AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,21.2.2025
JOIN(2025) 9 final
TEACHTAIREACHT CHOMHPHÁIRTEACH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Slándáil Cáblaí
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,21.2.2025
JOIN(2025) 9 final
TEACHTAIREACHT CHOMHPHÁIRTEACH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Slándáil Cáblaí
1.Réamhrá
Cáblaí fomhuirí, bídís á n‑úsáid le haghaidh cumarsáide nó tarchur fuinnimh, comhlíonann siad feidhmeanna criticiúla agus straitéiseacha le haghaidh gheilleagair agus shochaithe na hEorpa. Leis na cáblaí sin nasctar roinnt Ballstát le chéile, nasctar oileáin le mórthír an Aontais, na Réigiúin is Forimeallaí agus na Tíortha agus Críocha Thar Lear, agus nasctar an tAontas leis an gcuid eile den domhan. Iompraíonn cáblaí cumarsáide fomhuirí 99 % den trácht idirlín idir-ilchríochach. Le cáblaí leictreachais fomhuirí, go háirithe idirnascairí, is féidir margaí leictreachais na mBallstát a chomhtháthú, slándáil a soláthair a neartú, agus fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta a thabhairt i dtír. Is gá gníomhú maidir lena n‑athléimneacht agus lena slándáil chun leasanna straitéiseacha ríthábhachtacha an Aontais a chosaint.
Cé go bhféadfaí damáiste a dhéanamh do cháblaí fomhuirí go neamhbheartaithe, tugtar le fios leis an bpatrún a tugadh faoi deara le míonna beaga anuas, go háirithe i Muir Bhailt, go ndírítear níos mó agus níos mó ar an mbonneagar criticiúil sin le gníomhartha naimhdeacha d’aon ghnó. Trí dhamáiste a dhéanamh dá sláine, cuirtear isteach ar fheidhmeanna agus ar sheirbhísí riachtanacha san Aontas, rud a dhéanann difear do shaol laethúil na saoránach. Gníomhartha sabaitéireachta den sórt sin – ar féidir leo a bheith ina ngnéithe d’fheachtais hibrideacha níos mó – is riosca suntasach iad do shlándáil an Aontais agus a Bhallstát uile, i bhfianaise cáblaí fomhuirí a bheith sa Mheánmhuir, san Aigéan Atlantach, sa Mhuir Thuaidh, sa Mhuir Dhubh agus i Muir Bhailt.
Tá slándáil agus athléimneacht bhonneagair cáblaí fomhuirí an Aontais ríthábhachtach agus ní mór iad a fheabhsú go mór 1 . An 9 Feabhra 2025, ar Lá Neamhspleáchais Fuinnimh na Stát Baltach i Vilnias, leag Uachtarán von der Leyen ceithre thosaíocht amach chun ár mbonneagar líonra criticiúil a dhaingniú lena ndíreofar ar chosc, brath, freagairt agus deisiú, chomh maith le díspreagadh. Leis an bPlean Gníomhaíochta seo de chuid an Aontais maidir le Slándáil Cáblaí, ceaptar cur chuige soiléir atá bunaithe ar na ceithre thosaíocht sin, chun athléimneacht agus slándáil cáblaí fomhuirí a mhéadú a thuilleadh, lena gcumhdaítear bonneagar cumarsáide agus bonneagar cáblaí leictreachais araon.
Le hacmhainneacht an Aontais na teagmhais sin a chosc, a bhrath, freagairt dóibh, téarnamh uathu agus iad a dhíspreagadh, léireofar conas is féidir linn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin trí chomhordú agus trí dhlúthpháirtíocht ar leibhéal an Aontais agus i ndlúthchomhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn linn. Cé gur faoi na Ballstáit go príomha atá sé bonneagar criticiúil a chosaint, i bhfianaise chineál trasteorann agus ábharthacht eacnamaíoch na gcáblaí fomhuirí, tá gá le gníomhaíocht níos láidre ar leibhéal an Aontais, atá ceaptha chun tacú leis na Ballstáit is mó a ndéantar difear dóibh agus chun bearta náisiúnta a chomhlánú, chun cur chuige cuimsitheach slándála a áirithiú ar fud an Aontais. Cé go ndírítear go príomha ar cháblaí fomhuirí leis an bPlean Gníomhaíochta seo, d’fhéadfaí cuid dá ghníomhaíochtaí a ghiaráil nó a leathnú chun slándáil bonneagar criticiúil muirí eile a fheabhsú, amhail píblínte nó feirmeacha gaoithe amach ón gcósta.
Tá an Plean Gníomhaíochta seo deartha le cur chuige timthrialla athléimneachta iomlán: cosc, brath, freagairt & deisiú agus díspreagadh. Ní mór don Aontas teagmhais shuaiteacha a chosc ar dtús agus a athléimneacht a mhéadú in aghaidh bhagairtí agus leochaileachtaí na mbonneagar cáblaí fomhuirí. Ní mór dó a acmhainneacht bhraite a mhéadú freisin chun go mbeidh sé in ann bagairtí a shainaithint agus a réamh-mheas a luaithe is féidir. Nuair a tharlaíonn teagmhas, ní mór don Aontas cur lena acmhainneacht freagairt ar bhealach comhordaithe agus i ndlúthpháirtíocht leis na Ballstáit is mó a ndéantar difear dóibh. Go háirithe, ní mór don Aontas na hacmhainneachtaí cearta a fhorbairt chun téarnamh a luaithe is féidir ó aon teagmhas. Ar deireadh, ní mór don Aontas feabhas a chur ar a sheasamh díspreagtha. Gníomhóidh sé chun slándáil an bhonneagair chriticiúil mhuirí a chosaint agus chun gníomhaithe mailíseacha a thabhairt chun cuntais, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí in aghaidh an ‘scáthchabhlaigh’
Cuireann an obair sin le roinnt gníomhaíochtaí de chuid an Aontais atá ar siúl cheana féin agus a rannchuidíonn le slándáil agus athléimneacht cáblaí fomhuirí. Leis na gníomhaíochtaí sin, dírítear go háirithe ar fhothú acmhainneachta (cistiú digiteach agus fuinnimh na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (SCE)), rioscaí a réamh-mheas (Moladh maidir le Bonneagair Cáblaí Fomhuirí Shlána agus Athléimneacha 2 ), bearta bainistíochta riosca cibearshlándála a ghlacadh agus teagmhais shuntasacha a thuairisciú (Treoracha maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála - an Dara Treoir NIS 3 ) agus athléimneacht fhisiceach eintiteas criticiúil nach mbaineann leis an gcibearshlándáil a fheabhsú (an Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil 4 ).
Ina theannta sin, mar gheall ar na himpleachtaí soiléire sibhialta-míleata a bhaineann leis, ceapadh an Plean Gníomhaíochta seo ón tús mar thionscnamh a oibreoidh i gcomhlántacht iomlán le gníomhaíochtaí leanúnacha ECAT 5 . Thairis sin, rannchuideoidh sé leis an Straitéis um an tSlándáil Inmheánach atá ar na bacáin, leis an Straitéis um Aontas na hUllmhachta agus leis an bPáipéar Bán maidir le Todhchaí Chosaint na hEorpa, agus an cur chuige uile-ghuaise uile-rialtais a mholtar i dtuarascáil 2024 6 ón gComhairleoir Speisialta Sauli Niinistö á chur ina chroílár.
2.Cosc: athléimneacht agus ullmhacht an Aontais a mhéadú
Is é an chéad chuspóir atá leis an bPlean Gníomhaíochta líon agus tionchar na dteagmhas suaiteach a laghdú agus é a dhéanamh níos deacra d’aon ghníomhaí mailíseach slándáil an Aontais a chur i mbaol. Chuige sin, tá gá leis an dá bheart chun athléimneacht agus slándáil cáblaí fomhuirí a mhéadú agus chun borradh a chur faoin infheistíocht i gcur in úsáid cáblaí nua.
2.1 An creat dlíthiúil agus slándála a chur chun feidhme
Tá creat slándála cothrománach curtha i bhfeidhm ag an Aontas ina bhfuil an Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil agus an Dara Treoir NIS. Faoin Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil, ní mór do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun athléimneacht eintiteas criticiúil agus cosaint an bhonneagair chriticiúil a fheabhsú. Cumhdaítear leis an treoir sin rioscaí de dhéantús an duine agus rioscaí nádúrtha araon. Go háirithe, ní mór do na Ballstáit eintitis chriticiúla a shainaithint, measúnuithe riosca a dhéanamh 7 agus straitéis athléimneachta a ghlacadh. A luaithe a shainaithneofar iad, beidh ar eintitis chriticiúla bearta feabhsaithe athléimneachta a dhéanamh amhail teagmhais a chosc, cosaint fhisiceach leordhóthanach ar a n‑áitreabh agus ar a mbonneagar criticiúil a áirithiú, freagairt d’iarmhairtí teagmhas, cur ina gcoinne agus iad a mhaolú, chomh maith le téarnamh ó theagmhais.
Faoin Dara Treoir NIS, ní mór d’eintitis ar soláthraithe bonneagair dhigitigh agus seirbhíse iad a oibríonn cáblaí fomhuirí (amhail cuideachtaí teileachumarsáide nó digiteacha) a gcórais gréasán agus faisnéise agus a dtimpeallacht fhisiceach a chosaint ar aon teagmhas, lena n‑áirítear damáiste de dhéantús an duine nó guaiseacha comhshaoil. Ceanglaítear ar na Ballstáit freisin cosaint cáblaí cumarsáide fomhuirí a áireamh i straitéisí náisiúnta cibearshlándála, agus rioscaí féideartha agus bearta maolaithe á mapáil chun a gcosaint ar gach guais a áirithiú go dtí an leibhéal is airde. Ós rud é go meastar go bhfuil ceanglais an Dara Treoir NIS coibhéiseach ar a laghad le ceanglais na Treorach maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil, agus chun dúbailt agus ualach riaracháin nach gá ar eintitis shainaitheanta de chuid na Treorach maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil ó earnáil an bhonneagair dhigitigh a sheachaint, níl feidhm ach ag bearta bainistíochta riosca agus oibleagáidí tuairiscithe teagmhas an Dara Treoir NIS 8 . Dá bhrí sin, ba cheart teagmhais a dhéanann difear do cháblaí cumarsáide faoin bhfarraige a thuairisciú do CSIRT 9 nó don údarás inniúil.
Chun tionchar an chreata slándála chothrománaigh sin a mhéadú, na gníomhaithe agus na heintitis uile atá ábhartha maidir le hathléimneacht cáblaí fomhuirí a fheabhsú, tá sé tábhachtach go mbeidh siad faoi réir bearta slándála ar bhealach ailínithe agus comhleanúnach, ar fud na mBallstát uile. Chuige sin, molann an Coimisiún do na Ballstáit uile a áirithiú go gcumhdófar oibreoirí uile na mbonneagar cumarsáide fomhuirí leis an reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear creat an Dara Treoir NIS. Thairis sin, sa bhreis ar a n‑oibleagáidí dlíthiúla faoin Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil a chomhlíonadh, moltar do na Ballstáit eintitis a sholáthraíonn seirbhísí fíor-riachtanacha le haghaidh cumarsáid leictreonach fhomhuirí agus tarchur leictreachais a áireamh, in aon chás, ina straitéis chun athléimneacht eintiteas criticiúil a fheabhsú, agus sa mheasúnú riosca ar sheirbhísí fíor-riachtanacha, chomh maith leis na heintitis ábhartha a oibríonn an bonneagar sin a shainaithint mar eintitis chriticiúla. Ba cheart é a bheith ina thosaíocht láithreach ag na Ballstáit na gníomhartha dlí sin a chur chun feidhme go práinneach agus ina n‑iomláine.
Chuir an Coimisiún tús le cur chuige níos spriocdhírithe freisin a mhéid a bhaineann le cáblaí cumarsáide fomhuirí tríd an Moladh uaidh maidir le Bonneagair Cáblaí Fomhuirí Shlána agus Athléimneacha 10 . Soláthraítear leis an Moladh creat um beartas straitéiseach de chuid an Aontais chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí do na bonneagair chumarsáide sin agus chun bearta maolaithe a shainiú. Déantar foráil leis go ndéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit mapáil agus anailís ar bhonneagair atá ann cheana agus atá beartaithe agus go ndéanfaidh siad measúnuithe comhdhlúite rialta uile-Aontais ar rioscaí, leochaileachtaí agus spleáchais na mbonneagar cáblaí fomhuirí.
Ina theannta sin, déantar foráil sa Mholadh maidir le ‘Bosca Uirlisí um Shlándáil Cáblaí’ a fhorbairt, lena leagtar amach bearta maolaithe a mholtar do na Ballstáit a ghlacadh chun na rioscaí, na leochaileachtaí agus na spleáchais a sainaithníodh a laghdú. Tá an Grúpa Saineolaithe 11 a cruthaíodh chun an Moladh a chur i gcrích ag déanamh na hoibre sin faoi láthair, tá measúnuithe riosca á ndéanamh aige agus tá cásanna riosca maidir le bonneagair chriticiúla faoin bhfarraige á bhforbairt aige. A luaithe a ghlacfar iad, d’fhéadfaí tástálacha struis rialta a dhéanamh ar na cásanna riosca go háirithe. Chun cur leis an obair a rinneadh i measúnú riosca Nevers 12 , ba cheart cur chuige leathan a ghlacadh sna measúnuithe riosca, lena n‑áirítear spleáchais ar an slabhra soláthair chun a áirithiú go soláthrófar páirteanna spártha in am agus sa mhéid ceart chun cáblaí a chur in úsáid.
Molfaidh an Coimisiún tástáil ullmhachta/tástáil struis ar cháblaí cumarsáide a chistiú tríd an nGníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht, ina mbeartaítear EUR 30 milliún san iomlán le haghaidh gníomhaíochtaí ullmhachta in earnálacha criticiúla go dtí 2027 faoi Chlár an Aontais don Eoraip Dhigiteach. Tá coinne leis an gcéad ghlao le haghaidh na mBallstát i mbliana.
Déantar cáblaí leictreachais a dhearadh agus a shuiteáil ar feadh saolré 40 bliain ar a laghad agus ní bhíonn gá ach le hidirghabhálacha íosta agus áirítear leo cosaintí ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, rud a fhágann go bhfuil siad sách athléimneach cheana féin, lena n‑áirítear trí armúr cábla a threisiú agus trí cháblaí a chur faoi ghrinneall na farraige. Mar a leagtar amach i Moladh 2022 ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe ón Aontas chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a neartú 13 , ba cheart tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an bhféidearthacht tástálacha struis a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta toisc go bhféadfadh tástálacha den sórt sin a bheith úsáideach chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a fheabhsú, lena n‑áirítear cáblaí fomhuirí. Chun a slándáil a ráthú a thuilleadh, ceanglaítear leis an Rialachán maidir le Riosca-Ullmhacht 14 go sainaithneofar cásanna géarchéime leictreachais, lena n‑áirítear na cásanna sin a eascraíonn as ionsaithe mailíseacha, agus go nglacfaidh na Ballstáit bearta ina dhiaidh sin chun géarchéim a chosc agus chun a héifeachtaí a mhaolú i gcás ina dtarlódh sí mar sin féin. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit agus d’oibreoirí córais nó d’úinéirí agus oibreoirí bonneagair fuinnimh eile a áirithiú go ndéanfar cáblaí leictreachais a dhearadh agus a shuiteáil ar bhealach lena ndéanfar a slándáil a uasmhéadú.
Ar deireadh, ba cheart an measúnú riosca agus na tástálacha struis sin a chomhlánú le cleachtaí comhordaithe maidir le slándáil agus athléimneacht bonneagar cáblaí fomhuirí. I Straitéis Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh (SSMAE) 15 tá roinnt gníomhaíochtaí freisin a bhaineann le cleachtaí slándála muirí, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí arb é is cuspóir dóibh feabhas a chur ar an bhfaireachas ar bhonneagar criticiúil muirí agus ar chosaint an bhonneagair sin. Déantar foráil leis freisin maidir le rannpháirtíocht chabhlaigh, ghardaí cósta agus údaráis ábhartha eile na mBallstát, chomh maith le Gníomhaireachtaí an Aontais. Ina theannta sin, bainfidh an tAontas an úsáid is fearr as na cleachtaí atá ann cheana maidir leis an tslándáil mhuirí agus bagairtí hibrideacha, i gcomhar le comhpháirtithe, go háirithe ECAT.
2.2 Creat Infheistíochta feabhsaithe de chuid an Aontais
Chun athléimneacht cáblaí fomhuirí a mhéadú, tá sé ríthábhachtach borradh breise a chur faoi infheistíocht an Aontais i mbonneagair cáblaí fomhuirí, ag díriú ar iomarcaíocht cáblaí a mhéadú, chomh maith le hacmhainneachtaí slándála agus deisiúcháin. Tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun spleáchais ar ghníomhaithe neamh-AE a laghdú – lena n‑áirítear gníomhaithe áirithe a mheasann an tAontas gur díoltóirí ardriosca iad – i bhfianaise shaintréithe mhargaí an fhuinnimh agus na gcáblaí sonraí.
Is é sin an fáth a molfaidh an Coimisiún Creat Infheistíochta de chuid an Aontais le haghaidh bhonneagair cáblaí an Aontais atá tábhachtach d’athléimneacht agus do shlándáil an Aontais. Cuirfear san áireamh sa chreat infheistíochta sin breithnithe slándála eacnamaíche atá á bhforbairt i gcomhar leis na Ballstáit.
2.2.1 Tionscadail Cáblaí ar mhaithe le Leas na hEorpa i réimse na teileachumarsáide
Trí chlár digiteach na Saoráide um Chónascadh na hEorpa, tá ionstraim chistiúcháin éifeachtach ag an Eoraip cheana féin le haghaidh bonneagair cáblaí cumarsáide fomhuirí. Ós rud é gur síníodh 30 tionscadal nua i mí na Nollag 2024, tá punann 51 thionscadal ag an gclár anois ar fiú EUR 420 milliún iad, chun cnámh droma nascachta an Aontais a threisiú agus chun an tAontas a nascadh le tríú tíortha comhpháirtíochta.
Go sonrach, a bhuí leis na hinfheistíochtaí sin, chuir an Coimisiún feabhas ar láithreacht an Aontais ar bhealaí chuig an Afraic, chuig an Meánoirthear, i Lár agus in Oirthear na hEorpa, san Atlantach, agus sa réigiún Nordach, lena n‑áirítear Muir Bhailt, áit a ndearnadh EUR 35,6 milliún a infheistiú in ocht gcábla sonraí fomhuirí shonracha.
Fíor: tionscadail cáblaí a chistítear i nglaonna 1-3 faoi chlár digiteach na Saoráide um Chónascadh na hEorpa. D’fhéadfadh athrú teacht ar an léarscáil de réir chur chun feidhme iarbhír an chláir.
Sa tréimhse idir 2025 agus 2027, déanfar EUR 540 milliún breise a infheistiú faoi SCE i mbonneagair dhigiteacha, lena n‑áirítear cáblaí fomhuirí, rud a fhágfaidh gur fiú beagnach EUR 1 bhilliún san iomlán an infheistíocht faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil reatha.
Mar a bheartaítear sa Mholadh maidir le Bonneagair Cáblaí Fomhuirí Shlána agus Athléimneacha, meastar go molfaidh an Grúpa Saineolaithe dréachtliosta de Thionscadail Cáblaí straitéiseacha ar mhaithe le Leas na hEorpa. D’fhéadfaí tosaíocht a thabhairt do na Tionscadail Cáblaí sin ar mhaithe le Leas na hEorpa agus dlús a chur leo chun cistiú a fháil ón Aontas, agus é á chomhlánú le cistí náisiúnta agus, i gcás inar féidir, le cistiú príobháideach, i gcomhréir leis na critéir faoin Moladh chomh maith le rialacha maidir le cistiú ón Aontas agus maidir leis an státchabhair. Sa chomhthéacs sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú, trí Ghníomh Tarmligthe, ar Rialachán SCE (Iarscríbhinn, Cuid V) chun creat soiléir a chruthú le haghaidh infheistíochtaí SCE i gcáblaí fomhuirí, lena léireofar na tosaíochtaí atá molta ag an nGrúpa Saineolaithe, bunaithe ar anailís fhónta ar na riachtanais athléimneachta iarbhír, mar shampla ar leibhéal na mBallstát nó an imchuach mhuirí. Tá sé ríthábhachtach tosaíocht a thabhairt do thionscadail atá tábhachtach ó thaobh na hathléimneachta agus na straitéise de, ach nach dócha go measfaí iad a bheith iontaofa ó thaobh brabúis de ná go ndéanfadh infheisteoirí príobháideacha iad a chur in úsáid go neamhspleách. Dá bhrí sin, seolfaidh an Coimisiún idirphlé tiomnaithe leis an tionscal, le hinfheisteoirí príobháideacha, agus leis an mBanc Eorpach Infheistíochta agus Bainc agus Institiúidí Náisiúnta le haghaidh Spreagadh chun imscrúdú a dhéanamh ar bhealaí féideartha chun bonneagair cáblaí na dTionscadal Cáblaí ar mhaithe le Leas na hEorpa a mhaoiniú go comhpháirteach. Is é atá beartaithe teacht ar chomhaontú maidir le creat conarthach le haghaidh rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe airgeadais chun deontais SCE a chomhcheangal le buiséad neamh-AE chun na bonneagair cáblaí a chistiú (saoráid mheasctha a fhaigheann cistiú náisiúnta agus infheistíocht phríobháideach).
D’fhéadfaí tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar chomhcheangal na gcistí atá ann cheana lenar féidir tacú leis an mbonneagar digiteach, lena n‑áirítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta, an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa. Ba cheart infheistíochtaí faoi Global Gateway a dhéanamh freisin ar bhealach lena gcuirfear feabhas ar athléimneacht an Aontais, go háirithe agus na Réigiúin is Forimeallaí agus Tíortha agus Críocha Thar Lear á nascadh. Mar a leagtar amach sa Mholadh maidir le Bonneagair Cáblaí Fomhuirí Shlána agus Athléimneacha, éilítear leis sin ailíniú idir foinsí éagsúla maoinithe ar leibhéal an Aontais agus comhordú láidir, ionas go ngníomhóidh an tAontas faoi chur chuige Fhoireann na hEorpa. Go nithiúil, d’fhéadfaí é sin a chur chun feidhme trí infheistíochtaí i ndeighleoga éagsúla cáblaí a chomhordú, de réir réimsí inniúlachta na gclár ábhartha (nascacht an Aontais agus bealaí idirnáisiúnta). Tá feidhm aige freisin maidir le hinfheistíochtaí i gcreataí cumasúcháin ábhartha (e.g. fothú acmhainneachta, comhairle dlí).
2.2.2 Tionscadail Leasa Choitinn i réimse an Leictreachais agus Tionscadal Leasa Fhrithpháirtigh
A mhéid a bhaineann le cáblaí leictreachais, le creat rialála an Aontais maidir le Gréasáin Fuinnimh Thras-Eorpacha (GTE-F) déantar foráil maidir le próiseas cuimsitheach chun Tionscadail Leasa Choitinn agus Tionscadail Leasa Fhrithpháirtigh a roghnú in éineacht le tríú tíortha. Tá 100 Tionscadal Leasa Choitinn i réimse an leictreachais roghnaithe ag an Aontas cheana féin agus d’éascaigh sé ceadú agus tógáil na dtionscadal sin, lena n‑áirítear trí chistiú – go háirithe cistí Chlár Fuinnimh SCE a bhfuil os cionn EUR 8 mbilliún infheistithe acu i mbonneagar fuinnimh an Aontais, i gcáblaí leictreachais den chuid is mó. Is iad seo a leanas na deontais is mó atá maoinithe ag Clár Fuinnimh SCE (iad uile i réimse an leictreachais):
·Sioncrónú na stát Baltach: EUR 1,23 billiún i gcaiteachas iomlán > EE, LT, LV, PL
·Idirnascaire na Mara Móire (fomhuir): EUR 658 milliún > CY, EL
·Oileán Fuinnimh Bornholm (fomhuir): EUR 645 mhilliún > DE, DK
·Bá na Bioscáine (fomhuir): EUR 578 milliún > ES, FR
·An tIdirnascaire Ceilteach (fomhuir): EUR 531 mhilliún > FR, IE
Tá an bonneagar leictreachais ag tabhairt aghaidh cheana féin ar an ngá láidir atá le rolladh amach níos mó agus níos tapúla chun tacú le cuspóirí aeráide agus fuinnimh an Aontais. I mí na Samhna 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le hEangacha ina leagtar amach 14 ghníomhaíocht neamhreachtacha arb é is aidhm dóibh an creat infheistíochta le haghaidh eangacha leictreachais a neartú. Tá na gníomhaíochtaí sin le cur i gcrích faoi lár na bliana 2025. Ní mór don Aontas níos mó infheistíochta a dhéanamh chun a líonra um bonneagar tarchurtha agus dáileacháin fuinnimh a nuachóiriú agus a leathnú, rud a chuirfidh dlús le hinfheistíochtaí sa leictreachas. Sna blianta amach romhainn, beidh gá le thart ar EUR 530-540 billiún d’infheistíochtaí le haghaidh eangacha leictreachais, rud a fhágfaidh gurb é EUR 77 mbilliún a bheidh ag teastáil ar an meán in aghaidh na bliana. Tá sé sin i bhfad níos airde ná an EUR 85 bhilliún a infheistíodh idir 2021 agus 2023. Beidh sé d’aidhm leis an bPacáiste maidir le hEangacha Eorpacha freisin infheistíochtaí i mbonneagar eangaí a éascú a thuilleadh agus féachaint le cosc a chur ar rannpháirtíocht gníomhaithe tríú tír neamhiontaofa i gcáblaí criticiúla leictreachais.
A mhéid a bhaineann le réigiún Mhuir Bhailt, d’éascaigh an Coimisiún idirnascadh agus comhtháthú Thuaisceart na hEorpa i margadh fuinnimh na hEorpa agus dhírigh sé ar dheireadh a chur le leithlisiú fuinnimh na Stát Baltach agus na Fionlainne. Le 15 bliana anuas, tá breis agus EUR 2,7 billiún de chistiú ón Aontas infheistithe sa réigiún i ndáil leis sin. Tá ról lárnach ag idirnascairí faoin bhfarraige sa chomhtháthú fuinnimh sin agus maidir le slándáil an tsoláthair a áirithiú sa réigiún. Thairis sin, agus acmhainneacht foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta 91 GW ag Muir Bhailt, beidh sí ar cheann de na príomhlimistéir chun táirgeadh agus bonneagar foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta san Aontas a fhorbairt. Is éard atá sa mhéid sin forbairt agus éagsúlú mór bonneagair a bhfuil tionchar díreach aige ar leochaileacht na líonraí sin a laghdú.
2.2.3 Cáblaí Cliste agus luathrabhadh
Le córais cáblaí cliste, tugtar léargas spéisiúil maidir le hionsaithe a chosc agus teagmhais a bhrath. Is féidir iad a úsáid mar líonraí móra braiteoirí geografacha chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí in aice láimhe, chun bagairtí agus leochaileachtaí a réamh-mheas, ag gníomhú dóibh mar chóras luathrabhaidh chun an bonneagar cáblaí féin agus an timpeallacht a chosaint, lena n‑áirítear chun críoch sibhialta (e.g. faireachán comhshaoil) agus míleata araon.
Le SCE Digiteach, cuirtear cáblaí cliste chun cinn i gclár oibre 2024-27. Áirítear sa Mholadh maidir le Bonneagair Cáblaí Fomhuirí Shlána agus Athléimneacha freisin tagairtí do chórais braiteoirí agus faireacháin chomh maith le glacadh agus cur in úsáid réiteach nuálach chun bagairtí a bhrath agus a dhíspreagadh. Le Rialachán GTE-F, cuirtear eangacha cliste leictreachais trasteorann chun cinn freisin agus tá cistiú EUR 410 milliún éascaithe cheana féin ag Clár Fuinnimh SCE do thionscadail den sórt sin, le haghaidh oibreacha den chuid is mó.
Seachas a bpríomhúsáid mar cháblaí leathanbhanda, is féidir córais cáblaí cumarsáide cliste a úsáid mar chnámh droma chun acmhainní faoi uisce a nascadh amhail stáisiúin nasctha (seoladh, aisghabháil, aistriú sonraí) le haghaidh feithiclí agus córais faoi uisce gan chriú, chun taiscéalaíocht ar ghrinneall na farraige, feidhmeanna deisiúcháin, faireachas, etc. a dhéanamh. San fhadtéarma, d’fhéadfaí leathnú an chabhlaigh leis na hardfheithiclí agus na hardsaoráidí sin, a n‑idir-inoibritheacht le soithí nua-aimseartha agus a dtacaíocht oibríochtúil a bheartú faoi chláir an Aontais amach anseo.
Seolfar staidéir indéantachta faoi SCE i ndlúthchomhar leis an gCiste Eorpach Cosanta agus leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID). Tá tionscadail BlueInvest ar siúl cheana féin agus tá aghaidh á tabhairt acu ar bhreathnóireacht faoi uisce, ar chumarsáid braite agus ar fhaireachas, go háirithe maidir le réitigh seolta agus nasctha le haghaidh Feithiclí Uathrialaitheacha Faoi Uisce, chomh maith le húsáid teicneolaíochtaí faisnéise saithe. Áiritheofar comhordú freisin le cistiú ábhartha ón gclár Fís Eorpach, go háirithe trí ghníomhaíocht thiomnaithe maidir le ‘dul chun cinn na mbonneagar úrscothach cáblaí fomhuirí a ullmhú’.
Bunóidh an Coimisiún fóram tionscail chun dul i gcomhairle leis na gníomhaithe agus na comhlachais trádála is ábhartha i dteicneolaíochtaí cáblaí fomhuirí chun treochlár tionsclaíoch a cheapadh chun teicneolaíochtaí faireachais agus cosanta a chur in úsáid le haghaidh bonneagair cáblaí fomhuirí. Grúpa Saineolaithe na mBallstát a bunaíodh chun an Moladh a chur i gcrích, beidh dlúthbhaint aige leis an obair sin.
Príomhghníomhaíochtaí maidir le cosc
·An Coimisiún, in éineacht leis na Ballstáit agus ENISA, tríd an nGrúpa Saineolaithe a cruthaíodh chun an Moladh maidir le Bonneagair Cáblaí Fomhuirí Shlána agus Athléimneacha a bhaint amach, cuirfidh siad an méid seo a leanas i gcrích faoi R4 2025:
§Mapáil ar bhonneagair cáblaí fomhuirí atá ann cheana agus atá beartaithe;
§Measúnú Riosca Comhordaithe (rioscaí, leochaileachtaí agus spleáchais) ar cháblaí fomhuirí, agus slándáil soláthair na bpáirteanna spártha agus modheolaíocht na tástála struis á gcur san áireamh;
§Bosca Uirlisí um Shlándáil Cáblaí ina mbeidh bearta maolaithe;
§liosta tosaíochta de Thionscadail Cáblaí ar mhaithe le Leas na hEorpa.
·Faoi dheireadh 2025, molfaidh an Coimisiún Gníomh Tarmligthe chun Cuid V den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán maidir leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) a leasú chun tosaíocht a thabhairt do na Tionscadail Cáblaí ar mhaithe le Leas na hEorpa mar Thionscadail Leasa Choitinn SCE. Bheadh sé sin ina chéad chéim i dtreo Creat Infheistíochta de chuid an Aontais maidir le tionscadail cáblaí fomhuirí.
·Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
§athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat maidir le slándáil an tsoláthair fuinnimh agus aird ar leith á tabhairt ar an mbonneagar criticiúil fuinnimh.
§infheistíochtaí a éascú agus slándáil cáblaí criticiúla leictreachais a fheabhsú tríd an bPacáiste maidir le hEangacha Eorpacha
Na Ballstáit:
·ní mór dóibh an Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil agus an Dara Treoir NIS a thrasuí agus a chur chun feidhme, mar ábhar práinne.
·moltar dóibh a áirithiú go gcumhdófar oibreoirí uile na mbonneagar cumarsáide fomhuirí leis an reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear creat an Dara Treoir NIS.
·moltar dóibh breithniú cuí a dhéanamh ar eintitis a sholáthraíonn seirbhísí fíor-riachtanacha le haghaidh cumarsáid leictreonach fhomhuirí agus tarchur leictreachais agus an Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil á cur chun feidhme acu, go háirithe a mhéid a bhaineann le straitéis, measúnú riosca agus sainaithint eintiteas criticiúil.
·ní mór dóibh a áirithiú go ndéanfar cáblaí leictreachais a dhearadh agus a shuiteáil ar bhealach lena ndéanfar a slándáil a uasmhéadú.
3.Brath: cur le hacmhainneacht an Aontais faireachán a dhéanamh ar bhagairtí agus iad a bhrath
Sa lá atá inniu ann, is féidir leas a bhaint as comhar neamhleor ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach i gcomhthéacs feachtais hibridigh, lena ndéantar ilroinnt sraitheanna éagsúla sásraí faireachais a ghiaráil, rud a fhágann gur féidir brath a sheachaint agus séanadh inchreidte a chruthú. Tá sé cruthaithe go bhfuil brath tapa agus fíor-ama ar cheann de na bunsraitheanna chun cur i gcoinne na sabaitéireachta in aghaidh cáblaí fomhuirí. Braitheadh na teagmhais a tharla le déanaí i Muir Bhailt beagnach i bhfíor-am, rud a d’fhág go rabhthas in ann stop a chur leis an soitheach sula ndearna sé tuilleadh damáiste. Baineann na príomhdhúshláin le hintinniúlacht a bhunú chomh maith le tuar agus anailís ar tháscairí bagartha.
3.1 Tacú le Sásra Faireachais Comhtháite le haghaidh Cáblaí Fomhuirí
Sa lá atá inniu ann, níl aon acmhainneacht ann faireachán éifeachtach a dhéanamh ar thoisí uile na mbagairtí a bhaineann le cáblaí fomhuirí agus léiriú staide aonair comhtháite a chruthú ar leibhéal an imchuach farraige. Chun gur féidir luathrabhaidh a eisiúint, tá sé fíor-riachtanach roinnt córas a chur ag obair le chéile, lena gcomhtháthaítear sonraí atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.
D’fhéadfadh léiriú staide an Aontais maidir le slándáil na mbonneagar muirí tairbhiú de ghníomhaíochtaí roinnt córas amhail na Seirbhísí Muirí Comhtháite 16 le haghaidh faireachas muirí agus feasacht staide ar muir, arna n‑óstáil sa Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA). Faightear faisnéis bhreise ó chórais eile, amhail líonra MARSUR (Faireachas Muirí) do Chabhlaigh na Ballstáit faoi chreat na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint maidir le Léiriú Muirí Aitheanta, EUROSUR, an creat comhtháite arna reáchtáil ag Frontex chun faisnéis agus comhar oibríochtúil a mhalartú laistigh de sheirbhísí an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh chomh maith leis an Timpeallacht Chomónta dheonach um Chomhroinnt Faisnéise le haghaidh an réimse mhuirí arna bhainistiú ag EMSA. Ní mór acmhainneachtaí na gcreataí sin uile a nascadh agus a chomhtháthú chun sineirgí a lorg, cur leis na réitigh atá oibríochtúil cheana féin agus dúbailt a sheachaint. Ina theannta sin, le hanailís faisnéise arna heisiúint ag an Acmhainneacht Aonair Anailíse Faisnéise, is féidir rannchuidiú le measúnú straitéiseach agus is féidir measúnú straitéiseach a sholáthar chun feabhas a chur ar fheasacht staide níos leithne.
Chun tacú le hiarrachtaí na mBallstát, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tacú le Sásra Faireachais Comhtháite le haghaidh cáblaí fomhuirí in aghaidh an imchuach farraige a fhorbairt agus a chur in úsáid, agus na Ballstáit rannpháirteach ann ar bhonn deonach. Is é an cuspóir atá ann tacú leis na Ballstáit thoilteanacha sonraí a thagann ó roinnt foinsí a nascadh agus a chomhtháthú – ar leibhéal imchuach farraige réigiúnach iontaofa – lena n‑áirítear EMSA, na Ballstáit, oibreoirí príobháideacha, cáblaí cliste, tionscal na loingseoireachta nó bealaí cosanta. D’fhéadfadh sé sin feasacht staide thráthúil chruinn a sholáthar ina dhiaidh sin maidir le brath agus faireachán feabhsaithe, lena n‑áirítear ar longa patróil. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí bagairtí a bhrath go luath d’fhonn an t‑aga freagartha a ghiorrú, gníomhaíocht feabhais a cheadú (e.g. idircheapadh) agus cur leis an acmhainneacht freagracht a shannadh. Agus é ag díriú go príomha ar cháblaí fomhuirí, d’fhéadfaí an cur chuige sin a ghiaráil freisin chun tacú le faireachas méadaithe agus léiriú staide méadaithe maidir le slándáil bonneagar criticiúil muirí eile amhail píblínte nó feirmeacha gaoithe amach ón gcósta.
D’fhéadfadh moil imchuach farraige réigiúnacha tairbhiú de sheirbhísí agus d’ionstraimí éagsúla de chuid an Aontais, amhail:
·Gníomhaíochtaí muirí amhrasacha (soithí ar díol spéise iad) thart ar cháblaí a bhrath go luath (trí fhorbairt bogearraí foinse oscailte agus bogearraí a bhaineann go sonrach leis an intleacht shaorga) bunaithe ar anailísíocht iompraíochta agus ar anailís tráchta atá ar fáil in EMSA, mar shampla, chomh maith le geofhálú. I gcás ina gcomhaontóidh na Ballstáit rannpháirteacha é, ba cheart a bheith in ann córais agus sonraí faireachais mhíleata a chomhtháthú.
·Seirbhísí feabhsaithe faireachais spáis a dhéanann dlúthfhaireachán ar ghníomhaíocht soithí ar díol spéise iad trí sheirbhís Faireachais Mhuirí Copernicus a chuirtear chun feidhme trí EMSA; ar seirbhís í sin ar cheart faireachas poncúil a bheith i gceist léi agus lenar cheart aird bhuan/rialta a thabhairt ar na réigiúin is íogaire, rud a chumasófar le seirbhís rialtais nua an Aontais um fhaire na Cruinne
·Seirbhísí faireachais tiomnaithe amhail ladrainn (aer, dromchla agus faoi uisce) atá in ann soithí ar díol spéise iad a rianú, a lorg agus faireachán a dhéanamh orthu, go háirithe nuair a bhraitear gníomhaíocht amhrasach, trí úsáid á baint as acmhainneacht ESMA na seirbhísí sin a sholáthar agus tríd an acmhainneacht sin a leathnú, agus leas á bhaint as an taithí a fuarthas le rescEU 17 .
·Faireachán Líonra Fíor-ama: úsáid a bhaint as uirlisí bogearraí amhail Córais Bainistíochta Faisnéise Slándála agus Teagmhas Slándála (BFSTS) chun aimhrialtachtaí i dtrácht sonraí a bhrath a d’fhéadfadh suaitheadh nó iarrachtaí ar rochtain neamhúdaraithe a léiriú.
·Córais Braite Ionraidh: córais speisialaithe chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí fisiceacha agus ar ghníomhaíochtaí sraithe sonraí, lena sainaithnítear gníomhaíochtaí crioscaíola nó amhrasacha gar do stáisiúin tuirlingthe nó d’athsheoltóirí.
Ina theannta sin, cuirfidh an Acmhainneacht Aonair Anailíse Faisnéise tuarascálacha rialta ar fáil maidir le soithí amhrasacha agus bagairtí ar na bonneagair cáblaí fomhuirí bunaithe ar fhaisnéis a fhaightear ó na Ballstáit agus a chomhordaítear le Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh agus a dtacaíonn an Lárionad léi, arna iarraidh sin don Acmhainneacht Aonair Anailíse Faisnéise.
Tá sé ríthábhachtach a áirithiú láithreach go mbeidh rochtain ag na húdaráis ábhartha uile ar an leibhéal náisiúnta ar chórais agus ar sheirbhísí EMSA. Chun feasacht ar réimsí muirí a fheabhsú a thuilleadh, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar le EMSA agus leis na Ballstáit, imscrúdú ar dhlús a chur le cur in úsáid na Timpeallachta Comónta dheonach um Chomhroinnt Faisnéise chun a lánacmhainneacht a bhaint amach, rud a spreagfaidh níos mó Ballstát chun páirt a ghlacadh inti.
Sa ghearrthéarma, is féidir cheana féin sásra faireachais comhtháite réigiúnach tiomnaithe a sheoladh lena ndíreofar ar Mhuir Bhailt. Is féidir é sin a dhéanamh trí ghlao oscailte a ghiaráil faoin gClár don Eoraip Dhigiteach (EUR 22 mhilliún) chun Lárionaid Oibríochtaí Slándála trasteorann a chruthú. D’fhéadfadh an chéad mhol faireachais réigiúnach sin a bheith ina bhinse tástála chun na sonraí, na seirbhísí, na líonraí agus na heintitis ábhartha uile in aghaidh an imchuach farraige a chomhtháthú. Sa mheántéarma, d’fhéadfaí an cur chuige sin a leathnú chuig imchuacha farraige eile.
Infheistíodh acmhainní suntasacha cheana féin trí Chlár Réime an Aontais um Thaighde i bhforbairt teicneolaíochtaí nuálacha braite agus feasachta staide, atá ar fáil do Ghardaí Teorann, Póilíní, oibreoirí bonneagair chriticiúil agus údaráis náisiúnta eile 18 . Leanfaidh an Coimisiún d’fhorbairt agus de ghlacadh réiteach teicneolaíoch a chur chun cinn chun feabhas a chur ar acmhainneacht bhraite teagmhas agus ar úsáid éifeachtach na faisnéise sin. Spreagfar é sin le tuarascáil forléargais a ullmhóidh an Coimisiún in 2025.
3.2 Cur chuige sibhialta agus míleata
Tá sé fíor-riachtanach cur chuige láidir sibhialta-míleata a áirithiú ar mhaithe le héifeachtacht an tsásra. Tá gá le cumais chabhlaigh úrscothacha maidir le feasacht ar réimsí muirí, faireachas agus díchumasú. Ba cheart do na Ballstáit tuilleadh infheistíochta a dhéanamh chun na cumais sin a fhorbairt, a fháil agus a oibriú ar bhealach comhordaithe le tacaíocht ón Aontas, agus úsáid á baint as an gCiste Eorpach Cosanta le haghaidh T&F agus as an gClár um an Tionscal Cosanta Eorpach atá beartaithe le haghaidh soláthar comhpháirteach.
Ar bhonn níos nithiúla, d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar ghné mhíleata an tsásra faireachais chomhtháite – agus go háirithe feasacht staide faoi uisce a chur in úsáid – faoi chuimsiú na dTionscadal Leasa Choitinn mar a mholtar sa Chlár um an Tionscal Cosanta Eorpach a bheidh ann amach anseo. Ba cheart dlús a chur le tionscadail chun cumais réimsí muirí a fhorbairt faoin mBuanchomhar Struchtúrtha agus faoi chuimsiú na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint.
D’fhéadfaí cistiú ón gCiste Eorpach Cosanta a shlógadh freisin chun braiteoirí náisiúnta a fhorbairt le haghaidh anailísíocht thuarthach bagairtí agus le haghaidh acmhainneacht bhraite spásbhunaithe náisiúnta radaimhinicíochta freisin, rud a d’fhéadfadh soithí ar díol spéise iad a bhrath níos tapúla. Sa chomhthéacs sin, tá an Coimisiún réidh chun oibriú leis na Ballstáit chun líonra braiteoirí náisiúnta faoin bhfarraige a chur in úsáid (creathanna, athruithe brú, nó gníomhaíocht neamhghnách gar don chábla), baoi cliste a chur in úsáid (faireachán a dhéanamh ar shínithe fuaimiúla chun bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann, amhail ancairí long, a bhrath), nó cáblaí snáthoptaice a úsáid mar bhraiteoir (Brath Fuaimiúil Dáilte).
Déanfaidh an Coimisiún acmhainneachtaí braite spásbhunaithe radaimhinicíochta a chomhtháthú faoi Chlár Spáis an Aontais, rud a chomhlánóidh úsáid na ngaireas agus na sonraí atá ann cheana ó oibreoirí fomhuirí. Le cáblaí snáthoptaice agus leictreachais fomhuirí agus feirmeacha gaoithe amach ón gcósta, cuirtear deiseanna móra ar fáil freisin chun sonraí faoin bhfarraige a bhailiú. Tá comhar láidir idir oibreoirí príobháideacha agus an t‑arm ríthábhachtach chun leas a bhaint as an acmhainneacht sin.
Tá ról na n‑eintiteas príobháideach ríthábhachtach chun an acmhainneacht bhraite a mhéadú. Ba cheart eintitis phríobháideacha a spreagadh chun tuairisciú (deonach nó rialála) teagmhas a fheabhsú. Ba cheart faisnéis faoi na teagmhais sin, lena n‑áirítear teagmhais nach gcomhlíonann an oibleagáid maidir le tuairisciú dlíthiúil, a chomhroinnt láithreach leis na Ballstáit uile a ndéantar difear dóibh. Mar shampla, dá ndéanfaí an fheidhmiúlacht sin a chomhtháthú sna moil réigiúnacha, d’fhéadfaí freagairt níos tapúla do shoitheach agus é a idircheapadh ionas nach mbeadh an soitheach céanna ina chúis le tuilleadh gearrthacha agus teagmhas.
Príomhghníomhaíochtaí maidir le brath
Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, an méid seo a leanas:
·tacú le Sásra Comhtháite Faireachais le haghaidh Cáblaí Fomhuirí in aghaidh an imchuach farraige a fhorbairt agus a chur in úsáid ar bhonn deonach, ar sásra é a cheapfar chun sonraí ó fhoinsí ábhartha a nascadh agus a chomhtháthú agus chun léiriú staide cruinn agus fíor-ama ar imchuach farraige a chur ar bun.
·oibriú i dtreo mol réigiúnach tiomnaithe a bhunú go tapa i réigiún Mhuir Bhailt mar bhinse tástála den chur chuige comhtháite faireachais.
·iniúchadh a dhéanamh ar choincheap líonra braiteoirí faoin bhfarraige a bheidh le cur in úsáid chun cáblaí fomhuirí a dhaingniú.
·clár tiomnaithe um ladrainn faireachais (aer, dromchla agus faoi uisce) a sheoladh chun borradh a chur faoi fhorbairt agus faoi chur in úsáid na n‑acmhainneachtaí sin.
·tuarascáil a ullmhú chun úsáid réiteach teicneolaíochta nua a chur chun cinn chun teagmhais cáblaí a bhrath.
·tacú le comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a fhorbairt le hoibreoirí cábla d’fhonn tuairisciú deonach méadaithe ar theagmhais cáblaí a chur chun cinn.
4.Freagairt & Téarnamh: Comhar agus dlúthpháirtíocht níos láidre san Aontas
4.1 Freagairt: i dtreo freagairt níos comhordaithe ar ghéarchéimeanna
Nuair a tharlaíonn teagmhas ar chábla fomhuirí, d’fhéadfaí roinnt creataí géarchéime a ghníomhachtú. Is é is aidhm do Threoirphlean 2024 an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil 19 feabhas a chur ar chomhordú agus ar fhreagairt ar leibhéal an Aontais ar shuaitheadh sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht trasteorann shuntasach ag baint leis, atá faoi raon feidhme na Treorach maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil. Leis an Treoirphlean Cibearshlándála, atá faoi athbhreithniú faoi láthair, cumhdaítear géarchéimeanna a eascraíonn as teagmhais chibearshlándála mhórscála a dhéanann difear d’infhaighteacht córas gréasán agus faisnéise le haghaidh na n‑earnálacha faoin Dara Treoir NIS, lena n‑áirítear sabaitéireacht cáblaí fomhuirí. Sa reachtaíocht earnálach fuinnimh, i gcás na n‑earnálacha leictreachais agus gáis mar shampla, tá forálacha sonracha oibríochtúla chun géarchéimeanna a bhainistiú, lena mbaineann saineolaithe teicniúla ó na Ballstáit go díreach freisin.
Leis na teagmhais a tharla i Muir Bhailt le déanaí, cuireadh i dtábhacht an gá atá le freagairt níos saincheaptha agus níos comhordaithe trí shineirgí a ghiaráil idir na creataí éagsúla bainistithe géarchéime sin. Go háirithe, i bhfianaise chineál sonrach na gcáblaí fomhuirí agus ghné shibhialta-mhíleata na dteagmhas sin de réir a gcineáil, tá sé tábhachtach go mbainfidh na Ballstáit úsáid éifeachtach as na sásraí tuairiscithe teagmhas atá ann cheana a leagtar amach sa Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil agus sa Dara Treoir NIS. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as liostaí teagmhála dá bhforáiltear i dTreoirphlean an Aontais maidir leis an mBonneagar Criticiúil agus sa Treoirphlean Cibearshlándála i gcás teagmhais, agus an tráth céanna áiritheofar go mbeidh na naisc is gá ag na pointí teagmhála sin leis na gnéithe uile a bhaineann le teagmhais cáblaí.
Ina theannta sin, ba cheart dlús a chur leis an gcomhar agus leis na sineirgí le ECAT. Chun cur leis an obair leanúnach i gcomhthéacs an Idirphlé Struchtúrtha idir an tAontas agus ECAT maidir leis an Athléimneacht, déanfar an comhar ar leibhéal na foirne a dhoimhniú a thuilleadh maidir le hathléimneacht agus cosaint an bhonneagair chriticiúil fhomhuirí, lena n‑áirítear cáblaí fomhuirí. Díreoidh foirne ar shineirgí a chur chun cinn idir tionscnaimh ar an leibhéal oibríochtúil, lena n‑áirítear trí phlé bunaithe ar ghníomhaíochtaí agus ar chásanna, rud a chumasófar trí chomhroinnt spriocdhírithe faisnéise agus trí chomhordú le linn géarchéime. Tá sé seo níos tábhachtaí fós toisc go bhfuil ECAT ag cur le gníomhaíochtaí le haghaidh na slándála muirí i Muir Bhailt.
Ar deireadh, is féidir leis na Ballstáit rochtain a fháil freisin ar chúnamh éigeandála faoin gCiste Slándála Inmheánaí chun tacú le freagairt amhail imscrúdú agus an bonneagar a dhaingniú. I gcás inar cuid d’fheachtas hibrideach níos mó é an teagmhas ar chábla fomhuirí, d’fhéadfaí Foirne Mearfhreagartha Hibrideacha de chuid an Aontais a imscaradh chun tacú, arna iarraidh sin dóibh, leis na Ballstáit a ndéantar difear dóibh.
4.2 Téarnamh: i dtreo Cúlchabhlach Soithí Cábla de chuid an Aontais
Nuair a tharlaíonn teagmhas ar bhonneagair cáblaí fomhuirí, tá sé ríthábhachtach idirghabháil a dhéanamh go tapa agus an cábla damáistithe a dheisiú. Mar sin féin, cé go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil soithí an lae inniu éifeachtach chun cáblaí damáistithe a dheisiú laistigh d’aga freagartha réasúnta, ní bheadh líon agus acmhainneacht reatha na soithí sin leordhóthanach chun idirghabháil thráthúil a dhéanamh i gcás ionsaithe sistéamacha agus comhuaineacha ar cháblaí criticiúla ar fud limistéir mhuirí éagsúla an Aontais. Is scrogall mór iad soithí cothabhála agus deisiúcháin maidir leis an acmhainneacht téarnamh ó theagmhas 20 . Ina theannta sin, is saincheist í infhaighteacht trealaimh deisiúcháin agus oibrithe speisialaithe, go háirithe i gcás cáblaí sonracha casta amhail eangacha leictreachais fomhuirí.
Sa ghearrthéarma, molfaidh an Coimisiún conraitheoireacht na seirbhísí deisiúcháin atá ar fáil ar an margadh a éascú, b’fhéidir trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta. Go háirithe, ós rud é go bhféadfaí tacú le hacmhainneacht trealaimh deisiúcháin mhodúlaigh atá réidh le cur ar shoithí chun freagrúlacht an Aontais a mhéadú, ar bhealach costéifeachtach.
Tá sé chomh tábhachtach céanna slándáil soláthair páirteanna spártha cábla a áirithiú (e.g. boscaí gaibiúin, ábhair fálaithe nó claochladáin le haghaidh fostáisiún) agus na bearta is gá a dhéanamh chun ábhar agus trealamh fíor-riachtanach a stoc-charnadh más gá agus nuair is gá, ionas gur féidir iad a dheisiú i gcónaí. Ba cheart na cúltacaí stoc-chairn a lonnú go straitéiseach i limistéir ardriosca chun gur féidir iad a chur in úsáid go tapa. Maidir le cáblaí leictreachais fomhuirí, mar gheall ar a sainiúlacht agus a ndearadh saincheaptha, ba cheart iarrachtaí a chomhcheangal idir na Ballstáit, úinéirí cáblaí agus táirgeoirí cáblaí chun na ceanglais deartha agus na páirteanna spártha (amhail ailt) a chaighdeánú agus chun oiliúint a chur ar chriúnna deisiúcháin.
Sa mheántéarma, d’fhéadfadh an Coimisiún tacú le soithí breise deisiúcháin agus imscartha a fháil nó a chonrú, agus d’fhéadfadh sé díriú ar imchuacha Mhuir Bhailt/na Mara Thuaidh, na Meánmhara agus an Atlantaigh, agus tosaíocht á tabhairt d’imchuach Mhuir Bhailt/na Mara Thuaidh, arb é an t‑imchuach is mó atá buailte faoi láthair é. Dá gcuirfí níos mó soithí leis an gcabhlach atá ann faoi láthair, laghdófaí an t‑aga freagartha ar bhonneagair chriticiúla fhomhuirí a ndéanann teipeanna sistéamacha difear dóibh. D’fhéadfadh sé sin a bheith i bhfoirm creat-chomhaontuithe réigiúnacha freisin chun a áirithiú go mbeidh soithí iomchuí a bhfuil criú speisialaithe acu ar fáil láithreach agus go dtabharfar tús áite dóibh i gcás inar gá iad a dheisiú nó a chur in úsáid. D’fhéadfaí creat-chomhaontú réigiúnach píolótach arna éascú ag an gCoimisiún a thástáil ar dtús le haghaidh Mhuir Bhailt in éineacht leis na Ballstáit, úinéirí cáblaí agus táirgeoirí cábla.
Sa mheántéarma, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Cúlchabhlach Soithí Cábla ilchuspóireach de chuid an Aontais a bhunú a úsáidfear i gcás éigeandála, chun cáblaí leictreacha nó snáthoptaice fomhuirí a nascann críocha an Aontais a chur in úsáid nó a dheisiú. Bheadh cumais bristeora oighir ag na soithí chun bheith in ann oibriú i ndomhanleithid thuaidh agus i ndálaí adhaimsire agus d’fhéadfadh trealamh deisiúcháin modúlach nó trealamh imscartha a bheith acu. D’fhéadfaidís rannchuidiú le freagairt ar bhagairtí eile amhail bagairtí comhshaoil (e.g. doirteadh ola). D’fhéadfaí cistiú ón Aontas, in éineacht le tacaíocht ó na Ballstáit, a shlógadh chun na críche sin. Mar shampla, d’fhéadfadh an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa 21 an cabhlach a chómhaoiniú i sineirgíocht le cistí eile, go háirithe cistí comhtháthaithe leis na Ballstáit leasmhara. D’fhéadfaí an acmhainneacht sin a leabú i Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, rescEU san áireamh.
Príomhghníomhaíochtaí maidir le freagairt agus téarnamh
Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, an méid seo a leanas:
·feabhas a chur ar éifeachtacht gach gné d’fhreagairt an Aontais ar ghéarchéimeanna trí shineirgí leis na creataí atá ann cheana a mhéadú agus trí mheasúnú a dhéanamh leis na Ballstáit ar an ngá atá le cur chuige níos saincheaptha.
·buiséad a chomhthiomsú ó chláir chistiúcháin an Aontais, lena n‑áirítear an fhéidearthacht go ndéanfadh na Ballstáit aistrithe deonacha ó chistí comhtháthaithe isteach go SCE, chun méadú ar acmhainneachtaí shoithí cábla an Aontais, chomh maith le trealamh deisiúcháin modúlach, a mhaoiniú.
·a mholadh sa mheántéarma – ag brath ar na riachtanais – Cúlchabhlach Soithí Cábla ilchuspóireach de chuid an Aontais a fhorbairt a bheidh réidh le húsáid, b’fhéidir trí Ghníomh Cur Chun Feidhme faoi Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (lena n‑áirítear rescEU). D’fhéadfaí é sin a chomhlánú le creat-chomhaontuithe réigiúnacha chun a áirithiú go mbeidh soithí iomchuí a bhfuil criúnna speisialaithe acu ar fáil láithreach.
·cur chuige comhpháirteach a cheapadh chun slándáil soláthair páirteanna spártha cábla a áirithiú, mar shampla, trí stoc-chairn spriocdhírithe.
Déanfaidh an Coimisiún agus an tArdionadaí an méid seo a leanas:
·feabhas a chur ar an gcomhar oibríochtúil le ECAT maidir le hathléimneacht agus cosaint bonneagar cáblaí agus bonneagar criticiúil fomhuirí eile.
I bhfianaise chumais thionsclaíocha ardfhorbartha an Aontais maidir le soithí speisialaithe a thógáil chun cáblaí fomhuirí a chothabháil agus a dheisiú, d’fhéadfadh sé sin cur freisin leis an Straitéis Mhuirí Thionsclaíoch atá ar na bacáin agus atá dírithe ar earnáil monaraíochta muirí na hEorpa a neartú.
5.Díspreagadh
Cé go méadaítear leis na gníomhaíochtaí uile a liostaítear sa Phlean Gníomhaíochta seo creat athléimneachta agus freagartha an Aontais i gcás teagmhais agus cé gur díspreagadh iad, tá sé tábhachtach freisin a bheith in ann obair leantach a dhéanamh a mhéid a bhaineann le sannadh (e.g. fóiréinsic) agus smachtbhannaí. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin ós rud é gur minic a ullmhaítear agus a bheartaítear na gníomhaíochtaí sin d’fhonn bac a chur ar shannadh. Ba cheart na modhanna is gá a bheith ag an Aontas chun sannadh a cháiliú, a chruthú agus a chomhordú agus chun smachtbhanna a fhorchur. Dá bhrí sin, neartóidh an tAontas a sheasamh díspreagtha trí dhéantóirí coire a thabhairt chun cuntais as a ngníomhaíochtaí agus trí chostais a ardú do ghníomhaithe mailíseacha.
5.1 Freagairt d’fheachtais hibrideacha: costais a ardú do dhéantóirí coire
Tá Bosca Uirlisí Hibrideach bunaithe ag an Aontas lena soláthraítear creat chun aghaidh a thabhairt, ar bhealach cuimsitheach, ar fheachtais hibrideacha a dhéanann difear don Aontas agus dá Bhallstáit agus dá chomhpháirtithe. Éascaítear leis freagairt fheasach, spriocdhírithe agus chomhordaithe ar leibhéal an Aontais ar fheachtais den sórt sin trí úsáid a bhaint as uirlisí agus bearta uile an Aontais.
I measc na mbeart tá ráitis agus sannadh comhpháirteach agus bearta taidhleoireachta eile agus cumarsáid chomhordaithe, i gcomhar le comhpháirtithe freisin, lena n‑áirítear ECAT. Tá sé d’aidhm ag na bearta sin feasacht a mhúscailt maidir le timpeallacht na bagartha, gníomhaithe mailíseacha a thabhairt chun cuntais agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag a n‑iompar a chur in iúl. Tá sé d’aidhm acu freisin díspreagadh a dhéanamh trí chur i gcoinne insintí inchreidte séanta ó oibríochtaí ceilte.
Ba cheart don Aontas an úsáid is fearr is féidir a bhaint as córais na smachtbhannaí atá ann cheana chun aon sabaitéireacht ar bhonneagar fomhuirí a chosc agus chun freagairt uirthi. Is féidir leis an Aontas an córas smachtbhannaí nuabhunaithe a úsáid i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise. Leis na smachtbhannaí sin, is féidir díriú ar na dreamanna atá freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid na Rúise a chur chun feidhme, as tacú leo nó tairbhiú díobh, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad a bhfuil sé d’aidhm acu an tAontas, a Bhallstáit, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a dhíchobhsú (tá na dreamanna sin atá liostaithe faoi réir reo sócmhainní agus toirmeasc taistil). Ina theannta sin, le bearta lena dteorannaítear acmhainneacht an ‘scáthchabhlaigh’ chun dul timpeall ar smachtbhannaí an Aontais, rannchuidítear le feabhas a chur ar shlándáil limistéir mhuirí an Aontais. Ar mhaithe le héifeachtacht níos fearr, leanfaidh an tAontas agus G7 de roghanna breise a fhiosrú chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann leis an scáthchabhlach.
5.2 Gníomhaíochtaí an Aontais in aghaidh an scáthchabhlaigh a threisiú
Léiríonn na teagmhais a tharla le déanaí ról agus úsáid fhéideartha soithí a bhíonn sean go minic, a mbíonn drochbhail orthu, agus a mbíonn úinéireacht agus árachas doiléir acu. An cabhlach soithí sin atá ag dul in aois – tancaeir agus soithí lastais eile den chuid is mó a oibríonn chun dul timpeall ar smachtbhannaí – is riosca tromchúiseach slándála iad don Aontas, bíodh siad ina rioscaí comhshaoil (truailliú doirte ola) nó ina rioscaí do na bonneagair chriticiúla (gearrthacha cáblaí) nó ina rioscaí do shlándáil an tsoláthair fuinnimh, rud a fhágann gur bagairt gheopholaitiúil níos leithne é sin. Le soithí ar díol spéise iad (i.e. soithí ar cheart aird ar leith a thabhairt orthu), ba cheart a chumhdach freisin na soithí sin atá ag gabháil d’oibríochtaí neamhshábháilte nó atá faoi cheilt mar shoithí iascaireachta nó taighde ach atá feistithe le trealamh faireachais.
Ní mór gníomhaíochtaí nithiúla a dhéanamh chun an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na soithí sin a laghdú agus chun cosc a chur orthu damáiste a dhéanamh, bíodh sé d’aon ghnó nó ná bíodh, sna himchuacha farraige éagsúla ar fud an Aontais, i gcomhréir leis an gcreat um dhlí idirnáisiúnta na mara 22 . Ba cheart don Aontas oibriú lena chomhpháirtithe chun liostú éagsúil na soithí toirmiscthe a ailíniú agus chun a áirithiú nach gceadófar aon lúb ar lár.
Ba cheart don Aontas leanúint den chur chuige comhordaithe agus é a fheabhsú chun for-rochtain bhreise chuig stáit brataí agus stáit an chalafoirt a neartú, ar stáit iad a bhfuil amhras ann go bhfuil gníomhaíocht dhíobhálach á déanamh ag a soithí chun cuntasacht agus freagracht a mhéadú.
Ar deireadh, ba cheart don Aontas agus dá Bhallstáit, agus iad ag obair i gcomhar leis an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta, comhthuiscint a bhunú ar fhorálacha ábhartha dhlí idirnáisiúnta na mara lena gcuirfear ar a gcumas do na Ballstáit, mar Stáit chósta agus Stáit brataí, bonneagar criticiúil a chosaint ar bhealach níos éifeachtaí agus gníomhaíocht a dhéanamh maidir le scáthchabhlach soithí agus aon soitheach ar díol spéise é a oibríonn ar an mórmhuir. Go háirithe, ba cheart measúnú cúramach a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil maidir le hidircheapadh nó bordáil soithí a bhfuil rioscaí ag baint leo don Aontas, i gcomhréir iomlán le Coinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS).
5.3 Taidhleoireacht cáblaí a chur chun cinn – ag obair le comhpháirtithe
Tá an líonra bonneagair cáblaí idir-ilchríochach, agus tarlaíonn teagmhais in áiteanna eile den domhan freisin. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach comhar láidir idirnáisiúnta a fhorbairt maidir le slándáil cáblaí.
Ar an gcéad dul síos, maidir le hathléimneacht cáblaí fomhuirí, ba cheart don Aontas ardtaidhleoireacht cáblaí a fhorbairt agus a chur in úsáid. Mar a fógraíodh sa Mholadh maidir le Bonneagair Cáblaí Fomhuirí Shlána agus Athléimneacha, ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas, ag obair dóibh i gcur chuige Fhoireann na hEorpa agus trí thoscaireachtaí an Aontais, leanúint den chomhar chun forbairt bonneagar cáblaí fomhuirí atá slán, iontaofa agus athléimneach a chur chun cinn le tíortha comharsanachta, le comhpháirtithe straitéiseacha, le tríú tíortha eile, agus i bhfóraim iltaobhacha agus ilpháirtithe leasmhara. Chun tionchar níos leithne a imirt, cuirfear prionsabail Bhosca Uirlisí an Aontais um Shlándáil Cáblaí chun cinn le haghaidh na mbonneagar a bhainistítear nó a fhorbraítear i gcomhar le tíortha an mhéadaithe agus tíortha comharsanachta (Medusa ar fud na Meánmhara, cáblaí na Mara Duibhe, etc.), agus tríú tíortha eile (BELLA le Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib, cábla EurAfrica, tionscadail eile de chuid Global Gateway, etc.).
Ar an dara dul síos, maidir le haghaidh a thabhairt ar theagmhais, ba cheart don Aontas feabhas a chur ar an malartú faisnéise le comhpháirtithe Ind-Chiúin-Aigéanacha, mar shampla, a bhfuil teagmhais chomhchosúla le sárú acu i ndáil le bonneagair chriticiúla fhomhuirí. Ba cheart é sin a dhéanamh trí chomhpháirtíochtaí agus líonraí atá ann cheana a ghiaráil chun tionscnaimh a bhaineann le slándáil, feasacht staide agus athléimneacht cáblaí fomhuirí a chur chun cinn a thuilleadh agus chun a áirithiú go mbeidh tacaíocht an Aontais do thríú tíortha ailínithe go hiomlán le leasanna slándála an Aontais. Tabharfaidh an tArdionadaí faoi thionscnaimh taidhleoireachta i bhfóraim iltaobhacha, amhail na Náisiúin Aontaithe chun feasacht a mhúscailt maidir leis na bagairtí leanúnacha ar leasanna slándála an Aontais agus a Bhallstát 23 . Tabharfar aghaidh ar na saincheisteanna sin freisin san Idirphlé ábhartha Slándála agus Cosanta le comhpháirtithe agus is féidir iad a chumhdach freisin i gComhpháirtíochtaí Slándála agus Cosanta de réir mar is ábhartha. Ar an tríú dul síos, d’fhéadfaí machnamh féideartha a áireamh san obair ar an leibhéal iltaobhach maidir le conas leas iomlán a bhaint as na gníomhaíochtaí uile a d’fhéadfaí a dhéanamh i gcomhréir le Dlí Idirnáisiúnta na Mara, lena n‑áirítear Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS) d’fhonn cosaint na mbonneagar cáblaí fomhuirí a mhéadú agus noirm agus dea-chleachtais a chur chun cinn.
Príomhghníomhaíochtaí maidir le díspreagadh
Déanfaidh an Coimisiún agus an tArdionadaí, i gcomhar leis na Ballstáit, an méid seo a leanas:
·taidhleoireacht réamhghníomhach cáblaí a chur in úsáid chun teagmháil a dhéanamh le comhpháirtithe straitéiseacha, lena n‑áirítear i bhfóraim iltaobhacha, d’fhonn dul i gcomhar maidir le saincheisteanna a bhaineann le slándáil cáblaí.
·feabhas a chur ar acmhainneachtaí an Aontais freagairt do thionchar an scáthchabhlaigh agus tionchar an scáthchabhlaigh a theorannú.
·feabhas a chur ar an acmhainneacht gníomhaithe mailíseacha a thabhairt chun cuntais, go háirithe tríd an úsáid is fearr a bhaint as na córais smachtbhannaí atá ann cheana agus trí shannadh comhordaithe.
·dlús a chur leis an gcur chuige cumarsáide straitéisí maidir le slándáil cáblaí chun dul i ngleic leis an bhfeachtas hibrideach lena mbaintear mí-úsáid as séanadh inchreidte.
·próiseas machnaimh a sheoladh ar an leibhéal idirnáisiúnta maidir le conas leas iomlán a bhaint as an gCreat um Dhlí Idirnáisiúnta na Mara chun slándáil cáblaí fomhuirí a fheabhsú.
·an t‑idirphlé agus an comhar le ECAT maidir le slándáil cáblaí a threisiú.
6.Conclúid
I bhfianaise na mbagairtí slándála méadaithe, ní mór don Aontas gníomhaíocht mhear chinntitheach a dhéanamh. Trí úsáid a bhaint as na huirlisí atá ar fáil dó ar bhealach níos comhordaithe agus níos éifeachtaí, is féidir leis an Aontas sampla cumhachtach den dlúthpháirtíocht agus den aontacht a thabhairt.
Ceapadh na bearta a leagtar síos sa Phlean Gníomhaíochta seo chun freagairtí láithreacha agus gearrthéarmacha a thabhairt ar na bagairtí leanúnacha atá os comhair an Aontais, go háirithe i Muir Bhailt. Leagtar amach cur chuige iomlánaíoch sa Phlean Gníomhaíochta trí aghaidh a thabhairt ar thimthriall athléimneachta na mbonneagar criticiúil fomhuirí. Rachaidh an Coimisiún agus an tArdionadaí i dteagmháil leis na Ballstáit agus leis na comhpháirtithe, lena n‑áirítear ECAT, chun na gníomhaíochtaí sin a chur i ngníomh agus cuspóir soiléir acu: réitigh nithiúla a thabhairt ar dhúshláin slándála dhea-shainithe.
Féach freisin Páipéar Bán 2024 ón gCoimisiún ‘Conas is féidir máistreacht a fháil ar riachtanais na hEorpa maidir le bonneagar digiteach?’
Moladh (AE) 2024/779 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2024 maidir le Bonneagair Cáblaí Fomhuirí Shlána agus Athléimneacha (IO L, 2024/779, 8.3.2024).
https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32022L2555
https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32022L2557
I gcomhréir leis na trí Dhearbhú Chomhpháirteacha maidir leis an gcomhar idir an tAontas agus ECAT agus leis na treoirphrionsabail a comhaontaíodh agus a chumhdaítear sna conclúidí ón gComhairle agus ón gComhairle Eorpach
Safer Together – Strengthening Europe’s Civilian and Military Preparedness and Readiness [Níos Sábháilte le Chéile – Ullmhacht Shibhialta agus Mhíleata na hEorpa a Neartú]. Tuarascáil ó Sauli Niinistö, iar-Uachtarán Phoblacht na Fionlainne, ina cháil mar Chomhairleoir Speisialta d’Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh.
in 11 earnáil lena n‑áirítear earnáil an fhuinnimh agus earnáil an bhonneagair dhigitigh
Mar a shainítear in Aithris 20 den Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil
Foireann Freagartha do Theagmhais Chibearshlándála
Moladh (AE) 2024/779 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2024 maidir le Bonneagair Cáblaí Fomhuirí Shlána agus Athléimneacha (IO L, 2024/779, 8.3.2024).
ina bhfuil an Coimisiún, na Ballstáit agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA)
Tuarascáil ar chibearshlándáil agus athléimneacht bhonneagair agus líonraí cumarsáide an Aontais | Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú
Moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le cur chuige comhordaithe ón Aontas chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a neartú (2023/C 20/01) (IO C 20, 20.1.2023, lch. 1).
Rialachán (AE) 2019/941 maidir le Riosca-Ullmhacht, IO L 158, 14.6.2019, lch. 1; tá an rialachán seo á athbhreithniú faoi láthair.
Conclúidí ón gComhairle maidir le Straitéis Athbhreithnithe Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh (SSMAE) agus an Plean Gníomhaíochta a ghabhann léi, st14280-en23.pdf
Laistigh de Chóras an Aontais um Malartú Faisnéise Muirí, arna rialú i dTreoir VTMIS 2002/59/CE maidir le Córas Faireacháin agus Faisnéise um Thrácht Árthach. Tá Seirbhísí Muirí Comhtháite ann ar fud an Aontais agus soláthraítear leis faisnéis agus cumarsáid trasteorann agus tras-earnála.
cúltaca straitéiseach chumais agus stoc-chairn na hEorpa maidir le freagairt ar thubaistí, arna chistiú go hiomlán ag an Aontas faoi Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.
Amhail: teicneolaíochtaí braite faoi uisce (tionscadail SMAUG agus UNDERSEC); réitigh chun iompraíocht neamhghnách soithí a bhrath go huathoibríoch, go háirithe i gcás AIS atá casta as nó faoi bhréagriocht (MARISA, AI-ARC, PROMENADE, EFFECTOR agus COMPASS2020); comharthaí luathrabhaidh agus feasacht fíor-ama (VIGIMARE).
Moladh ón gComhairle an 25 Meitheamh 2024 maidir le treoirphlean chun comhordú a dhéanamh ar fhreagairt ar leibhéal an Aontais ar shuaitheadh sa bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht trasteorann shuntasach ag baint leis (C/2024/4371) (IO C, C/2024/4371, 5.7.2024)
Deimhníodh é sin i nGrúpa Saineolaithe an Mholta maidir le Bonneagair Cáblaí Fomhuirí Shlána agus Athléimneacha.
Faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, d’fhéadfaí é sin a chistiú mar bheart tionlacain faoi théarmaí Airteagal 9.1 de Rialachán SCE
go háirithe UNCLOS, agus Rún A.1192(33) ón Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta an 6 Nollaig 2023
D’fhéadfaí a áireamh leis sin Bord Comhairleach Idirnáisiúnta ITU um Athléimneacht Cáblaí Fomhuirí.