060, déanfar an méid a íoctar mar réamh-mhaoiniú eisceachtúil a imréiteach ó chuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an bhliain chuntasaíochta deiridh.
I gcomhréir le hAirteagal 90(6) de Rialachán (AE) 2021/1060, úsáidfear aon ús arna ghiniúint leis an réamh-mhaoiniú eisceachtúil le haghaidh an chláir lena mbaineann ar an dóigh chéanna le CSE+ agus áireofar sna cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh é.
I gcomhréir le hAirteagal 97(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, ní chuirfear an réamh-mhaoiniú eisceachtúil ar fionraí.
I gcomhréir le hAirteagal 105(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, áireofar an réamh-mhaoiniú eisceachtúil a íoctar sa réamh-mhaoiniú atá le cur san áireamh chun críocha na méideanna atá le saoradh a ríomh.
(5)De mhaolú ar Airteagal 112 de Rialachán (AE) 2021/1060, is é 100 % an t‑uasráta cómhaoinithe le haghaidh tosaíochtaí tiomnaithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal sin.’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an [lá] tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS AGUS DIGITEACH REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH3
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh3
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann3
1.3.Cuspóirí3
1.3.1.Cuspóirí ginearálta3
1.3.2.Cuspóirí sonracha3
1.3.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo3
1.3.4.Táscairí feidhmíochta3
1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:4
1.5.Forais an togra/tionscnaimh4
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh4
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.4
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart4
1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile5
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh5
1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige6
1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme6
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA8
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe8
2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe8
2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe8
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú8
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)8
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc9
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH10
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar10
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe12
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí12
3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar12
3.2.1.2.Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha17
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí22
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin24
3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar24
3.2.3.2.Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha24
3.2.3.3.Iomlán na leithreasuithe24
3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach25
3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar25
3.2.4.2.Nithe arna maoiniú ó ioncaim shannta sheachtracha26
3.2.4.3.Iomlán na n‑acmhainní daonna a bheidh riachtanach26
3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha28
3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha28
3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe28
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam29
4.Gnéithe digiteacha29
4.1.Ceanglais maidir le hábharthacht dhigiteach30
4.2.Sonraí30
4.3.Réitigh Dhigiteacha31
4.4.Measúnú idir-inoibritheacha31
4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach32
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1057 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin straitéiseacha.
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
Beartas comhtháthaithe: Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+)
1.3.Cuspóirí
1.3.1.Cuspóirí ginearálta
Le cistí an bheartais comhtháthaithe, lena n‑áirítear CSE+, soláthraítear maoiniú chun tacú le forbairt chomhchuí an Aontais, trí ghníomhaíochtaí as a n‑eascraíonn neartú a chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach. Chun tacú leis an gcuspóir uileghabhálach sin, rannchuidíonn na Cistí freisin le príomhchuspóirí beartais a chur chun cinn, lena n‑áirítear iomaíochas foriomlán agus uathriail straitéiseach an Aontais a neartú, agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus ar dheiseanna a bhaineann leis an aistriú glas, leis an aistriú digiteach agus leis an aistriú sóisialta.
1.3.2.Cuspóirí sonracha
Cuspóir Sonrach Uimh. 1
Dlús a chur le cur chun feidhme chláir bheartas comhtháthaithe 2021-2027 arna maoiniú trí CSE+ trí fheabhas a chur ar an tsolúbthacht agus trí réimsí simplithe a sholáthar le haghaidh úsáid chistí an bheartais comhtháthaithe.
Cuspóir sonrach Uimh. 2
Tacaíocht a sholáthar ó CSE+ faoi chláir 2021-2027 d’fhorbairt scileanna sa tionscal cosanta mar fhreagairt ghearrthéarmach ar imeachtaí geopholaitiúla a tharla le déanaí trí dheiseanna breise a sholáthar do na Ballstáit chun acmhainní a athdhíriú sa tionscal cosanta.
Coigeartú tionsclaíoch atá nasctha le dícharbónú próiseas agus táirgí táirgeachta a éascú tuileadh trí dheiseanna breise a sholáthar do na Ballstáit chun acmhainní a athdhíriú ar sciliú, ar uas-sciliú agus ar athsciliú d’fhonn oibrithe, fiontair agus fiontraithe a oiriúnú d’athrú ar feadh an phróisis dícharbónúcháin.
Aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chríochacha shonracha na Réigiún atá ar theorainn na hÚcráine, na Rúise agus na Bealarúise.
1.3.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Cuspóir Sonrach Uimh. 1
An úsáid is fearr is féidir a bhaint as na hacmhainní a leithdháiltear ar CSE+ faoi CAI 2021-2027.
Cuspóir sonrach Uimh. 2
Leibhéal ardaithe scileanna lena meaitseáiltear éileamh an tionscail cosanta mar aon leis in earnálacha a bhfuil tionchar ag an bpróiseas dícharbónúcháin orthu.
Tacaíocht mhéadaithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shonracha na réigiún atá ar theorainn na Rúise, na Bealarúise agus na hÚcráine.
1.3.4.Táscairí feidhmíochta
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.
Cuspóir Sonrach Uimh. 1
Sonraí airgeadais maidir leis na méideanna a bhaineann le hoibríochtaí arna roghnú agus arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit agus maidir le heisíocaíochtaí a rinneadh ó bhuiséad an Aontais leis na Ballstáit.
Cuspóir Sonrach Uimh. 2
Comhtháscaire Aschuir – Líon iomlán na rannpháirtithe
1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:
beart nua
X beart nua a leanann treoirthionscadal / réamhbheart
síneadh ar bheart atá ann cheana
beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.5.Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
Leis na himeachtaí eacnamaíocha agus geopholaitiúla a tharla le déanaí, tugadh tús áite do thosaíochtaí tábhachtacha a bhfuil athdhíriú acmhainní laistigh den bheartas comhtháthaithe, in CSE+ go sonrach, ag teastáil ina leith. Is féidir na gníomhaíochtaí sonracha laistigh de raon feidhme an leasaithe seo a dhéanamh cheana féin faoin gcreat dlíthiúil reatha lena rialaítear CSE+. Dá bhrí sin, tá siad i gcomhréir cheana féin leis an gcuspóir foriomlán comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú. Mar sin féin, ní mór luas agus méid na n‑infheistíochtaí a mhéadú. Is deis ríthábhachtach é an t‑athbhreithniú meántéarma leanúnach ar chláir bheartas comhtháthaithe 2021-2027 chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir leis na cláir sin cuidiú leis na tosaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn a bhaint amach. Dá bhrí sin, cruthaíonn an leasú reatha dreasachtaí agus solúbthachtaí chun go mbeidh na Ballstáit in ann díriú níos mó, trí acmhainní ó CAI a úsáid, ar na tosaíochtaí sin laistigh de thréimhse ama réasúnta gearr.
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.
Tá an leasú ceaptha chun ligean do na Ballstáit an cistiú riachtanach ón mbeartas comhtháthaithe a dhíriú ar infheistíochtaí i réimsí beartais a sainaithníodh mar thosaíochtaí, agus chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a choinneáil ar bun agus a neartú.
Cuspóir Sonrach 1:
Tá cistiú an bheartais comhtháthaithe ríthábhachtach don chobhsaíocht eacnamaíoch, don chothroime agus don chomhtháthú san Aontas. Tá príomhról aige maidir le héagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú agus forbairt chothrom a áirithiú ar fud na mBallstát uile. Áirithítear leis go mbeidh na hacmhainní ag gach réigiún chun fás, nuáil agus oiriúnú do dhúshláin a bheidh ann amach anseo agus dlúthpháirtíocht ar fud an Aontais á cur chun cinn san am céanna. Tá sé ríthábhachtach sreabhadh na gcistí chuig na Ballstáit ó bhuiséad an Aontais a choinneáil ar bun agus dlús a chur leis chun an leibhéal riachtanach cistiúcháin phoiblí sna Ballstáit a áirithiú agus chun na cuspóirí comhtháthaithe a chumhdaítear sa Chonradh a bhaint amach.
Sainchuspóir 2:
Forbairt scileanna sa tionscal cosanta: Leagadh amach cheana féin i nDearbhú Versailles ó mhí an Mhárta 2022, chomh maith le teachtaireachtaí JOIN(2022) 24 agus COM(2022) 60, gur gá don Aontas dlús a chur lena ullmhacht, lena chumas agus lena athléimneacht féin chun a shaoránaigh a chosaint ar bhealach níos fearr. Ó tharla go bhfuil an comhthéacs geopholaitiúil ag athrú go tapa le míonna anuas, cuireadh i dtábhacht an gá atá le dlús a chur leis na hiarrachtaí. Cuirtear i bhfios go láidir sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 6 Márta 2025 ‘nach mór don Eoraip a bheith níos ceannasaí, níos freagraí as a cosaint féin agus cumas níos fearr aici gníomhú agus dul i ngleic go neamhspleách le dúshláin agus bagairtí láithreacha agus amach anseo le cur chuige 360°’. Chuige sin, cuirfidh an tAontas dlús le slógadh na n‑ionstraimí agus an mhaoinithe is gá. Tá iarrtha ag an gComhairle Eorpach ‘ar an gCoimisiún a mholadh go gcuirfí foinsí breise cistiúcháin ar fáil don chosaint ar leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear trí fhéidearthachtaí agus dreasachtaí breise a thabhairt do na Ballstáit uile, ar bhonn phrionsabail na hoibiachtúlachta, an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne i leith na mBallstát, maidir le húsáid na leithdháiltí a fhaigheann siad faoi láthair faoi chláir ábhartha chistiúcháin an Aontais, agus tograí ábhartha a thíolacadh go pras’.
Oiriúnú oibrithe, fiontar agus fiontraithe d’athrú ar feadh an phróisis dícharbónúcháin: Is é compás atá ag an Aontais le blianta beaga anuas iomaíochas agus athléimneacht an gheilleagair Eorpaigh a neartú tríd an gclaochlú glas agus tríd an gclaochlú digiteach. Tugann an togra spreagadh breise chun úsáid a bhaint as scála an Aontais chun infheistíocht a dhéanamh i réimsí a bheidh tábhachtach d’iomaíochas an Aontais amach anseo.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Mar thoradh ar leasuithe a rinneadh le déanaí ar Rialacháin 2014-2020 agus 2021-2027 i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19, ionsaí míleata na Rúise san Úcráin, na géarchéime fuinnimh, agus iomaíochais (STEP), tharla glacadh tábhachtach cistí chun tacú le hinfheistíochtaí ábhartha.
1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
Ní athraíonn an leasú leithdháiltí an bheartais comhtháthaithe atá ann cheana agus é beartaithe go gcuideoidh sé le dlús a chur le hinfheistíochtaí na gCistí ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach.
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
Ní athraíonn an leasú struchtúr lárnach chreat rialála an bheartais comhtháthaithe atá ann cheana, lena n‑áirítear le haghaidh CSE+, ná ní athraíonn sé leithdháiltí seasta na mBallstát. Tá sé beartaithe béim a leagan ar thacaíocht do bhearta is féidir a dhéanamh cheana féin laistigh de raon feidhme CSE+ agus í a dhreasú freisin, bearta atá comhlántach maidir le hinfheistíochtaí trí roghanna maoiniúcháin eile ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal na mBallstát.
1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige
X fad teoranta
–
tionchar airgeadais ó 2026 go 2029 maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí. Ní imreofar aon tionchar ar leithreasú faoi chomhair gealltanas.
1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme
–
Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
Nótaí
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Tá na rialacha faireacháin agus tuairiscithe a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1060 fós infheidhme go hiomlán:
Coiste faireacháin an chláir: uair sa bhliain ar a laghad
Athbhreithniú bliantúil ar fheidhmíocht idir an Ballstát agus an Coimisiún
Tarchur sonraí in aghaidh an chláir: Cúig huaire sa bhliain
Tuarascáil bhliantúil ar rialú (iniúchadh).
Ní mór tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht le haghaidh gach cláir a chur isteach faoin 15 Feabhra 2031
2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
Leis an togra le haghaidh leasaithe, ní athraítear modh chur chun feidhme an bhuiséid faoi bhainistíocht chomhroinnte atá ann cheana, ná ní athraítear na sásraí cur chun feidhme, na módúlachtaí íocaíochta ná na straitéisí rialaithe a shainítear i Rialachán (AE) 2021/1060.
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
Níor sainaithníodh aon riosca sonrach ag an gcéim seo. Ní athraíonn an togra le haghaidh leasaithe bainistiú riosca agus leagan amach rialaithe na gclár beartais comhtháthaithe ó thaobh struchtúir de, rud a mheastar a bheith iomchuí le haghaidh na n‑infheistíochtaí atá beartaithe.
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)
Níl aon athrú ar chreat rialaithe an bheartais comhtháthaithe agus tá sé infheidhme go hiomlán. Ceapadh é sin chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus coigeartaíodh é le linn clárthréimhsí iomadúla chun moltaí CIE agus OLAF a chur san áireamh.
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Ní mór do na Ballstáit creat rialaithe an bheartais comhtháthaithe atá ann cheana a chomhlíonadh, agus ní mór dóibh córas bainistíochta agus rialaithe a bheith i bhfeidhm acu lenar féidir neamhrialtachtaí, lena n‑áirítear calaois, a chosc, a bhrath, a cheartú agus a thuairisciú.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar
·Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
Cineál caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Uimhir
|
Difreáilte/Neamhdhifreáilte.
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha
|
Ó thríú tíortha eile
|
ioncam sannta eile
|
|
2a
|
07.02.01 Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) Caiteachas Oibríochtúil
|
LD
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–Leis an togra/tionscnamh, ceanglaítear go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos
3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Uimhir
|
2a
|
|
AS: EMPL
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021‑2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
|
Uimhir na líne buiséid 07 02 01
|
Gealltanais
|
(1a)
|
|
|
|
|
0,000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2a)
|
|
|
500,000
|
-500,000
|
0,000
|
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
|
Líne bhuiséid
|
|
(3)
|
|
|
|
|
0,000
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
i gcomhair AS EMPL
|
Gealltanais
|
=1 a+1b+3
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=2a+2b+3
|
0,000
|
0,000
|
500,000
|
-500,000
|
0,000
|
|
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021‑2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
(6)
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 2a
|
Gealltanais
|
=4+6
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Íocaíochtaí
|
=5+6
|
0,000
|
0,000
|
500,000
|
-500,000
|
0,000
|
|
|
|
|
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021‑2027
|
|
|
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
• IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)
|
Gealltanais
|
(4)
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
0,000
|
0,000
|
500,000
|
-500,000
|
0,000
|
|
• IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)
|
(6)
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi Cheannteidil 1 go 6
|
Gealltanais
|
=4+6
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil
(Méid tagartha)
|
Íocaíochtaí
|
=5+6
|
0,000
|
0,000
|
500,000
|
-500,000
|
0,000
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
7
|
‘Caiteachas riaracháin’
|
|
AS: EMPL
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021‑2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
Acmhainní daonna
|
0,000
|
0,376
|
0,376
|
0,376
|
1,128
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
IOMLÁN AS EMPL
|
Leithreasuithe
|
0,000
|
0,376
|
0,376
|
0,376
|
1,128
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)
|
0,000
|
0,376
|
0,376
|
0,376
|
1,128
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021‑2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7
|
Gealltanais
|
0,000
|
0,376
|
0,376
|
0,376
|
1,128
|
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Íocaíochtaí
|
0,000
|
0,376
|
500,376
|
-499,624
|
0,000
|
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (ná líonadh gníomhaireachtaí díláraithe é seo isteach)
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
|
|
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
Iontráil na blianta ar fad is gá chun a léiriú cé chomh fada agus a mhairfidh an tionchar (féach Roinn 1.6)
|
IOMLÁN
|
|
|
ASCHUIR
|
|
|
Cineál
|
Meánchostas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon iomlán
|
Costas iomlán
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1…
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁIN
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin
–
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos
3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
|
LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN 2021 - 2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
CEANNTEIDEAL 7
|
|
Acmhainní daonna
|
0,000
|
0,376
|
0,376
|
0,376
|
1,128
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
|
0,000
|
0,376
|
0,376
|
0,376
|
1,128
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
|
|
Acmhainní daonna
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
Caiteachas eile de chineál riaracháin
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
|
|
IOMLÁN
|
0,000
|
0,376
|
0,376
|
0,376
|
1,128
|
I bhfianaise an bhrú fhoriomláin atá i gCeannteideal 7, maidir le soláthar foirne agus leibhéal na leithreasuithe araon, is baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá athshannta laistigh den Ard-Stiúrthóireacht nó de sheirbhísí eile de chuid an Choimisiúin a chomhlíonfaidh na hacmhainní daonna is gá.
3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
–
Leis an togra/tionscnamh, ní cheanglaítear go n‑úsáidfear acmhainní daonna
–Leis an togra/tionscnamh, ní cheanglaítear go n‑úsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos
3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
|
20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
0
|
2
|
2
|
2
|
|
20 01 02 03 (Toscaireachtaí an Aontais)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 01 (Taighde indíreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 11 (Taighde díreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
• Foireann sheachtrach (i FTEnna)
|
|
20 02 01 (AC, END, ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
20 02 03 (AC, AL, END, agus JPD i dToscaireachtaí an Aontais)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Riarachán Líne thacaíochta
[XX.01.YY.YY]
|
- sa Cheanncheathrú
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
|
- i dToscaireachtaí AE
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 02 (AC, END - Taighde indíreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 12 (AC, END - Taighde díreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh) - Ceannteideal 7
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh) - Lasmuigh de Cheannteideal 7
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
IOMLÁN
|
0
|
2
|
2
|
2
|
3.2.4.3.Iomlán na n‑acmhainní daonna a bheidh riachtanach
|
IOMLÁN NA LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR + IONCAIM SHANNTA SHEACHTRACHA
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
|
20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
0
|
2
|
2
|
2
|
|
20 01 02 03 (Toscaireachtaí an Aontais)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 01 (Taighde indíreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 11 (Taighde díreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
• Foireann sheachtrach (in aonaid de choibhéis lánaimseartha)
|
|
20 02 01 (AC, END, ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
20 02 03 (AC, AL, END, agus JPD i dToscaireachtaí an Aontais)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Riarachán Líne thacaíochta
[XX.01.YY.YY]
|
- sa Cheanncheathrú
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
|
- i dToscaireachtaí AE
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 02 (AC, END - Taighde indíreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 12 (AC, END - Taighde díreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh) - Ceannteideal 7
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh) - Lasmuigh de Cheannteideal 7
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
IOMLÁN
|
0
|
2
|
2
|
2
|
An fhoireann is gá chun an togra a chur chun feidhme (in aonaid de choibhéis lánaimseartha):
|
|
Le cumhdach ag baill foirne reatha atá ar fáil i seirbhísí an Choimisiúin
|
Foireann bhreise eisceachtúil*
|
|
|
|
Le maoiniú faoi Cheannteideal 7 nó Taighde
|
Le maoiniú ó líne BA
|
Le maoiniú ó tháillí
|
|
Poist sa phlean bunaíochta
|
2
|
Neamhbhainteach
|
Neamhbhainteach
|
Neamhbhainteach
|
|
Foireann sheachtrach (CA, SNEnna, INT)
|
|
|
|
|
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh ag:
|
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
Teagmhálaithe leis na Ballstáit, treoraíocht maidir lena leasuithe féideartha a chur isteach, obair leantach ar leasuithe agus ar nós imeachta ábhartha maidir le cinnteoireacht, faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na leasuithe sin.
|
|
Pearsanra seachtrach
|
|
3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha
D’fhéadfadh gá a bheith le hoiriúnú ar Oifig thosaigh SFC2021 d’fhonn faisnéis bhreise maidir leis an réimse earnála a láimhseáil. Meastar go ndéanfar an réiteach digiteach a oiriúnú idir 20m.d. agus 40m.d. Mar sin féin, ní iarrtar aon bhuiséid chun an t‑athrú a chur chun feidhme: cumhdófar é faoi bhuiséad Oifig Thosaigh SFC2021 2025 lena gcumhdaítear na costais chothabhála éabhlóideach.
|
IOMLÁN Na leithreasuithe digiteacha agus TF
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021 ‑ 2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
CEANNTEIDEAL 7
|
|
Caiteachas TF (corparáideach)
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
|
|
Caiteachas beartais TF ar chláir oibríochtúla
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
|
|
IOMLÁN
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI)
–
ceanglaítear leis an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid
–
ceanglaítear leis athbhreithniú a dhéanamh ar CAI
3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–ní dhéantar foráil leis maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
–
déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
Iomlán
|
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
neamhbhainteach
|
neamhbhainteach
|
neamhbhainteach
|
neamhbhainteach
|
neamhbhainteach
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe
|
neamhbhainteach
|
neamhbhainteach
|
neamhbhainteach
|
neamhbhainteach
|
neamhbhainteach
|
3.3.
An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
–Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.
–
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
–
maidir le hacmhainní dílse
–
ar ioncam eile
–
má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Líne buiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
|
Bliain 2024
|
Bliain 2025
|
Bliain 2026
|
Bliain 2027
|
|
Airteagal …....
|
|
neamhbhainteach
|
neamhbhainteach
|
neamhbhainteach
|
neamhbhainteach
|
I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid caiteachais a ndéantar difear dóibh.
Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).
4.Gnéithe digiteacha
4.1.Ceanglais maidir le hábharthacht dhigiteach
|
Tá na ceanglais dhigiteacha teoranta d’oiriúnú agus do leathnú na réiteach nó gclár bainistíochta comhroinnte a cuireadh chun feidhme cheana, is é sin SFC2021. Freagróidh na hoiriúnuithe do shainiú agus do chuimsiú tosaíochtaí sonracha i gcláir leasaithe.
|
4.2.Sonraí
|
Is éard atá sna sonraí is gá leathnú agus oiriúnú ar an tsamhail sonraí a cuireadh chun feidhme cheana féin le haghaidh na gclár bainistíochta comhroinnte. Leantar an prionsabal ‘aonuaire’ agus áirithítear leis sin athúsáid iomlán na sonraí atá ann cheana, ar leathnú é ar réiteach atá ann cheana.
|
4.3.Réitigh Dhigiteacha
|
Mionoiriúnú ar ardán SFC2021 is ea an réiteach digiteach, arb é an uirlis é a úsáidtear le haghaidh gach cláir bainistíochta comhroinnte.
|
4.4.Measúnú idir-inoibritheacha
|
Tá SFC2021 i bhfeidhm cheana féin agus tá sé in úsáid ag na páirtithe uile. Tá an uirlis idir-inoibritheach le córais eile agus úsáidtear léi teicnící caighdeánacha le haghaidh malartú faisnéise.
|
4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach
|
Déanfar na hathruithe is gá in SFC2021 a phleanáil agus a chur chun feidhme sa chaoi go mbeidh na ceanglais nua réidh tráth a ghlacfar agus a thiocfaidh an rialachán críochnaitheach i bhfeidhm.
|