AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg, 16.12.2025
COM(2025) 991 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
An Straitéis Eorpach um Thógáil Tithíochta: earnáil tógála atá níos iomaíche agus níos táirgiúla
1Iomaíochas an éiceachórais tógála a neartú
Tá dúshlán struchtúrach roimh an Eoraip maidir le hinacmhainneacht tithíochta. Is cuid ríthábhachtach í an Straitéis Eorpach um Thógáil Tithíochta — an colún tionsclaíoch — de Phacáiste Tithíochta Inacmhainne an Choimisiúin, arb é is aidhm dó tithíocht a dhéanamh níos inacmhainne do gach Eorpach. Dírítear sa Straitéis ar an iomaíochas, an táirgiúlacht agus an nuálaíocht san earnáil tógála a neartú. Cé go gcuireann rialacha comhchuibhithe maidir le táirgí agus seirbhísí foirgníochta sa Mhargadh Aonair le creat de chuid an Aontais, tá an tithíocht fós mar inniúlacht agus freagracht de chuid na mBallstát, na réigiún agus na gcathracha den chuid is mó. Dá bhrí sin, tá iarracht chomhbheartaithe ó institiúidí an Aontais, ó rialtais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, ó institiúidí airgeadais agus ó pháirtithe leasmhara tionsclaíocha ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na tithíochta.
Tá roinnt tosca is cúis leis an ngéarchéim tithíochta, lena n‑áirítear roinnt tosca san earnáil tógála. Chuir athruithe ar éileamh, soláthar teoranta tithíochta, costais tógála atá ag ardú agus bearnaí leanúnacha táirgiúlachta le ganntanas tithíochta. In aon trian de réigiúin an Aontais, níor éirigh leis an earnáil tógála coinneáil suas leis an éileamh déimeagrafach a bhí ag dul i méid. Tugtar le fios i réamh-mheastacháin ón gCoimisiún go dtiocfaidh méadú breise ar an líon teaghlach sna limistéir sin. Chun freastal ar an mbrú déimeagrafach sin sna deich mbliana amach romhainn, beidh ar an Eoraip 650 000 teaghais a chur isteach in aghaidh na bliana sa bhreis ar an 1,6 milliún teaghais atá á dtógáil faoi láthair. Tá gá freisin leis an ráta athchóirithe atá ann faoi láthair a dhúbailt faoi 16 % faoi 2030 agus le feabhas foriomlán a chur ar fheidhmíocht fuinnimh an stoic foirgneamh cónaithe chun rannchuidiú le soláthar tithíochta inacmhainne, inbhuanaithe, athléimneacha agus ardcháilíochta.
Léirítear an ganntanas tithíochta sa treocht in airde maidir le praghsanna le haghaidh teaghaisí ar cíos agus teaghaisí úinéir-áitithe araon. Ó bhí 2013 ann, tá méadú níos mó ná 60 % tagtha ar phraghsanna tithe i dtéarmaí ainmniúla ar fud an Aontais, praghsanna atá ag méadú níos tapa ná ioncam, agus tá impleachtaí díreacha aige sin don chuimsiú sóisialta agus do shoghluaisteacht an lucht saothair. Is limistéir faoi strus iad go leor ceantair chathrach agus cinn scríbe turasóireachta a bhfuil an brú is mó orthu.
Chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin a bhaineann le hinacmhainneacht tithíochta, ní mór don Aontas Eorpach aghaidh a thabhairt ar an mbearna idir soláthar agus éileamh tithíochta, in éineacht le bearta eile a áirítear sa Phlean Tithíochta Inacmhainne. Ní mór dúinn na creatchoinníollacha a chruthú chun a áirithiú gur féidir leis an earnáil tógála a ról a imirt mar chumasóir tithíochta inacmhainne, inbhuanaithe, athléimní agus ardcháilíochta. Trí tháirgiúlacht, acmhainneacht agus iomaíochas an éiceachórais tógála ina iomláine a mhéadú, beifear in ann borradh a chur faoin soláthar tithíochta agus cuspóirí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil an Aontais a bhaint amach.
Sa bhreis ar an ról tábhachtach atá aige tithíocht ardcháilíochta a chur ar fáil do shaoránaigh den Aontas, cuireann an t‑éiceachóras tógála go mór le geilleagar agus fás na hEorpa; tá sé ar cheann de na trí éiceachóras thionsclaíocha is mó san Aontas. Tá an lámh in uachtar ag FBManna, micrifhiontair den chuid is mó, arb iad is cúis le 99 % de na cuideachtaí gníomhacha. Cuimsíonn sé slabhra luacha casta agus idirspleách, ó amhábhair agus táirgí foirgníochta go dearadh, innealtóireacht, tógáil, athchóiriú agus cothabháil foirgneamh. Tá cuid mhór den éiceachóras ag feidhmiú laistigh den réimse poiblí, trí oibreacha a sholáthar go poiblí agus trí innealtóireacht shibhialta agus infheistíocht i dtithíocht shóisialta. Agus 6,6 milliún cuideachta san éiceachóras sin, cuirtear poist ar fáil do níos mó ná 27 milliún duine agus cuireann sé 12 % le holl-bhreisluach an Aontais.
Mar sin féin, tá feidhmíocht reatha an éiceachórais fós faoi bhun na hacmhainneachta. As na hearnálacha tionsclaíochta uile, tá an laghdú is mó tagtha ar tháirgiúlacht san earnáil tógála ó bhí 2019 ann. Tá méadú níos tapa tagtha ar chostais tógála ná ar bhoilsciú, arna spreagadh ag costais arda ábhair agus saothair nár fritháiríodh le feabhsuithe éifeachtúlachta. Thairis sin, is é an t‑éiceachóras tionsclaíoch sin an t‑éiceachóras a bhfuil an digitiú is lú déanta air fós san Eoraip, agus níl ach 55 % de ghnólachtaí a úsáideann ardteicneolaíochtaí digiteacha, i gcomparáid le meán 76 % sna héiceachórais eile. Tá infheistíochtaí fadtéarmacha sa chlaochlú digiteach beartaithe ag níos lú ná 10 % de chuideachtaí. Tá laghdú 8 % tagtha ar tháirgiúlacht oibre in aghaidh na huaire san earnáil tógála ó bhí 2019 ann, agus tá gnóthachain bheaga tagtha ar gheilleagar an Aontais ina iomláine. Bhain an bhearna tháirgiúlachta sin an bonn d’inacmhainneacht tithíochta agus d’iomaíochas tionsclaíoch araon.
An tráth céanna, tá acmhainneacht ollmhór ag an earnáil tógála astaíochtaí a laghdú. Is í is cúis le breis agus 35 % de ghiniúint dramhaíola an Aontais agus 5-12 % d’iomlán na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa náisiúnta. Is féidir le húsáid ábhar tógála ísealcharbóin agus bithbhunaithe cuidiú le laghdú thart ar 40 % a dhéanamh ar charbón corpraithe i bhfoirgnimh. Tá sé ríthábhachtach dlús a chur leis an athchóiriú ar an stoc foirgneamh atá againn cheana chun ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú a thuilleadh, chun ár n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun cáilíocht an aeir a fheabhsú.
Is é an príomhdhúshlán nach mór aghaidh a thabhairt air na costais a laghdú le haghaidh na bpáirtithe leasmhara uile a oibríonn laistigh den éiceachóras tógála. Chuige sin, tá gá le bearta simpliúcháin, arna soláthar tríd an digitiú a mhéadú ar fud an tslabhra luacha, agus tríd an ualach riaracháin a laghdú le haghaidh na ngníomhaithe uile lena mbaineann. Ina theannta sin, ní mór na rialacha a chomhchuibhiú a thuilleadh chun na costais chomhlíonta a laghdú, go háirithe trí dhlús a chur leis an gcaighdeánú. Leanfaidh an Coimisiún agus na húdaráis iomaíochta náisiúnta de bheith ar an airdeall maidir le haon chleachtas frithiomaíoch san earnáil.
Is iomaí cleas atá ann chun iomaíochas an éiceachórais tógála a mhéadú. Tríd an ualach riaracháin a laghdú agus dlús a chur le nósanna imeachta ceadaithe, is féidir dlús a chur le soláthar oibreacha foirgníochta i margaí tithíochta príobháideacha agus margaí tithíochta poiblí araon. Nuair a chuirfear go mór leis an nuálaíocht agus nuair a ghlacfar le teicneolaíochtaí nua, tarraingeofar micrifhiontair isteach i sreabhadh an digitithe agus i dtáirgiúlacht mhéadaithe. Is féidir le dul i bhfód méadaithe táirgí agus modhanna foirgníochta nuálacha ar an margadh borradh a chur faoin táirgiúlacht agus tithíocht ar mórscála a cheadú. Le forbairt na margaí le haghaidh ábhair chiorclacha agus dramhaíl tógála, méadófar an rochtain ar ionchuir agus méadófar an athléimneacht. Is dócha go mbeidh íomhá fheabhsaithe den earnáil mar áit oibre mar thoradh ar an éileamh ar oibrithe oilte sa slabhra luacha, lena n‑áirítear scileanna a bhaineann leis an digitiú agus leis an uathoibriú, rud a mheallfaidh níos mó ban agus daoine óga. Ar deireadh, trí aghaidh a thabhairt ar na héagsúlachtaí rialála leanúnacha, tacófar le fíor-Mhargadh Aonair a chruthú i seirbhísí tógála agus suiteála.
Ní mór dúinn gníomhú i gceithre réimse tosaíochta chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht táirgiúlachta an éiceachórais tógála:
·Nósanna imeachta ceadaithe cónaithe agus riaracháin a shimpliú agus a dhigitiú;
·Tacú leis an nuálaíocht agus leis an uas-scálú san earnáil tógála chun táirgí nuálacha agus teicneolaíochtaí nua a chur in úsáid ar scála laistigh den Mhargadh Aonair;
·Rochtain ar amhábhair agus ar ábhair thánaisteacha a fháil chun soláthar cobhsaí, inacmhainne agus inbhuanaithe ábhair a áirithiú;
·Rochtain ar sheirbhísí agus ar scileanna a áirithiú trí dhul i ngleic le ganntanais, trí dheireadh a chur le bacainní ar sholáthar seirbhísí trasteorann agus trí shoghluaisteacht gairmithe agus oibrithe a chur chun cinn.
Cuireann an Straitéis seo leis an nuachóiriú a rinneadh le déanaí ar an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta (RTF). Beidh caighdeáin arna nglacadh faoi RTF, i gcomhréir le Plean Oibre RTF do 2026-2029 a foilsíodh inniu, ríthábhachtach chun tacú le comhchuibhiú ar fud an Mhargaidh Aonair. Baintear amach leis cuspóirí na Straitéise um an Margadh Aonair agus na moltaí maidir leis an gConair Aistrithe Foirgníochta i dtreo éiceachóras tógála níos glaise, níos digití, níos athléimní agus níos iomaíche a bhaint amach.
2An t‑éiceachóras a shimpliú agus a dhigitiú
Chun leas iomlán a bhaint as an éiceachóras tógála, ní mór dúinn féachaint ar dtús ar an gcaoi a n‑éireoidh linn é a oibriú ar bhealach níos éasca agus níos tapa le haghaidh na ngníomhaithe uile lena mbaineann. Ní mór aghaidh a thabhairt ar bhonn tosaíochta ar chastacht agus ar shriantacht an chreata dhlíthiúil agus ar ghlacadh íseal an digitithe.
Tá forbairt agus tógáil tithíochta faoi réir rialacha, atá i bhfoirmeacha éagsúla, lena n‑áirítear cóid tógála, beartais úsáide talún agus criosaithe, agus caighdeáin chomhshaoil. Is iad na Ballstáit a leagann síos formhór na rialacha a mbíonn tionchar acu ar an soláthar tithíochta, lena n‑áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil. Leis na rialacha sin, caomhnaítear ár sábháilteacht agus ár gcáilíocht saoil, cuirtear cuspóirí sóisialta agus eacnamaíocha chun cinn, agus cosnaítear ár gcomhshaol agus ár n‑oidhreacht chultúrtha. Mar sin féin, is minic a eascraíonn srianta tábhachtacha, speansais, moill agus éiginnteacht as a gcarnadh, a gcastacht agus a n‑ilroinnt, rud a mhéadaíonn costas iomlán na tógála. Is minic a bhíonn srianta neamhbheartaithe ar an soláthar tithíochta mar thoradh ar an gcastacht riaracháin.
Le nósanna imeachta ceadaithe atá casta, sriantach, mall agus éiginnte, rannchuidítear a thuilleadh le costais tógála tithíochta a mhéadú agus le haschur foriomlán na tógála a theorannú, i gcás foirgnimh nua agus athchóirithe araon. Cé go bhfuil ról rialála fíor-riachtanach ag ceadanna tógála trína áirithiú go gcomhlíontar an creat rialála ilsrathach, lena gcastacht, lena n‑ilroinnt agus lena n‑iolrú cruthaítear neamhéifeachtúlachtaí, díspreagtar infheistíocht agus cuirtear bac ar mhodhanna tógála nuálacha a ghlacadh amhail monaraíocht lasmuigh den láthair agus priontáil 3T.
Dá bhrí sin, is é an dúshlán atá ann an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir maoirseacht, coinníollacha agus srianta riachtanacha, agus éifeachtúlacht nós imeachta.
Tá dúshláin iomadúla roimh fhorbróirí tionscadail ar fud an Aontais le linn an phróisis iarratais ar cheadanna le haghaidh foirgnimh chónaithe. Is minic a bhíonn rialacháin náisiúnta agus áitiúla ilroinnte agus casta, gan aon spriocdhátaí soiléire d’údaráis phoiblí chun freagra a thabhairt. Is minic a bhíonn ar iarratasóirí ‘fo-cheadanna’ iomadúla ar leithligh a fháil agus is minic a bhíonn léirmhíniú na rialacha náisiúnta agus áitiúla neamhréireach. D'fhéadfadh sé go mairfidh céim an iarratais a bheith idir 3 mhí agus 24 mhí, agus éagsúlacht mhór ann idir na Ballstáit agus laistigh díobh araon. Leis an gcéim achomhairc, d’fhéadfadh síneadh níos faide fós a chur leis an bpróiseas. Leis na moilleanna sin, méadaítear costais agus éiginnteacht go mór, go háirithe do FBManna, rud a fhágann go bhfuil riosca níos mó ag baint le tionscadail tithíochta agus nach bhfuil siad chomh tarraingteach céanna d’infheisteoirí. D’ainneoin comhaontú leathan maidir leis an ngá atá le hathchóiriú, níl aon fhorléargas cuimsitheach ann ar cheadú ar fud an Aontais, ná níl bonnlíne láidir inchomparáide ann chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus chun beartas a threorú.
Ó thaobh an digitithe de agus i gcomparáid le héiceachórais eile, tá éiceachóras tógála na hEorpa ag titim chun deiridh i ngach cuid de shaolré foirgneamh agus oibreacha tógála. Áirítear leis sin dearadh, pleanáil agus ceadú, tógáil, oibriú, athchóiriú, agus féidearthachtaí deiridh ré. Tá dul chun cinn an digitithe ar fud an Aontais míchothrom i gcónaí, ós rud é go nglacann na Ballstáit cineálacha éagsúla cur chuige rialachais agus go n‑oibríonn siad ar leibhéil éagsúla aibíochta teicneolaíche. Ina theannta sin, mar gheall ar an easpa comhtháthaithe agus idir-inoibritheachta idir córais, tá sé deacair sonraí iontaofa maidir le foirgnimh agus ábhair a bhailiú agus a anailísiú, rud atá fíor-riachtanach chun spriocanna tógála inbhuanaithe agus spriocanna an gheilleagair chiorclaigh a bhaint amach, agus chun cur go mór le gníomhaíochtaí. Tá acmhainneacht neamhshaothraithe ann maidir le creat comhleanúnach a chruthú lena dtugtar le chéile ceadú digiteach, an Pas Táirge Digiteach (faoin Rialachán nua maidir le Táirgí Foirgníochta), agus Logleabhair Foirgnimh Dhigiteacha.
Má nuachóirítear nósanna imeachta riaracháin, agus má laghdaítear srianta, go háirithe iad siúd a bhaineann le ceadú le haghaidh tógála agus athchóirithe araon, d’fhéadfadh sé sin a bheith ina spreagadh cumhachtach d’fheabhsuithe táirgiúlachta a eascraíonn as digitiú níos leithne san earnáil, go háirithe do FBManna. Ní hamháin go ndéanfadh sé ceadú níos tapa agus níos éifeachtúla ach rannchuideodh sé freisin le comhroinnt sonraí agus trédhearcacht níos fearr ar fud an luachshlabhra tógála.
2.1Nósanna imeachta ceadaithe a shimpliú
Trí cheanglais cheadaithe a shimpliú, agus trí phróisis cheadúcháin a dhigitiú, d’fhéadfaí níos mó cinnteachta a bheith ann agus, dá bhrí sin, tairbhí eacnamaíocha substaintiúla a bheith ann. Measadh i gcás-staidéar i bPrág go gcuireann próiseas fada ceadúcháin cónaithe thart ar 16,5 % le costais foirgníochta cónaithe. Tá sé léirithe cheana féin ag uirlisí digiteacha amhail Samhaltú Faisnéise Foirgnimh (SFF) go bhfuil sé d’acmhainn acu ualaí riaracháin a laghdú agus amanna cinnteoireachta a ghiorrú i dtionscadail tithíochta poiblí agus i dtionscadail tithíochta príobháidí araon. Sna Ballstáit a bhfuil dul chun cinn déanta acu cheana féin sa réimse sin, tá na tairbhí nithiúla soiléir cheana féin. Maidir le córais cheadaithe atá bunaithe ar SFF a cuireadh chun feidhme san Fhionlainn, rannchuidíodh le hamanna próiseála a laghdú, trédhearcacht a mhéadú agus cáilíocht sonraí a fheabhsú.
Tá na chéad chéimeanna á nglacadh i dtreo simpliú a dhéanamh ar cheadú trí ualaí riaracháin sa reachtaíocht chomhshaoil a shimpliú, lena n‑áirítear an togra reachtach maidir le dlús a chur le measúnuithe comhshaoil. Moltar do na Ballstáit úsáid a bhaint as na forálacha sa phacáiste seo a mhéid is féidir, chun dlús a chur le próisis phleanála, chriosaithe agus cheadúcháin forbairtí tithíochta agus bonneagair ghaolmhair.
Chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a dhéanann difear go sonrach do thionscadail tithíochta, déanfaidh an Coimisiún staidéar chun measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar nósanna imeachta ceadaithe tógála ar fud na 27 mBallstát. Leis an gcleachtadh sin, a bheidh ar siúl ó mhí na Nollag 2025 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2026, déanfar meastóireacht ar mhéid an digitithe laistigh de nósanna imeachta ceadaithe náisiúnta agus scrúdófar an difear a dhéanann ceanglais reachtacha agus theicniúla do sholáthar tithíochta, bíodh sin le haghaidh foirgnimh nua, athchóirithe nó athrú cuspóra. Déanfaidh sé meastóireacht ar fhorluí na rialachán is infheidhme atá ann cheana agus déanfaidh sé measúnú ar na príomh-neamhéifeachtúlachtaí agus na príomhscrogaill sna nósanna imeachta. Déanfar anailís ann freisin ar an tionchar a bhíonn ag na ceanglais sin ar iomaíochas na hearnála tógála ar fud AE27 agus sainaithneofar tionscnaimh náisiúnta ábhartha arb é is aidhm dóibh próisis cheadúcháin a shimpliú, a luathú nó a dhigitiú. Tabharfar aird ar na constaicí a bhíonn roimh fhiontair bheaga agus micrifhiontair.
Cuirfidh an staidéar leis an obair a dhéanfaidh an Coimisiún amach anseo, lena n‑áirítear pacáiste simplithe tithíochta a ullmhú in 2027 agus an Gníomh um Thithíocht Inacmhainne. Ina theannta sin, bunaithe ar thorthaí an mheasúnaithe sin, féadfaidh an Coimisiún treoraíocht agus dea-chleachtais a fhorbairt freisin chun cuidiú leis na Ballstáit, agus coimhdeacht á hurramú acu, córais cheadaithe chuíchóirithe atá go hiomlán digiteach a thabhairt isteach ar fud an Mhargaidh Aonair. Oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit chun tuilleadh simplithe a dhéanamh agus chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn sna Ballstáit, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, tríd an gComhghuaillíocht Eorpach Tithíochta a bheidh ann amach anseo.
Is féidir leis na Ballstáit tairbhiú de thacaíocht an Aontais ina n‑iarrachtaí nósanna imeachta ceadaithe a chuíchóiriú agus a dhigitiú. Is féidir leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil cúnamh teicniúil agus airgeadais a chur ar fáil chun cabhrú leis na Ballstáit an acmhainneacht riaracháin is gá a fhorbairt agus na hathchóirithe is gá a dhéanamh. Le ‘Foireann Uirlisí um Cheadanna Tógála Digiteacha d’Údaráis Phoiblí’ 2024, cuirtear tacaíocht phraiticiúil ar fáil agus cuirtear chun cinn glacadh an cheadaithe atá bunaithe ar SFF agus cuirtear uirlisí nithiúla ar fáil do riaracháin áitiúla.
Gníomhaíocht 1 — Nósanna imeachta ceadaithe a shimpliú agus a dhigitiú
- Oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit chun nósanna imeachta ceadaithe náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a shimpliú trí mhapáil chríochnúil, rud a d’fhéadfadh cur leis an bpacáiste simplithe tithíochta (2027) agus leis an nGníomh um Thithíocht Inacmhainne (R4 2026).
- Leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt d’athchóirithe na mBallstát agus d’ionstraimí cistiúcháin a ghiaráil (Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta, cistí an bheartais chomhtháthaithe agus an Eoraip Dhigiteach).
.ne
2.2Borradh a chur faoin digitiú san éiceachóras tógála
Ní mór simpliú a dhéanamh san éiceachóras tógála tríd an digitiú, chun intuarthacht agus luas a mhéadú do na gníomhaithe uile lena mbaineann. Tá an Coimisiún Eorpach tiomanta tuilleadh tacaíochta a thabhairt do ghlacadh méadaithe teicneolaíochtaí digiteacha san éiceachóras tógála.
Cé go bhfuil go leor uirlisí digiteacha ann cheana agus go bhfuil uirlisí eile á bhforbairt, tá a n‑idir-inoibritheacht fós fo-optamach. Trí fheabhas a chur ar an idir-inoibritheacht, cuirfear gnóthachain éifeachtúlachta mhóra ar fáil. Éascófar córais sonraí aonuaire agus malartú faisnéise feadh shaolré an tionscadail foirgníochta, ón gcéim dheartha go dtí na nósanna imeachta ceadaithe, an chéim shuiteála ar an láthair, an chéim úsáide agus deireadh ré. Ní hamháin go bhfeabhsaítear leis an idir-inoibritheacht sin éifeachtúlacht cheadaithe, ach cumasaítear cur i bhfeidhm rialacha níos comhsheasmhaí freisin, tacaítear le spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh agus leis an gciorclaíocht. Trí shonraí bailíochtaithe a athúsáid ar fud na gcóras, laghdaítear an t‑ualach riaracháin ar ailtirí, innealtóirí agus forbróirí. An tráth céanna, beidh na húdaráis in ann faireachán níos éifeachtúla a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas sábháilteachta, inrochtaineachta, éifeachtúlachta fuinnimh, athléimneachta uisce agus inbhuanaitheachta.
Is bunchloch é an Rialachán nua maidir le Táirgí Foirgníochta (RTF) chun tacú le tuilleadh sreafaí sonraí digiteacha san earnáil tógála. Ceanglaítear le RFF go gcuirfear an fhaisnéis uile ar fáil maidir le táirgí foirgníochta (lena n‑áirítear faisnéis theicniúil, feidhmíocht dóiteáin, faisnéis sábháilteachta, tionchair ar an gcomhshaol agus faisnéis ábhartha eile) i ndearbhú feidhmíochta agus comhréireachta idir-inoibritheach digiteach.
Leis an bPas Táirge Digiteach, a bheidh éigeantach faoi RTF nua, ó 2028 ar aghaidh, beifear in ann an fhaisnéis sin a úsáid le haghaidh feidhmeanna éagsúla amhail dearadh foirgneamh, faireachas margaidh nó i logleabhair fhoirgnimh dhigiteacha le haghaidh athchóirithe níos déanaí. Trí chóras digiteach aontaithe uile-Aontais a chur in ionad doiciméid pháipéir, bunachair sonraí náisiúnta agus doiciméadacht PDF scaipthe, leis an bpas táirge digiteach cuirfear sonraí iontaofa fíoraithe maidir le táirgí ar fáil do na páirtithe leasmhara uile i bhfoirm mheaisín-inléite. Dá réir sin, simpleoidh sé nósanna imeachta, laghdóidh sé costais riaracháin agus cuirfidh sé feabhas ar thrédhearcacht. Cuirfidh an pas táirge digiteach ar a gcumas do dhearthóirí, do chonraitheoirí agus d’údaráis phoiblí faisnéis inchomparáide a aimsiú maidir le feidhmíocht theicniúil agus chomhshaoil táirgí. Cuirfidh an pas táirge digiteach feabhas ar chiorclaíocht san earnáil tógála toisc go mbeidh sé níos éasca faisnéis a chomhroinnt maidir le hath-inúsáidteacht agus in-athchúrsáilteacht ábhar in iniúchtaí réamhscartála. Le comhroinnt faisnéise fheabhsaithe maidir le lorg carbóin na n‑ábhar tógála, tacófar le príomh-mhargaí a fhorbairt le haghaidh táirgí foirgníochta ísealcharbóin, lena n‑áirítear bith-tháirgí.
Agus an pas táirge digiteach á chomhlánú aige, agus bunaithe ar dhea-chleachtais agus ar ábhair a bailíodh, cuirfidh an Coimisiún rolladh amach comhchuibhithe Logleabhar Foirgnimh Digiteach (LFDanna) chun cinn ar fud an Aontais. D’fhéadfadh LFDanna a bheith ina bhfoinse aonair le haghaidh faisnéis faoi fhoirgnimh ó dhearadh agus tógáil go hathchóiriú agus scartáil, rud a d’fhágfadh go mbeadh cinnteoireacht níos fearr ann ag gach céim dá saolré. Chun éiceachóras digiteach idirnasctha a chur i gcrích, oibreoidh an Coimisiún ar iarraidh ar chaighdeánú le haghaidh caighdeán LFD. Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún sásra chun cinn le haghaidh malartú sonraí agus comhiomlánú sonraí ar fud LFDanna chun éifeachtúlacht fuinnimh agus uisce, foirgníocht chiorclach agus athchóiriú a éascú a thuilleadh.
Is é an cuspóir deiridh uirlisí digiteacha a nascadh go hiomlán amhail an pas táirge digiteach le haghaidh táirgí foirgníochta, LFDanna, córais cheadaithe dhigiteacha, agus iniúchtaí réamhscartála chun idir-inoibritheacht iomlán a áirithiú agus chun leas a bhaint as na tairbhí uile a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an digitiú san éiceachóras tógála. Amach anseo, thairbheodh na cuideachtaí atá ag feidhmiú san éiceachóras tógála de na feidhmiúlachtaí freisin a chuirtear ar fáil leis an Tiachóg le haghaidh Gnó chun a n‑oibríochtaí a éascú agus a bhrostú a thuilleadh, mar shampla trína húsáid – i sineirgíocht leis an bPas Táirge Digiteach – le haghaidh foirmeacha agus údaruithe chun nósanna imeachta idir-inoibritheacha rianúla sa Mhargadh Aonair a chumasú. Ní mór é sin a bhaint amach i gcomhréir iomlán leis na rialacha maidir le cosaint sonraí agus ardchaighdeáin chibearshlándála á gcur san áireamh.
Chun dlús a chur le haistriú digiteach na hearnála, tá cur chuige ‘tús áite don intleacht shaorga’ á chur chun cinn ag an gCoimisiún faoin Straitéis um chur i bhfeidhm na hIntleachta Saorga. Leis an gcur chuige sin, spreagtar glacadh teicneolaíochtaí intleachta saorga ar fud na monaraíochta, na hinnealtóireachta agus na tógála chun feabhas a chur ar dhearadh, ar phleanáil, ar thógáil agus ar phróisis deireadh ré. Áirítear ar na príomhfheidhmeanna tosaíochta samhlacha SFF arna nginiúint ag an intleacht shaorga le haghaidh foirgnimh atá ann cheana, seiceáil comhlíontachta uathoibrithe le haghaidh ceadanna tógála agus pleanáil láithreáin le cúnamh ón intleacht shaorga agus optamú dearaidh.
Thairis sin, leanann an Coimisiún de bheith ag obair go dlúth le Tascghrúpa SFF an Aontais agus leis an bpobal ‘SFF agus Soláthar Poiblí’ laistigh de Thionscnamh na gCeannaitheoirí Poiblí. Díríonn an comhar sin ar úsáid SFF ag údaráis phoiblí a mhéadú, ós rud é go bhfuil ról lárnach acu maidir le caighdeáin dhigiteacha a leagan síos trí chleachtais soláthair agus cheadaithe.
Gníomhaíocht 2 — Dul i dtreo dhigitiú iomlán an Mhargaidh Aonair don Earnáil Tógála
- Le cur i bhfeidhm éigeantach an Phas Táirge Dhigitigh ó 2028 ar aghaidh, beidh rochtain éasca ag na páirtithe leasmhara agus na feidhmchláir uile ar na sonraí a bhaineann le táirgí foirgníochta.
- Is é an chéim bhreise sa digitiú córas comhchuibhithe a rolladh amach le haghaidh Logleabhair Fhoirgnimh Dhigiteacha, agus iarraidh ar chaighdeánú mar an chéad chéim (i R1 2026 agus é mar chuspóir caighdeán comhchuibhithe LFD a bheith ann faoi dheireadh 2028).
Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit agus ar pháirtithe leasmhara an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na hionstraimí cistiúcháin iomadúla atá ar fáil chun tacú le hathchóirithe digiteacha san earnáil tógála, amhail córais dhigiteacha um cheadanna tógála a chruthú, bonneagair sonraí na hearnála poiblí a nuachóiriú, spásanna sonraí agus uirlisí intleachta saorga a chur in úsáid ar féidir leo a bheith mar bhonn taca faoi sheiceáil uathoibrithe comhlíontachta agus leathchúplaí digiteacha le haghaidh foirgneamh — iad uile ag rannchuidiú le héiceachóras tógála níos éifeachtúla, sonraíbhunaithe agus inbhuanaithe.
3Dlús a chur leis an nuálaíocht agus an margadh tógála a nuachóiriú
De réir Shuirbhé Infheistíochta 2024 ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI), níor thuairiscigh ach 24 % de ghnólachtaí tógála gur thug siad táirgí, próisis nó seirbhísí nua isteach in 2023, rud atá i bhfad faoi bhun mheán 32 % an Aontais d’earnálacha eile. Tá an earnáil san áit dheireanach freisin i measc na 14 éiceachóras thionsclaíocha de chuid an Aontais maidir le hinfheistíochtaí a bhfuiltear ag súil leo le déanaí agus san fhadtéarma araon sa chlaochlú digiteach. Is toisc é sciar ard na FBManna in éiceachóras tógála an Aontais, ós rud é gur gnách go mbíonn níos mó srianta ar FBManna ó thaobh caipiteal airgeadais agus caipiteal daonna de chun an claochlú digiteach a chur chun cinn.
Cuireann an t‑easnamh nuálaíochta sin bac ar tháirgiúlacht agus cuireann sé teorainn le cumas na hearnála freagairt do riachtanais tithíochta atá ag dul i méid chomh maith le cuspóirí aeráide agus fuinnimh. Gan éiceachóras nuálaíochta níos láidre, tá an baol ann go dtitfidh an tAontas chun deiridh ar iomaitheoirí domhanda i réimsí amhail foirgníocht mhodúlach, ábhair ísealcharbóin (lena n‑áirítear ábhar bithbhunaithe, athúsáidte agus athchúrsáilte) agus teicneolaíochtaí foirgnimh chliste.
Leas a bhaint as taobh an tsoláthair: an gá atá le nuálaíocht thionsclaíoch agus dhigiteach a mhéadú
Trí bhorradh a chur faoi ghlacadh ardteicneolaíochtaí ar fud na hearnála tógála, is féidir feabhas mór a chur ar luas, ar chostéifeachtúlacht agus ar inbhuanaitheacht. I measc na bpríomhnuálaíochtaí tá tógáil uathoibrithe agus róbataice, priontáil 3T, tógáil lasmuigh den láthair agus tógáil mhodúlach, ábhair ísealcharbóin (lena n‑áirítear ábhair bhithbhunaithe) agus feidhmchláir intleachta saorga le haghaidh dearaidh, bainistiú tionscadal agus oibriú saoráidí, a dtagann go leor acu ó ghnólachtaí digiteacha atá ag méadú agus ó FBManna.
Ina measc sin, is iad réitigh maidir le hathchóiriú agus foirgníocht lasmuigh den láthair agus foirgníocht mhodúlach an acmhainneacht is soiléire chun dlús a chur leis an soláthar tithíochta go tapa. Trí chodanna móra den phróiseas tógála a aistriú go timpeallachtaí monarchan rialaithe, laghdaítear earráidí, déantar an táirgeadh a chuíchóiriú, agus giorraítear amlínte tógála. Fágann sé sin go bhfuil réitigh lasmuigh den láthair an-tarraingteach do thithíocht shóisialta agus inacmhainne, áit a bhfuil luas, cáilíocht agus costéifeachtúlacht ríthábhachtach. Thairis sin, is minic is féidir comhpháirteanna modúlacha a dhíchóimeáil agus a athúsáid, rud a chuireann leis an gciorclaíocht agus le héifeachtúlacht acmhainní. Faoin Bauhaus Eorpach Nua, forbróidh an Coimisiún catalóg maidir le treoirphlean lena dtacófar le malartú dea-chleachtas agus arb é is aidhm di ceadú a éascú.
Lasmuigh de thithíocht intíre, tá méadú ag teacht ar an éileamh atá ar chórais mhodúlacha agus réamhdhéanta ar iarrachtaí atógála i réigiúin ghéarchéime, amhail an Úcráin agus Gaza chomh maith le limistéir a ndéanann adhaimsir agus teagmhais aeráide nó tubaistí nádúrtha eile difear dóibh. Tá cumais láidre theicneolaíocha ag cuideachtaí an Aontais cheana féin agus d’fhéadfaidís a bheith ina gceannairí domhanda sa mhargadh méadaitheach seo, má laghdaítear bacainní agus má dhéantar caighdeáin a chomhchuibhiú
.
Mar sin féin, tá sé fós deacair na nuálaíochtaí sin a uas-scálú. Toisc go bhfuil 27 gcód tógála náisiúnta agus rialacháin réigiúnacha éagsúla ann an tráth céanna, déantar an margadh a ilroinnt agus cuirtear teorainn le hinscálaitheacht. Baineann an easpa caighdeán comhchuibhithe an bonn d’iontaofacht, méadaítear an riosca agus ardaítear costais mhaoiniúcháin do tháirgeoirí agus d’úinéirí tionscadail. Cuireann an infheistíocht tosaigh ard is gá le haghaidh saoráidí lasmuigh den láthair, mar aon le héileamh éiginnte agus cumhdach árachais teoranta, srian breise ar an bhfás
. Chun a lánacmhainneacht a bhaint amach, a mheastar ag fás bliantúil 4,5 % d’fhoirgnimh chónaithe
, ní mór bacainní ar thógáil lasmuigh den láthair a laghdú.
Taobh an éilimh a chur chun cinn: margadh a chruthú le haghaidh tógáil inbhuanaithe athléimneach
Chun an nuálaíocht ar thaobh an tsoláthair a chomhlánú, ní mór don Aontas éileamh an mhargaidh ar tháirgí inbhuanaithe athléimneacha nuálacha a neartú freisin. Leis an aistriú chuig an aeráidneodracht, tá méadú ag teacht ar an ngá atá le hábhair ísealcharbóin amhail stroighin ísealcharbóin, coincréit ísealcharbóin, cruach astaíochtaí ísle, cion athchúrsáilte i dtáirgí, táirgí bithbhunaithe agus athúsáidte.
Neartóidh an Coimisiún an t‑aistriú sin trí cheanglais inbhuanaitheachta agus athléimneachta a thabhairt isteach le haghaidh soláthar poiblí táirgí ísealcharbóin de dhéantús an Aontais sa Ghníomh um Dhlús a chur leis an Tionsclaíocht. Leis na bearta sin, cúiteofar an nuálaíocht agus, an tráth céanna, tacófar le caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta an Aontais. Saineofar na critéir, na sainmhínithe agus na lipéid le haghaidh táirgí foirgníochta le RTF.
An tráth céanna, cuideoidh an t‑athbhreithniú atá ar na bacáin ar an Treoir maidir le Soláthar Poiblí, trí inbhuanaitheacht sa tairiscint a éascú, le héileamh cobhsaí a chruthú ar tháirgí foirgníochta ísealcharbóin (lena n‑áirítear táirgí bithbhunaithe) agus ar mhodhanna nuálacha amhail réitigh núíosacha maidir le tógáil mhodúlach, a tháirgeann FBManna go minic. Breithneofar sa phróiseas athbhreithnithe freisin, i measc gnéithe eile, saincheist na fochonraitheoireachta, lena n‑áirítear freagrachtaí agus cáilíochtaí conraitheoirí agus trédhearcacht i slabhraí soláthair a d’fhéadfadh cuidiú le mí-úsáidí a chomhrac agus tacú le fostóirí macánta san earnáil tógála. Trí mhargadh ollmhór soláthair phoiblí an Aontais a ghiaráil, is féidir an riosca a bhaineann le hinfheistíochtaí príobháideacha a laghdú, dlús a chur leis an acmhainneacht táirgeachta agus costais a laghdú trí bharainneachtaí scála. Ar deireadh, tacóidh tionscnaimh faoin Straitéis Bhithgheilleagair leis an earnáil tógála mar cheann de na príomh-mhargaí le haghaidh táirgí bithbhunaithe.
I gcomhréir le cuspóirí na Straitéise Bithgheilleagair, forbrófar leis an gCreat Deimhniúcháin maidir le hAistriú Dé-Ocsaíde Carbóin agus Feirmeoireacht Carbóin deimhniú ar stóráil fhadtéarmach carbóin bhithghinigh i bhfoirgnimh. Cuirfidh sé sin níos mó infheictheachta ar fáil do na tairbhí comhshaoil a bhaineann le réitigh bhithbhunaithe san earnáil, rud a mhéadóidh a n‑éileamh ar an margadh.
3.1An creat rialála a nuachóiriú chun glacadh na nuálaíochta a mhéadú
Is céim mhór é an Rialachán nua maidir le Táirgí Foirgníochta i dtreo creat rialála atá níos nua-aimseartha agus níos fabhraí don nuálaíocht. Leis an gcreat dlíthiúil nua, is féidir aghaidh a thabhairt ar na riachtanais theicniúla agus rialála uile, lena n‑áirítear saincheisteanna comhshaoil agus digitiú.
Le próiseas Acquis RTF, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún na caighdeáin chomhchuibhithe uile a forbraíodh le 25 bliana anuas a thabhairt cothrom le dáta faoi 2033 agus cumhdach a leathnú chuig gach fine táirgí ábhartha. Cuireann an próiseas bonn cuimsitheach ar fáil chun forbairt éifeachtúil thapa ar chaighdeánú a ráthú. Tá caighdeáin le haghaidh príomhábhar amhail stroighin á bhforbairt mar thosaíocht chun gur féidir seachadadh tráthúil a dhéanamh. Cuirfidh sé dlús le comhchuibhiú caighdeán táirgí ar fud an Mhargaidh Aonair, rud a laghdóidh ualaí riaracháin agus a éascóidh rochtain ar an margadh le haghaidh táirgí níos inbhuanaithe, rud atá ríthábhachtach go háirithe do FBManna san éiceachóras tógála.
Rannchuideoidh na caighdeáin nua le foirgnimh atá sábháilte, inrochtana agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a thógáil, cuirfidh siad feabhas ar an Margadh Aonair agus laghdóidh siad costais de réir barainneacht scála. Thar aon ní eile, tacóidh RTF leis an aistriú ó chóid foirgníochta náisiúnta shaintreoracha go caighdeáin fheidhmíochtbhunaithe, rud a fhágfaidh go mbeidh níos mó solúbthachta ann do mhodhanna tógála nuálacha. Chun gur féidir córais lasmuigh den láthair agus córais mhodúlacha a chur in úsáid ar bhonn trasteorann, tabharfaidh an Coimisiún tús áite d’fhorbairt caighdeán sonrach le haghaidh táirgí réamhdhéanta, fearais tógála agus aonaid mhodúlacha, rud a chruthóidh margadh aonair do na táirgí sin. Tá ionadaíocht chuí ag FBManna i bhforbairt an chaighdeánaithe agus áiritheoidh an Coimisiún nach gcuirfidh na caighdeáin chomhchuibhithe agus na gníomhartha tarmligthe is infheidhme ualach rómhór ar FBManna.
Chun rialáil a chur i bhfeidhm, eiseoidh an Coimisiún treoraíocht maidir le foirgníocht mhodúlach agus foirgníocht lasmuigh den láthair. Áireofar leis sin dea-chleachtais agus taispeántais rathúla ar chruthúnas coincheapa maidir le sábháilteacht, inrochtaineacht, inbhuanaitheacht, díthógáil thapa agus inacmhainneacht a mhéadú le coincheapa modúlacha agus tacóidh sé le glacadh níos leithne le haghaidh foirgnimh nua agus athchóirithe araon
. Cuirfidh an treoraíocht sin leis na tionscadail rathúla a forbraíodh faoin Aistriú chuig Fuinneamh Glan de chuid LIFE maidir le foirgníocht mhodúlach agus foirgníocht lasmuigh den láthair. Tiocfaidh na hiarrachtaí sin faoi raon feidhme cholún idirnáisiúnta Bauhaus Eorpach Nua freisin, lena n‑áirítear tionscadail atá tiomnaithe d’atógáil na hÚcráine agus do scaipeadh dea-chleachtas ar mhaithe le téarnamh iarchogaidh inbhuanaithe athléimneach.
Ina theannta sin, áiritheoidh an Coimisiún go dtacóidh Eorachód den dara glúin leis an nuálaíocht, mar shampla trí ionstraimí a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar struchtúir atá ann cheana agus chun iad a athúsáid, agus chun ábhair nuálacha a úsáid amhail struchtúir chomhchodacha pholaiméir-snáithín agus struchtúir scannánteannta theannais.
Gníomhaíocht 3 - Borradh a chur faoi ghlacadh na nuálaíochta trí chaighdeáin a fhorbairt
- Cuirfidh an Coimisiún dlús le forbairt caighdeán le haghaidh táirgí foirgníochta faoin RTF nua. Clúdóidh na chéad chaighdeáin nua táirgí stroighin, táirgí struchtúracha miotalacha, gloine, doirse agus fuinneoga. Ghlac an Coimisiún an chéad Phlean Oibre le haghaidh 2026 go 2029 chun RTF a chur chun feidhme, lena n-áirítear tosaíochtaí agus tráthchláir.
- Tá an iarraidh ar fhorbairt caighdeán le haghaidh táirgí foirgníochta agus córais mhodúlacha lasmuigh den láthair á seoladh ag an gCoimisiún, mar thosaíocht faoi phróiseas Acquis RTF (seoladh go luath in 2026, agus é d’aidhm aige an chéad iarraidh ar chaighdeánú a ghlacadh in 2027).
I dteannta a chéile, cruthóidh na gníomhaíochtaí sin dea-thimthriall idir an nuálaíocht agus an t‑éileamh: le Margadh Aonair comhchuibhithe le haghaidh táirgí foirgníochta inbhuanaithe, tabharfar an mhuinín do nuálaithe infheistíocht a dhéanamh, agus ginfear an tarraingt margaidh is gá chun an táirgeadh a uas-scálú le beartais soláthair ghlais agus beartais thionsclaíocha. Trí bhonn rialála agus teicneolaíoch na hearnála tógála a nuachóiriú, is féidir leis an Eoraip tithíocht níos inacmhainne, níos inbhuanaithe agus ar ardchaighdeán a chur ar fáil, i bhfad níos tapa ná mar a bhí sí in ann roimhe seo.
3.2 Úsáid ábhar tógála agus táirgí foirgníochta nuálacha a mhéadú
Chun freastal ar an éileamh méadaitheach ar thógáil atá níos tapa, níos glaise agus níos inacmhainne, ní mór d’earnáil tógála na hEorpa dlús a chur go práinneach leis an infheistíocht a dhéantar in ábhair, táirgí agus teicneolaíochtaí nuálacha. Tacóidh sé sin le fás atá tíosach ar acmhainní, costéifeachtach agus nuálach agus úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha teoranta á háirithiú an tráth céanna.
Tá an dul chun cinn fós mall, srianta mar gheall ar chostais arda forbartha, rialacháin ilroinnte agus maoiniú faichilleach. Mar thoradh air sin, tá méadú ag teacht ar an mbearna idir riachtanais reatha an mhargaidh agus an méid is féidir leis an tionscal a bhaint amach sa lá atá inniu ann. Déanann sé sin difear do FBManna ar an gcéad dul síos, mar gheall ar a n‑acmhainneacht infheistíochta laghdaithe i gcomparáid le cuideachtaí móra.
Chun an bhearna sin a dhúnadh, d’fhógair an Banc Eorpach Infheistíochta ‘Clúdach Iasachtaithe’ dar luach EUR 400 milliún atá tiomnaithe do chuideachtaí, lena n‑áirítear FBManna, ar fud an tslabhra luacha tithíochta, ó tháirgeoirí ábhair go gnólachtaí tógála agus monaróirí trealaimh. Bainfear úsáid as an tionscnamh seo le tacaíocht ó InvestEU agus maoineofar leis teicneolaíochtaí nua a d’fhéadfadh dul i ngleic leis na costais arda tógála agus forbartha agus dlús a chur le soláthar stoc tithíochta nua. Tacóidh sé le nuálaíochtaí sa digitiú, san uathoibriú agus i bhfeidhmchláir IS chun feabhas a chur ar cháilíocht le linn pleanála agus tógála. Áireofar sa raon feidhme teicnící tógála nuálacha, réitigh nuálacha maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite, nuálaíochtaí in ábhair (gloine, stroighin, coincréit, cruach tógála, earraí criadóireachta, táirgí adhmaid, etc.), agus infheistíochtaí taighde, forbartha agus nuálaíochta monaróirí trealaimh, lena n‑áirítear róbataic agus innealra tógála cliste.
Lasmuigh d’imchlúdach iasachtaithe BEI, áireofar san Ardán Infheistíochta Uile-Eorpach nua le haghaidh tithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe, ina bhfuil Grúpa BEI, Bainc Náisiúnta le haghaidh Spreagadh, CEB, BEAF, agus institiúidí airgeadais eile, cur chuige slabhra luacha ón nuálaíocht san earnáil tógála go dtí raon feidhme níos leithne na forbartha eastáit réadaigh, lena n‑uasmhéadófar infheistíocht phoiblí chun infheistíocht phríobháideach bhreise a ghiaráil. Méadóidh an t‑ardán infheictheacht na ndeiseanna infheistíochta i dtithíocht shóisialta, inacmhainne agus inbhuanaithe chun infheisteoirí agus tionscnóirí tionscadail a mhealladh ar bhealach níos fearr.
Chun leas a bhaint as infheistíocht phríobháideach, ní mór deireadh a chur leis na bacainní rialála lena gcuirtear cosc faoi láthair ar theicneolaíochtaí nua uas-scálú a dhéanamh thar theorainneacha. Chun aghaidh a thabhairt air sin, seolfaidh an Coimisiún, faoin Uirlis um Chomhordú Iomaíochais (UCI), treoirthionscadal a bheidh dírithe ar fhoirgníocht lasmuigh den láthair agus ar fhoirgníocht mhodúlach. Beidh sé d’aidhm ag an treoirthionscadal sin tionscadail ilnáisiúnta trasteorann a chur chun cinn agus dul i ngleic le hilroinnt rialála a chuireann bac ar ghnóthachan lasmuigh den láthair agus ar ghnóthachan modúlach ar scála leordhóthanach.
Cuideoidh an treoirthionscadal sin leis na Ballstáit rannpháirteacha a gcreataí rialála a ailíniú, rud a éascóidh saorshreabhadh táirgí agus comhpháirteanna foirgníochta lasmuigh den láthair ar fud an Mhargaidh Aonair. An tráth céanna, cuirfidh UCI tacaíocht airgeadais spriocdhírithe ar fáil chun slabhraí soláthair a neartú agus chun borradh a chur faoin acmhainneacht thionsclaíoch. Ó thaobh an éilimh de, tabharfaidh sé isteach bearta comhlántacha chun réitigh tógála nuálacha a dhéanamh níos tarraingtí agus níos iomaíche i margaí poiblí agus príobháideacha, rud a rannchuideoidh freisin le tithe inacmhainne a sholáthar ar fud an Aontais ar luas agus ar chostas iomaíoch.
Leanfaidh cláir an Aontais atá ann cheana de ról lárnach a bheith acu maidir le dlús a chur leis an nuálaíocht san earnáil tógála. Leanfaidh Bauhaus Eorpach Nua de thacaíocht a thabhairt trí bheartas, eolas agus cistiú do sholáthar tithíochta inacmhainne agus inbhuanaithe ar ardchaighdeán, lena gcumasófar nuálaíocht agus lena gcuirfear tacaíocht spriocdhírithe ar fáil don éiceachóras tógála chun réitigh chomhtháite chuimsitheacha a chur in úsáid. An tráth céanna, leanfaidh Fís Eorpach (trí Shaoráid Bauhaus Eorpach Nua agus trí Chomhpháirtíocht Built4People) de thionscadail taighde, forbartha agus taispeántais a chistiú atá dírithe ar ardábhair, ar fhoirgníocht chiorclach agus ar chlaochlú digiteach. Cuideoidh na hionstraimí sin le nuálaíochtaí a thabhairt ón tsaotharlann go dtí cur in úsáid ar mhórscála, rud a threiseoidh ceannaireacht na hEorpa san fhoirgníocht inbhuanaithe.
Gníomhaíocht 4 - Ionstraimí airgeadais a ghiaráil chun úsáid ábhar tógála, táirgí foirgníochta agus teicneolaíochtaí foirgníochta nuálacha a mhéadú
- Tá imchlúdach iasachtaithe nua EUR 400 milliún curtha ar bun ag BEI le déanaí, le rannpháirtíocht InvestEU, atá tiomnaithe d’infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí nua a d’fhéadfadh dul i ngleic leis na costais arda tógála agus forbartha agus dlús a chur le soláthar stoc tithíochta nua.
- Seolfaidh an Coimisiún treoirthionscadal maidir le tógáil lasmuigh den láthair faoin Uirlis um Chomhordú Iomaíochais arb é is aidhm dó bacainní rialála a bhaint agus fíormhargadh uile-Eorpach a chruthú don earnáil, chun cuidiú léi an scála is gá a bhaint amach chun freagairt níos tapa a thabhairt ar na spriocanna práinneacha tógála. Le linn 2026, stiúrfaidh an Coimisiún na hiarrachtaí chun an tionscadal UCI sin a fhorbairt leis na Ballstáit.
- Leanfaidh an Coimisiún de thaighde agus de rolladh amach réiteach nuálach ar ardchaighdeán a chistiú agus de dhea-chleachtais a scaipeadh faoin Bauhaus Eorpach Nua
Ar deireadh, is féidir ról a bheith ag an mbeartas comhtháthaithe freisin maidir le dlús a chur le húsáid ábhar tógála agus táirgí foirgníochta nuálacha trí thacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí spriocdhírithe in éiceachórais nuálaíochta réigiúnacha agus trí ghlacadh réiteach ceannródaíoch a éascú. I dteannta a chéile, cuirfidh na bearta sin borradh faoin soláthar agus faoin éileamh araon ar réitigh nuálacha tógála, rud a chuirfidh ar chumas na hEorpa tógáil níos tapa, níos cliste agus níos inbhuanaithe agus deiseanna nua á gcruthú an tráth céanna do ghnólachtaí agus d’oibrithe ar fud an luachshlabhra tógála.
4Rochtain chobhsaí ar ábhair thógála a áirithiú
Costais ábhair atá ag dul i méid agus bacainní ar ábhar tánaisteach a úsáid
Tá méadú ag teacht ar an mbrú atá ar earnáil tógála na hEorpa mar gheall ar sholáthairtí luaineacha amhábhar, costais mhéadaitheacha agus rochtain ilroinnte ar ábhair thánaisteacha. Tháinig méadú mór ar phraghsanna príomhtháirgí foirgníochta idir 2020 agus 2024, e.g. méadú 28 % i gcás coincréite agus méadú 45 % i gcás earraí criadóireachta, amhail brící agus tíleanna dín. Ós rud é go bhfuil costais ábhartha cothrom le 30-40 % de na costais iomlána foirgníochta cónaithe, tá na treochtaí sin ag ardú praghsanna tithíochta go díreach agus tá pleanáil tógála dothuartha mar thoradh orthu. Cuireann suaitheadh sa slabhra soláthair, ganntanas ionchur criticiúil agus easpa faisnéise cuimsithí maidir le hinfhaighteacht ábhair leis an bhfadhb a thuilleadh, rud a fhágann go bhfuil sé deacair d’fhorbróirí ganntanais nó arduithe tobanna ar phraghsanna a réamh-mheas.
Baineann an dúshlán le hábhair thánaisteacha: le roinnt píosaí reachtaíochta amhail an RTF nua, an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh agus reachtaíocht eile atá dírithe ar an aeráid, spreagtar táirgeadh agus táirgí athchúrsáilte nó ísealcharbóin a úsáid. Go háirithe, déanfar Poitéinseal téimh dhomhanda ar feadh saolré foirgnimh maidir le foirgnimh nua a ríomh bunaithe ar chreat de chuid an Aontais, ag tógáil ar shonraí RTF, rud a neartóidh an t‑éileamh ar tháirgí foirgníochta inbhuanaithe. D’ainneoin na ndreasachtaí eacnamaíocha atá ag dul i méid, tá an glacadh teoranta i gcónaí: níl ach 0,7 % de dhramhaíl tógála agus scartála ullmhaithe lena hathúsáid agus tá rátaí athchúrsála fós íseal i gcás príomhábhar, e.g. 10 % i gcás plástair agus 6 % i gcás gloine. Dhá cheann de na príomhbhacainní is ea faisnéis neamhleor maidir le hábhair a scaoiltear ag láithreáin scartála i margaí na hEorpa, rud a chuireann cosc ar fhorbairt margaí tánaisteacha láidre; agus critéir maidir le hábhair nach dramhaíl a thuilleadh iad atá ilroinnte nó in easnamh, rud a chruthaíonn bacainní riaracháin a chuireann bac ar chúrsaíocht trasteorann ábhar tánaisteach.
Bearta chun infhaighteacht ábhair phríomhúil agus thánaistigh a neartú
Tá sé ríthábhachtach rochtain chobhsaí ar ábhair thógála phríomhúla a áirithiú chun freastal ar an éileamh méadaitheach ar thithíocht agus ar uaillmhianta aeráide an Aontais. Tá an Coimisiún ag freagairt le cur chuige ilsrathach. Is é is aidhm do thionscnaimh atá ann cheana, lena n‑áirítear an Gníomh Eorpach um Amhábhair Chriticiúla, an Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne, an Plean Gníomhaíochta Eorpach maidir le Cruach agus Miotail agus Plean Gníomhaíochta ReSourceEU, costais ionchuir a laghdú agus feabhas a chur ar intuarthacht le haghaidh ábhair thógála.
Le 15 bliana anuas, trí amhábhair chriticiúla a mhapáil agus a rianú le haghaidh earnálacha straitéiseacha an Aontais, bhíothas in ann ganntanais a réamh-mheas agus bearta a dhéanamh chun rioscaí a bhaineann le suaitheadh soláthair a mhaolú. Tá roinnt de na hábhair sin, lena n‑áirítear iathchlocha, bórón, tathagaithe, gipseam, gaineamh silice, aolchloch agus péirlít ábhartha go háirithe don fhoirgníocht. Tríd an bhFaireachlann Eorpach Foirgníochta, déanfaidh an Coimisiún rianú ar na hábhair agus ar na táirgí sin agus ar ábhair agus táirgí ábhartha eile - amhail cruach - le níos mó gráinneachta, agus tuairisceoidh sé ar a n‑infhaighteacht agus ar a bpraghas.
Maidir le hábhair thánaisteacha, tá an Coimisiún ag obair chun Margadh Aonair feidhmiúil a chruthú le haghaidh táirgí athúsáidte agus athchúrsáilte. Le critéir chomhchuibhithe maidir le hábhair nach dramhaíl a thuilleadh iad, déanfar táirgí luachmhara d’ábhair ó dhramhaíl, rud a éascóidh trádáil trasteorann agus a chumasóidh a n‑úsáid i dtógáil nua agus in athchóiriú nua araon. Tá critéir maidir le hábhair nach dramhaíl a thuilleadh iad á bhforbairt ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde le haghaidh comhiomláin ó dhramhaíl tógála agus scartála. Thairis sin, leis an nGníomh um an nGeilleagar Ciorclach, tabharfar aghaidh ar ilroinnt na gcritéar maidir le hábhair nach dramhaíl a thuilleadh iad, rud a éascóidh glacadh ábhar tánaisteach i dtáirgí foirgníochta freisin.
Tá oibleagáid ar na Ballstáit faoin Treoir maidir le Dramhaíl athúsáid dramhaíola tógála agus scartála a chur chun cinn. Chuige sin, chuir go leor Ballstát iniúchtaí éigeantacha réamhscartála agus réamh-athchóirithe chun feidhme cheana féin, chun sonraí a bhailiú maidir leis na hábhair atá ar fáil. Le hiniúchtaí réamhscartála, cuirtear feabhas ar thrédhearcacht agus éascaítear teacht chun cinn margaí le haghaidh ábhair thánaisteacha, rud a nascann an soláthar ábhair ó na láithreáin scartála le héileamh ó na monaróirí. Mar sin féin, ní bhaintear leas iomlán as acmhainneacht na faisnéise sin ach amháin nuair a sheachadtar go digiteach í agus nuair a chuirtear ar fáil go poiblí í, rud a chuireann ar chumas an tionscail infhaighteacht na n‑ábhar tánaisteach a bhailiú, a fháil agus a thuar.
Faoi réir thorthaí measúnaithe tionchair leanúnaigh, tríd an nGníomh um an nGeilleagar Ciorclach, forbróidh an Coimisiún ardán maidir le Measúnú Digiteach Eorpach ar Acmhainní Foirgníochta, lena nascfar bunachair sonraí náisiúnta chun faisnéis maidir le hiniúchtaí réamhscartála a chur ar fáil. Cuirfidh sé sin sonraí ábhartha ar fáil i bhformáid inchuardaithe mheaisín-inléite. Le trédhearcacht mhéadaithe, beidh monaróirí in ann foinsí ábhair thánaistigh a shainaithint go tapa, rud a laghdóidh an spleáchas ar acmhainní íona agus a laghdóidh costais táirgthe. I gcás na mBallstát nach bhfuil córas i bhfeidhm acu go fóill chun iniúchtaí réamhscartála a sholáthar, is infheistíocht a bheidh ann a dhéanfar a fhritháireamh den chuid is mó leis na tairbhí a bhaineann le húsáid mhéadaithe ábhar tánaisteach san earnáil tógála. Féachfaidh an Coimisiún freisin, faoin tríú ráithe de 2026, ar an bhfiúntas a bhaineann le hiniúchtaí den sórt sin a dhéanamh éigeantach, trí shraith íosta pointí sonraí éigeantacha agus deonacha a thabhairt isteach a bheidh le cur ar fáil go digiteach, agus an t‑ualach riaracháin á choinneáil chomh híseal agus is féidir an tráth céanna.
Ar deireadh, leis an Rialachán nua maidir le Táirgí Foirgníochta, dúnfar na bearnaí atá fós ann trí ábhar athchúrsáilte agus breithnithe ciorclaíochta (indeisitheacht, in-athúsáidteacht, in-athchúrsáilteacht agus síneadh saolré) a chomhtháthú i gcaighdeáin táirgí, agus ar an gcaoi sin áiritheofar gur féidir le táirgí athúsáidte agus athchúrsáilte dul san iomaíocht ar bhonn cothrom le hábhair nua ar fud an Aontais. I dteannta a chéile, leis na bearta sin déanfar an soláthar ábhair a chobhsú, leas a bhaint as acmhainneacht acmhainní tánaisteacha, costais a laghdú agus tacú le hearnáil tógála níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos ciorclaí.
Trí bhreithnithe ciorclaíochta a chomhtháthú go hiomlán, cuirfear coigilteas ar fáil do chuideachtaí, cuirfear teorainn leis an spleáchas ar thríú tíortha le haghaidh na n‑amhábhar atá de dhíth ar an earnáil agus rannchuideofar lena dícharbónú, trí eastóscadh agus próiseáil amhábhar príomhúil a laghdú.
5Rochtain ar sheirbhísí a áirithiú agus feabhas a chur ar scileanna
Tá comhtháthú Mhargadh Aonair an Aontais i seirbhísí tógála agus suiteála fós íseal. Tá an fhoirgníocht fós ina gníomhaíocht intíre den chuid is mó, agus ní sholáthraíonn 90 % de ghnólachtaí, FBManna de ghnáth, seirbhísí foirgníochta ach go háitiúil. Cé go bhfuil an t‑éiceachóras tógála is cúis le thart ar 12 % d’oll-bhreisluach an Aontais, níl ach oibríochtaí teoranta trasteorann i seirbhísí foirgníochta: meastar nach bhfuil sa chomhtháthú trádála le haghaidh sheirbhísí na hearnála tógála ach 1 %. I measc na gcúiseanna le comhtháthú na seirbhísí foirgníochta ar leibhéal íseal tá rialáil náisiúnta shriantach maidir le húdaruithe gnó, an líon ard gairmeacha rialáilte san earnáil agus aitheantas frithpháirteach casta do cháilíochtaí gairmiúla, do dheimhnithe agus do chruthúnas inniúlachta. Cuireann na bacainní sin teorainn le deiseanna gnó agus le rogha do chustaiméirí agus cuireann siad bac ar shreabhadh trasteorann seirbhísí foirgníochta chuig an áit is mó a bhfuil éileamh orthu. Dá gcuirfí laghdú ar bhacainní seirbhísí foirgníochta, thiocfadh méadú mór ar oll-bhreisluach an Aontais.
Maidir leis an lucht saothair, is fadhb struchtúrach sheanbhunaithe don earnáil tógála iad ganntanais saothair agus scileanna, rud a chuireann bac ar aschur na hearnála. Tá sciar na gcuideachtaí a léiríonn ganntanas saothair mar thoisc a chuireann teorainn lena n‑aschur iomlán ard go seasta le blianta beaga anuas, idir 25 % agus 30 % ó thús 2023. Thairis sin, tá drochthuairim fhoriomlán ag an bpobal ar an éiceachóras tógála, drochthuairim atá nasctha le slándáil agus cobhsaíocht íseal post, dálaí oibre diana agus rioscaí sláinte agus sábháilteachta, agus meastar fós gur ‘post steiréitipiciúil d’fhir’ í an fhoirgníocht. Mar thoradh air sin, bíonn éiginnteacht agus costais arda saothair ann do chuideachtaí tógála, rud a léirítear i gcostais mhéadaitheacha le haghaidh tógáil chónaithe.
Tá an t‑éileamh méadaithe ar thithíocht agus an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach araon ag méadú go mór an éilimh ar phoist seirbhíse speisialaithe agus ardoilte. An tráth céanna, d’fhéadfadh an t‑aistriú sin ó thaobh na scileanna riachtanacha de, agus gá níos mó le scileanna a bhaineann le húsáid IS, róbait agus dearadh modúlach, daoine óga a mhealladh agus feabhas a chur ar chothromaíocht inscne. Tá iarrachtaí leanúnacha chun tacú le printíseachtaí ríthábhachtach i ndáil leis sin, lena n‑áirítear for-rochtain spriocdhírithe ar mhná. Oibrithe tógála a uas-sciliú agus a athsciliú leis na scileanna sonracha is mó a bhfuil éileamh orthu, agus an Margadh Aonair le haghaidh seirbhísí tógála a chur i gcrích, rannchuideoidh sé sin le tacaíocht a thabhairt don soláthar saothair agus le hacmhainneacht a áirithiú le haghaidh tógáil tithíochta.
Thairis sin, idir iarrachtaí á gcomhlánú agus tallann a chur chun tairbhe ó laistigh den Aontas, tá ról tábhachtach freisin ag soghluaisteacht dhlíthiúil spriocdhírithe ó thríú tíortha. Is é is aidhm do Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a glacadh le déanaí earcú cuardaitheoirí poist ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad a éascú i ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais ar gach leibhéal scileanna, agus tá an earnáil tógála ar cheann de na hearnálacha ina bhfuil an ganntanas is airde. Ar na bealaí eile chun feabhas a chur ar bhealaí dlíthiúla chuig an Aontas tá na Comhpháirtíochtaí Tallainne, Treoir athbhreithnithe an Aontais maidir le Cead Aonair agus an chéad Straitéis AE um Beartas Víosaí Mar chuid den Phacáiste maidir le Soghluaisteacht Chothrom an Lucht Saothair (3R2026), molfaidh an Coimisiún freisin rialacha comhchoiteanna le haghaidh nósanna imeachta níos simplí chun aitheantas cáilíochtaí agus bailíochtú scileanna náisiúnach tríú tír a láimhseáil d’fhonn feabhas a chur ar chomhleanúnachas agus ar thrédhearcacht agus, ar an gcaoi sin, feabhas a chur ar shoiléireacht d’oibrithe agus d’fhostóirí agus d’údaráis.
5.1Deireadh a chur le bacainní ar an Margadh Aonair le haghaidh seirbhísí foirgníochta
Tá an Coimisiún tiomanta do na bacainní ar sholáthar trasteorann seirbhísí foirgníochta a laghdú. Is é an cuspóir atá ann acmhainneacht an Mhargaidh Aonair a uasmhéadú le haghaidh seirbhísí tógála agus suiteála agus rannchuidiú le táirgiúlacht na hearnála a mhéadú. Is fíor sin go háirithe i gcás réigiúin teorann, áit a mbíonn bac ar FBManna san earnáil tógála an margadh atá i ngaireacht dóibh trasna na teorann a shaothrú. Thairis sin, fógraíodh sa Teachtaireacht maidir le hAontas na Scileanna an Tionscnamh um Inaistritheacht Scileanna chun níos mó deiseanna a chur ar fáil d’oibrithe agus do ghnólachtaí chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an Mhargaidh Aonair. Ceann dá phríomhghníomhaíochtaí – a chuirfear i láthair mar chuid den Phacáiste maidir le Soghluaisteacht Chothrom an Lucht Saothair - is ea aitheantas uathoibríoch a leathnú le haghaidh gairmeacha rialáilte breise trí chreataí oiliúna comhchoiteanna, agus próisis aitheantais do ghairmeacha rialáilte a nuachóiriú agus a chuíchóiriú, go háirithe trí uirlisí digiteacha a ghiaráil, lena n‑áirítear chun nósanna imeachta a éascú agus a ghiorrú.
Maidir leis an dara gníomhaíocht déanfar scrúdú ar roghanna chun feabhas a chur ar thrédhearcacht agus inchomparáideacht cáilíochtaí le haghaidh gairmeacha neamhrialáilte agus chun creat comhordaithe idir-inoibritheach de chuid an Aontais a chur chun cinn le haghaidh aitheantas slán trasteorann.
Gníomhaíocht 6 – Sreabhadh seirbhísí foirgníochta trasteorann a mhéadú
- Áiritheoidh an Coimisiún gur féidir le cuideachtaí agus gairmithe seirbhísí foirgníochta a chur ar fáil ar bhealach níos éasca thar theorainneacha, gan caighdeáin shóisialta a ísliú, trí Ghníomh um Sheirbhísí Foirgníochta (R4 2026).
- Is é is aidhm don Tionscnamh um Inaistritheacht Scileanna é a chur ar a gcumas d’oibrithe agus d’fhostóirí araon a mbealach a dhéanamh trí chórais aitheantais ar bhealach níos éifeachtúla, agus próisis aitheantais a nuachóiriú (R3 2026)
Is é is aidhm don Ghníomh um Sheirbhísí Foirgníochta saorghluaiseacht seirbhísí tógála agus suiteála sa Mhargadh Aonair a chothú, trína áirithiú gur féidir le cuideachtaí, fiontraithe agus gairmithe atá údaraithe ina mBallstát baile seirbhísí a sholáthar i mBallstáit eile ar bhealach níos éasca, agus cearta sóisialta á n‑urramú an tráth céanna. Is é is aidhm don tionscnamh timpeallacht ghnó intuartha chobhsaí a chothú do chuideachtaí agus d’fhiontraithe agus tacóidh sé freisin le hoibriú trasteorann FBManna.
5.2Aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna san éiceachóras tógála
Tá an Coimisiún tiomanta do thacaíocht a thabhairt don éiceachóras tógála chun na scileanna iomchuí a fhorbairt chun freastal ar an éileamh méadaitheach ar shaothar agus ar scileanna i dtithíocht agus in oibreacha tógála eile. Mar shampla, tá samhail rannpháirtíochta chomhroinnte curtha ar bun ag an gComhpháirtíocht Scileanna ar Mórscála le haghaidh tógála: geallann gníomhaithe móra in éiceachórais thionsclaíocha, lena n‑áirítear comhlachais agus údaráis phoiblí ábhartha, go gcomhoibreoidh siad agus go n‑infheisteoidh siad in uas-sciliú agus in athsciliú. Go háirithe, tá sineirgí á mbunú chun rannpháirtíocht ard fostaithe FBManna in oiliúint den sórt sin a cheadú. Trína ghníomhaíochtaí, cuirfidh an Chomhpháirtíocht Scileanna ar Mórscála uas-sciliú agus athsciliú 30 % den lucht saothair chun cinn gach bliain faoi 2030 ar fud an tionscail, agus é mar sprioc 3 mhilliún duine a chur faoi oiliúint go bliantúil laistigh de lucht saothair tógála an Aontais faoi 2030.
Leis an gComhghuaillíocht Treoirphlean ‘Oiliúint ghairmiúil san earnáil tógála a nuachóiriú’, forbrófar gníomhaíochtaí oiliúna chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais scileanna práinneacha in 2026 agus ar riachtanais scileanna fadtéarmacha in 2028, lena n‑áirítear tionscnaimh chun feabhas a chur ar íomhá an éiceachórais agus chun tallann óg agus mná óga níos fearr a mhealladh, lena n‑áirítear trí sholáthar printíseachta a neartú. In éineacht leis an Teachtaireacht seo, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil anailíseach ina ndéantar mapáil ar na riachtanais scileanna agus lucht saothair atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo san earnáil tógála, agus ionchas ann i dtreo 2030. Cuirfidh an tuarascáil seo feabhas ar an bhfaisnéis scileanna ilroinnte agus cuirfidh sí fianaise ar fáil do bheartais a bhaineann le scileanna amach anseo san éiceachóras tógála.
Tacófar leis na gníomhaíochtaí sin le gníomhaíochtaí eile de chuid an Choimisiúin le haghaidh forbairt scileanna píolótacha, cur in úsáid agus comhroinnt dea-chleachtas maidir le hathchóiriú domhain, samhaltú SFF agus foirgníocht chiorclach. Cuirtear chun feidhme iad sin trí thionscnaimh éagsúla de chuid an Choimisiúin amhail Scileanna BUILD UP, na hIonaid Barr Feabhais Gairme san earnáil tógála agus an Comhaontas Eorpach do Phrintíseachtaí. Molann an Coimisiún do na Ballstáit an leas is fearr is féidir a bhaint as Ciste Sóisialta na hEorpa+ agus as cistiú poiblí náisiúnta chun oiliúint atá réidh don todhchaí a chur in úsáid le haghaidh athscilithe agus uas-scilithe.
Gníomhaíocht 7 - Infhaighteacht lucht saothair oilte san earnáil tógála a mhéadú
- Beidh an Ciste Eorpach um Iomaíochas a bheidh ann amach anseo in ann tacú le gníomhaíochtaí uas-scilithe agus athscilithe sna réimsí a chumhdaítear leis an gCiste, amhail tógáil, agus comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha a chothú idir ollscoileanna, soláthraithe Gairmoideachais agus Gairmoiliúna (VET), gnólachtaí (go háirithe FBManna), comhpháirtithe sóisialta agus institiúidí taighde fheidhmigh.
- Déanfar
Acadamh Bauhaus Eorpach Nua
a mhéadú chun tacú leis an nuálaíocht agus leis an taighde, chun acmhainneacht agus scileanna a fhorbairt le haghaidh modhanna agus ábhair tógála nuálacha ar fud an Aontais, agus chun tacú le FBManna agus gairmithe.
Cuirfidh Acadamh Bauhaus Eorpach Nua dlús le huas-sciliú agus le hathsciliú san éiceachóras tógála chun tacú leis an aistriú i dtreo córas úsáide ábhair atá níos athghiniúnaí agus níos ciorclaí. Le leathnú agus comhdhlúthú Acadamh Bauhaus Eorpach Nua, tacófar a thuilleadh le forbairt eolais, scileanna agus nuálaíochta, lena n‑áirítear tacaíocht do ghnólachtaí nuathionscanta agus boscaí gainimh le haghaidh táirgí nuálacha.
6Ag obair le chéile ar chur chun feidhme
Chun an t‑éiceachóras tógála a athbheochan chun iomaíochas na hEorpa a spreagadh, ní mór é a athrú ó earnáil ilroinnte atá dian ar acmhainní go héiceachóras tionsclaíoch nua-aimseartha, iomaíoch, digiteach agus inbhuanaithe. Is ionann éiceachóras tógála níos táirgiúla agus déine mhéadaithe tógála, lena n‑áirítear soláthar tithíochta níos inacmhainne.
Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar an staid san earnáil, ar a hathléimneacht, ar a táirgiúlacht agus ar a dícharbónú leanúnach, i ndlúthchomhar leis na gníomhaithe ábhartha uile. Cuirfidh an Fóram Foirgníochta Ardleibhéil an príomhardán ar fáil chun tuilleadh cumarsáide a dhéanamh faoi na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa Straitéis agus chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht eacnamaíoch na hearnála agus ar a rannchuidiú leis an mbearna sa soláthar tithíochta a laghdú. Áiritheoidh an Fóram Ardleibhéil Foirgníochta sineirgí leis an gComhghuaillíocht Tithíochta Eorpach a fógraíodh sa Phlean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne. Cuirfidh an Chomhghuaillíocht ardán ar fáil chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart náisiúnta a bhaineann le nósanna imeachta ceadaithe agus riaracháin.
Is iarracht chomhchoiteann é sin. Tá ról le himirt ag na Ballstáit, ag údaráis réigiúnacha agus áitiúla, ag lucht tionscail, ag comhpháirtithe sóisialta agus ag institiúidí airgeadais. Trí bheith ag obair le chéile, is féidir leis an Eoraip a héiceachóras tógála a chlaochlú ina fhoinse láidir iomaíochais, rud a thógann ní hamháin tithe, ach a fhorbraíonn athléimneacht, deiseanna agus muinín i dtodhchaí na hEorpa freisin.