AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,3.2.2025
COM(2025) 27 final
2025/0012(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/196 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2018 maidir le dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Is é is aidhm don togra seo Rialachán (AE) 2018/196 a leasú lena n-áirítear tairseach de minimis le haghaidh forchur frithbheart a chuirtear i bhfeidhm i ndáil le díospóid EDT faoi Acht na bliana 2000 de chuid na Stát Aontaithe maidir le Dumpáil Leanúnach agus Fóirdheontas a Fhritháireamh [the Continued Dumping and Subsidy Offset Act] (‘CDSOA’ nó Leasú Byrd). Féachann sé freisin leis an rialachán a ailíniú leis an méid dá bhforáiltear sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
Le CDSOA tugtar sainordú maidir le dáileadh bliantúil na ndleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh a bailíodh le linn na bliana fioscaí roimhe sin ar chuideachtaí na Stát Aontaithe. Cinneadh go raibh CDSOA ar neamhréir le oibleagáidí EDT na Stát Aontaithe i mí Eanáir 2003.
Ós rud é nach gcomhlíonann na Stáit Aontaithe a n-oibleagáidí faoi chomhaontuithe EDT go fóill, údaraíodh an tAontas le dleacht bhreise ar allmhairí a fhorchur sa bhreis ar dhleachtanna custaim ceangailte ar liosta táirgí ó na Stáit Aontaithe lena gcumhdaítear ar bhonn bliantúil luach iomlán trádála nach mó na 72 % den eisíocaíocht ó CDSOA ó dhleachtanna a bailíodh ar allmhairí ón Aontas le haghaidh na bliana is déanaí a bhfuil sonraí ar fáil ina leith. Ó bhí an 1 Bealtaine 2005 ann, cuireann an tAontas dleacht chustaim bhreise ad valorem i bhfeidhm ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh na Stát Aontaithe ar bhonn bliantúil, agus coigeartaíonn sé leibhéal an fhrithbhirt go comhréireach leis an méid a eisíocadh as dleachtanna a bailíodh ar tháirgí de chuid an Aontais le linn an dáilte is déanaí.
I bhfianaise an lín mhóir modhnuithe a rinneadh ar an mbunús dlí tosaigh (i.e. Rialachán (CE) Uimh. 673/2005 ón gComhairle) trí ghníomhartha tarmligthe, rinneadh próiseas códúcháin i mí Feabhra 2018. Ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle leagan códaithe den bhunús dlí, is é sin Rialachán (AE) 2018/196, an 7 Feabhra 2018.
Tríd an bhfoirmle shainordaithe a chur i bhfeidhm maidir leis an dáileadh is déanaí ó CDSOA i leith na ndleachtanna frithdhumpála agus frith‑fhóirdheontais a bailíodh le linn na Bliana Fioscaí 2023 (1 Deireadh Fómhair 2022 – 30 Meán Fómhair 2023), bhí USD 34,98 i gceist leis an leibhéal frithbhirt a mbeadh feidhm aige ón 1 Bealtaine 2024 dá bharr. Ba laghdú suntasach é an leibhéal frithbhirt USD 34,98 sin i gcomparáid leis an leibhéal frithbhirt roimhe sin agus bhí sé diomaibhseach ó thaobh an gheilleagair de. Mar thoradh air sin chuirfí arbhar milis, frámaí agus gléasadh le haghaidh spéaclaí, leoraithe craenacha agus éadaí áirithe do mhná nó do chailíní i ndeinim de thionscnamh na Stát Aontaithe faoi réir ráta dleachta breise ad valorem 0.00002 % ón 1 Bealtaine 2024 ar aghaidh. Ós rud é nach mbeadh aon tionchar trádála ag dleacht chomh híseal sin a chur i bhfeidhm agus go bhforchuirfí costas riaracháin díréireach ar an Aontas dá bharr, socraíodh an ráta breise dleachta ón 1 Bealtaine 2024 ag 0 % le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1239 ón gCoimisiún. Chun an dleacht a shocrú ag 0 % agus chun na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar an gCoimisiún leis an mbun-Rialachán a urramú, b’éigean do Rialachán Tarmligthe teacht i bhfeidhm.
Aisghaireadh Leasú Byrd in 2006, ach chruthaigh na Stáit Aontaithe idirthréimhse trína leanfaí le heisíocaíochtaí chomh fada agus a bhaineann siad le dleachtanna a bailíodh roimh an 1 Deireadh Fómhair 2007. Ós rud é go bhfuil an fhoirmle shainordaithe bunaithe ar mhéid na n-eisíocaíochtaí a rinneadh in aon bhliain fhioscach amháin agus gur leachtaíodh na hallmhairí deireanacha atá fós faoi réir CDSOA sa Bhliain Fhioscach 2023, meastar go leanfaidh an leibhéal údaraithe frithbhirt de bheith íseal amach anseo agus go rachaidh sé i dtreo ídithe. Mar sin féin, ní féidir a chinneadh cathain a thiocfaidh deireadh leis an bpróiseas dáileacháin, toisc go bhfuiltear ag súil fós go ndéanfar eisíocaíochtaí a bhaineann leis na hallmhairí deiridh sin agus leis na méideanna atá i seilbh agus dlíthíocht ar feitheamh ina leith.
Ní úsáid éifeachtúil acmhainní é Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún a ghlacadh gach bliain, fiú nuair atá frithbheart diomaibhseach. Dá bhrí sin, chun éifeachtúlacht agus comhréireacht a chur chun cinn, ba cheart tairseach de minimis nár cheart dleachtanna allmhairiúcháin breise a fhorchur faoina bun a chur le Rialachán (AE) 2018/196. Ba cheart an tairseach sin a shocrú ag USD 30 000 d’eisíocaíochtaí CDSOA arna ndéanamh ag údaráis na Stát Aontaithe i ndáil le hallmhairí an Aontais in aon bhliain fhioscach amháin (a d’fhreagródh do leibhéal údaraithe frithbhirt USD 21 600).
Dá gcoimeádfaí an liosta earraí atá ann faoi láthair in Iarscríbhinn I, bheadh ráta breise dleachta thart ar 0.01 % ann mar thoradh ar eisíocaíocht USD 30 000. Dealraíonn sé nach bhfuil dleachtanna custaim breise cothrom le 0.01 % nó faoina bhun a mbeadh feidhm acu in éagmais foráil de minimis ar an líon beag línte taraife atá san áireamh faoi láthair in Iarscríbhinn I ina n-údar leis na costais riaracháin a thabhódh an tAontas dá bhforchuirfí na dleachtanna sin. Faoi bhun na tairsí sin, níl aon tionchar ag na dleachtanna ar thrádáil agus, dá bhrí sin, tá siad diomaibhseach ó thaobh na heacnamaíochta de.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra comhsheasmhach le beartas trádála an Aontais atá ann cheana a mhéid a chaomhnaítear leis cearta an Aontais faoi dhlí EDT agus úsáid éifeachtúil acmhainní an Aontais á háirithiú san am céanna.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra comhsheasmhach le beartais an Aontais a fhéachann le húsáid níos éifeachtúla a bhaint as acmhainní daonna agus riaracháin.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•An bunús dlí
Is é Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí atá leis an Leasú seo ar an Rialachán.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Sainítear an comhbheartas tráchtála mar inniúlacht eisiach de chuid an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 3(1), pointe (e) CFAE. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.
•Comhréireacht
Tá an togra seo comhréireach toisc go bhfuil gá leis chun a áirithiú go mbainfear úsáid éifeachtúil as acmhainní an Aontais. Ní úsáid éifeachtúil acmhainní é Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún a ghlacadh nuair atá frithbheart diomaibhseach.
•An rogha ionstraime
Tá an togra seo i gcomhréir le hAirteagal 207(2) CFAE, lena bhforáiltear maidir le bearta comhbheartais tráchtála.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Neamhbhainteach.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Neamhbhainteach.
•Measúnú tionchair
Níl measúnú tionchair ag gabháil leis an togra reachtach. Tá sé sin i gcomhréir leis an mbosca uirlisí um rialáil níos fearr, lena ndéantar foráil go bhféadfadh sé nach mbeadh gá le measúnú tionchair i gcás ‘tionscnaimh bheartais lena mbeartaítear athruithe teoranta bunaithe ar mheastóireacht chuimsitheach, ar meastóireacht í lenar sainaithníodh go soiléir na leasuithe ba ghá a dhéanamh ar bheartas nó ar reachtaíocht’. Measann an Coimisiún go gcomhlíonann an rialachán atá beartaithe na critéir sin.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Ní chuireann an beart seo le hualach rialála cuideachtaí.
•Cearta bunúsacha
Níl aon iarmhairtí ag an togra seo maidir le cosaint na gceart bunúsach.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Aon uair a bheadh feidhm ag de minimis, chaillfeadh an tAontas Eorpach uasmhéad de USD 21 600 (arb é an leibhéal údaraithe frithbhirt é a chomhfhreagraíonn do USD 30 000 d’eisíocaíochtaí a bhaineann le CDSOA) d’ioncam custaim in aon bhliain fhioscach amháin. Ar an taobh eile, ní bhainfí úsáid as na hacmhainní daonna agus riaracháin is gá chun an dleacht chustaim bhreise a choigeartú agus a fhorchur. Dá bhrí sin, is beag tionchar a bheidh aige sin ar acmhainní dílse an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Níl sé beartaithe.
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
Neamhbhainteach.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Tugtar isteach leis an togra seo tairseach de minimis nár cheart dleachtanna allmhairiúcháin breise a fhorchur faoina bun. Ba cheart an tairseach sin a shocrú ag USD 30 000 d’eisíocaíochtaí ábhartha arna ndéanamh ag údaráis na Stát Aontaithe in aon bhliain fhioscach amháin. Dá gcoimeádfaí an liosta earraí atá ann faoi láthair in Iarscríbhinn I, bheadh ráta breise dleachta thart ar 0.01 % ann mar thoradh ar eisíocaíocht USD 30 000. Dealraíonn sé nach bhfuil dleachtanna custaim breise cothrom le 0.01 % nó faoina bhun a mbeadh feidhm acu in éagmais foráil de minimis ar an líon beag línte taraife atá san áireamh faoi láthair in Iarscríbhinn I ina n-údar leis na costais riaracháin a thabhódh an tAontas dá bhforchuirfí na dleachtanna sin. Faoi bhun na tairsí sin, níl aon tionchar ag na dleachtanna ar thrádáil agus, dá bhrí sin, tá siad diomaibhseach ó thaobh na heacnamaíochta de.
Thairis sin, leis an togra seo déantar teanga Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2018/196 a choigeartú chun í a ailíniú leis na clásail chaighdeánacha atá sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
2025/0012 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/196 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2018 maidir le dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An 27 Eanáir 2003, ghlac Comhlacht um Réiteach Díospóide na hEagraíochta Domhanda Trádála (‘EDT’) an tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc agus an tuarascáil ón bPainéal, arna dearbhú sa tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc, ina bhfuarthas nach raibh an tAcht maidir le Dumpáil Leanúnach agus Fóirdheontas a Fhritháireamh (the Continued Dumping and Subsidy Offset Act) (‘CDSOA’) i gcomhréir le hoibleagáidí Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi chomhaontuithe EDT.
(2)Ós rud é gur mhainnigh na Stáit Aontaithe a reachtaíocht a thabhairt i gcomhréir leis na comhaontuithe EDT, d'iarr an Comhphobal Eorpach (“Comhphobal”) ar an gComhlacht um Réiteach Díospóidí an t-údarás a thabhairt dó cur i bhfeidhm a lamháltas taraife agus a n-oibleagáidí lena mbaineann faoin gComhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (“CGTT”) 1994 a chur ar fionraí i leith na Stát Aontaithe. Chuir na Stáit Aontaithe in aghaidh leibhéal fionraí na lamháltas taraife agus na n-oibleagáidí lena mbaineann, agus cuireadh an t-ábhar chun eadrána.
(3)Chinn an tEadránaí, an 31 Lúnasa 2004, gurbh ionann an leibhéal neamhnithe nó lagaithe a bhain don Chomhphobal gach bliain agus 72 % de mhéid eisíocaíochtaí an CDSOA a bhaineann le dleachtanna frithdhumpála nó frithchúitimh arna n-íoc ar allmhairí ón gComhphobal i leith na bliana is déanaí a raibh sonraí ina leith ar fáil an tráth sin, arna bhfoilsiú ag údaráis na Stát Aontaithe. Maidir le lamháltais nó oibleagáidí eile a chuir an Comhphobal ar fionraí i bhfoirm forchur dleachta breise ar allmhairí de bhreis ar dhleachtanna custaim ceangailte ar liosta táirgí de thionscnamh na Stát Aontaithe, nach mó a méid trádála bliantúil ná an méid neamhnithe nó lagaithe, ba é tátal an Eadránaí go mbeadh an fhionraí sin i gcomhréir le rialacha EDT. An 26 Samhain 2004, thug an Comhlacht um Réiteach Díospóidí an t-údarú cur i bhfeidhm na lamháltas taraife agus na n-oibleagáidí lena mbaineann faoi CGTT 1994 a chur ar fionraí i leith na Stát Aontaithe i gcomhréir le cinneadh an Eadránaí.
(4)Toisc nár chuir na Stáit Aontaithe CDSOA i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoi chomhaontuithe EDT, de bhun Rialachán (AE) 2018/196 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, forchuireadh dleacht chustaim bhreise ad valorem 4,3 % ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh na Stát Aontaithe. I gcomhréir leis an údarú ó EDT cur i bhfeidhm na lamháltas maidir leis na Stáit Aontaithe a chur ar fionraí, coigeartóidh an Coimisiún leibhéal na fionraíochta go bliantúil de réir leibhéal an neamhnithe nó an lagaithe a imríonn CDSOA ar an Aontas an tráth sin.
(5)Le blianta beaga anuas, tá laghdú tagtha ar leibhéal an neamhnithe nó an lagaithe a bhain don Aontas ar bhonn na sonraí a d’fhoilsigh Roinn Cosanta Teorann agus Custaim na Stát Aontaithe. Mar shampla, in 2024, ríomhadh é ag USD 34,98, rud a d’fhág go raibh ráta dleachta breise ar allmhairí de 0.00002 % ann. Ós rud é nach mbeadh aon éifeacht trádála ag bailiú na dleachta breise sin ar allmhairí ach go mbeadh costas riaracháin díréireach ar an Aontas mar thoradh air, socraíodh ráta na dleachta allmhairiúcháin breise ag 0 % le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1239 ón gCoimisiún, lenar leasaíodh Rialachán (AE) 2018/196 dá réir.
(6)Ós rud é gur aisghaireadh an CDSOA go héifeachtach an 1 Deireadh Fómhair 2007, táthar ag súil go bhfanfaidh leibhéal an neamhnithe nó an lagaithe agus, dá bhrí sin, leibhéal na fionraí ag an leibhéal laghdaithe suntasach sin agus leibhéal diomaibhseach ó thaobh an gheilleagair de.
(7)Chun próisis éifeachtúla a áirithiú agus costais riaracháin dhíréireacha don Aontas a sheachaint, ba cheart Rialachán (AE) 2018/196 a leasú trí thairseach de minimis a chur san áireamh nár cheart aon dleacht bhreise ar allmhairí a fhorchur faoina bun.
(8)Ba cheart an tairseach de minimus a shocrú ag USD 30 000 le haghaidh na n-eisíocaíochtaí faoi CDSOA a bhaineann le dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh arna n-íoc ar allmhairí ón Aontas i leith na bliana is déanaí a bhfuil sonraí ina leith ar fáil an tráth sin, mar atá foilsithe ag údaráis na Stát Aontaithe (Roinn Cosanta Teorann agus Custaim na Stát Aontaithe). Faoi bhun na tairsí sin, ní bheadh aon tionchar trádála ag an dleacht bhreise ar allmhairí, mar thoradh ar an bhfoirmle a shainordaítear le húdarú EDT, agus dá bhrí sin bheadh sí diomaibhseach ó thaobh na heacnamaíochta de. Bheadh costais riaracháin dhíréireacha ar an Aontas dá bharr freisin.
(9)Ina theannta sin, ba cheart Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2018/196 a leasú agus a ailíniú leis na clásail chaighdeánacha atá sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
(10)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2018/196 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/196
Leasaítear Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/196 mar a leanas:
(1)Cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
4. D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, cuirfear cur i bhfeidhm na dleachta breise ar fionraí más USD 30 000 nó níos lú méid na n-eisíocaíochtaí faoi CDSOA a bhaineann le dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh arna n-íoc ar allmhairí ón Aontas i leith na bliana is déanaí a bhfuil sonraí ina leith ar fáil an tráth sin, mar atá foilsithe ag údaráis na Stát Aontaithe.
(2)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte de mhír 3:
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 4 chun na coigeartuithe agus na leasuithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH ‘IONCAM’ - LE hAGHAIDH TOGRAÍ A bhFUIL TIONCHAR BUISÉADACH ACU AR THAOBH AN IONCAIM DEN BHUISÉAD
1.AINM AN TOGRA:
Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/196 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2018 maidir le dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá
2.LÍNTE BUISÉID:
Líne ioncaim (Caibidil/Airteagal/Ítim): Caibidil 12, Airteagal 120
An méid arna bhuiséadú le haghaidh 2025: EUR 21 082 004 566
(i gcás ioncaim shannta amháin):
Sannfar na hioncaim don líne chaiteachais seo a leanas (Caibidil/Airteagal/Ítim): neamhbhainteach
3.TIONCHAR AIRGEADAIS
X
Ní bheidh aon impleacht airgeadais ag an togra
◻
Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra ar chaiteachas ach beidh tionchar airgeadais aige ar ioncam
◻
Beidh tionchar airgeadais ag an togra ar ioncam sannta
Is mar a leanas atá an éifeacht:
|
Líne ioncaim
|
An tionchar ar ioncam
|
Tréimhse XX mí dar tús ll/mm/bbbb (más infheidhme)
|
Bliain N
|
|
Caibidil 12/Airteagal 120
|
neamhbhainteach
|
neamhbhainteach
|
|
|
Staid tar éis na gníomhaíochta
|
|
Líne ioncaim
|
2026
|
2027
|
2029
|
2029
|
2030
|
|
Caibidil 12/Airteagal 120
|
neamhbhainteach
|
neamhbhainteach
|
neamhbhainteach
|
neamhbhainteach
|
neamhbhainteach
|
(I gcás ioncaim shannta amháin, ar choinníoll gur fios an líne bhuiséid cheana féin):
|
Líne chaiteachais
|
Bliain N
|
Bliain N+1
|
|
Caibidil/Airteagal/Ítim …
|
|
|
|
Caibidil/Airteagal/Ítim …
|
|
|
|
Líne chaiteachais
|
[N+2]
|
[N+3]
|
[N+4]
|
[N+5]
|
|
Caibidil/Airteagal/Ítim …
|
|
|
|
|
|
Caibidil/Airteagal/Ítim …
|
|
|
|
|
4.BEARTA FRITHCHALAOISE
neamhbhainteach
5.BARÚLACHA EILE
Ba é seo a leanas an modh a úsáideadh chun meastachán a dhéanamh ar an tionchar ar ioncam:
a.Leis an togra reachtach, tugtar isteach de minimis USD 30 000 d’eisíocaíochtaí ábhartha na Stát Aontaithe.
b.Comhfhreagraíonn USD 30 000 d’eisíocaíochtaí ábhartha na Stát Aontaithe do leibhéal údaraithe dleachtanna breise USD 21 600.
c.Dá bhrí sin, mura gcomhlíonfaí an tairseach de minimis, is é USD 21 599 an caillteanas ioncaim is airde a d’fhéadfadh a bheith ann in aon bhliain fhioscach amháin.
d.Asbhaineadh 25 % den mhéid sin (méid a bhaileofaí mar dhleacht chustaim murach sin) le haghaidh costais bhailiúcháin, rud a raibh USD 16 199,25 mar thoradh air.
e.Rinneadh an méid a tháinig as sin a chomhshó ina euro ansin (ráta comhshó an 26/12/2024), rud a d’fhág go raibh EUR 15.586,69 ann.
Ós rud é gur diomaibhseach an tionchar uasta a d’fhéadfadh a bheith ag ioncam (i.e., EUR 15,586.69), meastar nach bhfuil aon tionchar airgeadais ag an togra.