An Bhruiséil,19.12.2025

COM(2025) 792 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

8ú TUARASCÁIL FAOIN SÁSRA LENA gCUIRTEAR TARSCAOILEADH VÍOSAÍ AR FIONRAÍ

{SWD(2025) 429 final}


An 8ú Tuarascáil ar an Sásra lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar fionraí

Tá an 8ú Tuarascáil ar an Sásra lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar fionraí bunaithe ar Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2018/1806 (an ‘Rialachán Víosaí’). Le hAirteagal 8(4) den Rialachán, ceanglaítear ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar faireachán ar chomhlíonadh leanúnach na gceanglas maidir le díolúine ón gceanglas víosa i gcás na dtíortha sin a bhfuair a náisiúnaigh rochtain gan víosa ar an Aontas i ndiaidh idirphlé maidir le léirscaoileadh víosaí a thabhairt chun críche go rathúil. Cumhdaítear 2024 leis an tuarascáil chomh maith le forbairtí móra in 2025. Tá Doiciméad Inmheánach Oibre ag gabháil léi lena sonraítear na gnéithe ábhartha uile maidir leis na tíortha agus na réigiúin a chumhdaítear leis an tuarascáil seo.

Cuid thábhachtach de bhosca uirlisí an Aontais le haghaidh an chomhair le tríú tíortha maidir leis an imirce, leis an tslándáil agus leis an gceartas is ea an léirscaoileadh víosaí. Leis sin éascaítear soghluaisteacht agus teagmhálacha idirphearsanta. Is féidir borradh a chur faoin taisteal agus faoin turasóireacht leis agus naisc ghnó, shóisialta agus chultúrtha a neartú idir saoránaigh den Aontas agus saoránaigh na dtríú tíortha is tairbhithe. Is féidir caidreamh taidhleoireachta agus comhar idirnáisiúnta a chothú leis freisin. An tráth céanna, léirigh an faireachán a rinne an Coimisiún ar chórais taistil gan víosa an Aontais go bhféadfadh córas taistil gan víosa dúshláin mhóra imirce agus slándála a chruthú, dúshláin nach mór aghaidh a thabhairt orthu.

Cumhdaítear leis an tuarascáil comhpháirtithe na mBalcán Thiar agus tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir chomh maith le réigiúin eile lasmuigh de gharchomharsanacht an Aontais (an Chairib Thoir agus Meiriceá Laidineach) agus tá sí dírithe ar thíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa ar sainaithníodh saincheisteanna sonracha imirce agus/nó slándála ina leith, a bhféadfaí measúnú a dhéanamh orthu faoin sásra lena gcuirtear tarscaoileadh víosaí ar fionraí.

Tá an tuarascáil seo dírithe ar ailíniú na mbeartas víosaí, ar bhainistiú teorainneacha imirce agus athligean isteach, ar shaincheisteanna slándála agus ar cheisteanna saoránachta. Tá na príomhthorthaí curtha i láthair sa tuarascáil seo agus iad eagraithe de réir príomhthéamaí, agus tá moltaí tírshonracha le fáil san iarscríbhinn.

Ailíniú na mbeartas víosaí

Mar gheall a chóngaraí atá comhpháirtithe na mBalcán Thiar agus thíortha Chomhpháirtíochta an Oirthir do chríoch Bhallstáit an Aontais ó thaobh na geografaíochta de, tá tábhacht mhór ag baint le hailíniú a mbeartas víosaí le beartas víosaí an Aontais. D’fhéadfadh rioscaí méadaithe imirce neamhdhleathaí agus slándála don Aontas a bheith ina dtoradh ar ailíniú neamhleor, maidir le liosta na dtíortha lena mbaineann ceanglas víosa agus maidir leis na nósanna imeachta maidir le víosaí a eisiúint.

Fágann ailíniú neamhleor na mbeartas víosaí go bhfuil sé níos éasca do náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir cheanglas víosa an Aontais agus a bhfuil rioscaí móra imirce ag baint le cuid acu, na Balcáin Thiar a shroicheadh gan víosa (cuid acu le doiciméid taistil chalaoiseacha), agus ina dhiaidh sin dul isteach go neamhdhleathach de thalamh i limistéar Schengen, áit a bhféadfaidh siad iarratais ar thearmann a thaisceadh. Ar an gcaoi chéanna, i gcásanna áirithe, thrasnaigh náisiúnaigh tríú tír a chuaigh isteach sna Balcáin Thiar le víosaí bailí teorainneacha seachtracha an Aontais go neamhdhleathach agus rinne siad iarratas ar thearmann, agus baineann ábhair mhóra imní leis an mhéid sin faoi leordhóthanacht na nósanna imeachta víosa i gcomhpháirtithe áirithe sna Balcáin Thiar.

Is í an Mhacadóin Thuaidh an taon chomhpháirtí amháin sna Balcáin Thiar a bhfuil ailíniú beagnach iomlán bainte amach aici le liosta an Aontais de na tíortha lena mbaineann ceanglas víosa, gan ach difríocht amháin fágtha ina beartas le liosta an Aontais de na tíortha lena mbaineann ceanglas víosa. In 2024 agus 2025, rinne an tSeirbia, an Albáin, an Chosaiv 1*, agus Montainéagró dul chun cinn i dtreo tuilleadh ailínithe le liosta an Aontais de na tíortha lena mbaineann ceanglas víosa.

A mhéid a bhaineann leis an tSeirbia agus leis an Albáin, rinneadh é sin i gcomhréir lena ngealltanais faoin gClár Oibre don Athchóiriú 2 . In 2024, laghdaigh an tSeirbia an líon comhaontuithe gan víosa le tíortha atá faoi réir cheanglais víosa an Aontais ó 16 go 12. Laghdaigh an Albáin an líon comhaontuithe buana gan víosa ó 8 go 6 agus an líon tarscaoiltí víosa séasúracha ó 6 go 5 in 2024 agus 2025.

Níor tosaíodh ar fhaireachán a dhéanamh ar bheartas víosaí na Cosaive go dtí 2024, nuair a fuair a saoránaigh rochtain gan víosa ar an Aontas. An tráth sin, choinnigh an Chosaiv comhaontuithe gan víosa ar bun le 19 dtír atá faoi réir cheanglais víosa an Aontais; laghdaíodh an líon sin ó shin go 17.

Tar éis an chúlchéimnithe ag tús 2025, chuir Montainéagró deireadh le comhaontuithe gan víosa le 5 thír agus laghdaigh sé líon a tharscaoiltí víosa séasúracha ó 4 go 1; mar thoradh air sin chuaigh an líon iomlán neamhréiteach idir beartas víosaí Mhontainéagró agus beartas víosaí an Aontais ó 15 go 9.

In 2025, chuaigh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin ar gcúl ar an dul chun cinn a rinneadh roimhe sin sa réimse sin. Choinnigh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin an líon comhaontuithe buana gan víosa ag 7 3 ach mhéadaigh sí an líon tarscaoiltí víosa séasúracha ó 1 go 3. Mar thoradh air sin, tháinig méadú ar an líon neamhréiteach idir a beartas víosaí féin agus beartas víosaí an Aontais ó 8 in 2024 go 10, faoi láthair.

Ní raibh aon dul chun cinn ceart le sonrú i gcás thíortha Chomhpháirtíochta an Oirthir. Tá an líon céanna comhaontuithe gan víosa ag an Moldóiv agus ag an Úcráin le tíortha atá faoi réir cheanglas víosa an Aontais agus a bhí acu ag deireadh 2024 4 , 11 agus 15 faoi seach.

Faoi láthair, tá 26 chomhaontú gan víosa á gcoinneáil ar bun ag an tSeoirsia le tíortha atá faoi réir cheanglais víosa an Aontais agus níl aon bheart déanta aici i dtreo tuilleadh ailínithe ó bhí 2022 ann. A mhalairt ar fad, chuaigh an tSeoirsia ar gcúl in 2024 trí chead isteach gan víosa a dheonú do shaoránaigh na Síne. Leanann an tSeoirsia freisin de bheartas víosaí a shaothrú atá éagsúil go substaintiúil le acquis an Aontais, go háirithe trí chead isteach a thabhairt do náisiúnaigh 17 dtír a bhfuil ceanglas víosa orthu san Aontas agus sa tSeoirsia araon, ar bhonn víosa nó ceada cónaithe arna eisiúint ag ceann de thíortha Chomhairle Comhair Stáit Arabacha na Murascaille (GCC) agus ar an mbonn sin amháin.

Ní mór do chomhpháirtithe comharsanachta atá díolmhaithe ó cheanglas víosa dul chun cinn mór a dhéanamh go práinneach maidir lena liostaí de na náisiúntachtaí atá díolmhaithe ó cheanglas víosa a ailíniú le liostaí an Aontais, chomh maith lena nósanna imeachta maidir le víosaí a ailíniú le caighdeáin Schengen. Áirítear leis sin bailiú córasach sonraí bithmhéadracha a thabhairt isteach, amhail grianghraf digiteach agus méarloirg, mar chuid den phróiseas iarratais ar víosaí. Ní mór deireadh a chur le cleachtais nach bhfuil ag luí le acquis an Aontais, amhail tarscaoiltí víosa séasúracha a dheonú agus cead isteach gan víosa a cheadú ar bhonn víosa nó ceada cónaithe arna eisiúint ag tríú tír.

Go dtí go ndéanfar ailíniú iomlán, bheadh coinne leis go ndéanfaí scagadh níos déine ar náisiúnaigh tríú tír atá ag teacht isteach gan víosa, go háirithe iad siúd ó thíortha lena mbaineann rioscaí slándála nó imirce neamhdhleathach, mar bheart sealadach íosta ó comhpháirtí comharsanacha gan víosa.

Imirce, bainistiú teorainneacha agus athligean isteach

Is é an príomhdhúshlán sa réimse sin fós go bhfuil sreabha imirce neamhdhleathacha chuig an Aontas trí na Balcáin Thiar ag leanúint ar aghaidh, cé go bhfuil laghdú mór tagtha ar an líon sin ó bhí 2023 ann. Is é is cúis leis sin iarrachtaí comhpháirteacha an Aontais, a Bhallstát agus ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, agus chomhpháirtithe na mBalcán Thiar, go háirithe faoi chuimsiú Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir leis na Balcáin Thiar 5 a thíolaic an Coimisiún i mí na Nollag 2022. Téann an phríomhchonair ar ‘bhealach na mBalcán Thiar’ tríd an tSeirbia agus tríd an mBoisnia agus an Heirseagaivéin; is tíortha idirthurais iad an Albáin agus an Mhacadóin Thuaidh freisin, ach ar scála níos lú. In 2024 agus 2025, ba phríomhphointe iontrála d’imircigh neamhrialta a bhí ag taisteal trí na Balcáin Thiar i dtreo an Aontais í an teorainn atá fada agus deacair a rialú idir an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus an Chróit.

Beidh ar chomhpháirtithe na mBalcán Thiar cur lena n‑iarrachtaí gáinneáil ar dhaoine a chomhrac agus an líon imirceach neamhrialta a smuigleáiltear a laghdú a thuilleadh. Tá méadú tagtha freisin ar an leibhéal foréigin a bhaineann leis an ngáinneáil ar imircigh sna Balcáin Thiar. Sa tSeirbia, oibríonn líonraí smuigleála imirceach agus méadú ag teacht ar dhéine agus foréigean na hoibre, agus tá roinnt grúpaí ann anois a bhfuil cuid dá mbaill ina náisiúnaigh ó na tíortha tionscnaimh céanna leis na himircigh neamhrialta. Ní mór dlús breise a chur leis na hiarrachtaí a dhéantar ar bheartais um chomhrac na gáinneála agus acmhainneachtaí oibríochtúla a neartú sna réimsí sin.

Is ábhar imní é insreabhadh mór na náisiúnach ón India isteach sa tSeoirsia agus, ar scála níos lú, ó thíortha eile san Áise agus sa Mheánoirthear, maidir leis an imirce neamhdhleathach a d’fhéadfadh a bheith ann chuig an Aontas, bíodh sin ar tír nó ar muir.

Coinníonn na comhpháirtithe athbhreithnithe uile comhar tráthrialta ar bun leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), lena náirítear an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, a shínigh comhaontú stádais Frontex leis an Aontas in 2025 6 . Oibríonn an chuid is mó díobh i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) freisin. Tháinig torthaí oibríochtúla nithiúla as tacaíocht leanúnach ón Aontas agus óna Bhallstáit, le gníomhartha amhail trealamh a sholáthar, oiliúint, malartú deachleachtas chomh maith le patróil chomhpháirteacha teorann.

Tríd síos, measadh go raibh an comhar maidir le hathligean isteach idir Ballstáit an Aontais agus na comhpháirtithe athbhreithnithe uile an‑mhaith, agus níor tuairiscíodh aon mhórfhadhb. Mar sin féin, tugadh roinnt saincheisteanna faoi deara maidir le hathligean isteach. Tharla moilleanna ar phróiseáil iarrataí ar athligean isteach ón mBoisnia agus an Heirseagaivéin agus ón gCosaiv go príomha mar thoradh ar easpa comhair nó bacainní ó fhillithe, agus i gcás na hÚcráine d’eascair siad as na dálaí cogaidh leanúnacha.

Tuairiscíodh saincheisteanna beaga sa chomhar leis an gCosaiv, inar taifeadadh roinnt diúltuithe i leith glacadh le doiciméid taistil an Aontais, agus leis an Moldóiv, a dhiúltaigh i gcásanna áirithe glacadh le náisiúnaigh tríú tír a rinne idirthuras trína críoch.

A mhéid a bhaineann leis an tSeirbia, tá imní fós ann maidir lena cleachtas coinníoll a chur le heisiúint doiciméad um fhilleadh sula gcuirfear plean eitilte isteach. Ábhar mór imní eile atá ann le fada an lá, agus d’ainneoin an chomhaontaithe um athligean isteach idir an tAontas agus an tSeirbia, baineann sé le comhar teoranta na Seirbia maidir le hathligean isteach náisiúnach tríú tír a rinne idirthuras trína críoch, lena n‑áirítear i gcásanna ina bhfuil fianaise inchreidte idirthurais ann, amhail doiciméid aitheantais arna n‑eisiúint ag údaráis na Seirbia d’iarrthóirí tearmainn.

Tá coinne leis go dtabharfaidh na comhpháirtithe sin uile aghaidh gan mhoill ar na saincheisteanna atá fós gan réiteach a shainaithin Ballstáit an Aontais i leith chur chun feidhme na ngealltanas maidir le hathligean isteach.

I gcás na Moldóive agus na hÚcráine, bhí an comhar le Frontex maidir le bainistiú teorainneacha fós sásúil in 2024 agus 2025.

Iarratais ar thearmann gan bhunús

Is dúshlán mór fós do roinnt Ballstát den Aontas iad iarratais ar thearmann gan bhunús arna dtaisceadh ag náisiúnaigh comhpháirtithe atá díolmhaithe ó cheanglas víosa. Is iondúil go mbíonn rátaí aitheantais aníseal ag na hiarratais sin 7 , rud a chuireann ualach díréireach ar chórais náisiúnta tearmainn. Idir 2015 agus an chéad ráithe de 2025, 18 % de na hiarratais ar thearmann san Aontas, ba náisiúnaigh a thairbhigh de rochtain gan víosa ar an Aontas a chuir isteach iad.

Tá laghdú ginearálta tagtha ar an líon iarratas ar thearmann arna dtaisceadh ag an gcatagóir sin i gcomharsanacht an Aontais; mar sin féin, tháinig méadú mór ar iarratais ón gCosaiv agus, go háirithe, ón Úcráin in 2024 (6 785 agus 28 350 faoi seach). I gcás na hAlbáine (7 140), na Seoirsia (14 530), na Moldóive (5 945), na Macadóine Thuaidh (3 435) agus na Seirbia (3 270), cé gur tháinig laghdú mór ar na huimhreacha in 2024 i gcomparáid le 2023, d’fhan siad ar leibhéil arda.

Tá iarrachtaí déanta ag comhpháirtithe i ngarchomharsanacht an Aontais an fhadhb sin a mhaolú. Tá feachtais faisnéise urraithe ag roinnt rialtas, lena n‑áirítear an Albáin, an tSeoirsia agus an Chosaiv, chun feasacht an phobail a mhúscailt maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann le taisteal gan víosa chuig an Aontas. Áirítear ar na bearta breise seiceálacha imeachta a thabhairt isteach ar shaoránaigh atá ag taisteal chuig limistéar Schengen (an Albáin agus an tSeoirsia) chun a fhíorú go gcomhlíonann siad coinníollacha iontrála limistéar Schengen agus oifigigh Frontex a imscaradh ag aerfoirt idirnáisiúnta (an tSeoirsia). Tá sé cruthaithe go bhfuil na tionscnaimh sin éifeachtach agus ba cheart iad a choinneáil ar bun agus a leathnú chun comhpháirtithe eile a chumhdach.

Mar a tuairiscíodh sa 7ú tuarascáil ar an Sásra lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar fionraí, tá an líon iarratas ar thearmann arna dtaisceadh san Aontas ag tíortha Mheiriceá Laidinigh a thairbhíonn de rochtain gan víosa fós ina ualach mór ar chórais tearmainn na mBallstát. Idir 2015 agus R1 2025, bhain níos mó ná leath de na héilimh uile ar thearmann a chuir náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa isteach le linn na tréimhse sin le náisiúnaigh ó thíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa. In 2024, ba é 74,015 an líon iarratas ó Veiniséala, rud a lean de threocht aníos chomhsheasmhach; tháinig méadú freisin ar an líon iarratas ó Pheiriú go 27,260. Tháinig laghdú ar iarratais ón gColóim, ach is ábhar imní fós iad ó thaobh dearbhuimhreacha (51,615). Tháinig laghdú freisin ar iarratais ó Hondúras (2,380), Nicearagua (2,475) agus ón tSalvadóir (2,575) ach mar sin féin d’fhan siad ar leibhéil mhóra.

Chun inbhuanaitheacht na ndíolúintí víosa a áirithiú, ní mór taisteal gan víosa a bheith teoranta go docht do ghearrfhanachtaí agus níor cheart mí‑úsáid a bhaint as chun iarratais ar thearmann a thaisceadh san Aontas. Sa chomhthéacs sin, leanfaidh an Coimisiún agus SEGS de bheith i dteagmháil leis na tíortha is ábhartha chun mí‑úsáid an chórais taistil gan víosa a chosc.

Saincheisteanna oird phoiblí agus slándála, lena n‑áirítear comhrac an éillithe agus slándáil doiciméad

Choinnigh na tíortha athbhreithnithe uile dlúthchomhar ar bun le Europol agus Eurojust. Lean comhpháirtithe na mBalcán Thiar den Phlean Comhpháirteach Gníomhaíochta maidir leis an bhFrithsceimhlitheoireacht do na Balcáin Thiar a chur chun feidhme go gníomhach agus shínigh siad an Plean Comhpháirteach Gníomhaíochta nua an 30 Deireadh Fómhair 2025 8 .

In 2024, lean comhpháirtithe uile na mBalcán Thiar de bheith ag obair i gcomhar le Europol agus leis na Ballstáit, rud a d’fhág go raibh torthaí móra oibríochtúla ann maidir le coireanna tromchúiseacha trasteorann a chomhrac, lena n‑áirítear cibirionsaithe, smuigleáil imirceach, agus gáinneáil támhshuanach agus arm tine ag grúpaí coireachta eagraithe. Bhain comhpháirtithe uile na mBalcán Thiar torthaí nithiúla móra amach maidir le deireadh a chur le go leor grúpaí coiriúla.

D’ainneoin an chogaidh leanúnaigh, lean an Úcráin de bheith ag obair i ndlúthchomhar le Europol sna hiarrachtaí frithsceimhlitheoireachta, agus sa chomhrac in aghaidh na coireachta airgeadais, na cibearchoireachta, na gáinneála ar airm thine, na pléascáin, ábhair CBRN 9 agus na gáinneála ar dhaoine.

Chuir roinnt Ballstát in iúl go raibh bealaí gáinneála arm tine ag teacht chun cinn ón Neasoirthear agus ón Meánoirthear tríd an Moldóiv isteach san Aontas.

Tá ábhair imní slándála fós ann sa tSeoirsia de dheasca thionchar na Rúise, go háirithe i bhfianaise fhás tapa dhiaspóra cónaitheach na Rúise. Ó thosaigh cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, chuaigh thart ar 160 000 saoránach Rúiseach ar imirce go dtí an tSeoirsia. Tá méadú ag teacht ar an ábhar imní go bhféadfaí láithreacht na Rúise sa tSeoirsia a dhúshaothrú le haghaidh oibríochtaí tionchair eachtraigh.

Ba thagarmharc tábhachtach é comhrac an éillithe ar ghlac gach comhpháirtí atá díolmhaithe ó cheanglas víosa i ngarchomharsanacht an Aontais leis le linn an idirphlé maidir le léirscaoileadh víosaí. Tá an chomhlíontacht leanúnach leis an tagarmharc sin fós ina réamhcheanglas chun taisteal gan víosa a choinneáil ar bun. Chloígh formhór na dtíortha a ndearnadh athbhreithniú orthu leis an gceanglas sin, lena n‑áirítear trí bhearta a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a cuireadh in iúl i dtuarascálacha roimhe seo maidir leis an Sásra lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar fionraí. Mar sin féin, ní hamháin nach ndearna an tSeoirsia obair leantach leordhóthanach ar na moltaí in aghaidh an éillithe a leagtar amach sa 7ú tuarascáil ar an Sásra lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar fionraí ach chuaigh sí ar gcúl trí roinnt athchóirithe a rinneadh roimhe sin sa réimse sin a chealú.

Maidir le slándáil doiciméad, tá deireadh iomlán curtha de réir a chéile le pasanna neamh‑bhithmhéadracha ag na comhpháirtithe athbhreithnithe uile, cé is moite den Úcráin. Eisíodh pasanna neamh‑bhithmhéadracha deireanacha na hÚcráine in 2016 agus rachaidh siad in éag in 2026; is beag an líon atá fós i gcúrsaíocht. Mar sin féin, thuairiscigh na Ballstáit gur bhain saoránaigh na hAlbáine, na Cosaive agus na hÚcráine úsáid as doiciméid chalaoiseacha nó bhrionnaithe chun teacht isteach san Aontas nó fanacht ann go neamhdhleathach, agus faightear cuid acu trí chleachtais éillithe.

Sa tSeoirsia, sa Chosaiv, sa tSeirbia agus san Úcráin, tá fadhbanna fós ag baint leis an bhféidearthacht do dhaoine a n‑ainmneacha a athrú agus doiciméid aitheantais nua a fháil, uaireanta arís agus arís eile, toisc go bhféadfaí iad a úsáid chun foláirimh Chóras Faisnéise Schengen (CFS) a sheachaint agus chun dul timpeall ar thoirmisc an Aontais ar fhilleadh nó ar theacht isteach. Ba cheart do chomhpháirtithe seachtracha aghaidh a thabhairt ar an laige sin, i gcomhar leis an Aontas.

San Úcráin, is cúis mhór imní maidir le sláine agus iontaofacht doiciméad é an cleachtas a bhaineann le níos mó ná pas bithmhéadrach bailí amháin a bheith i seilbh duine, chomh maith le hathruithe de láimh ar dhoiciméid taistil (amhail síneadh a chur leis na dátaí éaga).

Sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus sa tSeirbia, tuairiscítear go bhfuil grúpaí coireachta eagraithe i mbun doiciméid aitheantais bhrionnaithe a tháirgeadh agus a dháileadh, lena n‑áirítear pasanna agus ceadúnais tiomána Bhallstáit éagsúla an Aontais. Sa tSeirbia, go háirithe, is cúis mhór imní scála agus sofaisticiúlacht na mbrionnuithe sin, agus, le roinnt ríomhphasanna góchumtha ar ardchaighdeán, is féidir córais nua‑aimseartha fíoraithe doiciméad a sheachaint.

Ceisteanna saoránachta, lena n‑áirítear scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí

Tá rioscaí bunúsacha slándála ag baint le tíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa a oibríonn scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí trí chead a thabhairt do náisiúnaigh tríú tír a bheadh faoi réir ceanglais víosa murach sin seiceálacha caighdeánacha slándála a sheachaint agus rochtain a fháil ar limistéar Schengen trí shaoránacht a fháil.

Tá rioscaí tromchúiseacha ag baint le cláir den sórt sin ó thaobh imirce neamhdhleathach, bagairtí slándála agus imghabháil cánach. Tá na rioscaí sin an‑ghéar nuair a chomhcheanglaítear iad leis na nithe seo a leanas: (i) grinnfhiosrúchán agus dícheall cuí neamhleor; (ii) easpa fíornaisc idir iarratasóirí agus an tír a dheonaíonn saoránacht; agus (iii) an fhéidearthacht ainm duine a athrú le linn an phróisis nó ina dhiaidh.

Dá bhrí sin, faoin Sásra athbhreithnithe lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar fionraí, is foras é oibriú na gclár sin, ann féin, le stádas gan víosa tríú tíortha a chur ar fionraí.

I measc tíortha comharsanacha, tá cláir den sórt sin fós ann sa Mhacadóin Thuaidh, áit a gceadaítear leis an reachtaíocht náisiúnta saoránacht a dheonú gan ceanglais chónaithe roimh ré do dhaoine a meastar go mbaineann ‘leas eacnamaíoch speisialta’ don tír leo. Mar sin féin, is beag fós an líon saoránachtaí a dheonaítear faoin bhforáil sin (ceann amháin in 2023 agus dhá cheann in 2024).

D’fhoirceann Montainéagró a chlár go foirmiúil an 31 Nollaig 2022. Mar sin féin, lean na húdaráis d’iarratais ar shaoránacht a cuireadh isteach sular dúnadh an clár a phróiseáil. In 2024, d’eisigh an Aireacht Gnóthaí Baile 1 282 chinneadh lenar deonaíodh saoránacht Mhontainéagró d’iarratasóirí agus dá mbaill teaghlaigh. Ó mhí Aibreáin 2025, bhí 29 n‑iarratas ann a bhí fós á bpróiseáil.

Cé nach bhfeidhmíonn an tSeirbia clár den sórt sin stricto sensu, ceadaítear le foráil ina dlí saoránachta saoránacht a dheonú ‘ar mhaithe le Poblacht na Seirbia’. Leis an bhforáil sin, is féidir saoránacht a thabhairt gan aon cheanglas cónaithe roimh ré agus gan oibleagáid a chur ar iarratasóirí a náisiúntacht reatha a thabhairt suas. Ó bhí 2022 ann, tá saoránacht na Seirbia faighte ag níos mó ná 200 náisiúnach Rúiseach faoin gclásal sin, agus tá ábhair imní curtha in iúl ag an Aontas maidir le próifílí roinnt de na daoine sin.

Tá ábhar imní den chineál céanna ann maidir leis an tSeoirsia. Cé go bhfuil na huimhreacha anteoranta i gcomparáid leis an ngnáthbhealach chun saoránacht a fháil, d’fhéadfadh náisiúnaigh Rúiseacha nósanna imeachta eadóirseachta simplithe a úsáid chun saoránacht a fháil. Ní mór grinnscrúdú breise a dhéanamh ar chásanna na Seirbia agus na Seoirsia araon chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil na cleachtais sin míúsáideach. Mar a léirítear i bPacáiste um Méadú 2025 ón gCoimisiún, chun dlí an Aontais a chomhlíonadh, ceanglaítear ar thíortha is iarrthóirí deireadh a chur le scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí atá ann cheana agus a mbunús dlí a aisghairm 10 .

Sa Chairib Thoir, tá scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí i bhfeidhm leis na blianta fada anuas i gcúig thír – Antigua agus Barbúda, Doiminice, Greanáda, San Críostóir‑Nimheas, agus Saint Lucia. Is dúshlán mór leanúnach iad na cláir sin a bhfuil scála i bhfad níos mó ag baint leo. Meastar gur eisíodh thart ar 107 000 pas trí na scéimeanna a oibríonn na tíortha sin. Tá an líon iarratas fós ard, agus 13 113 iarratas in 2023 agus 10 573 iarratas in 2024. Tá na hamanna próiseála gairid agus tá na rátaí diúltaithe an‑íseal – mar shampla, in 2024 ba iad 1.7 % in Antigua agus Barbúda, 5.3 % in Saint Lucia, agus 6.5 % in Doiminice na rátaí diúltaithe – rud a chruthaíonn ábhair imní faoi leordhóthanacht na nósanna imeachta slándála agus díchill chuí.

Mar fhreagairt ar na hábhair imní a chuir an tAontas in iúl 11 , tá roinnt beart déanta ag na cúig thír sa Chairib Thoir, lena náirítear an tairseach íosta infheistíochta a chomhchuibhiú ag USD 200 000, scagadh slándála a neartú, agus comhchaighdeáin a bhunú maidir le comhroinnt faisnéise agus trédhearcacht. Mar sin féin, is ábhar mór imní é an cás fós.

Tá feidhmiú scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí ag tíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa ina riosca slándála neamh‑dhiomaibhseach do limistéar Schengen agus déanfar scrúdú breise air faoi chreat dlíthiúil athbhreithnithe an tSásra lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar fionraí.

Easpa comhlíontachta na Seoirsia maidir le príomh‑thagarmharcanna eile

Tá urraim do chearta bunúsacha ar cheann de na príomh‑thagarmharcanna a chomhaontaigh an tSeoirsia le linn an idirphlé maidir le léirscaoileadh víosaí. Is príomhchoinníoll í an chomhlíontacht leanúnach leis an tagarmharc sin fós chun an ceart chun taisteal gan víosa a choinneáil ar bun.

Sa 7ú Tuarascáil ar an Sásra lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar fionraí an 6 Nollaig 2024, mheas an Coimisiún nár chloígh an tSeoirsia leis an ngealltanas sin, go háirithe i gcás ghlacadh an Dlí maidir le Trédhearcacht an Tionchair Eachtraigh i mí na Bealtaine 2024 agus an phacáiste reachtach maidir le Luachanna Teaghlaigh agus Cosaint Mionaoiseach i mí Mheán Fómhair 2024. Suíodh go raibh cearta agus saoirsí bunúsacha á sárú ag an dá thionscnamh, go háirithe an tsaoirse comhlachais, an tsaoirse comhthionóil agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, agus an ceart chun príobháideachais, ós rud é go bhféadfaí an chéad tionscnamh a úsáid in aghaidh na sochaí sibhialta agus chun páirtithe freasúra a chur ina dtost, agus gur forchuireadh leis an dara ceann srianta idirdhealaitheacha ar an oideachas, chomh maith le díospóireachtaí agus cruinnithe poiblí, rud a sháraigh prionsabal an neamh‑idirdhealaithe. Mar thoradh air sin, d’eisigh an Coimisiún moltaí sonracha lenar iarradh ar an tSeoirsia an méid seo a leanas a dhéanamh:

-Cosaint chearta bunúsacha gach saoránach a áirithiú agus a chaomhnú, lena náirítear an tsaoirse comhlachais, an tsaoirse comhthionóil agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, an ceart chun príobháideachais, an ceart chun páirt a ghlacadh i ngnóthaí poiblí agus an toirmeasc ar idirdhealú.

-Aon reachtaíocht a sheachaint agus a aisghairm, ar reachtaíocht í a chuirfeadh srian le cearta agus saoirsí bunúsacha, a thiocfadh salach ar phrionsabal an neamhidirdhealaithe, agus a sháródh caighdeáin ábhartha Eorpacha agus idirnáisiúnta. Go háirithe, an Dlí maidir le Trédhearcacht an Tionchair Eachtraigh agus an pacáiste reachtach maidir le Luachanna Teaghlaigh agus Cosaint Mionaoiseach a aisghairm, agus an straitéis náisiúnta agus an plean gníomhaíochta maidir le cearta an duine a leasú chun cosaint iomlán chearta daoine LADTIA a áirithiú.

Dá éis sin, ní dhearna an tSeoirsia na moltaí sin a chur chun feidhme agus, ina ionad sin, chuaigh sí ar gcúl a thuilleadh i bpríomhréimsí an rialachais agus na gceart bunúsach. Le leasuithe reachtacha i dteannta a chéile, lena n‑áirítear an tAcht um Chlárú Gníomhairí Eachtracha (FARA) agus athruithe ar an Dlí maidir le Deontais, an Dlí Orgánach maidir le Comhlachais Pholaitiúla na Saoránach, an Cód maidir le Cionta Riaracháin, agus an Dlí maidir le Craoladh, ciorraíodh an spás sibhialta agus cuireadh srian le tuairimí easaontacha, lena n‑áirítear tuairimí agóideoirí, ionadaithe an fhreasúra, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus na meán neamhspleách. Bhí tionchar ar leith aige sin ar chomhlachais na sochaí sibhialta agus ar chosantóirí chearta an duine, rud a mhéadaigh bacainní éagsúla chun a ngníomhaíochtaí a dhéanamh níos deacra agus, mar thoradh air sin, a chuir teorainn lena gcumas feidhmiú.

An 14 Iúil 2025, mheabhraigh an Coimisiún Eorpach i litir chuig údaráis na Seoirsia an ceanglas maidir leis an gcomhlíontacht leanúnach leis na ceanglais maidir le léirscaoileadh víosaí, inar iarradh nuashonrú ar chur chun feidhme mholtaí an 7ú Tuarascáil ar an Sásra lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar fionraí. Ina freagairt, níor chuir an tSeoirsia aon dul chun cinn fóinteach in iúl maidir le haghaidh a thabhairt ar na moltaí a bhaineann le cearta bunúsacha sa 7ú Tuarascáil ar an Sásra lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar fionraí. Dá bhrí sin, tá an tSeoirsia fós ag sárú na dtagarmharcanna atá ina mbonn taca faoin gcóras taistil gan víosa arna dheonú ag an Aontas. I bhfianaise na bhforbairtí sin, ba cheart bearta iomchuí a mheas faoin Sásra athbhreithnithe lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar fionraí.



Conclúid

Cé go bhfuil bearta déanta ag formhór na gcomhpháirtithe i gcomharsanacht an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí a eisíodh faoi thuarascálacha roimhe seo maidir leis an Sásra lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar fionraí, tá dúshláin mhóra fós ann.

Baineann an cás is tromchúisí leis an tSeoirsia, a sháraigh cuid mhór gealltanas a tugadh le linn an idirphlé maidir le léirscaoileadh víosaí, ar beag moladh ón 7ú tuarascáil ar an Sásra lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar fionraí a chuir sí chun feidhme, agus, d’ainneoin iarrataí a rinneadh arís agus arís eile le blianta beaga anuas ar dhul chun cinn a dhéanamh maidir le hailíniú na mbeartas víosaí agus maidir leis an éilliú a chosc, a chuaigh ar gcúl a thuilleadh in 2024‑2025 lena n‑áirítear i ndáil le cearta agus saoirsí bunúsacha a chosaint.

I gcás na gcomhpháirtithe eile i réigiún na mBalcán Thiar agus Chomhpháirtíocht an Oirthir, tá sé ríthábhachtach i gcónaí ailíniú an bheartais víosaí a chur chun cinn, trí liostaí na dtríú tíortha lena mbaineann ceanglas víosa a chomhchuibhiú agus trína áirithiú go bhfuil nósanna imeachta scrúdúcháin agus eisiúna víosaí comhsheasmhach go hiomlán le caighdeáin Schengen. Go dtí go ndéanfar ailíniú iomlán, ba cheart do chomhpháirtithe na mBalcán Thiar an scagadh ar náisiúnaigh ó thríú tíortha a bhfuil rioscaí imirce neamhdhleathaí nó slándála ag baint leo atá ag teacht isteach gan víosa a neartú go práinneach.

Ba cheart an cosc iarratas ar thearmann gan bhunús a leanúint de bheith ina thosaíocht ag gach comhpháirtí atá díolmhaithe ó cheanglas víosa, go háirithe an Albáin, an tSeoirsia, an Chosaiv agus an Mholdóiv. Ba cheart don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin dlús a chur lena hiarrachtaí bainistiú teorainneacha a threisiú, agus tá gá le airdeall leanúnach maidir le cleachtais saoránachta na Seoirsia agus na Seirbia.

 

Lasmuigh de gharchomharsanacht an Aontais, is ábhar imní leanúnach tromchúiseach slándála é feidhmiú leanúnach scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí sa Chairib Thoir, rud a d’fhéadfadh a bheith ina fhoras le taisteal gan víosa a chur ar fionraí faoin Sásra athbhreithnithe lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar fionraí.

Leagtar amach moltaí mionsonraithe tírshonracha in Iarscríbhinn I.

Leanfaidh an Coimisiún de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na ngealltanas maidir le léirscaoileadh víosaí trí idirphlé polaitiúil ardleibhéil, trí chruinnithe na bhFochoistí um Cheartas, um Shaoirse agus um Shlándáil, agus trína thuairisciú bliantúil tráthrialta faoin Sásra lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar fionraí agus faoin bPacáiste um Méadú.



Iarscríbhinn I: Moltaí an 8ú Tuarascáil ar an Sásra lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar fionraí

An Albáin

Tá bearta déanta ag an Albáin chun aghaidh a thabhairt ar fhormhór na moltaí a rinne an Coimisiún roimhe sin. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh dul chun cinn sna réimsí seo a leanas:

a)Ailíniú an bheartais víosaí: Mar ábhar tosaíochta, ní mór don Albáin a beartas víosaí a ailíniú a thuilleadh le liosta an Aontais de na tríú tíortha lena mbaineann ceanglas víosa, agus béim ar leith á cur ar na tíortha sin a mbaineann rioscaí imirce neamhdhleathaí agus/nó slándála don Aontas lena náisiúnaigh. Ba cheart don Albáin a nósanna imeachta maidir le víosaí a ailíniú freisin le caighdeáin Schengen, go háirithe trí bhailiú sonraí bithmhéadracha (lena náirítear grianghraf digiteach agus méarloirg) a thabhairt isteach mar chuid den scrúdú ar éilimh ar víosaí. Go dtí go ndéanfar ailíniú iomlán, ba cheart don Albáin leanúint den scagadh ar náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa agus é a neartú, go háirithe iad siúd ar de thionscnamh tíortha iad a bhfuil rioscaí slándála nó imirce neamhdhleathaí ag baint leo.

b)Iarratais ar thearmann gan bhunús: Ní mór don Albáin leanúint de bhearta atá dírithe ar an líon iarratas ar thearmann gan bhunús a thaisceann a náisiúnaigh i mBallstáit an Aontais a laghdú agus na bearta sin a threisiú, agus aird ar leith á tabhairt ar iarratais arna gcur isteach ag mionaoisigh neamhthionlactha.

c)Fanachtaí neamhdhleathacha a chosc: Ní mór don Albáin bearta a choinneáil ar bun agus a dhéanamh níos doichte chun rófhanacht náisiúnach Albánach i limistéar Schengen a chosc.

d)Eisiúint víosaí agus formhaoirseacht ar fhostú: Ní mór don Albáin an próiseas scagtha a neartú maidir le hiarratais ar víosaí arna gcur isteach ag náisiúnaigh tríú tír ó thíortha lena mbaineann rioscaí imirce neamhdhleathaí agus/nó slándála don Aontas. Ba cheart di freisin na coinníollacha maidir le heisiúint víosaí den sórt sin a dhéanamh níos doichte, feabhas a chur ar an bhfaireachán ar chleachtais fostaíochta agus feabhas a chur ar inniúlacht cigireachtaí saothair.

e)Úsáid doiciméad aitheantais calaoiseach a chomhrac: Ní mór don Albáin dlús a chur lena hiarrachtaí úsáid agus scaipeadh doiciméad aitheantais góchumtha na hAlbáine a bhrath agus a chosc.

f)Obair leantach ar scéim saoránachta d’infheisteoirí: Gan scéim saoránachta d’infheisteoirí a bhunú agus a chur chun feidhme agus an bunús dlí le scéim den sórt sin a aisghairm tríd an Dlí maidir le Saoránacht a leasú.

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

Tá bearta áirithe déanta ag an mBoisnia agus an Heirseagaivéin chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí a tháinig roimhe seo ón gCoimisiún. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh iarrachtaí sna réimsí tosaíochta seo a leanas: 

a)Ailíniú an bheartais víosaí: Ní mór don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, mar ábhar práinne, a beartas víosaí a ailíniú a thuilleadh le liosta an Aontais de na tríú tíortha lena mbaineann ceanglas víosa, agus béim ar leith á cur ar na tíortha sin a mbaineann rioscaí imirce neamhdhleathaí agus/nó slándála don Aontas lena náisiúnaigh.

b)Rialuithe eisiúna víosaí: Ní mór do na húdaráis feabhas a chur ar an scagadh ar iarratais ar víosaí arna gcur isteach ag náisiúnaigh tríú tír ó thíortha ardriosca agus na coinníollacha faoina neisítear víosaí do náisiúnaigh na dtíortha sin a dhéanamh níos doichte.

c)Bainistiú teorainneacha 1: Ní mór don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin dlús a chur lena hiarrachtaí feabhas a chur ar bhainistiú teorainneacha, agus aird ar leith á tabhairt ar inniúlacht na ngardaí teorann a mhéadú, agus aghaidh á tabhairt ar shaincheist na dtrasnuithe teorann neamhdhleathacha agus cur chun feidhme Chomhaontú Stádais Frontex a chur chun cinn trí níos mó oibríochtaí comhpháirteacha a sheoladh ag codanna ardriosca den teorainn talún.

d)Bainistiú teorainneacha 2: Go dtí go ndéanfar an beartas víosaí a ailíniú go hiomlán, tá sé ríthábhachtach leanúint den scagadh ag an teorainn ar náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa a bheith ag teacht isteach agus an scagadh sin a neartú; moltar aird ar leith a thabhairt ar bharántúlacht pasanna a fhíorú. Moltar go láidir do na húdaráis dul i dteagmháil go réamhghníomhach le tríú tíortha maidir leis an tsaincheist sin chomh maith le haerlínte agus dul chun cinn a dhéanamh maidir le córais malartaithe sonraí paisinéirí (API/PNR) a bhunú.

An tSeoirsia

An 14 Iúil 2025, sheol an Coimisiún Eorpach litir fhoirmiúil chuig údaráis na Seoirsia lenar meabhraíodh go bhfuil oibleagáid ann leanúint den chomhlíontacht leis na tagarmharcanna léirscaoilte víosaí agus lenar iarradh faisnéis mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme na moltaí a leagtar amach sa 7ú Tuarascáil ar an Sásra lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar fionraí.

Ina freagairt, níor chuir an tSeoirsia aon dul chun cinn fóinteach in iúl maidir le haghaidh a thabhairt ar mholtaí an Choimisiúin. I bhformhór na réimsí, níor tuairiscíodh aon bheart ceartaitheach agus i roinnt réimsí eile chuaigh an cás in olcas a thuilleadh.

Is ábhar imní ar leith é cur i bhfeidhm leanúnach na ngníomhartha reachtacha, lena n‑áirítear (i) an Dlí maidir le Trédhearcacht an Tionchair Eachtraigh, (ii) an Dlí maidir le Luachanna Teaghlaigh agus Cosaint Mionaoiseach, (iii) an tAcht um Chlárú Gníomhairí Eachtracha (FARA) agus (iv) leasuithe ar an Dlí maidir le Deontais, an Dlí maidir le Comhlachais Pholaitiúla na Saoránach, an Cód maidir le Cionta Riaracháin, an Dlí maidir le Craoladh agus an Cód Coiriúil, lena gcuirtear srian le cearta agus saoirsí bunúsacha agus a thagann salach ar ghealltanais Eorpacha agus idirnáisiúnta eile na Seoirsia. Seachas bearta feabhais a dhéanamh, chosain údaráis na Seoirsia na bearta sin go hoscailte, ag agairt ceannasacht náisiúnta agus ag tabhairt neamhaird ar na gealltanais a rinne sí le linn an idirphlé maidir le léirscaoileadh víosaí.

Dá bhrí sin, suíonn an Choimisiúin go ndeachaigh an tSeoirsia ar gcúl go mór maidir le príomh‑thagarmharcanna rialachais agus smachta reachta a bhí ina mbonn le taisteal gan víosa a dheonú. Ar an gcaoi chéanna, chuaigh an tSeoirsia ar gcúl freisin i réimsí an ailínithe víosaí agus chomhrac an éillithe. Is cás soiléir é sin de dhul ar gcúl maidir le gealltanais a rinneadh faoin bpróiseas léirscaoilte víosaí agus baineann sé an bonn den mhuinín fhrithpháirteach a bhfuil an córas taistil gan víosa bunaithe uirthi.

Ós rud é gur cúlú sistéamach agus toiliúil é an cúlú sin, cuirfidh an Coimisiún bearta iomchuí san áireamh faoin Sásra athbhreithnithe lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar fionraí. De réir na rialacha nua, sa chéad chéim, d’fhéadfaí an fhionraíocht víosaí a dhíriú ar shealbhóirí pasanna taidhleoireachta, seirbhíse agus oifigiúla arna n‑eisiúint ag údaráis na Seoirsia, atá freagrach go príomha as gníomhaíocht gan bheith á déanamh chun aghaidh a thabhairt ar mholtaí an Choimisiúin. Áirithítear leis na rialacha nua go gcuirfear an fhionraíocht i bhfeidhm go haonfhoirmeach i ngach Ballstát, toisc nach mbeidh díolúintí víosa déthaobhacha do shealbhóirí pasanna taidhleoireachta, seirbhíse agus oifigiúla indéanta a thuilleadh, nuair a bheidh an ceanglas víosa a ath‑forchurtha ar na grúpaí sin ar leibhéal an Aontais. Sa dara céim, d’fhéadfaí an fhionraíocht a leathnú chun an daonra a chumhdach ina iomláine mura dtabharfaidh údaráis na Seoirsia aghaidh ar na saincheisteanna. I ndeireadh na dála, d’fhéadfadh an tSeoirsia a stádas gan víosa a chailleadh ina iomláine agus d’fhéadfaí í a aistriú chuig Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Víosaí (liosta na dtríú tíortha lena mbaineann ceanglas víosa).

Ceanglaítear ar an tSeoirsia freisin deireadh a chur láithreach leis an gcleachtas cead isteach gan víosa a cheadú do náisiúnaigh 17 dtír a bhfuil ceanglas víosa orthu san Aontas agus sa tSeoirsia araon, ar bhonn víosa nó ceada cónaithe arna eisiúint ag ceann de thíortha Chomhairle Comhair Stáit Arabacha na Murascaille (GCC).

An Chosaiv

Ar an iomlán, leanann an Chosaiv de na ceanglais maidir le léirscaoileadh víosaí a chomhlíonadh. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo a leanas atá fós gan réiteach:

a)Ailíniú an bheartais víosaí: Ní mór don Chosaiv a liosta de na tríú tíortha lena mbaineann ceanglas víosa a ailíniú le liosta an Aontais. Go dtí go ndéanfar ailíniú iomlán, ba cheart don Chosaiv leanúint den scagadh ar thaistealaithe atá díolmhaithe ó cheanglas víosa a d’fhéadfadh a bheith ina riosca imirce agus/nó slándála agus an scagadh sin a neartú. Chomh maith leis sin, ba cheart don Chosaiv a nósanna imeachta maidir le víosaí a ailíniú le caighdeáin Schengen, go háirithe trí bhailiú sonraí bithmhéadracha (lena náirítear grianghraf digiteach agus méarloirg) a thabhairt isteach mar chuid den scrúdú ar éilimh ar víosaí.

b)Aghaidh a thabhairt ar iarratais ar thearmann gan bhunús: Ní mór don Chosaiv na tionscnaimh a neartú i gcomhar le Ballstáit an Aontais chun faireachán a dhéanamh ar an líon iarratas ar thearmann gan bhunús a thaisceann a saoránaigh san Aontas agus chun srian a chur leis an líon sin. Ba cheart di freisin an feachtas cumarsáide leanúnach a choinneáil ar bun agus a oiriúnú chun saoránaigh a chur ar an eolas faoina gcearta agus faoina noibleagáidí faoin gcóras taistil gan víosa leis an Aontas.

c)Slándáil doiciméad a neartú: Ní mór don Chosaiv bearta a neartú chun eisiúint doiciméad aitheantais agus taistil faoi chéannacht bhréagach a chosc agus chun feabhas a chur ar bhrath doiciméad brionnaithe. Ba cheart a áirithiú leis comhar leis na Ballstáit a mhéid a bhaineann le daoine atá faoi réir foláireamh i gCóras Faisnéise Schengen CFIS) agus a d’fhéadfadh iarratas a dhéanamh ar dhoiciméad taistil a bhfuil ainmneacha athraithe air. Ba cheart leanúint den chomhar le INTERPOL maidir le doiciméid a cailleadh agus a goideadh, mar aon le cur chun feidhme iomlán an Dlí nua agus na Treorach Riaracháin nua maidir le Cártaí Aitheantais chun feabhas a chur ar shlándáil fhoriomlán na ndoiciméad.

d)Pobail neamhthromlaigh a chosaint: Ba cheart don Chosaiv leanúint d’fheabhsuithe nithiúla a dhéanamh maidir le cearta pobal neamhthromlaigh a chosaint.

An Mholdóiv

Tá bearta déanta ag an Moldáiv chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí a rinne an Coimisiún roimhe seo. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh dul chun cinn, go háirithe sna réimsí seo a leanas:

a)    Ailíniú an bheartais víosaí: Ní mór don Mholdóiv a beartas víosaí a ailíniú le liosta an Aontais de thíortha lena mbaineann ceanglas víosa, go háirithe maidir leis na tíortha a bhfuil rioscaí imirce neamhdhleathaí nó slándála ag baint leo le haghaidh an Aontais. Go dtí go ndéanfar ailíniú iomlán, ba cheart don Mholdóiv leanúint den dianscagadh ar náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa agus an dianscagadh sin a neartú, go háirithe iad siúd a thagann ó thíortha ardriosca.

b)    Iarratais ar thearmann gan bhunús: Ní mór don Mholdóiv dlús a chur leis na hiarrachtaí ar aghaidh a thabhairt ar na hiarratais ar thearmann gan bhunús atá náisiúnaigh Mholdóvacha a dhéanamh fós i mBallstáit an Aontais. D’fhéadfaí a áireamh leis sin feachtais faisnéise spriocdhírithe atá saincheaptha do phróifílí ábhartha imirceach, chomh maith le seiceálacha imeachta ag an teorainn a thabhairt isteach chun an rianú agus an díspreagadh a fheabhsú.

Montainéagró

Thug Montainéagró aghaidh ar chuid de na moltaí a rinne an Coimisiún roimhe seo, go háirithe an liosta de thíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa a bhfuil ceanglas víosa orthu i leith an Aontais a laghdú, agus trí leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar na hiarratais ar shaoránacht atá fós ann. Mar sin féin, tá aghaidh fós le tabhairt ar na saincheisteanna seo a leanas:

a)Ailíniú le liosta víosaí an Aontais: Ní mór do Mhontainéagró a bheartas víosaí a ailíniú le liosta an Aontais de na tríú tíortha lena mbaineann ceanglas víosa. Níor cheart do Mhontainéagró aon tarscaoileadh víosa séasúrach eile a dheonú, lena náirítear do na tíortha sin a baineadh den liosta buan gan víosa. Ba cheart do Mhontainéagró a nósanna imeachta maidir le víosaí a ailíniú le caighdeáin Schengen freisin, go háirithe trí shonraí bithmhéadracha (lena náirítear grianghraf digiteach agus méarloirg) a bhailiú mar chuid den scrúdú ar éilimh ar víosaí.

Idir an dá linn, ní mór do Mhontainéagró bearta slándála spriocdhírithe a chur chun feidhme, amhail scagadh feabhsaithe ar dhaoine atá ag teacht isteach atá díolmhaithe ó cheanglas víosa, agus doiciméadú a dhéanamh ar a éifeachtaí atá siad maidir le rioscaí imirce neamhdhleathaí agus slándála a laghdú.

b)Bonneagar le haghaidh iarratais ar víosaí: Mar ullmhúchán don aistriú chuig beartas víosaí athbhreithnithe, ba cheart do Mhontainéagró a chumais eisiúna víosaí a leathnú trí ghnéithe den phróiseas eisiúna víosaí a dhigitiú chun go bhféadfaidh náisiúnaigh tíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa faoi láthair iarratas a dhéanamh ar víosa nuair a bheidh deireadh curtha leis an díolúine. Éascóidh sé sin próiseáil riaracháin agus tacóidh sé le hailíniú beartais

c)Obair leantach ar scéim saoránachta d’infheisteoirí: Ní mór do Mhontainéagró a áirithiú go naisghairfear bunús dlí na scéime agus go ndéanfar gach iarratas atá ar feitheamh faoin scéim atá foirceanta anois a phróiseáil i gcomhréir leis na caighdeáin slándála is airde. Ina theannta sin, na cásanna féideartha saoránachtaí a deonaíodh roimhe seo tríd an scéim sin do dhaoine atá faoi réir bearta sriantacha idirnáisiúnta, ní mór iad a athbhreithniú agus a chúlghairm i gcás inarb iomchuí. 

An Mhacadóin Thuaidh

Leanann an Mhacadóin Thuaidh de leibhéal sásúil comhair a léiriú i réimsí na himirce, an bhainistithe teorainneacha agus na slándála. Rinneadh roinnt beart chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí a rinne an Coimisiún roimhe seo maidir le saoránacht a fháil ar fhoras leasa eacnamaíoch speisialta. Tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar na príomh‑shaincheisteanna seo a leanas:

a)Ailíniú an bheartais víosaí: Ní mór don Mhacadóin Thuaidh ailíniú a beartais víosaí le liosta an Aontais de na tríú tíortha lena mbaineann ceanglas víosa a thabhairt chun críche. Ba cheart don Mhacadóin Thuaidh a nósanna imeachta maidir le víosaí a ailíniú le caighdeáin Schengen freisin, go háirithe trí shonraí bithmhéadracha (lena náirítear grianghraf digiteach agus méarloirg) a bhailiú mar chuid den scrúdú ar iarratais ar víosaí.

b)Ba cheart don Mhacadóin Thuaidh tuairisciú ar chur chun feidhme agus éifeachtacht na mbeart scagtha breise a chuirtear i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh Thurcacha a thagann isteach sa tír, go háirithe maidir le riosca imirce neamhdhleathaí agus slándála.

c)Rófhanacht: Chun feiniméan leanúnach náisiúnaigh na Macadóine Thuaidh atá ag fanacht rófhada i limistéar Schengen a mhaolú, ní mór do na húdaráis tionscnaimh spriocdhírithe a chur chun feidhme, lena náirítear feachtais faisnéise maidir leis na coinníollacha a bhaineann le taisteal gan víosa agus comhar feabhsaithe leis na Ballstáit.

d)Scéim saoránachta trí infheistíocht: Ní mór don Mhacadóin Thuaidh deireadh a chur leis an scéim agus a bunús dlí a aisghairm, faisnéis a sholáthar maidir leis na hiarratais a cuireadh isteach cheana faoin bhforáil maidir le ‘leas eacnamaíoch speisialta’ agus a áirithiú go ndéanfar dianseiceálacha cúlra ar gach iarratas den sórt sin.

An tSeirbia

Tá bearta déanta ag an tSeirbia chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí a rinne an Coimisiún roimhe seo. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh dul chun cinn i roinnt príomhréimsí, go háirithe maidir leis an imirce, leis an mbeartas víosaí, agus le fáil saoránachta. Ní mór aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo a leanas:

a)    Ailíniú an bheartais víosaí: Ní mór don tSeirbia a beartas víosaí a ailíniú a thuilleadh le liosta an Aontais de na tríú tíortha lena mbaineann ceanglas víosa, agus béim ar leith á cur ar na tíortha sin a bhfuil baol méadaithe imirce neamhdhleathaí nó bagairtí slándála ar an Aontas ag baint lena náisiúnaigh. Chomh maith leis sin, ba cheart don tSeirbia a nósanna imeachta maidir le víosaí a ailíniú le caighdeáin Schengen, go háirithe trí bhailiú sonraí bithmhéadracha (lena náirítear grianghraf digiteach agus méarloirg) a thabhairt isteach mar chuid den scrúdú ar éilimh ar víosaí. Go dtí go ndéanfar ailíniú iomlán, ba cheart don tSeirbia leanúint de bhearta scagtha a neartú i gcás náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa, go háirithe as tíortha ardriosca.

b)    Nósanna imeachta eisiúna víosaí: Ní mór don tSeirbia feabhas a chur ar an scagadh ar iarratais ar víosaí arna gcur isteach ag náisiúnaigh tíortha a meastar go bhfuil rioscaí imirce neamhdhleathaí nó slándála ag baint leo. San am céanna, ba cheart na rialacha lena rialaítear eisiúint víosaí do na náisiúnaigh sin a dhéanamh níos doichte chun rialú agus comhréireacht níos fearr le caighdeáin an Aontais a áirithiú.

c)    Cur chun feidhme na noibleagáidí um athligean isteach: Ní mór don tSeirbia clásal náisiúnach tríú tír an Chomhaontaithe um Athligean Isteach idir an tAontas agus an tSeirbia a chur chun feidhme go hiomlán, go háirithe i gcásanna ina ndearna náisiúnaigh tríú tír idirthuras trí chríoch na Seirbia agus ina bhfuil an tidirthuras sin doiciméadaithe go soiléir.

d)    Cleachtais saoránachta: Ní mór don tSeirbia gan saoránacht a dheonú faoi nósanna imeachta brostaithe nó simplithe do náisiúnaigh tíortha lena mbaineann rioscaí imirce neamhdhleathaí nó slándála don Aontas. Thairis sin, ba cheart scagadh slándála leordhóthanach agus críochnúil a áirithiú i gcás gach iarratasóra, lena náirítear faoin ngnáthnós imeachta eadóirseachta.

An Úcráin

Ar an iomlán, leanann an Úcráin de cheanglais an chreata léirscaoilte víosaí a chomhlíonadh agus tá bearta déanta aici chun aghaidh a thabhairt ar roinnt de na moltaí a rinne an Coimisiún roimhe seo. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh iarrachtaí, i gcás inar féidir i bhfianaise na ndúshlán leanúnach a bhaineann leis an gcogadh, go háirithe an méid seo a leanas:

a)Ailíniú an bheartais víosaí: Ní mór don Úcráin a beartas víosaí a ailíniú le liosta an Aontais de na tríú tíortha lena mbaineann ceanglas víosa, agus béim ar leith á cur ar thíortha a mbaineann rioscaí imirce neamhdhleathaí nó slándála don Aontas lena náisiúnaigh.

b)Slándáil doiciméad: Moltar don Úcráin iarrachtaí níos mó a dhéanamh ar aghaidh a thabhairt ar shaincheist na húsáide a bhaineann a saoránaigh as doiciméid chalaoiseacha, lena náirítear pasanna ach gan bheith teoranta dóibh.

c)Iarrachtaí in aghaidh an éillithe: Moltar don Úcráin leanúint dá creat in aghaidh an éillithe a neartú trí chuntas teiste inchreidte comhsheasmhach a fhorbairt a thuilleadh maidir le himscrúduithe, ionchúisimh agus ciontuithe i gcásanna a bhaineann leis an éilliú.

Meiriceá Laidineach

Aghaidh a thabhairt ar rófhanacht agus ar iarratais ar thearmann gan bhunús: Agus aitheantas á thabhairt acu d’iarrachtaí méadaithe na dtíortha i Meiriceá Laidineach lena mbaineann, ba cheart dóibh bearta breise a dhéanamh chun srian a chur leis an líon rófhanachtaí agus iarratas ar thearmann gan bhunús a chuireann a saoránaigh isteach san Aontas. Ba cheart seiceálacha/fíoruithe imeachta, feachtas cumarsáide chun saoránaigh a chur ar an eolas faoina gcearta agus faoina n‑oibleagáidí faoin gcóras taistil gan víosa leis an Aontas a áireamh leis na bearta sin, atá á ndéanamh cheana féin ag roinnt tíortha, nuair is féidir,, chomh maith le bearta eile a d’fhéadfaí a chomhaontú leis an Aontas nó go déthaobhach le Ballstáit an Aontais.

Tíortha sa Chairib Thoir a oibríonn scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí

Is ábhar mór imní slándála é scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí a bheith á n‑oibriú ag tíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa san Aontas. D’fhéadfadh feidhmiú scéime, trína ndeonaítear saoránacht mar mhalairt ar íocaíochtaí nó infheistíochtaí réamhchinntithe, gan aon fhíornasc a bheith ag an duine lena mbaineann leis an tríú tír sin, a bheith ina fhoras le taisteal gan víosa a chur ar fionraí faoin Sásra athbhreithnithe lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar fionraí. Ba cheart do na tíortha sa Chairib Thoir lena mbaineann na bearta uile is gá a dhéanamh chun grinnfhiosrúchán slándála leordhóthanach a dhéanamh ar iarratasóirí, go dtí go scoirfear de na scéimeanna sin.

(1)

*     Tá an tainmniú sin gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le Rún1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(2)

     SWD(2024) 243 final – Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún lena bhformheastar an Clár Oibre don Athchóiriú agus an clár oibre ilbhliantúil faoin tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar – an Chosaiv.

(3)

     Tar éis don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin ceanglas víosa a thabhairt isteach d’Óman i mí an Mhárta 2024, tháinig laghdú ar an líon go dtí a sé, ach nuair a baineadh Vanuatú de liosta an Aontais de na tíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa i mí na Nollag 2024, tháinig méadú air arís go dtí a seacht.

(4)

3    Chealaigh an Mholdóiv comhaontú amháin gan víosa in 2025, ach d’fhan an líon neamhréiteach sin mar an gcéanna i gcás na tíre sin mar gur fhorchuireadh ceanglas víosa ar mhuintir Vanuatú san Aontas.

(5)

      Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir leis na Balcáin Thiar ‑ Imirce agus Gnóthaí Baile

(6)

      Comhaontú stádais leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin ‑ Imirce agus Gnóthaí Baile

(7)

Cé is moite den Úcráin.

(8)

Plean Gníomhaíochta Comhpháirteach chun an Sceimhlitheoireacht agus an tAntoisceachas Foréigneach a Chosc agus a Chomhrac sna Balcáin Thiar ‑ Imirce agus Gnóthaí Baile

(9)

Ceimiceach, Bitheolaíoch, Raideolaíoch agus Núicléach (CBRN).

(10)

     Féach breithiúnas an 29 Aibreán 2025, an Coimisiún v Málta (Citoyenneté par investissement), C181/23, ECLI:EU:C:2025:283An 29 Aibreán 2025, inar shuigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go sáraíonn Ballstát Airteagal 20 CFAE agus prionsabal an chomhair dhílis a chumhdaítear in Airteagal 4(3) CAE nuair a bhunaíonn sé scéim eadóirseachta ar bhonn nós imeachta idirbheartaíochta idir an Ballstát sin agus daoine a chuireann iarratas isteach faoin gclár sin agus nuair a chuireann sé chun feidhme í, nós imeachta a ndeonaítear náisiúntacht an Bhallstáit sin agus, dá bhrí sin, stádas mar shaoránach den Aontas ag a deireadh, go bunúsach mar mhalairt ar íocaíochtaí nó infheistíochtaí réamhchinntithe.

(11)

     Chuir na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe agus Ceanada ábhair imní den chineál céanna in iúl. Tá sé d’aidhm ag na bearta a rinneadh freisin freagairt d’éilimh na Stát Aontaithe. Tá ceanglas víosa ar shaoránaigh na dtíortha sin faoi láthair chun taisteal go dtí na Stáit Aontaithe. Clár Tarscaoilte Víosa | Slándáil Tíre Baile