AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,XXX
COM(2025) 1025/2
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
An Plean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne
{SWD(2025) 1053}
Réamhrá
‘Tá níos mó i gceist le háit chónaithe ná ceithre bhalla agus díon. Tá sábháilteacht agus compord i gceist leis, áit le haghaidh an teaghlaigh agus le haghaidh cairde. An áit lena mbainimid. Ach is cúis imní a n‑áit chónaithe ag i bhfad an iomarca Eorpach san lá atá inniu ann. D’fhéadfadh fiachas nó éiginnteacht a bheith ag baint léi.’ – Aitheasc an Uachtaráin von der Leyen ar Staid an Aontais 2025
Ár dteach, ár n‑áit chónaithe, is bloic thógála ár bpobal, bunchloch ár sochaí agus ár ndaonlathais iad. Ní hamháin gur tráchtearra í an tithíocht, ach is ceart bunúsach í agus is bunchloch de dhínit an duine í. Ach ar fud na hEorpa, tá éagóir le brath i measc an phobail mar gheall ar neamh-inacmhainneacht agus neamh-infhaighteacht tithíochta.
Tá níos mó ná géarchéim thithíochta i gceist leis an méid atá roimh an Eoraip. Is géarchéim shóisialta é. Lagaíonn sé ár gcomhtháthú, agus cuireann sé ár n‑iomaíochas i mbaol, trí theorainn a chur leis an tsoghluaisteacht saothair agus oideachais, rud a chuireann leis an nganntanas lucht saothair i moil fáis. Ní mór don Eoraip gníomhú go cinntitheach chun tithíocht a dhéanamh níos inacmhainne do mhuintir uile na hEorpa. An tráth céanna, ba cheart iarrachtaí chun feabhas a chur ar inacmhainneacht a bheith fite fuaite leis an inbhuanaitheacht agus leis an gcáilíocht. Le tithe fuinneamhéifeachtúla athléimneacha a thógtar leis an lorg carbóin is ísle is féidir, laghdaítear costais chothabhála agus fóntais agus luach fadtéarmach á fheabhsú ag an am céanna, cé go bhfuil cáilíocht leordhóthanach fíor-riachtanach chun dálaí maireachtála sláintiúla, sábháilte agus díniteacha a sholáthar. Trí na cuspóirí sin a chomhtháthú, áiritheofar go mbeidh tairbhí marthanacha sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil ag baint le beartais tithíochta na hEorpa.
Inniu tá plean á mholadh ag an gCoimisiún chun an fhís sin a bhaint amach. Sa chéad Phlean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne riamh, cuirtear i láthair sraith gníomhaíochtaí nithiúla chun cabhrú le dul i ngleic le cúiseanna struchtúracha na géarchéime sin agus chun torthaí a bhaint amach do mhuintir na hEorpa. Is é is aidhm dó an soláthar tithíochta a mhéadú, infheistíocht agus athchóirithe a spreagadh, agus tacú leis na daoine agus leis na limistéir is mó atá buailte. Múnlaíonn sé freisin bealach nua inar féidir le hinstitiúidí an Aontais, rialtais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, institiúidí airgeadais agus páirtithe leasmhara oibriú le chéile chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim thithíochta.
Thar aon ní eile, is inniúlacht de chuid na mBallstát, na réigiún agus na gcathracha í an tithíocht. Beidh ról iomlán ag an Aontas, ach ní féidir linn a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach Eorpach ar na tithe atá tuillte acu seachas trí ghníomhaíocht chomhpháirteach ar gach leibhéal.
1.Géarchéim thithíochta na hEorpa: dúshlán práinneach comhroinnte
Idir 2013 agus 2024, tháinig méadú níos mó ná 60 % ar phraghsanna tithe i dtéarmaí ainmniúla ar fud an Aontais, ag fás níos tapúla ná ioncam teaghlaigh, agus tháinig méadú thart ar 20 % ar mheánchíosanna, agus tháinig méadú i bhfad níos mó ar chíosanna nua. Tháinig laghdú suntasach ar infheistíochtaí sa soláthar tithíochta le 10 mbliana anuas. Níor choinnigh an soláthar suas leis an éileamh atá ag teacht chun cinn mar gheall ar chostais arda tógála, easnaimh nuálaíochta, ganntanais lucht saothair oilte agus rómhaorlathas iomarcach. Tá laghdú 22 % tagtha ar cheadanna tógála cónaithe ó bhí 2021 ann agus ní bhaintear leas iomlán as an stoc tithíochta atá ann cheana, agus thart ar 20 % de theaghaisí neamháitithe.
Measann an Coimisiún go mbeidh níos mó ná dhá mhilliún teach in aghaidh na bliana ag teastáil ón Aontas chun freastal ar an éileamh atá ann faoi láthair. Ciallaíonn sé sin go gcuirfear thart ar 650,000 teach in aghaidh na bliana leis an 1,6 milliún teach a thógtar faoi láthair. Chosnódh seachadadh na n‑aonad tithíochta breise sin thart ar EUR 150 bhilliún in aghaidh na bliana.
Tá an ghéarchéim thithíochta ag dul i bhfeidhm níos mó agus níos mó ar sciar níos leithne den tsochaí, ós rud é go bhfuil deacrachtaí ag líon méadaitheach teaghlach meánioncaim rochtain a fháil ar thithíocht inacmhainne. Níl sé d’acmhainn ag oibrithe riachtanacha – lena n‑áirítear múinteoirí, altraí, comhraiceoirí dóiteáin nó póilíní — maireachtáil sna pobail a bhfreastalaíonn siad orthu. Cuirtear iallach ar go leor daoine óga éirí as a gcuid staidéir, deiseanna fostaíochta a dhiúltú, moill a chur ar chlann a thosú nó cur le clann nó cónaí i gcóiríocht phlódaithe agus faoi bhun an chaighdeáin. Is iad na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste inár sochaí is mó atá ag streachailt, i bhfianaise cíosanna atá ag dul i méid agus rochtain theoranta ar thithíocht shóisialta, rud a fhágann go bhfuil baol méadaitheach ann go mbeidh easpa dídine ann. Agus méadú ag teacht i gcónaí ar chostais mhaireachtála, tá níos mó agus níos mó Eorpach ag tabhairt íobairtí chun greim a choinneáil faoin bhfiacail.
Braitheann limistéir áirithe go bhfuil an ghéarchéim thar a bheith géar. Is iad cathracha agus cinn scríbe turasóireachta na hEorpa is mó a bhfuil brú orthu. Ag an am céanna, tá laghdú ag teacht ar phraghsanna agus ar dhifríochtaí sna ceantair dhídhaonraithe agus thuaithe, lena n‑áirítear roinnt de na réigiúin is forimeallaí den Aontas, maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí bunriachtanacha — lena n‑áirítear seirbhísí sóisialta — agus ar bhonneagar.
In éineacht leis an bplean sin, cuireann an Coimisiún anailís i láthair ar phríomhspreagthaí na géarchéime tithíochta, atá mar bhonn taca leis an treoshuíomh beartais agus leis na gníomhaíochtaí a chuirtear i láthair.
2.Freagairt na hEorpa: Plean le haghaidh tithíocht inacmhainne, inbhuanaithe agus ardcháilíochta
Mar gheall ar dhúshlán tithíochta comhroinnte na hEorpa, tá gá le freagairt chomhroinnte. Is féidir leis an Aontas Eorpach, agus ní mór dó, ról níos láidre a imirt maidir le tacú le hiarrachtaí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus iad a chomhordú agus a mhéadú — ní trí ionadú a dhéanamh orthu, ach trí uaillmhian choiteann agus acmhainní coiteanna a chur ar fáil. Ní mór do réitigh Eorpacha éagsúlacht na riachtanas tithíochta, na margaí agus na gcóras rialachais ar fud na mór-roinne a léiriú agus ár gcuspóirí coiteanna á gcur chun cinn ag an am céanna.
Tá na gníomhaíochtaí a chuirtear i láthair sa Phlean seo bunaithe ar chomhairliúcháin leathana, lena n‑áirítear comhairliúchán poiblí a fuair níos mó ná 13,300 freagra. Is freagairt é an Plean ar an iarraidh ón gComhairle Eorpach i mí Dheireadh Fómhair 2025 plean uaillmhianach cuimsitheach a chur i láthair le haghaidh tithíocht inacmhainne. Cuireann sé le hobair Pharlaimint na hEorpa trína Coiste Speisialta um an nGéarchéim Thithíochta san Aontas agus tríd an gComhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí. Tá ionchur bailithe ag an gCoimisiún freisin ó Choiste Eorpach na Réigiún, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ó ionadaithe cathracha agus réigiún ar fud an Aontais agus ó raon leathan páirtithe leasmhara. Tarraingíonn an plean freisin ar mholtaí neamhspleácha an Bhoird Chomhairligh Tithíochta.
Tá an Plean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne bunaithe ar cheithre cholún ina bhfuil gá le gníomhaíocht:
I.Borradh a chur faoin soláthar
II.Infheistíocht a shlógadh
III.Tacaíocht láithreach a chumasú agus athchóirithe á gcur chun cinn san am céanna
IV.Tacaíocht a thabhairt dóibh siúd is mó atá thíos leis
Laistigh de na ceithre cholún sin, leagtar amach sa Phlean seo deich bpríomhréimse gníomhaíochta inar féidir leis an Aontas breisluach a chur le hiarrachtaí údarás poiblí agus páirtithe leasmhara eile agus tacú leo, lena n‑áirítear tionscnamh reachtach nua maidir le cíosanna gearrthéarmacha mar chuid d’Acht um Thithíocht Inacmhainne, pacáiste simpliúcháin agus infheistíochtaí nua a shlógadh faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) seo agus faoin gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile. Moltar ann freisin réimsí ina bhféadfadh agus inar cheart do na Ballstáit gníomhú mar thosaíocht. Tacóidh Comhghuaillíocht Eorpach nua um Thithíocht leis na gníomhaíochtaí sin trí chomhar agus comhroinnt dea-chleachtais idir na Ballstáit, cathracha, réigiúin, institiúidí eile de chuid an Aontais agus páirtithe leasmhara.
Cuirtear an Plean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne i láthair in éineacht le hathbhreithniú ar rialacha Státchabhrach maidir le Seirbhísí lena ngabhann Leas Eacnamaíoch Ginearálta chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do thithíocht inacmhainne, Straitéis Eorpach um Thógáil Tithíochta, agus Teachtaireacht agus togra le haghaidh moladh ón gComhairle maidir leis an Bauhaus Eorpach Nua. Comhlánófar é in 2026 le Pacáiste Fuinnimh na Saoránach arb é is aidhm dó billí fuinnimh a laghdú a thuilleadh, aistriú cóir a chur ar fáil, deireadh a chur leis an mbochtaineacht fuinnimh agus daoine agus pobail a chumhachtú.
Colún I. Borradh a chur faoin soláthar
Chun aghaidh a thabhairt ar an neamhréir idir soláthar agus éileamh tithíochta, tá gá le méadú suntasach ar thithe nua, go háirithe i limistéir ardéilimh. Tá tábhacht ar leith ag baint le tithíocht shóisialta agus inacmhainne a leathnú chun tacú le teaghlaigh ar ioncam íseal agus ar mheánioncam.
Cuirtear bac ar sholáthar tithíochta mar gheall ar tháirgiúlacht íseal, scála agus acmhainneacht neamhleor, agus costais arda sa tionscal tógála agus athchóirithe, chomh maith le heaspa lucht saothair oilte. Bíonn moilleanna agus costais bhreise mar thoradh ar go leor rialacha casta, ar gach leibhéal rialachais. Agus í spreagtha ag Bauhaus Eorpach Nua, ní mór don Eoraip claochlú tithíochta a stiúradh lena n‑aontaítear inacmhainneacht le hinbhuanaitheacht agus cáilíocht chun spásanna maireachtála cuimsitheacha a sheasfaidh an aimsir a chruthú. Tacóidh infheistíocht sa digitiú ag gach céim den phleanáil, dearadh, ceadú agus oibriú tithíochta a thuilleadh leis an soláthar tithíochta.
Ba cheart tús áite a thabhairt d’úsáid éifeachtúil an stoic foirgneamh atá ann cheana a uasmhéadú — scartáil agus dramhaíl nach bhfuil gá leo a sheachaint — in éineacht le tógáil nua. Áirítear leis sin foirgnimh neamhéifeachtúla a athchóiriú agus athrú cuspóra a dhéanamh orthu agus maoin fholamh a chur in úsáid arís, chomh maith le cíosanna gearrthéarmacha a rialáil i gcás ina mbíonn siad in iomaíocht le húsáid tithíochta fadtéarmaí. Trí fheabhas a chur ar naisc iompair, ar nascacht leathanbhanda, agus ar sholáthar seirbhísí riachtanacha, is féidir tithíocht tearcúsáidte i gceantair thuaithe a dhéanamh níos inmharthana agus níos tarraingtí, rud a chuideoidh leis an mbrú ar mhargaí uirbeacha a mhaolú agus a thacóidh le forbairt chothrom inbhuanaithe ar fud an Aontais.
Gníomhaíocht 1. Táirgiúlacht, acmhainneacht agus nuálaíocht an tionscail tógála a neartú
Is é is aidhm do Thionscadal Straitéiseach na Spáinne um Théarnamh agus Claochlú Eacnamaíoch maidir le tógáil thionsclaithe 15,000 aonad tithíochta inacmhainne, ardcháilíochta agus fuinneamhéifeachtúil a sholáthar in aghaidh na bliana, agus meastar go slógfar EUR 1,3 billiún d’infheistíocht phríobháideach le haghaidh gach euro poiblí thar thréimhse 10 mbliana.
Le 10 mbliana anuas, tá méadú níos tapúla tagtha ar chostais tógála agus athchóirithe ná mar atá ag boilsciú, agus tá táirgiúlacht an tionscail marbhánta. Tá an fhoirgníocht ríthábhachtach d’iomaíochas na hEorpa agus ní mór di a hacmhainneacht agus a scála a mhéadú chun freastal ar an éileamh ar thithíocht. Dá ndéanfaí tuilleadh infheistíochta sa nuálaíocht agus sa teicneolaíocht, dá n‑aistreofaí chuig geilleagar níos ciorclaí, chuig ábhair nuálacha agus chuig úsáid modhanna tógála nua-aimseartha arna gcumasú le caighdeáin chomhchuibhithe nua, shábhálfaí am agus costais agus chuirfí feabhas ar athléimneacht an tslabhra soláthair.
Tá ganntanais saothair agus scileanna in earnáil na tógála trí huaire níos airde anois ná mar a bhí 10 mbliana ó shin. Táthar ag súil go mbeidh níos mó ná 4 mhilliún folúntas ann faoi 2035. Dá bhrí sin, ní mór gairmeacha san fhoirgníocht a dhéanamh níos tarraingtí do dhaoine tréitheacha nua, lena n‑áirítear mná. Cé go n‑oibríonn 11 % d’oibrithe taistil an Aontais agus 34 % d’oibrithe féinfhostaithe soghluaiste san fhoirgníocht, ní sholáthraítear ach 1 % de sheirbhísí foirgníochta ar bhonn trasteorann laistigh den Aontas. Leis an bPacáiste um Shoghluaisteacht Chothrom an Lucht Saothair in 2026, cuirfear feabhas ar fhorfheidhmiú rialacha an Aontais maidir le hoibrithe taistil.
Tá margadh sláintiúil, dea-fheidhmiúil agus iomaíoch don fhoirgníocht agus don athchóiriú ríthábhachtach freisin chun praghsanna a choinneáil íseal. Beidh an Coimisiún ar an airdeall maidir le haon fhianaise ar ghníomhaíochtaí frithiomaíocha a d’fhéadfadh a bheith ina n‑údar le gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais.
|
Sprioc
|
Tionscal níos láidre chun borradh a chur faoi thógáil agus athchóiriú tithíochta
|
|
Conas
|
Chun tacú leis an tionscal tógála dlús a chur leis an dúshlán a bhaineann le tithíocht inacmhainne a sholáthar, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
·i ndlúthchomhar leis an tionscal, nuálaíocht a chur chun cinn in ábhair agus modhanna tógála agus athchóirithe, agus tacú le haistriú chuig níos mó ciorclaíochta agus próiseas digiteach, trí Straitéis Eorpach nua um Thógáil Tithíochta arna cur i láthair in éineacht leis an bplean seo;
·a áirithiú gur féidir le cuideachtaí agus gairmithe seirbhísí tógála a sholáthar thar theorainneacha, gan caighdeáin saothair agus shóisialta a ísliú, trí Ghníomh um Sheirbhísí Tógála (R4 2026);
·aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna san earnáil tógála, trí chláir oiliúna agus phrintíseachta mhórscála a chur i bhfeidhm i ngairmeacha a bhaineann leis an tógáil tríd an gComhshocrú um Scileanna, Acadamh Bauhaus Eorpach Nua agus Erasmus+, agus nuálaíocht sa tógáil a chur chun cinn i gcuraclaim, bunaithe ar an tionscnamh Build Up Skills;
·faireachán a dhéanamh ar aon chleachtais fhrithiomaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann san earnáil tógála, agus, i gcás inar gá, gníomhaíocht a dhéanamh, i ndlúthchomhar laistigh den Ghréasán Eorpach Iomaíochta maidir le cásanna arna saothrú ag a chomhaltaí.
Moltar do na Ballstáit leas a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil le dlí an Aontais trí thacú le hinfheistíochtaí lenar féidir an tógáil a dhéanamh níos inacmhainne – lena n‑áirítear glacadh modhanna nua-aimseartha tógála agus athchóirithe chomh maith le hábhair nuálacha, réitigh inrochtaineachta, agus printíseachtaí mórscála, iarrachtaí uas-scilithe agus athscilithe – chomh maith le bheith níos inbhuanaithe – trí infheistíochtaí i monaraíocht Eorpach ísealcharbóin agus bhithbhunaithe, nó trí chritéir ábhartha a chomhtháthú sa soláthar poiblí agus i scéimeanna tacaíochta.
|
Gníomhaíocht 2. An rómhaorlathas a laghdú chun dlús a chur leis an soláthar tithíochta
Tá an soláthar tithíochta faoi réir go leor rialacha dochta atá leagtha síos ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, agus arb é is aidhm dóibh ár sábháilteacht agus ár gcáilíocht saoil a chaomhnú, cuspóirí sóisialta agus eacnamaíocha a chur chun cinn, agus ár gcomhshaol agus ár n‑oidhreacht chultúrtha a chosaint. Is iomaí cineál rialacha atá ann, lena n‑áirítear cóid tógála, beartais úsáide talún agus criosaithe, soláthar agus cánacha áitiúla. Ach is rómhinic a bhíonn castacht riaracháin mar thoradh orthu, rud a fhágann go mbíonn costais agus moilleanna neamhriachtanacha ann, rud a chuireann srian ar sholáthar tithíochta sna háiteanna is mó a bhfuil gá leis.
Tá beart á dhéanamh ag an gCoimisiún cheana féin chun creat reachtach an Aontais a shimpliú ar bhealaí a rachaidh chun tairbhe don soláthar tithíochta, agus leanfaidh sé de sin a dhéanamh, lena n‑áirítear trí thithíocht a chomhtháthú i ngníomhaíochtaí simpliúcháin ábhartha eile i gcás inarb iomchuí. I mí Iúil 2025, ghlac an Coimisiún leasuithe ar an gcreat airgeadais inbhuanaithe chun tuairisciú a shimpliú d’earnáil na tógála agus chun an t‑ualach riaracháin a laghdú, lena n‑áirítear don iliomad micrifhiontar agus fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) atá gníomhach san fhoirgníocht agus san athchóiriú. An 10 Nollaig 2025, thíolaic an Coimisiún Eorpach Rialachán chun dlús a chur le measúnuithe comhshaoil, chun dlús a chur le próisis cheadaithe agus iad a chuíchóiriú le haghaidh earnálacha straitéiseacha lena n‑áirítear tithíocht inacmhainne agus shóisialta. Tá deis bhreise ann rialacha an Aontais a shimpliú, agus úsáid níos fearr a bhaint as na solúbthachtaí atá ann cheana, chun cuidiú le borradh a chur faoin soláthar tithíochta.
Le tairseach ionaid ilfhreastail chun na rialacha is infheidhme a sheiceáil agus trí aistriú ó chur chuige ‘tá cead ag teastáil uait, ach amháin’ nach bhfuil cead ag teastáil uait, mura rud é’, tá an t‑am ceadaithe laghdaithe ag tionscnamh Omgevingswet na hÍsiltíre ó 26 seachtaine go 8 seachtaine.
Is sraith 65 bheart é ‘Caighdeán Hamburg’ na Gearmáine atá ceaptha an costas a bhaineann le tógáil tithíochta fóirdheonaithe a laghdú go EUR 3,000 in aghaidh an m².
Tá córas ceadanna tógála lándigitithe ag an Eastóin a úsáideann gach ceann de na 79 mbardas agus próiseas os cionn 42,000 nós imeachta in aghaidh na bliana. Déanann na húdaráis uile meastóireacht ar an tionscadal céanna ag an am céanna ar líne. Sábhálann sé sin méid suntasach ama agus airgid.
An tráth céanna, is iad na Ballstáit a leagann síos formhór na rialacha a mbíonn tionchar acu ar an soláthar tithíochta, lena n‑áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, rud a fhágann go minic go mbíonn rialacha casta neas-suite ann ar fud an Aontais agus laistigh de roinnt Ballstát. I measc na samplaí tá teorainneacha ar airde nó ar thoirt foirgneamh, trí íosmhéideanna ceapaí nó líon íosta spásanna páirceála a fhorchur, ar nithe iad uile a chuireann srian ar dhlús tithíochta, a ardaíonn costais agus a bhfuil níos mó talún ag teastáil ina leith. Is minic a choinnítear faisnéis tionscadail i gcórais ar leithligh, ní córais dhigiteacha iad go léir, lena gceanglaítear ar dhaoine doiciméid a athbhreithniú de láimh.
Dá bhrí sin, chun rialacha agus nósanna imeachta a shimpliú lena gcuirtear srian ar sholáthar tithíochta, tá gá le hiarracht chomhpháirteach ó údaráis an Aontais, ó údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, agus spriocanna beartais níos leithne á n‑urramú ag an am céanna, lena n‑áirítear dár n‑aeráid agus dár gcomhshaol.
|
Sprioc
|
Nósanna imeachta riaracháin níos tapúla agus níos simplí maidir le soláthar tithíochta
|
|
Conas
|
Rannchuideoidh an Coimisiún leis an rómhaorlathas a laghdú chun soláthar tithíochta inacmhainne agus inbhuanaithe a éascú sna háiteanna is mó a bhfuil gá léi trí phacáiste um shimpliú na tithíochta (2027) a chur i láthair, lena n‑áirítear:
·mapáil chuimsitheach ar reachtaíocht agus tionscnaimh ábhartha an Aontais agus a dtionchar comhcheangailte ar sholáthar agus inacmhainneacht tithíochta lena sainaithnítear aon deis chun ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a laghdú, go háirithe do FBManna, dlús a chur le próisis cheadaithe agus athchóirithe, agus éifeachtúlacht costais a fheabhsú, agus spriocanna beartais níos leithne á n‑urramú ag an am céanna;
·tacaíocht do na Ballstáit chun rialacha an Aontais a chur chun feidhme go héifeachtach, lena n‑áirítear deiseanna simpliúcháin a tugadh isteach faoin togra le haghaidh Rialachán maidir le dlús a chur le measúnuithe comhshaoil agus dea-chleachtais a chomhroinnt maidir le simpliú ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil laistigh den Chomhghuaillíocht Eorpach um Thithíocht agus béim ar leith á leagan ar an digitiú mar chumasóir.
Moltar do na Ballstáit rialacha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla maidir le pleanáil, criosú agus ceadú agus cóid tógála a shimpliú chomh maith le hacmhainneacht riaracháin a mhéadú, lena n‑áirítear don digitiú. Iarrtar orthu freisin úsáid a bhaint as na solúbthachtaí a chuirtear ar fáil leis na Treoracha maidir le Soláthar Poiblí chun soláthar tithíochta costéifeachtach agus éifeachtúil a chur chun cinn, go háirithe trí nósanna imeachta brostaithe agus trí sholáthar comhpháirteach.
|
Gníomhaíocht 3. Inacmhainneacht, inbhuanaitheacht agus cáilíocht i dtithíocht a chomhcheangal
Níor cheart an inbhuanaitheacht ná an cháilíocht a bheith thíos le hinacmhainneacht tithíochta, lena n‑áirítear athléimneacht, a mhéadú. Is ionann costais fuinnimh agus sciar mór de chostais mhaireachtála fhoriomlána teaghlach. Sa Phlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne, mhol an Coimisiún do na Ballstáit cánacha agus tobhaigh a ísliú chun leictriú a dhreasú agus praghsanna a laghdú. Cuirfidh téarmaí conarthacha níos simplí agus níos mó trédhearcachta do thomhaltóirí feabhas ar iomaíocht agus ar phraghsanna níos ísle. Ina theannta sin, tá acmhainneacht ollmhór ag earnáil na tógála a hastaíochtaí gás ceaptha teasa, a húsáid dramhaíola agus uisce a laghdú trí aistriú chuig ábhair níos nuálaí, níos dícharbónaithe agus níos bithbhunaithe.
Is ionann gach euro a chaitear ar éifeachtúlacht fuinnimh i dtithíocht agus dhá euro déag i gcoigilteas fuinnimh thar shaolré na hinfheistíochta. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach athchóirithe a chur chun cinn chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh cónaithe a mhéadú chun costais a laghdú. Mar sin féin, tá rochtain ar mhaoiniú agus ar fhaisnéis iontaofa de dhíth ar dhaoine chun beart a dhéanamh. Ba cheart saoránaigh a chumhachtú freisin chun a bhfuinneamh in-athnuaite féin a tháirgeadh, ionas gur féidir leo coigilteas a dhéanamh ar a mbillí fuinnimh agus táirbhí a ghiniúint, ar tairbhí iad is féidir a roinnt lena gcomharsana i bpobal fuinnimh.
Baineann inbhuanaitheacht tithíochta freisin le hábhair, uisce, soghluaisteacht áitiúil, neamhchosaint ar thruailliú aeir agus ar thorann, agus oiriúnú d’aeráid atá ag athrú. Trí athléimneacht uisce, bainistiú inbhuanaithe uisce agus bainistiú fónta riosca tuilte a chomhtháthú i bhforbairtí tithíochta, mar a leagtar amach i Straitéis an Aontais maidir le hathléimneacht i réimse an uisce, beifear in ann inbhuanaitheacht agus inacmhainneacht fhadtéarmach a bhaint amach.
Ba cheart tithíocht shóisialta agus inacmhainne a bheith ar an gcáilíocht atá tuillte ag muintir na hEorpa, agus aird ar leith á tabhairt ar an gcuimsitheacht, ar an gcothroime, ar an tsláinte, ar an tsábháilteacht, ar an inrochtaineacht, agus ar an inoiriúnaitheacht do na glúnta uile. Ó bunaíodh é in 2020, tá luachanna na hinbhuanaitheachta, na cáilíochta agus na cuimsitheachta curtha chun cinn ag Bauhaus Eorpach Nua chun feabhas a chur ar shaol laethúil daoine agus chun a gcomharsanachtaí a mhúnlú. Tacaíonn sé le tithíocht inacmhainne, inbhuanaithe agus ardcháilíochta trí chistiú a mhéadú agus réitigh nua a fhorbairt agus a mhacasamhlú le haghaidh comharsanachtaí níos cuimsithí, níos cothroime agus níos inrochtana. Chomh maith leis sin, cuireann tionscnaimh eile amhail Misean an Aontais um Chathracha Aeráidneodracha Cliste agus Misean an Aontais um Oiriúnú don Athrú Aeráide úsáid réiteach nuálach coigilte costais chun cinn ar mhaithe le hinacmhainneacht, inbhuanaitheacht, athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus cáilíocht sa timpeallacht thógtha.
|
Sprioc
|
Costais mhaireachtála a laghdú do mhuintir na hEorpa agus ardchaighdeáin a choinneáil san am céanna
|
|
Conas
|
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
·billí fuinnimh a laghdú do theaghlaigh trí dhlús a chur leis an athchóiriú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
oComhpháirtíochtaí nua le haghaidh Tithe Níos Fearr chun bacainní praiticiúla a shárú ar an leibhéal áitiúil maidir le maoiniú a sholáthar agus scála a bhaint amach (2026);
otreoraíocht maidir le seirbhísí ilfhreastail chun tithíocht a athchóiriú mar chuid de Phacáiste Tacaíochta chun Éifeachtúlacht Fuinnimh a Mhaoiniú;
otacaíocht do na Ballstáit chun Pleananna Náisiúnta cuimsitheacha Athchóirithe Foirgneamh (2026) a fhorbairt;
·cuidiú le pobail agus le teaghlaigh airgead a shábháil agus tairbhí breise a fháil ó fhuinneamh in-athnuaite trí thacú le pobail fuinnimh a fhorbairt le huirlisí praiticiúla chun dul i ngleic leis na bacainní riaracháin, teicniúla agus airgeadais atá ann cheana i bPlean Gníomhaíochta na gComhphobal Fuinnimh (2026);
·athghiniúint comharsanachtaí a chur chun cinn agus feabhas a chur ar rochtain ar chistiú maidir le réitigh faoi stiúir an phobail le haghaidh tithíocht inacmhainne tríd an Bauhaus Eorpach Nua.
Moltar do na Ballstáit tosaíocht a thabhairt d’athchóiriú agus d’athrú cuspóra foirgneamh atá ann cheana agus scartáil neamhriachtanach á seachaint ag an am céanna mar bhealach chun comharsanachtaí a athbheochan.
|
Colún II. Infheistíocht a shlógadh
Tá laghdú tagtha ar an infheistíocht fhoriomlán sa soláthar tithíochta, lena n‑áirítear cistiú poiblí agus príobháideach araon, i roinnt mhaith Ballstát agus tá sí fós faoi bhun na leibhéal is gá chun borradh a chur faoin soláthar tithíochta. Is féidir é sin a rianú siar go dtí infheistíocht laghdaithe ó roinnt príomhfhoinsí amhail teaghlaigh, bainc agus buiséid phoiblí. Tá roinnt tosca i gceist: níos lú cistiú poiblí a bheith ar fáil tar éis na géarchéime airgeadais móire, costais talún agus tógála a bheith ag ardú, coinníollacha iasachtaithe níos déine. Chun an infheistíocht is gá a ghiniúint chun an bhearna tithíochta a dhúnadh sna 10 mbliana amach romhainn, beidh sé ríthábhachtach tuilleadh infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a shlógadh.
Tá an tAontas ag tacú leis an gcuspóir sin trí infheistíocht EUR 43 bhilliún ar a laghad a bhaineann le tithíocht a shlógadh cheana féin faoin CAI reatha trí Chistí an Bheartais Chomhtháthaithe, InvestEU, LIFE, Clár an Mhargaidh Aonair agus Fís Eorpach agus trí NextGenerationEU chomh maith. Ag féachaint chun cinn, maoineoidh an Ciste Aeráide Sóisialta infheistíochtaí le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh agus athchóiriú foirgneamh agus téamh agus fuarú glan.
Mar thoradh ar an athbhreithniú meántéarma ar an mBeartas Comhtháthaithe, leathnóidh an Chróit a stoc tithíochta le haghaidh cíosanna inacmhainne i limistéir uirbeacha. Déanfar cistiú EUR 15 mhilliún ón Aontas a ghiaráil trí iasachtaí comhroinnte riosca arna mbainistiú ag an mbanc náisiúnta le haghaidh spreagadh Banc Athfhoirgníochta agus Forbartha na Cróite (HBOR). Féadfar cuid de na hiasachtaí a dhíscríobh ar chomhlíonadh na gcritéar atá nasctha le prionsabail Bauhaus Eorpach Nua.
Ach is féidir tuilleadh a dhéanamh agus tá tuilleadh á dhéanamh. Leis an athbhreithniú meántéarma ar an Rialachán maidir leis an mBeartas Comhtháthaithe
, cuirtear ar chumas na mBallstát agus na réigiún cistiú a leithdháileadh anois le haghaidh tithíocht inacmhainne sa bhreis ar an EUR 10.4 billiún atá beartaithe cheana féin le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh agus tithíocht shóisialta, agus solúbthacht agus dreasachtaí airgeadais á gcur ar fáil dóibh an tráth céanna agus cistí á n‑athchlárú i dtreo tithíochta. Beidh na solúbthachtaí rialála sin agus an fhéidearthacht go mbeadh ráta cómhaoinithe níos airde ag an Aontas le haghaidh infheistíochtaí tithíochta i bhfeidhm go dtí 2029-2030, rud a éascóidh ath-chlársceidealú breise sna blianta amach romhainn. Ar deireadh, cuideoidh samhail nua ionstraime airgeadais le cistiú an bheartais chomhtháthaithe a ghiaráil le hacmhainní eile.
Cuirfear deiseanna nua cistiúcháin ar fáil sa chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais le haghaidh 2028-2034. Go háirithe, áirítear sna Pleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí a bheidh ann amach anseo tithíocht shóisialta agus inacmhainne mar cheann dá gcuspóirí sonracha, rud a chuirfidh ar chumas na mBallstát aghaidh a thabhairt ar a ndúshláin shonracha le hinfheistíochtaí agus athchóirithe a bhaineann le tithíocht
. Rannchuidíonn an tSaoráid AE freisin le tithíocht shóisialta agus inacmhainne agus is féidir le Erasmus+ tacaíocht tithíochta a chur ar fáil do mhic léinn chun rochtain ar shoghluaisteacht, ar obair dheonach agus ar fhoghlaim a éascú agus a mhéadú. Thairis sin, áirítear sa Chiste Eorpach um Iomaíochas bonneagair shóisialta i measc a chuspóirí ginearálta agus cumasaítear leis tacú le dícharbónú foirgneamh.
Is ciste imrothlach é Ciste Tógála Náisiúnta ‘Landsbyggefonden’ na Danmhairge a bunaíodh in 1967 chun tacú le tithíocht neamhbhrabúis. Is scéim féinmhaoinithe í a mhaoinítear go príomha trí mhuirear ar chíosanna tionóntaí ag eagraíochtaí tithíochta neamhbhrabúis, agus úsáidtear a hacmhainní chun tithíocht shóisialta a athchóiriú, a chothabháil agus a thógáil agus chun seirbhísí sóisialta a sholáthar.
Tá cistí imrothlacha comhchosúla ann i mBallstáit eile, lena n‑áirítear an Ostair, an tSlóivéin agus an Ísiltír, áit a n‑úsáidtear iad chun tacú le forbairt tithíochta sóisialta, le hathchóiriú agus le cothabháil fhadtéarmach, agus is minic a chomhcheanglaítear ranníocaíochtaí tionóntaí le maoiniú poiblí chun cobhsaíocht fhadtéarmach a áirithiú.
Chomh maith le tacaíocht fheabhsaithe ar leibhéal an Aontais, ní mór do na Ballstáit dlús a chur leis an infheistíocht freisin. Sin an fáth a bhfuil sé á dhéanamh níos éasca ag an gCoimisiún do na Ballstáit tacaíocht airgeadais a thabhairt do thithíocht inacmhainne trí athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha maidir le Státchabhair a leagtar amach thíos.
Chun infheistíochtaí sa soláthar tithíochta a shlógadh, tá sé ríthábhachtach comhghuaillíocht leathan de ghníomhaithe airgeadais a bheith ann. Tá an méid sin á chur chun cinn ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) trína Phlean Gníomhaíochta um Thithíocht Inacmhainne agus Inbhuanaithe. Tá ról ríthábhachtach ag bainc náisiúnta agus réigiúnacha le haghaidh spreagadh agus ag institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile, amhail an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha agus Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa, maidir le caipiteal poiblí agus príobháideach a shlógadh agus tacaíocht chomhairleach a sholáthar.
Trí shamhlacha maoinithe inscálaithe nuálacha a fhorbairt agus a threisiú, ag tógáil ar shamplaí rathúla amhail cistí imrothlacha, cuideofar a thuilleadh le sineirgí a fhorbairt idir caipiteal poiblí agus caipiteal príobháideach.
Gníomhaíocht 4. Infheistíocht bhreise phoiblí agus phríobháideach a shlógadh
Tá deiseanna infheistíochta i dtithíocht inacmhainne agus shóisialta fós ró-ilroinnte agus is minic nach mbíonn an infheictheacht is gá acu chun infheisteoirí agus tionscnóirí tionscadail a mhealladh. Tá infheistíocht phríobháideach ríthábhachtach, agus ní mór gach sásra, lena n‑áirítear Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí a chur i bhfeidhm. Ní mór acmhainneacht iomlán éiceachóras infheistíochta tithíochta na hEorpa a scaoileadh. Chun aghaidh a thabhairt air sin, tá an Coimisiún, i ndlúthchomhar le Grúpa BEI, bainc náisiúnta agus réigiúnacha le haghaidh spreagadh agus institiúidí airgeadais idirnáisiúnta, amhail Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa, an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, agus príomh-chomhpháirtithe eile, ag forbairt Ardán Infheistíochta Uile-Eorpach nua um thithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe.
Sa chomhthéacs sin, is díol mór sásaimh don Choimisiún go mbeidh sé d’aidhm ag bainc náisiúnta agus réigiúnacha le haghaidh spreagadh EUR 375 bhilliún d’acmhainní a infheistiú i dtithíocht shóisialta, inacmhainne agus inbhuanaithe faoi 2029, lena n‑áirítear tríd an gclár InvestEU, agus go bhfuil méadú suntasach déanta ag Grúpa BEI ar a mhaoiniú do thithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe agus go bhfuil sé d’aidhm aige é a mhéadú a thuilleadh sna blianta amach romhainn, tacaíocht a leathnú ar fud na mBallstát uile agus cistí an Aontais a ghiaráil chun tacaíocht chomhairleach a chur ar fáil do na Ballstáit, do na réigiúin agus do na cathracha. Is díol sásaimh don Choimisiún freisin an tacaíocht shuntasach atá á cur ar fáil cheana féin ag institiúidí airgeadais idirnáisiúnta amhail Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, agus leanfaidh siad den tacaíocht á cur ar fáil sna blianta amach romhainn.
Tacóidh an tArdán le comhar idir údaráis phoiblí agus infheisteoirí príobháideacha chun acmhainní a chomhthiomsú agus infheistíocht sa soláthar tithíochta a mhéadú ar fud an Aontais. Cuirfidh sé rochtain dhíreach ar fáil ar fhaisnéis faoi dheiseanna maoiniúcháin, faoi dhea-chleachtais, faoi chás-staidéir, agus faoi chineálacha cur chuige nuálacha ar fud na mBallstát. Cuideoidh sé le samhlacha maoiniúcháin inscálaithe agus nuálacha a fhorbairt agus cuirfidh sé comhiomlánú tionscadal chun cinn trí thairseach dhigiteach, trí ghrúpa saineolaithe agus trí mhoil maoiniúcháin náisiúnta dheonacha. Comhlánóidh an tArdán na huirlisí atá beartaithe mar chuid den chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile chun rochtain ar chistí an Aontais a dhéanamh níos éasca do thairbhithe, go háirithe an Tairseach Aonair. Oibreoidh sé i sineirge, agus nuair is ábhartha forbróidh sé gníomhaíochtaí comhpháirteacha, leis an gComhghuaillíocht Eorpach um Maoiniú na hÉifeachtúlachta Fuinnimh, a bunaíodh in 2024 chun maoiniú príobháideach san éifeachtúlacht fuinnimh a shlógadh.
Bacainn ar infheistíocht ar tharraing cleachtóirí margaidh aird uirthi is ea an easpa creat tagartha chun measúnú a dhéanamh ar thoradh sóisialta na n‑infheistíochtaí tithíochta, rud a fhágann go bhfuil éiginnteacht ann i meastóireachtaí tionscadail, costais arda díchill chuí agus ceanglais tuairiscithe dhíréireacha do sholáthraithe tithíochta. Trí fhéachaint ar threoraíocht dheonach ar leibhéal an Aontais atá bunaithe ar chleachtais mhargaidh, d’fhéadfaí comhar poiblí príobháideach a éascú agus infheistíochtaí a shlógadh gan oibleagáidí nua lipéadaithe ná nochta.
|
Sprioc
|
Infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a mhéadú le haghaidh tithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe
|
|
Conas
|
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
·feabhas a chur ar am rochtain ar dheiseanna maoiniúcháin, ar dhea-chleachtais, agus ar chineálacha cur chuige nuálacha maoiniúcháin chun infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a shlógadh trí Ardán Infheistíochta Uile-Eorpach nua um thithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe, lena n‑áirítear tairseach dhigiteach, grúpa saineolaithe agus moil náisiúnta (R3 2026);
·infheistíochtaí nua sa tithíocht a shlógadh faoin CAI seo lena n‑áirítear EUR 10 mbilliún breise in infheistíocht a mheastar a dhéanfar in 2026 agus 2027 trí InvestEU agus EUR 1.5 billiún ar a laghad i dtograí a fuarthas ó na Ballstáit agus ó na réigiúin go dtí seo chun cistí Comhtháthaithe a athchlárú faoin athbhreithniú meántéarma. Tiocfaidh tacaíocht bhreise ón gCiste Aeráide Sóisialta freisin;
·deiseanna nua a chur ar fáil chun infheistíochtaí tithíochta a mhéadú faoin gcéad CAI eile, go háirithe faoi Phleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí agus faoin tSaoráid AE, chomh maith leis an gCiste Eorpach um Iomaíochas agus a ionstraim nua InvestEU CEI, ag tógáil ar shamhail rathúil chlár InvestEU;
·cuidiú leis na Ballstáit samhlacha maoiniúcháin inscálaithe agus nuálacha a fhorbairt le haghaidh infheistíochtaí tithíochta, amhail fiachas/cothromas, cumasc, bannaí tithíochta, cistí imrothlacha, trí dhea-chleachtais agus cúnamh teicniúil a chomhroinnt, agus cistí an Aontais á n‑úsáid i gcás inarb iomchuí;
·féachaint an bhféadfaí creat infheistíochta deonach faoi stiúir an mhargaidh a fhorbairt le haghaidh tithíocht inacmhainne agus shóisialta chun cabhrú le hinfheisteoirí a n‑infheistíochtaí a mhéadú;
·treoraíocht a chur ar fáil do na Ballstáit chun cabhrú leo réitigh airgeadais agus dhlíthiúla a dhearadh chun tacú le tithíocht shóisialta agus inacmhainne, lena gcuirtear breithnithe fiachais phoiblí san áireamh freisin.
Moltar do na Ballstáit agus do na réigiúin dlús a chur le hinfheistíochtaí chun tacú le tithíocht shóisialta agus inacmhainne, lena n‑áirítear trí ionstraimí airgeadais agus cistiú cumaiscthe a ghlacadh faoin mbeartas comhtháthaithe atá ann faoi láthair agus trína bpleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnacha faoin gcéad CAI eile.
|
Gníomhaíocht 5. Tacaíocht phoiblí níos tapúla agus níos simplí a chumasú le haghaidh tithíocht shóisialta agus inacmhainne
Tá an Coimisiún ag freagairt do na hiarrataí ó údaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta agus ó pháirtithe leasmhara athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha maidir le Státchabhair chun cistiú tithíochta inacmhainne a éascú.
Faoi rialacha an Aontais maidir le Státchabhair atá ann cheana, is féidir leis na Ballstáit tacú le tithíocht shóisialta ar bhealach solúbtha faoin gCinneadh maidir le Seirbhísí lena ngabhann Leas Eacnamaíoch Ginearálta chun tairbhe grúpaí faoi mhíbhuntáiste agus grúpaí nach bhfuil na buntáistí céanna acu go sóisialta, lena n‑áirítear daoine atá gan dídean. Ní gá fógra a thabhairt don Choimisiún faoin tacaíocht sin, gan beann ar an méid. Mar sin féin, cuireadh uasteorainn EUR 15 mhilliún in aghaidh na bliana leis an tacaíocht do thithíocht inacmhainne, agus bhí gá le fógra a thabhairt maidir le méideanna níos airde.
Chun tacaíocht do thithíocht inacmhainne a éascú do theaghlaigh ar ioncam íseal agus ar mheánioncam, lena n‑áirítear oibrithe riachtanacha, teaghlaigh a bhfuil imthosca sonracha teaghlaigh acu, daoine faoi mhíchumas agus mic léinn, chinn an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar Chinneadh maidir le Seirbhísí lena ngabhann Leas Eacnamaíoch Ginearálta. Cé go bhfágann an cinneadh sin na rialacha maidir le tacaíocht tithíochta sóisialta gan athrú ó bhonn, áirítear go sainráite ann catagóir nua don tithíocht inacmhainne i measc na gcatagóirí atá díolmhaithe ó fhógra a thabhairt nach bhfuil aon uasteorainn chúitimh ann ina leith. Ar an gcaoi sin, is féidir leis na Ballstáit na scéimeanna tithíochta sóisialta atá acu cheana a choinneáil ar bun agus scéimeanna tithíochta inacmhainne breise a chruthú do spriocghrúpaí eile. Leis an athbhreithniú, déanfar coincheapa áirithe sa Chinneadh maidir le Seirbhísí lena ngabhann Leas Eacnamaíoch Ginearálta a shimpliú, a thabhairt cothrom le dáta agus a shoiléiriú freisin. Cuirfidh seirbhísí an Choimisiúin treoraíocht agus tacaíocht ar fáil ar éileamh do na Ballstáit chun cabhrú leo Seirbhísí lena ngabhann Leas Eacnamaíoch Ginearálta maidir le tithíocht shóisialta agus inacmhainne a dhearadh i gcomhréir leis na rialacha maidir le Státchabhair.
|
Sprioc
|
Borradh a chur faoin infheistíocht phoiblí i dtithíocht inacmhainne agus shóisialta
|
|
Conas
|
In éineacht leis an bplean sin, tá athbhreithniú déanta ag an gCoimisiún ar na rialacha maidir le Státchabhair chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
·cead a thabhairt do na Ballstáit tacú le tionscadail tithíochta inacmhainne gan fógra agus údarú a thabhairt roimh ré don Choimisiún nuair a chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh maidir le Seirbhísí lena ngabhann Leas Eacnamaíoch Ginearálta;
·cur ar a gcumas módúlachtaí tacaíochta, spriocghrúpaí, critéir incháilitheachta, praghas tithíochta agus caighdeáin cháilíochta le haghaidh tithíocht shóisialta agus inacmhainne a shainiú de réir a gcomhthéacs agus a riachtanas tithíochta;
·ceanglais riaracháin maidir le státchabhair a shimpliú maidir le fógra, faireachán agus tuairisciú a thabhairt i leith na Seirbhísí uile lena ngabhann Leas Eacnamaíoch Ginearálta.
|
Colún III. Tacaíocht láithreach a chumasú agus athchóirithe á gcur chun cinn san am céanna
Tá brú mór ar inacmhainneacht tithíochta i gcomharsanachtaí áirithe, go háirithe i gcathracha agus i dteophointí turasóireachta eile freisin. Sna limistéir sin ina bhfuil strus maidir le tithíocht, d’fhéadfadh an méadú tapa ar chíosanna gearrthéarmacha mar aon le cleachtais infheistíochta amhantracha a bheith ag géarú na hiomaíochta le haghaidh stoc tithíochta teoranta, rud a mhéadaíonn praghsanna. Tá an baol ann go mbrúfar cónaitheoirí áitiúla amach as an margadh mar gheall ar phraghsanna agus cíosanna neamh-inacmhainne agus ní féidir le cónaitheoirí eile glacadh le poist ná le deiseanna oideachais toisc nach bhfuil siad in ann tithíocht a aimsiú a bhfuil siad in acmhainn a íoc. Léiríodh i suirbhé Eorabharaiméadair a rinneadh le déanaí gurb í an easpa tithíochta inacmhainne an t‑ábhar imní is práinní atá ann d’Eorpaigh atá ina gcónaí i gcathracha.
Tacóidh an tAontas le réimsí atá faoi strus tithíochta chun tithíocht inacmhainne a fheabhsú trí bhearta reachtacha agus neamhreachtacha. Áireofar leis sin creat d’údaráis phoiblí chun limistéir thithíochta faoi strus a shainaithint agus soiléiriú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí spriocdhírithe agus comhréireacha a fhéadfar a dhéanamh chun cíosanna gearrthéarmacha a bhainistiú agus chun inacmhainneacht tithíochta a chosaint agus a chur chun cinn sna limistéir sin, lena n‑áirítear trí phleanáil agus ceadú níos tapúla.
Ní mór é sin a chomhlánú le hathchóirithe struchtúracha fadtéarmacha chun feabhas a chur ar inacmhainneacht tithíochta i réimsí éagsúla atá faoi rialú na mBallstát amhail gníomhaíocht maidir le maoine folmha, tithíocht shóisialta a fhorbairt, iompar áitiúil, cánachas agus nósanna imeachta riaracháin.
Ní mór tuiscint níos fearr a fháil ar an ról atá ag airgeadrú agus amhantraíocht mhéadaithe sa ghéarchéim tithíochta ar an iomlán, go háirithe i bhfianaise easpa sonraí agus trédhearcachta sa réimse sin.
Gníomhaíocht 6. Aghaidh a thabhairt ar chíosanna gearrthéarmacha i limistéir atá faoi strus tithíochta
Tá go leor buntáistí ag baint le cóiríocht ghearrthéarmach a chuirtear in áirithe trí ardáin ar líne: rogha níos fearr, seirbhísí breise do thomhaltóirí, ioncam breise d’óstaigh, dreasacht chun infheistíocht a dhéanamh san athchóiriú, agus borradh a chur faoin turasóireacht agus faoi phoist. Ach tá forbairt tagtha ar a fhás tapa de bheagnach 93 % idir 2018-2024 ó sheirbhísí ócáideacha idir piaraí i dtreo gníomhaíocht shuntasach tráchtála, a bhféadfadh soláthar tithíochta inacmhainne teoranta a bheith aici do chónaitheoirí áitiúla i gceantair áirithe. I gcinn scríbe a bhfuil an-tóir orthu, is féidir suas le 20 % den stoc tithíochta a bheith i gceist le cíosanna gearrthéarmacha. Is gá tairbhí cíosanna gearrthéarmacha a chaomhnú agus na tionchair dhiúltacha a laghdú ag an am céanna.
Tá níos mó deimhneachta dlíthiúla de dhíth ar údaráis náisiúnta agus áitiúla chun bearta iomchuí a shainiú. Teastaíonn cinnteacht ó sholáthraithe seirbhíse le haghaidh cíosanna gearrthéarmacha freisin maidir lena bhfuil indéanta ó thaobh an dlí de. Tá imní ann go bhfuil cíosanna gearrthéarmacha, go háirithe iad siúd atá á reáchtáil ag óstaigh ghairmiúla, in iomaíocht le soláthraithe cóiríochta traidisiúnta, lena n‑áirítear FBManna, nach mór dóibh ceanglais náisiúnta níos déine a chomhlíonadh amhail rialacha sábháilteachta, dliteanais agus cosanta tomhaltóirí.
Leis an Rialachán maidir le Cíosanna Gearrthéarmacha, is infheidhme ó mhí na Bealtaine 2026, tabharfar níos mó trédhearcachta agus cuideofar le húdaráis phoiblí an margadh a rialáil ar bhealach comhréireach trína cheangal go gclárófar óstaigh go héigeantach, agus go gcomhroinnfear sonraí maidir le hidirbhearta iarbhír idir ardáin dhigiteacha agus údaráis náisiúnta. Ina theannta sin, beidh sé tábhachtach an Rialachán a chur chun feidhme i gceart, lena n‑áirítear iarrachtaí na n‑ardán ar líne seiceálacha randamacha a dhéanamh agus liostuithe neamhdhleathacha ar tugadh fógra ina leith a bhaint anuas.
Mar chomhlánú ar an rialachán atá ann cheana, molfaidh an Coimisiún gníomh reachtach lena dtabharfar aghaidh ar chíosanna gearrthéarmacha agus lena mbunófar creat dlíthiúil comhleanúnach, sonraíbhunaithe, soiléir agus intuartha de chuid an Aontais chun é a chur ar a gcumas do na húdaráis áitiúla agus chun tacú leo gníomhaíocht spriocdhírithe chomhréireach a dhéanamh, go háirithe i réimsí an struis tithíochta agus na turasóireachta inbhuanaithe. Cuirfidh sé sin comhleanúnachas dlíthiúil níos fearr ar fáil sa Mhargadh Aonair d’údaráis náisiúnta agus áitiúla chun STRanna a bhainistiú, rud a thabharfaidh solúbthacht dóibh agus lánurraim á tabhairt don choimhdeacht. Cuirfidh sé ar chumas na mBallstát, na gcathracha agus na réigiún cothromaíocht a bhaint amach idir tairbhí cíosanna gearrthéarmacha agus na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann ar mhargaí tithíochta agus ar phobail tithíochta. D’fhreagródh an tionscnamh freisin don iarraidh i dTuarascáil Letta go ndéanfaí gníomhaíocht earnáilsonrach i margaí seirbhísí atá ag fás go tapa chun Margadh Aonair níos inbhuanaithe a thógáil.
|
Sprioc
|
Aghaidh a thabhairt ar ghanntanais i réimsí struis tithíochta
|
|
Conas
|
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
·tionscnamh reachtach nua a mholadh maidir le cíosanna gearrthéarmacha chun a chur ar a gcumas do na húdaráis phoiblí sraith beart comhréireach a bhfuil údar cuí leo a dhéanamh, go háirithe i réimsí struis tithíochta, agus dul i ngleic le saincheisteanna atá fós ann amhail cosaint tomhaltóirí agus idirdhealú a dhéanamh idir óstaigh ghairmiúla agus neamhghairmiúla;
·beidh an tionscnamh seo ina chuid lárnach d’Acht um Thithíocht Inacmhainne chun tacú le húdaráis phoiblí réimsí struis tithíochta a shainaithint, bunaithe ar shonraí atá ar fáil go poiblí, agus chun a chur ar a gcumas, agus lánurraim á tabhairt don choimhdeacht, bearta a dhéanamh chun inacmhainneacht tithíochta sna réimsí sin a chosaint agus a chur chun cinn, lena n‑áirítear trí nósanna imeachta riaracháin a shimpliú amhail pleanáil agus ceadú (reachtach agus neamhreachtach, R4 2026).
Moltar do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar shonraí maidir le cíosanna gearrthéarmacha ina gcríoch agus measúnú a dhéanamh ar a dtionchar ar inacmhainneacht tithíochta.
|
Gníomhaíocht 7: Aghaidh a thabhairt ar amhantraíocht sa mhargadh tithíochta
Tá gá le hinfheistíocht phríobháideach i dtithíocht, agus tagann sciar suntasach di ó chistí pinsin agus árachais, a shaothraíonn torthaí fadtéarmacha cobhsaí de ghnáth. Tá ról tábhachtach ag infheistíocht den sórt sin maidir le bonneagar sóisialta a sholáthar, lena n‑áirítear tithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe. An tráth céanna, tá tásca maidir le hinfheistíochtaí gearrthéarmacha sa tóir ar bhrabús ina n‑ábhair imní maidir le saobhadh margaidh, róluacháil agus brúnna amhantracha. I roinnt mhaith cathracha agus cinn scríbe turasóireachta, tá praghsanna tithíochta á mbaint níos mó agus níos mó ó ioncaim áitiúla. Cuireann sonraí teoranta agus easpa trédhearcachta maidir le húinéireacht agus príomh-idirbhearta réadmhaoine bac ar údaráis phoiblí faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh. Is réamhriachtanas é feabhas a chur ar bhailiú agus ar anailís na sonraí sin chun measúnú a dhéanamh agus gníomhaíocht a dhéanamh ina dhiaidh sin chun aghaidh a thabhairt ar mhéid agus ar thionchar na hiompraíochta amhantraí ar an margadh tithíochta.
Trí chainníocht agus infhaighteacht tithíochta inacmhainne agus sóisialta a mhéadú agus trí thacú le soláthraithe tithíochta neamhbhrabúis nó brabúis theoranta, lena n‑áirítear tithíocht chomhoibritheach agus iontaobhais talún pobail, is féidir cuidiú le haghaidh a thabhairt ar luaineacht praghsanna trí phraghsanna a choinneáil inacmhainne san fhadtéarma. Mar sin féin, tá bacainní roimh sholáthraithe den sórt sin maidir le huas-scálú amhail easpa aitheantas dlíthiúil agus deacrachtaí maidir le rochtain a fháil ar mhaoiniú. Is féidir le beartais chánach agus bearta eile an riosca a bhaineann le hiompraíocht amhantrach a mhaolú freisin.
|
Sprioc
|
Iompraíochtaí amhantracha sa mhargadh tithíochta a shainaithint
|
|
Conas
|
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
·anailís a chur i láthair ar dhinimic praghsanna tithíochta, lena n‑áirítear an fhianaise atá ar fáil ar phatrúin amhantraíochta, bearnaí sonraí agus iarmhairtí eacnamaíocha, chomh maith le gníomhaíochtaí leantacha a mholadh i gcás inar gá (R4 2026);
·trédhearcacht níos fearr a chur chun cinn i margadh na maoine cónaithe trí oibriú le húdaráis phoiblí chun léargas a thabhairt ar úinéireacht maoine agus ar idirbhearta réadmhaoine agus patrúin amhantracha a shainaithint;
·infheistíochtaí i soláthraithe tithíochta neamhbhrabúis agus brabúis theoranta a éascú trí bhacainní teicniúla agus reachtacha a shainaithint, creat infheistíochta faoi stiúir an mhargaidh a fhorbairt do thithíocht shóisialta agus inacmhainne agus infheistíochtaí a shlógadh faoin Ardán Infheistíochta Uile-Eorpach (féach gníomhaíocht 4);
·piarfhoghlaim agus nuálaíocht a éascú chun dul i ngleic le hamhantraíocht tithíochta, ag tógáil ar thaithí áitiúil agus náisiúnta (e.g. maidir le cánachas agus bearta chun aghaidh a thabhairt ar mhaoin fholamh).
Moltar do na Ballstáit bearta a chur i bhfeidhm chun iompraíochtaí amhantracha díobhálacha sa mhargadh tithíochta a theorannú, lena n‑áirítear trí bheartais chánachais éifeachtacha a cheapadh, trédhearcacht an mhargaidh a fheabhsú agus sciar socraithe d’fhorbairtí nua tithíochta a thiomnú do thithíocht shóisialta agus inacmhainne, lena léirítear riachtanais tithíochta áitiúla.
|
Gníomhaíocht 8: Athchóirithe struchtúracha na mBallstát a chur chun cinn
Chun inacmhainneacht tithíochta a mhéadú, ní mór do na Ballstáit athchóirithe struchtúracha a chur chun feidhme ar fud réimsí beartais éagsúla. Tacóidh an Coimisiún leis na hiarrachtaí sin trí uirlisí éagsúla agus trí threoraíocht straitéiseach faoin Seimeastar Eorpach.
Tá sé ríthábhachtach rómhaorlathas náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil a laghdú, agus infheistíocht in acmhainneacht riaracháin agus i réitigh dhigiteacha a shlógadh chun soláthar tithíochta inacmhainne agus sóisialta a mhéadú. Ní mór d’údaráis phoiblí a áirithiú freisin go bhfuil talamh iomchuí ar fáil le haghaidh forbairt tithíochta agus úsáid níos fearr a bhaint as an stoc foirgneamh atá ann cheana.
Sa Fhrainc, tá 18 % de theaghlaigh (os cionn 10 milliún duine) ina gcónaí i dtithíocht shóisialta. Tá an córas cuimsitheach státrialáilte bunaithe go príomha ar mhaoiniú fadtéarmach ó chuntais choigiltis (Livret A) agus ar ranníocaíochtaí ó fhostóirí tríd an Ranníocaíocht Fostóra leis an Iarracht Tógála.
San Ostair, faoi shamhail Vín, tá cónaitheoir amháin as gach ceathrar Viennese ina chónaí i gceann de na haonaid tithíochta bardasacha, comharchumainn nó brabúis theoranta a forbraíodh le céad bliain anuas. Tá na caighdeáin Chatagóir A is airde ag beagnach 70 % de theaghaisí.
Tá córais tithíochta sóisialta á dtógáil ag an tSeicia agus ag an bPolainn chun tithe a chur ar fáil do theaghlaigh ar ioncam íseal agus chun an easpa dídine a laghdú agus, ag an am céanna, tiarnaí talún príobháideacha a dhreasú chun léas a fháil trí ghníomhaireachtaí cíosa shóisialta.
Leis na hathchóirithe, ba cheart tacú le limistéir uirbeacha a bhfuil ganntanais ag bagairt orthu chomh maith le críocha tuaithe agus iargúlta a bhfuil meath déimeagrafach ag teacht orthu. I limistéir ina bhfuil strus maidir le tithíocht, ciallaíonn sé sin an soláthar a mhéadú trí fhoirgnimh nua chomh maith le hathchóiriú, athrú cuspóra agus dlúthú uirbeach, lena n‑áiritheofar go mbainfidh na tionscadail sin tairbhe as nósanna imeachta riaracháin níos simplí agus níos tapúla. I limistéir nach bhfuil an brú céanna orthu, ciallaíonn sé sin tacaíocht don ‘cheart fanachta’ trí thacú le hathchóiriú agus uasghrádú tithíochta áitiúla in áiteanna a bhfuil acmhainneacht eacnamaíoch acu mar aon le hinfheistíocht in iompar, i mbonneagar agus i seirbhísí, i gcomhréir le beartas comhtháthaithe an Aontais.
Is príomhuirlis tacaíochta é an cánachas chun aghaidh a thabhairt ar inacmhainneacht tithíochta. Mar shampla, is cuid mhór de chostais tithíochta iad cánacha, lena n‑áirítear le linn ceannaigh.
Ní mór aird ar leith a thabhairt ar thithíocht shóisialta toisc go bhfuil laghdú tagtha ar a soláthar san Aontas le blianta beaga anuas. Cé go n‑aithnítear staid agus traidisiúin éagsúla na mBallstát, is gá an treocht reatha a aisiompú i gcás, de réir ECFE, nach bhfuil i meánsciar na tithíochta sóisialta sa lá atá inniu ann ach thart ar 6-7 % de stoc tithíochta an Aontais
.
|
Sprioc
|
Inacmhainneacht tithíochta agus athléimneacht na margaí tithíochta a mhéadú trí athchóirithe struchtúracha
|
|
Conas
|
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
·cuidiú leis na Ballstáit athchóirithe éifeachtacha a cheapadh le haghaidh tithíocht inacmhainne agus shóisialta trí fhaireachán níos láidre agus trí mholtaí spriocdhírithe faoin Seimeastar Eorpach;
·staidreamh Eorpach a bhaineann le tithíocht a chothú chun ceapadh beartas fianaisebhunaithe agus sonraíbhunaithe a neartú a thuilleadh d’fhonn acmhainní le haghaidh tithíochta a leithdháileadh ar bhealach níos fearr agus pointe rochtana ar leibhéal an Aontais a bhunú le haghaidh sonraí agus anailís tithíochta;
·oibriú leis na Ballstáit, lena n‑áirítear i gcomhthéacs na Comhghuaillíochta Tithíochta, chun a shainaithint ar bhonn na sonraí agus na hanailíse thuas cá háit ar féidir an tionchar is mó a bheith ag beartas agus cistiú an Aontais chun feidhmiú na margaí tithíochta a fheabhsú;
·tacú leis na Ballstáit beartais chánachais a cheapadh lena gcuirtear inacmhainneacht tithíochta chun cinn trí mheasúnú a dhéanamh ar thionchar na gcánacha a bhaineann le tithíocht ar mhargaí tithíochta, trí threoir phraiticiúil a eisiúint agus trí mhalartú dea-chleachtas a éascú;
·tacaíocht theicniúil agus airgeadais a chur ar fáil do na Ballstáit, do réigiúin agus do chathracha chun athchóirithe a dhéanamh tríd an gComhghuaillíocht Eorpach um Thithíocht, tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil agus faoin gcéad CAI eile.
Moltar do na Ballstáit athchóirithe uaillmhianacha cuimsitheacha a chur chun feidhme atá dírithe ar inacmhainneacht agus leas iomlán á bhaint as na deiseanna comhroinnte sonraí, foghlama frithpháirtí agus cúnaimh theicniúil atá ar fáil, lena n‑áirítear laistigh den Chomhghuaillíocht Eorpach um Thithíocht.
|
Colún IV. Tacaíocht a thabhairt dóibh siúd is mó atá thíos leis
Níl an tionchar céanna ag an ngéarchéim thithíochta ar gach duine. Bíonn tionchar díréireach ag costais tithíochta atá ag dul i méid agus ag rochtain theoranta ar thithe inacmhainne ar roinnt grúpaí. Cuireann easpa tithíochta inacmhainne cosc ar dhaoine óga, go háirithe ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste, dul i mbun oideachais, tréimhsí oiliúna, printíseachtaí agus deiseanna fostaíochta, rud a mbíonn iarmhairtí forleathana eacnamaíocha agus sóisialta aige. Cuireann sé moill ar fhoirmiú teaghlaigh. Bíonn mic léinn agus printísigh neamhchosanta go háirithe ar chostais arda tithíochta, rud a d’fhéadfadh iad a dhíspreagadh ó dhul i mbun staidéir, ó pháirt a ghlacadh i gcláir shoghluaisteachta amhail Erasmus+, nó óna n‑oideachas a chríochnú.
Tá sé ríthábhachtach rochtain ar thithíocht inacmhainne a áirithiú d’oibrithe bunriachtanacha – amhail baill foirne cúraim sláinte agus gairmithe cúraim, múinteoirí nó pearsanra seirbhísí éigeandála i measc daoine eile – chun pobail athléimneacha chuimsitheacha a choinneáil ar bun. Is minic a bhíonn ganntanas tithíochta nó costais arda ar na hoibrithe sin, go háirithe i gceantair uirbeacha ina bhfuil an gá is mó lena seirbhísí. Cuideoidh an t‑athbhreithniú ar na rialacha maidir le Státchabhair do thithíocht inacmhainne arna chur i láthair ag an gCoimisiún leis na Ballstáit tacaíocht do thithíocht inacmhainne a éascú do theaghlaigh ar ioncam íseal agus ar mheánioncam, lena n‑áirítear oibrithe riachtanacha.
In 2021, thug na Ballstáit uile gealltanas maidir le sprioc chomhroinnte chun deireadh a chur leis an easpa dídine san Eoraip faoi 2030. D’ainneoin na n‑iarrachtaí a rinneadh go dtí seo, tá méadú ag teacht ar an easpa dídine agus tá níos mó ná milliún duine, lena n‑áirítear 400,000 leanbh gan dídean san Aontas, lena n‑áirítear thart ar 80,000 a chodlaíonn taobh amuigh. Ní mór dúinn gníomhú láithreach chun an cúrsa a athrú.
Bíonn tionchar ar leith ag an ngéarchéim thithíochta ar ghrúpaí ar ioncam íseal. Áirítear ar ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste freisin daoine scothaosta a bhfuil pinsin ísle acu, tuismitheoirí aonair agus teaghlaigh a bhfuil leanaí acu atá i mbaol bochtaineachta, daoine LGBTIQ+, íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe, Romaigh agus mionlaigh imeallaithe eile, imircigh, agus grúpaí eile atá i mbaol eisiaimh nó idirdhealaithe a bhfuil dúshláin shonracha rompu maidir le rochtain a fháil ar thithíocht. Ina theannta sin, ní mór do dhaoine faoi mhíchumas aghaidh a thabhairt ar infhaighteacht theoranta tithíochta inrochtana, rud a mhéadaíonn an baol go ndéanfaí iad a institiúidiú.
Tá méadú ag teacht ar na rioscaí a bhaineann le neamhdheimhneacht tithíochta do thionóntaí mar gheall ar chíosanna atá ag dul i méid agus, i roinnt Ballstát, cúnamh dlíthiúil nó sóisialta neamhleor i gcás inar gá.
Fágann droch-cháilíocht tithíochta agus drochfheidhmíocht fuinnimh go bhfuil sé deacair teochtaí leordhóthanacha laistigh agus cáilíocht an aeir a choinneáil ar bun, agus go gcuireann siad leis an mbochtaineacht fuinnimh. Níl sé d’acmhainn ag thart ar 42 mhilliún Eorpach a dtithe a théamh i gceart.
Gníomhaíocht 9. Tithíocht do dhaoine óga
As a buiséad leithdháilte RRF dar luach EUR 2.7 billiún chun tithíocht shóisialta agus inacmhainne a sholáthar, sheol an Phortaingéil a Tithíocht Inacmhainne do Mhic Léinn (EUR 375 mhilliún) lena gcuirtear 18,239 leaba ar fáil, ar leaba nua 11,795 díobh, rud a mhéadóidh an tairiscint atá ann cheana. Beidh 6,444 leaba ann mar thoradh ar an líonra reatha de chóiríocht do mhic léinn a athchóiriú.
Tá sé ag éirí níos deacra do go leor daoine óga rochtain a fháil ar thithíocht inacmhainne, rud a chuireann teorainn lena neamhspleáchas agus lena rannpháirtíocht sa tsochaí agus sa gheilleagar. Chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin, tá gá le cur chuige cuimsitheach lena gcomhcheanglaítear infheistíocht mhéadaithe i dtithíocht mac léinn, bearta spriocdhírithe lena leathnaítear deiseanna inacmhainne cíosa agus úinéireachta go sonrach do na glúnta óga agus tacaíocht chun samhlacha tithíochta a nuáil amhail spásanna cónaithe comhroinnte agus maireachtáil idirghlúine. Tá roinnt cineálacha cur chuige a bhfuil gealladh fúthu lena n‑áirithítear cáilíocht agus inacmhainneacht tagtha chun cinn cheana féin i roinnt tíortha agus is féidir leo sin a bheith ina samhlacha atá le huas-scálú agus le macasamhlú ar fud an Aontais.
|
Sprioc
|
Rochtain ar thithíocht a fheabhsú do dhaoine óga, do mhic léinn, do phrintísigh agus d’oiliúnaithe
|
|
Conas
|
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
·cuidiú le níos mó tithíochta do mhic léinn a thógáil trí infheistíochtaí a shlógadh tríd an gclár InvestEU, tríd an Ardán Infheistíochta Uile-Eorpach agus trí thacú leis na Ballstáit agus leis na réigiúin a gcistiú faoin mbeartas comhtháthaithe a leithdháileadh sa treo sin.
·cuidiú le mic léinn, le hoiliúnaithe agus le printísigh tithíocht a aimsiú ar an margadh cíosa príobháideach trí mheasúnú a dhéanamh ar indéantacht na scéime ráthaíochta chun an gá atá le taisce ráthaíochta a laghdú nó a dhíothú;
·samhlacha cóiríochta nuálacha do mhic léinn agus do dhaoine óga a shainaithint agus a scaipeadh;
·scéim phíolótach a sheoladh faoi Erasmus+, i gcomhpháirtíocht le cathracha ar fud an Aontais agus le páirtithe leasmhara ábhartha, chun infhaighteacht réiteach tithíochta inacmhainne agus nuálach a mhéadú do mhic léinn shoghluaiste ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste. Ina theannta sin, oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit chun úsáid Chiste Sóisialta na hEorpa+ a spreagadh chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do réitigh tithíochta inacmhainne do mhic léinn faoi mhíbhuntáiste.
Moltar do na Ballstáit scéimeanna spriocdhírithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar rochtain ar thithíocht do dhaoine óga, lena n‑áirítear roghanna cíosa inacmhainne agus tacaíocht do shocruithe comhroinnte nó comhchónaithe.
|
Gníomhaíocht 10. Aghaidh a thabhairt ar an easpa dídine agus tacú le tionóntaí agus teaghlaigh atá i staideanna leochaileacha
San Fhionlainn, tar éis sheoladh ‘Tús áite don Tithíocht’ in 2008, tháinig laghdú 30 % ar an líon daoine gan dídean, agus tháinig laghdú níos mó ná 35 % ar an líon daoine gan dídean go fadtéarmach go dtí 2024. Tá plean nua á fhorbairt ag an rialtas chun deireadh a chur leis an easpa dídine faoi 2027.
Is dúshlán leanúnach casta í an easpa dídine nach mór aghaidh a thabhairt uirthi trí réitigh atá bunaithe ar thithíocht (lena n‑áirítear réitigh ‘Tús Áite don Tithíocht’), in éineacht le cineálacha cur chuige comhtháite chun an bhochtaineacht agus an t‑eisiamh a chomhrac. Le Straitéis AE i gcoinne na Bochtaineachta, atá le glacadh in 2026, glacfar cur chuige duinelárnach ilghnéitheach chun dul i ngleic le bunchúiseanna na bochtaineachta. Tabharfaidh sé aghaidh ar an easpa dídine mar cheann de na cineálacha eisiaimh shóisialta is tromchúisí, neartóidh sé an cosc, agus cuirfidh sé uirlisí comhtháite chun cinn chun neamhionannas, bochtaineacht agus eisiamh a laghdú agus chun feabhas a chur ar an rochtain ar sheirbhísí riachtanacha, ar chosaint shóisialta agus ar mhargadh an tsaothair.
Tá sé ríthábhachtach infhaighteacht tithíochta sóisialta a mhéadú chun conairí fadtéarmacha amach as an easpa dídine a bhaint amach agus chun eisiamh sóisialta agus cásanna tithíochta forbhásacha a chosc. Cuirtear béim ar an rochtain ar thithíocht shóisialta agus ar chúnamh do dhaoine gan dídean mar cheann de na 20 prionsabal i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta. Tá sé ríthábhachtach seirbhísí a bhaineann le tithíocht a threisiú, amhail comhairleoireacht fiachais agus bearta maolúcháin chun díshealbhuithe a chosc.
Trí mheascán sóisialta agus dlúthpháirtíocht idirghlúine a chur chun cinn laistigh de chomharsanachtaí, cuirtear cosc ar leithscaradh, cothaítear cuimsiú, agus áirithítear go mbeidh tionóntaí leochaileacha ina gcuid de phobail rathúla éagsúla. Mar chuid den aistriú cóir agus de na hiarrachtaí chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht fuinnimh, is gá freisin na grúpaí is mó atá faoi mhíbhuntáiste, a bhfuil cónaí orthu go minic i dtithíocht ina bhfuil an fheidhmíocht fuinnimh is measa, a chosaint ar dhícheangal óna soláthar fuinnimh.
|
Sprioc
|
Réitigh thithíochta a chur chun cinn lena gcosnaítear agus lena gcumhachtaítear daoine atá i staideanna leochaileacha
|
|
Conas
|
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
·moladh ón gComhairle a mholadh maidir le heisiamh tithíochta a chomhrac chun tacú le daoine leochaileacha i staideanna tithíochta forbhásacha agus chun an easpa dídine a chosc agus aghaidh a thabhairt uirthi. Beidh sé d’aidhm aige dearadh agus cur chun feidhme beartas a chur chun cinn bunaithe ar chur chuige beartas atá duinelárnach, dírithe ar thithíocht agus comhtháite. Cuirfear an tionscnamh i láthair i gcomhthéacs na Straitéise i gcoinne na Bochtaineachta atá ar na bacáin agus cuirfidh sé le hobair an Ardáin Eorpaigh chun an Easpa Dídine a Chomhrac.
·infheistíocht nua i dtithíocht shóisialta agus i réitigh atá bunaithe ar thithíocht a shlógadh do dhaoine gan dídean trí shruth oibre tiomnaithe a bhunú laistigh den Ardán Infheistíochta Uile-Eorpach, lena n‑áirítear tionscnaimh chomhair a d’fhéadfadh a bheith ann le heagraíochtaí daonchairdiúla agus le gníomhaithe príobháideacha chun tacaíocht airgeadais agus chomhchineáil a leathnú.
·samhlacha a shainaithint agus dea-chleachtais a chomhroinnt lena gcomhcheanglaítear cosaint chearta maoine na n‑úinéirí le slándáil tionóntaí agus tacú le taighde agus malartú dea-chleachtas;
·tacú le teaghlaigh atá ag comhrac i gcoinne na bochtaineachta fuinnimh agus daoine faoi mhíbhuntáiste a chosaint ar dhícheangal ón soláthar fuinnimh, mar chuid de Phacáiste Fuinnimh na Saoránach atá ar na bacáin (2026).
Moltar do na Ballstáit agus do na réigiúin dlús a chur lena dtacaíocht do dhaoine gan dídean agus do ghrúpaí eile atá i staideanna leochaileacha, lena n‑áirítear trína bpleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí faoin gcéad CAI eile. D’fhéadfaí tacaíocht bhreise a bheartú faoin tSaoráid AE lena dtacaítear le tithíocht shóisialta agus inacmhainne. Moltar dóibh freisin rochtain ar thithíocht inrochtana a chothú do dhaoine faoi mhíchumas.
Moltar do na Ballstáit agus d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla trédhearcacht comhaontuithe cíosa a mhéadú, mar shampla trína cheangal ar sholáthraithe seirbhísí cíosa meánchostais chíosa agus/nó praghas cíosa deireanach maoine a fhoilsiú.
|
3.Comhghuaillíocht Eorpach um Thithíocht chun an comhar a neartú ar fud an Aontais
‘Iarracht Eorpach, fréamhaithe i réaltachtaí áitiúla.’ Aitheasc an Uachtaráin von der Leyen ar Staid an Aontais 2025
Go dtí seo, tá an comhar ar leibhéal an Aontais maidir leis an mbeartas tithíochta teoranta, rud a fhágann nach mbaintear leas den chuid is mó as deiseanna chun gníomhaíochtaí a chomhordú, dea-chleachtais a chomhroinnt, agus dul chun cinn a dhéanamh i dtreo cuspóirí coiteanna. Le Comhghuaillíocht Eorpach um Thithíocht nua, tabharfar le chéile gach leibhéal rialtais – ó chathracha agus réigiúin go hinstitiúidí náisiúnta agus Eorpacha, in éineacht le príomhpháirtithe leasmhara tithíochta chun tiomantas comhroinnte a spreagadh chun tithíocht inacmhainne, inbhuanaithe agus ardcháilíochta a chinntiú do chách. Beidh an Chomhghuaillíocht ina mol don chomhar, don fhoghlaim fhrithpháirteach agus do mhalartú dea-chleachtas ar fud na hEorpa, rud a mhúnlóidh bealach nua oibre ar thithíocht ar an leibhéal Eorpach agus a nascfaidh leis an bpobal. Cothóidh sé sineirgí agus comhar go háirithe le Clár Oibre an Aontais do Chathracha, leis an Bauhaus Eorpach Nua, leis an Ardán Eorpach chun an Easpa Dídine a Chomhrac agus leis an bhFóram Tógála Ardleibhéil. Tá an Coimisiún Eorpach réidh chun dlús a chur lena chomhar leis an gComhairle agus le Parlaimint na hEorpa maidir leis an ábhar sin.
D’fhógair an tUachtarán von der Leyen i Staid an Aontais 2025 an chéad Chruinniú Mullaigh riamh de chuid an Aontais maidir le Tithíocht. Eagróidh an Coimisiún é sin in 2026, i gcomhar leis an gComhairle Eorpach, agus tabharfaidh siad le chéile na príomhghníomhaithe uile maidir le tithíocht ar an leibhéal is airde.
|
Sprioc
|
Comhar agus foghlaim fhrithpháirteach a neartú idir gach leibhéal rialtais agus páirtithe leasmhara
|
|
Conas
|
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
·an chéad Chruinniú Mullaigh de chuid an Aontais maidir le Tithíocht (2026) a eagrú;
·Comhghuaillíocht Eorpach um Thithíocht (R3/2026) a bhunú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
ocomhar maidir le tithíocht a éascú leis na Ballstáit agus ar fud na mBallstát agus le leibhéil éagsúla rialtais, lena n‑áirítear le cathracha agus réigiúin, príomhpháirtithe leasmhara tithíochta, Parlaimint na hEorpa, Coiste Eorpach na Réigiún agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa;
oeolas agus dea-chleachtas a chomhroinnt idir na Ballstáit, na réigiúin agus na cathracha trí chlár nua rialachais il-leibhéil um fhoghlaim fhrithpháirteach maidir le tithíocht.
|
Conclúidí
Chun tithíocht inacmhainne, inbhuanaithe agus ardcháilíochta a chur ar bharr ár gcláir oibre, ní mór aghaidh a thabhairt ar cheann de na hábhair imní is práinní atá ag muintir na hEorpa ó lá go lá. Tá costais arda tithíochta i gcroílár ghéarchéim an chostais maireachtála, rud a mhúnlaíonn roghanna, deiseanna agus folláine daoine. Ní hamháin go mbaineann sé le cothroime a áirithiú go bhfuil sé d’acmhainn ag gach Eorpach teach cuibhiúil a bheith acu, ach tá sé ríthábhachtach freisin d’iomaíochas na hEorpa, rud a chuirfidh ar chumas daoine rochtain a fháil ar phoist, cur leis an ngeilleagar agus todhchaí chobhsaí a thógáil.
Leagtar amach sa Phlean sin fís agus sraith gníomhaíochtaí chun an soláthar a mhéadú, infheistíocht a scaoileadh, tacaíocht láithreach a chur ar fáil agus athchóirithe marthanacha á gcur chun cinn san am céanna, agus tacú leo siúd is mó a ndéantar difear dóibh. Is tús é le hiarracht chomhchoiteann nach mór a choinneáil ar bun. Beidh gá le comhoibriú agus gníomhaíocht ar gach leibhéal chun dul chun cinn a dhéanamh: ó institiúidí Eorpacha go Ballstáit, cathracha agus réigiúin, ó pháirtithe leasmhara go dtí an tsochaí i gcoitinne. Tá an Coimisiún ag tnúth le tuilleadh ionchuir ó Pharlaimint na hEorpa tríd an tuarascáil atá le teacht uaidh agus le comhar leis an gComhairle roimh an gcéad Chruinniú Mullaigh riamh de chuid an Aontais maidir le Tithíocht in 2026 — tráth tábhachtach chun a áirithiú go leanfaidh tithíocht de bheith chun tosaigh ar an gclár oibre polaitiúil agus go mbeidh bearta beartais á gcur chun feidhme go héifeachtach ar an láthair.
Roimh dheireadh an tsainordaithe seo, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta faoin bPlean seo.
Iarscríbhinn: Achoimre ar na gníomhaíochtaí agus amlíne
Déantar achoimre sa tábla seo ar na gníomhaíochtaí a mholtar sa doiciméad seo, lena n‑áirítear na treoshuíomhanna beartais a chuirtear chun cinn mar spreagadh do na Ballstáit lena mbreithniú.
|
Céard
|
Na rannpháirtithe
|
Cathain
|
|
Colún I. Borradh a chur faoin soláthar
|
|
Gníomhaíocht 1. Táirgiúlacht, acmhainneacht agus nuálaíocht an tionscail tógála a neartú
|
|
Straitéis Eorpach um Thógáil Tithíochta
|
CE
|
R4 2025
|
|
An Gníomh um Sheirbhísí Foirgníochta
|
CE
|
R4 2026
|
|
Cláir oiliúna ar mhórscála, lena gcuirtear nuálaíocht i gcuraclaim tógála chun cinn
|
CE, BS, tionscal
|
|
|
Faireachán a dhéanamh ar aon chleachtais fhrithiomaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann in earnáil na tógála agus, i gcás inar gá, gníomhaíocht a dhéanamh ina n‑aghaidh
|
CE, BS
|
|
|
Tacú le hinfheistíochtaí i monarú Eorpach ísealcharbóin agus bithbhunaithe, critéir inbhuanaitheachta a chomhtháthú sa soláthar poiblí agus i scéimeanna tacaíochta, modhanna nua-aimseartha tógála agus athchóirithe a ghlacadh, agus iarrachtaí printíseachta, uas-scilithe agus athscilithe mórscála.
|
BS
|
|
|
Gníomhaíocht 2. An rómhaorlathas a laghdú chun dlús a chur leis an soláthar tithíochta
|
|
Pacáiste um Shimpliú na Tithíochta
|
CE, BS
|
2027
|
|
Pleanáil náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, rialacha criosaithe agus ceadaithe, agus cóid tógála a shimpliú, acmhainneacht riaracháin a mhéadú lena n‑áirítear riarachán don digitiú agus úsáid a bhaint as na solúbthachtaí a chuirtear ar fáil leis na Treoracha maidir le Soláthar Poiblí
|
BS
|
|
|
Gníomhaíocht 3. Inacmhainneacht, inbhuanaitheacht agus cáilíocht i dtithíocht a chomhcheangal
|
|
Comhpháirtíocht Nua le haghaidh Tithe Níos Fearr, treoraíocht maidir le seirbhísí ionaid ilfhreastail le haghaidh athchóirithe, tacaíocht do Phleananna Náisiúnta cuimsitheacha Athchóirithe Foirgneamh.
|
CE, BS
|
2026
|
|
Plean Gníomhaíochta na gComhphobal Fuinnimh
|
CE
|
2026
|
|
Comharsanachtaí a athghiniúint tríd an Bauhaus Eorpach Nua
|
CE, BS
|
2026 ar aghaidh
|
|
Tús áite a thabhairt d’athchóiriú/athchóiriú foirgneamh atá ann cheana, scartáil nach bhfuil gá léi a sheachaint
|
BS, agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha
|
|
|
Colún II. Infheistíocht a shlógadh
|
|
Gníomhaíocht 4. Infheistíocht bhreise phoiblí agus phríobháideach a shlógadh
|
|
Ardán Infheistíochta uile-Eorpach um thithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe
|
CE, BEI, BINSanna, IIAnna
|
R3 2026
|
|
Tacú le hinfheistíochtaí nua sa tithíocht faoin CAI atá ann faoi láthair
|
CE, BS
|
2026-2027
|
|
Deiseanna chun infheistíochtaí tithíochta a mhéadú faoin gcéad CAI eile
|
CE, BS, réigiúin
|
2028 ar aghaidh
|
|
Cuidiú le samhlacha maoiniúcháin inscálaithe agus nuálacha a fhorbairt
|
CE, BS
|
2026-2027
|
|
Creat infheistíochta deonach faoi stiúir an mhargaidh le haghaidh tithíocht shóisialta agus tithíocht inacmhainne
|
CE, gníomhaithe margaidh, údaráis phoiblí
|
|
|
Treoraíocht do na Ballstáit maidir le réitigh airgeadais agus dhlíthiúla a dhearadh chun tacú le tithíocht shóisialta agus inacmhainne agus breithnithe fiachais phoiblí á gcur san áireamh
|
CE, BS
|
|
|
Dlús a chur leis an uaillmhian tacú le hinfheistíochtaí tithíochta sóisialta agus inacmhainne
|
BS, réigiúin
|
|
|
Gníomhaíocht 5. Tacaíocht phoiblí níos tapúla agus níos simplí a chumasú le haghaidh tithíocht shóisialta agus inacmhainne
|
|
Rialacha athbhreithnithe maidir leis an Státchabhair
|
CE
|
R4 2025
|
|
Colún III. Tacaíocht láithreach a chumasú agus athchóirithe á gcur chun cinn san am céanna
|
|
Gníomhaíocht 6. Aghaidh a thabhairt ar chíosanna gearrthéarmacha i limistéir atá faoi strus tithíochta
|
|
Tionscnamh reachtach nua maidir le cíosanna gearrthéarmacha mar chuid de Ghníomh um Thithíocht Inacmhainne
|
CE
|
R4 2026
|
|
Faireachán a dhéanamh ar shonraí maidir le cíosanna gearrthéarmacha, agus measúnú a dhéanamh ar a dtionchar ar inacmhainneacht tithíochta
|
BS
|
|
|
Gníomhaíocht 7. Aghaidh a thabhairt ar amhantraíocht sa mhargadh tithíochta
|
|
Anailís ar dhinimic praghsanna tithíochta lena n‑áirítear fianaise atá ar fáil maidir le patrúin amhantraíochta, bearnaí sonraí agus iarmhairtí eacnamaíocha
|
CE
|
R4 2026
|
|
Trédhearcacht níos fearr a chur chun cinn sa mhargadh maoine cónaithe
|
CE, BS
|
|
|
Infheistíochtaí a éascú i soláthraithe tithíochta neamhbhrabúis/brabúis theoranta
|
CE, BS
|
|
|
Piarfhoghlaim agus nuálaíocht chun dul i ngleic le hamhantraíocht tithíochta
|
CE, BS, údaráis áitiúla agus réigiúnacha
|
|
|
Bearta a chur i bhfeidhm chun iompraíochtaí amhantracha díobhálacha a léiríonn riachtanais áitiúla a theorannú
|
BS, údaráis áitiúla agus réigiúnacha
|
|
|
Gníomhaíocht 8. Athchóirithe struchtúracha na mBallstát a chur chun cinn
|
|
Faireachán níos láidre agus moltaí spriocdhírithe faoin Seimeastar Eorpach
|
CE
|
Ó 2026
|
|
Staidreamh Eorpach a bhaineann le tithíocht a chothú agus pointe rochtana ar leibhéal an Aontais a bhunú le haghaidh shonraí agus anailís an mhargaidh tithíochta
|
CE, BS
|
|
|
Na háiteanna a shainaithint inar féidir le beartas agus cistiú an Aontais an tionchar is mó a imirt chun feabhas a chur ar fheidhmiú na margaí tithíochta
|
CE, BS
|
|
|
Tacú leis na Ballstáit beartais chánachais a cheapadh lena gcuirtear inacmhainneacht tithíochta chun cinn
|
CE, BS
|
|
|
Tacaíocht theicniúil agus airgeadais a chur ar fáil do na Ballstáit, do réigiúin agus do chathracha chun athchóirithe a dhéanamh
|
CE
|
Ó 2026
|
|
Athchóirithe uaillmhianacha agus cuimsitheacha a chur chun feidhme atá dírithe ar inacmhainneacht
|
BS
|
|
|
Colún IV. Na daoine is mó atá thíos leis a chosaint
|
|
Gníomhaíocht 9. Tithíocht do dhaoine óga
|
|
Infheistíochtaí a shlógadh le haghaidh tithíocht do mhic léinn
|
CE, BS
|
|
|
Measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá scéim ráthaíochta a bhunú chun an gá atá le taisce ráthaíochta a laghdú/a dhíothú
|
CE, Grúpa BEI
|
|
|
Samhlacha cóiríochta nuálacha do mhic léinn agus do dhaoine óga a shainaithint agus a scaipeadh
|
CE, BS
|
|
|
Scéim phíolótach faoi Erasmus+ do mhic léinn shoghluaiste ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste
|
CE, cathracha
|
|
|
Scéimeanna spriocdhírithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun rochtain ar thithíocht a fheabhsú do dhaoine óga
|
BS
|
|
|
Gníomhaíocht 10. Aghaidh a thabhairt ar an easpa dídine agus tacú le tionóntaí agus teaghlaigh atá i staideanna leochaileacha
|
|
Moladh ón gComhairle maidir le heisiamh tithíochta a chomhrac
|
CE, BS
|
2026
|
|
Infheistíocht nua i dtithíocht shóisialta agus i réitigh atá bunaithe ar thithíocht a shlógadh do dhaoine gan dídean tríd an Ardán Infheistíochta Uile-Eorpach
|
CE, BEI, BINSanna, IIAnna
|
R3 2026
|
|
Samhlacha a shainaithint agus dea-chleachtais a chomhroinnt lena gcomhcheanglaítear cosaint chearta maoine na n‑úinéirí le slándáil tionóntaí
|
CE
|
|
|
Bochtaineacht fuinnimh a chomhrac agus daoine leochaileacha a chosaint ar dhícheangal trí Phacáiste Fuinnimh na Saoránach
|
CE
|
2026
|
|
Dlús a chur leis an tacaíocht do dhaoine gan dídean agus do ghrúpaí eile atá i staideanna leochaileacha, lena n‑áirítear trí phleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnacha faoin gcéad CAI eile
|
CE, réigiúin
|
|
|
Trédhearcacht comhaontuithe cíosa a mhéadú
|
BS, údaráis áitiúla agus réigiúnacha
|
|
|
Comhghuaillíocht Eorpach um Thithíocht chun an comhar a neartú ar fud an Aontais
|
|
Cruinniú Mullaigh an Aontais maidir le Tithíocht
|
CE, an Chomhairle, BS
|
2026
|
|
Comhghuaillíocht Eorpach um Thithíocht
|
CE
|
2026
|
|
Clár foghlama frithpháirtí rialachais il-leibhéil maidir le tithíocht
|
CE, BS, réigiúin, údaráis áitiúla
|
R3 2026
|