An Bhruiséil,7.3.2025

COM(2025) 107 final

2025/0056(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena gcuirtear ar fionraí codanna áirithe de Rialachán (AE) 2015/478 a mhéid a bhaineann le hallmhairí ón Úcráin isteach san Aontas


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Ó bhí an 24 Feabhra 2022 ann, tá ionradh iomlán na Rúise gan chúis gan údar ar an Úcráin tar éis tionchar an‑diúltach a imirt ar chumas na hÚcráine trádáil a dhéanamh leis an gcuid eile den domhan. Sa chomhthéacs deacair sin, chuir an Chomhairle Eorpach i dtábhacht i gconclúidí uaithi an 27 Deireadh Fómhair 2023 agus an 15 Nollaig 2023, de réir mar a athdhearbhaíodh an 19 Nollaig 2024, go leanfaidh sí de thacaíocht láidir pholaitiúil agus eacnamaíoch a chur ar fáil don Úcráin a fhad is gá.

D’iarr an Úcráin ar an Aontas é a dhéanamh chomh héasca agus is féidir don Úcráin a seasamh trádála leis an gcuid eile den domhan a choinneáil agus a caidreamh trádála leis an Aontas a dhoimhniú a thuilleadh. Ar na bearta chun na críche sin, bhí léirscaoileadh rochtana ar an margadh le haghaidh onnmhairí ón Úcráin trí Rialachán (AE) 2022/870 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 1 agus Rialachán (AE) 2023/1077 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 2 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i ndáil le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin. Tháinig Rialachán (AE) 2024/1392 i bhfeidhm an 6 Meitheamh 2024 agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 5 Meitheamh 2025 3 . Leis na bearta sin, tá solúbthacht agus cinnteacht mhéadaithe do tháirgeoirí na hÚcráine.

Is onnmhaireoir mór d’iarann agus de chruach í an Úcráin go fóill, in ainneoin go bhfuil an cogadh ina chúis le scrios nó forghabháil go leor saoráidí táirgthe. Dá bhrí sin, tá gá fós ann fionraí a choinneáil ar bun ar Rialachán (AE) 2015/478 maidir le comhrialacha d’allmhairí 4 . Is í an fhionraíocht sin is bunús dlí le beart coimirce reatha an Aontais ar tháirgí cruach a chur ar fionraí (i leith na nallmhairí sin ón Úcráin) mar chuid de thacaíocht an Aontais, agus is amhlaidh a bhfanfadh sé.

Chun na críche sin, is gá Airteagail 2, 4-7, 9-17 agus 19-21 de Rialachán (AE) 2015/478 maidir le comhrialacha d’allmhairí, a mhéid a bhaineann le hallmhairí ón Úcráin a chur ar fionraí.

I bhfianaise an ghá sin leanúint de thacaíocht eacnamaíoch a thabhairt don Úcráin, tá Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á mholadh ag an gCoimisiún chun chur i bhfeidhm Airteagail 2, 4-7, 9-17 agus 19-21 de Rialachán (AE) 2015/478 maidir le comhrialacha d’allmhairí i ndáil le hallmhairí de thionscnamh na hÚcráine a chur ar fionraí.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Rialachán (AE) 2015/478 maidir le comhrialacha d’allmhairí a chur ar fionraí, bheadh sin comhsheasmhach le tacaíocht láidir an Aontais leis an Úcráin trí bhíthin trádáil idirnáisiúnta i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Cháin an tAontas go láidir cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus rinne sé gníomhaíochtaí nach bhfacthas a leithéid riamh chun tacú leis an Úcráin sa chomhthéacs eisceachtúil seo. Ar na gníomhaíochtaí sin, tá cúnamh airgeadais (lena n‑áirítear tacaíocht mhacra-airgeadais le haghaidh bearta éigeandála agus atógáil); seachadadh trealaimh mhíleata; glacadh smachtbhannaí fairsinge i gcoinne na Rúise agus na Bealarúise; agus dlús a chur leis an gcomhar faoin gComhaontú Comhlachais. Ina theannta sin, tugadh stádas mar iarrthóir ar bhallraíocht AE don Úcráin i mí an Mheithimh 2022 agus cuireadh tús leis an gCaibidlíocht Aontachais i mí na Nollag 2023.

Dá bhrí sin, chomhlíonfadh an Rialachán atá beartaithe oibleagáid an Aontais faoi Airteagal 21(3) CAE chun comhsheasmhacht a áirithiú idir réimsí éagsúla a ghníomhaíochta seachtraí, agus is as an oibleagáid sin a thiocfadh sé. Bheadh sé ag teacht freisin le hAirteagal 207(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) lena n‑éilítear go ndéanfar an comhbheartas tráchtála i gcomhthéacs phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 207(2) CFAE bunús dlí an togra.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta mar, i gcomhréir le hAirteagal 3(1) (e) CFAE, is inniúlacht eisiach de chuid an Aontais é an comhbheartas tráchtála.

Comhréireacht

Tá an togra seo riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach maidir le tacaíocht eacnamaíoch a thabhairt don Úcráin faoi na deacrachtaí atá aici faoi láthair, lena n‑áirítear i réimse na trádála leis an Aontas.

An rogha ionstraime

Tá an togra seo i gcomhréir le hAirteagal 207(2) CFAE, lena bhforáiltear maidir le bearta comhbheartais tráchtála.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Neamhbhainteach.

Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach.

Measúnú tionchair

Chun a áirithiú go leanfar de na bearta um léirscaoileadh trádála le haghaidh na hÚcráine tar éis dhul in éag Rialachán (AE) 2024/1392 an 5 Meitheamh 2025, is gá go dtiocfaidh an Rialachán atá beartaithe i bhfeidhm an 6 Meitheamh 2025. Mar gheall ar an ngá práinneach sin, ní raibh go leor ama chun measúnú tionchair a dhéanamh. Mar sin féin, bhí forálacha trádála agus forálacha maidir le cúrsaí trádála sa Chomhaontú Comhlachais faoi réir measúnú tionchair inbhuanaitheachta a choimisiúnaigh Ard‑Stiúrthóireacht Trádála an Choimisiúin in 2007 agus cuireadh an measúnú sin san áireamh i bpróiseas caibidlíochta an Limistéir Dhomhain Chuimsithigh Saorthrádála (LDCST). Deimhníodh sa staidéar sin gur dea-thionchar eacnamaíoch an tionchar a d’imreofaí ar an Aontas Eorpach agus ar an Úcráin araon ach na forálacha sin maidir le trádáil agus cúrsaí trádála a chur chun feidhme.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní chuireann an beart seo leis an ualach rialála ar chuideachtaí.

Cearta bunúsacha

Comhlíonann na bearta sin na bunphrionsabail chéanna agus a chomhlíonann na bearta sin a chumhdaítear sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin. Go háirithe, foráiltear le hAirteagal 2 den Chomhaontú Comhlachais leis an Úcráin gur bunghnéithe den Chomhaontú sin (i) urraim do phrionsabail an daonlathais, do chearta an duine agus na bunsaoirsí; agus (ii) urraim do phrionsabal an smachta reachta.

Bheadh na bearta léirscaoilte trádála i gcomhréir freisin leis an gCairt Eorpach um Chearta Bunúsacha ar thrí chúis. Ar an gcéad dul síos, is é an éifeacht dhíreach acu sin gur féidir allmhairí ón Úcráin a chur faoi réir níos lú srianta ná mar a bheadh dá mbeadh feidhm ag faireachas agus coimircí ar allmhairí ón Úcráin. Ar an dara dul síos, ní fhéadfadh sé dá bhrí sin nach gcomhlíonfadh an tAontas a dhualgas cearta bunúsacha a chosaint faoin gCairt mar tá cosaint na gceart bunúsach i gceist fós indéanta (i gcás inar gá) trí mhodhanna eile. Ar an tríú dul síos, a mhéid a bhaineann le cóir neamh‑chomhionann d’allmhaireoirí nó d’úsáideoirí táirgí de thionscnamh na hÚcráine (i gcomparáid le hallmhaireoirí nó úsáideoirí táirgí ar de thionscnamh tríú tíortha eile iad nach bhfuil díolmhaithe ó fhaireachas agus ó choimircí) cuirtear an chóir neamh‑chomhionann sin i bhfeidhm i gcásanna eile ina ndéanann comhaontuithe déthaobhacha trádála an Aontais allmhairí a eisiamh ó bhearta coimircí agus is feidhmiú dlisteanach í (lena n‑áirítear úsáid bunús dlí cuí) de chomhbheartas tráchtála an Aontais chun críche comhtháthaithe eacnamaíoch níos dlúithe.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Neamhbhainteach.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Neamhbhainteach.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Neamhbhainteach.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

I bhfianaise na staide eacnamaíche san Úcráin, is é is aidhm don Rialachán seo atá beartaithe na coinníollacha maidir le rochtain ar an margadh le haghaidh allmhairí ón Úcráin a chosaint trí fhorálacha áirithe maidir leis an bhfaireachas agus na coimircí a chur ar fionraí i Rialachán (AE) 2015/478 maidir le comhrialacha d’allmhairí.

2025/0056 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena gcuirtear ar fionraí codanna áirithe de Rialachán (AE) 2015/478 a mhéid a bhaineann le hallmhairí ón Úcráin isteach san Aontas

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach 5 ,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, (an Comhaontú Comhlachais) 6 , ina bhonn leis an ngaol idir an tAontas agus an Úcráin. I gcomhréir le Cinneadh 2014/668/AE ón gComhairle 7 , cuireadh i bhfeidhm ar bhonn sealadach an 1 Eanáir 2016 Teideal IV den Chomhaontú Comhlachais, ar teideal é a bhaineann le trádáil agus le hábhair a bhaineann le trádáil, agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017, tar éis do na Ballstáit uile é a dhaingniú.

(2)Leis an gComhaontú Comhlachais, déantar caidreamh na bPáirtithe a neartú agus a leathnú ar bhealach uaillmhianach agus nuálach, d’fhonn comhtháthú eacnamaíoch a éascú agus a bhaint amach de réir a chéile; agus é sin a dhéanamh i gcomhréir leis na cearta agus leis na hoibleagáidí is toradh ar bhallraíocht na bPáirtithe san Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

(3)Le Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 8 leagtar síos comhrialacha d’allmhairí ar de thionscnamh formhór na dtríú tíortha iad, lena náirítear an Úcráin. Tá forálacha ann freisin maidir le faireachas agus bearta coimirce.

(4)Ó bhí an 24 Feabhra 2022 ann, tá an cogadh foghach gan chúis gan údar a chuir an Rúis ar an Úcráin tar éis tionchar andiúltach a imirt ar chumas na hÚcráine trádáil a dhéanamh leis an gcuid eile den domhan. Is amhlaidh a bhí an cás le haghaidh iarainn agus cruaiche, cuir i gcás, de dheasca forghabháil nó scrios saoráidí táirgthe iarann agus cruach. Is amhlaidh a bhí an cás le haghaidh codanna eile de gheilleagar na hÚcráine freisin.

(5)Sna himthosca sin agus chun tionchar eacnamaíoch diúltach chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin ar an ngeilleagar a mhaolú, is iomchuí, chun leas na hÚcráine, allmhairí an Aontais de thionscnamh na hÚcráine a eisiamh ó fhaireachas agus bearta coimirce an Aontais. Chun na críche sin, is gá forálacha éagsúla de Rialachán (AE) 2015/478 maidir le comhrialacha d’allmhairí ón Úcráin a chur ar fionraí.

(6)Ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur ar fionraí go sealadach i ndáil le táirge sonrach trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 . Ba cheart fad na tréimhse fionraíochta sin a bheith sách fada le gur féidir leis an gCoimisiún togra a dhéanamh; agus le gur féidir leis an bParlaimint agus an Comhairle Rialachán a ghlacadh lena gcuirtear an Rialachán seo ar fionraí, lena leasaítear é nó lena gcuirtear deireadh leis.

(7)Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ar feadh 3 bliana, agus a chur i bhfeidhm a athnuachan go hintuigthe ar feadh tréimhsí 3 bliana eile mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin 3 mhí roimh an dáta éaga, agus go dtí go gcuirfidh siad ina aghaidh.

(8)I bhfianaise go bhfuiltear ag teannadh leis an 5 Meitheamh 2025, is é sin dul in éag Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 , lena ndéantar foráil, i measc nithe eile, maidir le héifeachtaí atá coibhéiseach le héifeachtaí an Rialacháin seo, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an 6 Meitheamh 2025,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Bearta um léirscaoileadh trádála

Cur i bhfeidhm Airteagal 2, 4-7, 9-17 agus 19-21 de Rialachán (AE) 2015/478 maidir le comhrialacha d’allmhairí, cuirfear ar fionraí é i ndáil le hallmhairí de thionscnamh na hÚcráine isteach san Aontas.

Airteagal 2
Fionraíocht shealadach

Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur ar fionraí i ndáil le táirge sonrach ar feadh tréimhse nach faide, i bprionsabal, ná 12 mhí, má bhaineann allmhairí den táirge sin ar de thionscnamh na hÚcráine iad leibhéal amach ar leibhéal é a chuireann leis an mórdhíobháil nó an bhagairt mórdhíobhála do thionscal de chuid an Aontais ina dtáirgtear táirgí comhchosúla nó táirgí díriomaíocha. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(2).

Airteagal 3

Nós imeachta coiste

1.Déanfaidh an Coiste um Choimircí cúnamh a thabhairt don Choimisiún i ndáil le hAirteagal 4 den Rialachán seo. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 6 Meitheamh 2025.

Beidh feidhm leis ar feadh tréimhse tosaigh de 3 bliana.

Déanfar a chur i bhfeidhm a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhleanúnacha de 3 bliana, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán


RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ A bhFUIL IMPLEACHT BHUISÉADACH ACU ATÁ TEORANTA GO hEISIACH DON IONCAM

1.AINM AN TOGRA:

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear ar fionraí codanna áirithe de Rialachán (AE) 2015/478 a mhéid a bhaineann le hallmhairí ón Úcráin isteach san Aontas Eorpach

2.LÍNTE BUISÉID:

Caibidil 12, Airteagal 120.

3.TIONCHAR AIRGEADAIS

   Ní bheidh aon impleacht airgeadais ag an togra

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar chaiteachas ach beidh tionchar airgeadais aige ar ioncam – is mar seo a leanas a bheidh an éifeacht:

Líne bhuiséid

Ioncam 

Tréimhse ama: cuid de 2024 - cuid de 2025 *

(EUR milliúin go dtí an chéad deachúil)

Caibidil 12, Airteagal 120

Gan tionchar ar acmhainní dílse

neamhbhainteach

Iomlán

* Tréimhse bliana ó tháinig an Rialachán i bhfeidhm

4.BEARTA FRITHCHALAOISE

Chun calaois a chosc, an teideal chun leas a bhaint as na bearta trádála a bhunaítear leis an Rialachán seo atá beartaithe, ba cheart é a bheith faoi réir (i) chomhlíontacht na hÚcráine leis na coinníollacha ábhartha uile chun sochair a fháil faoin gComhaontú Comhlachais (lena n‑áirítear na rialacha maidir le tionscnamh na dtáirgí ábhartha agus na nósanna imeachta a bhaineann leis sin); agus (ii) faoi réir an Úcráin a bheith ag obair i ndlúthchomhar riaracháin leis an Aontas (lena bhforlíontar sa Chomhaontú Comhlachais).

(1)    Rialachán (AE) 2022/870 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 152, 3.6.2022, lch. 103).
(2)    Rialachán (AE) 2023/1077 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 144, 5.6.2023, lch. 1).
(3)    Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1392/oj .
(4)    Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16).
(5)    Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(6)    IO L 161, 29.5.2014, lch. 3.
(7)    Cinneadh 2014/668/AE ón gComhairle an 23 Meitheamh 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Teideal III (seachas na forálacha a bhaineann leis an gcóir a chuirtear ar náisiúnaigh tríú tír atá fostaithe go dleathach mar oibrithe i gcríoch an Pháirtí eile) agus Teidil IV, V, VI agus VII, mar aon leis na Prótacail agus na hIarscríbhinní gaolmhara (IO L 278, 20.9.2014, lch. 1).
(8)    Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16).
(9)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(10)    Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1392/oj .