AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,5.3.2025
COM(2025) 99 final
2025/0051(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1938 a mhéid a bhaineann le ról na stórála gáis chun soláthairtí gáis a dhaingniú roimh shéasúr an gheimhridh
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
a) Slándáil an tsoláthair
Tá na dúshláin slándála fuinnimh atá roimh an Aontas bainteach den chuid is mó lena spleáchas ar sholáthar fuinnimh phríomhúil ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad. Le tabhairt isteach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, leag an tAontas amach bearta tábhachtacha a dhéanfaidh sé chun a spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe a laghdú trí spriocanna uaillmhianacha a leagan síos maidir le foinsí in-athnuaite fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh. Mar sin féin, le géarchéim fuinnimh 2022 agus leis an suaitheadh de bharr praghsanna fuinnimh a tháinig ina dhiaidh sin, cuireadh i dtábhacht an gá atá le níos mó a dhéanamh agus le céimeanna breise a ghlacadh chun spleáchas an Aontais ar fhoinsí fuinnimh phríomhúil nach foinsí de chuid an Aontais iad a laghdú. Go háirithe, leagtar amach le plean REPowerEU céimeanna tábhachtacha chun teaghlaigh agus gnólachtaí a chosaint ar shuaitheadh soláthair tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) an acmhainn stórála gáis faoi thalamh a neartú; (ii) an bonneagar gáis nádúrtha leachtaithe a uasghrádú agus a leathnú; agus (iii) foinsí agus bealaí gáis píblíne araon a éagsúlú.
Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, is gá síneadh a chur le cuid de na bearta, go príomha sprioc líonta stórála gáis mhí na Samhna, a glacadh roimhe seo ar feadh tréimhse theoranta ama. An tráth céanna, tá athrú tagtha ar dhálaí an mhargaidh. Leis an togra seo, agus ag cur leis an Moladh ón gCoimisiún a glacadh inniu, tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún slándáil fuinnimh agus athléimneacht chóras fuinnimh an Aontais Eorpaigh a áirithiú agus, an tráth céanna, tacú leis na Ballstáit trí leibhéal níos airde solúbthachta fós a thabhairt dóibh maidir le conairí líonta chun spriocanna líonta le haghaidh stóráil gáis a chomhlíonadh ar a luas féin, rud a laghdóidh an strus ar an gcóras agus a íoslaghdóidh na féidearthachtaí le haghaidh saobhadh margaidh.
b) Ról na stórála gáis, fadhbanna atá ann faoi láthair agus solúbthacht
Rannchuidíonn stóráil gáis le slándáil an tsoláthair trí sholáthar breise a chur ar fáil má bhíonn móréileamh nó suaitheadh sa soláthar ann; Is ó stóráil gáis a thagann 25-30 % den ghás a thomhlaítear san Aontas le linn an gheimhridh. Le linn an tséasúir téimh, laghdaíonn stóráil an gá le gás breise a allmhairiú agus cuidíonn sí le suaitheadh soláthair a ionsú.
Agus an méid sin á aithint aige, agus gníomhaíochtaí á ndéanamh aige in aghaidh soláthairtí gáis na Rúise a bheith á n‑úsáid mar uirlis troda agus luaineacht sa mhargadh araon, in earrach 2022 dhréachtaigh an Coimisiún leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/1938 maidir le slándáil an tsoláthair gáis i ndáil le stóráil gáis agus d’fhormheas na comhreachtóirí go tapa iad. Leis na leasuithe, tugadh isteach sprioc chun a áirithiú go mbeadh saoráidí stórála gáis 90 % lán faoin 1 Samhain (sprioc líonta), mar aon le sraith spriocanna idirmheánacha do gach Ballstát i mí Feabhra, i mí na Bealtaine, i mí Iúil agus i mí Mheán Fómhair an bhliain ina dhiaidh sin (conair líonta). An tráth céanna, tugadh isteach leis na leasuithe ceanglais deimhniúcháin d’oibreoirí córais stórála chun an rialú ar shócmhainní straitéiseacha a fheabhsú agus chun an riosca a sheachaint nach mbeadh leibhéal gáis leordhóthanach i stóras roimh an ngeimhreadh.
Mar thoradh ar na leasuithe sin, ní fhacthas cás suntasach 2022 inar tháinig méaduithe tobanna ar phraghsanna gáis arís in 2023 ná in 2024, agus leis an oibleagáid oibreoirí córais stórála a dheimhniú cuireadh deireadh leis an gcleachtas (a chonacthas in 2021) inar líonadh cuid de na saoráidí stórála gáis atá faoi úinéireacht tríú páirtí faoi bhun acmhainne nó go déanach roimh mhíonna an gheimhridh d’aon ghnó.
Tá margadh gáis na hEorpa fós teann. Tá méadú tagtha ar an iomaíocht do sholáthairtí domhanda GNL agus tá neamhchosaint ar luaineacht praghsanna níos láidre ná mar a bhí roimhe seo. Is léir sin ó fhorbairt phraghas an mhargaidh gáis le linn gheimhreadh 2024/2025.
Ó thaobh shlándáil an tsoláthair de, má bhíonn sprioc líonta stórála agus conair líonta ann, cothaítear intuarthacht agus tugtar comharthaí tábhachtacha do ghníomhaithe sa mhargadh. Faoin gcreat sin, tá feabhas tagtha ar an staid ó bhí 2022 ann de bharr na ngníomhaíochtaí a rinne an tAontas. Mar sin féin, i ndeireadh na dála, is é an cuspóir is tábhachtaí slándáil soláthair chóras fuinnimh an Aontais a neartú go háirithe don gheimhreadh, is é sin le rá go gcomhlíonfaidh na Ballstáit an sprioc éigeantach an 1 Samhain.
An tráth céanna, ní mór an creat foriomlán chun an sprioc éigeantach sin an 1 Samhain a bhaint amach a bheith solúbtha go leor le linn an tséasúir stórála líonta chun gur féidir freagairt thapa a thabhairt ar dhálaí margaidh a bhíonn ag síorathrú agus go háirithe chun leas a bhaint as na dálaí ceannaigh is fearr. Is é is cuspóir do spriocanna líonta idirmheánacha, a chomhaontaíonn na Ballstáit gach bliain, a áirithiú go mbainfear amach an sprioc shainordaitheach an 1 Samhain. Is spriocanna táscacha iad na spriocanna sin, áfach, agus, más gá, is féidir iad a mhodhnú sa chaoi is go mbeidh an tsolúbthacht is mó is féidir ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh i rith na bliana. Leis an gcur chuige sin mar aon le comhordú níos fearr i measc na mBallstát, ráthaítear leibhéal leordhóthanach solúbthachta do na Ballstáit chun stóras a líonadh ar a luas féin, agus strus ar an gcóras á laghdú agus saobhadh margaidh á sheachaint an tráth céanna.
Leanfaidh an Coimisiún de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar líonadh na saoráidí stórála, agus trí chomhordú agus idirphlé gníomhach leis na Ballstáit, lena n‑áirítear comhordú agus idirphlé tríd an nGrúpa Comhordaithe Gáis, áiritheoidh sé nach gcuirfidh dialltaí substaintiúla marthanacha a d’fhéadfadh a bheith ann ó na conairí líonta slándáil an tsoláthair i mbaol agus go maolófar ar rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú cuimsitheach mar chuid den athbhreithniú ar an gcreat le haghaidh shlándáil an tsoláthair chun scrúdú a dhéanamh ar bhreisluach aon bhirt maidir le stóráil bhuan le haghaidh shlándáil an tsoláthair tar éis 2027.
c) Comhthéacs an togra
Tá na leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/1938 maidir le stóráil gáis le dul in éag ag deireadh 2025. Mar gheall ar an staid theann leanúnach sa mhargadh gáis domhanda, tá gá le síneadh a chur leis na forálacha sin go dtí tar éis 2025.
An tráth céanna, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach athbhreithniú a dhéanamh ar chreat slándála fuinnimh an Aontais, lena n‑áirítear athbhreithniú trí mheasúnú a dhéanamh ar cheart bearta buana maidir le líonadh stórála do na Ballstáit a ionchorprú i dtogra reachtach a d’fhéadfadh a bheith ann. Mar sin féin, níl an togra seo beartaithe le haghaidh na bliana seo chugainn.
Is gá síneadh sealadach a chur leis na forálacha stórála gáis atá ann faoi láthair chun leanúint d’intuarthacht agus trédhearcacht a chur ar fáil maidir le húsáid saoráidí stórála gáis ar fud an Aontais.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tugadh isteach na forálacha stórála gáis i Rialachán (AE) 2017/1938 le Rialachán (AE) 2022/1032 ar feadh tréimhse 3 bliana. Rachaidh na forálacha in éag ag deireadh 2025. Is é is aidhm don togra síneadh 2 bhliain eile a chur leis an bhforáil atá ann cheana ar bhonn sealadach go dtí go gcuirfear creat nua slándála fuinnimh i bhfeidhm, rud is dóichí a dhéanfar le linn 2027. Bheadh an síneadh comhsheasmhach leis an mbeartas atá ann cheana agus chuideodh sé le feabhas a chur ar shlándáil fuinnimh agus ar chobhsaíocht an mhargaidh gáis. Níl sé d’aidhm ag an togra le haghaidh fadú aon ghné eile de na forálacha stórála gáis a athrú.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tar éis na bhforbairtí geopholaitiúla a tharla, i mí an Mhárta 2022 d’eisigh an Coimisiún an Teachtaireacht maidir le ‘REPowerEU’ le haghaidh gníomhaíocht chomhpháirteach Eorpach chun fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe a chur chun cinn. Dá bhrí sin, thíolaic an Coimisiún togra reachtach (an Rialachán maidir le Stóráil Gáis – Rialachán (AE) 2022/1032) chun leibhéal leordhóthanach stórála bliantúla a áirithiú ó gheimhreadh 2022/2023 agus amach anseo.
Mar chuid de sheiceáil oiriúnachta ar an gcreat slándála fuinnimh atá ann faoi láthair, sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí chun tuairimí raon leathan páirtithe leasmhara a bhailiú maidir leis na tairbhí agus na dúshláin a d’fhéadfadh a bheith ann don Eoraip amach anseo i réimse na slándála fuinnimh. Leis an gcomhairliúchán poiblí, a tugadh i gcrích ag deireadh mhí na Samhna 2024, déantar breithniú freisin ar na forálacha stórála gáis agus ar a rannchuidiú leis an tslándáil fuinnimh fhoriomlán.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Leis an togra seo leasaítear Rialachán (AE) 2017/1938 arbh é Airteagal 194(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí atá leis. Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 194(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Tá bearta beartaithe an tionscnaimh seo i gcomhréir go hiomlán le prionsabal na coimhdeachta. Tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais mar go n‑eascraíonn an méid seo a leanas as briseadh i soláthar gáis an Aontais: (i) ardrioscaí; (ii) éifeachtaí nach beag ar roinnt mhaith Ballstát; agus (iii) tionchar ar praghsanna gáis ar fud an Aontais.
•Comhréireacht
Tá an tionscnamh i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Cé go leagtar síos an 1 Samhain mar sprioc líonta bhliantúil deiridh leis an Rialachán, cuirtear san áireamh leis na spriocanna staid na mBallstát aonair agus méid na saoráidí stórála gáis atá lonnaithe ina gcríoch ar leithligh. Baineann na díolúintí/maoluithe a leagtar síos le Rialachán (AE) 2017/1938 leis an Ísiltír (Airteagal 6a.3) agus leis an Laitvia, leis an Ostair, leis an tSeicia, leis an tSlóvaic agus leis an Ungáir freisin (Airteagal 6a.2). Is leibhéal riachtanach iomchuí é an ráta líonta 90 % atá beartaithe chun slándáil an tsoláthair a áirithiú le linn an gheimhridh i gcás suaitheadh mór sa soláthar, gan ualach iomarcach a chur ar na Ballstáit, ar chuideachtaí fuinnimh ná ar an bpobal.
Leagtar síos spriocanna líonta idirmheánacha ar bhonn bliantúil, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit (trína rannpháirtíocht sa Ghrúpa Comhordaithe Gáis). Leis na spriocanna sin, ceadaítear leibhéal leordhóthanach solúbthachta do na Ballstáit chun an staid fuinnimh atá ann cheana agus bunphrionsabail an mhargaidh gáis araon a léiriú.
•An rogha ionstraime
Is togra é seo chun Rialachán (AE) 2017/1938 a leasú, agus dá bhrí sin Rialachán leasaitheach atá san ionstraim a roghnaíodh. Ós rud é nach athbhreithniú iomlán é seo ar an Rialachán, ní mheastar gurb iomchuí athmhúnlú a dhéanamh.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Tá tuarascáil ag gabháil leis an togra seo maidir le cur chun feidhme agus tionchar na bhforálacha stórála gáis, ina dtagtar ar an gconclúid go raibh tionchar dearfach ag na conairí líonta stórais gáis agus ag an bpróiseas deimhniúcháin le haghaidh saoráidí stórála gáis araon ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh.
Tíolacann an Coimisiún tuarascálacha bliantúla, a ullmhaíonn sé i gcomhairle leis na Ballstáit, ina bhfuil anailís ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an Rialachán ar phraghsanna gáis agus ar choigiltí gáis a d’fhéadfadh a bheith ann.
Ina theannta sin, mar chuid den tseiceáil oiriúnachta ar an gcreat slándála fuinnimh, agus chun tuairimí raon leathan páirtithe leasmhara a bhailiú, sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí. Seoladh an próiseas comhairliúcháin i mí Mheán Fómhair 2024 agus mhair sé go dtí mí na Samhna 2024. Chuir os cionn 100 rannpháirtí léargais agus tuairimí ar fáil don chomhairliúchán, lena n‑áirítear léargais agus tuairimí maidir le ról na stórála gáis sa chreat foriomlán slándála fuinnimh. Tar éis dó anailís a dhéanamh ar thorthaí an chomhairliúcháin phoiblí, féadfaidh an Coimisiún teacht ar an gconclúid go bhfuil gá le hathbhreithniú níos leithne a fháil réidh ar an gcreat slándála fuinnimh agus, sa chomhthéacs sin, féadfaidh sé a mholadh go leanfar leis na spriocanna sainordaitheacha idirmheánacha agus bliantúla deiridh maidir le líonadh stórais. Mar sin féin, is dócha go mairfidh an próiseas athbhreithnithe 2 bhliain ar a laghad. Agus aitheantas á thabhairt don ról nach beag a bhí ag stóráil gáis go dtí seo maidir le borradh a chur faoi shlándáil fuinnimh na mBallstát, meastar go bhfuil gá le síneadh sealadach a chur leis an sprioc líonta éigeantach agus leis an gceanglas maidir le spriocanna idirmheánacha.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Mar chuid den chomhairliúchán poiblí a bhain leis an tseiceáil oiriúnachta, chuathas i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara maidir leis an tábhacht a bhaineann le stóráil gáis agus maidir leis an áisiúlacht a bhaineann le spriocanna líonta sainordaitheacha a leagan síos.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Le linn 2025, mar chuid den tseiceáil oiriúnachta ar an gcreat foriomlán slándála fuinnimh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún sainordú a thabhairt do chonraitheoir seachtrach measúnú tionchair a dhéanamh. D’iarrfaí ar an gconraitheoir tuairimí seachtracha agus saineolas seachtrach a bhailiú an tráth céanna.
•Measúnú tionchair
Mar a luaitear sa mhír thuas, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún measúnú tionchair a dhéanamh le linn 2025. Beidh ceisteanna a bhaineann leis na forálacha stórála gáis ina gcuid den mheasúnú tionchair. Mar nach bhfuil mórán ama fágtha agus mar go bhfuil na forálacha atá ann faoi láthair le dul in éag i mí na Nollag 2025, níl aon mheasúnú tionchair á dhéanamh le haghaidh an bhirt shealadaigh seo.
•Cearta bunúsacha
Leis an mbeart sin, beifear in ann tacaíocht a dhíriú ar roinnt de na custaiméirí is leochailí, go háirithe orthu siúd atá faoi bhochtaineacht fuinnimh cheana.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Baineann an tionchar ar bhuiséad an Aontais i dtaca leis an togra seo le foireann agus le caiteachais riaracháin eile na hArd-Stiúrthóireachta um Fhuinnimh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh. Leis an togra, féachtar le síneadh a chur le forálacha lena bhfeabhsaítear ailtireacht an Aontais maidir le slándáil a sholáthair gáis. Is éard a bheadh i gceist leis na forálacha sin lena gcuirfí síneadh oibleagáidí leanúnacha ar na Ballstáit agus, dá réir sin, ról neartaithe leanúnach don Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh i raon leathan réimsí a sainaithníodh sa togra bunaidh, mar atá na réimsí seo a leanas:
·bainistiú foriomlán agus cur chun feidhme an Rialacháin (1 FTE);
·bainistiú ról neartaithe an Ghrúpa Comhordaithe Gáis (0,5 FTE);
·faireachán ar rátaí líonta agus sonraíochtaí an chur chun feidhme teicniúla a tharraingt suas, amhail conairí líonta (lena n‑áirítear anailís eacnamaíoch agus theicniúil agus bainistiú sonraí) (1,5 FTE);
·measúnú ar na fógraí maidir le comhroinnt dualgas a leagtar amach in Airteagal 6c (1 FTE);
·tacaíocht riaracháin (1 FTE).
Ina theannta sin, chun an rialachán leasaitheach seo a chur chun feidhme, a chomhordú agus chun obair leantach a dhéanamh air i measc na mBallstát, beidh gá le leithreasuithe breise riaracháin suas le EUR 150 000 in aghaidh na bliana le haghaidh turais oifigiúla agus cruinnithe saineolaithe, go háirithe cruinnithe de chuid an Ghrúpa Comhordaithe Gáis.
5.EILIMINTÍ EILE
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Ní athrófaí aon cheann de na forálacha a bhaineann le stóráil gáis atá ann faoi láthair i Rialachán (AE) 2017/1938 a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2022/1032 seachas an tAirteagal lena leagtar síos an dáta cur i bhfeidhm/bailíochta, a d’athrófaí go dtí an 31 Nollaig 2027.
2025/0051 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1938 a mhéid a bhaineann le ról na stórála gáis chun soláthairtí gáis a dhaingniú roimh shéasúr an gheimhridh
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Glacadh Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar fhreagairt ar an ngéarchéim a bhaineann leis an soláthar gáis agus ar mhéaduithe nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe ar phraghsanna de dheasca géarú ar fhogha na Rúise faoin Úcráin ó bhí mhí Feabhra 2022 ann, rud a spreag an tAontas chun gníomhú ar bhealach comhordaithe cuimsitheach chun rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann de thoradh suaitheadh breise sa soláthar gáis a sheachaint.
(2)Le Rialachán (AE) 2022/1032 leasaítear Rialachán (AE) 2017/1938 trí chreat dlíthiúil sealadach a thabhairt isteach le haghaidh bearta maidir le leibhéal líonta saoráidí stórála faoi thalamh chun slándáil an tsoláthair gáis san Aontas a neartú, go háirithe soláthairtí gáis do chustaiméirí atá faoi chosaint.
(3)Leis na saoráidí stórála gáis, déantar foráil maidir le 30 % de thomhaltas gáis an Aontais le linn mhíonna an gheimhridh, agus leis na saoráidí stórála gáis faoi thalamh atá líonta go maith rannchuidítear go mór le slándáil an tsoláthair gáis trí ghás breise a chur ar fáil i gcás ina bhfuil éileamh mór nó suaitheadh sa soláthar.
(4)Sprioc shainordaitheach a leagan síos chun a áirithiú go mbeadh saoráidí stórála gáis 90 % lán faoin 1 Samhain (sprioc líonta), mar aon le sraith spriocanna idirmheánacha do gach Ballstát i mí Feabhra, i mí na Bealtaine, i mí Iúil agus i mí Mheán Fómhair an bhliain ina dhiaidh sin (conair líonta), le linn na géarchéime fuinnimh a chuir úsáid sholáthairtí gáis na Rúise mar uirlis troda agus an t‑ionradh ar an Úcráin tús léi cruthaíodh go raibh sé sin bunriachtanach chun an dá rud seo a leanas araon a bhaint amach: (i) na ganntanais soláthair gáis a shárú; agus (ii) éiginnteachtaí sa mhargadh agus luaineacht praghsanna a laghdú.
(5)D’ainneoin feabhas mór a bheith tagtha ar staid an mhargaidh gáis i gcomparáid leis an tréimhse 2022-2023, tá margadh gáis na hEorpa fós teann. D’fhéadfadh iomaíocht níos láidre le haghaidh soláthairtí domhanda GNL neamhchosaint na mBallstát ar luaineacht praghsanna a mhéadú. D’fhéadfadh forbairt phraghas an gháis le linn gheimhreadh 2024/2025 an treocht a dheimhniú. Sa chás sin, tá ról na stórála gáis ríthábhachtach i gcónaí. Le conairí líonta intuartha cuirtear leis an trédhearcacht agus cuirtear cosc ar shaobhadh margaidh.
(6)De bhun Rialachán (AE) 2017/1938, an oibleagáid ar na Ballstáit conair líonta bhliantúil a leanúint agus a áirithiú go mbainfear amach an sprioc líonta faoin 1 Samhain gach bliain, rachaidh sí in éag an 31 Nollaig 2025.
(7)An tráth céanna, ní mór an creat foriomlán chun an sprioc éigeantach sin an 1 Samhain a bhaint amach a bheith solúbtha go leor le linn an tséasúir stórála líonta chun gur féidir freagairt thapa a thabhairt ar dhálaí margaidh a bhíonn ag síorathrú agus go háirithe chun leas a bhaint as na dálaí ceannaigh is fearr.
(8)Is é is cuspóir do spriocanna líonta idirmheánacha, a chomhaontaíonn na Ballstáit gach bliain, a áirithiú go mbainfear amach an sprioc shainordaitheach an 1 Samhain. Is spriocanna táscacha iad na spriocanna sin, áfach, agus ba cheart go gceadófaí leo stóras a líonadh ar bhealach lena mbeidh solúbthacht leordhóthanach ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh i rith na bliana i gcomhréir le Moladh XXX.
(9)Leis an measúnú ón gCoimisiún ar an gcreat slándála fuinnimh atá ann faoi láthair, deimhníodh tionchar dearfach na gceanglas stórála agus líonta ar shlándáil an tsoláthair gáis agus ba cheart na héifeachtaí dearfacha sin a chaomhnú tar éis 2025.
(10)Is gá, dá bhrí sin, síneadh 2 bhliain a chur leis na forálacha ábhartha maidir le líonadh stórais gáis lena gcuirtear ar fáil intuarthacht agus trédhearcacht maidir le húsáid saoráidí stórála gáis ar fud an Aontais.
(11)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/1938 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán (AE) 2017/1938
In Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2017/1938, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú mír:
‘Beidh feidhm ag Airteagal 2, pointí (27) go (31), Airteagal 6a go Airteagal 6d, Airteagal 16(3), Airteagal 17a, Airteagal 18a, Airteagal 20(4), agus Iarscríbhinní Ia agus Ib go dtí an 31 Nollaig 2027.’
Article2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán