AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,6.2.2025
COM(2025) 33 final
2025/0015(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála maidir leis an gComhaontú maidir le Ríomhthráchtáil a chur leis an gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh ón gComhairle lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘EDT’) i ndáil le cinneadh a bhfuil sé beartaithe é a ghlacadh maidir leis an gComhaontú maidir le Ríomhthráchtáil a chur le hIarscríbhinn 4 a ghabhann leis an gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘Comhaontú EDT’).
2.Comhthéacs an togra
2.1.Comhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála
Is é is aidhm do Chomhaontú EDT na cuspóirí a luaitear sa bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú a bhaint amach. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Eanáir 1995.
Is páirtí é an tAontas Eorpach sa Chomhaontú. Is páirtithe iad gach ceann de na 27 mBallstát sa Chomhaontú freisin. Féadfaidh EDT cinntí a dhéanamh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i gComhaontú EDT.
2.2.Comhairle Ghinearálta na hEagraíochta Domhanda Trádála
Tá an Chomhairle Ghinearálta comhdhéanta d’ionadaithe ó na Comhaltaí uile, agus bíonn cruinnithe rialta aici. Feidhmíonn sí feidhmeanna na Comhdhála Aireachta sna heatraimh idir seisiúin na Comhdhála Aireachta, chomh maith leis na feidhmeanna a shanntar di faoi Chomhaontú EDT.
2.3.Forais agus cuspóir an togra
Cuireadh tús le caibidlíocht i dtreo an Chomhaontaithe maidir le Ríomhthráchtáil i mí Eanáir 2019 nuair a bunaíodh Comhthionscnamh EDT maidir le Ríomhthráchtáil (‘an tionscnamh comhráitis maidir le ríomhthráchtáil’). Díríodh sa chaibidlíocht ar shraith bunrialacha trádála idirnáisiúnta a bhunú lena rialófar an trádáil dhigiteach lena ndéanfar idirbhearta digiteacha a chur chun cinn agus a éascú. Rinne an Coimisiún an chaibidlíocht thar ceann an Aontais.
An 26 Iúil 2024, tar éis 5 bliana caibidlíochta, tháinig rannpháirtithe an tionscnaimh comhráitis maidir le ríomhthráchtáil ar théacs cobhsaithe den Chomhaontú maidir le Ríomhthráchtáil. Leis an gcomhaontú cuimsitheach sin, cumhdaítear raon leathan disciplíní trádála digití agus, a luaithe a chomhtháthófar é i gcreat dlíthiúil na hEagraíochta Domhanda Trádála, beidh sé ar an gcéad sraith de rialacha domhanda lena rialaítear an trádáil dhigiteach. Is éard atá sa Chomhaontú maidir le Ríomhthráchtáil: (1) disciplíní éascaithe trádála a bhféadfadh trádáil dhigiteach níos rianúla a bheith mar thoradh orthu laistigh de thíortha agus thar theorainneacha araon (e.g. forálacha maidir le trádáil gan pháipéar, conarthaí leictreonacha, fíordheimhniú leictreonach agus sínithe leictreonacha); (2) forálacha chun muinín tomhaltóirí agus gnólachtaí araon as an timpeallacht trádála digití a fheabhsú (e.g. forálacha maidir le teachtaireachtaí tráchtála leictreonacha gan iarraidh, cosaint tomhaltóirí ar líne, cibearshlándáil, nó rochtain oscailte ar an idirlíon); agus (3) forálacha lena gcruthaítear timpeallacht trádála digití idirnáisiúnta níos iontaofa, lena n-éascaítear rochtain leanúnach tomhaltóirí agus cuideachtaí ar an idirlíon agus ar sheirbhísí leictreonacha ar phraghsanna inacmhainne (e.g. forálacha maidir le híocaíochtaí leictreonacha nó seirbhísí teileachumarsáide). Áirítear leis an gComhaontú freisin toirmeasc buan ar dhleachtanna custaim ar tharchuir leictreonacha, rud a bhfuil tábhacht mhór tráchtála ag baint leis agus ar príomhthosaíocht é do thionscal an Aontais. Ar deireadh, tá comhpháirt um fhorbairt sa Chomhaontú, arb é is aidhm di rannpháirtíocht tomhaltóirí agus cuideachtaí ó thíortha i mbéal forbartha sa trádáil dhigiteach a chumasú agus a éascú.
Tá na forálacha uile atá sa Chomhaontú comhsheasmhach le acquis an Aontais agus ní éileoidh siad aon iarracht cur chun feidhme ón Aontas toisc go bhforáiltear dóibh go hiomlán cheana féin i ndlí an Aontais agus na mBallstát.
Tá an Comhaontú maidir le Ríomhthráchtáil le bheith ina chuid de chreat dlíthiúil EDT mar chomhaontú ilpháirtithe, atá i gceangal go foirmiúil le hIarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT. Tá sé beartaithe ag Comhaltaí rannpháirteacha de EDT iarraidh fhoirmiúil a chur faoi bhráid Chomhairle Ghinearálta EDT faoi mhí Feabhra 2025, ag féachaint leis an gComhaontú maidir le Ríomhthráchtáil a ionchorprú faoi Iarscríbhinn 4 i gcomhréir le hAirteagal X:9 de Chomhaontú EDT. De réir Airteagal X:9, ní mór don Chomhairle Ghinearálta cinneadh maidir le haon ní a chuirtear le hIarscríbhinn 4 a dhéanamh ‘trí chomhdhearcadh, agus trí chomhdhearcadh amháin’.
Ar mhaithe le soiléireacht níos fearr, ní bhaineann an Cinneadh seo ach le cead a thabhairt don Aontas Eorpach a bheith páirteach i gcomhdhearcadh maidir le hionchorprú dlíthiúil an Chomhaontaithe maidir le Ríomhthráchtáil in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT. Ní bhaineann an togra seo leis an Aontas an Comhaontú maidir le Ríomhthráchtáil a ghlacadh go foirmiúil.. Chun na críche sin, eiseoidh an Coimisiún togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena dtugtar an Comhaontú maidir le Ríomhthráchtáil i gcrích de bhun Airteagal 218(6) CFAE tar éis don Chomhaontú maidir le Ríomhthráchtáil a bheith curtha le hIarscríbhinn 4 de Chomhaontú EDT agus a dhearbhú go bhfuil sé oscailte lena ghlacadh.
2.4.
Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Sa teachtaireacht uaidh maidir le hAthbhreithniú ar an mBeartas Trádála – Beartas Trádála atá Oscailte, Inbhuanaithe agus Teanntásach, d’fhógair an Coimisiún mar a leanas: ‘Caithfear rialacha EDT a chur i gcomhréir le fírinne gheilleagrach agus trádála sa 21ú haois. Go bunúsach, ba cheart tosaíocht a thabhairt do rialacha EDT a nuachóiriú i leith ríomhthráchtála, éascú infheistíochta, rialáil intíre seirbhísí agus ról an stáit sa gheilleagar, lena n áirítear maidir le fóirdheontais.’
Tá an gníomh atá beartaithe i gcomhréir leis an Teachtaireacht sin mar is céim riachtanach nós imeachta é faoi rialacha EDT an Comhaontú maidir le Ríomhthráchtáil a ionchorprú i rialacha EDT.
2.5.
Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an gníomh atá beartaithe i gcomhréir le beartais eile de chuid an Aontais, agus go háirithe le beartais an Aontais maidir leis an margadh inmheánach agus le comhar um fhorbairt.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Is é is cuspóir don togra seo é a chur ar a chumas don Aontas páirt a ghlacadh i gcomhdhearcadh a d’fhéadfaí a bhaint amach ag Comhairle Ghinearálta na hEagraíochta Domhanda Trádála níos déanaí maidir le glacadh an ghnímh atá beartaithe.
Cé nach bhfuil sé soiléir go fóill an mbeidh Comhaltaí EDT in ann teacht ar chomhdhearcadh faoin ngníomh atá beartaithe, nó a mhéid a bheidh siad in ann teacht air, ní mór don Chomhairle seasamh an Aontais a shocrú roimh ré de bhun Airteagal 218(9) CFAE.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht í Comhairle Ghinearálta EDT, a bunaíodh le comhaontú, mar atá Comhaontú EDT, a bhfuil sé d’údarás aige, de réir Airteagal IV:2 de Chomhaontú EDT, cinntí a dhéanamh maidir le haon ábhar a chumhdaítear faoi aon cheann de na comhaontuithe trádála iltaobhacha, lena n-áirítear cinntí a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo.
Na gníomhartha atá beartaithe a luaitear thuas, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo ós rud é go bhféadfaidís difear a dhéanamh do chearta agus d’oibleagáidí an Aontais de bhua an dlí idirnáisiúnta.
Na gníomhartha atá beartaithe, ní gníomhartha iad lena ndéantar creat institiúideach Chomhaontú EDT a fhorlíonadh ná a leasú.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh-chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Baineann príomhchuspóir agus inneachar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 CFAE bunús dlí substainteach leis an gcinneadh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagal 207 CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith ina bhunús dlí leis an gcinneadh atá beartaithe.
2025/0015 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála maidir leis an gComhaontú maidir le Ríomhthráchtáil a chur leis an gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an [dáta na tuairime],
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Is le Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 a rinne an tAontas Comhaontú Marrakech a thabhairt i gcrích, comhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘Comhaontú EDT’), agus tháinig an cinneadh sin i bhfeidhm an 1 Eanáir 1995.
(2)De bhun Airteagail X:9 de Chomhaontú EDT, féadfaidh Comhairle Ghinearálta na hEagraíochta Domhanda Trádála (‘EDT’) cinneadh a ghlacadh trí chomhdhearcadh chun comhaontú a chur le hIarscríbhinn 4 de Chomhaontú EDT.
(3)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Ghinearálta a bhunú, ós rud é go mbeidh na cinntí ina gceangal ar an Aontas.
(4)Cuireadh tús foirmiúil leis an gcaibidlíocht i dtreo an Chomhaontaithe maidir le Ríomhthráchtáil i mí Eanáir 2019. Rinne an Coimisiún an chaibidlíocht thar ceann an Aontais. Tháinig Comhaltaí rannpháirteacha EDT ar théacs cobhsaithe den Chomhaontú maidir le Ríomhthráchtáil an 26 Iúil 2024.
(5)Tá sé beartaithe ag Comhaltaí EDT atá rannpháirteach sa chaibidlíocht i dtreo an Chomhaontaithe maidir le Ríomhthráchtáil iarraidh fhoirmiúil a chur faoi bhráid Chomhairle Ghinearálta EDT, ag féachaint leis an gComhaontú maidir le Ríomhthráchtáil a ionchorprú faoi Iarscríbhinn 4 i gcomhréir le hAirteagal X:9 de Chomhaontú EDT. Ba cheart don Aontas páirt a ghlacadh san iarraidh sin mar réamhbheart i dtreo cinneadh féideartha de chuid na Comhairle Ginearálta,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag Comhairle Ghinearálta EDT, is éard a bheidh ann:
Páirt a ghlacadh sa chomhdhearcadh a thiocfar air i measc Chomhaltaí EDT d’fhonn an Comhaontú maidir le Ríomhthráchtáil a chur le hIarscríbhinn 4 de Chomhaontú EDT.
Airteagal 2
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán