AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,31.1.2025
COM(2025) 23 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Trádála Digití idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór
IARSCRÍBHINN
COMHAONTÚ MAIDIR LE TRÁDÁIL DHIGITEACH
IDIR
AN tAONTAS EORPACH
AGUS
POBLACHT SHINGEAPÓR
Brollach
Tá an tAontas Eorpach, dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta,
agus
Poblacht Shingeapór, dá ngairtear ‘Singeapór’ anseo feasta,
dá ngairtear na ‘Páirtithe’ le chéile agus ‘Páirtí’ ina n‑aonar anseo feasta,
AG CUR DÓIBH lena gcomhpháirtíocht láidir agus bhuan sheasta, atá bunaithe ar na prionsabail agus luachanna coiteanna a léirítear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht Shingeapór, den pháirt eile, arna dhéanamh sa Bhruiséil, an Bheilg, an 19 Deireadh Fómhair 2018 (dá ngairtear an ‘Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair’ anseo feasta), trí éifeacht a thabhairt dá fhorálacha maidir le trádáil;
ÓS MIAN LEO an limistéar saorthrádála a bhunaítear leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór, arna dhéanamh sa Bhruiséil, an Bheilg, an 19 Deireadh Fómhair 2018 (dá ngairtear an ‘Comhaontú Saorthrádála’ anseo feasta) a dhoimhniú;
Á AITHINT DÓIBH an Comhpháirtíocht Dhigiteach idir an tAontas Eorpach agus Singeapór (dá ngairtear an ‘Comhpháirtíocht Dhigiteach’ anseo feasta), arna síniú an 1 Feabhra 2023, mar thionscnamh chun comhar idir an tAontas agus Singeapór a chur chun cinn, i réimsí éagsúla den gheilleagar digiteach agus chun deiseanna a chruthú le haghaidh tionscnaimh chomhpháirteacha agus iarrachtaí i réimsí nua den gheilleagar digiteach agus i réimsí den gheilleagar digiteach atá ag teacht chun cinn;
Á AITHINT DÓIBH na Prionsabail Trádála Digití idir an tAontas Eorpach agus Singeapór , arna síniú an 1 Feabhra 2023, mar cheann de phríomhspriocanna na Compháirtíochta Digití, lena léirítear tiomantas comhpháirteach na bPáirtithe do gheilleagar digiteach oscailte agus lena soláthraítear creat comhchoiteann chun an trádáil dhigiteach a threisiú;
Agus é á aithint acu a thábhachtaí atá an geilleagar digiteach agus an trádáil dhigiteach, agus go mbraitheann an ráth eacnamaíoch leanúnach ar chumas an dá Pháirtí le chéile leas a bhaint as dul chun cinn teicneolaíoch chun feabhas a chur ar ghnólachtaí atá ann cheana, chun táirgí nua agus margaí nua a chruthú, agus chun an saol laethúil a fheabhsú;
Á AITHINT DÓIBH na deiseanna eacnamaíocha agus an rochtain níos leithne ar earraí agus seirbhísí le haghaidh gnólachtaí agus tomhaltóirí a eascraíonn ón ngeilleagar digiteach agus an trádáil dhigiteach;
AR A BHEITH BEARTAITHE ACU a gcaidreamh eacnamaíoch a dhoimhniú i réimsí nua agus i réimsí atá ag teacht chun cinn, i gcomhthéacs a gcaidrimh trádála fabhraí déthaobhaigh;
ÓS MIAN LEO a gcaidreamh trádála fabhraí déthaobhach a neartú mar chuid dá gcaidreamh foriomlán agus ar bhealach atá comhleanúnach leis, agus é á aithint acu go gcruthófar timpeallacht nua agus limistéar saorthrádála nua leis an gComhaontú seo in éineacht leis an gComhaontú Saorthrádála lena gcothófar forbairt na trádála digití idir na Páirtithe;
Á AITHINT DÓIBH a thábhachtaí atá sé oibriú i dteannta a chéile chun rialacha agus caighdeáin dhigiteacha a mhúnlú, agus chun an idir-inoibritheacht a éascú ar bhealach iontaofa agus slán, agus timpeallachtaí rialála oscailte, trédhearcacha, neamh-idirdhealaitheach agus intuartha a chur chun cinn chun an trádáil dhigiteach a éascú;
AR A BHEITH BEARTAITHE ACU timpeallacht dhigiteach iontaofa agus slán a éascú, timpeallacht dhigiteach lena gcuirtear leasanna an tomhaltóra agus leasanna gnó chun cinn agus lena gcothaítear muinín an phobail;
Á nATHDHEARBHÚ DÓIBH a dtiomantas do phrionsabail na forbartha inbhuanaithe sa Chomhaontú Saorthrádála, agus an fhís chéanna acu maidir leis an trádáil dhigiteach mar phríomhchumasóir na forbartha inbhuanaithe, ina ngnéithe eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil;
Á AITHINT DÓIBH go gcuireann an trádáil dhigiteach le claochlú glas agus claochlú digiteach ár ngeilleagar, agus á gcur san áireamh dá bhrí sin gur cheart na rialacha maidir leis an trádáil dhigiteach a bheith slán i bhfad na haimsire agus freagrúil don nuálaíocht agus do theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn;
Á AITHINT DÓIBH go dtacaíonn an trádáil dhigiteach leis an bhfiontraíocht agus go gcumhachtaíonn sí daoine agus gnólachtaí den uile mhéid sa gheilleagar domhanda trí fheabhas a chur ar an idir-inoibritheacht, an nuálaíocht, an iomaíocht agus an rochtain ar fhaisnéis agus teicneolaíochtaí faisnéise, go háirithe le haghaidh fiontraithe ar mná iad agus le haghaidh micrifhiontar agus fiontair bheaga agus mheánmhéid, agus an cuimsiú digiteach a chur chun cinn aici maidir le grúpaí agus daoine aonair a bhféadfadh bacainní díréireacha ar an trádáil dhigiteach a bheith rompu;
‑Á aithint dóibh a nidirthuilleamaíocht maidir le hábhair a bhaineann leis an ngeilleagar digiteach agus, ina gcáil mar chuid de na príomhgheilleagair ar líne, an leas don dá thaobh a bhaineann le cosaint an bhonneagair chriticiúil agus le hidirlíon sábháilte agus iontaofa a áirithiú lena dtacaítear leis an nuálaíocht agus leis an bhforbairt eacnamaíoch agus shóisialta;
Á AITHINT DÓIBH a thábhachtaí atá trédhearcacht sa trádáil idirnáisiúnta agus infheistíocht, rud atá chun leasa na bpáirtithe leasmhara uile;
AG FÉACHAINT DÓIBH le creat nua-aimseartha agus dinimiciúil le haghaidh comhair a bhunú, creat a fhreagraíonn don gheilleagar digiteach agus don trádáil dhigiteach atá mear agus athraitheach;
Á nATHDHEARBHÚ DÓIBH a gceart chun rialála laistigh dá gcríocha chun cuspóirí beartais dlisteanacha a bhaint amach;
Á gComhlánú dóibh róil cheannaireachta idirnáisiúnta agus réigiúnacha na bPáirtithe agus tagarmharcanna, rialacha agus caighdeáin uaillmhianacha á saothrú acu le haghaidh an gheilleagair dhigitigh agus na trádála digití;
AG ATHDHEARBHÚ DÓIBH a dtiomantas do Chairt na Náisiún Aontaithe arna síniú in San Francisco an 26 Meitheamh 1945 agus ag féachaint do na prionsabail a chuirtear in iúl i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, arna ghlacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 10 Nollaig 1948;
AG CUR DÓIBH lena gcearta agus a n‑oibleagáidí féin faoin gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (dá ngairtear ‘Comhaontú EDT’ anseo feasta), arna dhéanamh ag Marrakech, Maracó, an 15 Aibreán 1994, agus faoi chomhaontuithe iltaobhacha agus déthaobhacha eile agus ionstraimí comhair eile a bhaineann leis an trádáil dhigiteach agus an geilleagar digiteach agus a bhfuil na Páirtithe ina bpáirtithe iontu,
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
CAIBIDIL A hAON
FORÁLACHA GINEARÁLTA
AIRTEAGAL 1
Cuspóir
Is é cuspóir an Chomhaontaithe seo an trádáil dhigiteach in earraí agus seirbhísí idir na Páirtithe a éascú i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo. Cuirfear an Comhaontú seo i bhfeidhm faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair agus, in éineacht leis an gComhaontú Saorthrádála, cruthaítear leis an limistéar saorthrádála i gcomhréir le hAirteagal XXIV (Cur i bhFeidhm Críochach _ Trácht Teorann _ Aontais Chustaim agus Limistéir Shaortrádála) den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil 1994 (dá ngairtear ‘CGTT 1994’ anseo feasta) agus Airteagal V (Comhtháthú Eacnamaíoch) den Chomhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí.
AIRTEAGAL 2
Raon feidhme
1.Tá feidhm ag an gComhaontú seo maidir le bearta Páirtí a dhéanann difear do thrádáil a chumasaítear trí mhodh leictreonach.
2.Níl feidhm ag an gComhaontú seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a)seirbhísí closamhairc;
(b)seirbhísí craolacháin;
(c)faisnéis a choinníonn nó a phróiseálann Páirtí, nó a choinnítear nó a phróiseáiltear thar a cheann, nó bearta a bhaineann le faisnéis den sórt sin, lena n‑áirítear bearta a bhaineann lena bailiú, a stóráil nó a próiseáil, seachas mar a fhoráiltear in Airteagal 16 (Sonraí Oscailte Rialtais).
4.Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, beart a dhéanann difear do sholáthar seirbhíse a sholáthraítear nó a dhéantar go leictreonach, tá sé faoi réir na n‑oibleagáidí atá i bhforálacha ábhartha de Chaibidil a hOcht den Chomhaontú Saorthrádála, lena n‑áirítear Iarscríbhinn 8-A agus Iarscríbhinn 8-B den Chomhaontú Saorthrádála, agus aon eisceacht is infheidhme maidir leis na hoibleagáidí sin.
AIRTEAGAL 3
An Ceart chun Rialála
Athdhearbhaíonn na Páirtithe a gceart chun rialála laistigh dá gcríocha chun cuspóirí beartais dlisteanacha a bhaint amach, mar shampla sláinte phoiblí, seirbhísí sóisialta, oideachas poiblí, sábháilteacht, an comhshaol nó an mhoráltacht phoiblí a chosaint, cosaint shóisialta nó tomhaltóirí, cosaint príobháideachais sonraí, agus éagsúlacht chultúrtha a chur chun cinn agus a chosaint.
AIRTEAGAL 4
Sainmhínithe
Chun críocha an Chomhaontaithe seo:
(a)ciallaíonn ‘teachtaireacht leictreonach tráchtála’ teachtaireacht leictreonach a sheoltar chun críoch tráchtála chuig seoladh ríomhphoist duine trí aon seirbhís teileachumarsáide atá ar fáil don phobal go ginearálta, lena gcuimsítear ar a laghad ríomhphost, teachtaireachtaí téacs agus teachtaireachtaí ilmheán (SMS agus MMS) agus, a mhéid a fhoráiltear faoi dhlíthe nó rialacháin Páirtí, cineálacha eile teachtaireachtaí leictreonacha;
(b)ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gabháil i dtrádáil dhigiteach le haghaidh cuspóirí seachas cuspóirí gairmiúla;
(c)ciallaíonn ‘duine cumhdaithe’, chun críche Airteagal 5 (Sreafaí Sonraí Trasteorann):
(I)duine nádúrtha de chuid Páirtí;
(II)fiontar de chuid Páirtí; nó
(III)cuideachta loingseoireachta atá bunaithe lasmuigh den Aontas nó de Shingeapór, agus atá faoi rialú daoine nádúrtha de Bhallstát den Aontas nó de Shingeapór, ar cuideachta loingseoireachta í a bhfuil a soithigh cláraithe i gcomhréir le reachtaíocht Bhallstát an Aontais lena mbaineann nó reachtaíocht Shingeapór, agus a mbíonn bratach Bhallstát an Aontais nó Shingeapór ar foluain acu.
(d)ciallaíonn ‘ríomh-fhíordheimhniú’ an próiseas nó an gníomh ina fhíoraítear aitheantas páirtí i ríomhchumarsáid nó idirbheart leictreonach nó ina áirithítear sláine ríomhchumarsáide;
(e)ciallaíonn ‘ríomhshonrascadh’ cruthú leictreonach sonraisc go huathoibrithe, próiseáil an sonraisc sin agus a mhalartú idir díoltóir agus ceannaitheoir agus úsáid á baint as formáid sonraí struchtúrtha;
(f)ciallaíonn ‘creat ríomhshonrasctha’ córas lena n‑éascaítear an ríomhshonrascadh;
(g)ciallaíonn ‘ríomhíocaíochtaí’ aistriú éilimh airgeadaíochta ar dhuine ón díoltóir ar aistriú é atá inghlactha don íocaí agus a dhéantar trí mhodh leictreonach ach nach n‑áirítear leis seirbhísí íocaíochta banc ceannais a bhaineann le réiteach idir soláthróirí seirbhísí airgeadais;
(h)ciallaíonn ‘ríomhshíniú’ sonraí i bhfoirm leictreonach atá ina gcuid de theachtaireacht sonraí leictreonacha, nó atá curtha léi nó a bhfuil baint loighciúil acu léi agus a fhéadfar a úsáid chun an sínitheoir a shainaithint maidir leis an teachtaireacht sonraí agus a chuireann in iúl go bhformheasann an sínitheoir an fhaisnéis atá sa teachtaireacht sonraí;
(i)ciallaíonn ‘leagan leictreonach’ de dhoiciméad doiciméad i bhformáid leictreonach a fhorordaíonn Páirtí;
(j)ciallaíonn ‘úsáideoir deiridh’ duine a cheannaíonn seirbhís rochtana idirlín ó sholáthróir seirbhísí rochtana idirlín nó a liostáiltear leis;
(k)ciallaíonn ‘fiontar’ duine dlítheanach nó brainse nó oifig ionadaíoch;
(l)ciallaíonn ‘fiontar de chuid Páirtí’, chun críocha Airteagal 5 (Sreafaí Sonraí Trasteorann), fiontar atá comhdhéanta nó eagraithe ar bhealach eile faoi dhlí de chuid Páirtí agus, i gcás duine dlítheanach, atá ag gabháil d’oibríochtaí gnó substainteacha ar chríoch an Pháirtí sin.;
(m)ciallaíonn ‘seirbhís airgeadais’ seirbhís airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 8.49(2) (Raon Feidhme agus Sainmhínithe), fomhír (a) den Chomhaontú Saorthrádála;
(n)ciallaíonn ‘sonraí rialtais’ sonraí atá faoi úinéireacht nó á gcoimeád ag aon leibhéal rialtais nó ag comhlachtaí neamhrialtasacha i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugann aon leibhéal rialtais dóibh;
(o)ciallaíonn ‘duine dlítheanach’ aon eintiteas dlíthiúil atá comhdhéanta mar is cuí nó atá eagraithe ar bhealach eile faoin dlí is infheidhme, bíodh sin ar mhaithe le brabús nó eile, agus bíodh sé faoi úinéireacht phríobháideach nó faoi úinéireacht rialtais, lena n‑áirítear aon chorparáid, iontaobhas, comhpháirtíocht, comhfhiontar, dílseánacht aonair nó comhlachas;
(p)ciallaíonn ‘beart’ aon bheart a dhéanann Páirtí, cibé acu i bhfoirm dlí, rialacháin, rialach, nós imeachta, chinnidh, gnímh riaracháin nó in aon fhoirm eile;
(q)ciallaíonn ‘bearta Páirtí’ na bearta uile arna nglacadh nó arna gcoinneáil ar bun acu seo a leanas:
(I)rialtais nó údaráis lárnacha, réigiúnacha nó áitiúla; agus
(II)comhlachtaí neamhrialtasacha i bhfeidhmiú cumhachtaí arna dtarmligean ag rialtais nó údaráis lárnacha, réigiúnacha nó áitiúla;
(r)ciallaíonn ‘duine nádúrtha de chuid Páirtí’ náisiúnach de Shingeapór, nó de cheann de Bhallstáit an Aontais, de réir a reachtaíochta féin;
(s)ciallaíonn ‘seirbhís ar líne’ seirbhís a sholáthraítear trí mhodh leictreonach gan na páirtithe a bheith i láthair go comhuaineach;
(t)ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta;
(u)ciallaíonn ‘críoch’ maidir le gach Páirtí an limistéar ina bhfuil feidhm ag an gComhaontú seo i gcomhréir le hAirteagal 43 (Cur i bhFeidhm Críochach);
(v)ciallaíonn ‘teachtaireacht leictreonach tráchtála gan iarraidh’ teachtaireacht leictreonach tráchtála a sheoltar gan toiliú ón bhfaighteoir nó d’ainneoin dhiúltú sainráite an fhaighteora;
(w)ciallaíonn ‘EDT’ an Eagraíocht Dhomhanda Trádála.
CAIBIDIL A DÓ
DISCIPLÍNÍ TRÁDÁLA DIGITÍ
ROINN A
SREAFAÍ SONRAÍ A bhFUIL MUINÍN ASTU
AIRTEAGAL 5
Sreafaí Sonraí Trasteorann
1.Tá na Páirtithe tiomanta an t‑aistriú sonraí trasteorann trí mhodh leictreonach a áirithiú i gcás ina ndéantar an gníomhaíocht sin chun gnó duine chumhdaithe a chur i gcrích.
2.Chuige sin, ní dhéanfaidh Páirtí bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun ar bearta iad lena gcuirtear toirmeasc nó srian ar aistriú trasteorann sonraí a leagtar amach i mír 1 tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)a cheangal go n‑úsáidfear saoráidí ríomhaireachta nó eilimintí líonra ar chríoch an Pháirtí chun sonraí a phróiseáil, lena n‑áirítear trí úsáid saoráidí ríomhaireachta nó eilimintí líonra a fhorchur atá deimhnithe nó ceadaithe ar chríoch an Pháirtí;
(b)a cheangal go ndéanfar sonraí a logánú ar chríoch an Pháirtí lena stóráil nó lena bpróiseáil;
(c)stóráil nó próiseáil sonraí ar chríoch an Pháirtí eile a thoirmeasc;
(d)a cheangal go mbeadh aistriú trasteorann sonraí ag brath ar úsáid saoráidí ríomhaireachta nó eilimintí líonra ar chríoch an Pháirtí nó ar cheanglais logánaithe ar chríoch an Pháirtí; nó
(e)aistriú sonraí isteach ar chríoch an Pháirtí a thoirmeasc.
3.Déanfaidh na Páirtithe athbhreithniú leanúnach ar chur chun feidhme na forála seo, agus déanfaidh siad measúnú ar a feidhmiú laistigh de 3 bliana ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Féadfaidh Páirtí a mholadh don Pháirtí eile tráth ar bith an liosta srianta atá liostaithe i mír 2 a athbhreithniú, lena n‑áirítear i gcás inar chomhaontaigh an Páirtí eile gan cineálacha eile beart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun i dteannta na bearta a liostaítear i mír 2 i gcomhaontú déthaobhach nó iltaobhach amach anseo. Déanfar iarraidh den sórt sin a mheas go tuisceanach.
4.Ní chuirfidh aon ní san Airteagal seo cosc ar Pháirtí beart a ghlacadh nó a choinneáil ar bun ar beart é atá ar neamhréir le mír 2 chun cuspóir beartais phoiblí dlisteanach a bhaint amach, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas i leith an bhirt:
(a)ní chuirtear i bhfeidhm é ar bhealach arb é a bheadh ann modh idirdhealaithe threallaigh nó gan údar, sin nó srianadh faoi cheilt ar thrádáil; agus
(b)ní fhorchuirtear leis an mbeart srianta ar aistrithe faisnéise is mó ná mar is gá chun an cuspóir a bhaint amach.
AIRTEAGAL 6
Cosaint Sonraí Pearsanta
1.Aithníonn na Páirtithe go bhfuil an ceart ag daoine aonair chun príobháideachais agus chun cosaint sonraí pearsanta agus go gcuireann ardchaighdeáin infhorfheidhmithe maidir leis sin le muinín sa gheilleagar digiteach agus le forbairt trádála.
2.Déanfaidh gach Páirtí creat dlíthiúil a ghlacadh nó a choinneáil ar bun lena ndéantar foráil maidir le cosaint sonraí pearsanta daoine aonair.
3.Ba cheart do gach Páirtí, agus a chreat dlíthiúil maidir le cosaint sonraí pearsanta á fhorbairt aige, prionsabail agus treoirlínte arna bhforbairt ag comhlachtaí idirnáisiúnta nó eagraíochtaí idirnáisiúnta a chur san áireamh, amhail na prionsabail dá dtagraítear sa Dearbhú Comhpháirteach maidir le príobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta, agus sna treoirlínte lena rialaítear chosaint an phríobháideachais agus sreafaí sonraí pearsanta trasteorann ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (dá ngairtear ‘ECFE’ anseo feasta).
4.Áiritheoidh gach Páirtí go ndéantar foráil maidir le cosaint neamh-idirdhealaitheach sonraí pearsanta le haghaidh daoine nádúrtha lena chreat dlíthiúil faoi mhír 2.
5.Foilseoidh gach Páirtí faisnéis maidir leis an gcosaint sonraí pearsanta a sholáthraíonn sé do dhaoine aonair, lena n‑áirítear treoraíocht i ndáil leis an méid seo a leanas:
(a)conas is féidir le daoine aonair leighis a lorg; agus,
(b)conas is féidir le fiontair ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh.
6.Spreagfaidh gach páirtí na fiontair ina gcríoch chun trédhearcachta i ndáil lena mbeartais agus a nósanna imeachta a bhfuil baint acu le cosaint sonraí pearsanta.
7.Á aithint dóibh go bhféadfaidh na Páirtithe cuir chuige éagsúla a ghlacadh maidir le sonraí pearsanta a chosaint, ba cheart dóibh cuardach a dhéanamh ar bhealaigh chun an cóineasú idir na córais éagsúla sin a mhéadú, lena n‑áirítear chun sreafaí sonraí trasteorann a éascú. D’fhéadfaí a áireamh leis sin aitheantas a thabhairt do thorthaí rialála, bíodh sé sin go huathrialach nó trí shocrú frithpháirteach, creataí idirnáisiúnta níos leithne, nó treoraíocht chomhpháirteach maidir le húsáid sásraí trasteorann comhchoiteann le haghaidh aistriú sonraí.
8.Féachfaidh na Páirtithe le faisnéis a mhalartú maidir leis na sásraí dá dtagraítear i mír 7 agus a chuirtear i bhfeidhm ina ndlínsí.
9.Spreagfaidh na Páirtithe forbairt uirlisí lena léireoidh gnólachtaí comhlíonadh caighdeán agus dea-chleachtas maidir le cosaint sonraí pearsanta.
10.Féachfaidh na Páirtithe le faisnéis a mhalartú maidir le húsáid na n‑uirlisí comhlíontachta i ndáil le cosaint sonraí dá dtagraítear i mír 9 agus a dtaithí leo a chomhroinnt, agus féachfaidh siad le cóineasú idir uirlisí a chéile a chur chun cinn.
11.Ní chuirfidh aon ní sa Chomhaontú seo cosc ar Pháirtí bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun faoina chreat dlíthiúil féin dá dtagraítear i mír 2 a mheasann sé a bheith iomchuí, lena n‑áirítear trí rialacha maidir le haistriú trasteorann sonraí pearsanta a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm, ar choinníoll go ndéantar foráiltear le dlí an Pháirtí maidir le hionstraimí lena gcumasaítear aistrithe faoi choinníollacha a mbeidh feidhm ghinearálta acu chun na sonraí a aistrítear a chosaint.
12.Cuirfidh gach Páirtí an Páirtí eile ar an eolas faoi aon bheart a ghlacfaidh sé nó a choinneoidh sé ar bun de réir mhír 11.
ROINN B
FORÁLACHA SONRACHA
AIRTEAGAL 7
Dleachtanna Custaim
Ní fhorchuirfidh na Páirtithe dleachtanna custaim ar tharchuir leictreonacha.
AIRTEAGAL 8
Gan Réamhúdarú
1.Ní cheanglóidh Páirtí réamhúdarú ar an aon fhoras amháin go soláthraítear an tseirbhís ar líne, nó ní dhéanfaidh sé aon cheanglas a bhfuil éifeacht choibhéiseach aige a ghlacadh nó a choinneáil ar bun.
2.Níl feidhm ag mír 1 maidir le seirbhísí teileachumarsáide, seirbhísí craolacháin, seirbhísí cearrbhachais, seirbhísí ionadaíochta dlíthiúla, nó seirbhísí nótairí nó gairmeacha comhchosúla a mhéid a bhaineann siad le nasc díreach sonrach le feidhmiú údaráis phoiblí.
AIRTEAGAL 9
Conarthaí Leictreonacha
Ach amháin in imthosca dá bhforáiltear a mhalairt faoina dhlíthe agus faoina rialacháin, ní dhiúltóidh Páirtí éifeacht dhlíthiúil, bailíocht dhlíthiúil ná infhorfheidhmitheacht conartha leictreonaigh ar an aon fhoras amháin gur trí mhodh leictreonach a rinneadh an conradh.
AIRTEAGAL 10
Ríomh-fhíordheimhniú agus Ríomhshínithe
1.Ach amháin in imthosca dá bhforáiltear a mhalairt faoina dhlíthe nó faoina rialacháin, ní dhiúltóidh Páirtí éifeacht dhlíthiúil, bailíocht dhlíthiúil ná inghlacthacht ríomhshínithe mar fhianaise in imeachta breithiúnacha ar an aon fhoras amháin gur i bhfoirm leictreonach atá an síniú.
2.Ní dhéanfaidh aon Pháirtí bearta a ghlacadh ná a choinneáil ar bun lena ndéanfaí an méid seo a leanas:
(a)toirmeasc a chur ar pháirtithe i ríomh-idirbheart an modh ríomh-fhíordheimhnithe iomchuí nó an ríomhshíniú iomchuí maidir leis an idirbheart sin a chinneadh go frithpháirteach; nó
(b)cosc a chur ar pháirtithe i ríomh-idirbheart an deis a bheith acu a shuí os comhair údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin go gcomhlíonann a n‑idirbheart aon cheanglas dlíthiúil i ndáil le ríomh-fhíordheimhniú nó ríomhshínithe.
3.D’ainneoin mhír 2, féadfaidh Páirtí a cheangal, i dtaca le catagóir áirithe idirbheart, go ndéanfaidh údarás atá creidiúnaithe i gcomhréir lena dhlí an modh ríomh-fhíordheimhnithe nó an ríomhshíniú a dheimhniú, nó go gcomhlíonann an modh ríomh-fhíordheimhnithe nó an ríomhshíniú caighdeáin áirithe feidhmíochta ar cheart iad a fhorbairt trí phróisis atá oscailte agus trédhearcach agus nach mbainfidh ach le saintréithe sonracha na catagóire idirbheart lena mbaineann.
4.A mhéid a fhoráiltear faoina dhlíthe nó a rialacháin, cuirfidh Páirtí míreanna 1 go 3 i bhfeidhm maidir le ríomhshéalaí, ríomhstampaí ama agus seirbhísí seachadta cláraithe leictreonacha.
5.Spreagfaidh na Páirtithe úsáid ríomh-fhíordheimhnithe idir-inoibrithigh.
AIRTEAGAL 11
Cód Foinseach
1.Ní dhéanfaidh ceachtar Páirtí ceanglas maidir le haistriú cóid fhoinsigh bogearraí atá faoi úinéireacht duine nádúrtha nó dlítheanach de chuid an Pháirtí eile, ná rochtain air, mar choinníoll chun na bogearraí sin, nó táirgí ina bhfuil na bogearraí sin, a allmhairiú, a onnmhairiú, a dháileadh, a dhíol nó a úsáid, ina chríoch nó óna chríoch.
2.Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr:
(a)Féadfaidh feidhm a bheith ag Airteagal 28 (Gearradh Amach Stuamachta), ag Airteagal 29 (Eisceachtaí Ginearálta) agus ag Airteagal 30 (Eisceachtaí Slándála) maidir le bearta Páirtí arna nglacadh nó arna gcoinneáil ar bun i gcomhthéacs nós imeachta deimhniúcháin;
(b)níl feidhm ag mír 1 maidir le haistriú deonach cóid fhoinsigh bogearraí, nó rochtain a dheonú air, ar bhonn tráchtála ag duine nádúrtha nó dlítheanach den Pháirtí eile, amhail i gcomhthéacs idirbhirt soláthair phoiblí nó conarthaí a chaibidlítear go neamhshrianta, nó faoi cheadúnais foinse oscailte amhail i gcomhthéacs bogearraí foinse oscailte; agus
(c)ní dhéanann mír 1 difear don cheart atá ag comhlachtaí rialála, forfheidhmithe dlí nó breithiúnacha de chuid Páirtí a cheangal go ndéanfar cód foinseach bogearraí a mhodhnú chun go gcomhlíonfar a dhlíthe agus a rialacháin dá chuid nach bhfuil ar neamhréir leis an gComhaontú seo.
3.Ní dhéanfaidh aon ní san Airteagal seo difear do na nithe seo a leanas:
(a)an ceart atá ag údaráis rialála, comhlachtaí forfheidhmithe dlí, comhlachtaí breithiúnacha nó comhlachtaí um measúnú comhréireachta de chuid Páirtí aistriú cód foinseach bogearraí, nó rochtain air, a cheangal sula ndéantar na bogearraí sin a allmhairiú, a onnmhairiú, a dháileadh, a dhíol nó a úsáid, nó ina dhiaidh sin, chun críoch imscrúduithe, cigireachta nó scrúdaithe, gníomhaíochta forfheidhmiúcháin nó imeachtaí breithiúnacha, chun a áirithiú go gcomhlíonfar a dhlíthe nó a rialacháin lena saothraítear cuspóirí beartais phoiblí dlisteanacha, faoi réir coimircí in aghaidh nochtadh neamhúdaraithe;
(b)na ceanglais ó chúirt, bhinse riaracháin, údarás iomaíochta, nó comhlacht ábhartha eile de chuid Páirtí maidir le sárú dlí na hiomaíochta a leigheas, nó ceanglais de bhun dlíthe nó rialacháin Páirtí ar dlíthe nó rialacháin iad nach bhfuil ar neamhréir leis an gComhaontú chun rochtain comhréireacht agus spriocdhírithe a thabhairt ar chód foinseach bogearraí atá riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní iontrála ar mhargaí digiteacha chun a áirithiú go mbeidh na margaí sin iomaíoch, cothrom, oscailte agus trédhearcach go fóill;
(c)cearta maoine intleachtúla a chosaint agus a fhorfheidhmiú; nó
(d)an ceart atá ag Páirtí bearta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 9.3 (Slándáil agus Eisceachtaí Ginearálta) den Chaibidil maidir le Soláthar Rialtais den Chomhaontú Saorthrádála, a mbeidh feidhm mutatis mutandis aige maidir leis an Airteagal seo.
AIRTEAGAL 12
Cosaint Tomhaltóirí ar Líne
1.Chun críocha an Airteagail seo, áirítear na nithe seo a leanas ar‘ghníomhaíochtaí tráchtála atá míthreorach, calaoiseach agus meabhlach’:
(a)mífhaisnéis ábhartha a thabhairt, lena n‑áirítear mífhaisnéis fhíriciúil nó maímh bhréagach maidir le ceisteanna amhail cáilíochtaí, praghas, oiriúnacht don fheidhm, cainníocht nó tionscnamh na n‑earraí nó na seirbhísí;
(b)earraí agus seirbhísí a fhógairt lena soláthar gan é a bheith beartaithe iad a sholáthar, nó gan cumas réasúnta a bheith ann iad a sholáthar;
(c)gan earraí nó seirbhísí a sholáthar don tomhaltóir tar éis íocaíocht a ghearradh ar an tomhaltóir ach amháin má tá údar leis sin ar fhoras réasúnta; agus
(d)íocaíocht a ghearradh ar thomhaltóir ar earraí nó seirbhísí nár iarradh.
2.Déanfaidh gach Páirtí bearta nó coinneoidh sé bearta ar bun, lena n‑áirítear dlíthe agus rialacháin, chun toirmisc a chur ar ghníomhaíochtaí tráchtála atá míthreorach, calaoiseach agus meabhlach agus lena ndéantar dochar nó lena bhféadfaí dochar a dhéanamh do thomhaltóirí atá ag gabháil do ríomhthráchtáil.
3.Chun tomhaltóirí atá ag gabháil do ríomhthráchtáil a chosaint, déanfaidh gach Páirtí bearta nó coinneoidh sé bearta ar bun a bhfuil sé d’aidhm acu an méid seo a leanas a áirithiú:
(a)rochtain a thabhairt do thomhaltóirí ar shásamh chun a gcearta a éileamh, lena n‑áirítear ceart chun leigheasanna i gcásanna ina n‑íoctar as earraí nó seirbhísí agus nach ndéantar iad a sheachadadh nó a sholáthar de réir mar a aontaíodh;
(b)go gcaithfidh soláthróirí earraí nó seirbhísí go cothrom agus go macánta le tomhaltóirí;
(c)go soláthróidh na soláthróirí earraí nó seirbhísí faisnéis atá soiléir, iomlán, cruinn agus trédhearcach maidir leis na hearraí nó seirbhísí sin, lena n‑áirítear aon téarma nó coinníoll ceannaigh; agus
(d)sábháilteacht na n‑earraí le linn a ngnáthúsáid nó a n‑úsáid is measartha intuartha.
4.Chun tomhaltóirí atá ag gabháil do ríomhthráchtáil a chosaint, féachfaidh na Páirtithe le bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun chun a áirithiú go soláthróidh na soláthróirí faisnéis atá soiléir, iomlán, cruinn agus trédhearcach maidir lena n‑aitheantas agus lena sonraí teagmhála.
5.Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé cumhachtaí forfheidhmithe leordhóthanacha a chur de chúram ar a ngníomhaíochtaí cosanta tomhaltóirí nó ar a gcomhlachtaí ábhartha eile.
6.Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá an comhar idir gníomhaíochtaí cosanta tomhaltóirí nó comhlachtaí ábhartha eile a chéile, lena n‑áirítear malartú faisnéise agus taithí, chomh maith le comhar i gcásanna iomchuí d’ábhar imní frithpháirteach maidir le sárú cearta an tomhaltóra i ndáil le ríomhthráchtáil chun feabhas a chur ar chosaint tomhaltóirí ar líne, ar cásanna iad a ndéantar cinneadh ina leith go frithpháirteach.
7.Déanfaidh gach Páirtí a dhlíthe agus a rialacháin maidir le cosaint tomhaltóirí a chur ar fáil go poiblí agus a dhéanamh inrochtana go héasca.
8.Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé cosaint tomhaltóirí a sholáthar do thomhaltóirí atá ag gabháil do ríomhthráchtáil ar leibhéal nach lú ná an leibhéil cosanta a sholáthraítear do thomhaltóirí atá ag gabháil do chineálacha eile tráchtála.
9.Déanfaidh gach Páirtí rochtain ar shásraí sásaimh tomhaltóirí a chur chun cinn, lena n‑áirítear le haghaidh tomhaltóirí atá ag déanamh idirbhearta trasteorann, agus déanfaidh sé feasacht faoi na sásraí sin a chur chun cinn.
AIRTEAGAL 13
Teachtaireachtaí Leictreonacha Tráchtála gan Iarraidh
1.Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé muinín agus iontaoibh sa ríomhthráchtáil a chur chun cinn, lena n‑áirítear trí bhearta trédhearcacha éifeachtacha lena gcuirtear teorainn le teachtaireachtaí leictreonacha tráchtála gan iarraidh. Chuige sin, glacfaidh gach Páirtí bearta nó coinneoidh sé bearta ar bun lena ndéantar an méid seo a leanas:
(a)ceanglófar ar sholáthraithe teachtaireachtaí leictreonacha tráchtála é a éascú d’fhaighteoirí ar daoine nádúrtha iad cosc a chur ar fháil leanúnach na dteachtaireachtaí sin; agus
(b)ceanglófar toiliú ó fhaighteoirí ar daoine nádúrtha iad, teachtaireachtaí tráchtála leictreonacha a fháil, mar a shonraítear de réir dhlíthe agus rialachán gach Páirtí.
2.D’ainneoin fhomhír 1(b), maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhailigh, i gcomhréir le dlí an Pháirtí sin, sonraí teagmhála faighteora ar duine nádúrtha é i gcomhthéacs soláthar earraí nó seirbhísí, ceadóidh gach Páirtí teachtaireachtaí tráchtála leictreonacha a sheoladh chuig an úsáideoir sin i dtaca lena n‑earraí comhchosúla ná a seirbhísí féin.
3.Áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh teachtaireachtaí tráchtála leictreonacha in-sainaitheanta amhlaidh go soiléir, go nochtfar leo an té ar thar a cheann a sheoltar iad agus go mbeidh iontu an fhaisnéis is gá chun é a chur ar a gcumas d’fhaighteoirí ar daoine nádúrtha iad scor a iarraidh i leith na dteachtaireachtaí sin tráth ar bith agus, a mhéid a fhoráiltear le dlíthe agus rialacháin Páirtí, saor in aisce.
4.Tabharfaidh gach Páirtí rochtain ar shásamh in aghaidh soláthróirí teachtaireachtaí leictreonacha tráchtála gan iarraidh nach gcomhlíonann na bearta arna nglacadh nó arna gcoinneáil ar bun de bhun mhíreanna 1 agus 3.
5.Féachfaidh na Páirtithe le comhoibriú i gcásanna iomchuí d’ábhar imní frithpháirteach maidir le rialáil teachtaireachtaí leictreonacha tráchtála gan iarraidh.
AIRTEAGAL 14
Comhar maidir le Saincheisteanna faoin Trádáil Dhigiteach
1.Dearbhaíonn na Páirtithe an Chomhpháirtíocht Dhigiteach mar an bpríomhchreat le haghaidh comhar digiteach, lena n‑áirítear maidir le réimsí leasa fhrithpháirtigh, amhail an intleacht shaorga, céannachtaí digiteacha, agus nuálaíocht sonraí.
2.Malartóidh na Páirtithe faisnéis maidir le hábhair rialála i gcomhthéacs na trádála digití laistigh de dhlíthe agus rialacháin na bPáirtithe féin, lena dtabharfar aghaidh ar na nithe seo a leanas:
(a)an ríomh-fhíordheimhniú idir-inoibritheach a aithint agus a éascú, agus indéantacht comhaontú um aitheantas frithpháirteach maidir le ríomhshínithe a bheith ann amach anseo;
(b)conas a chaithfear le teachtaireachtaí leictreonacha tráchtála gan iarraidh;
(c)cosaint tomhaltóirí agus oibrithe ardán digiteacha;
(d)cóipcheart maidir le creata dlíthiúla a bhaineann leis an timpeallacht ar líne; agus
(e)aon ábhar eile atá ábhartha maidir le trádáil dhigiteach a fhorbairt.
3.Comhoibreoidh na Páirtithe lena chéile, i gcás inarb iomchuí, agus beidh siad rannpháirteach go gníomhach i bhfóraim idirnáisiúnta chun forbairt na trádála digití a chur chun cinn.
4.Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, tá an fhoráil seo gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 6 (Cosaint Sonraí Pearsanta).
AIRTEAGAL 15
An tIdirlíon a Rochtain agus a Úsáid le haghaidh Trádáil Dhigiteach
1.Aithníonn na Páirtithe na tairbhí a bhaineann lena áirithiú go mbeidh na húsáideoirí deiridh ar a gcríocha in ann an méid seo a leanas a dhéanamh, faoi réir a mbeartas, a ndlíthe agus a rialachán féin is infheidhme:
(a)na feidhmchláir agus na seirbhísí is rogha leo a rochtain agus a úsáid, faoi réir bainistithe líonra réasúnta nach gcuirtear bac nó moill léis ar thrácht chun buntáiste iomaíoch a fháil;
(b)úsáid a bhaint as a rogha gaireas úsáideora deiridh, ar choinníoll nach ndéanann na gairis sin dochar do shlándáil gaireas eile, don líonra nó do na seirbhísí a sholáthraítear ar an líonra sin; agus
(c)rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi chleachtais a soláthróra seirbhíse rochtana idirlín maidir le bainistiú líonra.
2.Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní chuirfidh aon ní san Airteagal seo cosc ar na Páirtithe bearta a ghlacadh arb é is aidhm dóibh sábháilteacht phoiblí a chosaint i ndáil le húsáideoirí ar líne.
AIRTEAGAL 16
Sonraí Oscailte Rialtais
1.Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘meiteashonraí’ faisnéis struchtúrach nó thuairisciúil faoi shonraí, amhail inneachar, formáid, foinse, cearta, cruinneas, tionscnamh, minicíocht, tréimhsiúlacht, gráinneacht, foilsitheoir nó páirtí freagrach, faisnéis teagmhála, modh bailithe nó comhthéacs.
2.Aithníonn na Páirtithe go gcothaítear forbairt eacnamaíoch agus shóisialta, iomaíochas, táirgiúlacht agus nuálaíocht trí rochtain an phobail ar shonraí rialtais agus úsáid na sonraí sin a éascú. Chuige sin, spreagtar na Páirtithe cumhdach na sonraí sin a leathnú, amhail trí idirphlé agus comhairliúchán le páirtithe leasmhara.
3.A mhéid a roghnaíonn Páirtí sonraí rialtais a chur ar fáil go digiteach lena rochtain agus a úsáid ag an bpobal, féachfaidh sé leis an méid seo a leanas a áirithiú, maidir leis na sonraí sin:
(a)cuirfear na sonraí ar fáil i bhformáid meaisín-inléite agus oscailte;
(b)cuirfear na sonraí ar fáil i bhformáid atá cumasaithe ó thaobh spáis de;
(c)i bhformáid lenar féidir iad a chuardach, a aisghabháil, a úsáid, a athúsáid agus a athdháileadh go héasca;
(d)cuirtear ar fáil iad trí chomhéadain feidhmchláir atá iontaofa, so-úsáidte agus a bhfuil fáil saor in aisce orthu;
(e)cuirfear ar fáil iad lena n‑athúsáid i gcomhréir iomlán le rialacha Páirtí maidir le cosaint sonraí pearsanta;
(f)tabharfar cothrom le dáta iad, de réir mar is infheidhme, go tráthúil;
(g)beidh meiteashonraí ag gabháil leis na sonraí, ar meiteashonraí iad a bheidh bunaithe, a mhéid is féidir, ar fhormáidí a úsáidtear go coitianta agus lena mbeidh an t‑úsáideoir in ann na sonraí a thuiscint agus a úsáid; agus
(h)cuirfear ar fáil iad go ginearálta saor in aisce nó ar chostas réasúnta don úsáideoir.
4.A mhéid a roghnaíonn Páirtí sonraí rialtais a chur ar fáil go digiteach le haghaidh rochtain agus úsáid an phobail, féachfaidh sé lena sheachaint go bhforchuirfeadh sé coinníollacha a bheadh idirdhealaitheach nó a chuirfeadh cosc nó srian ar úsáideoir na sonraí sin ón méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)na sonraí a atáirgeadh, a athdháileadh nó a athfhoilsiú;
(b)na sonraí a athghrúpáil; nó
(c)na sonraí a úsáid chun críoch tráchtála agus neamh-thráchtála, lena n‑áirítear mar chuid de tháirgeadh táirge nó seirbhís nua.
5.Féachfaidh na Páirtithe le comhoibriú chun bealaí a shainaithint ina mbeidh gach Páirtí in ann rochtain ar shonraí rialtais a chuir an Páirtí ar fáil don phobal a mhéadú agus úsáid níos mó a bhaint astu, lena n‑áirítear malartú faisnéise agus taithí maidir le cleachtais agus beartais, d’fhonn deiseanna gnó agus taighde a fheabhsú agus a ghiniúint, thar a n‑úsáid ag an earnáil phoiblí, go háirithe le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide (dá ngairtear ‘FBManna’ anseo feasta).
AIRTEAGAL 17
Ríomhshonrascadh
1.Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá an ríomhshonrascadh chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht costais, éifeachtúlacht, cruinneas agus iontaofacht an trádála digití, lena n‑áirítear soláthar trí mhodh leictreonach. Aithníonn gach páirtí na tairbhí a bhaineann le háirithiú idir-inoibritheacht na gcóras a úsáidtear le haghaidh ríomhshonrasctha laistigh dá chríoch leis na córais a úsáidtear le haghaidh ríomhshonrasctha ar chríoch an Pháirtí eile agus a thábhachtaí atá caighdeáin an ríomhshonrasctha mar phríomhghné chuige sin.
2.Áiritheoidh gach Páirtí go bhfuil cur chun feidhme na mbeart a bhaineann le ríomhshonrascadh ar a chríoch ceaptha chun tacú le hidir-inoibritheacht trasteorann idir creata ríomhshonrasctha na bPáirtithe. Chuige sin, de réir mar is iomchuí, bunóidh na Páirtithe a mbearta a bhaineann le ríomhshonrascadh ar chreata caighdeáin, treoirlínte nó molta idirnáisiúnta.
3.Aithníonn na Páirtithe an tábhacht eacnamaíoch a bhaineann le cur chun cinn an ghlacadh domhanda ar creata ríomhshonrasctha idir-inoibritheacha. Chuige sin, féachfaidh na Páirtithe lena ndea-chleachtais a roinnt agus le hoibriú i gcomhar chun glacadh domhanda córais idir-inoibritheacha le haghaidh ríomhshonrasctha a chur chun cinn.
4.Féachfaidh na Páirtithe le hoibriú i gcomhar ar thionscnaimh lena ndéantar glacadh an ríomhshonrasctha ag gnólachtaí a chur chun cinn, a spreagadh, a chothú nó a éascú. Chuige sin, féachfaidh na Páirtithe leis an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)beartas foluiteach, bonneagar agus próisis lena dtacaítear leis an ríomhshonrascadh a chur chun cinn; agus
(b)feasacht maidir le an ríomhshonrascadh a ghiniúint, agus an acmhainneacht a fhorbairt lena aghaidh.
AIRTEAGAL 18
Trádáil gan Pháipéar
1.Chun timpeallacht teorann gan pháipéar a chruthú le haghaidh trádáil in earraí, aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé deireadh a chur le foirmeacha páipéir agus le doiciméid atá riachtanach maidir le allmhairiú, onnmhairiú nó idirthuras earraí. Chuige sin, spreagtar gach Páirtí deireadh a chur le foirmeacha agus doiciméid páipéir, de réir mar is cuí, agus aistriú i dtreo foirmeacha agus doiciméid a úsáid i bhformáidí atá bunaithe ar shonraí.
2.Na foirmeacha agus na doiciméid a bhfuil gá leo le haghaidh allmhairiú, onnmhairiú nó idirthuras earraí agus atá ar fáil go poiblí, féachfaidh gach Páirtí leis na foirmeacha agus na doiciméid sin a chur ar fáil don phobal i bhformáid leictreonach. Chun críocha na míre seo, folaíonn an téarma ‘formáid leictreonach’ formáidí atá oiriúnach do léirmhíniú uathoibrithe agus do phróiseáil leictreonach gan idirghabháil an duine, chomh maith le híomhánna digiteacha agus foirmeacha digiteacha.
3.Na leaganacha leictreonacha comhlánaithe d’fhoirmeacha agus de dhoiciméid a bhfuil gá leo le haghaidh allmhairiú, onnmhairiú nó idirthuras earraí, féachfaidh gach Páirtí le glacadh leis na leaganacha sin mar choibhéis dhlíthiúil de leaganacha páipéir de na foirmeacha agus na doiciméid sin.
4.Féachfaidh na Páirtithe le comhoibriú go déthaobhach agus i bhfóraim idirnáisiúnta chun glacadh leaganacha leictreonacha d’fhoirmeacha agus de dhoiciméid a bhfuil gá leo le haghaidh allmhairiú, onnmhairiú nó idirthuras earraí a chur chun cinn.
5.Agus tionscnaimh á bhforbairt aige lena bhforáiltear d’úsáid na trádála gan pháipéar, déanfaidh gach Páirtí a dhícheall na modhanna arna gcomhaontú ag eagraíochtaí idirnáisiúnta a chur san áireamh.
6.Aithníonn gach Páirtí a thábhachtaí atá sé malartú ríomhthaifead a éascú, ar ríomhthaifid iad a úsáidtear i ngníomhaíochtaí trádála tráchtála idir gnólachtaí laistigh dá chríoch féin agus i gcomhréir lena dhlíthe agus a rialacháin.
AIRTEAGAL 19
Ionaid Ilfhreastail
1.Aithníonn na Páirtithe go n‑éascaítear trádáil, lena n‑áirítear trádáil dhigiteach, le córais ionad ilfhreastail, agus athdhearbhaíonn siad a dtiomantas in Airteagal 6.13 (Ionaid Ilfhreastail) den Chomhaontú Saorthrádála chun féachaint chuige le córais ionad ilfhreastail a fhorbairt nó a choinneáil ar bun chun cur isteach leictreonach aonair gach faisnéise a cheanglaítear leis an reachtaíocht chustaim agus reachtaíocht eile a éascú le haghaidh allmhairiú, onnmhairiú nó idirthuras earraí.
2.Forbróidh na Páirtithe comhar, amhail trí mhalartú faisnéise a bhaineann le custaim de réir mar is iomchuí, trí ríomhchumarsáid struchtúrtha athfhillteach idir údaráis chustaim na bPáirtithe, faisnéis a bhaineann le custaim de réir mar is iomchuí agus i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin gach Páirtí, chun feabhas a chur ar an mbainistiú riosca agus ar éifeachtacht rialuithe custaim, lena ndírítear ar earraí a bhfuil riosca ag baint leo ó thaobh bailiú ioncaim nó ó thaobh sláinte agus sábháilteachta de, agus lena n‑éascaítear an trádáil dhlisteanach. Féadfaidh an Coiste um Chustaim a bhunaítear le hAirteagal 16.2 (Coistí Speisialaithe) den Chomhaontú Saorthrádála, i gcás ina measann sé go bhfuil gá leis, ceisteanna a phlé, moltaí a dhéanamh agus cinntí a ghlacadh chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.
AIRTEAGAL 20
Creat Ríomh-Idirbheart
1.Féachfaidh gach Páirtí le creat dlíthiúil a ghlacadh nó a choinneáil ar bun lena rialaítear ríomh-idirbhearta, creat atá comhsheasmhach le prionsabail Dlí Eiseamláireach UNCITRAL maidir leis an Ríomhthráchtáil 1996.
2.Féachfaidh gach Páirtí leis an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)ualach rialála míchuí ar ríomh-idirbhearta a sheachaint; agus
(b)ionchur ó dhaoine leasmhara a éascú maidir le forbairt a chreata dhlíthiúil le haghaidh ríomh-idirbheart.
3.Aithníonn gach Páirtí a thábhachtaí atá sé úsáid ríomhthaifead inaistrithe a éascú. Chuige sin, féachfaidh gach Páirtí le creat dlíthiúil a ghlacadh nó a choinneáil ar bun lena gcuirtear Dlí Eiseamláireach UNCITRAL maidir le Ríomhthaifid Inaistrithe 2017 san áireamh.
AIRTEAGAL 21
Ríomhíocaíochtaí
1.Aithníonn na Páirtithe an méid seo a leanas, i bhfianaise fás tapa ríomhíocaíochtaí, go háirithe ríomhíocaíochtaí arna soláthar ag soláthróirí nua seirbhísí ríomhíocaíochtaí:
(a)an tairbhe a bhaineann le tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt ríomhíocaíochtaí trasteorann atá sábháilte, éifeachtúil, iontaofa, slán, inacmhainne agus inrochtana trí chaighdeáin a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta a ghlacadh agus a úsáid, trí idir-inoibritheacht córas ríomhíocaíochta a chur chun cinn agus trí nuálaíocht úsáideach agus iomaíocht úsáideach a spreagadh sna seirbhísí ríomhíocaíochta;
(b)a thábhachtaí atá sé seasamh le córais ríomhíocaíochtaí atá sábháilte, éifeachtúil, iontaofa, slán agus inrochtana trí dhlíthe agus rialacháin lena gcuirtear san áireamh, i gcás inarb iomchuí, na rioscaí a bhaineann leis na córais sin; agus
(c)a thábhachtaí atá sé tabhairt isteach táirgí agus seirbhísí ríomhíocaíochtaí atá sábháilte, éifeachtúil, iontaofa, slán, inacmhainne agus inrochtana a chumasú go tráthúil.
2.Chuige sin, féachfaidh gach Páirtí leis an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)caighdeáin íocaíochta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta a chur san áireamh, i gcás córais ríomhíocaíochtaí ábhartha, chun idir-inoibritheacht níos mó idir córais ríomhíocaíochtaí a chumasú;
(b)soláthróirí seirbhísí airgeadais agus soláthróirí seirbhísí ríomhíocaíochtaí a spreagadh chun úsáid a bhaint as ardáin oscailte agus ailtireachtaí oscailte agus, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí, comhéadain feidhmchláir a dtáirgí airgeadais, a seirbhísí airgeadais agus a n‑idirbheart airgeadais a chur ar fáil, chun idir-inoibritheacht níos mó a éascú, nithe a bhféadfadh comhpháirtíochtaí le soláthraithe tríú páirtí a bheith san áireamh leo, faoi réir bainistiú riosca iomchuí; agus
(c)nuálaíocht agus iomaíocht a éascú ar chothrom iomaíochta agus tabhairt isteach táirgí agus seirbhísí nua airgeadais agus ríomhíocaíochtaí a éascú go tráthúil, amhail trí bhoscaí gainimh rialála agus tionscail a ghlacadh.
3.Déanfaidh gach Páirtí a dhlíthe agus a rialacháin féin maidir le híocaíochtaí leictreonacha, lena n‑áirítear a dhlíthe agus a rialacháin a bhaineann le formheas rialála, ceanglais ceadúnúcháin, nósanna imeachta agus caighdeáin theicniúla, a chur ar fáil go poiblí go tráthúil.
AIRTEAGAL 22
Cibearshlándáil
1.Aithníonn na Páirtithe go mbaineann bagairtí ar an gcibearshlándáil an bonn den mhuinín sa trádáil dhigiteach.
2.Aithníonn na Páirtithe inathraitheacht na gcibearbhagairtí. Chun cibearbhagairtí a shainaithint agus a mhaolú agus an trádáil dhigiteach a éascú dá réir sin, féachfaidh na Páirtithe leis an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)cur le hacmhainneachtaí a n‑eintiteas náisiúnta féin a bhfuil freagracht acu maidir le freagairt do chibirtheagmhais; agus
(b)oibriú i gcomhar chun ionsánna mailíseacha nó scaipeadh cóid mailísigh a dhéanann difear do líonraí leictreonacha na bPáirtithe a shainaithint agus a mhaolú, chun aghaidh a thabhairt ar chibirtheagmhais go tráthúil, agus chun faisnéis a roinnt le haghaidh feasachta agus dea-chleachtas.
3.Agus inathraitheacht na gcibearbhagairtí agus a ndrochthionchar ar an trádáil dhigiteach á thabhairt dá n‑aire acu, aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá cuir chuige rioscabhunaithe agus aghaidh á tabhairt ar na bagairtí sin, agus bacainní trádála a íoslaghdú an tráth céanna. Dá réir sin, chun rioscaí cibearshlándála a aithint agus chun cosaint orthu, chun teagmhais chibearshlándála a bhrath agus chun freagairt do chibeartheagmhais agus chun téarnamh uathu, féachfaidh gach Páirtí le cuir chuige rioscabhunaithe a úsáid, ar cuir chuige iad a bhraitheann ar dhea-chleachtais sa bhainistiú rioscaí agus ar chaighdeáin a fhorbraítear ar mhodh atá bunaithe ar chomhthoil agus atá trédhearcach agus oscailte, agus spreagfaidh sé na fiontair laistigh dá ndlínse na cuir chuige sin a úsáid.
AIRTEAGAL 23
Caighdeáin, Rialacháin Theicniúla agus Nósanna Imeachta um Measúnú Comhréireachta
1.Chun críocha an Airteagail seo, na sainmhínithe in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Bacainní Teicniúla ar an Trádáil (dá ngairtear ‘BTT’ anseo feasta), beidh feidhm mutatis mutandis acu.
2.Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá caighdeáin, rialacháin theicniúla agus nósanna imeachta um measúnú comhréireachta agus an rannchuidiú a dhéantar leo maidir le geilleagar digiteach dea-fheidhmiúil a chothú, agus bacainní ar thrádáil dhigiteach a laghdú tríd an gcomhoiriúnacht, an idir-inoibritheacht agus an iontaofacht a mhéadú.
3.Spreagfaidh na Páirtithe a gcomhlachtaí féin chun páirt a ghlacadh i réimsí leasa fhrithpháirtigh agus chun comhoibriú iontu ag fóraim idirnáisiúnta ina bhfuil an dá Pháirtí ina bpáirtithe, chun forbairt agus úsáid caighdeán idirnáisiúnta a bhaineann leis an trádáil dhigiteach a chur chun cinn. I réimsí leasa fhrithpháirtigh atá ag teacht chun cinn sa gheilleagar digiteach, féachfaidh na Páirtithe leis sin a dhéanamh freisin le haghaidh seirbhísí a bhfuil baint acu leis an trádáil dhigiteach.
4.Aithníonn na Páirtithe gur féidir an trádáil dhigiteach a éascú le sásraí lena n‑éascaítear sainaithint trasteorann na dtorthaí ar mheasúnaithe comhréireachta. Féachfaidh na Páirtithe le leas a bhaint as na sásraí sin, lena n‑áirítear comhaontuithe aitheantais idirnáisiúnta maidir le glacadh le torthaí measúnaithe comhréireachta ag rialtóirí. I réimsí leasa fhrithpháirtigh atá ag teacht chun cinn sa gheilleagar digiteach, féachfaidh na Páirtithe leis sin a dhéanamh freisin le haghaidh seirbhísí a bhfuil baint acu leis an trádáil dhigiteach.
5.Chuige sin, i réimsí leasa fhrithpháirtigh a bhfuil baint acu leis an trádáil dhigiteach, féachfaidh na Páirtithe leis an méid seo a leanas a dhéanamh, nó spreagfaidh siad a gcomhlachtaí chuige:
(a)tionscnaimh chomhpháirteacha a shainaithint i réimse na gcaighdeán, na rialachán teicniúla agus na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, agus comhoibriú orthu; agus
(b)comhoibriú leis an earnáil phríobháideach chun tuiscint níos mó a fhorbairt ar chaighdeáin, ar rialacháin theicniúla agus ar nósanna imeachta um measúnú comhréireachta idir na Páirtithe, an tionscal agus páirtithe leasmhara eile.
6.Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá an malartú faisnéise agus an trédhearcacht maidir le hullmhú, glacadh agus cur i bhfeidhm caighdeán, rialachán teicniúla agus nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i ndáil leis an trádáil dhigiteach agus dearbhaíonn siad a ngealltanais faoi Airteagal 4.8 (Trédhearcacht) den Chomhaontú Saorthrádála. I réimsí leasa fhrithpháirtigh atá ag teacht chun cinn sa gheilleagar digiteach, aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá an malartú faisnéise agus an trédhearcacht maidir le hullmhú, glacadh agus cur i bhfeidhm caighdeán, rialachán teicniúla agus nósanna imeachta um measúnú comhréireachta le haghaidh seirbhísí a bhaineann leis an trádáil dhigiteach agus féachfaidh siad, arna iarraidh sin orthu agus i gcás inarb iomchuí, faisnéis a sholáthar maidir le caighdeáin, rialacháin theicniúla agus nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i ndáil le seirbhísí a bhfuil baint acu leis an trádáil dhigiteach.
AIRTEAGAL 24
Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide
1.Aithníonn na Páirtithe an ról bunúsach atá ag FBManna i gcaidreamh déthaobhach trádála agus infheistíochta na bPáirtithe agus na deiseanna a d’fhéadfadh na heintitis sin a fháil mar gheall ar an trádáil dhigiteach.
2.Aithníonn na Páirtithe an ról lárnach atá ag na páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear gnólachtaí, i gcur chun feidhme an Airteagail seo ag na Páirtithe.
3.D’fhonn deiseanna feabhsaithe a thabhairt do FBManna tairbhiú den Chomhaontú seo, féachfaidh na Páirtithe le faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le huirlisí agus teicneolaíocht dhigiteach a ghiaráil chun feabhas a chur ar rannpháirtíocht FBMannai ndeiseanna trádála digití.
AIRTEAGAL 25
Cuimsiú Digiteach
1.Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá an cuimsiú digiteach chun a áirithiú go mbeidh a bhfuil gá acu leis ag gach duine chun páirt a ghlacadh sa gheilleagar digiteach agus chun rannchuidiú leis an ngeilleagar digiteach agus chun tairbhiú de. Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé na deiseanna a leathnú agus a éascú trí dheireadh a chur leis na bacainní ar rannpháirtíocht sa trádáil dhigiteach.
2.Chuige sin, comhoibreoidh na Páirtithe ar ábhair a bhaineann leis an gcuimsiú digiteach, lena n‑áirítear rannpháirtíocht daoine sa trádáil dhigiteach ar daoine iad a bhféadfadh bacainní díréireacha a bheith rompu i ndáil lena rannpháirtíocht sa trádáil dhigiteach. Féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith mar chuid den chomhar sin:
(a)taithí agus dea-chleachtais a roinnt, lena n‑áirítear malartuithe idir saineolaithe, maidir leis an gcuimsiú digiteach;
(b)bacainní ar rochtain ar dheiseanna trádála digití a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu;
(c)modhanna agus nósanna imeachta a roinnt maidir le tacair sonraí a fhorbairt agus anailís a dhéanamh i ndáil le rannpháirtíocht daoine sa trádáil dhigiteach ar daoine iad a bhféadfadh bacainní díréireacha a bheith rompu i ndáil lena rannpháirtíocht sa trádáil dhigiteach; agus
(d)aon réimse eile mar a chomhaontaíonn na Páirtithe.
3.Gníomhaíochtaí comhair a bhaineann leis an gcuimsiú digiteach, féadfar iad a dhéanamh trí chomhordú ghníomhaireachtaí agus páirtithe leasmhara na bPáirtithe féin, de réir mar is iomchuí.
4.Glacfaidh na Páirtithe páirt ghníomhach ag EDT agus i bhfóraim idirnáisiúnta eile chun tionscnaimh a chur chun cinn maidir le dul chun cinn a dhéanamh leis an gcuimsiú digiteach sa trádáil dhigiteach.
AIRTEAGAL 26
Faisnéis a Roinnt
1.Déanfaidh gach Páirtí meán digiteach a bhunú nó a choinneáil ar bun, meán digiteach saor in aisce a mbeidh rochtain ag an bpobal air agus ina mbeidh faisnéis maidir leis an gComhaontú seo, lena n‑áirítear na nithe seo a leanas:
(a)téacs an Chomhaontaithe seo;
(b)achoimre ar an gComhaontú seo; agus
(c)aon fhaisnéis bhreise a mheasann Páirtí a bheith úsáideach maidir le tuiscint FBManna ar thairbhí an Chomhaontaithe seo.
2.Déanfaidh gach Páirtí athbhreithniú tráthrialta ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil faoin Airteagal seo chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis agus na naisc cothrom le dáta agus cruinn.
3.A mhéid is féidir, féachfaidh gach Páirtí leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil faoin Airteagal seo a chur ar fáil i mBéarla.
AIRTEAGAL 27
Rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara
1.Féachfaidh na Páirtithe le deiseanna a aimsiú chun tairbhí na trádála digití a chur chun cinn faoin gComhaontú seo i measc páirtithe leasmhara amhail gnólachtaí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, saineolaithe acadúla agus páirtithe leasmhara eile.
2.Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara agus an tábhacht a bhaineann le tionscnaimh agus ardáin ábhartha a chur chun cinn laistigh de na Páirtithe agus eatarthu, de réir mar is iomchuí, i gcomhthéacs an Chomhaontaithe seo.
3.I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na Páirtithe rannpháirtíoch na bpáirtithe leasmhara amhail gnólachtaí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus saineolaithe acadúla a mhealladh i ndáil le hiarrachtaí cur chun feidhme agus chun an Comhaontú seo a nuachóiriú a thuilleadh.
CAIBIDIL A TRÍ
EISCEACHTAÍ, RÉITEACH DÍOSPÓIDÍ, FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
ROINN A
EISCEACHTAÍ
AIRTEAGAL 28
Gearradh Amach Stuamachta
1.Ní choiscfidh aon ní sa Chomhaontú seo ar Pháirtí bearta a ghlacadh ná a choinneáil ar bun ar chúiseanna stuamachta, amhail na nithe seo a leanas:
(a)infheisteoirí, taisceoirí, sealbhóirí polasaí nó daoine a bhfuil dualgas muiníneach ar sholáthraí seirbhísí airgeadais acu a chosaint; nó
(b)sláine agus cobhsaíocht chóras airgeadais Páirtí a áirithiú.
2.I gcás nach mbeidh na bearta sin i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo, ní úsáidfear iad chun gealltanais nó oibleagáidí an Pháirtí faoin gComhaontú seo a sheachaint.
3.Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo mar cheangal ar Pháirtí faisnéis a nochtadh a bhaineann le gnóthaí agus cuntais tomhaltóirí aonair nó le haon fhaisnéis rúnda nó dílseánaigh atá i seilbh eintiteas poiblí.
AIRTEAGAL 29
Eisceachtaí Ginearálta
Airteagal 2.14 (Eisceachtaí Ginearálta) agus Airteagal 8.62 (Eisceachtaí Ginearálta) den Chomhaontú Saorthrádála, beidh feidhm mutatis mutandis acu maidir leis an gComhaontú seo.
AIRTEAGAL 30
Eisceachtaí Slándála
Airteagal 16.11 (Eisceachtaí Slándála) den Chomhaontú Saorthrádála, beidh feidhm mutatis mutandis aige maidir leis an gComhaontú seo.
AIRTEAGAL 31
Bearta Coimirce Sealadacha maidir le Gluaiseachtaí Caipitil agus Íocaíochtaí
Airteagal 16.10 (Bearta Coimirce Sealadacha maidir le Gluaiseachtaí Caipitil agus Íocaíochtaí) den Chomhaontú Saorthrádála, beidh feidhm mutatis mutandis aige maidir leis an gComhaontú seo.
AIRTEAGAL 32
Cánachas
Airteagal 16.6 (Cánachas) den Chomhaontú Saorthrádála, beidh feidhm mutatis mutandis aige maidir leis an gComhaontú seo.
ROINN B
RÉITEACH DÍOSPÓIDÍ
AIRTEAGAL 33
Réiteach Díospóidí
Forálacha Chaibidil a Ceathair Déag (Réiteach Díospóidí) den Chomhaontú Trádála, beidh feidhm mutatis mutandis acu maidir le h-aon díospóid a eascraíonn idir na Páirtithe maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
AIRTEAGAL 34
Sásra Idirghabhála
Forálacha Chaibidil a Cúig déag (Sásra Idirghabhála) den Chomhaontú Trádála, beidh feidhm mutatis mutandis acu maidir leis an gComhaontú seo agus tá siad gan dochar do chearta agus oibleagáidí na bPáirtithe faoi Airteagal 33 (Réiteach Díospóidí).
AIRTEAGAL 35
Trédhearcacht
Mar chomhlánú ar na forálacha atá ann cheana i gCaibidil a Ceathair Déag den Chomhaontú Trádála, cuirfidh gach Páirtí na nithe seo a leanas a chur ar fáil go poiblí go pras:
(a)iarraidh ar chomhairliúcháin arna déanamh de bhun Airteagal 14.3(2) (Comhairliúcháin) den Chomhaontú Trádála;
(b)iarraidh ar phainéal arna déanamh de bhun Airteagal 14.4(2) (Nós Imeachta Eadrána a Thionscnamh) den Chomhaontú Trádála;
(c)dáta bunaithe painéil arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 14.5(7) (Bunú an Phainéil Eadrána) den Chomhaontú Saorthrádála, an teorainn ama le haghaidh aighneachtaí amicus curiae arna cinneadh de bhun Riail 42 d’Iarscríbhinn 14-A (Rialacha Nós Imeachta le haghaidh Eadrána) den Chomhaontú Saorthrádála, agus an teanga oibre le haghaidh na n‑imeachtaí painéil arna cinneadh i gcomhréir le Riail 46 d’Iarscríbhinn 14-A (Rialacha Nós Imeachta le haghaidh Eadrána) den Chomhaontú Saorthrádála;
(d)a aighneachtaí agus a ráitis a soláthraíodh sna himeachtaí painéil, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt; agus
(e)réiteach a comhaontaíodh go frithpháirteach de bhun Airteagal 14.15 (Réiteach arna Chomhaontú go Frithpháirteach).
ROINN C
FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA
AIRTEAGAL 36
Forálacha Institiúideacha
1.Airteagal 16.1 (Coiste Trádála) agus Airteagal 16.2(1) (Coistí Speisialaithe), fomhír (d) den Chomhaontú Saorthrádála, beidh feidhm mutatis mutandis acu maidir leis an gComhaontú seo.
2.An Coiste um Thrádáil i Seirbhísí, Infheistíocht agus Soláthar Rialtais a bhunaítear de bhun Airteagal 16.2(1), fomhír (d) den Chomhaontú Saorthrádála, beidh sé freagrach as cur chun feidhme éifeachtach an Chomhaontaithe seo, cé is moite d’Airteagal 19 (Ionaid Ilfhreastail).
3.Airteagal 8.64 (Coiste um Thrádáil i Seirbhísí, Infheistíocht agus Soláthar Rialtais) den Chomhaontú Saorthrádála, beidh feidhm mutatis mutandis aige maidir leis an gComhaontú seo.
4.Airteagal 16.2(2), 16.2(3) agus 16.2(4), Airteagal 16.3 (Dlí Inathraitheach EDT), Airteagal 16.4 (Cinnteoireacht) agus Airteagal 16.5 (Leasuithe) den Chomhaontú Trádála), beidh feidhm mutatis mutandis acu maidir leis an gComhaontú seo.
ROINN D
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
AIRTEAGAL 37
Nochtadh Faisnéise
1.Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo mar ní lena gceanglaítear ar Pháirtí faisnéis rúnda a chur ar fáil, ar faisnéis í a gcuirfeadh a nochtadh bac ar fhorfheidhmiú an dlí, nó a mbeadh a nochtadh contrártha ar bhealach eile do leas an phobail, nó a ndéanfadh a nochtadh dochar do leasanna tráchtála dlisteanacha fiontar ar leith, bíodh siad poiblí nó príobháideach.
2.I gcás ina gcuirfidh Páirtí faisnéis faoi bhráid an Choiste um Thrádáil, an Choiste um Chustaim nó an Choiste um Thrádáil i Seirbhísí, Infheistíocht agus Soláthar Rialtais, ar faisnéis í a meastar ina leith go bhfuil sí faoi rún faoina dhlíthe agus faoina rialacháin, caithfidh an Páirtí eile leis an bhfaisnéis sin mar fhaisnéis rúnda, mura gcomhaontóidh an Páirtí atá á cur isteach a mhalairt.
AIRTEAGAL 38
Teacht i bhFeidhm
1.Déanfaidh na Páirtithe an Comhaontú seo a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin.
2.Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis na míosa ina malartóidh na Páirtithe fógraí i scríbhinn lena ndeimhnítear gur chuir siad i gcrích a gceanglais agus a nósanna imeachta dlíthiúla infheidhme féin maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Féadfaidh na Páirtithe teacht ar chomhaontú maidir le dáta eile.
AIRTEAGAL 39
Fad
1.Beidh an Comhaontú seo bailí ar feadh tréimhse éiginnte.
2.Féadfaidh Páirtí fógra a thabhairt i scríbhinn don Pháirtí eile go bhfuil sé ar intinn aige an Comhaontú seo a fhoirceannadh.
3.Déanfar an Comhaontú seo a fhoirceannadh 6 mhí tar éis fógra a thabhairt ina leith faoi mhír 2.
4.Laistigh de 30 lá ón tráth a sheachadfar an fógra faoi mhír 2, féadfaidh ceachtar Páirtí comhairliúcháin a iarraidh maidir le cé acu ar cheart éifeacht a bheith ag foirceannadh aon fhoráil den Chomhaontú seo ar dháta is déanaí ná an dáta dá bhforáiltear faoi mhír 3 nó nár cheart. Cuirfear tús leis na comhairliúcháin sin laistigh de 30 lá ón tráth a sheachadfaidh an Páirtí an iarraidh sin.
AIRTEAGAL 40
Oibleagáidí a Chomhlíonadh
Déanfaidh na Páirtithe aon bheart ginearálta nó sonrach atá riachtanach chun a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh faoin gComhaontú seo. Féachfaidh siad chuige go mbaintear amach na cuspóirí a leagtar amach sa Chomhaontú seo.
AIRTEAGAL 41
Caidreamh le Comhaontuithe Eile
1.Beidh an Comhaontú seo ina chuid lárnach den chaidreamh foriomlán idir an tAontas agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Singeapór, den pháirt eile, de réir mar a rialaítear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair agus leis an gComhaontú Saorthrádála, agus beidh sé ina chuid de chreat institiúideach comhchoiteann. Is é atá ann comhaontú sonrach lena dtugtar éifeacht d’fhorálacha trádála an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair agus, in éineacht leis an gComhaontú Saorthrádála, cruthaítear leis an limistéar saorthrádála i gcomhréir le hAirteagal XXIV (Cur i bhFeidhm Críochach_Trácht Teorann_Aontais Chustaim agus Limistéir Shaortrádála) de CGTT 1994 agus Airteagal V (Comtháthú Eacnamaíoch) den Chomhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí.
2.Scoirfidh na hAirteagail seo a leanas den Chomhaontú Saorthrádála d’éifeacht a bheith acu agus tiocfaidh na hAirteagal seo a leanas den Chomhaontú seo ina n‑ionad mar a fhoráiltear:
(a)Gabhann Airteagal 5 (Sreafaí Sonraí Trasteorann) den Chomhaontú seo ionad Airteagal 8.54 (Próiseáil Sonraí) den Chomhaontú Saorthrádála;
(b)Gabhann Airteagal 5 den Chomhaontú seo ionad Airteagal 8.57(3) (Cuspóirí) den Chomhaontú Saorthrádála;
(c)Gabhann Airteagal 6 (Cosaint Sonraí Pearsanta) den Chomhaontú seo ionad Airteagal 8.57(4) den Chomhaontú Saorthrádála;
(d)Gabhann Airteagal 7 (Dleachtanna Custaim) den Chomhaontú seo ionad Airteagal 8.58(Dleachtanna Custaim) den Chomhaontú Saorthrádála;
(e)Gabhann Airteagal 10 (Ríomh-fhíordheimhniú agus Ríomhshínithe) den Chomhaontú seo ionad Airteagal 8.60 (Ríomhshínithe) den Chomhaontú Saorthrádála; agus
(f)Gabhann Airteagal 14 (Comhar maidir le Saincheisteanna faoin Trádáil Dhigiteach) den Chomhaontú seo ionad Airteagal 8.61 (Comhar Rialála maidir le Ríomhthráchtáil) den Chomhaontú Saorthrádála.
3.Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, comhaontaíonn na Páirtithe nach gcuireann aon ní sa Chomhaontú seo de cheangal orthu gníomhú ar bhealach a bheadh ar neamhréir lena n‑oibleagáidí faoi Chomhaontú EDT.
AIRTEAGAL 42
Gan aon Éifeacht Dhíreach
Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo mar ní lena dtugtar cearta d’aon duine nó mar ní lena bhforchuirtear oibleagáidí ar aon duine, seachas na cearta agus na hoibleagáidí a chruthaítear idir na Páirtithe faoin dlí idirnáisiúnta poiblí.
AIRTEAGAL 43
Cur i bhFeidhm Críochach
Beidh feidhm ag an gComhaontú seo:
(a)i ndáil leis an Aontas, maidir leis na críocha a bhfuil feidhm ag an gConradh ar an Aontas Eorpach agus CFAE maidir leo agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin; agus
(b)i ndáil le Singeapór, maidir lena chríoch.
Tuigfear tagairtí do ‘críoch’ sa Chomhaontú seo sa chiall sin, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sainráite.
AIRTEAGAL 44
Téacsanna Barántúla
Déantar an Comhaontú seo a tharraingt suas i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus tá gach téacs díobh barántúil.