An Bhruiséil,12.11.2025

JOIN(2025) 791 final

TEACHTAIREACHT CHOMHPHÁIRTEACH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

An Sciath Eorpach don Daonlathas: Daonlathais Láidre Athléimneacha a Chumhachtú


“Is trí léiriú go n-oibríonn an daonlathas ar son na ndaoine agus go ndéanann sé beart de réir a bhriathair, agus tríd sin amháin, is féidir linn Aontas níos láidre a chruthú. Ní bheidh rath ar an Eoraip ach amháin má bhíonn rath ar an daonlathas.”

An tUachtarán Ursula von der Leyen, Duais Idirnáisiúnta Charlemagne

1.Réamhrá 

Is é an daonlathas bunchloch an Aontais Eorpaigh agus tá sé ríthábhachtach chun síocháin, slándáil, rathúnas eacnamaíoch, iomaíocht agus comhtháthú sóisialta a chothú. Tá bonn an daonlathais fréamhaithe i saoránaigh shaora, saorthoghcháin chóra, meáin shaora agus in institiúidí agus próisis dhaonlathacha láidre. Is fairsinge ná córas rialachais é, is é an daonlathas ár ndóigh bheatha - ráthaítear ár gcearta agus ár saoirsí leis, déantar comhionannas os comhair an dlí a choimirciú leis, cuireann sé sochaithe atá oscailte agus cóir chun cinn, agus áirithíonn sé gur féidir iad siúd atá i gcumhacht a thabhairt chun cuntais. Is é an daonlathas, cearta an duine agus an smacht reachta príomhneart an Aontais dar le saoránaigh an Aontais 1 .

I ré ina bhfuil méadú ag teacht ar achrann geopholaitiúil, coinbhleachtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha, chomh maith le suaitheadh teicneolaíoch, tá ár ndaonlathais faoi bhrú inmheánach agus seachtrach. Measann réimis fhorlámhacha gur bagairt iad daonlathais agus déanann siad oirbheartaíocht atá ag éirí níos ionsaithí a úsáid, lena n-áirítear trí bheith ag brath ar ionadaithe stáit nó neamhstáit, chun iad a lagú. Cé go mbaineann an daonlathas le guthanna difriúla a thabhairt le chéile sa tsochaí agus le bheith ag teacht ar réitigh choiteanna, féachann réimis fhorlámhacha le heasaontas a chruthú nó a leathnú, coinbhleachtaí a ionstraimiú, míchlú a tharraingt ar ghníomhaithe daonlathacha, go háirithe na meáin shaora agus an tsochaí shibhialta, agus dochar a dhéanamh do shaorthoghcháin chóra. Is é is aidhm dóibh laghdú a dhéanamh ar mhuinín na saoránach in institiúidí daonlathacha agus in acmhainneacht an daonlathais beart a dhéanamh de réir a bhriathair ar son an daonra.

Is ábhar mór imní é sin don Aontas, dá chomharsanacht agus dá dhaonlathais ar fud an domhain. Tá sé ríthábhachtach tacú le tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas agus le tíortha is iarrthóirí ionchasacha ina n-iarrachtaí an daonlathas a neartú agus a chomhdhlúthú. Díríodh iarrachtaí dian-díchobhsaithe agus cur isteach ar chuid acu. Sa bhreis ar a cogadh brúidiúil foghach in aghaidh na hÚcráine, tá an Rúis ag géarú ionsaithe hibrideacha freisin, agus cath á fhearadh aici in aghaidh thionchar na Eorpa. Leis an oirbheartaíocht atá á húsáid, táthar ag teacht i ngiorracht fhréamhacha chreatlach ár sochaithe, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh na tionchair dá dheasca sin fadtréimhseach. Trí insintí fealltacha a scaipeadh, agus ionramháil ar fhíorais stairiúla agus a bhfalsú uaireanta chomh maith, déanann siad iarracht an mhuinín i gcórais dhaonlathacha a laghdú.

Ní thagann na bagairtí sin ina n-aonar, ach cothaítear agus treisítear iad de dheasca dúshláin thábhachtacha eile atá roimh an daonlathas sa lá atá inniu ann. Orthu sin, áirítear antoisceachas agus polarú atá ag dul i méid, muinín agus rannpháirtíocht atá ag dul i laghad, bagairtí ar shláine na dtoghchán agus ar iolrachas na díospóireachta poiblí agus ar an tsaoirse cainte, agus meath na timpeallachta ina bhfeidhmíonn iriseoirí agus an tsochaí shibhialta 2 . Tá na dúshláin sin ag teacht agus athrú ó bhonn atá ag teacht ar ár sochaithe leis an teicneolaíocht dhigiteach, rud a rinne athmhúnlú ar an gcaoi a dtarlaíonn díospóireacht phoiblí, ar na bealaí lena scaoiltear faisnéis agus ar an gcaoi a ngabhann saoránaigh don réimse poiblí. Dá thoradh sin, tugadh deiseanna nua nach beag do dhaoine chun faisnéis a rochtain gan bhac, a dtuairim a chur in iúl agus páirt a ghlacadh sa saol poiblí agus sa díospóireacht dhaonlathach. Mar sin féin, ach tá leochaileachtaí nua nochta agus cruthaithe dá dheasca sin freisin. Tá méadú ag teacht ar an tionchar a bhíonn ag foinsí pearsantaithe atá bunaithe ar algartaim ar thuairimí na ndaoine, rud a chuireann teorainneacha leis an spás comhroinnte le haghaidh díospóireacht dhaonlathach. Bíonn tionchar ag ardáin na meán sóisialta freisin ar inbhuanaitheacht shamhlacha ioncaim na meán. Agus is féidir leis na forbairtí san Intleacht Shaorga (IS) tionchar tromchúiseach a imirt ar an spás daonlathach freisin, lena n-áirítear próisis thoghchánacha.

An daonlathas a chosaint agus athléimneacht dhaonlathach na saoránach, na sochaithe agus na n-institiúidí a fhorbairt, tá sé práinneach agus is saothar comhchoiteann é a bhfuil cur chuige uile-rialtais agus uile-shochaí riachtanach ina leith. Ní hamháin go bhfuil gá leis sin chun luachanna an Aontais a chaomhnú, ach chun slándáil na hEorpa a áirithiú agus chun a neamhspleáchas, a saoirse agus a rathúnas a choimirciú freisin. Tá ról ríthábhachtach ar leith ag institiúidí, ag tíortha is iarrthóirí, ag na Ballstáit, ag an tsochaí shibhialta agus ag an earnáil phríobháideach, faoi threoir ár gcomhluachanna. Ní mór dár saoránaigh agus a gcuid saoirsí a bheith i gcroílár an tsaothair sin ar fad.

2. An Sciath Eorpach don Daonlathas

Tá méadú ag teacht ar an bhfeasacht ar na dúshláin choiteanna atá roimh dhaonlathais ar fud an Aontais agus ar fud an domhain, agus tá bearta á ndéanamh ag gníomhaithe ar na leibhéil uile cheana féin. Tá comhlachtaí nua agus cumais nua bunaithe ag na Ballstáit chun a n-athléimneacht dhaonlathach náisiúnta a neartú. Bhí gníomhaithe polaitiúla agus pobal leathan de shaoránaigh agus grúpaí gníomhacha ar thosach an ghlao ar ghníomhaíocht agus tá siad ag rannchuidiú leis an bhfreagairt.

Tá creat láidir beartais agus dlíthiúil curtha i bhfeidhm ag an Aontas, ar creat é atá fréamhaithe i bPlean Gníomhaíochta 2020 um an Daonlathas Eorpach 3 agus i bpacáiste 2023 maidir le Cosaint an Daonlathais 4 , chun cuidiú leis an iarracht chomhchoiteann sin a chomhordú, a shlógadh, a chomhlánú agus a neartú.

Ag tógáil ar an gcreat sin, leis an Sciath Eorpach um an Daonlathas, tá sraith beart nua á gcur i láthair ag an gCoimisiún agus ag an Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála i dtrí réimse tosaíochta, arb é is aidhm dóibh daonlathais láidre athléimneacha a chumhachtú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

-feasacht staide a threisiú agus tacú le hacmhainneacht freagartha chun sláine an spáis faisnéise a chosaint,

-institiúidí daonlathacha, saorthoghcháin chóra agus meáin shaora a neartú,

-borradh a chur faoi athléimneacht na sochaí agus faoi rannpháirtíocht na saoránach.

Chun tacú le comhar agus comhordú níos fearr agus aghaidh á tabhairt ar roinnt gnéithe faoi na réimsí tosaíochta sin, trí Lárionad Eorpach um Athléimneacht Dhaonlathach (‘an Lárionad’), déanfar saineolas agus acmhainneachtaí ó Bhallstát go chéile, ó thíortha is iarrthóirí agus ó iarrthóirí ionchasacha, ó institiúidí agus ó chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, lena n-áirítear an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), a thabhairt le chéile, de réir mar is ábhartha. Tríd an Lárionad, éascófar comhroinnt faisnéise agus tacófar le comhar oibríochtúil agus le fothú acmhainneachta chun bagairtí coiteanna síorathraitheacha a sheasamh, go háirithe ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (FIMI) agus bréagaisnéis. Beidh sé d’aidhm aige feabhas a chur ar an bhfeasacht staide agus ar an acmhainneacht bagairtí a réamh-mheas agus a bhrath, córas luathrabhaidh láidir comhordaithe a fhorbairt agus tacú leis an acmhainneacht mhearfhreagartha. Tacóidh sé freisin le feasacht a mhúscailt chun sochaithe agus institiúidí a ullmhú agus a chumhachtú, rud a fhágfaidh go mbeidh siad níos athléimní in aghaidh ionramháil ar fhaisnéis agus in aghaidh na bréagaisnéise. Rannchuideoidh a chuid oibre le cur chuige uile-shochaí an Aontais i leith neartú na hullmhachta, mhéadú na feasachta agus fhorbairt na hathléimneachta daonlathaí a chomhdhlúthú.

Rannchuideoidh an Sciath Eorpach don Daonlathas lenár ndaonlathais a neartú agus le muintir na hEorpa a chumhachtú chun a gcearta a fheidhmiú, teacht ar a dtuairimí féin agus iad a chur in iúl gan bhac, agus acmhainn saorghníomhaíochta a bheith acu agus páirt a ghlacadh i saol daonlathach an Aontais go gníomhach sábháilte. Lena ghníomhaíochtaí, neartófar institiúidí daonlathacha, cosnófar sláine na dtoghchán agus tacófar le saoirse agus iolrachas na meán, chun go mbeidh ár ndaonlathais láidir, oscailte agus iolraíoch i gcónaí, agus bunaithe ar mhuinín na saoránach. Cuirfear chun feidhme é i sineirgíocht le clár oibre an Aontais maidir le slándáil, cosaint, ullmhacht 5 , agus i gcomhar le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais ar bhonn níos leithne.

2,1. Lárionad Eorpach nua um Athléimneacht Dhaonlathach: feasacht staide a threisiú agus athléimneacht na sochaí a neartú

Chun an athléimneacht dhaonlathach a fhorbairt, tá gá le hiarrachtaí treisithe ar leibhéal uile an rialtais, i measc institiúidí an Aontais, na mBallstát agus laistigh den tsochaí ina hiomláine. Is gá na hiarrachtaí comhordaithe sin a dhíriú ar fheabhas a chur ar an bhfeasacht staide agus ar an acmhainneacht chomhchoiteann chun bagairtí a réamh-mheas, a bhrath agus freagairt orthu agus ar an athléimneacht dhaonlathach a fhorbairt. Tá cuid mhór oibre déanta cheana féin chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, agus tá uirlisí agus struchtúir tagtha chun cinn ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon 6 agus torthaí tábhachtacha áirithe á soláthar.

Mar sin féin, i gcás an-chuid de na struchtúir sin, ní thugtar aghaidh ach ar réimsí agus ar phobail shonracha, úsáideann siad modheolaíochtaí difriúla agus is minic atá a bhíonn an acmhainneacht freagartha a chuireann siad ar fáil teoranta agus na naisc atá acu le hobair na n-údarás inniúil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais teoranta chomh maith. Tá sé fíor-riachtanach go dtabharfar na hiarrachtaí sin le chéile; is gá naisc níos láidre a chothú chun an fheasacht staide a threisiú agus chun feabhas a chur ar acmhainneacht comhchoiteann an Aontais chun faireachán a dhéanamh ar ionramháil ar fhaisnéis agus ar fheachtais bhréagaisnéise, iad a bhrath agus a réamh-mheas 7 .

Chun aghaidh a thabhairt ar an ngá sin, bunóidh an Coimisiún Lárionad Eorpach um Athléimneacht Dhaonlathach. Beidh an Lárionad ina chreat chun comhordú agus comhroinnt faisnéise idir institiúidí an Aontais, comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus na Ballstáit a neartú agus chun tacú le comhar oibríochtúil agus fothú acmhainneachta. Éascóidh sé sin cur chuige níos comhtháite agus níos éifeachtaí i leith an fheasacht staide a mhéadú agus córas luathrabhaidh láidir comhordaithe a fhorbairt, ar córas é a bheidh in ann tacú leis an acmhainneacht freagartha. Rannchuideoidh obair an Lárionaid le feasacht a mhúscailt freisin chun saoránaigh, an tsochaí agus institiúidí a ullmhú agus a chumhachtú agus chun iad a dhéanamh níos athléimní.

Oibreoidh an Lárionad go príomha mar mhol tiomnaithe ar mhaithe le malartú agus comhar oibríochtúil i measc institiúidí an Aontais agus na mBallstát. Nascfaidh an Lárionad líonraí agus struchtúir le chéile, atá ann cheana agus trína n-oibrítear chun patrúin bagairtí sa spás faisnéise a chosc, a bhrath, a anailísiú agus chun freagairt orthu, agus oibreoidh sé chun cuir chuige, cleachtais agus modheolaíochtaí comhpháirteacha a fhorbairt agus sonraí agus anailísí ábhartha a mhalartú. Tacóidh sé le cúrsaí oiliúna agus le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta. D’fhéadfadh sé tuilleadh comhairle a thabhairt maidir le huirlisí freagartha agus straitéisí coiteanna, nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha, prótacail nó cleachtaí comhpháirteacha. Tacóidh an Córas Mear-Rabhaidh leis an Lárionad agus oibreoidh sé i ndlúthchomhar leis, ar sásra bunaithe é chun faisnéis maidir le FIMI agus bréagaisnéis a mhalartú idir institiúidí an Aontais agus na Ballstáit.

Bunófar Ardán Páirtithe Leasmhara le haghaidh páirtithe leasmhara neamhinstitiúideacha neamhspleácha chun rannchuidiú ó riar leathan páirtithe leasmhara agus pobal ábhartha a chumasú agus chun an rannchuidiú sin a chur san áireamh in obair an Lárionaid. Leis an ardán sin, tabharfar páirtithe leasmhara le chéile amhail eagraíochtaí na sochaí sibhialta, meithleacha machnaimh, taighdeoirí agus an saol acadúil, seiceálaithe fíricí agus soláthraithe seirbhíse na meán. Agus lánurraim á tabhairt do neamhspleáchas na rannpháirtithe uile, éascófar malartú na faisnéise, an tsaineolais agus na comhairle leis an ardán sin, agus déanfar pobail páirtithe leasmhara atá ann cheana a fhorbairt de réir a chéile tríd, amhail an Fhaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha (EDMO), agus pobail nua, amhail an Líonra Eorpach Seiceálaithe Fíricí agus an creat coiteann um thacaíocht taighde a bheidh ann amach anseo. Tacóidh an t-ardán le taighde agus aschuir eile a scaipeadh agus spreagfaidh sé malartú i measc páirtithe leasmhara difriúla.

Déanfaidh an Lárionad inniúlachtaí an Aontais agus inniúlachtaí náisiúnta a urramú go hiomlán mar aon le neamhspleáchas na struchtúr atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Déanfar forbairt an Lárionaid a rolladh amach de réir a chéile, bunaithe ar rannpháirtíocht dheonach na mBallstát, agus ar a n-ionchur agus ar a riachtanais tacaíochta agus comhair, chun a áirithiú go soláthróidh sé an tacaíocht is fearr do na húdaráis náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais go comhpháirteach. Ag tógáil ar thacaíocht agus rannpháirtíocht an Aontais atá ar siúl faoi láthair le comhpháirtithe idirnáisiúnta 8 , beidh an Lárionad oscailte do thíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha a chomhlachú freisin chun tacú leo agus chun foghlaim fhrithpháirteach a chothú. D’fhéadfaí comhar le comhpháirtithe a bhfuil dáimh acu leis a thuar freisin.

Beidh an obair faoin Lárionad comhlántach agus i sineirgíocht le bearta eile a chuirtear ar aghaidh chun sláine an spáis faisnéise a choimirciú, sláine na dtoghchán a neartú, saoirse na meán agus iolrachas na meán a chothú agus athléimneacht fhoriomlán na sochaí a fhorbairt trí shaoránaigh a chumhachtú agus teagmháil a dhéanamh leo.

2,2. Sláine an spáis faisnéise a choimirciú

Tá sé fíor-riachtanach sláine an spáis faisnéise a neartú chun tacú le gach duine sa tsochaí faisnéis iontaofa agus inmhúiníne a rochtain, a gcearta daonlathacha a fheidhmiú agus teagmháil fhóinteach a dhéanamh le hinstitiúidí agus le pobail. Tá trédhearcacht, cuntasacht agus sláine sa spás faisnéise ríthábhachtach chun a áirithiú go gcloisfear guthanna daoine, chun iad a chumhachtú chun bheith ina saoránaigh ghníomhacha agus chun a muinín i bpróisis dhaonlathacha a fhorbairt agus a chothú.

Tá ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (FIMI) 9 agus feachtais bhréagaisnéise beartaithe go beacht chun dochar a dhéanamh do mhuinín an phobail sa spás faisnéise agus in institiúidí daonlathacha agus cuireann siad le heasaontais shochaíocha an tráth céanna 10 . Cumasaítear iad de dheasca teicnící nua ionramhála a bheith á leathadh ar líne. Áirítear orthu sin úsáid neamhbharántúil na meán sóisialta 11 , cuntais bhréige ar na meáin shóisialta, suíomhanna gréasáin a ceapadh chun aithris a dhéanamh ar fhoinsí oifigiúla, aimpliú saorga ar ábhar deighilteach, úsáid á baint as ábhar sintéiseach amhail domhainbhrionnuithe agus ábhar eile a ghintear leis an Intleacht Shaorga (‘IS’). Is minic a bhíonn a scaipeadh ag brath ar iompraíocht neamhbharántúil amhail cuntais bhréige, aimpliú faoi thionchar IS agus botaí agus idirghníomhaíochtaí neamhbharántúla. Maidir le hoibríochtaí comhordaithe den sórt sin, ar minic iad ina gcuid d’fheachtais hibrideacha níos leithne, tá siad ag éirí níos sofaisticiúla agus níos díláraithe, agus d’fhéadfadh baint a bheith leo ag líonraí a oibríonn ar fud ardáin agus dlínsí iomadúla, go minic faoi scáth na hanaithnideachta , rud a fhágann go bhfuil sé thar a bheith deacair iad a bhrath, a shannadh agus a chomhrac go héifeachtach.

Chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, tá reachtaíocht thiomnaithe i bhfeidhm ag an Aontas. Leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga 12 bunaítear oibleagáidí trédhearcachta do sholáthraithe agus d’úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga áirithe, lena n-áirítear an dualgas marcáil a dhéanamh agus brath a chumasú i gcás inar gineadh nó inar ionramháladh ábhar go saorga, agus oibleagáid lipéadú a dhéanamh maidir le domhainbhrionnuithe agus foilseacháin áirithe eile arna nginiúint ag IS a bhaineann le hábhair phoiblí. Rannchuidíonn an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha 13 (GSD) le sláine an spáis faisnéise a neartú freisin, freagrachtaí a rialú agus á chur de cheangal ar sholáthraithe Ardán an-Mhór ar Líne (VLOPanna) agus Inneall Cuardaigh An-Mhór ar Líne (VLOSEnna) rioscaí sistéamacha don tsochaí agus don daonlathas a eascraíonn as a gcuid seirbhísí a mhaolú, agus lánurraim á tabhairt do shaoirse na n-úsáideoirí chun tuairimí a nochtadh. Le GSD, feabhsaítear an trédhearcacht algartamach, rud a chumhachtaíonn úsáideoirí chun tionchar na gcóras moltaí ar an ábhar a fheiceann siad ar líne a rialú, agus rud a chuireann ar a gcumas do thaighdeoirí sonraí na n-ardán a rochtain. Tugann an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha an chumhacht don Choimisiún freisin dearadh na gcóras algartamach a ghrinniú, le tacaíocht ón Lárionad Eorpach um Thrédhearcacht Algartamach (ECAT). Is príomhthosaíochtaí iad an reachtaíocht sin a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, agus tá roinnt nósanna imeachta ar siúl faoi láthair a bhaineann le soláthraithe VLOPanna áirithe maidir le measúnú agus bainistiú na rioscaí sistéamacha don dioscúrsa sibhialta agus do phróisis thoghchánacha. Ar bhonn níos leithne, leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán agus d’fhorfheidhmiú a dhéanamh ar oibleagáidí faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus rachaidh sé i dteagmháil le páirtithe leasmhara chun a áirithiú go gcloífear leis na hoibleagáidí sin 14 .

Chun mórtheagmhais agus cur isteach ar an timpeallacht faisnéise a chosc agus chun aghaidh a thabhairt ar an méid sin, in éineacht leis an mBord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha, ullmhóidh an Coimisiún Prótacal GSD um theagmhais agus géarchéimeanna 15 . Leis sin, éascófar comhordú i measc na n-údarás ábhartha agus áiritheofar go bhfreagrófar go mear d’oibríochtaí mórscála agus dóibh siúd a d’fhéadfadh a bheith ina n-oibríochtaí faisnéise trasnáisiúnta. Oibreoidh an prótacal sin taobh leis na sásraí géarchéime atá i bhfeidhm le haghaidh bagairtí hibrideacha eile, go háirithe an Treoirphlean Cibearshlándála 16 , chun a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí comhordaithe agus comhleanúnach, agus trí reachtaíocht ábhartha an Aontais a chur san áireamh 17 . Is féidir leis an Lárionad Eorpach um Athléimneacht Dhaonlathach agus a ardán páirtithe leasmhara tacú le malartuithe i measc na sásraí sin.

Leis an gCód Iompair maidir le Bréagaisnéis, dá dtugtar tacaíocht trí Thascfhórsa comhoibríoch, soláthraítear tacar láidir gealltanas agus beart mionsonraithe atá ina gcuidiú, agus iad in éineacht le chéile, le rioscaí a bhaineann leis an mbréagaisnéis a mhaolú, agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh á caomhnú go hiomlán an tráth céanna, mar shampla trí uirlisí feabhsaithe d’úsáideoirí chun bréagaisnéis a aithint, a thuiscint agus a nótáil agus chun taighdeoirí a chumhachtú. Tá sé úsáideach freisin chun a chinneadh an gcomhlíontar na hoibleagáidí maidir le rioscaí sistéamacha a bhaineann le bréagaisnéis i gcás soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna a chloíonn leis na gealltanais faoin gCód sin agus a chomhlíonann iad 18 . Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar leibhéil an ghealltanais ó shínitheoirí aonair an Chóid agus ar an mbealach a chuireann siad chun feidhme é. Más gá, tionólfaidh an Coimisiún idirphlé rialála faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha leis na sínitheoirí sin agus déanfaidh sé cinneadh maidir le gníomhaíochtaí leantacha iomchuí eile. Mar shampla, oibreoidh an Coimisiún le sínitheoirí chun a n-iarrachtaí a neartú a mhéid a bhaineann le trédhearcacht córas moltaí agus chun luach airgid na bréagaisnéise a bhaint 19 , lena n-áirítear chun deireadh a chur le dreasachtaí airgeadais ar son na bréagaisnéise trí ioncam fógraíochta 20 agus chun táscairí ábhartha a fhorbairt chun iarrachtaí na n-ardán maidir leis sin a thomhas 21 .

Fiosróidh an Coimisiún bearta breise a d’fhéadfaí a dhéanamh le sínitheoirí an Chóid freisin. Ina measc sin, d’fhéadfadh bealaí a bheith ann chun feabhas a chur ar bhrath agus ar lipéadú ábhair a gineadh nó a ionramháladh le IS agus atá i gcúrsaíocht ar sheirbhísí meán sóisialta 22 agus uirlisí deonacha chun úsáideoirí a fhíorú 23 . Bheadh na bearta sin comhlántach leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga agus le rialacha ábhartha eile de chuid an Aontais. Leis na Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití, a bheidh ar fáil do shaoránaigh agus cónaitheoirí an Aontais faoi dheireadh 2026, d’fhéadfaí na bearta sin a éascú agus muinín agus slándáil in idirghníomhaíochtaí ar líne a chur chun cinn trí shainaithint agus fíordheimhniú slán a chumasú 24 .

I dtaobh iarrachtaí na mBallstát chun sláine an spáis faisnéise a áirithiú, is féidir iad a neartú ar leibhéal an Aontais trí chuir chuige a chomhordú agus trí shaineolas agus faisnéis a chomhthiomsú don bhosca uirlisí FIMI atá ann cheana 25 . Agus é ag obair le húdaráis agus saineolaithe náisiúnta, tacóidh an Coimisiún le hullmhú Treoirphlean chun FIMI agus Bréagaisnéis a chomhrac, lena n-áirítear uirlisí agus treoraíocht maidir le bearta chun iad a réamh-mheas, a bhrath agus chun freagairt orthu, chomh maith le sásra tiomnaithe le haghaidh malartuithe gairmiúla agus obair bhuíne chun tacú le fothú acmhainneachta náisiúnta agus leis an bhfoghlaim fhrithpháirteach.

Tá sé ríthábhachtach acmhainneacht an phobail neamhspleách seiceála fíricí a neartú ar fud an Aontais chun borradh a chur faoi bhrath FIMI agus feachtas bréagaisnéise agus faoin bhfaireachán a dhéantar orthu. Cuirfear Líonra Eorpach Seiceálaithe Fíricí 26  neamhspleách ar bun, trí thacaíocht ón gCoimisiún agus rannchuideoidh a chuid oibre leis an Ardán Páirtithe Leasmhara de chuid an Lárionaid Eorpaigh um Athléimneacht Dhaonlathach. Beidh an Líonra bunaithe ar na caighdeáin eiticiúla agus gairmiúla is airde agus feidhmeoidh sé san Aontas agus i dtíortha is iarrthóirí, i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha agus i dtíortha comharsanachta atá comhlachaithe leis an gClár don Eoraip Dhigiteach. Cuirfidh sé borradh faoin acmhainneacht seiceála fíricí i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, go háirithe le linn cásanna amhail toghcháin, éigeandálaí sláinte nó tubaistí nádúrtha ina bhfuil rochtain ar fhaisnéis iontaofa ríthábhachtach. Déanfaidh an líonra stór neamhspleách seiceála fíricí a chruthú agus a choinneáil ar bun freisin chun seiceálacha fíricí arna n-eisiúint ag eagraíochtaí neamhspleácha, incháilithe agus iontaofa a chomhdhlúthú, agus éascóidh sé rochtain iriseoirí, ardán ar líne, taighdeoirí agus na sochaí sibhialta ar fhaisnéis fhíoraithe, rud a thacóidh le comhar trasteorann agus a chumasóidh freagairtí tráthúla. Soláthróidh sé rochtain freisin ar scéim cosanta do sheiceálaithe fíricí san Aontas, in aghaidh bagairtí agus ciapadh, lena n-áirítear cosaint dhlíthiúil agus shíceolaíoch. Trí thacú le seiceálaithe fíricí lucht féachana níos leithne a shroicheadh, beidh an líonra ina rannchuidiú substaintiúil le hathléimneacht na sochaí 27 .

Soláthraíonn an Fhaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha (EDMO) líonra taighde agus anailíse uile-Eorpach, neamhspleách agus idirdhisciplíneach chun FIMI agus feachtais bhréagaisnéise a chomhrac. Faoi shainordú leathnaithe 28 , beidh an Fhaireachlann in ann cumais nua neamhspleácha faireacháin agus anailíseacha a fhorbairt chun tacú le feasacht staide, go háirithe maidir le toghcháin nó i gcásanna géarchéime. Cumhdófar na Ballstáit uile agus roinnt tíortha is iarrthóirí (e.g. an Úcráin, an Mholdóiv) 29 agus tíortha ionchasacha lena hobair faireacháin agus cuirfear san áireamh í in obair an Ardáin Páirtithe Leasmhara faoin Lárionad Eorpach um Athléimneacht Dhaonlathach.

Tá ionchuir ábhartha forbartha ag an bpobal taighde agus acadúil freisin, trí anailís agus fianaise neamhspleách a sholáthar maidir le FIMI agus feachtais bhréagaisnéise. Tacóidh an Coimisiún le creat coiteann um thacaíocht taighde a bhunú chun rochtain ar shonraí agus ar ardteicneolaíocht a sholáthar 30 , chun na hacmhainneachtaí neamhspleácha sin a chomhthiomsú agus a neartú. Beidh an creat sin ag brath, i measc nithe eile, ar rochtain phribhléidithe ar shonraí faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus faoin Rialachán maidir le Fógraí Polaitiúla 31 , agus cuirfear san áireamh é in obair an Ardáin Páirtithe Leasmhara de chuid an Lárionaid Eorpaigh um Athléimneacht Dhaonlathach. Cuideoidh sé le tuiscint níos doimhne a fháil ar an gcaoi a scaiptear feachtais ar líne agus ar an tionchar a bhíonn acu ar shláine an spáis faisnéise. Tacóidh sé le huirlisí a fhorbairt chun go n-éascófar brath ábhair fuaime, íomhánna agus físeán, a ghintear nó a ionramháiltear leis an intleacht shaorga, chun bréagléiriú a thabhairt ar fhíricí nó chun insintí bréagaisnéise a léiriú (mar shampla, domhainbhrionnuithe lena ndéantar polaiteoirí a phearsanú). Cuideoidh sé freisin le foirmeacha nua d’iompar neamhbharántúil comhordaithe a rianú, lena n-áirítear trí chomhordú trasardáin, úsáid botaí, nó aimpliú algartamach.

Chun FIMI a réamh-mheas agus chun freagairt go láidir air, tá sé tábhachtach úsáid iomlán a bhaint as bosca uirlisí FIMI 32 . Tá raon leathan freagairtí sa bhosca uirlisí sin, lena n-áirítear bearta sriantacha de chuid an Aontais ar dhaoine aonair agus eintitis neamh-AE a ghabh d’fheachtais FIMI a díríodh ar an Aontas, ar thíortha is iarrthóirí agus ar thíortha ionchasacha. I raon feidhme chóras smachtbhannaí an Aontais lena ndírítear ar ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise, áirítear an toirmeasc ar chraoladh soláthraithe seirbhíse bolscaireachta a fhaigheann tacaíocht ón gCreimil agus a bhfuil baint acu le FIMI. Rinneadh tuilleadh gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon chun dáileadh ábhair a shrianadh ó sholáthraithe seirbhíse meán bradacha nach de chuid an Aontais iad agus lena mbaineann rioscaí don don tslándáil phoiblí, lena n-áirítear trí cheadúnais soláthraithe seirbhíse meán a chur ar fionraí. Leis an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán (EMFA) 33 , is féidir le rialtóirí meán an Aontais gníomhaíochtaí in aghaidh soláthraithe den sórt sin a chomhordú go tapa éifeachtúil, arna gcur le chéile ag an mBord Eorpach um Sheirbhísí Meán. Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na rialtóirí sin, forbróidh an Bord Eorpach um Sheirbhísí Meán, i gcomhairle leis an gCoimisiún, liosta critéar coiteann chun rialtóirí náisiúnta na meán a threorú nuair a ghníomhaíonn siad chun spás faisnéise an Aontais a chosaint ar sheirbhísí meán bradacha nach de chuid an Aontais iad.

I gcás FIMI agus feachtais bhréagaisnéise, is féidir brath ar iompraíochtaí nó ar ghníomhaíochtaí de chineál coiriúil freisin, amhail sciúradh airgid nó coireacht eagraithe. Le acquis dhlí coiriúil an Aontais, cumhdaítear cineálacha áirithe gníomhaíochtaí FIMI agus bréagaisnéise, agus is féidir le comhar treisithe an Aontais sa réimse sin cabhrú chun iad a chomhrac ar bhealach níos fearr. Leis an athbhreithniú atá beartaithe ar shainorduithe Europol agus Eurojust, fiosrófar bealaí chun an iarracht sin a fheabhsú a thuilleadh. 

I gcomhthéacs teannas geopholaitiúil agus an mhéadaithe ar pholarú sochaithe, tá sé tábhachtach go bhforbróidh an tAontas comhghuaillíochtaí le tíortha a bhfuil dáimh acu leis agus le comhpháirtithe réigiúnacha. Tairbheoidh daonlathas, slándáil agus rathúnas na hEorpa de thacaíocht do ghníomhaithe daonlathacha agus do shláine na n-éiceachóras faisnéise ar fud an domhain. Déanfaidh an Coimisiún teagmháil le tríú tíortha chun tacú le hoideachas sibhialta agus digiteach, le tionscnaimh iontaofa seiceála fíricí, agus le tionscnaimh rialála atá dírithe ar shláine an spáis faisnéise a threisiú. Rannchuidíonn Tionscnamh Daonlathais Fhoireann na hEorpa le comhroinnt eolais agus comhordú méadaithe maidir le sláine faisnéise agus cúnamh d’iriseoirí atá i mbaol lasmuigh den Aontas, ag obair i gcomhar leis na Ballstáit, le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo agus leis an tsochaí shibhialta.

Cuirfidh an tAontas dlús lena iarrachtaí FIMI a chomhrac ina ghníomhaíocht sheachtrach, tríd an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta. Áireofar leis sin cumas láithreacht dhomhanda an Aontais a fhorbairt, lena n-áirítear líonra Thoscaireachtaí an Aontais, misin an Chomhbheartais Slándála agus Chosanta agus misin taidhleoireachta na mBallstát, a bheith ag cur go mór le hoiliúint agus ionstraimí a sholáthar don fhoireann ar an láthair chun FIMI a chomhrac. Treiseoidh an tAontas Eorpach a chomhar le tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas agus le hiarrthóirí ionchasacha, agus le comhpháirtithe chun FIMI a chomhrac, agus aird ar leith á díriú ar chomharsanacht an Aontais, agus tabharfar gníomhaíocht chomhchoiteann le comhpháirtithe idirnáisiúnta ar aghaidh an tráth céanna, lena n-áirítear G7, ECAT agus i gcomhthéacs na gComhpháirtíochtaí Slándála agus Cosanta. Tabharfar cur chuige níos réamhghníomhaí ar aghaidh i leith FIMI a chomhrac, agus gníomhaíochtaí cumarsáide straitéiseacha á gceangal le hiarrachtaí atá dírithe ar chur isteach ar an mbonneagar lena gcumasaítear oibríochtaí FIMI, lena n-áirítear dlús a chur le bearta sriantacha a úsáid chun costais FIMI ar dhéantóirí na coire a ardú.

Gníomhaíochtaí:

·Faoi chuimsiú an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha

oPrótacal GSD um theagmhais agus géarchéimeanna a ullmhú

oLeanúint dá rannpháirtíocht le sínitheoirí an Chóid Iompair maidir le Bréagaisnéis chun bearta chun dul i ngleic le teicnící ionramhálacha ar líne a neartú

·Tacú le hullmhú Treoirphlean de chuid an Aontais chun FIMI agus Bréagaisnéis a chomhrac

·Líonra Eorpach Seiceálaithe Fíricí a chur ar bun

·Síneadh a chur le sainordú na Faireachlainne Eorpaí um na Meáin Dhigiteacha

·Tacú le creat coiteann um thacaíocht taighde a bhunú chun faireachán ar ionramháil ar fhaisnéis agus feachtais bhréagaisnéise a neartú

·An Bord Eorpach um Sheirbhísí Meán, i comhar leis an gCoimisiún, a fhorbairt liosta critéar coiteann a fhorbairt do rialtóirí meán an Aontais nuair a ghníomhaíonn siad in aghaidh oibreoirí seirbhíse meán bradacha nach de chuid an Aontais iad agus lena mbaineann rioscaí don tslándáil phoiblí

·Cumais Thoscaireachtaí an Aontais, mhisin agus oibríochtaí CBSC, Ambasáidí Bhallstáit an Aontais chun cur i gcoinne FIMI a threisiú

·Feachtais chumarsáide straitéiseacha réamhghníomhacha a úsáid i réigiúin tosaíochta

·Fothú acmhainneachta spriocdhírithe agus tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil do thíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha chun athléimneacht in aghaidh FIMI agus trasnaíochtaí hibrideacha a threisiú, lena n-áirítear trí mhisin CBSC

·Comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a ghiaráil le haghaidh freagairtí comhchoiteanna i gcoinne FIMI, lena n-áirítear trí Shásra Mearfhreagartha G7, comhar idir an tAontas agus ECAT agus Comhpháirtíochtaí Slándála agus Cosanta

2.3. Institiúidí daonlathacha is láidre fós, saorthoghcháin chóra agus meáin shaora neamhspleácha a neartú

Tá meáin shaora neamhspleácha, saorthoghcháin chóra agus institiúidí agus próisis dhaonlathacha láidre athléimneacha fíor-riachtanach chun a chur ar a gcumas do shaoránaigh páirt fhóinteach a ghlacadh sa saol polaitiúil, a n-ionadaithe a roghnú, iad a thabhairt chun cuntais agus a gcearta agus a saoirsí a fheidhmiú go hiomlán. Léirigh toghcháin a bhí ann le déanaí, lena n-áirítear sa Rómáin agus sa Mholdóiv 34 , go bhfuil an cur isteach ón Rúis agus óna hionadaithe ar spás daonlathach na hEorpa ag géarú ar bhonn níos leithne. 

2.3.1. Cothroime agus sláine na bpróiseas toghchánach agus daonlathach eile a neartú

Is cuid de thraidisiúin choiteanna na dtoghchán san Eoraip go mbíonn siad uilíoch, comhionann, saor agus bunaithe ar vótáil rúnda agus dhíreach 35 . Cé gur inniúlacht de chuid na mBallstát toghcháin a eagrú agus a stiúradh, tá gá le comhar neartaithe ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna sa réimse sin 36 . Éascaíonn an Coimisiún malartuithe luachmhara agus tacaíocht fhrithpháirteach tríd an Líonra Comhair Eorpach um Thoghcháin (ECNE), lena dtugtar le chéile údaráis náisiúnta a bhfuil freagrachtaí orthu maidir le ábhair thoghcháin. Mar shampla, i mí an Mheithimh 2025, d’fhoilsigh an Coimisiún seicliosta maidir le sláine na dtoghchán agus maitrís bainistithe riosca le haghaidh toghchán, arna hullmhú leis na Ballstáit faoi chuimsiú ECNE. Tacaíonn an sásra comhpháirteach um an athléimneacht thoghchánach, arna eagrú agus arna chomhordú trí ECNE (i ndlúthchomhar leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise (NIS) agus leis an gCóras Mear-Rabhaidh (RAS)) le húsáid oibríochtúil na bhfoirne comhpháirteacha saineolaithe agus na malartuithe saineolaithe, go háirithe i réimse na fóiréinsice ar líne, na bréagaisnéise agus na cibearshlándála toghchán.

Cuirfidh an Coimisiún dlús lena thacaíocht do na Ballstáit agus do pháirtithe leasmhara chun sláine na dtoghchán agus ullmhacht dóibh a fheabhsú, bonneagar a chosaint, ar bonneagar é a bhaineann le toghcháin agus atá ríthábhachtach chun toghcháin a eagrú agus a stiúradh, rioscaí a bhaineann le cur isteach eachtrach a íoslaghdú, líonraí toghcháin, comhar agus tuairisciú toghcháin a neartú, agus breathnóireacht toghchán a spreagadh ó shaoránaigh agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, ar eagraíochtaí iad a thacaíonn le caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha, agus is príomhghnéithe iad sin uile de Mholadh 2023.

Chun saorthoghcháin chóra a áirithiú, ba cheart bonneagar a bhaineann le toghcháin a chosaint ar chibirionsaithe. Le Treoir NIS2 37 agus leis an nGníomh um Chibear-Athléimneacht 38 , neartaítear cibearshlándáil an Aontais trína áirithiú go mbeidh earnálacha criticiúla agus táirgí digiteacha araon slán, athléimneach agus comhordaithe trí dhearadh ar fud an Aontais, rud a rannchuidíonn go díreach le slándáil na bpróiseas toghchánach san Aontas agus leis an ullmhacht fhoriomlán do chibearbhagairtí i gcomhthéacs na dtoghchán. Mar shampla, d’ullmhaigh an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENIS) agus ECNE Coimre ar Chibearshlándáil agus Athléimneacht Toghchán, agus tugadh cothrom le dáta in 2024 í 39 . Is uirlis éifeachtach é an Cúltaca Cibearshlándála, a bunaíodh leis an nGníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht 40 , agus tá sé ar fáil do na Ballstáit, chomh maith le comhpháirtithe an Aontais trí chúnamh seachtrach, agus is féidir é a úsáid arna iarraidh sin dóibh chun cúnamh a thabhairt dóibh freagairt ar theagmhais chibearshlándála mhóra nó ar mórscála.

Leis an Rialachán maidir le fógraíocht pholaitiúil, soláthraítear caighdeáin choiteanna de chuid an Aontais a fhágann gur fusa do shaoránaigh fógraí polaitiúla a aithint, fios a bheith acu an bhfuil fógraí den sórt sin dírithe orthu, agus idirdhealú a dhéanamh idir iad agus cineálacha eile ábhair. Chun cur isteach eachtrach a chosc, cuireann an Rialachán toirmeasc ar fhógraí a sholáthar d’urraitheoirí ó thríú tíortha sna 3 mhí roimh thoghchán nó reifreann i dtír den Aontas. Cuidíonn na rialacha nua le sláine na bpróiseas toghchánach a choimirciú agus tacaíonn siad le díospóireacht dhaonlathach atá oscailte agus trédhearcach 41 . Beidh faisnéis faoi fhógraí polaitiúla ar líne ar fáil ó stór ar líne, lena n-áirítear faisnéis faoi cé a d’íoc astu.

Chun tuilleadh feabhais a chur ar an ullmhacht maidir le toghcháin agus ar athléimneacht na bpróiseas toghchánach, treiseofar an comhar leis na Ballstáit faoi ECNE. Neartófar cumais ECNE trí mhalartuithe níos córasaí chun tacú le forbairt chomhpháirteach na n-uirlisí agus na dtáirgí coiteanna i réimsí leasa choitinn. Trí ghrúpálacha téamacha nua, cothófar malartuithe maidir le topaicí amhail sláine na dtoghchán agus bainistiú rioscaí a bhaineann le toghcháin agus ullmhacht dóibh, breathnóireacht toghcháin san Aontas, bealaí nua feachtasaíochta polaitiúla lena n-áirítear maidir le maoiniú, sábháilteacht na n-iarrthóirí polaitiúla agus na n-ionadaithe tofa agus tionchar agus ról na hIntleachta Saorga agus na dteicneolaíochtaí nua eile maidir le próisis thoghchánacha 42 . Bunaithe ar mhalartuithe in ECNE, ullmhóidh an Coimisiún stór tagairtí agus caighdeán coiteann le haghaidh próisis thoghchánacha 43 . Cuirfidh an Coimisiún úsáid an tsásra chomhpháirtigh um an athléimneacht thoghchánach chun cinn, spreagfaidh sé malartuithe idir piaraí, cúnamh deonach frithpháirteach, oiliúint choiteann agus cleachtaí boird. Cuirfidh sé malartuithe gearrthéarmacha saineolaithe náisiúnta i mBallstáit eile chun cinn freisin. Ós rud é go ndírítear an cur isteach ar thoghcháin ar thíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas agus ar iarrthóirí ionchasacha go tráthrialta, beidh baint níos dlúithe agus níos córasaí acu le hobair ECNE, lena n-áirítear trí chruinnithe tiomnaithe. Ina theannta sin, lorgófar tuilleadh rannpháirtíochta le heagraíochtaí idirnáisiúnta a fhorbraíonn creataí tagartha agus modheolaíochtaí maidir le toghcháin, lena n-áirítear an bhreathnóireacht toghchán, amhail ESCE agus Comhairle na hEorpa.

Ag tógáil ar chreat reachtach agus uirlisí beartais an Aontais 44 , oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara a thuilleadh chun treoraíocht thiomnaithe a ullmhú maidir le húsáid chóir, thrédhearcach, agus fhreagrach a bhaint as an Intleacht Shaorga, ar bhealach a bheidh dírithe ar an duine, i bpróisis thoghchánacha. Ar bhonn na treoraíochta sin, a bheidh le hullmhú le tacaíocht ó ECNE agus ón Oifig Eorpach um Intleacht Shaorga, spreagfaidh an Coimisiún gealltanais dheonacha maidir le húsáid fhreagrach na dteicneolaíochtaí nua (go háirithe IS) i ngníomhaíochtaí polaitiúla ó pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus náisiúnta agus ó ghníomhaithe ábhartha eile agus déanfaidh sé comhroinnt na ndea-chleachtas maidir leis na hábhair sin a chur chun cinn a thuilleadh, rud a chomhlánóidh na hoibleagáidí dlíthiúla atá ann cheana.

Is áiteanna tábhachtacha iad ardáin ar líne agus innill chuardaigh anois le haghaidh díospóireacht phoiblí agus chun tuairimí an phobail agus iompraíocht na vótálaithe a mhúnlú. Dá réir sin, tá oibleagáid ar sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha bearta a chur i bhfeidhm chun rioscaí a bhaineann le héifeachtaí diúltacha ar an dioscúrsa sibhialta agus ar phróisis thoghchánacha a mhaolú 45 . Chun tacú le comhlíonadh na n-oibleagáidí sin, ghlac an Coimisiún Treoirlínte maidir le rioscaí sistéamacha do phróisis thoghchánacha a mhaolú 46 agus oibríonn sé i gcomhar le húdaráis náisiúnta na mBallstát maidir lena n-ullmhacht roimh thoghcháin 47 . In éineacht leis na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta, tabharfaidh an Coimisiún Sraith Straitéisí an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha um Thoghcháin cothrom le dáta, i gcomhar le ECNE, chun an taithí a fuarthas ó thoghcháin a bhí ann le déanaí a chur san áireamh chomh maith leis an ngá le feiniméin ar leith a chumhdach 48 .

Beidh príomhról leanúnach ag an gCód Iompair maidir le Bréagaisnéis chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí a bhaineann le toghcháin trína chur chuige deonach ilpháirtithe leasmhara, go háirithe tríd an gCóras Mearfhreagartha do thoghcháin lenar féidir le sínitheoirí an Chóid nach sínitheoirí ardáin iad, amhail eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ábhar nó cuntais am-íogaire a thuairisciú do na hardáin ar líne go tapa, ar ábhar nó cuntais iad lena mbaineann bagairtí dar leo ar shláine an phróisis thoghchánaigh, rud lena n-áirithítear gur féidir leis na hardáin sin gníomhaíochtaí iomchuí a dhéanamh i bhfianaise a mbeartas féin. Ba cheart é sin a shaothrú agus a leathnú a thuilleadh, lena n-áirítear chun géarchéimeanna a chuimsiú 49 . Le hobair nua a bhaineann le toghcháin faoin gCód, díreofar ar mhapáil agus anailísiú bagairtí núíosacha agus bagairtí atá ag teacht chun cinn agus atá nasctha le feachtais ionramhála faisnéise, ar feachtais iad a bhreathnaítear níos mó agus níos mó le linn na dtréimhsí toghcháin. Moltar do shínitheoirí an Chóid an méid sin a thabhairt ar aghaidh trína gcuid oibre laistigh de Thascfhórsa an Chóid, agus dea-chleachtais a shainaithint trí na ceachtanna a foghlaimíodh ó thoghcháin an Aontais agus ó thoghcháin náisiúnta roimhe seo a tharraingt le chéile.

Tá méadú ag teacht ar thábhacht an róil a bhíonn ag tionchairí i bhfeachtais pholaitiúla ar líne. Ag tógáil ar Mhol Dlíthiúil an Aontais do Thionchairí, tacóidh an Coimisiún le líonra deonach tionchairí a chur ar bun chun feasacht a mhúscailt maidir le rialacha ábhartha an Aontais 50 , lena n-áirítear a bhfreagrachtaí agus iad i mbun feachtasaíocht pholaitiúil agus cuirfidh sé an malartú dea-chleachtais chun cinn. Spreagfaidh an Coimisiún caighdeáin eiticiúla agus gealltanais dheonacha freisin, lena n-áirítear maidir le sláine faisnéise, agus tacóidh sé le hobair tionchairí chun litearthacht dhigiteach a chur chun cinn.

Trédhearcacht agus cuntasacht an chistithe sa pholaitíocht, lena n-áirítear maoiniú feachtais, is gnéithe ríthábhachtacha iad chun cur isteach a chosc agus tá siad criticiúil chun cothroime iomaíochta a áirithiú i measc páirtithe polaitiúla agus iarrthóirí agus chun muinín na saoránach i sláine agus i gcothroime na dtoghchán a choinneáil ar bun. Agus é ag tógáil ar rialacha agus caighdeáin ábhartha an Aontais 51 , tacóidh an Coimisiún le hobair choiteann leis na Ballstáit maidir le trédhearcacht agus sláine an chistithe sa pholaitíocht, ag féachaint ar shaincheisteanna leasa choitinn amhail síntiúis gan ainm agus criptea-airgeadra, ar féidir iad a úsáid chun gníomhaíochtaí a chistiú ar bhealaí nach bhfuil trédhearcach agus atá deacair a bhrath. Tabharfaidh an Coimisiún saineolaithe náisiúnta le chéile, go háirithe faoi scáth ECNE agus i ndlúthchomhar le líonraí eile de chuid an Aontais agus páirtithe leasmhara ag rannpháirtiú ann 52 , chun dea-chleachtais a mhalartú, treoirlínte féideartha a ullmhú agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha a chothú.

Trí fhorbairtí sochaíocha agus teicneolaíocha, go háirithe ar líne, soláthraítear deiseanna nua do pháirtithe polaitiúla agus d’iarrthóirí teagmháil a dhéanamh le vótálaithe, ach tagann dúshláin nua le cois na bhforbairtí sin freisin. De thoradh athrú tapa na timpeallachta faisnéise, teannas agus an pholaraithe, tá méadú tagtha ar a mhinice a bhíonn iarrthóirí polaitiúla agus ionadaithe tofa neamhchosanta ar bhagairtí, ionsaithe agus foréigean, ar líne agus as líne. 53 Dírítear iompraíochtaí den sórt sin go háirithe ar mhná sa pholaitíocht 54 , rud a d’fhéadfadh iad a dhíspreagadh ó sheasamh i dtoghcháin agus, i gcásanna áirithe, iad a spreagadh chun éirí as poist thofa, rud a bhfuil tionchar diúltach soiléir aige ar an ionadaíocht dhaonlathach, agus mná fós faoi ghannionadaíocht sa pholaitíocht 55 . Chun sábháilteacht iarrthóirí polaitiúla agus ionadaithe tofa a áirithiú ar bhealach níos fearr, glacfaidh an Coimisiún Moladh maidir le sábháilteacht sa pholaitíocht 56 . Oibreoidh an Coimisiún freisin, faoi chuimsiú ECNE agus i ndlúthchomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha, ar threoirleabhar tiomnaithe maidir le dea-chleachtais a ullmhú agus tacóidh sé le fothú acmhainneachta, tacaíocht phraiticiúil, bailiú sonraí agus gealltanais dheonacha (e.g. móideanna agus cóid iompair) agus caighdeáin eiticiúla sa réimse sin. Tabharfar aird ar leith sa sruth oibre sin ar mhná agus ar ghrúpaí eile a bhíonn i mbaol níos mó go ndéanfar idirdhealú orthu, agus ar chás na bpolaiteoirí áitiúla.

Tá na bagairtí ar shláine na bpróiseas toghchánach casta agus ilghnéitheach, agus tá gá le hullmhacht agus le freagairt ó raon leathan beartas agus gníomhaithe éagsúla. Léiríonn taithí na Moldóive le déanaí gur féidir FIMI a chomhrac, agus gur féidir a thionchar a laghdú, agus gur féidir le hullmhacht, gealltanas daingean polaitiúil, comhordú éifeachtach agus tacaíocht an Aontais an athléimneacht dhaonlathach i leith bagairtí hibrideacha a fheabhsú go mór.

Samplaí de bhagairtí agus den chur chuige i leith na freagartha orthu: cás-staidéar na Moldóive

In 2024, reáchtáil an Mholdóiv toghcháin uachtaránachta agus reifreann maidir lena hardaidhmeanna aontachais don Aontas a chumhdach sa bhunreacht, i measc bréagaisnéis, cur isteach agus ceannach vótaí go forleathan ón Rúis. I dtoghcháin pharlaiminteacha mhí Mheán Fómhair 2025, chonacthas dianbhagairtí hibrideacha ón Rúis, lena n-áirítear cibirionsaithe, foláirimh buamála bhréige, FIMI agus bréagaisnéis 57 lena n-áirítear próifílí iarrthóirí nó páirtithe áirithe á n-aimpliú go saorga, úsáid fhorleathan á baint as ábhar a gineadh leis an intleacht shaorga, suíomhanna ó sholáthróirí seirbhíse meán bréagacha agus ceannach vótaí 58 .

I gcomhthéacs a próisis aontachais don Aontas, threisigh an Mholdóiv a hathléimneacht trí chur chuige cuimsitheach iomlánaíoch arbh é ab aidhm dó dul i ngleic le FIMI agus leis an mbréagaisnéis go réamhtheachtach. Le cúnamh ón Aontas agus ó chomhpháirtithe eile, neartaigh an Mholdóiv a cuid cibearshlándála agus slándála inmheánaí, an t-ionracas breithiúnach, cumas na n-údarás um imscrúdú sreabha aindleathacha airgeadais a bhrath - lena n-áirítear trí chriptea-airgeadraí, cumais cumarsáide straitéiseacha agus acmhainneacht chun seirbhísí a sholáthar don phobal fiú le linn géarchéimeanna (e.g. fuinneamh agus rabharta na ndaoine aonair ag teitheadh ó chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine) mar chuidiú chun aghaidh a thabhairt ar phointí teannais sa chomhtháthú sóisialta náisiúnta. Rinne an Coimisiún Náisiúnta Toghcháin gníomhaíocht chinntitheach maidir le sáruithe ar rialacha maidir le maoiniú páirtithe. Tá comhordú déanta ag Lárionad StratCom nuabhunaithe ar chur chun feidhme creataí cumarsáide straitéisí ilpháirtí chun athléimneacht shochaíoch a neartú i gcoinne FIMI bunaithe ar anailís chasta agus ar fhadbhreathnaitheacht.

Chun tacú le feasacht staide agus ullmhacht, bunaíodh mol réigiúnach nua den Fhaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha lena ndírítear ar bhréagaisnéis na Rúise agus lena gcumhdaítear an Mholdóiv agus an Úcráin 59 . D’eagraigh an Coimisiún, i gcomhar le Toscaireacht ón Aontas agus Misean Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, Ionsamhlú Bréagaisnéise agus Cibearbhagartha freisin chun méadú a dhéanamh ar an ullmhacht a bhaineann le bagairtí hibrideacha sa Mholdóiv 60 agus d’éascaigh sé sásra méadúcháin sealadach idir ceithre ardán mhóra ar líne, a shínigh an Cód Iompair maidir le Bréagaisnéis, agus gníomhaithe áitiúla sa tsochaí sibhialta 61 .

Iarrachtaí leanúnacha ó údaráis náisiúnta na Moldóive, ón tsochaí shibhialta agus ó na meáin neamhspleácha, chomh maith le tacaíocht ón Aontas, agus tacaíocht do mhisin breathnóireachta toghcháin chomh maith, bhí ról ríthábhachtach ag an méid sin uile chun an cur isteach a nochtadh, litearthacht sna meáin a chur chun cinn, agus bréagaisnéis a chomhrac trí chumarsáid fhíorasach. Léirigh an taithí sin go raibh leochaileachtaí sa spás ar líne agus go bhfuil rannpháirtíocht leanúnach na n-údarás náisiúnta agus an Aontais araon riachtanach chun cuntasacht dhigiteach a áirithiú mar thaca leis an daonlathas.

Is tosaíocht lárnach i mbeartas seachtrach an Aontais é sláine na dtoghchán a fheabhsú freisin. Is rud dianriachtanach straitéiseach é, mar gheall ar thréithe trasnáisiúnta go leor de na dúshláin agus de na hionsaithe ar dhaonlathais agus próisis thoghchánacha na hEorpa agus ní féidir iad a choimirciú i ndáiríre ach amháin más daonlathais athléimneacha iad na tíortha atá timpeall ar an Aontas. Léirigh toghcháin sa chomharsanacht le déanaí gur gá freagairt d’iarrataí na n-údarás náisiúnta ar chúnamh chun cur i gcoinne na bréagaisnéise ar na meáin shóisialta. Neartóidh an tAontas a thacaíocht do mhisin idirnáisiúnta breathnóireachta toghchán a bheidh i láthair ar an láthair.

Trí obair faoin Lárionad Eorpach um Athléimneacht Dhaonlathach, rannchuideofar le cothroime agus sláine na bpróiseas toghchánach agus na bpróiseas daonlathach eile a threisiú. Le comhar agus malartuithe idir an Lárionad agus struchtúir agus sásraí comhair ábhartha ar leibhéal an Aontais sa réimse sin, déanfar na creataí dlíthiúla is infheidhme, neamhspleáchas nó sainiúlachtaí na struchtúr sin agus a rannpháirtithe, agus nósanna imeachta atá ann cheana a urramú go hiomlán (e.g. ECNE, líonra na bpointí teagmhála náisiúnta maidir le fógraíocht pholaitiúil nó an Bord um Sheirbhísí Digiteacha).

Gníomhaíochtaí:

·Tacú le comhar treisithe leis na Ballstáit faoin Líonra Comhair Eorpach um Thoghcháin (ECNE) chun sláine na dtoghchán agus ullmhacht dóibh a fheabhsú

·Treoraíocht a ullmhú maidir le húsáid na hintleachta saorga i bpróisis thoghchánacha

·Sraith Straitéisí an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha a thabhairt cothrom le dáta

·Tacú le líonra deonach tionchairí de chuid an Aontais a chur ar bun

·Tacú le hobair choiteann leis na Ballstáit maidir le trédhearcacht agus sláine an chistithe sa pholaitíocht

·Moladh ón gCoimisiún agus treoirleabhar tiomnaithe a ullmhú maidir le dea-chleachtais i leith sábháilteacht iarrthóirí polaitiúla agus ionadaithe tofa

·An comhar le breathnóirí idirnáisiúnta toghcháin a threisiú chun acmhainneachtaí a neartú chun faireachán a dhéanamh ar bhréagaisnéis ar na meáin shóisialta le linn breathnóireacht toghcháin lasmuigh den Aontas

2.3.2. Athléimneacht na meán saor neamhspleách a neartú

Tá meáin shaora, neamhspleácha agus iolraíocha mar bhonn taca ag sláine agus éagsúlacht an spáis faisnéise, rud a fhágann go bhfuil siad fíor-riachtanach dár ndaonlathais. Tugann siad lucht na cumhachta chun cuntais agus trí iolracht foinsí iontaofa faisnéise a sholáthar, cuidíonn siad le daoine teacht ar a dtuairimí féin agus roghanna eolasacha a dhéanamh 62 . Bhí cothú shaoirse agus iolrachas na meán i gcroílár obair an Aontais freisin, trí thionscnaimh reachtacha amhail an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán (EMFA) nó an Treoir maidir leis an Dlíthíocht Straitéiseach i gcoinne Rannpháirtíocht Phoiblí a Chomhrac (SLAPPanna) 63 . Is tacadóir láidir an tAontas le saoirse na meán ar fud an domhain freisin, lena n-áirítear ar an leibhéal iltaobhach, agus aithníonn sé an ról fíor-riachtanach atá ag na meáin neamhspleácha agus ag an iriseoireacht maidir le luachanna daonlathacha agus cearta bunúsacha a chumhdach ar fud an domhain.

Ach tá earnáil na meán faoi bhrú láidir eacnamaíoch i gcomhthéacs ina bhfuil an digiteáil go mór i gceist. Déanann na hathruithe sin sa timpeallacht faisnéise difear don chaoi a ndéantar faisnéis a tháirgeadh, a chomhroinnt, a léamh agus a fheiceáil, agus don mhuinín a chuirtear inti. Bíonn saoránaigh ag brath níos mó agus níos mó ar ardáin ar líne, agus ar IS giniúnach le déanaí, chun faisnéis a rochtain agus chun teacht ar a dtuairimí féin maidir le raon leathan saincheisteanna, lena n-áirítear an pholaitíocht. Tá ardáin ar líne ag teacht chun bheith ina bpríomhfhoinsí faisnéise do dhaoine óga anois 64 , go háirithe trí thionchairí 65 . Na halgartaim a úsáideann ardáin ar líne chun ábhar a shórtáil, is iad sin a spreagann an rannpháirteachas, agus a thugann tús áite go minic d’ábhar gáifeach nó conspóideach thar fhaisnéis iontaofa a bhfuil bunús léi. Is baolach de dheasca na n-algartam sin go gcuirfear le bréagaisnéis, le heasaontais shochaíocha agus cuireann siad dúshlán faoi infheictheacht ábhar na meán. Tá sé ag dul dian ar sholáthraithe seirbhíse na meán neamhspleácha agus ar sholáthraithe nuachta a samhlacha gnó a oiriúnú a mhéid a bhaineann le hioncam fógraíochta 66 , margadh atá faoi cheannas na n-ardán ar líne níos mó agus níos mó.

Dá dheasca sin, tá sé níos deacra meáin nuachta neamhspleácha agus infhaighteacht an ábhair iriseoireachta ardcháilíochta agus iniúchach a chothú, bunaithe ar chaighdeáin ghairmiúla agus eiticiúla. I roinnt réigiún, agus go háirithe i mórán ceantair thuaithe, tá soláthraithe nuachta áitiúla brúite amach as an margadh, rud a d’fhág gur cruthaíodh ‘fásaigh nuachta’, agus gur tháinig meath dá bharr ar infhaighteacht, iolrachas agus cáilíocht na faisnéise 67 , agus d’fhéadfadh sé go mbeadh caillteanas rannpháirtíochta agus muiníne sa daonlathas ann dá dheasca sin. Ina theannta sin, tá dochar á dhéanamh don timpeallacht ina n-oibríonn iriseoirí trí ionsaithe, cásanna dlí mí-úsáideacha agus cineálacha eile imeaglaithe, rud a fhágann go bhfuil sábháilteacht agus cosaint na n-iriseoirí ina tosaíocht fhíor-riachtanach 68 .

Bhí an tAontas réamhghníomhach maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin do shaoirse na meán agus iolrachas na meán, agus roinnt uirlisí dlíthiúla, beartais agus cistithe á gcur ar aghaidh aige. Soláthraítear tacar nua de rialacha comhchoiteanna in EMFA chun iolrachas agus neamhspleáchas na meán a chosaint san Aontas, arb é is aidhm dóibh a áirithiú gur féidir leis na meáin phoiblí agus phríobháideacha araon oibriú go héasca sa mhargadh inmheánach, gan brú míchuí agus an claochlú digiteach á chur san áireamh. Tacaíonn an Coimisiún leis na Ballstáit agus EMFA á chur i bhfeidhm acu, lena n-áirítear trí threoirlínte, agus áiritheoidh sé go ndéanfar é a fhorfheidhmiú. Coinneoidh an Coimisiún idirphlé gníomhach ar bun le gníomhaithe ábhartha sa tionscal agus le heagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta chun a áirithiú go gcuirfear na coimircí agus na sásraí a sholáthraítear in EMFA i bhfeidhm go héifeachtach ar fud an Aontais.

Chun a áirithiú go dtabharfaidh soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna aird chuí ar shaoirse agus iolrachas na meán, cuirtear de cheangal orthu leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha go ndéanfaidh siad aon riosca sistéamach a eascraíonn as dearadh nó as feidhmiú a seirbhísí a shainaithint agus a mhaolú go dícheallach, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le saoirse agus iolrachas na meán. Leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán a dhéanamh ar na hoibleagáidí sin agus dá bhforfheidhmiú agus déanfaidh sé teagmháil leis na páirtithe leasmhara ábhartha chun a áirithiú go gcumhdaítear iad sa réimse digiteach.

Chun saorghluaiseacht na faisnéise inár ndaonlathas a choimirciú, tá gá le margaí bríomhara inchoimhlinte le haghaidh soláthraithe seirbhíse meán saora agus neamhspleácha. Leanfaidh an Coimisiún de rialacha an Aontais in aghaidh trustaí a fhorfheidhmiú san earnáil dhigiteach chun cuidiú le tírdhreach meán atá cothrom agus ilghnéitheach a chur chun cinn agus chun cleachtais a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’iolrachas na meán a chomhrac, lena n-áirítear trí sholáthraithe seirbhíse meán neamhspleácha a chosaint ar iompraíochtaí frithiomaíocha san fhógraíocht ar líne. Ina theannta sin, is féidir le cosaint na hiomaíochta iolrachas agus éagsúlacht na meán a chothú freisin, ní hamháin in earnálacha traidisiúnta na meán ach in earnálacha atá ag athrú go tapa freisin, amhail an intleacht shaorga. Sna Treoirlínte athbhreithnithe maidir le Cumaisc 69 , soláthróidh an Coimisiún tuilleadh treorach maidir leis an gcaoi a gcaomhnaíonn sé iomaíocht maidir le cáilíocht agus conas a d’fhéadfadh sé sin iolrachas agus éagsúlacht na meán a chothú, chun tairbhe do thomhaltóirí agus do shaoránaigh. Faoin nGníomh um Margaí Digiteacha 70 , cuirfidh an Coimisiún i measc a chuid tosaíochtaí gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin lena gcuirtear chun cinn tírdhreach neamhspleách agus ilghnéitheach meán, lena n-áirítear trí thrédhearcacht na fógraíochta ar líne a mhéadú. Dúshláin atá ag teacht chun cinn, amhail rolladh amach na seirbhísí atá bunaithe ar an intleacht shaorga, tá tionchar acu ar mhargaí digiteacha cothroma agus inchoimhlinte i gcás na meán freisin. Tá idirphlé rialála á thionól ag an gCoimisiún maidir leis na saincheisteanna sin leis na geatóirí lena mbaineann. Is cuid é sin den athbhreithniú atá ar siúl faoi láthair ar an nGníomh um Margaí Digiteacha freisin, ina dtuairisceofar faoi na saincheisteanna a sainaithníodh agus na céimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’inmharthanacht eacnamaíoch na hearnála, i gcomhthéacs na meastóireachta atá ann faoi láthair agus an athbhreithnithe atá ar na bacáin ar an Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc 71 (AVMSD), déanfaidh an Coimisiún measúnú ar bhealaí chun suntasacht na seirbhísí meán leasa ghinearálta a neartú agus chun rialacha fógraíochta a nuachóiriú d’fhonn inbhuanaitheacht mheáin an Aontais a chothú. Déanfar ról na dtionchairí a mheas san athbhreithniú ar AVMSD 72 freisin agus sa Gníomh um Chothroime Dhigiteach atá ar na bacáin, agus rialacha an Aontais atá ann cheana á gcomhlánú.

Tá sé d’aidhm ag maoiniú poiblí le haghaidh craolachán seirbhíse poiblí go mbeifear in ann riachtanais dhaonlathacha, shóisialta agus chultúrtha na sochaí a chomhlíonadh leis agus an t-iolrachas a ráthú, lena n-áirítear éagsúlacht chultúrtha agus teanga. Le EMFA, cuirtear de cheangal ar na Ballstáit nósanna imeachta cistithe a chur i bhfeidhm lena ráthófar go mbeidh acmhainní airgeadais leordhóthanacha, inbhuanaithe agus intuartha ag soláthraithe meán seirbhíse poiblí a chomhfhreagraíonn do chomhlíonadh a sainchúraim seirbhíse poiblí agus dá gcumas forbartha faoi chuimsiú an tsainchúraim sin. Is é is aidhm don mheastóireacht atá ar siúl faoi láthair ar Theachtaireacht maidir le Craoltóireacht 2009 73 measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na rialacha atá ann cheana maidir le státchabhair le haghaidh craolachán seirbhíse poiblí fós oiriúnach dá bhfeidhm i bhfianaise forbairtí sa mhargadh - ó theicneolaíochtaí nua go bealaí nua féachana agus gníomhaithe nua san earnáil–.

Cé go dtagann deiseanna le forbairt na hintleachta saorga giniúnaí, baineann dúshláin éagsúla leis sin d’éiceachóras na meán an tráth céanna. Tá an phíoráideacht ar líne agus an úsáid a bhaintear as ábhar faoi chóipcheart chun oiliúint a chur ar shamhlacha intleachta saorga gan chead fós ina mbagairt shuntasach ar earnáil na meán, rud a laghdaíonn ioncam agus a bhfuil tionchar aige ar cháilíocht agus ar éagsúlacht na meán. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Treoir maidir le cóipcheart sa Mhargadh Aonair Digiteach 74 agus measfaidh sé conas feabhas a chur ar éifeachtacht na Treorach i gcomhthéacs na bhforbairtí sin.

Úsáidfidh an Coimisiún a uirlisí airgeadais freisin chun tacú le hathléimneacht eacnamaíoch earnáil na meán san Aontas agus níos faide i gcéin. Le Clár Athléimneachta na Meán, cuirfear leis an tacaíocht atá ann faoi láthair do na meáin trí chláir chistithe a mholtar sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) nua 75 , rud a réiteoidh an bealach chun an chéad CAI eile a chur in úsáid go rathúil. Tacóidh an Clár sin le hiriseoireacht neamhspleách agus le litearthacht sna meáin, rud a chuireann i dtábhacht iarrachtaí an Choimisiúin inbhuanaitheacht earnáil na meán nuachta a neartú, lena n-áirítear an iriseoireacht áitiúil, i dtíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha freisin. Cuirfidh an Coimisiún dlús leis an tacaíocht a sholáthraítear do na meáin áitiúla trí Eoraip na Cruthaitheachta, trí thionscadail a chothú lena ndírítear ar inmharthanacht na hiriseoireachta neamhspleáiche agus áitiúla 76 . Leathnóidh Eoraip na Cruthaitheachta na glaonna atá aici cheana ar thograí iad le haghaidh scileanna in 2027, trí ghníomhaíocht nua a chur isteach maidir le gairmithe na meán nuachta a uas-sciliú. Beidh gníomhaíocht nua faoin gclár Fís Eorpach ina tacaíocht bhreise do chlaochlú digiteach thionscal na meán trí, inter alia, uirlisí nuálacha nua a dhearadh do na meáin chun teagmháil a dhéanamh le húsáideoirí nua agus le foinsí ioncaim nua.

Tá an infheistíocht phríobháideach sna meáin sách íseal fós agus tá gá réitigh infheistíochta shaincheaptha nua, lena ndírítear ar thorthaí fadtéarmacha ar infheistíocht. Ba cheart cothromas príobháideach a chumasú chun tacú le meáin neamhspleácha ardcháilíochta. Cuirfidh an Coimisiún infheistíochtaí tionchair chun cinn in earnáil na meán nuachta agus tosóidh sé ar dhul i dteagmháil le hinfheisteoirí féideartha in éineacht le Grúpa BEI.

Tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún, mar chuid dá thacaíocht ar son go nglacfar an intleacht shaorga in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, cuidiú le hardáin uile-Eorpacha a fhorbairt chun nuacht agus faisnéis fíor-ama ó sholáthraithe seirbhíse meán gairmiúla a chur ar fáil do lucht féachana níos leithne ar fud an Aontais, i dteangacha iolracha 77 . Cuirfidh an Coimisiún dlús freisin lena thacaíocht do thionscadail nuálacha na meán a sholáthraíonn formáidí agus ábhar nua do lucht féachana ar fud an Aontais agus lasmuigh de 78 . Ina theannta sin, fiosróidh an Coimisiún conairí na todhchaí do thimpeallacht teicneolaíochta an Aontais, agus é ag díriú ar ardáin seirbhísí líonraithe shóisialta/meán sóisialta na todhchaí ar dtús, ar conairí iad a thacóidh le ceannasacht dhigiteach an Aontais.

Is príomhthosaíocht i gcónaí é sábháilteacht agus cosaint na n-iriseoirí a áirithiú, lena n-áirítear i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais 79 . Chun dlús a chur lena iarrachtaí iriseoirí a chosaint ar bhrú, bagairtí agus ionsaithe míchuí, déanfaidh an Coimisiún a Mholadh maidir le sábháilteacht iriseoirí 80 a thabhairt cothrom le dáta chun tacú le timpeallacht chumasúcháin agus sábháilteachta níos láidre d’iriseoirí agus don tuairisciú nuachta ardcháilíochta (iriseoireacht foinse príomhúla) sa tsochaí agus eagróidh sé imeacht ardleibhéil maidir le SLAPPanna a chomhrac chun tacú leis an athbhreithniú ar a Mholadh maidir leis an Dlíthíocht Straitéiseach i gcoinne Rannpháirtíocht Phoiblí a chomhrac 81 . Ina theannta sin, chun cuain shábháilte a chur chun cinn d’iriseoirí, do thaighdeoirí agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá gníomhach in anailís a dhéanamh ar an timpeallacht faisnéise agus ar a éabhlóidí (e.g. tionchar na hintleachta saorga), glacfaidh an Coimisiún treoirlínte chun tacú le rialacha ábhartha an Aontais a chur chun feidhme 82 .

Chun rannchuidiú leis an sprioc fhoriomlán go dtacófar le saoirse agus iolrachas na meán, leanfaidh an Coimisiún de shásraí a chistiú freisin chun faireachán a dhéanamh ar shaoirse an phreasa i mBallstáit an Aontais agus i dtíortha is iarrthóirí 83 .

Tá an Coimisiún ag tacú le meáin agus iriseoireacht neamhspleách ardcháilíochta go hidirnáisiúnta freisin, go háirithe i dtíortha Chomharsanacht an Aontais agus i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha. Is modh éifeachtach agus éifeachtúil é an cistiú lárnach chun oibríochtaí na meán neamhspleách a choinneáil ar bun chun cur i gcoinne oibríochtaí bréagaisnéise na réimeas forlámhach sa bhaile agus thar lear araon. Cuidíonn formáidí neamhspleácha imscrúdaitheacha agus siamsaíochta ar ardchaighdeán le hinsintí FIMI a chosc ó theacht i láthair agus is féidir leo scaipeadh isteach san Aontas agus i dtíortha comhpháirtíochta an Aontais a theorannú 84 . Thairis sin, Cuireann an Dearlaic Eorpach i gcomhair Daonlathais agus sásra ProtectDefenders.eu de chuid an Choimisiúin tacaíocht ar fáil d’iriseoirí atá i mbaol mar chosantóirí chearta an duine ó lasmuigh den Aontas. In 2024, tacaíodh le 943 oibrí sna meáin ar a laghad tríd an sásra deireanach sin. Leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht lárnach a sholáthar d’iriseoirí neamhspleácha agus do sholáthraithe seirbhíse meán neamhspleácha atá ar deoraíocht, lena n-áirítear ón Rúis agus ón mBealarúis agus ó thíortha eile, atá ag obair ó laistigh den Aontas agus dá chomharsanacht, chomh maith le cuidiú le hasraoin meán neamhspleách ardcháilíochta a chothú i dtíortha príomh-chomhpháirtithe. Cuirfidh an Coimisiún go mór le hobair mearfhreagartha le comhpháirtithe iontaofa chun a áirithiú go ndéanfar réitigh a chur ar fáil do shaoránaigh, do ghníomhaithe na sochaí sibhialta agus d’iriseoirí faoi réimis fhorlámhacha chun teacht timpeall ar an gcinsireacht dhigiteach, chomh maith le réitigh in aghaidh an fhaireachais agus in aghaidh iarrachtaí lena múchadh. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún clár um Shaoirse na Meán san Eoraip a fhorbairt freisin faoi CAI nua maidir leis an Eoraip Dhomhanda.

Gníomhaíochtaí:

·Athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc

·Aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá roimh éiceachóras na meán i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an Treoir maidir le cóipcheart sa Mhargadh Aonair Digiteach

·Treoraíocht a sholáthar chun iomaíocht a choinneáil ar bun agus iolrachas agus éagsúlacht na meán a chothú i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar na Treoirlínte maidir le Cumaisc

·Measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na rialacha atá ann cheana maidir le Státchabhair le haghaidh craolachán seirbhísí poiblí sa mheastóireacht ar Theachtaireacht maidir le Craoltóireacht 2009

·Clár Athléimneachta na Meán a sheoladh chun tacú le hiriseoireacht neamhspleách agus litearthacht sna meáin

·Bearta maidir le sábháilteacht iriseoirí a threisiú agus dlíthíocht mhí-úsáideach a chomhrac (SLAPP)

·Tacú le meáin agus iriseoireacht neamhspleách agus ardcháilíochta lasmuigh de theorainneacha an Aontais

2,4. Borradh a chur faoi athléimneacht na sochaí agus faoi rannpháirtíocht na saoránach

Is iad saoránaigh rannpháirteacha agus chumhachtaithe agus sochaí shibhialta ghníomhach cnámh droma an daonlathais. Trí oideachas saoránachta a chur chun cinn, lena n-áirítear litearthacht sna meáin, litearthacht dhigiteach agus smaointeoireacht chriticiúil, neartaítear feasacht ar rioscaí agus bagairtí agus cumhachtaítear saoránaigh de gach aois sna pobail éagsúla uile chun dul i ngleic leis an timpeallacht faisnéise, faisnéis iontaofa a rochtain, a gcearta daonlathacha a fheidhmiú agus gabháil do phróisis dhaonlathacha. Rannpháirtíocht na saoránach sa saol daonlathach a chur chun cinn, trí thacaíocht d’uirlisí rannpháirtíochta agus dioscúrsacha, is gá é sin a dhéanamh freisin chun úinéireacht, cumhachtú agus muinín an phobail a threisiú. Tá siad sin ríthábhachtach chun athléimneacht fhoriomlán na sochaí a fhorbairt.

2.4.1. Oideachas saoránachta agus scileanna don daonlathas

Tá scileanna saoránachta, lena n-áirítear litearthacht sna meáin agus litearthacht dhigiteach, ríthábhachtach don daonlathas. Tacaíonn raon leathan tionscadal le scileanna den sórt sin faoi chláir éagsúla de chuid an Aontais, mar shampla Erasmus+ agus an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (CERV) agus Fís Eorpach.

Bearta san oideachas

Tá ról lárnach ag scoileanna agus ag institiúidí oideachais maidir le scileanna saoránachta a fhorbairt chun cur ar a gcumas do dhaoine gníomhú go freagrach, trí smaointeoireacht chriticiúil, cuimsitheacht, saoirse cainte agus rannpháirtíocht ghníomhach saoránach a chothú. Trí na scileanna sin a chothú, déanann eintitis oideachais ar gach leibhéal saoránaigh eolasacha agus rannpháirteacha a chumhachtú, agus ar an gcaoi sin sochaithe daonlathacha níos athléimní a thógáil.

Mar chuid d’Aontas na Scileanna, meastar sa Phlean Gníomhaíochta um Bunscileanna gur bunscileanna iad scileanna saoránachta agus scileanna digiteacha araon, atá bunriachtanach chun go dtiocfaidh saoránaigh faoi bhláth, ina saol gairmiúil agus ina saol pearsanta araon. Áireofar i bpacáiste Oideachais 2026 Scéim Tacaíochta um Bunscileanna do scoileanna chun tacú le leanaí agus le daoine óga scileanna litearthachta, matamaitice, eolaíochta, digiteacha agus saoránachta a shealbhú. Mar chuid den phacáiste sin, tíolacfaidh an Coimisiún Treochlár 2030 maidir le todhchaí an oideachais dhigitigh agus na scileanna digiteacha, ag tógáil ar an athbhreithniú ar an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach, ag díriú ar scileanna digiteacha, litearthacht intleachta saorga agus smaointeoireacht chriticiúil agus ar bhorradh a chur faoin athléimneacht dhaonlathach sa saol digiteach.

Cuirfidh an Coimisiún moltaí ar fáil do cheannairí scoile agus do lucht ceaptha beartas. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh Treoirlínte nuashonraithe do mhúinteoirí agus oideoirí maidir le dul i ngleic leis an mbréagaisnéis agus maidir leis an litearthacht dhigiteach a chur chun cinn tríd an oideachas agus oiliúint 85 , chun saineolas oideolaíoch múinteoirí agus scileanna smaointeoireachta criticiúla daoine óga a neartú, chun úsáid fhreagrach na dteicneolaíochtaí digiteacha a chur chun cinn agus chun tacú le roghanna eolasacha ar líne. Cumhdófar leo sin forbairtí amhail IS giniúnach, ionramháil ar fhaisnéis 86 agus ról na meán sóisialta agus tionchairí. Tá treoirlínte á bhforbairt ag an gCoimisiún freisin chun tacú le sealbhú bunscileanna maidir le hullmhacht, lena n-áirítear gnéithe ábhartha de litearthacht sna meáin, mar phríomhthábhacht do shaoránacht ghníomhach fheasach agus don chomhrac i gcoinne na bréagaisnéise agus na cúblála faisnéise. Forbróidh an Coimisiún creat inniúlachta saoránachta an Aontais 87 , mar aon leis na treoirlínte chun oideachas saoránachta i scoileanna a neartú. Cuirfidh sé sin bonn eolais faoi fhorbairt na gcuraclam agus na gclár oiliúna.

Gníomhaíochtaí ar son na litearthachta sna meáin lasmuigh den oideachas

Chun bearta i réimse an oideachais a chomhlánú, is gá cur go mór le gníomhaíochtaí mar thaca le litearthacht sna meáin, lena n-áirítear litearthacht dhigiteach ar fud an Aontais, ar bhealach cuimsitheach agus éifeachtúil, chun teagmháil a dhéanamh le daoine de gach aois agus as gach cúlra socheacnamaíoch, go háirithe daoine lasmuigh de shuíomhanna oideachais agus oiliúna.

Déanfaidh an Coimisiún pacáiste beart maidir le litearthacht sna meáin a rolladh amach. I gClár Athléimneachta na Meáin, beidh gníomhaíochtaí nua chun tacú le litearthacht sna meáin agus teagmháil a dhéanamh leis na catagóirí aoise uile (an óige, daoine fásta, seanóirí), ar fud ceantair thuaithe agus uirbeacha. Tabharfaidh an clár aghaidh ar dhúshláin nua agus ar dhúshláin atá ann cheana maidir le sláine faisnéise, agus litearthacht sna meáin á nascadh leis an ullmhacht agus ag díriú ar threochtaí nua i dtéarmaí thomhaltas na meán 88 . Beidh gníomhaíochtaí ina gcuid den mheastóireacht agus den athbhreithniú ar na rialacha sin freisin, ar gníomhaíochtaí iad a d’fhéadfaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar na sásraí atá ann cheana faoin Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc i dtaca le litearthacht sna meáin. Tabharfar tosaíocht do thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit a bhfuil dúshláin ar leith rompu agus riachtanais ar leith acu, chomh maith le tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha 89  agus grúpaí a bhfuil bacainní rompu maidir le bheith ag gabháil don saol daonlathach 90 .

Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit pleananna gníomhaíochta náisiúnta nó réigiúnacha um litearthacht sna meáin a fhorbairt, a leathnú nó a chur chun feidhme 91 .

Treiseoidh an Coimisiún pobal litearthachta na meán freisin, chun comhordú a mhéadú agus naisc idir gníomhaithe a bhfuil baint acu leis a neartú. Mar chuid de sin, neartóidh an Coimisiún an Sainghrúpa dá chuid um Litearthacht na Meán (MLEG) de údaráis na mBallstát, trí mhalartuithe dea-chleachtas a chothú, uirlisí comhair nua a chur ar fáil agus a shainordú a leathnú chun gnéithe d’athléimneacht agus ullmhacht na sochaí a chumhdach. Chun iarrachtaí MLEG a chomhlánú, bunóidh an Coimisiún líonra nua de shaineolaithe neamhspleácha ar son na litearthachta sna meáin freisin, ina dtabharfar le chéile saineolaithe neamhspleácha ó réimsí éagsúla (e.g. ullmhacht, FIMI agus bréagaisnéis, anailísiú sonraí, rioscaí ó thaobh na sláine faisnéise, eolaíochtaí iompraíochta, etc.) chun ionchuir agus léargais neamhspleácha a sholáthar chun tabhairt faoi dhúshláin nua. Le hiarrachtaí ar son na litearthachta sna meáin, tógfar ar phobal litearthachta meán na Faireachlainne Eorpaí um na Meáin Dhigiteacha (EDMO) freisin, lena ndéanfar an stór dea-chleachtas agus cásanna úsáide a mhéadú a thuilleadh, ar dea-chleachtais agus cásanna úsáide iad sin atá bunaithe ar Guidelines for Effective Media Literacy Initiatives [Treoirlínte EDMO maidir le Tionscnaimh Éifeachtacha ar son na Litearthachta sna Meáin] 92 agus trí chur go mór le scéalta ratha atá forbartha agus úsáidte ag moil réigiúnacha/náisiúnta de chuid EDMO, maidir le for-rochtain chuig pobail leochaileacha agus tuaithe agus chuig seanóirí, nó comhar leis na meáin, mar shampla.

Déanfaidh an Coimisiún treoir de chuid an Aontais maidir leis an daonlathas do shaoránaigh a chur i láthair, chun feasacht na saoránach ar a gcearta daonlathacha faoi dhlí agus faoi chreataí beartais an Aontais a chur chun cinn chomh maith le feasacht ar conas na cearta sin a fheidhmiú 93 . Cuirfear béim ar leith ar dhaoine óga.

Chun saoránaigh a rannpháirtiú i gceapadh na mbeart sin maidir le scileanna daonlathais, saoránachta, litearthachta sna meáin agus litearthachta digití, eagróidh an Coimisiún Painéal Saoránach Eorpach maidir le hathléimneacht dhaonlathach.

Gníomhaíochtaí:

·Scéim Tacaíochta Bunscileanna 2026 do Scoileanna a fhorbairt, lena n-áirítear scileanna saoránachta agus digiteacha

·Na Treoirlínte do mhúinteoirí agus d’oideoirí maidir leis an mbréagaisnéis agus an litearthacht dhigiteach a thabhairt cothrom le dáta

·Creat inniúlachta saoránachta an Aontais a fhorbairt mar aon le treoirlínte chun oideachas saoránachta i scoileanna a neartú

·Tacú leis na Ballstáit pleananna gníomhaíochta náisiúnta nó réigiúnacha maidir le litearthacht sna meáin a fhorbairt, a leathnú nó a chur chun feidhme

·Bearta a rolladh amach maidir le litearthacht sna meáin, agus tosaíochtaí nua iontu chomh maith le pobal treisithe litearthachta sna meáin

·Treoir de chuid an Aontais maidir leis an daonlathas a ullmhú do shaoránaigh

·Painéal Saoránach Eorpach a eagrú maidir le hathléimneacht dhaonlathach

   

2.4.2. Rannpháirteachas agus rannpháirtíocht saoránach a chur chun cinn

Trí mhodhanna nua fóinteacha rannpháirtíochta saoránach, plé agus rannpháirteachais, leis na glúnta uile 94 , soláthraítear bealaí breise do shaoránaigh chun rannpháirtiú i ndíospóireachtaí daonlathacha agus i gceapadh beartais phoiblí, rud a shaibhríonn na pléití le dearcthaí éagsúla - mar a léiríodh leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa - agus a threisíonn an daonlathas ionadaíoch bunaithe ar thoghcháin. 

Ar leibhéal an Aontais, úsáideann an Coimisiún roinnt uirlisí chun saoránaigh an Aontais a rannpháirtiú ina cheapadh beartas, ag tosú leis na Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh, uirlis uathúil chun clár oibre a shocrú a chuireann ar chumas na saoránach a gcuid smaointe a chur chun cinn maidir le gníomhaíocht an Aontais. Is sócmhainní tábhachtacha anois iad na Painéil Saoránach Eorpacha agus an tArdán um Rannpháirtíocht Saoránach chun bonn eolais a chur faoin gceapadh beartais agus chun tacú leis, chun athléimneacht dhaonlathach a fhorbairt agus chun saoránacht Eorpach a chothú, agus spreagfar a n-úsáid ar leibhéal an Aontais agus sna Ballstáit. Fiosróidh an Coimisiún féidearthachtaí atá ann a Ardán um Rannpháirtíocht Saoránach a oscailt nó a idir-inoibritheacht a chumasú le riaracháin phoiblí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla.

Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar le comhlachtaí agus eintitis ábhartha, amhail Coiste Eorpach na Réigiún, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus páirtithe leasmhara 95 chun líonra d’údaráis náisiúnta maidir le rannpháirtíocht saoránach a threisiú, agus pointí fócasacha náisiúnta ann, ag tógáil go háirithe ar Lárionad Inniúlachta fíorúil an Choimisiúin maidir le Daonlathas Rannpháirtíochta agus Dioscúrsach 96 . Díreofar obair an líonra sin ar an leibhéal áitiúil, ar chumhachtú na hóige agus ar idirphlé idirghlúine, rud a sholáthróidh tacaíocht phraiticiúil agus lena gcuirfear uirlisí ábhartha chun cinn d’údaráis náisiúnta. Laistigh den chreat sin, tacóidh an Coimisiún le hullmhú pacáiste oiliúna do na Ballstáit maidir le rannpháirtíocht saoránach i dteangacha oifigiúla uile an Aontais.

Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh rochtain níos leithne ar fhaisnéis faoi rannpháirtíocht saoránach trí thairseach ilteangach le haghaidh acmhainní ar leibhéal an Aontais, chun uirlisí agus faisnéis maidir le rannpháirtíocht dhaonlathach a scaipeadh ar bhonn níos leithne, lena n-úsáid ar na leibhéil uile ar fud an Aontais, lena n-áirítear riaracháin phoiblí, páirtithe leasmhara agus saoránaigh, agus trína lárófar faisnéis a bhailítear trí líonra na n-údarás náisiúnta maidir le rannpháirtíocht saoránach agus faoin Lárionad Inniúlachta maidir le Daonlathas Rannpháirtíochta agus Dioscúrsach.

Ba cheart uirlisí digiteacha nuálacha a chur chun cinn chun malartuithe pearsanta a chomhlánú agus chun tacú leo. Spreagfaidh an Coimisiún nuálaíocht in ardáin ar líne lena gcumasaítear rannpháirtíocht sa daonlathas (teicneolaíocht saoránach 97 ), lena n-áirítear ardáin dhigiteacha áitiúla a thacaíonn le rannpháirtíocht dhaonlathach, agus leas á bhaint as IS chun críocha rannpháirtíochta. Chun rannpháirtíocht le hearnáil na teicneolaíochta saoránach a sheoladh, eagróidh an Coimisiún haiceatón teicneolaíochta saoránach chun tionscadail nuálacha a thaispeáint agus cuirfidh sé mol Eorpach teicneolaíochta saoránach 98 ar bun, lena soláthrófar pointe fócasach cuimsitheach ilteangach d’fhaisnéis, acmhainní agus uirlisí maidir leis an teicneolaíocht saoránach 99 . Tacóidh an Coimisiún le treoirthionscadail sa réimse sin faoi chláir cistithe ábhartha de chuid an Aontais, ina mbeidh baint ag údaráis áitiúla, pobail agus gnólachtaí nuathionscanta teicneolaíochta chun réitigh inscálaithe a fhorbairt, i gceantair thuaithe freisin 100 . Sna sraitheanna oibre éagsúla uile sin, tabharfar aird ar leith ar inrochtaineacht agus idir-inoibritheacht na n-uirlisí teicneolaíochta saoránach.

Trí rannpháirtíocht na n-óg agus comhairliúchán leo ar na leibhéil uile, áirithítear go meastar dearcthaí agus riachtanais na glúine óige i mbeartais agus i gcinntí, arb iad sin a mhairfidh lena n-iarmhairtí fadtéarmacha. Trí theagmháil a dhéanamh le daoine óga, ar bhealach cuimsitheach, cothaítear braistint freagrachta sibhialta freisin, rud a spreagann rannpháirtíocht ar feadh an tsaoil sa tsochaí agus sa daonlathas. Tá ról lárnach ag daoine óga in iarrachtaí an Choimisiúin saoránaigh a rannpháirtiú ina cheapadh beartais, lena n-áirítear trí Bhord na nÓg um Chomhairliú an Uachtaráin. Eagrófar Idirphlé Beartais leis an Aos Óg idir Coimisinéirí agus daoine óga maidir leis an Sciath Eorpach don Daonlathas a chur chun feidhme. Oiriúnófar Sraith Straitéisí na Rannpháirtíochta a ghabhann le hIdirphlé Óige an Aontais, a cruthaíodh in éineacht le comhairlí náisiúnta óige, chun teagmháil a dhéanamh le níos mó daoine óga agus cuirfear chun cinn í trí Thairseach Eorpach na hÓige chun borradh a chur faoi rannpháirtíocht na n-óg ar bhonn níos leithne. Beidh sé d’aidhm ag an tionscnamh dar teideal Guthanna na Todhchaí Fóram Eorpach um Chothroime Idirghlúine sa Daonlathas a chruthú, mar spás cuimsitheach inar féidir le daoine de gach aois teacht le chéile chun roghanna fadtéarmacha na hEorpa a mhúnlú.

Gníomhaíochtaí:

·Rannpháirtíocht saoránach agus na n-óg a chur chun cinn, lena n-áirítear trí líonra d’údaráis náisiúnta maidir le rannpháirtíocht saoránach a threisiú, lena ngabhfaidh pacáiste oiliúna agus tairseach ilteangach le haghaidh acmhainní ar leibhéal an Aontais

·Mol Eorpach teicneolaíochta saoránach a bhunú chun tacú le hearnáil na teicneolaíochta saoránach

2.4.3. An daonlathas a neartú trí ghníomhaíochtaí uile-shochaí

Chun an daonlathas a neartú a thuilleadh, is gá tacaíocht leanúnach a sholáthar do ghníomhaithe agus do phobail rannpháirteacha, a dtionscnaimh a aithint agus a mhéadú, agus dea-chleachtais a léiríonn cuir chuige nuálacha a thaispeáint. Is gá díriú go háirithe ar réigiúin atá thíos le leibhéil ísle rannpháirtíochta saoránach agus polaitiúla.

Chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ag dul i méid amhail scoilteadh sóisialta, imeallú digiteach, agus muinín in institiúidí poiblí a bheith ag dul i laghad, cothóidh an Coimisiún cuir chuige tógála pobail. In éineacht le húdaráis agus líonraí áitiúla ar fud an Aontais – lena n-áirítear Líonra na gComhairleoirí um Ghnóthaí AE – spreagfaidh an Coimisiún agus tacóidh sé le tionscnaimh phobail lena dtugtar le chéile daoine ó aoiseanna agus ó chúlraí difriúla agus lena neartaítear naisc áitiúla agus spásanna poiblí cuimsitheacha, trí spórt, ceol, scéalaíocht agus comhar chomh maith.

Tá an daonlathas áitiúil, an cuimsiú agus cuir chuige rannpháirtíochta i measc bhunluachanna agus chroíphrionsabail Bauhaus Eorpach Nua. Tacóidh sé leis an daonlathas áitiúil trí thionscnaimh choincréiteacha lena gcuirtear cuir chuige nuálacha chun cinn i leith rannpháirtíocht phobail ar leibhéal na gcomharsanachtaí. Áirítear leis sin rannpháirtíocht phobail agus naisc idirghlúine a neartú, chomh maith le cuir chuige chomhoibríocha a thabhairt chun cinn i leith spásanna poiblí agus comharsanachtaí cuimsitheacha.

Feidhmeoidh lárionaid EUROPE DIRECT an Choimisiúin mar mhicri-mhoil áitiúla an daonlathais — spásanna oscailte ar a bhfuil taithí ag daoine agus ina dtagann pobail le chéile, ina malartaíonn siad agus ina ngníomhaíonn siad le chéile, ag tacú le hidirphlé cuimsitheach atá fréamhaithe i réaltacht a saoil laethúil. I gcomhpháirtíocht leis na húdaráis áitiúla, is féidir leo gníomhaíochtaí a óstáil lena ndéantar taithí chomhroinnte den phlé – ó thráthnónta pobail go seisiúin comhroinnte scileanna comharsanachta nó podchraoltaí áitiúla 101 .

Chun tuilleadh malartuithe agus sineirgí a spreagadh idir páirtithe leasmhara atá gníomhach maidir le nuálaíocht dhaonlathach, chomh maith le comhroinnt dea-chleachtas agus infheictheacht a dtionscadal, eagróidh an Coimisiún Imeacht Ardleibhéil maidir leis an daonlathas agus deonóidh sé gradam bliantúil don nuálaíocht dhaonlathach 102 . Trí thionscadail a bhaineann leis an daonlathas a thaispeáint, méadaítear a n-infheictheacht do dheontóirí príobháideacha agus d’eagraíochtaí daonchairdiúla, a spreagtar chun méadú a dhéanamh ar a ról.

Rollfaidh an Coimisiún amach feachtais múscailte feasachta thiomnaithe chun a chur in iúl cén fáth a bhfuil tábhacht leis an daonlathas agus conas is féidir leis na saoránaigh uile, lena n-áirítear daoine óga, a gcearta daonlathacha a fheidhmiú agus éisteacht a fháil 103 .

Tá ról le himirt ag an earnáil phríobháideach freisin maidir leis an daonlathas a chur chun cinn agus a chaomhnú, rud atá ina riachtanas bunúsach ar mhaithe le timpeallacht ghnó atá cothrom agus dea-fheidhmiúil agus le rathúnas eacnamaíoch. Dá réir sin, tá geilleagar rathúil fíor-riachtanach chun go mbeidh rath ar an daonlathas. Spreagfaidh an Coimisiún cuideachtaí príobháideacha agus comhlachais ghnó chun dea-chleachtais a roinnt, gealltanais dheonacha a thabhairt sa réimse sin agus comhghuaillíocht ghnó don daonlathas a thógáil 104 .

Gníomhaíochtaí:

·Imeacht Ardleibhéil maidir leis an daonlathas a eagrú chomh maith le gradam bliantúil don nuálaíocht dhaonlathach

·Feachtais múscailte feasachta thiomnaithe de chuid an Choimisiúin a rolladh amach

·Tacú le gealltanais dheonacha na hearnála príobháidí a fhorbairt chun comhghuaillíocht ghnó don daonlathas a fhorbairt

2.4.4. Cinnteoireacht fhianaisebhunaithe a choimirciú

Trí cheapadh beartais fianaise-shaibhrithe, áirithítear go mbíonn institiúidí, díospóireachtaí agus cinnteoireacht fréamhaithe i bpróisis fhíorasacha, thrédhearcacha agus chuntasacha agus i sonraí neamhchlaonta atá bunaithe ar shaoirse an taighde eolaíoch, rud a chothaíonn dlisteanacht rialachais agus muinín ann. Chun próisis chomhairleacha eolaíocha éifeachtacha agus dhaonlathacha a ráthú chomh maith le tacaíocht eolaíoch do bheartais phoiblí, is gá comhlíonadh na gcaighdeán eitice agus ionracais taighde is airde a chur chun cinn. Tá sé fíor-riachtanach rannpháirtiú agus muinín na saoránach san eolaíocht a chumasú freisin agus córais chomhairleacha láidre neamhspleácha a áirithiú. I bhfianaise an mhéid sin, glacfaidh an Coimisiún Moladh maidir le bheith ag tacú le fianaise eolaíoch agus lena húsáid i gceapadh beartais poiblí.

Tá saoirse an taighde eolaíoch ina cuid bhunriachtanach den tsaoirse acadúil agus tá sí fíor-riachtanach chun eolas iontaofa agus sonraí iontaofa a ghiniúint. Trí chosaint a thabhairt do neamhspleáchas taighdeoirí agus acadóirí chun fiosrú, ceistiú agus nuáil a dhéanamh, áirithíonn siad go bhfuil an fhianaise a úsáidtear i gceapadh beartais inchreidte agus neamhchlaonta. Is réamhriachtanas iad na luachanna sin d’institiúidí ardoideachais freisin chun a misean acadúil agus sochaíoch a bhaint amach, agus dioscúrsaí poiblí á gcothú agus á gcur chun cinn trí shaineolas agus fianaise a sholáthar, agus is fíor-riachtanach don athléimneacht dhaonlathach iad na luachanna céanna. Leis an nGníomh um an Limistéar Eorpach Taighde atá ar na bacáin, athdhearbhófar saoirse an taighde eolaíoch i ndlí an Aontais, mar chuid riachtanach de luachanna acadúla. Tá saoirse na n-ealaíon, agus cosaint ealaíontóirí agus institiúidí cultúrtha, mar a thugtar aghaidh orthu sa Chompás Cultúir don Aontas Eorpach, ina comhchuid thábhachtach den chreatlach dhaonlathach agus den athléimneacht dhaonlathach freisin.

Ag tógáil ar Mholadh 2024 ón gComhairle maidir leis an tSlándáil Taighde a Fheabhsú 105 , tá measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar na roghanna chun Lárionad Eorpach Saineolais maidir le Slándáil Taighde a chur ar bun freisin chun an bonn fianaise le ceapadh beartais um shlándáil taighde a neartú agus chun pobal cleachtais trasna an Aontais a chothú.

Ar bhonn níos leithne, d’fhéadfadh an Lárionad Eorpach um Athléimneacht Dhaonlathach malartuithe taithí ar fhorbairt na hathléimneachta daonlathaí a éascú freisin, amhail dea-chleachtais maidir le forbairt pobail, tionscnaimh litearthachta sna meáin agus gníomhaíochtaí ullmhachta.

Gníomhaíochtaí:

·Moladh ón gCoimisiún a ghlacadh maidir le bheith ag tacú le fianaise eolaíoch agus lena húsáid i gceapadh beartais phoiblí

·Saoirse an taighde eolaíoch a chumhdach i ndlí an Aontais faoin nGníomh um an Limistéar Eorpach Taighde

·Measúnú a dhéanamh ar roghanna chun Lárionad Eorpach Saineolais maidir le Slándáil Taighde a chur ar bun

3. Is ionann infheistíocht a dhéanamh sa daonlathas agus infheistíocht a dhéanamh inár dtodhchaí

Tá tacaíocht airgeadais ríthábhachtach chun tosaíochtaí na Sciatha Eorpaí don Daonlathas a bhaint amach láithreach agus san fhadtéarma. Tá roinnt cláir cistithe de chuid an Aontais ábhartha ina leith sin. Eoraip na Cruthaitheachta: Soláthraíonn cistiú chun tacú leis na meáin, leis an iriseoireacht, litearthacht dhigiteach agus litearthacht sna meáin. Eoraip Dhigiteach: Tacaíonn le comhar ildisciplíneach chun bréagaisnéis a chomhrac trína cistiú do EDMO, lena n-áirítear a moil réigiúnacha, agus an Líonra Eorpach Seiceálaithe Fíricí. Fís Eorpach: Tacaíonn le taighde, nuálaíocht agus turgnamhaíocht chun an daonlathas agus rialachas a neartú agus chun nuálaíocht dhaonlathach a fhorbairt. An Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (CERV): Cosnaíonn agus cuireann luachanna an Aontais chun cinn agus cuireann rannpháirteachas saoránach agus rannpháirtíocht saoránach i saol daonlathach an Aontais chun cinn.

Tacaíonn colún na mearfhreagartha faoin Ionstraim um Chomharsanacht agus Forbairt agus um Chomhar Idirnáisiúnta leis an iriseoireacht neamhspleách agus cuireann sé le hacmhainneachtaí FIMI i gcásanna géarchéime. Le cláir eile, amhail an clár um Cheartas agus Erasmus+, neartaítear an daonlathas trína bpríomhchuspóirí a bhaint amach. Leis na saoráidí don Úcráin, do na Balcáin Thiar agus don Mholdóiv, is féidir cistiú a eisíoc bunaithe ar athchóirithe struchtúracha a chomhlíonadh, arb é is aidhm dóibh an daonlathas a neartú, in éineacht le tacaíocht d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, na meáin neamhspleácha, litearthacht sna meáin agus athléimneacht i gcoinne FIMI agus bagairtí hibrideacha. Agus na cistí sin á gclársceidealú don tréimhse atá fágtha faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) seo, measfaidh an Coimisiún gnéithe a bhaineann leis an daonlathas agus tosaíocht á tabhairt dóibh. Ba cheart cistiú nuálach a mheas, amhail micreadheontais le haghaidh tionscnaimh áitiúla, ionstraimí airgeadais amhail ráthaíochtaí, iasachtaí agus cothromas, agus sluachistiú a spreagadh agus a chuíchóiriú.

Ba cheart cistiú príobháideach a dhreasú. Mar shampla, is féidir cistiú cothromais phríobháidigh a úsáid cheana féin chun tionscadail chruthaitheacha san earnáil chlosamhairc a dhí-rioscú trí chistiú a thabhairt d’fhorbairt agus dáileadh scannán, ábhair meán nó tionscnamh cultúrtha. D’fhéadfaí dí-rioscú den sórt sin a chur i bhfeidhm maidir le tionscadail amach anseo lena dtacaítear leis na meáin neamhspleácha agus leis an iriseoireacht. D’fhéadfadh ócáidí tiomsaithe airgid ranníocaíochtaí daonchairdiúla agus comhar le fondúireachtaí príobháideacha a spreagadh chun an tacaíocht airgeadais don Sciath Eorpach don Daonlathas a neartú.

Mar chuid den chéad CAI eile le haghaidh 2028-2034, tá roinnt clár molta ag an gCoimisiún chun rannchuidiú le cuspóirí na Sciatha Eorpaí don Daonlathas. Leis an gcistiú atá molta, chumhdófaí tacaíocht i raon leathan tosaíochtaí agus gníomhaithe éagsúla, lena n-áirítear meáin shaora neamhspleácha, obair eagraíochtaí na sochaí sibhialta, oideachas agus athléimneacht dhaonlathach fhoriomlán. Go háirithe, tá sé beartaithe le AgoraEU luachanna comhroinnte a chur chun cinn, lena n-áirítear an daonlathas, agus tacú le héagsúlacht chultúrtha na hEorpa, lena hearnálacha closamhairc agus cruthaitheacha, le saoirse na meán chomh maith le rannpháirtiú na sochaí sibhialta. Leis an tsraith nua MEDIA+ faoi AgoraEU, sholáthrófaí tacaíocht iomlánaíoch don iriseoireacht shaor agus neamhspleách agus do na meáin nuachta dá leithéid, dhéanfaí saoirse na meán a chosaint agus a chur chun cinn; inmharthanacht airgeadais na meán a fheabhsú, tacú le litearthacht sna meáin agus le brath agus comhrac na bréagaisnéise. Le sraith CERV+ de AgoraEU, tá sé beartaithe tacú leis an Sciath don Daonlathas a chur chun feidhme trí phróisis thoghchánacha atá saor, cothrom agus cuimsitheach a chothú agus trí rannpháirtíocht agus rannpháirteachas saoránach i saol daonlathach agus sibhialta an Aontais a neartú. Maoineofar gníomhaíochtaí tacaíochta tábhachtacha eile tríd an gClár um Cheartas 106 , Fís Eorpach 107 , Erasmus+ 108 , an Ciste Eorpach um Iomaíochas 109 , an ionstraim don Eoraip Dhomhanda 110 agus na Pleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnacha 111 .

Is treisiú ar a chéile iad an athléimneacht dhaonlathach agus an chosaint. D’fhéadfaí breathnú ar chaiteachas ar an gcosaint mar bhealach chun tacú leis an athléimneacht dhaonlathach freisin, mar shampla trí infheistíocht a dhéanamh sa chibearshlándáil, sa obair choisctheach in aghaidh bagairtí hibrideacha nó i mbonneagar criticiúil agus institiúidí daonlathacha a chosaint ar chur isteach seachtrach. Le hathléimneacht cosanta an Aontais agus gníomhaíochtaí dá chuid chun bagairtí hibrideacha a chomhrac, treisítear an athléimneacht dhaonlathach, lena n-áirítear trí bharr feabhais theicneolaíoch na hEorpa sa chibearchosaint a neartú agus trí theicneolaíochtaí ceannródaíocha a fhorbairt. Tá tacaíocht airgeadais ón Aontas fíor-riachtanach maidir leis sin, mar atá, faoin gCiste Eorpach Cosanta, Fís Eorpach, an Eoraip Dhigiteach, ionstraim SAFE (Gníomhaíocht Slándála don Eoraip) agus sa CAI amach anseo faoin gClár um an Tionscal Cosanta Eorpach atá molta.

4. Conclúidí

Leis an Teachtaireacht seo maidir leis an Sciath Eorpach don Daonlathas, soláthraítear cur chuige straitéiseach i leith an daonlathas san Aontas a chosaint, a neartú agus a chur chun cinn san fhadtéarma. Cuirtear i dtábhacht inti gealltanas láidir an Choimisiúin an athléimneacht dhaonlathach a fheabhsú ar fud an Aontais chomh maith lena ullmhacht chun oibriú i gcomhar le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais, Ballstáit an Aontais, comhpháirtithe ó chomharsanacht an Aontais, páirtithe leasmhara ábhartha chomh maith le saoránaigh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh an daonlathas.

Faoin gcur chuige straitéiseach sin, fógraítear sraith gníomhaíochtaí a rollfar amach de réir a chéile faoi 2027. Beidh ról lárnach ag na Ballstáit chun na cuspóirí sin a bhaint amach, agus leanfaidh an Coimisiún dá iarrachtaí chun comhúinéireacht a áirithiú.

Chun a áirithiú go ndéanfar an obair leantach ó thaobh na polaitíochta de maidir le cur chun feidhme na Teachtaireachta seo, tabharfaidh an Coimisiún an t-eolas is déanaí ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go tráthrialta. Eagróidh an Coimisiún Fóram Aireachta ardleibhéil bliantúil chun machnamh a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a rolltar amach faoin Sciath Eorpach don Daonlathas agus chun comhroinnt dea-chleachtas a éascú, trí theagmháil a dhéanamh le gníomhaithe institiúideacha agus neamhinstitiúideacha araon. Déanfaidh an Coimisiún teagmháil le comhchainteoirí agus le páirtithe leasmhara ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil freisin. Faoi dheireadh an tsainordaithe, déanfaidh an Coimisiún machnamh ar chur chun feidhme agus tionchar na ngníomhaíochtaí a chuimsítear sa Teachtaireacht seo.

Tá an Sciath Eorpach don Daonlathas ina gné lárnach den chur chuige réamhghníomhach a dtéann an Coimisiún ina bhun chun luachanna an Aontais a chosaint agus a chaomhnú. Tá gníomhaíochtaí láidre déanta ag an gCoimisiún chun an smacht reachta agus cearta bunúsacha a choimirciú agus a chur chun cinn san Aontas, go háirithe tríd an Tuarascáil bhliantúil maidir leis an Smacht Reachta agus trí na tuarascálacha bliantúla maidir le cur i bhfeidhm Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Is príomhthosaíocht de ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais é cearta an duine agus an daonlathas a chosaint agus a chur chun cinn, mar a chuirtear i dtábhacht sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2027. Comhlánaíonn Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir leis an tSochaí Shibhialta 112 na hiarrachtaí sin trí rannpháirtíocht níos láidre le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a chur chun cinn agus trí spás sibhialta rathúil a chothú ar fud an Aontais.

Is gealltanas laethúil é an daonlathas nach mór dúinn a chosaint, a chothú agus aird chuí a thabhairt air riamh is choíche. Tá an tAontas diongbháilte i gcónaí ina ghealltanas an daonlathas a chosaint agus luachanna, institiúidí agus próisis dhaonlathacha a chur chun cinn, i bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar na dúshláin sheachtracha agus inmheánacha. Is é sin atá againn, agus is fiú é a chaomhnú agus déanfaimid amhlaidh le hiomlán ár nirt agus muid go hiomlán aontaithe le chéile, agus daonlathais láidre athléimneacha á bhforbairt againn.

(1)

 De réir Fhlais-Eorabharaiméadar 550 ‘Dúshláin agus tosaíochtaí san Aontas’, ó mhí Iúil 2024, an chéad láidreacht mhór de chuid an Aontais Eorpaigh a sainaithin muintir na hEorpa ab ea an urraim don daonlathas, do chearta an duine agus don smacht reachta (38 %).

(2)

 Tuarascáil 2025 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach Athléimneacht 2.0: An tAontas a chumhachtú chun go mbeidh rath air le linn suaiteachta agus éiginnteachta, COM/2025/484 final ; agus Rethinking societal resilience in a time of polycrisis [Athmhachnamh a dhéanamh ar an athléimneacht sochaí i ré ilghéarchéimeanna], https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC142772  .

(3)

An Coimisiún Eorpach, Teachtaireacht maidir leis an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach, COM(2020) 790 final.

(4)

An Coimisiún Eorpach, Teachtaireacht maidir le Cosaint an Daonlathais, COM(2023) 630 final. Mar chuid den Phacáiste sin, mhol an Coimisiún Treoir maidir le gníomhaíochtaí ionadaíochta leasa a dhéantar thar ceann tríú tíortha, atá á plé faoi láthair ag na comhreachtóirí.

(5)

An Coimisiún Eorpach 2025: Páipéar Bán maidir le hUllmhacht don Chosaint Eorpach, JOIN/2025/120 final; Straitéis um Aontas na hUllmhachta, JOIN(2025) 130 final; ProtectEU: Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach, COM(2025) 148 final.

(6)

Tá roinnt creataí, struchtúr agus uirlisí ann cheana féin ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar FIMI agus ar bhréagaisnéis, agus ar athléimneacht na sochaí ar bhonn níos leithne chomh maith. Ar leibhéal an Aontais, cuimsítear leis sin, i measc nithe eile, Córas Mear-Rabhaidh an Aontais (RAS) arna bhainistiú ag an SEGS, Líonra inmheánach an Choimisiúin in aghaidh na Bréagaisnéise, EUvsDisinfo, an Fhaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha (EDMO), cruinnithe comhchéime an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha (GSD) faoi thoghcháin, obair sa Líonra Comhair Eorpach um Thoghcháin (ECNE). Tá struchtúir thiomnaithe ann ar an leibhéal náisiúnta freisin amhail Viginum sa Fhrainc agus Gníomhaireacht na Sualainne um Chosaint Shíceolaíoch, nó an cur chuige uile-shochaí i leith na hathléimneachta daonlathaí atá rollta amach ag an bhFionlainn.

(7)

Mar a iarradh freisin sna Conclúidí ón Uachtaránacht i mí na Bealtaine 2025 maidir leis an athléimneacht dhaonlathach a neartú - https://www.consilium.europa.eu/ga/press/press-releases/2025/05/27/presidency-conclusions-on-strengthening-eu-democratic-resilience/ .

(8)

G7, ECAT, na Náisiúin Aontaithe, an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, nó Comhairle na hEorpa.

(9)

Is patrún iompraíochta é FIMI atá ina bhagairt ar luachanna, nósanna imeachta agus próisis pholaitiúla nó a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt orthu. Is gníomhaíocht chúblála í gníomhaíocht den sórt sin, a dhéantar d’aon ghnó agus ar bhealach comhordaithe. Is féidir le gníomhaithe gníomhaíochta den sórt sin a bheith ina ngníomhaithe stáit nó neamhstáit, lena n-áirítear a n-ionadaithe laistigh agus lasmuigh dá gcríoch féin.

(10)

Léiríonn na freagraí ar an gcomhairliúchán poiblí oscailte a rinne an Coimisiún chun an Sciath don Daonlathas a ullmhú go measann freagróirí go bhfuil úsáid neamhbharántúil na meán sóisialta agus FIMI ar chuid de na rioscaí is tábhachtaí don daonlathas. Chomh maith leis sin, trí Eorabharaiméadar ar leith [tagairt: EB Speisialta 568] ó 2025, nochtadh go measann freagróirí gur dúshlán mór don daonlathas iad FIMI agus bréagaisnéis, mar aon leis an méadú atá ag teacht ar mhímhuinín in institiúidí agus próisis dhaonlathacha. Léirítear sa suirbhé Eorabharaiméadair céanna go bhfuil imní ar bhreis agus seachtar as gach deichniúr Eorpach go bhfuil cinntí vótálaithe bunaithe ar bhréagaisnéis.

(11)

Cláir bogearraí uathoibrithe a ceapadh chun cúraimí atriallacha a dhéanamh thar líonra, rud lena ndéantar aithris ar fhíorúsáideoirí go minic

(12)

Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga, IO L, 2024/1689, 12.7.2024. Beidh feidhm aige ón 2 Lúnasa 2026 ar aghaidh.

(13)

Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha, IO L 277, 27.10.2022, lgh. 1–102.

(14)

 I gcomhréir le hAirteagal 91(2) de GDS, faoin 17 Samhain 2026, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ina leith.

(15)

Le hAirteagal 48 den Rialachán maidir leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, foráiltear maidir le nós imeachta sonrach chun prótacal den sórt sin a bhunú.

(16)

Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún an 1.7.2025 C(2025) 4340 final agus Airteagal 40 GSD.

(17)

Amhail an Dara Treoir NIS, an Gníomh um Chibearshlándáil, an Gníomh um an Intleacht Shaorga, an Rialachán maidir le fógraíocht pholaitiúil agus an Rialachán maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne.

(18)

Féach an Tuairim ón gCoimisiún - Assessment of the Code of Practice on Disinformation [Measúnú ar an gCód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis], C(2025) 1008 final, https://ec.europa.eu/newsroom/dae/redirection/document/112679

(19)

 Building on Commitment 19 of the chapter on Empowering Users and Commitment 1 of the chapter Scrutiny of Ads Placement of the Code of Conduct on Disinformation [Ag tógáil ar Ghealltanas 19 den chaibidil maidir le hÚsáideoirí agus Gealltanas 1 den chaibidil a Chumhachtú den Chód Iompair maidir le Bréagaisnéis dar teideal Nochtadh Fógrán a Ghrinnscrúdú].

(20)

 To those who consistently spread disinformation [Dóibh siúd a scaipeann bréagaisnéis go seasta].

(21)

 Building on commitment 41 of the chapter Monitoring the Code of the Code of Conduct on Disinformation related to structural indicators [Ag tógáil ar ghealltanas 41 den chaibidil dar teideal Faireachán a dhéanamh ar an gCód Iompair maidir le Bréagaisnéis a bhaineann le táscairí struchtúracha].

(22)

 Building on Commitment 15 and Measure 15.1 of the Code of Conduct on Disinformation [Ag tógáil ar Ghealltanas 15 agus ar Bheart 15.1 den Chód Iompair maidir le Bréagaisnéis].

(23)

D’fhéadfaí réitigh a fhiosrú go háirithe chun cuidiú le húsáideoirí a fhíorú más le duine i ndáiríre atá siad ag idirghníomhú (e.g. trí dheilbhín fíorúcháin).

(24)

Soláthróidh Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití modh sainaitheantais dhigitigh atá sábháilte, iontaofa agus príobháideach do gach duine san Eoraip. Soláthróidh gach Ballstát tiachóg amháin ar a laghad dá shaoránaigh, dá chónaitheoirí agus dá ghnólachtaí uile, rud a chuirfidh ar a gcumas a chruthú cé hiad, agus doiciméid dhigiteacha thábhachtacha a stóráil, a chomhroinnt agus a shíniú go sábháilte.

(25)

 Cuireann an bosca uirlisí seo creat gníomhaíochta ar fáil:  https://www.eeas.europa.eu/eeas/information-integrity-and-countering-foreign-information-manipulation-interference-fimi_en .

(26)

Mar a fógraíodh i dTreoirlínte Polaitiúla 2024-2029 Uachtarán an Choimisiúin. Bhí glao ar thograí ar oscailt ón 15 Aibreán go dtí an 2 Meán Fómhair 2025 https://digital-strategy.ec.europa.eu/ga/news/commission-launches-eu5-million-call-strengthen-european-fact-checking-network .

(27)

Glao ar Ghníomhaíocht Ullmhúcháin ar thionscadail lena méadaítear scaipeadh agus tionchar an ábhair ghairmiúil a chuireann eagraíochtaí neamhspleácha seiceála fíricí san Aontas ar fáil https://digital-strategy.ec.europa.eu/ga/funding/boosting-visibility-fact-checking-content-europe.

(28)

Eisíodh glao ar thairiscintí suas le EUR 2,56 milliún faoin gClár don Eoraip Dhigiteach i mí Iúil 2025. Féach: https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/funding/commission-launches-call-continuation-european-digital-media-observatory .

(29)

Tá mol nua de chuid na Faireachlainne, FACT, á sheoladh in 2025 chun an bhréagaisnéis san Úcráin agus sa Mholdóiv a chomhrac, lena ngabhann deontas ón Aontas dar luach EUR 1,29 milliún faoin gClár don Eoraip Dhigiteach (mar chuid de ghlao níos leithne ar thograí dar luach EUR 8,8 milliún). Beidh an tionscadal ar siúl go dtí 2027. Féach https://ec.europa.eu/info/funding-tenders/opportunities/portal/screen/opportunities/projects-details/43152860/101226241 Nasc leis an tairiscint nua ó EDMO: Glao seolta ag an gCoimisiún go leanfar leis an bhFaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha | Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú.

(30)

Amhail rochtain ar acmhainní néalríomhaireachta comhroinnte agus ar bhogearraí comhroinnte. Comhlánóidh sé sin tionscnaimh atá ar siúl faoi láthair lena ndéantar méadú ar luas braite na ngníomhaíochtaí mailíseacha sofaisticiúla agus ar an gcumas anailíse orthu (e.g. iompair neamhbharántúla chomhordaithe), ar cuid d’ionsaithe hibrideacha iad go minic.

(31)

 Rialachán (AE) 2024/900 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla (IO L, 2024/900, 20.3.2024, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2024/900/o j).

(32)

  https://www.eeas.europa.eu/eeas/information-integrity-and-countering-foreign-information-manipulation-interference-fimi_en .

(33)

Rialachán (AE) 2024/1083 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE (An Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán) (IO L, 2024/1083, 17.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1083/oj).

(34)

  https://www.presidency.ro/files/userfiles/Documente%20CSAT/Document%20CSAT%20SIE.pdf agus https://www.sis.md/sites/default/files/comunicate/fisiere/Raport_SIS_Public_Interferenta_in_procesul_electoral.pdf .

(35)

Féach, i measc nithe eile, Gníomh Toghcháin an Aontais, Moladh 2023 ón gCoimisiún maidir le próisis thoghchánacha chuimsitheacha athléimneacha san Aontas, chomh maith leis an gCód dea-chleachtais maidir le hábhair thoghcháin, an Coimisiún Eorpach maidir le Daonlathas tríd an Dlí, Coimisiún na Veinéise, Tuairim Uimh. 190/2002, Strasbourg, 25.10.2018)

(36)

Is gá próisis thoghchánacha a chosaint ar bhealach níos fearr, lena n-áirítear an bonneagar a bhaineann le toghcháin, ar ionsaithe ina bhfuil meascán de FIMI agus feachtais bhréagaisnéise agus raon uirlisí agus oirbheartaíochta eile, amhail cibirionsaithe, maoiniú ceilte feachtais, ceannach vótaí, ionsaithe ar iarrthóirí polaitiúla, iarrachtaí chun corraíl shóisialta a ghríosú nó gníomhartha foréigin agus díchobhsaithe.

(37)

Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, IO L 333, 27.12.2022, lgh. 80–152.

(38)

Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, IO L, 2024/2847, 20.11.2024.

(39)

  https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/news/new-cybersecurity-compendium-how-protect-integrity-elections-published . 

(40)

Rialachán (AE) 2025/38 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 lena leagtar síos bearta chun dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais a bhrath agus chun ullmhú dóibh agus freagairt orthu, IO L, 2025/38, 15.1.2025

(41)

Tacaíonn na Treoirlínte arna n-eisiúint ag an gCoimisiún leis an Rialachán sin a chur i bhfeidhm agus cuidíonn siad leis na gníomhaithe uile atá faoina raon feidhme a n-oibleagáidí a thuiscint agus a chomhlíonadh. Bunóidh an Coimisiún grúpa saineolaithe nua de pháirtithe leasmhara chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na rialacha agus aiseolas praiticiúil a bhailiú ina leith. Thairis sin, tacóidh an Coimisiún le teimpléid agus uirlisí eile a ullmhú chun cur i bhfeidhm an Rialacháin a éascú.

(42)

Faoi chuimsiú ECNE, eagróidh an Coimisiún malartuithe maidir le pobalbhreitheanna toghcháin freisin.

(43)

Beidh sé sin bunaithe ar chaighdeáin ábhartha agus áireofar leis taithí a fhaightear i gcomhthéacs Mhisin Breathnóireachta AE um Thoghcháin.

(44)

Lasmuigh den Ghníomh um an Intleacht Shaorga, cuimsítear go háirithe an Rialachán maidir le fógraíocht pholaitiúil agus Moladh 2023 ón gCoimisiún maidir le toghcháin chuimsitheacha athléimneacha leis an méid sin.

(45)

Tá réimse leathan feiniméan a bhaineann le hardáin agus innill chuardaigh ar líne ann atá ina chúis le riosca méadaithe do shláine toghchán. Áirítear orthu sin leathadh na fuathchainte neamhdhleathaí ar líne, bagairtí a bhaineann le FIMI chomh maith le feiniméan níos leithne na bréagaisnéise, scaipeadh an ábhair antoiscigh (fhoréignigh) agus ábhair lena mbeartaítear daoine a radacú, chomh maith le scaipeadh an ábhair a ghintear trí theicneolaíochtaí nua amhail intleacht shaorga ghiniúnach, ach níl na feiniméin teoranta dóibh sin amháin .

(46)

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Treoirlínte do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna maidir le rioscaí sistéamacha do phróisis thoghchánacha a mhaolú C/2024/3014. Laistigh de raon feidhme an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha, go háirithe ag tógáil ar Shraith Straitéisí an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a d’fhoilsigh an Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha agus an Coimisiún i mí Feabhra 2025, cruthaíodh go raibh cruinnithe comhchéime toghcháin agus tástálacha struis a d’eagraigh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha na mBallstát úsáideach chun malartú faisnéise a fheabhsú idir páirtithe leasmhara maidir le saincheisteanna a bhaineann le toghcháin, chun feasacht staide a neartú agus chun ullmhacht na n-ardán a thástáil.

(47)

Trí pháirt a ghlacadh i gcruinnithe comhchéime leis na gníomhaithe uile lena mbaineann agus trí thástálacha struis a eagrú chomh maith.

(48)

Mar shampla, nochtadh shaoránaigh an Aontais atá ina gcónaí thar lear do FIMI agus d’fheachtais bhréagaisnéise le linn tréimhsí toghcháin.

(49)

Bhí comhar faoin gCód úsáideach go háirithe i gcomhthéacs géarchéime amhail paindéim COVID agus ionradh na Rúise ar an Úcráin agus maidir le toghcháin chomh maith.

(50)

Mar shampla, an Rialachán maidir le fógraíocht pholaitiúil, GSD, an Gníomh um an Intleacht Shaorga, an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán, etc.

(51)

Beidh sé sin ag brath go háirithe ar an obair chun tacú le cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le fógraíocht pholaitiúil, Mholadh (AE) 2023/2829 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2023 maidir le próisis thoghchánacha chuimsitheacha athléimneacha san Aontas agus ar thréithe Eorpacha agus stiúradh éifeachtúil na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa a fheabhsú, ar an Treoir atá beartaithe maidir leis an éilliú a chomhrac, ar rialacha an Aontais maidir leis an sciúradh airgid a chomhrac agus ar rialacha ábhartha eile de chuid an Aontais (e.g. leis an athbhreithniú ar an Rialachán maidir le páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, a comhaontaíodh idir na comhreachtóirí i mí an Mheithimh 2025, déantar foráil maidir le rialacha treisithe i dtaca le cistiú indíreach a thoirmeasc agus trédhearcacht deontóirí).

(52)

Chomh maith le saineolas a bhailítear le linn misin breathnóireachta toghchán.

(53)

Bhí go leor cainte faoi bhagairtí ar iriseoirí, ar ghairmithe sna meáin agus ar pholaiteoirí i measc na nithe a bhí ina n-ábhar imní, a mhéid a bhaineann leis na rioscaí don daonlathas san Aontas, d’fhreagróirí an chomhairliúcháin phoiblí oscailte a rinne an Coimisiún chun an Sciath don Daonlathas a ullmhú.

(54)

  https://eige.europa.eu/publications-resources/publications/combating-cyber-violence-against-women-and-girls-developing-eu-measurement-framework .

(55)

  https://cdn.table.media/assets/wp-content/uploads/2025/03/07145057/Gender-Equality-Report-Chapeau-Communication.pdf .

(56)

I measc nithe eile, beifear ag tógáil leis an méid sin ar Mholadh 2023 maidir le próisis thoghchánacha chuimsitheacha agus athléimneacha, le rialacha agus beartais ábhartha eile de chuid an Aontais (e.g. maidir le cearta íospartach, foréigean in aghaidh na mban agus ciníochas agus seineafóibe agus cosaint sonraí pearsanta) chomh maith le tionscnaimh idirnáisiúnta atá ar siúl faoi láthair dá dtugtar tacaíocht ón Aontas

(57)

Díríodh príomhinsintí na bréagaisnéise le linn an fheachtais toghcháin dírithe ar an tsochaí a pholarú, dochar a dhéanamh don mhuinín sa daonlathas, agus bac a chur ar chonair Eorpach na tíre. Díríodh na hinsintí ar mhaímh maidir le leatrom polaitiúil agus éilliú ón rialtas, calaois toghcháin, cailliúint na ceannasachta, chomh maith le heagla a chothú faoi choinbhleachtaí armtha a d’fhéadfadh a bheith ann (tuarascáil ó mhol EDMO https://brodhub.eu/en/republic-of-moldova/report-the-observation-mission-of-the-2025-parliamentary-elections-in-the-republic-of-moldova/ n maidir le Toghcháin Pharlaiminteacha 2025 i bPoblacht na Moldóive – BROD).

(58)

Féach na tuarascálacha ó FACT (mol na Faireachlainne Eorpaí um na Meáin Dhigiteacha (EDMO) lena gcumhdaítear MD): https://fact-hub.eu/moldova/

agus BROD (mol EDMO lena gcumhdaítear RO agus BU): https://brodhub.eu/en/republic-of-moldova/ . 

(59)

  https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/news/new-european-digital-media-observatory-hub-fights-disinformation-ukraine-and-moldova .

(60)

An 11 Meitheamh 2015, i gcomhar le hAireacht na Moldóive um Fhorbairt Eacnamaíoch agus an Digiteáil, Toscaireacht an Aontais Eorpaigh chuig Poblacht na Moldóive agus Misean Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh sa Mholdóiv, https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/news/commission-services-and-moldovan-authorities-conduct-stress-test-potential-digital-hybrid-threats . 

(61)

Ag tógáil ar phróiseas atriallach rathúil an tsásra méadúcháin shealadaigh le linn thoghcháin 2024 na Moldóive agus ar thaithí na Mearfhreagartha atá i gceist leis an gCód.

(62)

Shainaithin freagróirí an chomhairliúcháin phoiblí oscailte a rinne an Coimisiún chun an Sciath Eorpach don Daonlathas a ullmhú go raibh sé ina thosaíocht don athléimneacht dhaonlathach go n-áiritheofar iolrachas na meán saor agus neamhspleách agus timpeallacht shábháilte d’iriseoirí.

(63)

Treoir (AE) 2024/1069 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le daoine a bhíonn ag gabháil do rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar éilimh atá go follasach gan bhunús nó ar imeachtaí cúirte mí-úsáideacha, IO L, 2024/1069, 16.4.2024.

(64)

De réir Shuirbhé 2025 ar na Meáin Shóisialta, i gcás daoine óga idir 15 agus 24 bliana d’aois, is iad ardáin na meán sóisialta (65 %) an fhoinse is mó a úsáidtear le haghaidh ábhar faoi chúrsaí reatha sóisialta agus polaitíochta. Foinse: https://europa.eu/eurobarometer/surveys/detail/3592.

(65)

Ionchas Thionscal na Meán san Eoraip. Féach: https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/library/2025-european-media-industry-outlook-report. Léirítear i dTuarascáil 2024 maidir le Nuacht Dhigiteach ó Institiúid Reuters go ndearbhaíonn 57 % d’úsáideoirí TikTok agus 53 % d’úsáideoirí Instagram gurb iad tionchairí a bpríomhfhoinse nuachta, roimh iriseoirí agus na meáin chlóite (41 % agus 34 % faoi seach).

(66)

Cuir isteach na staitisticí is déanaí maidir leis an sciar den mhargadh ó Eurostat.

(67)

  https://cmpf.eui.eu/local-media-for-democracy-research-results/ . 

(68)

Ina thuarascáil 2025 maidir leis an Smacht Reachta, chinn an Coimisiún go bhfuil aird níos mó á tabhairt ar shábháilteacht agus ar chosaint na n-iriseoirí, i measc bagairtí leanúnacha, agus go bhfuil struchtúir tacaíochta á gcur ar bun ag na Ballstáit nó go bhfuil siad ag leanúint dá n-oibriú nó cosaint dlí na n-iriseoirí á neartú acu. https://commission.europa.eu/publications/2025-rule-law-report-communication-and-country-chapters_ga  

(69)

Treoirlínte maidir le measúnú ar chumaisc chothrománacha faoin Rialachán ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais, 2004/C 31/03 agus Treoirlínte maidir le measúnú ar chumaisc neamhchothrománacha faoin Rialachán ón gComhairle maidir le comhchruinnithe idir gnóthais a rialú, 2008/C 265/07.

(70)

Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach, IO L 265, 12.10.2022, lgh. 1–66.

(71)

Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh, IO L 303, 28.11.2018, lgh. 69–92.

(72)

San athbhreithniú ar rialacha na meán closamhairc, díreoidh an Coimisiún ar bhealaí chun éiceachóras meán níos cothroime a áirithiú, ina dtugtar cosaint leormhaith do lucht féachana – go háirithe daoine óga – agus iad ag féachaint ar ábhar closamhairc ar líne, lena n-áirítear ábhar a chuireann tionchairí ar fáil.

(73)

An Coimisiún Eorpach, Teachtaireacht maidir le rialacha Státchabhrach a chur i bhfeidhm maidir le craolachán seirbhíse poiblí, 2009/C 257/01 ar sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí ina leith i mí Dheireadh Fómhair 2025 ag lorg ionchur ó údaráis phoiblí, ó ghnólachtaí, agus ó shaoránaigh.

(74)

Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach, IO L 130, 17.5.2019, lgh. 92–125.

(75)

Go háirithe clár AgoraEU atá beartaithe.

(76)

Tacaíonn an Coimisiún le hiriseoireacht neamhspleách áitiúil freisin agus rannchuidíonn sé le hoiliúint a chur ar dhaoine ar mian leo a bheith ina n-iriseoirí trí bhearta lena ndírítear ar thopaicí sonracha, faoi bheartas comhtháthaithe an Aontais, cuir i gcás. Na bearta dá chuid maidir le faisnéis atá dírithe ar chúrsaí áitiúla agus a ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta, cuidíonn siad le dul i ngleic leis na ‘fásaigh nuachta’.

(77)

Straitéis IS COM(2025) 723 final.

(78)

Tá gníomhaíochtaí a thacaíonn le hearnálacha na meán nuachta ar fáil ag: https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/policies/news-initiative. Seoladh tionscnaimh chomhair shuntasacha freisin ar thionscnamh na mBallstát. I measc na samplaí nua de thionscnaimh trasteorann den sórt sin tá ARTE+ agus an tionscadal ‘sciath faisnéise’ a sheol Deutsche Welle agus France Médias Monde.

(79)

Tacaíocht do na meáin neamhspleácha iolraíocha, rochtain ar fhaisnéis agus an comhrac i gcoinne na bréagaisnéise, chomh maith le sábháilteacht iriseoirí agus oibrithe sna meáin ar líne agus as líne, is príomhthosaíochtaí iad faoi Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas, agus cuimsítear leis an tacaíocht sin gníomhaíochtaí amhail sásra an Aontais um chosantóirí chearta an duine: ProtectDefenders.eu agus tacaíocht an Aontais don Dearlaic Eorpach i gcomhair Daonlathais (EED), a thacaíonn le gníomhaithe daonlathais, lena n-áirítear ardáin neamhspleácha na meán agus iriseoirí neamhspleácha. https://democracyendowment.eu/ .

(80)

Moladh (AE) 2021/1534 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí agus gairmithe eile sna meáin san Aontas Eorpach a áirithiú, C/2021/6650.

(81)

Déanfaidh an Coimisiún athnuachan freisin ar shainordú agus ar chomhdhéanamh an ghrúpa saineolaithe in aghaidh SLAPPanna chun tacaíocht d’íospartaigh a chothú agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha de chuid an Aontais maidir leis an dlí príobháideach idirnáisiúnta chun measúnú an bhféadfadh sé gur gá gnéithe atá ábhartha do SLAPPanna a chuimsiú.

(82)

Amhail an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha, an Rialachán maidir le fógraíocht pholaitiúil nó an Gníomh um an Intleacht Shaorga.

(83)

Féach, mar shampla, tionscadail a fhaigheann maoiniú ón gclár Eoraip na Cruthaitheachta amhail Mearfhreagairt Shaoirse na Meán.

(84)

Tá príomhthacaíocht an Aontais do na meáin neamhspleácha, a cuireadh ar fáil tríd an Dearlaic Eorpach i gcomhair Daonlathais, tar éis dul i dteagmháil le 36 mhilliún duine ar a laghad trí chainéil na meán sóisialta, sa Rúis amháin. Ó 2022 i leith, tá méadú 15 go 20 % ar a laghad tagtha ar a lucht féachana ag na heagraíochtaí asraonta a fhaigheann tacaíocht ón Aontas.

(85)

An Coimisiún Eorpach: An Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr, Treoirlínte do mhúinteoirí agus d’oideoirí maidir le dul i ngleic leis an mbréagaisnéis agus an litearthacht dhigiteach a chur chun cinn tríd an oideachas agus oiliúint, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022, https://data.europa.eu/doi/10.2766/28248.  

(86)

Lena n-áirítear an cruinnaimsiú difreáilte a d’fhéadfaí a dhéanamh i gcás buachaillí agus cailíní.

(87)

 Agus cearta saoránachta AE á gcur san áireamh, i measc nithe eile, mar a mhínítear in Guide to EU Citizenship [Treoir maidir le Saoránacht an Aontais]: https://commission.europa.eu/publications/guide-eu-citizenship_ga agus sa treoir de chuid an Aontais maidir leis an daonlathas atá ar na bacáin do shaoránaigh.

(88)

Beidh gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar shásra AVMSD um litearthacht sna meáin ina gcuid den mheastóireacht agus den athbhreithniú a dhéanfar air freisin.

(89)

Ar tíortha iad atá iontach neamhchosanta ar FIMI agus ar bhréagaisnéis de dheasca iad a bheith i ngaireacht don Rúis agus don Bhealarúis.

(90)

 Maidir leis a gceann deireanach sin, d’fhéadfadh sé a bheith bunaithe ar tháscairí atá ann cheana amhail Innéacs Iolrachais na Meán ina bhfuil fotháscaire maidir le leibhéal na litearthachta sna meáin.

(91)

Sa Straitéis um Aontas na hUllmhachta ón Aontas, iarradh go gcuirfí dlús leis an obair ar an litearthacht dhigiteach agus ar an litearthacht sna meáin, lena n-áirítear i gcomhthéacs na Scéithe Eorpaí don Daonlathas agus Threochlár 2030 maidir le todhchaí an oideachais dhigitigh agus na scileanna digiteacha chun smaointeoireacht chriticiúil a fheabhsú agus athléimneacht a fhorbairt in aghaidh na bréagaisnéise agus cibearbhagairtí ó aois óg. Tá cláir náisiúnta ag roinnt Ballstát chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Mar shampla, ghlac LU plean gníomhaíochta náisiúnta maidir le r-chuimsiú in 2021 agus tá straitéis oideachais dhigitigh ag MT le haghaidh 2025-2030.

(92)

Féach: https://edmo.eu/areas-of-activities/media-literacy/raising-standards-the-edmo-guidelines/ .

(93)

Ag díriú ar chearta faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, faoin nGníomh um an Intleacht Shaorga, faoin Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc, faoin Rialachán maidir le fógraíocht pholaitiúil, faoi chearta toghchánacha an Aontais agus faoi chreataí ábhartha eile.

(94)

Áirítear orthu sin painéil saoránach idirghlúine, tionóil saoránach, buiséadú rannpháirtíochta, pleanáil rannpháirtíochta nó uirlisí agus ardáin digiteacha nua teicneolaíochta saoránach, nithe a chomhlánaíonn cleachtais amhail comhairliúcháin phoiblí nó suirbhéanna.

(95)

I Straitéis an Aontais maidir leis an tSochaí Shibhialta, molfar bearta chun oibriú leis na Ballstáit chun rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta a neartú, mar obair leantach freisin ar Mholadh 2023 a mhéid a bhaineann leis na gníomhaithe sin, agus gníomhaíochtaí faoin Sciath don Daonlathas á ndíriú ar rannpháirtíocht saoránach.

(96)

Tacaíonn an Lárionad sin le tionscadail rannpháirtíochta agus dioscúrsacha ar leibhéal an Aontais agus tá baint ag tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha iontu, trí réimse acmhainní, cúrsaí oiliúna, imeachtaí ina mbíonn daoine i láthair go pearsanta, saotharlanna saoránach agus pobal cleachtais ina bhfuil saineolas ildisciplíneach ó gach cearn den Aontas.

(97)

Is féidir teicneolaíocht shibhialta a shainmhíniú mar úsáid teicneolaíochtaí digiteacha chun an daonlathas a threisiú trí chur ar a chumas don phobal a bheith ar an eolas, páirt a ghlacadh i gcinnteoireacht agus i gceapadh beartais, agus chun freagrúlacht agus cuntasacht na rialtas a mhéadú (féach Páipéir Beartais Rialachais Phoiblí ECFE Uimh. 72 de 2025).

(98)

Beidh sé nasctha leis an Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach, a bunaíodh trí Rialachán 2024/903 agus lena dtugtar rochtain ar réitigh idir-inoibritheachta agus ar réitigh foinse oscailte a úsáideann riaracháin phoiblí san Eoraip. Tá samplaí á n-óstáil ag an Tairseach cheana féin d’uirlisí foinse oscailte ar mhaithe le rannpháirtíocht saoránach.

(99)

Dá réir sin, tacóidh an Mol le hinfheictheacht na n-uirlisí teicneolaíochta saoránach agus le saineolas agus eolas a chomhroinnt ar fud éiceachóras na teicneolaíochta saoránach, agus cothóidh sé feasacht ar an earnáil sin i measc na n-údarás náisiúnta agus áitiúil.

(100)

Ag tógáil ar an gCreat Eorpach Idir-inoibritheachta, cruthófar samhail mheasúnaithe chun meastóireacht a dhéanamh ar leibhéal aibíochta na hidir-inoibritheachta a bhaineann le hardáin teicneolaíochta saoránach agus chun cuidiú le hardáin ar líne réimsí a shainaithint a bhféadfaí feabhas a chur orthu.

(101)

D’fhéadfadh na hAmbasadóirí Rannpháirtíochta Saoránach, alumni na bPainéal Saoránach Eorpach, a dtaithí a chomhroinnt agus cuidiú le rannpháirtíocht saoránach a chur chun cinn.

(102)

Rud a d’fhéadfadh a bheith oscailte do thionscadail choincréiteacha i dtíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha.

(103)

D’fhéadfadh na hAmbasadóirí Rannpháirtíochta Saoránach, alumni na bPainéal Saoránach Eorpach, a dtaithí a chomhroinnt agus cuidiú le rannpháirtíocht saoránach a chur chun cinn.

(104)

Le tacaíocht ó cheardlann tosaigh agus ó staidéar ar roghanna maidir le rannchuidiú ón bpobal gnó.

(105)

Moladh ón gComhairle an 23 Bealtaine 2024 maidir le slándáil taighde a fheabhsú, C/2024/3510.

(106)

Is é is aidhm don chéad chlár eile um Cheartas atá molta an daonlathas a neartú trí oiliúint don bhreithiúnacht agus don fhoireann bhreithiúnach a chur chun cinn agus trí thacaíocht don oiliúint sin d’fhonn an daonlathas a chur chun cinn agus trí chur chun feidhme comhsheasmhach agus éifeachtach ionstraimí dlí ábhartha an Aontais a áirithiú.

(107)

Leis an gcéad chlár Fís Eorpach eile atá beartaithe ag an gCoimisiún, leanfar den tacaíocht do thaighde arb é is aidhm dó an daonlathas agus luachanna daonlathacha a neartú, tríd an rannpháirtíocht saoránach a chur chun cinn, trí shochaithe athléimneacha iolraíocha agus sláine an spáis faisnéise agus thírdhreach na meán a chothú agus tríd an mbréagaisnéis a chomhrac.

(108)

Leis an gcéad chlár Erasmus+ eile atá molta ag an gCoimisiún, chuirfí béim ar leith ar thacaíocht don oideachas saoránachta agus rannpháirtíocht saoránach, luachanna an Aontais, athléimneacht na sochaí agus litearthacht sna meáin, agus lánurraim á tabhairt d’inniúlacht na mBallstát maidir le curaclaim scoileanna agus acadúla a shainiú agus a struchtúir oideachais a eagrú, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla lena dtacaítear le rannpháirtíocht na n-óg agus le foghlaim conas páirt a ghlacadh sa daonlathas do dhaoine óga.

(109)

Leis an gCiste Eorpach um Iomaíochas atá molta, thacófaí le tionscal na slándála sibhialta i réimsí amhail an comhrac in aghaidh bagairtí hibrideacha.

(110)

I réigiúin de chuid an mhéadaithe agus i réigiúin chomharsanacht an Oirthir, soláthróidh an ionstraim um Eoraip Dhomhanda atá molta uirlisí chun an daonlathas, dea-rialachas, smacht reachta agus urraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha a chur chun cinn. Ina theannta sin, tacóidh an Eoraip Dhomhanda le tíortha is iarrthóirí agus le tíortha is iarrthóirí ionchasacha dul chun cinn a dhéanamh i dtreo chaighdeáin an Aontais i gcomhréir le cur chuige atá bunaithe ar na ‘bunphrionsabail ar dtús’ i leith an mhéadaithe. Sa chomhthéacs sin, tabharfar aird ar leith freisin ar sholáthraithe seirbhíse meán neamhspleácha agus litearthacht sna meáin a neartú, chomh maith le hathléimneacht a fheabhsú in aghaidh ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (FIMI) agus bagairtí hibrideacha.

(111)

Pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnacha, arna gcur chun feidhme i leith phrionsabail an rialachais agus na comhpháirtíochta il-leibhéil, is féidir leo tacú le cumais na mBallstát an choireacht thromchúiseach agus eagraithe a chomhrac, go háirithe an choireacht atá nasctha le bagairtí hibrideacha amhail FIMI, agus bearta lena neartaítear an rialachas daonlathach, trí thrédhearcacht a fheabhsú, idirphlé sibhialta a chothú, tacú leis an tsochaí shibhialta agus smacht reachta a neartú mar shampla.

(112)

 Teachtaireacht Eorpach, Communication on EU Strategy to Support, Protect and Empower Civil Society [Teachtaireacht maidir le Straitéis an Aontais chun Tacaíocht, Cosaint agus Cumhacht a thabhairt don tSochaí Shibhialta] COM(2025) 790 final.