AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,15.12.2025
COM(2025) 758 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le gníomhaíochtaí Fhondúireacht na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS), an Ghrúpa Chomhairligh Eorpaigh um Thuairisciú Airgeadais (EFRAG) agus an Bhoird Maoirseachta um Leas an Phobail (PIOB) in 2024
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le gníomhaíochtaí Fhondúireacht na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS), an Ghrúpa Chomhairligh Eorpaigh um Thuairisciú Airgeadais (EFRAG) agus an Bhoird Maoirseachta um Leas an Phobail (PIOB) in 2024
1.Réamhrá
An 28 Aibreán 2021, ghlac an tAontas Eorpach Clár an Mhargaidh Aonair chun tacú le rialachas an mhargaidh aonair agus é a neartú,lena ngabhann buiséad iomlán EUR 4,21 billiún don tréimhse 2021 go 2027. Foráladh leis an Rialachán maidir le Clár an Mhargaidh Aonair go mbeidh imchlúdach buiséadach EUR 220,5 milliún ann do phróisis chaighdeánaithe, as a leithdháileadh EUR 10,0 milliún in 2024 chun tacú le forbairt caighdeán idirnáisiúnta um thuairisciú agus iniúchóireacht airgeadais agus neamhairgeadais agus chun a gcomhtháthú i ndlí an Aontais a éascú.
Faoi Chlár an Mhargaidh Aonair, soláthraíonn an Coimisiún deontas bliantúil d’Fhondúireacht na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (Fondúireacht IFRS) le haghaidh fhorbairt na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (caighdeáin cuntasaíochta IFRS), an Grúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais (EFRAG) agus an Bord Maoirseachta um Leas an Phobail (PIOB). Tá ról tábhachtach ag na heagraíochtaí sin maidir le cáilíocht, iontaofacht agus infhaighteacht faisnéise airgeadais agus faisnéise inbhuanaitheachta i dtuarascálacha corparáideacha a áirithiú trína gcuid oibre maidir le forbairt caighdeán um thuairisciú agus iniúchóireacht airgeadais agus neamhairgeadais. Déantar achoimre sa tuarascáil seo ar a ngníomhaíochtaí in 2024, cé is moite de ghníomhaíochtaí Fhondúireacht IFRS i dtuairisciú inbhuanaitheachta ós rud é nach bhfuil siad sin cómhaoinithe ag deontas an Aontais.
2.Fondúireacht IFRS
2.1.Rialachas
Eagraíocht neamhbhrabúsach is ea Fondúireacht IFRS a bunaíodh chun forbairt, cur chun cinn agus éascú a dhéanamh ar úsáid a bhaint as tacar amháin caighdeán cuntasaíochta agus nochtaí inbhuanaitheachta ardcháilíochta, atá intuigthe, infhorfheidhmithe agus aitheanta ar fud an domhain.
Bord ar a bhfuil 22 iontaobhaí a rialaíonn Fondúireacht IFRS, bord atá freagrach go coiteann as maoirseacht a dhéanamh ar rialachas agus straitéis eagraíochtúil Fhondúireacht IFRS, maoirseacht a dhéanamh ar
phróis chuí
, Bunreacht agus Lámhleabhar um Próis Chuí Fhondúireacht IFRS a choinneáil ar bun, comhaltaí a cheapadh chun an Bhoird um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta (IASB), chun an Bhoird um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Inbhuanaitheachta (ISSB), chun Choiste Léirmhíniúcháin IFRS agus chun comhlachtaí comhairliúcháin éagsúla, agus cistiú Fhondúireacht IFRS a áirithiú. Le linn 2024, bhí Erkki Liikanen ina Chathaoirleach ar Bhord na nIontaobhaithe.
Tá na hIontaobhaithe cuntasach don Bhord Faireacháin. Athneartaíonn an Bord Faireacháin, a bhfuil an Coimisiún ina chomhalta de, feidhm formhaoirseachta Fhondúireacht IFRS maidir le leas an phobail, cuireann sé forbairt caighdeán ardcháilíochta chun cinn, agus ceapann sé na hiontaobhaithe.
Déanann Fondúireacht IFRS óstáil ar IASB, atá freagrach as forbairt chaighdeáin chuntasaíochta IFRS, agus ar ISSB, atá freagrach as forbairt na gcaighdeán um nochtadh inbhuanaitheachta IFRS. Tá 14 chomhalta ar IASB agus ar ISSB faoi seach. Ainmnítear comhaltaí IASB agus ISSB ar feadh téarma 5 bliana, atá inathnuaite uair amháin. In 2024, bhí Andreas Barckow ina chathaoirleach ar IASB agus bhí Emmanuel Faber ina chathaoirleach ar ISSB.
Faoi Rialachán IAS, féadfaidh an Coimisiún caighdeáin chuntasaíochta IFRS nua nó leasaithe a fhormhuiniú agus comhairle EFRAG maidir le formhuiniú á cur san áireamh. I bhfianaise thábhacht eacnamaíoch chaighdeáin chuntasaíochta IFRS, soláthraíonn an Coimisiún tacaíocht airgeadais d’Fhondúireacht IFRS chun caighdeáin chuntasaíochta IFRS a fhorbairt. Níl sainordú dlíthiúil don Choimisiún ann chun caighdeáin nochta inbhuanaitheachta domhanda a fhormhuiniú (nó a ghlacadh), ach déanann an Coimisiún agus EFRAG idir-inoibritheacht Chaighdeáin Eorpacha Tuairiscithe Inbhuanaitheachta a chur chun cinn le caighdeáin nochta inbhuanaitheachta IFRS agus caighdeáin dhomhanda eile, amhail chaighdeáin an Tionscnaimh Dhomhanda um Thuairisciú.
2.2Gníomhaíochtaí
2.2.1.Caighdeáin nua agus leasaithe
I mí Aibreáin 2024, d’eisigh IASB an IFRS 18 nua, Cur i Láthair agus Nochtadh i Ráitis Airgeadais, arb é is aidhm dó a áirithiú go mbeidh feidhmíocht airgeadais a chuirtear i láthair i ráitis airgeadais níos trédhearcaí agus níos inchomparáide ar fud an domhain. Dá réir sin, cuirfidh sé sin ar a gcumas d’infheisteoirí cinntí infheistíochta níos fearr a dhéanamh. A luaithe a thiocfaidh IFRS 18 i bhfeidhm, tiocfaidh sé in ionad an IAS 1 reatha, Cur i Láthair Ráiteas Airgeadais.
I mí na Bealtaine, d’eisigh IASB an IFRS 19 nua, Fochuideachtaí gan Cuntasacht Phoiblí: Nochtaí, lena dtugtar isteach rogha d’fhochuideachtaí gan cuntasacht phoiblí, ach a bhfuil máthairchuideachta acu a chomhlíonann caighdeáin chuntasaíochta IFRS, ceanglais laghdaithe maidir le nochtadh a chur chun feidhme ar a ráitis airgeadais aonair. Is é an cuspóir atá leis an gcaighdeán deonach sin coigilteas a ghiniúint trí cheanglais maidir le faisnéis a laghdú, agus na sonraí bunriachtanacha ó ráitis airgeadais á gcoinneáil ar bun agus a n‑inchomparáideacht d’úsáideoirí á háirithiú an tráth céanna.
I mí na Bealtaine freisin, d’eisigh IASB mionleasuithe ar raon feidhme IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais agus IFRS 7 Ionstraimí Airgeadais: Nochtaí (Leasuithe ar Aicmiú agus Tomhas Ionstraimí Airgeadais) chun aghaidh a thabhairt ar na torthaí ón Athbhreithniú Iar‐chur chun feidhme ar na ceanglais maidir le haicmiú agus tomhas in IFRS 9.
I mí Iúil, d’eisigh IASB Feabhsuithe Bliantúla ar Chaighdeáin Chuntasaíochta IFRS – Imleabhar 11, doiciméad lena bhféachtar leis an bhfoclaíocht i gcaighdeáin chuntasaíochta IFRS éagsúla a shoiléiriú nó le hiarmhairtí, dearmaid nó coinbhleachtaí beaga neamhbheartaithe a bhaineann le ceanglais i gcaighdeáin chuntasaíochta IFRS a cheartú.
I mí na Nollag, d’eisigh IASB leasuithe ar IFRS 9 agus IFRS 7 (Conarthaí ina dTagraítear do Leictreachas atá Spleách ar an Dúlra) chun léiriú níos fearr a thabhairt ar thionchar comhaontaithe ceannaithe cumhachta ar ráitis airgeadais ós rud é go bhfuil cuideachtaí ag déanamh comhaontuithe den sórt sin níos minice chun fuinneamh in-athnuaite a sholáthar. Cuidíonn comhaontaithe ceannaithe cumhachta le cuideachtaí éifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú agus a bpróisis táirgthe agus a dtáirgí a dhícharbónú.
Ar deireadh, thug Fondúireacht IFRS tacsanomaíocht IFRS cothrom le dáta chun impleachtaí na gcaighdeán agus na leasuithe nua a léiriú.
2.2.2.Tionscadail
I mí an Mhárta 2024, d’fhoilsigh IASB an Réamhdhréacht Comhcheangail Ghnó – Nochtaí, Cáilmheas agus Lagú chun feabhas a chur ar an bhfaisnéis a nochtann cuideachtaí maidir le feidhmiú comhcheangal gnó agus chun leasú a dhéanamh ar thástáil lagaithe aonad giniúna airgid ina bhfuil cáilmheas.
I mí Iúil, d’fhoilsigh IASB an Réamhdhréacht Éiginnteachtaí a bhaineann leis an Aeráid agus Éiginnteachtaí Eile sna Ráitis Airgeadais, a chuimsigh ocht sampla lenar léiríodh conas ba cheart d’eititeas caighdeáin chuntasaíochta IFRS a chur i bhfeidhm maidir le héifeachtaí éiginnteachtaí a bhaineann leis an aeráid agus éiginnteachtaí eile ina ráitis airgeadais.
I mí Iúil freisin, d’fhoilsigh IFRS an Réamhdhréacht Leasuithe ar IFRS 19 Fochuideachtaí gan Cuntasacht Phoiblí: Nochtaí, arbh é ab aidhm di IFRS 19 a ailíniú le caighdeáin chuntasaíochta IFRS nua agus leasaithe a eisíodh idir mí Feabhra 2021 agus mí na Bealtaine 2024.
I mí Iúil agus mí Mheán Fómhair faoi seach, chuir IASB a athbhreithniú iar-chur chun feidhme ar IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais – Lagú, agus ar IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí, i gcrích. Tháinig sé ar an gconclúid go raibh na ceanglais sa dá chaighdeán ag feidhmiú mar a bhí beartaithe.
I mí Mheán Fómhair, d’fhoilsigh IFRS an Réamhdhréacht Modh Cuntasaíochta an Chothromais – IAS 28 Infheistíochtaí i gComhlaigh agus i gComhfhiontair (a leasaíodh 202x) chun cur i bhfeidhm an mhodha cothromais a fhorlíonadh agus a shoiléiriú.
I mí na Samhna, d’fhoilsigh IFRS an Réamhdhréacht Forálacha – Feabhsuithe Spriocdhírithe. Leagtar amach tograí ann le haghaidh trí fheabhsú ar IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha.
Le linn 2024, chuir IASB a phlé maidir le tionscadal na ngníomhaíochtaí um rialáil rátaí i gcrích agus lean sé lena chuid oibre ar an Réamhdhréacht Bainistíocht Riosca Dinimiciúil chun ceanglais a fhorbairt maidir le macrafhálú riosca an ráta úis sa leabhar baincéireachta.
Tá forbhreathnú ar na gníomhaíochtaí agus na tionscadail uile le fáil ar shuíomh gréasáin Fhondúireacht IFRS.
2.3.Cistiú
In 2024, fuair fondúireacht IFRS deontas EUR 3,05 milliún ón gCoimisiún le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le IASB, méid a chomhfhreagraíonn do 17 % de na ranníocaíochtaí iomlána a fuair Fondúireacht IFRS le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin. Ba é an Coimisiún an ranníocóir ba mhó i gcónaí, agus uasráta cómhaoinithe 20 % de na costais incháilithe á chur i bhfeidhm aige.
Léirítear le miondealú ar an gcistiúchán le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le IASB de réir príomhlimistéar geografach agus líonraí idirnáisiúnta cuntasaíochta go ndearna an tAontas agus a Bhallstáit 32,8 % de na ranníocaíochtaí uile, go ndearna an Áise‑an Aigéine 34,8 %, líonraí idirnáisiúnta cuntasaíochta 14,7 %, Críocha Mheiriceá 5,5 %, an Afraic 0,9 % agus limistéir eile 11,3 % de na ranníocaíochtaí uile in 2024. Tháinig méadú ar an sciar choibhneasta de chistiúchán an Choimisiúin agus na mBallstát i gcomparáid le 2023 (ó 32.0 % go 32.8 %).
3.EFRAG
3.1.Rialachas
Is eagraíocht é EFRAG a fhaigheann cistiúchán ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach, a oibríonn ar mhaithe le leas an phobail agus lena mbaineann foirm dhlíthiúil AISBL (eagraíocht neamhbhrabúsach idirnáisiúnta faoi dhlí na Beilge). Eagraítear a ghníomhaíochtaí in dhá cholún: tuairisciú airgeadais agus tuairisciú inbhuanaitheachta.
I réimse an tuairiscithe airgeadais, is é misean EFRAG gníomhú ar mhaithe le leas phobal na hEorpa trí thuairimí na hEorpa sa réimse tuairiscithe airgeadais a fhorbairt agus a chur chun cinn agus a áirithiú go mbreithnítear na tuairimí sin i gceart i bpróiseas socraithe caighdeán IASB agus i ndíospóireachtaí gaolmhara idirnáisiúnta. Tugann EFRAG comhairle don Choimisiún maidir le cé acu ba cheart nó nár cheart don Aontas caighdeáin chuntasaíochta IFRS nua nó athbhreithnithe a fhormhuiniú. Ina theannta sin, déanann EFRAG taighde cuntasaíochta réamhghníomhach.
I réimse an tuairiscithe inbhuanaitheachta, de bhun na Treorach maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach (TTCI), tugann EFRAG comhairle theicniúil don Choimisiún i bhfoirm na ndréachtchaighdeán Eorpach Tuairiscithe Inbhuanaitheachta a forbraíodh tar éis próis chuí láidir. Ina theannta sin, tacaíonn sé le cur chun feidhme éifeachtach Caighdeán Eorpach Tuairiscithe Inbhuanaitheachta.
Tá Bord Riaracháin EFRAG freagrach as formhaoirseacht phróise cuí a dhéanamh ar gach comhlacht teicniúil. Tacaíonn Coiste um Próis Chuí leis san obair sin. In 2024, bhí Wolf Klinz ina chathaoirleach ar Bhord Tuairiscithe Airgeadais EFRAG agus bhí Patrick de Cambourg ina chathaoirleach ar Bhord Tuairiscithe Inbhuanaitheachta EFRAG. Go dtí mí an Mheithimh 2024, ba é Hans Buysse Uachtarán Bhord Stiúrthóirí EFRAG, agus ó mhí Iúil 2024, is é Benoit Jaspar an tUachtarán.
3.2.colún tuairiscithe airgeadais
In 2024, bhí obair EFRAG ar thuairisciú airgeadais fós bunaithe ar chlár oibre IASB, Coiste Léirmhíniúcháin IFRS agus Fondúireacht IFRS go príomha.
D’eisigh sé comhairle formhuinithe maidir le leasuithe ar IAS 21 Iarmhairtí Athruithe ar Rátaí Malairte Eachtraí (Easpa Inmhalartaitheachta), maidir le leasuithe ar IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais agus IFRS 7 Ionstraimí Airgeadais: Nochtuithe (Leasuithe ar Aicmiú agus Tomhas Ionstraimí Airgeadais), agus maidir leis na Feabhsuithe Bliantúla ar Chaighdeáin Chuntasaíochta IFRS – Imleabhar 11.
D’ullmhaigh EFRAG comhairle formhuinithe maidir le IFRS 18 Cur i láthair agus Nochtadh i Ráitis Airgeadais agus IFRS 19 Fochuideachtaí gan Cuntasacht Phoiblí: Nochtaí.
D’eisigh EFRAG sé litir barúlacha agus ceithre ráiteas aiseolais freisin agus d’fhoilsigh sé páipéar taighde maidir leis an nascacht idir tuairisciú airgeadais agus tuairisciú inbhuanaitheachta.
Ina theannta sin, rinne EFRAG dlúthfhaireachán ar thionscadail thábhachtacha leanúnacha IASB a bhfuil coinne leis go mbeidh socrú caighdeán IASB mar thoradh orthu, rud a mbeidh formhuiniú an Aontais ag teastáil ina leith go luath amach anseo. Cuimsíonn na tionscadail sin Gníomhaíochtaí um Rialáil Rátaí,
Ionstraimí Airgeadais a bhfuil Saintréithe Cothromais acu
agus Bainistíocht Riosca Dinimiciúil. In 2024, d’eagraigh EFRAG gníomhaíochtaí forleathana for-rochtana agus cruinnithe comhchéime chun a shainaithint cé acu a d'oibreodh nó nach n‑oibreoidh na cóireálacha cuntasaíochta a mhol IASB do chomhdhamhnaí Eorpacha nó an mbeadh dúshláin ag baint lena gcur i bhfeidhm, agus a mhéid a d’oibreodh siad. Chuir EFRAG IASB ar an eolas ina dhiaidh sin faoi na saincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith le sárú ag páirtithe leasmhara Eorpacha.
Trína Phainéal Acadúil agus a Líonra Acadúil, chuir EFRAG feabhas ar a gcomhar leis an lucht acadúil.
3.3.Colún tuairiscithe inbhuanaitheachta
In 2024, dhírigh EFRAG ar thacaíocht cur chun feidhme (ceisteanna agus freagraí agus treoirlínte cur chun feidhme) a sholáthar do chuideachtaí móra faoi réir Caighdeán Eorpach Tuairiscithe Inbhuanaitheachta agus ar chaighdeáin tuairiscithe shimplithe do FBManna.
I mí Eanáir, rinne EFRAG comhairliúchán poiblí maidir le dhá chaighdeán a fhorbairt do FBManna, is iad sin caighdeán simplithe chun an t‑ualach tuairiscithe ar FBManna liostaithe a laghdú (an ‘caighdeán le haghaidh FBManna liostaithe’), agus caighdeán deonach chun tacú le FBManna neamhliostaithe chun faisnéis a sholáthar do bhainc nó do ghrúpaí níos mó ar cuid dá slabhraí luacha iad (‘caighdeán TD-FBM’).
An 2 Bealtaine, d’fhoilsigh EFRAG agus Fondúireacht IFRS treoraíocht idir-inoibritheachta ina gcuirtear síos ar an ailíniú an-ardleibhéil a baineadh amach idir ESRS agus ISSB agus ina mínítear conas is féidir le cuideachta an dá thacar caighdeán a chur i bhfeidhm. Áiríodh sa treoraíocht freisin anailís mhionsonraithe ar an gcaoi a n‑ailínítear nochtaí a bhaineann leis an aeráid.
I mí na Bealtaine freisin, d’fhoilsigh EFRAG trí threoirdhoiciméad cur chun feidhme do chuideachtaí a d’ullmhaigh a ráiteas inbhuanaitheachta de réir ESRS, lena gcumhdaítear an measúnú ábharthachta, slabhra luacha a thuairisciú, agus pointí sonraí a leagan amach.
Thosaigh EFRAG ag obair freisin ar threoirdhoiciméad do phleananna aistrithe cuideachtaí agus bhainistigh sé a Cheisteanna agus Freagraí maidir le hArdán na gCaighdeán Eorpach Tuairiscithe Inbhuanaitheachta chun tacú le cur chun feidhme na gCaighdeán sin.
I mí Lúnasa 2024, chuir EFRAG a chomhairle theicniúil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le Tacsanomaíocht XBRL i ndáil le Tacar 1 de na Caighdeáin Eorpacha Tuairiscithe Inbhuanaitheachta chun cuidiú le cuideachtaí an fhaisnéis a thuairiscíonn siad a chlibeáil go digiteach.
I mí na Samhna, thug EFRAG a dhréachtchaighdeán le haghaidh FBManna liostaithe chun críche, ach ní dhearna sé vótáil fhoirmiúil, go dtí go mbeidh soiléireacht pholaitiúil ann maidir le cibé acu an mbeadh an caighdeán ina cheanglas de chuid TTCI tar éis ghlacadh na Treorach Omnibus.
I mí na Nollag, chuir EFRAG an dréachtchaighdeán TD-FBM faoi bhráid an Choimisiúin. Mar fhreagairt ar an iliomad iarratas, thosaigh EFRAG ar threoraíocht agus tacaíocht a fhorbairt freisin do FBManna a bhfuil sé d’aidhm acu caighdeán TD-FBM a chur i bhfeidhm.
3.4.Cistiú
Le haghaidh 2024, EUR 15.1 milliún a bhí i gcostais oibriúcháin iomlána EFRAG, lenar áiríodh thart ar EUR 3,2 milliún de ranníocaíochtaí comhchineáil arna soláthar ag tríú páirtithe. Bhí costais an chomhlachais ag teacht leis an gcistiú ón gCoimisiún mar aon le heisiúint agus iarchur Eagraíochtaí is Comhaltaí EFRAG. Ba é EUR 4,9 milliún tuilleamh coinnithe EFRAG ag deireadh 2024. Cuimsíonn ranníocaíochtaí comhchineáil an t‑am a thugann comhaltaí de Bhord Tuairiscithe Airgeadais, de Bhord um Thuairisciú Inbhuanaitheachta, agus de shainghrúpaí teicniúla EFRAG (is iad na Cathaoirligh amháin a íoctar), chomh maith le daoine ar iasacht go sealadach chuig rúnaíocht EFRAG.
Mhéadaigh an Coimisiún ranníocaíocht an Aontais le haghaidh 2024 ó EUR 6,3 milliún go EUR 6,6 milliún arna roinnt in dhá dheontas gníomhaíochta, deontas amháin le haghaidh tuairisciú airgeadais (EUR 2 mhilliún) agus deontas eile le haghaidh tuairisciú inbhuanaitheachta (EUR 4,6 milliún). Sholáthair an Coimisiún cómhaoiniú do suas le 60 % de chostais incháilithe EFRAG le haghaidh tuairisciú airgeadais agus suas le 90 % de chostais incháilithe EFRAG le haghaidh tuairisciú inbhuanaitheachta. Le haghaidh tuairisciú airgeadais, tháinig ranníocaíochtaí airgid eile ó eagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha (EUR 0,6 milliún) agus ó eagraíochtaí náisiúnta as an bhFrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Bheilg, an Ísiltír, an Danmhairg, an Spáinn, an tSualainn agus Lucsamburg (EUR 1,6 milliún). Le haghaidh tuairisciú inbhuanaitheachta, rannchuidigh eagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha EUR 0,5 milliún, rannchuidigh eagraíochtaí náisiúnta EUR 1 mhilliún, rannchuidigh Cairde EFRAG EUR 0,3 milliún agus rannchuidigh eagraíochtaí na sochaí sibhialta EUR 0,1 milliún.
4.An Bord Maoirseachta um Leas an Phobail (PIOB)
4.1.Rialachas
Is é PIOB an comhlacht maoirseachta neamhspleách domhanda a áirithíonn cáilíocht agus fócas leasa phoiblí an phróisis socraithe caighdeán le haghaidh caighdeán idirnáisiúnta iniúchóireachta, dearbhaithe agus eitice arna gceapadh ag an mBord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta agus Dearbhaithe agus an Bord um Chaighdeáin Eitice Idirnáisiúnta do Chuntasóirí. Is é an príomhról atá aige a áirithiú go leanfaidh an Bord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta agus Dearbhaithe agus an Bord um Chaighdeáin Eitice Idirnáisiúnta do Chuntasóirí próis chuí nuair a bhíonn caighdeáin agus straitéisí á bhforbairt, i gcomhréir leis an gcreat maidir le leas an phobail. Ó bhí 2022 ann, tá PIOB freagrach as comhaltaí a roghnú agus a ainmniú chuig an mBord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta agus Dearbhaithe agus an Bord um Chaighdeáin Eitice Idirnáisiúnta do Chuntasóirí.
Déanann an Grúpa Faireacháin, a bhfuil an Coimisiún ina chomhalta de, faireachán ar an gcaoi a mbaineann PIOB amach a shainordú maidir le leas an phobail i ndáil le formhaoirseacht PIOB ar an bpróiseas socraithe caighdeán. Ceapann sé deichniúr comhaltaí PIOB ach ní cheapann sé an Cathaoirleach, a cheapann IOSCO.
4.2. gníomhaíochtaí
In 2024, rinne PIOB formhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí an Bhoird um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta agus Dearbhaithe agus an Bhoird um Chaighdeáin Eitice Idirnáisiúnta do Chuntasóirí. D’fhormheas PIOB trí chaighdeán de chuid an Bhoird um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta agus Dearbhaithe, caighdeán amháin de chuid an Bhoird um Chaighdeáin Eitice Idirnáisiúnta do Chuntasóirí, agus straitéisí agus pleananna oibre an dá bhord do 2024-2027. D’fhoilsigh PIOB trí Shaincheist a bhaineann le Leas an Phobail agus thacaigh siad le foilseacháin formhaoirseachta.
Chuir PIOB an tríú timthriall ainmniúchán chun chuig an mBord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta agus Dearbhaithe agus an Bord um Chaighdeáin Eitice Idirnáisiúnta do Chuntasóirí i gcrích, agus, ó bhí 2021 ann, bhain sé comhdhéanamh ilgheallsealbhóra amach go rathúil le héagsúlacht fheabhsaithe gheografach agus inscne i gcomhréir le Moltaí an Ghrúpa Faireacháin.
4.3.Cistiú
EUR 2,5 milliún a bhí i mbuiséad iomlán PIOB le haghaidh 2024. Fuair PIOB 18 ranníocaíocht airgeadais, a chuimsigh EUR 350 000 ón gCoimisiún Eorpach, faoi réir ráta cómhaoiniúcháin uasta 30 % de na costais incháilithe. Soláthraíonn rialtas na Spáinne áitreabh oifige do PIOB a bhfuil luach EUR 199 928 air.
Ba í Cónaidhm Idirnáisiúnta na gCuntasóirí (IFAC) an ranníocóir ba mhó fós, ach i gcomhréir le moltaí an Ghrúpa Faireacháin chun spleáchas ghairm na hiniúchóireachta ar an gcóras socraithe caighdeán iniúchóireachta a laghdú, tá laghdú de réir a chéile tagtha ar ranníocaíocht IFAC ó EUR 1,4 milliún (nó 63,56 %) in 2022 go EUR 950 000 (nó 41,37 %) in 2023 go EUR 650 000 (nó 26,16 %) in 2024). D’ainneoin iarrachtaí leanúnacha chun urraitheoirí a mhealladh chun ionad ranníocaíochtaí IFAC a ghlacadh, bhí easnamh ar chistiú PIOB in 2024. Líon an Coiste um Beartais Phoiblí Domhanda, a dhéanann ionadaíocht ar na sé líonra cuntasaíochta idirnáisiúnta is mó, an bhearna sin le híocaíocht aonuaire dar luach EUR 500 000.
Is í 2025 an bhliain dheireanach a dhéanfaidh IFAC ranníocaíocht (dar luach EUR 500 000). Mura n‑aimseofar urraitheoirí eile, beidh easnamh roimh PIOB arís. Ar an gcúis sin, is gá go práinneach don Ghrúpa Faireacháin agus do PIOB aghaidh a thabhairt ar an mbearna cistiúcháin struchtúraigh agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach fhreagrachtaí formhaoirseachta agus ainmniúcháin PIOB a áirithiú, freagrachtaí atá ríthábhachtach le haghaidh cháilíocht agus neamhspleáchas an chórais socraithe caighdeán idirnáisiúnta.
5.Conclúidí
Le blianta fada anois, tá ranníocaíocht airgeadais déanta ag an Aontas le Fondúireacht IFRS, le EFRAG agus le PIOB. Bhí a thacaíocht leanúnach fíor-riachtanach do na heagraíochtaí sin, rud a chuir ar a gcumas dóibh a gcuid tascanna faoi seach a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail agus, dá réir sin, rannchuidiú le caighdeáin ardcháilíochta lena n‑áirithítear go bhfeidhmeoidh margadh inmheánach an Aontais go héifeachtach.