AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,1.4.2025
COM(2025) 140 final
2025/0073(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/691 a mhéid a bhaineann le tacaíocht d’oibrithe a ndéanann iomarcaíocht atá ar tí tarlú difear dóibh i bhfiontair a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh orthu
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Is é is aidhm don togra seo é a chur ar a chumas don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (‘CED’) tacaíocht a thabhairt d’oibrithe iomarcacha agus d’oibrithe a ndéanann iomarcaíocht atá ar tí tarlú difear dóibh.
Ba cheart d’fhostaithe i bhfiontair a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh orthu a bheith in ann tairbhiú de phacáistí pearsantaithe beart i gcás ina ndéanann iomarcaíocht atá ar tí tarlú difear dóibh. Chun é a chur ar a gcumas dá bhfostaithe tairbhiú de thacaíocht den sórt sin, féadfaidh fiontair a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh orthu a iarraidh ar an mBallstát ábhartha iarratas ar chúnamh CED a chur isteach má chomhlíontar na critéir idirghabhála agus más mian leis an bhfiontar cúnamh cómhaoinithe CED a thairiscint.
Le teagmhais athstruchtúrúcháin, is minic a leagtar oibrithe a bpost i sraith babhtaí. Faoi leagan amach reatha CED, ní féidir cuidiú ach le hoibrithe a bhfuil a bpoist caillte acu cheana féin. Mar sin féin, más eol cheana féin cathain a chaillfidh an chéad ghrúpa oibrithe eile a bpoist, ba cheart cuidiú leo mar fhreagairt ar an ngarbhagairt sin chun a tionchar a mhaolú.
Cé go dtagann cúnamh réamhghníomhach níos fadtéarmaí faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), is ionstraim éigeandála é CED chun freagairt do theagmhais athstruchtúrúcháin. Leis an togra seo, tacaítear le cineál éigeandála CED agus neartaítear é. Sa ghearrthéarma, is minic nach féidir cistiú CSE+ a athchlárú, agus is teoranta na hacmhainní atá ag fiontair a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh orthu chun tacú leis na hoibrithe a ndéanann iomarcaíocht difear dóibh. D’fhéadfadh CED an bhearna sin a líonadh trí fhreagairt do theagmhais athstruchtúrúcháin a tharlaíonn thar thréimhse ama mheántéarma.
De réir Réamhaisnéis Eacnamaíoch Fhómhar 2024, meastar go dtiocfaidh méadú go 1,5 % ar an bhfás san Aontas in 2025, de réir mar a ardóidh an tomhaltas agus de réir mar a thiocfaidh an infheistíocht ar ais ón gcrapadh in 2024. Mar sin féin, meastar go mbeidh tionchar ag éiginnteacht ardaithe agus ag athruithe struchtúracha ar dheighleoga an gheilleagair, go háirithe sa mhonaraíocht. Cé go bhfuil méadú as cuimse tagtha ar an bhfostaíocht le blianta beaga anuas, léiríonn sonraí ón Faireachlann Eorpach um Athstruchtúrú de chuid Eurofound go bhfuil athrú ag teacht ar chúrsaí ó bhí 2024 ann. Is mó i bhfad an líon ciorruithe post a fógraíodh don tréimhse díreach amach romhainn a bhaineann le hathstruchtúrú mórscála laistigh den Aontas ná an líon post atá á chruthú.
De réir na sonraí a bhailigh an Fhaireachlann Eorpach um Athstruchtúrú, mhair an t‑athstruchtúrú mórscála ar fud na dtíortha uile a breathnaíodh agus na n‑earnálacha uile ar feadh níos mó ná bliain (387 lá). Dá mhéad an teagmhas athstruchtúrúcháin is ea is faide a mhaireann sé. Maidir le teagmhais athstruchtúrúcháin lena mbaineann níos mó ná 3 000 oibrí, is é beagnach 1 000 lá an meánfhad.
Suaitheadh eacnamaíoch, mar shampla suaitheadh arb é an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach, nó an domhandú, is cúis leis, bíonn éifeachtaí díobhálacha aige ar oibrithe nach bhfuil gá lena scileanna a thuilleadh. Mar sin féin, is féidir le crapadh fostaíochta a bheith fite fuaite le ganntanas saothair agus scileanna. Dá bhrí sin, ní mór tacú leis na hoibrithe lena mbaineann trí rochtain a fháil ar bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair, amhail oideachas agus athoiliúint, chun go mbeidh siad in ann na scileanna is gá a fháil chun bogadh isteach i róil nua nó i bpoist nua.
I bhfianaise an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh agus na ndúshlán geopholaitiúil nua, tá sé ríthábhachtach feabhas a chur ar fhás na táirgiúlachta agus cuimsiú sóisialta a áirithiú agus cothromas a chaomhnú san am céanna, chun a áirithiú go dtairbheoidh oibrithe de dhlúthpháirtíocht an Aontais.
Dá bhrí sin, tá gá leis an togra seo chun na héifeachtaí díobhálacha a bhíonn ag suaitheadh eacnamaíoch ar an lucht saothair a mhaolú, agus chun borradh a chur faoi iomaíochas eacnamaíoch an Aontais. Cuireann sé i dtábhacht cineál CED mar ionstraim phráinnfhreagartha fhrithghníomhach chun cúnamh a thabhairt d’oibrithe a ndéanann iomarcaíocht atá ar tí tarlú difear dóibh i bhfiontair a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh orthu.
Is éard a bheadh sa tacaíocht a thabharfaí do na hoibrithe sin pacáistí de sheirbhísí pearsantaithe chun na scileanna is gá a thabhairt dóibh chun bogadh isteach i ról difriúil, nó chun poist a athrú. Níl socruithe maidir le hobair ghearr-ama incháilithe ós rud é go gcistítear iad le buiséid náisiúnta na mBallstát. Dá leathnófaí dlúthpháirtíocht an Aontais chun na hoibrithe sin a chumhdach trí thacaíocht den sórt sin, chuirfí san áireamh an tacaíocht atá ar fáil dóibh cheana ar an leibhéal náisiúnta.
Oibrithe a ndéanann iomarcaíocht atá ar tí tarlú difear dóibh nó oibrithe a bhfuil coinne acu le hiomarcaíocht i bhfiontair a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh orthu, is féidir leo tairbhiú de thacaíocht CED faoi na forálacha lena leagtar síos an tacaíocht atá ar fáil d’oibrithe iomarcacha.
I gcomhthéacs an tsuaite eacnamaíoch atá ann faoi láthair, tá sé ríthábhachtach tacú le hoibrithe a chuirtear ar iomarcaíocht agus le hoibrithe a bhfuil coinne acu le hiomarcaíocht go luath trí dhlús a chur leis an nós imeachta chun tacaíocht CED a shlógadh. Chun an méid sin a bhaint amach, d’fhéadfaí nós imeachta a leagan amach le Rialachán (AE) 2021/691 trínar féidir leis an gCoimisiún, faoi choinníollacha dochta, iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an t‑uasmhéid bliantúil iomlán a shlógadh ag tús gach bliana. Má fhormheastar an slógadh sin, ghlacfadh an Coimisiún cinntí maoiniúcháin aonair i ndáil leis na hiarratais a thug na Ballstáit lena mbaineann isteach. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas láithreach maidir leis an nglacadh, lena n‑áirítear na coinníollacha a thug ar an gCoimisiún na cinntí maoiniúcháin a ghlacadh, chomh maith leis na méideanna comhfhreagracha.
Mura n‑úsáideann an Coimisiún an t‑uasmhéid bliantúil iomlán i mbliain ar leith, rachaidh an méid sin in éag ag deireadh na bliana airgeadais.
Beidh an leasú atá beartaithe i gcomhréir go hiomlán le forálacha an Rialacháin maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) atá ann cheana (Airteagal 8 de Rialachán 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig (arna leasú le Rialachán 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024)), agus forálacha reatha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha, bainistíocht fhónta airgeadais, agus acmhainní dílse nua an 16 Nollaig 2020 (Pointe 9) (IIA).
Leis an togra seo, cuidítear freisin le fiontair a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh orthu aistrithe eacnamaíocha a bhainistiú go gníomhach ar bhealach atá freagrach go sóisialta.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais seo agus le beartais eile an Aontais
Tá an togra seo ar cheann de na gníomhaíochtaí suaitheanta faoi cholún 4 de phlean gníomhaíochta tionsclaíoch an Aontais d’earnáil mótarfheithiclí na hEorpa COM(2025) 95 final. Tacaíonn sé le haidhmeanna Aontas na Scileanna agus an Chompáis Iomaíochais Eorpaigh.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe an tríú mír d’Airteagal 175 de an bunús dlí.
Má tá gá le gníomhaíochtaí sonracha nach dtagann faoi raon feidhme Chistí Struchtúracha an Aontais, ceadaítear le hAirteagal 175, an tríú mír, CFAE do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gníomhú i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus le Coiste Eorpach na Réigiún.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Tá cistiú ó bhuiséad an Aontais dírithe ar ghníomhaíochtaí nach féidir leis na Ballstáit na cuspóirí a bhaint amach go leordhóthanach leo féin, agus i gcás ina mbeadh luach breise ag baint le hidirghabháil an Aontais i gcomparáid leis na Ballstáit agus iad ag gníomhú ina n‑aonar. Trí CED a shlógadh chun bearta a chistiú, ar bearta iad atá dírithe ar chúnamh a thabhairt d’oibrithe iomarcacha agus d’oibrithe a ndéanann iomarcaíocht atá ar tí tarlú difear dóibh chun fostaíocht nua a aimsiú, urramaítear prionsabal na coimhdeachta agus cruthaítear breisluach Eorpach.
Is cleachtas caighdeánach é do chláir náisiúnta mhargadh an tsaothair cuidiú le hoibrithe iomarcacha, agus is dea-chleachtas é freisin do chuideachtaí oiliúint a chur ar a lucht saothair. Níl sé d’aidhm ag CED na cláir sin a ionadú. I gcás teagmhais athstruchtúrúcháin a bhfuil tionchar mór acu ar an margadh saothair, cuirtear cláir náisiúnta mhargadh an tsaothair faoi bhrú. Is minic a bhíonn buiséid theoranta ag cuideachtaí a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh orthu chun cuidiú leis an bhfarasbarr fostaithe oiriúnú. Dá bhrí sin, mar gheall ar scála agus éifeachtaí an athstruchtúraithe mórscála agus ós rud é gur léiriú dlúthpháirtíochta sna Ballstáit é CED, is fearr is féidir cúnamh a thabhairt ar leibhéal an Aontais. Le tacaíocht CED, beidh dlúthpháirtíocht an Aontais níos fiúntaí d’oibrithe a ndearna teagmhais athstruchtúrúcháin difear dóibh agus do mhuintir na hEorpa i gcoitinne.
Cruthaíonn slógadh CED breisluach trí mhéadú a dhéanamh ar an líon foriomlán seirbhísí a chuirtear ar fáil d’oibrithe a ndéanann teagmhais athstruchtúrúcháin difear dóibh, chomh maith leis an éagsúlacht seirbhísí a chuirtear ar fáil agus leibhéal déine na seirbhísí sin. Is féidir le CED smaointe nuálacha a thástáil freisin, dea-chleachtais a shainaithint agus iad a ionchorprú sna pacáistí tacaíochta náisiúnta. Le bearta cómhaoinithe CED, rannchuidítear go ginearálta freisin le feabhas a chur ar an tacaíocht atá ar fáil d’oibrithe atá i mbaol na hiomarcaíochta.
•Comhréireacht
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní théann an togra seo thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach. An t‑ualach riaracháin ar an Aontas agus ar na húdaráis náisiúnta atá ag cur isteach ar thacaíocht CED, tá sé teoranta don mhéid is gá chun go bhféadfaidh an Coimisiún a fhreagracht a fheidhmiú maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais. Ós rud é go ndéantar an ranníocaíocht leis an mBallstát faoi phrionsabal na bainistíochta comhroinnte, beidh sé de cheangal ar an mBallstát sin tuarascáil a thabhairt ar an gcaoi ar úsáideadh an cistiú.
•An rogha ionstraime
Ós rud é go leasaítear Rialachán (AE) 2021/691 leis an togra seo, ní mór gur Rialachán a bheidh san ionstraim.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Glactar an togra seo mar fhreagairt ar an éiginnteacht eacnamaíoch mhéadaithe agus na rioscaí eacnamaíocha méadaithe agus ar an bhfíoras nach bhfreagraíonn CED go hiomchuí do theagmhais athstruchtúrúcháin a tharlaíonn thar thréimhsí ama níos faide. Rinne an Coimisiún anailís ar na dúshláin agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil gá leis an togra seo chun a áirithiú gur féidir le CED freagairt go héifeachtach chun dlúthpháirtíocht a léiriú le hoibrithe, le réigiúin agus le fiontair a ndearnadh difear dóibh.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Is ionstraim speisialta é CED nach n‑áirítear in uasteorainneacha buiséadacha an chreata airgeadais ilbhliantúil. Le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027, arna leasú le hAirteagal 1(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024, foráiltear nach bhféadfaidh CED dul thar uasmhéid bliantúil EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018), bunaithe ar Airteagal 312 CFAE. Leis an togra seo, atá bunaithe ar Airteagal 175 CFAE, ní féidir an t‑uasmhéid bliantúil a leasú.
Tá feidhmiú CED á rialú de réir phointe 9 den dréacht-Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais. Tá an togra seo comhoiriúnach do na forálacha sin.
5.EILIMINTÍ EILE
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Iomarcaíochtaí a fógraíodh agus a tharlóidh thar thréimhse ama áirithe go luath amach anseo, sonraítear leis na leasuithe atá beartaithe go dtagann na hiomarcaíochtaí sin faoi raon feidhme CED. Is é an aidhm atá ann cur chuige níos coitinne a cheadú maidir le hiomarcaíochtaí arb iad teagmhais athstruchtúrúcháin mhórscála is cúis leo. Ní mór d’fhiontair a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh orthu a bheith in ann cúnamh CED a iarraidh trí údaráis náisiúnta. Ní mór an cistiú a úsáid chun pacáistí pearsantaithe de bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair a thairiscint d’oibrithe a ndéanfaidh iomarcaíochtaí atá ar tí tarlú go luath amach anseo difear dóibh.
Ós rud é go gcuirtear CED chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, cuireann gach Ballstát pointe iontrála aonair ar bun chun iarrataí ó fhiontair a láimhseáil. Ansin, cuireann an Ballstát lena mbaineann iarratas isteach ar chúnamh CED. Na costais a thabhaíonn an Ballstát iarrthach ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, agus rialaithe agus tuairiscithe a bhaineann le hiarratais den sórt sin, ní mór iad a chómhaoiniú ag 100 % ar fud an Aontais.
Chun meastóireachtaí a éascú amach anseo, ba cheart suirbhé ar na tairbhithe a dhéanamh tar éis gach ranníocaíocht airgeadais ó CED a chur chun feidhme. Is é an Coimisiún a ullmhaíonn an suirbhé ar na tairbhithe. Ós rud é gurb iad na fiontair amháin a bhfuil rochtain acu ar shonraí teagmhála na dtairbhithe, ba cheart dóibh cúnamh a thabhairt don Choimisiún tríd an gcuireadh chun páirt a ghlacadh sa suirbhé a sheoladh amach chuig na tairbhithe. Ba cheart don Choimisiún na sonraí arna mbailiú chun críoch meastóireachta a úsáid.
Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, go háirithe na bearta treorach, faisnéise, meastóireachta agus faireacháin, measann an Coimisiún gur gá uasteorainn an chúnaimh theicniúil a ardú go 1,5 % d’uasmhéid bliantúil CED.
2025/0073 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/691 a mhéid a bhaineann le tacaíocht d’oibrithe a ndéanann iomarcaíocht atá ar tí tarlú difear dóibh i bhfiontair a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh orthu
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d’Airteagal 175 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a tharchur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bunaíodh an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) le haghaidh an chreata airgeadais ilbhliantúil ón 1 Eanáir 2007 go dtí an 31 Nollaig 2013. Bunaíodh CED chun é a chur ar a chumas don Aontas dlúthpháirtíocht a léiriú i leith oibrithe a chaill a bpost mar gheall ar mhórathruithe struchtúracha i bpatrúin trádála domhanda de bharr an domhandaithe.
(2)Leathnaíodh raon feidhme CED in 2009 mar chuid den Phlean Eorpach don Téarnamh Eacnamaíoch chun tacaíocht d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht mar thoradh díreach ar an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta a chur san áireamh.
(3)Le Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bunaíodh CED ar feadh thréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020. Ina theannta sin, leathnaíodh raon feidhme CED chun aon iomarcaíocht a d’eascair as aon ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch nua a chumhdach. Thairis sin, leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 chun rialacha a thabhairt isteach lena gceadaítear do CED, ar bhonn eisceachtúil, comhiarratais a bhfuil fiontair bheaga agus mheánmhéide páirteach iontu a chumhdach, ar fiontair iad atá lonnaithe in aon réigiún amháin agus atá ag feidhmiú in earnálacha éagsúla eacnamaíocha arna sainiú ar leibhéal rannáin NACE Athbhreithniú 2, i gcás ina léiríonn an Ballstát iarrthach gurb iad fiontair bheaga agus mheánmhéide an príomhchineál nó an t‑aon chineál gnólachta sa réigiún sin.
(4)Le Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bunaíodh CED ar feadh thréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027. Chun CED a dhéanamh níos freagrúla do na dúshláin eacnamaíocha atá ag athrú go tapa i ngeilleagar domhandaithe, leathnaíodh raon feidhme CED arís chun teagmhas athstruchtúrúcháin mórscála de chineál ar bith a chumhdach, gan beann ar an gcúis a bhí leis. Le tairseach níos ísle, léirítear ar bhealach níos fearr an saol mar atá i réigiúin ina bhfuil daonra níos lú. I bhfianaise an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, measadh go raibh bearta lena n‑ullmhaítear tairbhithe don dá aistriú ina ngnéithe sainordaitheacha de gach pacáiste comhordaithe de bhearta pearsantaithe a thairgtear do thairbhithe. Thairis sin, rinneadh na rátaí cómhaoinithe a ailíniú leis an ráta cómhaoinithe is airde de Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle sa Bhallstát lena mbaineann. Ina theannta sin, tugadh isteach suirbhé sainordaitheach ar na tairbhithe.
(5)Is é CSE+ príomhionstraim an Aontais chun cúnamh a thabhairt do na hoibrithe sin a ndearnadh difear dóibh, ar ionstraim í a ceapadh chun cúnamh a thabhairt ar bhealach réamhghníomhach. Ceapadh CED freisin chun cúnamh a thabhairt mar fhreagairt ar mhórtheagmhais athstruchtúrúcháin. Mar sin féin, ní léirítear i gceart leis an leagan amach sin go dtarlaíonn teagmhais athstruchtúrúcháin mhórscála thar thréimhse fhada de ghnáth. Is féidir leis na Ballstáit CSE+ a úsáid chun oibrithe a uas-sciliú agus a athsciliú, ach ní sholáthraítear tacaíocht le CSE+ chun oibrithe a uas-sciliú agus a athsciliú i gcásanna éigeandála, amhail na cásanna sin ina ndéanann iomarcaíocht atá ar tí tarlú difear d’oibrithe. Is minic a bhíonn deacrachtaí eacnamaíocha ag na fiontair ina bhfuil na hoibrithe lena mbaineann fostaithe agus, dá bhrí sin, ní bhíonn siad in ann cúnamh den sórt sin a thairiscint ina n‑aonar.
(6)Tá tábhacht ar leith fós ag baint le ról CED mar ionstraim sholúbtha a thacaíonn le hoibrithe a chailleann a bpost de bharr teagmhais athstruchtúrúcháin mhórscála agus a chuidíonn leo post eile a fháil a luaithe is féidir. Ba cheart don Aontas leanúint de bheith ag tabhairt tacaíocht shonrach aonuaire d’oibrithe iomarcacha chun ath-imeascadh i bhfostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a éascú i limistéir, in earnálacha, i gcríocha nó i margaí saothair atá buailte ag mórshuaitheadh eacnamaíoch. Ní mór don Aontas a rathúnas agus a iomaíochas inbhuanaithe a áirithiú agus, san am céanna, a gheilleagar sóisialta margaidh uathúil a chaomhnú, an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a chur chun feidhme go rathúil, agus a dhaonlathas, a shlándáil eacnamaíoch agus a sheasamh geopholaitiúil a chosaint. Chun todhchaí an Aontais mar mhórchumhacht eacnamaíoch a chosaint, agus chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach, tá sé ríthábhachtach tacú le hoibrithe a ndéanann iomarcaíocht atá ar tí tarlú difear dóibh i bhfiontair a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh orthu ionas gur féidir leo na scileanna a fháil a chabhródh leo aistriú chuig ról difriúil nó post a athrú.
(7)Dá bhrí sin, is gá Rialachán (AE) 2021/691 a leasú ionas gur féidir le CED cúnamh a thabhairt freisin d’oibrithe a ndéanann iomarcaíocht atá ar tí tarlú difear dóibh i bhfiontair a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh orthu. Ós rud é go bhfuil na hoibrithe sin fós i bhfostaíocht ghníomhach, féadfaidh a bhfostóir cúnamh a iarraidh trí údaráis ábhartha na mBallstát. Ós rud é go bhfuil CED faoi bhainistíocht chomhroinnte, is iad údaráis na mBallstát is féidir comhchistiú CED a iarraidh, ar iarraidh a fháil ó fhiontar, ar choinníoll go gcomhaontaíonn an fiontar an cómhaoiniú náisiúnta a sholáthar. I gcás ina ndeonófaí an ranníocaíocht airgeadais ó CED, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann na cistí a iarradh a chur ar fáil don fhiontar laistigh de 2 sheachtain tar éis iad a fháil. Go sonrach, ba cheart don fhiontar an fhaisnéis uile is gá a chur ar fáil don Bhallstát chun an tuarascáil chríochnaitheach a ullmhú maidir le cur chun feidhme na ranníocaíochta airgeadais ábhartha, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dheireadh chur chun feidhme an chúnaimh. Ullmhóidh an Coimisiún suirbhé ar na tairbhithe agus ba cheart don fhiontar rochtain ar an suirbhé a roinnt leis na hoibrithe a ghlac páirt sa chlár.
(8)I bhfianaise an chuspóra tacaíocht a thabhairt d’oibrithe, ní mór na pacáistí spriocdhírithe a thacaíonn le hoibrithe a ndéanann iomarcaíocht atá ar tí tarlú difear dóibh a cheapadh ar bhealach lena n‑eisiatar aon lánrogha atá ag na Ballstáit maidir leis na critéir incháilitheachta nó maidir le roghnú tairbhithe. Dá mbeadh lánrogha ag na Ballstáit maidir le húsáid acmhainní CED, go háirithe a mhéid a bhaineann le roghnú na bhfiontar a dtairbheodh a n‑oibrithe de chláir spriocdhírithe, mheasfaí acmhainní CED a bheith ina n‑acmhainní Stáit, agus dá bhrí sin ba cheart iad a bheith faoi réir rialacha an Aontais maidir le Státchabhair.
(9)Ba cheart na cineálacha tacaíochta atá ar fáil faoi bhearta náisiúnta cheana a chur san áireamh sa tacaíocht a thugtar d’oibrithe a ndéanann iomarcaíocht atá ar tí tarlú difear dóibh i bhfiontair a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh orthu. Níor cheart socruithe maidir le hobair ghearr-ama a bheith incháilithe do thacaíocht CED toisc nach mbaineann siad le hiomarcaíocht, ach toisc go mbaineann siad le poist a chur ar fionraí go sealadach. Má cheadaítear é leis na bearta náisiúnta, féadfaidh an fiontar iarrthach seachadadh an phacáiste chomhordaithe de bhearta pearsantaithe, nó codanna de, a ligean ar fochonradh.
(10)An ráta cómhaoinithe maidir le bearta den sórt sin atá dírithe ar oibrithe a ndéanann iomarcaíocht atá ar tí tarlú difear dóibh i bhfiontair a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh orthu, ba cheart an ráta sin a bheith cothrom leis an ráta cómhaoinithe maidir le cúnamh CED d’oibrithe iomarcacha. Na fiontair a iarrann tacaíocht CED, ba cheart dóibh an cómhaoiniú náisiúnta a sholáthar.
(11)100 % ba cheart a bheith sa ráta cómhaoinithe maidir le caiteachas arna thabhú ag an mBallstát i ndáil le hiarratais ar thacaíocht CED, lena n‑áirítear iarratais a ullmhú agus faireachán agus rialú a dhéanamh ar an gcúnamh arna dheonú, agus i ndáil le bearta faisnéise agus poiblíochta.
(12)Ós rud é go bhfuil na hoibrithe a ndéanann iomarcaíocht atá ar tí tarlú difear dóibh fós i bhfostaíocht ghníomhach, níor cheart ach na bearta gníomhacha beartais sin a bheith incháilithe maidir leis an margadh saothair lena gcuidítear le hoibrithe athsciliú nó uas-sciliú agus lena soláthraítear treoir nó meantóireacht, lena n‑áirítear bearta atá dírithe ar oibrithe a d’fhéadfadh a bheartú tús a chur lena ngnó féin lá éigin. Dá bhrí sin, níor cheart liúntais ná deontais do ghnólachtaí nuathionscanta a bheith incháilithe.
(13)Oibrithe a ndéanann iomarcaíocht atá ar tí tarlú difear dóibh agus a fhaigheann cúnamh CED, ba cheart iad a bheith incháilithe i gcónaí fiú má thagann deireadh lena gcaidreamh oibre. Ba cheart iad a bheith incháilithe fós freisin d’iarratais leantacha a d’fhéadfadh na Ballstáit faoi seach a dhéanamh chun tacú le hoibrithe iomarcacha ón bhfiontar céanna.
(14)I bhfianaise chúraimí méadaitheacha an Choimisiúin maidir le Rialachán (AE) 2021/691 a chur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann cúnamh teicniúil a iarraidh suas le 1,5 % d’uasmhéid bliantúil iomlán CED. Tá údar leis an ráta níos airde freisin ós rud é gur íslíodh uasmhéid bliantúil CED i gcomhthéacs an athbhreithnithe mheántéarma ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.
(15)Chun tacaíocht níos tapúla a thabhairt d’oibrithe a ndéanann iomarcaíocht atá ar tí tarlú difear dóibh i bhfiontair a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh orthu nó d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus chun ligean dóibh tairbhiú de dhlúthpháirtíocht an Aontais i gcomhthéacs an tsuaite eacnamaíoch agus na n‑athruithe tapa atá ann faoi láthair, is gá dlús a chur leis an tacaíocht a thugtar do na hoibrithe. Bealach amháin chun é sin a dhéanamh is ea é a chur de cheangal ar an gCoimisiún a iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an t‑uasmhéid bliantúil iomlán a shlógadh ag tús gach bliana, má chomhlíontar coinníollacha sonracha. Dá bhrí sin, ba cheart a léiriú sa togra ón gCoimisiún na himthosca a thug ar an gCoimisiún a chinneadh gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le slógadh iomlán an uasmhéid bhliantúil a iarraidh. Ba cheart an togra ón gCoimisiún a bheith bunaithe ar fhaisnéis a sholáthróidh na Ballstáit ag deireadh gach bliana. Ba cheart a áireamh sa togra an líon iarratas féideartha ó gach Ballstát lena mbaineann, na hearnálacha gníomhaíochtaí lena mbaineann, an líon measta fiontar a d’fhéadfadh iarraidh ar na Ballstáit iarratas a dhéanamh ar thacaíocht CED, agus an líon measta oibrithe atá i mbaol iomarcaíochta go luath nó a cuireadh ar iomarcaíocht. Níor cheart céannacht na bhfiontar lena mbaineann a nochtadh mura bhfuil an fhaisnéis ar eolas don phobal go fóill.
(16)A luaithe a fhormheasfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle slógadh iomlán an uasmhéid bhliantúil, ba cheart don Choimisiún cinntí maoiniúcháin a ghlacadh maidir le hiarratais aonair agus ba cheart é a bheith de cheangal air Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas láithreach faoi ghlacadh na gcinntí sin. Mura n‑úsáideann an Coimisiún an t‑uasmhéid bliantúil iomlán slógtha i mbliain ar leith, rachadh an méid sin in éag ag deireadh na bliana airgeadais.
(17)Beidh na leasuithe atá beartaithe i gcomhréir go hiomlán le hAirteagal 8 de Rialachán 2020/2093 ón gComhairle, agus le pointe 9 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020.
(18)Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne chun tacaíocht a sholáthar go pras do na hoibrithe a ndéantar difear dóibh an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 2021/691 mar a leanas:
(1)In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2.
I gcomhréir le hAirteagal 4, le CED, cuirfear tacaíocht ar fáil d’oibrithe iomarcacha agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht le linn mórtheagmhais athstruchtúrúcháin agus d’oibrithe a ndéanann iomarcaíocht atá ar tí tarlú difear dóibh i bhfiontair a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh orthu.’;
(2)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:
‘Airteagal 2
Misean agus cuspóirí
‘1. Le CED, tacófar le claochluithe socheacnamaíocha a eascraíonn as an domhandú agus as athruithe teicneolaíocha agus comhshaoil trí chuidiú le hoibrithe iomarcacha agus le daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht oiriúnú d’athruithe struchtúrtha. Ciste éigeandála a bheidh in CED. Dá réir sin, le CED, rannchuideofar le cur chun feidhme na bprionsabal a leagtar amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta agus cuirfear feabhas ar an gcomhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch i measc réigiún agus Ballstát.
2. Is iad cuspóirí CED dlúthpháirtíocht a léiriú agus fostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe san Aontas a chur chun cinn trí chúnamh a thairiscint i gcás ina dtarlóidh mórtheagmhais athstruchtúrúcháin, go háirithe de dheasca dúshláin a bhaineann leis an domhandú, amhail athruithe i bpatrúin na trádála domhanda, díospóidí trádála, athruithe suntasacha ar chaidreamh trádála an Aontais nó ar chomhdhéanamh an mhargaidh inmheánaigh agus géarchéimeanna airgeadais nó eacnamaíocha, mar aon leis an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin, nó de dheasca an digitithe nó an uathoibrithe. Le CED, tabharfar tacaíocht do na tairbhithe fostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a fháil arís a luaithe is féidir. Cuirfear béim ar leith ar na bearta a chuidíonn leis na grúpaí is mó atá faoi mhíbhuntáiste. Le CED, tacófar freisin le hoibrithe a ndéanann iomarcaíocht atá ar tí tarlú difear dóibh na scileanna is gá a fháil chun cuidiú leo aistriú chuig ról eile, nó chun poist a athrú.’;
(3)Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
(a)cuirtear an pointe seo a leanas isteach
‘(1a)
ciallaíonn ‘oibrí a ndéanann iomarcaíocht atá ar tí tarlú difear dó’ oibrí, gan beann ar chineál nó fad a gcaidrimh fostaíochta, a bhfuil coinne leis go dtiocfaidh deireadh lena chonradh fostaíochta nó lena chaidreamh fostaíochta mar gheall ar iomarcaíocht ón dáta a thugann an fostóir fógra i scríbhinn don údarás poiblí inniúil faoi na hiomarcaíochtaí comhchoiteanna réamh-mheasta i gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Threoir 98/59/CE;’;
(b)cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
‘(6) ciallaíonn ‘fiontar a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh air’ fiontar atá ag dul faoi phróiseas lena mbaineann iomarcaíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear i dTreoir 98/59/CE.’;
(4)Leasaítear Airteagal 4(1) mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Féadfaidh Ballstáit cur isteach ar ranníocaíochtaí airgeadais ó CED le haghaidh bearta atá dírithe ar oibrithe iomarcacha, ar oibrithe a ndéanann iomarcaíocht atá ar tí tarlú difear dóibh, agus ar dhaoine féinfhostaithe i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos san Airteagal seo.’;
(b)i mír 2, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
‘(d)
ar a laghad 200 oibrí a ndéanann iomarcaíocht atá ar tí tarlú difear dóibh i bhfiontar a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh air i mBallstát.’;
(5)Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
(a)sa chéad mhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘Sonróidh an Ballstát iarrthach an modh a úsáidtear chun an líon oibrithe iomarcacha, an líon oibrithe a ndéanann iomarcaíocht atá ar tí tarlú difear dóibh, agus an líon daoine féinfhostaithe a ríomh, chun críoch Airteagal 4 ar cheann amháin nó níos mó de na dátaí seo a leanas:’;
(b)cuirtear an méid a leanas in ionad an dara mír:
‘Sna cásanna dá dtagraítear sa chéad mhír, pointe (a), déanfaidh an Ballstát iarrthach faisnéis bhreise a sholáthar don Choimisiún faoin líon iarbhír iomarcaíochtaí a tharla i gcomhréir le hAirteagal 4, sula gcuirfidh an Coimisiún a mheasúnú i gcrích, i gcás na n‑iarratas uile a bhaineann le tairbhithe dá dtagraítear in Airteagal 6, an chéad mhír, pointí (a) agus (b).’;
(6)In Airteagal 6, an chéad mhír, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
‘(c) oibrithe a ndéanann iomarcaíocht atá ar tí tarlú difear dóibh i bhfiontar a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh air. Beidh na hoibrithe fós incháilithe fiú i gcás ina gcuirfear deireadh iarbhír leis an gcaidreamh oibre. Ní bheidh ach na teagmhais athstruchtúrúcháin sin incháilithe mar iomarcaíochtaí comhchoiteanna faoi Threoir 98/59/CE.’;
(7)Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1.
Féadfar ranníocaíocht airgeadais ó CED a dhéanamh le haghaidh bearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair atá ina gcuid de phacáiste comhordaithe, atá ceaptha chun ath-imeascadh san fhostaíocht nó san fhéinfhostaíocht a éascú do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, go háirithe na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste ina measc, nó chun cuidiú leis na hoibrithe dá dtagraítear in Airteagal 6, an chéad mhír, pointe (c) na scileanna a fháil a theastaíonn uathu chun aistriú chuig ról difriúil lena bhfostóir reatha nó chuig fostóir eile.’;
(b)i mír 2, an dara fomhír, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
‘(c) I gcás na dtairbhithe dá dtagraítear in Airteagal 6, an chéad mhír, pointe (c), féadfar a áireamh sa phacáiste comhordaithe oiliúint agus athoiliúint atá saincheaptha do riachtanais an oibrí aonair, lena n‑áirítear maidir le teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide agus scileanna eile a theastaíonn sa ré dhigiteach, deimhniú ar an eolas agus ar na scileanna a fuarthas, seirbhísí aonair cúnaimh i gcuardach poist agus gníomhaíochtaí grúpa spriocdhírithe, treoir ghairme, seirbhísí comhairleacha, meantóireacht, cúnamh do shocrúchán oibre seachtrach, cur chun cinn na fiontraíochta agus gníomhaíochtaí comhair. Ní fhéadfar socruithe maidir le hobair ghearr-ama a áireamh ann.’;
(8)Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
‘Airteagal 8
Iarratais ar chúnamh CED d’oibrithe iomarcacha agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
‘6.
Ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag an mBallstát iarrthach, cuirfidh an Coimisiún i gcrích a mheasúnú ar an gcaoi a bhfuil na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar á gcomhlíonadh ag an iarratas laistigh de 30 lá oibre ón iarratas comhlánaithe a fháil nó, i gcás inarb infheidhme, ó aistriúchán an iarratais a fháil.
I gcás nach mbeidh an Coimisiún in ann an sprioc-am sin a chomhlíonadh, cuirfidh sé an Ballstát ar an eolas roimh an sprioc-am sin agus socróidh sé dáta nua chun a mheasúnú a thabhairt i gcrích. Ní bheidh an dáta nua sin tráth nach déanaí ná 20 lá oibre tar éis an sprioc-ama faoin gcéad fhomhír.’;
(c)i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe l):
‘l) ráiteas réasúnaithe go gcomhlíonann an tacaíocht arna hiarraidh ó CED rialacha nós imeachta agus ábhair an Aontais maidir le Státchabhair chomh maith le ráiteas ina leagtar amach an chúis nach dtagann an pacáiste comhordaithe in ionad bearta a bhfuil fostóirí freagrach astu de bhua an dlí náisiúnta nó de bhua comhaontuithe comhchoiteanna.’;
(9)Cuirtear an tAirteagal 8a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 8a
Iarratais ar chúnamh CED d’oibrithe a ndéanann iomarcaíocht atá ar tí tarlú difear dóibh
1.
Fiontair a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh orthu, féadfaidh siad iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann iarratas a chur isteach ar ranníocaíocht airgeadais ó CED, má chomhlíontar na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (d), agus más mian leis an bhfiontar cúnamh atá cómhaoinithe ag CED a thairiscint do na codanna sin dá lucht saothair a ndéanann iomarcaíocht atá ar tí tarlú difear dóibh, i gcomhréir le hAirteagal 6, an chéad mhír, pointe (c). Cuirfidh an fiontar iarraidh den sórt sin isteach laistigh de 2 sheachtain ón dáta a thug sé fógra i scríbhinn do na húdaráis phoiblí faoi na hiomarcaíochtaí comhchoiteanna réamh-mheasta i gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Threoir 98/59/CE.
2.
Ainmneoidh na Ballstáit uile Pointe Iontrála Aonair ar féidir le fiontair iarrataí dá dtagraítear i mír 1 a dhíriú chuige, agus foilseoidh siad treoirlínte agus teimpléid ábhartha. San fhaisnéis a bhaileofar ó na teimpléid sin, cumhdófar an fhaisnéis ar fad is gá le haghaidh iarratas ar ranníocaíocht airgeadais ó CED mar a leagtar amach i mír 10 thíos.
3.
Caithfidh na Ballstáit go cothrom le gach iarraidh san ord a gheobhaidh siad iad, gan aon discréid a fheidhmiú maidir le hinghlacthacht agus incháilitheacht na n‑iarrataí sin, agus cuirfidh siad iarratais isteach ar chúnamh bunaithe ar na hiarrataí a gheofar ó fhiontair. Ní thabharfaidh na Ballstáit aon cheanglas breise isteach ná ní athróidh siad na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo.
4.
Cuirfidh an Ballstát iarrthach iarratas ar ranníocaíocht airgeadais ó CED faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de sheachtain amháin ón dáta a fhaigheann sé an iarraidh ó fhiontar.
5.
Arna iarraidh sin don fhiontar, soláthróidh an Ballstát lena mbaineann treoir don fhiontar le linn an nós imeachta um iarratas.
6.
Arna iarraidh sin don Bhallstát iarrthach, soláthróidh an Coimisiún treoir don Bhallstát le linn an nós imeachta um iarratas.
7.
Laistigh de 10 lá oibre ón dáta a tíolacadh an t‑iarratas, nó, i gcás inarb infheidhme, laistigh de 10 lá oibre ón dáta a bheidh aistriúchán ar an iarratas i seilbh an Choimisiúin, cibé acu is déanaí, tabharfaidh an Coimisiún admháil fála i leith an iarratais agus iarrfaidh sé ar an mBallstát iarrthach aon fhaisnéis bhreise a thabhairt atá ag teastáil uaidh chun measúnú a dhéanamh ar an iarratas.
8.
I gcás ina n‑iarrfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise, tabharfaidh an Ballstát freagra air sin laistigh de 15 lá oibre ó dháta na hiarrata. Déanfaidh an Coimisiún an sprioc-am sin a fhadú 10 lá oibre ar iarraidh a fháil ón mBallstát iarrthach. Beidh réasúnú cuí ag gabháil le haon iarraidh den sórt sin ar fhadú.
9.
Ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag an mBallstát iarrthach, cuirfidh an Coimisiún i gcrích a mheasúnú ar an gcaoi a bhfuil na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar á gcomhlíonadh ag an iarratas laistigh de 30 lá oibre ón iarratas comhlánaithe a fháil nó, i gcás inarb infheidhme, ón aistriúchán ar an iarratas sin a fháil.
I gcás nach mbeidh an Coimisiún in ann an sprioc-am sin a chomhlíonadh, cuirfidh sé an Ballstát iarrthach ar an eolas roimh an sprioc-am sin, agus socróidh sé dáta nua chun a mheasúnú a thabhairt i gcrích. Ní bheidh an dáta nua sin tráth nach déanaí ná 20 lá oibre tar éis an sprioc-ama faoin gcéad fhomhír.
10.
Beidh an fhaisnéis seo a leanas san iarratas:
(a)
sainaithint an fhiontair lena mbaineann;
(b)
measúnú ar an líon post a ndéanann an iomarcaíocht difear dóibh i gcomhréir le hAirteagal 6, an chéad mhír, pointe (c);
(c)
tuairisc achomair ar na teagmhais ba chúis leis an athstruchtúrú;;
(d)
deimhniú gur chomhlíon an fiontar a oibleagáidí dlíthiúla nó a chomhaontuithe comhchoiteanna lena rialaítear na hiomarcaíochtaí réamh-mheasta sin agus go leanann sé dá gcomhlíonadh agus go bhfuil sé ag soláthar dá oibrithe dá réir sin, agus tuairisc ar na nósanna imeachta a lean an fiontar chun dul i gcomhairle leis na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu nó lena n‑ionadaithe;
(e)
miondealú measta ar chomhdhéanamh na dtairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, de réir inscne, aoisghrúpa agus leibhéal oideachais, a úsáideadh do cheapadh an phacáiste chomhordaithe;
(f)
tuairisc mhionsonraithe ar an bpacáiste comhordaithe agus ar an gcaiteachas gaolmhar, lena n‑áirítear aon bheart mar thaca le tionscnaimh fostaíochta do thairbhithe faoi mhíbhuntáiste, tairbhithe óga agus tairbhithe scothaosta;
(g)
an buiséad measta do gach ceann de chomhpháirteanna an phacáiste chomhordaithe a bheidh ina dtaca ag na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu agus a chuirfidh an fiontar ar fáil;
(h)
na dátaí ar cuireadh tús le soláthar an phacáiste chomhordaithe do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu agus leis na gníomhaíochtaí chun CED a chur chun feidhme, mar a leagtar amach in Airteagal 7, nó na dátaí ar a bhfuiltear le tús a chur leo;
(i)
an buiséad measta d’aon ghníomhaíocht ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe a dhéanfaidh an Ballstát iarrthach i ndáil le hiarratas den sórt sin;
(j)
ráiteas réasúnaithe go gcomhlíonann an tacaíocht arna hiarraidh ó CED rialacha nós imeachta agus ábhair an Aontais maidir le Státchabhair chomh maith le ráiteas réasúnaithe ina leagtar amach an chúis nach dtagann an pacáiste comhordaithe in ionad bearta a bhfuil fostóirí freagrach astu de bhua an dlí náisiúnta nó de bhua comhaontuithe comhchoiteanna;
(k)
an deimhniú go ndéanfaidh an fiontar lena mbaineann na bearta a chómhaoiniú agus gurb é sin an t‑aon fhoinse amháin don chomhchistiú náisiúnta.’;
(10)In Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Ar thionscnamh an Choimisiúin, féadfar uasmhéid 1,5 % d’uasmhéid bliantúil CED a úsáid le haghaidh caiteachas teicniúil agus riaracháin chun é a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta, mar aon le bailiú sonraí, lena n‑áirítear maidir le córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha, gníomhaíochtaí cumarsáide agus na gníomhaíochtaí sin a chuireann le hinfheictheacht CED ina cháil mar chiste nó maidir le tionscadail shonracha agus bearta cúnaimh theicniúil eile. Le bearta den sórt sin, féadfar clárthréimhsí amach anseo nó roimhe seo a chumhdach.’;
(11)Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Ar bhonn an mheasúnaithe arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8 nó le hAirteagal 8a, agus aird á tabhairt go háirithe ar an líon tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, ar na bearta a bheartaítear agus ar na costais mheasta, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht agus cinneadh maidir le méid na ranníocaíochta airgeadais ó CED, más ann di, a fhéadfar a íoc laistigh de theorainneacha na n‑acmhainní atá ar fáil.’;
(b)cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
‘2a. Is é 100 % a bheidh sa ráta cómhaoinithe maidir le caiteachas arna thabhú ag an mBallstát le haghaidh na dtairbhithe dá dtagraítear in Airteagal 6, an chéad mhír, pointe (c) agus a bhaineann le bearta a leagtar amach in Airteagal 7(6).’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar bhonn an mheasúnaithe arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8 nó le hAirteagal 8a, go bhfuil na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh, glacfaidh sé cinneadh láithreach maidir le ranníocaíocht airgeadais mar a leagtar amach in Airteagal 15(6).’;
(12)In Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna (1) agus (2):
‘1.
Beidh caiteachas incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ó na dátaí a leagtar amach san iarratas i gcomhréir le hAirteagal 8(7), pointe (j), nó le hAirteagal 8a(10), pointe (h), ar a dtosaíonn an Ballstát nó an fiontar lena mbaineann, nó ar a bhfuil sé le tosú, ag soláthar an phacáiste chomhordaithe do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, nó ar a dtabhaíonn an Ballstát lena mbaineann an caiteachas riaracháin chun CED a chur chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 7(1) agus (5).
2.
Tosóidh an Ballstát nó an fiontar na bearta incháilithe a leagtar amach in Airteagal 7 a chur chun feidhme gan moill mhíchuí agus déanfaidh sé na bearta sin a luaithe is féidir, agus ar aon chuma laistigh de 24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an chinnidh maidir le ranníocaíocht airgeadais.’;
(13)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:
‘Airteagal 15
Nós imeachta buiséadach agus cur chun feidhme
‘1. Chun a áirithiú go gcuirfear an cúnamh ar fáil a luaithe is féidir do na tairbhithe incháilithe, cuirfidh an Coimisiún togra chun CED a shlógadh faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcomhréir le míreanna 2 nó 3.
2. Cuirfidh an Coimisiún a thogra le haghaidh cinneadh maidir le CED a shlógadh faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcás ina mbeidh iarratas amháin ar thacaíocht CED faighte aige agus i gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:
a)
Measann an Coimisiún, tar éis iarratas nó faisnéis a fháil ó na Ballstáit, gur comhlíonadh ceann amháin de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4, míreanna 2, 3 nó 4;
b)
Cuireadh an Coimisiún ar an eolas faoi scor gníomhaíochtaí as a n‑eascraíonn caillteanas post do níos mó ná 1 000 oibrí;
c)
Cuireadh an Coimisiún ar an eolas faoi theagmhais athstruchtúrúcháin mhórscála lena mbaineann iomarcaíocht láithreach a dhéanann difear do níos mó ná 1 000 oibrí.
3. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh go ndéanfar uasmhéid bliantúil CED a shlógadh go hiomlán faoi dheireadh mhí Feabhra gach bliain. Áireofar na gnéithe seo a leanas sa togra ón gCoimisiún, bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit:
(i) an líon iarratas féideartha ó gach Ballstát lena mbaineann;
(ii) earnálacha na ngníomhaíochtaí lena mbaineann;
(iii) an líon measta fiontar a d’fhéadfadh iarraidh ar na Ballstáit iarratas a dhéanamh ar chúnamh CED;
(iv) an líon measta oibrithe iomarcacha nó oibrithe atá i mbaol iomarcaíochta go luath.
An tráth céanna a thíolacfaidh sé a thogra le haghaidh cinneadh maidir le CED a shlógadh, cuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le haistriú an uasmhéid bhliantúil chuig na línte ábhartha buiséadacha.
Nuair nach slógfar an t‑uasmhéid bliantúil faoin gcéad fhomhír den mhír seo, iarrfaidh an Coimisiún go slógfar CED in aghaidh an iarratais a gheofar. Áireofar sa togra ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh maidir le CED a shlógadh in aghaidh an iarratais an measúnú a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 8(6) nó le hAirteagal 8a(9), mar aon le hachoimre ar an bhfaisnéis ar a bhfuil an measúnú sin bunaithe agus na cúiseanna lena dtugtar bonn cirt leis na méideanna atá beartaithe. An tráth céanna a thíolacfaidh sé a thogra le haghaidh cinneadh maidir le CED a shlógadh, cuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le haistriú chuig na línte ábhartha buiséadacha.
4. Soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 don Choimisiún faoi dheireadh mhí na Nollag gach bliain.
5. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an cinneadh maidir le CED a shlógadh go comhpháirteach. Déanfar an t‑aistriú buiséadach i ndáil le CED i gcomhréir le hAirteagal 31 den Rialachán Airgeadais.
6. I gcás ina gcinneann an Coimisiún go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais ó CED a sholáthar faoi Airteagal 4, glacfaidh sé cinneadh maidir le ranníocaíocht airgeadais. Cinneadh maoiniúcháin a bheidh sa chinneadh sin de réir bhrí Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais.
7. Nuair a shlógfar an t‑uasmhéid bliantúil de bhun na chéad fhomhíre de mhír 3, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas láithreach nuair a ghlacfar gach cinneadh maidir le ranníocaíocht airgeadais.’
(14)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:
‘Airteagal 16
Cistí neamhleora
Mura leor na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas atá fágtha in CED chun méid an chúnaimh is gá le haghaidh ranníocaíocht airgeadais a chumhdach, féadfaidh an Coimisiún glacadh cinnidh maidir le ranníocaíocht airgeadais a chur siar go dtí go mbeidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas ar fáil an bhliain dár gcionn. Urramófar uasteorainn bhuiséadach bhliantúil CED i ngach uile chás.’
(1)In Airteagal 17, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
‘6. Laistigh de sheachtain amháin ó íocaíocht réamh-mhaoinithe an Choimisiúin a fháil, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an chuid sin den íocaíocht réamh-mhaoinithe a bhaineann leis an bpacáiste comhordaithe beart arna chur chun feidhme ag an bhfiontar ar fáil don fhiontar lena mbaineann. Coinneoidh an Ballstát an chuid den réamh-mhaoiniú a bhaineann le bearta dá dtagraítear in Airteagal 7(5).’;
(2)In Airteagal 20, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
‘3. I gcásanna ina bhfuil ranníocaíocht airgeadais ó CED á cur chun feidhme ag fiontar d’oibrithe a ndéanann iomarcaíocht atá ar tí tarlú difear dóibh, cuirfidh an fiontar an fhaisnéis ábhartha uile a shonraítear i mír 1 ar fáil don Bhallstát lena mbaineann faoi dheireadh an séú mí tar éis dhul in éag na tréimhse cur chun feidhme.’;
(3)In Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. Seolfar suirbhé ar na tairbhithe le linn an séú mí tar éis dheireadh gach tréimhse cur chun feidhme. Beidh an suirbhé ar na tairbhithe ar oscailt le haghaidh rannpháirtíochta ar feadh 4 sheachtaine ar a laghad. Déanfaidh na Ballstáit an suirbhé ar na tairbhithe a dháileadh ar na tairbhithe, seolfaidh siad amach meabhrúchán amháin ar a laghad agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin dáileadh agus faoin meabhrúchán a seoladh. I gcásanna a bhaineann le cúnamh arna chur chun feidhme ag fiontar le haghaidh tairbhithe faoi Airteagal 6, an chéad mhír, pointe (c), tá an fiontar sin freagrach as an suirbhé arna ullmhú ag an gCoimisiún a dháileadh ar na hoibrithe a ghlac páirt sna bearta. Déanfaidh an Coimisiún na freagairtí ar na suirbhéanna ar na tairbhithe a thiomsú agus a anailísiú ar mhaithe lena n‑úsáid i meastóireachtaí amach anseo.’
(4)Cuirtear isteach an tAirteagal nua seo a leanas:
‘Airteagal 28a
Bearta idirthréimhseacha
De mhaolú ar Airteagal 15(1), féadfaidh an Coimisiún togra a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun a bhfuil fágtha d’uasmhéid bliantúil CED le haghaidh 2025 a shlógadh, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 15, ón…. [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].’
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS REACHTACH AIRGEADAIS AGUS DIGITEACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH3
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh3
1.2.An réimse beartais lena mbaineann3
1.3.Cuspóirí 3
1.3.1.Cuspóirí ginearálta3
1.3.2.Cuspóirí sonracha3
1.3.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil coinne leo3
1.3.4.Táscairí feidhmíochta3
1.4.Baineann an togra/tionscnamh le4
1.5.Forais an togra/tionscnaimh4
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh4
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.4
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart5
1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile5
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh5
1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige6
1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme6
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 8
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe8
2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe8
2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe8
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú9
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)9
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc9
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH10
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar10
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe11
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí11
3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar11
3.2.1.2.Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha12
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí13
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin14
3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar14
3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach15
3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar15
3.2.5.Forbhreathnú ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha15
3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha16
3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe16
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam16
4.Gnéithe digiteacha17
4.1.Ceanglais maidir le hábharthacht dhigiteach17
4.2.Sonraí17
4.3.Réitigh dhigiteacha17
4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach17
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/691 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013
1.2.An réimse beartais lena mbaineann
Fostaíocht (Iomaíochas agus Cothroime Shóisialta)
1.3.Cuspóirí
1.3.1.Cuspóirí ginearálta
Is ionstraim sholúbtha é CED lena gcuirtear ar a chumas don Aontas freagairt do theagmhais gan choinne. Ó bunaíodh é in 2007, tá CED ag cuidiú le hoibrithe a chaill a bpost mar thoradh ar shuaitheadh eacnamaíoch.
Faoi CED, soláthraíonn an tAontas tacaíocht shonrach aonuaire i bhfoirm bearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair chun ath-imeascadh i bhfostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a éascú. Comhlánaíonn an tacaíocht sin an cúnamh níos réamhghníomhaí a chuireann CSE+ ar fáil.
Tá sé d’aidhm ag an togra seo an cúnamh sin a leathnú chun oibrithe a chumhdach a ndéanann iomarcaíocht atá ar tí tarlú difear dóibh mar thoradh ar nós imeachta um iomarcaíocht chomhchoiteann.
Tá sé d’aidhm aige freisin an nós imeachta slógtha a chuíchóiriú agus dlús a chur leis.
1.3.2.Cuspóirí sonracha
Cuspóir sonrach Uimh.
(1)
Is é is cuspóir do CED tacú le hoibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht i mórtheagmhais athstruchtúrúcháin a bhfuil tionchar mór acu, de bharr a scála agus a n‑éifeachtaí, agus ath-imeascadh oibrithe i bhfostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a éascú. Cuirfidh an togra seo leis an gcuspóir maidir le cúnamh a thabhairt freisin d’oibrithe, a ndéanann iomarcaíocht difear dóibh i bhfiontar a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh air, a bheith níos ullmhaithe chun aistriú poist a chur i gcrích laistigh de thréimhse níos giorra, agus chun a n‑aistriú chuig ról nó gairm nua a éascú.
(2)
Ní mór cúnamh CED a chur ar fáil ar bhealach níos tapúla.
1.3.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil coinne leo
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Aistriú tapa agus inbhuanaithe chuig poist nua chuibhiúla a cheadú.
1.3.4.Táscairí feidhmíochta
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.
Táscaire 1: An líon iomlán tairbhithe CED i gcás ar leith
Táscaire 2: Tairbhithe de réir inscne (baineann/fireann/neamh-dhénártha)
Táscaire 3: Tairbhithe de réir aoisghrúpa (faoi bhun 30 bliain d’aois/os cionn 54 bliana d’aois)
Táscaire 4: Tairbhithe de réir an leibhéil oideachais (oideachas meánscoile íochtaraí nó níos lú/oideachas meánscoile uachtaraí nó iar-mheánscoile/oideachas treasach)
Táscaire 5: Céatadán de thairbhithe CED atá i mbun oideachais nó oiliúna
Táscaire 6: Tairbhithe de réir an stádais fostaíochta (dífhostaithe/neamhghníomhach/fostaithe (spleách)/féinfhostaithe).
Ní leagtar síos bunlíne, spriocanna ná garspriocanna leis na táscairí. Ní mheastar gur bonnlíne é an líon tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú mar atá sonraithe ag an mBallstát lena mbaineann. Is é is cúis leis sin nach ndíríonn roinnt Ballstát ach ar oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus ar beag an seans atá acu post nua a fháil gan tacaíocht shaincheaptha, agus díríonn Ballstáit eile ar na hoibrithe uile a cuireadh ar iomarcaíocht.
1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:
beart nua
beart nua a leanann treoirthionscadal / réamhbheart
síneadh ar bheart atá ann cheana
⌧ beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.5.Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
Cuirfidh an togra seo ar a chumas do CED freagairt do theagmhais athstruchtúrúcháin mhórscála trí chuidiú le hoibrithe a chailleann a bpost láithreach. Chomh maith leis sin, tabharfaidh sé cúnamh réamhghníomhach do na hoibrithe sin a ndéantar difear dóibh mar gheall ar iomarcaíocht atá ar tí tarlú.
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.
Cúiseanna le gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais
Le rannpháirteachas an Aontais trí CED, is féidir bearta náisiúnta (idir phoiblí agus phríobháideach) a chomhlánú chun oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht nó a chuirfear ar iomarcaíocht de bharr mórtheagmhas athstruchtúrúcháin a ath-imeascadh. Is léir ón taithí a fuarthas go dtí seo go bhfágann rannpháirteachas an Aontais gur féidir tacaíocht níos saincheaptha a sholáthar ar feadh tréimhse níos faide, lena mbaineann bearta go minic nach soláthrófaí gan rannpháirteachas an Aontais.
An breisluach AE a bhfuil coinne leis a ghiniúint (ex post)
Trí ráta ath-imeasctha níos airde a bhaint amach d’oibrithe iomarcacha ná an ráta a bhaintear amach trí thacaíocht náisiúnta, imrítear tionchar ar an méid. Ciallaíonn sé sin go gcuireann an cistiú leis an líon agus an éagsúlacht seirbhísí a chuirtear ar fáil, agus sa bhreis air sin, go gcuireann sé le leibhéal déine na seirbhísí sin.
Feabhas a chur ar dhearcadh an phobail i leith an Aontais.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Féach an taithí a fuarthas faoi Rialachán (AE) 2021/691 mar a leagtar amach i Meabhrán Míniúcháin an Togra le haghaidh Rialacháin.
1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
Comhlánaíonn tacaíocht CED an cúnamh níos réamhghníomhaí a chuireann CSE+ ar fáil.
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
Is é príomhthoradh an mheasúnaithe tionchair (SWD/2018/289 final) gur cheart, mar chiste faoisimh éigeandála, go bhfanfadh CED lasmuigh d’uasteorainneacha buiséadacha bhuiséad an Aontais.
1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige
⌧ tréimhse theoranta
–I bhfeidhm go dtí go rachaidh Rialachán (AE) 2021/691 in éag
tréimhse neamhtheoranta
–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme
Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
– ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
–
trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
⌧ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
– tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad
– eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí)
– an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta
– comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais
– comhlachtaí dlí poiblí
– comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh
– comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais
– comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha de chuid an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha
– comhlachtaí arna mbunú i mBallstát, arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit nó ag dlí an Aontais agus atá incháilithe le go gcuirfear de chúram orthu, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, cistí an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme, a mhéid a bhíonn na comhlachtaí sin á rialú ag comhlachtaí dlí poiblí nó ag comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, agus a mhéid a sholáthraíonn na comhlachtaí rialúcháin ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh i bhfoirm dliteanas comhpháirteach agus leithleach nó ráthaíochtaí airgeadais coibhéiseacha, agus ar ráthaíochtaí iad a d’fhéadfadh, le haghaidh gach birt, a bheith teoranta d’uasmhéid thacaíocht an Aontais.
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/691, ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil chainníochtúil agus cháilíochtúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach 2 bhliain maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh faoin Rialachán seo. Dírítear sa tuarascáil ar na torthaí a baineadh amach le CED agus go háirithe tá faisnéis inti maidir le hiarratais a tíolacadh, an t‑aga próiseála, cinntí a glacadh, bearta a cistíodh, lena n‑áirítear staidreamh ar na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/691, agus faisnéis maidir le comhlántacht beart den sórt sin le bearta arna gcistiú ó chistí eile de chuid an Aontais, go háirithe CSE+, agus faisnéis maidir le foirceannadh ranníocaíochtaí airgeadais a rinneadh.
I gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) 2021/691, déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, meastóireacht mheántéarma faoin 30 Meitheamh 2025 agus déanfaidh sé meastóireacht faoin 31 Nollaig 2029. Leagfar amach sa mheastóireacht moltaí nach mór a chur san áireamh nuair a cheapfar cláir nua fostaíochta agus gnóthaí sóisialta nó nuair a dhéanfar cláir atá ann cheana a fhorbairt a thuilleadh.
2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
Leagtar síos na ceanglais is infheidhme maidir le bainistíocht agus rialú airgeadais in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2021/691.
Tá CED faoi bhainistíocht chomhroinnte. Is léir ón taithí a fuarthas gurb é an t‑údarás is cóngaraí don duine aonair lena mbaineann is ceart pacáiste saincheaptha de sheirbhísí pearsantaithe a cheapadh. De réir an Bhallstáit agus chineál an teagmhais athstruchtúrúcháin, is é is dócha gur údarás áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta an t‑údarás sin. Dá bhrí sin, déantar na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig údaráis na mBallstát. Beidh gá le rannpháirteachas an fhiontair a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh air chun cúnamh a thabhairt d’oibrithe a ndéanann iomarcaíocht difear dóibh. Tá gá le hidirghabháil an Aontais i ngeall ar scála thionchar na n‑iomarcaíochtaí, ach i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta tá an idirghabháil sin teoranta don mhéid is gá chun na cuspóirí a bhaint amach maidir le dlúthpháirtíocht an Aontais le hoibrithe iomarcacha a léiriú.
I bhfianaise an chuspóra atá ag CED, is é sin tacaíocht a sholáthar i gcásanna práinne ar bhealach réamhghníomhach nó frithghníomhach, leanann CED de bheith ina ionstraim sholúbtha atá lasmuigh d’uasteorainneacha buiséadacha bhuiséad an Aontais.
Leagtar síos an sásra slógtha in Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2021/691. Ní mór don Choimisiún an ranníocaíocht airgeadais a íoc leis an mBallstát lena mbaineann in íocaíocht réamh-mhaoiniúcháin aonair 100 %.
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
Na rioscaí a bhaineann le bainistíocht chomhroinnte Chistí an Chomhphobail, sin iad na rioscaí atá ann. Leagtar síos na ceanglais is infheidhme maidir le bainistíocht agus rialú airgeadais in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2021/691.
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)
Maidir leis na rátaí earráide a mheastar a bheidh ann, is é an aidhm atá ann ráta earráide a choinneáil faoi bhun na tairsí 2 %.
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Ba cheart do na Ballstáit aon neamhrialtacht, lena n‑áirítear calaois, arna ndéanamh ag tairbhithe, a chosc agus a bhrath agus déileáil go héifeachtach leo. Ina theannta sin, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.
Cumhachtaítear Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go n‑oibreoidh aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí an Aontais i gcomhar le chéile go hiomlán chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, go dtabharfaidh siad na cearta agus an rochtain is gá don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe faoi Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus go n‑áiritheoidh siad go dtabharfaidh aon tríú páirtí a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí an Aontais cearta coibhéiseacha. Ní mór do na Ballstáit tuairisc a thabhairt don Choimisiún maidir le haon neamhrialtacht a bhraitear, lena n‑áirítear calaois, agus maidir le haon ghníomhaíocht leantach a rinne siad maidir leis na neamhrialtachtaí sin agus maidir le haon imscrúdú de chuid OLAF. Ní mór do na Ballstáit oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún, le OLAF, leis an gCúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb infheidhme, le OIPE, i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 63(2) den Rialachán Airgeadais maidir le gach ábhar a bhaineann le calaois amhrasta nó calaois bhunaithe.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar
·Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
Cineál caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Uimhir
|
LD/LN.
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha
|
Ó thríú tíortha eile
|
ioncam sannta eile
|
|
S-Sásraí dlúthpháirtíochta laistigh agus lasmuigh den Aontas (Ionstraimí speisialta)
|
30.0402
Cúlchiste le haghaidh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED)
|
LD
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
|
S-Sásraí dlúthpháirtíochta laistigh agus lasmuigh den Aontas (Ionstraimí speisialta)
|
16.0202
An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED)
|
LD
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–⌧
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos
3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
<…>
|
Ionstraim speisialta atá lasmuigh d’uasteorainneacha CAI
|
Ní féidir leis na leithreasuithe iomlána faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe iomlána faoi chomhair íocaíochtaí le haghaidh CED dul thar uasmhéid bliantúil EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018). Leis an togra seo, ní dhéantar aon mhodhnú ar uasmhéid bliantúil CED. Baineann na meastacháin ar leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí thíos go sonrach leis na leibhéil mheasta íocaíochtaí le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha faoin togra seo, laistigh de theorainneacha uasmhéid bliantúil CED.
Beidh an leasú atá beartaithe i gcomhréir go hiomlán le forálacha an Rialacháin maidir le CAI atá ann cheana (Airteagal 8 de Rialachán 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig (arna leasú le Rialachán 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024)), agus forálacha reatha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh an 16 Nollaig 2020 (Pointe 9).
|
|
2025
|
2026
|
2027
|
IOMLÁN
|
|
16.02.02 Líne oibríochtúil don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú
|
Gealltanais
|
(1)
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2)
|
|
7 460
|
30 775
|
38 235
|
|
30.04.02 Cúlchiste le haghaidh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú
|
Gealltanais
|
(1)
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2)
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach an chláir
|
Gealltanais = Íocaíochtaí
|
(3)
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
neamhbhainteach
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
|
Gealltanais
|
=1+3
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=2+3
|
|
7 460
|
30 775
|
38 235
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
7
|
‘Caiteachas riaracháin’
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
2025
|
2026
|
2027
|
IOMLÁN
|
|
Acmhainní daonna
|
1 431
|
1 431
|
1 431
|
4 293
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
neamhbhainteach
|
neamhbhainteach
|
neamhbhainteach
|
neamhbhainteach
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)
|
1 431
|
1 431
|
1 431
|
4 293
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
|
2025
|
2026
|
2027
|
IOMLÁN
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
ar fud CHEANNTEIDIL
an chreata airgeadais ilbhliantúil le haghaidh íocaíochtaí agus lasmuigh den chreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh gealltanas
|
Gealltanais
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
|
7 460
|
30 775
|
38 235
|
Maidir le caiteachas riaracháin eile, taispeántar an t‑imchlúdach iomlánaíoch faoi ráiteas airgeadais reachtach CSE+.
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (ná líonadh gníomhaireachtaí díláraithe é seo isteach)
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
|
|
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
Iontráil na blianta ar fad is gá chun a léiriú cé chomh fada agus a mhairfidh an tionchar (féach Roinn 1.6)
|
IOMLÁN
|
|
|
ASCHUIR
|
|
|
Cineál
|
Meánchostas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon iomlán
|
Costas iomlán
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1…
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2 …
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁIN
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin
–
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–⌧
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos
3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
|
LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN 2021-2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
CEANNTEIDEAL 7
|
|
Acmhainní daonna
|
neamhbhainteach
|
1 431
|
1 431
|
1 431
|
4 293
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
neamhbhainteach
|
0 000
|
0 000
|
0 000
|
0 000
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
|
neamhbhainteach
|
1 431
|
1 431
|
1 431
|
4 293
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
neamhbhainteach
|
0 000
|
0 000
|
0 000
|
0 000
|
|
Caiteachas eile de chineál riaracháin
|
neamhbhainteach
|
0 000
|
0 000
|
0 000
|
0 000
|
|
Fo-iomlánlasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
|
neamhbhainteach
|
0 000
|
0 000
|
0 000
|
0 000
|
|
|
|
IOMLÁN
|
neamhbhainteach
|
1 431
|
1 431
|
1 431
|
4 293
|
===================================================================
Cumhdófar na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas riaracháin eile le leithreasuithe ó Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil agus i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
|
Oifigigh agus foireann shealadach
|
Iarratais CSE a dhéanann na Ballstáit a anailísiú agus a phlé. An doiciméadacht a ullmhú d’iarratais CSE a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin agus an Údaráis Bhuiséadaigh. Dul i dteagmháil leis an Ard-Stiúrthóireacht ábhartha de chuid an Choimisiúin le linn an sreafa oibre agus plé a dhéanamh leis an Ard-Stiúrthóireacht sin. Faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na ranníocaíochtaí airgeadais. Modhnuithe ábhartha ar na hiarratais a dhéantar a ullmhú agus/nó a phlé.
|
|
Foireann sheachtrach
|
Iarratais CSE a dhéanann na Ballstáit a anailísiú agus a phlé. An doiciméadacht a ullmhú d’iarratais CSE a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin agus an Údaráis Bhuiséadaigh. Dul i dteagmháil leis an Ard-Stiúrthóireacht ábhartha de chuid an Choimisiúin le linn an sreafa oibre agus plé a dhéanamh leis an Ard-Stiúrthóireacht sin. Faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na ranníocaíochtaí airgeadais. Modhnuithe ábhartha ar na hiarratais a dhéantar a ullmhú agus/nó a phlé.
|
3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
–
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna
–⌧
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos
3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha (FTEnna)
|
LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
Poist sa phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
|
20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
0
|
6
|
6
|
6
|
|
20 01 02 03 (Toscaireachtaí an Aontais)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 01 (Taighde indíreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 11 (Taighde díreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
• Foireann sheachtrach (in aonaid de choibhéis lánaimseartha)
|
|
20 02 01 (AC, END ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)
|
0
|
3
|
3
|
3
|
|
20 02 03 (AC, AL, END, agus JPD i dToscaireachtaí an Aontais)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Riarachán Líne thacaíochta
[XX.01.YY.YY]
|
- sa Cheanncheathrú
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
|
- i dToscaireachtaí an Aontais
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 02 (AC, END - Taighde indíreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 12 (AC, END – Taighde díreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh) - Ceannteideal 7
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh) - Lasmuigh de Cheannteideal 7
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
IOMLÁN
|
0
|
9
|
9
|
9
|
I bhfianaise an bhrú fhoriomláin atá i gCeannteideal 7, maidir le soláthar foirne agus leibhéal na leithreasuithe araon, is baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht nó d’Ard-Stiúrthóireachtaí eile de chuid an Choimisiúin a chomhlíonfaidh na hacmhainní daonna is gá.
3.2.5.Forbhreathnú ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha
|
|
Le cumhdach ag baill foirne reatha atá ar fáil in Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin
|
Foireann bhreise eisceachtúil*
|
|
|
|
Le maoiniú faoi Cheannteideal 7 nó Taighde
|
Le maoiniú ó líne BA
|
Le maoiniú ó tháillí
|
|
Poist sa phlean bunaíochta
|
6
|
|
Neamhbhainteach
|
|
|
Foireann sheachtrach (CA, SNEnna, INT)
|
3
|
|
|
|
3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–⌧
is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) le haghaidh na n‑íocaíochtaí agus le haghaidh na gcostas foirne
–⌧
is gá na hionstraimí speisialta a úsáid mar a shainmhínítear sa Rialachán maidir le CAI
–
is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI
3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–⌧
ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
–
déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
Iomlán
|
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
3.3.
An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
–⌧
Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.
–
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
–
ar acmhainní dílse
–
ar ioncam eile
–
má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Líne buiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
|
Bliain 2024
|
Bliain 2025
|
Bliain 2026
|
Bliain 2027
|
|
Airteagal …………
|
|
|
|
|
|
I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid caiteachais a ndéantar difear dóibh.
Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).
4.Gnéithe digiteacha
4.1.Ceanglais maidir le hábharthacht dhigiteach
|
Ní eascraíonn ceanglais dhigiteacha nua as an leasú atá beartaithe.
|
4.2.Sonraí
|
Ní eascraíonn sócmhainní sonraí nua a bheidh le láimhseáil as an leasú atá beartaithe.
|
4.3.Réitigh dhigiteacha
|
Ní eascraíonn réitigh dhigiteacha nua as an leasú atá beartaithe; le CED, baintear úsáid as na réitigh dhigiteacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1060.
|
4.4.Measúnú idir-inoibritheacha
|
Leis an leasú atá beartaithe, ní athraítear an bealach atá ann faoi láthair chun sonraí a mhalartú idir na Ballstáit agus an Coimisiún, rud atá bunaithe ar na bearta a shainítear i Rialachán (AE) 2021/1060.
|
4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach
|
Níl aon tionchar digiteach ag an leasú atá beartaithe ar an timpeallacht dhigiteach sheanbhunaithe agus, dá bhrí sin, ní dhéantar bearta leis chun tacú leis an gcur chun feidhme digiteach.
|
NB: I gcás ina ndéanfar forbairt mhór ar an togra ón gCoimisiún le linn na caibidlíochta reachtaí, d’fhéadfadh sé gur ghá an fhaisnéis a leagtar síos sa Ráiteas Reachtach Airgeadais agus Digiteach maidir le haon ghné airgeadais agus/nó dhigiteach a thabhairt cothrom le dáta chun tacú leis an bpróiseas caibidlíochta agus chun soiléireacht a chruthú le haghaidh na bpáirtithe uile lena mbaineann.