Strasbourg, 21.10.2025

COM(2025) 872 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Straitéis le haghaidh athnuachan ó ghlúin go glúin sa talmhaíocht

{SWD(2025) 872 final}


1.Todhchaí na talmhaíochta a áirithiú: straitéis le haghaidh athnuachan ó ghlúin go glúin

Tá níos mó i gceist le talmhaíocht na hEorpa ná bia a tháirgeadh. Tá feirmeoirí i gcroílár ár slándála bia, tá siad ina gcomhghuaillithe tábhachtacha san iomaíochas, sa ghníomhú ar son na haeráide, i gcosaint an chomhshaoil, agus tá siad fíor-riachtanach chun beogacht na gceantar tuaithe a chaomhnú. Mar sin féin, tá brú tromchúiseach ar an bhfeirmeoireacht, lena n‑áirítear lucht saothair atá ag dul in aois, an meath ar dhaonraí tuaithe agus timpeallacht dhúshlánach idirnáisiúnta.

In 2020, ba é 57 meánaois na bhfeirmeoirí san Aontas, agus ní raibh ach 12 % díobh faoi bhun 40( 1 ) . Den ghrúpa níos óige sin, ní raibh ach 2,5 % díobh ina mná. Ós rud é gur cuid fhíor-riachtanach de shlándáil agus d’uathriail straitéiseach níos leithne san Eoraip í an tslándáil bia, ní hamháin gur dúshláin dhéimeagrafacha agus dúshláin shochaíocha ar bhonn níos leithne iad na dúshláin sin: is dúshláin straitéiseacha iad, agus tá sé de fhreagracht ar an tsochaí aghaidh a thabhairt orthu.

Tá todhchaí na slándála bia san Eoraip ag brath ar ghuaillí dinimiciúla na chéad ghlúine eile d’fheirmeoirí agus de tháirgeoirí bia príomhúla.

Déantar an creat le haghaidh chur chuige an Aontais chun an fheirmeoireacht agus an earnáil phríomhúil a dhéanamh níos tarraingtí, níos iomaíche, níos seasmhaí i bhfad na haimsire agus níos cothroime a leagan amach san Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia( 2 ).

Leis an gcur chuige nua atá beartaithe don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, tá deis againn: go traidisiúnta, tá an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) ag tacú le feirmeoirí óga ( 3 )  trí bhearta agus trí bhuiséad tiomnaithe, lena náirítear trí chúnamh suiteála, rátaí tacaíochta níos airde le haghaidh infheistíochtaí, agus bearta creidmheasa. Leis an togra nua maidir le CBT tar éis 2027( 4 ) , dá nglacfaí é, d’fhéadfadh an tacaíocht sin teacht chun bheith níos spriocdhírithe agus níos uaillmhianaí fós. Le bearta tiomnaithe amhail pacáiste tosaigh d’fheirmeoirí óga, cistí a spriocdhíriú ar bhealach níos fearr trí íocaíochtaí céimlaghdaitheacha i bhfabhar feirmeoirí óga agus tacaíocht infheistíochta, chuideofaí leis an spreagadh is gá a chruthú agus mhéadófaí tarraingteacht na gairme do ghlúine óga. Tairbheoidh an CBT tar éis 2027 freisin de shineirgí méadaithe ar fud bheartais an Aontais a chuirtear ar fáil sna Pleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí ( 5 ) , is é sin go mbeidh an tsolúbthacht ag na Ballstáit tacar cuimsitheach gníomhaíochtaí a dhearadh a rachaidh chun tairbhe d’fheirmeoirí óga i réimsí beartais éagsúla.

Leis an straitéis sin le haghaidh athnuachan ó ghlúin go glúin sa talmhaíocht, ar tosaíocht pholaitiúil de chuid an Choimisiúin í( 6 ) , tugtar tús áite do ghníomhaíochtaí beartais agus do thacaíocht d’fheirmeoirí óga agus nua, go háirithe dóibh siúd atá faoi bhun 40 bliain d’aois. Tugtar aghaidh inti ar na príomhbhacainní a sainaithníodh trí chomhairliúcháin fhorleathana leis na páirtithe leasmhara( 7 ) , agus aird ar leith á tabhairt ar fheirmeoirí óga agus ar óige na tuaithe, agus ar shonraí ó fhoinsí éagsúla( 8 ) . Tacaíonn sí freisin le feirmeoirí scothaosta a ngnó a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile d’fheirmeoirí le dínit, rud a spreagann na Ballstáit chun scéimeanna pinsin atá cothrom agus iontaofa a áirithiú, laistigh d’iarracht níos leithne forbairt tuaithe chuimsitheach athléimneach a chothú. Tá sí ailínithe leis na seasaimh atá curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa( 9 ) , ag an gComhairle( 10 ) , agus le torthaí an Idirphlé Straitéisigh( 11 ) .

Tá brú socheacnamaíoch agus slándála sonrach ar cheantair thuaithe feadh theorainneacha thoir an Aontais, atá thíos le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, brú a bhfuil tacaíocht leanúnach ag teastáil ina leith mar chuid den iarracht níos leithne sin.Tá gá le gníomhaíocht dhiongbháilte inniu chun an fheirmeoireacht inbhuanaithe, tháirgiúil agus athléimneach a áirithiú. Mura ndéanfaidh muid aon rud anois, daingneofar an treocht aosaithe, rud a fhágfaidh go mbeidh an athnuachan i bhfad níos deacra. Tá gá le gníomhaíocht láithreach ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, agus cur chuige uile-rialtais a ghlacadh.

Cé go bhfuil tacaíocht phoiblí fós ríthábhachtach, ní tharlaíonn fíorathrú ach amháin trí bhíthin athchóirithe riachtanacha, go príomha ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, chun aghaidh a thabhairt ar na príomhbhacainní ar athnuachan ó ghlúin go glúin. Áirítear sa mhéid sin an gá atá le feabhas a chur ar rochtain ar mhaoiniú agus ar thalamh, feabhas a chur ar scileanna agus ar aistriú eolais, agus saol na tuaithe a dhéanamh níos tarraingtí trí sheirbhísí poiblí níos fearr agus bonneagar leordhóthanach a sholáthar atá uilechuimsitheach, inrochtana agus aireach ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus grúpaí atá i mbaol idirdhealaithe. Sa chomhthéacs sin, is féidir le cur chun cinn tionscnamh cultúrtha cuidiú le naisc shóisialta a neartú agus feabhas a chur ar tharraingteacht shaol na tuaithe. Tá feidhm ag ‘an gceart fanachta’ maidir le feirmeoirí óga dul i mbun gnó, ar feirmeoirí iad ar mian leo fanacht agus feirmeoireacht a dhéanamh ina gcríocha féin.

Thairis sin, múnlóidh an nuálaíocht iomaíochas agus claochlú na feirmeoireachta. Tá acmhainneacht mhór ag an gcéad ghlúin eile d’fheirmeoirí an claochlú sin a chur chun cinn. Tá feirmeoirí óga fiontraíoch agus oiriúnaitheach; is minic a bhíonn siad ar thús cadhnaíochta maidir le teicneolaíochtaí nua, cleachtais inbhuanaithe agus samhlacha gnó éagsúlaithe a ghlacadh. Tá a rannpháirtíocht fíor-riachtanach chun earnáil talmhaíochta réamhbhreathnaitheach athléimneach a mhúnlú.

D’fhéadfadh na deiseanna sin a bheith níos mó fós amach anseo, mar gheall ar an méadú nach beag atá beartaithe ar an mbuiséad foriomlán le haghaidh taighde agus nuálaíochta faoin gCiste Eorpach um Iomaíochas (CEI)( 12 )  atá beartaithe agus mar gheall ar an gClár Réime nua um Thaighde agus um Nuálaíocht( 13 ) atá beartaithe. Maidir le 2028-2034, dá nglacfaí an cur chuige pleanála atá beartaithe faoi na Pleananna CNR, bheadh na Ballstáit in ann sineirgí a bhaint amach ar fud na réimsí beartais chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ar bhealach níos fearr agus, tabharfaidh sé freagairt bheartais fhóinteach d’fheirmeoirí óga agus do shaoránaigh a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe.

2.na bacainní ar athnuachan ó ghlúin go glúin a shainaithint

Idir 2004 agus 2024, tháinig méadú ar an sciar de dhaonra an Aontais Eorpaigh atá os cionn 65 ó 16 % go 22 %, agus thit sciar na ndaoine idir 0-19 mbliana d’aois ó 22 % go 20 %( 14 ) . Déanann an taistriú sin difear do go leor earnálacha, ach tá tionchar an-mhór aige ar cheantair thuaithe agus ar thalmhaíocht go háirithe.

Is tapúla an taosú sa talmhaíocht ná in earnálacha eile. Tá i bhfad níos mó feirmeacha á mbainistiú ag feirmeoirí os cionn na haoise scoir (33,2 %) ná mar atá á mbainistiú ag feirmeoirí óga (12 %)( 15 ) cé nach bhfuil sin mar an gcéanna ó Bhallstát go chéile. Is bagairt í an éagothroime sin, mar aon le treochtaí comhchosúla in earnálacha an iascaigh agus an dobharshaothraithe, ar shlándáil fhadtéarmach an tsoláthair bia, ar neamhspleáchas straitéiseach an Aontais i dtáirgeadh bia, agus ar thodhchaí thírdhreacha feirmeoireachta na hEorpa.

Díspreagtar daoine óga ó dhul isteach san fheirmeoireacht mar gheall ar roinnt bacainní idirnasctha amhail rochtain ar thalamh, creidmheas inacmhainne, agus scileanna fíor-riachtanacha/saineolas fíor-riachtanach. Éilíonn comharbas feirme infheistíocht fhadtéarmach agus is minic a bhíonn saincheisteanna casta dlíthiúla, airgeadais agus mothúchánacha i gceist leis, go háirithe i bhfeirmeacha teaghlaigh. In éineacht le cineál dianchaipitiúil na talmhaíochta nua-aimseartha, cuireann na dúshláin sin bac ar go leor iontrálaithe nua a d’fhéadfadh a bheith ann.

Bainistíonn feirmeoirí thart ar 40 % de dhromchla talún iomlán an Aontais( 16 ) , rud a fhágann go bhfuil an earnáil i gcroílár na slándála bia, ceantar tuaithe bríomhar, agus príomhsheirbhísí comhshaoil amhail athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus athléimneacht uisce agus caomhnú na bithéagsúlachta. Trí thalamh a bhainistiú go gníomhach, laghdaíonn siad freisin na rioscaí a bhaineann le teagmhais adhaimsire aeráide agus neartaíonn siad athléimneacht na tuaithe. Tá sé sin ábhartha go háirithe sna réigiúin is forimeallaí san Aontas, atá ag brath go mór ar fheirmeoireacht agus atá níos leochailí i leith teagmhais aeráide agus tubaistí nádúrtha.

Tá sé fíor-riachtanach athnuachan ó ghlúin go glúin a áirithiú, go háirithe ar fheirmeacha teaghlaigh, chun slándáil bia a choinneáil ar bun, eolas a aistriú, chun táirgiúlacht a ailíniú leis an inbhuanaitheacht. Chomh maith le táirgeadh bia agus bainistiú inbhuanaithe talún, rannchuidíonn go leor feirmeoirí le fuinneamh in-athnuaite trí bhithfhuinneamh, grianfhuinneamh agus gaoth, rud a thacaíonn le cuspóirí aeráide agus slándáil fuinnimh araon, agus is féidir le hathchóirithe a dhéanfar amach anseo naisc eangaí a bharrfheabhsú, ioncam feirme a mhéadú, agus fuinneamh a tháirgtear go háitiúil a chur ar fáil do phobail.

Tá an t‑athnuachan ó ghlúin go glúin fíor-riachtanach chun an talmhaíocht a choinneáil ríthábhachtach, iomaíoch agus nuálach, lena n‑áiritheofar soláthar bia atá sábháilte, inbhuanaithe agus inacmhainne do bhreis agus 450 milliún tomhaltóir san Aontas. Is ábhar imní i gcónaí í an inacmhainneacht bia, ós rud é go gcuireann praghsanna arda brú ar bhuiséid teaghlaigh, go háirithe i gcás grúpaí ar ioncam íseal.

Tá gá le gníomhaíocht ó earnálacha seachas earnáil na talmhaíochta amháin ionas go roghnóidh daoine óga an fheirmeoireacht mar ghairm inmharthana agus shásúil. Tá líon na ndaoine óga faoin tuath ag laghdú. Idir 2013 agus 2019, thit líon na ndaoine óga idir 15-24 bliana d’aois atá ina gcónaí i gceantair thuaithe in AE-28( 17 )  ó 3,6 milliún go 1,9 milliún, agus thit líon na ndaoine óga idir 25–29 mbliana d’aois ó 6,9 milliún go 5,9 milliún ( 18 ) .

Braitheann todhchaí na bhfeirmeoirí ar limistéir thuaithe teacht chun bheith níos láidre, níos nasctha, níos athléimní agus níos rathúla, i gcomhréir leis an bhfís fhadtéarmach do limistéir thuaithe an Aontais ( 19 ). Tá pobail bhríomhara, bonneagar ardcháilíochta, seirbhísí inrochtana, oideachas agus oiliúint atá tarraingteach agus ar ardchaighdeán chomh maith le deiseanna fostaíochta lasmuigh den fheirm, agus naisc shóisialta láidre ríthábhachtach chun daoine óga a choinneáil agus chun an ‘ceart fanachta’ a chumasú, agus feirmeoirí nua a mhealladh an tráth céanna. Tá ceantair thuaithe lárnach dár ndóigh bheatha Eorpach, agus ní mór dúinn a áirithiú go leanfaidh siad de bheith ina náiteanna tarraingteacha cónaithe.

Beidh ‘feirmeoirí na todhchaí’ rannpháirtíoch i líonraí níos éagsúlaithe ina náirítear iontrálaithe nua san fheirmeoireacht, samhlacha éagsúla feirmeoireachta agus gnó lena náirítear cinn atá nasctha leis an ngeilleagar sóisialta, agus comhpháirtíochtaí nuálacha, rud a léiríonn éagsúlacht mhéadaitheach na gcóras bia ( 20 ). Tá ról ag cineálacha nua comhair, amhail comhpháirtíochtaí, malartuithe idirghlúine, sineirgí le hearnálacha eile agus comhroinnt talún, trí bhacainní ar iontráil a laghdú agus naisc phobail a threisiú. Cuidíonn na samhlacha sin le córais feirmeoireachta níos cuimsithí agus níos athléimní a chruthú, rud a chuireann le beogacht shóisialta agus eacnamaíoch na gceantar tuaithe. Le tacaíocht ó chomharchumainn agus ó eagraíochtaí táirgeoirí, cuireann siad bealaí praiticiúla ar fáil do nuatheachtaithe agus neartaíonn siad creatlach shaol na tuaithe an tráth céanna.

I ndeireadh na dála, braitheann todhchaí na feirmeoireachta agus na gceantar tuaithe ar na dálaí cearta a chruthú do dhaoine óga chun a saol agus a ngairmeacha beatha a thógáil ansin ionas gur féidir leis an bhfeirmeoireacht leanúint de bheith ag cur le hAontas athléimneach inbhuanaithe.

3.Deiseanna a chur ar fáil don chéad ghlúin eile d’fheirmeoirí na hEorpa 

Cuireann feirmeoireacht an Aontais sraith leathan deiseanna atá ag teacht chun cinn ar fáil chun feirmeoirí óga agus nua agus oibrithe feirme a mhealladh, tacú leo agus iad a choinneáil. Tá samhlacha feirme éagsúla fós ábhartha, gach ceann acu ag rannchuidiú ar bhealaí éagsúla le táirgiúlacht, athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, inbhuanaitheacht comhshaoil, traidisiúin tuaithe agus áitiúla a chaomhnú mar chuid lárnach d’oidhreacht chultúrtha an Aontais agus d’inbhuanaitheacht na gcóras bia agus próifílí nua feirmeoirí óga a mhealladh. Trí ghlacadh leis an éagsúlacht sin, áirithítear earnáil chuimsitheach a fhreagraíonn do dhálaí éagsúla, don ghá atá le héagsúlú talmhaíochta chun slándáil bia a áirithiú, go háirithe i gceantair iargúlta, d’éilimh tomhaltóirí, agus d’fhíseanna gnó. Cibé acu tríd an nuálaíocht nó trí scileanna traidisiúnta, tá ról ríthábhachtach ag feirmeoirí óga maidir le todhchaí na talmhaíochta a mhúnlú.

Rannchuidíonn éagsúlú gníomhaíochtaí feirme agus táirgí le stóinseacht na hearnála trí fhoinsí ioncaim a leathnú: an agrathurasóireacht, próiseáil ar an bhfeirm, córais agra-dobharshaothraithe chomhtháite, réitigh bhithgheilleagair amhail táirgeadh ábhar in-athnuaite agus bithfhuinnimh, nó beatha ó algaí, nó ceapadh carbóin, i measc na ngníomhaíochtaí a bhfuil acmhainneacht nach beag acu rannchuidiú le hinmharthanacht slite beatha faoin tuath. Mar shampla, déanann an bithgheilleagar agus réitigh chiorclacha acmhainní agus fuinneamh den dramhaíl agus, an tráth céanna, cuirtear le huathriail straitéiseach an Aontais agus le cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais. Sa chomhthéacs sin, cruthaítear poist nua ina bhfuil níos mó deiseanna. I gcás go leor feirmeoirí óga, a bhíonn ag feirmeoireacht go páirtaimseartha nó in éineacht le poist eile go minic, d’fhéadfadh deiseanna den sórt sin a bheith ríthábhachtach chun gairmeacha gairmiúla solúbtha agus cobhsaí a thógáil in earnáil na feirmeoireachta i gcoitinne.

Ní hé CBT amháin is cúis leis an athnuachan ó ghlúin go glúin. Tá infheistíochtaí níos leithne i mbonneagar agus i seirbhísí tuaithe ríthábhachtach chun daoine óga agus daoine nua a mhealladh, lena n‑áirítear maidir le cúram sláinte agus cúram ardcháilíochta fadtéarmach atá inrochtana agus uilechuimsitheach, oideachas agus oiliúint, tithíocht, uisce, bonneagar, cúram leanaí, iompar, cumarsáid dhigiteach, agus seirbhísí fóillíochta i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta.

Comhlánaíonn an Beartas Comhtháthaithe na hidirghabhálacha a sholáthraítear le CBT agus soláthraíonn sé tacaíocht shuntasach i limistéir thuaithe. Tacaíonn sé le cuspóirí eacnamaíocha, sóisialta agus críche trí infheistíochtaí spriocdhírithe, lena náirítear i leathanbhanda faoin tuath, fuinneamh glan, sláinte, scileanna oideachais, fostaíocht, cuimsiú sóisialta agus bonneagar áitiúil. Tugann na hinfheistíochtaí sin breisluach agus folláine do cheantair thuaithe. Soláthraíonn an tathbhreithniú meántéarma ar Chláir an bheartais chomhtháthaithe( 21 ) dreasachtaí agus solúbthachtaí freisin chun tacú le cuspóirí tosaíochta amhail athléimneacht uisce, tithíocht, aistriú fuinnimh agus iomaíochas agus nuálaíocht, ar nithe iad sin uile atá ábhartha do limistéir thuaithe.

De réir mar a athraíonn an fheirmeoireacht, trí chomhdhlúthú, comhtháthú slabhra luacha, glacadh teicneolaíochta, agus oiriúnú don athrú aeráide, tá gá le huirlisí chun cabhrú le feirmeoirí agus le lucht ceaptha beartas gníomhaíochtaí comhordaithe réamhbhreathnaitheacha a thuar agus freagairt dóibh, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair.

4.An uasteorainn nua agus pleananna CNR: athrú dearfach a spreagadh

Tá ról lárnach ag CBT maidir le deiseanna a chruthú le haghaidh forbairt inbhuanaithe gnó trí rochtain ar mhaoiniú, ar eolas agus ar nuálaíocht a fheabhsú, agus tugann bearta na mBallstát aghaidh freisin ar phríomhbhacainní amhail rochtain ar thalamh d’iontrálaithe nua. ( 22 ).

Go deimhin, is céim mhór é an togra maidir le CBT tar éis CAI 2027 i dtreo talmhaíocht Eorpach a bheidh níos nua-aimseartha, níos cuimsithí agus níos dírithe ar an todhchaí, a thabharfaidh tús áite d’athnuachan ó ghlúin go glúin.

Dá nglacfaí é, d’fhéadfadh sé go réiteodh sé an bealach d’fheirmeoirí nua teacht isteach san earnáil, le tacaíocht neartaithe taighde agus nuálaíochta, rud atá ríthábhachtach don athnuachan ó ghlúin go glúin, chun an nuachóiriú agus an táirgiúlacht a spreagadh, chun deiseanna eacnamaíocha a chruthú, agus chun feabhas a chur ar dhálaí maireachtála tuaithe a fhad is a thacaítear leis an éagsúlacht agus leis an gcuimsitheacht. Leis an gcéad togra CAI eile, cuireann an Coimisiún cur chuige níos comhtháite chun cinn maidir le tacaíocht tuaithe in CBT agus lasmuigh de. Éilítear le hinfheistíochtaí gníomhaíocht chomhordaithe ar fud ranna rialtais agus ar fud leibhéal rialachais, le tacaíocht ó athchóirithe riachtanacha. Tá an togra CBT lárnach sa togra ón gCoimisiún le haghaidh pleananna CNR nua, arna chomhlánú le bearta an Aontais agus le tionscnaimh náisiúnta agus réigiúnacha.

Ní mór bearta a bheith ann i bPlean CNR chun aghaidh a thabhairt ar athnuachan ó ghlúin go glúin, lena n‑áirítear straitéis náisiúnta a ullmhú lena sainaithneofar treochtaí déimeagrafacha, lena dtabharfar aghaidh ar bhacainní iontrála, agus lena saineofar bearta tacaíochta spriocdhírithe. Chun a bheith éifeachtach, is gá go mbeidh na straitéisí sin cuimsitheach, lena léireofar na castachtaí sa saol mar atá d’fheirmeoirí i ngach Ballstát agus, an tráth céanna, comhleanúnachas a áirithiú le hiarrachtaí náisiúnta agus réigiúnacha níos leithne chun ceantair thuaithe a athbheochan agus rannchuidiú le hiarrachtaí coiteanna athnuachana glúine an Aontais. Cheanglófaí ar na Ballstáit spriocanna nithiúla a leagan síos don athnuachan ó ghlúin go glúin, tuairisciú go rialta ar dhul chun cinn, agus coigeartú a dhéanamh i gcás nach leor na torthaí, agus míniú á thabhairt acu ar an gcaoi a ndíríonn an plean acmhainní chun tacú le hathnuachan ó ghlúin go glúin. Dá réir sin, d’úsáidfeadh an Coimisiún tagarmharcanna agus moltaí tiomnaithe CBT chun beartais náisiúnta a stiúradh, lena n‑áiritheofaí cuntasacht agus ailíniú le spriocanna uile-Aontais. Cuid lárnach den straitéis nua sin is ea ‘pacáiste tosaigh’ cuimsitheach d’fheirmeoirí óga, lena n‑áirítear tacaíocht do bhunú, do chabhair infheistíochta, agus do rochtain ar ionstraimí airgeadais, chomh maith le bearta cánach fabhracha. Tacaíonn bearta comhlántacha le gnólachtaí nuathionscanta, comhpháirtíochtaí nuálaíochta, scéimeanna comharbais, seirbhísí oiliúna agus faoisimh chun cuidiú leo cothromaíocht oibre is saoil níos fearr a bhaint amach. Chun inrochtaineacht agus éifeachtúlacht a fheabhsú, tá sé beartaithe an tacaíocht uile a chur ar fáil trí phointe iontrála aonair i ngach Ballstát.

Ionas go néireoidh leo, ba cheart do na Ballstáit a niarrachtaí maidir le hathnuachan ó ghlúin go glúin a mhéadú faoi dhó, go háirithe iad siúd atá tite ar gcúl. Laistigh den sásra stiúrtha a bheidh ann amach anseo, molfaidh an Coimisiún do na Ballstáit 6 % ar a laghad dá méideanna imfhálaithe talmhaíochta a infheistiú ( 23 ), chun na críche sin. Más gá, d’fhéadfaí an méid sin a bhreisiú chun leibhéal leordhóthanach cistithe a áirithiú faoi CNR chun an straitéis náisiúnta a chur i gcrích.

Tríd an measán sin de ghealltanais náisiúnta, spriocanna intomhaiste, agus treoraíocht ón gCoimisiún, neartódh an CBT nua atá beartaithe a ról mar spreagthóir athnuachana, rud a chuirfeadh ar a gcumas d’fheirmeoirí óga gairmeacha inmharthana a fhorbairt agus a d’áiritheodh inbhuanaitheacht fhadtéarmach thalmhaíocht na hEorpa.

Tionscnaimh Shuaitheanta( 24

·Straitéisí cuimsitheacha sainordaitheacha maidir le hathnuachan ó ghlúin go glúin sa talmhaíocht i ngach Ballstát, agus iad athneartaithe le ceanglais shoiléire chun treochtaí déimeagrafacha, bacainní iontrála agus bearta tacaíochta spriocdhírithe a shainaithint.

·Méadú faoi dhó iarrachtaí na mBallstát maidir le hathnuachan ó ghlúin go glúin. Maidir le clársceidealú na bpleananna CNR amach anseo, molfaidh an Coimisiún laistigh den sásra stiúrtha a bheidh ann amach anseo, go ninfheisteoidh na Ballstáit 6 % ar a laghad dá gcaiteachas talmhaíochta imfhálaithe chun na críche sin, rud a fhéadfaidh siad a chomhlánú a thuilleadh le cistí breise CNR chun cistiú leordhóthanach a áirithiú chun an straitéis náisiúnta a chur i gcrích.

·An ‘Pacáiste Tosaigh d’Fheirmeoirí Óga’ chun teacht isteach agus bunú feirmeoirí óga san earnáil a éascú trí phacáiste cuimsitheach idirghabhálacha.

5.An straitéis a chur i gcrích: na chéad chéimeanna eile le haghaidh athnuachan ó ghlúin go glúin 

Tá sé fíor-riachtanach feirmeoirí óga a chur i gcroílár na forbartha beartais chun athnuachan ó ghlúin go glúin a bhaint amach go buan i dtalmhaíocht na hEorpa. Chun a áirithiú ní hamháin go dtugtar tacaíocht d’fheirmeoirí óga ar bhonn buan, ach go bhfuil siad rannpháirteach go gníomhach, tá rannpháirtíocht struchtúrtha na hóige curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún chun a nguthanna a leabú le linn cheapadh agus chur chun feidhme an bheartais. Mar chuid den chur chuige sin, d’óstáil an Coimisiún dhá Idirphlé Beartais leis an Aos Óg( 25 )  sa téarma sin inar pléadh athnuachan ó ghlúin go glúin, rud a thug deis do dhaoine óga an beartas talmhaíochta a mhúnlú.

Ar an leibhéal náisiúnta, moltar do na Ballstáit ionadaithe feirmeoirí óga a áireamh i gcoistí faireacháin( 26 chun a áirithiú go mbeidh a ndearcthaí san áireamh i gcinntí beartais laistigh de CBT. Cruthaíonn sé sin spás institiúideach dá nguth sa chinnteoireacht, rud a chuireann ar a gcumas dóibh rannchuidiú le cur chun feidhme feabhsaithe agus cuntasacht a neartú as gealltanais athnuachana ó ghlúin go glúin a chomhlíonadh.

Trí dhaoine óga a lánpháirtiú go díreach i gcruthú an bheartais talmhaíochta, leagtar síos leis an straitéis sin an bonn le haghaidh cuntasacht níos láidre, tacaíocht níos freagrúla, agus earnáil feirmeoireachta dhinimiciúil atá dírithe ar an todhchaí. Léiríonn sé tiomantas an Aontais a áirithiú go mbeidh na huirlisí agus an guth araon acu siúd atá réidh chun talmhaíocht na hEorpa a stiúradh amach anseo.

Chun cur leis an móiminteam sin, leanfar den Idirphlé Beartais leis an Aos Óg ar bhonn bliantúil le linn an tsainordaithe sin, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann tuairimí a mhalartú go rialta, taithí a roinnt, agus díospóireacht eolasach a dhéanamh ar phríomhábhair bheartais lena n‑áiritheofar go gcloisfear gach guth óg go cothrom.

Príomhchuspóirí agus tosaíochtaí straitéiseacha

Is é príomhchuspóir na straitéise seo athléimneacht fhadtéarmach earnáil na feirmeoireachta a áirithiú trí thacú le hioncam feirme. Tá sé sin fíor-riachtanach ní hamháin do bheocht na gceantar tuaithe ach do shlándáil bia na hEorpa freisin. Ciallaíonn sé sin cabhrú le feirmeoirí gnólachtaí atá inmharthana ó thaobh an gheilleagair de, inbhuanaithe agus slán i bhfad na haimsire a thógáil. Chun é sin a bhaint amach, is cumasóirí trasghearrtha bunúsacha iad an nuálaíocht agus an fhiontraíocht.

Tá sé ríthábhachtach feirmeoirí óga agus feirmeoirí nua a chumasú chun tairbhe a bhaint as deiseanna atá ag teacht chun cinn agus tacú le héagsúlú ioncaim feirme. Is é is aidhm dó sin feirmeoirí a dhéanamh níos athléimní agus níos neamhspleáiche ar fhóirdheontais san fhadtéarma. Cuireann sé, i measc nithe eile, le hacmhainneacht an bhithgheilleagair, an fhuinnimh in-athnuaite, an dúlra agus creidmheasanna carbóin, agus slabhraí soláthair gairide.

Aithníonn an straitéis nach mór don fheirmeoireacht ioncam cobhsaí agus cóir a chur ar fáil trí phraghsanna cothroma ( 27 ) chun tacú le slí bheatha inmharthana tharraingteach. Shainaithin rannpháirtithe san Idirphlé Beartais leis an Aos Óg( 28 ) gurb é an tioncam cóir an dúshlán is práinní. I gcás go leor Eorpach óg, tá ionchais eacnamaíocha theoranta fós ina ndíspreagadh ar dhul isteach san fheirmeoireacht. Aithníonn an Coimisiún na hábhair imní sin agus tá aghaidh á tabhairt aige orthu cheana féin trí thionscnaimh níos leithne, lena náirítear athchóirithe agus uirlisí nua atá dírithe ar chóir agus ar thrédhearcacht a fheabhsú i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia( 29 ) . Tá sé tábhachtach a mheabhrú go bhfuil ról lárnach ag Eagraíochtaí Táirgeoirí, ar féidir leo cumhacht mhargála feirmeoirí a neartú, rochtain ar an margadh a fheabhsú, agus cur le hioncaim níos cothroime.

Tá comhthoil leathan ann( 30 ) go bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach i gcúig réimse: rochtain ar mhaoiniú, oideachas, oiliúint agus scileanna, talamh, caighdeán cóir maireachtála i gceantair thuaithe, agus cúnamh comharbais agus scoir. Tugtar aghaidh ar na dúshláin sin i gcúig bhloc straitéiseacha a bhfuil príomhthionscnaimh shuaitheanta agus gníomhaíochtaí tacaíochta ag gach ceann acu:

A. Rochtain ar chreidmheas agus ar airgeadas

Tá rochtain ar chistiú fós ina dhúshlán mór do gach feirmeoir, go háirithe d’fheirmeoirí óga agus d’fheirmeoirí nua, ós rud é go néilítear infheistíocht mhór roimh ré chun feirm a bhunú nó a ghabháil ar láimh, ar infheistíocht í lena ngabhann torthaí a bhíonn neamhrialta nó éiginnte go minic. Tosaíonn go leor acu ar a naistear agus iad faoi ualach fiachais, rud a fhágann go bhfuil sé deacair oibríochtaí nua a mhaoiniú, cleachtais inbhuanaithe a ghlacadh, nó trealamh a nuachóiriú. In 2023, bhí cóimheas dliteanas le sócmhainní os cionn 20 % ag feirmeoirí óga, i gcomparáid le 8 % i gcás feirmeoirí os cionn 65 bliana d’aois( 31 ) , rud a chuireann i dtábhacht an brú airgeadais níos troime nach mór don ghlúin óg aghaidh a thabhairt air.

In 2022, bhí bearna mhaoinithe EUR 14,1 billiún le sárú ag feirmeoirí óga in AE-27, arb ionann é agus 22 % d’easnamh iomlán na hearnála, agus b’ionann an méid sin agus méadú 11 % ó bhí 2017 ann( 32 ) . Léiríonn suirbhé fi-compass nua de chuid BEI( 33 ) nach bhfuil aon fheabhas tagtha ar phríomhearnálacha: tá bearna EUR 4,9 billiún roimh ghránaigh, barra olashíolta agus barra próitéine; glasraí EUR 3,2 billiún; agus ba déiríochta EUR 0,4 billiún. Cuirtear i dtábhacht leis an mbearna mhéadaitheach sin an ról lárnach atá ag feirmeoirí óga maidir le freastal ar riachtanais infheistíochta na hearnála agus ar a phráinní atá sé aghaidh a thabhairt ar a srianta airgeadais.

Ceann de na saincheisteanna is práinní is ea rochtain theoranta ar tháirgí airgeadais saincheaptha. Is minic a streachlaíonn feirmeoirí óga chun iasachtaí fadtéarmacha a fháil, go háirithe iasachtaí a mhaireann níos faide ná 12 bhliain, rud is amhlaidh mar gheall ar easpa comhthaobhachta nó stair chreidmheasa. Chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin, ní mór ionstraimí airgeadais amhail iasachtaí agus ráthaíochtaí a cheapadh go sonrach dóibh. Is féidir leis na hionstraimí sin tacú le réimse leathan infheistíochtaí, ó fhorbairt gnó agus oiriúnú don athrú aeráide go digitiú agus fáil feirmeacha de réir a chéile trí cheannach thar barr amach scaireanna. Ba cheart iad a chur in oiriúint freisin do shaintréithe samhlacha gnó malartacha amhail comharchumainn agus fiontair shóisialta. Is féidir le comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí agus comhar níos láidre le Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (Grúpa BEI) agus le hinstitiúidí airgeadais eile rochtain ar mhaoiniú a éascú a thuilleadh, agus d’fhéadfadh frithráthaíochtaí acmhainneacht neamhshaothraithe a chur ar fáil do na Ballstáit atá ag iarraidh tacú le hathnuachan ó ghlúin go glúin. In éineacht le Grúpa BEI, féachfaidh an Coimisiún ar chineálacha tacaíochta d’fheirmeoirí óga agus d’fheirmeoirí nua, lena n‑áirítear scéimeanna ráthaíochta agus fóirdheontais ráta úis.

Tá maoiniú fíor-riachtanach go háirithe maidir le talamh a fháil. Ní mór d’fheirmeoirí óga a bheith in ann ionstraimí cómhaoinithe an Aontais a úsáid chun talamh talmhaíochta a cheannach gan coinníollacha atá níos sriantach ná mar is gá. Chuirfeadh sé sin ar a gcumas a n‑oibríochtaí a chomhdhlúthú agus infheistíocht a dhéanamh i bhfeabhsuithe fadtéarmacha amhail sláinte ithreach, cleachtais agrai-éiceolaíocha, nó ceapadh carbóin. Tá rochtain ar thalamh fós ina bac mór agus tá sé ríthábhachtach ceannach talún a éascú chun inmharthanacht fhadtéarmach a áirithiú.

An tráth céanna, tá infheistíocht sa nuálaíocht agus i dteicneolaíochtaí nua-aimseartha fíor-riachtanach chun táirgiúlacht a fheabhsú, athléimneacht a mhéadú agus tacú leis an aistriú glas. Ní mór don mhaoiniú dul níos faide ná gnáthuirlisí chun cur ar chumas feirmeoirí óga teicnící nua, uirlisí digiteacha agus réitigh inbhuanaithe a ghlacadh a chuirfidh ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an athraithe aeráide agus éilimh an mhargaidh a athrú. Tá sé sin ábhartha go háirithe don fheirmeoireacht orgánach, áit ar féidir le táirgeacht níos ísle an riosca airgeadais a mhéadú. I ndáil leis an méid sin, tá ionstraimí éifeachtacha bainistithe riosca ríthábhachtach, agus cé go bhféadfadh na híocaíochtaí aistrithe nua EUR 200,000 faoi CBT a bheidh ann amach anseo, dá nglacfaí iad, a bheith ina ndea-shampla chun tacú le táirgí orgánacha agus leis an aistriú, beidh gá le níos mó acmhainní chun aghaidh a thabhairt ar scála na ndúshlán atá ann.

Ina theannta sin, fágann athruithe rialála gur deacair d’fheirmeoirí infheistíochtaí fadtéarmacha a dhéanamh go muiníneach. Glacann siad iasachtaí bunaithe ar na rialacha atá ann faoi láthair, ach ansin athraítear na rialacha sin sula n‑íoctar a n‑infheistíochtaí, rud a bhaineann an bonn den deimhneacht dhlíthiúil agus den intuarthacht. Dá bhrí sin, is príomhchuspóir d’Fhís an Choimisiúin le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia í earnáil agraibhia níos intuartha do 2040. Tá an Coimisiún tiomanta d’idirthréimhsí leordhóthanacha agus breithniú á dhéanamh aige ar athruithe rialála a dhéanann difear d’fheirmeacha.

Sa chomhthéacs sin, tá CBT agus cistiú náisiúnta ríthábhachtach i gcónaí. Tá cabhair suiteála agus tacaíocht infheistíochta spriocdhírithe fíor-riachtanach chun cabhrú le feirmeoirí óga a ngnólachtaí a sheoladh, athléimneacht a chothú, agus rioscaí margaidh agus aeráide araon a bhainistiú. D’fhéadfadh ról luachmhar a bheith ag cnapshuimeanna aistrithe, amhail iad siúd dá bhforáiltear faoi CBT amach anseo, maidir le tacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí le linn luathchéimeanna ríthábhachtacha an oiriúnaithe do na dúshláin sin.

D’fhéadfadh an CEI atá beartaithe, in éineacht le Colún II d’Fhís Eorpach, bealaí maoinithe a chur ar fáil d’fheirmeoirí, lena náirítear feirmeoirí óga agus feirmeoirí nua, chun a bhfiontair a mhéadú agus bacainní struchtúracha a shárú. I gcomhréir le Straitéis an Aontais um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú( 34 ) , déantar caipiteal a shlógadh leis na hionstraimí sin, tugtar aghaidh ar bhearnaí sa mhaoiniú fáis leo, agus cothaítear gnólachtaí nuathionscanta agraibhia leo i gceantair thuaithe. D’fhéadfadh feirmeoir óg a bhunaíonn gnólacht nuathionscanta tuaithe leathnú a thuilleadh trí rochtain a fháil ar na huirlisí sin, lena náirítear an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach nuair is ábhartha.

Beidh ionstraimí airgeadais saincheaptha agus sásraí tacaíochta comhtháite atá dírithe ar mhaoiniú poiblí agus príobháideach a chumasc ríthábhachtach chun leas a bhaint as acmhainneacht na chéad ghlúine eile agus chun claochlú inbhuanaithe thalmhaíocht an Aontais a spreagadh.

Tionscnaimh shuaitheanta    

·Sa togra le haghaidh CBT a bheidh ann amach anseo, méadaíodh faoi thrí uasleibhéal thacaíocht CBT (Coibhéis Deontais Ollmhór) chun feirmeoirí óga a chur ar bun nuair a sholáthraítear an tacaíocht trí ionstraimí airgeadais (ó EUR 100 000 go EUR 300 000), rud a chumasaigh méid iasachta i bhfad níos airde in aghaidh an tionscadail agus/nó laghdú nach beag ar na híocaíochtaí úis.

·Déantar foráil leis an togra freisin maidir le ráta méadaithe tacaíochta infheistíochta suas go 85 % agus rogha do na Ballstáit íosleibhéil chaiteachais nó rátaí cómhaoinithe an Aontais níos airde a shocrú d’fheirmeoirí óga

Gníomhaíochtaí atá beartaithe faoin CBT atá ann faoi láthair agus i dtogra CBT 2028-2034

Tacaíocht don dearadh airgeadais agus feasacht a mhúscailt

Cúnamh teicniúil a chur ar fáil chun ionstraimí airgeadais atá saincheaptha d’fheirmeoirí óga a dhearadh agus a chur chun feidhme. Áirítear leis sin cóitseáil agus tacaíocht trí ardáin amhail fi-compass, chomh maith le hiarrachtaí cumarsáide agus scaipthe feabhsaithe agus inrochtana faoi Líonra CBT chun feasacht a mhúscailt maidir le deiseanna maoinithe.

R2 2026 agus CBT atá ann faoi láthair

Rochtain ar mhaoiniú agus bainistiú riosca feabhsaithe i straitéisí na mBallstát agus tríd an bPacáiste Tosaigh

·Gníomhaíochtaí maidir le rochtain ar mhaoiniú d’fheirmeoirí óga laistigh dá straitéisí athnuachana giniúna, agus machnamh a dhéanamh ar bhearta breise a chur i bhfeidhm, amhail rátaí deontais níos airde nó pointí bónais i roghnú tionscadal do ghrúpaí faoi ghannionadaíocht, agus aird ar leith á tabhairt ar bhanfheirmeoirí óga.

·Cistí Iasachta agus Ráthaíochta atá tiomnaithe d’fheirmeoirí óga a sholáthar, lena náirítear ionstraimí lena mbaineann rátaí úis laghdaithe, comhthaobhacht níos ísle, tréimhsí cairde, agus tréimhsí aisíocaíochta níos faide, faoi imchlúdaigh náisiúnta na mBallstát agus trí na huirlisí faoi Phacáiste Tosaigh, lena náirítear le haghaidh feirmeoireacht orgánach.

·

CBT nua – ó 2028 ar aghaidh

Pleananna gnó

·Seirbhísí comhairleacha chun tacú le feirmeoirí óga agus le hiontrálaithe nua pleananna gnó a dhréachtú agus a thabhairt cothrom le dáta agus naisc uirbeacha-thuaithe a fheabhsú an tráth céanna.

Ó R4 2025

Gníomhaíochtaí atá beartaithe faoi Bheartais eile de chuid an Aontais

Imchlúdaigh iasachtaithe tiomnaithe BEI

Imchlúdaigh iasachtaithe BEI don talmhaíocht agus don bhithgheilleagar a chur chun cinn agus faireachán a dhéanamh orthu, lena n‑áirítear maoiniú atá tiomnaithe d’fheirmeoirí óga. Trédhearcacht agus tuairisciú na gcaiteachas sonrach a théann chun tairbhe an ghrúpa sin a áirithiú. BEI a spreagadh chun borradh a chur faoi mhaoiniú trí rioscaí dílse sa bhreis ar ráthaíochtaí an Aontais. Féachaint ar chineálacha tacaíochta d’fheirmeoirí óga agus d’fheirmeoirí nua, lena n‑áirítear scéimeanna ráthaíochta agus fóirdheontais ráta úis.

2025-2027 agus ina dhiaidh/Straitéis Bhithgheilleagair Nua an Aontais

Tacaíocht faoi ionstraimí iomchuí i gcomhar le Grúpa BEI agus le hionstraimí eile Comhpháirtithe Cur Chun Feidhme

Rochtain ar mhaoiniú a éascú d’fheirmeoirí óga trí ionstraimí iomchuí, go háirithe táirgí ráthaíochta agus cothromais arna bhforbairt le CEI, le BEI nó le comhpháirtithe cur chun feidhme eile, lena gcumasaítear ceannach feirme agus uas-scálú teicneolaíochtaí nuálacha.

2025-2027 agus ina dhiaidh/Straitéis Bhithgheilleagair Nua an Aontais

Gníomhaíochtaí Deonacha ar leibhéal na mBallstát

Rochtain chreidmheasa a fheabhsú trí bhainc le haghaidh spreagadh

Oibriú i gcomhar le bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh chun scéimeanna a fhorbairt lena bhfeabhsófar rochtain ar chreidmheas d’fheirmeoirí.

Ó R4 2025

B. Rochtain ar eolas agus ar scileanna

Is príomhchumasóirí iad oiliúint agus scileanna saincheaptha chun feirmeacha inmharthana a bhunú agus a choinneáil ar bun chun go n‑éireoidh le feirmeoirí óga. Tagann dúshláin chun cinn i bhfad sula gcuirtear feirmeacha ar bun, trí dhul i ngleic le creataí casta dlíthiúla agus airgeadais agus trí phleananna gnó a ullmhú lena ndéantar cothromaíocht idir inmharthanacht eacnamaíoch agus inbhuanaitheacht shóisialta agus chomhshaoil. Le córais tacaíochta struchtúrtha lena gcuirtear oiliúint, comhairle agus meantóireacht ar fáil sula mbunaítear feirm, le linn an bhunaithe agus ina diaidh, laghdaítear an riosca teipe. Na dúshláin a bhaineann le haistriú scileanna agus róil á nglacadh ar láimh nó á n‑oiriúnú laistigh de ghabháltais teaghlaigh atá ann cheana, tá siad éagsúil ó na dúshláin a bhaineann le feirmeoirí den chéad ghlúin.

Chomh maith le pleanáil agus forbairt gnó, ní mór d’oideachas agus oiliúint talmhaíochta agus seirbhísí comhairleacha dúshláin agus deiseanna atá ag teacht chun cinn a chumhdach, amhail an tathrú aeráide, cailliúint na bithéagsúlachta, digitiú, comhtháthú fuinnimh in-athnuaite, nó cleachtais feirmeoireachta cliste atá ag brath ar chórais spáis Eorpacha, amhail Copernicus agus Galileo. Tá litearthacht airgeadais, mar a chuirtear i dtábhacht i straitéis litearthachta airgeadais an Aontais( 35 ) , chomh ríthábhachtach céanna maidir lena chumasú d’fheirmeoirí óga infheistíochtaí, creidmheas agus riosca a bhainistiú go héifeachtach, agus maidir le cinntí eolasacha a dhéanamh ar mhaithe le hinmharthanacht fhadtéarmach. Tá sé fíor-riachtanach do chlaochlú inbhuanaithe na hearnála na scileanna agus na huirlisí a chur ar fáil d’fheirmeoirí óga agus nua chun cleachtais agrai-éiceolaíocha a ghlacadh, an digitiú a chomhcheangal le saothar (gann), agus páirt a ghlacadh i luach a chur leis an earnáil trí e.g. fiontair bhithgheilleagair. Tá deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil, formáidí oiliúna páirtaimseartha, malartuithe, agus uirlisí digiteacha ríthábhachtach chun a áirithiú go mbeidh eolas agus scileanna inrochtana. Ina theannta sin, tá iarrachtaí spriocdhírithe chun feirmeoirí páirtaimseartha, oibrithe feirme, mná agus grúpaí atá i staideanna leochaileacha a chur san áireamh fíor-riachtanach don chuimsitheacht agus do dheiseanna a leathnú.

Le hardáin chomhoibríocha inrochtana a spreagann comhroinnt eolais, trealaimh agus seirbhísí, cuidítear le costais a laghdú, athléimneacht an phobail a neartú, agus nuálaíocht a chothú. Faoin CAI atá ann faoi láthair, tacaíonn an Comhshocrú um Chomhpháirtíocht Scileanna-Agraibhia( 36 )  le páirtithe leasmhara maidir le huas-sciliú agus athsciliú le haghaidh na naistrithe glasa agus digiteacha, lena dtairgtear eolas, comhairle chistiúcháin agus deiseanna comhair. Tugann Ionaid Barr Feabhais Gairme Erasmus+ aghaidh ar dhúshláin scileanna sa talmhaíocht freisin. Ag féachaint chun cinn don chéad CAI eile, tá gá le tacaíocht agus ailíniú leanúnach trí thionscnaimh amhail an Chomhpháirtíocht Eorpach Nuálaíochta maidir le táirgiúlacht talmhaíochta (CEN-AGRI), agus ionstraimí CBT ailínithe, chun feabhas a chur ar chumas feirmeoirí óga agus iontrálaithe nua réitigh a ghlacadh agus a fhorbairt le chéile.

Áirítear anois le Fís Eorpach braisle thiomnaithe talmhaíochta agus bithgheilleagair 6, lena gcruthaítear deiseanna nua chun tacaíocht ó CBT agus ó CEI a nascadh le hardtaighde agus nuálaíocht, lena n‑áirithítear gur féidir le feirmeoirí óga tairbhe dhíreach a bhaint as réitigh arna gcistiú ag an Aontas. Tá gá le rochtain níos éasca ar an eolas sin, in éineacht le tionscnaimh amhail an Chomhpháirtíocht Eorpach Nuálaíochta maidir le táirgiúlacht talmhaíochta (CEN-AGRI), agus ionstraimí CBT ailínithe, chun feabhas a chur ar chumas feirmeoirí óga agus iontrálaithe nua réitigh a ghlacadh agus a fhorbairt le chéile.

Is sealbhóirí foraoise iad go leor feirmeoirí freisin, rud a fhágann go bhfuil rochtain acu ar oiliúint speisialaithe foraoiseachta, lena n‑áirítear cleachtais oibre shábháilte, atá ríthábhachtach le haghaidh bainistiú cuí foraoisí, athléimneacht tuaithe, agus slándáil i limistéir teorann.

Tionscnaimh Shuaitheanta

·Is uirlis chumhachtach é Erasmus le haghaidh Fiontraithe Óga (EFÓ) chun athnuachan ó ghlúin go glúin a chothú san fheirmeoireacht. Tá sé ceaptha d’fhiontraithe, rud a chuireann ar a gcumas d’fheirmeoirí nua agus óga scileanna gnó, muinín agus líonraí ríthábhachtacha a fháil trí bheith ag obair le fiontraithe a bhfuil taithí acu i mbreis agus 40 tír. Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún infheictheacht a mhéadú i gceantair thuaithe ionas go rachaidh níos mó feirmeoirí óga agus nua chun tairbhe dóibh.

·An tArdán do Mhná san Fheirmeoireacht: beidh sé d’aidhm aige níos mó ban a mhealladh chuig an talmhaíocht, comhdheiseanna, malartú taithí agus meantóireacht a chur chun cinn, agus aitheantas á thabhairt don ról lárnach atá ag mná i dtodhchaí na feirmeoireachta agus na forbartha tuaithe.

·Pacáiste dea-chleachtas ‘Feirmeoirí na todhchaí’ do scoileanna talmhaíochta uile an Aontais

Tabharfaidh an pacáiste samplaí soiléire praiticiúla de chineálacha cur chuige feirmeoireachta nua-aimseartha do mhic léinn amhail éagsúlú, uirlisí digiteacha, inbhuanaitheacht, agus oibriú le chéile i samhlacha nua gnó. Léiríonn na samplaí sin go bhfuil an fheirmeoireacht nua-aimseartha nuálach agus nasctha leis an ngeilleagar i gcoitinne. Trí iad a chur san áireamh san oideachas, cuidítear le mic léinn féachaint ar an bhfeirmeoireacht mar ghairm dhinimiciúil atá dírithe ar an todhchaí.

Gníomhaíochtaí atá beartaithe in CBT 2028-2034

AKIS agus seirbhísí comhairleacha don chomhar idirghlúine a neartú

Oiliúint shaincheaptha d’fheirmeoirí óga a chomhtháthú faoin gCóras um Eolas agus Nuálaíocht Talmhaíochta (AKIS) chun tacú leis an athnuachan ó ghlúin go glúin. Faigheann feirmeoirí óga meantóireacht roimh shocrú na feirme agus ina dhiaidh, lena gcumhdaítear rochtain ar thalamh, pleanáil ghnó, saincheisteanna teicniúla, dlíthiúla agus inbhuanaitheachta agus béim á leagan ar réitigh nuálacha.

CBT nua – ó 2028 ar aghaidh

Gníomhaíochtaí atá beartaithe faoi Bheartais eile de chuid an Aontais

Taighde agus nuálaíocht atá dírithe ar riachtanais na nglún óg

Cistiú Fís Eorpach a úsáid chun tacú le hathnuachan ó ghlúin go glúin san earnáil, trí T&N a chur ar fáil atá oiriúnaithe do riachtanais na nglún óg, trí ról a thabhairt d’fheirmeoirí óga sa phróiseas nuálaíochta agus trí sheirbhísí comhairleacha gaolmhara a chothú.

Clár Oibre an chláir Fís Eorpach 2027

Gníomhaíochtaí Deonacha ar leibhéal na mBallstát

Deonach

Scileanna Agraibhia a Nuáil

Úsáid a bhaint as Speisialtóireacht Chliste, as an Ardán Tallainne, agus as an gComhpháirtíocht Scileanna Agraibhia faoin gComhshocrú um Scileanna chun nuálaíocht, athsciliú agus coinneáil tallainne a spreagadh i gceantair thuaithe. Ba cheart do na réigiúin tús áite a thabhairt don talmhaíocht agus don athnuachan ó ghlúin go glúin i Straitéisí um Speisialtóireacht Chliste. Is féidir leis an Ardán um an Tallann daoine óga a mhealladh trí oideachas agus soghluaisteacht shaincheaptha, agus ba cheart do ghníomhaithe agraibhia páirt a ghlacadh sa Chomhshocrú chun oiliúint a chomhfhorbairt agus feirmeoirí óga agus iontrálaithe nua i dteicneolaíochtaí nuálacha a uas-sciliú. Tacaíonn Ionaid Barr Feabhais Gairme Erasmus+ le líonraí trasnáisiúnta a théann i ngleic le dúshláin scileanna earnála agus trasearnála.

Ó R4 2025

Oideachas agus oiliúint talmhaíochta atá solúbtha agus nuachóirithe

Curaclaim a oiriúnú agus formáidí solúbtha inrochtana a chur ar fáil le huirlisí digiteacha nua nó atá ann cheana chun freastal ar riachtanais feirmeoireachta páirtaimseartha agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua, lena n‑áirítear straitéisí éagsúlaithe agus ioncaim.

Ó R4 2025

Tacaíocht a thabhairt d’eagraíocht feirmeoirí óga

Maoiniú agus cláir a stiúradh chun tacú le heagraíochtaí feirmeoirí óga, agus a áirithiú go gcloisfear a nguthanna.

Ó R4 2025

ALMA a úsáid chun tacú le tarraingteacht na feirmeoireachta a aimsiú agus a fheabhsú do NEETanna

Is tionscnamh de chuid an Aontais um chuimsiú sóisialta é ALMA (Beartaigh, Foghlaim, Máistrigh, Gnóthaigh) a chabhraíonn le NEETanna athimeascadh sa tsochaí trí scileanna boga a fhorbairt agus trí thacaíocht shaincheaptha a chur ar fáil. Cé nach bhfuil siad teoranta d’earnáil amháin, d’fhéadfadh malartuithe san fheirmeoireacht feasacht a mhúscailt maidir lena tarraingteacht. Trí ról a thabhairt d’fheirmeoirí chun rannpháirtithe a óstáil le haghaidh socrúcháin thar lear, d’fhéadfaí tacú le forbairt scileanna agus daoine óga a spreagadh chun poist talmhaíochta a chur san áireamh. Dá ndéanfaí an cur chuige sin a chomhtháthú in AKIS náisiúnta, d’fhéadfaí fostaíocht tuaithe agus athnuachan glúine a neartú.

Ó R4 2025

Gníomhaíochtaí deonacha do pháirtithe leasmhara

Deonach

Piarfhoghlaim d’fheirmeoirí óga agus d’fheirmeoirí nua

Ba cheart d’eagraíochtaí, comharchumainn agus comhpháirtithe feirmeoirí óga meantóireacht, oiliúint agus piarfhoghlaim a chur ar fáil chun scileanna gnó agus ceannaireachta feirmeoirí óga agus nua a neartú.

Ó 2026

C. Rochtain ar thalamh

Tá aistriú talún i gcroílár na hathnuachana ó ghlúin go glúin. Léirítear an dúshlán leis an éagothroime i dtionacht talún: cé gur le formhór na bhfeirmeoirí scothaosta a dtalamh, is minic a bhíonn na glúine níos óige teoranta do thionóntacht, agus 15 mhilliún heicteár á n‑oibriú acu mar thionóntaí i gcomparáid le 10 milliún mar úinéirí. Cuireann léasú rogha níos inrochtana ar fáil do go leor iontrálaithe nua, cé go bhféadfadh léasú gearrthéarmach teorainn a chur lena gcumas infheistíocht a dhéanamh agus pleanáil fhadtéarmach a dhéanamh.

Cé go bhfuil scéimeanna agus forálacha sonracha riaracháin ann i roinnt Ballstát chun aistriú feirme a éascú, is minic a bhíonn dúshlán ag baint le comharbas luath; le dídhreasachtaí riaracháin agus airgeadais, díspreagtar feirmeoirí a ngabháltais a thabhairt ar láimh sula dtéann siad ar scor. D’fhágfadh rialacha níos simplithe agus dreasachtaí spriocdhírithe go mbeadh aistrithe níos tarraingtí níos luaithe.

Is minic a chuireann creataí dlíthiúla casta agus ualaí arda cánach bac ar an bhfeirm a fhágáil le huacht tar éis d’fheirmeoir bás a fháil. Fiú i gcás ina bhfuil faoiseamh cánach nó comharbas simplithe ann, bíonn ilroinnt mar thoradh ar chleachtais thraidisiúnta i roinnt réigiún, rud a dhéanann comhdhlúthú na n‑aonad feirmeoireachta inmharthana níos casta. Ba cheart do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin chun aistriú talún níos éifeachtaí chuig feirmeoirí a éascú. Dá bhrí sin, déanfaidh an Coimisiún gnéithe eacnamaíocha agus sóisialta ábhartha a bhaineann le hathnuachan ó ghlúin go glúin a chomhtháthú i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh chun a áirithiú go mbeidh beartais náisiúnta ailínithe le cuspóirí an Aontais agus go gcuirfear athchóirithe leordhóthanacha i bhfeidhm.

Dóibh siúd nach bhfuil an deis acu talamh a fháil le huacht, is é talamh a cheannach an príomhbhealach le dul isteach san fheirmeoireacht ach is é an bealach is deacra freisin. Tá meánphraghsanna EUR 11,791 in aghaidh an heicteáir ar fud an Aontais ach baineann siad níos mó ná EUR 280,000 amach i réigiúin áirithe. Bíonn bacainní móra roimh fheirmeoirí óga, ina measc ganntanas creidmheasa, téarmaí aisíocaíochta troma, agus torthaí ar infheistíocht a bhíonn measartha beag agus neamhrialta go minic. Is féidir leis na Ballstáit é sin a éascú trí scéimeanna iasachta inacmhainne, cearta réamhcheannaigh i bhfabhar feirmeoirí óga (nach ndéanann idirdhealú ar bhonn náisiúntachta), agus sásraí meaitseála tiomnaithe chun feirmeoirí atá ag dul ar scor nó úinéirí talún a nascadh le feirmeoirí ar mian leo a bheith ina bhfeirmeoirí. An tráth céanna, chun talamh talmhaíochta a choinneáil ar fáil le haghaidh feirmeoireachta, ní mór do na Ballstáit gníomhú in aghaidh fálacha agus sciobadh talún de chineál amhantrach( 37 ) .

Is féidir rogha níos inrochtana a bheith ann maidir le léasú. Tá beagnach leath de thalamh talmhaíochta an Aontais ar cíos, ach fágann socruithe gearrthéarmacha go mbíonn iontrálaithe nua leochaileach. Chuirfeadh conarthaí fadtéarmacha níos láidre, mar aon le tosaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí óga maidir le talamh bardasach nó poiblí a leithdháileadh, feabhas ar chobhsaíocht agus ar mhuinín.

Tá samhlacha malartacha ag teacht chun cinn freisin, ó bhainc talún, iontaobhais talún pobail go gorlanna feirme. Tá creataí dlíthiúla tacúla agus tacaíocht réigiúnach de dhíth orthu sin má tá siad le bheith inmharthana ar scála. An tráth céanna, le hiomaíocht le haghaidh talún ó úsáidí eile, laghdaítear infhaighteacht talún talmhaíochta agus déantar praghsanna talún a bhoilsciú chun dochair don talmhaíocht. Laghdaítear infhaighteacht talún talmhaíochta le tógáil talún. Déanann tiontú leanúnach talún talmhaíochta go húsáidí uirbeacha agus tionsclaíocha praghsanna a bhoilsciú agus rochtain d’fheirmeoirí óga a theorannú. Ba cheart do na Ballstáit ailíniú le sprioc an Aontais ‘saorgú glan-nialasach faoi 2050’( 38 )  trí chosaint níos láidre do thalamh talmhaíochta a bheith ann i dtaca le pleanáil úsáide talún.

Thairbheodh beartas talún ar fud an Aontais de chomhar agus comhroinnt sonraí níos láidre ar fud na mBallstát. Chun tacú leis sin, tá an Coimisiún ag forbairt an bhoinn anailísigh le haghaidh Faireachlann Talún Eorpach a ceapadh mar fhóram le haghaidh plé chun cuidiú le bearnaí faisnéise a dhúnadh agus trédhearcacht maidir le hidirbhearta talún, praghsanna, athruithe úsáide agus treochtaí sa mhargadh a fheabhsú. Soláthrófar léi fianaise agus uirlisí do na Ballstáit chun bearta níos córa agus níos éifeachtaí a dhearadh, agus iad saincheaptha dá gcomhthéacsanna náisiúnta agus, an tráth céanna, rannchuidiú á dhéanamh le cuspóirí comhroinnte an Aontais , lena n‑áirítear athnuachan ó ghlúin go glúin.

Tionscnaimh Shuaitheanta

·Faireachlann Talún Eorpach chun trédhearcacht talún a fheabhsú, agus cuidiú á thabhairt d’fheirmeoirí rochtain a fháil ar thalamh atá ar fáil, agus tacaíocht á tabhairt maidir le comharbas feirme, agus bonn eolais a chur faoi bheartas, agus cosc á chur ar amhantraíocht talún, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca d’iontrálaithe nua tús a chur leis an bhfeirmeoireacht.

·Beartais náisiúnta talún chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní rochtana, chun fhálacha amhantracha a chosc, agus chun ailíniú le cuspóirí an Aontais maidir le hathnuachan ó ghlúin go glúin a chumhdófar leis an Seimeastar Eorpach/faoi raon feidhme an tSeimeastair Eorpaigh.



Gníomhaíochtaí atá beartaithe faoi bheartais eile de chuid an Aontais

Measúnú ar an margadh talún le haghaidh athnuachan ó ghlúin go glúin

Dhá staidéar idirnasctha a dhéanamh chun tuiscint níos fearr a fháil ar bhacainní a bhaineann le talamh ar athnuachan ó ghlúin go glúin sa talmhaíocht chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

1.Airgeadú talún talmhaíochta agus na hiarmhairtí socheacnamaíocha agus comhshaoil a bhaineann leis a scrúdú agus

2.Anailís a dhéanamh ar éabhlóid phraghsanna talún talmhaíochta i ndáil le tosca agra-chomhshaoil agus sóisialta.

Faoi R4 de 2026

Gníomhaíochtaí deonacha ar leibhéal na mBallstát

Seirbhísí inaistritheachta talún

Tacú le scéimeanna inaistritheachta talún rúnda lena nasctar úinéirí talún le hiontrálaithe nua trí léasanna, comhpháirtíochtaí, feirmeoireacht chomhroinnte, agus uirlisí meaitseála talún. Creataí dlíthiúla a spreagadh lena ndaingnítear léasanna fadtéarmacha agus lena gcuirtear cobhsaíocht léasa chun cinn chun go mbeidh feirmeoirí óga in ann táthcheangail feirme agus infheistíocht a dhéanamh de réir a chéile. Ag tógáil ar thionscnaimh na mBallstát, nascfadh líonra de chuid an Aontais ardáin náisiúnta le chéile.

Ó R4 2025

Samhlacha malartacha úinéireachta agus aistrithe gnó

Tacú le haistrithe úinéireachta idirghlúine agus faoi stiúir oibrithe, lena n‑áirítear ceannach thar barr amach ag oibrithe i gcás ina bhfaigheann fostaithe scaireanna feirme chomh maith le samhlacha comhoibríocha bainistíochta talún. Tús áite a thabhairt do thacaíocht do shamhlacha lena gcumasaítear aistrithe de réir a chéile nó aistrithe comhúinéireachta.

Ó R4 2025

Bainc talún agus athúsáid talún tréigthe

Tacú le bainc talún poiblí talamh tréigthe nó ilroinnte a bhainistiú agus a chuspóir a athrú, rud a éascóidh rochtain d’fheirmeoirí óga agus d’iontrálaithe nua. Sásraí léasaithe comhoibritheacha a spreagadh i gcás inarb iomchuí.

Ó R4 2025

Rannpháirtíocht institiúidí airgeadais atá faoi úinéireacht an stáit

Institiúidí airgeadais a spreagadh chun tacú le rochtain agus forbairt ar thalamh talmhaíochta trí tháirgí airgeadais a thairiscint amhail iasachtaí ceannaigh, ráthaíochtaí iasachta, agus rátaí fóirdheonaithe chun talamh a fheabhsú agus a chomhdhlúthú, rud a chuideoidh le feirmeoirí óga bacainní airgeadais a shárú agus inmharthanacht feirme a fheabhsú.

Ó R4 2025

Costais idirbheart talún níos ísle d’fheirmeacha beaga

Tacú le hathchóirithe agus fóirdheontais chun costais arda clárúcháin talún agus idirbheart a laghdú, rud atá ina bhacainn mhór d’fheirmeoirí óga. Chun cothromaíocht a bhaint amach idir amhantraíocht a dhíspreagadh gan bac a chur ar iontrálaithe nua, smaoineamh ar tháillí d’fheirmeacha beaga a dhíolmhú nó a laghdú, amhail tairseacha a shocrú nó costais a dhéanamh comhréireach le méid na talún.

Ó R4 2025

D. Athléimneacht, dálaí córa maireachtála, agus rochtain ar dheiseanna nua ioncaim

Braitheann athnuachan na feirmeoireachta ní hamháin ar rochtain ar thalamh, ar scileanna nó ar mhaoiniú ach freisin ar na deiseanna eacnamaíocha foriomlána san fheirmeoireacht agus ar tharraingteacht shaol na tuaithe. Bíonn drogall ar go leor daoine óga fanacht san fheirmeoireacht nó filleadh uirthi i gceantair thuaithe má tá deiseanna, seirbhísí agus cáilíocht saoil ag titim chun deiridh ar chaighdeáin uirbeacha. Tá ról fíor-riachtanach ag CBT chun inmharthanacht eacnamaíoch agus tarraingteacht gníomhaíochtaí feirmeoireachta agus gníomhaíochtaí eile i gceantair thuaithe an Aontais a áirithiú, i gcomhlántacht leis an mBeartas Comhtháthaithe agus le beartais eile de chuid an Aontais. Cuireann an Fhaireachlann um an Tuath( 39 )  sonraí agus anailís cothrom le dáta ar fáil maidir le dálaí tuaithe, athléimneacht agus cáilíocht saoil, rud a thacaíonn le ceapadh beartas fianaisebhunaithe.

Thairis sin, i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, tá sé fíor-riachtanach feabhas a chur ar rochtain ar chúram sláinte, ar chúram leanaí, ar chúram daoine scothaosta, ar iompar, ar thithíocht, ar bhonneagar áitiúil, ar oideachas agus oiliúint, ar dheiseanna fostaíochta (do dhaoine óga agus do bhaill teaghlaigh na bhfeirmeoirí) agus ar thacaíocht shóisialta, a sholáthraítear i bhformáidí solúbtha inrochtana agus a neartaítear le huirlisí digiteacha agus líonraí pobail, chun an fheirmeoireacht a dhéanamh comhoiriúnach le saol an teaghlaigh agus chun an t‑uaigneas agus an dídhaonrú a chomhrac.

Samplaí de Sheirbhísí Tuaithe a thacaíonn le Feirmeoirí

·An Ostair – Comharchumainn cúraim leanaí thuaithe: tionscnaimh chúraim leanaí pobalbhunaithe a ligeann do theaghlaigh feirme cothromaíocht a bhaint amach idir freagrachtaí teaghlaigh agus oibre.

·An Fhionlainn – Aonaid shoghluaiste cúraim sláinte agus seirbhísí sóisialta: tacaíocht sláinte agus shóisialta fhíor-riachtanach a thabhairt go díreach chuig ceantair thuaithe iargúlta, cáilíocht na beatha a fheabhsú agus brú ar theaghlaigh feirme a laghdú.

Is féidir ról cinntitheach a bheith ag cosaint shóisialta agus seirbhísí sóisialta níos láidre atá saincheaptha d’fheirmeoirí freisin. Le hioncam cobhsaí, cumhdach sláinte (lena n‑áirítear meabhairshláinte agus cúram fadtéarmach), saoire tuismitheora agus cúram tuismitheora, agus pinsin leordhóthanacha, cuirtear an slándáil is gá ar fáil d’iontrálaithe riosca a tharraing orthu féin agus gairmeacha beatha sa talmhaíocht a thógáil. Córais chuimsitheacha a thugann tacaíocht do gach feirmeoir, a thugann le chéile iad agus a mbíonn feirmeoirí ag tarraingt orthu, lena n‑áirítear feirmeoirí páirtaimseartha, mná agus grúpaí ar leochaileach a gcás, agus lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin mheabhairshláinte i gceantair thuaithe, lena neartaítear cothroime agus athléimneacht ar fud na bpobal tuaithe.

An tráth céanna, tá éagsúlú eacnamaíoch lárnach don athléimneacht. Feirmeoirí óga ar féidir leo feirmeoireacht thraidisiúnta a chomhcheangal le cleachtais atá cliste ó thaobh na haeráide de, fiontair bhithgheilleagair nua agus slabhraí luacha nua, agrathurasóireacht, táirgeadh fuinnimh in-athnuaite, nó digitiú, faigheann siad iomaíochas agus inmharthanacht fhadtéarmach. Córais bhia áitiúla, ó shlabhraí soláthair gairide go talmhaíocht a fhaigheann tacaíocht ón bpobal, cobhsaíocht ioncaim a mhéadú agus naisc shóisialta a threisiú, agus tomhaltóirí a nascadh ar bhealach níos dlúithe leis an mbia atá ar a bplátaí an tráth céanna. Ina theannta sin, is féidir le deiseanna cistithe le haghaidh suiteálacha fuinnimh in-athnuaite ar an bhfeirm bacainní infheistíochta tosaigh a laghdú agus laghduithe fadtéarmacha ar chostais agus ar ioncam a d’fhéadfaí a ghiniúint a bheith mar thoradh orthu, rud a neartaíonn inmharthanacht feirme agus athléimneacht fuinnimh tuaithe araon.

Dúshlán leanúnach amháin is ea an dearcadh: is minic a mheastar gur gairm dhian agus as dáta í an fheirmeoireacht. Beidh sé ríthábhachtach an íomhá sin a athrú tríd an nuálaíocht, an inbhuanaitheacht agus an tacaíocht atá ar fáil a thaispeáint chun glúine nua a mhealladh. D’fhéadfadh úsáid a bhaint as bealaí cumarsáide nua agus as na meáin shóisialta lucht féachana níos óige a shroicheadh agus a mhealladh, rud a spreagfadh iad chun an fheirmeoireacht a mheas mar chonair ghairme a chuireann solúbthacht agus cáilíocht saoil ar fáil, atá gar don dúlra agus a chuireann go mór leis an tsochaí.

I dteannta a chéile, is féidir a chruthú leis na bearta sin ceantair thuaithe níos bríomhaire, níos éagsúla agus níos athléimní, áiteanna inar mian le daoine óga cónaí, oibriú agus infheistíocht a dhéanamh ina dtodhchaí. Is é sin an bhunchloch le haghaidh athnuachan mharthanach ó ghlúin go glúin i dtalmhaíocht na hEorpa.

Tionscnaimh shuaitheanta

·Mar chuid den togra nua CBT, thabharfadh seirbhísí faoisimh feirme tacaíocht isteach athuair chun cuidiú le feirmeoirí am saor a thógáil i ndáil le tinneas, díobháil, freagrachtaí tuismitheora, cúram a thabhairt, lena náirítear cúram d’fheirmeoirí scothaosta, laethanta saoire nó oiliúint. Ba cheart go gcumhdófaí leis an gcistiú bunú seirbhísí faoisimh agus pá d’oibrithe athsholáthair le linn neamhláithreachtaí gearrthéarmacha.

·Ambasadóirí Óige na Tuaithe. Bunóidh an Coimisiún Eorpach clár Ambasadóirí Óige na Tuaithe. Roghnófar daoine óga agus tacófar leo chun gníomhú mar abhcóide don talmhaíocht agus do shaol na tuaithe agus chun cur go gníomhach le plé beartais. Trí fhor-rochtain, scéalaíocht agus rannpháirtíocht piaraí, cuideoidh na hambasadóirí le dearcthaí an phobail a athmhúnlú, spreagfaidh siad spéis níos mó i measc daoine óga, agus feabhsóidh siad íomhá fhoriomlán na feirmeoireachta agus na gceantar tuaithe ar fud na hEorpa.

Gníomhaíochtaí atá beartaithe faoin CBT atá ann faoi láthair agus i dtogra CBT 2028-2034

Infheistíochtaí san aistriú fuinnimh agus aeráide

Tacú le tionscadail fuinnimh in-athnuaite ar an bhfeirm agus le hinfheistíochtaí oiriúnaithe don athrú aeráide chun athléimneacht feirmeoirí óga i leith rioscaí aeráide a fheabhsú.

Pleananna CBT atá ann faoi láthair agus nua

Straitéisí, bonneagair agus éagsúlú gnó tuaithe

Cur chuige comhtháite i leith ceantair thuaithe a chur chun cinn sna pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnacha agus clársceidealú ionstraimí comhtháite forbartha críochaí, lena gcuirtear cistiú ar fáil do bhonneagair agus do sheirbhísí tuaithe inrochtana, go háirithe i gceantair iargúlta amhail na réigiúin is forimeallaí san Aontas, lena n‑áirítear nascacht agus iompar, chun inmharthanacht na maireachtála tuaithe a fheabhsú.

Reatha le haghaidh infheistíochtaí i mbonneagar, CBT nua, Pleananna CNR – ó 2028 ar aghaidh

LEADER/Forbairt Áitiúil faoi Stiúir an Phobail

Tacú le forbairt agus líonrú tuaithe áitiúil trí LEADER/Forbairt Áitiúil faoi Stiúir an Phobail, rannpháirtíocht na hóige agus na mban a chur chun cinn agus iargúltacht na tuaithe a laghdú.

Ciste CBT agus CNR atá ann faoi láthair

Gníomhaíochtaí atá beartaithe faoi Bheartais eile de chuid an Aontais

Gníomhaíocht chomhordaithe do cheantair thuaithe ar leibhéal an Aontais

Gníomhaíochtaí a thacaíonn le tarraingteacht na gceantar tuaithe i roinnt réimsí beartais a chur chun cinn, lena n‑áirítear oideachas agus oiliúint, pobail fuinnimh, nascacht, an bithgheilleagar agus rannpháirtíocht na hóige trí phlean gníomhaíochta nuashonraithe tuaithe an Aontais.

Iarrachtaí a neartú chun guthanna na tuaithe a mhéadú, chun líonrú a dhéanamh agus chun gníomhaíocht do cheantair thuaithe a chomhordú tríd an gComhshocrú um an Tuath in 2026 agus 2027.

R1 2026

An fheirmeoireacht shóisialta a chur chun cinn( 40

Obair dheonach a spreagadh i bhfeirmeacha cúraim agus sóisialta trí pháirt a thabhairt don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, agus tacú leis na Ballstáit tionscnaimh a fhorbairt an tráth céanna, d’fheirmeoirí óga a chuireann seirbhísí inrochtana sóisialta agus cúraim ar fáil i gceantair thuaithe.

R4 2026

Feirmeoireacht, Margaí agus Athléimneacht Carbóin

Le Rialachán an Aontais maidir le hAistrithe Carbóin agus Deimhniú Feirmeoireachta Carbóin (CRCF), tugtar an deis feirmeoirí, foraoiseoirí agus bainisteoirí talún a nascadh, ar bhonn deonach, le margaí carbóin lena gcuirtear sruth ioncaim breise ar fáil dóibh, rud a neartaíonn a n‑iomaíochas agus athléimneacht a bhfeirmeacha.

Ó R4 2025

Gníomhaíochtaí deonacha ar leibhéal na mBallstát

Deonach

Breisluach áitiúil i gcórais bhia

Tacú le straitéisí bia áitiúla agus réigiúnacha agus le straitéisí nuálaíochta a bhaineann le bia, díolacháin dhíreacha a chur chun cinn trí mhargaí áitiúla agus ar an bhfeirm, naisc uirbeacha-thuaithe a fheabhsú, cuidiú le feirmeoirí óga agus nua rochtain a fháil ar dheiseanna agus feirmeoireacht, próiseáil agus miondíol pobalbhunaithe a spreagadh.

Ó R4 2025

E. Comharbas agus scor

Tá scéimeanna pinsin agus pleanáil comharbais bunúsach chun athnuachan ó ghlúin go glúin a áirithiú sa talmhaíocht. Tá sé fíor-riachtanach go mbeadh na deiseanna agus na hacmhainní ag feirmeoirí scothaosta ar mian leo dul ar scor le dínit agus le slándáil airgeadais. Ar fud an Aontais, cuireann go leor feirmeoirí scothaosta moill ar scor mar gheall ar chumhdach pinsin neamhleor agus easpa roghanna inmharthana eile ar ioncam feirme. Is minic a bhíonn drogall ar fheirmeoirí óga talamh a aistriú nó seasamh siar ó obair ghníomhach mar thoradh ar an easpa slándála airgeadais sin, rud a laghdaíonn inaistritheacht talún agus a chuireann bac ar dheiseanna d’fheirmeoirí óga dul isteach san earnáil agus iad féin a chur ar a mboinn inti.

Is minic a bhíonn ról sóisialta ag CBT sa chomhthéacs sin. I gcás go leor feirmeoirí scothaosta nach bhfuil teidlíochtaí leordhóthanacha pinsin acu, is iad íocaíochtaí CBT an t‑aon ioncam amháin, agus líontán sábhála á dhéanamh díobh. Léiríonn sé sin an gá atá le bearta náisiúnta comhlántacha chun roghanna cosanta sóisialta agus scoir a neartú lena gcumhdófaí feirmeoirí go leordhóthanach.

Tá pleanáil comharbais chomh riachtanach céanna ach is bacainn mhór fós í. Gan tacaíocht dhlíthiúil agus chomhairleach, is féidir moill a bheith ar an aistriú feirme nó is féidir drochbhainistiú a dhéanamh air, rud a bhíonn ina chúis le coinbhleacht agus éiginnteacht. Tá luathphleanáil ríthábhachtach le haghaidh inmharthanacht fhadtéarmach san earnáil talmhaíochta, agus an tráth céanna ligean do ghlúine níos sine seasamh siar de réir a chéile, leanúint de bheith rannpháirteach más mian leo, agus freagrachtaí a thabhairt ar láimh ar bhealach struchtúrtha lena n‑urramaítear a ról agus a dtaithí.

Leanfaidh an Seimeastar Eorpach d’fhaireachán a dhéanamh ar an gcaoi a gcuidíonn beartais náisiúnta pinsin agus cosanta sóisialta le hioncam seanaoise leordhóthanach agus le rochtain ar chosaint shóisialta a bhaint amach do ghrúpaí gairmiúla éagsúla, feirmeoirí san áireamh

Samplaí de Chórais Pinsin a thacaíonn le hAthnuachan ó Ghlúin go Glúin

·An Ghearmáin – Tacaíonn Banc Pinsean Talmhaíochta na Gearmáine le comharbas feirme trí ioncam scoir agus árachas sóisialta a chur ar fáil d’fheirmeoirí atá ag dul ar scor.

·An Fhrainc – Soláthraíonn scéimeanna pinsin saincheaptha tacaíocht chomhchosúil, rud a léiríonn conas is féidir le cosaint shóisialta oiriúnaithe athnuachan ó ghlúin go glúin a éascú sa talmhaíocht.

Tá príomhghnéithe ag baint leis na córais rathúla: áirítear leo gach ball teaghlaigh faoi chumhdach chun bearnaí ranníocaíochta a sheachaint; ranníocaíochtaí solúbtha, ranníocaíochtaí ar bhonn ioncaim nó ranníocaíochtaí ar ráta comhréidh a thairiscint chun inathraitheacht ioncaim feirme a léiriú, agus bíonn siad ag brath ar fhóirdheontais phoiblí, a bhféachtar orthu mar infheistíochtaí i gcothromas tuaithe agus i slándáil bia, mar is ceart. Le sainmhínithe dlíthiúla soiléire agus tástáil acmhainne chothrom, áirithítear an chuimsitheacht a thuilleadh.

I ndeireadh na dála, ní hamháin gur ceist an cheartais shóisialta é infheistíocht a dhéanamh i gcórais phinsin leordhóthanacha chobhsaí d’fheirmeoirí, ach is seift straitéiseach é freisin chun athnuachan ó ghlúin go glúin, inaistritheacht talún agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach thalmhaíocht an Aontais a áirithiú.

Tionscnaimh shuaitheanta

·Íocaíochtaí díreacha a nascadh le haois phinsin na bhfeirmeoirí faoi 2032 mar a mholtar in CBT tar éis 2027. Ní bheidh feirmeoirí, atá in aois scoir agus a fhaigheann pinsean, i dteideal íocaíochtaí díreacha a thuilleadh, rud a spreagfaidh comharbas idirghlúine.

·Trí ghnéithe ábhartha a bhaineann le hathnuachan ó ghlúin go glúin ar chomharbas a chomhtháthú sa Seimeastar Eorpach, rud a leabóidh athchóirithe pinsin, scoir agus aistrithe feirme i gcreataí beartais náisiúnta, éascófar comharbas tráthúil, inaistritheacht talún agus slándáil ioncaim d’fheirmeoirí atá ag dul ar scor.



Gníomhaíochtaí atá beartaithe in CBT 2028-2034

Amlíne

Tacú le pleanáil comharbais feirme trí AKIS

Seirbhísí oiliúna agus comhairleacha spriocdhírithe a chur ar fáil trí AKIS chun tacú le comharbas feirme rianúil agus tráthúil. Ba cheart go bhfaigheadh feirmeoirí scothaosta treoir maidir le pleanáil dhlíthiúil, airgeadais agus oidhreachta, agus go gcuirfí oiliúint ar fheirmeoirí óga i gcreataí comharbais, i bpleananna leanúnachais gnó agus i bpleananna nuachóirithe. Seisiúin chomhpháirteacha pleanála a éascú idir na glúine, le tacaíocht ó chomhairleoirí oilte nó ó idirghabhálaithe oilte, chun pleananna soiléire réalaíocha um aistriú a fhorbairt.

CBT nua – ó 2028 ar aghaidh

Gníomhaíochtaí atá beartaithe faoi Bheartais eile de chuid an Aontais

Feabhas a chur ar eolas maidir le cáin agus comharbas feirme

Staidéar ar an tionchar a bhíonn ag beartais cánach oidhreachta agus bronntanais ar chomharbas feirme ar fud na mBallstát, agus leas á bhaint as fianaise ón bhFaireachlann Eorpach Talún. Bacainní fioscacha agus dlíthiúla a chuireann moill ar aistrithe tráthúla nó a dhéanann iad a dhéanamh níos casta a shainaithint, lena gcuirtear bonn ar fáil d’athchóirithe lena n‑éascaítear scor níos luaithe, comharbas níos rianúla, agus athnuachan glúine níos éifeachtaí.

Ag tosú i R4 2026

Malartú dea-chleachtas

Tacú leis an aistriú ó ghníomhaíocht feirmeoireachta go dul ar scor, íocaíochtaí díreacha a nascadh le haois inphinsin, malartú dea-chleachtas maidir le rochtain ar scéimeanna slándála sóisialta d’fheirmeoirí a chur chun cinn trí phlé comhpháirteach leis na Ballstáit.

R2 2026

Gníomhaíochtaí deonacha ar leibhéal na mBallstát

Deonach

Scéimeanna Pinsean

Rochtain leordhóthanach a áirithiú ar scéimeanna pinsin lena gcuirtear slándáil leordhóthanach scoir ar fáil d’fheirmeoirí scothaosta agus d’oibrithe feirme.

Ó R4 2025

Reachtaíocht chun aistriú feirme a éascú

Bearta reachtacha a ghlacadh i réimsí amhail cánachas, oidhreacht agus aistriú talún, lena n‑éascaítear aistriú sócmhainní feirme ó ghlúin amháin go glúin eile.

Ó R4 2025

Slándáil shóisialta agus seirbhísí sóisialta

Cobhsaíocht a áirithiú, bearnaí idir na hinscní a dhúnadh, agus tacú le haistrithe saoil trí shlándáil shóisialta chuimsitheach d’fheirmeoirí, lena n‑áirítear mná, daoine ar scor, agus daoine faoi mhíchumas agus grúpaí eile i staideanna leochaileacha acu, agus rochtain ar sheirbhísí sóisialta inacmhainne ar ardchaighdeán, lena n‑áirítear cúram fadtéarmach.

Ó R4 2025

Gníomhaíochtaí deonacha do pháirtithe leasmhara

Deonach

Comharbas comhoibríoch feirme idirghlúine

Eagraíochtaí feirmeoirí, a dhéanann ionadaíocht ar ghlúine níos sine agus ar ghlúine níos óige araon, in éineacht le comharchumainn, seirbhísí comhairleacha, agus líonraí tuaithe, chun oibriú i gcomhar maidir le comhar idirghlúine agus oiliúint a chur ar fáil maidir le tarchur feirme, pleanáil comharbais, agus gnéithe dlíthiúla/airgeadais an aistrithe.

Ó R4 2025

Conclúid

Tá an straitéis le haghaidh athnuachan ó ghlúin go glúin sa talmhaíocht bunaithe ar phríomhthionscadail shuaitheanta a dtacaíonn sraith chuimsitheach tionscnamh leo a d’fhéadfaí a chur chun feidhme ar leibhéil idirnasctha: iad siúd faoin CBT atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, tionscnaimh laistigh de bheartais eile de chuid an Aontais, gníomhaíochtaí faoi stiúir na mBallstát, atá inniúil i réimsí ríthábhachtacha amhail rochtain ar thalamh, beartas cánach, oideachas agus pinsin agus, ar deireadh, gníomhaíochtaí ag páirtithe leasmhara. Tá gá le rannpháirtíocht láidir náisiúnta agus réigiúnach chun bacainní móra a shárú.

Leagtar amach sa straitéis sin bealach soiléir chun tacú le hathnuachan ó ghlúin go glúin i bhfeirmeoireacht na hEorpa trí ghníomhaíocht phraiticiúil a dhéanamh d’uaillmhian beartais. Cuireann sé creat ar fáil lena nasctar beartais agus leibhéil rialachais éagsúla chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní a bhíonn roimh dhaoine óga agus chun dálaí cothroma a chur chun cinn d’fheirmeoirí scothaosta atá ag imeacht as an earnáil, lena n‑áirítear trí scéimeanna leordhóthanacha scoir agus pinsin. Tugtar isteach leis freisin ardán nua do mhná san fheirmeoireacht chun comhdheiseanna agus líonrú a chothú. Tugtar aird ar leith ar fheirmeoirí faoi bhun 40 bliain d’aois, a bhfuil na deacrachtaí is mó acu maidir le rochtain a fháil ar mhaoiniú agus ar chreidmheas, agus aitheantas á thabhairt an tráth céanna don ról fíor-riachtanach atá ag feirmeoirí nua de gach aois maidir le córais bhia an Aontais, beogacht na tuaithe agus oidhreacht chomhshaoil a chothú.

Mhol an Coimisiún go mbunódh na Ballstáit uile a straitéis athnuachana ó ghlúin go glúin féin don talmhaíocht faoi 2028 mar chuid dá bpleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnacha, ar pleananna iad ina ndéantar gníomhaíochtaí faoi bheartas talmhaíochta an Aontais, beartais náisiúnta tuaithe, chomh maith le creataí fioscacha agus sóisialta, a chumasc. Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit bearta a chur in oiriúint dá riachtanais shonracha, agus glacadh leis na córais talmhaíochta agus na dlíthe comharbhais agus cánachais éagsúla, agus leis an saol mar atá faoin tuath ar fud na hEorpa.

Chun spriocanna na straitéise a bhaint amach, tá gá le dlúthchomhar idir na húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha agus feirmeoirí ó gach glúin, le tacaíocht ó cheannaireacht pholaitiúil, cistiú tiomnaithe, agus tiomantas fadtéarmach ó na gníomhaithe uile. Tá na tosca sin ríthábhachtach chun idirghabhálacha éifeachtacha comhthéacs-shonracha a dhearadh agus chun leas a bhaint as acmhainneacht na chéad ghlúine eile.

Trí na hiarrachtaí sin, an chumarsáid, an cur chun cinn agus an tacaíocht d’éagsúlú feirme a chomhlánú, déantar feasacht faoin bhfeirmeoireacht mar ghairm bheatha mhealltach, fhiúntach agus inmharthana a mhúscailt, agus béim á leagan an tráth céanna ar thábhacht shochaíoch níos leithne na hathnuachana ó ghlúin go glúin do thodhchaí chórais bhia agus phobail tuaithe na hEorpa.

I dteannta a chéile, is iad na bearta sin is bunús le hathnuachan mharthanach ó ghlúin go glúin i dtalmhaíocht na hEorpa.

Mar léiriú ar an uaillmhian sin, agus an togra le haghaidh CBT 2028–2034 mar bhonn taca léi, socraíonn an Straitéis sprioc mhianaidhme chun an sciar 12 % atá ann faoi láthair d’fheirmeoirí óga san Aontas a mhéadú faoi 2040, arb é is aidhm di 24 % a bhaint amach agus feirmeoirí nua á gcur san áireamh freisin. Tá sé sin i gcomhréir le moladh an Choimisiúin 6 % ar a laghad den chaiteachas talmhaíochta a thiomnú don athnuachan ó ghlúin go glúin, rud a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis do na Ballstáit atá ag titim ar gcúl sa réimse sin.

Leanfaidh an Coimisiún dá rannpháirtíocht le feirmeoirí óga agus tá sé beartaithe aige breithniú ar an dul chun cinn le linn an Idirphlé Beartais leis an Aos Óg, go háirithe an t‑idirphlé in earrach 2029 i mbliain deiridh shainordú Choláiste na gCoimisinéirí atá ann faoi láthair.

(1) ()    Eurostat, Feirmeoirí agus an Fórsa Saothair Talmhaíochta , 2020
(2) ()     Fís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia Earnáil feirmeoireachta agus agraibhia atá tarraingteach a mhúnlú le chéile le haghaidh na nglún atá le teacht
(3) ()    Airteagal 4(6) de Rialachán (AE) 2021/2115 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do Phleananna Straitéiseacha CBT.
(4) ()    COM/2025/560 final
(5) ()    COM/2025/565 final
(6) ()     Mission letter to Commissioner Hansen [Litir mhisin chuig an gCoimisinéir Hansen  
(7) ()    Commission SWD Stakeholder consultation – Synopsis report accompanying this strategy [An Coimisiún SWD Comhairliúchán le páirtithe leasmhara – Tuarascáil achoimre a ghabhann leis an straitéis seo]
(8) ()    Feirmeoirí óga i dtalmhaíocht an Aontais – Achoimre Anailíseach Uimh. 10, Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe
(9) ()    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Deireadh Fómhair 2023 maidir leis an athnuachan ó ghlúin go glúin i bhfeirmeacha an Aontais sa todhchaí ( 2022/2182(INI )
(10) ()    Council Conclusions on a Long-Term Vision for the EU´s Rural Areas (LTVRA) [Conclúidí ón gComhairle maidir le Fís Fhadtéarmach le haghaidh Cheantair Thuaithe an Aontais 15631/23 ].
(11) ()     Strategic Dialogue on the future of EU Agriculture [Plé Straitéiseach faoi thodhchaí Thalmhaíocht an Aontais]. A shared prospect for farming and food in Europe [Seans comhroinnte don fheirmeoireacht agus don bhia san Eoraip] . 2024.
(12) ()    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Iomaíochas (‘CEI’) a bhunú, lena náirítear an Clár Sonrach um Ghníomhaíochtaí Taighde agus Nuálaíochta um Chosaint, lena naisghairtear Rialacháin (AE) 2021/522, (AE) 2021/694, (AE) 2021/697, (AE) 2021/783, lena naisghairtear Forálacha Rialacháin (AE) 2021/696, (AE) 2023/588, agus lena leasaítear Rialachán (AE), COM/2025/555 final, an ghné ‘Sláinte, Bith-theicneolaíocht, Talmhaíocht agus Bithgheilleagar’.
(13) ()    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Fís Eorpach, an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, don Tréimhse 2028–2034, a Rialacha maidir le Rannpháirtíocht agus Scaipeadh a Fháil, agus lena naisghairtear Rialachán (AE) 2021/695, COM/2025/543 final, Colún II, an réimse téamach ‘Sláinte, Bith-theicneolaíocht, Talmhaíocht agus Bithgheilleagar’
(14) ()    Eurostat, Demography of Europe, 2025 edition [Déimeagrafaíocht na hEorpa, eagrán 2025] , Demography of Europe – 2023 edition - Interactive publications - Eurostat
(15) ()    Eurostat, Agriculture statistics – family farming in the EU, 2020 [Staidreamh talmhaíochta – feirmeoireacht teaghlaigh san Aontas, 2020]
(16) ()    Eurostat, Farms and farmland in the European Union, 2020 [Feirmeacha agus Talamh Feirme san Aontas Eorpach, 2020] .
(17) ()    Áirítear in AE-28 an Ríocht Aontaithe sular imigh sí ón Aontas an 31 Eanáir 2020.
(18) ()     Young people in agriculture and rural areas - European Commission [Daoine óga san earnáil talmhaíochta agus i gceantair thuaithe - An Coimisiún Eorpach]
(19) () Rialachán (AE) 2025/1914 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1058 agus (AE) 2021/1056 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin straitéiseacha i gcomhthéacs an athbhreithnithe meántéarma a glacadh an 18 Meán Fómhair 2025, IO L 19.9.2025
(20) ()     JRC Publications Repository - Farmers of the future [Taisclann Foilseachán JRC - Feirmeoirí na todhchaí
(21) ()    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1058 agus (AE) 2021/1056 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin straitéiseacha i gcomhthéacs an athbhreithnithe meántéarma.
(22) ()    An Coimisiún Eorpach – Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe – Aonad A.3 (2025): Measúnú ar straitéisí athnuachana ó ghlúin go glúin ar fud Bhallstáit an Aontais – Tuarascáil’
(23) ()    6 % de na méideanna in Iarscríbhinn XVIII a ghabhann le [Rialachán CNR – COM(2025) 565 final]
(24) ()    Cuireann roinnt de na gníomhaíochtaí agus na tionscnaimh a cuireadh i láthair leis na tograí a leagtar amach le haghaidh CAI tar éis 2027. Ós rud é go bhfuil na tograí sin faoi réir nós imeachta na comhchinnteoireachta; beidh a nábhar deiridh ag brath ar thoradh an phróisis reachtaigh.
(25) ()    https://agriculture.ec.europa.eu/overview-vision-agriculture-food/young-people-agriculture-and-rural-areas_en
(26) ()    Amhail dá dtagraítear in Airteagal 124 de Rialachán (AE) Uimh. 2021/2115.
(27) ()    Níl aon sainmhíniú oifigiúil ar ‘praghas cothrom’, ach is léiriú réasúnta é léirmhíniú lena gcumhdaítear costas iomlán an táirgthe inbhuanaithe, lena náirithítear ioncam cuibhiúil do tháirgeoirí, agus atá fós inacmhainne do thomhaltóirí.
(28) ()     Youth Policy Dialogue in Agriculture [Idirphlé Beartais leis an Aos Óg sa Talmhaíocht]  
(29) ()    Leasuithe atá beartaithe ar an Rialachán maidir le Comheagrú na Margaí Talmhaíochta (CEM) arb é is aidhm dóibh seasamh feirmeoirí sa chaibidlíocht ar chonarthaí a neartú, comhar a chothú, agus tarchur praghsanna a fheabhsú. An tráth céanna, is é is aidhm do rialacha nua maidir le forfheidhmiú trasteorann faoin Treoir maidir le Cleachtais Éagóracha Trádála cosaint níos fearr a thabhairt d’fheirmeoirí. Comhlánaítear na hiarrachtaí sin le Faireachlann an Aontais um Shlabhra Agraibhia, a chuirfidh sonraí ar fáil maidir le praghasmhúnlú chun tacú le cinntí beartais níos cothroime.
(30) ()    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin Stakeholder consultation – Synopsis report [Comhairliúchán leis na Páirtithe Leasmhara – Tuarascáil achoimre] a ghabhann leis an straitéis sin
(31) ()    Sonraí LSCF
(32) ()    Fi-compass, Financing Gap in Agriculture & Agri-Food [Bearna Mhaoiniúcháin sa Talmhaíocht agus in Agraibhia] , RTW, 2023
(33) ()    Is réamhthorthaí iad sin ó shuirbhé a rinne fi-compass in 2025 lena gcumhdaítear na trí fho-earnáil, a fhoilseofar na torthaí go luath amach anseo ar shuíomh gréasáin fi-compass.
(34) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Straitéis an Aontais um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú: Roghnaigh an Eoraip le Gnólacht a Thionscnamh agus a Mhéadú, COM(2025) 270 final.
(35) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis Litearthachta Airgeadais don Aontas Eorpach.
(36) ()     Pact for Skills - Agri-Food ecosystem [Comhshocrú um Scileanna — Éiceachóras Agraibhia]
(37) ()    An Coiste um Shlándáil Sholáthar Bia an Domhain (2012), Voluntary Guidelines on the Responsible Governance of Tenure of Land, Fisheries and Forests in the Context of National Food Security [Treoirlínte Deonacha maidir le Rialachas Freagrach ar Thionacht Talún, Iascaigh agus Foraoisí i gcomhthéacs Shlándáil Náisiúnta an tSoláthair Bia], FAO, an Róimh.
(38) ()    An Coimisiún Eorpach (2011), Roadmap to a Resouece Efficient Europe [Treochlár d’Eoraip atá Tíosach ar Acmhainní], COM(2011) 571, an Bhruiséil, inar socraíodh an cuspóir gan aon ghlantógáil talún a bheith ann faoi 2050; rud a athdhearbhaíodh san fhoilseachán ón gCoimisiún Eorpach (2021), Straitéis Ithreach an Aontais do 2030, COM(2021) 699, an Bhruiséil.
(39) ()    Faireachlann an Aontais Eorpaigh um an Tuath, rural-vision.europa.eu
(40) ()    Tagraíonn feirmeoireacht shóisialta (nó feirmeoireacht cúraim) d’úsáid gníomhaíochtaí feirmeoireachta chun seirbhísí sláinte, sóisialta nó oideachais a sholáthar do ghrúpaí atá i staideanna leochaileacha agus, an tráth céanna, chun gníomhaíochtaí feirme a éagsúlú agus rannchuidiú le forbairt tuaithe.