An Bhruiséil,26.2.2025

COM(2025) 84 final

2025/0040(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialacháin (AE) 2015/1017, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695 agus (AE) 2021/1153 a mhéid a bhaineann le héifeachtúlacht ráthaíocht AE a mhéadú faoi Rialachán (AE) 2021/523 agus ceanglais tuairiscithe a shimpliú

{SWD(2025) 84 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Leagann an Coimisiún béim ar a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh sna príomhtheicneolaíochtaí agus sna príomhearnálacha chun dlús a chur leis an bhfás agus leis an iomaíochas san Aontas. Sna Treoirlínte Polaitiúla ó Uachtarán an Choimisiúin von der Leyen le haghaidh Choimisiún 2024-2029, cuireann sí an infheistíocht ar comhchéim leis an uaillmhian i dtaca le gnó a dhéanamh níos éasca tríd an ualach riaracháin agus na hoibleagáidí tuairiscithe a laghdú. Mar obair leantach ar na garspriocanna straitéiseacha sin, d’fhoilsigh an Coimisiún ‘Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach’ 1 i mí Eanáir 2025 ina bhfógraítear Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan arb é is aidhm dó an tAontas a dhaingniú mar shuíomh tarraingteach don mhonaraíocht, agus teicneolaíocht ghlan agus samhlacha gnó ciorclacha nua a chur chun cinn, chun a chuspóirí dícharbónaithe comhaontaithe a bhaint amach.

Sa chomhthéacs sin, clár InvestEU, is é sin an ionstraim comhroinnte riosca is mó de chuid an Aontais lena dtacaítear le hinfheistíochtaí tosaíochta laistigh den Aontas, mar a cuireadh in iúl freisin i dtuarascáil Draghi, d’éirigh leis infheistíochtaí a shlógadh i gcás ina gcuirfeadh teipeanna margaidh bac orthu murach sin. A bhuí le soláthar páirteach agus éifeacht iolraitheora InvestEU, soláthraítear leis ionstraim atá éifeachtúil ó thaobh an bhuiséid de chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais infheistíochta mhóra i réimsí tosaíochta trí infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a ghiaráil. Tá sé sin ábhartha go háirithe i gcomhthéacs airgeadas poiblí srianta. Cé go ndíríonn InvestEU ar raon leathan príomhréimsí beartais, leagtar béim láidir ar infheistíochtaí ar féidir leo tacú le cuspóirí an Chompáis Iomaíochais, an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus na nuálaíochta digití agus an aistrithe dhigitigh lena n‑áirítear tacaíocht do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá i mbun fáis. Go deimhin, is ionstraim ilfheidhmeach é InvestEU agus is féidir leis tacú le gníomhaíocht infheistíochta i réimsí beartais éagsúla de réir thosaíochtaí athraitheacha an Aontais agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn san Aontas.

Leis an meastóireacht eatramhach ar chlár InvestEU, a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2024 2 , cuireadh i dtábhacht an gá atá le féachaint ar bhealaí chun feabhas a chur ar acmhainneacht airgeadais InvestEU sa chuid eile den chlárthréimhse agus chun an tualach riaracháin ar phríomhpháirtithe leasmhara a laghdú. Thairis sin, moladh sa mheastóireacht eatramhach leanúnachas a áirithiú sna táirgí airgeadais a sholáthraítear don mhargadh agus staid stadach a sheachaint, toisc go gcruthódh staid den chineál sin ní hamháin bearna sa tacaíocht ón Aontas a bhfuil géarghá léi do thosaíochtaí beartais, ach castacht freisin le haghaidh na nidirghabhálaithe airgeadais agus na bhfaighteoirí deiridh.

Ó mhí an Mheithimh 2024 ar aghaidh, meastar go bhfuil infheistíochtaí dar luach EUR 280 billiún slógtha ag InvestEU, agus is ón earnáil phríobháideach a thagann EUR 201 bhilliún díobh sin (gar do 70 %). Tá ról lárnach ag InvestEU maidir le haghaidh a thabhairt ar bhacainní airgeadais agus maidir leis na hinfheistíochtaí is gá le haghaidh an iomaíochais, an taighde agus na nuálaíochta, an dícharbónaithe agus na hinbhuanaitheachta comhshaoil agus sóisialta a spreagadh. Tá beagnach 45 % den líon oibríochtaí a síníodh faoi InvestEU ag tacú leis an gcuspóir aeráide.

I bhfianaise na bhforbairtí sin, tá leasú reachtach ar Rialachán InvestEU 3 beartaithe ionas gur féidir na hacmhainní atá ann cheana a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla trí mhéid ráthaíocht AE agus a soláthar a mhéadú trí úsáid a bhaint as athshreabha ón gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) agus ó ionstraimí leagáide 4 agus trí phunann InvestEU a chomhcheangal le tacaíocht ó bhuiséad an Aontais faoi CEIS agus faoi phunanna ionstraimí airgeadais leagáide eile (Ionstraim Fiachais SCE agus Saoráid Fiachais InnovFin), agus ar an gcaoi sin tacaíocht leanúnach a thabhairt do ghnólachtaí agus do thionscadail sa dá bhliain dheireanacha den chlárthréimhse seo. D’fhéadfadh na comhcheangail sin an tioncam buiséid a laghdú (i ndáil le hathshreabha nó barrachais ó ionstraimí leagáide). Mar sin féin, spreagfaí leo gnóthachain éifeachtúlachta airgeadais shubstaintiúla freisin tríd an bhféidearthacht a chruthú go gcuirfí méid méadaithe cumhdaigh ráthaíochta ar fáil le haghaidh infheistíochtaí straitéiseacha i bpríomhréimsí tosaíochta an Aontais as a dtiocfadh infheistíocht bhreise de thart ar EUR 25 bhilliún ar féidir glacadh leis go slógfar í agus as a dtiocfadh éagsúlú méadaithe ar rioscaí a mbeadh an soláthar céanna mar bhonn taca leo. Bheadh cuíchóiriú tuairiscithe le haghaidh BEI agus CEI mar thoradh orthu freisin, cé go mbeadh sonraí sonracha áirithe le soláthar don Choimisiún i leith na cuntasaíochta.

Leis na hathruithe atá beartaithe, meastar go slógfar thart ar EUR 50 billiún d’infheistíocht phoiblí agus phríobháideach bhreise. Úsáidfear acmhainneacht mhéadaithe InvestEU go príomha chun gníomhaíochtaí ardriosca a mhaoiniú chun tacú le beartais tosaíochta an Aontais, amhail na beartais a leagtar amach sa Chompás Iomaíochais – lena gcumhdaítear earnálacha teicneolaíochta a bheidh tábhachtach i ngeilleagar na todhchaí, amhail teicneolaíochtaí digiteacha teorann – agus an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, chomh maith le haon tionscnamh nua a d’fhéadfadh a bheith ann i réimsí tosaíochta amhail beartas tionsclaíoch cosanta, lena n‑áirítear sócmhainní spáis, gníomhaíochtaí dé-úsáide nó soghluaisteacht mhíleata. Le hacmhainneacht infheistíochta mhéadaithe den sórt sin ar fud na gceithre urrann, cuirfear le hAontas na Scileanna agus na bPost Ardcháilíochta. Go sonrach, is féidir an acmhainneacht incriminteach a úsáid chun tacú le cothromas agus cuasachothromas i dtionscadail atá an‑nuálach agus a bhfuil riosca ag baint leo, le fiachas ardriosca amhail cineálacha áirithe fofhiachais, le hionstraimí ráthaíochta, agus le hionstraimí eile chun tacú le huas-scálú cuideachtaí nuálacha i sineirge leis an gComhairle Nuálaíochta Eorpach, chomh maith le táirgí ráthaíochta atá dírithe ar an nuálaíocht, an digitiú, teicneolaíochtaí digiteacha agus bonneagair dhigiteacha, aistriú glas gnólachtaí beaga, infheistíochtaí agus scileanna sóisialta, agus infheistíochtaí i gcistí lena dtacaítear le gnólachtaí nuathionscanta teicneolaíochta glaine agus domhainteicneolaíochta agus gnólachtaí atá i mbun fáis i réimse na teicneolaíochta glaine agus na domhainteicneolaíochta, agus dícharbónú gnólachtaí. An meascán beacht táirgí, an meascán beartas agus na socruithe comhroinnte riosca, déanfar iad a fhorbairt agus a chomhaontú idir an Coimisiún agus comhpháirtithe cur chun feidhme InvestEU agus léireofar iad dá réir sin i gcomhaontuithe ráthaíochta InvestEU, arb é is aidhm dóibh díriú ar dhúshláin atá ann faoi láthair agus ar thosaíochtaí beartais.

Na deiseanna, faoi urrann an Bhallstáit, le haghaidh na mBallstát cistí a chur in úsáid faoi bhainistíocht chomhroinnte, faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta nó ó chistí buiséadacha náisiúnta eile, tá sé beartaithe na deiseanna sin a threisiú, chun go mbeidh na Ballstáit in ann ranníocaíocht a dhéanamh freisin trí ionstraim airgeadais sa bhreis ar an rogha atá ann cheana ranníocaíocht a dhéanamh le ráthaíocht AE.

Tá gá le simplithe tuairiscithe le haghaidh InvestEU, CEIS agus ionstraimí airgeadais leagáide faoi chláir tacaíochta infheistíochta chun an t‑ualach tuairiscithe ar chomhpháirtithe cur chun feidhme, ar idirghabhálaithe airgeadais agus ar fhaighteoirí deiridh a laghdú. Rannchuidíonn an togra le comhlíonadh ghealltanais an Choimisiúin an t‑ualach riaracháin agus na hoibleagáidí tuairiscithe a laghdú 25 % ar a laghad le haghaidh gach gnó agus 35 % i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide. Beidh tairbhí móra ag baint leis, agus beidh éifeachtaí seach-iarmharta aige ar na gníomhaithe éagsúla (comhpháirtithe cur chun feidhme, idirghabhálaithe airgeadais, faighteoirí deiridh) i bhfianaise leagan amach ilsrathach InvestEU.

Go hachomair, chun tacú leis an gCompás Iomaíochais, leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus chun rannchuidiú le fás agus iomaíochas eacnamaíoch an Aontais, le scileanna agus le poist ardcháilíochta, is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe ar Rialachán InvestEU an méid seo a leanas a dhéanamh: i) méid agus éifeachtúlacht ráthaíocht AE a mhéadú; ii) tarraingteacht urrann an Bhallstáit de InvestEU a mhéadú; agus iii) an t‑ualach riaracháin, atá ann de bharr ceanglais tuairiscithe go háirithe, a shimpliú.

Go háirithe, tá sé beartaithe an méid seo a leanas a sholáthar leis an togra:

Méadú EUR 2,5 billiún ar ráthaíocht AE faoin tréimhse mhaoiniúcháin atá ann faoi láthair, agus na hacmhainní buiséadacha comhfhreagracha is gá le haghaidh soláthar a eascraíonn as barrachais CEIS agus athshreabha ó ionstraimí leagáide eile a bheith ar fáil in 2025, 2026 agus 2027. Leis an méadú sin ar ráthaíocht AE, tacófar le slógadh thart ar EUR 25 bhilliún d’infheistíocht phríobháideach agus phoiblí bhreise.

Deiseanna feabhsaithe maidir le tacaíocht atá ar fáil ó bhuiséad an Aontais faoi thrí chlár leagáide (CEIS, Ionstraim Fiachais SCE agus Saoráid Fiachais InnovFin) a chomhcheangal le Ciste InvestEU chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht Chiste InvestEU agus chun tacú le slógadh thart ar EUR 25 bhilliún d’infheistíocht bhreise.

Deis le haghaidh na mBallstát ranníocaíocht a dhéanamh ar bhealach lánchistithe le hionstraim airgeadais. Is rud luachmhar é sin go háirithe le haghaidh táirgí cothromais cistithe agus táirgí fiachais is féidir a úsáid in airgeadraí seachas an euro gan buiséad an Aontais a nochtadh do riosca airgeadra. Cé go ndéantar an togra faoi InvestEU san am i láthair, agus go bhfuil sé inúsáidte le haghaidh cistí náisiúnta i gcomhréir le pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta, ar choinníoll gur féidir na céimeanna uile is gá a thabhairt chun críche roimh mhí Lúnasa 2026, agus le haghaidh cistí buiséadacha náisiúnta eile, dá gcuirfí an deis sin i bhfeidhm maidir le cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte, ba ghá athruithe teoranta ina dhiaidh sin ar rialacha earnáilsonracha a bheith éifeachtach, ionas nach mbeadh sí ar fáil láithreach do na cistí sin.

Simpliú a thuairisciú, go háirithe i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus fhiontair an gheilleagair shóisialta. Meastar go ndéanfar thart ar EUR 350 milliún a choigilt mar gheall ar shimplithe den sórt sin.

Bainfear amach gnóthachain éifeachtúlachta agus simplithe freisin trí bhearta neamhreachtacha. Áirítear ar na bearta sin an deis a bheith ag comhpháirtithe cur chun feidhme brath ar dhearbhuithe bainistíochta lena gcumhdaítear níos mó ná clár amháin de chuid an Aontais atá á chur chun feidhme acu, lena n‑áirítear InvestEU, agus sa chomhthéacs sin d’fhéadfadh an Coimisiún brath freisin ar leibhéal coibhéiseach dearbhaithe trí mhodhanna neamhspleácha eile seachas tuairim iniúchóireachta nó ar an bhféidearthacht go mbraithfeadh na comhpháirtithe cur chun feidhme ar a rialacha agus nósanna imeachta féin a ndearnadh measúnú dearfach orthu maidir le roghnú idirghabhálaithe airgeadais. An tráth céanna, tá an Coimisiún i dteagmháil le comhpháirtithe cur chun feidhme na gclár tacaíochta infheistíochta leagáide chun an t‑ualach tuairiscithe a laghdú trí shimplithe conarthacha i gcás nach bhfuil gá le haon leasú reachtach. Ina theannta sin, tá an Coimisiún ag féachaint ar dheiseanna simplithe breise i ndáil le reachtaíocht maidir le cláir tacaíochta airgeadais leagáide, a mhéid a leagadh síos ceanglais tuairiscithe inti, agus tá sé ar intinn aige bearta simplithe reachtacha breise a chur i láthair, de réir mar is iomchuí. D’fhéadfaí coigilteas breise ar chostais a bhaint amach sa chomhthéacs sin.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra seo comhsheasmhach leis na cuspóirí beartais atá ann cheana i réimsí beartais na hinfheistíochta, an tionscail agus an fháis eacnamaíoch, lena n‑áirítear na cuspóirí is déanaí. Tá clár InvestEU comhsheasmhach le straitéisí an Aontais maidir le geilleagar inbhuanaithe agus beartas tionsclaíoch. Is é is aidhm dó iomaíochas gheilleagar na hEorpa agus forbairt príomhthionscal agus príomhtheicneolaíochtaí a chur chun cinn agus is príomhchuid é de bheartas infheistíochta an Aontais mar a chuirtear i láthair sa Chompás Iomaíochais agus sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan. Leis an togra, ba cheart leanúint d’fhorbairt éiceachóras infheistíochta agus de theacht chun cinn réiteach cistiúcháin margadh-bhunaithe a chothú chun tacú le hiomaíochas na hEorpa.

Mar obair leantach ar thogra COM/2023/593 ón gCoimisiún 5 agus i gcomhréir leis na Treoirlínte Polaitiúla ó Uachtarán an Choimisiúin 6 , is é is aidhm do na leasuithe simplithe atá beartaithe éifeachtacht agus éifeachtúlacht na gclár lena mbaineann a fheabhsú a thuilleadh, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le comhlíonadh ghealltanais an Choimisiúin an tualach riaracháin a laghdú 25 % ar a laghad le haghaidh gach gnó agus 35 % i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra ailínithe le cuspóir foriomlán an Aontais maidir le fás eacnamaíoch, iomaíochas agus cruthú post a chur chun cinn, mar a leagtar amach sna Conarthaí. Agus tacaíocht á tabhairt do chuspóirí an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan chun monaróirí iomaíocha a chothú, ar monaróirí iad a spreagann dícharbónú tríd an nuálaíocht, tá an togra comhsheasmhach freisin le creat uaillmhianach na hEorpa le bheith ina geilleagar dícharbónaithe faoi 2050 agus le sprioc idirmheánach 2040, is é sin 90 %.

Chun cuidiú leis an riosca a bhaineann le hinfheistíochtaí príobháideacha a laghdú agus tacaíocht a chothú trí chóras airgeadais (poiblí agus príobháideach) an Aontais, tá an togra comhsheasmhach freisin le cuspóirí an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta Eorpaigh chun coigilteas a nascadh leis an infheistíocht is táirgiúla, agus béim á leagan ar chuspóirí straitéiseacha an Aontais, lena n‑áirítear an nuálaíocht, an dícharbónú, teicneolaíochtaí digiteacha agus an chosaint.

Leis na leasuithe atá beartaithe, cuirfear tuilleadh feabhais ar an tionchar sna réimsí sin.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an bunús dlí céanna (Airteagal 173 (Tionscal) agus Airteagal 175, an tríú mír, (Comhtháthú Eacnamaíoch, Sóisialta agus Críochach) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)) á úsáid le haghaidh an togra seo chun Rialachán InvestEU a leasú, is é sin an bunús dlí a úsáideadh le haghaidh an leagain atá i bhfeidhm.

Ar an mbealach céanna, tá na leasuithe ar Rialacháin eile bunaithe ar a mbunúis dlí ábhartha bhunaidh, is é sin: i) Airteagail 172 agus 173, Airteagal 175, an tríú mír, agus Airteagal 182(1) i gcás Rialachán CEIS; ii) Airteagail 172 agus 194 i gcás Rialachán SCE; agus iii) Airteagail 173(3), 182(1), 183 agus 188, an dara mír, i gcás an Rialacháin maidir le Fís Eorpach.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach) 

Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach go leormhaith agus dá bhrí sin is fearr is féidir leis an Aontas iad a bhaint amach.

Beidh an éifeacht iolraithe agus an tionchar ar an láthair i bhfad níos airde ná mar a d’fhéadfaí a bhaint amach trí chláir infheistíochta i mBallstáit aonair. Leis na leasuithe, thacófaí le beartas tionsclaíoch an Aontais i gcomhréir leis an Teachtaireacht maidir le Compás Iomaíochais. Le Margadh Aonair an Aontais, déanfar foráil maidir le tarraingteacht níos fearr le haghaidh infheisteoirí agus éagsúlú riosca níos fearr ann ar fud earnálacha agus geografaíochta.

Trí urrann an Bhallstáit a neartú, bheifí in ann aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh agus bearnaí infheistíochta tírshonracha agus, an tráth céanna, tarraingt ar tháirgí airgeadais atá deartha ar an leibhéal lárnach chun bealach dáileacháin atá tástáilte agus a fheidhmíonn go maith a sholáthar chun cistí buiséadacha a úsáid agus maoiniú ón earnáil phríobháideach á ghiaráil an tráth céanna. Chabhródh sé sin go háirithe leis na Ballstáit an tacaíocht airgeadais a dhíriú ar infheistíochtaí faoi na Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta, ar choinníoll gur féidir na céimeanna uile is gá a thabhairt chun críche roimh mhí Lúnasa 2026, agus ar an gcaoi sin dlús a chur lena gcur chun feidhme freisin.

Comhréireacht

I dtuarascáil Draghi, éilítear níos mó tacaíochta infheistíochta chun an bhearna infheistíochta a dhúnadh agus aithnítear inti gurb é InvestEU an phríomhionstraim comhroinnte riosca is ceart a úsáid.

Áirithítear le hidirghabháil ar leibhéal an Aontais go bhféadfar mais chriticiúil acmhainní a ghiaráil chun an tionchar is fearr is féidir a bhaint as infheistíocht ar an talamh. Leis an togra, treisítear ráthaíocht AE atá ann cheana lenar cumasaíodh tacaíocht a thabhairt do réitigh nuálacha mhaoiniúcháin lena mealltar maoiniú príobháideach freisin chun tacú le príomhbheartais an Aontais. Ní chuirtear é in ionad infheistíochtaí ó na Ballstáit ach – os a choinne sin – tá sé comhlántach leis na hinfheistíochtaí sin. Déantar foráil, ar leibhéal an Aontais, maidir le barainneachtaí scála in úsáid táirgí airgeadais nuálacha trí infheistíocht phríobháideach a spreagadh san Aontas ina iomláine agus an úsáid is fearr a bhaint as na hinstitiúidí Eorpacha agus a gcuid saineolais chun na críche sin.

Is leis an idirghabháil ar leibhéal an Aontais amháin is féidir aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar riachtanais infheistíochta atá nasctha le cuspóirí beartais ar fud an Aontais.

Ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí atá beartaithe a bhaint amach.

An rogha ionstraime

Chun na cuspóirí atá á saothrú a bhaint amach, is gá Rialachán InvestEU, Rialachán CEIS, Rialachán SCE agus an Rialachán maidir le Fís Eorpach atá ann faoi láthair a leasú trí thogra reachtach.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Sa mheastóireacht eatramhach ar InvestEU 7 , aithníodh na héachtaí suntasacha a baineadh amach cheana agus acmhainn InvestEU tionchar níos mó fós a bheith aige, cé gur cuireadh i gcuimhne an tráth céanna nach leor an buiséad i gcoibhneas leis an éileamh ard agus na riachtanais mhóra infheistíochta.

Thángthas ar an gconclúid inti go bhfuil breisíocht ard i ráthaíocht InvestEU, rud a chuireann ar a gcumas do na comhpháirtithe cur chun feidhme dul i dteagmháil le contrapháirtithe ardriosca, táirgí airgeadais nó coinníollacha airgeadais ardriosca a chur in úsáid agus gníomhaíochtaí airgeadais ardriosca a mhaoiniú. Aithníodh sa mheastóireacht eatramhach freisin éifeacht fhiúntach phlódaithe isteach InvestEU. Ar bhonn na n‑oibríochtaí a formheasadh ag deireadh mhí an Mheithimh 2024, meastar go slógfaidh Ciste InvestEU thart ar EUR 280 billiún d’infheistíocht bhreise, le EUR 201 bhilliún (71 %) ag eascairt as foinsí príobháideacha. Ina theannta sin, measadh gur bealach éifeachtúil é InvestEU – mar ráthaíocht bhuiséadach – chun buiséad an Aontais a úsáid agus a ghiaráil.

An tráth céanna, thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht nach raibh an buiséad atá ann faoi láthair leordhóthanach i gcoibhneas leis an éileamh ard agus na riachtanais mhóra infheistíochta agus moladh inti féachaint ar bhealaí chun feabhas a chur ar acmhainneacht airgeadais InvestEU sa chlárthréimhse atá fágtha.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Rinneadh comhairliúcháin fhairsinge i gcomhthéacs na meastóireachta eatramhaí ar InvestEU, trí agallaimh le thart ar 150 príomhpháirtí leasmhar, aiseolas ó shuirbhéanna ó thionscnóirí tionscadail, mionscrúduithe, cás-staidéir théamacha, agus rannpháirtíocht in imeachtaí ábhartha. Cé gur mhol páirtithe leasmhara breisíocht an chláir, mar shampla, chuir roinnt páirtithe leasmhara in iúl go raibh buiséad InvestEU i bhfad rótheoranta chun tacaíocht inbhuanaithe a thabhairt do spriocthairbhithe agus i bhformhór na gcásanna go raibh an buiséad nach mór ídithe cheana féin. Ina theannta sin, leag formhór na gcomhpháirtithe cur chun feidhme béim ar a dhúshlánaí atá na ceanglais tuairiscithe, ar ceanglais iad a mbíonn ualach trom ag baint leo mar gheall ar a minicíocht agus a gcastacht, agus mhol siad na nósanna imeachta tuairiscithe a chuíchóiriú a thuilleadh. Thairis sin, bíonn an Coimisiún i dteagmháil go rialta le Grúpa BEI agus le comhpháirtithe cur chun feidhme InvestEU eile agus le hidirghabhálaithe airgeadais a labhair faoi shaincheisteanna comhchosúla go déthaobhach agus trí litreacha freisin a sheol Comhlachas Eorpach na nInfheisteoirí Fadtéarmacha (CEIFT), a dhéanann ionadaíocht ar 13 as na 17 gcomhpháirtí cur chun feidhme, chuig an gCoimisiún.

Tá freastal á dhéanamh sa togra reachtach ar an ngá atá le hacmhainneacht bhreise ráthaíochta agus ar shimplithe ó thaobh tuairiscithe de.

Bailiú agus úsáid saineolais

Rinneadh meastóireacht eatramhach neamhspleách sheachtrach 8 in 2024 i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialachán InvestEU. Féach na príomhtheachtaireachtaí a díorthaíodh ón meastóireacht eatramhach atá ábhartha don togra seo faoin bhfo-cheannteideal ‘meastóireachtaí Ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana’ thuas.

Measúnú tionchair

Ní chruthaítear ionstraim nua leis an togra seo. Sa togra, tarraingítear ar na measúnuithe tionchair a rinneadh i gcomhthéacs an togra bhunaidh le haghaidh Rialachán InvestEU, ar na tairbhí a bhaineann le hionstraim ráthaíochta buiséadaí agus ar an meastóireacht eatramhach a rinneadh in 2024, lenar léiríodh a úsáidí atá InvestEU agus an éifeachtúlacht bhuiséadach a bhaineann leis. Na riachtanais infheistíochta ar chun dul i ngleic leo a ceapadh InvestEU, is mó i bhfad iad ná an maoiniú atá ar fáil faoin gclár atá ann faoi láthair.

Ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair breise le haghaidh an togra leasaithe a chuireann leis an struchtúr comhroinnte riosca céanna atá á chur chun feidhme go rathúil cheana féin agus lenar féidir freastal ar thacaíocht infheistíochta in earnálacha éagsúla i gcomhréir le tosaíochtaí beartais an Aontais, lena n‑áirítear na tosaíochtaí athraitheacha agus na tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn.

   Oiriúnacht rialála agus simpliú

Is léiriú é an togra seo ar an simpliú ginearálta atá á dhéanamh ag an gCoimisiún. Is é is aidhm dó an t‑ualach riaracháin ar fhaighteoirí deiridh na tacaíochta infheistíochta, ar na hidirghabhálaithe airgeadais agus ar na comhpháirtithe cur chun feidhme a laghdú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: i) minicíocht an tuairiscithe a laghdú; ii) deireadh a chur leis an gceanglas atá ar chomhpháirtithe cur chun feidhme tuarascáil bhliantúil a chur i dtoll a chéile maidir le bacainní infheistíochta; iii) an líon míreanna atá le tuairisciú i ndáil le hidirbhearta beaga a laghdú; iv) cur i bhfeidhm an tsainmhínithe ar FBM a choigeartú. Go háirithe, le míreanna iii) agus iv) díolmhófar gnólachtaí beaga agus laghdófar a gcostais ar an gcaoi sin. Na laghduithe costais a thiocfaidh as sin, ba cheart tionchar dearfach a bheith acu ar an iomaíochas.

Níl aon mhír tuairiscithe bhreise beartaithe. Tá uirlis dhigiteach (Córas Faisnéise Bainistíochta InvestEU) bunaithe ag an gCoimisiún cheana féin a úsáideann na comhpháirtithe cur chun feidhme agus sonraí tuairiscithe oibríochtúla, sonraí tuairiscithe airgeadais agus sonraí tuairiscithe a bhaineann le riosca á gcur faoi bhráid an Choimisiúin acu.

Cearta bunúsacha

Níl tionchar ag an togra ar chearta bunúsacha.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Tá sé beartaithe ráthaíocht AE a mhéadú EUR 2,5 billiún faoi InvestEU agus meastar go slógfaidh sé sin infheistíocht bhreise de thart ar EUR 25 bhilliún. Chuige sin, bheadh gá le soláthar breise EUR 1 bhilliún. Thiocfadh na hacmhainní le haghaidh an tsoláthair as athshreabha ó ionstraimí airgeadais leagáide a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán InvestEU, ó CEIS, ó InvestEU féin agus ó bharrachais sa Chiste don Soláthar Coiteann a bhaineann le hurrann CEIS. Meastar gur mó ná EUR 2 bhilliún a bheidh sa mhéid athshreabha ó bharrachais CEIS agus ó ionstraimí airgeadais leagáide le haghaidh na tréimhse 2025-2027.

Meastar go slógfar thart ar EUR 25 bhilliún eile d’infheistíocht leis na comhcheangail fheabhsaithe. Tuigtear le tionchar airgeadais na gcomhcheangal sin ioncam buiséid moillithe agus ioncam buiséid a d’fhéadfadh a bheith laghdaithe (i ndáil le hathshreabha ó ionstraimí airgeadais leagáide) agus barrachais ó sholáthar CEIS.

Ní iarrtar aon bhuiséad breise le haghaidh costais foirne ná costais riaracháin.

Tá ráiteas airgeadais reachtach agus digiteach le tuilleadh faisnéise buiséadaí san áireamh.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déantar Ciste InvestEU (ráthaíocht AE) a chur chun feidhme trí bhainistíocht indíreach. Faoi láthair, tá líonra i bhfeidhm ag an gCoimisiún ina bhfuil 17 gcomhpháirtí cur chun feidhme a áirithíonn cur chun feidhme an togra san Aontas ar fad, agus meastar go méadóidh an líonra sin go 24 chomhpháirtí cur chun feidhme tar éis an ghlao is déanaí ar léiriú spéise.

Na socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe atá i bhfeidhm cheana féin, beidh siad ann i gcónaí, cé is moite de na ceanglais tuairiscithe sin a dhéanfar a laghdú nó a bhaint de bharr an tsimplithe a mhínítear faoin bhfo-cheannteideal ‘Oiriúnacht rialála agus simpliú’ thuas.

Déanfar feidhmíocht a thomhas de réir táscairí a leagtar síos i Rialachán InvestEU agus sna comhaontuithe ráthaíochta leis na comhpháirtithe cur chun feidhme chun tuairisciú comhchuibhithe a bhailiú uathu.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Mínítear na forálacha sonracha maidir le gach Rialachán a bhfuil sé beartaithe iad a leasú.

Rialachán InvestEU (Airteagal 1)

Tá sé beartaithe ráthaíocht AE a mhéadú go EUR 28 652 310 073 i bpraghsanna reatha (méadú EUR 2 500 000 000). Dá bhrí sin, EUR 21 489 232 555 a bheidh sa 75 % de ráthaíocht AE a leithdháilfear ar Ghrúpa BEI agus tá sé beartaithe ranníocaíocht airgeadais Ghrúpa BEI a mhéadú i gcomhréir le EUR 5 372 308 139.

Dáileadh táscach ráthaíocht AE idir na ceithre gné bheartais a leagtar síos in Iarscríbhinn I, déantar é a mhéadú i gcomhréir leis an méadú ar ráthaíocht AE. Tá an méid sin gan dochar do thionscnaimh a fhéadfar a dhéanamh sna míonna amach romhainn chun freastal ar riachtanais thathantacha phráinneacha mhaoiniúcháin i réimsí tosaíochta amhail an beartas tionsclaíoch cosanta lena n‑áirítear sócmhainní spáis, gníomhaíochtaí dé-úsáide nó soghluaisteacht mhíleata.

Beidh an ráta soláthair 40 % ann i gcónaí.

Ina theannta sin, na forálacha a bhaineann le CEIS agus dhá ionstraim leagáide a chomhcheangal le InvestEU chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht an chláir, déantar iad a choigeartú ionas gur féidir na comhcheangail is éifeachtaí a dhéanamh.

Tá sé beartaithe ionstraim airgeadais InvestEU a chuimsiú faoi urrann an Bhallstáit chun cur in úsáid táirgí airgeadais áirithe (go háirithe le haghaidh infheistíochtaí cothromais) faoin urrann sin a dhéanamh níos éifeachtúla agus, dá bhrí sin, a solúbthacht a mhéadú. Thairis sin, is féidir leis an gcomhpháirtí cur chun feidhme ionstraim airgeadais InvestEU a chur in úsáid in airgeadraí seachas an euro, rud a mhéadaíonn éifeachtúlacht agus solúbthacht a thuilleadh, go príomha chun tairbhe na mBallstát is rannchuiditheoirí nach bhfuil an euro mar airgeadra acu.

Mar thoradh ar ionstraim airgeadais InvestEU a thabhairt isteach sa Rialachán, tá go leor athruithe iarmhartacha tagtha ar na sainmhínithe ar théarmaí áirithe agus ar Airteagail áirithe, ar téarmaí agus Airteagail iad nach ndearnadh tagairt roimhe seo leo ach do ráthaíocht AE. Tá sé beartaithe go leanfaidh ionstraim airgeadais InvestEU go ginearálta na rialacha céanna le ráthaíocht AE, a mhéid is infheidhme agus is iomchuí. Ar mhaithe le soiléireacht, is iondúil an tagairt d’ionstraim airgeadais InvestEU a bheith curtha go sainráite leis na hAirteagail ábhartha, cé nach n‑úsáidtear crostagairtí ach i bhforálacha teoranta, i gcás ina bhfuil údar leis. Sa chomhthéacs sin, rinneadh mionchoigeartuithe eile ar na forálacha lena mbaineann ráthaíocht AE faoi urrann an Bhallstáit a bhaineann le hábhar an chomhaontaithe ráthaíochta lena gcuirtear chun feidhme comhaontú ranníocaíochta.

Ó thaobh an tsimplithe de, tá sainmhíniú athbhreithnithe ar FBM beartaithe agus i gcás oibríochtaí beaga nach dtéann thar EUR 100 000, maolaítear na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos in Iarscríbhinn III trí laghdú a dhéanamh ar an líon táscairí a mbeidh ar na comhpháirtithe cur chun feidhme tuairisciú ina leith, rud a mbeidh tionchar dearfach aige freisin ar idirghabhálaithe airgeadais agus ar fhaighteoirí deiridh. An cuspóir is ea na ceanglais a dhéanamh níos comhréirí agus gan bac a chur ar chuspóirí chlár InvestEU an tráth céanna. Mar bheart simplithe níos ginearálta, minicíocht an tuairiscithe faoi CEIS ó BEI chuig an gCoimisiún, déantar í a laghdú ó thuairisciú leathbhliantúil go tuairisciú bliantúil 9 , agus níl sé éigeantach a thuilleadh d’aon chomhpháirtí cur chun feidhme tuairisciú a dhéanamh maidir le bacainní infheistíochta. 

Ina theannta sin, tugtar roinnt forálacha cothrom le dáta go teicniúil chun tagairt dhíreach a dhéanamh don reachtaíocht atá ann faoi láthair i gcásanna ina raibh glacadh na ngníomhartha reachtacha sin ar feitheamh tráth a glacadh Rialachán InvestEU.

Rialachán CEIS (Airteagal 2)

Chun na coigeartuithe a rinneadh i Rialachán InvestEU le haghaidh comhcheangal a léiriú, rinneadh coigeartuithe ar Rialachán CEIS freisin.

Ó thaobh an tsimplithe de, déantar minicíocht an tuairiscithe ó na comhpháirtithe cur chun feidhme chuig an gCoimisiún a laghdú ó thuairisciú leathbhliantúil go tuairisciú bliantúil agus cuirtear deireadh leis an tuairisciú maidir le bacainní infheistíochta ós rud é go bhfuil deireadh tagtha leis an tréimhse infheistíochta faoi CEIS. Ar an gcúis chéanna, scoirtear de dhá chineál tuairiscithe.

Rialachán SCE (Airteagal 3), an Rialachán maidir le Fís Eorpach (Airteagal 4)

Is é is aidhm do leasuithe ar an dá Rialachán sin tacaíocht na n‑ionstraimí sin a chomhcheangal le ráthaíocht AE faoi Chiste InvestEU dá bhforáiltear in Airteagal 7 de Rialachán InvestEU.

Teacht i bhfeidhm (Airteagal 5)

Tá sé beartaithe go dtiocfaidh an Rialachán leasaitheach i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe ionas gur féidir é a chur chun feidhme go pras.

2025/0040 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialacháin (AE) 2015/1017, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695 agus (AE) 2021/1153 a mhéid a bhaineann le héifeachtúlacht ráthaíocht AE a mhéadú faoi Rialachán (AE) 2021/523 agus ceanglais tuairiscithe a shimpliú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagal 172 agus Airteagal 173, Airteagal 175, an tríú mír, Airteagal 182(1), Airteagal 188, an dara mír, Airteagal 183 agus Airteagal 194 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 10 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 11 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá riachtanais ollmhóra mhaoiniúcháin ag an Aontas chun a chuspóirí a bhaint amach i réimsí na nuálaíochta, an aistrithe ghlain agus dhigitigh, agus na hinfheistíochta sóisialta agus scileanna, agus ní mór aghaidh a thabhairt ar chúlra casta a dhéanann difear d’iomaíochas agus do bhonn tionsclaíoch an Aontais arb é is príomhthréithe dó dinimic dhomhanda atá ag athrú, fás eacnamaíoch mall, athrú aeráide agus díghrádú comhshaoil luathaithe, iomaíocht theicneolaíoch agus teannas geopholaitiúil atá ag dul i méid.

(2)Déantar measúnú i dtuarascáil Draghi ar na riachtanais infheistíochta bhreise chomhcheangailte san Eoraip ag EUR 750-800 billiún in aghaidh na bliana faoi 2030. Áirítear leis sin méid suntasach le haghaidh an aistrithe ghlais an aistrithe dhigitigh. Tá sé ríthábhachtach infheistíocht phoiblí agus phríobháideach leordhóthanach a áirithiú chun borradh a chur faoin méadú táirgiúlachta agus spriocanna an Aontais a bhaint amach, chun infheistíochtaí príobháideacha a ghiaráil d’fhonn an tionscal a dhícharbónú, chun dlús a chur le táirgeadh, stóráil agus úsáid fuinnimh ghlain agus leictriú, chun idirnaisc agus eangacha a neartú, chun samhlacha gnó inbhuanaithe agus ciorclacha a chur chun cinn, chun athchóiriú foirgneamh a chothú, chun monaraíocht teicneolaíochta glaine agus teicneolaíochtaí digiteacha a fhorbairt agus iad a scaipeadh ar fud earnálacha eacnamaíocha.

(3)Is é Ciste InvestEU an phríomhuirlis ar leibhéal an Aontais chun cistiú poiblí agus príobháideach a ghiaráil chun tacú le raon leathan tosaíochtaí beartais de chuid an Aontais. Trína líonra cuimsitheach comhpháirtithe cur chun feidhme, lena náirítear an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI), an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI), institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile agus bainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh, tá maoiniú a bhfuil géarghá leis á sholáthar ag Ciste InvestEU trína acmhainneacht comhroinnte riosca. Cuireadh i dtábhacht sa mheastóireacht eatramhach ar InvestEU go bhfuil ráthaíochtaí buiséadacha éifeachtúil i dtaca le buiséad an Aontais agus deimhníodh inti go bhfuil an clár ar an mbóthar ceart chun infheistíocht a shlógadh, agus go meastar go mbeidh tionchar suntasach aige sin ar an bhfíorgheilleagar. Mar sin féin, tugadh tús áite d’fhormheasanna oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta faoi InvestEU, agus mar thoradh air sin, mura ndéantar aon ghníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh deireadh le formheasanna nua le haghaidh táirgí airgeadais áirithe tar éis 2025.

(4)Ba cheart acmhainneacht airgeadais Chiste InvestEU a mhéadú agus a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla fós in éineacht le hacmhainní a chuirfear ar fáil faoin gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) agus faoi ionstraimí leagáide eile (Ionstraim Fiachais SCE agus Saoráid Fiachais InnovFin) arna gcur chun feidhme ag Grúpa BEI. D’fhéadfadh na comhcheangail sin an tioncam buiséid ó ionstraimí leagáide a laghdú. Mar sin féin, chruthófaí leo freisin an fhéidearthacht go gcuirfí méid méadaithe cumhdaigh ráthaíochta ar fáil le haghaidh infheistíochtaí straitéiseacha i bpríomhréimsí tosaíochta an Aontais le haghaidh infheistíocht bhreise de thart ar EUR 25 bhilliún ar féidir glacadh leis go slógfar í agus as a dtiocfadh éagsúlú méadaithe ar rioscaí agus, ar an gcaoi sin, ní mhéadófaí na rioscaí le haghaidh bhuiséad an Aontais go suntasach.

(5)Leis an méadú EUR 2,5 billiún ar ráthaíocht AE a bhfuil na hathshreabha breise de EUR 1 bhilliún mar bhonn taca leis, agus leis na bearta éifeachtúlachta a cuireadh chun feidhme trí acmhainneachtaí na nionstraimí leagáide a chomhcheangal le Ciste InvestEU, meastar go bhféadfaí thart ar EUR 50 billiún d’infheistíocht bhreise a shlógadh. Ba cheart ranníocaíocht airgeadais Ghrúpa BEI a choigeartú i gcomhréir leis an sciar de ráthaíocht AE mhéadaithe a leithdháiltear orthu.

(6)Chun feabhas a chur ar tharraingteacht urrann an Bhallstáit faoi Chiste InvestEU, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann ranníocaíocht a dhéanamh freisin ar bhealach lánchistithe trí ionstraim airgeadais InvestEU sa bhreis ar an rogha atá ann cheana ranníocaíocht a dhéanamh le ráthaíocht AE. Ba cheart an tacaíocht ó ionstraim airgeadais InvestEU a chur chun feidhme, a mhéid is féidir, de réir na bprionsabal céanna atá i ráthaíocht AE. Trí ionstraim airgeadais InvestEU, d’fhéadfadh na Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro tairbhe airgeadais níos éifeachtúla a bhaint as clár InvestEU ina nairgeadra féin.

(7)I gcomhréir le cuspóir foriomlán an tsimplithe chun an tualach riaracháin ar fhaighteoirí deiridh, ar idirghabhálaithe airgeadais agus ar chomhpháirtithe cur chun feidhme a laghdú, ba cheart ceanglais tuairiscithe, lena náirítear iad siúd a bhaineann le heochairtháscairí feidhmíochta agus le táscairí faireacháin, a laghdú, i gcás inarb iomchuí, go háirithe iad siúd a dhéanann difear do ghnólachtaí beaga agus d’oibríochtaí beaga. Ba cheart cur i bhfeidhm an tsainmhínithe ar FBM a choigeartú chun castachtaí a bhaint a mhéid is féidir. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar fhiontair an gheilleagair shóisialta agus ar institiúidí micreamhaoinithe.

(8)Ba cheart minicíocht agus raon feidhme na dtuarascálacha a laghdú freisin le haghaidh chlár InvestEU agus an chláir a tháinig roimhe, is é sin clár CEIS.

(9)Maidir le cuntasaíocht an Choimisiúin, ba cheart do chomhpháirtithe cur chun feidhme foráil a dhéanamh maidir le comhcheangail de ráitis airgeadais iniúchta i gcomhréir le hAirteagal 212(4) den Rialachán Airgeadais, lena léirítear go soiléir na méideanna a bhaineann leis an mbunús dlí éagsúil.

(10)Ba cheart Rialacháin (AE) 2015/1017, (AE) 2021/695 agus (AE) 2021/1153 a leasú chun go bhféadfar an tacaíocht faoi na Rialacháin sin a chomhcheangal le ráthaíocht AE faoin Rialachán seo.

(11)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leormhaith, is é sin aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh uile-Aontais agus iad sin a bhaineann go sonrach le Ballstát agus ar an mbearna infheistíochta laistigh den Aontas, dlús a chur le haistriú glas agus aistriú digiteach an Aontais, feabhas a chur ar iomaíochas an Aontais agus a bhonn tionsclaíoch a neartú, ach gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/523 [Rialachán InvestEU]

Leasaítear Rialachán (AE) 2021/523 mar a leanas:

(1)In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘Leis an Rialachán seo, bunaítear Ciste InvestEU, lena bhforálfar do ráthaíocht AE agus ionstraim airgeadais InvestEU chun tacú le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a dhéanann na comhpháirtithe cur chun feidhme a rannchuidíonn le cuspóirí bheartais inmheánacha an Aontais.’;

(2)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (3), (4) agus (5):

‘(3) ciallaíonn ‘réimse bheartais’ réimse spriocdhírithe le haghaidh tacaíocht ó ráthaíocht AE nó ó ionstraim airgeadais InvestEU a leagtar síos in Airteagal 8(1);’

(4) ciallaíonn ‘urrann’ cuid den tacaíocht a thugtar faoi Chiste InvestEU arna sainiú i dtéarmaí thionscnamh na n‑acmhainní a thacaíonn léi;’

(5) ciallaíonn ‘oibríocht measctha’, faoi urrann AE, oibríocht a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena gcomhcheanglaítear cineálacha neamh-iníoctha tacaíochta, cineálacha inaisíoctha tacaíochta, nó an dá rud, ó bhuiséad an Aontais le cineálacha inaisíoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó ó institiúidí airgeadais poiblí eile, nó ó institiúidí airgeadais tráchtála agus ó infheisteoirí; chun críocha an tsainmhínithe seo, féadfaidh cláir de chuid an Aontais a mhaoinítear ó fhoinsí eile seachas buiséad an Aontais, amhail an Ciste don Nuálaíocht CTA AE, a bheith ina gcuid de chláir de chuid an Aontais a fhaigheann maoiniú ó bhuiséad an Aontais;’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (8):

‘(8) ciallaíonn ‘comhaontú ranníocaíochta’ ionstraim dlí lena sonraíonn an Coimisiún agus Ballstát amháin nó níos mó na coinníollacha maidir le cur chur chun feidhme na ranníocaíochta faoi urrann an Bhallstáit, mar a leagtar síos in Airteagal 10 agus Airteagal 10a, faoi seach;’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (10) agus (11):

‘(10) ciallaíonn ‘oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta’ nó ‘oibríochtaí maoiniúcháin nó infheistíochta’ oibríochtaí chun maoiniú a sholáthar go díreach nó go hindíreach d’fhaighteoirí deiridh trí tháirgí airgeadais:

(a)ar oibríochtaí iad, i gcomhthéacs ráthaíocht AE, a dhéanann comhpháirtí cur chun feidhme ag gníomhú dó ina ainm féin, a sholáthraíonn an comhpháirtí cur chun feidhme i gcomhréir lena rialacha, lena bheartais agus lena nósanna imeachta inmheánacha agus a dtugtar cuntas orthu i ráitis airgeadais an chomhpháirtí cur chun feidhme nó, i gcás inarb infheidhme, atá nochta sna nótaí a ghabhann leis na ráitis airgeadais sin;

(b)ar oibríochtaí iad, i gcomhthéacs ionstraim airgeadais InvestEU, a dhéanann an comhpháirtí cur chun feidhme ina ainm féin nó ina ainm féin ach thar ceann an Choimisiúin, de réir mar is infheidhme;

(11)    ciallaíonn ‘cistí faoi bhainistíocht roinnte’ cistí lena bhforáiltear don fhéidearthacht sciar de na cistí sin a leithdháileadh ar sholáthar do ráthaíocht bhuiséadach nó ar ionstraim airgeadais faoi urrann an Bhallstáit de Chiste InvestEU, mar atá Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus an Ciste Comhtháthaithe arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 , Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 (‘Rialachán CSE+ le haghaidh 2021-2027’), an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 14 agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 (‘Rialachán na bPleananna Straitéiseacha CBT’);’;

(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 12:

‘(12) ciallaíonn ‘comhaontú ráthaíochta’ ionstraim dlí lena sonraíonn an Coimisiún agus comhpháirtí cur chun feidhme na coinníollacha maidir le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a mholadh chun go ndeonófaí tairbhe ráthaíocht AE agus/nó tairbhe ionstraim airgeadais InvestEU dóibh, maidir le ráthaíocht AE a sholáthar nó tacaíocht a thabhairt, trí ionstraim airgeadais InvestEU, do na hoibríochtaí sin agus maidir le hiad a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialacháin seo;’;

(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21:

‘(21) ciallaíonn ‘fiontar beag agus meánmhéide’ (‘FBM’) (a) i gcás táirgí airgeadais nach dtugann buntáiste i dtéarmaí Státchabhrach, fiontar ar lú ná 250 an líon daoine a fhostaíonn sé le linn na bliana airgeadais, de réir na gcuntas deireanach bliantúil nó comhdhlúite atá aige, nó (b) i gcás cineálacha eile táirgí airgeadais, micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún 16 nó mar a shainmhínítear ar shlí eile sa chomhaontú ráthaíochta;’;

(f)cuirtear isteach an pointe 24 seo a leanas:

‘(24) ciallaíonn ‘ionstraim airgeadais InvestEU’ beart a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (30), den Rialachán Airgeadais atá le cur chun feidhme faoi urrann an Bhallstáit de Chiste InvestEU.’;

(3)Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i) sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

‘Is é EUR 28 652 310 073, i bpraghsanna reatha, a bheidh sa ráthaíocht AE chun críocha urrann an Aontais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 9(1).’;

(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Féadfar méid breise de ráthaíocht AE a sholáthar chun críocha urrann an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (b), den Rialachán seo, faoi réir na mBallstát na méideanna comhfhreagracha a leithdháileadh, de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 17 ) (‘Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027’) agus Airteagal 81 de Rialachán na bPleananna Straitéiseacha CBT.’;

(b)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Déanfar suim EUR 13 827 310 073 i bpraghsanna reatha den mhéid dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo a leithdháileadh le haghaidh na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(2).’;

(4)in Airteagal 6(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

‘Cuirfear ráthaíocht AE agus ionstraim airgeadais InvestEU chun feidhme trí bhíthin bainistíocht indíreach in éineacht le comhlachtaí dá dtagraítear i bpointí (c)(ii), (c)(iii), (c)(v) agus (c)(vi) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais.’;

(5)Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Comhcheangail’

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘Féadfar tacaíocht ó ráthaíocht AE faoin Rialachán seo, tacaíocht ón Aontas a sholáthraítear trí na hionstraimí airgeadais a bunaíodh leis na cláir le linn chlárthréimhse 2014-2020 agus tacaíocht ón Aontas a thagann ó ráthaíocht AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2015/1017 a chomhcheangal chun tacú le táirgí airgeadais nó le punanna atá curtha chun feidhme nó atá le cur chun feidhme ag BEI nó ag CEI faoin Rialachán seo.’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘Tacaíocht ó ráthaíocht AE faoin Rialachán seo, tacaíocht ón Aontas a sholáthraítear tríd an ráthaíocht faoi na hionstraimí airgeadais a bunaíodh leis na cláir le linn chlárthréimhse 2014-2020 agus a scaoileadh ó na hoibríochtaí a formheasadh faoi na hionstraimí sin agus tacaíocht ón Aontas a sholáthraítear trí ráthaíocht AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2015/1017 agus a scaoileadh ó na hoibríochtaí a formheasadh faoin ráthaíocht AE sin, féadfar iad a chomhcheangal chun tacú le táirgí airgeadais nó le punanna ina bhfuil oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta atá incháilithe faoin Rialachán seo, atá curtha chun feidhme nó le cur chun feidhme ag BEI nó ag CEI faoin Rialachán seo.’;

(d)cuirtear isteach na míreanna 5, 6 agus 7 seo a leanas:

‘5. De mhaolú ar Airteagal 212(3), an dara fomhír, den Rialachán Airgeadais, an ráthaíocht a scaoileadh faoi na hionstraimí airgeadais a bunaíodh leis na cláir le linn chlárthréimhse 2014-2020, féadfar í a úsáid chun oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta atá incháilithe faoin Rialachán seo a chumhdach chun críche an chomhcheangail dá dtagraítear i mír 4.

6. De mhaolú ar Airteagal 216(4), pointe (a) den Rialachán Airgeadais, an soláthar a chomhfhreagraíonn don ráthaíocht a scaoileadh, faoin tacaíocht ón Aontas, ó ráthaíocht AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2015/1017, ní fhéadfar é a chur san áireamh chun críoch na n‑oibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 216(4) den Rialachán Airgeadais agus féadfar é a úsáid chun oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta atá incháilithe faoin Rialachán seo a chumhdach chun críoch an chomhcheangail dá dtagraítear i mír 4.

7. Scaoilfear an ráthaíocht faoi na hionstraimí airgeadais a bunaíodh leis na cláir le linn chlárthréimhse 2014-2020, aistreofar sócmhainní comhfhreagracha ó chuntais mhuiníneacha chuig an gCiste don Soláthar Coiteann agus scaoilfear an ráthaíocht faoi thacaíocht an Aontais ó ráthaíocht AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2015/1017 dá dtagraítear i mír 4 trí leasú a dhéanamh ar na comhaontuithe ábhartha arna síniú idir an Coimisiún agus BEI nó CEI.

Leagfar amach sa chomhaontú ráthaíochta dá dtagraítear in Airteagal 17 na coinníollacha maidir le húsáid na ráthaíochtaí scaoilte dá dtagraítear sa chéad fhomhír, chun oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta atá incháilithe faoin Rialachán seo a chumhdach, agus i gcás inarb ábhartha, aistriú sócmhainní comhfhreagracha ó chuntais mhuiníneacha chuig an gCiste don Soláthar Coiteann.

Leagfar amach sa chomhaontú ráthaíochta dá dtagraítear in Airteagal 17 na téarmaí agus coinníollacha maidir leis na táirgí airgeadais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 4 den Airteagal seo agus na téarmaí agus coinníollacha maidir leis na punanna lena mbaineann, lena n‑áirítear na scaireanna pro rata faoi seach de chaillteanais, ioncaim, aisíocaíochtaí agus aisghabhálacha nó na scaireanna neamh-pro rata faoi seach i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 3.’;

(6)In Airteagal 8(8), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

Féachfaidh an Coimisiún, in éineacht leis na comhpháirtithe cur chun feidhme, lena áirithiú, maidir leis an gcuid sin de ráthaíocht AE faoi urrann AE a mbaintear úsáid aisti i dtaca leis an réimse bheartais um bonneagar inbhuanaithe, go leithdháilfear í le haidhm cothromaíocht a bhaint amach idir na réimsí éagsúla dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1.’;

(7)In Airteagal 9(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)    le hurrann an Bhallstáit, rachfar i ngleic le clistí margaidh sonracha nó le cásanna infheistíochta fo-optamaí i gceann amháin de na réigiúin nó de na Ballstáit, nó i roinnt díobh, chun cuspóirí beartais na gcistí ranníocaíochta faoi bhainistíocht roinnte a chur i gcrích, nó chun cuspóirí beartais an mhéid bhreise arna sholáthar ag Ballstát faoi Airteagal 4(1), an tríú fomhír, nó faoi Airteagal 10a(1), an dara fomhír, a chur i gcrích, go háirithe chun an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach san Aontas a neartú trí dhul i ngleic le míchothromaíochtaí idir a réigiúin.’;

(8)Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Forálacha sonracha is infheidhme maidir le Ráthaíocht AE a chuirtear chun feidhme faoi urrann an Bhallstáit’;

(b)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú fomhír:

Déanfaidh an Ballstát agus an Coimisiún comhaontú ranníocaíochta, nó leasú air, a thabhairt i gcrích tar éis an Chinnidh ón gCoimisiún lena bhformheastar an Comhaontú Comhpháirtíochta de bhun Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027 nó Plean Straitéiseach CBT faoi Rialachán na bPleananna Straitéiseacha CBT nó i gcomhuain leis an gCinneadh ón gCoimisiún lena leasaítear clár i gcomhréir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027 nó Plean Straitéiseach CBT i gcomhréir leis na forálacha maidir leis an leasú ar Phlean Straitéiseach CBT a leagtar síos i Rialachán na bPleananna Straitéiseacha faoi CBT.’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3, pointe (b):

‘(b)    straitéis an Bhallstáit, lena gcuimsítear an cineál maoiniúcháin, an spriocghiaráil, an cumhdach geografach, lena náirítear cumhdach réigiúnach más gá, cineálacha na dtionscadal, an tréimhse infheistíochta agus, i gcás inarb infheidhme, na catagóirí d’fhaighteoirí deiridh agus idirghabhálaithe incháilithe;

(9)Cuirtear an tAirteagal 10 a seo a leanas isteach:

‘Airteagal 10 a

Forálacha sonracha is infheidhme maidir le hionstraim airgeadais InvestEU a chuirtear chun feidhme faoi urrann an Bhallstáit

1.    Féadfaidh Ballstát méideanna ó na cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte a ranníoc le hurrann an Bhallstáit de Chiste InvestEU d’fhonn iad a chur in úsáid trí ionstraim airgeadais InvestEU.

Féadfaidh na Ballstáit méideanna breise a sholáthar freisin chun críocha ionstraim airgeadais InvestEU. Ioncam sannta seachtrach a bheidh sna méideanna sin i gcomhréir le hAirteagal 21(5), an dara habairt, den Rialachán Airgeadais.

Méideanna a leithdháileann Ballstát ar bhonn deonach de bhun na chéad fhomhíre agus an dara fomhír, úsáidfear iad chun tacú le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta sa Bhallstát lena mbaineann. Úsáidfear na méideanna sin chun rannchuidiú leis na cuspóirí beartais a shonraítear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 11(1)(a) de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027 a bhaint amach, sna cláir nó i bPlean Straitéiseach CBT a rannchuidíonn le Clár InvestEU, chun bearta ábhartha a leagtar amach sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/241 a chur chun feidhme nó, i gcásanna eile, chun na gcríoch a leagtar síos sa chomhaontú ranníocaíochta, ag brath ar thionscnamh an mhéid arna ranníoc.

2.    Beidh ranníocaíocht le hionstraim airgeadais InvestEU faoi réir comhaontú ranníocaíochta a thabhairt i gcrích idir Ballstát agus an Coimisiún, comhaontú a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 10(2), an ceathrú fomhír, le haghaidh ranníocaíochtaí ó chistí faoi bhainistíocht chomhroinnte.

Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó comhaontú ranníocaíochta comhpháirteach a thabhairt i gcrích leis an gCoimisiún.

3.    Sa chomhaontú ranníocaíochta beidh, ar a laghad, méid na ranníocaíochta ón mBallstát agus airgeadra na noibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta, forálacha maidir le luach saothair an Aontais le haghaidh ionstraim airgeadais InvestEU, na heilimintí a leagtar amach i bpointí (b) go (e) agus (g) d’Airteagal 10(3) agus láimhseáil na nacmhainní arna nginiúint ag na méideanna arna ranníoc le hionstraim airgeadais InvestEU nó atá inchurtha i leith na méideanna sin.

4.    Cuirfear na comhaontuithe ranníocaíochta chun feidhme trí chomhaontuithe ráthaíochta arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 10(4), an chéad fhomhír.

I gcás nach dtabharfar aon chomhaontú ráthaíochta i gcrích laistigh de 12 mhí ó thabhairt i gcrích an chomhaontaithe ranníocaíochta, cuirfear deireadh nó síneadh leis an gcomhaontú ranníocaíochta trí chomhaontú frithpháirteach. I gcás nach ndéanfar an méid de chomhaontú ranníocaíochta a ghealladh go hiomlán faoi chomhaontú ráthaíochta amháin nó níos mó laistigh de 12 mhí ó thabhairt i gcrích an chomhaontaithe ranníocaíochta, déanfar an méid sin a leasú dá réir sin. Méid na ranníocaíochta nár úsáideadh ó chistí faoi bhainistíocht chomhroinnte arna soláthar trí Chlár InvestEU, déanfar é a athúsáid i gcomhréir leis na Rialacháin faoi seach. Méid na ranníocaíochta nár úsáideadh ó Bhallstát faoi mhír 1, an dara fomhír, den Airteagal seo, déanfar é a aisíoc leis an mBallstát.

I gcás nach ndéanfar comhaontú ráthaíochta a chur chun feidhme go cuí laistigh den tréimhse a shonraítear in Airteagal 14(6) de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027 nó in Airteagal 81(6) de Rialachán na bPleananna Straitéiseacha CBT, nó, i gcás comhaontú ráthaíochta a bhaineann le méideanna dá bhforáiltear i gcomhréir le mír 1, an dara fomhír, den Airteagal seo, sa chomhaontú ranníocaíochta ábhartha, leasófar an comhaontú ranníocaíochta. Na méideanna nár úsáideadh arna leithdháileadh ag na Ballstáit de bhun na bhforálacha maidir le húsáid na gcistí faoi bhainistíocht chomhroinnte arna soláthar trí Chlár InvestEU, déanfar iad a athúsáid i gcomhréir leis na Rialacháin faoi seach. Méid ionstraim airgeadais InvestEU nár úsáideadh is inchurtha i leith na ranníocaíochta ó Bhallstát faoi mhír 1, an dara fomhír, den Airteagal seo, déanfar é a aisíoc leis an mBallstát.

Na hacmhainní a ghintear leis na méideanna arna ranníoc le hionstraim airgeadais InvestEU, nó atá inchurtha i leith na méideanna sin, de bhun na bhforálacha maidir le húsáid na gcistí faoi bhainistíocht chomhroinnte arna soláthar trí Chlár InvestEU, déanfar iad a athúsáid i gcomhréir leis na Rialacháin faoi seach. Na hacmhainní a ghintear leis na méideanna arna ranníoc le hionstraim airgeadais InvestEU, nó atá inchurtha i leith na méideanna sin, faoi mhír 1, an dara fomhír, den Airteagal seo, déanfar iad a aisíoc leis an mBallstát.

5. Na conarthaí lena gcuirtear ionstraim airgeadais InvestEU chun feidhme idir an comhpháirtí cur chun feidhme agus an faighteoir deiridh nó an t‑idirghabhálaí airgeadais nó eintiteas eile dá dtagraítear in Airteagal 16(1), pointe (a), síneofar iad faoin 31 Nollaig 2028.’;

(10)cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil IV:

‘Ráthaíocht an Aontais agus ionstraim airgeadais InvestEU’;

(11)in Airteagal 13(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chéad dá abairt:

‘Déanfar 75 % de ráthaíocht AE faoi urrann an Aontais dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 4(1), is cothrom le EUR 21 489 232 555, a dheonú do Ghrúpa BEI. Soláthróidh Grúpa BEI ranníocaíocht airgeadais chomhiomlán is cothrom le EUR 5 372 308 139.’

(12)Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Féadfar ionstraim airgeadais InvestEU a úsáid chun cistiú a sholáthar do na comhpháirtithe cur chun feidhme le haghaidh na gcineálacha maoiniúcháin dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír arna soláthar ag na comhpháirtithe cur chun feidhme.

Chun bheith cumhdaithe faoi ráthaíocht AE nó faoi ionstraim airgeadais InvestEU, déanfar an maoiniú dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a dheonú, a fháil nó a eisiúint chun tairbhe oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 14(1), i gcás ina ndearnadh an maoiniú ón gcomhpháirtí cur chun feidhme a dheonú i gcomhréir le comhaontú nó idirbheart maoiniúcháin a shínigh nó a rinne comhpháirtí cur chun feidhme tar éis shíniú an chomhaontaithe ráthaíochta agus nár imigh in éag ná nár cuireadh ar ceal.’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘Maidir le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta trí chistí nó trí struchtúir idirmheánacha eile, tacófar leo le ráthaíocht AE nó le hionstraim airgeadais InvestEU i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha síos sna treoirlínte infheistíochta, de réir mar is infheidhme, fiú má infheistíonn struchtúir den sórt sin cuid mhionlach dá méideanna infheistithe lasmuigh den Aontas agus i dtríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 14(2) nó má infheistíonn siad cuid mhionlach dá méideanna infheistithe i sócmhainní seachas na sócmhainní sin atá incháilithe faoin Rialachán seo.’;

(13)Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Tabharfaidh an Coimisiún comhaontú ráthaíochta i gcrích le gach comhpháirtí cur chun feidhme maidir le ráthaíocht AE a dheonú suas le méid atá le cinneadh ag an gCoimisiún nó maidir le tacaíocht a chur ar fáil faoi ionstraim airgeadais InvestEU.’;

(b)leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)    rialacha mionsonraithe maidir le ráthaíocht AE nó tacaíocht faoi ionstraim airgeadais InvestEU a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 19, lena náirítear rialacha maidir le oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta nó punanna de chineálacha sonracha ionstraimí a chumhdach agus maidir leis na teagmhais faoi seachas is siocair le glaonna féideartha ar ráthaíocht AE nó úsáid ionstraim airgeadais InvestEU;’;

(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

‘(f)    gealltanas an chomhpháirtí cur chun feidhme glacadh leis na cinntí ón gCoimisiún agus ón gCoiste Infheistíochta maidir le húsáid ráthaíocht AE nó ionstraim airgeadais InvestEU chun leasa oibríochta maoiniúcháin nó infheistíochta arna moladh, gan dochar do chinnteoireacht an chomhpháirtí cur chun feidhme i leith na hoibríochta maoiniúcháin nó infheistíochta arna moladh in éagmais ráthaíocht AE nó ionstraim airgeadais InvestEU;’;

(iii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (h) agus (i):

‘(h)    tuairisciú agus faireachán airgeadais agus oibríochtúil ar na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta faoi ráthaíocht AE agus faoi ionstraim airgeadais InvestEU;

(i)    príomhtháscairí feidhmíochta, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáid ráthaíocht AE agus ionstraim airgeadais InvestEU, le comhlíonadh na gcuspóirí agus na gcritéar a leagtar síos in Airteagail 3, 8 agus 14, agus le slógadh caipitil phríobháidigh;’

(14)Leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Ceanglais chun ráthaíocht AE agus ionstraim airgeadais InvestEU a úsáid’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.    Beidh deonú ráthaíocht AE agus na tacaíochta ó ionstraim airgeadais InvestEU faoi réir theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe ráthaíochta leis an gcomhpháirtí cur chun feidhme ábhartha.’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘Ní chumhdófar oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta le ráthaíocht AE ná ní thacófar leo trí ionstraim airgeadais InvestEU ach amháin i gcás ina gcomhlíonann siad na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo agus, más infheidhme, sna treoirlínte infheistíochta ábhartha, agus i gcás inar tháinig an Coiste Infheistíochta ar an tátal go gcomhlíonann na hoibríochtaí sin na ceanglais maidir le tairbhe a bhaint as ráthaíocht AE nó as ionstraim airgeadais InvestEU. Leanfaidh na comhpháirtithe cur chun feidhme de bheith freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfaidh na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta an Rialachán seo agus na treoirlínte infheistíochta ábhartha.’;

(d)leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

‘Ní bheidh aon chostais ná táillí riaracháin a bhaineann le cur chun feidhme oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta faoi ráthaíocht AE nó faoi ionstraim airgeadais InvestEU dlite ag an gCoimisiún don chomhpháirtí cur chun feidhme mura rud é go bhfágfaidh nádúr na gcuspóirí beartais ar a ndírítear leis an táirge airgeadais atá le cur chun feidhme agus an inacmhainneacht do na faighteoirí deiridh a ndírítear orthu nó an cineál maoinithe arna sholáthar go mbeidh an comhpháirtí cur chun feidhme in ann an gá atá le heisceacht a chuí-réasúnú don Choimisiún.’

(ii) cuirtear isteach an dara fomhír seo a leanas:

‘D’ainneoin na chéad fhomhíre, tá comhpháirtithe cur chun feidhme i dteideal táillí iomchuí i ndáil le bainistiú cuntas muiníneach a bhaineann le hionstraim airgeadais InvestEU.’

(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘Ina theannta sin, féadfaidh an comhpháirtí cur chun feidhme ráthaíocht AE nó ionstraim airgeadais InvestEU a úsáid chun an sciar ábhartha d’aon chostais ghnóthúcháin a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 17(4), ach amháin más rud é gur asbhaineadh na costais sin as fáltais ghnóthúcháin.’;

(15)Leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Cumhdach agus téarmaí ráthaíocht AE agus ionstraim airgeadais InvestEU’;

(b)leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara abairt den chéad fhomhír:

‘Féadfar an luach saothair i leith ráthaíocht AE nó ionstraim airgeadais InvestEU a laghdú i gcásanna cuí-réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 13(2).’;

(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Beidh neamhchosaint iomchuí ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme, ar a riosca féin, ar oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a fhaigheann tacaíocht ó ráthaíocht AE nó ó ionstraim airgeadais InvestEU, mura rud é, i gcás eisceachtúil, go bhfuil na cuspóirí beartais ar a ndírítear leis an táirge airgeadais atá le cur chun feidhme de chineál a fhágann nach bhféadfadh an comhpháirtí cur chun feidhme rannchuidiú leis go réasúnta lena acmhainneacht rioscúil féin.’;

(c)i mír 2, an chéad fhomhír, pointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

‘i gcás táirgí fiachais dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 16(1):’;

(d)cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:

‘2a.    Cumhdóidh ionstraim airgeadais InvestEU an méid seo a leanas:

(a)    i gcás táirgí fiachais arb é atá iontu ráthaíochtaí agus frithráthaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 16(1):

(i) an phríomhshuim agus an t‑ús go léir agus na méideanna uile a bheidh dlite don chomhpháirtí cur chun feidhme ach gan a bheith faighte aige i gcomhréir le téarmaí na n‑oibríochtaí maoiniúcháin roimh thráth na mainneachtana;

(ii) caillteanais a eascraíonn as athstruchtúrú;

(iii) caillteanais a eascraíonn as luaineachtaí airgeadraí seachas an euro i margaí inar beag féidearthachtaí atá ann chun fálú fadtéarmach a dhéanamh;

(b)    i gcás cineálacha maoiniúcháin incháilithe eile dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 16(1): na méideanna arna ninfheistiú nó arna dtabhairt ar iasacht ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme;

Chun críocha phointe (a)(i) den chéad fhomhír, i gcás fofhiachais, measfar gur teagmhas mainneachtana é iarchur, laghdú nó scor riachtanach.

Cumhdóidh ionstraim airgeadais InvestEU neamhchosaint iomlán an Aontais i ndáil leis na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta ábhartha.’;

(16)in Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘Bunófar scórchlár táscairí (an ‘Scórchlár’) chun a áirithiú go mbeidh an Coiste Infheistíochta in ann measúnú neamhspleách trédhearcach comhchuibhithe a dhéanamh i dtaca le hiarrataí ar úsáid ráthaíocht AE nó, de réir mar is infheidhme, ar úsáid ionstraim airgeadais InvestEU le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta arna moladh ag comhpháirtithe cur chun feidhme.’;

(17)in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘I gcás oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta BEI a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ní chumhdófar iad le ráthaíocht AE ná ní bhainfidh siad tairbhe as ionstraim airgeadais InvestEU i gcás ina dtugann an Coimisiún tuairim neamhfhabhrach uaidh faoi chuimsiú an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 19 de Reacht BEI.’;

(18)Leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a)i mír 1, leasaítear an chéad fhomhír, mar a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)    scrúdóidh sé na tograí le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta arna dtíolacadh ag comhpháirtithe cur chun feidhme i gcomhair cumhdach faoi ráthaíocht AE le haghaidh tacaíocht ó ionstraim airgeadais InvestEU, ar tograí iad ar éirigh leo sa tseiceáil beartais dá dtagraítear in Airteagal 23(1) den Rialachán seo nó ar léiríodh tuairim fhabhrach fúthu faoi chuimsiú an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 19 de Reacht BEI;’;

(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)    seiceálfaidh sé an gcomhlíonann na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a bhainfeadh tairbhe as an tacaíocht faoi ráthaíocht AE nó faoi ionstraim airgeadais InvestEU gach ceanglas ábhartha.’;

(b)i mír 4, an dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deiridh:

‘Aon mheasúnú tionscadail a dhéanfaidh comhpháirtí cur chun feidhme, ní bheidh sé ceangailteach ar an gCoiste Infheistíochta chun cumhdach oibríochta maoiniúcháin nó infheistíochta faoi ráthaíocht AE nó tacaíocht ó ionstraim airgeadais InvestEU a dheonú.’;

(c)leasaítear mír 5 mar a leanas:

(i) sa dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

‘Beidh rochtain ag an bpobal ar chonclúidí an Choiste Infheistíochta lena bhformheasfar cumhdach ráthaíocht AE nó tacaíocht ó ionstraim airgeadais InvestEU i gcomhair oibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta agus beidh réasúnaíocht an fhormheasta sin iontu mar aon le faisnéis maidir leis an oibríocht, go háirithe cur síos uirthi, céannacht na dtionscnóirí nó na n‑idirghabhálaithe airgeadais, agus cuspóirí na hoibríochta.’;

(ii) sa cúigiú fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

‘Áireofar ar an tíolacadh sin aon chinneadh lenar diúltaíodh úsáid ráthaíocht AE nó tacaíochta ó ionstraim airgeadais InvestEU.’;

(d)i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

‘I gcás ina n‑iarrtar ar an gCoiste Infheistíochta úsáid ráthaíocht AE nó tacaíochta ó ionstraim airgeadais InvestEU a fhormheas maidir le hoibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta ar saoráid, clár nó struchtúr í a bhfuil fothionscadail fholuiteacha ag gabháil léi, beidh na fothionscadail fholuiteacha sin san áireamh san fhormheas sin, mura rud é go gcinneann an Coiste Infheistíochta an ceart a choinneáil formheas a dhéanamh orthu go leithleach.’;

(19)in Airteagal 25(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)    i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh sé cúnamh do thionscnóirí tionscadail a dtionscadail a fhorbairt chun go gcomhlíonfaidh siad na cuspóirí a leagtar amach in Airteagail 3 agus 8 agus na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 14, agus éascóidh sé forbairt tionscadal tábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne agus comhbhailitheoirí le haghaidh tionscadail bheaga, i measc nithe eile, lena náirítear trí ardáin infheistíochta dá dtagraítear i bpointe (f) den mhír seo, ar choinníoll nach mbeidh cúnamh den sórt sin ina chúis le haon réamhbhreith i gconclúidí an Choiste Infheistíochta i ndáil le cumhdach ráthaíocht AE nó ionstraim airgeadais InvestEU le haghaidh tionscadail den sórt sin;’;

(20)Leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:

(a)i mír 2, cuirtear an dara fomhír seo a leanas isteach:

‘Beidh comhpháirtithe cur chun feidhme díolmhaithe ó thuairisciú a dhéanamh ar phríomhtháscairí feidhmíochta agus faireacháin a leagtar síos in Iarscríbhinn III, seachas iad siúd i bpointí 1, 2, 5.2, 6.3 agus 7.2, a mhéid a bhaineann le hoibríochtaí maoiniúcháin nó infheistíochta a théann chun tairbhe d’fhaighteoirí deiridh a fhaigheann maoiniú nó infheistíocht nach mó ná EUR 100 000 a thacaítear le ráthaíocht AE nó ionstraim airgeadais InvestEU ó chomhpháirtí cur chun feidhme nó ó idirghabhálaí airgeadais.’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

‘3. Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú ar chur chun feidhme Chlár InvestEU i gcomhréir le hAirteagail 241 agus 250 den Rialachán Airgeadais. I gcomhréir le hAirteagal 41(5) den Rialachán Airgeadais, soláthrófar, sa tuarascáil bhliantúil, faisnéis maidir le leibhéal chur chun feidhme an Chláir i dtaca lena chuspóirí agus lena tháscairí feidhmíochta. Chun na críche sin, soláthróidh gach comhpháirtí cur chun feidhme ar bhonn bliantúil an fhaisnéis a bhfuil gá léi chun go bhféadfaidh an Coimisiún a oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh, lena n‑áirítear faisnéis faoi oibriú ráthaíocht AE nó ionstraim airgeadais InvestEU.’

4. Uair amháin sa bhliain, déanfaidh gach comhpháirtí cur chun feidhme tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo, agus í miondealaithe de réir urrann AE agus urrann an Bhallstáit, de réir mar is iomchuí. Sa bhreis air sin, déanfaidh gach comhpháirtí cur chun feidhme faisnéis maidir le hurrann an Bhallstáit a chur faoi bhráid Bhallstát na hurrainne a chuirfidh sé chun feidhme. Beidh measúnú sa tuarascáil ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le húsáid ráthaíocht AE agus ionstraim airgeadais InvestEU agus maidir leis na príomhtháscairí feidhmíochta a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. Beidh sonraí oibríochtúla, staidrimh, airgeadais agus cuntasaíochta sa tuarascáil freisin maidir le gach oibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta agus meastachán ar na sreafaí airgid ionchasacha, ar leibhéal na hurrainne, ar leibhéal an réimse beartais agus ar leibhéal Chiste InvestEU. Féadfaidh faisnéis maidir le bacainní ar infheistíocht atá ann agus oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear sa Rialachán seo a bheith san áireamh leis an tuarascáil. Beidh an fhaisnéis nach mór do na comhpháirtithe cur chun feidhme a sholáthar faoi phointe (a) d’Airteagal 158(1) den Rialachán Airgeadais sna tuarascálacha.’;

(21)Leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Forálacha idirthréimhseacha agus forálacha eile’;

(b)i mír 2, cuirtear an dara fomhír seo a leanas isteach:

‘De mhaolú ar Airteagal 214(4)(d) den Rialachán Airgeadais, aon ioncam ó ráthaíocht AE a bhunaítear le Rialachán (AE) 2015/1017 a gheofar in 2027, féadfar é a úsáid le haghaidh an tsoláthair do ráthaíocht AE faoin Rialachán seo.’;

(22)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I:

‘IARSCRÍBHINN I

MÉIDEANNA RÁTHAÍOCHT AE IN AGHAIDH AN CHUSPÓRA SHONRAIGH

Maidir leis an dáileadh táscach d’oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta dá dtagraítear sa cheathrú fomhír d’Airteagal 4(2), seo a leanas a bheidh ann:

(a) suas le EUR 10 832 884 564 le haghaidh cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(2);

(b) suas le EUR 7 204 245 489 le haghaidh cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(2);

(c) suas le EUR 7 566 973 583 le haghaidh cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 3(2);

(d) suas le EUR 3 048 206 437 le haghaidh cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 3(2).’;

(23)In Iarscríbhinn III, cuirtear an dá mhír seo a leanas isteach i bpointe 1 faoi bhun phointe 1.4:

‘De mhaolú ar Airteagal 2(40) den Rialachán Airgeadais, agus an éifeacht ghiarála agus iolraitheora á cinneadh le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a thugann ráthaíochtaí feidhmíochta, déanfar méid an chumhdaigh riosca a chomhshamhlú le méid an mhaoinithe inaisíoctha.

De mhaolú ar Airteagal 222(3) den Rialachán Airgeadais, ní cheanglófar ar na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta lena soláthraítear ráthaíochtaí feidhmíochta éifeacht iolraitheora a bhaint amach.’;

(24)In Iarscríbhinn V, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘Tá feidhm ag an Iarscríbhinn seo freisin maidir le hionstraim airgeadais InvestEU.’

Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán 2015/1017 [Rialachán CEIS]

Leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 mar a leanas:

(1)leasaítear Airteagal 11a mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Comhcheangail’.

(b)cuirtear isteach an dara fomhír seo a leanas:

‘Féadfar ráthaíocht AE a dheonú chun oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta atá incháilithe faoi Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chumhdach chun críocha comhcheangal dá dtagraítear in Airteagal 7(4) den Rialachán sin agus féadfaidh sé caillteanais a chumhdach i ndáil le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an tacaíocht chomhcheangailte.’;

(2)Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Cuirfidh BEI uair sa bhliain, i gcomhar le CEI, i gcás inarb iomchuí, tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta BEI a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Beidh ar áireamh sa tuarascáil measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le húsáid ráthaíocht AE agus na bpríomhtháscairí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (f)(iv). Beidh ar áireamh sa tuarascáil freisin sonraí staidrimh, airgeadais agus cuntasaíochta maidir le gach oibríocht mhaoiniúcháin agus infheistíochta de chuid BEI mar aon le sonraí ar bhonn comhiomlánaithe.’;

(b)scriostar mír 2;

(c)i mír 3, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

‘Maidir leis na comhcheangail dá dtagraítear in Airteagal 11a, cuirfidh BEI agus CEI, faoi seach, na ráitis airgeadais ar fáil don Choimisiún gach bliain i gcomhréir le hAirteagal 212(4) den Rialachán Airgeadais. Áireofar sna ráitis airgeadais sin sonraí cuntasaíochta faoin tacaíocht arna soláthar ag ráthaíocht AE faoin Rialachán seo agus iad idirdhealaithe go soiléir ón tacaíocht arna soláthar le ráthaíocht AE faoi Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.’;

(3)in Airteagal 22(1), scriostar an cúigiú fomhír.

Airteagal 3
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1153 [CEF]

In Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2021/1153, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘5. Féadfar an ráthaíocht a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais agus a chuireann BEI ar fáil trí Ionstraim Fiachais SCE a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 1316/2013 a dheonú chun oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta atá incháilithe faoi Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(*) a chumhdach chun críche comhcheangail dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán sin agus féadfar caillteanais a chumhdach léi i ndáil leis na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an tacaíocht chomhcheangailte.’;

(*) Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017, (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/523/oj )’.

Airteagal 4
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/695 [Fís Eorpach]

In Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2021/695, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘3. Féadfar an ráthaíocht a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais agus a sholáthraíonn BEI trí Shaoráid Fiachais InnovFin a bunaíodh faoi Rialacháin (AE) 1290/2013 agus 1291/2013 a dheonú chun oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta atá incháilithe faoi Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(*) a chumhdach chun críche comhcheangail dá dtagraítear in Airteagal 7 agus féadfar caillteanais an táirge airgeadais, ina gcuimsítear na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta agus a chumhdaítear leis an tacaíocht chomhcheangailte, a chumhdach léi.’:

(*) Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017, (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/523/oj )’.

Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS REACHTACH AIRGEADAIS AGUS DIGITEACH

Contents

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

1.1.Teideal an togra

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.Cuspóirí

1.3.1.Cuspóirí ginearálta

1.3.2.Cuspóirí sonracha

1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

1.3.4.Táscairí feidhmíochta

1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige

1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Na ceannteidil de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.1.1.Leithreasuithe ó ioncaim shannta (féach caibidil 3.3)

3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (ná líonadh gníomhaireachtaí díláraithe é seo isteach)

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe riaracháin

3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha

3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

4.Gnéithe digiteacha

4.1.Riachtanais a bhaineann le hábhar maidir le cúrsaí digiteacha

4.2.Sonraí

4.3.Réitigh dhigiteacha

4.4.Measúnú idir-inoibritheachta

4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach

1.    LEAGAN AMACH AN TOGRA 

1.1.    Teideal an togra

Togra lena leasaítear Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/523 [Rialachán InvestEU] chun éifeachtúlacht ráthaíocht AE a mhéadú agus chun ceanglais tuairiscithe a shimpliú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2015/1017, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/2115

1.2.    Réimsí beartais lena mbaineann 

Infheistíochtaí i dtosaíochtaí beartais an Aontais

An Compás Iomaíochais

Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan

1.3.    Cuspóirí

1.3.1.    Cuspóirí ginearálta

‘Plean nua chun go mbeidh rathúnas agus iomaíochas na hEorpa inbhuanaithe’

1.3.2.    Cuspóirí sonracha

1. ‘Comhaontú nua maidir le Tionsclaíocht Ghlan a thógáil’ & ‘Borradh mór a chur faoin infheistíocht’:

Tríd an ráthaíocht atá ar fáil faoi Chiste InvestEU a mhéadú agus trína dhéanamh níos éasca do na Ballstáit rannchuidiú leis agus tairbhe a bhaint as, cuirtear acmhainneacht bhreise comhroinnte riosca chun cinn leis an togra:

- an bhearna sa mhargadh in infheistíochtaí san Aontas a laghdú agus infheistíocht phríobháideach a mhealladh chun tacú le tosaíochtaí beartais an Aontais;

- infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar agus i dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain agus in earnálacha straitéiseacha teicneolaíochta;

- bearta ionsúcháin riosca a chur chun cinn chun é a dhéanamh níos éasca do bhainc thráchtála, d’infheisteoirí agus do chaipiteal fiontair cuideachtaí atá ag fás go tapa a mhaoiniú.

2. ‘Cúrsaí gnó a éascú’:

Trí roinnt gnéithe a mholadh chun cur chun feidhme chlár InvestEU a shimpliú, cuireann an togra leis an gcuspóir an t‑ualach riaracháin agus na hoibleagáidí tuairiscithe a laghdú 25 % ar a laghad do gach gnó agus 35 % d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).

1.3.3.    An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Leis an acmhainneacht mhaoiniúcháin bhreise a sholáthraítear tríd an togra seo, meastar go slógfar EUR 50 billiún ar a laghad d’infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí faoin tréimhse mhaoiniúcháin reatha. Slógfar thart ar EUR 25 bhilliún mar gheall ar an méid méadaithe de ráthaíocht AE de EUR 2,5 billiún agus slógfar thart ar EUR 25 bhilliún eile tríd an acmhainneacht ráthaíochta fheabhsaithe a chuirfear ar fáil trí chomhcheangail de thacaíocht faoi InvestEU le hionstraimí leagáide arna mbainistiú ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus ag an gCiste Eorpach Infheistíochta (CEI). Leis an acmhainneacht mhaoiniúcháin bhreise, beifear in ann leanúint de tháirgí airgeadais rathúla InvestEU a chur chun feidhme agus cuirfear ráthaíochtaí nua ar fáil le haghaidh táirgí airgeadais nua nó nuashonraithe lena dtugtar aghaidh ar na tionscnaimh bheartais is déanaí amhail tionscnaimh bheartais i réimse an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan nó na tacaíochta do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá i mbun fáis ar fud na n‑earnálacha digiteacha agus nuálacha.

D’fhéadfadh cuid shuntasach den infheistíocht sin díriú ar tháirgí agus ar thairbhithe a bhfuil riosca níos airde ag baint leo (e.g. táirgí fiachais fiontair téamacha BEI, ráthaíochtaí cothromais agus ráthaíochtaí FBM de chuid CEI) agus, dá bhrí sin, d’fhéadfaí acmhainneacht rioscúil InvestEU a mhéadú go suntasach. Táthar ag súil go slógfar tuilleadh infheistíochta faoi urrann an Bhallstáit má chuirtear na hathruithe atá beartaithe sa togra reachtach chun feidhme. Téann an sciar 25 % den mhéadú ar ráthaíocht AE de EUR 2,5 billiún chun tairbhe freisin do bhainc náisiúnta le haghaidh spreagadh agus d’institiúidí airgeadais idirnáisiúnta a bhfuil rochtain acu uirthi mar chomhpháirtithe cur chun feidhme.

Thairis sin, moladh sa mheastóireacht eatramhach ar chlár InvestEU leanúnachas a áirithiú sna táirgí airgeadais a thairgtear don mhargadh agus staid stadach a sheachaint, toisc go gcruthódh staid den chineál sin ní hamháin bearna sa tacaíocht ón Aontas a bhfuil géarghá léi do thosaíochtaí beartais ach castacht freisin le haghaidh na n‑idirghabhálaithe airgeadais agus na bhfaighteoirí deiridh. Tá roinnt táirgí airgeadais a chuir Grúpa BEI chun feidhme gar do bheith ag ídiú ráthaíocht AE a leithdháileadh orthu cheana féin, agus bhí an glao is déanaí ar léiriú spéise do chomhpháirtithe cur chun feidhme eile ró-shuibscríofa go mór.

Meastar go mbeidh laghdú suntasach ar an ualach riaracháin (go príomha trí cheanglais tuairiscithe shimplithe), le héifeachtaí seach-iarmharta na dtograí ar na gníomhaithe éagsúla (comhpháirtithe cur chun feidhme, idirghabhálaithe airgeadais, faighteoirí deiridh) i bhfianaise struchtúr cur chun feidhme ilsrathach InvestEU.

1.3.4.    Táscairí feidhmíochta

Leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán InvestEU liosta na bpríomhtháscairí feidhmíochta agus faireacháin, a leanfar de thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu chun méid foriomlán na hinfheistíochta a shlógtar agus a mhéid a chumhdaíonn na hinfheistíochtaí sin na príomhréimsí beartais a shainaithnítear a thomhas.

I dtéarmaí na hinfheistíochta foriomláine a shlógtar, meastar go slógfaidh Ciste InvestEU EUR 372 bhilliún, a mhéadófar, faoin togra seo, go EUR 420 billiún ar a laghad. Ba cheart an sprioc maidir le hinfheistíochtaí ó chomhpháirtithe cur chun feidhme chun cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais a bhaint amach a choinneáil ag 60 % don ionú beartais um bonneagar inbhuanaithe agus 30 % do Chiste InvestEU ar an iomlán, de réir na modheolaíochta a thuairiscítear i bhFógra C(2021) 3316 final ón gCoimisiún an 6/5/2021.

Maidir leis an tionchar i dtéarmaí simplithe, meastar go nginfidh na bearta simpliúcháin atá beartaithe méid iomlán de thart ar EUR 350 milliún de choigilteas costais do chomhpháirtithe cur chun feidhme, d’idirghabhálaithe airgeadais agus d’fhaighteoirí deiridh ar feadh thréimhse chláir ábhartha an Aontais.

1.4.    Baineann an togra/tionscnamh le: 

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal / réamhbheart 18  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua

1.5.    Foras an togra/tionscnaimh 

1.5.1.    Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Tá cur chun feidhme chlár InvestEU ar siúl faoi láthair agus tugtar aghaidh leis ar na riachtanais infheistíochta i bpríomhearnálacha éagsúla, amhail samhlacha nua soghluaisteachta, fuinnimh in‑athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh, taighde agus nuálaíocht, digitiú, oideachas agus scileanna, an geilleagar sóisialta agus an bonneagar sóisialta, an geilleagar ciorclach, caipiteal nádúrtha, gníomhú ar son na haeráide nó cruthú agus fás gnólachtaí beaga agus meánmhéide (gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá i mbun fáis), a bhaineann le spriocanna fadtéarmacha an Aontais maidir le hiomaíochas, inbhuanaitheacht agus fás cuimsitheach.

Leis an togra, déantar cur chun feidhme chlár InvestEU níos éifeachtúla chun tairbhe na bhfaighteoirí deiridh agus na n‑airgeadaithe (idirghabhálacha) agus a uaillmhian agus a acmhainneacht á neartú an tráth céanna, lena n‑áirítear neartú trí ranníocaíochtaí ó na Ballstáit a mhealladh. Ní athraíonn sé an amlíne bhunaidh chun an clár a chur chun feidhme, rud a fhágann gur féidir oibríochtaí nua maoiniúcháin agus infheistíochta a fhormheas go dtí deireadh 2027 agus iad a shíniú go dtí deireadh 2028.

1.5.2.    Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE 

Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante)

Is é is aidhm don togra éifeachtúlacht agus éifeachtacht chlár InvestEU a neartú. Ós rud é gur clár de chuid an Aontais é sin a bhunaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in 2021 faoi Rialachán InvestEU, aon athruithe a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil air agus nach féidir ach leis an Aontas difear a dhéanamh dóibh.

An breisluach AE a mheastar a ghinfear (ex post)

Cuireann clár InvestEU ar a gcumas do chomhpháirtithe cur chun feidhme oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chur i gcrích i réimsí spriocdhírithe a bhaineann le cuspóirí beartais straitéiseacha an Aontais. Gintear éifeacht iolraitheora trí infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí a mhealladh, agus úsáid á baint, nuair is iomchuí, as idirghabháil trí bhíthin institiúidí agus cistí airgeadais. Cuidíonn sé sin le haghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh agus rochtain a thabhairt ar mhaoiniú do ghnóthaí agus do thionscadail nach bhfaigheadh maoiniú ar shlí eile i dtéarmaí réasúnacha agus infheistíochtaí foriomlána san Aontas a ardú dá réir sin agus fás agus fostaíocht a mhéadú dá réir sin. Leis an togra, lena dtugtar aghaidh ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó mheastóireacht eatramhach InvestEU (féach thíos i bpointe 1.5.3), neartófar an clár agus dá bhrí sin cuirfear feabhas ar a thionchar.

1.5.3.    Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Bhí clár InvestEU faoi réir meastóireacht eatramhach in 2024, bunaithe ar staidéar a rinne meastóir neamhspleách. Fuarthas amach faoi chlár InvestEU go gcuireann comhpháirtithe cur chun feidhme réimse cuimsitheach táirgí maoiniúcháin ar fáil chun freastal ar riachtanais éagsúla an mhargaidh agus, dá bhrí sin, go raibh an clár ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha infheistíochta an Aontais, riachtanais atá ag dul i méid mar aon le riachtanais infheistíochta atá ag teacht chun cinn. Mhol comhpháirtithe cur chun feidhme oibleagáidí tuairiscithe a laghdú, agus é á chur san áireamh (an ráthaíocht á cur chun úsáide i ndáil le bainistíocht indíreach) gur institiúidí airgeadais iad uile a ndéantar measúnú colúin orthu. Ina theannta sin, fuarthas amach nach raibh buiséad an chláir leordhóthanach i gcoibhneas leis an éileamh ard agus na riachtanais shuntasacha infheistíochta. Gan treisithe buiséadacha, thiocfadh deireadh le formheasanna nua le haghaidh roinnt táirgí tosaíochta beartais tar éis 2025.

1.5.4.    Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Tá an togra go hiomlán comhoiriúnach leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh 2021–2027. Beartaítear leis an togra soláthar breise EUR 1 bhilliún chun an soláthar is gá a sholáthar le haghaidh méadú EUR 2,5 billiún ar ráthaíocht AE faoi Chiste InvestEU. Ní gá corrlaigh a úsáid ná leasú a dhéanamh ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI). Tá an méadú ar ráthaíocht AE go hiomlán comhsheasmhach freisin le breithniú ar sprioc soláthair InvestEU a bhaint amach le ranníocaíocht níos ísle ó leithreasuithe nua in 2026 agus 2027.

Eascraíonn an méadú EUR 1 bhilliún ar an soláthar ó athshreabha ó ionstraimí leagáide agus ó bharrachais sa Chiste don Soláthar Coiteann a bhaineann le hurrann an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS). Ó thús an Chomhchreata Airgeadais Ilbhliantúil seo, leithdháileadh athshreabha ó ionstraimí airgeadais agus ó bharrachais CEIS ar InvestEU agus ar an tSaoráid Iasachta don Earnáil Phoiblí. Bunaithe ar réamhaisnéisí athshreabha, tá EUR 250 milliún curtha in áirithe do sholáthar na Saoráide Iasachta don Earnáil Phoiblí go dtí deireadh an Chomhchreata Airgeadais Ilbhliantúil seo.

An tráth céanna, trí chomhcheangail, soláthraítear leis an togra freisin an bunús dlí chun úsáid trí ráthaíocht leagáide (agus a soláthar bunúsach) a leathnú go páirteach chun tairbhe oibríochtaí InvestEU arna gcur chun feidhme ag Grúpa BEI. Is iad CEIS, Ionstraim Fiachais SCE agus Saoráid Fiachais InnovFin na hionstraimí leagáide. D’fhéadfadh tionchar a bheith ag an gcomhpháirt sin ar mhéid na n‑athshreabha ionchasacha amach anseo ó ionstraimí airgeadais leagáide agus ar an tráth a mbeidh siad ar fáil agus ar aisíocaíochtaí barrachais ó sholáthar CEIS.

1.5.5.    Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Tá sé beartaithe an méid seo a leanas a dhéanamh:

- méid na ráthaíochta buiséadaí údaraithe a mhéadú trí athshreabha ionchasacha ó ionstraimí leagáide agus ó bharrachais CEIS a chur in úsáid chun soláthar breise comhfhreagrach ráthaíocht InvestEU a mhaoiniú, rud a chuirfidh ar chumas Ghrúpa BEI agus comhpháirtithe cur chun feidhme eile oibríochtaí nua InvestEU a chumhdach le ráthaíocht bhreise AE.

- cead a thabhairt úsáid dhá ionstraim airgeadais leagáide agus ráthaíocht CEIS (agus an soláthar comhfhreagrach) a leathnú chun oibríochtaí breise InvestEU a chumhdach trí Ghrúpa BEI, agus athshreabha á nginiúint ag an am céanna.


1.6.    Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ó dháta glactha an leasaithe ar 12/2027

   tionchar airgeadais ó 2025 go 2027 le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2025 go 2028 le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí chun ráthaíocht AE Eorpaigh a sholáthar. Tuigtear le tionchar airgeadais na gcomhcheangal ioncam buiséid moillithe agus ioncam buiséid a d’fhéadfadh a bheith laghdaithe (i ndáil le hathshreabha ó ionstraimí airgeadais leagáide) agus barrachais ó sholáthar CEIS.

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.    Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 19  

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

 ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

 tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad

 eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (e.g. an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, an Banc Nordach Infheistíochta, Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa)

 an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta

 comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais

 comhlachtaí dlí poiblí

 comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh

 comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha

 comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha de chuid an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha

comhlachtaí arna mbunú i mBallstát, arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit nó ag dlí an Aontais agus atá incháilithe le go gcuirfear de chúram orthu, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, cistí an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme, a mhéid a bhíonn na comhlachtaí sin á rialú ag comhlachtaí dlí poiblí nó ag comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, agus a mhéid a sholáthraíonn na comhlachtaí rialúcháin ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh i bhfoirm dliteanas comhpháirteach agus leithleach nó ráthaíochtaí airgeadais coibhéiseacha, agus ar ráthaíochtaí iad a d’fhéadfadh, le haghaidh gach birt, a bheith teoranta d’uasmhéid thacaíocht an Aontais.

Nótaí

neamhbhainteach

2.    BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Ceanglaítear ar chomhpháirtithe cur chun feidhme tuairisciú go tráthrialta don Choimisiún i gcomhréir le Rialachán InvestEU agus leis an Rialachán Airgeadais. Tuairiscíonn na comhpháirtithe cur chun feidhme freisin ar shonraí áirithe a bhaineann le Státchabhair. Maidir le faireachán, cuirfidh siad a rialacha agus a nósanna imeachta i bhfeidhm ar a ndearnadh measúnú i gcomhréir le Airteagal 157 den Rialachán Airgeadais (‘measúnú colúin’) go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos san Airteagal sin.

Maidir le tuairisciú ar chlár InvestEU agus ar CEIS, déantar foráil sa togra maidir le minicíocht an tuairiscithe sin a laghdú ó leathbhliantúil go bliantúil.

Chun ráitis airgeadais bhliantúla an Aontais a ullmhú, déanann comhpháirtithe cur chun feidhme InvestEU – i gcomhréir le hAirteagal 212(4) den Rialachán Airgeadais - na ráitis airgeadais iniúchta a chur faoi bhráid an Choimisiúin don chuid den ráthaíocht bhuiséadach a dheonaítear dóibh. I gcás comhcheangail de Ráthaíocht InvestEU le ráthaíochtaí buiséadacha eile nó le hionstraimí airgeadais leagáide arna mbunú le bunúis dlí éagsúla, soláthróidh an comhpháirtí cur chun feidhme na ráitis airgeadais iniúchta agus áireofar iontu faisnéis maidir leis an gcuid den ráthaíocht a fhaigheann tacaíocht ó na hionstraimí airgeadais leagáide nó ón ráthaíocht bhuiséadach eile ar bhealach a fhágfaidh go bhféadfar idirdhealú a dhéanamh eatarthu ón gcuid den ráthaíocht a fhaigheann tacaíocht ó Rialachán InvestEU i gcuntasaíocht an Choimisiúin i gcomhréir le struchtúir na bhforálacha roinnte riosca is infheidhme.

2.2.    Córais bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.    An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Ní féidir ráthaíocht AE faoi Chiste InvestEU a chur chun feidhme ach i modh bainistíochta indírí trí chomhpháirtithe cur chun feidhme a rannchuidíonn, de ghnáth, an tacaíocht freisin atá le tabhairt do na faighteoirí deiridh. Is iad a bheidh sna comhpháirtithe cur chun feidhme BEI agus CEI, institiúidí airgeadais idirnáisiúnta, bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh agus institiúidí agus idirghabhálaithe airgeadais eile ar comhlachtaí de chuid an Aontais iad, a ndéantar iad a rialáil maoirseacht orthu mar chuid d’earnáil na baincéireachta.

Maidir leis na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a bhaineann leas as an tacaíocht ó ráthaíocht AE, is oibríochtaí fós iad arna bhformheas ag comhlachtaí rialaithe na gcomhpháirtithe cur chun feidhme nach mór dóibh a ndícheall cuí a dhéanamh agus a gcreat rialaithe a chur i bhfeidhm ar na hoibríochtaí sin. Soláthróidh na comhpháirtithe cur chun feidhme ráitis airgeadais iniúchta don Choimisiún.

2.2.2.    Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Maoineofar an méid breise de ráthaíocht údaraithe an Aontais le soláthairtí ó athshreabha ionchasacha ó ionstraimí agus ráthaíochtaí leagáide, a bheidh aisghafa go páirteach cheana féin nó a bhfuil coinne leis go n‑aisghabhfaidh an Coimisiún iad roimh dheireadh 2027.

An riosca atá le buiséad an Aontais, tá sé nasctha leis an ráthaíocht bhuiséadach a sholáthraíonn an tAontas do na comhpháirtithe cur chun feidhme le haghaidh a n‑oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta. Soláthraíonn ráthaíocht AE Eorpaigh ráthaíocht neamh-inchúlghairthe neamhchoinníollach ar éileamh a bhíonn ann ar bhonn punainne, de ghnáth, le haghaidh na n‑oibríochtaí a chumhdaítear. Tá an luach saothair maidir leis an riosca ó na hoibríochtaí á chomhroinnt idir buiséad an Aontais agus an comhpháirtí cur chun feidhme ar bhonn ar struchtúir comhroinnte riosca atá sainithe sna comhaontuithe ráthaíochta.

Is é EUR 28 652 310 073 uasteorainn ráthaíocht AE.

Ní dhéanfaí an iontráil bhuiséid (‘p.m.’) lena léirítear ráthaíocht an bhuiséid don chomhpháirtí cur chun feidhme a gníomhachtú ach amháin i gcás gairm éifeachtach ar an ráthaíocht nach féidir a chumhdach go hiomlán leis an soláthar (arna chistiú le EUR 11 460 924 029 de réir a chéile go dtí deireadh 2030). Tá an ráta soláthair 40 % bunaithe ar an taithí a fuarthas roimhe seo le CEIS agus le hionstraimí airgeadais agus tá sé curtha in oiriúint do na táirgí airgeadais a chuirtear chun feidhme faoi InvestEU. Úsáideadh an ráta soláthair mar thagairt sna measúnuithe riosca ex ante agus beagnach 90 % de ráthaíocht InvestEU atá ann cheana á leithdháileadh.

Cumhdaítear an dliteanas teagmhasach maidir leis an urrann le haghaidh an Bhallstáit le ráthaíocht chomhuaineach ó gach Ballstát lena mbaineann.

Ní chruthaítear dliteanas teagmhasach le hionstraim airgeadais InvestEU atá beartaithe.

Cuirtear na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta i gcomhthéacs Chiste InvestEU i gcrích de réir rialacha nós imeachta na gcomhpháirtithe cur chun feidhme agus de réir chleachtas fónta na baincéireachta. Tabharfaidh na comhpháirtithe cur chun feidhme roghnaithe agus an Coimisiún comhaontú ráthaíochta i gcrích lena leagtar síos na forálacha agus na nósanna imeachta mionsonraithe a bhaineann le cur chun feidhme Chiste InvestEU.

Ós é an comhpháirtí cur chun feidhme a sheasann, de ghnáth, cuid den riosca, agus a sholáthraíonn ranníocaíocht airgeadais, tá leas an Aontais agus leas an chomhpháirtí cur chun feidhme ailínithe le chéile dá réir sin, rud a mhaolaíonn an riosca do bhuiséad an Aontais. Tá institiúidí airgeadais ann freisin a bhfuil rialacha agus nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm acu a mheasúnófar tríd an measúnú colúin i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

Déanann an Coimisiún seiceáil ar chomhlíonadh beartais na n‑oibríochtaí a chuirtear faoi bhráid Coiste Infheistíochta ina dhiaidh sin, coiste atá comhdhéanta de shaineolaithe neamhspleácha a dheonaíonn úsáid ráthaíocht AE nó ionstraim airgeadais InvestEU.

Gheobhaidh an Coimisiún ráitis airgeadais iniúchta bhliantúla lena gcumhdaítear na hoibríochtaí ó na comhpháirtithe cur chun feidhme.

2.2.3.    Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár) 

Ní fhorchuirtear aon rialú (nua) leis an togra seo. Ar mhaithe le simpliú, baintear roinnt ceanglas tuairiscithe go sonrach trí mhinicíocht na dtuarascálacha atá le cur isteach a laghdú.

2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

I gcomhréir le ceanglais Rialachán InvestEU agus an Rialacháin Airgeadais, ní mór measúnú an cholúin dá bhforáiltear in Airteagal 157 den Rialachán Airgeadais a dhéanamh ar na comhpháirtithe cur chun feidhme roghnaithe, lena n‑áirithítear dlúthcháilíocht an rialaithe inmheánaigh chomh maith le córais iniúchóireachta seachtraí neamhspleácha. Ina theannta sin, ní mór dóibh ceanglais Theideal X den Rialachán Airgeadais a chomhlíonadh. Ós institiúidí airgeadais iad, beidh creat rialaithe inmheánacha i bhfeidhm ag na comhpháirtithe cur chun feidhme. Ós rud é go gcuireann Ciste InvestEU tacaíocht inaisíoctha ar fáil, táthar ag brath ar dhícheall cuí agus faireachán agus rialú na gcomhpháirtithe cur chun feidhme, mura sainaithnítear laigí i measúnú an cholúin. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 30 de Rialachán InvestEU atá beartaithe go mbeidh iniúchtaí ar úsáid an chistithe ón Aontas a dhéanfaidh daoine nó eintitis, lena n‑áirítear daoine nó eintitis cé is moite dóibh sin ar thug institiúidí nó comhlachtaí de chuid an Aontais sainordú dóibh, go mbeidh na iniúchtaí sin mar bhonn leis an gcinnteacht fhoriomlán de bhun Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais.

3.    AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.    Na ceannteidil de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a nimreofar tionchar 

Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál caiteachais

Ranníocaíocht

02.02.2001 Ráthaíocht InvestEU

LD/LN 20

ó thíortha de chuid CSTE 21

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha 22

Ó thríú tíortha eile

ioncam sannta eile

02.02.2002 Ráthaíocht InvestEU a sholáthar

Neamhdhifreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

neamhbhainteach

3.2.    An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.    Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos

3.2.1.1.    Leithreasuithe ó ioncaim shannta (féach caibidil 3.3)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil

1

Ard-Stiúrthóireacht: GROW

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021‑2027

2025

2026

2027

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

02.02.2002 Ráthaíocht InvestEU a sholáthar

Gealltanais

(1a)

650 

200

150

1000

Íocaíochtaí

(2a)

650 

200

150

1000

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 23

Líne bhuiséid

(3)

0,000

IOMLÁN na leithreasuithe

le haghaidh AS GROW

Gealltanais

=1a+1b+3

650

200

150

1000

Íocaíochtaí

=2a+2b+3

650

200

150

1000

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021‑2027

2025

2026

2027

IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

650 

200

150

1000

Íocaíochtaí

(5)

650 

200

150

1000

IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

(6)

0,000

0,000

0,000

0,000

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1

Gealltanais

=4+6

650

200

150

1000

den chreat airgeadais ilbhliantúil

Íocaíochtaí

=5+6

650

200

150

1000

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021‑2027

2025

2026

2027

• IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)

Gealltanais

(4)

650 

200

150

1000

Íocaíochtaí

(5)

650 

200

150

1000

• IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)

(6)

0,000

0,000

0,000

0,000

IOMLÁN na leithreasuithe Faoi Cheannteidil 1 go 6

Gealltanais

=4+6

650

200

150

1000

den chreat airgeadais ilbhliantúil 
(Méid tagartha)

Íocaíochtaí

=5+6

650

200

150

1000



Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’ 24

Ard-Stiúrthóireacht: GROW

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021‑2027

2025

2026

2027

 Acmhainní daonna

0,000

0,000

0,000

0,000

 Caiteachas riaracháin eile

0,000

0,000

0,000

0,000

IOMLÁN AS GROW

Leithreasuithe

0,000

0,000

0,000

0,000

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)

0,000

0,000

0,000

0,000

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021‑2027

2025

2026

2027

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7

Gealltanais

650

200

150

1000

den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Íocaíochtaí

650

200

150

1000

3.2.2.    An taschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (ná líonadh gníomhaireachtaí díláraithe é seo isteach)

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain
2025

Bliain
2026

Bliain
2027

Iontráil na blianta ar fad is gá chun a léiriú cé chomh fada agus a mhairfidh an tionchar (féach Roinn 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 25

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 26

‘Comhaontú nua maidir le Tionsclaíocht Ghlan a thógáil agus borradh mór a chur faoin infheistíocht’:

- Aschur

Infheistíocht 
bhreise de EUR 25 bhilliún

650

200

150

25000

1000

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

650

200

150

25000

1000

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2 
‘Gnó a dhéanamh níos éasca’

- Aschur

Coigilteas costais ó laghdú ar thuarascálacha atá le táirgeadh ag comhpháirtithe cur chun feidhme, idirghabhálaithe airgeadais agus faighteoirí deiridh

0

0

0

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

0

0

0

350

IOMLÁIN

650

200

150

1000

3.2.3.    Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe riaracháin 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos

3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN 2021 - 2027

2024

2025

2026

2027

CEANNTEIDEAL 7

Acmhainní daonna

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Caiteachas riaracháin eile

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7

Acmhainní daonna

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Caiteachas eile de chineál riaracháin

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

IOMLÁN

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Cumhdófar na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.4.    Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos

3.2.4.1.    Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha 27

LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

2024

2025

2026

2027

 Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

0

0

0

0

20 01 02 03 (Toscaireachtaí an Aontais)

0

0

0

0

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

0

0

0

0

01 01 01 11 (Taighde díreach)

0

0

0

0

Línte buiséid eile (sonraigh)

0

0

0

0

• Foireann sheachtrach (in aonaid de choibhéis lánaimseartha)

20 02 01 (AC, END ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

0

0

0

0

20 02 03 (AC, AL, END, agus JPD i dToscaireachtaí an Aontais)

0

0

0

0

Riarachán Líne thacaíochta 
[XX.01.YY.YY]

- sa cheanncheathrú

0

0

0

0

- i dToscaireachtaí an Aontais

0

0

0

0

01 01 01 02 (AC, END - Taighde indíreach)

0

0

0

0

01 01 01 12 (AC, END – Taighde díreach)

0

0

0

0

Línte buiséid eile (sonraigh) - Ceannteideal 7

0

0

0

0

Línte buiséid eile (sonraigh) - Lasmuigh de Cheannteideal 7

0

0

0

0

IOMLÁN

0

0

0

0

I bhfianaise an bhrú fhoriomláin atá i gCeannteideal 7, maidir le soláthar foirne agus leibhéal na leithreasuithe araon, is baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht nó de sheirbhísí eile de chuid an Choimisiúin a chomhlíonfaidh na hacmhainní daonna is gá.

3.2.5.    Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha

IOMLÁN Na leithreasuithe digiteacha agus TF

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021 - 2027

2024

2025

2026

2027

CEANNTEIDEAL 7

Caiteachas TF (corparáideach) 

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7

Caiteachas beartais ar uirlisí TF i dtaca le cláir oibríochtúla

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

IOMLÁN

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

3.2.6.    Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI)

Maoineofar an togra seo trí ioncam sannta ó athshreabha arna nginiúint ag ionstraimí airgeadais leagáide agus ó bharrachais CEIS.

Ní bheidh gá le haon acmhainní buiséadacha breise de chuid an Aontais ná le hathchlársceidealú don togra seo.

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid

   is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI

3.2.7.    Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2024

Bliain
2025

Bliain
2026

Bliain
2027

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe


3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

   má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha (2025)

Tionchar an togra/tionscnaimh 28

Bliain 2026

Bliain 2027

6 4 1 (Ranníocaíochtaí ó ionstraimí airgeadais - ioncam sannta)

650

200

150

I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid caiteachais a ndéantar difear dóibh.

02.02.2002 Ráthaíocht InvestEU a sholáthar

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

Leis an togra, ceanglaítear ar an gCoimisiún EUR 1 bhilliún d’athshreabha ó na cláir in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán InvestEU agus ó bharrachais CEIS a leithdháileadh ar sholáthar ráthaíocht AE chun é a mhéadú EUR 2,5 billiún.

Dá bhrí sin, tacaítear le dliteanas airgeadais breise EUR 2.5 billiún an Aontais leis an soláthar comhfhreagrach EUR 1 bhilliún a thagann ó athshreabha arna n‑aisghabháil nó ó ráthaíocht arna scaoileadh ó Ghrúpa BEI mar a shonraítear thíos:

- Suas le EUR 700 milliún ó bharrachais CEIS in 2025 go 2027.

- EUR 300 milliún ar a laghad ó athshreabha ó ionstraimí airgeadais leagáide a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán InvestEU.

4.    Gnéithe digiteacha

Níl Rialachán (AE) 2024/903 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach) infheidhme maidir leis an togra seo.

4.1.    Riachtanais a bhaineann le hábhar maidir le cúrsaí digiteacha

Meastar nach bhfuil aon cheanglas maidir le hábharthacht dhigiteach ag baint leis an togra, ós rud é nach dtáirgeann sé ná nach n‑éilíonn sé sraitheanna nua sonraí i gcomparáid le Rialachán InvestEU. A mhéid a fhágann sé gur féidir tacaíocht a thabhairt d’oibríochtaí nua infheistíochta agus maoiniúcháin le Ciste InvestEU, tá táscairí atá ann cheana chomh maith le córais tuairiscithe agus faireacháin le húsáid chun tionchar agus feidhmíocht a rianú.

4.2.    Sonraí

neamhbhainteach (féach 4.1. thuas)

4.3.    Réitigh dhigiteacha

neamhbhainteach (féach 4.1. thuas)

4.4.    Measúnú idir-inoibritheachta

neamhbhainteach (féach 4.1. thuas)

4.5.    Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach

neamhbhainteach (féach 4.1. thuas)

(1)    COM(2025)30 final.
(2)     https://commission.europa.eu/about/departments-and-executive-agencies/economic-and-financial-affairs/evaluation-reports-economic-and-financial-affairs-policies-and-spending-activities/interim-evaluation-investeu-programme_ga
(3)    Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).
(4)    Tá na hionstraimí sin liostaithe in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán InvestEU.
(5)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1092/2010, (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 1095/2010 agus (AE) 2021/523 a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe áirithe i réimsí na seirbhísí airgeadais agus na tacaíochta infheistíochta, togra atá á ghlacadh ag na comhreachtóirí faoi láthair.
(6)     https://commission.europa.eu/document/download/e6cd4328-673c-4e7a-8683-f63ffb2cf648_en?filename=Political%20Guidelines%202024-2029_EN.pdf  
(7)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin – Achoimre Feidhmiúcháin ar an Meastóireacht – meastóireacht eatramhach ar InvestEU (SWD(2024)229 an 30.9.2024.
(8)    Meastóireacht eatramhach ar Chlár InvestEU – Tuarascáil chríochnaitheach an 1.10.2024.
(9)    Féach fonóta 5 freisin. A mhéid a bhaineann le InvestEU, bhí an mhinicíocht laghdaithe beartaithe ag an gCoimisiún cheana ach tá an glacadh críochnaitheach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle fós ar feitheamh tráth an togra seo.
(10)    IO C […], […], lch. […].
(11)    IO C […], […], lch. […].
(12)    Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60).
(13)    Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).
(14)    Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004 (IO L 247, 13.7.2021, lch. 1).
(15)    Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).
(16)    Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(17)    Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).
(18)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2), pointe (a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(19)    Tá mionsonraí maidir le modhanna trína gcuirfear an buiséad chun feidhme le fáil ar an suíomh gréasáin BUDGpedia, chomh maith le tagairtí don Rialachán Airgeadais: https://myintracomm.ec.europa.eu/corp/budget/financial-rules/budget-implementation/Pages/implementation-methods.aspx .
(20)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(21)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(22)    Tíortha is iarrthóirí agus, i gcás inarb infheidhme, tíortha ó na Balcáin Thiar arb iarrthóirí ionchasacha iad.
(23)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(24)    Na figiúirí maidir le meánchostas bliantúil atá le fáil ar an leathanach gréasáin iomchuí de chuid BUDGpedia, is trí úsáid a bhaint as na figiúirí sin ba cheart na leithreasuithe is gá a chinneadh.
(25)    Is éard atá in aschuir táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g. an líon malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, an líon iomlán km de bhóithre a tógadh, etc.).
(26)

   Mar a thuairiscítear i Roinn 1.3.2. ‘Cuspóirí sonracha’

(27)    Sonraigh thíos cá mhéad de na haonaid de choibhéis lánaimseartha arna gcur in iúl a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar féidir iad a ath-imlonnú laistigh de d’Ard-Stiúrthóireacht, maille leis na glanriachtanais atá agat.
(28)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. ollmhéideanna tar éis 20 % a asbhaint le haghaidh costais bhailiúcháin.