AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,3.10.2025
COM(2025) 850 final
2025/0319(BUD)
DRÉACHTBHUISÉAD LEASAITHEACH Uimh. 3
LEIS AN mBUISÉAD GINEARÁLTA 2025
Coigeartú ar leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, nuashonrú ar ioncam mar aon le nuashonruithe teicniúla eile
Ag féachaint don mhéid seo a leanas:
‒an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 314 de, i gcomhar leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,
‒Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh
, a tháinig i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2021,
‒Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú)
, agus go háirithe Airteagal 44 de,
‒buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh le haghaidh na bliana airgeadais 2025, a glacadh an 27 Samhain 2024,
‒buiséad leasaitheach Uimh. 1/2025, a glacadh an 9 Iúil 2025,
‒dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2025
, a glacadh an 4 Iúil 2025,
Leis seo, cuireann an Coimisiún Eorpach dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 3 a ghabhann le buiséad 2025 faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
ATHRUITHE AR AN RÁITEAS IONCAIM AGUS CAITEACHAIS DE RÉIR ROINNE
Tá na hathruithe ar an ráiteas ginearálta ioncaim agus ar roinn III féin le fáil ar EUR-Lex (
https://eur-lex.europa.eu/budget/www/index-ga.htm
).
Clár
1.
Réamhrá
2.
Nuashonrú ar mhíreanna caiteachais
2.1
Riachtanais mhéadaithe i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
2.2
Comhaontuithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe (CCIInna)
2.3
Laghdú ar ghealltanais don Ionstraim um Threalamh Rialaithe Custaim
2.4
Laghdú ar ghealltanais le haghaidh na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil
2.5
Laghdú ar íocaíochtaí don tSaoráid don Úcráin
2.6
Coigeartuithe breise ar ghníomhaireachtaí díláraithe
2.6.1 Laghdú don Údarás um Chomhrac an Sciúrtha Airgid (ÚCSA)
2.6.2 Cúlchiste a chur ar ais – an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM)
2.6.3 An Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC)
2.6.4 Aistriú ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) chuig clár an Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (CTIL)
2.6.5 Cúlchiste a chur ar ais chuig clár LIFE - an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) agus an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA)
2.6.6 Cúlchiste a chur ar ais chuig clár iompair SCE – an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA)
2.6.7 Cúlchiste a chur ar ais chuig Clár an Mhargaidh Aonair – an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA)
3.
Nuashonrú ar ioncam
3.1
Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha
3.2
Acmhainní Dílse Traidisiúnta - Barrachas
3.3
Tionchar ar an ranníocaíocht acmhainne dílse bunaithe ar OIN le haghaidh 2025
4.
Maoiniú
5.
Tábla achomair de réir cheannteideal CAI
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Réamhrá
Is é is cuspóir do Dhréachtbhuiséad Leasaitheach (DBL) Uimh. 3 don bhliain 2025 taobh an chaiteachais agus an ioncaim araon den bhuiséad a nuashonrú.
Baineann na hathruithe atá beartaithe ar thaobh caiteachais an bhuiséid leis na heilimintí seo a leanas:
1.Méadú ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) le haghaidh méid EUR 2 bhilliún, do Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) le haghaidh méid EUR 0,7 billiún agus don Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (IBTV) le haghaidh méid EUR 357 milliún. Ní rabhthas in ann na méideanna sin a chur san áireamh sna hath-leithdháiltí a moladh san ‘Ollaistriú’ (DEC 15/2025) a cuireadh faoi bhráid na Parlaiminte agus faoi bhráid na Comhairle an 3 Deireadh Fómhair 2025;
2.Nuashonrú ar riachtanais na gComhaontuithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe (CCIInna), agus na forbairtí is déanaí á gcur san áireamh;
3.Laghdú ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí don Ionstraim um Threalamh Rialaithe Custaim (ITRC) mar gheall ar mhoilleanna ar chur chun feidhme sna Ballstáit;
4.Laghdú ar ghealltanais don Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil mar gheall ar ghnóthachain éifeachtúlachta ó nósanna imeachta soláthair iomaíocha;
5.Laghdú ar leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí don tSaoráid don Úcráin mar go raibh tionchar ar phróifíl íocaíochta 2025 ag athruithe ar bhoinn tuisceana amhail luas chur chun feidhme na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí, dáta sínithe comhaontuithe ráthaíochta agus measctha agus uainiú íocaíocht na bhfóirdheontas i leith costais iasachtaíochta;
6.Coigeartú ar ranníocaíocht an Aontais le roinnt gníomhaireachtaí díláraithe atá nasctha le cur chun feidhme nó le cúiseanna sonracha eile, mar seo a leanas:
-Laghdú ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí arna leithdháileadh ar an Údarás um Chomhrac an Sciúrtha Airgid (ÚCSA) ós rud é nach rachaidh líon suntasach daoine den fhoireann i mbun poist go dtí i dtreo dheireadh 2025;
-Cur ar ais leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) agus leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) mar gheall ar mhoilleanna ar ghlacadh na straitéise infheistíochta Miondíola;
-Méadú ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí don Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) chun tionchar airgeadais luaineachtaí sa ráta malairte a chumhdach;
-Laghdú ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí arna leithdháileadh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA), ós rud é nach dtosóidh gníomhaíochtaí EUAA chun tacú le cur chun feidhme an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann anois go dtí 2026. Aistreofar na leithreasuithe a cuireadh ar ais faoi chomhair gealltanas agus faoi chomhair íocaíochtaí chuig Saoráid Théamach an Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (CTIL) chun tacú le gníomhaíochtaí CTIL féin an Comhshocrú a chur chun feidhme agus chun an gá méadaithe atá le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí mar thoradh ar íocaíochtaí eatramhacha leis na Ballstáit, a bhí níos airde ná mar a raibh coinne leis, a chumhdach;
-Cur ar ais leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí leis an gClár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) leis an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) agus an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA). Is é is cúis leis sin moilleanna ar ghlacadh na dtograí maidir le Bainistiú Comhtháite Uisce/Pacáiste maidir le Truailliú Nialasach, Maíomhanna Glasa, Faireachán Foraoise agus mar gheall ar riachtanais laghdaithe in 2025 freisin do chéimeanna luatha chur chun feidhme an Rialacháin maidir le tascanna a athshannadh sa réimse ceimiceán;
-Cur ar ais leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí le clár iompair na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (SCE) ag an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) mar gheall ar mhoilleanna ar ghlacadh an phacáiste sábháilteachta muirí.
-Cur ar ais leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí le Líne Bhia Chlár an Mhargaidh Aonair (CMA) ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) mar gheall ar mhoilleanna ar ghlacadh an togra maidir le teicnící géanómaíocha nua.
Ar an iomlán, laghdú caiteachais EUR 123,7 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus méadú EUR 2 517,0 milliún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí is ea tionchar glan an DBL sin.
Ó thaobh an ioncaim de, ionchorpraítear sa DBL sin EUR 1 185,1 milliún d’fhíneálacha cinntitheacha agus d’íocaíochtaí pionósacha a íocfar go dtí an 30 Meán Fómhair 2025 agus EUR 1 300 milliún den bharrachas measta ADT. Is é an tionchar foriomlán ar thaobh an ioncaim ná glanlaghdú EUR 31,9 milliún ar na ranníocaíochtaí OIN, dá bhrí sin.
2.Nuashonrú ar mhíreanna caiteachais
2.1Riachtanais mhéadaithe i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
Cleachtadh bliantúil is ea ‘an tOllaistriú’ a eagraítear laistigh den Choimisiún, lena n‑iarrtar ar na hArd-Stiúrthóireachtaí agus ar na Seirbhísí uile athbhreithniú a dhéanamh, faoi thús mhí Mheán Fómhair, ar chur chun feidhme íocaíochtaí an bhuiséid atá ann faoi láthair acu féin, go dtí deireadh na bliana lena mbaineann. Is é is aidhm don chleachtadh seo riachtanais bheachta a chinneadh agus cur chun feidhme uasta an bhuiséid a áirithiú i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ag deireadh na bliana trí riachtanais bhreise a mheaitseáil le tearcúsáid a bhfuil coinne léi. Mar thoradh air sin, cuirtear iarraidh ad hoc ar aistriú i gcomhréir le hAirteagal 31 den Rialachán Airgeadais faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle gach bliain.
Léirigh an cleachtadh ‘Ollaistriú’ nach leor an buiséad a vótáladh atá fágtha agus na hioncaim shannta atá ar fáil chun riachtanais íocaíochta mheasta a chumhdach go dtí deireadh na bliana do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), do Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus don Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IBTV). Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún cláir CFRE, CSE+ agus IBTV a threisiú mar seo a leanas:
·Cláir chomhtháthaithe 2021-2027
Tar éis gur tosaíodh go mall ar na cláir chomhtháite sa tréimhse 2021-2027 mar gheall ar ghlacadh déanach an chreata rialála agus na húdaráis bhainistíochta a bheith dírithe ar ionstraimí cistiúcháin le sprioc-am níos giorra a chur chun feidhme, is léir go bhfuil dlús á chur anois leis an gcur chun feidhme. Forghníomhaíodh buiséad 2024 go hiomlán, lena n‑áirítear atreisiú EUR 2,9 billiún i mBuiséad Leasaitheach Uimh. 5 agus an t‑ioncam sannta uile a bhí ar fáil, le gnáthriaráiste (gar do EUR 5 bhilliún) d’iarratais ar íocaíocht a bhí fós gan íoc ag deireadh na bliana. Íocadh na héilimh sin ag tús 2025, lena ndéantar, ar an gcaoi sin, leithreasuithe buiséid a vótáladh 2025 a thomhailt. Thairis sin, bhí glacadh an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) níos airde ná mar a raibh coinne leis ar dtús, agus leithdháileadh acmhainní comhtháthaithe dar luach EUR 11,7 billiún ar thosaíochtaí STEP ó Mheán Fómhair 2025 ar aghaidh. Leis na réamhaisnéisí atá ar fáil ó na Ballstáit a cuireadh isteach in Iúil 2025 agus éabhlóid ráta roghnaithe na dtionscadal (gar do 50 % ó Mheitheamh 2025 ar aghaidh, i gcomparáid le 23 % bliain ó shin), deimhnítear go bhfuil dlús á chur leis an gcur chun feidhme ar an láthair agus an gá atá le treisiú chun na riachtanais mheasta uile go dtí deireadh na bliana a chumhdach.
·An Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IBTV)
Méadú EUR 357 milliún ar leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí le haghaidh IBTV chun íocaíochtaí eatramhacha a bhí níos airde ná mar a raibh coinne leis a urramú (a eascraíonn as réamhaisnéisí íocaíochta méadaithe ag na Ballstáit) agus chun an gnáthriaráiste ó 2024, a íocadh luath in 2025, a chumhdach.
Leagtar amach thíos an méadú mionsonraithe ar leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a iarrtar sa DBL seo 3/2025:
|
EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
Roinn III – An Coimisiún
|
|
05 02 01
|
CFRE — Caiteachas oibríochtúil
|
0
|
2 000 000 000
|
|
07 02 01
|
Sraith CSE+ faoi bhainistíocht roinnte – Caiteachas oibríochtúil
|
0
|
700 000 000
|
|
11 02 01
|
An Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí
|
0
|
357 000 000
|
|
Iomlán
|
0
|
3 057 000 000
|
2.2Comhaontuithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe (CCIInna)
Déanann an Coimisiún Comhaontuithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe (CCIInna) déthaobhacha idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha comhpháirtíochta a chaibidliú, a thabhairt i gcrích agus a chur chun feidhme. An tráth a socraíodh buiséad 2025, tá roinnt comhaontuithe agus prótacal lena gcuirtear na comhaontuithe sin chun feidhme (‘prótacail cur chun feidhme’) fós faoi chaibidil. Mar gheall air sin, agus i gcomhréir le hAirteagal 49 den Rialachán Airgeadais agus le pointe 20 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020
, tá méid EUR 39,9 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 22,4 milliún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí fós ar fáil i bhfoirm cúlchistí.
Stádas na bprótacal cur chun feidhme agus na caibidlíochta ábhartha:
·Síníodh an prótacal cur chun feidhme leis an gCósta Eabhair atá ann faoi láthair an 6 Meitheamh 2025 agus tá sé á chur i bhfeidhm go sealadach ón dáta sin, lena gcumhdaítear an tréimhse ón 6 Meitheamh 2025 go dtí an 5 Meitheamh 2029.
· Tá an chaibidlíocht le São Tomé tugtha chun críche agus meastar go síneofar prótacal cur chun feidhme nua agus go dtiocfaidh sé i bhfeidhm go sealadach i mí Dheireadh Fómhair 2025.
·Tá an chaibidlíocht le hOileáin Cook tugtha chun críche agus meastar go síneofar prótacal cur chun feidhme nua agus go dtiocfaidh sé i bhfeidhm go sealadach i mí na Nollag 2025.
·Maidir le prótacal cur chun feidhme nua leis an nGabúin, glacadh Moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht (COM(2025) 465) an 8 Meán Fómhair. Níl coinne le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an phrótacail in 2025.
·Maidir le prótacal cur chun feidhme nua leis na Séiséil, tar éis Moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht (COM(2025) 269) a ghlacadh, tá an chaibidlíocht fós ar siúl. Ní mheastar go síneofar an prótacal nua go dtí an chéad ráithe de 2026.
Maidir leis na leithreasuithe atá fós i gcúlchiste:
·I gcás Mharacó, mar gheall ar bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais i gcásanna uamtha C-778/21 P an Coimisiún v Front Polisario agus C-798/21 P an Chomhairle v Front Polisario an 4 Deireadh Fómhair 2024, tá gá le comhaontú agus prótacal cur chun feidhme nua, nach meastar go síneofar ná go dtiocfaidh ceachtar acu i bhfeidhm go sealadach in 2025.
·I gcás Angóla, na Guine, na Libéire agus na Seineagáile, níor glacadh go fóill Cinntí ón gComhairle maidir le tús a chur leis an gcaibidlíocht le haghaidh prótacal cur chun feidhme nua.
Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na méideanna atá i gcúlchiste nach mbeidh ag teastáil in 2025, a chomhfhreagraíonn do EUR 39,9 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 22,4 milliún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, a chur ar ceal. Léiríonn sé sin freisin gur dócha go soláthraíonn Dréacht‑Bhuiséad 2026 leithreasuithe sa líne chúltaca CCII cheana féin chun prótacail a chumhdach a mheastar a shíneofar in 2026 ina ionad sin. Seo a leanas an tionchar foriomlán ar chaiteachas:
|
EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
Roinn III – An Coimisiún
|
|
30 02 02
|
Leithreasuithe difreáilte (Cúlchiste d’airteagal buiséid 08 05 01)
|
- 39 947 143
|
- 22 392 143
|
|
Iomlán
|
-39 947 143
|
-22 392 143
|
2.3Laghdú ar ghealltanais don Ionstraim um Threalamh Rialaithe Custaim
Laghdaíodh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas le haghaidh na hIonstraime um Threalamh Rialaithe Custaim (ITRC) faoi EUR 68,4 milliún i nDréachtbhuiséad Leasaitheach 2 mar gheall ar mhoilleanna ar chur chun feidhme sna Ballstáit, agus aistríodh na cistí ansin chuig tosaíochtaí eile amhail Athchóiriú Custaim agus an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT). Ina theannta sin, cuireadh an tríú glao de chuid ITRC ar an ríomhthráchtáil a bhí beartaithe do 2025 siar go dtí 2026, chun an éifeachtúlacht is mó is féidir i gcaiteachas chistí an Aontais, agus ailíniú le hobair Údarás Custaim an Aontais Eorpaigh atá le teacht, a áirithiú. Mar thoradh ar na hathruithe sin ar thosaíochtaí bhí EUR 78,03 milliún i ngealltanais agus EUR 47,86 milliún d’íocaíochtaí de riachtanais níos ísle le haghaidh ITRC ann in 2025. Seo a leanas an tionchar foriomlán ar chaiteachas:
|
EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
Roinn III – An Coimisiún
|
|
11 03 01
|
Ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim
|
-78 032 393
|
-47 859 845
|
|
Iomlán
|
-78 032 393
|
-47 859 845
|
2.4Laghdú ar ghealltanais le haghaidh na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil
Leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (ITT), soláthraíonn an Coimisiún saineolas saincheaptha leis na Ballstáit le go mbeidh an cumas riachtanach institiúideach agus riaracháin atá ag teastáil chun athchóirithe spreagtha fáis a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Le haghaidh 2025, beartaítear laghdú EUR 5 mhilliún ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas don ITT, le laghdú coibhéiseach ar leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a chuimsítear san Ollaistriú. Is é is cúis leis an laghdú atá beartaithe, gnóthachain éifeachtúlachta ó nósanna imeachta soláthair iomaíocha. Seo a leanas an tionchar foriomlán ar chaiteachas:
|
EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
Roinn III – An Coimisiún
|
|
06 02 02
|
An Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil
|
-5 000 000
|
0
|
|
Iomlán
|
-5 000 000
|
0
|
2.5Laghdú ar íocaíochtaí don tSaoráid don Úcráin
Bunaíodh an phróifíl íocaíochta thosaigh do 2025 faoin tSaoráid don Úcráin ar shraith toimhdí, go háirithe maidir le luas chur chun feidhme na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí faoi Phlean na hÚcráine, dáta sínithe comhaontuithe ráthaíochta agus measctha agus uainiú íocaíocht na bhfóirdheontas i leith costais iasachtaíochta. Bunaithe ar na réamhaisnéisí is déanaí, táthar ag súil le barrachas leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí beagnach EUR 1,2 billiún faoi dheireadh 2025.
Cé gur gá beagnach EUR 0,7 billiún den bharrachas sin a thabhairt anonn go dtí 2026 (e.g. do chistí a coinníodh siar le haghaidh athchóirithe agus infheistíochtaí is féidir a eisíoc fós suas le 12 mhí i ndiaidh measúnú diúltach tosaigh), is féidir an chuid eile (EUR 469 milliún) a chur siar go dtí 2027 bunaithe ar bhoinn tuisceana athbhreithnithe. Is amhlaidh sin go háirithe i gcás sciar den sreabhadh íocaíochta a bhaineann leis na comhaontuithe measctha (bunaithe ar luas iarbhír na bpatrún sínithe agus íocaíochta) agus i gcás sciar den sreabhadh íocaíochta le haghaidh fóirdheontais i leith costais iasachtaíochta (i gcás nach n‑eisíoctar costais iasachtaíochta gach ráithe ach ag tús na chéad ráithe eile). Seo a leanas an tionchar foriomlán ar chaiteachas:
|
EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
Roinn III – An Coimisiún
|
|
16 06 02 02
|
Gníomhaíochtaí eile faoin gCreat Infheistíochta don Úcráin
|
0
|
-400 000 000
|
|
16 06 03 02
|
Fóirdheontas i leith costais iasachtaíochta
|
0
|
-69 000 000
|
|
Iomlán
|
0
|
-469 000 000
|
2.6Coigeartuithe breise ar ghníomhaireachtaí díláraithe
2.6.1 Laghdú don Údarás um Chomhrac an Sciúrtha Airgid (ÚCSA)
Rinne an tÚdarás um Chomhrac an Sciúrtha Airgid (ÚCSA) na costais bhliantúla iomlána do chion dá bpoist foirne agus costais leathbhliana don chuid eile de na poist a chur san áireamh ina bhuiséad do 2025. Ní dhéanfar an buiséad leithdháilte do chostais phearsanra a ídiú go hiomlán, áfach, de bharr nach raibh an chuid is mó de na hearcaíochtaí ann ach i míonna deiridh 2025. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe buiséad ÚCSA a laghdú faoi EUR 600 000 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí le haghaidh 2025. Seo a leanas an tionchar foriomlán ar chaiteachas:
|
EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
Roinn III – An Coimisiún
|
|
03 10 05
|
An tÚdarás um Chomhrac an Sciúrtha Airgid (ÚCSA)
|
-600 000
|
-600 000
|
|
Iomlán
|
-600 000
|
-600 000
|
2.6.2 Cúlchiste a chur ar ais – an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM)
I mbuiséad 2025, cuireadh EUR 0,9 milliún de leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus de leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí araon i gcúlchiste chun tairbhe ÚEÁPC agus ÚEUM le haghaidh chur chun feidhme na Straitéise Infheistíochta Miondíola. I bhfianaise an dul chun cinn mall ar an reachtaíocht bheartaithe a chaibidil, meastar nach mbeidh na gníomhaireachtaí sin in ann úsáid a bhaint as na méideanna sin. Dá bhrí sin, cuirfear méid an chúlchiste EUR 379 000 agus EUR 484 000 do ÚEÁPC agus ESMA faoi seach ar ais mar seo a leanas:
|
EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
Roinn III – An Coimisiún
|
|
30 02 02
|
Leithreasuithe difreáilte (Cúlchiste d’airteagal buiséid 03 10 03)
|
-379 000
|
-379 000
|
|
30 02 02
|
Leithreasuithe difreáilte (Cúlchiste d’airteagal buiséid 03 10 04)
|
-484 000
|
-484 000
|
|
Iomlán
|
-863 000
|
-863 000
|
2.6.3 An Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC)
Iarrtar méadú beag EUR 700 000 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ar líne fóirdheontais ECDC. Cumhdóidh sé sin tionchar airgeadais luaineachtaí sa ráta malairte, a rinne difear do luach saothair foirne agus do chostais riaracháin araon. Seo a leanas an tionchar foriomlán ar chaiteachas:
|
EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
Roinn III – An Coimisiún
|
|
06 10 01
|
an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú
|
700 000
|
700 000
|
|
Iomlán
|
700 000
|
700 000
|
2.6.4 Aistriú ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) chuig clár an Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (CTIL)
Chuir an t‑athbhreithniú meántéarma ar CAI EUR 2 bhilliún breise ar fáil do chur chun feidhme an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann agus chun tacú leis na Ballstáit túslíne dúshláin agus riachtanais phráinneacha a bhainistiú a bhaineann leis an imirce agus bainistiú teorainneacha. Mar chuid de sin, leithdháileadh EUR 53 mhilliún breise agus 75 ghníomhaire ar conradh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) in 2025, i gcomhréir lena fhreagrachtaí nua faoin gComhshocrú. De bhrí go bhfuil coinne le gníomhaíochtaí sonracha an EUAA tosú in 2026 den chuid is mó anois, tá sé beartaithe laghdú EUR 48 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 45 mhilliún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a dhéanamh ar an leithdháileadh sin.
Aistreofar na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas chuig clár CTIL chun tacú le gníomhaíochtaí CTIL féin an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann a chur chun feidhme. Úsáidfidh saoráid théamach CTIL na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí chun na híocaíochtaí eatramhacha leis na Ballstáit, a bhí níos airde ná mar a raibh coinne leis, nasctha leis an mbearna leithreasuithe íocaíochta ó 2024 arna tabhairt anonn go 2025, a urramú.
|
EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
Roinn III – An Coimisiún
|
|
10 10 01
|
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA)
|
-48 000 000
|
-45 000 000
|
|
10 02 01
|
An Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (CTIL)
|
48 000 000
|
45 000 000
|
|
Iomlán
|
0
|
0
|
2.6.5 Cúlchiste a chur ar ais chuig clár LIFE - an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) agus an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA)
I mbuiséad 2025, cuireadh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí arbh fiú EUR 6,4 milliún iad, de thionscnamh chlár LIFE, i gcúlchiste chun tairbhe na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) agus na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA), go dtí go mbeidh toradh ar chaibidlíochtaí reachtacha na ndtograí maidir le Bainistiú Comhtháite Uisce/Pacáiste maidir le Truailliú Nialasach, ar Mhaíomhanna Glasa, ar Fhaireachán Foraoise agus athdháileadh cúraimí sa réimse ceimiceán. Mar gheall ar mhoilleanna ar nós imeachta reachtach na dtograí sin agus ar riachtanais laghdaithe in 2025 mar thoradh ar mhoill ag tosú ar chur chun feidhme le haghaidh an Rialacháin maidir le tascanna a athshannadh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na leithreasuithe comhfhreagracha a chur ar ais chuig clár LIFE, mar seo a leanas:
|
EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
Roinn III – An Coimisiún
|
|
30 02 02
|
Leithreasuithe difreáilte (Cúlchiste d’airteagal buiséid 09 10 01)
|
-3 483 742
|
-3 483 742
|
|
30 02 02
|
Leithreasuithe difreáilte (Cúlchiste d’airteagal buiséid 09 10 02)
|
-2 899 553
|
-2 899 553
|
|
09 02 01
|
An dúlra agus an bhithéagsúlacht
|
290 858
|
290 858
|
|
09 02 02
|
Geilleagar ciorclach agus cáilíocht saoil
|
5 801 579
|
5 801 579
|
|
09 02 03
|
Maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin
|
290 858
|
290 858
|
|
Iomlán
|
0
|
0
|
2.6.6 Cúlchiste a chur ar ais chuig clár iompair SCE – an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA)
Áirítear i mbuiséad EMSA le haghaidh 2025 EUR 1,791 mhilliún de chúlchistí i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a cuireadh i gcúlchiste go dtí go bhfaighfear toradh chaibidlíochtaí reachtacha Rialachán Bunaidh athbhreithnithe na gníomhaireachta. Fritháiríodh an méid sin in aghaidh laghdú cúiteach ar SCE — Iompar. Toisc go bhfuil coinne leis go mbeidh an glacadh ann go déanach in R4 de 2025, ní bheidh an ghníomhaireacht in ann na leithreasuithe a ionsú go tráthúil. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na leithreasuithe comhfhreagracha a chur ar ais chuig clár SCE, mar seo a leanas:
|
EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
Roinn III – An Coimisiún
|
|
30 02 02
|
Leithreasuithe difreáilte (Cúlchiste d’airteagal buiséid 02 10 02)
|
-1 791 000
|
-1 791 000
|
|
02 03 01
|
An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) — Iompar
|
1 791 000
|
1 791 000
|
|
Iomlán
|
0
|
0
|
2.6.7 Cúlchiste a chur ar ais chuig Clár an Mhargaidh Aonair – an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA)
I mbuiséad 2025, cuireadh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí EUR 0,4 milliún agus EUR 0,08 milliún faoi seach, de thionscnamh chlár bia CMA, i gcúlchiste chun tairbhe an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA), go dtí go mbeidh toradh ar chaibidlíochtaí reachtacha na an togra maidir le plandaí a fhaightear trí theicnící géanómaíocha nua áirithe agus a mbia agus a mbeatha. Mar gheall ar mhoilleanna ar nós imeachta reachtach an togra sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na leithreasuithe comhfhreagracha a chur ar ais chuig clár bia CMA, mar a bhí réamh-mheasta sa ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis an togra.
|
EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
Roinn III – An Coimisiún
|
|
30 02 02
|
Leithreasuithe difreáilte (Cúlchiste d’airteagal buiséid 06 10 02)
|
-405 000
|
-81 000
|
|
03 02 06
|
Rannchuidiú le hardleibhéal sláinte agus leasa do dhaoine, ainmhithe agus plandaí
|
405 000
|
81 000
|
|
Iomlán
|
0
|
0
|
3.Nuashonrú ar ioncam
Le DBL 3/2025, moltar EUR 1 576,7 milliún a ionchorprú i mbuiséad 2025 i bhfíneálacha cinntitheacha agus in íocaíochtaí pionósacha a íocfar go dtí mí Dheireadh Fómhair 2025 (méadú EUR 1 185,1 milliún i gcomparáid le DBL 2/2025) agus méid EUR 1 300 milliún de ADT breise mar gheall ar fháltais a bhí níos airde ná mar a tuaradh sa bhuiséad.
3.1Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha
I bhfianaise na bhfíneálacha agus na n‑íocaíochtaí pionósacha cinntitheacha a íocadh go dtí mí Dheireadh Fómhair 2025, tá sé beartaithe na méideanna seo a leanas a chur isteach i mbuiséad 2025:
a)EUR 654,3 milliún d’fhíneálacha iomaíochta.
b)EUR 528 mhilliún d’íocaíochtaí pionósacha agus de chnapshuimeanna a forchuireadh ar Bhallstáit nár chomhlíon breithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sa mhéid gur theip orthu oibleagáid faoi na Conarthaí a chomhlíonadh.
c)EUR 2,7 milliún d’ús a bhaineann le fíneálacha agus le híocaíochtaí pionósacha.
Tá sé beartaithe, dá bhrí sin, na méideanna a thuairiscítear in DBL 2/2025 de EUR 392 mhilliún a mhéadú faoi EUR 1 185,1 milliún, le go mbeadh iomlán EUR 1 576,7 milliún sna méideanna sin. Taispeántar an mionsonra de réir líne sa tábla thíos.
|
Líne ioncaim
|
Ainm
|
DBL 2/2025
|
DBL 3/2025
|
Méid nua
|
|
4 2 0
|
Fíneálacha a bhaineann le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta
|
409 213 301
|
654 334 000
|
1 063 547 301
|
|
4 2 1
|
Íocaíochtaí pionósacha agus cnapshuimeanna arna bhforchur ar Bhallstát
|
35 915 569
|
528 021 069
|
563 936 638
|
|
4 2 4
|
Ús a bhaineann le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha
|
p.m.
|
2 764 975
|
2 764 975
|
|
4 2 5
|
Ús, muirir eile atá dlite agus torthaí diúltacha ar fhíneálacha a cealaíodh nó a laghdaíodh
|
-53 553 502
|
—
|
-53 553 502
|
|
4 2 9
|
Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha neamhshannta eile
|
p.m.
|
—
|
p.m.
|
|
Iomlán
|
391 575 368
|
1 185 120 044
|
1 576 695 412
|
3.2Acmhainní Dílse Traidisiúnta - Barrachas
Cuimsítear in DBL 2/2025 na réamhaisnéisí athbhreithnithe le haghaidh 2025 le haghaidh thaobh an ioncaim den bhuiséad, mar a aontaíodh ag an 194ú cruinniú de chuid CCAD an 26 Bealtaine 2025. Mar sin féin, ós rud é gur bailíodh níos mó ná a tuaradh de dhleachtanna custaim le linn na tréimhse Eanáir-Lúnasa, is iomchuí na meastacháin ar Acmhainní Dílse Traidisiúnta (ADT) a nuashonrú agus a shocrú ag méid iomlán EUR 1 300 milliún.
3.3Tionchar ar an ranníocaíocht acmhainne dílse bunaithe ar OIN le haghaidh 2025
Leagtar amach sa tábla seo a leanas na ranníocaíochtaí athbhreithnithe acmhainní dílse bunaithe ar OIN i gcomparáid le DBL 2/2025:
|
Ballstát
|
DBL 2/2025
|
DBL 3/2025
|
Méid nua
|
|
|
(1)
|
(2)
|
(3) = (1) +(2)
|
|
|
|
|
|
|
an Bheilg
|
3 525 708 596
|
1 106 566
|
3 526 815 162
|
|
an Bhulgáir
|
582 591 160
|
182 850
|
582 774 010
|
|
Poblacht na Seice
|
1 746 074 657
|
548 017
|
1 746 622 674
|
|
an Danmhairg
|
2 358 418 487
|
740 205
|
2 359 158 692
|
|
an Ghearmáin
|
24 988 593 541
|
7 842 837
|
24 996 436 378
|
|
an Eastóin
|
222 970 651
|
69 980
|
223 040 631
|
|
Éire
|
2 186 539 540
|
686 260
|
2 187 225 800
|
|
an Ghréig
|
1 332 104 952
|
418 090
|
1 332 523 042
|
|
an Spáinn
|
9 103 233 993
|
2 857 110
|
9 106 091 103
|
|
an Fhrainc
|
16 642 263 742
|
5 223 284
|
16 647 487 026
|
|
an Chróit
|
500 673 183
|
157 140
|
500 830 323
|
|
an Iodáil
|
12 274 837 916
|
3 852 538
|
12 278 690 454
|
|
an Chipir
|
174 671 083
|
54 821
|
174 725 904
|
|
an Laitvia
|
225 258 559
|
70 699
|
225 329 258
|
|
an Liotuáin
|
443 710 330
|
139 261
|
443 849 591
|
|
Lucsamburg
|
318 627 577
|
100 004
|
318 727 581
|
|
an Ungáir
|
1 127 226 794
|
353 787
|
1 127 580 581
|
|
Málta
|
113 664 560
|
35 674
|
113 700 234
|
|
an Ísiltír
|
6 466 765 873
|
2 029 637
|
6 468 795 510
|
|
an Ostair
|
2 701 839 134
|
847 990
|
2 702 687 124
|
|
an Pholainn
|
4 853 620 964
|
1 523 341
|
4 855 144 305
|
|
an Phortaingéil
|
1 610 427 230
|
505 443
|
1 610 932 673
|
|
an Rómáin
|
2 044 376 034
|
641 641
|
2 045 017 675
|
|
an tSlóivéin
|
380 591 091
|
119 451
|
380 710 542
|
|
Poblacht na Slóvaice
|
731 538 461
|
229 598
|
731 768 059
|
|
an Fhionlainn
|
1 569 141 397
|
492 485
|
1 569 633 882
|
|
an tSualainn
|
3 301 696 643
|
1 036 259
|
3 302 732 902
|
|
|
|
|
|
|
Iomlán
|
101 527 166 148
|
31 864 968
|
101 559 031 116
|
4.Maoiniú
Ar an iomlán, is éard is glantionchar an DBL 3/2025 seo, laghdú EUR 123,7 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus méadú EUR 2 517,0 milliún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí faoi bhuiséad 2025. Déantar an méadú ar leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a fhritháireamh beagnach go hiomlán le hioncam breise ar fiú EUR 2 485,1 milliún é. Fágann sin EUR 31,9 milliún le cumhdach trí ranníocaíochtaí OIN méadaithe.
Mar thoradh ar athruithe sonracha ar leithreasú faoi chomhair gealltanas faoi Cheannteideal 2b, tá sé beartaithe laghdú EUR 4,7 milliún a dhéanamh ar shlógadh na hIonstraime Solúbthachta faoin gceannteideal sin, agus laghdú comhfhreagrach ar shlógadh na hIonstraime Solúbthachta le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
Meastar gurb é EUR 1 395,1 milliún i bpraghsanna reatha na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí 2025 a bhaineann le slógadh na hIonstraime Solúbthachta sna blianta 2022 go 2025. Tá sceideal íocaíochta measta na méideanna gaolmhara gan íoc le haghaidh na mblianta sin sonraithe sa tábla seo a leanas:
|
An Ionstraim Sholúbthachta - próifíl íocaíochta (i milliúin EUR)
|
|
Bliain slógtha
|
2025
|
2026
|
2027
|
Lasmuigh de CAI
|
Iomlán
|
|
2022
|
36,7
|
|
|
|
36,7
|
|
2023
|
120,6
|
83,2
|
|
|
203,8
|
|
2024
|
107,6
|
83,7
|
46,3
|
|
237,5
|
|
2025
|
1 130,1
|
15,8
|
9,4
|
5,7
|
1 161,1
|
|
Iomlán
|
1 395,1
|
182,7
|
55,7
|
5,7
|
1 639,1
|
Mar gheall ar shlánú, féadfaidh sé nach réitíonn roinnt figiúirí le chéile
5.Tábla achomair de réir cheannteideal CAI
|
|
Buiséad 2025 (lena n‑áirítear DBLanna 1-2/2025)
|
Dréachtbhuiséad Leasaitheach 3/2025
|
Buiséad 2025 (lena n‑áirítear DBLanna 1-3/2025)
|
|
|
|
|
|
|
|
LfcG
|
LfcÍ
|
LfcG
|
LfcÍ
|
LfcG
|
LfcÍ
|
|
1
|
An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha
|
21 540 062 907
|
20 460 646 037
|
-1 058 000
|
-1 382 000
|
21 539 004 907
|
20 459 264 037
|
|
|
Uasteorainn
|
21 596 000 000
|
|
|
|
21 596 000 000
|
|
|
|
Corrlach
|
55 937 093
|
|
1 058 000
|
|
56 995 093
|
|
|
2
|
Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna
|
77 983 510 680
|
44 446 179 437
|
-4 705 000
|
2 700 619 000
|
77 978 805 680
|
47 146 798 437
|
|
|
Uasteorainn
|
75 697 000 000
|
|
|
|
75 697 000 000
|
|
|
|
Agus de sin, faoin Ionstraim Sholúbthachta
|
1 144 928 584
|
|
-4 705 000
|
-4 705 000
|
1 140 223 584
|
|
|
|
Agus de sin, faoi Ionstraim EURI
|
1 141 582 096
|
|
|
|
1 141 582 096
|
|
|
|
Corrlach
|
|
|
|
|
|
|
|
2a.
|
Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach
|
66 365 744 035
|
33 260 377 346
|
|
2 700 000 000
|
66 365 744 035
|
35 960 377 346
|
|
|
Uasteorainn
|
66 361 000 000
|
|
|
|
66 361 000 000
|
|
|
|
Agus de sin, faoin Ionstraim Sholúbthachta
|
4 744 035
|
|
|
|
4 744 035
|
|
|
|
Corrlach
|
|
|
|
|
|
|
|
2b.
|
Athléimneacht agus luachanna
|
11 617 766 645
|
11 185 802 091
|
-4 705 000
|
619 000
|
11 613 061 645
|
11 186 421 091
|
|
|
Uasteorainn
|
9 336 000 000
|
|
|
|
9 336 000 000
|
|
|
|
Agus de sin, faoin Ionstraim Sholúbthachta
|
1 140 184 549
|
|
-4 705 000
|
-4 705 000
|
1 135 479 549
|
|
|
|
Agus de sin, faoi EURI
|
1 141 582 096
|
|
|
|
1 141 582 096
|
|
|
|
Corrlach
|
|
|
|
|
|
|
|
3
|
Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol
|
56 739 667 594
|
55 605 510 102
|
-39 947 143
|
-22 392 143
|
56 699 720 451
|
55 583 117 959
|
|
|
Uasteorainn
|
57 336 000 000
|
|
|
|
57 336 000 000
|
|
|
|
Corrlach
|
596 332 406
|
|
39 947 143
|
|
636 279 549
|
|
|
|
Agus de sin: Caiteachas a bhaineann leis an margadh agus íocaíochtaí díreacha
|
39 975 892 542
|
40 030 717 961
|
|
|
39 975 892 542
|
40 030 717 961
|
|
|
Fo‑uasteorainn CERT
|
41 646 000 000
|
|
|
|
41 646 000 000
|
|
|
|
Difríocht an tslánaithe arna heisiamh chun an fochorrlach a ríomh
|
72 000
|
|
|
|
72 000
|
|
|
|
Glanaistrithe idir CERT agus CETFT
|
-1 117 072 000
|
|
|
|
-1 117 072 000
|
|
|
|
An t‑iarmhéid glan atá ar fáil le haghaidh chaiteachas CERT (fo-uasteorainn arna ceartú le haistrithe idir CERT agus CETFT)
|
40 529 000 000
|
|
|
|
40 529 000 000
|
|
|
|
Fochorrlach CERT
|
553 107 458
|
|
|
|
553 107 458
|
|
|
4
|
Imirce agus Bainistiú Teorainneacha
|
4 722 798 024
|
3 203 947 754
|
-78 032 393
|
309 140 155
|
4 644 765 631
|
3 513 087 909
|
|
|
Uasteorainn
|
4 871 000 000
|
|
|
|
4 871 000 000
|
|
|
|
Corrlach
|
148 201 976
|
|
78 032 393
|
|
226 234 369
|
|
|
5
|
Slándáil agus Cosaint
|
2 632 589 260
|
2 143 154 694
|
|
|
2 632 589 260
|
2 143 154 694
|
|
|
Uasteorainn
|
2 617 000 000
|
|
|
|
2 617 000 000
|
|
|
|
Agus de sin, faoin Ionstraim Sholúbthachta
|
15 589 260
|
|
|
|
15 589 260
|
|
|
|
Corrlach
|
|
|
|
|
|
|
|
6
|
An Chomharsanacht agus an Domhan
|
16 308 245 797
|
14 426 257 975
|
|
|
16 308 245 797
|
14 426 257 975
|
|
|
Uasteorainn
|
16 303 000 000
|
|
|
|
16 303 000 000
|
|
|
|
Agus de sin, faoin Ionstraim Sholúbthachta
|
5 245 797
|
|
|
|
5 245 797
|
|
|
|
Corrlach
|
|
|
|
|
|
|
|
7
|
Riarachán Poiblí Eorpach
|
12 845 030 641
|
12 845 030 641
|
|
|
12 845 030 641
|
12 845 030 641
|
|
|
Uasteorainn
|
12 124 000 000
|
|
|
|
12 124 000 000
|
|
|
|
Agus de sin, faoin Ionstraim Corrlaigh Aonair 11(1)(a)
|
721 030 641
|
|
|
|
721 030 641
|
|
|
|
Corrlach
|
|
|
|
|
|
|
|
|
agus de sin: Caiteachas riaracháin na n‑institiúidí
|
9 720 485 985
|
9 720 485 985
|
|
|
9 720 485 985
|
9 720 485 985
|
|
|
Fo-uasteorainn
|
9 219 000 000
|
|
|
|
9 219 000 000
|
|
|
|
Agus de sin, faoin Ionstraim Corrlaigh Aonair 11(1)(a)
|
501 485 985
|
|
|
|
501 485 985
|
|
|
|
Fochorrlach
|
|
|
|
|
|
|
|
Leithreasuithe le haghaidh ceannteideal
|
192 771 904 903
|
153 130 726 640
|
-123 742 536
|
2 985 985 012
|
192 648 162 367
|
156 116 711 652
|
|
|
Uasteorainn
|
190 544 000 000
|
175 378 000 000
|
|
|
190 544 000 000
|
175 378 000 000
|
|
|
Agus de sin, faoin Ionstraim Sholúbthachta
|
1 165 763 641
|
1 399 812 457
|
-4 705 000
|
-4 705 000
|
1 161 058 641
|
1 395 107 457
|
|
|
Agus de sin, faoin Ionstraim Corrlaigh Aonair 11(1)(a)
|
721 030 641
|
|
|
|
721 030 641
|
|
|
|
Agus de sin, faoi EURI
|
1 141 582 096
|
1 141 582 096
|
|
|
1 141 582 096
|
1 141 582 096
|
|
|
Corrlach
|
800 471 475
|
24 788 667 913
|
119 037 536
|
-2 990 690 012
|
919 509 011
|
21 797 977 901
|
|
|
Ionstraimí speisialta téamacha
|
6 669 866 079
|
5 593 595 842
|
|
-469 000 000
|
6 669 866 079
|
5 124 595 842
|
|
Iomlán na leithreasuithe
|
199 441 770 982
|
158 724 322 482
|
-123 742 536
|
2 516 985 012
|
199 318 028 446
|
161 241 307 494
|