AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.12.2025
COM(2025) 765 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
ar chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 maidir le cuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.12.2025
COM(2025) 765 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
ar chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 maidir le cuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil
(1)Réamhrá
Le Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 maidir le Cuntais Eorpacha Eacnamaíocha Chomhshaoil( 1 ) (an Rialachán) tugadh isteach creat coiteann chun cuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil a bhailiú, a thiomsú, a tharchur agus chun meastóireacht a dhéanamh orthu. In Airteagal 10 den Rialachán luaitear an méid seo a leanas.
Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2013 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin. Leis an tuarascáil sin déanfar meastóireacht go háirithe ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur, ar na modhanna bailithe sonraí, ar an ualach riaracháin atá ar na Ballstáit agus ar na haonaid is freagróirí, mar aon le hindéantacht agus le héifeachtacht an staidrimh sin chomh maith.
Is é seo an cúigiú tuarascáil a chomhlíonann an oibleagáid sin. Is in 2022 ( 2 ), 2019 ( 3 ), 2016 ( 4 ) agus 2013 ( 5 ) a foilsíodh na tuarascálacha roimhe seo.
(2)Cuntais eacnamaíocha chomhshaoil
Ó bhí 2019 ann, tá an Comhaontú Glas don Eoraip ina bhonn do ghealltanas an Choimisiúin chun dul i ngleic le dúshláin aeráide agus chomhshaoil. Mar sin féin, tá dúshláin dhomhanda nua tagtha chun cinn, agus tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún Eorpach an tAontas a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos iomaíche, níos athléimní agus níos ullmhaithe don athrú aeráide.
Tá dlúthbhaint idir an geilleagar agus an comhshaol. Le faisnéis chomhsheasmhach iomlán maidir le tionchair chomhshaoil ár ngníomhaíochtaí eacnamaíocha, maidir leis na tairbhí sóisialta agus eacnamaíocha a fhaighimid ón gcomhshaol, agus maidir leis na tairbhí a bhaineann le cosaint an chomhshaoil, tacaítear le cur chun feidhme thosaíochtaí an Aontais i dtaca le neartú inbhuanaitheacht agus athléimneacht an táirgthe san Aontas agus i dtaca leis an toilteanas an geilleagar a dhícharbónú. Dá bhrí sin, teastaíonn staidreamh ardcháilíochta ó lucht ceaptha beartas maidir leis na naisc idir an comhshaol agus an geilleagar chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atáthar a dhéanamh agus chun cinneadh a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí beartais.
Is creat faisnéise ilchuspóireach cumhachtach iad na cuntais eacnamaíocha chomhshaoil (cuntais chomhshaoil an t‑ainm gairid a thugtar orthu) lena mbreathnaítear ar na tionchair inbhuanaitheachta agus aeráide atá ag gníomhaíochtaí eacnamaíocha an Aontais. As féin, ní bhíonn staidreamh eacnamaíoch príomhshrutha, amhail cuntais náisiúnta, ceaptha chun na héifeachtaí comhshaoil a bhaineann le táirgeadh, tomhaltas, infheistíocht nó maoiniú a chur san áireamh go hiomlán. Trí ghnéithe eacnamaíocha agus comhshaoil a chomhtháthú, tugtar léargas níos iomláine ar an staid le cuntais chomhshaoil.
I gcaighdeán athbhreithnithe na gcuntas náisiúnta CCE 202X atá le teacht, cuimseofar acmhainní nádúrtha ar bhealach i bhfad níos cuimsithí ná mar a cuimsíodh roimhe. Dá bhrí sin, beidh tiomsú na gcuntas náisiúnta ag brath níos mó ná riamh ar shonraí fónta cuntais comhshaoil.
Tá cuntais Eorpacha chomhshaoil ina mbonn taca le gné fhornáisiúnta na saincheisteanna comhshaoil, ar cuntais iad lena nglactar cur chuige córasach agus lena soláthraítear cumhdach ar fud na mBallstát agus ar fud na n‑ábhar comhshaoil chun go bhféadfar measúnú agus comparáidí beartais a dhéanamh ó Bhallstát go chéile.
Is é an comhtháthú príomhghné na gcuntas comhshaoil, is é sin comhtháthú cineálacha éagsúla faisnéise (faisnéis staidrimh, riaracháin, shamhaltaithe, ...), agus comhtháthú gnéithe comhshaoil agus eacnamaíocha amhail (i) úsáid fuinnimh, cánachas agus astaíochtaí aeir; (ii) eastóscadh ábhar agus dramhaíl; agus (iii) caiteachas rialtais agus gnó (lena n‑áirítear infheistíochtaí) a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid; (iv) méid agus riocht na n‑éiceachóras, agus an rannchuidiú a dhéanann éiceachórais leis an tsochaí agus leis an gcomhshaol.
Ar na cúiseanna seo a leanas is bealach éifeachtúil agus éifeachtach iad na cuntais chomhshaoil chun faisnéis a chruinniú:
-athúsáideann siad sonraí atá ar fáil, rud a fhágann gur féidir faisnéis nua a tháirgeadh leo gan ach ualach riaracháin teoranta a chur ar ghnólachtaí agus ar an bpobal;
-fágann siad gur féidir faisnéis ó fhoinsí éagsúla a chros-seiceáil agus a chur i gcomparáid le chéile, rud a fhágann gur féidir faisnéis ardcháilíochta a dhíorthú ar iarracht theoranta.
Is ar Chreat Lárnach Chóras na gCuntas Eacnamaíoch Comhshaoil (CL CCEC) ( 6 ) agus ar Chuntasaíocht Éiceachórais Chóras na gCuntas Eacnamaíoch Comhshaoil (CE CCEC) ( 7 ), na caighdeáin idirnáisiúnta, atá cuntais Eorpacha chomhshaoil bunaithe. Ba iad na Náisiúin Aontaithe, an Coimisiún Eorpach (Eurostat), Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus an Banc Domhanda a tháirg agus a d’fhoilsigh na caighdeáin sin. Tá CL CCEC á athbhreithniú, agus tá sé beartaithe go dtabharfar cothrom le dáta faoi 2028.
Bíonn tionchar ag an gcomhshaol agus ag an aeráid ar dhaoine ar fud an domhain agus baineann gnéithe trasteorann go leor díobh le hastaíochtaí aeir, ábhair agus trádáil, úsáid uisce, fuinneamh, cánachas, infheistíochtaí, etc. Dá bhrí sin, tá caighdeáin dhomhanda fíor-riachtanach. Sin an chúis a ndéantar CL CCEC a chomhordú leis an gCóras Cuntas Eorpach agus le Comhardú na nÍocaíochtaí.
Faoi chuimsiú na gcaighdeán thuas, bunaítear leis an Rialachán cuntais Eorpacha chomhshaoil, le haghaidh tuairisciú ag na Ballstáit, foinsí sonraí, staidéar píolótach a dhéanamh, etc. Tá sé ábhartha maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) ( 8 ). Miondealaíonn sé na cuntais ina naoi modúl, mar a leanas.
-Cuntais ar astaíochtaí aeir: astaíochtaí sé ghás ceaptha teasa (lena n‑áirítear CO2 agus CO2 ó bhithmhais a úsáidtear mar bhreosla) agus seacht dtruailleán aeir (lena n‑áirítear amóinia agus cáithníní deannaigh atmaisféaraigh) isteach san atmaisféar, agus miondealú ann lena gcumhdaítear 64 thionscail astaithe móide teaghlaigh.
-Cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol, de réir gníomhaíochta eacnamaíche: cánacha a bhaineann le fuinneamh, iompar, truailliú agus acmhainní nádúrtha, lena n‑áirítear catagóirí speisialta le haghaidh scéimeanna trádála CO2 agus astaíochtaí, agus miondealú ann lena gcumhdaítear 64 thionscal íocaíochta móide teaghlaigh agus neamhchónaitheoirí.
-Cuntais ar shreabhadh ábhar uile-gheilleagair: na méideanna ionchur fisiciúil a chuireann leis an ngeilleagar, carnadh ábhar sa gheilleagar, agus aschuir go dtí geilleagair eile nó ionchuir ar ais sa chomhshaol. Is faisnéis fhíor-riachtanach í sin chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atáthar a dhéanamh i dtreo geilleagar ciorclach.
-Cuntais ar chaiteachas i leith chosaint an chomhshaoil: caiteachas de réir an aonaid eacnamaíoch chun críoch cosanta comhshaoil. Áirítear le caiteachas infheistíochtaí agus catagóirí tomhaltais.
-Cuntais na hearnála um earraí agus seirbhísí comhshaoil: aschur, breisluach agus onnmhairí earraí agus seirbhísí chun an comhshaol a chosaint nó chun acmhainní a bhainistiú. Tuairiscítear an fhostaíocht a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin chomh maith.
-Cuntais ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh: sreabha fuinnimh ón gcomhshaol isteach sa gheilleagar (eastóscadh ionchur nádúrtha), laistigh den gheilleagar (monarú agus úsáid táirgí fuinnimh) agus ón ngeilleagar go dtí an comhshaol (sceitheadh iarmharach fuinnimh), le miondealú lena gcumhdaítear 64 thionscal móide teaghlaigh.
-Cuntais fhoraoiseacha: sonraí faoi acmhainní foraoiseacha agus gníomhaíocht eacnamaíoch i dtionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta a thaifeadadh agus a chur i láthair ar bhealach atá ag luí go hiomlán le sonraí a thuairiscítear faoi CEC 2010.
-Cuntais fóirdheontas comhshaoil agus aistrithe comhchosúla: aistrithe reatha agus aistrithe caipitil ón rialtas chuig gnólachtaí agus teaghlaigh, a bheartaítear chun tacú le gníomhaíochtaí lena gcosnaítear an comhshaol agus acmhainní nádúrtha, lena n‑áirítear táirgeadh agus úsáid táirgí comhshaoil.
-Cuntais éiceachórais: fairsinge agus riocht na sócmhainní éiceachórais agus na seirbhísí a sholáthraíonn siad don tsochaí agus don gheilleagar. I measc na samplaí de sheirbhísí éiceachórais tá soláthar barr, pailniú barr, turasóireacht dhúlrabhunaithe agus rialú domhanda na haeráide.
Sainítear gach ceann de na modúil thuas in iarscríbhinn amháin a ghabhann leis an Rialachán. Tá sé de cheangal ar na Ballstáit sonraí a chur faoi bhráid an Choimisiúin (Eurostat) faoi Iarscríbhinní I go III ó bhí 2013 ann, faoi Iarscríbhinní IV go VI ó bhí 2017 ann, agus faoi Iarscríbhinní VII agus VIII ó bhí deireadh 2025 ann, agus tá sonraí faoi Iarscríbhinn IX (cuntais éiceachórais) le cur isteach faoi dheireadh 2026.
(3)Gníomhaíochtaí ó foilsíodh an tuarascáil dheireanach
Leasuithe ar an Rialachán agus ar reachtaíocht eile a díorthaíodh as
Le Rialachán (AE) 2024/3024 an 27 Samhain 2024, leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 691/2011. Ar an gcéad dul síos, chuir sé trí mhodúl nua leis maidir le cuntais fhoraoiseacha, cuntais fóirdheontas comhshaoil agus aistrithe comhchosúla, agus cuntais éiceachórais.
Na modúil nua maidir le cuntais fhoraoiseacha agus fóirdheontais chomhshaoil agus aistrithe comhchosúla, tá siad bunaithe ar shonraí a bhí ann cheana a cuireadh isteach go deonach (ó bhí 2016 agus 2015 ann, faoi seach).
Is modúl nua ag an gcuid is mó de na Ballstáit é an modúl maidir le cuntais éiceachórais. Is forbairt é ar chaighdeán CE CCEC na Náisiún Aontaithe a bunaíodh in 2021, agus ar thaithí a fuarthas in Eurostat, in Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin (ACT) agus i roinnt Ballstát le blianta beaga anuas. Arna bhforbairt den chéad uair ag ACT le tionscadal INCA ( 9 ), tá modheolaíochtaí á bhforbairt ag Eurostat, ACT agus grúpa saineolaithe náisiúnta ó bhí 2021 ann, agus d’eagraigh Eurostat bailiúcháin dheonacha sonraí in 2023 agus 2024 mar ullmhúchán don chéad bhabhta tuairiscithe faoin Rialachán in 2026, agus tá fothú acmhainneachta á chómhaoiniú ag an gCoimisiún (Eurostat) sna Ballstáit le deontais bhliantúla ó bhí 2017 ann.
Leis na trí mhodúl sin, cuirfear feabhas ar an bhfaisnéis a bheidh ar fáil le haghaidh roinnt gníomhaíochtaí agus spriocanna de chuid an Aontais, lena n‑áirítear an uaillmhian maidir leis an aeráidneodracht, an straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, straitéis foraoise an Aontais, straitéis bhithéagsúlachta an Aontais go dtí 2030 agus an Coinbhinsiún Domhanda maidir leis an mBithéagsúlacht, an straitéis ithreach do 2030, an Dlí um Athbhunú Dúlra, agus an plean gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú. Cuideoidh siad freisin le hábharthacht an fhaireacháin ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe don Aontas a mhéadú.
A bhuí le struchtúr comhtháite na gcuntas, cuirfidh na modúil nua luach suntasach leis na bunsonraí staidrimh agus méadóidh siad cumais na sé mhodúl atá ann cheana féin, toisc go mbeifear in ann cuntais nua agus seanchuntais a chomhcheangal chun táscairí nua a dhíorthú.
Mar shampla, is féidir na cuntais éiceachórais nua a chomhcheangal leis na cuntais ar astaíochtaí aeir atá ann cheana chun toirt an cheaptha carbóin de réir éiceachóras a chur i gcomparáid le toirt na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa. Tá nasc láidir ann freisin idir cuntais éiceachórais, cuntais fhoraoiseacha agus cuntais ar shreabhadh ábhar uile-gheilleagair i dtéarmaí eastóscadh bithmhaise.
Chomh maith leis na trí mhodúl nua, tá feabhas curtha ar an staid ar bhealaí eile le Rialachán (AE) 2024/3024 an 27 Samhain 2024. Tugadh sainordú don Choimisiún (Eurostat) sonraí a fhoilsiú agus, más gá, iad a bhailiú ó na Ballstáit maidir le hinfheistíochtaí i dtaca le maolú ar an athrú aeráide (féach thíos). Ceanglaíodh ar an gCoimisiún (Eurostat) freisin foilseachán digiteach nua maidir leis an athrú aeráide agus tairseach le sonraí ó chuntais chomhshaoil a chruthú. Cuireadh de chúram ar an gCoimisiún (Eurostat) staidéar a dhéanamh ar a indéanta atá sé luacháil airgeadaíochta a dhéanamh ar sheirbhísí éiceachórais agus staidéir ar cháilíocht sonraí a dhéanamh maidir le huisce, fóirdheontais fuinnimh agus oiriúnú don athrú aeráide. Rinneadh feabhsuithe freisin i ndáil le foinsí nua sonraí le haghaidh na gcuntas, na treoirstaidéar, na maoluithe agus mhaoiniú an Aontais.
Liostaítear thíos bearta eile a bhfuil bunús dlí leo agus a rinneadh ó cuireadh an tuarascáil dheireanach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle.
-Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1769 ón gCoimisiún ( 10 ) a mhéid a bhaineann leis an gcoimre tháscach d’earraí agus seirbhísí comhshaoil agus de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a thabhairt cothrom le dáta. Leis an Rialachán seo, bunaíodh an liosta tagartha lena leagtar amach raon feidhme thiomsú Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 691/2011.
- Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1131 ( 11 ) ón gCoimisiún, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hinfheistíochtaí i dtaca le maolú ar an athrú aeráide agus lena dtugtar isteach aicmiú críoch comhshaoil. Tá maolú ar an athrú aeráide, lena n‑áirítear infheistíochtaí gaolmhara, fíor-riachtanach chun cuspóir na haeráidneodrachta a bhaint amach san Aontas faoi 2050.Is ar an gcúis sin a áirítear saintréithe infheistíochtaí eile i dtaca le maolú ar an athrú aeráide sna cuntais Eorpacha chomhshaoil. Cumhdaítear leis na sonraí gach earnáil agus gníomhaíocht den gheilleagar atá ábhartha i dtaobh maolú ar an athrú aeráide agus déantar iad a mhiondealú de réir an Bhallstáit. Tá an chéad tíolacadh sonraí maidir le hinfheistíochtaí i dtaca le maolú ar an athrú aeráide le cur isteach i mí Dheireadh Fómhair 2025. Is aicmiú nua é aicmiú na gcríoch comhshaoil a bhunaigh na Náisiúin Aontaithe in 2024, le teacht in ionad an tseanaicmithe ar ghníomhaíochtaí agus caiteachas caomhnaithe comhshaoil (CEPA 2000) agus in ionad aicmiú na ngníomhaíochtaí bainistíochta acmhainní (CReMA 2008).
-Tugadh isteach nuashonrú 1 NACE Athbhreithniú 2 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/137 ón gCoimisiún ( 12 ). Ós le haicmiú NACE gníomhaíochtaí eacnamaíocha a rialaítear tíolacadh sonraí ó na Ballstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat) maidir le cuntais eacnamaíocha chomhshaoil, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/472 ón gCoimisiún ( 13 ) leasaíodh Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán 691/2011 trí na ceanglais maidir le tíolacadh sonraí arna sloinneadh i dtéarmaí NACE Athbhreithniú 2 a thabhairt cothrom le dáta chun iad a ailíniú leis na nuashonruithe a rinneadh air. Cuirfear tús amach anseo le cur chun feidhme nuashonrú 1 NACE Athbhreithniú 2 i Rialachán (AE) 691/2011.
D’ainneoin na dianoibre teicniúla ullmhúcháin do na trí mhodúl nua atá déanta leis na Ballstáit uile, d’iarr ocht dtír maoluithe maidir le ceann amháin nó níos mó de na trí mhodúl nua a chur chun feidhme, rud a chiallaíonn go dtosóidh siad ar shonraí a thuairisciú 1-2 bhliain níos déanaí ná mar a thosóidh an chuid eile de na Ballstáit. I gcás gach iarrata ar mhaolú, tugadh údar cuí leis agus deonaíodh é i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1170 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2025 ( 14 ). D’iarr 13 Bhallstát maoluithe ar chur isteach sonraí maidir le hinfheistíochtaí sa mhaolú ar an athrú aeráide ar feadh 1 bhliain amháin nó 2 bhliain ó mhí Dheireadh Fómhair 2025 ar aghaidh.
Sonraí agus táscairí nua, foilseacháin nua
Ó bhí an tuarascáil dheireanach ann in 2022, de bhreis ar na modúil nua, mhéadaigh an Coimisiún (Eurostat) méid na faisnéise atá ar fáil ó na cuntais chomhshaoil agus chuir sé feabhas ar cháilíocht na faisnéise sin.
-Tá an méid seo a leanas eisithe ag an gCoimisiún (Eurostat):
-Tairseach Sonraí Staidrimh na gCuntas Eacnamaíoch Comhshaoil (‘an Deais’) ( 15 ) agus
-foilseachán digiteach maidir le maolú ar an athrú aeráide ( 16 )
mar a cheanglaítear le hAirteagal 10 den Rialachán leasaithe.
Eisíodh an dá tháirge i mí na Nollag 2024. Déantar achoimre sa deais ar phríomhtháscairí na gcuntas eacnamaíoch comhshaoil ar bhealach so-úsáidte idirghníomhach. San fhoilseachán digiteach ‘Staidreamh maidir le maolú ar an athrú aeráide’, soláthraítear graif agus léarscáileanna idirghníomhacha ionas gur féidir le húsáideoirí sonraí cuntas comhshaoil a mhionscagadh.
-Ó bhí mí na Samhna 2021 ann, tá meastacháin ráithiúla ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ( 17 ) atá go hiomlán comhsheasmhach leis na cuntais náisiúnta á n‑eisiúint ag an gCoimisiún (Eurostat). Ní thógann sé ach 4 mhí go leith tar éis dheireadh na tréimhse tagartha chun iad a fhoilsiú. Foilsiú tráthúil na meastachán ar astaíochtaí, is freagairt é ar an ngá atá ann, ó thaobh beartais de, le faisnéis níos tapúla agus níos minice. Ní éilíonn na meastacháin nua aon tuairisciú breise ó na Ballstáit.
-De bhreis ar fhoilsiú na sonraí arna dtuairisciú ag na Ballstáit faoin Rialachán, foilsíonn Eurostat meastacháin luatha ar na cuntais ar astaíochtaí aeir le haghaidh gás ceaptha teasa ag T + 12 mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha, agus ag T + 6 mhí i gcás cuntas ar shreabhadh ábhar.
-Déanann an Coimisiún (Eurostat) cuntais chomhshaoil a chomhcheangal le samhlacha maicreacnamaíocha amhail táblaí ionchuir-aschuir ilréigiúnacha, chun loirg chomhshaoil níos fearr agus níos mionsonraithe ar thomhaltas an Aontais a chur ar fáil, amhail a lorg gás ceaptha teasa ( 18 ) nó a lorg amhábhair ( 19 ).
Modhanna bailithe sonraí agus an t‑ualach riaracháin
Go ginearálta, leis na cuntais chomhshaoil ní cheanglaítear ar shaoránaigh ná ar ghnólachtaí suirbhéanna nua a líonadh isteach toisc go n‑úsáidtear sna cuntais chéanna den chuid is mó sonraí atá i seilbh na n‑údarás náisiúnta cheana féin. Is minic a chomhlánaítear na sonraí sin atá ann cheana le meastacháin bhreise e.g. ó shamhlacha, más gá. De bhreis ar shonraí ó chuntais náisiúnta, comhtháthaítear i gcuntais chomhshaoil sonraí ó réimse leathan foinsí, lena n‑áirítear staidreamh ar fhuinneamh, iompar, ábhair, talmhaíocht agus foraoiseacht, caiteachas rialtais, agus cánachas, chomh maith le foinsí nach foinsí staidrimh iad amhail sonraí um fhaire na Cruinne, sonraí ó shamhlacha bithfhisiciúla agus faisnéis bhithéagsúlachta ó eolaíocht na saoránach.
Chun na ceanglais maidir le sonraí a leagtar amach sa Rialachán a chomhlíonadh, d’fhéadfadh sé gur ghá do na húdaráis sna Ballstáit na sonraí atá ann cheana a choigeartú chun iad a ailíniú le coincheapa an Rialacháin. D’fhéadfadh sé go mbeadh méid áirithe oibre le déanamh ag údaráis náisiúnta agus ag saoránaigh i ngeall ar na coigeartuithe sin, amhail suirbhéanna ar theaghlaigh nó ar ghnólachtaí a bheadh oiriúnaithe nó leathnaithe chun sonraí a sholáthar d’athróga roghnaithe i gcuntais chomhshaoil.
Is féidir le tíortha a roghnú bailiúcháin shonracha sonraí a chur ar bun le haghaidh cuntais chomhshaoil freisin, chun cáilíocht sonraí a fheabhsú. Mar shampla, tá suirbhéanna bunaithe ag roinnt tíortha chun na foinsí sonraí eile atá acu le haghaidh chuntais na hearnála um earraí agus seirbhísí comhshaoil a chomhlánú (Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán). Déantar na suirbhéanna sin gach bliain nó gach cúpla bliain. Tá an t‑ualach breise ar ghnólachtaí a eascraíonn as sin an-íseal.
Mar chonclúid, tá an t‑ualach riaracháin ar ghnólachtaí agus ar theaghlaigh maidir le sonraí a sholáthar do chuntais chomhshaoil an-bheag.
Maidir leis an ualach riaracháin ar údaráis náisiúnta, is mar a leanas atá an staid. Is iad na húdaráis náisiúnta, na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta go hiondúil nó uaireanta na haireachtaí fuinnimh nó comhshaoil, a dhéanann formhór na hoibre chun na cuntais a chur ar fáil. I measc na n‑údarás náisiúnta eile a rannchuidíonn leis na cuntais tá údaráis um chosaint an dúlra agus údaráis fhioscacha. Is athúsáid agus comhtháthú ar fhoinsí sonraí staidrimh atá ann cheana amhail suirbhéanna gnó agus ar fhoinsí sonraí nach foinsí staidrimh iad amhail taifid riaracháin is mó atá i gceist leis an obair sin.
Le haghaidh na naoi n‑iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán, meastar gurb é idir sé agus naoi gcoibhéis lánaimseartha (FTE) an meánlíon ball foirne a theastaíonn sna húdaráis náisiúnta chun na cuntais a thiomsú. ( 20 ).
Idir 0.5 FTE agus 1 FTE an ceann, ar an meán, a theastaíonn le haghaidh gach ceann de na hiarscríbhinní níos sine I-VI. Ar dtús, meastar go dteastódh idir dhá agus trí FTE breise i ngach údarás náisiúnta i gcás na dtrí iarscríbhinn nua ( 21 ), agus an líon beacht a bheith ag brath ar thosca amhail staid an Bhallstáit, méid na bhfoinsí sonraí atá ann cheana.
De réir mar a thagann córais táirgthe in aibíocht le himeacht ama, tá coinne leis gur féidir a bheith ag súil le gnóthachain éifeachtúlachta.
Tá laghdú ualaigh agus simpliú an-tábhachtach don Choimisiún. I gcomhar le húdaráis staidrimh náisiúnta, tá bearta á gcur chun feidhme ag Eurostat chun an t‑ualach a bhaineann le bailiú agus tuairisciú sonraí a laghdú.
·Déanann foireann Eurostat modheolaíochtaí a fhorbairt, treoirlínte a scríobh, uirlisí tiomsúcháin a sholáthar, grúpaí saineolaithe a reáchtáil agus deontais a bhainistiú atá fíor-riachtanach chun éifeachtúlachtaí agus comhordú a chruthú sna Ballstáit.
·Déanann grúpaí saineolaithe an Choimisiúin (Eurostat) táirgeadh sonraí a chomhordú, comhroinnt dea-chleachtas agus réiteach coiteann a chur chun cinn, agus éifeachtúlachtaí a mhéadú.
·Tá uirlis tiomsúcháin agus sonraí uile-Aontais le haghaidh cuntas i dtaca le seirbhísí éiceachórais (uirlis INCA) agus uirlis tiomsúcháin le haghaidh cuntais fuinnimh (tógálaí PEFA) forbartha ag an gCoimisiún (Eurostat) agus curtha ar fáil do na Ballstáit. Is beag a bheidh le déanamh ag na Ballstáit a úsáidfidh na huirlisí sin chun cuntais fuinnimh agus cuntais i dtaca le seirbhísí éiceachórais ar cháilíocht shásúil a chur chun feidhme. Is féidir leis na Ballstáit a n‑uirlisí agus a sonraí féin a úsáid freisin.
·Is féidir cuntais i dtaca le fairsinge agus riocht an éiceachórais a bhunú ar shonraí uile-Aontais atá ann cheana den chuid is mó.
·D’éirigh le roinnt údaráis náisiúnta cur lena n‑éifeachtúlacht trí dheontais (arna gcómhaoiniú ag an gCoimisiún) a úsáid chun modhanna táirgthe sonraí a chur chun feidhme nó chun na huirlisí is gá chun sonraí a tháirgeadh a fhorbairt.
Tháinig laghdú mór ar an ualach riaracháin agus ar na costais riaracháin sna Ballstáit mar thoradh ar na tionscnaimh sin ón gCoimisiún (Eurostat). Meastar gurb ionann an laghdú agus thart ar 1 go 2 FTE in aghaidh an Bhallstáit agus 2 mhilliún euro ar a laghad in aghaidh na bliana do na Ballstáit uile le chéile.
Mar chonclúid, tá an t‑ualach ar údaráis náisiúnta teoranta agus i bhfad níos lú i gcomparáid leis na tairbhí a bhaineann le cuntais chomhshaoil. Tá Eurostat an-airdeallach agus féachann sé i gcónaí leis an ualach bailithe sonraí a laghdú. Chuige sin, bíonn Eurostat i dteagmháil go leanúnach leis na Ballstáit maidir leis an ábhar sin.
(4)Indéantacht agus éifeachtacht an staidrimh
Tá éifeachtacht na gcuntas comhshaoil ag brath ar dhá rud: ar an gcéad dul síos, an chaoi ar féidir faisnéis atá ann cheana a atheagrú ina creat cuntasaíochta aonair; agus ar an dara dul síos, an chaoi a n‑úsáidtear na cuntais agus a mhéid a úsáidtear iad.
A mhéid a bhaineann leis an gcéad cheann, léirítear é sin leis an meastachán ar an tseirbhís éiceachórais i dtaca le soláthar barr san iarscríbhinn nua, Iarscríbhinn IX, atá bunaithe ar fhaisnéis atá ann cheana ó na cuntais ar shreabhadh ábhar in Iarscríbhinn III.
A mhéid a bhaineann leis an dara ceann, cuireann cuntais chomhshaoil bonn eolais faoi anailís eacnamaíoch agus faoi mheasúnuithe tionchair agus úsáidtear iad chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atáthar a dhéanamh i dtreo cuspóirí beartais a bhaint amach. Baineadh úsáid as roinnt táscairí cuntais chomhshaoil amhail an lorg amhábhair, an ráta úsáide ábhair chiorclaigh, sciar na gcánacha comhshaoil in ioncam iomlán ó chánacha, agus lorg gás ceaptha teasa thomhaltas an Aontais, chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an Aontas i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ( 22 ) a bhaint amach, agus baineadh úsáid astu freisin san fhaireachán ar an 8ú Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 ( 23 ).
I gCreat Faireacháin an Aontais don Gheilleagar Ciorclach ( 24 ), úsáidtear na cuntais chomhshaoil chun roinnt táscairí a thiomsú maidir le hionchur ábhar sa gheilleagar agus maidir le húsáid ábhar príomhúil agus ábhar tánaisteach.
Beidh táscairí arna ndíorthú ó na cuntais chomhshaoil ina gcuidiú freisin le faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an Aontas i dtreo spriocanna an Choinbhinsiúin maidir leis an mBithéagsúlacht ( 25 ) agus ar éifeachtacht beartas eile maidir le cosaint na bithéagsúlachta agus le truailliú nialasach.
Tá na táscairí maidir le riocht an éiceachórais ailínithe leis na táscairí a úsáidtear chun faireachán a dhéanamh ar an Dlí um Athbhunú Dúlra. Ciallaíonn sé sin gur féidir cuntais chomhshaoil a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an Aontas i dtreo na spriocanna ábhartha a bhaint amach.
Beidh sé ina thacú le húsáid na gcuntas comhshaoil le haghaidh ceapadh beartas go bhfuil táscairí atá ábhartha ó thaobh beartais de á gcur i láthair i ndeais nua na gcuntas comhshaoil ( 26 ) agus go bhfuil mionanailís ar idirthuilleamaíochtaí idir maolú ar an athrú aeráide agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha á gcur i láthair san fhoilseachán digiteach maidir le maolú ar an athrú aeráide ( 27 ).
Gné dhílis dá ndearadh is ea indéantacht na modúl nua a cuireadh leis an Rialachán, ós rud é go bhfuil tástáil déanta orthu ag tascfhórsaí tiomnaithe in éineacht le saineolaithe náisiúnta agus/nó trí dheontais sular mhol an Coimisiún an leasú. Tá tacaíocht mhodheolaíoch i bhfoirm lámhleabhar á cur ar fáil ag an gCoimisiún (Eurostat) i gcomhar leis na Ballstáit.
(5)Cáilíocht na sonraí a tarchuireadh ón tuarascáil dheireanach
Leis an Rialachán, ceanglaítear ar na Ballstáit agus ar thíortha LEE sonraí agus tuarascálacha maidir le cáilíocht a gcuid sonraí a chur faoi bhráid Eurostat ( 28 ). Tá sonraí a éilítear leis an Rialachán seo á gcur isteach ar bhonn deonach, go páirteach nó go hiomlán, ag roinnt tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha ar bhallraíocht an Aontais. Is ar an gcéad ghrúpa de thíortha (tíortha AE/LEE) a dhírítear sa tuarascáil seo ar chur chun feidhme. Bailíochtaíonn Eurostat na sonraí agus na tuarascálacha ar cháilíocht sonraí a fhaightear agus cuireann sé ar fáil go poiblí iad ar a shuíomh gréasáin ( 29 ), in éineacht le míniúcháin theicniúla agus mhodheolaíochta agus faisnéis chúlra ( 30 ).
Cuireann formhór na mBallstát tacair sonraí iomlána agus tuarascálacha cáilíochta iomlána isteach laistigh de na sprioc-amanna a leagtar amach sa Rialachán ( 31 ). Le linn na dtréimhsí tuairiscithe, chaill roinnt Ballstát na sprioc-amanna, de chúpla lá go díreach de ghnáth, ach ní raibh aon tionchar nithiúil aige sin ar na húsáideoirí.
Ar an iomlán, bhí cáilíocht an-mhaith ag baint leis na sonraí staidrimh a chuir na Ballstáit isteach faoi na hiarscríbhinní uile a ghabhann leis an Rialachán, agus tháinig feabhas breise orthu idir 2022 agus 2025. Tá taifead air sin sna táscairí feidhmíochta cáilíochta maidir le cuntais ar astaíochtaí aeir agus cuntais ar shreabhadh ábhar a fhoilsíonn Eurostat in éineacht leis na meiteashonraí. Déantar measúnú tráthrialta ar an gcomhleanúnachas idir cuntais fuinnimh agus cuntais ar astaíochtaí aeir agus tá feabhas tagtha ar an gcomhleanúnachas sin freisin.
Tá coinne ag an gCoimisiún (Eurostat) go dtiocfaidh feabhas ar cháilíocht (iomláine) na sonraí a tugadh isteach le déanaí le haghaidh Iarscríbhinn V maidir le hinfheistíochtaí sa mhaolú ar an athrú aeráide sa 2 bhliain amach romhainn, ós rud é go bhfuair Ballstáit go leor maolú. Is fearr a bheidh siad in ann iad féin a ullmhú leis an am breise sin. Dá bhrí sin, beidh na sonraí ó na Ballstáit sin ar iarraidh sna chéad bhlianta de chur isteach sonraí agus déanfaidh Eurostat meastachán orthu trí úsáid a bhaint as teicnící samhaltaithe. Tá gá fós le feabhsuithe sa réimse sin. Leanann an Coimisiún (Eurostat) de bheith ag obair leis na Ballstáit chun fadhbanna teicniúla agus modheolaíochta a réiteach.
Tá bearta breise chun feabhas a chur ar cháilíocht na sonraí beartaithe nó á gcur chun feidhme cheana féin, mar a shonraítear sa chéad roinn eile.
(6)Bearta feabhsúcháin
Rinne an Coimisiún (Eurostat) agus na Ballstáit comhaontú maidir le straitéis Eorpach um chuntais chomhshaoil. Cumhdaítear an tréimhse ó 2024 go 2028 leis an leagan atá ann faoi láthair ( 32 ). Leis an straitéis, nach gceanglaítear leis an Rialachán, leagtar amach clár oibre agus comhordaítear iarrachtaí Eorpacha chun úsáid na gcuntas comhshaoil a mhéadú agus iad a fhorbairt a thuilleadh, lena n‑áirítear aon mhodúl nua a d’fhéadfaí a chur leo. Maidir le cur chun feidhme an Rialacháin, tá ag an straitéis na cuspóirí seo a leanas.
-Feabhas a chur ar an gcumarsáid faoi na cuntais chomhshaoil agus úsáid na gcuntas sin a mhéadú. Cinnteoidh sé sin go mbeidh siad úsáideach fós don bheartas agus do chásanna úsáide de chineálacha eile. D’fhéadfaí a áireamh leis an gcuspóir sin sonraí, léirshamhluithe agus cuir i láthair a bheith níos tráthúla freisin. Áirítear leis freisin go mbainfí úsáid bhreise táscairí bunaithe ar chuntais chomhshaoil nó go músclófaí feasacht agus go soláthrófaí faisnéis d’úsáideoirí saineolacha agus don phobal.
-Mar shampla, tá sé beartaithe ag Eurostat luathmheastacháin ar chuntais fuinnimh a fhoilsiú in 2026. Tá samplaí de tháirgí cumarsáide nua le fáil i Roinn 4.
-Ullmhúchán a dhéanamh chun na trí mhodúl nua maidir le foraoisí, éiceachórais agus fóirdheontais chomhshaoil (Roinn 3) a chur chun feidhme. I measc na ngníomhaíochtaí ullmhúcháin tá bailithe deonacha sonraí, foilsiú lámhleabhar Eurostat, rialacha comhaontaithe maidir le bailíochtú sonraí agus oiliúint do thiomsaitheoirí náisiúnta.
-Oibriú i gcomhar le táirgeoirí eile sonraí. Baineann sé sin le hobair i gcomhar le codanna den chóras staidrimh (amhail staidreamh sóisialta, chun bearta níos leithne inbhuanaitheachta a fhorbairt) agus le táirgeoirí eile lasmuigh den chóras staidrimh (amhail gníomhaireachtaí comhshaoil, an pobal taighde agus aireachtaí) araon. Áirítear leis freisin obair i gcomhar agus comhordú modheolaíochta leis an bpobal staidrimh idirnáisiúnta, mar shampla chun athbhreithniú a dhéanamh ar CCN, CCE 202X agus an obair ar Lámhleabhar maidir le Comhardú na nÍocaíochtaí agus Staideanna Infheistíochta Idirnáisiúnta, an 7ú heagrán (BPM7). I gcaighdeán athbhreithnithe na gcuntas náisiúnta CCE 202X atá le teacht, áireofar acmhainní nádúrtha ar bhealach i bhfad níos cuimsithí ná mar a áiríodh roimhe.
-Foinsí nua sonraí a fhiosrú chun feabhas a chur ar cháilíocht sonraí agus táirgeadh sonraí a dhéanamh níos éifeachtúla.
-Clár oibre taighde don todhchaí a bhunú maidir le cuntais Eorpacha chomhshaoil. Bunaíodh an chéad leagan den chlár oibre taighde i lár 2025.
In éineacht leis an straitéis tá plean gníomhaíochta ina bhfuil liosta gníomhaíochtaí agus sprioc-amanna le haghaidh gach cuspóra a liostaítear thuas.
(7)Tograí le haghaidh modúil nua agus táirgí nua staidrimh comhshaoil
Féadfaidh an Coimisiún modúil nua a mholadh maidir leis na topaicí a liostaítear in Airteagal 4(2) ( 33 ) – go háirithe maidir le fóirdheontais fuinnimh — bunaithe ar thorthaí na dtreoirstaidéar agus na staidéar indéantachta a rinne na Ballstáit.
I gcás dhá cheann de na topaicí sin (fóirdheontais breosla iontaise agus oiriúnú don athrú aeráide), d’fhorbair an Coimisiún (Eurostat) na huirlisí staidrimh seo a leanas le 2 bhliain go 3 bliana anuas.
-Bailiú deonach sonraí maidir le fóirdheontais a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chomhshaol, ar cuireadh tús leis in 2023 agus a leanfar leis ar bhonn bliantúil. Déantar an mheastóireacht ar an modheolaíocht agus ar na torthaí i gcomhar leis na Ballstáit.
-Modheolaíocht thurgnamhach agus sonraí maicreacnamaíocha maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, bunaithe ar na sonraí staidrimh atá ar fáil.
Is rannchuidiú mór idirnáisiúnta atá in obair an Aontais ar an dá ábhar sin a chuireann le Tionscnamh G20 III maidir le Bearnaí Sonraí agus leis an nuashonrú ar an gcreat idirnáisiúnta CL CCEC.
Leanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit de mhodúil nua a fhorbairt le chéile. Le hAirteagal 4 den Rialachán ceanglaítear ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar fhéidearthachtaí modheolaíochta agus ar a indéanta atá sé luacháil airgeadaíochta a dhéanamh ar sheirbhísí éiceachórais. Le hAirteagal 10 den Rialachán ceanglaítear ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí atá ar fáil maidir le fóirdheontais fuinnimh, lena n‑áirítear fóirdheontais breosla iontaise, maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maidir le huisce.
Creideann an Coimisiún (Eurostat), áfach, nach é an t‑am ceart é le modúil nua a mholadh mura dtiocfaidh méadú ar an éileamh orthu ó thaobh beartais de. Tá iarracht nach beag ag teastáil ó na Ballstáit chun na trí mhodúl nua a chur chun feidhme. Is léir freisin ón taithí a fuarthas leis an gcéad dá shraith modúl a bunaíodh in 2011 agus in 2014 gur gá don Choimisiún agus do na Ballstáit leanúint d’infheistíocht a dhéanamh i gcórais táirgthe agus d’infheistíocht a dhéanamh chun feabhas a chur ar tháirgeadh sonraí thar roinnt babhtaí curtha isteach sonraí sula dtiocfaidh córais táirgthe in aibíocht agus sula mbeidh cáilíocht na sonraí cobhsaí.
(8)Conclúidí
Ó foilsíodh an tuarascáil dheireanach, tá tuilleadh dul chun cinn déanta ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit chun cuntais Eorpacha chomhshaoil a chur chun feidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. 691/2011, trí na rudaí seo a leanas a dhéanamh go háirithe:
-raon feidhme na gcuntas a mhéadú trí 3 mhodúl théamacha nua a chur leis an Rialachán, chomh maith le hathróga nua maidir le hinfheistíochtaí sa mhaolú ar an athrú aeráide;
-feabhas a chur ar cháilíocht sonraí agus táirgeadh sonraí a dhéanamh níos éifeachtúla;
-cumarsáid faoi chuntais chomhshaoil a mhéadú;
-táscairí breise a fhorbairt chun riachtanais úsáideoirí a chomhlíonadh; agus
-measúnú leanúnach a dhéanamh ar an ngá atá le cáilíocht na gcuntas Eorpach comhshaoil a choigeartú agus a fheabhsú i bhfianaise tosaíochtaí agus réimsí nua.
() IO L 192, 22.7.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/691/2025-06-24 .
() COM(2022) 718, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:52022DC0718 .
() COM(2020) 56, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?qid=1583142055591&uri=CELEX:52020DC0056 .
() COM(2016) 663, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?qid=1478531808092&uri=CELEX:52016DC0663 .
() COM/2013/0864, http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/ALL/?uri=CELEX:52013DC0864 .
() https://seea.un.org/ .
() Cumhdaítear an Iorua agus an Íoslainn leis. Tá maolú iomlán ag Lichtinstéin. Ó bhí mí na Nollag 2019 ann, tá an Rialachán san áireamh sa Chomhaontú Staidrimh déthaobhach idir an Eilvéis agus an tAontas Eorpach. (Cinneadh Uimh. 2/2019 ó Choiste Staidrimh an Aontais Eorpaigh/na hEilvéise an 2 Nollaig 2019 a chuirtear in ionad Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar i réimse an staidrimh [2020/51]; IO L 17, 22.1.2020, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/51/oj).
() IO L, 2024/1769, 27.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1769/oj .
() IO L, 2025/1131, 4.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1131/oj .
() IO L 19, 20.1.2023, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/137/oj.
() IO L, 2025/472, 11.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/472/oj.
() IO L, 2025/1170, 16.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1170/oj .
() https://ec.europa.eu/eurostat/cache/dashboard/environmental-accounts/ .
() Foinse: Oifigí staidrimh náisiúnta na mBallstát, sonraí a bailíodh in anailís chostais an staidrimh Eorpaigh 2020.
() Foinse: Oifigí staidrimh náisiúnta na mBallstát, sonraí a bailíodh ón ngrúpa saineolaithe ‘Stiúrthóirí staidrimh agus cuntas earnála agus comhshaoil (DIMESA)’in 2021, agus atá le plé sa ghrúpa sin.
() https://data.europa.eu/doi/10.2785/1111373 . Is iad na táscairí SDG atá bunaithe ar chuntais chomhshaoil ‘déine astaíochtaí aeir tionscail’, ‘lorg amhábhair’, ‘oll-bhreisluach san earnáil comhshaoil’, ‘ráta úsáide ábhair chiorclaigh’ agus ‘sciartha cánacha comhshaoil in ioncam iomlán ó chánacha’. Úsáideann an tuarascáil seo loirg charbóin sa chaibidil maidir le héifeachtaí seach-iarmharta chomh maith.
() https://ec.europa.eu/eurostat/web/circular-economy/monitoring-framework .
(). https://ec.europa.eu/eurostat/cache/dashboard/environmental-accounts/ .
()Ó bhí mí na Nollag 2019 ann, tá sonraí á gcur isteach ag an Eilvéis faoin gComhaontú Staidrimh déthaobhach idir an Eilvéis agus an tAontas Eorpach. Tá maolú iomlán ag Lichtinstéin ar Rialachán (AE) Uimh. 691/2011, mar a shonraítear i gCinneadh Uimh. 98/2012 ó Chomhchoiste LEE an 30 Aibreán 2012 lena leasaítear Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE (IO L 248, 13.9.2012, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2012/98(2)/oj .
()Cuntais uisce (cáilíochtúil agus cainníochtúil), cuntais ar chaiteachas i leith bainistiú acmhainní, fóirdheontais nó bearta tacaíochta a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chomhshaol agus cuntais dramhaíola.