AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,18.2.2025
COM(2025) 50 final
2025/0028(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 12ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha a mhéid a bhaineann leis na hiarrataí ar shíneadh a chur le díolúintí sonracha agus na tograí chun Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 12ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe (COP) i gCoinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha i ndáil leis na cinntí atá beartaithe a ghlacadh maidir le hIarscríbhinn A a leasú trí phairifíní clóirínithe a bhfuil fad slabhra carbóin sa raon C14–17 agus leibhéil chlóirínithe 45 faoin gcéad de chlóirín nó os a chionn sin de réir meáchain acu (pairifíní clóirínithe meánshlabhra, MCCPanna), clóirpireafos agus aigéid shárfhluaracarbocsaileacha fhadslabhrúla, a salainn agus a gcomhdhúile gaolmhara, a chur léi.
Úsáidtear MCCPanna mar lasairmhoillithigh agus plaisteacháin i bplaisteach agus mar bhreiseáin i sreabháin mhiotalóireachta. D’fhoilsigh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán tuairimí a coistí eolaíocha maidir le sainchomhad srianta a cuireadh isteach faoi REACH. Thacaigh an dá choiste le toirmeasc ach bhí tuairimí éagsúla acu maidir le díolúine a dheonú a mbeadh teorainn ama léi le húsáid i sreabháin mhiotalóireachta. Tá an díolúine sin maidir le sreabháin mhiotalóireachta sa mholadh ón gCoiste um Athbhreithniú ar POPanna (POPRC) chuig COP. Is cosúil go bhfuil gá ag an Aontas le díolúintí breise agus dátaí éaga sínte ón Aontas maidir le húsáidí i bhfeidhmeanna cosanta agus aeraspáis (bratuithe, bealaí, agus armlón agus a phacáistíocht).
Úsáidtear clóirpireafos go forleathan ar fud an domhain mar fheithidicíd sa talmhaíocht agus mar bhithicíd chun lotnaidí neamhthalmhaíochta a rialú. San Aontas Eorpach, tá toirmeasc ar a úsáid mar shubstaint ghníomhach i dtáirgí cosanta plandaí agus i dtáirgí bithicídeacha.
Na haigéid shárfhluaracarbocsaileacha fhadslabhrúla, a salainn agus a gcomhdhúile gaolmhara atá san Aontas, is seachtháirgí dosheachanta a eascraíonn as monarú substaintí sárfhluarailcile agus pholafluarailcile (PFASanna) iad den chuid is mó. Lasmuigh den Aontas, úsáidtear iad, nó d’fhéadfadh sé gur úsáideadh iad, i raon feidhmeanna, lena n‑áirítear na feidhmeanna seo a leanas: úsáidí tionsclaíocha; earraí leictreonacha, agus gairis leighis agus saotharlainne; íomháú grianghraf; dúigh; ábhair bhia-thadhaill; péinteanna, bratuithe agus vearnaisí (lena n‑áirítear na cinn sin a chuirtear ar ábhair thógála agus ábhair foirgníochta); cúir comhraicthe dóiteáin; teicstílí agus éadach; táirgí cúraim phearsanta; oibreáin ghlantacháin agus níocháin; céaracha sciála; agus sa tionscal gluaisteán. Tá srian ar na ceimiceáin cheana féin faoi REACH san Aontas agus roinnt díolúintí ann atá i measc na ndíolúintí sonracha a mhol POPRC nó ar féidir iad a chumhdach trí leibhéal Rian‑Éilleáin Neamhbheartaithe a shocrú san Aontas.
Ina theannta sin, baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag Comhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Stócólm i ndáil leis an togra chun an iontráil faoi UV-328 in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú trí dhíolúine shonrach maidir le heitlíocht a chur isteach, ar togra é a chuir an Aetóip isteach.
Thairis sin, baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i ndáil leis an gcinneadh atá beartaithe a ghlacadh chun síneadh a chur le díolúintí sonracha maidir le haigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus comhdhúile gaolmhara PFOA agus aigéad sulfónach sárfhluarochtáin (PFOS), a shalainn agus fluairíd sulfóinile sárfhluarochtáin a úsáid i gcúr comhraicthe dóiteáin le haghaidh sochtadh gaile breosla leachtaigh agus dóiteáin breosla leachtaigh (dóiteáin Aicme B) i gcórais shuiteáilte, lena n‑áirítear córais shoghluaiste agus fhosaithe araon, bunaithe ar iarrataí a chuir Poblacht na Cóiré isteach.
2.Comhthéacs an togra
2.1.Coinbhinsiún Stócólm
Tá sé d’aidhm ag Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (an Coinbhinsiún) sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar thruailleáin orgánacha mharthanacha (POPanna). Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 17 Bealtaine 2004. Tá an tAontas Eorpach ina pháirtí sa Chomhaontú. Cuirtear creat ar fáil leis an gCoinbhinsiún, creat atá bunaithe ar phrionsabal an réamhchúraim, chun táirgeadh, úsáid, allmhairiú agus onnmhairiú POPanna a dhíothú, maidir lena láimhseáil agus lena ndiúscairt go sábháilte agus le scaoileadh truailleán orgánach marthanach áirithe a tháirgtear go neamhbheartaithe a dhíothú nó a laghdú.
2.2.Comhdháil na bPáirtithe
Bunaíodh Comhdháil na bPáirtithe de bhun Airteagal 19 den Choinbhinsiún agus is í comhlacht rialaithe Choinbhinsiúin Stócólm í. Uair gach 2 bhliain is gnách leis an gcomhlacht sin teacht le chéile, chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Choinbhinsiúin. Chomh maith leis sin, déanann sí athbhreithniú ar cheimiceáin a chuireann an Coiste um Athbhreithniú ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (POPRC) faoina bráid chun a measta.
I gcomhréir le hAirteagal 8(1) den Choinbhinsiún, chuir na Páirtithe tograí faoi bhráid na Rúnaíochta chun pairifíní clóirínithe a bhfuil fad slabhra carbóin sa raon C14–17 agus leibhéil chlóirínithe 45 faoin gcéad de chlóirín nó os a chionn sin de réir meáchain acu, clóirpireafos agus aigéid shárfhluaracarbocsaileacha fhadslabhrúla, a salainn agus a gcomhdhúile gaolmhara, a liostú in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, a ndearna POPRC athbhreithniú air de réir Airteagal 8(3) agus (4). Mhol POPRC do Chomhdháil na bPáirtithe pairifíní clóirínithe a bhfuil fad slabhra carbóin sa raon C14–17 agus leibhéil chlóirínithe 45 faoin gcéad de chlóirín nó os a chionn sin de réir meáchain acu, clóirpireafos agus aigéid shárfhluaracarbocsaileacha fhadslabhrúla, a salainn agus a gcomhdhúile gaolmhara, a liostú in Iarscríbhinn A maille le díolúintí sonracha. Is le hAirteagal 22 den Choinbhinsiún a rialaítear an nós imeachta um ghlacadh leasuithe ar Iarscríbhinní.
I gcomhréir le hAirteagal 23 den Choinbhinsiún, tá aon vóta amháin ag gach Páirtí. Mar sin féin, i dtaca le heagraíochtaí réigiúnacha um chomhtháthú eacnamaíochta, cuir i gcás an tAontas Eorpach, feidhmíonn na heagraíochtaí sin a gceart chun vótáil le líon vótaí is ionann agus líon a mBallstát atá ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún.
2.3.Na gníomhartha atá beartaithe ag Comhdháil na bPáirtithe
Ag an 12ú gnáthchruinniú, breithneoidh Comhdháil na bPáirtithe cinntí a ghlacadh maidir le pairifíní clóirínithe a bhfuil fad slabhra carbóin sa raon C14–17 agus leibhéil chlóirínithe 45 faoin gcéad de chlóirín nó os a chionn sin de réir meáchain acu, clóirpireafos agus aigéid shárfhluaracarbocsaileacha fhadslabhrúla, a salainn agus a gcomhdhúile gaolmhara a liostú in Iarscríbhinn A (díothú), in Iarscríbhinn B (srianadh) agus/nó in Iarscríbhinn C (táirgeadh neamhbheartaithe) a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.
Is é is cuspóir do na cinntí an liostú in Iarscríbhinní A, B agus/nó C, a bhfuil an éifeacht leis go mbeidh na ceimiceáin faoi réir bearta atá dírithe ar tháirgeadh agus ar úsáid na gceimiceán sin a dhíothú nó ar shrian a chur orthu, lena n‑áirítear scaoileadh truailleán orgánach marthanach a tháirgtear go neamhbheartaithe a laghdú nó a dhíothú.
Ina theannta sin, breithneoidh Comhdháil na bPáirtithe togra a chuir an Aetóip isteach chun Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú trí dhíolúine shonrach a chur isteach maidir le húsáidí áirithe UV-328 in aerárthaí sibhialta agus míleata, lena n‑áirítear a úsáid i bpáirteanna spártha ábhartha. Liostaíodh UV-328 in Iarscríbhinn A a ghabhann le Coinbhinsiún Stócólm le Cinneadh SC-11/11 gan na díolúintí sonracha sin, ós rud é nach raibh an gá leis na díolúintí sonracha sin ar eolas an tráth sin. Le déanaí, shainaithin páirtithe leasmhara tionscail an gá atá leis na díolúintí sin agus chuir siad in iúl do roinnt Páirtithe é.
Tiocfaidh na gníomhartha atá beartaithe chun bheith ina gceangal ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 22(4) den Choinbhinsiún, lena bhforáiltear maidir leis an méid seo a leanas: ‘Beidh moladh, glacadh agus teacht i bhfeidhm na leasuithe ar Iarscríbhinní A, B nó C faoi réir na nósanna imeachta céanna agus a bhaineann le moladh, glacadh agus teacht i bhfeidhm iarscríbhinní breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo, ach amháin nach dtiocfaidh leasú ar Iarscríbhinn A, B ná C i bhfeidhm maidir le haon Pháirtí a dhéanann dearbhú maidir leis na hIarscríbhinní sin a leasú i gcomhréir le mír 4 d’Airteagal 25, agus sa chás sin, tiocfaidh aon leasú den sórt sin i bhfeidhm maidir leis an bPáirtí sin an 90ú lá tar éis thaisceadh a ionstraime daingniúcháin, glactha, formheasa nó aontachais leis an taisce i ndáil leis an leasú sin.’
Thairis sin, breithneoidh Comhdháil na bPáirtithe iarrataí a chuir Poblacht na Cóiré isteach ar shíneadh a chur le díolúintí sonracha maidir le haigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus comhdhúile gaolmhara PFOA agus aigéad sulfónach sárfhluarochtáin (PFOS), a shalainn agus fluairíd sulfóinile sárfhluarochtáin a úsáid i gcúr comhraicthe dóiteáin le haghaidh sochtadh gaile breosla leachtaigh agus dóiteáin breosla leachtaigh (dóiteáin Aicme B) i gcórais shuiteáilte, lena n‑áirítear córais shoghluaiste agus fhosaithe araon. Ceanglófar ar Chomhdháil na bPáirtithe cinneadh a dhéanamh maidir le síneadh a chur le dáta éaga na ndíolúintí sonracha sin ar feadh tréimhse suas le 5 bliana i gcomhréir le hAirteagal 4(7) den Choinbhinsiún.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Is é an seasamh ba cheart a ghlacadh thar ceann an Aontais ag an 12ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha tacú le pairifíní clóirínithe a bhfuil fad slabhra carbóin sa raon C14–17 agus leibhéil chlóirínithe 45 faoin gcéad de chlóirín nó os a chionn sin de réir meáchain acu (pairifíní clóirínithe meánslabhrúla, MCCPanna), clóirpireafos agus aigéid shárfhluaracarbocsaileacha fhadslabhrúla, a salainn agus a gcomhdhúile gaolmhara a liostú in Iarscríbhinn A i gcomhréir leis na moltaí lena mbaineann ó POPRC, seachas i ndáil le MCCPanna ós rud é gur cosúil go bhfuil gá ag an Aontas le díolúintí sonracha breise maidir le húsáid i bhfeidhmeanna áirithe cosanta agus aeraspáis (bratuithe, bealaí, agus armlón agus a phacáistíocht) agus le dátaí éaga sínte le haghaidh úsáidí áirithe i bhfeidhmeanna cosanta agus aeraspáis. Chuir páirtithe leasmhara ó na hearnálacha cosanta agus aeraspáis na riachtanais sin in iúl agus tá siad bunaithe ar fhaisnéis maidir le húsáid MCCP faoi láthair.
I gcomhréir le hAirteagal 8(1) den Choinbhinsiún, chuir Páirtithe faoi bhráid na Rúnaíochta tograí chun MCCPanna, clóirpireafos agus aigéid shárfhluaracarbocsaileacha fhadslabhrúla, a salainn agus a gcomhdhúile gaolmhara a liostú in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, togra a ndearna POPRC a athbhreithniú de réir Airteagal 8(3) agus (4). Scrúdaigh POPRC na tograí trí na critéir scagtha a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hIarscríbhinn D a ghabhann leis an gCoinbhinsiún agus chinn sé go gcomhlíontar na critéir. Tar éis meastóireacht a dhéanamh ar na próifílí riosca le haghaidh MCCPanna, clóirpireafos agus aigéid shárfhluaracarbocsaileacha fhadslabhrúla, a salainn agus a gcomhdhúile gaolmhara, agus tar éis a chinneadh gur dócha, mar thoradh ar a n‑iompar comhshaoil fadraoin, go mbeadh éifeachtaí díobhálacha móra ar shláinte an duine agus/nó ar an gcomhshaol ina dtoradh ar na substaintí sin a d’fhágfadh gur gá gníomhaíocht dhomhanda a dhéanamh, mhol POPRC do Chomhdháil na bPáirtithe breithniú a dhéanamh ar MCCPanna, clóirpireafos agus aigéid shárfhluaracarbocsaileacha fhadslabhrúla, a salainn agus a gcomhdhúile gaolmhara, a liostú in Iarscríbhinn A maille le díolúintí sonracha.
Chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar MCCPanna, clóirpireafos agus aigéid shárfhluaracarbocsaileacha fhadslabhrúla, a salainn agus a gcomhdhúile gaolmhara a scaoileadh a thuilleadh, is gá táirgeadh agus úsáid na gceimiceán sin a laghdú nó a dhíothú ar an leibhéal domhanda agus tacú lena liostú sna hiarscríbhinní ábhartha a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Tá an togra comhleanúnach le Rialachán (AE) 2019/1021, is é sin an Rialachán lena gcuirtear Coinbhinsiún Stócólm chun feidhme san Aontas, agus comhlánaíonn sé an Rialachán sin. Tá sé i gcomhréir go hiomlán leis an gcuspóir sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar thruailleáin orgánacha mharthanacha.
Is é an seasamh ba cheart a ghlacadh thar ceann an Aontais ag an 12ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Stócólm i ndáil leis an togra a chuir an Aetóip isteach chun Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú trí dhíolúine shonrach a chur isteach maidir le húsáidí áirithe UV-328 in aerárthaí sibhialta agus míleata, lena n‑áirítear a úsáid i bpáirteanna spártha ábhartha, tacú leis na díolúintí sonracha sin a chur isteach ós rud é go dteastaíonn roinnt ama chun roghanna malartacha a shainaithint agus go bhfuil saolré na gcodanna ina n‑úsáidtear UV-328 sách fada sna feidhmeanna sin, agus an seasamh sin faoi réir faisnéis shonrach a bheith le fáil lena dtugtar údar maith leis an ngá atá leis na díolúintí sin. Má dheonaítear na díolúintí sonracha sin, ba cheart iad a bheith chomh gearr agus is féidir chun a áirithiú go gcuirfear deireadh de réir a chéile le UV-328 sna feidhmeanna sin a luaithe is féidir.
Is é an seasamh ba cheart a ghlacadh thar ceann an Aontais ag an 12ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Stócólm i ndáil leis an iarraidh a chuir Poblacht na Cóiré isteach chun síneadh a chur le dáta éaga díolúintí sonracha áirithe maidir le haigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus comhdhúile gaolmhara PFOA agus aigéad sulfónach sárfhluarochtáin (PFOS), a shalainn agus fluairíd sulfóinile sárfhluarochtáin a úsáid, tacú leis na hiarrataí ós rud é go bhfuil gá ag Poblacht na Cóiré le níos mó ama chun deireadh iomlán a chur leis na húsáidí lena mbaineann, lena n‑áirítear sin a dhéanamh trí roghanna malartacha a shainaithint.
A mhéid a bhaineann le clóirpireafos, tá an togra comhleanúnach le cur chuige ginearálta Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 vis-à-vis substaintí PBT ós rud é go bhforáiltear sa dá rialachán sin maidir le critéir nach gceadaíonn, i bprionsabal, substaintí gníomhacha PBT a chur ar an margadh ná a úsáid. A mhéid a bhaineann le MCCPanna agus aigéid shárfhluaracarbocsaileacha fhadslabhrúla, a salainn agus a gcomhdhúile gaolmhara, scrúdaítear i bPáipéar Comhthuisceana an gaol idir Coinbhinsiún Stócólm, Rialachán (AE) 2019/1021 agus Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, maidir le srianta agus ceanglais údarúcháin, chun comhleanúnachas a áirithiú.
4.An bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha [a ghlacadh] a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht í Comhdháil na bPáirtithe a cuireadh ar bun le comhaontú, is é sin Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha.
Gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo is ea na gníomhartha a iarrtar ar Chomhdháil na bPáirtithe a ghlacadh. Beidh na gníomhartha atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 22 de Choinbhinsiún Stócólm agus ní mór iad a chur chun feidhme i Rialachán (AE) Uimh. 2019/1021.
Leis na gníomhartha atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh-chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Baineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhshaol.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 192 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 192(1) CFAE i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
2025/0028 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 12ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha a mhéid a bhaineann leis na hiarrataí ar shíneadh a chur le díolúintí sonracha agus na tograí chun Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Thug an tAontas Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích le Cinneadh 2006/507/CE ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 17 Bealtaine 2004.
(2)De bhun Airteagal 8 den Choinbhinsiún, is féidir le Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún ceimiceáin a liostú in Iarscríbhinní A, B agus/nó C a ghabhann leis an gCoinbhinsiún agus bearta rialaithe a bhaineann leis na ceimiceáin sin a shonrú.
(3)Ag an 12ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún, tá coinne leis go nglacfaidh an chomhdháil cinntí maidir le tuilleadh ceimiceán a liostú in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.
(4)An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag Comhdháil na bPáirtithe, is iomchuí é a leagan síos, óir beidh na cinntí a ghlacfar ina gceangal ar an Aontas.
(5)Chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar phairifíní clóirínithe a bhfuil fad slabhra carbóin sa raon C14–17 agus leibhéil chlóirínithe 45 faoin gcéad de chlóirín nó os a chionn sin de réir meáchain acu, clóirpireafos agus aigéid shárfhluaracarbocsaileacha fhadslabhrúla, a salainn agus a gcomhdhúile gaolmhara a scaoileadh a thuilleadh, is gá táirgeadh agus úsáid na gceimiceán sin ar an leibhéal domhanda a laghdú nó a dhíothú agus tacú lena liostú sna hiarscríbhinní ábhartha a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.
(6)Ós rud é gur shainaithin an Coiste um Athbhreithniú ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (POPanna) an gá atá le díolúintí sonracha áirithe maidir le gach ceann de na trí cheimiceán d’fhonn roinnt ama a thabhairt chun deireadh a chur lena n‑úsáid de réir a chéile, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí roghanna malartacha a shainaithint, ba cheart díolúintí sonracha áirithe a dheonú a bhfuil teorainn ama leo, agus gá ag an Aontas le cuid de na díolúintí sin.
(7)A mhéid a bhaineann le raon feidhme na ndíolúintí sonracha le haghaidh pairifíní clóirínithe a bhfuil fad slabhra carbóin sa raon C14–17 agus leibhéil chlóirínithe 45 faoin gcéad de chlóirín nó os a chionn sin de réir meáchain acu a mhol an Coiste um Athbhreithniú ar POPanna, ní chumhdaítear leo gach úsáid a bhfuil gá ag an Aontas léi sula gcuirfidh sé an t‑aistriú chuig roghanna malartacha i gcrích agus, dá bhrí sin, ba cheart don Aontas a iarraidh go gcuirfí díolúintí sonracha isteach maidir le húsáid i bhfeidhmeanna áirithe cosanta agus aeraspáis (bratuithe, bealaí, agus armlón agus a phacáistíocht) agus, i gcás inar gá, teorainneacha ama níos faide chun gur féidir roghanna malartacha a shainaithint agus ionadú a dhéanamh sna hearnálacha ardrialáilte sin.
(8)Chun go mbeidh tréimhse réasúnta ann chun roghanna malartacha a shainaithint agus chun páirteanna spártha áirithe a úsáid in earnáil na heitlíochta, is gá úsáid leanúnach UV-328 a cheadú in aerárthaí sibhialta agus míleata, lena n‑áirítear a úsáid i bpáirteanna spártha ábhartha, agus ar an gcaoi sin tacú leis an togra ón Aetóip an díolúine shonrach lena mbaineann a chur leis an iontráil maidir le UV-328 in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.
(9)Chun go mbeidh níos mó ama ag Poblacht na Cóiré roghanna malartacha a shainaithint ar aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus comhdhúile gaolmhara PFOA agus aigéad sulfónach sárfhluarochtáin (PFOS), a shalainn agus fluairíd sulfóinile sárfhluarochtáin a úsáid i gcúr comhraicthe dóiteáin le haghaidh sochtadh gaile breosla leachtaigh agus dóiteáin breosla leachtaigh (dóiteáin Aicme B) i gcórais shuiteáilte, lena n‑áirítear córais shoghluaiste agus fhosaithe araon, is iomchuí glacadh leis an iarraidh a chuir Poblacht na Cóiré isteach ar shíneadh a chur le dáta éaga na ndíolúintí sonracha sin maidir le haigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus comhdhúile gaolmhara PFOA agus aigéad sulfónach sárfhluarochtáin (PFOS), a shalainn agus fluairíd sulfóinile sárfhluarochtáin,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é seo a leanas an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 12ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha agus ag aon Chomhdháil Páirtithe a bheidh ann ina dhiaidh sin ina mbeidh liostú na gceimiceán a luaitear i bpointí (a), (b) agus (c) ar an gclár oibre, agus aird chuí á tabhairt ar na moltaí ábhartha ón gCoiste um Athbhreithniú ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (POPRC):
(a)tacú le pairifíní clóirínithe a bhfuil fad slabhra carbóin sa raon C14–17 agus leibhéil chlóirínithe 45 faoin gcéad de chlóirín nó os a chionn sin de réir meáchain acu a liostú in Iarscríbhinn A, maille leis na díolúintí sonracha a mhol POPRC, ach an fhéidearthacht a bheith ann díolúintí sonracha breise maidir le húsáid i bhfeidhmeanna áirithe cosanta agus aeraspáis (bratuithe, bealaí, agus armlón agus a phacáistíocht) agus dátaí éaga sínte le haghaidh roinnt eisceachtaí maidir le feidhmeanna cosanta agus aeraspáis go dtí 2041, agus maidir le páirteanna spártha go dtí 2046;
(b)tacú le clóirpireafos a liostú in Iarscríbhinn A maille leis na díolúintí sonracha a mhol POPRC;
(c)tacú le haigéid shárfhluaracarbocsaileacha fhadslabhrúla, a salainn agus a gcomhdhúile gaolmhara a liostú in Iarscríbhinn A maille leis na díolúintí sonracha a mhol POPRC;
Airteagal 2
Is é an seasamh ba cheart a ghlacadh thar ceann an Aontais ag an 12ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha agus ag aon Chomhdháil de chuid na bPáirtithe ina dhiaidh sin ina mbeidh an togra ón Aetóip ar an gclár oibre tacú leis an togra a chuir an Aetóip isteach chun Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú trí dhíolúine shonrach a chur isteach maidir le húsáidí áirithe UV-328 in aerárthaí sibhialta agus míleata, lena n‑áirítear a úsáid i bpáirteanna spártha ábhartha.
Airteagal 3
Is é an seasamh ba cheart a ghlacadh thar ceann an Aontais ag an 12ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha agus ag aon Chomhdháil de chuid na bPáirtithe ina dhiaidh sin ina mbeidh an iarraidh ó Phoblacht na Cóiré ar an gclár oibre glacadh leis an iarraidh a chuir Poblacht na Cóiré isteach chun síneadh a chur le díolúintí sonracha maidir le haigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus comhdhúile gaolmhara PFOA agus aigéad sulfónach sárfhluarochtáin (PFOS), a shalainn agus fluairíd sulfóinile sárfhluarochtáin a úsáid i gcúr comhraicthe dóiteáin le haghaidh sochtadh gaile breosla leachtaigh agus dóiteáin breosla leachtaigh (dóiteáin Aicme B) i gcórais shuiteáilte, lena n‑áirítear córais shoghluaiste agus fhosaithe araon.
Airteagal 4
Maidir le mionchoigeartuithe ar an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1, i bhfianaise na bhforbairtí a dhéanfar ag an 12ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún agus ag aon Chomhdháil Páirtithe a bheidh ann ina dhiaidh sin ina mbeidh an pointe ar an gclár oibre, féadfaidh ionadaithe an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit, na mionchoigeartuithe sin a chomhaontú le linn cruinnithe comhordaithe ar an láthair gan cinneadh breise ón gComhairle.
Airteagal 5
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,