An Bhruiséil,11.11.2025

COM(2025) 795 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

An Tuarascáil Bhliantúil Eorpach ar Thearmann agus Imirce
(2025)


TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

An Tuarascáil Bhliantúil Eorpach ar Thearmann agus Imirce
(2025)

I.Réamhrá

Is príomhsprioc insoláthartha é an Tuarascáil Bhliantúil Eorpach ar Thearmann agus Imirce (an Tuarascáil) den Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann (an Comhshocrú) a sholáthraíonn léargas straitéiseach ar dhálaí sa réimse seo. Leis an tuarascáil, déantar anailís ar staid an tearmainn, na himirce agus an ghlactha san Aontas agus sna Ballstáit le linn na tréimhse 12 mhí roimhe sin agus bunaítear réamhmheastachán ar na treochtaí imirce don bhliain atá le teacht 1 .

Ba chloch mhíle mhór é an Comhshocrú i bhforbairt cur chuige chuimsithigh maidir le himirce, tearmann, bainistiú teorainneacha agus imeascadh. Ceapadh é chun an imirce a bhainistiú san fhadtéarma, rud a thugann an tsolúbthacht do na Ballstáit aghaidh a thabhairt go héifeachtach agus go cothrom ar na dúshláin shonracha atá rompu. Tá neart an Chomhshocraithe sa chothromaíocht idir prionsabail na dlúthpháirtíochta agus comhroinnt chóir na freagrachta i measc na mBallstát. Chuige sin, le Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce 2 , ceann de na gníomhartha reachtacha lena gcuimsítear an Comhshocrú, tugtar isteach sásra dlúthpháirtíochta atá éigeantach, solúbtha agus bunaithe ar riachtanais. Tá feidhmiú an tsásra sin bunaithe ar an measúnú ar staid an tearmainn agus na himirce san Aontas a chuirtear i láthair sa Tuarascáil, atá mar chuid den timthriall bliantúil bainistithe imirce (an Timthriall).

Sheol an Coimisiún an chéad Timthriall le glacadh na Tuarascála seo, lena náirítear freisin nuashonrú ar an dul chun cinn atá déanta agus ar na dúshláin a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhshocraithe 3 . Tá an léiriú staide dá bhforáiltear sa Tuarascáil seo le húsáid freisin ag an gCoimisiún chun an Cinneadh Cur Chun Feidhme 4 (an Cinneadh) ón gCoimisiún a ghlacadh lena gcinnfear cé na Ballstáit atá faoi bhrú imirce, atá i mbaol brú imirce nó a bhfuil staid shuntasach imirce rompu, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1351.

Tá togra ón gCoimisiún ag gabháil leis an Tuarascáil agus leis an gCinneadh le haghaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle lena mbunaítear an Comhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil 5 chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais dlúthpháirtíochta na mBallstát atá faoi bhrú sa bhliain atá le teacht. Ag an am céanna, leantar den obair ar chur chun feidhme chomhpháirteanna uile an Chomhshocraithe, chun córas éifeachtach Eorpach i leith dlúthpháirtíochta agus freagrachta a chur ar fáil chun tearmann agus imirce a bhainistiú ar bhealach cothrom, daingean agus éifeachtach.

II.An Comhshocrú a Chur i gCrích: an fhreagracht agus an dlúthpháirtíocht i gcothromaíocht

Tá dul chun cinn á dhéanamh ag na Ballstáit maidir leis na hullmhúcháin chun athchóirithe ar an gComhshocrú a chur chun feidhme agus chun na hoibleagáidí nua maidir le dlúthpháirtíocht agus comhroinnt chóir freagrachta a chomhlíonadh.

I réimse na freagrachta, tá príomhghnéithe nua an Chomhshocraithe dírithe ar nósanna imeachta níos éifeachtúla, níos daingne agus níos cothroime a chruthú as a dtiocfaidh córais tearmainn agus imirce níos cuíchóirithe agus níos éifeachtaí, agus ualaí riaracháin níos ísle ar na Ballstáit, próiseáil níos tapúla, tacaíocht leordhóthanach a chur ar fáil d’imircigh agus cinntí ardcháilíochta maidir lena gcásanna. Go háirithe, leis an scagadh nua 6 ag teorainneacha seachtracha an Aontais, beifear in ann gach náisiúnach tríú tír a thagann isteach san Aontas go neamhdhleathach a shainaithint agus a mheasúnú go pras. Mar chuid de na nósanna imeachta éigeantacha maidir le tearmann agus filleadh 7 , déileálfar le hiarratais ó náisiúnaigh de thíortha ar beag an dóchúlacht go bhfaighidh siad cosaint idirnáisiúnta ar bhealach gasta, go díreach ag teorainneacha seachtracha an Aontais. Leis na rialacha nua freagrachta 8 , beifear in ann nós imeachta níos tapúla agus níos éifeachtúla a shuí cé acu na Ballstáit atá freagrach as iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a phróiseáil. Beidh tionchar dearfach ag bunachar sonraí Eurodac athnuaite 9 agus ag na rialacha nua maidir le glacadh 10 ar ghluaiseachtaí neamhúdaraithe a bhainistiú agus a theorannú.

I ndáil leis sin, beidh ar na Ballstáit ina dtagann imircigh neamhrialta isteach san Aontas den chéad uair roinnt cúraimí nua a ghlacadh orthu féin, go háirithe i bhfianaise chineál na sreabh imirce a thagann isteach ag teorainneacha seachtracha an Aontais. Go háirithe, beidh orthu iarrachtaí suntasacha a dhéanamh chun a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le gach imirceach neamhrialta a scagadh agus a chlárú, an ‘acmhainneacht leordhóthanach’ a chur ar bun don nós imeachta teorann éigeantach, chomh maith le measúnú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta.

Chun tacú go háirithe leis na Ballstáit sin, bunaíodh buansásra dlúthpháirtíochta le Rialachán (AE) 2024/1351. Tá cothromaíocht ann idir na dúshláin agus na freagrachtaí atá ar Bhallstáit éagsúla. Chun an sásra a oibríochtú, i gcomhréir leis an Rialachán céanna, déanann an Coimisiún measúnú gach bliain ar staid fhoriomlán na himirce san Aontas chun a chinneadh an bhfuil Ballstáit ann atá faoi bhrú imirce, atá i mbaol brú imirce, nó a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar staid shuntasach imirce. Chun é sin a dhéanamh, d’fhorbair an Coimisiún modheolaíocht, i gcomhairle leis na Ballstáit, chun a mheas an bhfuil oibleagáidí díréireacha ar Bhallstáit, agus an staid fhoriomlán san Aontas á cur san áireamh. Braitheann sé ar shonraí agus ar fhaisnéis ardcháilíochta atá ar fáil, lena náirithítear go bhfuil na torthaí cothrom, oibiachtúil agus comhsheasmhach leis na ceanglais dhlíthiúla. Tugtar tuairisc mhionsonraithe ar an modheolaíocht i nDoiciméad Inmheánach Oibre tiomnaithe de chuid an Choimisiúin 11 .

Tar éis dó na Ballstáit atá faoi bhrú imirce a shainaithint, agus torthaí na Tuarascála á gcur san áireamh, lena n‑áirítear a réamh‑mheastachán don bhliain atá le teacht, molann an Coimisiún freisin leibhéal na rannchuidithe dlúthpháirtíochta ba cheart a sholáthar do na Ballstáit atá faoi bhrú imirce. Is féidir leis na Ballstáit rannchuidithe dlúthpháirtíochta a sholáthar i bhfoirmeacha éagsúla:

·Athshocrú, arb é atá i gceist leis iarratasóirí a aistriú ó Bhallstáit atá faoi bhrú imirce chuig Ballstáit eile is rannchuiditheoirí. D’fhéadfadh na Ballstáit leas a bhaint freisin as fritháirimh freagrachta, cineál dlúthpháirtíochta inar féidir leis na Ballstáit a ndéanann gluaiseachtaí neamhúdaraithe difear dóibh a thairiscint, má chomhlíontar coinníollacha áirithe, freagracht a ghlacadh as iarratasóirí atá i láthair ar a gcríoch cheana féin ó Bhallstáit atá faoi bhrú imirce.

·Ranníocaíochtaí airgeadais arb é atá iontu méideanna a aistriú ó na Ballstáit is ranníocóirí chuig buiséad an Aontais, atá dírithe ar ghníomhaíochtaí chun tacú leis na Ballstáit is tairbhithe, mar shampla, i mbainistiú a gcóras imirce, tearmainn agus glactha, bainistiú teorainneacha agus, a mhéid a bhaineann leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) agus faoi choinníollacha, cistiú a thabhairt do thionscadail agus gníomhaíochtaí áirithe i ngné sheachtrach na himirce, lena náirítear líon na nimirceach neamhrialta a laghdú agus fillteacha a mhéadú.

·Bearta dlúthpháirtíochta malartacha, ar féidir a áireamh orthu, mar shampla, cúnamh comhchineáil ábhartha nó teicniúil, lena náirítear le haghaidh bainistiú teorainneacha.

Sainaithneofar na bearta dlúthpháirtíochta sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle atá le glacadh de bhun Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2024/1351 lena mbunaítear an Comhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil (an Comhthiomsú Dlúthpháirtíochta), bunaithe ar thogra ón gCoimisiún de bhun Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1351. De bhun Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2024/1351, ní mór do na Ballstáit teacht ar chomhaontú maidir le méid an Chomhthiomsaithe Dlúthpháirtíochta don bhliain dár gcionn agus maidir leis an gcaoi a rannchuideoidh gach Ballstát, de réir a chion cothrom, agus i gcomhréir leis an gcleachtadh gealltanais a rinneadh i bhFóram Ardleibhéil Dlúthpháirtíochta an Aontais. Sa Chinneadh uaithi, ba cheart don Chomhairle toradh an chleachtaidh gealltanas a ghabháil i ndáil leis na riachtanais arna sainaithint ag na Ballstáit atá faoi bhrú, lena n‑áirítear maidir le fritháirimh freagrachta a úsáid.

Na Ballstáit a mheasann an Coimisiún go bhfuil siad faoi bhrú imirce, beidh rochtain acu ansin ar an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta agus ní bheidh sé d’oibleagáid orthu a rannchuidithe dlúthpháirtíochta geallta a chur chun feidhme, agus beidh na Ballstáit a bhfuil staid shuntasach imirce rompu in ann asbhaint iomlán nó pháirteach a fháil, arna iarraidh sin dóibh, dá rannchuidithe dlúthpháirtíochta ón gComhairle. An tráth céanna, ní cheanglaítear ar na Ballstáit is rannchuiditheoirí a ngealltanais i leith Ballstát is tairbhí a chur chun feidhme, i gcás inar shainaithin an Coimisiún easnaimh shistéamacha sa Bhallstát sin maidir leis na rialacha maidir le freagracht faoi Rialachán (AE) 2024/1351 a bhféadfadh iarmhairtí diúltacha tromchúiseacha a bheith mar thoradh orthu d’fheidhmiú an chórais.

Sa bhreis ar an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta, bunaítear leis an gComhshocrú Buanbhosca Uirlisí Tacaíochta an Aontais Eorpaigh don Imirce arb é atá ann cúnamh oibríochtúil agus teicniúil arna soláthar ag comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais; tacaíocht arna soláthar ag cistí an Aontais agus trí fhoinsí cistiúcháin eile; maoluithe in acquis an Aontais chun freagairt do dhúshláin shonracha imirce; an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta a ghníomhachtú; bearta chun gníomhaíochtaí maidir le filleadh agus athimeascadh a éascú; gníomhaíochtaí neartaithe agus gníomhaíochtaí trasearnála i ngné sheachtrach na himirce; for-rochtain taidhleoireachta agus pholaitiúil fheabhsaithe; straitéisí cumarsáide comhordaithe; tacú le beartais imirce éifeachtacha atá bunaithe ar chearta an duine i dtríú tíortha nó imirce dhleathach agus soghluaisteacht dhea-bhainistithe a chur chun cinn. Tá Buanbhosca Uirlisí Tacaíochta an Aontais Eorpaigh don Imirce ar fáil do na Ballstáit agus is féidir é a chur in oiriúint dá riachtanais shonracha.

Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin do na Ballstáit atá i mbaol brú imirce, a bheidh in ann tairbhiú de rochtain tosaíochta ar an mBosca Uirlisí Tacaíochta sin. Cuirfidh an Coimisiún tacaíocht chistiúcháin ar fáil agus comhordóidh sé freisin leis na Gníomhaireachtaí tosaíocht a d’fhéadfaí a thabhairt do sholáthar tacaíochta oibríochtúla.

Cur chun feidhme an Chomhshocraithe — staid na himeartha

Ó tháinig an Comhshocrú i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2024, agus tar éis ghlacadh an Phlean Cur Chun Feidhme Choitinn, tá dlús curtha ag na Ballstáit, le tacaíocht ón gCoimisiún agus ó Ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, leis na hiarrachtaí chun an comhaontú reachtach a fhíorú go praiticiúil agus chun a áirithiú go mbeidh a gcórais náisiúnta tearmainn, glactha agus imirce réidh le haghaidh chur i bhfeidhm iomlán an Chomhshocraithe faoi mhí an Mheithimh 2026. Ag an am céanna, tá gá ginearálta ann dlús a chur le luas na n‑athchóirithe sin.

Ar fud an Aontais, agus ar an leibhéal náisiúnta, tar éis na chéad chéime as ar eascair forbairt na bPleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme agus na socruithe rialachais ábhartha, tá athrú tagtha ar an bhfócas. Anois baineann sé le hoiriúnú reachtach, oibríochtú praiticiúil, agus acmhainní a chur ar fáil d’athchóirithe. 

Ón bhí an tuarascáil dheireanach ann, baineadh amach garspriocanna tábhachtacha ar gach leibhéal.Áirítear orthu sin straitéisí náisiúnta agus pleananna teagmhasacha a fhorbairt, creataí dlíthiúla náisiúnta a oiriúnú, agus an Rialachán Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1351 a ghlacadh 12 . Tá méadú tagtha ar líon na mBallstát a bhfuil coinne leis go mbainfidh siad a spriocanna i leith acmhainneachta leordhóthanacha amach don nós imeachta teorann nua agus tá tús curtha le tástáil Eurodac.

Ag an am céanna, tá na dúshláin atá fós ann ag éirí níos soiléire. Is amhlaidh atá go háirithe maidir le cur chun feidhme Eurodac, bunú an nós imeachta teorann agus an gá atá leis an mbonneagar riachtanach, riachtanais foirne agus socruithe riaracháin a chur i bhfeidhm go tráthúil. Ar fud an Aontais, ba cheart socruithe scagtha a thabhairt chun críche go luath agus an acmhainneacht ghlactha a chur in oiriúint don chreat nua, lena n‑áiritheofar acmhainneacht leordhóthanach agus caighdeáin leordhóthanacha. Cé go bhfuil sé sin déanta ag formhór na mBallstát, ní mór socruithe atá fós gan réiteach maidir le faireachán ar chearta bunúsacha agus comhairleoireacht dhlíthiúil a thabhairt i gcrích.

Ní mór don Choimisiún agus do na Ballstáit uile leanúint de bheith ag obair le chéile chun a áirithiú go ndéanfar an clársceidealú airgeadais a ailíniú go héifeachtach taobh thiar de na pleananna náisiúnta agus go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag príomhghnéithe an chreata nua, bíodh sin ó chistí an Aontais nó ó chistí náisiúnta.

Tá staid mhionsonraithe na himeartha maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe le fáil san Iarscríbhinn.

III.Léargas straitéiseach ar dhálaí i réimse an tearmainn, an ghlactha agus na himirce

Tá an fhianaise sa Tuarascáil seo mar bhonn agus mar thaca ag an gCinneadh ón gCoimisiún lena sainaithnítear staid na himirce sna Ballstáit agus ag an togra ón gCoimisiún le haghaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle lena mbunaítear an Comhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil is gá chun aghaidh a thabhairt ar staid na himirce. Dá réir sin, tugtar léargas cuimsitheach straitéiseach ar dhálaí sa Tuarascáil a fheidhmíonn freisin mar uirlis luathrabhaidh agus feasachta don Aontas i réimse na himirce agus an tearmainn.

Is éard atá sa léargas straitéiseach ar dhálaí: a) anailís ar na príomhfhorbairtí i réimse an tearmainn, an ghlactha agus na himirce san Aontas agus sna Ballstáit uile thar an tréimhse 12 mhí idir an 1 Iúil 2024 agus an 30 Meitheamh 2025; agus b) réamhmheastachán le haghaidh 2026 agus faisnéis maidir leis an leibhéal ullmhachta san Aontas agus sna Ballstáit chun freagairt do na treochtaí réamhmheasta agus chun oiriúnú dóibh. Áirítear san fhorléargas sa Tuarascáil seo freisin torthaí ón bhfaireachán a rinne an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), agus ón meastóireacht a rinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/922 13 .

Tá sé bunaithe ar shonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla agus ar fhaisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil arna soláthar ag na Ballstáit, ag Gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais 14 agus ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. Cuireann an anailís agus an réamhmheastachán freisin le torthaí na malartuithe rialta laistigh de Líonra an Aontais um an Treoirphlean Ullmhachta Imirce agus Géarchéime 15 .

Áirítear an léargas ar dhálaí straitéiseacha sa Tuarascáil seo, agus comhlánaítear é le Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin ina bhfuil an miondealú staidrimh a thacaíonn leis an anailís sa Tuarascáil, le Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin ina bhfuil faisnéis mhionsonraithe a thacaíonn leis an anailís 16 agus leis an Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin ina bhfuil mionsonraí an réamhmheastacháin le haghaidh 2026 17 .

a.Anailís ar staid an tearmainn, an ghlactha agus na himirce idir mí Iúil 2024 agus mí an Mheithimh 2025

Ar an iomlán, idir mí Iúil 2024 agus mí an Mheithimh 2025, lean staid na himirce san Aontas de bheith ag dul i bhfeabhas i gcomparáid leis na blianta roimhe sin. Tháinig laghdú ar líon na nimirceach neamhrialta a tháinig isteach san Aontas, ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta agus ar ghluaiseachtaí neamhúdaraithe 18 , treocht chobhsaí a tugadh faoi deara cheana féin ó bhí 2024 ann. Tá sé sin amhlaidh freisin a bhuí le hiarrachtaí comhpháirteacha an Choimisiúin agus na mBallstát dlús a chur leis an gcomhar le tíortha tionscnaimh agus idirthurais agus teorainneacha seachtracha an Aontais a neartú.

Imirce neamhrialta ag teorainneacha seachtracha an Aontais 19  

Tháinig laghdú 35 % ar thrasnuithe neamhdhleathacha teorann 20 ag teorainneacha seachtracha an Aontais i gcomparáid le mí Iúil 2023-mí an Mheithimh 2024. Tugadh treochtaí laghdaitheacha faoi deara feadh fhormhór na mbealaí imirce, lena náirítear feadh na mbealaí sin a chuimsíonn formhór na dtrasnuithe neamhdhleathacha teorann chuig an Aontas.

Fíor 1 — Trasnuithe neamhdhleathacha teorann de réir bealach imirce 21

Foinse: Mionsaothrú an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (ACT) ar shonraí Eurostat

Cé gur fhan staid na himirce sa Ghréig cobhsaí ar an iomlán, taifeadadh an líon is airde trasnuithe neamhdhleathacha teorann sa tír sin i gcoibhneas lena OTI agus lena daonra 22 , chomh maith le formhór na dtrasnuithe neamhdhleathacha teorann feadh bhealach na Meánmhara Thoir (breis agus 60 000 trasnuithe neamhdhleathacha teorann), ón Tuirc agus ón Libia den chuid is mó, agus tháinig méadú suntasach ar an líon daoine ag teacht isteach a cláraíodh sa Chréit. Sa Chipir, tháinig laghdú suntasach ar thrasnuithe neamhdhleathacha teorann — mar gheall ar níos lú imeachtaí ón tSiria agus ón Liobáin den chuid is mó — lena náirítear mar gheall ar thitim réimeas Assad agus mar gheall ar an rannpháirtíocht mhéadaithe le húdaráis na Liobáine. Mar sin féin, i gcoibhneas lena OTI agus lena daonra, bhí an Chipir fós sa tríú háit san Aontas ó thaobh imircigh neamhrialta de agus beagnach 3 000 trasnú neamhdhleathach teorann inti. Sa Bhulgáir, tháinig laghdú beag ar thrasnuithe neamhdhleathacha teorann, agus ba ón Tuirc a tháinig na nimircigh neamhrialta.

San Iodáil agus sa Spáinn, tháinig laghdú ar thrasnuithe neamhdhleathacha teorann i gcomparáid leis an tréimhse idir mí Iúil 2023-mí an Mheithimh 2024, d’ainneoin go raibh na huimhreacha fós ard i ndearbhthéarmaí. Tháinig laghdú ar imeachtaí chun na hIodáile, i bpáirt mar gheall ar chomhar níos láidre le húdaráis na Túinéise 23 agus rialuithe teorann níos déine ag teorainn na Tuirce. D’fhan imeachtaí ón Libia ard agus tháinig méadú breise orthu de réir mar a bhain líonraí smuigleála leas as an éagobhsaíocht mhéadaitheach sa réigiún. Tháinig laghdú ar thrasnuithe neamhdhleathacha teorann go dtí an Spáinn mar gheall ar líon níos lú daoine a bheith ag teacht isteach feadh bhealach an Atlantaigh go dtí na hOileáin Chanáracha, tar éis comhar déthaobhach feabhsaithe agus comhar feabhsaithe idir an tAontas agus tíortha na hAfraice Thiar, go háirithe leis an Máratáin 24 agus leis an tSeineagáil. Mar thoradh ar fhaireachas feabhsaithe teorann sa Mháratáin agus sa tSeineagáil, d’imigh smuigléirí trí Ghuine Bissau, tríd an nGuine agus tríd an nGaimbia arís. Ar bhealach na Meánmhara Thiar, ba í an Ailgéir an príomhphointe imeachta — 79 % de na trasnuithe neamhdhleathacha teorann ar an mbealach — agus chláraigh sí líon méadaithe i dtaca le trasnuithe neamhdhleathacha teorann i dtreo na nOileán Bailéarach. Tháinig laghdú suntasach ar imeachtaí as Maracó mar thoradh ar chomhar déthaobhach neartaithe leis an Spáinn agus ar fhaireachas feabhsaithe ar theorainneacha.

Feadh Mhuir nIocht, tháinig méadú 15 % ar imeachtaí ón bhFrainc go dtí an Ríocht Aontaithe (trasnuithe neamhdhleathacha teorann ar imeacht ón tír) i gcomparáid le mí Iúil 2023-mí an Mheithimh 2024. Cé gur chuir iarrachtaí bainistithe teorainneacha sa Fhrainc cosc ar 40 % de na 72 000 trasnú neamhdhleathach teorann a bhí ag imeacht ón bhFrainc go dtí an Ríocht Aontaithe, tháinig méadú thart ar 35 % fós ar thrasnuithe rathúla (teacht isteach sa Ríocht Aontaithe) i gcomparáid le mí Iúil 2023-Meitheamh 2024.

I réigiún na mBalcán Thiar, tháinig laghdú suntasach ar líon na nimirceach neamhrialta a tháinig isteach i gcomparáid le mí Iúil 2023-mí an Mheithimh 2024. Le cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir leis na Balcáin Thiar 25 , cuireadh tacaíocht pholaitiúil, airgeadais agus oibríochtúil ar fáil do bhainistiú na himirce sa réigiún 26 . Chuir rialuithe feabhsaithe póilíneachta a chuir isteach ar ghníomhaíochtaí smuigleála imirceach, chomh maith le trasnuithe neamhdhleathacha teorann a laghdú ar bhealach na Meánmhara Thoir, le líon na nimirceach neamhrialta a laghdú. Ba í an chonair tríd an mBoisnia agus an Heirseagaivéinan Chróit fós an chonair ba mhó a úsáideadh, cé go raibh níos lú trasnuithe neamhdhleathacha teorann ann ná mar a bhí i mí Iúil 2023-mí an Mheithimh 2024. Tugadh faoi deara gníomhaíocht mhéadaithe imirce feadh na conaire sin ó dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2023, tar éis do smuigléirí a ngníomhaíochtaí a atreorú i dtreo na coda sin den teorainn chun oibríochtaí póilíneachta méadaithe sa tSeirbia a sheachaint. Le linn na tréimhse tuairiscithe, chláraigh an Chróit 76 % de na daoine a tháinig isteach sa réigiún — níos mó ná 12 000 trasnú neamhdhleathach teorann — agus an dara líon is airde de thrasnuithe neamhdhleathacha teorann ar leibhéal an Aontais i gcoibhneas lena OTI agus lena daonra.

Ag teorainn thoir an Aontais, d’fhan an líon trasnuithe neamhdhleathach teorann íseal agus réasúnta cobhsaí. Bhain an chuid is mó de na trasnuithe neamhdhleathacha teorann sin le náisiúnaigh den Úcráin a thrasnaigh go neamhrialta isteach sa Rómáin agus a d’iarr cosaint shealadach. Leanann gníomhaíochtaí na Rúise agus na Bealarúise de thionchar a imirt ar dhinimic na himirce ag an teorainn Thoir, go háirithe sa Pholainn, sa Laitvia, sa Liotuáin, san Fhionlainn agus san Eastóin. Mar fhreagairt ar iarrachtaí leanúnacha státurraithe chun an imirce a úsáid mar uirlis troda, neartaigh siad rialuithe teorann, rud a laghdaigh an líon trasnuithe neamhdhleathacha teorann ón mBealarúis (1 421 thrasnú neamhdhleathach teorann, ar tháinig 82 % díobh go dtí an Pholainn). Is dúshlán tromchúiseach imirce agus slándála fós é an baol go n‑úsáidfear an imirce mar uirlis troda, rud a chuireann le teagmhais fhoréigneacha ó am go chéile agus le hiarrachtaí an teorainn a thrasnú. Bhunaigh an Pholainn crios maolánach feadh a teorann agus cuireann sí teorainn shealadach leis an gceart chun iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta ag an teorainn sin, cé is moite de ghrúpaí leochaileacha. Thairis sin, chuir an Laitvia agus an Liotuáin feabhas ar bhearta faireachais ag a dteorainn leis an mBealarúis. Neartaigh an Eastóin bearta bainistithe teorainneacha ag an teorainn leis an Rúis, agus dhún an Fhionlainn a pointí trasnaithe leis an Rúis ó mhí na Samhna 2023 mar fhreagairt ar iarrachtaí na Rúise chun an imirce a úsáid mar uirlis troda. Ó shin i leith, d’fhan staid na himirce ag an teorainn leis an Rúis, lena n‑áirítear leis an Eastóin, sách socair.

Idir mí Iúil 2024 agus mí an Mheithimh 2025, diúltaíodh cead isteach do bhreis agus 110 000 duine ag teorainneacha seachtracha an Aontais, ag teorainneacha talún (55 %) agus aeir (41 %) den chuid is mó. Ba é doiciméadacht a bhí in easnamh nó neamhbhailí ba chúis le formhór na ndiúltuithe cead isteach 27 . Is i ndearbhthéarmaí a thaifead an Pholainn, an Chróit, an Fhrainc agus an Rómáin an líon ba mhó, agus d’eisigh an Chróit, an Laitvia agus an Eastóin formhór na ndiúltuithe i gcoibhneas lena OTI agus lena ndaonra. Bhain formhór na ndiúltuithe cead isteach le muintir na hÚcráine 28 , na hAlbáine, na Moldóive agus na Tuirce.

Mar a cuireadh i dtábhacht i dtuarascáil 2025 ar Staid Schengen, tá gá le hiarrachtaí leanúnacha chun cáilíocht agus athléimneacht theorainneacha seachtracha limistéar Schengen a neartú, go háirithe i bhfianaise bagairtí slándála atá ag dul in olcas 29 . Léiríodh torthaí spreagúla i measúnú leochaileachta Frontex 2025  30 . Cuireadh i dtábhacht sa mheasúnú freisin, áfach, gur gá cumais maidir le bainistiú imirce ag na teorainneacha a threisiú a thuilleadh i roinnt Ballstát, lena náirítear trí acmhainní daonna leordhóthanacha a leithdháileadh chun scagadh agus faisnéisiú a dhéanamh. Ag an am céanna, is dúshlán coiteann i gcónaí é a áirithiú go nurramófar cearta bunúsacha ag an teorainn, go háirithe sa chomhthéacs a bhaineann leis an imirce a úsáid mar uirlis troda.

Teacht isteach ar muir tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála 31  

Tháinig laghdú 36 % ar an líon náisiúnach tríú tír a díbhordáladh san Aontas tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála i gcomparáid le mí Iúil 2023-mí an Mheithimh 2024. Ón 1 Iúil 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025, díbhordáladh beagnach 97 000 duine san Aontas tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála. B’ionann an Iodáil agus an Spáinn le chéile agus breis agus 80 % de na daoine a díbhordáladh san Aontas.

Fíor 2 — Daoine a díbhordáladh in imeachtaí cuardaigh agus tarrthála

Foinse: Mionsaothrú ACT ar shonraí Eurostat

Is oibleagáid dhlíthiúil é do na Ballstáit, atá bunaithe i ndlí idirnáisiúnta agus i ndlí an Aontais, cúnamh a thabhairt d’aon duine a aimsítear i nguais ar muir 32 . Lean iarrachtaí an tAontas Eorpach a shroicheadh ar shoithí nach bhfuil muiracmhainneach de bheith ina gcúis le bás imirceach ar muir, agus thuairiscíodh go bhfuair 3 000 duine ar a laghad bás nó go raibh siad ar iarraidh ar muir le linn na tréimhse tuairiscithe. Lean bealach na Meánmhara Láir agus an Atlantaigh de bheith ar na bealaí farraige is marfaí chuig an Aontas 33 . Bhí trasnuithe farraige i mbáid bheaga ón bhFrainc go dtí an Ríocht Aontaithe trasna Mhuir nIocht arna néascú ag líonraí smuigleála ina ndúshlán suntasach d’údaráis na Fraince a raibh baint acu le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála. D’eagraigh líonraí smuigleála imeachtaí comhuaineacha i mbáid phlódaithe chun údaráis a shárú, rud a d’fhág gur díbhordáladh thart ar 7 000 duine sa Fhrainc tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála.

Cosaint idirnáisiúnta agus cosaint shealadach san Aontas 34  

Tháinig laghdú 21 % ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta san Aontas i gcomparáid le mí Iúil 2023-mí an Mheithimh 2024, cé go raibh siad fós ard ar an iomlán agus 871 000 iarratas taiscthe san Aontas. Ba iad níos lú imirceach neamhrialta agus an laghdú géar ar iarratais ó náisiúnaigh Shiriacha ba chúis leis an laghdú den chuid is mó. D’eisigh na Ballstáit 271 000 cinneadh lenar deonaíodh stádas cosanta idirnáisiúnta 35 , laghdú 20 % i gcomparáid le mí Iúil 2023-mí an Mheithimh 2024 36 . I gcoibhneas lena OTI agus lena ndaonra, ba iad an Ghréig, an Ostair agus an Chipir na príomhBhallstáit a thug cosaint idirnáisiúnta. I ndearbhthéarmaí, d’eisigh an Ghearmáin, an Fhrainc agus an Ghréig an chuid is mó de na cinntí dearfacha maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta, agus ba í an Spáinn an tír ba mhó a dheonaigh stádas daonnúil, do Veiniséalaigh agus do mhuintir na Colóime den chuid is mó.

Fíor 3 — Iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ag na Ballstáit i ndearbhluachanna, agus per capita agus OTI 37

Foinse: Mionsaothrú ACT ar shonraí EUAA agus sonraí Eurostat (OTI agus daonra)

Fuair an Ghréig agus an Chipir an líon is airde iarratas ar leibhéal an Aontais i gcomparáid lena OTI agus lena ndaonra. I ndearbhuimhreacha, fuair an Ghearmáin an líon is airde iarratas ar chosaint idirnáisiúnta — d’ainneoin laghdú 40 % i gcomparáid leis an tréimhse ó mhí Iúil 2023-mí an Mheithimh 2024 — agus ina dhiaidh sin an Fhrainc, an Spáinn agus an Iodáil. Rinne Veiniséalaigh a bhí ag taisteal gan víosa san Aontas líon níos mó iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh, sa Spáinn den chuid is mó. Rinne náisiúnaigh na hAfganastáine iarratas ar líon níos ísle ach ba iad an tríú náisiúntacht a rinne iarratas ar thearmann. Tháinig laghdú 25 % ar iarratais ó mhionaoisigh neamhthionlactha freisin agus b’ionann iad agus 3 % den iomlán. I gcoibhneas lena OTI agus lena ndaonra, fuair an Ghréig, an Bhulgáir agus an Chipir formhór na n‑iarratas ó mhionaoisigh neamhthionlactha ar leibhéal an Aontais, agus tá méadú ag teacht ar líon na mionaoiseach Éigipteach atá ag cur iarratas isteach sa Ghréig. I ndearbhthéarmaí, is sa Ghearmáin, sa Ghréig agus san Ísiltír den chuid is mó a cuireadh na hiarratais sin isteach, agus is náisiúnaigh de chuid na Siria agus na hAfganastáine den chuid is mó a bhí iontu.

Chuir roinnt Ballstát próiseáil iarratas ó mhuintir na Siria ar fionraí go sealadach tar éis thitim réimeas Assad, agus bhí muintir na Siria fós ar an ngrúpa is mó a rinne iarratas ar chosaint idirnáisiúnta san Aontas, sa Ghearmáin den chuid is mó.

Fíor 4 — Tairbhithe cosanta sealadaí sna Ballstáit

 

Foinse: Mionsaothrú ACT ar shonraí Eurostat

Tar éis chogadh foghach leanúnach na Rúise agus an ghéaraithe ar ionsaithe i gcoinne na hÚcráine, tá 4,3 milliún duine ag tairbhiú de chosaint shealadach san Aontas ó mhí an Mheithimh 2025. Tá an chuid is mó díobh fós á n‑óstáil sa Ghearmáin agus sa Pholainn — arb ionann iad agus 51 % de na tairbhithe foriomlána san Aontas. I gcoibhneas lena OTI agus lena ndaonra, ba sa tSeicia a bhí an líon is airde tairbhithe cosanta sealadaí, agus ina dhiaidh sin bhí an Pholainn, an tSlóvaic agus an Eastóin. Lean muintir na hÚcráine de bheith ag teacht isteach san Aontas go seasta, agus roinnt acu ag taisteal anonn agus anall go sealadach le haghaidh cuairteanna teaghlaigh nó obair shéasúrach. Idir mí Iúil 2024 agus mí an Mheithimh 2025, taifeadadh os cionn 681 000 clárúchán cosanta sealadaí san Aontas. I gcoibhneas lena OTI agus lena ndaonra, d’eisigh an tSeicia an líon is mó tairbhithe cosanta sealadaí, agus ina dhiaidh sin an Pholainn, an Eastóin, an Liotuáin, an Bhulgáir, an Laitvia, an tSlóvaic agus an Chipir. Idir mí Iúil 2024 agus mí an Mheithimh 2025, náisiúnaigh de chuid na hÚcráine a bhí ag lorg stádas cosanta níos fadtéarmaí, rinne siad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i líon méadaitheach san Aontas, go háirithe sa Fhrainc agus sa Pholainn.

Tá an iliomad dúshlán roimh na Ballstáit maidir le tairbhithe cosanta sealadaí agus idirnáisiúnta a lánpháirtiú. Mar a sainaithníodh san athbhreithniú meántéarma ar Phlean Gníomhaíochta 2021-2027 um Imeascadh agus Cuimsiú, tá dúshláin fós ann go háirithe i réimsí na tithíochta, an oideachais agus mhargadh an tsaothair 38 . Is gnách go mbíonn rátaí fostaíochta níos ísle ag imircigh atá ag lorg cosaint idirnáisiúnta nó ag teacht chun cónaithe le baill teaghlaigh ná mar a bhíonn ag imircigh saothair. Ina theannta sin, léiríonn suirbhéanna fadtéarmacha nach mbaineann iarrthóirí tearmainn torthaí mhargadh an tsaothair amach nach bhfuil inchomparáide le náisiúnaigh ach amháin tar éis 10 mbliana cónaithe. Is dúshlán fós é tithíocht leordhóthanach a chur ar fáil: léirítear ó thaighde go raibh cónaí ar níos mó ná imirceach amháin as seisear san Aontas in 2023 i gcóiríocht phlódaithe (+ 70 % i gcomparáid leis an daonra a rugadh san Aontas) 39 . Bíonn tionchar diúltach ag na tosca sin ar thorthaí imeasctha, rud a chuireann brú breise ar chórais cosanta sóisialta agus ar fheidhmiú an chórais ghlactha.

Is mná agus leanaí iad os cionn 75 % de thairbhithe cosanta sealadaí. Bhí éagsúlacht sa chóiríocht agus sa tacaíocht shóisialta ar fud na mBallstát. Thosaigh formhór na mBallstát ag spreagadh féintuilleamaí agus neamhspleáchas eacnamaíoch, ag cur tacaíocht níos teoranta ar fáil de réir a chéile do thithíocht agus do shochair shóisialta, agus infheistíocht á déanamh acu i mbearta imeasctha. Chuir bearta éagsúla a rinne na Ballstáit le himeascadh feabhsaithe i margadh an tsaothair, cé go bhfuil imeascadh na mban i margadh an tsaothair fós níos casta mar gheall ar bhacainní sonracha 40 . Ní hionann scolaíocht leanaí easáitithe ón Úcráin agus bhí éagsúlacht sna rátaí tinrimh scoile, agus tá dúshláin shonracha fós ann do leanaí faoi mhíchumas.

Gluaiseachtaí neamhúdaraithe laistigh den Aontas 41

Bhí ar roinnt Ballstát aghaidh a thabhairt ar líon ard gluaiseachtaí neamhúdaraithe imirceach agus iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta laistigh den Aontas. De réir Rialachán (AE) 604/2013 (”Rialachán Bhaile Átha Cliath III”) 42 , ní féidir le hiarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar a iarratas nó a hiarratas a roghnú. Cuireann gluaiseachtaí ó Bhallstát amháin go Ballstát eile agus na heasnaimh i gcur chun feidhme Rialachán (AE) 604/2013 brú ar leith ar chórais tearmainn, imirce agus ghlactha na bpríomhthíortha cinn scríbe.

Cé nach bhfuil aon sonraí beachta ann lena ngabhtar gluaiseachtaí neamhúdaraithe, léiríonn táscairí ionadacha scála agus treo na ngluaiseachtaí sin laistigh den Aontas 43 . Le Rialachán agus bunachar sonraí Eurodac nua, beifear in ann faireachán níos cruinne a dhéanamh ar ghluaiseachtaí neamhúdaraithe 44 . Faoi láthair, tugann na sonraí atá ar fáil ó Eurodac le fios gur tháinig laghdú thart ar 25 % ar ghluaiseachtaí neamhúdaraithe laistigh den Aontas i gcomparáid le mí Iúil 2023-mí an Mheithimh 2024 45 , tar éis an laghdaithe fhoriomláin ar líon na nimirceach neamhrialta a tháinig isteach den chuid is mó. D’ainneoin an laghdaithe sin, lean gluaiseachtaí neamhúdaraithe de bheith ina ndúshlán do na príomhthíortha cinn scríbe. De ghnáth, tharla gluaiseachtaí neamhúdaraithe ó thíortha a tháinig isteach den chéad uair san Aontas i dtreo na mBallstát in iarthuaisceart an Aontais. I ndearbhthéarmaí, ba iad an Ghréig, an Ghearmáin, an Chróit, an Iodáil agus an Fhrainc na príomhthíortha imeachta, agus ba iad an Ghearmáin, an Fhrainc, an Bheilg, an Iodáil agus an Ísiltír na tíortha a fuair na gluaiseachtaí ba neamhúdaraithe.Ba iad an Ghréig go dtí an Ghearmáin, an Chróit go dtí an Ghearmáin, an Iodáil go dtí an Ghearmáin agus an Iodáil go dtí an Fhrainc na príomhbhealaí a chláraigh formhór na ngluaiseachtaí neamhúdaraithe.

Fíor 5 — Léarscáil de ghluaiseachtaí neamhúdaraithe bunaithe ar amais Eurodac (bealaí ar > 6000 amas) 46

Foinse: Mionsaothrú ACT ar shonraí eu-LISA

Nuair a chomhlánaítear iad le sonraí a bailíodh chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú Rialachán 604/2013 (”Staidreamh Bhaile Átha Cliath”) 47 , ba iad an tSlóivéin, an Bheilg, Lucsamburg, an Ghearmáin, an Chróit agus an Ostair na tíortha ba mhó a bhí buailte, i gcoibhneas lena nolltáirgeacht intíre (OIT) agus lena ndaonra. Níl roinnt Ballstát ag eisiúint iarrataí toisc gur minic nach mbíonn aistriú fisiciúil an duine mar thoradh orthu. Ina theannta sin, tá ráta cur chun feidhme na naistrithe fós aníseal ag 19 % 48 . Laghdaigh bacainní oibríochtúla agus acmhainneachta a bhí roimh Bhallstáit ghlactha agus aistrithe an ráta cur chun feidhme freisin: bhí tionchar ag an easpa tithíochta leordhóthanaí, drochdhálaí glactha ábharacha agus deiseanna teoranta le haghaidh imeascadh luath ar líon na naistrithe a cuireadh chun feidhme. Rinne an Ghearmáin an líon is airde aistrithe agus fuair sí an líon is airde aistrithe, agus an Fhrainc agus an Ísiltír ina dhiaidh sin. Fuair an Chróit an líon is airde aistrithe ó Bhallstáit eile i gcomparáid lena OTI agus lena daonra. Ní bhfuair an Ghréig agus an Iodáil ach líon aníseal aistrithe i gcomparáid le líon na gcinntí dearfacha a rinne siad i leith na niarrataí a fuair siad ó Bhallstáit eile 49 .

Tá sé ríthábhachtach líon foriomlán na n‑aistrithe a mhéadú, aistrithe a atosú chuig na Ballstáit nach bhfuil ag glacadh le haistrithe, iarrataí ar ghabháil ar láimh ná ar thógáil ar ais a atosú, agus aghaidh a thabhairt ar easnaimh sa chóras glactha náisiúnta chun feidhmiú éifeachtach an chórais a áirithiú, dreasachtaí le haghaidh gluaiseachtaí neamhúdaraithe a laghdú agus an chothromaíocht idir freagracht agus dlúthpháirtíocht a choinneáil ar bun. Cé go meastar gur cheart feabhas suntasach a chur ar chur chun feidhme na n‑aistrithe le teacht i bhfeidhm an Chomhshocraithe, tá coinne leis go gcuirfidh na Ballstáit na rialacha atá ann cheana chun feidhme ina n‑iomláine gan mhoill.

Glacadh 50  

D’ainneoin iarrachtaí suntasacha chun feabhas a chur ar bhailiú sonraí maidir le glacadh, níl an staidreamh go hiomlán inchomparáide agus tá sé fós neamhiomlán. Mar thoradh air sin, tá léargas ilroinnte ann agus cuireann sé cosc ar mheasúnú cinntitheach a dhéanamh ar an mbrú ar chórais ghlactha 51 . Tá obair ar siúl chun feabhas a chur ar cháilíocht na sonraí sin.

Bunaithe ar na sonraí atá ar fáil 52 , d’óstáil na Ballstáit thart ar 1 394 000 duine ina gcórais ghlactha náisiúnta, sa Ghearmáin, san Iodáil, sa Fhrainc, san Ísiltír agus san Ostair den chuid is mó. I gcoibhneas lena OTI agus lena ndaonra, is sa Ghearmáin, i Lucsamburg, san Ostair agus in Éirinn 53 a bhí an líon is mó daoine á nóstáil ina gcórais ghlactha. Tairbhithe cosanta sealadaí a gcuirtear tacaíocht chóiríochta ar fáil dóibh lasmuigh den chóras sin, ní áirítear iad i dtuairisciú na mBallstát. 

Ina theannta sin, ní hionann eagrú na gcóras glactha ar fud an Aontais: ní dhéanann ach roinnt Ballstát sonraí maidir le daoine a bhfuil stádais dhlíthiúla éagsúla acu a áireamh agus a bhailiú ina gcóras glactha, lena n‑áirítear tairbhithe cosanta sealadaí, iarratasóirí diúltaithe nó daoine ar ar eisíodh ordú um fhilleadh. Ar an mbonn sin, b’ionann tairbhithe cosanta sealadaí agus idir 50 % agus 70 % den daonra a óstáiltear i gcórais ghlactha náisiúnta na hOstaire, na Fionlainne, na Liotuáine, na Slóvaice agus na Sualainne, agus cuireadh tacaíocht chóiríochta ar fáil do líon mór tairbhithe cosanta sealadaí lasmuigh den chóras sin, go háirithe sa tSeicia, sa Pholainn, san Ungáir agus sa Rómáin. 

Ba é 81 % an ráta áitíochta foriomlán sna córais ghlactha náisiúnta san Aontas ag deireadh mhí an Mheithimh 2025 54 . Is príomhghné de chóras tearmainn, glactha agus imirce dea-ullmhaithe agus d’fheidhmiú maith na rialacha freagrachta faoi Rialachán (AE) 604/2013 é acmhainneacht leordhóthanach agus dálaí glactha leordhóthanacha a áirithiú. Bhí dúshláin roimh roinnt Ballstát maidir le hacmhainneacht leordhóthanach a áirithiú ina gcórais ghlactha náisiúnta 55 , agus ag an am céanna, tá laghdú tagtha ar a nacmhainneacht chóiríochta, lena náirítear an Fhionlainn, an Danmhairg agus an tSualainn, i bhfianaise líon teoranta na niarratasóirí.

Athshocrú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil 56

Thug 14 Bhallstát gealltanais faoi scéim ad hoc an Aontais um athlonnú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil le haghaidh 2024-2025. Tháinig beagnach 12 000 duine isteach san Aontas trí na conairí sin le linn na tréimhse tuairiscithe. Athlonnaíodh níos mó ná leath de na tairbhithe sa Ghearmáin agus sa Fhrainc, agus d’athlonnaigh an Fhionlainn agus an tSualainn an líon ba mhó tairbhithe i gcoibhneas lena OTI agus lena ndaonra. Bhí tionchar ag an staid luaineach sa Mheánoirthear, go háirithe sa Liobáin agus sa tSiria, ar chláir athlonnaithe agus ar chláir um ligean isteach ar fhoras daonnúil: tháinig laghdú ar líon na ndaoine a ligtear isteach i ngach Ballstát tuairiscithe seachas san Ísiltír agus sa tSualainn. Ba í an tSiria príomhthír thionscnaimh na ndaoine a ligeadh isteach, agus ina dhiaidh sin bhí an Afganastáin, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, an tSúdáin Theas agus an Eiritré.

Filleadh 57  

Idir mí Iúil 2024 agus mí an Mheithimh 2025, d’eisigh na Ballstáit, san iomlán, 478 000 ordú chun imeacht do náisiúnaigh tríú tír san Aontas, méadú 11 % i gcomparáid leis an tréimhse ó mhí Iúil 2023-mí an Mheithimh 2024, arna spreagadh den chuid is mó ag níos mó orduithe chun imeacht mar aon le cinntí diúltacha maidir le tearmann. Is iad an Fhrainc, an Spáinn agus an Ghearmáin a d’eisigh formhór na norduithe, agus, i gcoibhneas lena OTI agus lena ndaonra, d’eisigh an Chipir an líon is mó orduithe chun imeacht, agus an Ghréig agus an Chróit ina dhiaidh sin. Bhí difríochtaí suntasacha ar fud na mBallstát idir náisiúntachtaí náisiúnach tríú tír a d’eisigh ordú chun imeacht 58 .

Fíor 6 — Líon na n‑orduithe um fhilleadh agus líon na náisiúnach tríú tír a filleadh in aghaidh an Bhallstáit

Foinse: Mionsaothrú ACT ar shonraí Eurostat

Filleadh 115 000 náisiúnach tríú tír a bhí ag fanacht go neamhdhleathach ar thríú tír. Níor chuir ach cúig Bhallstát (an Ghearmáin, an Fhrainc, an tSualainn, an Chipir agus an Pholainn) breis agus leath de na fillteacha chun feidhme. Is méadú 20 % é sin i gcomparáid le mí Iúil 2023-mí an Mheithimh 2024. Mar sin féin, tá an ráta fillte foriomlán fós íseal, rud a fhágann go bhfuil riaráiste daoine ann ar tugadh ordú dóibh imeacht atá fós ar chríoch an Aontais 59 . Ba náisiúnaigh den Ailgéir, de Mharacó, den tSiria, den Tuirc agus den Afganastáin iad formhór na náisiúnach ar ordaíodh dóibh imeacht, agus méadú 14 % ar Shiriaigh ann.Ba náisiúnaigh den tSeoirsia, den Tuirc, den Albáin, den Mholdóiv agus den Cholóim iad príomhnáisiúntachtaí na ndaoine a filleadh. Léiríonn sé sin nach gcomhfhreagraíonn na tíortha a bhfuil an rangú is airde acu i dtéarmaí náisiúnaigh tríú tír ar ordaíodh dóibh imeacht do na tíortha a bhfuil an líon is airde fillteacha curtha chun feidhme acu, cé is moite den Tuirc. Bhí níos mó ná leath de na fillteacha uile deonach, agus treocht mhéadaitheach á leanúint acu. Cé go bhfuil torthaí bainte amach cheana féin ag iarrachtaí leanúnacha maidir le hathligean isteach trí shásra an Chóid Víosaí Airteagal 25a agus trí ghníomhaíochtaí spriocdhírithe Chomhordaitheoir an Aontais Eorpaigh um Fhilleadh maidir le tríú tíortha tosaíochta, go háirithe le tríú tíortha tábhachtacha amhail an Bhanglaidéis, an Iaráic agus an Aetóip 60 , tá bacainní sonracha fós ag cur bac ar fhilleadh. Tá sé ríthábhachtach i gcónaí go ndéanfaidh na Ballstáit obair leantach ar orduithe um fhilleadh le hiarrataí ar athligean isteach chuig na tríú tíortha ábhartha agus go niarrfaidh siad doiciméid taistil éigeandála go córasach le haghaidh daoine a bhfuil náisiúntacht dheimhnithe acu 61 . Sainaithníodh i meastóireacht théamach Schengen 2024 dul chun cinn maidir le córais náisiúnta um fhilleadh a fhorbairt, cé go bhfuil neamhéifeachtúlachtaí fós i gcéimeanna tábhachtacha den phróiseas 62 , rud a bhfuil tionchar acu ar ghluaiseachtaí neamhúdaraithe, mar a léirítear leis na foláirimh maidir le filleadh laistigh de Chóras Faisnéise Schengen (CFS) 63 .

Tá gá le hiarrachtaí leanúnacha chun comhchóras de chuid an Aontais um fhilleadh a chruthú, mar aon le comhar níos éifeachtaí le tríú tíortha. Beidh an Rialachán um Fhilleadh 64 atá beartaithe ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin agus chun a áirithiú gur féidir le fillteacha rannchuidiú le cuspóirí foriomlána bheartas imirce agus tearmainn an Aontais. Iarrtar ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle leanúint ar aghaidh leis an athchóiriú sin a ghlacadh go pras.

b.Réamhmheastachán don bhliain atá le teacht agus faisnéis maidir leis an leibhéal ullmhachta san Aontas

Is é is aidhm don Chomhthiomsú Dlúthpháirtíochta atá molta ag an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar riachtanais na mBallstát a shainaithnítear sa Chinneadh ón gCoimisiún mar Bhallstáit atá faoi bhrú imirce. De réir Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1351, agus na riachtanais sin á sainaithint aige, ba cheart don Choimisiún príomhthorthaí na Tuarascála seo a mheas, lena náirítear tionchar na dtreochtaí roimhe seo ar na Ballstáit lena mbaineann, agus an réamhmheastachán don bhliain atá le teacht 65 . Is uirlis luathrabhaidh don Aontas é an pictiúr straitéiseach sin, cuidíonn sé le forbairtí féideartha i staid na himirce a réamhmheas agus cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcaoi a bhféadfadh na forbairtí sin difear a dhéanamh do riachtanais na mBallstát atá faoi bhrú imirce agus do riachtanais an Aontais ina iomláine.

Cuireann an réamh‑mheastachán le modheolaíocht a d’fhorbair seirbhís eolaíoch an Choimisiúin — ACT — agus rinneadh é a thástáil le Líonra an Aontais um an Treoirphlean Ullmhachta Imirce agus Géarchéime.

Tugtar le fios sa réamhmheastachán, ar an iomlán, go meastar go dtiocfaidh laghdú ar líon na nimirceach neamhrialta ar leibhéal an Aontais ar fud na bpríomhbhealaí imirce uile in 2026 i gcomparáid le 2024 66 , i gcomhréir leis an treocht anuas a breathnaíodh cheana féin sa chéad leath de 2025. Is é an toradh a bheidh ar an laghdú a bhfuiltear ag súil leis, i measc tosca eile, rannpháirtíocht láidir an Aontais le príomhthíortha tionscnaimh agus idirthurais, córais threisithe tearmainn agus cosanta teorann, agus gníomhaíocht threisithe i gcoinne líonraí smuigleála imirceach laistigh den Aontas agus i dtríú tíortha araon. Meastar go bhfanfaidh bealach na Meánmhara Láir ar an mbealach is gníomhaí, ach réamhmheastar go gcobhsóidh nó go laghdóidh an líon foriomlán a thuilleadh i gcomparáid le 2024. Léiríonn an treocht sin tionchar an chomhair threisithe le tíortha comhpháirtíochta san Afraic Thuaidh agus sa réigiún níos leithne. Táthar ag súil go mbeidh dinimic chomhchosúil ann do bhealaí na Meánmhara Thiar agus an Atlantaigh, áit a bhfuil torthaí á mbaint amach ag na hiarrachtaí láidre chun faireachán a dhéanamh ar phointí imeachta agus líonraí smuigleála a dhíchóimeáil. Ar bhealach na Meánmhara Thoir, beidh forbairtí ag brath den chuid is mó ar an staid atá ag teacht chun cinn sa Mheánoirthear, lena náirítear fobhealaí atá ag teacht chun cinn le déanaí, ach léiríonn an tionchas foriomlán go leanfar den treocht anuas a thosaigh cheana féin go déanach in 2024, treocht atá múnlaithe ag dinimic réigiúnach atá ag athrú agus láithreacht níos ísle náisiúntachtaí áirithe. Feadh bhealach na mBalcán Thiar, táthar ag súil freisin go dtiocfaidh laghdú ar líon na nimirceach a thiocfaidh isteach, le tacaíocht ó dhíchóimeáil níos éifeachtaí líonraí smuigleála agus ó chomhar feabhsaithe idir an réigiún agus na Ballstáit agus Gníomhaireachtaí an Aontais. Ar bhealach na Teorann Thoir, is dócha go leanfaidh an Rúis agus an Bhealarúis dá niarrachtaí chun an imirce a úsáid mar uirlis troda i gcoinne an Aontais; mar sin féin, meastar go laghdóidh bainistiú teorainneacha neartaithe tuilleadh trasnuithe neamhdhleathacha. Ar deireadh, meastar go mbeidh cás na nimeachtaí neamhdhleathacha trasna bhealach Mhuir nIocht dúshlánach i gcónaí, cé go bhfuil coinne leis go ndéanfar imeachtaí a shrianadh nó a laghdú le bearta náisiúnta sa Fhrainc agus le tuilleadh rannpháirtíochta leis an Ríocht Aontaithe.

Meastar go leanfaidh an treocht anuas maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a tugadh faoi deara in 2024 agus sa chéad leath de 2025 ar aghaidh in 2026.

A mhéid a bhaineann le cosaint shealadach, leanfaidh cogadh foghach neamh‑idirdhealaitheach leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine de riachtanais chosanta a ghiniúint do náisiúnaigh na hÚcráine in 2026. Leanfar de bheith ag clárú le haghaidh cosaint shealadach, ach ar leibhéil níos ísle ná mar a bhí sna blianta roimhe sin.

Ós rud é go bhfuil dinimic na himirce fós éiginnte, tá iarrachtaí chun ullmhacht agus pleanáil theagmhasach a neartú sna Ballstáit agus san Aontas ríthábhachtach i gcónaí. Is cuid thábhachtach den chóras tearmainn, glactha agus imirce dea-ullmhaithe í pleanáil theagmhasach leordhóthanach toisc go bhfeabhsaítear léi an athléimneacht agus an ullmhacht chun freagairt go tapa agus go héifeachtach d’athruithe ar staid na himirce, agus urraim do chearta agus riachtanais an duine aonair á háirithiú ag an am céanna.

Tá oibleagáidí maidir le pleanáil theagmhasach leabaithe i reachtaíocht an Aontais 67 . Cé go bhfuil pleananna teagmhasacha i bhfeidhm ag formhór na mBallstát i réimsí éagsúla den bhainistiú imirce, tá bearnaí fós ann. Ar an iomlán, baineann leibhéal na hullmhachta san Aontas agus sna Ballstáit maidir le bainistiú imirce tairbhe as cur chun feidhme na bhforálacha nua a tugadh isteach sa Chomhshocrú. Ghlac beagnach gach Ballstát a bpleananna teagmhasacha náisiúnta maidir le glacadh agus tearmann agus thug siad fógra ina leith do EUAA 68 , cé go raibh leibhéil éagsúla iomláine acu (tuilleadh sonraí san Iarscríbhinn). Ó bhí 2019 ann, ní mór do na Ballstáit plean teagmhasach náisiúnta a fhorbairt agus a ghlacadh maidir le bainistiú teorainneacha agus filleadh 69 . Léirítear i dtorthaí an mheasúnaithe leochaileachta a rinne Frontex le haghaidh 2024 go dtuairiscíonn formhór na mBallstát go bhfuil pleananna teagmhasacha ábhartha i bhfeidhm acu maidir le bainistiú teorainneacha, cé go bhfuil roinnt bearnaí ann, mar a cuireadh i dtábhacht i meastóireachtaí Schengen freisin. Ina theannta sin, léiríodh i meastóireacht théamach 2024 ar éifeachtacht na bhfillteacha go bhfuil bearnaí suntasacha sa phleanáil theagmhasach náisiúnta, agus nach raibh pleananna teagmhasacha tiomnaithe ag formhór na mBallstát le haghaidh oibríochtaí um fhilleadh d’ainneoin an cheanglais sin a leagtar amach in Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach.

Ar leibhéal an Aontais, tá Gníomhaireachtaí an Aontais réidh chun tacaíocht oibríochtúil a sholáthar do na Ballstáit i gcás méaduithe tobanna ar shreabha imirce. Tá ról lárnach i gcónaí ag Líonra an Treoirphlean Ullmhachta Imirce agus Géarchéime de chuid an Aontais, faoi chathaoirleacht an Choimisiúin, maidir le léiriú staide coiteann, luathrabhadh agus réamhaisnéisiú a chur ar fáil chun tacú le hullmhacht níos fearr. Óstálann an Líonra foghrúpa tiomnaithe maidir le pleanáil theagmhasach.

IV.Measúnú ar staid fhoriomlán na himirce, ar an mbrú imirce, ar bhaol an bhrú imirce nó ar staid mhór na himirce

Ar bhonn na faisnéise a cuireadh i láthair sa Tuarascáil seo, mheas an Coimisiún cé na Ballstáit a raibh oibleagáidí díréireacha orthu, agus staid fhoriomlán na himirce san Aontas á cur san áireamh. Ag an am céanna, tá an Coimisiún ag moladh don Chomhairle líon iomlán na rannchuidithe dlúthpháirtíochta don Chomhthiomsú Dlúthpháirtíochta ar leibhéal an Aontais is gá chun aghaidh a thabhairt ar staid na himirce sa bhliain atá le teacht ar bhealach cothrom éifeachtach.

I bhfianaise na dtreochtaí a leagtar amach sa Tuarascáil seo le haghaidh na tréimhse tagartha ó mhí Iúil 2024 go mí an Mheithimh 2025 agus na modheolaíochta, cinneadh leis an gCinneadh ón gCoimisiún, nuair a dhéantar na sonraí agus an fhaisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil ábhartha uile a chomhiomlánú agus a mheasúnú i ndáil leis an staid fhoriomlán san Aontas, go bhfuil an Ghréig agus an Chipir faoi bhrú imirce. Ina theannta sin, cinneadh sa Chinneadh ón gCoimisiún go bhfuil an Iodáil agus an Spáinn faoi bhrú imirce mar gheall ar líon mór daoine a bheith ag teacht isteach mar gheall ar dhíbhordáil athfhillteach tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, atá ar scála chomh mór sin go gcruthaíonn siad oibleagáidí díréireacha i ndáil leis an staid fhoriomlán san Aontas maidir le córas tearmainn, glactha agus imirce dea-ullmhaithe de chuid an Bhallstáit lena mbaineann fiú.

Cé gur fhan treochtaí cobhsaí ar an iomlán i gcomparáid le mí Iúil 2023-mí an Mheithimh 2024, bhí oibleagáidí díréireacha ar an nGréig i ndáil leis an staid fhoriomlán san Aontas, go háirithe mar gheall ar an líon trasnuithe neamhdhleathacha teorann (os cionn 60 000) agus mar gheall ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta (os cionn 70 000). Ba iad sin na cinn ab airde a taifeadadh ar leibhéal an Aontais i gcoibhneas lena OTI agus lena ndaonra. Thaifead an Ghréig freisin an líon is airde cinntí, i gcoibhneas lena OTI agus lena daonra, de chinntí lenar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta, agus shroich siad beagnach 32 000 cinneadh idir mí Iúil 2024 agus mí an Mheithimh 2025. I gcoibhneas lena OTI agus lena daonra, bhí an Ghréig sa dara háit i gcás líon na n‑orduithe chun imeacht (os cionn 30 000), ach níor filleadh ach 5 400 náisiúnach tríú tír sa tréimhse faoi anailís.

Cé gur tháinig feabhas ar staid na himirce agus an tearmainn i gcomparáid le mí Iúil 2023-mí an Mheithimh 2024, bhí oibleagáidí díréireacha fós ar an gCipir i ndáil leis an staid fhoriomlán san Aontas, go háirithe mar gheall ar thrasnuithe neamhdhleathacha teorann, iarratais ar chosaint idirnáisiúnta agus clárúcháin ar chosaint shealadach. Cé gur tháinig laghdú suntasach ar thrasnuithe neamhdhleathacha teorann (beagnach 3 000), chuir líon na n‑imirceach a tháinig isteach brú fós ar chóras tearmainn agus imirce na Cipire toisc go raibh an Chipir rangaithe i measc na dtrí thír is mó san Aontas i gcomparáid lena OTI agus lena daonra le haghaidh trasnuithe neamhdhleathacha teorann.Fuair an Chipir an dara líon is airde d’iarratais ar chosaint idirnáisiúnta (níos mó ná 5 000) san Aontas i gcoibhneas lena OTI agus lena daonra. Ar an gcaoi chéanna, fuair an Chipir líon suntasach clárúchán le haghaidh cosaint shealadach (thart ar 3 500) i ndáil le OTI agus daonra na tíre. Thairis sin, cé go raibh an líon náisiúnach tríú tír ar ordaíodh dóibh imeacht (gar do 16 000) fós cobhsaí i gcomparáid le mí Iúil 2023-Meitheamh 2024, filleadh dhá oiread na náisiúnach tríú tír tar éis ordú chun imeacht (gar do 10 000) i gcomparáid le mí Iúil 2023-mí an Mheithimh 2024 (beagnach 5 000).

San Iodáil agus sa Spáinn, bhí sciar agus dearbhlíon na ndaoine a tháinig isteach mar gheall ar dhíbhordáil arís agus arís eile tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála ar scála chomh mór sin gur chruthaigh siad oibleagáidí díréireacha ar na tíortha sin i gcomparáid leis an staid fhoriomlán san Aontas, ós rud é gur díbhordáladh os cionn 80 % den bheagnach 97 000 duine ar tugadh cúnamh dóibh in oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála sa dá Bhallstát sin (thart ar 40 % an ceann).

Dá bhrí sin, beidh rochtain ag na ceithre Bhallstát sin ar an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta nuair a thiocfaidh Rialachán (AE) 2024/1351 i bhfeidhm.

Chun an chothromaíocht idir an dlúthpháirtíocht agus comhroinnt chóir na freagrachta a áirithiú agus chun feidhmiú Rialachán (AE) 2024/1351 a choimirciú, bunaítear le hAirteagal 60(3) den Rialachán sin nach gceanglaítear ar na Ballstáit is rannchuiditheoirí a ngealltanais dlúthpháirtíochta a chur chun feidhme i leith Ballstát is tairbhí i gcás inar shainaithin an Coimisiún easnaimh shistéamacha sa Bhallstát is tairbhí sin maidir leis na rialacha freagrachta a leagtar amach i gCuid III de Rialachán (AE) 2024/1351 a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha a bheith mar thoradh orthu d’fheidhmiú an Rialacháin sin.

I gCuid III de Rialachán (AE) 2024/1351 leagtar amach, inter alia, oibleagáidí an Bhallstáit atá freagrach as iarratasóirí agus náisiúnaigh tríú tír ar cláraíodh a n‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstát eile nó ar cuireadh in iúl go bhfuil Ballstát eile freagrach ina leith faoi Rialachán (AE) 2024/1358 a ghabháil ar láimh agus a thógáil ar ais, lena n‑áirítear aistrithe na ndaoine sin a dhéanamh, agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha an iarratasóra de réir bhrí na Cairte. Tá na rialacha sin ag teacht le rialacha Rialachán Bhaile Átha Cliath III agus tiocfaidh siad ina n‑ionad ón uair a thiocfaidh siad i bhfeidhm.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú faoin 12 Iúil 2026 agus arís faoin 15 Deireadh Fómhair 2026 ar chur i bhfeidhm na rialacha freagrachta ag na Ballstáit agus cuirfidh sé Airteagal 60(3), an ceathrú fomhír de Rialachán (AE) 2024/1351 i bhfeidhm, má shainaithnítear easnaimh shistéamacha i mBallstát. Sa mheasúnú sin, tabharfar aird ar leith ar leibhéal an chomhair i measc na mBallstát, lena n‑áirítear an rannpháirtíocht ghníomhach chun aistrithe agus comhar forásach maidir le hábhair phraiticiúla agus lóistíochta a éascú.

Ar bhonn thorthaí na Tuarascála seo agus na modheolaíochta, tar éis na sonraí agus an fhaisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil ábhartha uile a mheas agus tar éis measúnú a dhéanamh orthu i ndáil leis an staid fhoriomlán san Aontas, cinneadh leis an gCinneadh freisin go bhfuil an Bheilg, an Bhulgáir, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Fhrainc, an Chróit, an Laitvia, an Liotuáin, an Ísiltír, an Pholainn agus an Fhionlainn i mbaol brú imirce.

Idir mí Iúil 2024 agus mí an Mheithimh 2025, lean an Bhulgáir agus an Chróit, mar thíortha céadiontrála, de bheith neamhchosanta go háirithe ar luaineachtaí i sreabha imirce feadh bhealaí na mBalcán Thiar agus na Meánmhara Thoir. D’fhéadfadh oibleagáidí díréireacha difear a dhéanamh dá gcórais imirce agus tearmainn atá faoi bhrú cheana féin mar thoradh ar mhéadú mór ar líon na n‑imirceach neamhrialta le linn na bliana. Cé gur thaifead an Bhulgáir laghdú ar líon na n‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i gcomparáid le mí Iúil 2023-Meitheamh 2024, chláraigh sí beagnach 10 000 iarratas ar chosaint idirnáisiúnta fós, líon suntasach i gcoibhneas lena OTI agus lena daonra. Rinne mionaoisigh neamhthionlactha an cúigiú cuid de na hiarratais sin a thaisceadh, rud a fhágann gurb í an Bhulgáir an dara Ballstát is mó a fuair iarratais ó mhionaoisigh neamhthionlactha ar leibhéal an Aontais i gcoibhneas lena OTI agus lena daonra. Chláraigh an Bhulgáir líon ard seasta clárúchán le haghaidh cosaint shealadach freisin i gcoibhneas lena sciar de OTI agus dá daonra (i measc na gcúig Bhallstát is mó) agus breis agus 21 000 clárúchán nua déanta inti sa tréimhse ó mhí Iúil 2024-Meitheamh 2025. Idir mí Iúil 2024 agus mí an Mheithimh 2025, bhí tionchar ag trasnuithe neamhdhleathacha teorann agus diúltuithe cead isteach ar an gCróit. Thaifead an Chróit níos mó ná 12 000 trasnú neamhdhleathach teorann, arbh é a bhí i gceist leo 76 % de mhéid iomlán na ndaoine a tháinig isteach go neamhrialta ar bhealach na mBalcán Thiar agus an dara líon is airde de thrasnuithe neamhdhleathacha teorann san Aontas i gcoibhneas lena OTI agus lena daonra. Bhí líon comhchosúil diúltuithe cead isteach sa Chróit freisin, an líon is airde ar leibhéal an Aontais i gcoibhneas lena OTI agus lena daonra.

Ag an am céanna, thaifead roinnt Ballstát líon ard gluaiseachtaí neamhúdaraithe a chuir brú ar leith ar a gcórais tearmainn, imirce agus ghlactha. Tugtar aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le gluaiseachtaí neamhúdaraithe den sórt sin trí aitheantas a thabhairt don fhéidearthacht fritháirimh freagrachta a chur i bhfeidhm maidir leis na cásanna sin mar chuid de na rannchuidithe dlúthpháirtíochta.

Idir mí Iúil 2024 agus mí an Mheithimh 2025, fuair an Ghearmáin líon an‑ard gluaiseachtaí neamhúdaraithe iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta san Aontas, rud a d’fhág go raibh líon mór iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ann a raibh tionchar aige sin ar a córas tearmainn agus glactha. Ba mheasa fós é sin ní hamháin toisc go bhfuil an líon is airde tairbhithe cosanta sealadaí san Aontas á n‑óstáil ag an nGearmáin ach freisin toisc go bhfuil líon an‑ard iarratas ar chosaint idirnáisiúnta aici le deich mbliana anuas. Ina theannta sin, fuair an Fhrainc líon ard gluaiseachtaí neamhúdaraithe iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta laistigh den Aontas agus bhí uirthi aghaidh a thabhairt ar thrasnuithe neamhdhleathacha teorann a bhain le himeachtaí i dtreo na Ríochta Aontaithe, rud a raibh tionchar aige ar an gcóras náisiúnta tearmainn agus glactha.Bhí tionchar ag gluaiseachtaí neamhúdaraithe iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta ar an Ísiltír agus ar an mBeilg freisin, rud a chuir brú ar na córais ghlactha. Tá líon ard leanúnach iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ag Éirinn freisin agus tá sciar suntasach díobh ag teacht isteach sa tír go neamhrialta, agus iad ag teacht isteach go príomha thar theorainn talún na Ríochta Aontaithe.Bhí tionchar aige sin ar an gcóras náisiúnta tearmainn agus glactha, mar aon leis an líon mór daoine a bhí ag teacht isteach agus iad ag tairbhiú de chosaint shealadach.

Mar a leagtar amach i roinn III, leanann gníomhaíochtaí na Rúise agus na Bealarúise de thionchar a imirt ar dhinimic imirce ag teorainn thoir an Aontais, go háirithe san Eastóin, sa Laitvia, sa Liotuáin, sa Pholainn agus san Fhionlainn. Leanann bagairtí hibrideacha a bhaineann le húsáid na himirce mar uirlis troda de bheith ina gcúis le rioscaí tromchúiseacha imirce agus slándála, rud a chuireann le teagmhais fhoréigneacha ó am go chéile agus le hiarrachtaí an teorainn a thrasnú. Mar fhreagairt ar iarrachtaí leanúnacha státurraithe chun an imirce a úsáid mar uirlis troda, neartaigh an Eastóin bearta bainistithe teorainneacha ag an teorainn leis an Rúis; Neartaigh an Laitvia agus an Liotuáin bearta faireachais ag a dteorainn leis an mBealarúis; Bhunaigh an Pholainn crios maolánach feadh a teorann agus cuireann sí teorainn shealadach leis an gceart chun iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta ag an teorainn sin, cé is moite de ghrúpaí leochaileacha; Dhún an Fhionlainn a pointí trasnaithe leis an Rúis i mí na Samhna 2023. D’fhéadfadh iarrachtaí breise ón Rúis agus ón mBealarúis chun an imirce a úsáid mar uirlis troda, brú breise a chur ar chórais cosanta teorann náisiúnta, rud a d’fhéadfadh oibleagáidí díréireacha a bheith mar thoradh air.

Beidh rochtain tosaíochta ag an dá Bhallstát déag sin atá i mbaol brú imirce ar Bhuanbhosca Uirlisí Tacaíochta an Aontais Eorpaigh don Imirce. An tráth céanna, má théann an staid sna Ballstáit sin in olcas, beidh an Coimisiún réidh, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1351, chun athmheastóireacht a dhéanamh ar a staid ar bhealach luathaithe.

Ar bhonn na Tuarascála agus na modheolaíochta, cinneadh sa Chinneadh ón gCoimisiún freisin go bhfuil staid shuntasach imirce os comhair na Bulgáire, na Seicia, na hEastóine, na Cróite, na hOstaire agus na Polainne, mar gheall ar éifeacht charnach na sonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla agus na faisnéise cainníochtúla agus cáilíochtúla arna gcomhiomlánú agus arna measúnú le linn na tréimhse 5 bliana deiridh (an 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2025).

Sa Bhulgáir, le 5 bliana anuas agus go háirithe ó 2022, i gcoibhneas lena sciar de OTI agus lena daonra, chuir insreabhadh na gclárúchán le haghaidh cosaint shealadach, mar aon le líon ard coibhneasta iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, brú ar an gcóras, go háirithe toisc gur eisigh an Bhulgáir líon mór cinntí dearfacha agus diúltuithe, i dtéarmaí coibhneasta, a chruthaigh ualach ard coibhneasta ar an gcóras um fhilleadh. Sa Chróit, le cúig bliana anuas, bhí tionchar mór ag an mbrú ar an gcóras um fhilleadh, i gcoibhneas lena sciar den OTI agus den daonra, ar acmhainneachtaí na tíre sa bhreis ar na hoibleagáidí a bhí uirthi ag a teorainn sheachtrach, go háirithe ós rud é gur eisigh an Chróit líon mór diúltuithe cead isteach i dtéarmaí coibhneasta agus go raibh líon coibhneasta ard trasnuithe neamhdhleathacha teorann ann le déanaí mar gheall ar an méadú atá tagtha ar ghníomhaíochtaí smuigleála imirceach sa réigiún.

Ó thús chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá taifead ag an bPolainn agus ag an tSeicia ar an líon is airde clárúchán um chosaint shealadach san Aontas i gcoibhneas lena OTI agus lena ndaonra. Chruthaigh sé sin dúshláin imeasctha agus chuir sé brú suntasach ar chórais imirce, tearmainn agus bainistithe teorainneacha na mBallstát sin ó bhí 2022 ann. I gcoibhneas lena OTI agus lena daonra, tá líon ard clárúchán um chosaint shealadach taifeadta ag an Eastóin, mar aon le líon suntasach iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a raibh líon ard cinntí dearfacha mar thoradh orthu le 5 bliana anuas.

Le linn na tréimhse 5 bliana seo caite, fuair an Ostair líon ard iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Cé go bhfuil laghdú tagtha ar an líon sin idir mí Iúil 2024 agus mí an Mheithimh 2025 i gcomparáid leis an tréimhse 12 mhí roimhe sin, bhí tionchar carnach ag líon foriomlán na n‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, agus ag an líon cinntí dearfacha a tháinig as sin, le linn na tréimhse 5 bliana ar acmhainneacht a córais imirce, glactha agus tearmainn.

Beidh an deis ag na Ballstáit sin a iarraidh ar an gComhairle asbhaint iomlán nó pháirteach a dhéanamh ar a ranníocaíochtaí dlúthpháirtíochta don bhliain atá le teacht.

V.Conclúid

Leis an dul chun cinn seasta maidir le comhpháirteanna uile an Chomhshocraithe a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, treocht anuas na n‑imirceach neamhrialta agus an réamh‑mheastachán don bhliain atá le teacht, mar aon le torthaí dearfacha na hoibre leanúnaí le tíortha comhpháirtíochta, leagtar síos bonn láidir do bhainistiú ordúil, cothrom agus daingean na himirce agus an tearmainn.

Trí leas iomlán a bhaint as creat dlíthiúil agus oibríochtúil nua an Chomhshocraithe, is féidir tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh chun brú ar na Ballstáit a laghdú, gluaiseachtaí neamhúdaraithe a laghdú, éifeachtúlacht fhoriomlán a mhéadú, riaráistí a laghdú, agus an t‑ualach ar struchtúir riaracháin agus oibríochtúla na mBallstát a laghdú. Ag an am céanna, tá roinnt dúshlán fós ann maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe, agus leanfaidh an Coimisiún, in éineacht le Gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, de thacaíocht a chur ar fáil do na Ballstáit.

Trí na tograí atá ar feitheamh ón gCoimisiún a ghlacadh go pras, lena n‑áirítear tograí maidir le Comhchóras Eorpach um Fhilleadh agus liosta an Aontais de thíortha sábháilte tionscnaimh, is féidir tacú lenár n‑iarrachtaí. Leanfaidh an Coimisiún dá chuid oibre chun comhpháirtíochtaí cuimsitheacha le tíortha comhpháirtíochta a neartú, páirt straitéiseach a ghlacadh ar an leibhéal réigiúnach agus domhanda agus giaráil thrasbheartais chliste a fhorbairt chun comhar níos fearr maidir leis an imirce a chur chun cinn.

Maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe, ní mór don dlúthpháirtíocht agus do chomhroinnt chóir na freagrachta leanúint de dhul chun cinn a dhéanamh le chéile agus ar bhealach cothrom. Is céim thábhachtach é tús an chéad Timthrialla Bhliantúil Bainistithe Imirce chun an bealach a réiteach d’oibríochtú an tsásra dlúthpháirtíochta nua. Ar bhonn na Tuarascála, ar an gCinneadh ón gCoimisiún agus ar an togra ón gCoimisiún le haghaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle lena mbunaítear an Comhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil, ba cheart don Chomhairle Fóram Ardleibhéil Dlúthpháirtíochta an Aontais a thionól laistigh de 15 lá d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le méid an Chomhthiomsaithe Dlúthpháirtíochta agus maidir leis an gcaoi a rannchuideoidh gach Ballstát leis. Tá an Coimisiún réidh chun tacú leis an gComhairle le linn an phróisis sin. Tionólfaidh Comhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais Fóram Leibhéil Theicniúil Dlúthpháirtíochta an Aontais freisin chun an sásra dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit a oibríochtú agus chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais dlúthpháirtíochta leis na rannchuidithe a sainaithníodh, sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm i lár 2026.

Tuairisceoidh an Coimisiún arís i mí an Mhárta 2026 ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme an Chomhshocraithe sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm. Forbróidh an Coimisiún straitéis fhadtéarmach Eorpach um bainistiú tearmainn agus imirce freisin, ina leagfar amach treochlár beartais agus oibríochtúil ardleibhéil le haghaidh comhchóras atá láidir agus inoiriúnaithe do na cúinsí atá ag athrú go tapa.

(1)

Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147, agus (AE) 2021/1060 agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 (IO L 2024/1351, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1351/oj ).

(2)

Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce.

(3)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Staid na himeartha i ndáil le cur chun feidhme an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann, COM/2025/319 final ( EUR-Lex — 52025DC0319 — GA — EUR-Lex ).

(4)

Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce.

(5)

Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce.

(6)

Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1356/oj .  

(7)

Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena naisghairtear Treoir 2013/32/AE; ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1348/oj agus Rialachán (AE) 2024/1349 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an nós imeachta teorann um fhilleadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1148; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1349/oj .

(8)

Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147 agus (AE) 2021/1060 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1351/oj .

(9)

Rialachán (AE) 2024/1358 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bunú ‘Eurodac’ chun sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid le chéile chun Rialacháin (AE) 2024/1351 agus (AE) 2024/1350 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2001/55/CE ón gComhairle a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus chun náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint, agus maidir le hiarrataí ó údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus iarrataí ó Europol ar chomparáidí a dhéanamh le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1358/oj .

(10)

Treoir (AE) 2024/1346 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena leagtar síos caighdeáin a bhaineann le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a ghlacadh; ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1346/oj .

(11)

SWD(2025) 792, Modheolaíocht chun críoch cinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(12)

Rialachán Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bainistiú tearmainn agus imirce agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003 ón gCoimisiún.

(13)

Toradh an fhaireacháin a rinne an Ghníomhaireacht um Thearmann chomh maith leis an bhfaireachán a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2024/1356 dá dtagraítear in Airteagal 9(e) de Rialachán (AE) 2024/1351, níl siad ar fáil toisc nach bhfuil na sásraí faireacháin sin ag feidhmiú go fóill.

(14)

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA).

(15)

Is é Líonra an Treoirphlean, atá ina tháirge insoláthartha luath den Chomhshocrú, an creat oibríochtúil lena dtugtar le chéile páirtithe leasmhara ábhartha de chuid an Aontais chun faireachán a dhéanamh ar shreabha agus ar chásanna imirce agus chun iad a réamhmheas. Bunaíodh é le Moladh (AE) 2020/1366 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2020 maidir le sásra an Aontais um ullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna a bhaineann leis an imirce, EUR-Lex — 32020H1366 — GA — EUR-Lex .

(16)

SWD(2025) 790 Tacú leis an anailís ar staid an tearmainn, an ghlactha agus na himirce san Aontas agus sna Ballstáit agus SWD (2025) 793 Miondealú staidrimh a thacaíonn leis an anailís ar staid an tearmainn, an ghlactha agus na himirce san Aontas agus sna Ballstáit a mharcáil mar mhiondealú íogair toisc go bhfuil sonraí iontu nach nochtfar don phobal i bhfianaise ghráinneacht na faisnéise atá ann agus an riosca go gcuirfí bac ar Ghníomhaireachtaí an Aontais agus ar ghníomhaíochtaí oibríochtúla an Choimisiúin.

(17)

SWD(2025) 791, Réamh‑mheastachán de bhun Airteagal 9(3)(b) de Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle don bhliain 2026, a aicmítear mar ‘RESTREINT UE/EU RESTRICTED’.

(18)

Ós rud é go gcumhdaítear leis an Tuarascáil seo an tréimhse ón 1 Iúil 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025, tagraíonn an chomparáid ó bhliain go bliain (‘an tréimhse tuairiscithe roimhe seo’) don tréimhse 12 mhí ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024.

(19)

Tá an anailís sa roinn seo bunaithe ar shonraí Frontex.

(20)

Tagraíonn líon na dtrasnuithe neamhdhleathacha teorann don líon náisiúnach tríú tír nó náisiúnach den Aontas/de Thír Chomhlachaithe Schengen arna bhrath ag údaráis na mBallstát agus iad ag dul isteach sa chríoch nó ag féachaint le himeacht ón tír go neamhdhleathach idir pointí trasnaithe teorann ag na teorainneacha seachtracha. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbraithfí náisiúnach tríú tír níos mó ná uair amháin ag dul isteach i gcríoch Ballstáit go neamhdhleathach nó ag imeacht aisti go neamhdhleathach.

(21)

Áirítear bealaí lena mbaineann níos mó ná 500 trasnú neamhdhleathach teorann sa léarscáil seo.

(22)

Arna ríomh agus sciar gach Ballstáit don táscaire sin á chur i gcomparáid lena sciar de OTI agus daonra. Ríomhtar sciar OTI agus daonra le haghaidh gach Ballstáit i gcomhréir leis an eochair thagartha a leagtar amach in Airteagal 66 de Rialachán (AE) 2024/1351, agus sonraí Eurostat á n‑úsáid.

(23)

Meabhrán Tuisceana maidir le comhpháirtíocht straitéiseach dhomhanda idir an tAontas Eorpach agus an Túinéis, a síníodh i mí Iúil 2023.

(24)

Dearbhú Comhpháirteach lena mbunaítear comhpháirtíocht imirce idir Poblacht Ioslamach na Máratáine agus an tAontas Eorpach a seoladh i mí an Mhárta 2024.

(25)

Tá Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir leis na Balcáin Thiar an 5 Nollaig 2022 ar fáil ag https://home-affairs.ec.europa.eu/eu-action‑plan‑western‑balkans_en .

(26)

Síníodh Comhaontú Stádais na glúine nua leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin i mí an Mheithimh 2025, lena gcuirtear ar chumas oifigigh de chuid Bhuanchóir Frontex oibriú in éineacht le húdaráis áitiúla um Bainistiú Teorainneacha a bhfuil cumhachtaí feidhmiúcháin acu — lena gceadaítear do réigiún iomlán na mBalcán Thiar (seachas an Chosaiv — ainmniú gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus atá i gcomhréir le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive) a chumhdach le Comhaontuithe den sórt sin agus le himscaradh ina dhiaidh sin. 

(27)

Áiríodh leis sin cásanna ina ndearna náisiúnaigh tríú tír rófhanacht ar an 90 lá laistigh de thréimhse 180 lá nó nach raibh víosa nó cead cónaithe bailí acu.

(28)

Muintir na hÚcráine nach bhfuil ceadanna bailí acu nó nach bhfuil cumhdaithe faoi chosaint shealadach.

(29)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Tuarascáil 2025 ar Staid Schengen, EUR-Lex — 52025DC0185 — GA — EUR-Lex .

(30)

Mar a thuairiscigh Frontex, léiríonn líon iomlán na leochaileachtaí sainaitheanta maidir le hacmhainneachtaí agus ullmhacht an rialaithe teorann sna Ballstáit treocht anuas fhoriomlán ábhartha:  Tá toradh spreagúil ag baint le Measúnú Leochaileachta 2025 .

(31)

 Tá an anailís sa roinn seo bunaithe ar shonraí Frontex.

(32)

Moladh 2020 ón gCoimisiún Eorpach maidir le cuardach agus tarrtháil ( eur-lex.europa.eu/legal content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32020H1365 ), go háirithe tagairtí faoi phointe (5) agus (7); Treoir ón gCoimisiún Eorpach maidir le cur chun feidhme rialacha an Aontais maidir le héascú teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus cónaí neamhúdaraithe a shainiú agus a chosc ( eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:52020XC1001(01) ), go háirithe pointí 4 agus 5.

(33)

  Sonraí | Tionscadal na nImirceach ar Iarraidh , foinse: IOM.

(34)

 Tá an anailís ar chosaint idirnáisiúnta agus ar chosaint shealadach bunaithe ar shonraí EUAA agus Eurostat, faoi seach.

(35)

Lena n‑áirítear cinntí ag an gcéad chéim agus cinntí maidir le hachomharc nó athbhreithniú lena ndeonaítear stádas dídeanaí agus stádas cosanta coimhdí faoi Choinbhinsiún na Ginéive.

(36)

Laghdaigh an ráta aitheantais ag an gcéad chéim le haghaidh cosaint idirnáisiúnta go 31 %, go príomha mar gheall ar níos lú cinntí dearfacha a eisíodh do náisiúnaigh de chuid na Siria, na hAfganastáine agus na hIaráice.

(37)

Arna ríomh agus sciar gach Ballstáit don táscaire sin á chur i gcomparáid lena sciar de OTI agus daonra. Ríomhtar sciar OTI agus daonra le haghaidh gach Ballstáit i gcomhréir leis an eochair thagartha a leagtar amach in Airteagal 66 de Rialachán (AE) 2024/1351, agus sonraí Eurostat á n‑úsáid.

(38)

Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin Athbhreithniú meántéarma ar Phlean Gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le Lánpháirtiú agus Cuimsiú 2021-2027 a ghabhann leis an doiciméad Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Staid na himeartha maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann, SWD(2025)162 final, EUR-Lex — 52025SC0162 — GA — EUR-Lex .

(39)

 ECFE/an Coimisiún Eorpach (2023), Indicators of Immigrant Integration 2023 [Táscairí maidir le hImeascadh Inimirceach 2023]: Settling In [Ag Socrú Isteach], OECD Publishing, Paris, https://doi.org/10.1787/1d5020a6-en .

(40)

UNHCR , ”A poverty assessment of Ukraine refugees in neighbouring countries” [Measúnú bochtaineachta ar dhídeanaithe ón Úcráin i dtíortha comharsanachta] , 17 Márta 2025, lch. 14.

(41)

 Tá an anailís ar ghluaiseachtaí neamhúdaraithe bunaithe ar shonraí EUAA agus eu-LISA.

(42)

 Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna chlárú i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180, 29.6.2013,  ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/604/oj ).

(43)

Áirítear ar tháscairí ionadacha sonraí a bhailítear chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú Rialachán (AE) 604/2013 (”staidreamh Bhaile Átha Cliath”) agus sonraí a stóráiltear in Eurodac — bunachar sonraí méarlorg an Aontais (arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 603/2013) ina stóráiltear méarloirg daoine aonair a rinne iarratas ar thearmann nó a gabhadh agus iad ag trasnú teorainneacha seachtracha limistéar Schengen go neamhdhleathach agus ina gcuirtear i gcomparáid iad.

(44)

Rialachán (AE) 2024/1358 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bunú ‘Eurodac’ chun sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid le chéile chun Rialacháin (AE) 2024/1351 agus (AE) 2024/1350 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2001/55/CE ón gComhairle a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus chun náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint, agus maidir le hiarrataí ó údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus iarrataí ó Europol ar chomparáidí a dhéanamh le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1358/oj .

(45)

 Tuairiscíodh 398 000 amas eachtrach Eurodac (nuair is Ballstáit iad an tír imeachta agus an tír cinn scríbe araon), 27 % níos lú ná mar a tuairiscíodh sa tréimhse ó mhí Iúil 2023-mí an Mheithimh 2024.

(46)

Taispeántar sa léarscáil na príomhbhealaí gluaiseachtaí neamhúdaraithe mar a léirítear le hamais Eurodac. Taispeántar le ceann na saighead treo na ngluaiseachtaí agus léirítear le leithead na saighead líon na n‑amas.

(47)

Thart ar 93 000 sa tréimhse tuairiscithe a bhí i líon na n‑iarrata ar thógáil ar ais a seoladh amach agus i líon na n‑iarrata ar ghabháil ar láimh a seoladh amach bunaithe ar dhul isteach agus fanacht neamhrialta.

(48)

 Ba cheart cóimheas na n‑aistrithe tar éis iarrataí ar glacadh leo a úsáid go cúramach chun measúnú a dhéanamh ar chumas Ballstáit aistrithe a chur chun feidhme go rathúil mar gheall ar easpa sonraí cohóirt agus ós rud é go bhféadfadh tréimhse shuntasach ama a bheith ann idir iarraidh ar aistriú a nglactar léi agus aistriú fisiciúil. Déanann an t‑imeacht ama sin ríomh na rátaí a shaobhadh mura mbíonn líon na ndaoine ar glacadh leo cobhsaí le himeacht ama.

(49)

Áirítear ar na sonraí a bhailítear chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú Rialachán (AE) 604/2013 (‘Staidreamh Bhaile Átha Cliath’) líon na n‑iarrataí a sheol Ballstát chuig Ballstát eile nó a fuair Ballstát ó Bhallstát eile maidir le nósanna imeachta um thógáil ar ais agus um ghabháil ar láimh, na cinntí a rinneadh maidir le hiarrataí den sórt sin chomh maith le líon na gcinntí aistrithe arna n‑eisiúint agus arna gcur chun feidhme.

(50)

 Tá an anailís ar ghlacadh bunaithe ar shonraí EUAA.

(51)

Leag an Coimisiún agus EUAA amach “cur chuige incriminteach” trína gceanglaítear ar na Ballstáit sonraí glactha a thuairisciú ar dhá phríomhtháscaire ar a laghad: daoine sa chóras glactha (líon iomlán na ndaoine sa chóras glactha, lena n‑áirítear miondealú in aghaidh stádas dlíthiúil na ndaoine atá á nglacadh isteach agus líon na mionaoiseach neamhthionlactha); agus acmhainneacht an chórais ghlactha (leapacha iomlána ar fáil ag deireadh na tréimhse tuairiscithe. Ó 2027 ar aghaidh, tá na Ballstáit le tuairisciú ar thacar iomlán na dtáscairí glactha.

(52)

Ní thagraíonn na sonraí seo ach don chóras glactha a thuigtear mar an tacar socruithe atá i bhfeidhm chun freastal ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta de réir na Treorach athmhúnlaithe maidir le Dálaí Glactha.

(53)

In Éirinn, tháinig sciar suntasach d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta isteach sa tír go neamhrialta, agus iad ag teacht trasna theorainn talún na Ríochta Aontaithe den chuid is mó. Bhí tionchar aige sin ar chóras tearmainn agus glactha na hÉireann, in éineacht leis an líon mór daoine ag teacht isteach agus iad ag tairbhiú de chosaint shealadach. Le linn na tréimhse tuairiscithe, bhí 14 000 iarratas ar chosaint idirnáisiúnta in Éirinn i gcomparáid leis an líon ard nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin (18 000). Tá an treocht sin le feiceáil ó thús 2022, in éineacht le líon ard daoine ag teacht isteach ón Úcráin.

(54)

Ag deireadh mhí an Mheithimh 2025, bhíothas in ann an ráta áitíochta a ríomh le haghaidh 25 Bhallstát. Bhí na sonraí ba ghá chun an ráta áitíochta a ríomh neamhiomlán don Fhionlainn agus don Phortaingéil.

(55)

Is amhlaidh atá i gcás na Beilge, na Cipire, na Cróite, na Laitvia, na Liotuáine agus na Gréige.

(56)

Tá an anailís ar athlonnú agus ar ligean isteach ar fhoras daonnúil bunaithe ar shonraí EUAA.

(57)

Tá an anailís ar fhilleadh bunaithe ar shonraí Eurostat.

(58)

D’eisigh an Fhrainc formhór na n‑orduithe chun imeacht do náisiúnaigh na hAilgéire, na Túinéise agus Mharacó; D'eisigh an Spáinn formhór na n‑orduithe chun imeacht do náisiúnaigh Mhailí, na Seineagáile agus na hAilgéire, agus d'eisigh an Ghearmáin formhór na n‑orduithe chun imeacht do náisiúnaigh na Siria, na Tuirce agus na hAfganastáine. D’eisigh an Chipir formhór na n‑orduithe chun imeacht do náisiúnaigh na Siria, Phoblacht Dhaonlathach an Chongó agus na Nigéire, na Gréige do náisiúnaigh na hAfganastáine, na Siria agus na hAlbáine, agus na Cróite do náisiúnaigh de chuid na Tuirce, Neipeal agus na Boisnia agus na Heirseagaivéine.

(59)

Ba é 24 % an ráta fillte ar fud an Aontais le linn na tréimhse tuairiscithe. 

(60)

Chuidigh sásra Airteagal 25a den Chód Víosaí le dinimic fhabhrach agus dul chun cinn nithiúil a spreagadh le tríú tíortha. Tháinig méadú ar an ráta fillte don Bhanglaidéis ó 9 % in 2023 go 17 % in 2024, agus an ráta don Iaráic ó 14 % go 31 %. Ina theannta sin, i gcás na hAetóipe ar glacadh bearta víosa ina leith i mí Aibreáin 2024, tháinig méadú ar an ráta fillte in 2024 (13 %, i gcomparáid le 11 % in 2023), mar aon le feabhas ar ghníomhaíocht na mBallstát ó thaobh a iarraidh ar an Aetóip a saoránaigh a athligean isteach (níos mó ná ceithre huaire an líon iarrataí ar athligean isteach in 2024 i gcomparáid le 2023). Le gníomhaíochtaí spriocdhírithe maidir le filleadh ar thríú tíortha tosaíochta arna dtionscnamh ag Comhordaitheoir an Aontais Eorpaigh um Fhilleadh, bhíothas in ann fócas agus comhleanúnachas a chinntiú ar fud gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais agus an sprioc fáis 25 % le roinnt tríú tíortha a shárú.

(61)

 De réir sonraí a thuairiscigh Frontex, chuir na Ballstáit níos lú iarrataí isteach ar dhoiciméid aitheantais agus ar dhoiciméid taistil éigeandála (-6 %, 68 908 i gcomparáid le 73 449 sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin).  

(62)

Áirítear leis sin dúshláin maidir le próiseas rianúil um fhilleadh a áirithiú mar gheall ar neamhéifeachtúlachtaí ag príomhchéimeanna, lena n‑áirítear an córas achomhairc, sainaithint éifeachtach réamhfhillte agus faireachán leordhóthanach ar chomhlíonadh oibleagáide um fhilleadh. Léiríodh i meastóireacht théamach Schengen 2024 freisin gur gá cur chun feidhme oibríochtúil foláireamh maidir le filleadh laistigh de Chóras Faisnéise Schengen, ag na húdaráis náisiúnta uile, a fheabhsú chun cinnteoireacht níos éifeachtaí a bhaint amach i nósanna imeachta um fhilleadh.  

(63)

Le linn na tréimhse tuairiscithe, sainaithníodh beagnach 54 600 duine a bhí faoi réir fholáirimh CFS maidir le filleadh i mBallstáit seachas an Ballstát a chruthaigh an foláireamh (“amass CFS”). Díobh sin, ba náisiúnaigh tríú tír iad thart ar 33 600 a braitheadh ag seiceálacha laistigh den chríoch, agus idircheapadh thart ar 16 500 díobh ag seiceálacha teorann nuair a d’fhág siad an tAontas trí Bhallstát seachas an Ballstát a d’eisigh an foláireamh.

(64)

COM (2025) 101 final.

(65)

SWD(2025) 791, “Réamh‑mheastachán de bhun Airteagal 9(3)(b) de Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle don bhliain 2026”, a aicmítear mar “RESTREINT UE/EU RESTRICTED”.

(66)

Ós rud é nach bhfuil na sonraí le haghaidh na bliana iomláine 2025 ar fáil tráth a ghlacfar an Tuarascáil, úsáidtear sonraí 2024 mar an pointe tagartha bliantúil is déanaí agus is iomláine chun an réamh‑mheastachán don bhliain atá le teacht a chur i gcomhthéacs 2026. Cuireadh an treocht a tugadh faoi deara in 2025, áfach, san áireamh go hiomlán san anailís.

(67)

Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147 agus (AE) 2021/1060 agus lena n‑aisghairtear Rialachán. (AE) Uimh. 604/2013; Treoir (AE) 2024/1346 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena leagtar síos caighdeáin a bhaineann le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a ghlacadh; Rialachán (AE) 2024/1359 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena dtugtar aghaidh ar chásanna géarchéime agus ar chásanna force majeure i réimse na himirce agus an tearmainn agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1147 (IO L, 2024/1359, 22.5.2024, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1359/oj ); Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena naisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lgh. 1–131, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1896/oj ); Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 (IO L 468, 30.12.2021, lgh. 1–54, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2303/oj ).

(68)

Seachas an Ungáir agus an Pholainn.

(69)

Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach (IO L 295, 14.11.2019, lgh. 1–131; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1896/oj ).


An Bhruiséil,11.11.2025

COM(2025) 795 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE MAIDIR LEIS AN TUARASCÁIL BHLIANTÚIL EORPACH AR THEARMANN AGUS IMIRCE (2025)


IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE MAIDIR LEIS AN TUARASCÁIL BHLIANTÚIL EORPACH AR THEARMANN AGUS IMIRCE (2025)

An dara tuarascáil ar staid na himeartha i ndáil le cur chun feidhme an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann

Réamhrá

D’eisigh an Coimisiún an tuarascáil dheireanach ar staid na himeartha i ndáil le cur chun feidhme an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann i mí an Mheithimh 2025 1 . Cumhdaíonn an dara tuarascáil ar staid na himeartha an tréimhse ó shin go dtí tús mhí Dheireadh Fómhair 2025. 

Le linn na tréimhse sin, lean na Ballstáit, an Coimisiún agus Gníomhaireachtaí an Aontais, in éineacht le páirtithe leasmhara agus comhpháirtithe éagsúla, de bheith ag obair ar fud na mbloc tógála uile, chun a áirithiú go leanfar den chur chun feidhme.

Rinneadh tuilleadh dul chun cinn, agus baineadh garspriocanna tábhachtacha amach, lena n‑áirítear straitéisí náisiúnta agus pleananna teagmhasacha a fhorbairt, creataí dlíthiúla náisiúnta a oiriúnú agus Rialachán Cur Chun Feidhme Rialachán (AE) 2024/1351 a ghlacadh, chomh maith le hullmhúcháin chun an chéad Timthriall Bliantúil Bainistithe Imirce a bhaint amach.

Ag an am céanna, tá dúshláin fós ann, go háirithe maidir le Eurodac agus a áirithiú go mbeidh na córais réidh in am, maidir leis an nós imeachta teorann agus maidir leis an ngá an bonneagar, na ceanglais phearsanra agus na socruithe riaracháin is gá a chur chun feidhme chun amlínte a choinneáil. Thairis sin, ar fud an Aontais, ba cheart socruithe scagtha a thabhairt chun críche agus an acmhainneacht ghlactha a ailíniú le riachtanais iarbhír agus leis an gcreat nua. Ar deireadh, ba cheart socruithe a bhaineann le faireachán ar chearta bunúsacha agus le comhairleoireacht dhlíthiúil a thabhairt i gcrích.

I mí Iúil 2025, thíolaic an Coimisiún a thogra le haghaidh Creat Airgeadais Ilbhliantúil nua agus mhol sé tacaíocht airgeadais an Aontais don imirce, don tslándáil agus don bhainistiú teorainneacha a mhéadú faoi thrí sa chéad tréimhse eile, mar aon le méadú suntasach ar chistiú do na Gníomhaireachtaí Gnóthaí Baile. Ar an iomlán, EUR 81 bhilliún a bheadh sa tacaíocht airgeadais bhreise atá beartaithe ag an Aontas do réimse na ngnóthaí baile agus na himirce.



Beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais

Cuireadh tús leis an gcéad chéim phleanála fhíor-riachtanaí le cur i láthair an Phlean Cur Chun Feidhme Choitinn i mí an Mheithimh 2024, lenar soláthraíodh creat chun Pleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme na mBallstát a fhorbairt, agus chun na socruithe rialachais ábhartha a bhunú 2 .

Faoin am seo, tá an obair ar chur chun feidhme an Chomhshocraithe dírithe go hiomlán ar oiriúnú reachtach, ar oibríochtú praiticiúil, agus ar acmhainní a chur ar fáil do na hathchóirithe is gá. Sa chéim sin, leanann na sásraí comhordaithe bunaithe de bheith ag feidhmiú go maith, bíodh sin ar an leibhéal cothrománach faoi chuimsiú an Choiste Straitéisigh um Inimirce, Teorainneacha agus Tearmann (dá ngairtear anseo feasta: SCIFA) nó faoi chuspóir an Choimisiúin -idirphlé déthaobhach saintógtha leis na Ballstáit. Leanadh de mhalartuithe níos ginearálta le Parlaimint na hEorpa faoi chuimsiú chruinnithe rialta na Meithle um Thearmann — Cur chun feidhme an Chomhshocraithe/an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn de chuid an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile.

Na tograí reachtacha éagsúla a chuir an Coimisiún ar aghaidh le seacht mí anuas chun an Comhshocrú a thabhairt chun críche agus a chomhlánú, tugtar ar aghaidh iad faoi chuimsiú an nós imeachta reachtaigh. Áirítear leis sin an togra le haghaidh Rialachán nua um Fhilleadh, an togra a bhaineann leis an gcoincheap ‘tríú tír shábháilte’ chomh maith le liosta beartaithe an Aontais de thíortha sábháilte tionscnaimh 3 . Tá rapóirtéirí faoi seach ceaptha ag Parlaimint na hEorpa agus tá tús curtha lena cruinnithe teicniúla. Ó thaobh na Comhairle de, tá tús curtha aici leis an obair ar a seasaimh, agus tá plé fós ar siúl sna comhlachtaí ábhartha. Idir an dá linn, tá dul chun cinn á dhéanamh i gCoistí Teagmhála an Choimisiúin ar an obair ar na gníomhartha cur chun feidhme a eascraíonn as reachtaíocht an Chomhshocraithe (féach an bloc tógála sa roinn thíos).

Tá Gníomhaireachtaí éagsúla an Aontais 4 ag obair go dlúth leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit, agus tacaíocht á tabhairt acu do na hathchóirithe de réir a sainorduithe. Go ginearálta, tá na gníomhaireachtaí ar an mbóthar ceart chun na treoirdhoiciméid, na teimpléid agus an tábhar oiliúna éagsúil a bhfuil coinne leo sa Phlean Cur Chun Feidhme Coiteann a sholáthar. Ina theannta sin, tá siad ag cur tacaíocht ar éileamh ar fáil do Bhallstáit éagsúla agus ag freagairt do dhúshláin nua agus do dhúshláin atá ag teacht chun cinn. Rinneadh dhá chleachtadh faireacháin phíolótacha EUAA, mar ullmhúchán do chur i bhfeidhm iomlán chlár faireacháin ilbhliantúil EUAA (ó 2026 ar aghaidh), leis an Eastóin agus leis an Ísiltír. Mar chuid de na cleachtaí, thug dhá Fhoireann Saineolaithe atá comhdhéanta de EUAA, an Coimisiún, agus na Ballstáit, chomh maith le UNHCR mar bhreathnóirí, cuairteanna ar an láthair i mí an Mheithimh 2025.Tugadh na tuarascálacha deiridh ina bhfuil na torthaí chun críche agus roinneadh iad leis na Ballstáit faoi seach. Ó mhí an Mheithimh 2026 ar aghaidh, déanfar faireachán ar na Ballstáit uile ó thaobh a gcur chun feidhme teicniúil agus oibríochtúil i leith an Chomhshocraithe i dtimthriall 5 bliana.

Cuireadh tús le clársceidealú na tacaíochta airgeadais do chur chun feidhme an Chomhshocraithe trí rannpháirtíocht leanúnach leis na Ballstáit (féach roinn 3.1.). Cumhdaítear leis sin an EUR 3 bhilliún breise atá ar fáil do na Ballstáit chun tacú le cur chun feidhme an Chomhshocraithe agus chun daoine easáitithe ón Úcráin a óstáil. Cháiligh formhór na mBallstát freisin chun rochtain a fháil ar chistí breise a bhí ar fáil faoin athbhreithniú meántéarma ar na Cistí Gnóthaí Baile, arbh ionann é agus EUR 1,6 billiún breise.

Tá tacaíocht chomhthreomhar á tabhairt do na Ballstáit trí bhíthin na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil atá á bainistiú ag an gCoimisiún. Faoi láthair, tá tacaíocht shaincheaptha á fáil ag údaráis naoi mBallstát 5 chun athchóirithe sonracha a dhéanamh a eascraíonn as a bPleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme le linn na hidirthréimhse dhá bhliain go dtí 2026.

Rinneadh rannpháirtíocht leis an tsochaí shibhialta ar leibhéal an Aontais i bhfóraim éagsúla chomh maith le for-rochtain dhéthaobhach. Áiríodh ar ghné ar leith den fhor-rochtain le mí anuas rannpháirtíocht le líonraí breithiúnacha chun comhar agus malartú faisnéise a chothú a bhaineann leis na hathruithe nós imeachta a tugadh isteach leis an gComhshocrú, lena náirítear spriocdhátaí nua gaolmhara chun na nósanna imeachta éagsúla a thabhairt i gcrích 6 . Tá ról na mbreithiúna thar a bheith tábhachtach d’fheidhmiú na rialacha freagrachta maidir le nósanna imeachta teorann um thearmann agus filleadh (Rialachán (AE) 2024/1351), orduithe coinneála, acmhainneachtaí glactha, ceapadh ionadaithe do mhionaoisigh neamhthionlactha, agus cúnamh dlíthiúil agus ionadaíocht dhlíthiúil.

Tá tábhacht níos leithne na nathchóirithe fós romhainn amach: Tar éis spriocdháta dlíthiúil an 12 Meitheamh 2025, chuir 22 Bhallstát bailchríoch ar a straitéisí náisiúnta imirce agus tearmainn 7 . Léirítear leis na straitéisí sin cur chuige cuimsitheach, uile-rialtais, straitéiseach i leith na himirce agus an tearmainn. Dá réir sin, beidh siad mar bhonn eolais don chéad Straitéis Eorpach maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, atá le teacht faoi dheireadh na bliana.

Oibríochtú na mbloc tógála – nuashonrú ar dhul chun cinn

Níl aon athrú ar líon na bPleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme don Chomhshocrú ó bhí mí an Mheithimh 2025 ann.Ar leibhéal na mBallstát, tá tuilleadh forbartha tagtha ar shocruithe comhordaithe agus rialachais, bunaithe freisin ar pháirtithe leasmhara tábhachtacha a shainaithint – agus ar mhalartú breise leo – chun na hathchóirithe a chur chun feidhme. D’fhéadfaí a áireamh leis sin, mar shampla, an gá atá le rannpháirtíocht níos mó ó ranna nó ó aireachtaí líne atá freagrach as soláthar seirbhísí amhail oideachas nó sláinte, chomh maith le rannpháirtíocht mhéadaithe le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le comhpháirtithe cur chun feidhme chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le hoibríochtú na gcomhaontuithe comhpháirtíochta is gá. Ba cheart do na Ballstáit nach ndearna amhlaidh, rannpháirtíocht a mhéadú, go háirithe leis na breithiúna, chun riachtanais ghaolmhara a réamh‑mheas.

Beidh sé ag éirí níos tábhachtaí a áirithiú go ndéanfar na garspriocanna agus na spriocanna idirmheánacha atá fágtha ar an leibhéal náisiúnta a shainiú agus a rianú go maith, chun cuidiú le haon mhoilleanna a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu.Ba dhúshlán níos ginearálta é sin a sainaithníodh cheana féin sa chéad tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe. Tá dea-chleachtais agus próisis cur chun feidhme bunaithe ag roinnt Ballstát i ndáil leis sin 8 .

Tá athchóirithe reachtacha a bhaineann le creataí dlíthiúla náisiúnta a ailíniú leis an gComhshocrú agus le trasuí Threoir (AE) 2024/1346 faoi lán seoil anois. Tá reachtaíocht náisiúnta ábhartha glactha cheana féin ag líon beag Ballstát, go hiomlán nó i bpáirt 9 . Tá méadú ag teacht ar líon na mBallstát a bhfuil dréachtú na reachtaíochta curtha i gcrích acu cheana féin nó atá ag na céimeanna deiridh in ullmhú na dtograí 10 . I bhformhór na gcásanna, áirítear sa phróiseas sin leibhéil éagsúla comhairliúcháin leis an tsochaí shibhialta agus leis na príomhpháirtithe leasmhara 11 .

Ba cheart do na Ballstáit atá fós ag athbhreithniú a gcreataí reachtacha an próiseas sin a chur i gcrích a luaithe is féidir chun a áirithiú go gcuirfear an dréachtú i gcrích agus gur féidir tús a chur leis na próisis ghlactha go luath an bhliain seo chugainn 12 . Leis an obair i gcoistí teagmhála an Choimisiúin, forbrófar treoir bhreise agus tabharfar aghaidh ar fhiosruithe agus ceisteanna atá ag teacht chun cinn.

Tacaíocht airgeadais: clársceidealú náisiúnta

Ó rinneadh an nuashonrú deireanach, d’oibrigh an Coimisiún go dlúth leis na Ballstáit uile maidir le clársceidealú na tacaíochta airgeadais atá tiomnaithe don Chomhshocrú. Leis an EUR 3 bhilliún a leithdháilfear don chleachtadh sin, cuideofar lena áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag príomhghnéithe an chreata nua, bíodh sin ó chistí an Aontais nó ó chistí náisiúnta 13 . Chuir gach Ballstát 14 seachas Ballstát amháin foirmeacha isteach lena dtograí, arb iad is bonn don idirphlé maidir leis an maoiniú le seirbhísí an Choimisiúin. Cuireann an modh oibre sin ar chumas an Choimisiúin scrúdú a dhéanamh ar na dúshláin atá roimh na Ballstáit agus cúnamh a thabhairt dóibh cinneadh a dhéanamh maidir leis an úsáid is iomchuí a bhaint as cistí an Aontais, rud atá comhlántach leis an mbuiséad náisiúnta, i gcomhréir leis na Pleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme.

Na príomhdhúshláin agus na chéad chéimeanna eile:

Faoi láthair, tá an t‑idirphlé maidir le clársceidealú na gcistí breise tugtha i gcrích ag roinnt Ballstát agus tá siad ar an mbóthar ceart chun próiseas leasaithe an chláir a thabhairt chun críche faoi dheireadh na bliana. Tá formhór na mBallstát sna céimeanna deireanacha den idirphlé. Ní mór an próiseas sin a thabhairt chun críche a luaithe is féidir chun dul chuig céim an leasaithe a bhféadfadh roinnt míonna a bheith i gceist léi.

Ar an iomlán, leis an modh oibre sin rinneadh foráil maidir le malartú an‑chuiditheach idir na Ballstáit agus seirbhísí an Choimisiúin a bhaineann le hullmhú náisiúnta, rud atá comhlántach leis na Pleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme agus na Straitéisí Náisiúnta, agus bunaíodh leis dea-chleachtas maidir le teagmhálacha rialta idir na Ballstáit agus seirbhísí an Choimisiúin i ndáil le cúrsaí oibríochtúla. Leis an bplé sin, cuirtear bonn láidir ar fáil freisin don chomhar agus don fhaireachán comhpháirteach ar chur chun feidhme an Chomhshocraithe do na blianta amach romhainn. Trí leanúint d’idirphlé rialta leis na Ballstáit, lena n‑áirítear maidir leis an dul chun cinn maidir le hionsú buiséid, cuideofar le súil a choinneáil ar na dúshláin agus, i gcás inarb iomchuí, tacaíocht shaincheaptha bhreise a chur ar fáil, bíodh sé oibríochtúil nó airgeadais. Is féidir cuid de bhuiséad 2026-2027 Shaoráid Théamach CTIL a shlógadh chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na Ballstáit, bunaithe ar riachtanais a sainaithníodh le linn an mhalartaithe leanúnaigh faisnéise maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe. 

Bloc Tógála 1 – Eurodac

Leanann na Ballstáit de bheith ag obair i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus le eu-LISA chun a áirithiú go mbeidh córas Eurodac ag feidhmiú in am i mí an Mheithimh 2026. Ag an gcruinniú is déanaí de Ghrúpa Comhairleach Eurodac, thuairiscigh na Ballstáit go ginearálta go ndearnadh dul chun cinn maith: I bhformhór na mBallstát, sonraíodh leithdháiltí airgeadais don chuspóir sin, bíodh sin trí bhuiséid náisiúnta nó trí tharraingt ar chistí an Aontais nó ar mheascán díobh. I roinnt Ballstát, roghnaíodh soláthraithe le haghaidh seirbhísí ábhartha nó cuireadh dlús le nósanna imeachta soláthair trí chreatchonarthaí, ach tá tús curtha le soláthar i mBallstáit eile 15 .

Amhail ó mhí Mheán Fómhair, thuairiscigh ocht mBallstát agus Europol go raibh siad go hiomlán ar an mbóthar ceart 16 . Thuairiscigh 18 mBallstát go raibh dúshláin éagsúla fós rompu, cé go bhfuil siad ag súil go mbeidh siad in ann saincheisteanna atá fós gan réiteach a réiteach in am 17 . Tá an baol ann nach mbeidh Ballstát amháin réidh in am 18 . Le roinnt míonna anuas, chuir eu-LISA ar chumas na mBallstát na hoibríochtaí a thástáil, agus cuireadh tuilleadh tástála ar fáil do na Ballstáit sna míonna amach romhainn.

Ar leibhéal an Aontais, bhunaigh an Coimisiún coiste rialála Eurodac agus rinne sé dul chun cinn ar na gníomhartha neamhreachtacha a bhaineann le Eurodac, go háirithe maidir le staidreamh traschórais agus chun idir-inoibritheacht a áirithiú. Tá na gníomhartha ar an mbóthar ceart le glacadh fós i mbliana 19 .

Na príomhdhúshláin agus na chéad chéimeanna eile:

Tá éagsúlacht fós ann maidir le cur chun feidhme chóras Eurodac ar fud na mBallstát, rud a léiríonn céimeanna éagsúla dul chun cinn.Ní mór aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann cheana mar ábhar práinne, ós rud é go bhfuilimid ag dul isteach sa chéim dheireanach sula dtiocfaidh an Comhshocrú i bhfeidhm. I roinnt cásanna, áirítear ar na dúshláin aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna nascachta atá fós ann, spriocanna soiléire a leagan síos chun an tástáil a chur i gcrích, nósanna imeachta soláthair nach bhfuil déanta seolta go fóill a sheoladh, agus módúlachtaí a bhaineann le hainmniú an phointe rochtana a shoiléiriú 20 .

Moltar go láidir do na Ballstáit tús a chur leis an tástáil a luaithe is féidir, toisc go gcuireann sé sin ar chumas eu-LISA agus an Bhallstáit araon aon saincheisteanna a shainaithint go luath, rud a fhágann dóthain ama chun aghaidh a thabhairt orthu. Tá tús curtha cheana féin ag cúig Bhallstát agus ag an Eilvéis le tástáil a dhéanamh ar an oibríocht iarbhír agus tá líon maith díobh ar tí tosú sna míonna amach romhainn 21 . Mar sin féin, níl formhór na mBallstát rannpháirteach go fóill, rud a tharlaíonn i gcásanna áirithe toisc nach bhfuil a dtástáil nascachta curtha i gcrích acu go fóill, ar réamhriachtanas é chun oibríochtaí a thástáil 22 . Leanann an Coimisiún agus eu-LISA de bheith i ndlúthidirphlé teicniúil leis na Ballstáit maidir leis an ábhar sin agus leanfaidh eu-LISA de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit uile i gcás inar gá.

Bloc Tógála 2 – Córas nua chun an imirce a bhainistiú ag teorainneacha seachtracha an Aontais

Leantar den dul chun cinn i dtreo na nósanna imeachta éigeantacha maidir le tearmann agus filleadh a chur i bhfeidhm. Ó Theachtaireacht mhí an Mheithimh maidir le staid na himeartha maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe, tá méadú breise tagtha ar líon na mBallstát a bhfuil na saoráidí glactha agus na hacmhainní daonna araon i bhfeidhm acu cheana féin chun acmhainneacht leordhóthanach a bhaint amach nó a dhéanfaidh amhlaidh go luath 23 . Tá roinnt Ballstát ag bunú agus ag eagrú an scagtha éigeantaigh nua, lena náirítear sceidil oiliúna a ullmhú 24 .

Leanadh den obair sna coistí ábhartha, inter alia, as ar eascair ullmhú treorach tiomnaithe ón gCoimisiún maidir leis na nósanna imeachta teorann um thearmann agus um fhilleadh agus nuashonruithe rialta ar an treoir maidir le scagadh, rud a chomhlánaíonn an Lámhleabhar Praiticiúil do Ghardaí Teorann. I measc na n‑ábhar a pléadh le déanaí i gcruinnithe coiste bhí úsáid córas mórscála TF chun críoch na seiceálacha slándála agus céannachta. Ós rud é go mbraitheann an nós imeachta teorann um fhilleadh ar an gcumas filleadh iarratasóirí ar diúltaíodh dóibh a áirithiú, tugadh aird ar leith den chéad uair i measúnú bliantúil 2025 ón gCoimisiún faoi Airteagal 25a den Chód Víosaí ar thíortha tionscnaimh a dtiocfadh a náisiúnaigh faoin nós imeachta teorann.

I ndlúthchomhar, d’fhorbair EUAA agus Frontex tairiscint oiliúna chomhchuibhithe maidir le scagadh. Cuireadh an réamhmhodúl sin ar fáil d’úsáideoirí ag deireadh mhí Mheán Fómhair. Beidh modúl oiliúna cuimsitheach maidir le scagadh ar fáil ó mhí an Mhárta 2026 ar aghaidh. Táthar ag súil leis an mbosca uirlisí scagtha, a d’fhorbair Frontex, EUAA agus an Coimisiún go comhpháirteach le tacaíocht ó Europol agus ó shaineolaithe na mBallstát faoi dheireadh na bliana. Comhlánaíonn an bosca uirlisí treoir ón gCoimisiún agus cuimsítear ann sraith teimpléad so-úsáidte, ábhar treorach agus acmhainní praiticiúla 25 . Meastar go gcuirfear tús le tástáil oibríochtúil an bhosca uirlisí i mí Dheireadh Fómhair 2025.

Na príomhdhúshláin agus na chéad chéimeanna eile:

D’ainneoin dul chun cinn, tá roinnt de na dúshláin a sainaithníodh sa tuarascáil roimhe seo fós ann. Áirítear ar na ceisteanna eagraíochtúla atá ar feitheamh an reachtaíocht náisiúnta a choigeartú, nósanna imeachta agus treoirlínte oibríochta caighdeánacha a athbhreithniú nó a fhorbairt, foireann leordhóthanach a áirithiú, nósanna imeachta soláthair a dhéanamh chun saoráidí a thógáil nó a athchóiriú, bearta éifeachtúla a chur chun feidhme chun na rioscaí a bhaineann le héalú a mhaolú, nó bunachair sonraí TF a chomhtháthú tuilleadh 26 . I gcás inar gá, bheadh gá le roinnt beart sealadach idirlinne 27 . Ag an gcéim seo, tá cur chun feidhme iomlán tráthúil na hacmhainneachta leordhóthanaí fós i mbaol i roinnt Ballstát 28 . De bhrí gurb é an 11 Aibreán 2026 an spriocdháta dlíthiúil do na Ballstáit fógra a thabhairt faoi shuíomhanna na nósanna imeachta teorann, iarrtar ar na Ballstáit na suíomhanna a chur in iúl a luaithe is féidir chun pleanáil dá mbunú a éascú.

Maidir le scagadh, ní mór do roinnt Ballstát dáileadh na gcúraimí laistigh de struchtúir náisiúnta a shainiú ar bhealach níos soiléire fós agus nósanna imeachta a chomhchuibhiú agus/nó ceanglais idir-inoibritheachta a athbhreithniú. Tá ionaid scagtha ag roinnt Ballstát cheana féin, toisc go gcuireann siad próisis teachta i bhfeidhm cheana féin 29 . I gcás Ballstáit eile, beidh ar phleananna chun suíomhanna láraithe a bheith acu a chur san áireamh go bhféadfadh sé nach mbeadh siad sin go hiomlán réidh faoi mhí an Mheithimh 2026. Roghnaigh Ballstáit eile cur chuige díláraithe — go háirithe maidir le scagadh laistigh den chríoch. I roinnt cásanna, ní mór socruithe maidir le seiceálacha sláinte a shainiú fós, lena náirítear socruithe atá bunaithe ar chomhar le seirbhísí leighis.

Bloc Tógála 3 - Athmhachnamh a dhéanamh ar ghlacadh

Tá feabhas á chur ag go leor Ballstát ar an acmhainneacht ghlactha, ó thaobh cainníochta agus cáilíochta de araon.Tá bearta breise déanta acu chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí acmhainneachta nó chun a áirithiú gur féidir forálacha nua a chur i ngníomh. Áirítear leis sin saoráidí nua a thógáil agus saoráidí atá ann cheana a atógáil agus/nó a uasghrádú. Tá go leor Ballstát tar éis a bpleananna a dhaingniú, agus dhírigh cuid acu ar ionaid ilchuspóireacha nua a bhunú 30 . Tá na samhlacha agus na treoirphleananna a d’fhorbair EUAA agus an Coimisiún úsáideach i ndáil leis sin, ós rud é go bhfuil ionaid deartha chun réimse seirbhísí a sholáthar, ó shainaithint agus clárú go saoráidí glactha do chatagóirí éagsúla daoine chomh maith le rochtain ar oibrithe sóisialta agus ar sheirbhísí comhairle dlí.

Tá cleachtaí ionsamhlúcháin á núsáid ag roinnt Ballstát chun measúnú a dhéanamh ar ullmhacht a gcórais ghlactha chun nósanna imeachta/gníomhaíochtaí nua a thabhairt isteach leis an gComhshocrú amhail an nós imeachta teorann agus scagadh 31 .

Glacadh leis an bhféidearthacht socruithe glactha éagsúla a bheith ann bunaithe ar chineálacha agus ar ghrúpaí éagsúla iarratasóirí a leagtar amach i dTreoir (AE) 2024/1346. Tá socruithe sonracha á dtabhairt isteach nó á gcomhdhlúthú ag na Ballstáit maidir leis na cásanna aistrithe freagrachta 32 , ach tá siad ag obair freisin chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar riachtanais daoine leochaileacha acu nó teaghlach in ionaid ghlactha 33 . Chuir roinnt Ballstát na córais bainistithe cásanna agus digitiú na bpróiseas chun cinn freisin chun rochtain agus malartú sonraí a fheabhsú nó chun oiriúnú ar bhealach eile do cheanglais an Chomhshocraithe 34 .

Ar an iomlán, ó rinneadh an nuashonrú deireanach i mí an Mheithimh, tá iarrachtaí suntasacha déanta ag na Ballstáit agus ag EUAA chun bearnaí a líonadh sa bhailiú sonraí maidir le glacadh 35 . Mar sin féin, tá na córais ghlactha náisiúnta anchasta agus anilchineálach. Tá gá le sonraí níos gráinní ó na Ballstáit uile, chun go dtabharfaidh an Coimisiún léargas níos cuimsithí agus níos inchomparáide ar an acmhainneacht ghlactha san Aontas agus sna Ballstáit chun críocha an timthrialla bhliantúil bainistithe imirce. Maidir leis an gcéad dá thimthriall bhliantúla (2025 agus 2026), leag an Coimisiún agus EUAA amach cur chuige incriminteach lena gceanglaítear ar na Ballstáit sonraí glactha maidir le príomhtháscairí a thuairisciú 36 . Ó 2027 ar aghaidh, tuairisceoidh na Ballstáit sonraí do EUAA maidir le tacar iomlán táscairí glactha.

Leanann na Ballstáit agus seirbhísí an Choimisiúin de bheith ag teacht le chéile sa Choiste Teagmhála um Ghlacadh chun trasuí Threoir (AE) 2024/1346 a ullmhú agus chun saincheisteanna atá fós gan réiteach a shoiléiriú. Tugadh aghaidh sa phlé a rinneadh le déanaí ar shaincheisteanna amhail bearta um imeascadh luatha, srian ar shaorghluaiseacht, coinneáil agus roghanna malartacha ar choinneáil, chomh maith leis an idirghníomhú le gnéithe eile den Chomhshocrú ar bhonn níos ginearálta. Leanann Líonra um Eagraíochtaí Glactha EUAA dá chuid oibre chun dúshláin oibríochtúla a shainaithint agus chun dea-chleachtais a chomhroinnt. Cuireann an plé sin go léir freisin le treoir athbhreithnithe EUAA atá ar na bacáin maidir le caighdeáin agus táscairí. Tá treoir phraiticiúil na gníomhaireachta maidir le hionad teachta agus glactha a chur ar bun agus a bhainistiú beagnach tugtha chun críche freisin.

Na príomhdhúshláin agus na chéad chéimeanna eile:

Tá roinnt príomhdhúshláin fós ann sna córais ghlactha náisiúnta. Ba cheart aon tógáil nua a dhéanamh go tráthúil agus, i gcás inar gá, ní mór bearta idirmheánacha a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go gcomhlíonfar Treoir (AE) 2024/1346 agus chun acmhainneachtaí leordhóthanacha a ráthú faoin tráth a thiocfaidh an Comhshocrú i bhfeidhm 37 . Tá dúshláin fós ann maidir le grúpaí leochaileacha a óstáiltear laistigh de na córais ghlactha, amhail mionaoisigh neamhthionlactha agus íospartaigh foréigin inscnebhunaithe (roinn 3.10).

Ba cheart do na Ballstáit atá i luathchéimeanna na pleanála d’ionaid ilchuspóireacha agus nach bhfuil sé sin déanta acu cheana féin dul i dteagmháil le EUAA chun breithniú a dhéanamh ar an treoirphlean agus ar na samhlacha a forbraíodh go sonrach chun ailíniú le forálacha agus prionsabail an Chomhshocraithe a áirithiú.

Ar an iomlán, léiríonn dúshláin a bhaineann le hacmhainneacht agus comhtháthú na gcóras bainistíochta go bhfuil gá leanúnach le leithdháileadh straitéiseach acmhainní. Tá an próiseas sin fós ar siúl i gcás roinnt Ballstát. Leanann an Coimisiún d’aird ar leith a thabhairt ar chásanna ina bhfuil laghdú ar a n‑acmhainneacht ghlactha beartaithe ag na Ballstáit nó ina bhfuil siad ag cur tús cheana féin le laghdú ar a n‑acmhainneacht ghlactha chun a áirithiú go mbeidh aon bhearta den sórt sin i gcomhréir leis an ngá foriomlán córais dea-ullmhaithe a bheith acu. Moltar do na Ballstáit freisin coinneáil a chur ar fáil, i gcomhréir iomlán le reachtaíocht an Chomhshocraithe, i gcás nach mór coinneáil a bheith ina rogha dheiridh.

Ní mór tuairisciú sonraí agus gráinneacht maidir leis an gcóras glactha náisiúnta a fheabhsú a thuilleadh chun bonn eolais a chur faoin measúnú ar an staid ghlactha a áirítear sa Tuarascáil Bhliantúil Eorpach ar Thearmann agus Imirce 38 . I bhfianaise ról lárnach an ghlactha, beidh gá le tuilleadh oibre chun a áirithiú go mbeidh an staidreamh glactha inchomparáide agus iomlán go leor, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann measúnú níos iomláine a dhéanamh.

Bloc Tógála 4 – Nósanna imeachta tearmainn atá cothrom, éifeachtúil agus cóineasaithe

Leantar de na hathchóirithe a bhaineann le reachtaíocht an Chomhshocraithe a phlé sna fóraim ábhartha. Nuashonraigh EUAA an treoir ábhartha agus na caighdeáin agus na táscairí oibríochtúla ábhartha maidir leis na nósanna imeachta tearmainn ba cheart a thabhairt chun críche faoi dheireadh na bliana, in éineacht leis an treoir phraiticiúil maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú agus a thaisceadh.

Tá bearta á ndéanamh ag Ballstáit éagsúla chun dul i ngleic le riaráistí atá ann cheana i gcásanna tearmainn agus chun feabhas a chur ar a mbainistiú cásanna. Áirítear leis sin foireann bhreise a fhostú go próisis a athchóiriú trí dhigitiú agus trí chórais chomhtháite bainistithe cásanna agus sreafaí oibre agus nósanna imeachta a chomhchuibhiú i measc páirtithe leasmhara éagsúla 39 . Baineann Ballstáit éagsúla úsáid as tacaíocht EUAA e.g. chun nósanna imeachta a fhorbairt go comhpháirteach nó chun imscaradh nó oiliúint a iarraidh nó chun tacaíocht oibríochtúil a stiúradh 40 . Cuideoidh an laghdú leanúnach ar iarrataí ar thearmann san Aontas a thuilleadh leis na Ballstáit na riaráistí i gcásanna tearmainn a laghdú.

D’áirithigh formhór na mBallstát comhar le comhlachtaí breithiúnacha ina gcuid oibre cur chun feidhme 41 . Tá sé sin ríthábhachtach chun ailíniú a áirithiú idir cleachtais bhreithiúnacha náisiúnta agus forálacha an Chomhshocraithe, chun córais bhreithiúnacha éifeachtúla a chumasú chun amanna próiseála iarratas a laghdú agus acmhainneachtaí a leathnú chun achomhairc a phróiseáil.

Mar a tugadh faoi deara thuas, tá an nós imeachta reachtach maidir leis na tograí ón gCoimisiún a bhaineann le Coincheap an Tríú Tír Shábháilte agus le bunú liosta de Thíortha Tionscnaimh Sábháilte ar siúl faoi láthair, rud a éascóidh nósanna imeachta 42 .

Na príomhdhúshláin agus na chéad chéimeanna eile:

D’ainneoin na mbeart a rinneadh, tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun riaráistí a laghdú agus chun forbairt cinn nua a sheachaint 43 . D’fhéadfaí a áireamh leis sin nósanna imeachta earcaíochta a sheoladh go tráthúil, bíodh sé le haghaidh socruithe eatramhacha nó fadtéarmacha, agus an oiliúint is gá chun an fhoireann a chur ar an eolas faoin gcreat nua, i gcomhar, seans, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann. Ní bheidh na Ballstáit in ann teorainn a chur, a mhéid is féidir, le staid ina mbeidh dhá chóras á reáchtáil go comhthreomhar tar éis mhí an Mheithimh 2026 ach amháin trína riaráistí a laghdú (ceann amháin bunaithe ar acquis Threoir 2013/32/AE a bhí ann an tráth sin, agus ceann eile bunaithe ar Rialachán (AE) 2024/1348 i gcásanna a fuarthas tar éis an 12 Meitheamh 2026).

Moltar do na Ballstáit uile tuilleadh béime a chur ar an gcomhar leis na breithiúna agus aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le córais bhreithiúnacha ró‑ualaithe agus ganntanais foirne, i bhfianaise na spriocdhátaí giorraithe faoi na nósanna imeachta nua freisin.

Agus a gcórais á gcoigeartú acu, ní mór do na Ballstáit leanúint de rochtain éifeachtach ar nósanna imeachta tearmainn agus cur i bhfeidhm phrionsabal an non‑refoulement a áirithiú.

I gcomhréir le Teachtaireacht 2024/570 maidir le cur i gcoinne bagairtí hibrideacha ó úsáid na himirce mar uirlis troda agus an tslándáil ag teorainneacha seachtracha an Aontais a neartú, ní mór na bearta a dhéantar chun aghaidh a thabhairt ar an úsáid sin á baint as an imirce mar uirlis troda ag na teorainneacha leis an mBealarúis agus leis an Rúis lena mbaineann cur isteach tromchúiseach ar chearta bunúsacha, amhail an ceart chun tearmainn agus ráthaíochtaí gaolmhara, a bheith sealadach, comhréireach agus teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis, agus a áirithiú go n‑urramófar bunbhrí na gceart sin, agus cuspóirí leasa ghinearálta arna n‑aithint ag an Aontas á gcomhlíonadh ag an am céanna.

Bloc Tógála 5 – Nósanna imeachta níos éifeachtúla agus níos cothroime maidir le filleadh

Mar chuid de na hiarrachtaí comhpháirteacha chun nósanna imeachta riaracháin a shimpliú agus a chuíchóiriú, mar aon le cinntí diúltacha maidir le tearmann a eisiúint mar aon le cinntí um fhilleadh 44 , tá uasghrádú á dhéanamh ag na Ballstáit ar a gcórais náisiúnta bainistithe cásanna um fhilleadh agus tá bearta á ndéanamh acu chun an próiseas um fhilleadh a dhéanamh níos éifeachtaí.

Tá pleananna déanta ag roinnt Ballstát a nacmhainneacht comhairleoireachta maidir le filleadh a mhéadú. I measc na mbeart eile tá Cláir um Fhilleadh Deonach Cuidithe, pleananna chun acmhainneachtaí daonna a mhéadú do na húdaráis a bhainistíonn nósanna imeachta um fhilleadh nó oifigí um fhilleadh a bhunú chun caidreamh idirinstitiúideach a éascú agus éifeachtúlacht nósanna imeachta um fhilleadh a mhéadú 45 .

Déanfaidh Frontex, arna iarraidh sin ag na Ballstáit, a thacaíocht comhairleoireachta a neartú tuilleadh, ag díriú go sonrach ar náisiúnaigh tríú tír a bhfuil an ceart acu fanacht ar an gcríoch go dtí go ndéanfar athbhreithniú céadchéime ar a nachomharc i gcoinne cinntí diúltacha tearmainn 46 . Ina theannta sin, tá Frontex ag obair ar oiliúint do speisialtóirí um fhilleadh maidir le comhar le tríú tíortha, córais TF um fhilleadh, agus comhairleoireacht maidir le filleadh agus athimeascadh. Leanann na Ballstáit uile d’úsáid ghníomhach a bhaint as clár Frontex an Aontais um Athimeascadh.

Na príomhdhúshláin agus na chéad chéimeanna eile:

Leanann an Coimisiún de thosaíocht a thabhairt maidir leis an gcaibidlíocht ar an Rialachán um Fhilleadh atá beartaithe a chur chun cinn 47 , rud a mbeidh comhaontú tapa idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle mar thoradh air, in aon chás roimh chur i bhfeidhm an Chomhshocraithe i mí an Mheithimh 2026. Tá an Comhordaitheoir um Fhilleadh ag obair chun lámhleabhar a fhorbairt maidir le sreafaí oibre éifeachtacha sa Nós Imeachta Teorann um Fhilleadh i mbliana. Ag an am céanna, tá seirbhísí an Choimisiúin, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, ag féachaint an bhféadfaí sásraí a bhunú chun tacú leis na Ballstáit sin nach bhfuil cinntí um fhilleadh á neisiúint acu go fóill ag an am céanna leis na cinntí diúltacha maidir le tearmann chun acmhainneachtaí agus nósanna imeachta a fhorbairt chun é sin a dhéanamh.

Leanfaidh Frontex de chórais bainistithe cásanna um fhilleadh TF na mBallstát a mhapáil trí anailísí ar bhearnaí a dhéanamh agus trí chomhairle a thabhairt maidir le tuilleadh feabhais, chomh maith le féachaint le hidirnaisc a bhunú idir córais náisiúnta TF bhainistithe cásanna um fhilleadh de chuid Frontex agus na mBallstát. Ar bhonn níos leithne, tá meastóireacht á déanamh ag Frontex faoi láthair ar an mbealach is fearr chun a thacaíocht a oiriúnú do na Ballstáit chun filleadh éigeantach agus deonach a dhéanamh faoi chuimsiú an Chomhshocraithe. D’fhéadfadh sé go mbeadh i gceist leis sin bealaí breise fillte a bhunú, imeachtaí ó aerfoirt fhorimeallacha a éascú, agus an cumas freagairt go solúbtha do cheanglais ghearrfhógra le haghaidh cairteitiltí. Arna iarraidh sin do na Ballstáit, féadfaidh Frontex Oifigigh Choimhdeachta agus Tacaíochta um Fhilleadh Frontex (FRESO) agus sainfhoirne soghluaiste comhpháirteacha um fhilleadh a imscaradh freisin. Déanfaidh an Ghníomhaireacht cumhdach geografach Chlár Ath‑imeasctha an Aontais a leathnú freisin.

Bloc Tógála 6 – An fhreagracht a chur ag obair

Ar an leibhéal cothrománach, tugadh na rialacha cur chun feidhme nua le haghaidh Rialachán (AE) 2024/1351 chun críche i mí Iúil, agus tá sé beartaithe iad a ghlacadh go críochnaitheach i mí Dheireadh Fómhair. Cumhdaítear leis na rialacha rialacha freagrachta chomh maith le gnéithe den sásra dlúthpháirtíochta. Sainítear iontu módúlachtaí an mhalartaithe faisnéise idir na Ballstáit chomh maith leis na sonraí praiticiúla maidir le cur chun feidhme éifeachtach na rialacha freagrachta a leagtar amach sa Rialachán sin (‘rialacha Bhaile Átha Cliath’) agus sa sásra dlúthpháirtíochta, lena ndéantar roinnt príomh‑gharspriocanna ar fud bhloc tógála a sé agus seacht gcinn den Phlean Cur Chun Feidhme Coiteann a bhaint amach go héifeachtach.

Chun tacú leis na hathchóirithe ar na rialacha freagrachta faoi Rialachán (AE) 2024/1351, d’fhoilsigh EUAA dhá theimpléad le haghaidh foirmeacha maidir le teaghlach a lorg 48 , Treoir Phraiticiúil maidir le teaghlach a lorg 49 agus an Treoraíocht maidir le cianagallaimh i mí Aibreáin 2025 50 . Tá an Ghníomhaireacht ag obair freisin ar athbhreithniú EUAA ‘Treoir maidir le nós imeachta Bhaile Átha Cliath: caighdeáin agus táscairí oibríochtúla’, atá beartaithe do 2026.

Leanann na Ballstáit d’athchóirithe a chur chun cinn, a leibhéil foirne a neartú, oiliúint a chur ar fáil maidir leis na rialacha freagrachta nua, saoráidí tiomnaithe a bhunú, nósanna imeachta a scagadh do ghrúpaí leochaileacha nó do theaghlaigh leochaileacha, agus a mbonneagar TF a uasghrádú 51 . Tá bearta á ndéanamh ag na Ballstáit freisin chun féidearthachtaí agus dreasachtaí le haghaidh gluaiseachtaí neamhúdaraithe a laghdú trí athchóirithe a dhéanamh ar a gcóras glactha (féach roinn 3.4 thuas), amhail ionaid Bhaile Átha Cliath a chruthú, agus trí athruithe reachtacha a úsáideann na forálacha nua maidir le srian ar shaorghluaiseacht, ach freisin trí chomhar déthaobhach níos fearr.

Na príomhdhúshláin agus na chéad chéimeanna eile:

Ar leibhéal na mBallstát, tá dúshláin shistéamacha fós ann, go háirithe ganntanais phearsanra, carnadh riaráistí, acmhainneachtaí glactha neamhleora le haghaidh aistrithe isteach, agus éalú iarratasóirí. Chun cur chun feidhme iomlán an chórais nua a chosaint, tá sé ríthábhachtach comhartha soiléir a thabhairt nach féidir dul timpeall ar rialacha freagrachta.

Ós rud é go bhfuil coinníollacha i bhfeidhm chun go bhfeidhmeoidh aistrithe chuig Ballstáit uile agus uathu, agus i bhfianaise na rialacha is infheidhme, ba cheart iad sin a dhéanamh i leith na mBallstát uile. Tá sé sin tábhachtach don aistriú éifeachtach chuig na rialacha nua, agus d’fheidhmiú éifeachtach an timthrialla dlúthpháirtíochta bhliantúil.

Mar a cuireadh i bhfios go láidir sa Tuarascáil Bhliantúil Eorpach ar Thearmann agus Imirce agus sa Teachtaireacht roimhe seo maidir le staid na himeartha maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe, ní mór do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar aon srianta oibríochtúla nó acmhainne atá fós gan réiteach. Cuimsítear leis sin bearta a bhaineann le príomhbhloic thógála eile, go háirithe dálaí glactha agus deiseanna le haghaidh imeascadh luath. Tá dlúthbhaint aige freisin le cur chun feidhme éifeachtach Rialachán (AE) 2024/1358.

Bunaithe ar na rialacha nua, tá na bearta teicniúla agus oibríochtúla á bhforbairt anois ag eu-LISA le haghaidh na cumarsáide idir na Ballstáit trí DubliNet. Ina theannta sin, foilseoidh EUAA an t‑athbhreithniú ar Threoir EUAA maidir le nós imeachta Bhaile Átha Cliath: caighdeáin agus táscairí oibríochtúla.

Bloc Tógála 7 – An dlúthpháirtíocht a chur ag obair

Is príomhsprioc insoláthartha den Chomhshocrú é seoladh an chéad Timthriall Bliantúil Bainistithe Imirce agus bunú an chéad Chomhthiomsaithe Dlúthpháirtíochta, atá fite fuaite le sraith freagrachta na nathchóirithe. Sa Tuarascáil Bhliantúil Eorpach ar Thearmann agus Imirce, lena náirítear réamhmheastachán ar theacht isteach freisin, soláthraítear an bonn fianaise don chinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún agus don Togra ón gCoimisiún le haghaidh gníomh cur chun feidhme ón gComhairle 52 .

Leanadh den obair ullmhúcháin chun an sásra dlúthpháirtíochta a chur chun feidhme faoi chuimsiú an Ardáin Dlúthpháirtíochta, mar aon le hullmhú threoir phraiticiúil EUAA maidir le cur chun feidhme oibríochtúil na bhfritháireamh athlonnaithe agus freagrachta a mheastar a bheidh ann i mí an Mhárta 2026. Mar thoradh ar an obair chomhpháirteach leanúnach idir an Coimisiún, gníomhaireachtaí an Aontais agus na Ballstáit faoi chuimsiú Líonra an Treoirphlean 53 , bhí toradh sásúil ann maidir le sonraí a tharchur agus a bhailiú chun críche an Timthrialla Bhliantúil Bainistithe Imirce, rud a chuir bonn láidir agus oibiachtúil sonraí ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar staid na himirce san Aontas.

Na príomhdhúshláin agus na chéad chéimeanna eile:

Sainítear na chéad chéimeanna eile sa Tuarascáil Bhliantúil Eorpach ar Thearmann agus Imirce. Níos tábhachtaí fós, beidh ar na Ballstáit teacht ar chomhaontú maidir le leibhéal foriomlán na dlúthpháirtíochta agus a ngealltanais a shainiú ag Fóram Ardleibhéil Dlúthpháirtíochta an Aontais, d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir leis an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta. Ag an am céanna, tá ullmhúcháin ar bun laistigh den Choimisiún chun an sásra dlúthpháirtíochta a oibríochtú, go háirithe trí oibriú i dtreo Fóram Dlúthpháirtíochta ar an Leibhéal Teicniúil a bhunú, agus sna Ballstáit chomh maith.

Tá bonn coiteann fianaise agus comhroinnt sonraí ríthábhachtach i gcónaí chun an Comhshocrú a chur chun feidhme go rathúil. Moltar do na Ballstáit leanúint de bheith ag obair i gcomhar le Gníomhaireachtaí an Aontais agus le Eurostat chun sonraí cruinne tráthúla a bhailiú agus a tharchur, agus na spriocdhátaí socraithe agus an sainmhíniú comhaontaithe ar na táscairí á nurramú.Tá cuíchóiriú sonraí cosanta idirnáisiúnta ar siúl faoi láthair chun sraith aonair staidrimh Eorpaigh oifigiúil maidir le cosaint idirnáisiúnta a áirithiú 54 . Leanfar d’fheabhas a chur ar bhailiú agus ar cháilíocht sonraí, trí Rialachán (AE) 2024/1358 a ghlacadh freisin.

Bloc Tógála 8 – Ullmhacht agus pleanáil theagmhasach

Ghlac formhór na mBallstát a bpleananna teagmhasacha náisiúnta maidir le glacadh agus tearmann do EUAA agus thug siad fógra dóibh ina leith 55 , tar éis caighdeáin choiteanna agus inchomparáide a leagan síos sa teimpléad a chuir EUAA ar fáil. Agus an méid sin á dhéanamh acu, bhain siad cloch mhíle thábhachtach eile amach a leagtar amach sa reachtaíocht.

An chuid is mó de na pleananna teagmhasacha náisiúnta ar tugadh fógra ina leith do EUAA, léiríonn siad croíeilimintí an teimpléid (tearmann, glacadh agus mionaoisigh neamhthionlactha), cé go bhfuil leibhéil éagsúla iomláine agus soiléireachta ag baint leo 56 . Áiríodh i bhformhór na bpleananna freisin cásanna mionsonraithe ina raibh táscairí agus tairseacha soiléire, chomh maith le naisc idir na cásanna agus na bearta freagartha. Mínítear i bhformhór na bpleananna an nós imeachta chun na cásanna ábhartha a ghníomhachtú/a dhíghníomhachtú 57 . Bhí éagsúlacht freisin san fhorbhreathnú ar shocruithe rialachais, agus thug roinnt Ballstát aghaidh ar bhealach níos mionsonraithe ar an gcaoi a raibh baint ag údaráis éagsúla le ceapadh an phlean agus ar an gcaoi a mbeidh siad rannpháirteach i ngníomhachtú an phlean ar fud cásanna agus réimsí éagsúla.

Na príomhdhúshláin agus na chéad chéimeanna eile:

Tá an Coimisiún agus EUAA i dteagmháil leis na Ballstáit maidir le conas iomláine agus soiléireacht na bpleananna a neartú. Baineann roinnt réimsí ginearálta feabhais le táscairí dea-fhoirmithe agus intomhaiste a shainaithint ar bhealach níos fearr do gach cás. Ina theannta sin, ba cheart go gcuimseofaí sna pleananna bearta freagartha soiléire in aghaidh an limistéir agus an cháis. Áirítear leis sin an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as tacaíocht EUAA. Ba cheart bearta ullmhachta (e.g. lóistíocht agus ullmhú soláthair, stoc-charnadh, oiliúint nó acmhainneacht ghlactha mhaolánach) a dhéanamh chun acmhainneachtaí a áirithiú ar féidir iad a shlógadh ar bhealach solúbtha agus éifeachtúil agus iad a chur in iúl sa phlean teagmhasach.Cé gur léirigh beagnach gach Ballstát naisc le pleananna teagmhasacha ábhartha eile (e.g. teorainneacha, fillteacha), níor áiríodh na tagairtí sin i ngach ceann acu. Ní mhínítear i bhformhór na bpleananna an próiseas ná na gníomhaithe a bheadh rannpháirteach chun na hathbhreithnithe éigeantacha dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2024/1346 a áirithiú.

Mar a léirigh roinnt Ballstát, d’fhéadfadh na hullmhúcháin reachtacha agus riaracháin atá ar siúl faoi láthair maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhshocraithe difear a dhéanamh fós d’ábhar a bpleananna teagmhasacha. Dá bhrí sin, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar a bpleananna cothrom le dáta, más gá, agus go dtabharfar fógra do EUAA fúthu faoi thráth theacht i bhfeidhm an Chomhshocraithe. Bheadh sé inmholta freisin fothú acmhainneachta agus tástáil na bpleananna a áirithiú.

Bloc Tógála 9 – Coimircí nua d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus do dhaoine leochaileacha, agus faireachán méadaithe ar chearta bunúsacha

Le cúpla mí anuas, shoiléirigh formhór na mBallstát a socruithe maidir le comhairleoireacht dhlíthiúil. I gcásanna áirithe, ní mór do na Ballstáit athruithe reachtacha a thabhairt isteach, athruithe atá á ndréachtú faoi láthair 58 . Ar an leibhéal oibríochtúil, cé go bhfuil roinnt tíortha ag leanúint ar aghaidh leis na socruithe atá ann cheana, tá athruithe á ndéanamh ag an gcuid is mó díobh, trí na socruithe atá acu cheana a leathnú nó trí shocruithe nua a bhunú. Tá sé beartaithe ag formhór mór na mBallstát oibriú le comhpháirtithe, le gníomhaireachtaí neamhspleácha agus/nó le dlíodóirí/comhlachas um chúnamh dlíthiúil 59 . Ar an gcaoi chéanna, tá comhpháirtithe nó socruithe institiúideacha sainaitheanta ag formhór na mBallstát anois chun an sásra faireacháin um chearta bunúsacha a chur i bhfeidhm. I bhformhór na gcásanna, sannfar an cúram d’ombudóirí atá ann cheana 60 .

Maidir le coimircí, chuir EUAA bailchríoch ar na hábhair soláthair faisnéise a bhaineann leis na nósanna imeachta nua i mí Mheán Fómhair 2025 agus d’eisigh sé Treoir Phraiticiúil le haghaidh comhairleoireacht dhlíthiúil saor in aisce ag céim riaracháin an nós imeachta 61 . I gcás na mBallstát, go háirithe chun scagadh a thabhairt isteach, bhí gá le haird agus oiliúint athnuaite a bhaineann go sonrach le sainaithint agus freagairt leochaileachta 62 . Mar chuid den iarracht sin, tá seisiúin oiliúna á neagrú. Chun tacú le sainaithint luath agus le freagairtí leordhóthanacha agus comhchuibhithe, áirítear sa bhosca uirlisí scagtha nua thuasluaite (roinn 3.3) iarscríbhinn phraiticiúil maidir le réamhsheiceálacha leochaileachta a dhéanamh. Ina theannta sin, cuireadh oiliúint shaincheaptha ar fáil 63 . Tá bailchríoch á cur ag EUAA freisin ar an athbhreithniú ar an modúl oiliúna níos leithne “Réamhrá maidir le leochaileacht” chun reachtaíocht an Chomhshocraithe a léiriú. Maidir le fillteacha, tá feidhmchlár móibíleach á fhorbairt ag Frontex, i gcomhar le páirtithe leasmhara eile, maidir le bheith ag obair le grúpaí leochaileacha, lena náirítear seiceáil leochaileachta freisin. An Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha (dá ngairtear anseo feasta: FRA) a leanann de chomhairle a chur ar institiúidí an Aontais agus ar rialtais náisiúnta maidir le cearta bunúsacha.

Dhírigh na Ballstáit freisin ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le leanaí lena náirítear céimeanna chun glacadh leordhóthanach a áirithiú, i gcásanna áirithe athruithe ar nósanna imeachta measúnaithe aoise, chomh maith le tuilleadh rannpháirtíochta a bhaineann le ceapacháin chaomhnóireachta agus a maoirseacht 64 .

Na príomhdhúshláin agus na chéad chéimeanna eile:

Ba cheart do na Ballstáit nach bhfuil socruithe sainithe acu go fóill a bhaineann le comhairleoireacht dhlíthiúil 65 nó leis an sásra neamhspleách um chearta bunúsacha 66 é sin a dhéanamh. Ba cheart do na Ballstáit uile aghaidh a thabhairt ar aon saincheisteanna atá fós gan réiteach a bhaineann le hinniúlacht agus neamhspleáchas leordhóthanach a áirithiú agus freagrachtaí soiléire agus cuntasacht a shainiú. Ciallaíonn sé sin nach ndéanfar an ról sin a roinnt i measc gníomhaithe éagsúla nó, i gcás ina roghnaítear socruithe ilchodacha, ról ceannasach a shainiú go soiléir. Ag tógáil ar a threoraíocht i mí na Nollag 2024 a bhaineann le bunú an tSásra féin, tá treoraíocht mhodheolaíoch á forbairt ag FRA faoi láthair le haghaidh obair na monatóirí ainmnithe a bheidh ann amach anseo.

Ní mór dul i ngleic le dúshláin fós maidir le grúpaí leochaileacha a óstáiltear laistigh den chóras glactha, amhail mionaoisigh neamhthionlactha agus íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe. Ba cheart acmhainneachtaí glactha leordhóthanacha agus cuí a bheith i bhfeidhm do mhionaoisigh neamhthionlactha nár cheart, i bprionsabal, cóiríocht a thabhairt dóibh in éineacht le daoine fásta. Ba cheart do na Ballstáit iarrachtaí a mhéadú chun ionadaithe tráthúla agus leordhóthanacha a áirithiú do mhionaoisigh le linn gach céim den phróiseas tearmainn agus chun rochtain ar oideachas agus ar sheirbhísí sláinte a áirithiú do leanaí i gcomhréir leis an gComhshocrú. I gcórais chónaidhme, ní mór aird ar leith a thabhairt chun reachtaíocht agus cleachtas a ailíniú ar gach leibhéal rialtais.

Sa chéad chruinniú eile de ghrúpa saineolaithe an Choimisiúin maidir le himircigh ar leanaí iad, díreofar go príomha ar athchóirithe caomhnóireachta a cheanglaítear leis an gComhshocrú. I ndáil leis sin, tá FRA ag obair chun Lámhleabhar 2014 maidir le caomhnóireacht do leanaí neamhthionlactha a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis na forálacha a tugadh isteach leis an gComhshocrú. Fós i mbliana, foilseoidh EUAA nuashonrú ar Threoir 2018 maidir le Measúnú Aoise (an 3ú heagrán).

Bloc Tógála 10 – Imeascadh agus bealaí dlíthiúla chun cosanta

Athlonnú agus bealaí dlíthiúla: Thíolaic an Coimisiún a thogra le haghaidh an chéad dá bhliain de Phlean an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil (dá ngairtear: plean an Aontais). Is é is aidhm don togra le haghaidh Phlean an Aontais líon iomlán na náisiúnach tríú tír nó na ndaoine gan stát a bhfuil cosaint de dhíth orthu a leagan amach, líon a bhfuil sé d’aidhm ag na Ballstáit iad a ligean isteach san Aontas in 2026 agus 2027. Léirítear ann an plé a rinneadh ag cruinnithe an Choiste Ardleibhéil um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil, na rannchuidithe deonacha a rinne na Ballstáit rannpháirteacha, agus na Riachtanais Réamh‑mheasta maidir le hAthlonnú Domhanda a shainaithin UNHCR. Sainaithnítear i bPlean beartaithe an Aontais na réigiúin ónar cheart ligean isteach teacht, agus é mar chuspóir roghanna malartacha inmharthana sábháilte ar thurais neamhrialta a chur ar fáil agus ról an athlonnaithe agus an ligean isteach ar fhoras daonnúil a neartú a thuilleadh chun comhpháirtíochtaí a thógáil le tríú tíortha.

Cuireann EUAA tacaíocht ar fáil do na Ballstáit a bhfuil riachtanais ghaolmhara acu agus tá an nuashonrú ar a mhodúil oiliúna maidir le conairí comhlántacha agus maidir leis an gcéim roghnúcháin i gcomhthéacs an athlonnaithe agus an ligin isteach ar fhoras daonnúil á thabhairt chun críche aige roimh an sceideal faoi dheireadh 2025.

Tairbhithe cosanta idirnáisiúnta a imeascadh: D’oibrigh formhór na mBallstát chun forálacha an Chomhshocraithe a bhaineann le himeascadh agus bearta um imeascadh luath a chur san áireamh ina bpróisis náisiúnta cur chun feidhme agus trasuite. Mar a tugadh faoi deara i mí an Mheithimh, thug roinnt Ballstát aghaidh ina bPleananna Cur Chun Feidhme Náisiúnta ar an ngá atá le níos mó infheistíochta a dhéanamh nó tacú le bearta breise um imeascadh, lena náirítear trí bhearta um imeascadh luath agus próiseas níos éifeachtúla a fhorbairt chun cáilíochtaí a aithint agus scileanna a bhailíochtú. Tá dul chun cinn déanta ag roinnt Ballstát maidir le straitéisí imeasctha náisiúnta 67 nó is é is aidhm dóibh iarrachtaí imeasctha a leathnú le cúrsaí imeasctha agus teanga nua nó a tharlaíonn ag céim níos luaithe 68

Na príomhdhúshláin agus na chéad chéimeanna eile:

Beidh ar an gComhairle Plean an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil a ghlacadh, bunaithe ar thogra an Choimisiúin, faoi dheireadh na bliana. Tá an Coimisiún réidh chun tacú leis na Ballstáit agus é á chur chun feidhme.

Tá beartas imeasctha atá feidhmiúil agus comhleanúnach, lena náirítear bearta um imeascadh luath, ina réamhriachtanas i gcónaí chun tacú le neamhthuilleamaíocht iarratasóirí, chun comhtháthú sóisialta a chothú agus chun ligean do thairbhithe cosanta idirnáisiúnta rannchuidiú leis na sochaithe óstacha a luaithe is féidir 69 . Cuidíonn sé freisin le dreasachtaí le haghaidh gluaiseachtaí neamhúdaraithe a laghdú.

In ainneoin a ríthábhachtaí agus atá siad, tá éagsúlacht mhór fós ag baint le bearta chun tacú le himeascadh, agus ní mór do roinnt Ballstát a niarrachtaí a mhéadú fós, go háirithe maidir le tacaíocht do rochtain ar thithíocht leordhóthanach, tacaíocht d’imeascadh i margadh an tsaothair, aitheantas do cháilíochtaí agus bearta um imeascadh luath a chur ar bun 70 . Chun éifeachtacht a dtacaíochta a mhéadú, ba cheart do na Ballstáit iarrachtaí breise a dhéanamh chun bearta oiriúnaithe a chur ar fáil do riachtanais shonracha agus deireadh a chur le bacainní do spriocghrúpaí amhail mná imirceacha, leanaí nó daoine a bhfuil riachtanais mheabhairshláinte acu, mar a léiríodh san athbhreithniú meántéarma ar an bPlean Gníomhaíochta maidir le himeascadh agus cuimsiú.

Leanann an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do bheartais imeasctha na mBallstát trí chistiú a chur ar fáil (lena n‑áirítear le haghaidh imeascadh fadtéarmach faoi chistí comhtháthaithe an Aontais), trí threoir a fhorbairt agus trí chomhpháirtíochtaí il-leibhéil a chothú ina mbeidh imircigh, pobail óstacha, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha, an tsochaí shibhialta agus an earnáil phríobháideach rannpháirteach.

Conclúid

Sna hocht mí amach romhainn, tá gá le dul chun cinn marthanach chun a áirithiú go dtiocfaidh athchóirithe an Chomhshocraithe i bhfeidhm go rathúil, lena gcuirfear bonn cobhsaí ar fáil do ghníomhaíocht an Aontais amach anseo maidir le bainistiú imirce agus tearmainn. Chuige sin, ní mór iarracht a dhéanamh anois agus beidh gá le hobair chomhchoiteann amach anseo.

Ba cheart díriú ar na dúshláin a leagtar amach sa tuarascáil seo, lena n‑áiritheofar go bhfeidhmeoidh na córais dlúthpháirtíochta agus freagrachta, go mbeidh córais Eurodac réidh, go mbeidh socruithe i bhfeidhm don nós imeachta teorann, agus go n‑áiritheofar acmhainneachtaí glactha leordhóthanacha ar fud na mBallstát uile. Gnéithe tábhachtacha eile den Chomhshocrú is ea faireachán ar chearta bunúsacha, comhairleoireacht dhlíthiúil agus forálacha nua maidir le coimircí do ghrúpaí leochaileacha.

Tá an Coimisiún fós ag gabháil go hiomlán don chonair sin agus leanfaidh sé dá chuid oibre ar an leibhéal cothrománach agus déthaobhach araon trí obair na bhfoirne tíre tiomnaithe.

Le seoladh an Timthrialla Bhliantúil Bainistithe Imirce, ní mór dul chun cinn a dhéanamh maidir le haghaidh a thabhairt ar na laigí atá ann cheana i gcóras Bhaile Átha Cliath agus chun cur i bhfeidhm iomlán chreat freagrachta Rialachán (AE) 2024/1351 a ullmhú. Ag an am céanna, rachaidh an obair chun cinn chun an Comhthiomsú Dlúthpháirtíochta a chur chun feidhme.

Ar leibhéal an Aontais, ní mór Straitéis Eorpach um Bainistiú Tearmainn agus Imirce a ghlacadh i mí na Nollag 2025. Cuirfidh an Straitéis seo leis na straitéisí náisiúnta a tharchuir na Ballstáit chuig an gCoimisiún i mí an Mheithimh, lena gcumhdaítear gnéithe inmheánacha agus seachtracha na himirce araon i gcur chuige cuimsitheach comhtháite.

Cuirfidh an Coimisiún an chéad ‘staid na himeartha’ eile maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i mí an Mhárta 2026.

(1)

   Féach an chéad tuarascáil ar staid na himeartha i ndáil le cur chun feidhme an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A52025DC0319 .

(2)

    Plean Cur Chun Feidhme Coiteann don Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann — an Coimisiún Eorpach .

(3)

   Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear comhchóras maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach san Aontas a fhilleadh, agus lena naisghairtear Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2001/40/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2004/191/CE ón gComhairle, COM(2025) 101 final EUR-Lex - 52025PC0101 - GA - EUR-Lex. ; Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/1348 a mhéid a bhaineann le liosta de thíortha sábháilte tionscnaimh a bhunú ar leibhéal an Aontais COM(2025) 186 final EUR-Lex - 52025PC0186 - GA - EUR-Lex ; Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/1348 a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm choincheap an ‘tríú tír shábháilte’, COM(2025) 259 final EUR-Lex - 52025PC0259 - GA - EUR-Lex .

(4)

   Go háirithe Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, eu-LISA, Frontex, Europol agus an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha.

(5)

   An Bheilg, an tSeicia, an Eastóin, Éire, an Ghréig, an Iodáil, an Liotuáin, an Rómáin agus an tSlóvaic.

(6)

   Mar shampla, Meitheal um Thearmann agus Inimirce Chomhlachas na mBreithiúna Riaracháin Eorpacha (AEAJ).

(7)

   Níor roinn an Chróit, an Ungáir, Lucsamburg ná an Rómáin a straitéisí go fóill. Roinn an Rómáin dréacht leis an gCoimisiún go dtí go nglacfar go críochnaitheach é, ach thug Lucsamburg agus an Chróit fógra faoi mhoilleanna.

(8)

   Mar shampla, d’ullmhaigh údaráis na Bulgáire tuarascáil sé mhí maidir le cur chun feidhme an phlean náisiúnta cur chun feidhme agus nuashonraigh siad a bplean náisiúnta cur chun feidhme:, ina mbreithnítear toradh an idirphlé maidir le cistiú an Chomhshocraithe leis an gCoimisiún agus an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme praiticiúil.

(9)

   Áirítear leis sin an tSeicia, an Ghréig.

(10)

   Tá céimeanna deiridh an dréachtaithe tugtha chun críche ag an Ostair, ag an Danmhairg, ag an gCipir, ag an Eastóin, ag an Liotuáin, ag an Ísiltír, ag an bPortaingéil agus ag an Spáinn nó tá siad ag na céimeanna deiridh den dréachtú. Chuir an Ghearmáin togra faoi bhráid na Parlaiminte an 12 Meán Fómhair. Tá dréachtú fós ar siúl sa Bhulgáir, sa Chróit, san Fhionlainn, sa Fhrainc, in Éirinn, san Iodáil, i Málta, sa tSlóvaic, sa tSlóivéin agus sa tSualainn. I measc na mBallstáit atá fós chun an tathbhreithniú ar an reachtaíocht le haghaidh na réimsí uile nó codanna de na réimsí a chumhdaítear leis an gComhshocrú tá an Bheilg, an Ghréig, an Rómáin.

(11)

   Amhail san Ostair, sa Bhulgáir, sa Chróit, sa Chipir, sa Danmhairg, san Eastóin, san Fhionlainn, sa Ghearmáin, in Éirinn, sa Liotuáin, san Ísiltír, sa Phortaingéil, sa tSlóivéin, sa tSualainn.

(12)

     Athbhreithniú reachtach fós ar siúl sa Bheilg agus sa Rómáin, nach bhfuil tugtha chun críche fós sa Ghréig, moilleanna féideartha air sa Laitvia agus sa Pholainn.

(13)

     Mar shampla, nósanna imeachta teorann agus scagadh a chur ar bun (lena náirítear, i gcás inarb iomchuí, ionaid ilchuspóireacha); infheistíocht leordhóthanach in Eurodac agus coigeartuithe eile a bhaineann le TF; acmhainneachtaí glactha leordhóthanacha a áirithiú, lena náirítear i gcomhréir leis na hoibleagáidí dlíthiúla maidir le hacmhainneacht leordhóthanach gach Ballstáit ag an teorainn sheachtrach; agus na Sásraí Faireacháin Náisiúnta um Chearta Bunúsacha atá neamhspleách agus éifeachtach agus comhairleoireacht dhlíthiúil saor in aisce a chur ar bun.

(14)

     an Ungáir.

(15)

     An Bheilg, an Ghearmáin (úsáid creatchonarthaí), an Bhulgáir agus an Chróit (tús curtha leis an soláthar).

(16)

     An Chróit, an tSeicia, an Eastóin, an Ghréig, an Ísiltír, an Rómáin, an Spáinn, an tSualainn.

(17)

     An Ostair, an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, Éire, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Pholainn, an Phortaingéil, an tSlóvaic agus an tSlóivéin.

(18)

     An Ungáir.

(19)

     An 24 Iúil, vótáladh ar na leasuithe ar na gníomhartha seo a leanas agus glacfar iad go luath: C(2021) 6176 & C(2021) 6174 Cinntí Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún lena leagtar síos na rialacha teicniúla chun naisc a chruthú idir sonraí ó chórais faisnéise AE éagsúla de bhun Airteagal 28(7) de Rialachán (AE) 2019/817 agus Airteagal 28(7) de Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; agus C(2023) 645 & C(2023) 649 Cinntí Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún lena leagtar síos agus lena bhforbraítear caighdeán na formáide uilíche teachtaireachta de bhun Rialachán (AE) 2019/817 agus Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Cuirtear moill ar an leasú ar an gCinneadh Tarmligthe lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann leis an lámhleabhar nósanna imeachta agus rialacha is gá le haghaidh fiosruithe, fíoruithe agus measúnuithe (i gcás víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe), arna nullmhú de bhun Airteagail 9h agus 22b.

(20)

   Áirítear ar na Ballstáit lena mbaineann an Ostair, Málta, an tSlóivéin, an Ghréig.

(21)

   Is iad an Fhrainc, Éire, Lucsamburg, an Rómáin, an tSualainn na Ballstáit a thuairiscigh do eu-Lisa i mí Mheán Fómhair gur thionscain siad tástáil cheana féin.

(22)

   An Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Ísiltír, an Phortaingéil, an tSlóivéin, an Spáinn.

(23)

   Chomh maith leis an mBeilg, an Fhionlainn, Lucsamburg, an tSeicia, an Chipir, an Fhrainc, Málta agus an Ísiltír, a luadh sa chéad ‘staid na himeartha’ maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe, tá an acmhainneacht leordhóthanach bainte amach ag an Ostair, Éire, an Phortaingéil, an tSualainn agus an Liotuáin.

(24)

   Meastar faoi láthair go bhfuil an Ostair, an Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, an tSeicia, an Chipir, an Eastóin, an Fhrainc, an Ghréig, Éire, an Liotuáin, an Ísiltír agus an Pholainn agus an Spáinn ar an mbóthar ceart maidir leis an scagadh a chur chun feidhme.

(25)

   Áirítear sa bhosca uirlisí scagtha teimpléid d’fhoirm scagtha agus iarscríbhinn ina leagtar amach an próiseas comhairliúcháin le haghaidh bunachair sonraí ábhartha; teimpléad soláthair faisnéise bunaithe ar Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2024/1356, iarscríbhinn phraiticiúil maidir le réamhsheiceálacha leochaileachta a dhéanamh. Áirítear ann freisin doiciméad treorach mionsonraithe céim ar chéim maidir le scagadh a dhéanamh, cúnamh praiticiúil a chur ar fáil chun na teimpléid a úsáid agus dul i ngleic leis an bpróiseas scagtha chomh maith le tuairisc ar thairiscintí oiliúna ó Frontex agus EUAA i ndáil le scagadh.

(26)

   Áirítear orthu sin an Danmhairg, an Ghearmáin, an Fhionlainn, an Iodáil, an Liotuáin, an tSlóivéin, an Phortaingéil, a bhfuil ceann amháin nó níos mó de na dúshláin atá liostaithe rompu.

(27)

   Féadfaidh feidhm a bheith aige sin maidir leis an gCróit, le hÉirinn, leis an Eastóin, leis an Iodáil, leis an Laitvia agus leis an Rómáin agus d’fhéadfadh baint a bheith aige le saoráidí sealadacha nó socruithe sealadacha a bhaineann le soláthar foirne. Bainfidh an Ghréig agus an Bhulgáir an acmhainneacht leordhóthanach amach; mar sin féin, ní mór cáilíocht na saoráidí a áirithiú.

(28)

   Toisc nár cuireadh tús go fóill le roghnú saoráidí nó nósanna imeachta soláthair, d’fhéadfadh moill a bheith ar an Ghearmáin, ar an Laitvia, ar an Rómáin, ar an tSlóvaic agus ar an tSlóivéin.

(29)

   Mar shampla: An Ghréig, an Iodáil, an Spáinn, an Chipir.

(30)

   Áirítear leis sin an Chróit, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin.

(31)

   Mar shampla: Éire, an Rómáin. an tSualainn.

(32)

   Tá an méid sin á mheas ag an mBeilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Phortaingéil, an tSlóvaic, an tSlóivéin agus an tSualainn.

(33)

   Áirítear leis sin an Ostair, an Chipir, an tSeicia, an Iodáil, an Liotuáin, an Phortaingéil, an tSlóivéin.

(34)

   Mar shampla, an tSeicia, an Eastóin, an Iodáil, an Chróit, an Fhrainc, an Bhulgáir, an Phortaingéil, an Spáinn.

(35)

   Bunaithe ar na sonraí atá ar fáil, is féidir forléargas a fháil anois ar líon na ndaoine a óstáiltear i gcórais ghlactha náisiúnta fhoirmiúla na mBallstát, a thuigtear mar an tacar socruithe atá i bhfeidhm chun freastal ar iarratasóirí tearmainn de réir Threoir (AE) 2024/1346. Mar sin féin, ní chuimsítear leis na sonraí atá ann faoi láthair an tacaíocht chóiríochta a sholáthraítear do thairbhithe cosanta sealadaí lasmuigh de Threoir (AE) 2024/1346, níl siad gráinneach go leor chun comparáid a dhéanamh idir an staid ghlactha sna Ballstáit éagsúla.

(36)

   Daoine sa chóras glactha (líon iomlán na ndaoine sa chóras glactha lena náirítear cliseadh in aghaidh stádas dlíthiúil na ndaoine atá á nglacadh agus líon na mionaoiseach gan tionlacan); agus acmhainneacht an chórais ghlactha (leapacha iomlána ar fáil ag deireadh na tréimhse tuairiscithe.

(37)

   Baineann ábhair imní leis an mBeilg, mar shampla, áit a bhfuil easpa dálaí glactha leordhóthanacha fós á sainaithint ag na cúirteanna. Baineann ábhair imní eile freisin leis an mBulgáir, leis an gCipir, leis an gCróit, leis an Laitvia, leis an nGréig agus leis an Ísiltír.

(38)

   Ar bhonn níos leithne, tá eagrú na gcóras glactha éagsúil ar fud an Aontais. Tairbhithe de chosaint shealadach a gcuirtear tacaíocht chóiríochta ar fáil dóibh lasmuigh den chóras sin, ní áirítear iad i dtuairisciú sonraí na mBallstát.

(39)

   I measc na mBallstát atá i mbun na nathchóirithe éagsúla sin faoi láthair tá an Bheilg, an Chipir, an Fhionlainn, an Ghearmáin, Éire, an Iodáil agus Málta.

(40)

   Mar shampla, an Ostair, an Bheilg, an Chipir, an Eastóin agus an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Liotuáin.

(41)

   Dhírigh Ballstáit éagsúla ar na breithiúna a neartú, lena náirítear an Ostair, an tSeicia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Fhionlainn, an Eastóin. Mar shampla, san Ostair, sheol an Chúirt Chónaidhme Riaracháin tionscadal inmheánach cúirte “Ready 4 GEAS”.

(42)

   Maidir leis an gcéad cheann, cheap Parlaimint na hEorpa a rapóirtéir, agus tionóladh an chéad chruinniú teicniúil an 25 Meán Fómhair. Tá tús curtha ag an gComhairle leis an obair ar a seasamh, agus tá plé fós ar siúl i gcomhthéacs na Meithle um Thearmann. Maidir leis an togra le haghaidh liosta an Aontais de Thíortha Sábháilte Tionscnaimh, tá dul chun cinn á dhéanamh sa Chomhairle maidir leis an bplé agus tá dul chun cinn á dhéanamh ag Uachtaránacht na Danmhairge maidir le togra comhréitigh. Tá a Rapóirtéir ceaptha ag Parlaimint na hEorpa, agus tionóladh dhá chruinniú theicniúla i mí Mheán Fómhair.

(43)

   I measc na mBallstát a bhfuil dúshláin ghaolmhara rompu tá an Bheilg, an Chróit, an Eastóin, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil agus an Spáinn. An tráth céanna, i roinnt Ballstát, lena náirítear an Ostair, an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Liotuáin, Málta, an tSlóvaic agus an tSualainn, tháinig laghdú idir 24 % agus 50 % ar chásanna atá ar feitheamh sa tréimhse ó Mheitheamh 2024-Meitheamh 2025.

(44)

   De réir Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2024/1348.

(45)

   Áirítear leis sin an Ostair, an Iodáil, an Rómáin, an tSlóivéin (comhairleoireacht); An Chipir, an Bhulgáir agus an tSeicia (cúnamh um fhilleadh deonach agus athimeascadh (AVVR), maidir le hoifigí um fhilleadh: An Bhulgáir, an tSualainn.

(46)

   Féach Airteagail 38 agus 68 de Rialachán (AE) 2024/1348.

(47)

   Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear comhchóras maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach san Aontas a fhilleadh, agus lena naisghairtear Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2001/40/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2004/191/CE ón gComhairle EUR-Lex - 52025PC0101 - GA - EUR-Lex .

(48)

    Foirm maidir le Teaghlach a Lorg – Leanaí | Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus Foirm maidir le Teaghlach a Lorg — Daoine Fásta | Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann .

(49)

   Treoir Phraiticiúil maidir le Teaghlach a Lorg Cuid 1: https://euaa.europa.eu/publications/practical-guide-family-tracing-part‑i-principles‑practices ;; Treoir Phraiticiúil maidir le Teaghlach a Lorg Cuid II: https://euaa.europa.eu/publications/practical-guidefamily-tracing-partii-tracing-AMMR.

(50)

   Treoraíocht EUAA maidir le Cianagallaimh: https://euaa.europa.eu/publications/guidance-remote-interviews .

(51)

   Áirítear leis sin an Ostair, an Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, an tSeicia, an Eastóin, an Ghearmáin, Éire, an Iodáil, an Liotuáin, Málta, an Phortaingéil.

(52)

   Féach Airteagail 9, 11 agus 12 de Rialachán (AE) 2024/1351.

(53)

   Is é Líonra an Treoirphlean, táirge insoláthartha luath den Chomhshocrú, an creat oibríochtúil lena dtugtar le chéile páirtithe leasmhara ábhartha an Aontais chun faireachán a dhéanamh ar shreabha agus ar chásanna imirce agus chun iad a réamhmheas. Bunaíodh é le Moladh (AE) 2020/1366 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2020 maidir le sásra an Aontais um ullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna a bhaineann leis an imirce, EUR-Lex - 32020H1366 - GA - EUR-Lex.

(54)

   Cuireadh tionscadal comhpháirteach EUAA-EUROSTAT i bhfeidhm chun staidreamh maidir le cosaint idirnáisiúnta a chuíchóiriú.

(55)

   Níor thug an Pholainn ná an Ungáir fógra maidir lena bpleananna teagmhasacha do EUAA go fóill.

(56)

   Mar shampla, baineann saincheisteanna le heaspa tearmainn sa phlean (an Fhrainc); gan aon soiléireacht nó easpa soiléireachta maidir le bearta freagartha a bhaineann le mionaoisigh gan tionlacan (an Chipir, an Eastóin, an Ísiltír, an Phortaingéil, agus an Spáinn), bearta ullmhachta agus freagartha (an Chipir), easpa soiléireachta maidir le bearta de réir cásanna (an Eastóin, an Ísiltír). Dheimhnigh formhór na mBallstát sin go bhfuil sé beartaithe acu na pleananna a athbhreithniú agus a chur i gcrích chun iad a ailíniú níos fearr le teimpléad EUAA. Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an gCipir, ag an Eastóin agus ag an Ísiltír ar a bpleananna cheana féin, le tacaíocht ó EUAA.

(57)

   An 30 Iúil 2025, scaipeadh tásca comhpháirteacha ar na Ballstáit chun fógra a thabhairt don Choimisiún agus do EUAA maidir le gníomhachtú agus díghníomhachtú an phlean sna cásanna dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2024/1346.

(58)

   Áirítear leis sin an Chipir, an Ostair, an Fhionlainn, an Spáinn, an Bhulgáir, an Ísiltír, an tSlóivéin, an tSualainn.

(59)

   Amhail an Ostair, an Bhulgáir, an Eastóin, an Chróit (cé go bhfuil siad ag cur leis an gcóras atá ann faoi láthair), an tSeicia, Éire (an Bord um Chúnamh Dlíthiúil), an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn, an Ísiltír, an Ghearmáin agus an Fhionlainn, tá siad ag brath ar shocruithe inmheánacha.

(60)

   I bhformhór na gcásanna, tá nó beidh an cúram sannta don ombudsman atá ann cheana (an Ostair, an Bhulgáir, an Chipir, an tSeicia, an Laitvia, an Liotuáin, an Eastóin, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic, cé go bhfuil eisceachtaí ann amhail an Chróit, an Ísiltír. Sa Rómáin, tá an tombudóir tar éis dul i mbun an chúraim go foirmiúil cheana féin. Molann Éire go mbunófaí sásra maoirseachta neamhspleách trí PhríomhChigire do Nósanna Imeachta Tearmainn agus Teorann, le tacaíocht ó bhord comhairleach.

(61)

   Faoi dheireadh na bliana aistreofar na hábhair soláthair faisnéise go 23 theanga de chuid an Aontais agus go 20 teanga nach teangacha de chuid an Aontais iad.

(62)

   Mar shampla, tá tionscnamh seolta ag an Ostair chun oifigigh leochaileachta a bhunú agus chun an comhar le UNHCR a neartú.

(63)

   “Leochaileacht sa Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann”, https://euaa.europa.eu/publications/euaa-tailor-made-training-plan‑pact‑migration‑and‑asylum .

(64)

   Sa chás sin, cuireann an Comhshocrú le hathchóirithe níos leithne: tar éis tréimhse phlódaithe lenar cuireadh i dtábhacht an gá atá leis an gcóras glactha a leathnú agus a athchóiriú, treiseofar córas láidir cosanta leanaí na hÉireann trí chur chun feidhme an Chomhshocraithe.

(65)

   An Ghréig, an Ungáir.

(66)

   Áirítear leis an dara ceann, ar chúiseanna éagsúla: An Danmhairg, an Fhionlainn, an Ghréig, an Ungáir, Málta, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn.

(67)

   Sheol Málta an Straitéis agus an Plean Gníomhaíochta um Imeascadh (2025-2030) i mí Eanáir 2025.

(68)

   Mar shampla, an Ostair, an tSeicia, an Eastóin, an Iodáil, Lucsamburg, an tSlóivéin.

(69)

   Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Plean Gníomhaíochta um Imeascadh agus Cuimsiú 2021-2027, COM(2020) 758 final, EUR-Lex - 52020DC0758 - GA - EUR-Lex .

(70)

   Amhail an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, an Ghréig, an Ungáir, an Laitvia, an tSlóvaic, an Rómáin.