AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,17.2.2025
COM(2025) 44 final
2025/0025(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i ndáil le cinneadh na Rannpháirtithe sa Chomhaontú Earnála maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo le cinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinnithe Rannpháirtithe sa Chomhaontú Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta, Iarscríbhinn III a ghabhann le Socrú ECFE maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin a dTacaítear leo go hOifigiúil (‘Socrú’) i ndáil le leasuithe ar an gComhaontú Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta (‘an Comhaontú Earnála maidir le hAerárthaí’ nó ‘CEA’).
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin a dTacaítear leo go hOifigiúil agus an Comhaontú Earnála maidir le hAerárthaí
Is comhaontú oinigh é an Socrú idir an tAontas, na Stáit Aontaithe, an Astráil, Ceanada, an Chóiré, an Eilvéis, an Iorua, an Nua-Shéalainn, an Ríocht Aontaithe, an tSeapáin agus an Tuirc (na ‘Rannpháirtithe’), comhaontú a chuireann creat ar fáil le haghaidh úsáid rianúil na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin a dtacaítear leo go hoifigiúil. Ciallaíonn sé sin go praiticiúil, cothroime iomaíochta idir na Rannpháirtithe a leagan síos (sa tslí go mbunaítear an iomaíocht ar phraghas agus ar cháilíocht na n-earraí agus na seirbhísí a onnmhairítear seachas ar na téarmaí airgeadais a chuirtear ar fáil), agus an tráth céanna iarrachtaí a dhéanamh chun deireadh a chur le fóirdheontais agus leis an saobhadh trádála a bhaineann le creidmheasanna onnmhairiúcháin a dtacaítear leo go hoifigiúil. Tháinig an socrú i bhfeidhm i mí Aibreáin 1978, beidh sé i bhfeidhm go ceann tréimhse éiginnte agus cé gurb í Rúnaíocht ECFE a chuireann tacaíocht ar fáil dá chur chun feidhme, ní Gníomh de chuid ECFE é.
Baineann cuid de na rialacha a leagtar amach sa Socrú leis an earnáil go sonrach agus tá siad mionsonraithe sna hiarscríbhinní earnála a ghabhann leis an Socrú (ar a dtugtar ‘Comhaontuithe Earnála’). Is comhaontú féinchuimsitheach é CEA le haghaidh creidmheasanna onnmhairiúcháin a dtacaítear leo go hoifigiúil agus a bhaineann le haerárthaí sibhialta. Feidhmíonn sé go neamhspleách ar an Socrú.
Is iad a Rannpháirtithe féin a dhéanann bainistíocht ar CEA, agus is iad seo a leanas na rannpháirtithe: an tAontas Eorpach, an Astráil, an Bhrasaíl, Ceanada, an Chóiré, an Eilvéis, an Iorua, an Nua-Shéalainn, an Ríocht Aontaithe, an tSeapáin, agus na Stáit Aontaithe.
Déantar nuashonruithe rialta ar an gComhaontú Earnála maidir le hAerárthaí lena gcuirtear san áireamh an margadh airgeadais agus forbairtí beartais a dhéanann difear do sholáthar creidmheasanna onnmhairiúcháin a dtacaítear leo go hoifigiúil. Rinneadh an Comhaontú Earnála maidir le hAerárthaí a thrasuí, agus dá bhrí sin, trí bhíthin Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011, rinneadh ceangailteach é ó thaobh an dlí de san Aontas. Trí bhíthin Gníomhartha Tarmligthe de bhun Airteagal 2 den Rialachán sin, déantar athbhreithnithe ar théarmaí agus ar choinníollacha an tSocraithe a ionchorprú i ndlí an Aontais.
2.2.Rannpháirtithe sa Chomhaontú Earnála maidir le hAerárthaí agus sa chinnteoireacht
Déanann an Coimisiún Eorpach ionadaíocht thar ceann an Aontais i gcruinnithe na Rannpháirtithe sa Chomhaontú Earnála maidir le hAerárthaí, agus sna nósanna imeachta i scríbhinn le haghaidh cinnteoireachta de chuid na Rannpháirtithe sa Chomhaontú Earnála maidir le hAerárthaí freisin. Is de chomhthoil a ghlactar cinntí maidir le gach leasú a dhéantar ar an Socrú.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag Rannpháirtithe CEA
Cé go bhfuil an Comhaontú Earnála maidir le hAerárthaí dírithe ar chreidmheasanna onnmhairiúcháin a bhaineann le honnmhairí aerárthaí sibhialta, cuireann Rannpháirtithe tacaíocht ar fáil freisin faoi CEA d’idirbhearta lena mbaineann soláthar seirbhísí cothabhála agus seirbhísí eile, chomh maith le honnmhairiú páirteanna spártha agus fearais innill. Mar sin féin, léirigh an cleachtas in CEA thar na blianta éiginnteachtaí maidir le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le hidirbhearta den chineál sin. Dá bhrí sin, moladh téarmaí agus coinníollacha sonracha maidir le conarthaí cothabhála agus seirbhíse chomh maith le páirteanna spártha agus fearais innill (a bhaineann le haerárthaí a chumhdaítear le CEA) a áireamh in CEA. D’áiritheofaí leis na rialacha cur i bhfeidhm agus léirmhíniú comhleanúnach théarmaí CEA le haghaidh na n-idirbheart sin, rud a chuirfeadh le cothrom iomaíochta níos fearr.
Go sonrach, dhéanfadh na rialacha an méid seo a leanas:
·foráil a dhéanamh maidir le téarmaí aisíocaíochta níos faide d’idirbhearta os cionn luach conartha áirithe;
·an éarlais íosta a laghdú ó 30 % go 15 % de luach an chonartha onnmhairiúcháin; agus
·agus an sainmhíniú ar thúsphointe creidmheasa (atá dírithe faoi láthair ar an tráth a fhaigheann an ceannaitheoir an príomh-aerárthach seachas gné na seirbhísí) a oiriúnú chun na garspriocanna seachadta a bhreathnaítear de ghnáth sna conarthaí sin a chomhlíonadh.
Tá plé ar siúl i measc Rannpháirtithe CEA maidir leis na rialacha sin a chur leis ó 2022 i leith, agus meastar go mbeidh toradh air sin sa chéad ráithe de 2025.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Is é an seasamh atá beartaithe ag an Aontas tacú le hathrú ar théacs CEA maidir le tacaíocht do chonarthaí cothabhála agus seirbhíse, páirteanna spártha agus fearais innill a bhaineann le haerárthaí a chumhdaítear le CEA. Chuideodh na rialacha sonracha nua lena áirithiú go gcuirfí CEA i bhfeidhm go comhleanúnach maidir leis na hidirbhearta sin agus go neartófaí cothrom iomaíochta idir Rannpháirtithe in CEA.
4.An bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
D’fhéadfadh an gníomh atá beartaithe tionchar cinntitheach a bheith aige ar inneachar reachtaíocht an Aontais, mar atá Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinntí 2001/76/CE agus 2001/77/CE ón gComhairle. Go deimhin, le hAirteagal 1 den Rialachán sin, sonraítear ‘Beidh feidhm san Aontas ag na treoirlínte atá sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (“an Socrú”). Cuirtear téacs an tSocraithe i gceangal leis an Rialachán seo.’. Tá an ábharthacht chéanna ag baint le hAirteagal 2 den Rialachán sin ina sonraítear ‘Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 3 chun Iarscríbhinn II a leasú mar thoradh ar leasuithe ar na treoirlínte arna gcomhaontú ag Rannpháirtithe sa Socrú’. Áirítear leis sin leasuithe ar na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Socrú, mar shampla CEA.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is le creidmheasanna onnmhairiúcháin a bhaineann príomhchuspóir agus príomhinneachar an ghnímh atá beartaithe, gníomh a thagann faoi raon feidhme an chomhbheartais tráchtála. Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 CFAE an bunús dlí substainteach atá leis an gcinneadh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Is í an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE ba cheart a bheith ina bunús dlí leis an gcinneadh atá beartaithe.
5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Ós rud é go ndéanfaidh an gníomh ó na Rannpháirtithe sa Chomhaontú Earnála maidir le hAerárthaí leasú ar an Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin a dTacaítear Leo go hOifigiúil arb é atá in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2025/0025 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i ndáil le cinneadh na Rannpháirtithe sa Chomhaontú Earnála maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Na treoirlínte atá sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin a dTacaítear Leo go hOifigiúil (‘an Socrú’), lena n-áirítear na cinn sa Chomhaontú Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta (‘an Comhaontú Earnála maidir le hAerárthaí, CEA’) atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Socrú, rinneadh iad a thrasuí, agus dá bhrí sin, rinneadh ceangailteach iad ó thaobh an dlí de san Aontas Eorpach le Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(2)Tá sé d’aidhm ag an gcinneadh atá beartaithe maidir le leasú ar CEA rialacha sonracha a bhunú lena soláthrófar deimhneacht dhlíthiúil agus lena neartófar cothrom iomaíochta idir Rannpháirtithe in CEA maidir le tacaíocht do chonarthaí cothabhála agus seirbhíse, onnmhairí páirteanna spártha agus fearas innill a bhaineann le haerárthaí a chumhdaítear le CEA.
(3)An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir leis na leasuithe ar CEA, is iomchuí an seasamh sin a leagan síos de bhrí go mbeidh an cinneadh atá beartaithe ag na Rannpháirtithe in CEA ceangailteach ar an Aontas, agus gur féidir leis tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, de bhua Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais tacú le cinneadh ó Rannpháirtithe CEA maidir leis an leasú ar CEA arb é is aidhm dó rialacha sonracha a bhunú maidir le tacaíocht do chonarthaí cothabhála agus seirbhíse, onnmhairí páirteanna spártha agus fearas innill i gcomhréir leis an iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,17.2.2025
COM(2025) 44 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann le
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i ndáil le cinneadh na Rannpháirtithe sa Chomhaontú Earnála maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta
IARSCRÍBHINN
Is é seasamh an Aontais Eorpaigh tacú leis na hathruithe ar Chomhaontú Earnála maidir le Creidmheas Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta den Socrú a leagtar amach san Iarscríbhinn seo. Déantar tagairtí thíos d’Airteagail an tSocraithe agus do na hIarscríbhinní a ghabhann leis.
Féadfaidh ionadaithe an Aontais ar Rannpháirtithe sa Socrú iad teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe teicniúla ar sheasamh an Aontais gan cinneadh eile ón gComhairle.
Tá na nithe a chuirtear leis i gcló trom agus folíne fúthu:
CAIBIDIL I: CUMHDACH
18.
Aerárthaí athláimhe agus earraí agus seirbhísí eile
Beidh feidhm ag an gCuid seo den Chomhaontú Earnála maidir le haerárthaí athláimhe agus innill spártha, páirteanna spártha, athchóiriú, mórmhodhnú, athfheistiú, conarthaí cothabhála agus seirbhíse d’aerárthaí agus d’fhearais innill nua agus athláimhe araon.
CAIBIDIL II: TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA AIRGEADAIS
Na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais atá le cur i bhfeidhm le haghaidh innill spártha agus aerárthaí athláimhe, seachas an téarma uasta aisíocaíochta, beidh siad i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach i gCuid 2 den Chomhaontú Earnála seo.
Is gnách earraí agus seirbhísí seachas aerárthaí nua, aerárthaí athláimhe agus innill nua a mhaoiniú le hiasachtaí a chumhdóidh tréimhse fhadaithe feidhmíochta conartha. Dá bhrí sin, na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais atá le cur i bhfeidhm maidir le hearraí agus seirbhísí eile a chumhdaítear leis an gComhaontú Earnála seo, beidh siad i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach i gCuid 2 den Chomhaontú Earnála seo, ach amháin mar a leagtar amach in Airteagal 22 thíos.
[...]
20.
Innill spártha agus páirteanna spártha
a)Nuair a cheannaítear, nó a ordaítear iad i ndáil leis na hinnill le bheith suiteáilte ar aerárthach nua, féadfar an tacaíocht oifigiúil d’innill spártha a sholáthar ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna leis na téarmaí agus na coinníollacha don aerárthach.
Nuair a cheannaítear iad le haerárthach nua, féadfar an tacaíocht oifigiúil do pháirteanna spártha a sholáthar ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna leis na téarmaí agus na coinníollacha don aerárthach suas go dtí 5 % de ghlanphraghas an aerárthaigh nua agus na n-inneall suiteáilte; beidh feidhm ag mír d) thíos maidir le tacaíocht oifigiúil do pháirteanna spártha os cionn na teorann de 5 %.
b)Nuair nach gceannaítear innill spártha le haerárthach nua, 8 mbliana a bheidh sa téarma uasta aisíocaíochta. Maidir le hinnill spártha lena mbaineann luach aonaid USD 10 milliún nó níos mó, féadfar an téarma aisíocaíochta a mhéadú go 10 mbliana, ar choinníoll go gcomhlíonann an t-idirbheart na ceanglais uile i bhFoscríbhinn II, Airteagal 19.
c)Nuair nach gceannaítear páirteanna spártha eile le haerárthach nua, is é seo a leanas an téarma uasta aisíocaíochta:
1)
5 bliana i gcás luach conarthach de USD 5 mhilliún nó os a chionn.
2)
2 bhliain i gcás luach conarthach níos lú ná USD 5 mhilliún.
21.
Conarthaí le haghaidh Athchóiriú/Mórmhodhnúcháin/Athfheistiú
a)Maidir le hidirbheart le haghaidh athchóiriú, más rud é:
1)Ggo bhfuil luach USD 5 mhilliún nó os a chionn aige, agus
–Ggo gcomhlíonann sé na ceanglais go léir i bhFoscríbhinn II, Airteagal 19, féadfaidh Rannpháirtí tacaíocht oifigiúil a thairiscint lena mbaineann téarma aisíocaíochta suas go dtí 8 mbliana.
–Nnach gcomhlíonann sé na ceanglais go léir i bhFoscríbhinn II, Airteagal 19, féadfaidh Rannpháirtí tacaíocht oifigiúil a thairiscint lena mbaineann téarma aisíocaíochta suas go dtí 5 bliana.
2)Ggo bhfuil luach níos lú ná USD 5 mhilliún aige, féadfaidh Rannpháirtí tacaíocht oifigiúil a thairiscint lena mbaineann téarma aisíocaíochta suas go dtí 2 bhliain.
b)Más rud é gur le haghaidh mórmhodhnú nó athfheistiú atá idirbheart, féadfaidh Rannpháirtí tacaíocht oifigiúil a thairiscint lena mbaineann téarma aisíocaíochta suas go dtí:
1)cúig bliana sa chás ina bhfuil luach USD 5 mhilliún nó os a chionn leis an gconradh; agus
2)Ddhá bhliain sa chás ina bhfuil luach níos lú ná USD 5 mhilliún leis an gconradh.
22.Conarthaí Cothabhála agus Seirbhíse, Páirteanna breise (seachas Innill) agus Fearais Innill
a) Cé is moite d’Airteagal 22 b) thíos, Fféadfaidh na Rannpháirtithe tacaíocht oifigiúil a thairiscint lena mbaineann téarma aisíocaíochta suas go dtí 3 5 bliana. tar éis thúsphointe an chreidmheasa má tá luach USD 5 mhilliún nó níos mó ag an gconradh, nó 2 bhliain má tá luach an chonartha níos lú ná USD 5 mhilliún.
b) Nuair a cheannaítear iad le haerárthach nua, féadfar an tacaíocht oifigiúil do pháirteanna spártha a sholáthar ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna leis na téarmaí agus na coinníollacha don aerárthach suas go dtí 5 % de ghlanphraghas an aerárthaigh nua agus na n-inneall suiteáilte. Beidh feidhm ag Airteagal 22 a) maidir le tacaíocht oifigiúil do pháirteanna spártha os cionn na huasteorann 5 %.
c) Déanfaidh na Rannpháirtithe an méid seo a leanas:
1)
a cheangal go n-íocfar éarlais íosta 15 % de ghlanphraghas na bpáirteanna spártha, na bhfearas innill nó na gconarthaí cothabhála agus seirbhíse a fhaigheann tacaíocht ag túsphointe an chreidmheasa nó roimhe;
2)
ní sholáthróidh siad tacaíocht oifigiúil os cionn 85 % de luach ghlanphraghas na bpáirteanna spártha, na bhfearas innill nó na gconarthaí cothabhála agus seirbhíse a fhaigheann tacaíocht.
d) Beidh feidhm ag rialacha préimhrátaí íosta CEA mar a leagtar amach in AGUISÍN II, ROINN 3: Préimhrátaí Íosta le haghaidh Earraí Agus Seirbhísí Seachas Aerárthaí Athláimhe a Chumhdaítear le Cuid 3 den Chomhaontú Earnála Seo.
23. Fearais innill
Féadfaidh na Rannpháirtithe tacaíocht oifigiúil a thairiscint lena mbaineann téarma aisíocaíochta suas go dtí 5 bliana.
[...]
Foscríbhinn V. Liosta Sainmhínithe
[...]
Túsphointe an Chreidmheasa: Le haghaidh:
–díol aerárthaí lena n‑áirítear héileacaptair, agus innill agus páirteanna spártha, ar a dhéanaí, an dáta iarbhír a ghlacann an ceannaitheoir seilbh go fisiceach ar na hearraí, nó an meándáta ualaithe a nglacann an ceannaitheoir seilbh ar na hearraí
–conarthaí cothabhála agus seirbhíse, páirteanna breise (seachas innill) agus fearais innill, i gcás an mhéid seo a leanas:
i)páirteanna, páirteanna spártha nó seilbh earraí fisiceacha eile. I gcás seirbhísí,: nach déanaí an túsphointe is déanaí don chreidmheas ná an dáta iarbhír a nglacann an ceannaitheoir leis na hearraí nó an meándáta ualaithe a nglacann an ceannaitheoir leis na hearraí; nó
ii)le haghaidh conarthaí seirbhísí i gcás nach bhfuil tacaíocht á tabhairt d’aon pháirteanna, páirteanna spártha ná earraí fisiceacha eile: a) an dáta a seoltar na sonraisc chuig an gceannaitheoir nó a nglacann an ceannaitheoir leis na seirbhísí, nó b) an meándáta ualaithe a seoltar na sonraisc chuig an gceannaitheoir nó an meándáta ualaithe a nglacann an ceannaitheoir leis na seirbhísí, nó
iii)páirteanna, páirteanna spártha nó earraí agus seirbhísí fisiceacha eile i gcás ina maoinítear san idirbheart céanna iad: is é túsphointe an chreidmheasa an tráth is déanaí de a) an dáta iarbhír a nglactar leis na hearraí nó an meándáta ualaithe a nglactar leis na hearraí, nó b) an dáta iarbhír a seoltar na sonraisc chuig an gceannaitheoir nó an dáta iarbhír a nglacann an ceannaitheoir leis na seirbhísí nó an meándáta ualaithe a seoltar na sonraisc chuig an gceannaitheoir nó an meándáta ualaithe a nglacann an ceannaitheoir leis na seirbhísí.
I gcás nach féidir an dáta iarbhír glactha nó an meándáta ualaithe glactha a shainiú roimh ré mar gheall ar chineál na n-earraí nó na seirbhísí, féadfar túsphointe an chreidmheasa a chinneadh agus úsáid á baint as meastachán réasúnta ar an dáta ábhartha nó ar an meándáta ualaithe.