AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.3.2025
COM(2025) 137 final
2025/0071(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, Rialachán (AE) 2021/2115 agus Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 a mhéid a bhaineann le rialacha margaidh áirithe agus bearta tacaíochta earnála áirithe in earnáil an fhíona agus le haghaidh táirgí fíona cumhraithe
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.
COMHTHÉACS AN TOGRA
•
Forais agus cuspóirí an togra
Cé go bhfuil an tAontas fós ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain maidir le táirgeadh, tomhaltas agus luach onnmhairithe fíona, tá tionchar ag athruithe sochaíocha agus déimeagrafacha ar an méid, ar an gcáilíocht agus ar na cineálacha fíona atá á dtomhailt. Tá tomhaltas fíona san Aontas ag laghdú go seasta agus tá sé ar an leibhéal is ísle le trí dheacáid anuas agus tá tionchar ag meascán de thomhaltas atá ag laghdú agus ag tosca geopholaitiúla ar mhargaí onnmhairiúcháin traidisiúnta le haghaidh fíonta an Aontais, rud a fhágann go bhfuil patrúin onnmhairiúcháin níos éiginnte ann.
Ina theannta sin, tá an táirgeadh ag éirí dothuartha, i bhfianaise leochaileacht earnáil an fhíona i leith an athraithe aeráide. Mar gheall ar an rósholáthar a eascraíonn as an leochaileacht sin, rud a chuireann brú ar phraghsanna, tá níos lú ioncaim ag fíonsaothraithe chun infheistíocht a dhéanamh ina ngnó agus tá cúlchistí airgeadais ísle acu le bheith ag brath orthu, má bhuaileann ceann de na teagmhais adhaimsire is minice ina réigiún, ar teagmhais adhaimsire an-áitiúil iad go minic.
Bunaíodh an Grúpa Ardleibhéil um an mBeartas Fíona (‘HLG’) chun na dúshláin sin a phlé agus chun deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ann d’earnáil fíona an Aontais a shainaithint. Bhí an Grúpa Ardleibhéil comhdhéanta d’Ard-Stiúrthóirí aireachtaí talmhaíochta Bhallstáit an Aontais agus, le linn an chéad chruinnithe, tugadh cuireadh d’ionadaithe ó na príomheagraíochtaí páirtithe leasmhara a n‑anailís ar an staid a chur i láthair freisin. Bhí an plé dírithe ar an gcaoi le tacaíocht níos fearr a thabhairt don earnáil i bhfianaise na ndúshlán struchtúrach atá ann faoi láthair tríd an acmhainneacht táirgeachta a bhainistiú, iomaíochas a fheabhsú agus deiseanna nua margaidh a fhiosrú. Tar éis ceithre chruinniú, d’fhormhuinigh an Grúpa doiciméad ina raibh moltaí beartais i mí na Nollag 2024. Ba dhíol sásaimh tríd is tríd do na páirtithe leasmhara agus do na Feisirí na moltaí i gcruinniú an Choiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (COMAGRI) an 13 Eanáir 2025.
I bhfianaise na freagartha dearfaí ar mholtaí an Ghrúpa Ardleibhéil, tá coinne anois go ndéanfaí tograí reachtacha de na moltaí is práinní agus is sonraí ó thaobh earnála de a luaithe is féidir chun cabhrú le hearnáil an fhíona aghaidh a thabhairt ar na dúshláin thromchúiseacha agus a bheith níos iomaíche. Mura ngníomhóidh an Coimisiún go tapa, rachaidh an staid in olcas a thuilleadh, agus beidh iarmhairtí do-aisiompaithe ann le haghaidh go leor limistéar tuaithe i dtéarmaí fíonghoirt thréigthe agus caillteanas fáis agus deiseanna fostaíochta.
•
Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, leagtar síos forálacha maidir le scéim na n‑údaruithe planduithe fíniúnacha, scéim a leasófar leis an togra seo i gcomhréir le moltaí an Ghrúpa Ardleibhéil maidir le bainistiú na hacmhainneachta táirgeachta, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an riosca maidir le hacmhainneacht táirgeachta barrachais i limistéir agus i ndeighleoga margaidh áirithe nó an riosca sin a chosc. Leis an rialachán seo atá beartaithe, leasaítear freisin na rialacha atá ann faoi láthair maidir le lipéadú chun táirgeadh táirgí fíona ina bhfuil cion alcóil níos ísle a éascú agus chun bealaí nua a cheadú chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi shaintréithe an fhíona a cheannaíonn siad.
Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe, leasaítear é freisin chun na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 maidir le fíonta ina bhfuil cion alcóil níos ísle a chur san áireamh chun gur féidir táirgí fíona cumhraithe a tháirgeadh bunaithe ar na fíonta sin ina bhfuil cion alcóil níos ísle. Chun a áirithiú go gcuirtear tomhaltóirí ar an eolas i gceart faoi chineál na dtáirgí fíona cumhraithe a bhfuil cion alcóil níos ísle iontu, leasaítear na rialacha lipéadúcháin freisin i gcomhréir leis na rialacha maidir le táirgí fíniúna.
Leis an togra seo leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht le haghaidh pleananna straitéiseacha chun an deis a thabhairt do na Ballstáit athstruchtúrú éifeachtúil fíonghort a chomhcheangal leis an ngá atá le méadú ar tháirgeadh a sheachaint, mar a mhol an Grúpa Ardleibhéil. Ina theannta sin, beidh grúpaí táirgeoirí a bhainistíonn ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint in ann tairbhiú de thacaíocht chun turasóireacht fíona a fhorbairt ina réigiún agus cuirfear síneadh leis an uastréimhse tacaíochta le haghaidh oibríochtaí cur chun cinn agus cumarsáide a dhéantar i dtríú tíortha. Chun an comhar in earnáil an fhíona a neartú, infheistíochtaí áirithe a dhéanann eagraíochtaí táirgeoirí, tairbheoidh siad den ráta uasta cúnaimh airgeadais ón Aontas. Chun tacú le táirgeoirí i leith maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, tabharfar an deis do na Ballstáit an cúnamh airgeadais uasta ón Aontas a mhéadú, cúnamh is féidir a sholáthar le haghaidh infheistíochtaí lena saothraítear an cuspóir sin.
Ba cheart na bearta beartais atá beartaithe a chur chun feidhme laistigh de chreat straitéiseach náisiúnta comhleanúnach chun a n‑éifeachtacht a uasmhéadú. Ní mór do na Ballstáit meastóireacht a dhéanamh ar a dtionchar chun éifeachtúlacht, cost-éifeachtúlacht agus tairbhí fadtéarmacha a áirithiú. Áirítear ar na príomhthosaíochtaí míchothromaíochtaí ar an margadh a sheachaint, tírdhreacha a chaomhnú, fostaíocht tuaithe a chothú, agus iomaíochas saothraithe fíniúnacha agus táirgeoirí fíona a fheabhsú.
•
Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Trí tháirgeadh táirgí fíona agus táirgí fíona cumhraithe ina bhfuil cion alcóil níos ísle a éascú, leis an togra seo cuirtear deis ar fáil do thomhaltóirí a n‑iontógáil alcóil a laghdú agus leas a bhaint as fíon ag an am céanna. Maidir le rochtain a thabhairt do ghrúpaí táirgeoirí a bhainistíonn ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint ar thacaíocht chun turasóireacht fíona a fhorbairt ina réigiún, tá sin i gcomhréir leis an aidhm deiseanna fostaíochta agus fáis a chruthú i limistéir thuaithe
2.
BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•
Bunús dlí
An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 42 agus d’Airteagal 43(2) de,
•
Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Leagtar síos i Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle na forálacha is gá a leasú chun moltaí an Ghrúpa Ardleibhéil a chur chun feidhme, agus dá bhrí sin ní féidir leis na Ballstáit na moltaí sin a chur chun feidhme mura leasaítear reachtaíocht an Aontais dá réir. I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, le roinnt forálacha den togra seo saoirse tugtar saoirse níos leithne d’údaráis náisiúnta an acmhainneacht táirgeachta a bhainistiú ar bhealach atá níos oiriúnaí do chás sonrach na réigiún ina dtáirgtear fíon.
•
Comhréireacht
Tá roghanna beartais an togra bunaithe ar mholtaí an Ghrúpa Ardleibhéil, ar comhréiteach atá iontu a formhuiníodh d’aon toil ar thángthas air tar éis ceithre bhabhta plé maidir le roghanna beartais éagsúla agus tacaíonn na Ballstáit uile leo. Bhí plé an Ghrúpa Ardleibhéil bunaithe ar anailís dhomhain a rinne saineolaithe ó Fhaireachlann Mhargadh an Fhíona. Thiomnaigh na saineolaithe sin trí sheisiún speisialta, ó mhí na Nollag 2023 go dtí an dara ráithe de 2024, chun measúnú a dhéanamh ar staid mhargadh an fhíona, chun iniúchadh a dhéanamh ar roghanna beartais éagsúla chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus chun cabhrú leis an earnáil deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a thapú. Tá an togra seo laistigh de theorainn an mhéid is gá chun na cuspóirí atá á saothrú cheana leis na rialacha leasaithe atá ann cheana a bhaint amach.
•
An rogha ionstraime
Leagtar síos na rialacha is gá a leasú chun moltaí an Ghrúpa Ardleibhéil a chur chun feidhme i dtrí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Dá bhrí sin, an ionstraim a roghnófar, ní mór í a bheith ina Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
3.
TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•
Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Neamhbhainteach
•
Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
I bhfianaise a phráinní atá sé an tionscnamh a ghlacadh, níl aon ghlao ar fhianaise ná níl aon chomhairliúchán poiblí beartaithe.
•
Bailiú agus úsáid saineolais
Bhí moltaí an Ghrúpa Ardleibhéil ina dtoradh ar phlé agus anailís leathan agus dhomhain a thosaigh cheana féin sular bunaíodh an Grúpa Ardleibhéil, leis na saineolaithe fíona san Fhaireachlann Mhargaidh agus le páirtithe leasmhara ar dtús agus ansin faoi chuimsiú an Ghrúpa Ardleibhéil in éineacht le hArd-Stiúrthóirí aireachtaí talmhaíochta na mBallstát uile. Tugadh cuireadh freisin do phríomhpháirtithe leasmhara freastal ar cheann de chruinnithe an Ghrúpa Ardleibhéil chun a gcuid tuairimí a chur i láthair. Tá an togra dlí bunaithe ar mholtaí an Ghrúpa Ardleibhéil a d’fhormhuinigh na Ballstáit d’aon toil agus a dtacaíonn páirtithe leasmhara leo agus a bhfáiltíonn COMAGRI rompu.
•
Measúnú tionchair
I bhfianaise na práinne a bhaineann leis an tionscnamh a ghlacadh, ní dhéanfar aon mheasúnú tionchair. Déanfar measúnú ar chostais agus ar thairbhí an tionscnaimh i nDoiciméad Inmheánach Oibre a fhoilseofar laistigh de 3 mhí tar éis a ghlactha.
•
Oiriúnacht rialála agus simpliú
Is é is aidhm don togra seo na costais chomhlíonta a íoslaghdú le haghaidh FBManna os cionn na féidearthachta atá ann cheana an liosta comhábhar agus an dearbhú cothúcháin a sholáthar trí mheán leictreonach, rud a shimplíonn an trádáil idir Ballstáit an Aontais. Faoi láthair, bíonn sé anásta ar tháirgeoirí fíona an nasc (e.g. cód QR) leis an modh leictreonach ina bhfuil an liosta comhábhar agus an dearbhú cothúcháin trí fhocail (e.g. ‘comhábhair’ agus/nó ‘dearbhú cothúcháin’) a shainaithint ar an bpacáiste nó ar lipéad atá ceangailte de, agus tá rialacha éagsúla maidir le sainaithint i measc na mBallstát. Leis an Rialachán atá beartaithe, tabharfar de chumhacht don Choimisiún rialacha a fhorbairt, i gcomhar leis na Ballstáit, maidir le cur chuige comhchoiteann i leith an tsainaitheantais sin, lena laghdófar costais agus an t‑ualach riaracháin go háirithe le haghaidh táirgeoirí beaga a bheidh in ann a bhfíonta a dhíol i dtíortha éagsúla leis an lipéad céanna. Tá ainmníochtaí díolacháin na bhfíonta a bhfuil cion laghdaithe alcóil iontu comhchuibhithe ar fud an Aontais freisin agus déanfar iad níos soiléire trí úsáid a bhaint as téarmaí a bhfuil cur amach níos fearr ag tomhaltóirí orthu.
•
Cearta bunúsacha
Urramaítear leis an togra na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
4.
IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleacht bhuiséadach inchainníochtaithe ag an togra seo. Aon athrú ar chúnamh airgeadais an Aontais le haghaidh na n‑idirghabhálacha faoin bplean straitéiseach, is faoi chuimsiú na n‑imchlúdach airgeadais náisiúnta a dhéantar iad.
5.
EILIMINTÍ EILE
•
Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
I bhfianaise na géarchéime atá roimh earnáil fíona an Aontais faoi láthair, ba cheart don bheart teacht i bhfeidhm a luaithe is féidir, cé is moite de na rialacha lipéadúcháin nua, ar gá feidhm a bheith acu níos déanaí chun am a thabhairt do tháirgeoirí oiriúnú a dhéanamh agus chun gur féidir táirgí arna lipéadú de réir na rialacha is infheidhme roimhe a dhíol go dtí go mbeidh an stoc ídithe.
Tá faireachlann mhargadh an fhíona ag déanamh faireachán leanúnach ar sholáthar agus éileamh cineálacha éagsúla fíona ar mhargadh an Aontais agus tabharfaidh sí léargas ar fhorbairtí dheighleog an mhargaidh fíonta íseal-alcóil, a bhfuil sé d’aidhm ag an rialachán seo atá beartaithe tacú le forbairt ina leith. Déanfar faireachán ar éifeachtaí na n‑athruithe ar scéim na n‑údaruithe planduithe fíniúnacha faoi chuimsiú na cumarsáide éigeantaí bliantúla a thíolacfaidh na Ballstáit maidir le cur chun feidhme na scéime.
•
Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
Neamhbhainteach
•
Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Má dhéantar fíonghort a stoitheadh ó fhréamh, is féidir leis an bhfíonsaothraí údarú athphlandaithe a iarraidh a bheidh bailí ar feadh trí bliana (6 bliana má dhéantar an t‑athphlandú ar an dáileacht talún chéanna). Mhol an Grúpa Ardleibhéil bailíocht níos faide 8 mbliana le haghaidh gach údarú athphlandaithe chun níos mó ama a thabhairt, sa chás éiginnte sin, d’fhíonsaothraithe féachaint an bhféadfaí cineálacha a chur atá níos oiriúnaí d’éileamh an mhargaidh nó do na dálaí aeráide athraitheacha nó teicnící nua bainistithe fíonghort a úsáid.
Thairis sin, chun an brú ar fhíonsaothraithe a mhaolú, ba cheart deireadh a chur leis na pionóis riaracháin a chuirtear i bhfeidhm nuair nach n‑úsáidtear údarú athphlandaithe le linn a thréimhse bailíochta. Os a choinne sin, d’aontaigh an Grúpa Ardleibhéil an pionós riaracháin a cuireadh i bhfeidhm a choinneáil ar bun má fhanann údaruithe nua planduithe gan úsáid d’fhonn iarratais amhantracha ó shaothraithe nach bhfuil sé ar intinn acu fíonghort a phlandú a dhíspreagadh. Mar sin féin, i bhfianaise an laghdaithe atá ag teacht ar an éileamh ar fhíon, fíonsaothraithe a bhfuil údaruithe fós bailí acu nár úsáideadh i gcomhair planduithe nua agus ar roimh an 1 Eanáir 2025 a deonaíodh dóibh iad, ba cheart cead a bheith acu éirí as na húdaruithe sin, faoi dháta áirithe, gan pionós riaracháin a thabhú chun deireadh a chur leis an dreasacht fíonghoirt a phlandú i gcás ina bhféadfadh sé nach mbeadh aon éileamh ar an bhfíon a tháirgfidh siad.
Tá an fhéidearthacht ag na Ballstáit cheana teorainneacha réigiúnacha a leagan síos cheana le haghaidh údaruithe nua planduithe, le haghaidh limistéir shonracha atá i dteideal fíon a tháirgeadh a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint acu, le haghaidh limistéir atá i dteideal fíon a tháirgeadh faoi thásc geografach faoi chosaint, nó do limistéir gan tásc geografach. Ba cheart an fhéidearthacht a thabhairt dóibh freisin teorainn a chur le heisiúint údaruithe nua planduithe ar an leibhéal réigiúnach le haghaidh limistéir shonracha ina bhfuil rósholáthar i gcás inarb é an aidhm a bhí le náisiúnta nó bearta de chuid an Aontais an soláthar a laghdú, amhail driogadh, glasbhuaint nó stoitheadh ó fhréamh fíonghort, nó inar cuireadh chun feidhme iad chun chun méadú breise ar acmhainneacht táirgeachta réigiún ina sáraíonn an soláthar an t‑éileamh cheana féin a sheachaint.
Mar sin féin, i gcás ina gcinneann Ballstát teorainneacha réigiúnacha a leagan síos le haghaidh limistéir shonracha chun fás iomarcach na hacmhainneachta táirgeachta a sheachaint, ba cheart an Ballstát a údarú freisin a iarraidh go n‑úsáidfí na húdaruithe a dheonaítear le haghaidh an limistéir lena mbaineann an teorainn sa limistéar sin toisc go bhfuil baol ann murach sin go n‑eisiafar nuatheachtaithe go hiomlán, rud a dhíspreagfadh iontrálaithe nua agus feirmeoirí óga.
Cé nach méadaíonn athphlandú fíonghoirt stoite ó fhréamh limistéar na bhfíonghort ina iomláine, ba cheart an fhéidearthacht a thabhairt do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis an athphlandú chun bainistiú níos fearr a dhéanamh ar dháileadh críochach na bhfíonghort. Féadfar údaruithe planduithe a úsáid ar an ngabháltas céanna ar a ndearnadh an stoitheadh ó fhréamh. Ós rud é gur féidir fíonghoirt i réigiúin éagsúla a bheith i ngabháltais, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann athlonnú fíonghort idir réigiúin a sheachaint nuair a bhíonn sé tábhachtach an fíonsaothrú a choinneáil ar bun sa réigiún geografach tosaigh ar chúiseanna socheacnamaíocha nó comhshaoil, mar shampla chun fíonghoirt ar fhánaí agus ar léibhinn a chaomhnú nó tírdhreach a chaomhnú agus creimeadh ithreach a sheachaint. Ba cheart an fhéidearthacht a thabhairt do na Ballstáit freisin coinníollacha speisialta a leagan síos maidir le húdaruithe planduithe chun úsáid cineálacha agus modhanna táirgthe nach méadaíonn an mheántáirgeacht a spreagadh.
I gcomhthéacs tomhaltas a laghdú, tá sé an-tábhachtach faireachán a dhéanamh ar an acmhainneacht táirgeachta fhoriomlán maidir le cothromaíocht an mhargaidh amach anseo. Is é sin an cuspóir atá le cur i bhfeidhm na scéime údaraithe plandaithe agus ba cheart feidhm a bheith aige i ngach Ballstát ina dtáirgtear fíon nuair a bhaintear limistéar áirithe fíonghort amach.
Le blianta beaga anuas tá síorathrú ar éileamh tomhaltóirí ar tháirgí fíniúna a bhfuil cion laghdaithe alcóil iontu. I gcás táirgí den sórt sin, tá cur amach ag tomhaltóirí ar théarmaí amhail alcól nialasach, saor ó alcól agus alcól íseal, ach rialaítear iad ar bhealach éagsúil i mBallstáit éagsúla, áfach. Go deimhin, in éagmais rialacha sonracha de chuid an Aontais maidir le maímh chothúcháin lena dtagraítear do leibhéil ísle alcóil, nó do laghdú nó easpa alcóil nó fuinnimh i ndeochanna a mbíonn alcól iontu de ghnáth, féadfaidh feidhm a bheith ag rialacha náisiúnta ábhartha i gcomhréir le hAirteagal ardleibhéil 4(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 maidir le maímh chothúcháin agus shláinte a dhéantar i leith bianna (an Rialachán maidir le Maímh). Is gá, dá bhrí sin, úsáid na dtéarmaí sin a chomhchuibhiú agus an t‑ábhar alcóil atá nasctha le gach ceann acu ar fud an Aontais a shainiú. Ba cheart é sin a léiriú freisin sna rialacha maidir le lipeadú táirgí fíona chun an tomhaltóir a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr faoi shaintréithe agus modhanna táirgthe táirgí fíniúna ar lú an méid alcóil atá iontu, rud a chuirfeadh ar chumas earnáil fíona an Aontais tairbhiú den fhorbairt sin ar éileamh na dtomhaltóirí agus ardchaighdeáin táirgthe á gcoinneáil ar bun ag an am céanna.
Is deis don earnáil é éileamh ard tomhaltóirí ar tháirgí fíona shúilínigh ina bhfuil cion níos ísle alcóil nó nach bhfuil alcól iontu, ach tá teorainneacha teicneolaíochta ann le haghaidh a dtáirgthe mar gheall ar na rialacha táirgthe atá ann faoi láthair maidir le dí-alcólú. De réir na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair, ní mór saintréithe agus neart alcóil iarbhír iosta na catagóire a bheith bainte amach ag táirgí fíona sula rachaidh siad faoin bpróiseas dí-alcólúcháin. Leis an bpróiseas dí-alcólúcháin, baintear an CO2 ó fhíonta súilíneacha. Dá bhrí sin, ba cheart a cheadú fíonta súilíneacha agus aeraithe a tháirgeadh ó fhíonta socra dí-alcólaithe nó páirt-dhí-alcólaithe tríd an dara coipeadh nó trí CO2 a chur isteach, ar choinníoll go ndéantar iad a lipéadú ar bhealach nach gcuireann an tomhaltóir amú.
Tá sé cruthaithe go bhfuil an fhéidearthacht an liosta comhábhar agus an dearbhú cothúcháin a chur ar fáil go leictreonach ina bealach éifeachtach le haghaidh oibreoirí a sholáthraíonn faisnéis thábhachtach do thomhaltóirí, agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus onnmhairí fíona á n‑éascú ag an am céanna, go háirithe do tháirgeoirí beaga. Mar sin féin, in éagmais rialacha comhchuibhithe maidir leis na modhanna leictreonacha ar an lipéad fisiceach a shainaithint agus na réitigh éagsúla a chuireann na Ballstáit i bhfeidhm dá bharr sin, tá ilroinnt sa mhargadh aonair, rud a dhéanann difear do mhargú cuí fíonta ar fud an Aontais. Ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún, dá bhrí sin, rialacha a fhorbairt, i gcomhar leis na Ballstáit, maidir le sainaithint na modhanna leictreonacha lena soláthraítear faisnéis do thomhaltóirí, go háirithe trí chóras saor ó theanga, chun costais agus an t‑ualach riaracháin ar oibreoirí a íoslaghdú, agus chun cur chuige comhchoiteann ar fud mhargadh an Aontais a áirithiú, agus an gá atá le faisnéis a dhéanamh inrochtana le haghaidh tomhaltóirí á chur san áireamh. Leis an dréachtrialachán seo, tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin na rialacha lipéadúcháin leictreonacha a chur in oiriúint do riachtanais nua a eascraíonn as dul chun cinn tapa leanúnach na digiteála agus as an méid méadaitheach faisnéise ba cheart a chur ar fáil do thomhaltóirí.
Tá an fhéidearthacht ag na Ballstáit rialacha margaíochta a ghlacadh chun an soláthar in earnáil an fhíona a rialáil chun oibriú an chómhargaidh fíona a fheabhsú agus a chobhsú. I gcomhthéacs reatha an laghdaithe ar thomhaltas struchtúrach agus cásanna athfhillteacha rósholáthair i réigiúin agus i gcodanna margaidh áirithe, is iomchuí a shoiléiriú gur féidir leagan síos uastáirgeachta fíonchaor agus bainistiú stoc fíona a áireamh i rialacha den sórt sin. Thairis sin, is féidir le heagraíochtaí táirgeoirí ról tábhachtach a bheith acu maidir le seasamh fíonsaothraithe i slabhra an tsoláthair bia a neartú agus maidir leis an soláthar a chur in oiriúint do threochtaí sa mhargadh. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rialacha margaíochta a ghlacadh in earnáil an fhíona agus moltaí arna nglacadh ag eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí nó ag eagraíochtaí aitheanta idirchraoibhe á gcur san áireamh i gcás ina bhfuil siad ionadaíoch sa limistéar eacnamaíoch nó sa limistéar eacnamaíoch.
I gcás míchothromaíochtaí ar an margadh, údaraítear do na Ballstáit faoi láthair íocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh le táirgeoirí fíona i leith driogadh fíona deonach nó éigeantach. Is é is aidhm don togra seo íocaíochtaí náisiúnta a údarú le haghaidh glasbhuaint dheonach agus fíonghoirt tháirgiúla a stoitheadh ó fhréamh go deonach mar uirlisí breise bainistithe soláthair, i bhfianaise na costéifeachtúlachta chun barrachas fíona a bhaint ón margadh sula dtáirgtear é. Leagtar síos teorainneacha le haghaidh méid foriomlán na n‑íocaíochtaí náisiúnta atá údaraithe i mBallstát in aon bhliain ar leith le haghaidh driogtha agus glasbhuainte chun saobhadh iomaíochta a sheachaint. Maidir le stoitheadh ó fhréamh, i bhfianaise chineál struchtúrach an bhirt agus na gcostas níos airde a bhaineann leis, leagfar síos an teorainn le haghaidh íocaíochtaí náisiúnta cás ar chás ar bhonn imthosca sonracha margaidh an Bhallstáit agus na réigiún fíona ina gcuirfí chun feidhme é.
Is ionad díolacháin tábhachtach le haghaidh táirgí fíniúna iad táirgí fíona cumhraithe. Mar sin féin, leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair, ní cheadaítear úsáid a bhaint as na hainmníochtaí díolacháin arna bhforchoimeád le haghaidh táirgí fíona cumhraithe le haghaidh deochanna nach sroicheann an cion alcóil íosta le haghaidh gach catagóire táirgí. I bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar éileamh na dtomhaltóirí ar dheochanna alcólacha nuálacha ar lú a neart alcóil iarbhír de réir toirte, ba cheart a cheadú táirgí fíona cumhraithe a fháil ó fhíonta dí-alcólaithe nó páirt-dhí-alcólaithe. Chun a áirithiú go gcuirfear tomhaltóirí ar an eolas mar is ceart maidir le cineál na dtáirgí fíona cumhraithe a bhfuil cion alcóil níos ísle iontu, is iomchuí rialacha chun fíonta dí-alcólaithe nó páirt-dhí-alcólaithe a lipéadú, ionas go bhféadfaidh na táirgí fíona cumhraithe sin na téarmaí tuairisciúla céanna a úsáid ina gcur i láthair agus ina lipéadú agus a úsáideann na táirgí fíniúna a bhfuil an neart alcóil comhfhreagrach iontu. Chun soiléireacht na faisnéise chuig tomhaltóirí a fheabhsú, ba cheart na forálacha a bhaineann le lipéadú an dearbhaithe cothúcháin agus le liosta comhábhar táirgí fíona cumhraithe trí bhíthin meán leictreonach a ailíniú leis na forálacha sin a chuirtear i bhfeidhm maidir le táirgí fíniúna.
Chun freastal ar éileamh nua tomhaltóirí agus ar an ngá atá le nuálaíocht táirgí, leasaítear na riachtanais le haghaidh na catagóire táirgí fíona cumhraithe ‘Glühwein’ chun úsáid fíon rosé a cheadú. An tráth céanna, déantar forálacha chun toirmeasc a chur ar úsáid an téarma ‘rosé’ i lipéadú ‘Glühwein’ a tháirgtear trí fhíon dearg agus geal nó aon cheann díobh sin a chomhcheangal le fíon rosé. Tugtar isteach maolú lipéadaithe chun a cheadú deochanna alcólacha a tháirgtear leis na ceanglais chéanna a leagtar síos le haghaidh ‘Glühwein’, ach trí fhíon torthaí a úsáid in ionad táirgí fíniúna mar phríomh-chomhábhar, an ainmníocht díolacháin ‘Glühwein’ a úsáid ina gcur i láthair agus ina lipéadú chun freastal ar éileamh tomhaltóirí ar tháirgí den sórt sin.
Faoi chuimsiú Phleananna Straitéiseacha CBT, is féidir tacú le hathstruchtúrú agus athchóiriú fíonghort. Chun cothromaíocht a bhaint amach idir an gá atá ann na Ballstáit athstruchtúrú éifeachtúil fíonghort a áirithiú agus an gá atá ann méadú ar tháirgeadh a sheachaint a bhféadfadh rósholáthar a bheith mar thoradh air, beidh cead ag na Ballstáit coinníollacha a leagan síos maidir le cur chun feidhme an chineáil idirghabhála a bhaineann le hathstruchtúrú agus athchóiriú agus é mar aidhm acu méadú ar tháirgeacht a laghdú agus, ar an gcaoi sin, méadú ar tháirgeadh le haghaidh an fhíonghoirt atá faoi réir idirghabhálacha den chineál sin a sheachaint.
D’fhonn turasóireacht fíona a fhorbairt i réigiúin fíona a bhfuil ainmniúcháin faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint acu, is féidir le grúpaí táirgeoirí a bhainistíonn ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint a bheith ina dtairbhithe anois de na cineálacha idirghabhála a chuireann turasóireacht fíona chun cinn i réigiúin táirgthe.
Maidir leis an aidhm sin a bhaint amach, tá sé ráite arís agus arís eile ag páirtithe leasmhara agus ag na Ballstáit gur róghearr an tréimhse é an uastréimhse reatha trí bliana le haghaidh na tacaíochta a dheonaítear d’oibríochtaí cur chun cinn agus cumarsáide a dhéantar i dtríú tíortha i ndáil le comhdhlúthú asraonta margaidh. Dá bhrí sin, cuirtear síneadh leis an uastréimhse ó 3 bliana go 5 bliana.
Chun dreasacht bhreise a sholáthar le haghaidh comhair in earnáil an fhíona, infheistíochtaí áirithe arna ndéanamh ag eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta, tairbheoidh siad den uasráta céanna cúnaimh airgeadais ón Aontas agus atá ann cheana i gcás micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide.
D’fhonn tuilleadh tacaíochta a thabhairt do tháirgeoirí maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, tugtar an rogha do na Ballstáit an cúnamh airgeadais uasta ón Aontas a mhéadú is féidir a sholáthar le haghaidh infheistíochtaí lena saothraítear an cuspóir sin go dtí suas le 80 % de na costais infheistíochta incháilithe.
Chun soiléiriú a dhéanamh ar na coinníollacha is infheidhme maidir le cúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh infheistíochtaí sa nuálaíocht, luaitear go sainráite nach bhfuil aon chúnamh airgeadais den sórt sin ón Aontas le deonú d’fhiontair atá i gcruachás de réir bhrí na Teachtaireachta ón gCoimisiún dar teideal ‘Guidelines on State aid for rescuing and restructuring non-financial undertakings in difficulty [Treoirlínte maidir le Státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu]’.
2025/0071 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, Rialachán (AE) 2021/2115 agus Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 a mhéid a bhaineann le rialacha margaidh áirithe agus bearta tacaíochta earnála áirithe in earnáil an fhíona agus le haghaidh táirgí fíona cumhraithe
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42, an chéad fhomhír, agus Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Cé go bhfuil an tAontas fós ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain maidir le táirgeadh, tomhaltas agus luach onnmhairithe fíona, tá tionchar ag athruithe sochaíocha agus déimeagrafacha ar an méid, ar an gcáilíocht agus ar na cineálacha fíona atá á dtomhailt. Tá tomhaltas fíona san Aontas ar an leibhéal is ísle le trí dheacáid anuas agus tá tionchar ag meascán de threochtaí tomhaltais atá ag laghdú agus ag tosca geopholaitiúla ar mhargaí onnmhairiúcháin traidisiúnta le haghaidh fíonta an Aontais, rud a fhágann go bhfuil patrúin onnmhairiúcháin níos éiginnte ann. Ina theannta sin, tá an táirgeadh ag éirí dothuartha, i bhfianaise leochaileacht earnáil an fhíona i leith an athraithe aeráide. Mar gheall ar an rósholáthar a eascraíonn as an leochaileacht sin, rud a fhágann laghdú ar phraghsanna, tá níos lú ioncaim ag fíonsaothraithe chun infheistíocht a dhéanamh ina ngnó agus is íseal iad na cúlchistí airgeadais atá acu le bheith ag brath orthu, má bhuaileann ceann de na teagmhais adhaimsire is minice ina réigiún, ar teagmhais adhaimsire an-áitiúil iad go minic.
(2)Bunaíodh an Grúpa Ardleibhéil um an mBeartas Fíona (‘HLG’) chun na dúshláin sin a phlé agus chun deiseanna a d’fhéadfadh a bheith le haghaidh earnáil fíona an Aontais a shainaithint. Rinneadh machnamh ann ar an gcaoi chun tacaíocht níos fearr a thabhairt don earnáil chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin struchtúracha atá ann faoi láthair tríd an acmhainneacht táirgeachta a bhainistiú, iomaíochas a fheabhsú agus deiseanna nua margaidh a fhiosrú. Tar éis ceithre chruinniú, d’fhormhuinigh an Grúpa Ardleibhéil doiciméad ina raibh moltaí beartais.
(3)Chun an tacaíocht is fearr is féidir a sholáthar do tháirgeoirí fíona a bhfuil na dúshláin sin rompu, is iomchuí na moltaí is práinní ón nGrúpa Ardleibhéil a léiriú sa chreat dlíthiúil is infheidhme maidir le fíonta agus táirgí fíona cumhraithe.
(4)I bhfianaise an laghdaithe atá ag teacht ar an éileamh ar fhíon, fíonsaothraithe a bhfuil údaruithe fós bailí acu nár úsáideadh i gcomhair planduithe nua chomh maith le húdaruithe a eascraíonn as cearta plandaithe a deonaíodh dóibh, ar roimh an 1 Eanáir 2025 a deonaíodh dóibh iad, ba cheart cead a bheith acu na húdaruithe sin a tharscaoileadh gan pionós riaracháin a thabhú, d’fhonn deireadh a chur leis an dreasacht do shealbhóirí údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha a phlandú i gcás ina bhféadfadh sé nach mbeadh aon éileamh ar an bhfíon a tháirgfidh siad. Maidir leis na húdaruithe planduithe nua a dheonófar tar éis an dáta sin, ba cheart go leanfadh an pionós riaracháin d’fheidhm a bheith aige i gcás neamhúsáid na n‑údaruithe sin chun iarratais amhantracha ó fhíonsaothraithe nach bhfuil sé ar intinn acu fíonghort a phlandú a dhíspreagadh.
(5)Maidir le bainistiú na hacmhainneachta táirgeachta, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le tréimhse bhailíochta níos faide d’údaruithe athphlanduithe chun níos mó ama a thabhairt do tháirgeoirí féachaint an bhféadfaí cineálacha plandaí a chur atá níos oiriúnaí d’éileamh an mhargaidh nó do na dálaí aeráide atá ag athrú nó féachaint an bhféadfaí teicnící nua a úsáid chun fíonghoirt a bhainistiú. Thairis sin, chun an brú ar fhíonsaothraithe a mhaolú, níor cheart pionóis riaracháin a ghearradh orthu má chinneann siad gan údarú athphlandaithe a úsáid.
(6)Ba cheart an fhéidearthacht a thabhairt do na Ballstáit teorainn a chur le heisiúint údaruithe nua planduithe ar an leibhéal réigiúnach le haghaidh limistéir shonracha ina bhfuil rósholáthar i gcás ina bhfuil bearta náisiúnta nó bearta de chuid an Aontais curtha chun feidhme, nó le cur chun feidhme, arb é is aidhm dóibh an soláthar a laghdú (i.e. driogadh, glasbhuaint nó stoitheadh ó fhréamh fíonghort) d’fhonn méadú breise ar an acmhainneacht táirgeachta a sheachaint.
(7)I gcás ina gcinnfidh Ballstát teorainneacha réigiúnacha a leagan síos le haghaidh limistéir shonracha chun fás iomarcach ar an acmhainneacht táirgeachta a sheachaint, is iomchuí a cheadú do na Ballstáit a cheangal go n‑úsáidfear na húdaruithe a dheonaítear don limistéar lena mbaineann an teorainn réigiúnach sa limistéar sin. Chun na treochtaí is déanaí in earnáil an fhíona a chur san áireamh ar bhealach níos fearr, ba cheart an tsolúbthacht a bheith ag na Ballstáit teorainneacha réigiúnacha a leagan síos le haghaidh limistéir shonracha chomh híseal le 0 %, d’fhonn an acmhainneacht táirgeachta a chur in oiriúint d’éileamh an mhargaidh.
(8)Cé nach méadaítear limistéar an fhíonghoirt nuair a dhéantar fíonghort stoite ó fhréamh a athphlandú, ba cheart an fhéidearthacht a thabhairt do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le hathphlandú chun bainistiú níos fearr a dhéanamh ar dháileadh críochach na bhfíonghort, mar shampla chun athlonnú fíonghort chuig réigiúin ina bhfuil míchothromaíocht ar an margadh nó athlonnú ar shiúl ó fhánaí agus ó léibhinn a sheachaint, áit a bhfuil ról tábhachtach acu i gcaomhnú an tírdhreacha agus chun creimeadh ithreach a sheachaint. Ba cheart an fhéidearthacht a thabhairt do na Ballstáit freisin coinníollacha a leagan síos maidir le húsáid cineálacha fíonchaor agus modhanna táirgthe chun méadú ar tháirgeacht a sheachaint agus chun caomhnú cineálacha fíonchaor traidisiúnta agus modhanna táirgthe traidisiúnta a áirithiú.
(9)D’fhonn cur chuige comhréireach a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm scéim na n‑údaruithe planduithe, agus na rioscaí tromchúiseacha a bhaineann le rósholáthar don mhargadh á gcur san áireamh, is iomchuí tairseach uasta heicteár a bhunú le haghaidh fíonghoirt phlandaithe faoina ndíolmhaítear na Ballstáit ón oibleagáid scéim na n‑údaruithe planduithe a chur i bhfeidhm.
(10)Le blianta beaga anuas, tá éileamh tomhaltóirí ag síorathrú ar tháirgí fíniúna a bhfuil cion laghdaithe alcóil iontu, a tháirgtear faoi láthair trí dhí-alcólú trí úsáid a bhaint as teicnící áirithe a cheadaítear san Aontas. Tá cur amach ag tomhaltóirí ar théarmaí amhail ‘0.0 %’, ‘saor ó alcól’ agus ‘alcól éadrom’, a úsáidtear go forleathan ach a rialaítear ar bhealaí éagsúla i mBallstáit éagsúla. Is gá, dá bhrí sin, úsáid na dtéarmaí sin a chomhchuibhiú ar fud an Aontais. Ba cheart, dá bhrí sin, na rialacha maidir le lipéadú táirgí fíona a leasú chun an tomhaltóir a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr faoi shaintréithe táirgí fíniúna ina bhfuil cion alcóil laghdaithe, agus an oibleagáid a chóiméad maidir le faisnéis a sholáthar faoin modh táirgthe ina bhfuil dí-alcólú ag an am céanna. Leis an méid sin, ba cheart é a chur ar a cumas d’earnáil fíona an Aontais tairbhiú den fhorbairt sin maidir le héileamh tomhaltóirí agus ardchaighdeáin táirgthe á gcoinneáil ar bun ag an am céanna.
(11)Is deis don earnáil é éileamh ard tomhaltóirí ar tháirgí fíona shúilínigh ina bhfuil cion níos ísle alcóil nó nach bhfuil alcól iontu. Mar sin féin, leis na rialacha atá ann faoi láthair maidir le táirgeadh fíonta dí-alcólaithe, cuirtear teorainneacha teicneolaíochta áirithe i bhfeidhm maidir le táirgeadh fíonta den sórt sin. De réir na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair, ní mór saintréithe agus neart alcóil íosta na catagóire comhfhreagraí a bheith bainte amach ag táirgí fíona sula rachaidh siad faoin bpróiseas dí-alcólúcháin, rud a thugann le tuiscint nach féidir fíonta súilíneacha dí-alcólaithe a tháirgeadh ach ó fhíonta súilíneacha. Mar sin féin, leis an bpróiseas dí-alcólúcháin, baintear aon CO2 ina iomláine ón bhfíon súilíneach tosaigh. Dá bhrí sin, chun fíon súilíneach a tháirgeadh ina bhfuil cion alcóil níos ísle nó nach bhfuil aon chion alcóil ann, san fhíon dí-alcólaithe a chaill a chion CO2 tosaigh go páirteach nó go hiomlán, is gá CO2 a thabhairt isteach arís trí phróiseas nua ar leithligh. Dá bhrí sin, ba cheart táirgeadh fíonta súilíneacha dí-alcólaithe agus aeraithe a cheadú go díreach ó fhíonta socra dí-alcólaithe nó páirt-dhí-alcólaithe tríd an dara coipeadh nó trí CO2 a chur leo, faoi seach.
(12)Maidir leis an bhféidearthacht an liosta comhábhar agus an dearbhú cothúcháin ar tháirgí fíona a chur ar fáil go leictreonach, tá sé cruthaithe go bhfuil sí éifeachtach le haghaidh oibreoirí maidir le faisnéis thábhachtach a chur ar fáil do thomhaltóirí, agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus onnmhairí fíona á n‑éascú ag an am céanna, go háirithe do tháirgeoirí beaga. Mar sin féin, in éagmais rialacha comhchuibhithe maidir leis na modhanna leictreonacha lena soláthraítear an liosta comhábhar agus/nó an dearbhú cothúcháin a shainaithint ar an bpacáiste nó ar an lipéad atá ceangailte de, tá cleachtais éagsúla ag oibreoirí agus rialacha éagsúla ag údaráis náisiúnta, rud a dhéanann difear do mhargú fíonta ceart. Chun na costais agus an t‑ualach riaracháin ar oibreoirí a íoslaghdú, agus chun cur chuige comhchoiteann ar fud mhargadh an Aontais a áirithiú, agus an gá atá leis an bhfaisnéis sin a dhéanamh inrochtana do thomhaltóirí á chur san áireamh, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún rialacha a fhorbairt, i gcomhair leis na Ballstáit, maidir le sainaithint na modhanna leictreonacha ar an bpacáiste nó ar an lipéad atá ceangailte de, lena soláthraítear an liosta comhábhar agus an dearbhú cothúcháin do thomhaltóirí ar bhealach comhchuibhithe, lena n‑áirítear trí chóras saor ó theangacha.
(13)Ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún na rialacha maidir le lipéadú leictreonach a oiriúnú do riachtanais nua a eascraíonn as dul chun cinn tapa leanúnach na digiteála agus freastal ar fhaisnéis éigeantach nó ábhartha eile le haghaidh tomhaltóirí, ar faisnéis í a fhéadfar a chur i láthair go leictreonach.
(14)Tá an fhéidearthacht ag na Ballstáit rialacha margaíochta a ghlacadh chun an soláthar in earnáil an fhíona a rialáil chun oibriú an chómhargaidh fíona a fheabhsú agus a chobhsú. I gcomhthéacs reatha an laghdaithe ar thomhaltas struchtúrach agus cásanna athfhillteacha rósholáthair i réigiúin agus i ndeighleoga margaidh áirithe, is iomchuí a shoiléiriú gur féidir leagan síos uastáirgeachta fíonchaor agus bainistiú stoc fíona a áireamh i rialacha den sórt sin. Thairis sin, is féidir le heagraíochtaí táirgeoirí ról tábhachtach a bheith acu maidir le seasamh na fíonsaothraithe sa soláthar bia a neartú agus maidir leis an soláthar a chur in oiriúint do threochtaí sa mhargadh. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rialacha margaíochta a ghlacadh in earnáil an fhíona agus moltaí arna nglacadh ag eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta nó ag eagraíochtaí idirchraoibhe aitheanta á gcur san áireamh i gcás ina bhfuil siad ionadaíoch sa limistéar eacnamaíoch nó sna limistéir eacnamaíocha lena mbaineann.
(15)Faoi láthair, féadfar na Ballstáit a údarú íocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh le táirgeoirí fíona i leith driogadh fíona deonach nó éigeantach. I bhfianaise a chostéifeachtaí atá sé táirgeacht bharrachais a bhaint den mhargadh sula dtáirgtear fíon, is iomchuí freisin foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht na Ballstáit a údarú, i gcásanna éigeandála a bhfuil údar cuí leo, íocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh i leith glasbhuainte deonaí agus i leith fíonghoirt tháirgiúla a stoitheadh ó fhréamh go deonach. Leis an Rialachán seo, ba cheart teorainneacha a leagan síos do mhéid foriomlán na n‑íocaíochtaí náisiúnta atá údaraithe i mBallstát in aon bhliain ar leith le haghaidh driogtha agus glasbhuainte chun saobhadh iomaíochta a sheachaint. Maidir le stoitheadh ó fhréamh, i bhfianaise chineál struchtúrach an bhirt agus na gcostas níos airde a bhaineann leis, níl sé iomchuí uasmhéid foriomlán íocaíochtaí náisiúnta a leagan síos. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit údar cuí a thabhairt, agus fógra á thabhairt acu, leis an teorainn le haghaidh íocaíochtaí náisiúnta de réir an cháis ar bhonn a gcúinsí sonracha margaidh agus imthosca sonracha na réigiún fíona ina gcuirfí an beart chun feidhme.
(16)Is ionad díolacháin nádúrtha le haghaidh táirgí fíniúna iad táirgí fíona cumhraithe. Mar sin féin, le Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ní cheadaítear úsáid a bhaint as na hainmníochtaí díolacháin arna bhforchoimeád le haghaidh táirgí fíona cumhraithe le haghaidh deochanna nach sroicheann an cion alcóil íosta a leagtar síos sa Rialachán sin le haghaidh gach catagóire táirgí. I bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar éileamh na dtomhaltóirí ar dheochanna nuálacha alcólacha ar lú a neart alcóil iarbhír de réir toirte, ba cheart a cheadú deochanna a fhaightear ó fhíonta dí-alcólaithe nó páirt-dhí-alcólaithe a tháirgtear i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur ar an margadh a mbeidh ainmníochtaí díolacháin arna bhforchoimeád le haghaidh táirgí fíona cumhraithe ina gcur i láthair agus ina lipéadú.
(17)Chun a áirithiú go gcuirfear tomhaltóirí ar an eolas mar is ceart faoi chineál na dtáirgí fíona cumhraithe a bhfuil cion alcóil níos ísle iontu, is iomchuí rialacha a leagan síos i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 maidir le lipéadú fíonta dí-alcólaithe nó páirt-dhí-alcólaithe, ionas go dtabharfar tuairisc ar tháirgí fíona cumhraithe a fhaightear ó fhíonta dí-alcólaithe nó páirt-dhí-alcólaithe ina gcur i láthair agus ina lipéadú de réir na dtéarmaí céanna le táirgí fíniúna a bhfuil an neart alcóil comhfhreagrach acu.
(18)Na saincheisteanna a chuirtear i dtábhacht thuas maidir le táirgí fíniúna i ndáil le sainaithint na meán leictreonach ina bhfuil an dearbhú cothúcháin agus an liosta comhábhar, tá siad bailí freisin i gcás táirgí fíona cumhraithe. Ba cheart, dá bhrí sin, a thabhairt de chumhacht don Choimisiún rialacha a fhorbairt, i gcomhar leis na Ballstáit, maidir le sainaithint modhanna leictreonacha le haghaidh táirgí fíona cumhraithe ar an bpacáiste nó ar an lipéad atá ceangailte de. Chun an tsimplíocht agus an tsoiléireacht a áirithiú, ba cheart na rialacha sin a bheith mar an gcéanna leis na rialacha a chuirtear i bhfeidhm maidir le táirgí fíniúna.
(19)Chun freastal ar éilimh nua tomhaltóirí agus ar an ngá atá le nuálaíocht táirgí, ba cheart rialacha maidir le táirgeadh agus lipéadú na catagóire táirgí fíona cumhraithe ‘Glühwein’ a leasú chun a cheadú fíon rosé a úsáid. An tráth céanna, ba cheart toirmeasc a chur ar úsáid an téarma ‘rosé’ i gcur i láthair agus i lipéadú Glühwein a tháirgtear trí fhíon dearg agus fíon geal nó aon cheann díobh sin a chomhcheangal le fíon rosé. Ar na cúiseanna céanna, is iomchuí freisin maolú a leagan síos lena gceadófar deochanna alcólacha a tháirgtear leis na ceanglais chéanna agus atá leagtha síos le haghaidh Glühwein ach trí fhíon torthaí mar phríomh-chomhábhar a úsáid in ionad táirgí fíniúna chun an ainmníocht díolacháin Glühwein a úsáid ina chur i láthair agus ina lipéadú.
(20)D’fhonn turasóireacht fíona a fhorbairt i réigiúin fíona a bhfuil ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint acu, is iomchuí a cheadú grúpaí táirgeoirí a bhainistíonn ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bheith ina dtairbhithe den chineál idirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (i), de Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(21)Chun cothromaíocht a bhaint amach idir an gá atá ann na Ballstáit athstruchtúrú éifeachtúil fíonghort a áirithiú agus an gá atá ann méadú ar tháirgeadh a sheachaint a bhféadfadh an rósholáthar a bheith mar thoradh air, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit coinníollacha a bhunú chun athstruchtúrú agus athchóiriú fíonghort dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2115 a chur chun feidhme. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na coinníollacha sin méadú ar tháirgeacht a sheachaint agus, ar an gcaoi sin, méadú ar tháirgeadh le haghaidh na bhfíonghort atá faoi réir idirghabhálacha den chineál sin a sheachaint.
(22)Chun dul in oiriúint do threochtaí sa mhargadh agus chun leas a bhaint as deiseanna éifeachtúla sa mhargadh, ba cheart an uastréimhse tacaíochta le haghaidh oibríochtaí cur chun cinn agus cumarsáide a dhéantar i dtríú tíortha i ndáil le comhdhlúthú asraonta margaidh a shíneadh ó 3 bliana go 5 bliana.
(23)Chun an comhar in earnáil an fhíona a neartú, na hinfheistíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2115 a dhéanann eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba cheart dóibh tairbhiú de ráta uasta an chúnaimh airgeadais ón Aontas a leagtar amach in Airteagal 59(2) de Rialachán (AE) 2021/2115 mar a dhéantar cheana i gcás micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún.
(24)Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do tháirgeoirí maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht a bheith ag na Ballstáit an cúnamh airgeadais uasta ón Aontas le haghaidh infheistíochtaí lena saothraítear an cuspóir sin a mhéadú go dtí suas le 80 % de na costais infheistíochta incháilithe.
(25)Thairis sin, is gá a shoiléiriú nár cheart an cúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh na nuálaíochta dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (e), de Rialachán (AE) 2021/2115 a dheonú d’fhiontair atá i gcruachás de réir bhrí na Teachtaireachta ón gCoimisiún ‘Treoirlínte maidir le Státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu’ mar is amhlaidh i gcás cúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh infheistíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (b), den Rialachán sin.
(26)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 agus Rialachán (AE) 2021/2115 a leasú dá réir sin.
(27)Chun am a thabhairt do tháirgeoirí iad féin a chur in oiriúint do na ceanglais nua a bhaineann le hainmniúchán táirgí fíniúna ina bhfuil cion alcóil íseal, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais nua sin 18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Is iomchuí freisin rialacha idirthréimhseacha a sholáthar ionas gur féidir leanúint de tháirgí fíniúna a chur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe, ar ceanglais iad a lipéadaíodh sular cuireadh na ceanglais nua i bhfeidhm.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 mar a leanas:
(1)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 62(3):
‘3. Na húdaruithe dá dtagraítear i mír 1, arna ndeonú i gcomhréir le hAirteagail 64 agus 68, beidh siad bailí ar feadh 3 bliana ón dáta ar deonaíodh iad. Táirgeoir nár bhain úsáid as údarú a deonaíodh i gcomhréir le hAirteagail 64 agus 68 le linn tréimhse bailíochta an údaraithe sin, beidh sé faoi réir pionóis riaracháin mar a fhoráiltear in Airteagal 90a(4).
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, táirgeoirí a bhfuil údaruithe bailí ina seilbh acu i gcomhréir le hAirteagail 64 agus 68 a deonaíodh roimh an 1 Eanáir 2025, ní bheidh siad faoi réir an phionóis riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 90a(4) ar choinníoll go gcuirfidh siad na húdaráis inniúla ar an eolas roimh dháta éaga an údaraithe agus ar a dhéanaí faoin 31 Nollaig 2026 nach bhfuil sé beartaithe acu úsáid a bhaint as a n‑údarú.
Na húdaruithe arna ndeonú i gcomhréir le hAirteagal 66 le haghaidh athphlanduithe, beidh siad bailí ar feadh 8 mbliana ón dáta a deonaíodh iad. Táirgeoirí nár bhain úsáid as údarú arna dheonú i gcomhréir le hAirteagal 66 le linn tréimhse bailíochta an údaraithe sin, ní beidh siad faoi réir an phionóis riaracháin mar a fhoráiltear in Airteagal 90a(4).’
(2)Leasaítear Airteagal 63 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Féadfaidh na Ballstáit:
(a) céatadán is ísle ná an céatadán atá leagtha amach i mír 1a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta;
(b) teorainn a chur le húdaruithe a eisiúint ar an leibhéal réigiúnach, le haghaidh limistéir shonracha atá i dteideal fíon a tháirgeadh a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint acu, do limistéir atá i dteideal fíon a tháirgeadh faoi thásc geografach faoi chosaint, nó le haghaidh limistéir gan tásc geografach
(c) teorainn a chur le heisiúint údaruithe i gcomhair planduithe nua ar an leibhéal réigiúnach, le haghaidh limistéir shonracha inar cuireadh chun feidhme bearta náisiúnta nó bearta de chuid an Aontais a bhaineann le driogadh fíona, glasbhuaint nó stoitheadh ó fhréamh i gcásanna géarchéime a bhfuil údar maith leo.
Chun críocha phointe (c), ciallaíonn ‘glasbhuaint’ na triopaill fíonchaor a scriosadh nó a bhaint ina n‑iomláine agus iad fós neamhaibí, rud a fhágann go laghdófar táirgeacht an limistéir lena mbaineann go táirgeacht nialasach, agus nach n‑áireofar neamhbhuaint, is é sin nuair a fhágtar fíonchaora tráchtála ar na plandaí ag deireadh an ghnáth-thimthrialla táirgthe. Na Ballstáit a chuireann teorainn le heisiúint údaruithe i gcomhair planduithe nua ar an leibhéal réigiúnach i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, pointí (b) nó (c), féadfaidh siad a cheangal go n‑úsáidfear na húdaruithe sin sna réigiúin sin.’;
(b)i mír 3, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:
‘3. Aon cheann de na teorainneacha dá dtagraítear i mhír 2, cuideoidh siad leis an acmhainneacht táirgeachta a chur in oiriúint d’éileamh an mhargaidh agus beidh bonn cirt leo ar cheann amháin nó níos mó de na forais sonracha seo a leanas:’
(3)In Airteagal 66(3), cuirtear an dara fomhír seo a leanas isteach:
‘Féadfaidh Ballstát deonú na n‑údaruithe athphlanduithe dá dtagraítear i mír 1 a chur faoi réir ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:
(a) úsáidfear an t‑údarú sa limistéar geografach céanna ina raibh na fíniúnacha grafa comhfhreagracha lonnaithe, i gcás ina mbeidh údar maith le fíonsaothrú a choinneáil ar bun sa limistéar geografach sin ar chúiseanna socheacnamaíocha nó ar chúiseanna comhshaoil,
(b) ní úsáidfear ach cineálacha agus modhanna táirgthe nach méadaíonn an mheántáirgeacht i gcomparáid le fíniúnacha stoite ó fhréamh nó cineálacha agus modhanna táirgthe traidisiúnta réigiúin ar leith i gcás ina raibh an limistéar stoite ó fhréamh comhfhreagrach lonnaithe i réigiún táirgthe a cháiligh an Ballstát mar réigiún a ndearna míchothromaíocht struchtúrach ar an margadh difear dó, nó
(c) ní úsáidfear an t‑údarú i réigiún táirgthe atá éagsúil ón réigiún ina bhfuil an limistéar stoite ó fhréamh lonnaithe i gcás inar cháiligh an Ballstát an réigiún táirgthe éagsúil sin mar réigiún a ndearna míchothromaíocht struchtúrach ar an margadh difear dó.’
(4)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 67:
‘Airteagal 67
De minimis
Ní bheidh feidhm ag scéim na n‑údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha a bunaíodh sa Chaibidil seo i mBallstáit nár sháraigh an limistéar fíonghort 10 000 ha iontu i dtrí bliana ar a laghad de na 5 bliana margaíochta roimhe sin. I gcás nach gcomhlíontar an coinníoll sin a thuilleadh i mBallstát, beidh feidhm ag scéim na n‑údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha sa Bhallstát sin ó thús na bliana margaíochta tar éis na bliana inar scoireadh den choinníoll a chomhlíonadh.’
(5)Leasaítear Airteagal 119(1) mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a) an t‑ainmniúchán le haghaidh chatagóir an táirge fíniúna i gcomhréir le hIarscríbhinn VII, Cuid II. Maidir le catagóirí táirgí fíniúna a shainítear faoi Iarscríbhinn VII, Cuid II, pointe (1) agus pointí (4) go (9), i gcás ina ndearnadh cóireáil dhí-alcólúcháin ar iomlán an táirge nó ar chuid de i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII, Cuid I, roinn E, beidh an méid seo a leanas ag gabháil le hainmniúchán na catagóire:
(i) an téarma ‘saor ó alcól’ murar mó ná 0,5 % de réir toirte neart alcóil iarbhír an táirge; beidh an nath ‘0,0 %’ ag gabháil leis murar mó ná 0,05 % de réir toirte neart alcóil iarbhír an táirge;
(ii) an téarma ‘alcól éadrom’ mura bhfuil neart alcóil iarbhír an táirge os cionn 0,5 % de réir toirte, agus é 30 % ar a laghad faoi bhun neart alcóil iarbhír íosta na catagóire roimh dhí-alcólú.
(b)cuirtear an pointe (k) seo a leanas leis:
‘(k) I gcás táirgí fíniúna dá dtagraítear i bpointe (a), an dara habairt, an nath ‘arna dtáirgeadh trí dhí-alcólú.’
(6)In Airteagal 122(1), pointe (d), cuirtear isteach na pointí seo a leanas:
‘(v) sainaithint na meán leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 119(4) agus (5) ar an bpacáiste nó ar an lipéad atá ceangailte de, lena n‑áirítear trí bhíthin picteagraim nó siombaile in ionad focal;
(vi) foirm agus leagan amach na faisnéise a sholáthraítear trí mheán leictreonach, chun an cur i láthair a shimpliú, chun é a chur in oiriúint don dul chun cinn teicneolaíoch a bheidh ann amach anseo, do cheanglais nua maidir le faisnéis atá ábhartha do thomhaltóirí dá bhforáiltear le reachtaíocht an Aontais nó leis an reachtaíocht náisiúnta, nó chun inrochtaineacht tomhaltóirí a fheabhsú.’.
(7)in Airteagal 167(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘1. Chun feidhmiú an chómhargaidh i bhfíonta, lena n‑áirítear fíonchaora, úrfhíonta agus na fíonta óna ndéantar iad, a fheabhsú agus a chobhsú, féadfaidh Ballstáit ar táirgeoirí iad rialacha margaíochta a leagan síos chun an soláthar a rialú, lena n‑áirítear uastáirgeacht a leagan síos agus rialacha a leagan síos maidir le stoic a bhainistiú. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh tograí arna nglacadh ag eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Airteagail 152 agus 154 nó ag eagraíochtaí idirchraoibhe a aithnítear faoi Airteagail 157 agus 158 i gcás ina meastar go bhfuil na heagraíochtaí sin ionadaíoch d’earnáil an fhíona, i gcomhréir le hAirteagal 164(3), sa limistéar eacnamaíoch nó sna limistéir eacnamaíocha ina bhfuil sé beartaithe na rialacha a chur i bhfeidhm.’.
(8)Leasaítear Airteagal 216 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
‘Íocaíochtaí náisiúnta le haghaidh driogadh fíona, glasbhuainte nó stoite ó fhréamh i gcásanna géarchéime a bhfuil údar leo’
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh le táirgeoirí fíona i ndáil le driogadh fíona deonach nó éigeantach, glasbhuaint dheonach agus stoitheadh ó fhréamh deonach fíonghort táirgiúil i gcásanna géarchéime a mbeidh údar leo.
Chun críocha an airteagail seo, ciallaíonn ‘glasbhuaint’ na triopaill fíonchaor a scriosadh nó a bhaint ina n‑iomláine agus iad fós neamhaibí, rud a fhágann go laghdófar táirgeacht an limistéir lena mbaineann go táirgeacht nialasach agus nach n‑áireofar neamhbhuaint, is é sin nuair a fhágtar fíonchaora tráchtála ar na plandaí ag deireadh an ghnáth-thimthrialla táirgthe.
Na híocaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní rachaidh siad thar chostais an táirge, i gcás inarb ábhartha, agus na hoibríochta lena mbaineann, móide dreasacht chun dul i mbun oibríochta den sórt sin, chun go bhféadfar aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim.
Ní sháróidh méid iomlán na n‑íocaíochtaí a bheidh ar fáil i mBallstát in aon bhliain ar leith le haghaidh íocaíochtaí náisiúnta le haghaidh driogtha agus glasbhuainte 20 % de na cistí a bheidh ar fáil go domhanda in aghaidh an Bhallstáit le haghaidh na bliana sin mar a leagtar síos le haghaidh na bliana sin in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115.
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Déanfaidh na Ballstáit ar mian leo úsáid a bhaint as na híocaíochtaí náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 fógra cuí-réasúnaithe a thíolacadh don Choimisiún. Sna fógraí ó na Ballstáit, ba cheart dóibh údar cuí a thabhairt le cuibhiúlacht an bhirt, an fad a bheadh leis agus méideanna na tacaíochta agus módúlachtaí eile ar bhonn a gcúinsí sonracha margaidh agus cúinsí sonracha na réigiún fíona ina gcuirfí an beart chun feidhme. ’
Déanfaidh an Coimisiún cinneadh cé acu a fhormheasfar nó nach bhformheasfar méid, fad agus módúlachtaí eile an bhirt agus cé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar na híocaíochtaí le táirgeoirí fíona, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 chun an tAirteagal seo a fhorlíonadh trí rialacha a leagan síos maidir le ceanglais íosta le haghaidh géarchéim a bheith ann agus maidir le ríomh na n‑íocaíochtaí náisiúnta.’
(9)I gCuid II d’Iarscríbhinn VII, cuirtear an mhír seo a leanas leis an bhfoclaíocht tosaigh mar an dara fomhír:
‘Féadfar táirgí fíniúna de na catagóirí a leagtar amach i bpointí (4) agus (7) a fháil freisin, faoi seach, tríd an dara coipeadh ar fhíonta dí-alcólaithe nó páirt-dhí-alcólaithe dá dtagraítear i bpointe (1) nó trí dhé-ocsaíd charbóin a chur isteach.
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 251/2014
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 mar a leanas:
(1)In Airteagal 3, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
‘5. De mhaolú ar na tairseacha maidir le neart alcóil íosta a leagtar síos i mír 2, pointe (g), mír 3, pointe (g), agus mír 4, pointe (f), agus in Iarscríbhinn II le haghaidh gach catagóire táirgí, féadfaidh neart alcóil iarbhír de réir toirte níos ísle a bheith ag táirgí fíona cumhraithe i gcás ina bhfaightear iad ó tháirgí fíniúna a ndearnadh cóireáil dí-alcólúcháin orthu ina n‑iomláine nó i bpáirt i gcomhréir le Roinn E de Chuid I d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.’
(2)In Airteagal 5, cuirtear isteach an mír seo a leanas:
‘1a. I gcás ina bhfuarthas táirgí fíona cumhraithe ó tháirgí fíniúna a ndearnadh cóireáil dí-alcólúcháin orthu ina n‑iomláine nó i bpáirt i gcomhréir le Roinn E, Cuid I d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, déanfar a n‑ainmníochtaí díolacháin a fhorlíonadh leis na téarmaí céanna a leagtar síos le haghaidh na dtáirgí fíniúna sin in Airteagal 119(1), pointe (a), an dara habairt, agus in Airteagal 119(1), pointe (k), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 faoi na coinníollacha céanna.’
(3)In Airteagal 6a, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
‘4a. Chun saintréithe sonracha na hearnála fíona cumhraithe a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34(2) chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas:
(a) sainaithint na meán leictreonach ar an bpacáiste nó ar an lipéad atá ceangailte de dá dtagraítear in míreanna 2 agus 3, lena n‑áirítear trí bhíthin picteagraim nó siombaile in ionad focal;
(b) foirm agus leagan amach na faisnéise a sholáthraítear trí mheán leictreonach, chun an cur i láthair a shimpliú, chun é a chur in oiriúint don dul chun cinn teicneolaíoch a bheidh ann amach anseo, do cheanglais nua maidir le faisnéis atá ábhartha do thomhaltóirí dá bhforáiltear le reachtaíocht an Aontais nó leis an reachtaíocht náisiúnta, nó chun inrochtaineacht tomhaltóirí a fheabhsú.’
(4)I gCuid B d’Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (8):
‘(8) Glühwein
Deoch chumhraithe de bhunadh fíona
–a fhaightear go heisiach ó fhíon dearg nó ó fhíon geal nó ó fhíon rosé nó ó mheascán díobh sin,
–atá blaistithe le cainéal nó le clóibh nó iad araon, agus
–a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 7 % toirte inti.
Gan dochar do na cainníochtaí uisce a eascraíonn as cur i bhfeidhm Iarscríbhinn I, pointe 2, tá cosc ar uisce a chur isteach.
I gcás inar le fíon geal a ullmhaíodh an ainmníocht díolacháin ‘Glühwein’, forlíonfar í le focail lena léirítear fíon geal, ar nós an fhocail ‘geal’.
I gcás inar le fíon rosé a ullmhaíodh an ainmníocht díolacháin ‘Glühwein’, forlíonfar í le focail lena léirítear fíon rosé, ar nós an fhocail ‘rosé’. Ní úsáidfear an focal ‘rosé’ áfach i gcás ina bhfaightear an Glühwein trí fhíon dearg a chomhcheangal le fíon geal nó le haon cheann de na fíonta sin le fíon rosé.
De mhaolú ar Airteagal 5(1) agus (3) den Rialachán seo, féadfar an ainmníocht díolacháin ‘Glühwein’ a úsáid i gcur i láthair agus i lipéadú deochanna alcólacha a tháirgtear i gcomhréir leis na ceanglais thuas, ach a fuarthas ó dheochanna coipthe a fhaightear ó thorthaí seachas fíonchaora. Sa chás sin, ní mór focail a chur leis an ainmníocht díolacháin ‘Glühwein’ lena léirítear go bhfuarthas í ó fhíon torthaí, nó ceann de na téarmaí seo a leanas: ‘Heidelbeer-Glühwein’, ‘Apfel-Glühwein’ nó ‘Frucht-Glühwein’.’.
Airteagal 3
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/2115
Leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115 mar a leanas:
(1)Leasaítear Airteagal 58(1) mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):
‘(i) gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eagraíochtaí idirchraoibhe arna sainaithint ag na Ballstáit in earnáil an fhíona i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nó ag grúpaí táirgeoirí a bhainistíonn ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1143* agus arb é is aidhm dóibh clú fhíonghoirt an Aontais a fheabhsú trí thurasóireacht fíona a chur chun cinn i réigiúin táirgthe;
_______________________;
* Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI:
http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj
).’
(b)cuirtear isteach an dara fhomhír seo a leanas tar éis na chéad fhomhíre:
‘Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), féadfaidh na Ballstáit coinníollacha sonracha agranamaíocha, fíonsaothraithe nó aon chineál eile dálaí a leagan síos ina bPleananna Straitéiseacha CBT lena n‑áiritheofar nach dtiocfaidh méadú ar an táirgeacht le haghaidh an fhíonghoirt atá faoi réir an chineáil sin idirghabhálacha tar éis an athchóirithe cineáil, athlonnú an fhíonghoirt, athphlandú an fhíonghoirt nó feabhsú na dteicnící bainistithe fíonghort.’
(c)déantar an tríú fomhír den dara fomhír agus cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin:
‘Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír, pointe (k), ach amháin maidir le fíonta a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu nó maidir le fíonta a bhfuil tásc faoin gcineál fíonchaor acu. Beidh oibríochtaí cur chun cinn agus cumarsáide atá dírithe ar chomhdhlúthú asraonta margaidh teoranta d’uastréimhse neamh-insínte 5 bliana, agus ní bhainfidh siad ach le scéimeanna cáilíochta an Aontais lena gcumhdaítear ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha.’;
(2)Leasaítear Airteagal 59 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Maidir leis an gcúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh na n‑infheistíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (b), ní sháróidh sé na huasteorainneacha seo a leanas:
(a) 50 % de na costais incháilithe infheistíochta sna réigiúin bheagfhorbartha;
(b) 40 % de na costais incháilithe infheistíochta i réigiúin eile seachas réigiúin bheagfhorbartha;
(c) 75 % de na costais incháilithe infheistíochta sna réigiúin is forimeallaí;
(d) 65 % de na costais incháilithe infheistíochta sna hoileáin bheaga Aeigéacha.
An cúnamh airgeadais ón Aontas ag an ráta uasta a leagtar amach sa chéad fhomhír, ní dhéanfar é a dheonú ach do mhicrifiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún** agus d’eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Mar sin féin, féadfar é a dheonú do gach fiontar sna réigiúin is forimeallaí agus sna hoileáin bheaga Aeigéacha.
Déanfar na huasleibhéil cúnaimh airgeadais ón Aontas a leagtar amach sa chéad fhomhír a laghdú faoina leath i gcás na bhfiontar, seachas eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, nach gcumhdaítear le hAirteagal 2(1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE, agus a bhfuil níos lú ná 750 fostaí iontu nó a bhfuil láimhdeachas bliantúil is ísle ná EUR 200 milliún acu.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfar an cúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh infheistíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (b), a mhéadú go dtí suas le 80 % de chostais infheistíochta incháilithe le haghaidh infheistíochtaí atá nasctha leis an gcuspóir cur leis an maolú ar an athrú aeráide agus leis an oiriúnú don athrú sin a leagtar amach in Airteagal 57, pointe (b).
Ní dhéanfar aon chúnamh airgeadais ón Aontas a dheonú d’fhiontair atá i gcruachás de réir bhrí na teachtaireachta ón gCoimisiún dar teideal Guidelines on State aid for rescuing and restructuring non-financial undertakings in difficulty [Treoirlínte maidir le Státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu]***.
_______________________;
** Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36, ELI:
http://data.europa.eu/eli/reco/2003/361/oj
).
*** IO C 249, 31.7.2014, lch. 1, ELI:
https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52014XC0731(01)
’.
(b)i mír 4, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:
‘Mar sin féin, féadfar an cúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh infheistíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (m), a mhéadú go dtí suas le 80 % de chostais infheistíochtaí incháilithe le haghaidh infheistíochtaí atá nasctha leis an gcuspóir chun cur leis an maolú ar an athrú aeráide agus leis an oiriúnú don athrú aeráide a leagtar amach in Airteagal 57, pointe (b).’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
‘6.
Maidir leis an gcúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh na nuálaíochta dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (e), ní sháróidh sé na huasteorainneacha seo a leanas:
(a) 50 % de na costais incháilithe infheistíochta sna réigiúin bheagfhorbartha;
(b) 40 % de na costais incháilithe infheistíochta i réigiúin eile seachas réigiúin bheagfhorbartha;
(c) 80 % de na costais incháilithe infheistíochta sna réigiúin is forimeallaí;
(d) 65 % de na costais incháilithe infheistíochta sna hoileáin bheaga Aeigéacha.
An cúnamh airgeadais ón Aontas ag an ráta uasta a leagtar amach sa chéad fhomhír, ní dhéanfar é a dheonú ach do mhicrifiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún agus d’eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Mar sin féin, féadfar é a dheonú do gach fiontar sna réigiúin is forimeallaí agus sna hoileáin bheaga Aeigéacha.
Déanfar na huasleibhéil cúnaimh airgeadais ón Aontas a leagtar amach sa chéad fhomhír a laghdú faoina leath i gcás na bhfiontar, seachas eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, nach gcumhdaítear le hAirteagal 2(1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE, agus a bhfuil níos lú ná 750 fostaí iontu nó a bhfuil láimhdeachas bliantúil is ísle ná EUR 200 milliún acu.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfar an cúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh infheistíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (e), a mhéadú go dtí suas le 80 % de chostais infheistíochta incháilithe le haghaidh infheistíochtaí atá nasctha leis an gcuspóir cur leis an maolú ar an athrú aeráide agus leis an oiriúnú don athrú aeráide a leagtar amach in Airteagal 57, pointe (b).
Ní dhéanfar aon chúnamh airgeadais ón Aontas a dheonú d’fhiontair atá i gcruachás de réir bhrí na teachtaireachta ón gCoimisiún dar teideal Guidelines on State aid for rescuing and restructuring non-financial undertakings in difficulty [Treoirlínte maidir le Státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu].’
Airteagal 4
Foráil idirthréimhseach
Táirgí fíniúna ar cuireadh lipéad orthu i gcomhréir le hAirteagal 119(1), pointe (a), an dara habairt, de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 roimh [dáta sonrach — 18 mí ón dáta teacht i bhfeidhm], féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 1(5) ón [dáta sonrach — 18 mí ón dáta teacht i bhfeidhm].
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS REACHTACH AIRGEADAIS AGUS DIGITEACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH3
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh3
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann3
1.3.Cuspóirí3
1.3.1.Cuspóirí ginearálta3
1.3.2.Cuspóirí sonracha3
1.3.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo3
1.3.4.Táscairí feidhmíochta3
1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:4
1.5.Forais an togra/tionscnaimh4
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh4
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as gníomhaíochta an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.4
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart4
1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile5
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh5
1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige6
1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme6
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA8
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe8
2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe8
2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe8
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú8
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)8
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc9
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH10
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar10
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe12
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí12
3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar12
3.2.1.2.Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha17
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a cistíodh ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí22
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin24
3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar24
3.2.3.2.Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha24
3.2.3.3.Leithreasuithe iomlána24
3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach25
3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar25
3.2.4.2.Nithe arna maoiniú ó ioncaim shannta sheachtracha26
3.2.4.3.Iomlán na n‑acmhainní daonna a bheidh riachtanach26
3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha28
3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha28
3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe28
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam29
4.Gnéithe digiteacha29
4.1.Riachtanais a bhaineann le hábhar maidir le cúrsaí digiteacha30
4.2.Sonraí30
4.3.Réitigh dhigiteacha31
4.4.Measúnú idir-inoibritheacha31
4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach32
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.
Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, Rialachán (AE) 2021/2115 agus Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 a mhéid a bhaineann le rialacha margaidh áirithe agus bearta tacaíochta earnála áirithe in earnáil an fhíona agus le haghaidh táirgí fíona cumhraithe.
1.2.
Réimsí beartais lena mbaineann
Cnuasach clár 8 - Beartas talmhaíochta & Muirí faoi Cheannteideal 3 den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027.
1.3.
Cuspóirí
1.3.1.
Cuspóirí ginearálta
Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin struchtúracha atá roimh earnáil fíona na hEorpa, is é cuspóir an togra iomaíochas agus athléimneacht na hearnála a fheabhsú, tábhacht eacnamaíoch earnáil fíona an Aontais a chaomhnú chomh maith lena hábharthacht shóisialta, go háirithe an méid a chuidíonn sí beogacht go leor limistéar tuaithe a choinneáil ar bun.
1.3.2.
Cuspóirí sonracha
Is é is aidhm don togra uirlisí beartais fadtéarmacha a chur ar fáil chun tacú leis na Ballstáit agus le hearnáil an fhíona na cuspóirí sonracha seo a leanas a bhaint amach:
1) Aghaidh a thabhairt ar bhainistiú na hacmhainne táirgthe.
2) Athléimneacht earnáil fíona an Aontais a mhéadú i gcoinne an athraithe aeráide agus i gcoinne teannas sna margaí atá ag athrú
3) An earnáil a chur in oiriúint do threochtaí margaidh agus cuidiú léi leas a bhaint as deiseanna nua margaidh
1.3.3.
An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo
Is iad seo a leanas na torthaí a bhfuil coinne leo:
–Tá earnáil fíona an Aontais fós ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain i margadh an fhíona
–Athbhunaítear an chothromaíocht idir an acmhainneacht táirgeachta fíona agus na treochtaí san éileamh ó na margaí intíre agus idirnáisiúnta.
–Is féidir leis na Ballstáit bearta a ghlacadh a bhfuil solúbthacht fheabhsaithe ag baint leo chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus ar dheacrachtaí.
–Baineann feirmeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí tairbhe as creat beartais níos solúbtha chun cinntí a dhéanamh atá ailínithe le treochtaí an mhargaidh.
–Feabhsaíonn earnáil fíona an Aontais an acmhainneacht atá aige a seasamh i margaí atá ag teacht chun cinn agus i margaí nua a fheabhsú, agus chun foinsí ioncaim a éagsúlú.
–Is fearr is féidir le hearnáil fíona an Aontais aghaidh a thabhairt ar na héiginnteachtaí a dhéanann difear don mhargadh, lena n‑áirítear an t‑athrú aeráide.
1.3.4.
Táscairí feidhmíochta
Ní dhéanann an togra difear do chreat faireacháin CBT.
1.4.
Baineann an togra/tionscnamh le:
beart nua
beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart
síneadh ar bheart atá ann cheana
beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.5.
Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.
Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
Freagraíonn an togra seo do na moltaí is práinní agus is sonraí a d’fhormhuinigh an Grúpa Ardleibhéil um an mBeartas Fíona i mí na Nollag 2024, tríd an gcreat dlíthiúil atá ann cheana a leasú a mhéid is gá chun rannchuidiú leis na cuspóirí sainithe a bhaint amach. A luaithe a ghlacfar an togra, beidh na Ballstáit agus earnáil fíona an Aontais in ann gníomhú go tapa, rud a thabharfaidh faoiseamh do na dúshláin iomadúla atá le sárú.
D’fhéadfaí na modhnuithe atá beartaithe a fhorlíonadh tuilleadh in athchóirithe beartais amach anseo, chun freagairt do roinnt moltaí breise nach mbaineann go sonrach le hearnáil faoi leith nó nach féidir a chur chun feidhme laistigh den chomhthéacs reatha.
1.5.2.
Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar thosca éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.
Mar gheall ar chineál trasteorann agus domhanda na bpríomhdhúshlán atá roimh earnáil fíona an Aontais agus mar gheall ar an gcreat rialála leathan a bhfuil an fíon faoina réir san Aontas, tá gá le freagairt choiteann ar leibhéal an Aontais, lena ndaingneofar feidhmiú an mhargaidh aonair agus an cothrom iomaíochta a bhunaítear leis an gComhbheartas Talmhaíochta.
1.5.3.
Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
1.5.4.
Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
Ní dhéanfaidh an togra difear don chreat airgeadais ilbhliantúil agus ní athróidh sé buiséad reatha CBT ná dáileadh an bhuiséid idir an dá cholún, ná dearadh na mbeart faoin dá cholún.
1.5.5.
Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
Fanfaidh aon chaiteachas a bhaineann le CBT laistigh d’imchlúdaigh na gClár Tacaíochta Náisiúnta d’earnáil an fhíona. Féadfar bearta eile a mhaoiniú le cistí náisiúnta.
1.6.
Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige
tréimhse theoranta
i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB
Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
tréimhse neamhtheoranta
·Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,
·agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.
Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme
Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
· ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
·
a dhéanann na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
· tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad
· eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí)
· an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta
· comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais
· comhlachtaí dlí poiblí
· comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh
· comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais
· comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha de chuid an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha
·comhlachtaí arna mbunú i mBallstát, arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit nó ag dlí an Aontais agus atá incháilithe le go gcuirfear de chúram orthu, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, cistí an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme, a mhéid a bhíonn na comhlachtaí sin á rialú ag comhlachtaí dlí poiblí nó ag comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, agus a mhéid a sholáthraíonn na comhlachtaí rialúcháin ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh i bhfoirm dliteanas comhpháirteach agus leithleach nó ráthaíochtaí airgeadais coibhéiseacha, agus ar ráthaíochtaí iad a d’fhéadfadh, le haghaidh gach birt, a bheith teoranta d’uasmhéid thacaíocht an Aontais.
Nótaí
2.
BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.
Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Níl aon athrú beartaithe maidir leis an gcreat feidhmíochta, faireacháin agus meastóireachta atá i bhfeidhm faoi CBT reatha.
2.2.
Córais bhainistíochta agus rialaithe
2.2.1.
An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
Níl aon athrú beartaithe ar shamhail seachadta reatha CBT maidir le modhanna cur chun feidhme buiséid, sásraí cur chun feidhme cistiúcháin, módúlachtaí íocaíochta agus an straitéis rialaithe.
2.2.2.
Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
2.2.3.
Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)
Ní mheastar go ndéanfar aon athrú ar an status quo.
2.3.
Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Ní mheastar go ndéanfar aon athrú ar an status quo.
3.
AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.
Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar
Níl aon tionchar buiséadach inchainníochtaithe ag an togra seo.
I gcomhréir le moltaí an Ghrúpa Ardleibhéil um an mBeartas Fíona, áirítear sa togra bearta arb é is aidhm dóibh an acmhainneacht táirgeachta a bhainistiú, iomaíochas a fheabhsú agus deiseanna margaidh nua na hearnála a fhiosrú.
D’fhéadfadh roinnt beart (a liostaítear faoi Phointe 5 Míniú mionsonraithe ar fhoráil shonrach an togra) dlús a chur leis an gcur chun feidhme agus, dá bhrí sin, caiteachas an bhuiséid fíona a mhéadú, ach fanfaidh aon chaiteachas gaolmhar faoi leithdháiltí airgeadais na mBallstát d’earnáil an fhíona.
Tá forálacha sa togra lena dtugtar méid áirithe solúbthachta do na Ballstáit chun cúnamh airgeadais ón Aontas a mhéadú le haghaidh cineálacha áirithe idirghabhálacha agus tairbhithe, faoi chuimsiú Phleananna Straitéiseacha CBT. Dá bhrí sin, is féidir le grúpaí táirgeoirí a bhainistíonn ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint a bheith ina dtairbhithe anois den chineál idirghabhála a chuireann turasóireacht fíona chun cinn i réigiúin táirgthe. Cuirtear síneadh ó 3 bliana go 5 bliana le huastréimhse na tacaíochta d’oibríochtaí cur chun cinn agus cumarsáide a dhéantar i dtríú tíortha. Infheistíochtaí áirithe arna ndéanamh ag eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta, tairbheoidh siad den uasráta céanna cúnaimh agus atá ann cheana i gcás micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide. Féadfaidh na Ballstáit an ráta tacaíochta d’infheistíochtaí maidir le maolú ar an athrú aeráide agus cur in oiriúint don athrú sin a mhéadú.
Ní féidir tionchar na solúbthachtaí a tugadh isteach sa chreat beartais a chainníochtú ag an gcéim seo.
–Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal an chreata airgeadaisilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
Cineál caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Uimhir
|
Difreáilte/Neamhdhifreáilte.
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha
|
Ó thríú tíortha eile
|
ioncam sannta eile
|
|
3
|
[08.02.02.03] Cineálacha idirghabhálacha in earnálacha áirithe faoi Phleananna Straitéiseacha CBT - earnáil an fhíona
|
LD/LN
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
|
|
[XX.YY.YY.YY]
|
LD/LN
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
|
|
[XX.YY.YY.YY]
|
LD/LN
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
–Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal an chreata airgeadaisilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
Cineál caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Uimhir
|
LD/LN
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha
|
ó thríú tíortha eile
|
ioncam sannta eile
|
|
|
[XX.YY.YY.YY]
|
LD/LN
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
|
|
[XX.YY.YY.YY]
|
LD/LN
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
|
|
[XX.YY.YY.YY]
|
LD/LN
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
3.2.
An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.
Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
·
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
·
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos
3.2.1.1.
Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Ceannteideal an chreata airgeadaisilbhliantúil
|
Uimhir
|
|
|
AS: AGRI
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021‑2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
|
Líne bhuiséid
|
Gealltanais
|
(1a)
|
|
|
|
|
0.000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2a)
|
|
|
|
|
0.000
|
|
Líne bhuiséid
|
Gealltanais
|
(1b)
|
|
|
|
|
0.000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2b)
|
|
|
|
|
0.000
|
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
|
Líne bhuiséid
|
|
(3)
|
|
|
|
|
0.000
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
do AS AGRI
|
Gealltanais
|
=1a+1b+3
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=2a+2b+3
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
Tábla sainordaitheach
|
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021‑2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
(6)
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL <….>
|
Gealltanais
|
=4+6
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Íocaíochtaí
|
=5+6
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
AS: AGRI
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021‑2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
Acmhainní daonna
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
IOMLÁN AS <…….>
|
Leithreasuithe
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
AS: <…….>
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021‑2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
Acmhainní daonna
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
IOMLÁN AS <…….>
|
Leithreasuithe
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021‑2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithefaoi CHEANNTEIDIL 1 go 7
|
Gealltanais
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Íocaíochtaí
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
3.2.2.
An t‑aschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (ná líonadh gníomhaireachtaí díláraithe é seo isteach)
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
|
|
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
|
IOMLÁN
|
|
|
ASCHUIR
|
|
|
Cineál
|
Meánchostas
|
Ní hea
|
Costas
|
Ní hea
|
Costas
|
Ní hea
|
Costas
|
Ní hea
|
Costas
|
Ní hea
|
Costas
|
Ní hea
|
Costas
|
Ní hea
|
Costas
|
Líon iomlán
|
Costas iomlán
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1…
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁIN
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.2.3.
Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin
·
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
·
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos
3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
|
LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN 2021 - 2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
CEANNTEIDEAL 7
|
|
Acmhainní daonna
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
|
|
Acmhainní daonna
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
Caiteachas eile de chineál riaracháin
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
Fo-iomlánlasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
|
|
IOMLÁN
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
3.2.4.
Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
·
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna
·
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos
3.2.4.1.
Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
|
20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
20 01 02 03 (Toscaireachtaí an Aontais)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 01 (Taighde indíreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 11 (Taighde díreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
• Foireann sheachtrach (in aonaid de choibhéis lánaimseartha)
|
|
20 02 01 (AC, END ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
20 02 03 (AC, AL, END, agus JPD i dToscaireachtaí an Aontais)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Riarachán Líne thacaíochta
[XX.01.YY.YY]
|
- sa cheanncheathrú
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
|
- i dToscaireachtaí AE
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 02 (AC, END - Taighde indíreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 12 (AC, END – Taighde díreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh) - Ceannteideal 7
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh) - Lasmuigh de Cheannteideal 7
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
IOMLÁN
|
0
|
0
|
0
|
0
|
3.2.5.
Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha
Éigeantach: na hinfheistíochtaí atá i gceist leis an togra/tionscnamh seo arb infheistíochtaí iad a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha, ba cheart meastachán chomh maith agus is féidir ina dtaobh a chur sa tábla thíos.
Go heisceachtúil, ba cheart na leithreasuithe faoi Cheannteideal 7 a chur sa líne atá ainmnithe chuige sin, i gcásanna inar gá sin chun an togra/tionscnamh a chur chun feidhme.
Is mar ‘Chaiteachas beartais ar uirlisí TF i dtaca le cláir oibríochtúla’ is ceart na leithreasuithe faoi Cheannteidil 1-6 a chur in iúl. Is é an rud dá dtagraíonn an caiteachas sin an buiséad oibríochtúil atá le húsáid i gcomhair athúsáid/ceannach/forbairt ardán/uirlisí TF atá nasctha go díreach le cur chun feidhme an tionscnaimh, agus i gcomhair na n‑infheistíochtaí a bhaineann leis na hardáin/uirlisí sin (e.g. ceadúnais, staidéir, stóráil sonraí etc). An fhaisnéis a sholáthraítear sa tábla seo, ba cheart í a bheith comhsheasmhach leis na mionsonraí a chuirtear i láthair faoi Roinn 4 ‘Gnéithe digiteacha’.
|
IOMLÁN na leithreasuithe digiteacha agus TF
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021 ‑ 2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
CEANNTEIDEAL 7
|
|
Caiteachas TF (corparáideach)
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
|
|
Caiteachas beartais ar uirlisí TF i dtaca le cláir oibríochtúla
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
Fo-iomlánlasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
|
|
IOMLÁN
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
3.2.6.
Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
·
is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI)
N/B - Gan aon tionchar airgeadais inchainníochtaithe.
·
is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.
·
is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI.
3.2.7.
Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
·
ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
·
déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
Iomlán
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
3.3.
An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
·
Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.
·
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
(3)ar acmhainní dílse
ar ioncam eile
ioncam sannta do línte caiteachais
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Líne buiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
|
Bliain 2024
|
Bliain 2025
|
Bliain 2026
|
Bliain 2027
|
|
Airteagal ………….
|
|
|
|
|
|
I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid caiteachais a ndéantar difear dóibh.
Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).
4.
Gnéithe digiteacha
4.1.
Riachtanais a bhaineann le hábhar maidir le cúrsaí digiteacha
|
Tagairt don cheanglas
|
Tuairisc ar an gceanglas
|
Gníomhaí a ndéanann an ceanglas difear dó nó a bhfuil baint aige leis
|
Próisis Ardleibhéil
|
Catagóir
|
|
Airteagal 1(6)
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún rialacha agus forálacha a shainiú maidir le lipéadú leictreonach na faisnéise éigeantaí a shainítear in Airteagal 119 den Rialachán.
|
- an Coimisiún
- Páirtithe leasmhara
- an Pobal i gcoitinne
|
Lipéadú na dtáirgí finiúna
|
Réiteach digiteach
|
|
Airteagal 2(3)
|
Mar atá thuas i gcás táirgí fíona cumhraithe.
|
- Páirtithe leasmhara
- an Pobal i gcoitinne
|
Lipéadú na dtáirgí fíona cumhraithe
|
Réiteach digiteach
|
|
4.2.
Sonraí
|
Foráiltear an méid seo a leanas sna forálacha atá beartaithe: a) cumhacht a thabhairt don Choimisiún rialacha a eisiúint lena bhforlíontar na rialacha atá ann cheana maidir le lipéadú leictreonach faisnéise éigeantaí áirithe ó oibreoirí do thomhaltóirí in earnáil an fhíona (Airteagal 1(6)). Breithnítear cosaint sonraí pearsanta cheana féin sa rialachán atá i bhfeidhm agus níl sé faoi raon feidhme an rialacháin seo; b) ailíniú na bhforálacha a bhaineann le lipéadú leictreonach an dearbhaithe cothúcháin agus liosta comhábhar na dtáirgí fíona cumhraithe leis na forálacha a chuirtear i bhfeidhm maidir le táirgí fíniúna (Airteagal 2(3)).
Ailíniú leis an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí
I gcomhréir le straitéis an Aontais maidir le Sonraí, leis an gcumhacht tharmligthe chun táirgí fíniúna agus fíona a lipéadú go leictreonach, déanfar comhchuibhiú ar théarmaí agus rialacha maidir le faisnéis do thomhaltóirí a shainaithint go leictreonach, rud a áiritheoidh cur chuige coiteann ar fud mhargadh an Aontais. I ndeireadh na dála, leis an gcur chuige sin, beidh lipéid in ann a bheith in úsáid laistigh den Aontas ar mhaithe le saoránaigh agus tomhaltóirí. Ba cheart measúnú a dhéanamh de réir an cháis ar na heilimintí sonracha a bhaineann leis an ailíniú leis an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí aon uair a dhéanfaí an cumhachtú a úsáid.
Ailíniú le prionsabal na haonuaire
Ní bhaineann le hábhar. Ní bhaineann sé le riaracháin phoiblí.
Sreafaí Sonraí
Ní bhaineann le hábhar.
|
4.3.
Réitigh dhigiteacha
|
Réiteach digiteach: cumhachtú a sholáthar maidir le faisnéis lipéadaithe shainordaitheach a chuirtear i láthair trí mheán leictreonach.
Tagairt do na ceanglais: Airteagal 1(6)
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a fhorbairt chun sainaithint choiteann a bhunú ar an bpacáiste nó ar lipéad táirgí fíniúna na meán leictreonach lena soláthraítear faisnéis shainordaitheach do thomhaltóirí, chomh maith leis na rialacha maidir le lipéadú leictreonach a oiriúnú do dhul chun cinn teicneolaíoch amach anseo más gá (e.g. ceanglais mhéadaithe maidir le faisnéis leictreonach a sholáthar idir oibreoirí nó ó oibreoirí do thomhaltóirí). Dá bhrí sin, chuirfeadh rialacha nua feabhas ar inrochtaineacht agus ar shothuigtheacht na lipéad digiteach ar fud an Aontais, rud a laghdódh na costais d’oibreoirí agus a mhéadódh soiléireacht do thomhaltóirí.
Comhlacht freagrach: An Coimisiún Eorpach (le haghaidh an chumhachtaithe); na hoibreoirí eacnamaíocha (le haghaidh cur chun feidhme).
Réiteach digiteach: foráil lena gceadaítear faisnéis shainordaitheach a lipéadú trí mheán leictreonach.
Tagairt do na ceanglais: Airteagal 2(3)
Na rialacha maidir le sainaithint na modhanna leictreonacha le haghaidh táirgí fíona cumhraithe, bheadh siad ailínithe le rialacha earnáil an fhíona, agus bheadh córas aonair ann ar fud na n‑earnálacha. Na príomhrialacha sainordaithe atá i bhfeidhm maidir le fíon a léireofaí: is féidir le hoibreoirí faisnéis shainordaitheach áirithe (an liosta comhábhar, dearbhú cothúcháin) a sholáthar ar an lipéad fisiceach nó trí mheán leictreonach a shainaithnítear ar an bpacáiste nó ar lipéad atá ceangailte de. Ní mór don chóras aon bhailiú nó rianú sonraí úsáideora a sheachaint agus níor cheart dó faisnéis atá dírithe ar chuspóirí margaíochta a sholáthar.
Comhlacht freagrach: an t‑oibreoir eacnamaíoch.
Faoi láthair, ní dhéantar foráil sa tionscnamh beartais maidir le teicneolaíochtaí intleachta saorga a úsáid le haghaidh an réitigh dhigitigh shainaitheanta.
|
4.4.
Measúnú idir-inoibritheacha
|
Na ceanglais a leagtar síos leis an tionscnamh beartais, ní bhaineann siad le seirbhísí poiblí digiteacha.
|
4.5.
Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach
|
Airteagal 1(6): Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe, nuair a mheasfar gá a bheith leis (ní laistigh d’amlíne shonrach). Beidh na Ballstáit rannpháirteach ann.
Airteagal 2(3): leis an bhforáil, ní leathnaítear na rialacha maidir le lipéadú leictreonach a chuirtear i bhfeidhm ar fhíon ach chun fíonta cumhraithe a chumhdach. Beidh na Ballstáit rannpháirteach ann. Cuirfidh oibreoirí na rialacha chun feidhme.
|