An Bhruiséil,28.2.2025

COM(2025) 67 final

2025/0037(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Foréigean in aghaidh na mBan agus Foréigean Teaghlaigh a Chosc agus a Chomhrac, maidir le leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta an Choiste, a mhéid a bhaineann le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le non‑refoulement


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste na bPáirtithe 1 (‘an Coiste’) i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Foréigean in aghaidh na mBan agus Foréigean Teaghlaigh a Chosc agus a Chomhrac (‘Coinbhinsiún Iostanbúl’ nó ‘an Coinbhinsiún’), i ndáil le Togra Chathaoirleach Choiste na bPáirtithe a bhfuil sé beartaithe é a ghlacadh chun Rialacha Nós Imeachta Choiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Iostanbúl a leasú (IC-CP(2025)1 prov). Leis an togra tugtar isteach clásal comhthola agus clásal athbhreithniúcháin sna rialacha maidir le vótáil (Riail 20) agus leasú ar an riail maidir le rannpháirtithe nach bhfuil ceart vótála acu (Riail 2). Ba ghá na Rialacha Nós Imeachta a leasú tar éis aontachas an Aontais Eorpaigh do Choinbhinsiún Iostanbúl.

2.Comhthéacs an togra

2.1.Coinbhinsiún Iostanbúl

Le Coinbhinsiún Iostanbúl bunaítear sraith rialacha chuimsitheach agus chomhchuibhithe chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac san Eoraip agus níos faide i gcéin. Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2014.

Shínigh an tAontas an Coinbhinsiún i mí an Mheithimh 2017, agus thug sé i gcrích an nós imeachta aontachais an 28 Meitheamh 2023, lenar tionscnaíodh teacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin don Aontas Eorpach an 1 Deireadh Fómhair 2023. D’aontaigh an tAontas don Choinbhinsiún a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoina inniúlacht eisiach, is é sin ábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus le riarachán poiblí an Aontais 2 agus ábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le nonrefoulement 3 . Níl Éire ná an Danmhairg faoi cheangal ag feidhmiú inniúlachta an Aontais a mhéid a bhaineann le hábhair i ndáil le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le nonrefoulement 4 . Tá an Coinbhinsiún sínithe ag Ballstáit uile an Aontais agus, ón 5 Feabhra 2025, tá sé daingnithe ag 22 Bhallstát agus, dá bhrí sin, tá ceart vótála acu sa Choiste 5 . Tá 39 bPáirtí sa Choinbhinsiún faoi láthair, an tAontas agus 22 Bhallstát san áireamh.

2.2.Coiste na bPáirtithe sa Choinbhinsiúin

Is é atá i gCoiste na bPáirtithe comhlacht polaitiúil shásra faireacháin Choinbhinsiún Iostanbúl agus tá sé comhdhéanta d’ionadaithe na bPáirtithe sa Choinbhinsiún. De bhun Airteagal 67(2) den Choinbhinsiún, cuirtear de chúram ar an gCoiste comhaltaí an Ghrúpa Saineolaithe um Ghníomhaíocht in aghaidh Foréigean ar Mhná agus Foréigean Baile (‘GREVIO’) a thoghadh. I gcomhréir le hAirteagal 68(12) den Choinbhinsiún, féadfaidh an Coiste, ar bhonn thuarascálacha agus chonclúidí GREVIO, moltaí a dhíreofar chuig na Páirtithe maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin a ghlacadh. Déanann sé maoirseacht freisin ar chur chun feidhme na moltaí sin a luaithe a bheidh deireadh leis an tréimhse 3 bliana don chur chun feidhme 6 . Thairis sin, scrúdaíonn an Coiste torthaí fiosrúchán speisialta a dtarchuireann GREVIO chuige i gcomhréir le hAirteagal 68(15) den Choinbhinsiún. Toghann an Coiste comhaltaí a bhiúró freisin — an cathaoirleach agus beirt leaschathaoirleach 7 .

De bhun Airteagal 67(3) den Choinbhinsiún, ghlac an Coiste a Rialacha Nós Imeachta 8 (‘na Rialacha Nós Imeachta’) ag a chéad chruinniú an 4 Bealtaine 2015. Leagtar síos le Riail 20 de na Rialacha Nós Imeachta, sa chéad mhír di, maidir le vótáil go mbeidh, ‘aon vóta amháin ag gach comhalta den Choiste’ agus, sa tríú mír di, gurb é ‘tromlach dhá thrian de na vótaí a chaitear’ an córam is gá le haghaidh chinntí an Choiste. Tá an córam céanna ag teastáil freisin chun na Rialacha Nós Imeachta a leasú (Riail 25). Go dtí seo, ba é an cleachtas a bhí ag an gCoiste moltaí agus conclúidí a ghlacadh ar bhonn comhthola.

2.3.An leasú atá beartaithe ar Rialacha Nós Imeachta Choiste na bPáirtithe

An 28 Lúnasa 2023 mhol Rúnaíocht an Choiste leasuithe áirithe ar na Rialacha Nós Imeachta chun tionchar aontachas an Aontais ar fheidhmiú an Choiste, agus ar na forálacha vótála go háirithe, a léiriú. Thug Rúnaíocht an Choiste an deis do na Páirtithe barúlacha a thabhairt. Mhol an Coimisiún, i gcomhréir le Cinntí (AE) 2024/1669 agus 2024/1680 ón gComhairle arna nglacadh an 22 Aibreán 2024, roinnt leasuithe malartacha ar na Rialacha Nós Imeachta 9 . Ag an 16ú cruinniú den Choiste, an 31 Bealtaine 2024, chuir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a gcuid moltaí i láthair. Le linn na bpléití a lean, chuir roinnt ballstát neamhAE in aghaidh thogra an Aontais. Ós rud é nach rabhthas in ann teacht ar chomhaontú, chinn an Coiste go ndéanfadh a Chathaoirleach plé neamhfhoirmiúil chun teacht ar chomhréiteach. I ndiaidh na gcomhairliúchán neamhfhoirmiúil, chuir an Cathaoirleach togra nua isteach i mí na Samhna 2024 (IC-CP(2024)12 prov) a pléadh le linn an 17ú cruinniú den Choiste an 17 Nollaig 2024. De réir an togra, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha vótála atá ann faoi láthair go fóill ach iad a fhorlíonadh le clásal comhthola agus clásal athbhreithniúcháin. Theastaigh ó roinnt ballstát neamhAE aghaidh chothrománach a thabhairt ar chearta vótála an Aontais Eorpaigh i gcoinbhinsiúin Chomhairle na hEorpa i gcás na gcoinbhinsiún uile a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu, ach d’fhéadfaidís glacadh leis an togra athbhreithnithe mar réiteach sealadach. Níor ardaigh aon Pháirtí aon ábhar imní maidir leis an togra nua, ach amháin roinnt mionmholtaí maidir le dréachtú. An 13 Feabhra 2025 roinn Rúnaíocht an Choiste Togra athbhreithnithe Chathaoirleach Choiste na bPáirtithe maidir le leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta Choiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Iostanbúl (doiciméad IC-CP(2025)1 prov) (‘an gníomh atá beartaithe’). D’iarr an Rúnaíocht ar na Páirtithe an togra a fhormheas trí nós imeachta i scríbhinn. Cuireadh in iúl, freisin, mura gcuirtear agóidí i scríbhinn faoi bhráid na Rúnaíochta faoin 30 Aibreán 2025, mheasfaí gur glacadh an gníomh atá beartaithe. 

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Tá beartaithe ag an gCathaoirleach Riail 20 (‘Vótáil) de na Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh as an nua leis na leasuithe seo a leanas:

Ar an gcéad dul síos, i Riail 20(1), tá clásal comhthola á mholadh ina luaitear go ndéanfaidh an Coiste gach iarracht leanúint dá chleachtas de chinntí a dhéanamh de chomhthoil. Sa chás nach féidir déanamh amhlaidh, agus sa chás sin amháin, déanfar an vótáil i gcomhréir le forálacha na Rialach sin.

Dá réir sin, athuimhrítear míreanna (1) go (6) de Riail 20 mar mhíreanna (2) go (7). Ní bheartaítear aon leasú eile ar na míreanna sin.

Ar an dara dul síos, i Riail 20(8), tá clásal athbhreithniúcháin á thabhairt isteach ina luaitear go scrúdóidh an Coiste cur i bhfeidhm na rialacha sin tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis a ghlactha, agus níos túisce ná sin i gcás inar gá, ar thionscnamh an Chathaoirligh nó ar iarraidh trí Pháirtí sa Choinbhinsiún ar a laghad. Más iomchuí, ba cheart an riail a athbhreithniú chun aghaidh a thabhairt ar aon ábhar imní nó easnamh i gcomhréir leis an nós imeachta faoi Riail 25.

Ar an tríú dul síos, moltar go scriosfaí an tagairt don Aontas Eorpach ó liosta na n‑ionadaithe i Riail 2.2.b de na Rialacha Nós Imeachta a bhfuil cead acu páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Choiste gan ceart vótála ná speansais a íoc. Tá an riail imithe i léig ós rud é gur comhalta iomlán den Choiste é an tAontas Eorpach anois.

Moltar gurb é seasamh an Aontais gan agóid a dhéanamh in aghaidh ghlacadh an togra athbhreithnithe chun na Rialacha Nós Imeachta a leasú mar a leagtar amach i ndoiciméad IC-CP(2025)1 prov. Leis an togra, leanfadh na rialacha vótála atá ann faoi láthair d’fheidhm a bheith acu go bunúsach. Dá réir sin, bheadh vóta amháin ag an Aontas sa bhreis ar vótaí na mBallstát atá ina bPáirtithe sa Choinbhinsiún. Ba cheart glacadh leis an dá ghné bhreise i Riail 20 freisin: leis an gclásal comhthola, déantar códú ar an gcleachtas atá ann faoi láthair sa Choiste agus leis an gclásal athbhreithniúcháin, leagtar amach an rún athmheasúnú a dhéanamh ar na Rialacha Nós Imeachta laistigh de na 3 bliana amach romhainn, gan réamhbhreithiúnas a dhéanamh ar aon toradh sonrach.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’ 10 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht í Coiste na bPáirtithe a cuireadh ar bun le Coinbhinsiún Iostanbúl. An leasú nua ar na Rialacha Nós Imeachta a iarrtar ar an gCoiste a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 67(3) den Choinbhinsiún. Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Choinbhinsiúin. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh‑chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh‑chomhpháirt.

Maidir le gníomh atá beartaithe a bhfuil roinnt cuspóirí éagsúla á saothrú leis ag an am céanna, nó a bhfuil roinnt comhpháirteanna éagsúla ann, ar cuspóirí nó comhpháirteanna iad a bhfuil dlúthnasc doscartha eatarthu gan aon cheann acu a bheith teagmhasach maidir leis an gceann eile, ní mór, ar bhonn eisceachtúil, na bunúis chomhfhreagracha dlí ar fad a áireamh sa bhunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is é príomhchuspóir an ghnímh atá beartaithe na Rialacha Nós Imeachta a leasú i ndiaidh aontachas an Aontais do Choinbhinsiún Iostanbúl. A mhéid a bhaineann leis an mbunús dlí substainteach, d’aontaigh an tAontas do Choinbhinsiún Iostanbúl a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoina inniúlacht eisiach, is é sin ábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais 11 agus ábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le nonrefoulement 12 . Roinneadh aontachas an Aontais do Coinbhinsiún Iostanbúl ina dhá chinneadh ar leith ón gComhairle chun seasamh speisialta na Danmhairge agus na hÉireann a chur san áireamh maidir le Teideal V CFAE. Dá bhrí sin, an cinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste i ndáil leis an ngníomh atá beartaithe, tá sé le roinnt ina dhá chinneadh chomhthreomhara. An bunús dlí le haghaidh an chinnidh seo, baineann sé le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le nonrefoulement. Dá bhrí sin, is iad na forálacha seo a leanas an bunús dlí substainteach leis an gcinneadh atá beartaithe: Airteagal 82(2), Airteagal 84 agus Airteagal 78(2).

4.3.Conclúid

Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 82(2), Airteagal 84 agus Airteagal 78(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

2025/0037 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Foréigean in aghaidh na mBan agus Foréigean Teaghlaigh a Chosc agus a Chomhrac, maidir le leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta an Choiste, a mhéid a bhaineann le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le nonrefoulement

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(2), Airteagal 84 agus Airteagal 78(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Thug an tAontas Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích trí bhíthin Chinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle 13 , maidir le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais, agus trí bhíthin Chinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle 14 , i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus le tearmann agus nonrefoulement, agus tháinig sé i bhfeidhm i leith an Aontais an 1 Deireadh Fómhair 2023. Go dtí seo, tá 39 bPáirtí sa Choinbhinsiún, lena náirítear an tAontas agus 22 Bhallstát.

(2)Is é atá i gCoiste na bPáirtithe (‘an Coiste’) comhlacht de shásra faireacháin an Choinbhinsiúin. De bhun Airteagal 67(3) den Choinbhinsiún, ghlac an Coiste a rialacha nós imeachta (‘na Rialacha Nós Imeachta’) féin. Foráiltear leis na Rialacha Nós Imeachta go mbeidh vóta amháin ag gach Páirtí sa Choinbhinsiún. Le haontachas an Aontais don Choinbhinsiún, ceanglaítear coigeartuithe áirithe ar na Rialacha Nós Imeachta, a mhéid a bhaineann le cearta vótála go háirithe.

(3)I mí Lúnasa 2023, mhol Rúnaíocht an Choiste leasuithe áirithe ar na Rialacha Nós Imeachta chun tionchar aontachas an Aontais ar fheidhmiú an Choiste a léiriú. D’iarr sí ar na Páirtithe sa Choinbhinsiún moltaí maidir le dréachtú a chur isteach. Bhunaigh an tAontas a sheasamh ar na leasuithe atá beartaithe an 22 Aibreán 2024 15 agus mhol sé leasuithe malartacha ar na Rialacha Nós Imeachta. Le linn an 16ú cruinniú den Choiste an 31 Bealtaine 2024, níorbh fhéidir teacht ar chomhaontú maidir leis na leasuithe atá beartaithe agus chinn an Coiste go reáchtálfadh a Chathaoirleach comhairliúcháin neamhfhoirmiúla chun teacht ar réiteach a bheadh sásúil do gach comhalta den Choiste.

(4)Tar éis na gcomhairliúchán neamhfhoirmiúil, chuir an Cathaoirleach togra athbhreithnithe isteach i mí na Samhna 2024 (IC-CP(2024)12 prov). De réir an togra sin, ba cheart feidhm a bheith ag na cearta vótála atá ann faoi láthair go fóill ach ba cheart iad a fhorlíonadh le clásal comhthola (ina luaitear go ndéanfaidh an Coiste gach iarracht leanúint dá chleachtas de chinntí a dhéanamh de chomhthoil) agus clásal athbhreithniúcháin (ina luaitear go scrúdóidh an Coiste cur i bhfeidhm na rialacha laistigh de 3 bliana tar éis ghlacadh na leasuithe).

(5)An 13 Feabhra 2025 roinn Rúnaíocht an Choiste Togra athbhreithnithe Chathaoirleach Choiste na bPáirtithe chun Rialacha Nós Imeachta Choiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Iostanbúl a leasú (doiciméad IC-CO(2025)1 prov) (‘an gníomh atá beartaithe’). D’iarr an Rúnaíocht ar na Páirtithe an togra a fhormheas trí nós imeachta i scríbhinn. Cuireadh in iúl, freisin, mura gcuirtear agóidí i scríbhinn faoi bhráid na Rúnaíochta faoin 30 Aibreán 2025, mheasfaí gur glacadh an gníomh atá beartaithe.

(6)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais a bhunú ós rud é go mbeidh na leasuithe ar na Rialacha Nós Imeachta ceangailteach ó thaobh an dlí ar an Aontas.

(7)Mar thoradh ar ghlacadh an togra athbhreithnithe chun na Rialacha Nós Imeachta a leasú, bheadh feidhm ag na rialacha vótála atá ann faoi láthair go fóill go bunúsach agus bheadh vóta amháin ag an Aontas sa bhreis ar vótaí na mBallstát atá ina bPáirtithe sa Choinbhinsiún. Ba cheart cur isteach an chlásail comhthola agus an chlásail athbhreithniúcháin a bheith inghlactha don Aontas. Leis an gclásal comhthola, déantar códú ar an gcleachtas atá ann faoi láthair sa Choiste agus leis an gclásal athbhreithniúcháin, leagtar amach an rún athmheasúnú a dhéanamh ar na Rialacha Nós Imeachta tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis ghlacadh na leasuithe, gan réamhbhreithiúnas a dhéanamh ar aon toradh sonrach.

(8)A mhéid a bhaineann leis an Riail Nós Imeachta ina liostaítear na rannpháirtithe nach comhaltaí de Choiste na bPáirtithe iad, ba cheart an tagairt don Aontas Eorpach a scriosadh ós rud é go bhfuil sí imithe i léig.

(9)Ba cheart gurb é seasamh an Aontais dá bhrí sin gan agóid a dhéanamh in aghaidh ghlacadh an togra chun na Rialacha Nós Imeachta a leasú mar a leagtar amach i ndoiciméad IC-CP(2025)1 prov.

(10)Níl Éire faoi cheangal ag Cinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle agus, dá bhrí sin, níl sí rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo.

(11)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe, arna bhunú faoi Airteagal 67 den Choinbhinsiún, nach ndéanfar agóid in aghaidh ghlacadh Thogra athbhreithnithe Chathaoirleach Choiste na bPáirtithe chun Rialacha Nós Imeachta Choiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Iostanbúl a leasú [IC-CP(2025)1 prov].

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)     Committee of the Parties - Istanbul Convention: Action against violence against women and domestic violence    
(2)    Cinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais, IO L 143 I, 2.6.2023, lgh. 1–3.
(3)    Cinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus le tearmann agus nonrefoulement, IO L 143 I, 2.6.2023, lgh 4–6.
(4)    I gcomhréir le Prótacail Uimh. 21 agus Uimh. 22 atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.    
(5)    Stádas na ndaingnithe an 8.1.2025: AT (2013); BE (2016); CY (2017); DE (2017); DK (2014); IE (2019); EL (2018); ES (2014); EE (2017) FI (2015); FR (2014); HR (2018); IT (2013); LU (2018); MT (2014); NL (2015); PL (2015); PT (2013); RO (2016); SI (2015); SV (2014), LV (2024).    
(6)    Féach Framework for supervising the implementation of the recommendations addressed to state parties , arna ghlacadh ag an gCoiste an 13 Aibreán 2021, IC-CP/Inf(2021)2.
(7)    Liostaítear na cúraimí a thugtar don Choiste i Riail 1 de na Rialacha Nós Imeachta.
(8)    Doiciméad IC-CP(2015)2, arna ghlacadh an 4 Bealtaine 2015, Rules of Procedure .    
(9)    Cinneadh (AE) 2024/1669 ón gComhairle an 22 Aibreán 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta an Choiste, i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le nonrefoulement, IO L, 2024/1669, 12.6.2024, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1669/oj , agus Cinneadh (AE) 2024/1680 ón gComhairle an 22 Aibreán 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, maidir le leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta an Choiste, i ndáil le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus le riarachán poiblí an Aontais, IO L, 2024/1680, 12.6.2024, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1680/oj .    
(10)    Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(11)    Cinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais, IO L 143 I, 2.6.2023, lgh. 1–3.    
(12)    Cinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus le tearmann agus nonrefoulement, IO L 143 I, 2.6.2023, lgh 4–6            
(13)    Cinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais (IO L 143 I, 2.6.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1075/oj).    
(14)    Cinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus le tearmann agus nonrefoulement (IO L 143 I, 2.6.2023, lch. 4, ELI: http://data.europa. eu/eli/dec/2023/1076/oj).
(15)    Cinneadh (AE) 2024/1669 ón gComhairle an 22 Aibreán 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta an Choiste, i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le nonrefoulement (IO L, 2024/1669, 12.6.2024, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1669/oj ), agus Cinneadh (AE) 2024/1680 ón gComhairle an 22 Aibreán 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, maidir le leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta an Choiste, i ndáil le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus le riarachán poiblí an Aontais, (IO L, 2024/1680, 12.6.2024, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1680/oj ).