An Bhruiséil,13.3.2025

COM(2025) 104 final

2025/0054(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena n-údaraítear don tSlóvaic beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar phointe (a) d’Airteagal 26(1) agus ar Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

De bhun Airteagal 395(1) de Threoir 2006/112/CE an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha 1 (‘an Treoir maidir le CBL’), féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún, údarú a thabhairt d’aon Bhallstát bearta speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar fhorálacha na Treorach sin, chun an nós imeachta um bailiú CBL a shimpliú nó chun cineálacha áirithe imghabhála nó seachanta cánach a chosc.

Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 5 Samhain 2024, d’iarr an tSlóvaic údarú chun maolú ar Airteagal 26(1), pointe (a), Airteagal 168 agus Airteagal 168a den Treoir maidir le CBL chun srian a chur leis an gceart chun CBL ionchuir a asbhaint maidir le mótarfheithiclí de chatagóir M1, gluaisrothair de chatagóir L1e agus gluaisrothair de chatagóir L3e 2 a cheannach, a léasú, a fháil laistigh den Chomhphobal agus a allmhairiú, agus maidir le seirbhísí, páirteanna spártha, gabhálais agus breosla ábhartha a sholáthar, nuair a úsáidtear chun críoch gnó agus chun críoch eile go comhuaineach iad. Leis an iarraidh, chuir an tSlóvaic anailís ar fáil lena dtugtar údar leis an gcéatadán asbhainte is infheidhme, céatadán atá socraithe ag caoga faoin gcéad.

I gcomhréir le hAirteagal 395(2) den Treoir maidir le CBL, chuir an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas le litir dar dáta an 29 Samhain 2024 maidir leis an iarraidh a rinne an tSlóvaic. Le litir dar dáta an 2 Nollaig 2024, thug an Coimisiún fógra don tSlóvaic go raibh an fhaisnéis uile a raibh gá léi aige, dar leis, chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh.

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Foráiltear le hAirteagal 168 den Treoir maidir le CBL go bhfuil duine inchánach i dteideal asbhaint a dhéanamh ar CBL a ghearrtar ar cheannacháin a dhéantar chun críche idirbheart cáinmhuirearaithe. Maidir le CBL ar chaiteachas a bhaineann le réadmhaoin atá ina cuid de shócmhainní gnó duine inchánach agus a úsáidtear chun críoch gnó agus neamhghnó araon, foráiltear le hAirteagal 168a(1) den Treoir maidir le CBL nach mbeidh an CBL sin inasbhainte ach amháin i gcomhréir le cion úsáid na maoine chun críocha ghnólacht an duine inchánach. De bhun Airteagal 168a(2) den Treoir maidir le CBL, féadfaidh na Ballstáit an riail sin a chur i bhfeidhm freisin maidir le caiteachas a bhaineann le hearraí eile, mar a shonraíonn siad, ar cuid de na sócmhainní gnó iad. Ceanglaítear le hAirteagal 26(1)(a) den Treoir chéanna go mbeidh úsáid earraí ar cuid de na sócmhainní gnó iad chun críoch príobháideach mar bheadh soláthar seirbhísí ar chomaoin ann má bhí CBL ar na hearraí incháilithe lena n-asbhaint. Leis an gcóras sin is féidir CBL a asbhaineadh ar dtús a aisghabháil i ndáil leis an úsáid phríobháideach.

I gcás gluaisteáin paisinéirí agus gluaisrothar, is deacair an córas sin a chur i bhfeidhm, toisc gur deacair an deighilt idir úsáid phríobháideach agus úsáid ghnó a shainaithint. I gcás ina gcoimeádtar taifid, cuireann siad ualach breise ar an ngnólacht agus ar an riarachán araon iad a choinneáil ar bun agus a sheiceáil.

De bhun Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL, féadfaidh na Ballstáit bearta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar fhorálacha na Treorach maidir le CBL chun an nós imeachta um bailiú CBL a shimpliú nó chun cineálacha áirithe imghabhála agus seachanta cánach a chosc má rinne an Chomhairle iad a údarú.

D’iarr an tSlóvaic go gceadófaí di srian a chur leis an gceart asbhainte i gcás gluaisteáin phaisinéirí áirithe agus gluaisrothair áirithe nach n-úsáidtear go hiomlán chun críoch gnó, agus i gcás soláthar earraí agus seirbhísí áirithe a bhaineann leo, go dtí céatadán socraithe agus, dá réir sin, faoiseamh a thabhairt don ghnólacht ó chuntasaíocht a dhéanamh ar cháin ar an úsáid phríobháideach. Leis an mbeart speisialta, dhéanfaí daoine inchánacha a shaoradh ó bheith ag caitheamh le húsáid neamhghnó gluaisteán paisinéirí agus gluaisrothar den sórt sin mar sholáthar seirbhísí. Is é an buntáiste a bhaineann leis sin an córas a shimpliú do gach duine lena mbaineann agus, an tráth céanna, cosc a chur ar imghabháil nó seachaint cánach mar gheall ar thaifid mhíchearta a choimeád.

Deimhníodh na buntáistí a bhaineann le ráta comhréidh a úsáid le ceistneoir leictreonach a d’fhorbair Aireacht Airgeadais na Slóvaice. Dáileadh an ceistneoir sin ar ghnólachtaí trí chomhlachais ghnó chun sonraí a fháil maidir le húsáid feithiclí a bhí ina gcuid de na sócmhainní gnó chun críocha príobháideacha agus gnó araon. De réir an tsampla freagróirí a ndearnadh scrúdú air, b’fhearr le 71 % díobh céatadán ar ráta comhréidh a úsáid chun CBL a asbhaint ar fheithiclí a bhfuil úsáid mheasctha á baint astu, agus mheas 78 % de na freagróirí go raibh ualach riaracháin ag baint leis an láimhseáil atá ann faoi láthair.

In éineacht leis na sonraí a fuarthas ón suirbhé, rinne an tSlóvaic anailís ar shonraí a dhíorthaítear ó ghníomhaíochtaí rialaithe arb é is aidhm dóibh na sonraí maidir le ceannacháin mótarfheithiclí agus teidlíocht asbhainte cánach ionchuir ar na feithiclí sin, chomh maith le sonraí ó chuairteanna agus iniúchtaí ar an láthair, a fhíorú. Leis na gníomhaíochtaí éagsúla a rinneadh, tháinig údaráis na Slóvaice ar an gconclúid gur meastachán cruinn é céatadán caoga faoin gcéad ar dháileadh úsáid na bhfeithiclí idir úsáid phríobháideach agus úsáid ghnó.

Is mótarfheithiclí ó chatagóir M1, gluaisrothair ó chatagóir L1e agus gluaisrothair ó chatagóir L3e nach n-úsáidtear go hiomlán chun críocha gnó iad na gluaisteáin agus na gluaisrothair a chumhdaítear leis an mbeart seo. Na feithiclí sin a cheannach, a fháil laistigh den Chomhphobal, a allmhairiú agus a léasú, sin iad na hidirbhearta a chumhdaítear. Beidh feidhm ag teorannú an chirt asbhainte freisin maidir leis na hidirbhearta thuasluaite nuair a bhaineann siad le páirteanna spártha, gabhálais, seirbhísí agus breoslú atá beartaithe le haghaidh na bhfeithiclí sin. Mar sin féin, eisiatar ó raon feidhme an mhaolaithe cineálacha áirithe mótarfheithiclí agus gluaisrothar a úsáidtear le haghaidh cineálacha áirithe gníomhaíochtaí i gcás ina meastar gur úsáid dhiomaibhseach í an úsáid neamhghnó. Cumhdaítear leis an eisiamh sin gluaisteáin agus gluaisrothair a cheannaítear lena n-athdhíol, lena bhfruiliú nó lena léasú nó a úsáidtear chun paisinéirí a iompar ar chomaoin, lena n-áirítear seirbhísí tacsaí, chun ceachtanna tiomána a sholáthar, chun críoch tástála nó mar athsholáthar ar fheithiclí a bhfuil oibreacha á ndéanamh orthu.

I bhfianaise thionchar dearfach ionchasach an bhirt speisialta ar an ualach riaracháin atá ar cháiníocóirí agus údaráis chánach araon, moltar an beart maolaithe a údarú.

Ba cheart an t-údarú a bheith bailí go ceann tréimhse theoranta, go dtí an 30 Meitheamh 2028, chun gur féidir athbhreithniú a dhéanamh ar riachtanas agus éifeachtacht an bhirt mhaolaithe agus ar an ráta cionroinnte idir úsáid ghnó agus neamhghnó ar a bhfuil sé bunaithe. Ba cheart tuarascáil a bheith ag gabháil le haon iarraidh ar shíneadh ina mbeidh athbhreithniú ar an gcéatadán a chuirtear i bhfeidhm agus ba cheart í a sheoladh chuig an gCoimisiún faoin 30 Meán Fómhair 2027.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Deonaíodh maoluithe den chineál céanna maidir leis an gceart asbhainte do Bhallstáit eile (an Eastóin 3 , an Iodáil 4 , an Laitvia 5 , an Ungáir 6 , an Pholainn 7 , an Rómáin 8 agus an Chróit 9 ).

Sonraítear in Airteagal 176 den Treoir maidir le CBL go gcinnfidh an Chomhairle an caiteachas nach bhfuil CBL in-asbhainte ina leith. Go dtí an tráth sin, údaraítear do na Ballstáit eisiaimh a bhí i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 1979 nó, i gcás na mBallstát a d’aontaigh don Chomhphobal tar éis an dáta sin, ar dháta a n-aontachais, a choinneáil ar bun. Mar sin tá roinnt forálacha ‘neamhghníomhaíochta’ lena gcuirtear srian leis an gceart chun CBL a asbhaint i ndáil le carranna paisinéirí.

D’ainneoin tionscnaimh roimhe seo chun rialacha a bhunú maidir leis na catagóirí caiteachais a d’fhéadfadh a bheith faoi réir srian ar an gceart asbhainte 10 , is iomchuí maolú den sórt sin le linn tréimhse ina bhfuiltear ag fanacht le comhchuibhiú na rialacha sin ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

I bhfianaise na forála sa Treoir maidir le CBL ar a bhfuil an togra bunaithe, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

Comhréireacht

Baineann an Cinneadh le húdarú arna dheonú do Bhallstát ar a iarraidh féin agus níl aon oibleagáid ann.

I bhfianaise raon feidhme teoranta an mhaolaithe, tá an beart speisialta comhréireach leis na haidhmeanna atá á saothrú, i.e. an nós imeachta um bailiú cánach a shimpliú agus cineálacha áirithe imghabhála nó seachanta cánach a chosc. Go háirithe, ós rud é go bhféadfadh gnólachtaí gan a ndliteanais uile a dhearbhú agus i bhfianaise na seiceála troma ar shonraí maidir le míleáiste le haghaidh údaráis chánach, leis an srian 50 % shimpleofaí an nós imeachta um bailiú CBL agus dhéanfaí imghabháil cánach inter alia trí thaifead míchearta a choimeád a chosc.

An rogha ionstraime

An ionstraim a mholtar: Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle.

Faoi Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL, ní féidir maolú ar na forálacha coiteanna CBL ach i gcás ina n‑údaróidh an Chomhairle é sin agus í ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún. Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, sin í an ionstraim is oiriúnaí ó tharla gur féidir í a dhíriú chuig Ballstát aonair.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Ní dhearnadh aon chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara. Tá an togra seo bunaithe ar iarraidh a rinne an tSlóvaic agus baineann sé leis an mBallstát áirithe sin amháin.

Bailiú agus úsáid saineolais

Ní raibh gá le dul i muinín saineolais sheachtraigh.

Measúnú tionchair

Tá an togra ceaptha chun an nós imeachta maidir le cáin a ghearradh a shimpliú trí dheireadh a chur leis an ngá atá ann do dhaoine inchánacha taifid a choimeád ar úsáid phríobháideach gluaisteán sonraithe paisinéirí, agus, an tráth céanna, cosc a chur le imghabháil CBL trí thaifid mhíchearta a choimeád. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí tionchar dearfach a bheith aige ar ghnólachtaí agus ar an riarachán cánach araon.

Rinne údaráis chánach na Slóvaice anailís ar na sonraí a díorthaíodh ó ghníomhaíochtaí rialaithe ó mhí Eanáir 2023 go mí na Bealtaine 2024. Ón anailís sin, tháinig siad ar an gconclúid gur chuir cáiníocóirí an ráta comhréidh dá bhforáiltear in Acht na Slóvaice um Cháin Ioncaim i bhfeidhm ar an CBL a íocadh ar charranna paisinéirí agus gluaisrothair a fháil agus ar chostais ghaolmhara, in ionad fíorúsáid na bhfeithiclí chun críoch príobháideach agus gnó a chinneadh. Cé gurbh í aidhm na forála í a úsáid i ndáil le cáin ioncaim amháin, mheas cáiníocóirí go bhféadfadh cur i bhfeidhm an ráta chomhréidh sin dlíthíocht le húdaráis chánach a sheachaint.

Thairis sin, rinne na húdaráis chánach iniúchtaí ar 255 cháiníocóir ó 2019 go 2024. Ní raibh na hiniúchtaí dírithe ach ar úsáid mótarfheithiclí agus rinneadh an fíorú ar 277 mótarfheithicil, ar mótarfheithiclí paisinéirí 240 díobh sin. De réir údaráis na Slóvaice, chruthaigh na hiniúchtaí sin go raibh cáiníocóirí ag cur asbhaintí míchearta i bhfeidhm ar an CBL ionchuir a bhaineann leis na feithiclí sin in go leor cásanna. Tháinig údaráis na Slóvaice ar an gconclúid freisin go raibh an úsáid chun críoch gnó beagán os cionn caoga faoin gcéad den úsáid iomlán.

Ar deireadh, fuair údaráis na Slóvaice sonraí breise ó cheistneoir a dáileadh ar ghnólachtaí trí chomhlachais ghnó.

Ón anailís ar na sonraí a fuarthas, tháinig údaráis na Slóvaice ar an gconclúid gur athróg ionadach réalaíoch é ráta comhréidh caoga faoin gcéad ar dháileadh úsáid an ghluaisteáin idir úsáid phríobháideach agus úsáid ghnó.

Cearta bunúsacha

Níl aon iarmhairt ag gabháil leis an togra maidir le cosaint na gceart bunúsach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Beidh éifeacht dhiomaibhseach ag an togra ar mhéid foriomlán an ioncaim cánach a bhailítear ag céim an tomhaltais chríochnaithigh agus ní bheidh aon drochthionchar aige ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL.

5.EILIMINTÍ EILE

Tá teorainn ama leis an togra agus áirítear ann clásal éagtha arna shocrú don 30 Meitheamh 2028.

I gcás ina measfadh an tSlóvaic síneadh a chur leis an mbeart speisialta, ba cheart tuarascáil lena n-áirítear athbhreithniú ar theorainn an chéatadáin a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar aon leis an iarraidh ar shíneadh, agus é sin a dhéanamh tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair 2027.

2025/0054 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena n-údaraítear don tSlóvaic beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar phointe (a) d’Airteagal 26(1) agus ar Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha 11 , agus go háirithe Airteagal 395(1), an chéad fhomhír, de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le hAirteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE, rialaítear ceart na ndaoine inchánacha an cháin bhreisluacha (CBL) a ghearrtar ar sholáthairtí earraí agus seirbhísí a úsáideann siad chun críocha a n-idirbheart cáinmhuirearaithe a asbhaint. Tá ceanglas in Airteagal 26(1), pointe (a), den Treoir sin, cuntas a thabhairt ar CBL nuair a úsáidtear sócmhainn ghnó chun críoch príobháideach daoine inchánacha nó a bhfoirne nó, ar bhonn níos ginearálta, chun críoch eile seachas críocha a ngnó.

(2)Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 5 Samhain 2024, d’iarr an tSlóvaic údarú i gcomhréir le hAirteagal 395(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2006/112/CE chun beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar phointe (a) d’Airteagal 26(1) agus ar Airteagail 168 agus 168a den Treoir sin chun teorainn 50 % a chur leis an gceart chun CBL a asbhaint ar chaiteachas a bhaineann le feithiclí áirithe nach n-úsáidtear go hiomlán chun críoch gnó, agus gan caitheamh le húsáid na bhfeithiclí sin a áirítear i sócmhainní gnó duine inchánach chun críoch príobháideach mar sholáthairtí seirbhísí ar chomaoin, i gcás ina raibh an fheithicil sin faoi réir teorannú den sórt sin (an ‘beart speisialta’).

(3)Cumhdaítear leis an mbeart speisialta a iarradh mótarfheithiclí, nach n-úsáidtear go hiomlán chun críoch gnó, ó chatagóir M1, gluaisrothair ó chatagóir L1e agus gluaisrothair ó chatagóir L3e, mar a shonraítear i Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu 12 , agus i Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair 13 . Na feithiclí sin a cheannach, a fháil laistigh den Chomhphobal, a allmhairiú agus a léasú, sin iad na hidirbhearta a chumhdaítear. Áirítear leis an teorannú ar an gceart chun CBL a asbhaint caiteachas ar pháirteanna spártha, gabhálais, seirbhísí agus breoslú atá beartaithe do na feithiclí sin.

(4)Ba cheart mótarfheithiclí áirithe a eisiamh ó raon feidhme an bhirt speisialta ós rud é, mar gheall ar an gcineál gnó ar lena aghaidh a n-úsáidtear iad, go meastar gur diomaibhseach aon úsáid nach úsáid ghnó í. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an mbeart speisialta maidir le gluaisteáin agus gluaisrothair a cheannaítear lena n-athdhíol, lena bhfruiliú nó lena léasú nó a úsáidtear chun paisinéirí a iompar ar chomaoin, lena n-áirítear seirbhísí tacsaí, chun ceachtanna tiomána a sholáthar, chun críoch tástála nó mar athsholáthar ar fheithiclí a bhfuil oibreacha á ndéanamh orthu.

(5)I gcomhréir le hAirteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, tharchuir an Coimisiún an iarraidh chuig na Ballstáit eile le litir dar dáta an 29 Samhain 2024. Le litir dar dáta an 2 Nollaig 2024, thug an Coimisiún fógra don tSlóvaic go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh.

(6)Chuir an tSlóvaic míniú leis an iarraidh ar na cúiseanna leis an gcéatadán don teorannú ar an gceart chun CBL a asbhaint a shocrú ag 50. Chun na críche sin, d’úsáid an tSlóvaic sonraí a fuarthas ó ghníomhaíochtaí rialaithe agus ó iniúchtaí, mar aon le suirbhé a rinneadh le gnólachtaí. De réir na Slóvaice, mar thoradh ar an anailís ar na sonraí sin, socraíodh an céatadán 50 mar athróg ionadach chruinn ar dháileadh úsáid na bhfeithiclí a bhfuil an beart speisialta beartaithe dóibh, is é sin an dáileadh idir críocha príobháideacha agus críocha gnó.

(7)Áitíonn an tSlóvaic go mbeidh tionchar dearfach ag an mbeart speisialta ar an ualach riaracháin do cháiníocóirí agus d’údaráis chánach trí bhailiú CBL a shimpliú agus imghabháil cánach trí thaifid mhíchearta a choimeád a chosc. Ar na cúiseanna sin, measann an Coimisiún gurb iomchuí an tSlóvaic a údarú chun an beart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 30 Meitheamh 2028.

(8)Ba cheart an beart speisialta a theorannú don am is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtacht agus ar oiriúnacht an ráta céatadáin arna chur i bhfeidhm.

(9)Tá an beart speisialta comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú, is iad sin an nós imeachta um bailiú CBL a shimpliú agus cineálacha áirithe imghabhála cánach nó seachanta cánach a chosc, ós rud é go bhfuil sé teoranta ó thaobh ama agus raon feidhme de. Ina theannta sin, ní fhágann an beart speisialta go mbeidh riosca ann go n-aistreofaí calaois chuig earnálacha eile nó chuig Ballstáit eile.

(10)I gcás ina measfaidh an tSlóvaic go mbeidh gá le síneadh a chur leis an mbeart speisialta tar éis an 30 Meitheamh 2028, ba cheart di iarraidh ar shíneadh den sórt sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2027. Ba cheart tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an bhirt speisialta a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin, ina mbeidh athbhreithniú ar an gcéatadán arna chur i bhfeidhm.

(11)De réir na faisnéise a sholáthair an tSlóvaic, ní bheidh ach éifeacht dhiomaibhseach ag an mbeart speisialta ar mhéid foriomlán an ioncaim cánach a bhailíonn an tSlóvaic ag céim an tomhaltais deiridh, agus ní bheidh aon drochthionchar aige ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraítear ó CBL,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

De mhaolú ar Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE, údaraítear do Phoblacht na Slóvaice teorainn 50 % a chur leis an gceart cáin bhreisluacha (CBL) ar chaiteachas ar na catagóirí feithiclí seo a leanas, nach n-úsáidtear go hiomlán chun críoch gnó, a asbhaint:

(a)mótarfheithiclí ó chatagóir M1, a shonraítear in Airteagal 4(1)(a)(i) de Rialachán (AE) 2018/858;

(b)gluaisrothair ó chatagóir L1e, a shonraítear in Airteagal 4(2)(a) de Rialachán (AE) 168/2013;

(c)gluaisrothair ó chatagóir L3e, a shonraítear in Airteagal 4(2)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad mhír maidir le feithiclí a úsáidtear nó a cheannaítear le haghaidh na nithe seo a leanas:

(a)athdhíol, fruiliú nó léasú;

(b)paisinéirí a iompar ar chomaoin, lena n-áirítear seirbhísí tacsaí;

(c)ceachtanna tiomána a sholáthar;

(d)críocha tástála;

(e)mar athsholáthar ar fheithiclí a bhfuil oibreacha á ndéanamh orthu.

Airteagal 2

De mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a), de Threoir 2006/112/CE, maidir le feithicil dá dtagraítear in Airteagal 1, an chéad mhír, agus a áirítear i sócmhainní gnó duine inchánaigh, ní chaithfidh an tSlóvaic le húsáid feithicle den sórt sin chun críoch neamhghnó mar sholáthairtí seirbhísí ar chomaoin, i gcás ina raibh an fheithicil sin faoi réir teorannú a údaraítear faoi Airteagal 1 den Chinneadh seo.

Airteagal 3

Cumhdóidh an caiteachas dá dtagraítear in Airteagal 1 gach ceann díobh seo a leanas:

(1)na feithiclí dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 1 a cheannach, a léasú, a fháil laistigh den Chomhphobal agus a allmhairiú;

(2)caiteachas ar sholáthairtí earraí nó seirbhísí a dhéantar i ndáil leis na feithiclí sin agus lena n-úsáid, lena n-áirítear breosla a cheannach.

Airteagal 4

1.Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a thabharfar fógra faoi.

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Iúil 2025. Rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2028.

2.Aon iarraidh ar shíneadh a chur leis an údarú dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin í faoin 30 Meán Fómhair 2027 agus beidh tuarascáil ag gabháil léi ina mbeidh athbhreithniú ar an gcéatadán a leagtar amach in Airteagal 1.

Airteagal 5

Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Slóvaice.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 347, 11.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/112/oj .
(2)    Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1) agus Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 060, 2.3.2013, lch. 52).
(3)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1998 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 lena n‑údaraítear an Eastóin le beart a chur i bhfeidhm de maolú ar phointe (a) d’Airteagal 26(1) agus ar Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 408, 17.11.2021, lgh. 3-5).
(4)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2411 ón gComhairle an 6 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh 2007/441/CE lena n‑údaraítear do Phoblacht na hIodáile bearta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 26(1)(a) agus 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 317, 9.12.2022, lgh. 120–121).
(5)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1968 ón gComhairle an 9 Samhain 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2015/2429/AE lena n-údaraítear an Laitvia le beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar phointe (a) d’Airteagal 26(1) agus Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 401, 12.11.2021, lgh. 1-2).
(6)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1774 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2018/1493 lena n-údaraítear an Ungáir le beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar phointe (a) d’Airteagal 26(1) agus Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 360, 11.10.2021, lgh. 108–109).
(7)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2385 ón gComhairle an 6 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE lena n-údaraítear do Phoblacht na Polainne bearta a thabhairt isteach de mhaolú ar phointe (a) d’Airteagal 26(1) agus ar Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 315, 7.12.2022, lgh. 87–88).
(8)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1641 ón gComhairle an 24 Bealtaine 2024 lena n-údaraítear don Rómáin bearta speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a) agus ar Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L, 2024/1641, 06.6.2024).
(9)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2884 ón gComhairle an 5 Samhain 2024 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1994 lena n-údaraítear don Chróit beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar phointe (a) d’Airteagal 26(1) agus Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L, 2024/2884, 13.11.2024).
(10)    COM (2004) 728 final - Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 77/388/CEE d’fhonn oibleagáidí cánach breisluacha a shimpliú (IO C 24, 29.1.2005, lch. 10) a tarraingíodh siar an 21 Bealtaine 2014 (IO C 153, 21. 05. 2014, lch. 3)
(11)    IO L 347, 11.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/112/oj .
(12)    Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).
(13)    Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 060, 2.3.2013, lch. 52).