An Bhruiséil,25.3.2025

COM(2025) 127 final

2025/0065(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir leis an Dara hEagrán de na Caighdeáin Idirnáisiúnta agus na Cleachtais Mholta Idirnáisiúnta maidir le Cosaint an Chomhshaoil — an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh (‘an tAontas’) i leith fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí maidir le hIarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, a bhaineann le Caighdeáin agus Cleachtais Mholta maidir le cosaint an chomhshaoil.

2.Comhthéacs an togra

2.1.Coinbhinsiún Chicago, ICAO agus Comhaontú Pháras

Is é is aidhm do Choinbhinsiún Chicago (‘Coinbhinsiún Chicago’ nó ‘an Coinbhinsiún’) aeriompar idirnáisiúnta a rialú. Tháinig an coinbhinsiún i bhfeidhm an 4 Aibreán 1947 agus is leis a bunaíodh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO).

Is sainghníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe é ICAO a fhorbraíonn caighdeáin, cleachtais agus beartais dhomhanda maidir le haeriompar sibhialta idirnáisiúnta i réimse na sábháilteachta, na slándála, na haerloingseoireachta, an chomhshaoil, an éascaithe agus cúrsaí eacnamaíocha.

Is Stáit Chonarthacha de Choinbhinsiún Chicago iad Ballstáit an Aontais Eorpaigh (‘Ballstáit an Aontais’) agus is comhaltaí de ICAO iad, agus tá stádas breathnóra ag an Aontas in ICAO.

De bhun Airteagal 54 den Choinbhinsiún, féadfaidh Comhairle ICAO Caighdeáin agus Cleachtais Mholta idirnáisiúnta a ghlacadh.

Glacadh Comhaontú Pháras ag Comhdháil na bPáirtithe i gCreat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide i mí na Nollag 2015. Is é is cuspóir dó an méadú domhanda teochta a choinneáil faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú ar an teocht a theorannú go 1,5 °C.

Tá Ballstáit uile an Aontais agus an tAontas ina bpáirtithe i gComhaontú Pháras.

2.2.CORSIA — Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago

Ghlac Comhairle ICAO an dara heagrán de na Caighdeáin Idirnáisiúnta agus na Cleachtais Mholta, Cosaint an Chomhshaoil — an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) 1 ag a 228ú Seisiún i mí an Mhárta 2023, tar éis ghlacadh Leasú 1 ar Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

Tháinig an dara heagrán i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024.

An t‑ábhar a chumhdaítear le hIarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, is ábhar é atá faoi inniúlacht an Aontais agus, dá bhrí sin, cuirtear chun feidhme i mBallstáit an Aontais é trí dhlí an Aontais.

I gcomhréir le hAirteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, tá stáit chonarthacha ICAO le fógra a thabhairt do ICAO faoi na difríochtaí idir a rialacháin nó a gcleachtais féin agus an méid a bhunaítear leis an gcaighdeán idirnáisiúnta comhfhreagrach.

Faoi threoir ICAO 2 , tá trí chatagóir éagsúla difríochtaí ann is féidir a chomhdú tríd an gCóras um Chomhdú Leictreonach na nDifríochtaí: ‘Níos beaichte nó ag dul níos faide ná Caighdeán nó Cleachtas Molta ICAO (SARP)’ (Catagóir A). Tá feidhm ag an gcatagóir seo i gcás ina bhfuil an rialachán náisiúnta níos déine ná an SARP comhfhreagrach nó i gcás ina bhforchuireann sé oibleagáid laistigh de raon feidhme na hIarscríbhinne nach gcumhdaítear le SARP. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i gcás ina néilíonn stát conarthach ICAO caighdeán níos airde a dhéanann difear d’oibriú aerárthaí de chuid stát conarthach eile de ICAO agus iad ina chríoch agus os a chionn. ‘Difriúil ó thaobh carachtair nó modhanna comhlíonta eile de’ (Catagóir B). Tá feidhm ag an gcatagóir seo i gcás ina bhfuil an rialachán náisiúnta difriúil ó thaobh carachtair de i gcomparáid leis an SARP ICAO comhfhreagrach, nó i gcás narb ionann an rialachán náisiúnta agus an SARP comhfhreagrach ó thaobh prionsabail, cineáil nó córais de, gan gá go mbeadh oibleagáid bhreise á fhorchur; agus ‘ar lú an chosaint a thugtar leis nó nach bhfuil curtha chun feidhme ach go páirteach/nach bhfuil curtha chun feidhme’ (Catagóir C). Tá feidhm ag an gcatagóir seo i gcás nach bhfuil an rialachán náisiúnta chomh cosantach leis an SARP comhfhreagrach; nó i gcás nár fógraíodh aon rialachán náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar an SARP comhfhreagrach, go hiomlán nó go páirteach.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais agus a Bhallstát

3.1Oibleagáidí CTA AE a chomhlíonadh

Cuireann an tAontas córas réigiúnach trádála astaíochtaí (‘CTA AE’) chun feidhme. Is córas teorannaithe agus trádála astaíochtaí é CTA AE lena gcumhdaítear astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghníomhaíochtaí eitlíochta ó 2012 i leith. Cuireann sé teorainn leis an uasteorainn fhoriomlán astaíochtaí agus cuireann sé ar chumas astaírí lamháltais a cheannach agus a dhíol chun a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh, agus ar an gcaoi sin cuirtear laghdú astaíochtaí costéifeachtach chun cinn.

In 2023, glacadh Treoir (AE) 2023/958 3 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE 4 . Neartaigh sé CTA AE le haghaidh astaíochtaí ó na haerlínte móra uile a eitlíonn laistigh de LEE, chuig an Eilvéis agus chuig an Ríocht Aontaithe. Áiríodh ann freisin forálacha maidir leis an mbeart domhanda margadhbhunaithe CORSIA a chur chun feidhme le haghaidh astaíochtaí ó aerlínte atá bunaithe sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

De bhun Airteagal 25a(3) de Threoir 2003/87/CE, glacann an Coimisiún go bliantúil liosta de na stáit, seachas tíortha LEE, an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe, a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu. Ba iad sin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/622 ón gCoimisiún le haghaidh 2023 5 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2850 ón gCoimisiún le haghaidh 2024 6 .

Ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1879 7 freisin, lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais fritháirimh a ríomh chun críoch CORSIA agus thug sé Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí cothrom le dáta  8 .

Thairis sin, de bhun Airteagal 28c den Treoir sin, tá an Coimisiún le gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú iomchuí a dhéanamh ar astaíochtaí chun CORSIA a chur chun feidhme. Ba é Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 ón gCoimisiún 9 an chéad ghníomh den sórt sin.

Tar éis ghlacadh na ngníomhartha éagsúla sin, tá difríochtaí fós ann idir forálacha ábhartha Threoir 2003/87/CE, a rialacháin cur chun feidhme ábhartha agus Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, a bhfuil impleachtaí acu maidir leis an gcaoi a gcuireann an tAontas agus a Bhallstáit CORSIA chun feidhme.

Leis an gCinneadh seo, tugtar Cinneadh 2018/2027 ón gComhairle 10 cothrom le dáta, Cinneadh lena ndearnadh foráil maidir leis na difríochtaí tosaigh a bhfuil fógra le tabhairt ina leith. Luadh san fhógra tosaigh faoi dhifríochtaí gurb ann do dhifríochtaí maidir le ceanglais faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe agus maidir le ceanglais fritháirimh araon.

Baineann ábhar an ghnímh atá beartaithe le réimse a bhfuil inniúlacht sheachtrach eisiach ag an Aontas ina leith de bhua an choir dheireanaigh d’Airteagal 3(2) CFAE toisc go mbaineann an gníomh atá beartaithe le réimse trádála astaíochtaí a chumhdaítear den chuid is mó le rialacha an Aontais, go háirithe an Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais, an Rialachán maidir le Faireachán agus Tuairisciú, an Rialachán maidir le Creidiúnú agus Fíorú.

3.2Comhlíonadh na gceanglas faoi CORSIA

3.2.1 Riarachán

De réir Airteagal 51(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, tá gach oibreoir aerárthaí le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí le haghaidh na n‑eitiltí uile a dhéanann an t‑oibreoir aerárthaí sin le linn na tréimhse tuairiscithe agus a bhfuil an t‑oibreoir aerárthaí freagrach astu. Le Pointe 1.2.6 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, déantar foráil maidir le heisceacht nach n‑áirítear i dTreoir 2003/87/CE: oibreoir aerárthaí ar fochuideachta ar lánúinéireacht é atá cláraithe go dleathach sa Stát céanna, is féidir déileáil leis in éineacht lena úinéir, mar oibreoir aerárthaí comhdhlúite aonair. Le rialacha CTA AE, ceanglaítear ar gach oibreoir aerárthaí a phlean faireacháin féin a bheith aige agus a astaíochtaí a thuairisciú de réir an nós imeachta chaighdeánaigh, rud a chiallaíonn go ndéanfar an méid sin ar leithligh ó oibreoirí aerárthaí eile fiú má tá siad faoi lánúinéireacht.

Ba cheart an srian sin, sa bhreis ar an gcaighdeán in Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, a chomhdú le ICAO faoi ‘Catagóir A — Níos beaichte nó ag dul níos faide ná Caighdeán nó Cleachtas Molta ICAO (SARP)’. Spreagtar leis sin fógra de bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, maidir le Pointe 1.2.6 de Chaibidil 1, Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 68 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, tá oibreoirí aerárthaí lena dtuarascáil astaíochtaí bhliantúil a chur faoi bhráid an údaráis inniúil faoin 31 Márta. Foráiltear le pointe 1.2.7 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV, áfach, gur cheart do stáit chonarthacha ICAO agus d’oibreoirí aerárthaí an amlíne a shainítear i bhFoscríbhinn 1 a chomhlíonadh. Le haghaidh na dtréimhsí 2024-2026, 2027-2029, 2030-2032 agus 2033-2035, is é an 30 Aibreán gach bliain an spriocdháta chun an tuarascáil astaíochtaí fhíoraithe a chur faoi bhráid an Stáit. Dá réir sin, ní mór d’oibreoirí aerárthaí an tuarascáil astaíochtaí bhliantúil a chur isteach mí roimhe sin faoi dhlí an Aontais.

Ba cheart an srian sin, sa bhreis ar an gcaighdeán in Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, a chomhdú le ICAO faoi ‘Catagóir A — Níos beaichte nó ag dul níos faide ná Caighdeán nó Cleachtas Molta ICAO (SARP)’. Spreagtar leis sin fógra de bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, maidir le pointe 1.5 de Chaibidil 1, Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

3.2.2 Faireachán, Tuairisciú agus Fíorú (MRV) ar astaíochtaí bliantúla oibreoirí aerárthaí.

Leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE gníomhaíochtaí eitlíochta faoi raon feidhme CTA AE. I dteannta na n‑eitiltí a shonraítear i bpointe 2.1.1 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, na heitiltí seo a leanas a imíonn ó stát LEE nó a thagann isteach i stát LEE, tá siad díolmhaithe freisin ó cheanglais faireacháin: eitiltí faoi rialacha amharceitilte, eitiltí le haghaidh taighde eolaíochta agus tástála aerárthaí agus eitiltí oibleagáide seirbhíse poiblí. Ní dhíolmhaítear le hIarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago ach eitiltí Stáit, eitiltí míleata, eitiltí daonnúla, eitiltí leighis agus eitiltí comhraic dóiteáin chomh maith le heitiltí roimh eitilt dhaonnúil, eitilt leighis nó eitilt comhraic dóiteáin nó ina ndiaidh, ar choinníoll go ndearnadh eitiltí den sórt sin leis an aerárthach céanna, agus go siad ag teastáil chun na gníomhaíochtaí gaolmhara daonnúla, leighis nó comhraic dóiteáin a chur i gcrích nó chun an t‑aerárthach a athshuíomh ina dhiaidh sin dá chéad ghníomhaíocht eile. Is difríocht bhreise í an díolúine sin atá le comhdú le ICAO faoi ‘Catagóir C — Curtha chun feidhme go páirteach’. Spreagtar leis sin fógra de bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, maidir le pointe 2.1.1 de Chaibidil 2 d'Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

De bhun Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, tá an t‑ídiú breosla iarbhír le haghaidh gach eitilte le tuairisciú lena n‑áirítear breosla arna ídiú ag an aonad cumhachta cúnta freisin. Dá bhrí sin, de réir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, tá oibreoirí aerárthaí atá os cionn thairseach astaírí beaga CTA AE le Modh A nó Modh B a úsáid mar Mhodh Faireacháin ar Úsáid Breosla chun a n‑astaíochtaí bliantúla CO2 ó eitiltí idirnáisiúnta a thuairisciú. Ní mór an modh céanna a úsáid cibé acu atá na heitiltí faoi réir ceanglais fritháirimh nó nach bhfuil.

Mar sin féin, i bhFoscríbhinn 2 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, is féidir le hoibreoirí aerárthaí Modh Faireacháin ar Úsáid Breosla a roghnú as cúig mhodh a chumhdaítear i SARPanna ICAO, lena n‑áirítear Modh A agus Modh B. Thairis sin, de réir Chaibidil 2 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, ní fhéadfaidh oibreoirí aerárthaí rogha a dhéanamh an Modhanna Faireacháin ar Úsáid Breosla a úsáid ach amháin chun eitiltí atá faoi réir ceanglais fritháirimh a thuairisciú agus ní mór dóibh uirlis mheastacháin astaíochtaí a úsáid chun eitiltí nach bhfuil faoi réir ceanglais fritháirimh a thuairisciú.

Ba cheart na srianta sin faoi dhlí an Aontais, sa bhreis ar an gcaighdeán in Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, a chomhdú le ICAO faoi ‘Catagóir A — ‘Níos beaichte nó ag dul níos faide ná Caighdeán nó Cleachtas Molta ICAO (SARP)’. Spreagtar leo sin fógra de bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago maidir le pointí 2.2.1.3.1, 2.2.1.3.2, 2.2.1.3.3, 2.2.1.3.4, 2.2.1.3.5 agus 2.2.1.3.6 de Chaibidil 2 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, ina gcuirtear i láthair maoluithe maidir le cathain is ceart Modh Faireacháin ar Úsáid Breosla a úsáid agus cathain is ceart Pleananna Faireacháin ar Astaíochtaí nuashonraithe a chur isteach.

Tá tairseach na n‑astaírí beaga, dá bhforáiltear in Airteagal 55(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, éagsúil leis an tairseach i SARPanna CORSIA. Meastar gur astaírí beaga iad oibreoirí aerárthaí a oibríonn níos lú ná 243 eitilt in aghaidh na tréimhse ar feadh trí thréimhse ceithre mhí as a chéile agus oibreoirí aerárthaí a oibríonn eitiltí ar lú a n‑astaíochtaí bliantúla iomlána ná 25 000 tona CO2 in aghaidh na bliana.

An sainmhíniú sin, sa bhreis ar an gcaighdeán i bpointe 2.2.1.3.1 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, is difríocht bhreise í atá le comhdú le ICAO faoi ‘Catagóir A — ‘Níos beaichte nó ag dul níos faide ná Caighdeán nó Cleachtas Molta ICAO (SARP)’. Spreagtar leis sin fógra de bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, maidir le pointe 2.2.1.3.1 de Chaibidil 2, Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, a bhfuil feidhm aige i gcás oibreoirí aerárthaí a bhfuil hastaíochtaí CO2 in aghaidh na bliana acu ó eitiltí idirnáisiúnta os cionn 50 000 tona.

De bhun Airteagal 52 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, tá an t‑oibreoir aerárthaí lena phlean faireacháin a chur faoi bhráid an údaráis inniúil 4 mhí ar a dhéanaí sula dtosóidh sé ar ghníomhaíochtaí eitlíochta a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE. Ba cheart d’oibreoirí aerárthaí a dhéanann gníomhaíocht den sórt sin den chéad uair (nach bhféadfaí a thuar ceithre mhí roimh an ngníomhaíocht), plean faireacháin a chur faoi bhráid an údaráis inniúil gan moill mhíchuí, ach tráth nach déanaí ná sé seachtaine tar éis fheidhmiú na gníomhaíochta sin.

Tá an amlíne a leagtar síos sna SARPanna éagsúil le Treoir 2003/87/CE. Foráiltear le hIarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago gur cheart do stáit chonarthacha ICAO agus d’oibreoirí aerárthaí an amlíne a shainítear i bhFoscríbhinn 1 a chomhlíonadh. Ní gá aighneacht a chur isteach ach uair amháin, mura bhfuil gá le hathbhreithniú. Ba cheart d’iontrálaithe nua pleananna faireacháin astaíochtaí a chur isteach laistigh de 3 mhí tar éis dóibh teacht faoi raon feidhme na hinfheidhmeachta. Maidir le hoibreoirí aerárthaí eile (a thagann faoi raon feidhme na hinfheidhmeachta den chéad uair gan cáiliú mar iontrálaithe nua), ba cheart dóibh a bpleananna a chur isteach laistigh de 3 mhí.

Ba cheart na srianta sin, sa bhreis ar an gcaighdeán in Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, a chomhdú le ICAO faoi ‘Catagóir A — ‘Níos beaichte nó ag dul níos faide ná Caighdeán nó Cleachtas Molta ICAO (SARP)’. Spreagtar leo sin fógra de bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, maidir le pointí 2.2.2.1, 2.2.2.2, agus 2.2.2.3 de Chaibidil 2 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

I gcomhréir le hAirteagal 68 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 agus Airteagal 27(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067, níl ach oibreoirí aerárthaí leis an tuarascáil astaíochtaí agus an tuarascáil fíorúcháin araon a chur faoi bhráid údarás inniúil a Stáit riaracháin. Le pointe 2.4.1.5 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, ceanglaítear ar an oibreoir aerárthaí agus ar an gcomhlacht fíorúcháin araon cóip den tuarascáil astaíochtaí agus den tuarascáil fíorúcháin ghaolmhar a chur faoi bhráid an Stáit go neamhspleách.

Ba cheart an difríocht sin leis an gcaighdeán in Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, a chomhdú le ICAO faoi ‘Catagóir B — modhanna comhlíonta eile le Caighdeán nó Cleachtas Molta ICAO (SARP)’. Spreagtar leis sin fógra de bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, maidir le pointe 2.4.1,5 de Chaibidil 2, Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

Leagtar síos in Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 na coinníollacha is gá a chomhlíonadh chun bheith ina ‘fhíoraitheoir’ creidiúnaithe: duine dlítheanach nó eintiteas dlítheanach eile a dhéanann gníomhaíochtaí fíorúcháin de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 agus atá creidiúnaithe ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 nó duine nádúrtha a údaraítear ar shlí eile, gan dochar d’Airteagal 5(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067, tráth a eisítear tuarascáil fíorúcháin. Tugann sé le tuiscint go bhfuil fíoraitheoirí atá bunaithe ar chríoch LEE leis an tuarascáil astaíochtaí a fhíorú, rud nach critéar sna SARPanna é.

Ba cheart an difríocht sin leis an gcaighdeán in Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, a chomhdú le ICAO faoi ‘Catagóir A — ‘Níos beaichte nó ag dul níos faide ná Caighdeán nó Cleachtas Molta ICAO (SARP)’. Spreagtar leis sin fógra de bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, maidir le pointe 2.4.2,1 de Chaibidil 2, Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

Ar deireadh, tá an t‑oibreoir aerárthaí le bearnaí sonraí a líonadh i gcomhréir le hAirteagal 66(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, agus úsáid á baint as luachanna coimeádacha sonraí ionadacha nó as sonraí ó uirlis mheastacháin astaíochtaí ar choinníoll nach mó na bearnaí sonraí ná 5 % de na heitiltí tuairiscithe uile, i.e. gach eitilt idirnáisiúnta. Má sháraíonn sé an tairseach sin, tá an t‑oibreoir aerárthaí le beart feabhais a dhéanamh chun feabhas a chur ar an modheolaíocht faireacháin.

Ba cheart an difríocht sin, sa bhreis ar an gcaighdeán in Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, a chomhdú le ICAO faoi ‘Catagóir A — Níos beaichte nó ag dul níos faide ná Caighdeán nó Cleachtas Molta ICAO (SARP)’. Spreagtar leis sin fógra de bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, maidir le pointe 2.5.1,1 de Chaibidil 2, Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, lena chuirtear i bhfeidhm tairseach 5 % d’eitiltí idirnáisiúnta aoi réir ceanglais fritháirimh.

3.2.3 Ceanglais fritháirimh

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1879, déantar foráil maidir le ríomh na gceanglas fritháirimh is ábhartha d’astaíochtaí a tharlaíonn ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2026.

Seo a leanas an fhoirmle ríofa sin:

ORy = OEy * TFEy i gcás:

ORy = ceanglais fritháirimh an oibreora aerárthaí sa bhliain áirithe y;

OEy = astaíochtaí CO2 an oibreora aerárthaí ó eitiltí idirnáisiúnta a chumhdaítear sa bhliain áirithe y;

TFEy = Toisc Fáis na hEarnála.

Leanann an fhoirmle seo modh ríofa SARPanna, ach ceanglaítear le hAirteagal 25a(3) de Threoir 2003/87/CE go bhfoilseofar liosta de na stáit a mheastar a bheith ag cur CORSIA i bhfeidhm. Tugtar an liosta sin cothrom le dáta gach bliain chun aitheantas a thabhairt do stáit nua atá ag obair go deonach in CORSIA ach tá sé fós éagsúil ó liosta ICAO, toisc go neisiatar leis tíortha LEE, an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe ós rud é go gcuireann na stáit sin a gcórais trádála astaíochtaí réigiúnacha i bhfeidhm 11 le haghaidh eitiltí laistigh de LEE agus eitiltí idir tíortha LEE agus an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe.

Ciallaíonn sé, fiú má thuairiscíonn stáit LEE a n‑astaíochtaí do ICAO de réir mhodheolaíocht SARPanna, chun ríomh na Toisce Fáis Earnála a éascú, nach ríomhann siad na ceanglais fritháirithe d’eitiltí atá faoi réir na gcóras trádála astaíochtaí réigiúnach.

Le cur i bhfeidhm na gcóras réigiúnach trádála astaíochtaí ar eitiltí idirnáisiúnta idir Stáit LEE agus ar eitiltí idir LEE agus an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe, cuirtear d’oibleagáid ar oibreoirí aerárthaí aghaidh a thabhairt ar na hastaíochtaí ó na heitiltí sin. Ó thaobh an chomhshaoil de, is ionstraim níos déine é CTA AE ná CORSIA, toisc go dtugann sé aghaidh ní hamháin ar astaíochtaí os cionn bhonnlíne CORSIA, ach ar sciar i bhfad níos mó d’astaíochtaí iomlána.

In 2022, b'ionann agus 49,1 mhilliún tona CO2 na hastaíochtaí faoi raon feidhme CTA AE laistigh de LEE. Líon iomlán na lamháltas a eisíodh, bhí sé thart ar 27 milliún. B'ionann agus 23,1 mhilliún lamháltas leithdháileadh saor in aisce agus cuireadh thart ar 3,7 milliún lamháltas eitlíochta ar ceant in 2022 12 . Dá bhrí sin, tugadh aghaidh ar níos mó ná 50 % d’astaíochtaí in 2022, agus méadófar déine CTA AE tuilleadh trí lamháltais saor in aisce a chéimniú amach de réir a chéile d’earnáil na heitlíochta le linn na tréimhse 2024-2026, le laghdú 25 % in 2024, laghdú 50 % in 2025 agus deireadh iomlán a chur leis an leithdháileadh saor in aisce ó 2026 ar aghaidh.

Go dtí an 31 Nollaig 2026 ar a laghad, na hastaíochtaí sin a chumhdaítear leis na córais trádála astaíochtaí réigiúnacha agus, dá bhrí sin, nach gcumhdaítear le hoibleagáid fritháirimh CORSIA d’oibreoirí aerárthaí atá bunaithe in LEE, baineann siad le heitiltí idir tíortha LEE agus eitiltí idir LEE agus an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe.

I gcomparáid leis sin, dá mbeadh feidhm ag ceanglais fritháirimh CORSIA maidir le heitiltí a chumhdaítear cheana féin le CTA AE, b’ionann iad agus 5 mhilliún tona CO2 le haghaidh 2024 bunaithe ar shamhaltú AERO-MS.

Dá bhrí sin, tá cumhdach na n‑eitiltí idir tíortha LEE agus na n‑eitiltí idir LEE agus an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe níos déine ó thaobh an chomhshaoil de.

Ba cheart an srian sin, sa bhreis ar an gcaighdeán in Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, a chomhdú le ICAO faoi ‘Catagóir A — Níos beaichte nó ag dul níos faide ná Caighdeán nó Cleachtas Molta ICAO (SARP)’. Spreagtar leis sin fógra de bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, maidir le pointí 3.1.4 agus 3.2.1 de Chaibidil 3 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

Sa bhreis air sin, i gcomhréir le hAirteagal 4(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1879, i gcás inar lú suim cheanglais fritháirimh an oibreora aerárthaí sna 3 bliana den tréimhse áirithe (ceanglais fritháirimh 1 + ceanglais fritháirimh 2 + ceanglais fritháirimh 3) ná 3 000 tona de CO2, féadfaidh Ballstáit LEE, arna iarraidh sin don oibreoir aerárthaí, gan ceanglais fritháirimh a ríomh le haghaidh na tréimhse sin maidir leis an oibreoir aerárthaí sin. Cé nach bhfuil aon cheanglais fritháirithe ag an oibreoir aerárthaí a chomhlíonann coinníollacha phointe 3.4.2 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, is féidir leis rogha a dhéanamh na hastaíochtaí sin a fhritháireamh ar bhonn deonach. Is é an t‑aon difríocht atá ann go bhfuil an rogha ann don oibreoir aerárthaí diúltú in ionad roghnú a bheith páirteach go deonach.

Ba cheart an srian sin, sa bhreis ar an gcaighdeán in Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, a chomhdú le ICAO faoi ‘Catagóir A — Níos beaichte nó ag dul níos faide ná Caighdeán nó Cleachtas Molta ICAO (SARP)’. Spreagtar leis sin fógra de bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, maidir le pointe 3.4.2 de Chaibidil 3, Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

3.2.4 Aonaid Incháilithe

I gcomhréir le hAirteagal 11a de Threoir 2003/87/CE maidir le gníomhaíochtaí tionscadail, ní mór do chreidmheasanna a bheith i gcomhréir le líon áirithe critéar chun go measfar iad a bheith incháilithe chun na ceanglais fritháirimh le haghaidh CORSIA a chomhlíonadh.

De bhun Airteagal 11a(8) de Threoir 2003/87/CE, tá an Coimisiún le gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina liostófar aonaid atá incháilithe chun CORSIA a chomhlíonadh maidir le hoibreoirí aerárthaí LEE. Áirítear orthu sin aonaid a mheasann Comhairle ICAO a bheith incháilithe, más de thionscnamh Stáit atá rannpháirteach in CORSIA iad agus más Stát atá ina pháirtí i gComhaontú Pháras atá ann.

Ba cheart an srian sin, sa bhreis ar an gcaighdeán i bpointe 4.2.1 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, a chomhdú le ICAO faoi ‘Catagóir A — Níos beaichte nó ag dul níos faide ná Caighdeán nó Cleachtas Molta ICAO (SARP)’. Spreagtar leis sin fógra de bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, maidir le pointe 4.2.1 de Chaibidil 4 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, ina sonraítear an méid seo a leanas: ‘Níl in Aonaid Astaíochtaí Incháilithe CORSIA ach na haonaid sin a bhfuil tuairisc orthu i ndoiciméad ICAO dar teideal ‘CORSIA Eligible Emissions Units’ [‘Aonaid Astaíochtaí Incháilithe CORSIA’], a chomhlíonann Critéir Incháilitheachta Aonad Astaíochtaí CORSIA atá i ndoiciméad ICAO dar teideal ‘CORSIA Emissions Unit Eligibility Criteria’ [‘Critéir Incháilitheachta Aonad Astaíochtaí CORSIA’].

I dteannta na gceanglas a luaitear thuas, déantar foráil in Airteagal 11a(1) de Threoir 2003/87/CE maidir le glacadh le dhá chineál creidmheasa eile:

·creidmheasanna atá údaraithe ag páirtithe i gcomhaontuithe de bhun mhír 5 de Threoir 2003/87/CE;

·creidmheasanna a eisíodh i ndáil le tionscadail ar leibhéal an Aontais de bhun Airteagal 24a de Threoir 2003/87/CE.

Go sonrach, tagraítear in Airteagal 11a(5) do chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích le tríú tíortha, lena sonraítear na leibhéil úsáide. Go dtí seo, níl aon chomhaontú den sórt sin ann le tríú tíortha.

Tagraíonn Airteagal 11a(1)[d] do chreidmheasanna arna n‑eisiúint i leith tionscadal ar leibhéal an Aontais de bhun Airteagal 24a de Threoir 2003/87/CE. Go dtí seo, níl aon tionscadal ann de bhun Airteagal 24a de Threoir 2003/87/CE.

Ós rud é nár údaraíodh nó nár eisíodh na creidmheasanna sin go fóill, ní gá ICAO a chur ar an eolas láithreach faoin difríocht a d’fhéadfadh a bheith i ndlí an Aontais, rud nár tháinig chun cinn go fóill sa chleachtas.

Tá sé d’oibleagáid ar Bhallstáit an Aontais fógra a thabhairt láithreach do ICAO a luaithe ar féidir na creidmheasanna sin a údarú nó a eisiúint de réir an dlí. I gcás den sórt sin, ba cheart don Choimisiún an Chomhairle a chur ar an eolas dá réir le nóta faisnéise agus ba cheart do Bhallstáit an Aontais fógra a thabhairt go pras do ICAO de bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago faoi na difríochtaí a eascraíonn as sin i ndáil le pointe 4.2.1 de Chaibidil 4 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, de réir Airteagal 3(13) agus Airteagal 3(14) den Chinneadh seo ón gComhairle. Déanfar na difríochtaí sin a lipéadú mar dhifríocht Chatagóir B, ‘Modhanna comhlíonta eile’ sa Chóras um Chomhdú Leictreonach na nDifríochtaí.

3.3An difríocht a thuairisciú don Choimisiún

Tar éis do Bhallstáit an Aontais na difríochtaí a chomhdú le ICAO, agus tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis ghlacadh an Chinnidh seo ón gComhairle, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi na difríochtaí a comhdaíodh. Tá gá leis sin chun a áirithiú gur urramaíodh forálacha an Chinnidh seo ón gComhairle.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1. Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe’.

Tá feidhm ag Airteagal 218(9) CFAE bíodh an tAontas ina chomhalta den chomhlacht nó ina pháirtí sa chomhaontú 13 .

Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’ 14 .

4.1.2. Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é ICAO a bunaíodh le chomhaontú idirnáisiúnta, is é sin Coinbhinsiún Chicago.

Tá glacadh an dara heagrán d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago ina cheangal ar an Aontas i gcomhréir le hAirteagal 90 de Choinbhinsiún Chicago.

Tá éifeachtaí dlíthiúla ag an bhfógra faoi dhifríochtaí atá le déanamh ag Ballstáit an Aontais toisc go bhféadfadh sé tionchar a imirt ar an gcaoi a gcuirfidh na Ballstáit caighdeáin ICAO chun feidhme, ar ábhar a chumhdaítear le rialacha comhchoiteanna.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

I gcomhréir le hAirteagal 192(1) agus Airteagal 191 CFAE, rannchuideoidh an tAontas Eorpach le saothrú na gcuspóirí seo a leanas inter alia: mianach an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú; bearta a chur chun cinn ar leibhéal idirnáisiúnta chun déileáil le fadhbanna réigiúnacha nó domhanda an chomhshaoil, agus go háirithe an t‑athrú aeráide a chomhrac.

4.2.1. Prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh‑chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh‑chomhpháirt.

4.2.2. Feidhm maidir leis an gcás seo

Tá éifeachtaí dlíthiúla ag an bhfógra faoi dhifríochtaí atá le déanamh ag Ballstáit an Aontais toisc go bhféadfadh sé tionchar a imirt ar an gcaoi a gcuirfidh na Ballstáit caighdeáin ICAO chun feidhme, ar ábhar a chumhdaítear le rialacha comhchoiteanna. 

Baineann príomhchuspóir agus inneachar an ghnímh atá beartaithe le beartas aeráide, i gcomhthéacs na heitlíochta idirnáisiúnta.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 192(1) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúidí

Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 192(1) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

2025/0065 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir leis an Dara hEagrán de na Caighdeáin Idirnáisiúnta agus na Cleachtais Mholta Idirnáisiúnta maidir le Cosaint an Chomhshaoil — an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (‘An Coinbhinsiún’), arb é is aidhm dó aeriompar idirnáisiúnta a rialú, tháinig sé i bhfeidhm an 4 Aibreán 1947. Bunaíodh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) leis.

(2)Is Stáit Chonarthacha den Choinbhinsiún sin iad Ballstáit an Aontais (‘Ballstáit an Aontais’) agus is comhaltaí de ICAO iad, agus tá stádas breathnóra ag an Aontas i gcomhlachtaí áirithe ICAO.

(3)De bhun Airteagal 54 den Choinbhinsiún, féadfaidh Comhairle ICAO Caighdeáin Idirnáisiúnta agus Cleachtais Mholta Idirnáisiúnta (SARPanna) a ghlacadh.

(4)I mí na Nollag 2015, ag an 21ú Comhdháil de Pháirtithe ChreatChoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide, rinneadh Comhaontú Pháras a thabhairt i gcrích, arb é is aidhm dó an méadú domhanda ar an teocht a choinneáil faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú ar an teocht a theorannú go 1,5 °C. Ba cheart do gach earnáil den gheilleagar rannchuidiú leis na laghduithe astaíochtaí a bhaint amach, lena náirítear earnáil na heitlíochta idirnáisiúnta.

(5)In 2016, ag an 39ú Comhthionól Ginearálta ICAO, cinneadh sásra domhanda margadhbhunaithe a fhorbairt chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ón eitlíocht idirnáisiúnta a theorannú do leibhéil 2020 15 . Bunaíodh seasamh an Aontais i ndáil leis sin le Cinneadh (AE) 2016/915 ón gComhairle 16 .

(6)Ag an 10ú cruinniú dá 214ú seisiún, ghlac Comhairle ICAO an chéad eagrán d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún: na Caighdeáin Idirnáisiúnta agus na Cleachtais Mholta maidir le Cosaint an Chomhshaoil – an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (‘CORSIA’).

(7)Ghlac Comhairle ICAO, ag an 228ú Seisiún dá cuid, Leasú 1 ar Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, leasú a d’eascair as leasuithe atá beartaithe ag an gCoiste um Chosaint an Chomhshaoil san Eitlíocht agus as toradh athbhreithniú tréimhsiúil CORSIA 2022. An dara heagrán d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, a bhí mar thoradh air sin, i tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024.

(8)Ós rud é go bhfuil difríochtaí áirithe idir dlí an Aontais agus an dara heagrán d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, ba cheart seasamh an Aontais a bhunú maidir le fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí de bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago.

(9)Moltar an fógra seo a leanas faoi na difríochtaí a eascraíonn as sin ag an gcéim seo toisc gur glacadh reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le cur chun feidhme CORSIA san Aontas.

(10)Mar a cuireadh in iúl do Rúnaíocht ICAO, agus mar a d’aithin an Rúnaíocht, na hastaíochtaí bliantúla CO2 le haghaidh na bpéirí Stát uile arna dtuairisciú ag na Ballstáit do Rúnaíocht ICAO mar astaíochtaí atá faoi réir ceanglais fritháirimh, tá siad gan dochar do ríomh na gceanglas fritháirimh agus do chainníocht na nAonad Incháilithe CORSIA atá le cur ar ceal chun comhlíontacht a léiriú.

(11)Cumhdaítear le hAirteagal 38 den Choinbhinsiún imeachtaí ó chaighdeáin agus nósanna imeachta idirnáisiúnta. I gcomhréir lena théarmaí, más dofheidhmithe d’aon Stát Conarthach ICAO aon chaighdeán nó aon nós imeachta idirnáisiúnta den sórt sin a chomhlíonadh ar gach bealach nó más dofheidhmithe dó a rialacháin nó a chleachtais féin a chur i gcomhréir go hiomlán le haon chaighdeán nó nós imeachta idirnáisiúnta tar éis leasú a bheith déanta ar an gcaighdeán nó nós imeachta idirnáisiúnta sin, nó má mheasann sé é a bheith riachtanach rialacháin nó cleachtais a ghlacadh atá éagsúil ar dhóigh ar bith leis na rialacháin nó na cleachtais arna mbunú le caighdeán idirnáisiúnta, tá an Stát sin le fógra láithreach a thabhairt do ICAO faoi na difríochtaí idir a chleachtas féin agus an cleachtas arna bhunú leis an gcaighdeán idirnáisiúnta.

(12)Le Cinneadh (AE) 2018/2027 ón gComhairle, tugadh fógra faoi dhifríochtaí idir Treoir 2003/87/CE agus an chéad eagrán d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago. Tá feidhm acu sin maidir leis na ceanglais faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe (MRV) agus maidir le ceanglais fritháirimh agus tá siad fós bailí.

(13)Le glacadh Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 ón gCoimisiún 17 , a mhéid a bhaineann le bearta arna nglacadh ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta chun faireachán, tuairisciú agus fíorú (MRV) a dhéanamh ar astaíochtaí eitlíochta chun críche beart domhanda margadhbhunaithe a chur chun feidhme, cuireann an tAontas ceanglais MRV i bhfeidhm de réir Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago. Le cur i bhfeidhm iomlán cheanglais MRV, ráthaítear go náireofar astaíochtaí na bpéirí stát i gCaibidil 3, pointe 3.1, d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago. Dá thoradh sin, ní dhéanann aon difríocht i gcur chun feidhme Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago ag Stáit LEE difear don Toisc Fáis Earnála.

(14)Le Treoir (AE) 2023/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, rinneadh Treoir 2003/87/CE a leasú in 2023. Ceann de na cuspóirí a bhí aige cur chun feidhme CORSIA a shaothrú san Aontas Eorpach.

(15)Tá feidhm ag Treoir 2003/87/CE gan beann ar náisiúntacht an oibreora aerárthaí agus tá feidhm aici gan idirdhealú maidir le heitiltí laistigh de Bhallstáit an Aontais agus/nó tíortha LEE agus eatarthu.

(16)Foráiltear le hAirteagal 12 de Threoir 2003/87/CE go nglacfaidh an Coimisiún Eorpach gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear an mhodheolaíocht chun ceanglais fritháirimh ar oibreoirí aerárthaí a ríomh.

(17)An 9 Iúil 2024, glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1879 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais fritháirimh a ríomh chun críoch CORSIA (‘Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1879’).

(18)De bhun Airteagal 25a(3) de Threoir 2003/87/CE, glacann an Coimisiún go bliantúil liosta de na stáit, seachas tíortha LEE, an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe, a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu. I gcomhréir le Treoir 2003/87/CE, ríomhfar ceanglais fritháirimh d’oibreoirí atá bunaithe i mBallstáit an Aontais le haghaidh na neitiltí uile idir stáit atá rannpháirteach in CORSIA, cé is moite d’eitiltí laistigh de LEE agus idir LEE agus an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe. Ba cheart an difríocht sin a chur in iúl do ICAO.

(19)De réir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1879, tá oibreoirí beaga le diúltú d’oibleagáidí chun astaíochtaí a fhritháireamh, agus le hIarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago díolmhaítear iad mar réamhshocrú agus féadann siad rogha a dhéanamh a bheith páirteach. Ba cheart an difríocht sin a chur in iúl do ICAO.

(20)I gcomhréir le Treoir 2003/87/CE, is iad aonaid incháilithe CORSIA na haonaid sin a chinneann Comhairle ICAO, ar choinníoll go dtagann siad ó stát a chuireann Comhaontú Pháras chun feidhme agus atá rannpháirteach in CORSIA. Ba cheart an difríocht sin a chur in iúl do ICAO.

(21)De réir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067, ní gá don fhíoraitheoir an tuarascáil astaíochtaí ná an tuarascáil fíorúcháin neamhspleách a tharchur go díreach chuig na húdaráis náisiúnta, murab ionann an cás le hIarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, lena gceanglaítear tarchur díreach ina leith. Ba cheart an difríocht sin a chur in iúl do ICAO.

(22)De réir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, tá oibreoirí aerárthaí le sonraí ionadacha a úsáid le haghaidh 5 % ar a mhéad dá neitiltí tuairiscithe go léir. Le hIarscríbhinn 16, Imleabhar IV, déantar é sin a theorannú do 5 % de na heitiltí atá faoi réir ceanglais fritháirimh. Ba cheart an difríocht sin a chur in iúl do ICAO.

(23)De bhun Threoir 2003/87/CE, i dteannta na neitiltí a shonraítear in Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, tá na heitiltí seo a leanas díolmhaithe ó cheanglais faireacháin freisin: eitiltí faoi rialacha amharceitilte, eitiltí le haghaidh taighde eolaíochta agus tástála aerárthaí agus eitiltí oibleagáide seirbhíse poiblí. Ba cheart an difríocht sin a chur in iúl do ICAO.

(24)De réir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, maidir le hoibreoirí aerárthaí nach bhfuil incháilithe uirlisí meastacháin astaíochtaí a úsáid, tá siad le Modh A nó Modh B a úsáid mar Mhodhanna Faireacháin ar Úsáid Breosla. Tá siad leis na modhanna céanna a úsáid chun gach eitilt a thuairisciú, lena náirítear eitiltí nach bhfuil faoi réir ceanglais fritháirimh. Ba cheart an difríocht sin a chur in iúl do ICAO.

(25)De réir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, tá an tuainiú faoinar féidir le hoibreoir aerárthaí Plean Faireacháin Astaíochtaí nuashonraithe a chur isteach i gcás athrú suntasach níos giorra ná an tam dá bhforáiltear i SARPanna. Ba cheart an difríocht sin a chur in iúl do ICAO.

(26)I gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, tá gach oibreoir aerárthaí lena phlean faireacháin sainiúil féin a bheith aige agus tuarascálacha ar leithligh a chur isteach, gan beann ar cé acu fochuideachta nó eintiteas faoi lánúinéireacht oibreora aerárthaí eile é. Ba cheart an difríocht sin a chur in iúl do ICAO.

(27)De réir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, is é an 31 Márta gach bliain an spriocdháta tuairiscithe d’oibreoirí aerárthaí, chun sonraí astaíochtaí ón mbliain féilire roimhe sin a chur isteach, agus éilíonn SARPanna CORSIA go gcuirfí isteach iad faoin 30 Aibreán gach bliain. Ba cheart an difríocht sin a chur in iúl do ICAO.

(28)I gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, cuireann an toibreoir aerárthaí a phlean faireacháin isteach: (i) 4 mhí ar a laghad roimh thús a chur le gníomhaíochtaí eitlíochta a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, nó (ii) gan moill mhíchuí tar éis thús na ngníomhaíochtaí sin, ach tráth nach déanaí ná 6 seachtaine ina dhiaidh sin. Ba cheart an difríocht sin a chur in iúl do ICAO.

(29)De bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067, tá fíoraitheoirí atá creidiúnaithe ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta de chuid ceann de stáit an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch leis an tuarascáil astaíochtaí a fhíorú, cé nach bhfuil srian den sórt sin i SARPanna CORSIA. Ba cheart an difríocht sin a chur in iúl do ICAO.

(30)Go dtí seo, níl aon chreidmheasanna údaraithe ag páirtithe i gcomhaontuithe de bhun mhír 5 de Threoir 2003/87/CE, ná creidmheasanna eisithe i leith tionscadal ar leibhéal an Aontais de bhun Airteagal 24a de Threoir 2003/87/CE. Níl aon difríocht sa chleachtas. Ar údarú creidmheasanna ó thionscadail i gcomhréir le comhaontuithe a tugadh i gcrích le tríú tíortha nó ar eisiúint creidmheasanna ó thionscadail arna riar ag Ballstáit an Aontais arb é is aidhm dóibh astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú nach gcumhdaítear cheana féin le Treoir 2003/87/CE, nó iad araon, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt do ICAO faoi dhifríochtaí go bhféadfar creidmheasanna den sórt sin a úsáid chun CORSIA a chomhlíonadh.

(31)I gcás den sórt sin, ba cheart don Choimisiún an Chomhairle a chur ar an eolas dá réir sin le nóta faisnéise agus ba cheart do Bhallstáit an Aontais fógra a thabhairt go pras do ICAO.

(32)Ba cheart do Bhallstáit an Aontais an Coimisiún a chur ar an eolas faoi na difríochtaí a chomhdaigh siad le ICAO a luaithe a chomhdaítear iad, tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh seo.

(33)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle ICAO a bhunú, ós rud é go bhfuil glacadh an dara heagrán d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV ina cheangal ar na Ballstáit de bhun Airteagal 90 de Choinbhinsiún Chicago.

(34)Ba cheart do Bhallstáit uile an Aontais seasamh an Aontais a chur in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é seo a leanas an seasamh atá le glacadh a mhéid a bhaineann le difríochtaí atá le comhdú le hIarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago: tabharfaidh gach Ballstát an míniú a leagtar amach in Airteagal 2 agus cuirfidh siad isteach na difríochtaí sa Chóras um Chomhdú Leictreonach na nDifríochtaí, faoi na coinníollacha a thuairiscítear i míreanna 1-15 d’Airteagal 3 den Chinneadh seo.

Airteagal 2

Tabharfar an míniú seo a leanas maidir leis na difríochtaí thíos:

A mhéid a bhaineann le fritháireamh, tá difríochtaí ann idir Treoir 2003/87/CE agus rialacha mionsonraithe arna nglacadh ag an gCoimisiún, ar thaobh amháin, agus CORSIA ar an taobh eile. Na Rialacha de chuid an Aontais Eorpaigh is infheidhme maidir leis sin an [20 Nollaig 2024], tá siad le fáil go príomha i dTreoir 2003/87/CE, arna leasú go deireanach le Treoir (AE) 2023/958, Treoir (AE) 2023/959 agus Cinneadh Uimh. 334/2023 ó Chomhchoiste LEE.

Na difríochtaí ar thug [Ballstát] fógra ina leith an [dáta] de bhun Chinneadh (AE) 2018/2027 ón gComhairle, tá siad fós bailí.

Airteagal 3

1.Difríocht i dtaca le pointí 3.1.4 agus 3.2 de Chaibidil 3 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta: An Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA), ‘Ceanglais fritháirimh CO2’, leis na Sonraí Difríochta seo a leanas:

‘I gcomhréir le Treoir 2003/87/CE, maidir le hastaíochtaí ó eitiltí arna n‑oibriú ag oibreoirí atá bunaithe i [Ballstát], laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó ó eitiltí a oibrítear ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch chuig an Eilvéis nó an Ríocht Aontaithe agus ó eitiltí amach, tugann [Ballstát] fógra do ICAO nach bhfuil na hastaíochtaí sin faoi réir ceanglais fritháirimh. Ní áirítear na hastaíochtaí ó na heitiltí sin i ríomh na hathróige OE i bpointe 3.2.1. le haghaidh oibreoirí arna riar ag [Ballstát].’

Le rannpháirtíocht sna scéimeanna trádála réigiúnacha, cuirtear d’oibleagáid ar oibreoirí ó [Ballstát] aghaidh a thabhairt ar na hastaíochtaí sin.

Is é an toradh a bhíonn ar na córais trádála astaíochtaí réigiúnacha sin lena gcumhdaítear na hastaíochtaí sin leibhéal níos airde déine comhshaoil i gcomparáid le CORSIA, toisc go gcumhdaíonn siad sciar níos mó de na hastaíochtaí ó eitiltí idir Stáit LEE agus eitiltí idir LEE agus an Ríocht Aontaithe agus an Eilvéis.

Tá feidhm ag Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh mar a bunaíodh le Treoir 2003/87/CE maidir le hoibreoirí aerlíne gan beann ar náisiúntacht an oibreora aerlíne, lena n‑áirithítear cóir chomhionann ar bhealaí i ndáil leis an oibleagáid lamháltais CTA a thabhairt suas. 

Déanfar an difríocht sin a lipéadú mar dhifríocht Chatagóir A, ‘Níos beaichte nó ag dul níos faide ná Caighdeán nó Cleachtas Molta ICAO’ sa Chóras um Chomhdú Leictreonach na nDifríochtaí, agus mar ‘Dhifríocht Shuntasach’.

2.Difríocht i dtaca le pointe 3.4.2 de Chaibidil 3 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta: An Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA), ‘Ceanglais fritháirimh CO2’, leis na Sonraí Difríochta seo a leanas:

‘I gcomhréir le hAirteagal 4(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1879, tugann [Ballstát] fógra do ICAO go bhfuil ceanglas fritháirithe ag oibreoirí aerárthaí a bhfuil níos lú ná 3 000 tona de cheanglas fritháirithe deiridh acu le haghaidh na tréimhse comhlíontachta 3 bliana. Mar sin féin, féadfaidh na hoibreoirí aerárthaí sin a iarraidh ar an stát a bheith díolmhaithe ó cheanglais fritháirimh. Tá sé sin éagsúil le hIarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, áit nach bhfuil aon cheanglais fritháirithe ar an oibreoir aerárthaí a chomhlíonann coinníollacha phointe 3.4.2 ach gur féidir leis rogha a dhéanamh na hastaíochtaí sin a fhritháireamh ar bhonn deonach.’

Déanfar an difríocht sin a lipéadú mar dhifríocht Chatagóir A, ‘Níos beaichte nó ag dul níos faide ná Caighdeán nó Cleachtas Molta ICAO’ sa Chóras um Chomhdú Leictreonach na nDifríochtaí, agus ní mar ‘Dhifríocht Shuntasach’.

3.Difríocht i dtaca le pointe 4.2.1 de Chaibidil 4 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta: An Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA), ‘Aonaid Astaíochtaí Incháilithe CORSIA a Chur ar Ceal’, leis na Sonraí Difríochta seo a leanas:

‘I gcomhréir le hAirteagal 11a de Threoir 2003/87/CE, tugann [Ballstát] fógra do ICAO nach mór, sa bhreis ar na critéir a áirítear i ndoiciméad ICAO dar teideal ‘CORSIA Emissions Unit Eligibility Criteria’‘[Critéir Incháilitheachta Aonad Astaíochtaí CORSIA’], na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh chun go measfar aonaid a bheith incháilithe do chomhlíonadh CORSIA i gcás oibreoirí arna riar ag [Ballstát].

(a)Ní mór na haonaid a bheith de thionscnamh Stáit ar Páirtí é i gComhaontú Pháras tráth na húsáide.

(b)Ní mór d’aonaid bheith de thionscnamh Stáit atá rannpháirteach i bhfritháireamh CORSIA.

Is é an toradh atá air sin leibhéal déine comhshaoil níos airde.’

 
Déanfar an difríocht sin a lipéadú mar dhifríocht Chatagóir A, ‘Níos beaichte nó ag dul níos faide ná Caighdeán nó Cleachtas Molta ICAO’ sa Chóras um Chomhdú Leictreonach na nDifríochtaí, agus mar ‘Dhifríocht Shuntasach’.

4.Difríocht i dtaca le pointe 2.4.1.5 de Chaibidil 2 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta: An Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA), ‘Faireachán, Tuairisciú agus Fíorú (MRV) astaíochtaí bliantúla CO2 Oibreoirí Eitleán’, leis na Sonraí Difríochta seo a leanas:

‘I gcomhréir le hAirteagal 68 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 agus le hAirteagal 27(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067, tugann [Ballstát] fógra do ICAO nach gcuireann ach an t‑oibreoir aerárthaí an tuarascáil astaíochtaí agus an tuarascáil fíorúcháin chomhfhreagrach faoi bhráid an Stáit. Tá sé sin coibhéiseach leis an gceanglas i bpointe 2.4.1.5 de Chaibidil 2 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV inar gá, ina theannta sin, don chomhlacht fíorúcháin cóip den Tuarascáil Astaíochtaí agus den Tuarascáil Fíorúcháin ghaolmhar a chur faoi bhráid an Stáit go neamhspleách.’

Déanfar an difríocht sin a lipéadú mar dhifríocht Chatagóir B, ‘modhanna comhlíonta eile’ sa Chóras um Chomhdú Leictreonach na nDifríochtaí, agus ní mar ‘Dhifríocht Shuntasach’.

5.Difríocht i dtaca le pointe 2.1.1 de Chaibidil 2 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta: An Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA), ‘Faireachán, Tuairisciú agus Fíorú (MRV) astaíochtaí bliantúla CO2 Oibreoirí Eitleán’, leis na Sonraí Difríochta seo a leanas:

‘I gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, tugann [Ballstát] fógra do ICAO nach mbeidh feidhm, i dteannta na ndíolúintí a leagtar amach i bpointí 2.1.1 agus 2.1.3 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, ag na Caighdeáin ná na Cleachtais Mholta maidir leis na heitiltí seo a leanas a imíonn ó LEE nó a thagann isteach ann:

(a)Aon eitilt a dhéantar faoi rialacha amharceitilte mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, agus faoi na rialacha sin amháin;

(b)eitiltí a dhéanfar chun críche taighde eolaíoch, agus chun na críche sin amháin, nó chun aerárthaí nó trealamh, cibé acu san aer nó ar talamh, a sheiceáil, a thástáil nó a dheimhniú;

(c)eitiltí a dhéanfar faoi chuimsiú oibleagáidí seirbhíse poiblí, ar oibleagáidí iad a fhorchuirtear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 18 .’

Déanfar an difríocht sin a lipéadú mar dhifríocht Chatagóir C, ‘curtha chun feidhme go páirteach’ sa Chóras um Chomhdú Leictreonach na nDifríochtaí, agus ní mar ‘Dhifríocht Shuntasach’.

6.Beidh feidhm ag an difríocht seo a leanas i dtaca le pointí 2.2.1.3.1, 2.2.1.3.2 agus 2.2.1.3.6 de Chaibidil 2 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta: An Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA), ‘Faireachán, Tuairisciú agus Fíorú (MRV) astaíochtaí bliantúla CO2 Oibreoirí Eitleán’, leis na Sonraí Difríochta seo a leanas:

‘I gcomhréir le hAirteagal 55(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, measfar gur astaírí beaga iad oibreoirí aerárthaí a oibríonn níos lú ná 243 eitilt in aghaidh na tréimhse ar feadh trí thréimhse ceithre mhí as a chéile agus oibreoirí aerárthaí a oibríonn eitiltí ar lú a n‑astaíochtaí bliantúla iomlána ná 25 000 tona CO2 in aghaidh na bliana. Tugann [Ballstát] fógra do ICAO go n‑úsáidfidh oibreoirí aerárthaí atá os cionn thairseach na n‑astaírí beaga Modh A nó Modh B mar Mhodh Faireacháin ar Úsáid Breosla.’

‘I gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, tugann [Ballstát] fógra do ICAO go n‑úsáidfidh oibreoirí aerárthaí an modh Faireacháin ar Úsáid Breosla roghnaithe le haghaidh a n‑eitiltí tuairiscithe uile, lena n‑áirítear le haghaidh eitiltí idirnáisiúnta nach bhfuil faoi réir ceanglais fritháirimh.’

‘I gcomhréir le Treoir 2003/87/CE, tugann [Ballstát] fógra do ICAO, maidir le hoibreoirí aerárthaí a chomhlíonann ceanglais 2.1.1 agus 2.1.3 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, tar éis an 1 Eanáir 2021 den chéad uair gan cáiliú mar iontrálaí nua agus nach astaírí beaga iad, go n‑úsáidfidh siad Modh Faireacháin ar Úsáid Breosla go díreach.’

Déanfar an difríocht sin a lipéadú mar dhifríocht Chatagóir A, ‘Níos beaichte nó ag dul níos faide ná Caighdeán nó Cleachtas Molta ICAO’ sa Chóras um Chomhdú Leictreonach na nDifríochtaí, agus ní mar ‘Dhifríocht Shuntasach’.

7.Difríocht i dtaca le pointe 2.5.1,1 de Chaibidil 2 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta: An Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA), ‘Faireachán, Tuairisciú agus Fíorú (MRV) astaíochtaí bliantúla CO2 Oibreoirí Eitleán’, leis na Sonraí Difríochta seo a leanas:

‘I gcomhréir le hAirteagal 66(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, úsáidfidh an t‑oibreoir aerárthaí sonraí ionadacha le haghaidh na tréimhse ama faoi seach arna ríomh i gcomhréir leis an modh malartach a shainítear sa phlean faireacháin ar choinníoll nach dtéann na bearnaí sonraí thar 5 % de na heitiltí tuairiscithe uile. Má shainaithnítear bearnaí sonraí i gcás níos mó ná 5 % d’eitiltí bliantúla, ní mór don oibreoir an t‑údarás inniúil a chur ar an eolas agus gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh chun feabhas a chur ar bhailiú sonraí.’

Déanfar an difríocht sin a lipéadú mar dhifríocht Chatagóir A, ‘Níos beaichte nó ag dul níos faide ná Caighdeán nó Cleachtas Molta ICAO’ sa Chóras um Chomhdú Leictreonach na nDifríochtaí, agus ní mar ‘Dhifríocht Shuntasach’.

8.Beidh feidhm ag an difríocht seo a leanas maidir le pointí 2.2.1.3.3, 2.2.1.3.4 agus 2.2.1.3.5 de Chaibidil 2 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta: An Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA), ‘Faireachán, Tuairisciú agus Fíorú (MRV) astaíochtaí bliantúla CO2 Oibreoirí Eitleán’, leis na Sonraí Difríochta seo a leanas:

I gcomhréir le hAirteagal 55(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, tugann [Ballstát] fógra do ICAO go gcuirfidh an t‑oibreoir aerárthaí Plean Faireacháin Astaíochtaí nuashonraithe isteach gan moill mhíchuí má sháraíonn an t‑oibreoir aerárthaí tairseach na n‑astaírí beaga in aon bhliain ar leith (y), mura gcomhaontaítear a mhalairt le hÚdarás CORSIA [Ballstát].’

Déanfar an difríocht sin a lipéadú mar dhifríocht Chatagóir A, ‘Níos beaichte nó ag dul níos faide ná Caighdeán nó Cleachtas Molta ICAO’ sa Chóras um Chomhdú Leictreonach na nDifríochtaí, agus ní mar ‘Dhifríocht Shuntasach’.

9.Beidh feidhm ag an difríocht seo a leanas maidir le pointe 1.2.6 de Chaibidil 1 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta: An Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA), ‘Riarachán’, leis na Sonraí Difríochta seo a leanas:

‘De bhun Airteagal 51(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, tugann [Ballstát] fógra do ICAO go mbeidh a bplean faireacháin féin ag gach oibreoir aerárthaí agus go ndéanfaidh siad tuairisciú ar leithligh, fiú más fochuideachta faoi lánúinéireacht oibreora aerárthaí eile é, dá bhforáiltear in Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.’

Déanfar an difríocht sin a lipéadú mar dhifríocht Chatagóir A, ‘Níos beaichte nó ag dul níos faide ná Caighdeán nó Cleachtas Molta ICAO’ sa Chóras um Chomhdú Leictreonach na nDifríochtaí, agus ní mar ‘Dhifríocht Shuntasach’.

10.Beidh feidhm ag an difríocht seo a leanas maidir le pointe 1.5 de Chaibidil 1 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta: An Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA), ‘Riarachán’, leis na Sonraí Difríochta seo a leanas:

‘I gcomhréir le hAirteagal 68 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, tugann [Ballstát] fógra do ICAO gurb é an 31 Márta seachas an 30 Aibreán gach bliain an spriocdháta tuairiscithe d’oibreoirí aerárthaí, chun astaíochtaí na bliana féilire roimhe sin a chur isteach, dá bhforáiltear in Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.’

Déanfar an difríocht sin a lipéadú mar dhifríocht Chatagóir A, ‘Níos beaichte nó ag dul níos faide ná Caighdeán nó Cleachtas Molta ICAO’ sa Chóras um Chomhdú Leictreonach na nDifríochtaí, agus ní mar ‘Dhifríocht Shuntasach’.

11.Beidh feidhm ag an difríocht seo a leanas maidir le pointí 2.2.2.1, 2.2.2.2 agus 2.2.2.3 de Chaibidil 2 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta: An Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA), ‘Faireachán, Tuairisciú agus Fíorú (MRV) astaíochtaí bliantúla CO2 Oibreoirí Eitleán’, leis na Sonraí Difríochta seo a leanas:

‘I gcomhréir le hAirteagal 52 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, tugann [Ballstát] fógra do ICAO go gcuirfidh na hoibreoirí aerárthaí an plean faireacháin isteach 4 mhí ar a dhéanaí sula gcuirfidh sé tús leis na gníomhaíochtaí eitlíochta a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE nó gan moill mhíchuí tar éis thús na ngníomhaíochtaí eitlíochta agus tráth nach déanaí ná 6 seachtaine ina dhiaidh sin. Tá an amlíne sin éagsúil le hIarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, cás ina gcuirfidh iontrálaithe nua pleananna faireacháin astaíochtaí isteach laistigh de 3 mhí tar éis dóibh teacht faoi raon feidhme a infheidhmeachta. Ina theannta sin, cuirfidh oibreoirí aerárthaí a thagann faoi raon feidhme na hinfheidhmeachta den chéad uair (gan cáiliú mar iontrálaithe nua) a bpleananna isteach laistigh de thrí mhí.’

Déanfar an difríocht sin a lipéadú mar dhifríocht Chatagóir A, ‘Níos beaichte nó ag dul níos faide ná Caighdeán nó Cleachtas Molta ICAO’ sa Chóras um Chomhdú Leictreonach na nDifríochtaí, agus ní mar ‘Dhifríocht Shuntasach’.

12.Beidh feidhm ag an difríocht seo a leanas maidir le pointe 2.4.2.1 de Chaibidil 2 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta: An Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA), ‘Faireachán, Tuairisciú agus Fíorú (MRV) astaíochtaí bliantúla CO2 Oibreoirí Eitleán’, leis na Sonraí Difríochta seo a leanas:

‘I gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067, agus sa bhreis ar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe 2.4.2.1 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, tugann [Ballstát] fógra do ICAO go ndéanfaidh fíoraitheoirí atá creidiúnaithe i gcomhréir leis an rialachán seo agus comhlacht náisiúnta creidiúnaithe de chuid ceann de stáit an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch an tuarascáil astaíochtaí a fhíorú.’

Déanfar an difríocht sin a lipéadú mar dhifríocht Chatagóir A, ‘Níos beaichte nó ag dul níos faide ná Caighdeán nó Cleachtas Molta ICAO’ sa Chóras um Chomhdú Leictreonach na nDifríochtaí, agus ní mar ‘Dhifríocht Shuntasach’.

13.Difríocht i dtaca le pointe 4.2.1 de Chaibidil 4 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta: An Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA), ‘Aonaid Astaíochtaí Incháilithe CORSIA a Chur ar Ceal’, leis na Sonraí Difríochta seo a leanas:

‘I gcomhréir le hAirteagal 11a de Threoir 2003/87/CE, tugann [Ballstát] fógra do ICAO, sa bhreis ar na haonaid atá formheasta ag Comhairle ICAO agus i gcomhréir le [an tríú difríocht maidir le critéir aonad breise], is féidir le hoibreoirí atá cláraithe i [Ballstát] na haonaid seo a leanas a úsáid chun a n‑oibleagáidí faoi CORSIA a chomhlíonadh:

Creidmheasanna a eisíodh i leith tionscadal ar leibhéal an Aontais de bhun Airteagal 24a de Threoir 2003/87/CE. Ba chreidmheasanna iad sin a eisíodh i leith tionscadail arna riar ag Ballstáit an Aontais lena laghdaítear astaíochtaí gás ceaptha teasa nach gcumhdaítear le CTA an Aontais. Ní fhágfar leo go ndéanfaí éileamh dúbailte ná ní chuirfear bac leo ar chur chun feidhme beart beartais eile arb é is aidhm dóibh astaíochtaí nach gcumhdaítear le Treoir 2003/87/CE a laghdú.’

Tabharfar fógra faoin difríocht sin nuair a chomhlíonfar coinníollacha Airteagal 24a de Threoir 2003/87/CE, agus nuair a eiseofar na creidmheasanna sin. Nuair a chomhdaítear an difríocht, déanfar í a lipéadú mar dhifríocht Chatagóir B, ‘modhanna comhlíonta eile’ sa Chóras um Chomhdú Leictreonach na nDifríochtaí, agus ní mar ‘Difríocht Suntasach’.

14.Difríocht i dtaca le pointe 4.2.1 de Chaibidil 4 d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta: An Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA), ‘Aonaid Astaíochtaí Incháilithe CORSIA a Chur ar Ceal’, leis na Sonraí Difríochta seo a leanas:

‘I gcomhréir le hAirteagal 11a de Threoir 2003/87/CE, tugann [Ballstát] fógra do ICAO, sa bhreis ar na haonaid atá formheasta ag Comhairle ICAO agus i gcomhréir le [an tríú difríocht maidir le critéir aonad breise], is féidir le hoibreoirí atá cláraithe i [Ballstát] na haonaid seo a leanas a úsáid chun a n‑oibleagáidí faoi CORSIA a chomhlíonadh:

Creidmheasanna arna n‑údarú ag páirtithe i gcomhaontuithe de bhun mhír 5 d’Airteagal 11a de Threoir 2003/87/CE. Creidmheasanna iad sin a údaraítear i ndáil le comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích go déthaobhach le tríú tíortha [sonraigh an comhaontú].’

Tabharfar fógra faoin difríocht sin nuair a chomhlíonfar coinníollacha mhír 5 d’Airteagal 11a de Threoir 2003/87/CE agus nuair a eiseofar na creidmheasanna sin. Nuair a chomhdaítear an difríocht, déanfar í a lipéadú mar dhifríocht Chatagóir B, ‘modhanna comhlíonta eile’ sa Chóras um Chomhdú Leictreonach na nDifríochtaí, agus ní mar ‘Difríocht Suntasach’.

15.Cé is moite de mhíreanna 13 agus 14, comhdóidh gach Ballstát na difríochtaí san Airteagal seo tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas dá réir sin le nóta faisnéise a luaithe a bheidh na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 13 agus 14 curtha i gcrích. Tabharfaidh Ballstáit an Aontais fógra do ICAO go pras ina dhiaidh sin.

Airteagal 4  

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Iarscríbhinn 16 — Cosaint an Chomhshaoil — Imleabhar IV — An Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA). An dara heagrán, Iúil 2023.
(2)    Lámhleabhar maidir le Fógra a thabhairt faoi Dhifríochtaí agus iad a Fhoilsiú (Doic. 10055)
(3)    Treoir (AE) 2023/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE a mhéid a bhaineann le rannchuidiú na heitlíochta le sprioc an Aontais astaíochtaí a laghdú ar fud an gheilleagair agus le cur chun feidhme iomchuí birt dhomhanda mhargadhbhunaithe (IO L 130, 16.5.2023, lch. 115-133)
(4)    Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32-46)
(5)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/622 ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2024 maidir leis an liosta de na Stáit a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu chun críocha Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí in 2023 (IO L, 2024/622, 23.2.2024)
(6)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2850 ón gCoimisiún an 11 Samhain 2024 maidir leis an liosta de na Stáit a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu chun críocha Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí in 2024 (IO L, 2024/2850, 12.11.2024)
(7)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1879 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais fritháirimh a ríomh chun críoch CORSIA (IO L, 2024/1879, 10.7/2024)
(8)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1-93)
(9)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta arna nglacadh ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú astaíochtaí eitlíochta chun beart margadhbhunaithe domhanda a chur chun feidhme (IO L 250, 30.9.2019, lch. 10-13)
(10)    Cinneadh (AE) 2018/2027 ón gComhairle an 29 Samhain 2018 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta i leith an Chéad Eagráin de na Caighdeáin Idirnáisiúnta agus na Cleachtais Mholta Idirnáisiúnta maidir le Cosaint an Chomhshaoil — an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) (IO L 325, 20.12.2018, lch. 25-28)
(11)    Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lgh. 32-46), Ordú maidir le Scéim Trádála Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa (Leasú) 2020 (SI 2020 Uimh. 1557), Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh (IO L 322, 7.12.2017, lgh. 3–26)
(12)    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le feidhmiú an mhargaidh carbóin Eorpaigh in 2022 de bhun Airteagal 10(5) agus Airteagal 21(2) de Threoir 2003/87/CE.
(13)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, mír 64.
(14)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(15)    https://www.icao.int/environmental-protection/Documents/Resolution_A39_3.pdf
(16)    Cinneadh (AE) 2016/915 ón gComhairle mí na Bealtaine 2016 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i ndáil leis an ionstraim idirnáisiúnta atá le tarraingt suas laistigh de chomhlachtaí ICAO agus a bhfuil sé beartaithe léi go gcuirfí chun feidhme ó 2020 ar aghaidh beart domhanda margadhbhunaithe aonair i ndáil le hastaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta (IO L 153, 10.6.2016, lch. 32)
(17)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta arna nglacadh ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú astaíochtaí eitlíochta chun beart margadhbhunaithe domhanda a chur chun feidhme (IO L 250, 30.9.2019, lch. 10-13)
(18)    Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3-20)